Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026DC0018

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN ar an meastóireacht eatramhach ar chlár 'Fiscalis' chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais le haghaidh 2021-2027

COM/2026/18 final

An Bhruiséil,23.1.2026

COM(2026) 18 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

ar an meastóireacht eatramhach ar chlár 'Fiscalis' chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais le haghaidh 2021-2027

{SWD(2026) 9 final}


1.Réamhrá

Tá clár Fiscalis ar cheann de na príomhthionscnaimh chomhair chun tacú le cur chun feidhme bheartas cánachais an Aontais Eorpaigh. Cuidíonn sé leis na Ballstáit mórchórais chánach teicneolaíochta faisnéise thras-Eorpacha a fhorbairt agus a reáchtáil. Cuireann an clár creat ar fáil chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh tríd an gcomhar idir tíortha rannpháirteacha, a n‑údaráis chánach agus a n‑oifigigh a fheabhsú. Tacaíonn sé le cur chun feidhme dhlí an Aontais i réimse an chánachais agus leis an gcomhrac i gcoinne calaois chánach, imghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach trí fhaisnéis a mhalartú, trí thacú le comhar riaracháin agus trí bhorradh a chur faoi acmhainneacht riaracháin na dtíortha rannpháirteacha.

Bunaíodh clár Fiscalis le Rialachán (AE) 2021/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear clár chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais (dá ngairfear: ‘Rialachán an Chláir’ anseo feasta). I gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán an Chláir, ceanglaítear ar an gCoimisiún meastóireacht eatramhach a dhéanamh ar dháta nach déanaí ná 4 bliana tar éis thús chur chun feidhme an chláir agus conclúidí na meastóireachtaí eatramhacha [...agus deiridh], lena n‑áirítear a bharúlacha féin, a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Tá an clár Fiscalis atá ann faoi láthair (le haghaidh 2021-2027) ag teacht leis an gcuspóir bunaidh chun feabhas a chur ar an gcomhar i measc údaráis chánach. Sa togra le haghaidh chlár Fiscalis, d’aithin an Coimisiún an rath a bhí ar leaganacha roimhe seo den chlár, agus d’aithin sé ag an am céanna gur cheart dul chun cinn breise a dhéanamh maidir le comhar a chothú i measc údaráis chánach. Leis an rialachán a tháinig as sin, a ghlac an Chomhairle agus an Pharlaimint tar éis an chomhaontaithe maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027, leithdháiltear EUR 269 milliún i bpraghsanna reatha ar chlár Fiscalis, méadú ó EUR 223.2 milliún sa tréimhse 2014-2020. Is iad riaracháin chánach Bhallstáit an Aontais príomhthairbhithe an chláir. Ina theannta sin, tá rannpháirtíocht sa chlár oscailte do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha, d’fhonn cóineasú a chothú agus tacú le cuspóirí an chláir.

Leis an gclár, cistítear trí phríomhchineál gníomhaíochtaí, is é sin, (1) córais leictreonacha Eorpacha (EESanna), a bhfuil gá leo chun reachtaíocht chánach an Aontais a chur chun feidhme; (2) gníomhaíochtaí comhoibríocha lenar féidir le riaracháin chánach agus páirtithe leasmhara eile teacht le chéile agus oibriú le chéile; agus (3) gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta lena gcuimsítear cúrsaí ríomhfhoghlama agus imeachtaí eile ar líne agus ar an láthair. Ó seoladh an clár in 2021, thacaigh sé le 30 EES sonrach, mar aon le feidhmchláir ghaolmhara agus a gcothabháil, arb ionann iad agus os cionn 80 % den bhuiséad faoi dheireadh 2024. Ina theannta sin, d’éascaigh Fiscalis 225 ghníomhaíocht chomhoibríocha, lena n‑áirítear comhar struchtúrtha, amhail grúpaí tionscadail agus foirne saineolaithe, chomh maith le cruinnithe, seimineáir, ceardlanna, cuairteanna oibre agus uirlisí comhair riaracháin amhail seiceálacha iltaobhacha. Déantar tionscnaimh oiliúna agus fothaithe acmhainneachta, lena n‑áirítear cúrsaí ríomhfhoghlama, seisiúin oiliúna TF agus imeachtaí a ghrúpáiltear faoin gClár um Chomhimeachtaí Foghlama (CLEP), a eagrú faoi shainchúram an chláir freisin.

2.Torthaí na meastóireachta eatramhaí

Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo torthaí na meastóireachta eatramhaí ar chlár Fiscalis 2021-2027, i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán maidir leis an gClár. Tá doiciméad inmheánach oibre mar bhonn taca leis an Tuarascáil seo, ina ndéantar mionscrúdú ar chur chun feidhme agus ar fheidhmíocht chlár Fiscalis go dtí seo (2021-2024). Leis an meastóireacht eatramhach, cuirtear na critéir maidir le ‘rialáil níos fearr’ i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, breisluach AE agus ábharthacht an chláir.

1.1.Dearadh na meastóireachta

Díríodh go sainráite sa mheastóireacht eatramhach sin ar chomhpháirteanna coiteanna na gCóras Leictreonach Eorpach (EESanna). An tráth céanna, déantar leis an meastóireacht eatramhach an anailís ar na gníomhaíochtaí comhoibríocha a thabhairt cothrom le dáta freisin i gcomparáid le meastóireachtaí a rinneadh roimhe sin 1 . I ndáil leis an méid sin, díríodh sa mheastóireacht ar ghnéithe den chlár reatha atá nua nó a ndearnadh athruithe orthu, amhail an creat faireacháin agus meastóireachta (CFM) agus foirne saineolaithe, a scrúdaíodh ar bhealach níos mionsonraithe freisin, ós rud é gur rud réasúnta nua é gur cuireadh iad leis na gníomhaíochtaí comhair, a tugadh isteach faoi chlár Fiscalis 2020.

Ó thaobh na modheolaíochta de, rinneadh sa meastóireacht seo taighde deisce a chomhcheangal le léargais mhionsonraithe ó thaighde cás-staidéir, arna gcomhlánú le taighde spriocdhírithe agus taighde ginearálta araon lena gcumhdaítear raon feidhme iomlán thacaíocht an chláir. Rinneadh ceithre chás-staidéar neamhspleácha maidir le Córais Leictreonacha Eorpacha (EESanna) ar leith. Ar an gcóras bainistíochta foghlama (LMS) a rinneadh an cúigiú cás-staidéar. Is léiriú é an cur chuige sin ar phrionsabal na comhréireachta, ós rud é gur leis na EESanna a bhaineann an sciar is mó den chaiteachas, agus tugann sé aghaidh ar bhearnaí fianaise ó na timthriallta meastóireachta a rinneadh roimhe seo.

Dá bhrí sin, ba iad seo a leanas na cás-staidéir a roghnaíodh:

·Anailís ar Líonraí Idirbheart (TNA), ar ardán uathoibrithe é chun calaois CBL trasteorann a bhrath, amhail calaois MTIC (calaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh) agus calaois rothlach, trí chomhroinnt sonraí fíor-ama i measc údaráis chánach náisiúnta agus próiseáil na sonraí a cheadú;

·Eolaire Lárnach (CD) TCR6, ar córas láraithe é chun faisnéis a mhalartú maidir le socruithe cánach trasteorann chun comhlíonadh na gceanglas tuairiscithe cánach a áirithiú agus chun seachaint cánach a chosc;

·VIES ar líne (VoW), ar comhéadan gréasánbhunaithe é atá comhtháite leis an gCóras Malartaithe Faisnéise CBL (VIES), a seoladh in 2001, lenar féidir faisnéis a bhaineann le CBL a mhalartú i measc riaracháin chánach na mBallstát;

·an Córas um Rialú agus um Ghluaiseacht Máil (EMCS), arb é córas an Aontais é chun rianú a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí máil (amhail alcól, tobac agus táirgí fuinnimh) chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar shlándáil an fhaireacháin a dhéantar ar earraí máil thar theorainneacha;

·an Córas Bainistíochta Foghlama (LMS), ar ardán é a seoladh in 2021 mar shuíomh lárnach do na cúrsaí ríomhfhoghlama a forbraíodh mar chuid den chlár Custaim agus de chlár Fiscalis, agus chun imeachtaí a eagrú don Chlár um Chomhimeachtaí Foghlama (CLEP).

Áirítear doiciméadacht atá ann cheana sa bhailiú sonraí a rinneadh chun breithmheas a dhéanamh ar an gclár, amhail doiciméid bheartais agus chlársceidealaithe, tuarascálacha bliantúla Fiscalis ar dhul chun cinn (APRanna), agus sonraí ón gCreat Faireacháin agus Meastóireachta (CFM), a ndearnadh athbhreithniú orthu chun tuiscint agus comhthéacs bunúsach a sholáthar. Rinneadh an phríomhfhaisnéis agus na príomhbhearnaí a mhapáil go córasach chun céimeanna breise bailithe sonraí a threorú. Cuireadh trí mhodh éagsúla i bhfeidhm chun sonraí a bhailiú le haghaidh na gcás-staidéar agus le haghaidh mheasúnú an chláir araon:

(1)Taighde deisce: Is éard a bhí i gceist leis sin athbhreithniú a dhéanamh ar raon leathan foinsí ábhartha sonraí tánaisteacha agus faisnéise.

(2)84 agallamh a dhéanamh leis na hionadaithe seo a leanas:

a.ionadaithe de chuid údaráis chánach náisiúnta;

b.ionadaithe de chuid an Choimisiúin Eorpaigh;

c.ionadaithe de chuid oibreoirí eacnamaíocha agus conraitheoirí seachtracha.

(3)Trí cinn ar leith de shuirbhéanna spriocdhírithe:

a.ceann amháin do chomhordaitheoirí Fiscalis náisiúnta laistigh d’údaráis chánach náisiúnta na dtíortha rannpháirteacha, a thug 27 bhfreagra;

b.suirbhéanna úsáideoirí ar líne mar chuid de dhá chás-staidéar:

I.maidir le VIES ar líne, 1248 bhfreagra;

II.agus maidir le LMS, 62 fhreagra.

Ar an iomlán, rinneadh iarracht sa mheastóireacht sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla araon a bhailiú, chomh maith le sonraí maidir le cur chun feidhme an chláir agus tionchar an chláir araon.

1.2.Éifeachtacht

Deimhníodh i dtorthaí na meastóireachta, den chuid is mó, príomhchonclúidí na meastóireachta deiridh ar chlár Fiscalis 2020, inar cinneadh gur rannchuidigh an clár le feidhmiú feabhsaithe Mhargadh Inmheánach an Aontais trí thacú leis an gcomhrac i gcoinne calaois chánach, imghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach. Rinne na comhordaitheoirí náisiúnta Fiscalis a ndeachthas i gcomhairle leo le linn na meastóireachta é sin a athdhearbhú, agus chuir siad i dtábhacht go bhfuil Córais Leictreonacha Eorpacha (EESanna), gníomhaíochtaí comhoibríocha agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneacht an duine ag leanúint d’éifeachtaí dearfacha a bhaint amach. Ar bhonn níos ginearálta, tugann roinnt de na táscairí ón gCreat Faireacháin agus Meastóireachta (CFM) a bhailigh AS TAXUD le fios go bhfuil feabhas tagtha ar chosaint bhonn cánach na mBallstát trí chalaois chánach agus imghabháil cánach a laghdú 2 .

Leis an meastóireacht eatramhach, dearbhaítear gur lárnach an ról atá ag tacaíocht chlár Fiscalis do chomhpháirteanna coiteanna na gCóras Leictreonach Eorpach (EESanna) ó thaobh a bheith ag rannchuidiú le hidirghníomhaíocht shlán iontaofa éifeachtach i measc údaráis chánach agus le hoibreoirí eacnamaíocha, agus ar an gcaoi sin a bheith ag cur feabhais ar acmhainneacht riaracháin agus oibríochtúil údarás cánach.

Ó bhí tús an timthrialla cistiúcháin ann in 2021, thacaigh an clár le forbairt, cur i bhfeidhm, cothabháil agus nuashonrú comhpháirteanna lárnacha 30 EES agus baineadh amach nó sáraíodh na spriocanna bliantúla a bunaíodh maidir leis an líon tionscadal TF atá sa ‘chéim feidhmiúcháin’ gach bliain ó bhí 2021 ann. Gné thábhachtach is ea éifeachtacht mhéadaithe na EESanna, lena soláthraítear timpeallacht dhigiteach oibre d’údaráis chánach, lena gcuirtear ar a gcumas a bheith ag obair i ndlúthchomhar lena chéile agus lena n‑áirithítear comhthuiscint ar reachtaíocht chánach an Aontais, agus cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na reachtaíochta sin.

Cuireann na EESanna ardáin nua fheabhsaithe ar fáil lena ndéantar níos éasca agus níos tapúla é idirghníomhú a dhéanamh agus comhar díreach agus sainaithint réiteach coiteann a spreagadh. Mar shampla, ceann de na gnéithe d’Anailís ar Líonraí Idirbheart (TNA) ba mhó a moladh is ea go bhfuil sí an-éifeachtach ó thaobh calaois CBL a bhrath. Gintear coigilteas costais mar thoradh air sin, trína dhéanamh gur féidir idirghníomhú go tapa i measc údaráis chánach trí theachtaireachtaí a sheoladh agus/nó doiciméid a chomhroinnt tríd an gcóras seachas a bheith ag brath ar nósanna imeachta foirmiúla comhair dhéthaobhaigh atá níos moille agus ar troime an t‑ualach oibre a bhaineann leo.

Thug na rannpháirtithe moladh forleathan do na gníomhaíochtaí comhoibríocha a cistíodh leis an gclár. Tugadh aitheantas do na gníomhaíochtaí sin mar gheall ar a n‑ardcháilíocht agus a n‑ábharthacht d’obair laethúil riaracháin chánach. I gcomhréir le torthaí na meastóireachta roimhe seo, tugtar le fios sna comhairliúcháin a rinneadh mar chuid den mheastóireacht seo gur chinn oifigigh ó riaracháin rannpháirteacha go measann formhór mór na riarachán cánach go bhfuil na gníomhaíochtaí a chistítear leis an gclár úsáideach. Níl an t‑aiseolas dearfach seo teoranta d’aon chineál amháin gníomhaíochta. Moltar go láidir foirne saineolaithe agus cineálacha eile gníomhaíochtaí comhoibríocha araon. Léiríonn sé sin go bhfuil an clár ag freastal ar riachtanais éagsúla a spriocphobail.

Léiríodh gur ionstraimí cumhachtacha iad fothú acmhainneachta TF agus gníomhaíochtaí comhoibríocha chun na huirlisí agus na scileanna atá ar fáil d’údaráis chánach na mBallstát a neartú, agus ar an gcaoi sin a gcumais a threisiú agus feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht oibríochtúil. Tá cruthú deiseanna líonraithe d’oifigigh chánach ar cheann de phríomhaidhmeanna na ngníomhaíochtaí comhoibríocha, rud a aithníonn 80 % nó níos mó d’oifigigh chánach i dtíortha rannpháirteacha freisin. Bhí roinnt ionstraimí comhair ‘treisithe’ sna gníomhaíochtaí comhoibríocha arna gcistiú ag Fiscalis, lena n‑áirítear cuairteanna oibre, rialuithe iltaobhacha, agus láithreacht in oifig riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin (PAOEnna). Na gníomhaíochtaí sin, lena dtugtar deis d’oifigigh chánach riarachán éagsúil idirghníomhaíocht dhíreach dhéthaobhach nó iltaobhach a dhéanamh le chéile, féachtar orthu mar shamplaí suaitheanta de chomhar torthúil lena dtacaítear leis an gclár.

Leis an gCóras Bainistíochta Foghlama (LMS) a tugadh isteach don tréimhse chistiúcháin atá ann faoi láthair, scaiptear an t‑ábhar oiliúna ar bhealach níos fearr ná mar ab fhéidir a dhéanamh roimhe seo, rud a fhágann gur féidir leis an gcóras dul i bhfeidhm ar phobal níos mó agus eispéireas úsáideora níos fearr a chur ar fáil. Deimhníonn formhór na n‑úsáideoirí LMS agus na riarachán cánach a ndeachthas i gcomhairle leo le linn na meastóireachtaí go gcuireann an LMS nua breisluach ar fáil thar thionscnaimh na mBallstát agus go bhfágann sé go bhfuil sé níos éasca fáil amach faoi ghníomhaíochtaí oiliúna agus go spreagann sé rannpháirtíocht mhéadaithe iontu.

Trína ghníomhaíochtaí, rannchuidigh an clár le cur chun feidhme aonfhoirmeach dhlí cánach an Aontais, agus ar an gcaoi sin le feidhmiú feabhsaithe Mhargadh Inmheánach an Aontais. Is gné fhíor-riachtanach de bheartas cánach an Aontais agus dá chur chun feidhme í an tacaíocht ó chlár Fiscalis do chomhpháirteanna coiteanna na gCóras Leictreonach Eorpach (EESanna). Ós rud é go mbíonn gá le réiteach digiteach i gcás an chuid is mó de na beartais chánach agus den reachtaíocht chánach is déanaí de chuid an Aontais, tá fothú acmhainneachta TF fíor-riachtanach chun tionscnaimh agus gníomhaíochtaí nua a oibríochtú.

1.3.Éifeachtúlacht

Sainaithníodh sa mheastóireacht tairbhí iomadúla a rinne Córais Leictreonacha Eorpacha (EESanna) d’údaráis chánach agus d’oibreoirí eacnamaíocha. Baineadh gnóthachain éifeachtúlachta shuntasacha amach mar thoradh ar uathoibriú próiseas, rud a fhágann gur féidir le riaracháin chánach bogadh chuig timpeallacht gan pháipéar chun acmhainní a shábháil agus a atreorú ó chúraimí analógacha go róil atá níos táirgiúla agus níos straitéisí amhail brath calaoise. Sampla maith is ea Anailís ar Líonraí Idirbheart (TNA) 3 den chaoi a raibh na EESanna an-éifeachtach maidir le calaois chánach a bhrath, agus gineadh coigilteas mór costais d’údaráis chánach léi freisin. Ina theannta sin, bhí roinnt éifeachtaí dearfacha indíreacha ag na córais sin, amhail amanna feithimh a laghdú agus calaois a dhíspreagadh, lena néascaítear gníomhaíocht tráchtála fheabhsaithe agus lena gcosnaítear ioncam cánach an Aontais. Baineann oibreoirí eacnamaíocha tairbhe freisin as coigilteas suntasach i leithdháileadh acmhainní agus i gcostais fíoraithe CBL, go háirithe le VIES ar líne agus EMCS. Ní mór a aithint, ós rud é gur dhírigh an mheastóireacht seo go príomha ar mheasúnú a dhéanamh (trí chás-staidéir mhionsonraithe) ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht chórais TF roghnaithe (EESanna) a fhaigheann tacaíocht ó chlár Fiscalis, nár bhailigh sé méid suntasach fianaise nua a mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht na ngníomhaíochtaí eile (neamh-EES).

Deimhnítear leis an aiseolas a bailíodh agus leis an doiciméadacht a athbhreithníodh go bhfuil conclúidí na meastóireachta deiridh ar Fiscalis 2020 maidir le héifeachtúlacht na ngníomhaíochtaí neamh-EES a fhaigheann tacaíocht ón gclár fós bailí, is é sin go bhfuil na gníomhaíochtaí comhoibríocha agus oiliúna costéifeachtach ar an mórgóir. Is beag a sciar de bhuiséad foriomlán Fiscalis, ach tugann siad breisluach nach beag trí chur ar a gcumas do riaracháin chánach náisiúnta oibriú le chéile agus a n‑acmhainneachtaí agus a n‑inniúlachtaí a fhorbairt maidir le hábhair spéise ábhartha; in go leor cásanna, tacaíonn siad freisin le cur i bhfeidhm éifeachtach agus éifeachtúil na EESanna. Deimhnítear le haiseolas ó thairbhithe (údaráis chánach náisiúnta) go meastar fós go bhfuil gníomhaíochtaí comhoibríocha an-éifeachtach agus an-ábhartha. An tráth céanna, agus ós rud é nár tháinig aon athrú ar na socruithe cistiúcháin (ach amháin ar an tsamhail bainistithe deontas), is féidir a mheas fós go bhfuil na gníomhaíochtaí sin costéifeachtach ar an iomlán. In éagmais aon athrú mór ar an gcaoi a gcuirtear gníomhaíochtaí comhoibríocha agus oiliúna chun feidhme, níl aon rud ann, dá bhrí sin, a thugadh le fios nach bhfuil gníomhaíochtaí neamh-EES chomh héifeachtúil anois agus a bhí i leaganacha ní ba luaithe de chlár Fiscalis.

Is cosúil go bhfuil struchtúr rialachais ghníomhaíochtaí an chláir éifeachtúil ar an mórgóir ar bhealaí áirithe, agus struchtúr sách soiléir ann don chinnteoireacht mar a leagtar amach i bpríomhdhoiciméid. Ar an iomlán, d’éirigh go maith leis an gcóras, ach bíonn leibhéil éagsúla taithí agus acmhainneachta ann, rud as ar eascair roinnt fadhbanna ag tús an chur chun feidhme maidir le húsáid r-Dheontas a tugadh isteach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil atá i bhfeidhm faoi láthair, agus maidir le ról an chomhordaitheora deontas. Chun cur leis an ábhar agus an treoraíocht maidir le bainistiú deontas atá curtha ar fáil cheana féin ag an gCoimisiún, d’fhéadfaí riaracháin náisiúnta a spreagadh chun dea-chleachtais a shainaithint agus a chomhroinnt eatarthu féin, laistigh de ghníomhaíocht chomhoibríoch atá ann cheana lena dtugtar le chéile oifigigh ábhartha.

Is féidir a mheas go bhfuil Creat Faireacháin agus Meastóireachta (CFM) chlár Fiscalis, a tugadh isteach don tréimhse chistiúcháin reatha in 2022 – arb é is cuspóir foriomlán dó áirithiú ‘go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir maidir le gnóthú a chuspóirí 4 – níos fearr ná an creat a bhí ann roimhe. Is féidir breathnú ar a mhéid a chuir na táscairí faisnéis úsáideach ar fáil don mheastóireacht seo, go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar chritéar na héifeachtachta, mar chomhartha tosaigh ar an gcaoi a bhfuil ag éirí le CFM faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atáthar a bhaint amach. Ar an iomlán, bailíonn táscairí CFM raidhse sonraí ar bhonn bliantúil, lena gcumhdaítear roinnt gnéithe a bhaineann leis an gclár. Bailítear faisnéis ó fhoinsí atá ann cheana (e.g. maidir le córais TF), nó trí bhailiú tiomnaithe sonraí, lena náirítear suirbhé bliantúil ar údaráis chánach. Cé gur úsáideadh roinnt táscairí – chomh maith le torthaí an tsuirbhé bhliantúil – sa mheasúnú, tá teorann áirithe lena mhéid a thug an fhaisnéis léargas ar an dul chun cinn agus ar an méid atá bainte amach agus tá éagsúlacht sa mhéid sin ó chineál amháin táscairí go chéile.

1.4.Comhleanúnachas

comhleanúnachas seachtrach chlár Fiscalis fós ard agus i gcomhréir le torthaí na meastóireachtaí roimhe seo, cé go bhfuil forbairt mhór tagtha ar chomhthéacs beartais agus clársceidealaithe an Aontais chun bearta iarphaindéime, go háirithe, amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), agus an Comhaontú Glas don Eoraip a áireamh. Eascraíonn an comhleanúnachas go príomha as ailíniú leathan bheartas cánach an Aontais le réimsí beartais eile de chuid an Aontais. Mar sin féin, is ábhar misnigh é gur léirigh na tionscnaimh uile a sainaithníodh gur beag an riosca go mbeidís féin agus Fiscalis ag forluí ar a chéile agus gur mór an fhéidearthacht go mbeidís ag treisiú a chéile go frithpháirteach. Tá sprioc thrasnaí an digitithe soiléir go háirithe sna tionscnaimh a sainaithníodh.

Mar gheall ar fhócas na meastóireachta ar líon teoranta córas digiteach, gan mionscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí comhoibríocha sonracha (a ndearnadh meastóireacht fhairsing orthu i staidéir roimhe seo), d’fhéadfadh sé nár cuireadh roinnt samplaí san áireamh. Mar sin féin, aimsíodh samplaí nithiúla de shineirgí leis an gComhaontú Glas don Eoraip, le STA agus leis an ionstraim um thacaíocht theicniúil (TSI), is é sin, i réimsí an digitithe agus an chánachais ghlais. I bhfianaise rannpháirtíocht na dtíortha is iarrthóirí i gclár Fiscalis, is féidir naisc níos láidre idir cláir éagsúla a thabhairt faoi deara. Is é is aidhm dóibh sin feabhas a chur ar shineirgí agus ar chomhlántachtaí, mar shampla, idir gníomhaíochtaí comhoibríocha agus tionscadail cúnaimh theicniúil.

D’ainneoin an chomhleanúnachais iomláin le roinnt beartas agus tionscnamh eile de chuid an Aontais, ba theoranta na naisc ar thángthas sa mheastóireacht orthu le comhpháirt Hercule de chlár frithchalaoise an Aontais agus le clár an mhargaidh aonair (CMA). Is fiú scrúdú a dhéanamh ar dheiseanna a cailleadh mar gheall ar ‘chomhleanúnachas éighníomhach’ agus ar an bhféidearthacht sásra a bhunú amach anseo chun comhordú a dhéanamh agus borradh a chur faoi shineirgí idir na tionscnaimh éagsúla.

Is léir go bhfuil sineirgí móra idir na gníomhaíochtaí éagsúla faoi chlár Fiscalis, i.e. an tacaíocht do chórais TF agus na gníomhaíochtaí comhoibríocha. Tá ról ríthábhachtach ag gníomhaíochtaí comhoibríocha maidir le tacú le forbairt na gcóras agus, i gcásanna áirithe, maidir lena reáchtáil. I ndáil leis sin, is cás siombalach é cás na hAnailíse ar Líonraí Idirbheart (TNA) 5 : chomh maith le tacú le forbairt an chórais TF, le clár Fiscalis cistítear foireann saineolaithe TNA, a thugann úsáideoirí an chórais le chéile agus a bhfuil ról tábhachtach aici maidir leis an gcaoi a ndéantar an córas a fhorbairt agus a chomhtháthú i ngníomhaíochtaí údarás cánach. I bhfianaise an aiseolais a bailíodh ó oifigigh Eurofisc, lena náirítear baill d’fhoirne saineolaithe, is beag seans go mbeadh na Ballstáit ina naonar in ann na hacmhainní daonna a theastaíonn chun na críche sin a leithdháileadh gan cistiú a fháil ó chlár Fiscalis. Bhí dinimicí comhchosúla le sonrú i gcás na gcóras TF a scrúdaíodh sna cás-staidéir eile, agus ar fud shraitheanna éagsúla gníomhaíochtaí an chláir.

A mhéid a bhaineann le fothú acmhainneachta, úsáidtear formhór na gcúrsaí ríomhfhoghlama chun tacú le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais, nó chun tacú le húsáid chórais TF shonracha arna gcistiú ag an gclár. Faoi láthair, tá fáil ar níos mó ná 900 cúrsa ríomhfhoghlama i 29 dteanga 6 , atá dírithe ar ghairmithe custaim agus cánach san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. Leis an meastóireacht eatramhach, soláthraítear fianaise ar shineirgí agus comhlántachtaí soiléire an chláir leis an gclár custaim. Sampla amháin de sin is ea an Córas Bainistíochta Foghlama (LMS), ar a dtugtar ‘Tairseach Foghlama an Aontais maidir le Custam agus Cáin’ 7 freisin, lena gcuirtear comhar, comhroinnt faisnéise agus comhroinnt scileanna chun cinn idir gairmithe custaim agus cánach, riaracháin náisiúnta, an earnáil thrádála agus an earnáil acadúil, agus é mar aidhm leis sin buntáiste iomaíoch a chruthú ar fud na hEorpa agus barr feabhais a chur ar eispéiris oiliúna. Thairis sin, tá na tionscadail atá ag tosú i gcomhthráth leis an tuarascáil mheastóireachta atá idir lámha anois, lena soláthraítear ábhar foghlama ar an tairseach maidir le tionscadail na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil, leis an nGníomh um Éigeandáil agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh (IMERA), agus le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) ar mhaithe le húdaráis chánachais agus chustaim, ina léiriú ar an gcaoi a bhfuil méadú ag teacht ar na deiseanna atá ann chun sineirgí a bhaint amach i dtaca le gníomhaíochtaí chun inniúlacht an duine a fhothú.

Ar an iomlán, faoi mar a cinneadh i meastóireachtaí roimhe seo, ní hamháin go mbíonn na gníomhaíochtaí a chistítear le clár Fiscalis ag cruthú breisluacha astu féin, ach bíonn siad comhleanúnach lena chéile agus iad ag tacú le cur chun feidhme agus glacadh aonfhoirmeach bheartas cánach an Aontais, agus tá an dá ghné sin fíor-riachtanach chun cuspóirí an chláir a bhaint amach. Ar an gcaoi sin, bíonn sraitheanna éagsúla gníomhaíochtaí an chláir comhlántach lena chéile agus treisíonn siad a chéile go frithpháirteach, agus dá bhrí sin bíonn siad an-chomhleanúnach go hinmheánach.

1.5.Breisluach AE

Tá an t‑aiseolas a thug riaracháin chánach náisiúnta tríd an suirbhé maidir le breisluach foriomlán chlár Fiscalis thar a bheith dearfach. Thuairiscigh formhór na bhfreagróirí (1) go gcothaítear muinín leis an gclár agus go mbíonn cóineasú idir riaracháin chánach rannpháirteacha mar thoradh air; (2) go gcuidíonn an clár le rialacha an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach atá níos éifeachtaí, níos comhsheasmhaí agus níos aonfhoirmí; agus (3) go gcuirtear reachtaíocht an Aontais chun feidhme ‘go mór mór’ ar bhealach níos comhleanúnaí ná mar a d’fhéadfaí a dhéanamh gan clár Fiscalis. Bhí na freagraí beagán níos caolchúisí a mhéid a bhaineann leis an gceist an bhfuil breisluach an chláir go mór sa bhreis ar thionscnaimh ar an leibhéal náisiúnta, gan aon dúbláil ná forluí; mar sin féin, chreid os cionn 90 % de na freagróirí go raibh sé amhlaidh a bheag nó a mhór. Mar fhreagairt ar cheisteanna leantacha, thuairiscigh freagróirí go raibh tionchar nach beag ag clár Fiscalis ar éifeachtúlacht agus ar chomhar idirnáisiúnta, go háirithe trí chórais TF amhail VIES agus tionscadail amhail ‘CBL sa Ré Dhigiteach’, ar luaigh freagróirí iomadúla iad araon, a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Gineann an clár breisluach ard trí dhigitiú sa chánachas a chistiú, trí thacú le comhar idir riaracháin chánach éagsúla laistigh de thíortha rannpháirteacha an chláir, trí ghníomhaíochtaí a chur ar fáil chun acmhainneacht a fhothú san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, agus trí chomhar le tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha a éascú.

Tá conclúidí na meastóireachta deiridh ar chlár Fiscalis 2020 fós go hiomlán bailí. Cuireann an clár, chomh maith le gach cineál córas agus gníomhaíochtaí a chistítear leis, breisluach AE ard ar fáil. Tacaíonn clár Fiscalis le cur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht chánachais an Aontais, rud a chumasaíonn comhar, comhordú agus malartú faisnéise idir riaracháin chánach náisiúnta atá ríthábhachtach chun beartas cánachais an Aontais a chur i bhfeidhm go héifeachtach éifeachtúil comhsheasmhach agus, ar an gcaoi sin, cuidíonn sé le feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus le cuspóirí éagsúla beartais cánachais a shaothrú mar a leagtar amach thíos (féach 2.6 Ábharthacht). Gan an clár, d’fhágfaí riaracháin chánach náisiúnta ar a gconlán féin go bunúsach a mhéid a bhaineann le rialacha agus sásraí bheartas cánachais an Aontais a chur chun feidhme, rud ar rídhócha go ndéanfadh sé dochar do na gnéithe uile a leagadh amach roimhe seo.

1.6.Ábharthacht

Díríodh an measúnú ar ábharthacht an chláir ar a fháil amach a mhéid a bhí cuspóirí an chláir ailínithe le riachtanais agus dúshláin bheartas cánach an Aontais, go háirithe leis an digitiú, leis an gcomhar idir riaracháin agus leis an oiliúint. Go hachomair, fuarthas amach sa mheastóireacht (1) gurbh ann fós do na dúshláin agus na riachtanais bhunúsacha a bhfuil sé d’aidhm ag an gclár aghaidh a thabhairt orthu; (2) go raibh ábharthacht na gCóras Leictreonacha Eorpach (EESanna) maidir le hoibríochtaí laethúla údarás cánach agus oibreoirí eacnamaíocha araon ard agus ag dul i airde; agus (3) go raibh gníomhaíochtaí comhoibríocha agus oiliúint an-ábhartha freisin.

Ar an iomlán, ní bhfuarthas aon aiseolas diúltach ó na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo mar chuid den staidéar seo maidir lena mhéid a fhreagraíonn an clár do riachtanais agus tosaíochtaí beartais an Aontais i réimse an chánachais, ná aon aiseolas inar leagadh béim ar easnaimh nó ar réimsí mí-ailínithe idir an clár agus na riachtanais agus tosaíochtaí sin. Thug roinnt páirtithe leasmhara dá n‑aire go bhfuil dearadh chlár Fiscalis solúbtha go leor chun go mbeifear in ann tacaíocht a chur ar fáil leis chun aghaidh a thabhairt ar aon tosaíocht nua nó ar aon tosaíocht a thiocfaidh chun cinn, agus go háirithe chun réitigh dhigiteacha a bhféadfadh gá a bheith leo a chistiú leis.

Go sonrach, maidir leis na córais TF (i.e. comhpháirteanna coiteanna EESanna), d’aontaigh 86 % de na freagróirí (beagnach leath díobh ‘go hiomlán’) go raibh siad sin ag freagairt dá gcuid riachtanas. Thug an 14 % eile freagra neodrach; níor easaontaigh aon duine acu. Deimhnítear leis sin, ar an iomlán, go bhfuil tacaíocht an chláir do chomhpháirteanna coiteanna na EESanna oiriúnach dá feidhm ach moltar leis go bhféadfaí feasacht ar ról an chláir sna EESanna a fheabhsú.

De réir na n‑údarás cánach náisiúnta a d’fhreagair an suirbhé, comhfhreagraíonn na gníomhaíochtaí comhoibríocha go mion dá gcuid riachtanas. D’aontaigh beagnach gach freagróir leis an ráiteas sin, agus d’aontaigh os cionn 70 % díobh ‘go hiomlán’. Mhínigh roinnt freagróirí go bhfuil tionchair dhearfacha ag gníomhaíochtaí comhoibríocha ar riaracháin chánach, agus dá n‑uireasa, go mbeadh riosca an mhí-ailínithe le reachtaíocht an Aontais níos airde agus nach mbeadh an oiread céanna comhchuibhithe cánach ann ar fud an Aontais. A mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí maidir le hinniúlacht an duine a fhothú/maidir le hoiliúint an duine, arís eile, d’aontaigh tromlach soiléir (86 %), de na freagróirí (beagán os cionn leath díobh ‘go hiomlán’) go bhfreagraíonn na gníomhaíochtaí sin do riachtanais riaracháin chánach an Aontais (agus thug an chuid eile freagra neodrach). Deimhnítear leis sin go bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin oiriúnach dá bhfeidhm freisin, cé nach bhfuil siad chomh hoiriúnach céanna dá bhfeidhm, b’fhéidir, agus atá na gníomhaíochtaí comhoibríocha dá dtagraítear thuas.

I measc na ngníomhaíochtaí maidir le hinniúlachtaí a fhothú a cuireadh i dtábhacht as a bheith ailínithe go cruinn le riachtanais, bhí na cúrsaí ríomhfhoghlama (a ndearna freagróir amháin cur síos orthu mar chúrsaí ‘sármhaithe’ ó thaobh iad a bheith iomlán agus domhain, iad a bheith idirghníomhach, bealaí a bheith acu chun dul chun cinn na rannpháirtithe a rianú, agus teicneolaíochtaí oideachais nua-aimseartha a bheith in úsáid acu), chomh maith le, go sonrach, oiliúint agus ceardlanna do dhaoine nua maidir leis an gclár um chomhimeachtaí foghlama (CLEP), seisiúin oiliúna CLEP maidir le hAnailís ar Líonraí Idirbheart (TNA) agus an Lárchóras Leictreonach Faisnéise Íocaíochta (CESOP). Sa chás-staidéar ar an gCóras Bainistíochta Foghlama (LMS), soláthraíodh tuilleadh fianaise ar ábharthacht an chórais sin, a seoladh in 2021 mar stór aonair le haghaidh na ngníomhaíochtaí oiliúna agus fothaithe acmhainneachta a dhéantar faoi chlár Fiscalis (chomh maith leo siúd a dhéantar faoin gclár custaim). Cruthaíodh é go príomha chun aghaidh a thabhairt ar an deacracht a bhí ag foirne riarachán cánach ábhar oiliúna a aimsiú agus a rochtain. Lena ardán láraithe inchuardaithe, réitigh LMS an fhadhb a bhain le hacmhainní a bheith scaipthe agus chuir sé feabhas ar fheasacht ar oiliúint an Aontais agus ar ghlacadh na hoiliúna sin, go háirithe i gcás comhordaitheoirí oiliúna a thugann cúrsaí isteach i gcuraclaim náisiúnta.

Rinneadh cuspóirí chlár Fiscalis agus tosaíochtaí beartais an Aontais a ailíniú, ag díriú ar an margadh inmheánach a neartú, ar mhór-roinn atá neodrach ó thaobh carbóin de a thógáil, ar dhul i ngleic le fás an digitithe agus na ríomhthráchtála, agus ar rannchuidiú le cothroime agus ceartas sóisialta trí chalaois chánach a chomhrac.

3.Conclúidí agus ceachtanna a foghlaimíodh

Cuirtear príomhthorthaí na meastóireachta i láthair sa roinn thíos i bhfoirm ceachtanna a foghlaimíodh. Leagtar béim inti freisin, i gcás inarb ábhartha, ar réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu i ndáil le todhchaí an chláir.

Fuarthas amach sa mheastóireacht go bhfuil rath leanúnach ar chlár Fiscalis. Mar gheall ar a raon leathan gníomhaíochtaí, d’éirigh leis an gclár go leor a bhaint amach trína cuid gníomhaíochtaí aonair, a rannchuidigh, ar an gcaoi sin, le cuspóirí an chláir ar bhealaí éagsúla. Thairis sin – agus thar aon ní eile – ní hamháin go raibh na gníomhaíochtaí éagsúla ag treisiú a chéile, ach bhí siad fite fuaite ina chéile go dlúth: is minic a bhíonn na gníomhaíochtaí TF, comhoibríocha agus fothaithe acmhainneachta ina gcatalaígh dá chéile, agus áirithítear leo go mbíonn modhanna oibre agus tosaíochtaí ailínithe lena chéile, agus go dtagann forbairt de réir a chéile ar chaidrimh chomhghleacúla agus ar mhuinín idir oifigigh chánach ó thíortha éagsúla. Go háirithe, bheadh sé dodhéanta beartais a bhfuil córais uaillmhianacha TF mar bhonn taca leo a chur chun feidhme gan ardán a bheith ag oifigigh ábhartha chun fís choiteann agus cur chuige coiteann a fhorbairt maidir le conas spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach, agus é sin a bheith acu sa chéim ullmhúcháin chomh maith le céimeanna eile.

Ceacht 1 – maidir le hábharthacht leanúnach chlár Fiscalis

Tá sé cruthaithe go bhfuil Fiscalis inoiriúnaithe go leor chun fanacht i gcomhréir le riachtanais na bpáirtithe leasmhara agus leis an timpeallacht bheartais i gcoitinne. Is toradh é sin ar dhearadh an chláir, lena n‑áirithítear go mbunaítear a chuspóirí agus an rogha gníomhaíochtaí a dhéantar leis araon ar na beartais a dtacaíonn sé leo. Is le beartas cánach an Aontais, thar aon ní eile, a ailínítear an clár. Ós rud é go ndéantar beartas cánach an Aontais a chomhordú go dlúth le beartais agus tionscnaimh níos leithne, amhail an t‑aistriú i dtreo fuinneamh glan agus an dícharbónú, an t‑aistriú digiteach agus méadú an Aontais, téann sé chun tairbhe don phobal agus do chuideachtaí trí chur i gcrích Mhargadh Aonair an Aontais a spreagadh, trí bhacainní trasteorann agus trastíre a bhriseadh agus trí chomhar a chothú idir riaracháin náisiúnta. Ní hamháin go n‑áirítear leis sin an clár custaim, atá á bhainistiú go comhpháirteach ag AS TAXUD, ach áirítear leis freisin an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), an ionstraim um thacaíocht theicniúil (TSI) a bhfuil dlúthbhaint aici léi, agus an Comhaontú Glas don Eoraip.

Ceacht 2 – maidir le cur chun feidhme agus cur i gcrích

Tá dearadh chlár Fiscalis bunaithe ar riachtanais agus solúbtha, agus leithdháiltear freagrachtaí praiticiúla de réir riachtanais oibríochtúla an chláir. Chuir sé sin ar chumas an chláir raon an-leathan gníomhaíochtaí a chur i gcrích go rathúil, ó thionscadail chasta TF go líon mór gníomhaíochtaí comhoibríocha struchtúrtha agus ad hoc, go forbairt agus rolladh amach ábhair oiliúna choitinn. Cé go mbíonn an méid a bhain gníomhaíochtaí cistithe sonracha amach agus na tionchair a d’imir siad éagsúil ag brath ar a gcineál agus ar a scála, ó thaobh cur i gcrích de, chomhlíon an clár ionchais/spriocanna tosaigh i ngach réimse, nó sháraigh sé iad, agus tá tuiscint na bpáirtithe leasmhara ar an gclár agus ar a chuid gníomhaíochtaí thar a bheith dearfach. Chuir cur chun feidhme rathúil an chláir ar chumas údarás cánach agus (i gcás inarb ábhartha) ar chumas oibreoirí eacnamaíocha idirghníomhú ar bhealach slán iontaofa.

Fuarthas amach go raibh gach ceann de thrí ‘chineál’ phríomha gníomhaíochtaí an chláir ag rannchuidiú go mór leis na cuspóirí sonracha maidir le beartas cánach comhleanúnach agus dlí cánach an Aontais a chur chun feidhme, comhar oibríochtúil a chothú i measc údaráis chánach, agus feabhas a chur ar chumas riaracháin údarás cánach. Thángthas ar an gconclúid freisin go bhfuil na cláir an-ábhartha i gcomhthéacs an mhéadaithe. Bhí sé sin le feiceáil san aiseolas ginearálta a fuarthas ó riaracháin náisiúnta agus i sonraí faireacháin an chláir, agus i dtorthaí na gcás-staidéar ar chórais shonracha TF agus ar LMS.

Ceacht 3 – maidir le costais agus tairbhí na ngníomhaíochtaí a cistíodh

Ós rud é go mbíonn tairbhí agus costais an chláir ag brath go sonrach ar an ngníomhaíocht aonair, bunaíodh an scrúdú a rinneadh air sin ar na cás-staidéir mhionsonraithe go príomha. Ar bhealaí éagsúla a bhraitheann ar a bhfeidhmeanna agus ar a réimsí beartais cánach, fuarthas amach go ngineann na ceithre Chóras Leictreonacha Eorpacha (EES) a scrúdaíodh tairbhí móra nithiúla agus coigilteas costais d’údaráis chánach, don Choimisiún Eorpach agus – i gcás inarb ábhartha, amhail nuair a úsáideann siad córais TF chun críoch comhlíontachta – d’oibreoirí eacnamaíocha. Áiríodh leis na tairbhí sin (1) gnóthachain éifeachtúlachta a eascraíonn as digitiú/uathoibriú cúraimí a bhí analógach roimhe sin; (2) táirgiúlacht mhéadaithe a eascraíonn as bheith in ann níos mó faisnéise agus faisnéis níos fearr a chomhroinnt go rianúil; (3) amanna feithimh giorraithe mar gheall ar infhaighteacht mheandrach faisnéise; agus (4) tionchair dhíreacha agus indíreacha maidir le calaois a laghdú. Mar shampla, leis an gcóras TF Anailís ar Líonraí Idirbheart (TNA), arna chistiú ag clár Fiscalis ar chostas lárnach ar an Aontas a bhí níos lú ná 7 milliún idir 2021 agus 2023, sainaithníodh 10 000 trádálaí calaoiseach, rud a chuidigh le beagnach EUR 34 bhilliún in idirbhearta amhrasacha a nochtadh. Léiríodh go ginearálta sna hanailísí frithfhíorasacha gurbh é comhthiomsú acmhainní chun na córais a fhorbairt ar leibhéal an Aontais ba chúis leis na córais a bheith ní hamháin níos fearr maidir lena bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ach níos costéifeachtaí freisin ná mar a d’fhéadfadh na Ballstáit a bhaint amach as a stuaim féin. Mar a luadh thuas, rannchuidigh na gníomhaíochtaí comhoibríocha agus na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta i bpáirt trí chuidiú leis an timpeallacht ba ghá a chruthú chun go bhfeidhmeoidh na córais TF agus go n‑úsáidfear iad mar a beartaíodh, agus, chomh maith leis sin, trí chomhthuiscint agus cur chuige coiteann maidir le reachtaíocht chánach an Aontais a áirithiú. Meastar gur margadh maith a bhí i gcostas réasúnta íseal na ngníomhaíochtaí comhoibríocha agus na ngníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta sin i bhfianaise na giarála a ghintear leo i dtéarmaí éifeachtacht na gcóras TF a mhéadú agus modhanna a thabhairt d’údaráis chánach a bheith ag obair le chéile gan pháipéar chun cuspóirí an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach.

Ceacht 4 – maidir le comhsheasmhacht agus sineirgí an chláir le tionscnaimh eile

Fuarthas amach sa mheastóireacht go raibh clár Fiscalis go hiomlán comhsheasmhach le raon tionscnamh eile de chuid an Choimisiúin i dtéarmaí ailíniú cuspóirí agus comhlántachta gníomhaíochtaí agus aschur. Aimsíodh naisc nithiúla le roinnt clár (féach Ceacht 1), cé go raibh sé sin fíor go pointe níos lú nó nach raibh sé fíor ar chor ar bith i ndáil le cláir eile, is é sin, comhpháirt Hercule de chlár frithchalaoise an Aontais, clár an mhargaidh aonair, agus an ionstraim um chúnamh réamhaontachais/um chúnamh teicniúil agus um malartú faisnéise.

D’ainneoin gur beag an riosca go mbeidís féin agus Fiscalis ag forluí ar a chéile agus gur mór an fhéidearthacht go mbeidís ag treisiú a chéile go frithpháirteach fiú in éagmais comhordaithe phraiticiúil, d’fhéadfadh sé go bhfuil deiseanna á gcailleadh chun sineirgí a shainaithint agus leas a bhaint astu. Ba cheart leanúint de shineirgí agus comhlántachtaí le cláir eile a fhiosrú a thuilleadh chun ábharthacht chlár Fiscalis a threisiú, lena n‑áirítear sineirgí agus comhlántachtaí i ndáil le gníomhaíochtaí chun inniúlacht an duine a fhothú/gníomhaíochtaí oiliúna agus tionscnaimh a bhaineann leis an bpróiseas um méadú. Ba cheart leanúint de na sineirgí sin agus iad a neartú a thuilleadh chun na buntáistí a bhaineann le bheith ag obair i gcomhar le beartais agus tionscnaimh eile a chomhdhlúthú.

Ceacht 5 – maidir le cumarsáid, feasacht agus infheictheacht i dtaca leis an gcláir

Tá dlúthnasc idir na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a chistítear le clár Fiscalis agus oibríonn siad i gcomhar le chéile chun na haidhmeanna inmhianaithe a bhaint amach. Mar sin féin, cé gur forleathan an t‑eolas go dtacaíonn cistiú ón Aontas le córais TF an chláir, níl a fhios ag go leor oifigeach cánach agus páirtithe leasmhara eile gur le Fiscalis a bhaineann siad. Cuireann sé sin teorainn le comhroinnt faisnéise agus sonraí i measc páirtithe leasmhara agus déanann sé gur páirteach an tuiscint a bhíonn acu ar bhreisluach an chláir. Sa ghearrthéarma, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar an easpa feasachta ar ról na gcóras TF sa chlár trí bhrandáil níos comhsheasmhaí. Le himeacht ama, chruthódh sé sin ceangal níos láidre idir na sraitheanna éagsúla gníomhaíochtaí a fhaigheann cistiú agus mhéadódh sé infheictheacht an chláir.

Ceacht 6 – maidir le feabhas céimneach a chur ar LMS

Tríd an gcás-staidéar ar an Córas Bainistíochta Foghlama (LMS), léiríodh sa mheastóireacht, ar an iomlán, go raibh an tardán ar ardchaighdeán 8 agus go raibh breisluach nach beag ag baint leis ar chostas réasúnta. Cé go raibh na torthaí dearfach ar an mórgóir, tugadh faoi deara sa chás-staidéar roinnt réimsí ina bhféadfaí feabhas céimneach a chur ar an gcóras freisin. Áiríodh orthu sin (1) dearadh agus feidhmiúlacht LMS a mhionchoigeartú i dtéarmaí na feidhme cuardaigh, tuilleadh pearsantaithe d’úsáideoirí atá logáilte isteach, agus níos mó leaganacha teanga a chur ar fáil; (2) ábhar oiliúna ábhartha ó riaracháin náisiúnta agus ó eagraíochtaí eile a thabhairt isteach; agus (3) iarrachtaí dírithe cumarsáide chun borradh a chur faoi úsáid an ardáin. Tá plé ar siúl le roinnt seirbhísí de chuid an Choimisiúin (i.e. SG REFORM, GROW, EUIPO) d’fhonn go núsáidfidís ardán LMS.

Ceacht 7 – maidir leis an gcreat faireacháin agus meastóireachta

Leis an gCreat Faireacháin agus Meastóireachta (CFM) nua arna ghlacadh sa chlárthréimhse atá ann faoi láthair, tá céim tugtha cheana féin i dtreo creat atá níos soláimhsithe agus níos diongbháilte. Mar sin féin, tá dúshláin fós ann, lena n‑áirítear roinnt dúshlán a bhí ann leis an CFM a bhí ann roimhe, amhail líon iomarcach táscairí, próisis atá trom ar údaráis náisiúnta agus ar an gCoimisiún, agus úsáideacht theoranta na dtuarascálacha agus na n‑anailísí a dhéantar. I measc na mbealaí lena bhféadfaí feabhas a chur ar an gcreat tá (1) íoslaghdú a dhéanamh ar an méid sonraí príomhúla atá le bailiú, rud a chuideodh chun aghaidh a thabhairt ar thuirse chomhairliúcháin (a bhaineann i gcásanna áirithe leis an iliomad iarrataí ar aiseolas); (2) leas breise a bhaint as sonraí atá ann cheana chun táscairí nó luachanna tagartha níos eolasaí a shainaithint; agus (3) an líon táscairí a laghdú, go háirithe ar an leibhéal aschuir ar a mbíonn an comhghaol le feidhmíocht an chláir lag go minic agus ar ar deacair comparáid a dhéanamh idir gníomhaíochtaí. I dtaca leis an bpointe deireanach, tá sé beartaithe tuilleadh cuíchóiriú a dhéanamh ar thuairisciú feidhmíochta mar chuid den chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile. Beidh sé sin bunaithe ar chreat cuíchóirithe chun caiteachas buiséid a rianú agus feidhmíocht a thuairisciú ar bhealach atá níos simplí agus níos comhsheasmhaí agus nach bhfuil an t‑ualach céanna oibre ag baint leis.

(1)  Ba iad na meastóireachtaí is déanaí ar an gclár na meastóireachtaí meántéarma agus deiridh ar chlár Fiscalis 2020 agus is féidir teacht orthu ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ag na naisc atá curtha ar fáil.
(2) Tá laghdú leanúnach tagtha ar tháscairí maicreacnamaíocha, amhail an Bhearna CBL, thar na blianta, agus, san am céanna, tháinig méadú ar an ioncam cánach iomlán i ndearbhluach, agus d’fhan sé cobhsaí den chuid is mó mar chéatadán de OTI.
(3) Cuireadh i láthair sa staidéar go raibh EUR 6,97 milliún de chostais lárnacha de chuid an Aontais ag baint leis, ach, a bhuí leis an gcóras, gur thángthas ar EUR 37 mbilliún d’idirbhearta amhrasacha idir 2020 agus 2023.
(4)  Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin – Creat faireacháin agus meastóireachta le haghaidh chlár Fiscalis (2021-2027), lch. 2.
(5) Le clár Fiscalis, cistíodh forbairt chóras TNA lenar sainaithníodh 12 000 de trádálaí calaoiseach, rud a chuidigh le EUR 37 mbilliún in idirbhearta amhrasacha a nochtadh.
(6) A chomhfhreagraíonn do thart ar 200 bunchúrsa as Béarla.
(7)   Baile | Tairseach Foghlama an Aontais maidir le Custam agus Cáin
(8) Léiriú eile air seo is ea go bhfuil méadú ag teacht le déanaí ar líon na seirbhísí eile atá ag cur spéise in úsáid an ardáin chun ábhair nua ríomhfhoghlama a óstáil maidir le réimsí beartais (an margadh inmheánach) nó tionscadail (TSI) a bhfuil dlúthbhaint acu leis an ábhar atá ar an ardán cheana.
Top