Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025SC0826

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR Athbhreithniú ar an gCreat Urrúsúcháin a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe agus Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh neamhchosaintí ar urrúsú

SWD/2025/826 final

Strasbourg, 17.6.2025

SWD(2025) 826 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

Athbhreithniú ar an gCreat Urrúsúcháin

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe agus



Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh neamhchosaintí ar urrúsú

{COM(2025) 825 final} - {COM(2025) 826 final} - {SEC(2025) 825 final} - {SWD(2025) 825 final}


An gá atá le beart

Le hurrúsú, comhthiomsaítear sócmhainní airgeadais atá i seilbh banc agus institiúidí airgeadais, amhail iasachtaí, morgáistí, nó fiachas cárta creidmheasa, agus déantar iad a phacáistiú ina dtáirgí nua is féidir le hinfheisteoirí a cheannach. Faigheann infheisteoirí íocaíochtaí tráthrialta ansin de réir mar a aisíoctar an fiachas bunaidh, rud atá comhchosúil le hús a fháil ó iasacht. Dá thoradh sin, is féidir le bainc caipiteal a shaoradh agus iasachtaí nua a sholáthar do theaghlaigh agus do ghnólachtaí (i.e. corparáidí, FBManna), agus riosca á aistriú amach as an gcóras baincéireachta an tráth céanna.

Le linn na Géarchéime Domhanda Airgeadais, urrúsaíodh iasachtaí rioscúla de dheasca dhroch-chaighdeáin tionscail sna Stáit Aontaithe, rud a mhainnigh agus a d’imir tionchar ar infheisteoirí an Aontais. Dá thoradh sin, ghlac an tAontas rialacha diana maidir le hurrúsú, a raibh sé d’aidhm acu cosaint infheisteoirí, trédhearcacht, muinín agus cobhsaíocht an mhargaidh urrúsúcháin a neartú. Tar éis 5 bliana de na rialacha sin a bheith i bhfeidhm, léirigh meastóireacht ón gCoimisiún go ndearnadh rócheartú. Tá dearadh an chreata urrúsúcháin ródhian, rud a chuireann bac ar fhorbairt an mhargaidh. Cé nár tháinig forbairt mar a raibh coinne leis ar an margadh, tá sé éirithe níos sláine. Sainaithníodh athbheochan an mhargaidh urrúsúcháin mar thionscnamh tábhachtach faoin Aontas Coigiltis agus Infheistíochta, rud is féidir cuidiú le maoiniú gheilleagar na hEorpa a mhéadú.

Léirigh meastóireacht an Choimisiúin go bhfuil cuspóirí an Chreata atá ann faoi láthair, a leagtar amach i Measúnú Tionchair 2015, fós gan chomhlíonadh go páirteach nó go hiomlán. Bhí an Creat éifeachtach go páirteach maidir le deireadh a chur le stiogma infheisteoirí, agus míbhuntáistí rialála i gcás urrúsuithe simplí, trédhearcacha agus caighdeánaithe. Mar sin féin, d’fhág sé go bhfuil sé costasach sócmhainní urrúsaithe a cheannach agus a dhíol agus nach bhfuil próiseas an urrúsaithe sách tarraingteach i ngeall ar na ceanglais arda stuamachta do bhainc agus d’árachóirí.

Sa lá atá inniu ann, tá acmhainneacht éagsúlaithe riosca an urrúsaithe, lena soláthraítear iasachtú breise don gheilleagar, agus forbairt an mhargaidh chaipitil á dtearcshaothrú san Aontas. Is deis chaillte é sin chun tosaíochtaí straitéiseacha na hEorpa a chistiú, chun freastal ar riachtanais mhaoiniúcháin na n‑aistrithe glasa, digiteacha agus sóisialta agus an chaiteachais cosanta, agus chun margaí caipitil na hEorpa a dhoimhniú. Sa chomhthéacs sin, is tionscnamh tábhachtach é an t‑athbhreithniú ar urrúsú faoin Aontas Coigiltis agus Infheistíochta (SIU).

Cad é toradh measta an tionscnaimh seo?

Leis an tionscnamh seo, féachtar leis na bacainní míchuí ar eisiúint agus infheistíocht urrúsúcháin a mhaolú, go sonrach:

·Costais oibriúcháin mhíchuí a laghdú d’eisitheoirí agus d’infheisteoirí, agus cothromaíocht á baint amach idir sin agus caighdeáin leordhóthanacha trédhearcachta, cosanta infheisteoirí agus maoirseachta.

·An creat stuamachta do bhainc agus d’árachóirí a choigeartú, chun rioscaí iarbhír a chur san áireamh níos fearr agus chun deireadh a chur le costais stuamachta mhíchuí agus urrúsuithe á neisiúint agus infheistíocht á déanamh iontu, agus cobhsaíocht airgeadais á cosaint an tráth céanna.

Ní leagtar síos leis an tionscnamh seo sprioc shonrach maidir le méid nó fás an mhargaidh, ná ní fhéachann sé le fabhar a thabhairt d’earnálacha áirithe ná le forbairt an mhargaidh a dhreasú ar bhealach ar leith. Ina ionad sin, díríonn sé ar bhacainní míchuí a bhaint, as a dtiocfaidh ‘creat cumasúcháin’ níos íogaire i leith riosca agus níos calabraithe chun iasachtú níos fearr a dhéanamh don fhíorgheilleagar.

Chomh maith le bearta rialála, bíonn tionchar ag tosca eile ar fhorbairtí sa mhargadh. Áirítear orthu sin iomaíocht ó ionstraimí eile amhail bannaí faoi chumhdach, chomh maith le beartas airgeadaíochta faoinar fhág rochtain éasca ar leachtacht bainc ceannais le blianta beaga anuas nach raibh sé chomh tarraingteach céanna do bhainc urrúsuithe a eisiúint. Ina theannta sin, beidh tionscnaimh thionscail tábhachtach chun costais a laghdú trí eisiúintí caighdeánaithe agus barainneachtaí scála.

Réitigh fhéideartha

Sainaithníodh roghanna beartais i dtrí phríomhréimse, bunaithe ar ionchur ó réimse leathan páirtithe leasmhara: na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, an Sásra Aonair Maoirseachta, rannpháirtithe sa mhargadh, acadóirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus na Ballstáit. Roghanna chun (i) costais arda oibriúcháin a laghdú, (ii) bacainní stuamachta míchuí a laghdú do bhainc maidir le hurrúsú a eisiúint agus infheistíocht a dhéanamh ann, agus (iii) deireadh a chur le costais stuamachta mhíchuí d’árachóirí chun infheistíocht a dhéanamh i margadh urrúsúcháin an Aontais, fágann siad go bhfuil ‘beart’ ann de na roghanna beartais ab fhearr a bhainfeadh amach na cuspóirí luaite, dá ndéanfaí i dteannta a chéile iad.

Chun costais arda oibriúcháin a laghdú, meastar tacar beart spriocdhírithe agus leathan araon. Is éard atá i gceist le Rogha 1.1 ceanglais áirithe díchill chuí agus trédhearcachta a shimpliú agus deireadh a chur leo, ar ceanglais iad a mheastar a bheith iomarcach nó ró-fhorordaitheach (e.g., ceanglais fíorúcháin áirithe maidir le hidirbhearta athfhillteacha agus teimpléid nochta a chuíchóiriú). Faoi Rogha 1.2, chuirfí deireadh iomlán le ceanglais éigeantacha díchill chuí a bhaineann go sonrach le hurrúsú i gcás infheisteoirí rialáilte, agus bheadh ceanglais trédhearcachta bunaithe ar phrionsabail.

Chun aghaidh a thabhairt ar an gcreat stuamachta chun go n‑eiseoidh na bainc níos mó urrúsaithe agus infheistíocht a dhéanamh ann, breithnítear dhá thacar roghanna: athruithe spriocdhírithe (Rogha 2.1) agus leasú ó bhonn radacach (Rogha 2.2) ar an gcreat stuamachta atá ann cheana do bhainc. Is éard atá i gceist le Rogha 2.1 coigeartuithe spriocdhírithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, chun a áirithiú go mbeidh an láimhseáil caipitil ar urrúsuithe do bhainc níos íogaire i leith riosca, agus chun incháilitheacht urrúsuithe le haghaidh maoláin leachtachta banc a leathnú. D’fhágfadh Rogha 2.1 freisin go mbeadh an measúnú a dhéanfaidh maoirseoirí ar incháilitheacht idirbheart le haghaidh faoiseamh caipitil faoin gCreat um Aistriú Riosca Shuntasaigh níos tapúla agus níos comhleanúnaí. Is éard a bheadh i gceist le Rogha 2.2 athbhreithniú ó bhonn ar an gcreat stuamachta do bhainc, lena n‑áirítear foirmlí nua a thabhairt isteach chun láimhseáil caipitil urrúsuithe a ríomh, maolú suntasach a dhéanamh ar na ceanglais maidir le hincháilitheacht urrúsuithe le haghaidh maoláin leachtachta banc, agus deireadh a chur le ceanglais chasta maidir le measúnú maoirseoirí ar idirbhearta i ndáil le faoiseamh caipitil. Murab ionann agus Rogha 2.1, bheadh éagsúlachtaí ábhartha ó chaighdeáin idirnáisiúnta Basel i gceist le Rogha 2.2.

Chun deireadh a chur le dídhreasachtaí d’árachóirí infheistíocht a dhéanamh i margadh urrúsúcháin an Aontais, cuirtear trí rogha i láthair, agus tá sé beartaithe acu uile ceanglais chaipitil a laghdú. Faoi Rogha 3.1, laghdófaí ceanglais chaipitil neamh-STS chun an bhearna idir iad agus ceanglais chaipitil STS a laghdú agus chun deireadh a chur leis an leibhéal iomarcach stuamachta atá leabaithe sa chreat atá ann faoi láthair. Faoi Rogha 3.2, dhéanfaí idirdhealú idir ceanglais chaipitil le haghaidh tráinsí sinsearacha agus neamhshinsearacha d’urrúsuithe neamh-STS, rud a chuirfeadh deireadh leis na dídhreasachtaí stuamachta chun infheistíocht a dhéanamh sa deighleog mhargaidh sin. Le Rogha 3.3, laghdaítear na ceanglais chaipitil le haghaidh na n‑urrúsuithe uile (STS agus neamh-STS), rud a áirithíonn gur ar thosca riosca mainneachtana amháin a dhíríonn na ceanglais chaipitil.

An tionchar a bheidh ag na roghanna tosaíochta

Bunaithe ar an gcomparáid idir éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas, roghnaíodh roghanna 1.1, 2.1, agus 3.2 mar an beart beartas ab fhearr san anailís mhionsonraithe.

Agus aghaidh á tabhairt ar chostais arda oibriúcháin d’eisitheoirí agus d’infheisteoirí, leanfadh tairbhí níos mó as na hathruithe radacacha ar an gcreat neamhstuamachta faoi Rogha 1.2 maidir le laghdú ualaigh, ach bheadh riosca níos mó do shláine an mhargaidh ag gabháil leis sin. Le Rogha 1.1 cuirtear toradh níos cothroime i láthair lena laghdaítear dícheall cuí oibríochtúil agus costais nochta mhíchuí, agus ardleibhéil trédhearcachta margaidh, cosanta infheisteoirí agus maoirseachta á gcoinneáil ar bun an tráth céanna. Ar an iomlán, meastar go mbeidh EUR 310 milliún de choigilteas costais in aghaidh na bliana ag margadh urrúsúcháin an Aontais mar thoradh ar na hathruithe atá beartaithe ar na ceanglais díchill chuí agus trédhearcachta.

Maidir leis na rialacha stuamachta do bhainc, is í Rogha 2.1 an rogha beartais ab fhearr chun aghaidh a thabhairt ar mhíchalabruithe ar bhealach éifeachtúil spriocdhírithe. D’fhéadfadh suíomhanna caipitil níos rioscúla a bheith mar thoradh ar Rogha 2.2 agus d’fhéadfadh tionchar a bheith aici ar mhaoláin leachtachta banc, spreagfadh Rogha 2.1 rannpháirtíocht banc sa mhargadh urrúsúcháin gan cobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol agus gan imeacht go mór ó chaighdeáin idirnáisiúnta.

Is cosúil gurb í Rogha 3.2 an rogha is éifeachtaí chun deireadh a chur le dídhreasachtaí stuamachta míchuí d’árachóirí a bheith rannpháirteach sa mhargadh urrúsúcháin. Chuirfeadh sí deireadh le bacainní stuamachta míchuí ar infheistíochtaí in urrúsuithe neamh-STS trí aghaidh a thabhairt ar an láimhseáil stuamachta atá ann faoi láthair, atá ródhian, agus deireadh á chur an tráth céanna le dreasachtaí míchuí d’árachóirí infheistíocht a dhéanamh sna tráinsí is mó riosca agus meathlú míchuí ar chosaint sealbhóirí polasaí á sheachaint. An faoiseamh caipitil a d’eascródh as Rogha 3.2, bheadh sé gar do EUR 6 bhilliún (i gcomparáid le EUR 4 bhilliún i gcás Rogha 3.1 agus EUR 7 mbilliún i gcás Rogha 3.3).

 

Tugann an beart beartas ab fhearr deis don Aontas an t‑ualach agus na costais chomhlíontachta a laghdú d’eisitheoirí agus d’infheisteoirí, an margadh urrúsúcháin a athbheochan agus iomaíochas chóras airgeadais an Aontais a fheabhsú. Beidh ar institiúidí airgeadais ar fud an Aontais aghaidh a thabhairt ar chórais trédhearcachta agus díchill chuí níos simplí agus ar íogaireacht níos mó i leith riosca iarbhír na hinfheistíochta urrúsúcháin.

Top