Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0727

Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena n údaraítear tús a chur le caibidlíocht d’fhonn lamháltais an Aontais a rinneadh san Eagraíocht Dhomhanda Trádála ar tharaifí allmhairiúcháin is infheidhme maidir le táirgí cruach áirithe a mhodhnú

COM/2025/727 final

Strasbourg, 7.10.2025

COM(2025) 727 final

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht d’fhonn lamháltais an Aontais a rinneadh san Eagraíocht Dhomhanda Trádála ar tharaifí allmhairiúcháin is infheidhme maidir le táirgí cruach áirithe a mhodhnú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is ábhar bunriachtanach do gheilleagar an Aontais é an cruach, agus dá aistriú chuig an ngeilleagar glas san áireamh. Úsáidtear cruach i raon leathan earnálacha, amhail foirgnimh, bonneagar, iarnróid, mótarfheithiclí, longthógáil, muilte gaoithe, uirlisí agus innealra tionsclaíoch, fearais tí, i measc earnálacha eile. Baineann tábhacht straitéiseach leis an gcruach freisin le haghaidh cumas cosanta agus míleata an Aontais a mhéadú.

Is é tionscal déanta cruach an Aontais an tríú táirgeoir cruach is mó ar domhan. Fostaíonn sé thart ar 300 000 duine go díreach agus meastar go ngineann sé 2,5 milliún post (díreach agus spreagtha). Tá go leor láithreán táirgthe cruach ar fud níos mó ná 20 Ballstát den Aontas. Cothaíonn gléasraí cruach go leor geilleagar réigiúnach, rud a léiríonn an tábhacht shocheacnamaíoch agus pholaitiúil a bhaineann leo. Tá dúshláin chriticiúla roimh thionscal cruach an Aontais, dúshláin a lagaíonn a iomaíochas i margadh domhanda agus a chuireann inmharthanacht fhadtéarmach an tionscail i mbaol mór, rud a chruthaíonn rioscaí arda do shaol an tionscail agus dá chumas infheistíochtaí nua a dhéanamh.

Go háirithe, tá dúshláin thromchúiseacha a bhaineann le trádáil roimh thionscal cruach an Aontais. Go sonrach, brú suntasach marthanach ar allmhairí, ó thaobh méideanna agus praghsanna de, mar thoradh ar leibhéil neamh‑inbhuanaithe ró‑acmhainneachta domhanda, a bhfuil tionchar diúltach acu ar fheidhmíocht eacnamaíoch thionscal déanta cruach an Aontais: Tá laghdú tagtha ar tháirgeacht an Aontais, agus tá an úsáid acmhainneachta atá aige faoi láthair i bhfad faoi bhun na leibhéal brabúsach, rud a bhaineann an bonn de chumas dhéantóirí cruach an Aontais infheistíocht a dhéanamh agus dá réir sin, rud a chuireann cuspóirí dícharbónaithe an Aontais i mbaol. Go deimhin, chuir roinnt déantóirí cruach san Aontas stop le hinfheistíochtaí uaillmhianacha costasacha i dtionscadail cruach glaise a bhí ag teastáil chun leanúint de bheith iomaíoch agus chun táirgeadh a dhícharbónú mar chuid de chlár oibre glas an Aontais.

Is i gcomhthéacs deacair ar an iomlán atá na dúshláin chriticiúla trádála sin ag tarlú, ós rud é go bhfuil easpa cothroime iomaíochta roimh an earnáil cruach, chomh maith le costais fuinnimh agus mhonaraíochta níos airde. Tá rioscaí ag baint leis an staid sin freisin ó thaobh uathriail straitéiseach an Aontais. Tá tionchar mór ag na dúshlán éagsúla sin ar phoist. Go deimhin, tá meath tromchúiseach tagtha ar thionscal cruach an Aontais, tá beagnach 100 000 post díreach caillte aige ó 2008 i leith (thart ar 25 % dá lucht saothair) agus tá an acmhainneacht shuiteáilte á dúnadh nó á laghdú i monarchana iomadúla ar fud go leor Ballstát san Aontas. Tá an staid reatha an‑leochaileach, agus tá baol ann go rachaidh sé in olcas go mór mura dtugtar aghaidh go héifeachtach ar na dúshláin.

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas’, a glacadh an 29 Eanáir 2025, bunaítear an t‑iomaíochas tionsclaíoch mar phríomhthosaíocht agus leagtar amach gníomhaíochtaí trasearnála do na blianta amach romhainn. Aithnítear ann an dícharbónú mar spreagadh cumhachtach don fhás nuair a dhéantar é a chomhtháthú le beartais thionsclaíocha, iomaíochta, eacnamaíocha agus trádála. Sainaithníodh cruach agus miotail mar phríomhréimsí gníomhaíochta sa Teachtaireacht.

An 19 Márta 2025, ghlac an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta maidir le Cruach agus Miotail. Leagadh amach sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Cruach agus Miotail gníomhaíochtaí i réimsí éagsúla beartais, lena n‑áirítear trádáil. Aithníodh sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Cruach agus Miotail go bhfuil an earnáil cruach ríthábhachtach do shlándáil eacnamaíoch agus do chobhsaíocht shóisialta an Aontais, agus leagadh síos mar chuspóir leis freisin acmhainneachtaí tionsclaíocha an Aontais a chur chun cinn agus a chosaint.

Sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Cruach agus Miotail, thángthas ar an gconclúid, cé go rachaidh an beart coimirce lena gcosnaítear tionscal cruach an Aontais ar thuilte allmhairí in éag an 30 Meitheamh 2026, go bhfuil sé míréasúnta glacadh leis go n‑imeoidh an ró‑acmhainneacht struchtúrach dhomhanda agus a dtionchar diúltach trádála ar thionscal cruach an Aontais, rud a spreag forchur an bhirt coimirce, roimh an 1 Iúil 2026. Os a choinne sin, is dócha go rachaidh na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le trádáil in olcas, ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtríú tíortha a bhfuil bearta á nglacadh acu arb é is aidhm dóibh allmhairí isteach ina margaí a theorannú, rud a fhágann go bhfuil margadh an Aontais ar an gceann scríbe is mó a fhaigheann an táirgeacht a eascraíonn as acmhainneachtaí iomarcacha domhanda. Dá bhrí sin, tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Cruach agus Miotail togra reachtach a ghlacadh a chuirfear in ionad na gcoimircí cruach agus lena gcuirfear leibhéal cosanta an‑ard ar fáil ar na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le trádáil de dheasca ró‑acmhainneachtaí domhanda.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an ghníomhaíocht bheartais atá beartaithe lena ndéanfaí gealltanais an Aontais maidir le taraifí allmhairiúcháin san Eagraíocht Domhanda Trádála (EDT) a mhodhnú comhsheasmhach le tiomantas an Aontais don iltaobhachas ina chomhbheartas tráchtála, lena n‑áirítear an gealltanas seasamh leis an dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear Comhaontú EDT. Tá an ghníomhaíocht bheartais atá beartaithe ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh an chosaint taraife atá beartaithe do thionscal cruach an Aontais comhoiriúnach le Comhaontú EDT.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an ghníomhaíocht bheartais atá beartaithe comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais arb é is aidhm dóibh earnáil chruach an Aontais a chaomhnú agus a neartú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 207(4), in éineacht le hAirteagal 218(3)(b) agus Airteagal 218(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). 

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Baineann ábhar na caibidlíochta atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála. De réir Airteagal 5(3) CAE, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir le réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontais. Liostaítear an comhbheartas tráchtála i measc na réimsí sin ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas in Airteagal 3 CFAE. Áirítear sa bheartas sin comhaontuithe trádála a chaibidliú de bhun, inter alia, Airteagal 207 CFAE.

Comhréireacht

Tá an moladh ón gCoimisiún i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ós rud é gur príomh‑ionstraim é comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích chun cearta agus oibleagáidí cómhalartacha a ghlacadh in éineacht le hábhar dlí náisiúnta amhail tír eachtrach.

An rogha ionstraime

Cinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Tá an ghníomhaíocht a mholtar comhleanúnach le beartas an Aontais maidir le cearta an duine agus tá sí comhsheasmhach leis an gCairt um Chearta Bunúsacha, toisc nach gcuireann modhnú ar Chomhaontú EDT lena gceadófaí taraifí allmhairiúcháin níos airde ar tháirgí cruach áirithe, ann féin agus as féin, teorainn ar bith le cearta bunúsacha. Maidir leis an laghdú ar tharaifí allmhairiúcháin an Aontais ar tháirgí eile a d’fhéadfadh a eascairt as an gcúiteamh arna chaibidliú faoi Airteagal XXVIII:2 de CGTT 1994, ar an gcaoi chéanna, ní chuirfeadh an méid sin teorainn le cearta bunúsacha nó ní dhéanfaí amhlaidh ach i gcomhréir le ceanglais na Cairte. Maidir leis an méadú ar tharaifí allmhairiúcháin i gComhaltaí eile den Eagraíocht Dhomhanda Trádála a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar mhainneachtain teacht ar chomhaontú maidir leis an modhnú le Comhaltaí uile EDT a bhfuil cearta acu faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994 agus mar thoradh ar lamháltais taraife atá coibhéiseach go substaintiúil a bheith tarraingthe siar ag na Comhaltaí EDT sin, thiocfadh sé ó thríú tíortha agus ní bheadh sé faoi réir na Cairte um Chearta Bunúsacha, per se. I gcás ina mbeidh rannchuidiú an Aontais le gníomhaíocht den sórt sin ábhartha faoin gCairt, comhlíonfar mar sin féin an ceanglas go ndéanfaidh na húdaráis inniúla gníomhaíocht an Aontais ar bhonn bunús dlí cuí, d’fhonn an cuspóir dlisteanach a bhaint amach maidir leis an tionscal cruach a chosaint ar allmhairí iomaíocha, agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is é is aidhm do na forálacha a mholadh go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n‑údarófar tús a chur le caibidlíocht agus lena n‑ainmneofar idirbheartaí an Aontais. Féadfaidh an Chomhairle treoracha a dhíriú chuig an idirbheartaí.

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht d’fhonn lamháltais an Aontais a rinneadh san Eagraíocht Dhomhanda Trádála ar tharaifí allmhairiúcháin is infheidhme maidir le táirgí cruach áirithe a mhodhnú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4) Airteagal 218(3) agus Airteagal 218(4)(b) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Beidh gá le coigeartuithe áirithe tar éis forbairtí sna margaí domhanda mar gheall ar na lamháltais taraife atá ann cheana a rinne an tAontas Eorpach i leith allmhairí táirgí áirithe cruach sa Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT). Dá réir sin, ní mór leasú a dhéanamh ar na lamháltais atá ann cheana le haghaidh taraifí allmhairiúcháin ar na táirgí cruach sin a áirítear i sceideal lamháltas agus ceangaltas an Aontais, atá i gceangal le Comhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil de chuid EDT (CGTT 1994), mar a modhnaíodh roimhe sin.

(2)Ba cheart, dá bhrí sin, údarú a thabhairt don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994 leis na Comhaltaí sin den Eagraíocht Dhomhanda Trádála a bhfuil cearta caibidlíochta acu d’fhonn a gcomhaontú a fháil maidir leis an modhnú ar lamháltais taraife allmhairiúcháin reatha an Aontais ar na táirgí cruach sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais, le Comhaltaí EDT a bhfuil cearta caibidlíochta acu, d’fhonn modhnú a dhéanamh ar na lamháltais taraife allmhairiúcháin atá san áireamh faoi láthair i sceideal lamháltas agus ceangaltas an Aontais atá i gceangal le CGTT 1994, mar a modhnaíodh roimhe seo, i ndáil leis na catagóirí táirgí cruach a liostaítear in Iarscríbhinn 2.

Airteagal 2

Leagtar amach in Iarscríbhinn 1 na treoracha caibidlíochta a dhírítear chuig an gCoimisiún.

Airteagal 3

Ba cheart don Choimisiún an chaibidlíocht a dhéanamh i gcomhar le [ainm an choiste speisialta le cur isteach ag an gComhairle].

Airteagal 4

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

Top

Strasbourg, 7.10.2025

COM(2025) 727 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht d’fhonn lamháltais an Aontais a rinneadh san Eagraíocht Dhomhanda Trádála ar tharaifí allmhairiúcháin is infheidhme maidir le táirgí cruach áirithe a mhodhnú





IARSCRÍBHINN I

I.CUSPÓIRÍ, RAON FEIDHME AGUS PRÍOMHPHRIONSABAIL

1.Le linn caibidlíochtaí agus comhairliúcháin arna ndéanamh faoi Airteagal XXVIII, ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh comhaontú a fháil ó Chomhaltaí EDT a bhfuil cearta caibidlíochta acu agus sástacht Chomhaltaí EDT a bhfuil cearta comhairliúcháin acu de bhun Airteagal XXVIII de CGTT 1994 i ndáil leis an méadú atá beartaithe go 50 % ad valorem, faoi réir cuótaí ráta taraife a d’fhéadfadh a bheith ann d’allmhairí ar dhleachtanna níos ísle, de lamháltais taraife allmhairiúcháin an Aontais i ndáil leis na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II a leagtar amach i sceideal  lamháltas agus gealltanas an Aontais atá i gceangal le CGTT 1994, arna mhodhnú.

2.Ba cheart don Choimisiún an nós imeachta a leanúint le haghaidh na modhnuithe ar lamháltais sceidealaithe an Aontais mar a leagtar amach i bhforálacha ábhartha EDT, go háirithe Airteagal XXVIII de CGTT 1994, an Tuiscint maidir le Léirmhíniú Airteagal XXVIII de CGTT 1994, an Nóta Léirmhínitheach a ghabhann le hAirteagal XXVIII, atá i gceangal le GATT 1994 in Iarscríbhinn I, agus Nósanna Imeachta 1980 maidir le Caibidlíocht faoi Airteagal XXVIII.

3.Tuairisceoidh an Coimisiún don Chomhairle maidir le toradh na caibidlíochta agus, i gcás inarb iomchuí, maidir le haon forbairtí suntasacha a thiocfadh chun cinn le linn na caibidlíochta.

IARSCRÍBHINN II

Catagóirí táirgí

Catagóirí táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo

Uimhir chatagóir an táirge

Ainm chatagóir an táirge

Cód AC

1A

Leatháin agus Stiallacha Teorollta as Neamh‑Chóimhiotail agus as Cóimhiotail Eile

7208 10 00, 7208 25 00, 7208 26 00, 7208 27 00, 7208 36 00, 7208 37 00, 7208 38 00, 7208 39 00, 7208 40 00, 7208 52 99, 7208 53 90, 7208 54 00, 7211 14 00, 7211 19 00, 7225 19 10, 7225 30 10, 7225 30 30, 7225 30 90, 7225 40 15, 7225 40 90, 7226 19 10, 7226 91 20, 7226 91 91, 7226 91 99

1B

Leatháin agus Stiallacha Teorollta as Neamh‑Chóimhiotail agus as Cóimhiotail Eile

7212 60 00

2

Leatháin Fhuar-rollta as Neamh‑Chóimhiotail agus as Cóimhiotail Eile

7209 15 00, 7209 16 90, 7209 17 90, 7209 18 91, 7209 25 00, 7209 26 90, 7209 27 90, 7209 28 90, 7209 90 20, 7209 90 80, 7211 23 20, 7211 23 30, 7211 23 80, 7211 29 00, 7211 90 20, 7211 90 80, 7225 50 20, 7225 50 80, 7226 20 00, 7226 92 00

3.A

Leatháin Leictreacha (seachas GOES)

7209 16 10, 7209 17 10, 7209 18 10, 7209 26 10, 7209 27 10, 7209 28 10

3.B

7225 19 90, 7226 19 80

4A

Leatháin Mhiotalacha Bhrataithe

7210 20 00, 7210 30 00, 7210 41 00, 7210 49 00, 7210 61 00, 7210 69 00, 7210 90 80, 7212 20 00, 7212 30 00, 7212 50 20, 7212 50 30, 7212 50 40, 7212 50 61, 7212 50 69, 7212 50 90, 7225 91 00, 7225 92 00, 7225 99 00, 7226 99 10, 7226 99 30, 7226 99 70

4B

Leatháin Mhiotalacha Bhrataithe

Cóid AC: 7210 20 00, 7210 30 00, 7210 90 80, 7212 20 00, 7212 50 30, 7212 50 40, 7212 50 90, 7225 91 00, 7226 99 10

Cóid TARIC: 7210 41 00 80, 7210 49 00 80, 7210 61 00 80, 7210 69 00 80, 7212 30 00 80, 7212 50 61 80, 7212 50 69 80, 7225 92 00 80, 7225 99 00 25, 7225 99 00 95, 7226 99 30 90, 7226 99 70 19, 7226 99 70 96

5

Leatháin a bhfuil Brat Orgánach orthu

7210 70 80, 7212 40 80,

6

Táirgí as Muileann Stáin

7209 18 99, 7210 11 00, 7210 12 20, 7210 12 80, 7210 50 00, 7210 70 10, 7210 90 40, 7212 10 10, 7212 10 90, 7212 40 20

7

Plátaí Cuartó as Neamh‑Chóimhiotail agus as Cóimhiotail Eile

7208 51 20, 7208 51 91, 7208 51 98, 7208 52 91, 7208 90 20, 7208 90 80, 7210 90 30, 7225 40 12, 7225 40 40, 7225 40 60, 7225 99 00

8

Leatháin agus Stiallacha Teorollta Dosmálta

7219 11 00, 7219 12 10, 7219 12 90, 7219 13 10, 7219 13 90, 7219 14 10, 7219 14 90, 7219 22 10, 7219 22 90, 7219 23 00, 7219 24 00, 7220 11 00, 7220 12 00

9

Leatháin agus Stiallacha Fuar-rollta Dosmálta

7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20, 7220 90 80

10

Plátaí Cuartó Teorollta Dosmálta

7219 21 10, 7219 21 90

12

Barraí Cruach agus Gearrthacha Éadroma as Neamh‑Chóimhiotail agus as Cóimhiotail Eile

7214 30 00, 7214 91 10, 7214 91 90, 7214 99 31, 7214 99 39, 7214 99 50, 7214 99 71, 7214 99 79, 7214 99 95, 7215 90 00, 7216 10 00, 7216 21 00, 7216 22 00, 7216 40 10, 7216 40 90, 7216 50 10, 7216 50 91, 7216 50 99, 7216 99 00, 7228 10 20, 7228 20 10, 7228 20 91, 7228 30 20, 7228 30 41, 7228 30 49, 7228 30 61, 7228 30 69, 7228 30 70, 7228 30 89, 7228 60 20, 7228 60 80, 7228 70 10, 7228 70 90, 7228 80 00

13

Barraí Treisiúcháin

7214 20 00, 7214 99 10

14

Barraí Cruach agus Cruach Ghalbhánaithe Dosmálta

7222 11 11, 7222 11 19, 7222 11 81, 7222 11 89, 7222 19 10, 7222 19 90, 7222 20 11, 7222 20 19, 7222 20 21, 7222 20 29, 7222 20 31, 7222 20 39, 7222 20 81, 7222 20 89, 7222 30 51, 7222 30 91, 7222 30 97, 7222 40 10, 7222 40 50, 7222 40 90

15

Slat Sreinge Dhosmálta

7221 00 10, 722 10 90

16

Slat Sreinge as Neamh‑Chóimhiotail agus as Cóimhiotail Eile

7213 10 00, 7213 20 00, 7213 91 10, 7213 91 20, 7213 91 41, 7213 91 49, 7213 91 70, 7213 91 90, 7213 99 10, 7213 99 90, 7227 10 00, 7227 20 00, 7227 90 10, 7227 90 50, 7227 90 95

17

Uillinneacha, Cruthanna agus Cónaisc as Iarann nó as Cruach Neamh‑Chóimhiotail

7216 31 10, 7216 31 90, 7216 32 11, 7216 32 19, 7216 32 91, 7216 32 99, 7216 33 10, 7216 33 90

18

Bratphíleáil

7301 10 00

19

Ábhar Déanta Iarnróid

7302 10 22, 7302 10 28, 7302 10 40, 7302 10 50, 7302 40 00

20

Píopaí gáis

7306 30 41, 7306 30 49, 7306 30 72, 7306 30 77

21

Cónaisc chuasacha

7306 61 10, 7306 61 92, 7306 61 99

22

Feadáin agus Píopaí Dosmálta Gan Uaim

7304 11 00, 7304 22 00, 7304 24 00, 7304 41 00, 7304 49 83, 7304 49 85, 7304 49 89

24

Feadáin Eile Gan Uaim

7304 19 10, 7304 19 30, 7304 19 90, 7304 23 00, 7304 29 10, 7304 29 30, 7304 29 90, 7304 31 20, 7304 31 80, 7304 39 10, , 7304 39 50, 7304 39 82, 7304 39 83, 7304 39 88, 7304 51 81, 7304 51 89, , 7304 59 30, 7304 59 82, 7304 59 83, 7304 59 89, 7304 90 00

25.A

Feadáin mhóra táthaithe

7305 11 00,7305 12 00

25.B

7305 19 00, 7305 20 00, 7305 31 00, 7305 39 00, 7305 90 00

26

Píopaí Eile Táthaithe

7306 11 00, 7306 19 00, , 7306 21 00, 7306 29 00, 7306 30 12, 7306 30 18, 7306 30 80, 7306 40 20, 7306 40 80, 7306 50 21, 7306 50 29, 7306 50 80, 7306 69 10, 7306 69 90, 7306 90 00

27

Barraí fuarchríochnaithe as neamh‑chóimhiotail agus as cóimhiotail eile

7215 10 00, 7215 50 11, 7215 50 19, 7215 50 80, 7228 10 90, 7228 20 99, 7228 50 20, 7228 50 40, 7228 50 61, 7228 50 69, 7228 50 80

28

Sreang as neamh‑chóimhiotail

7217 10 10, 7217 10 31, 7217 10 39, 7217 10 50, 7217 10 90, 7217 20 10, 7217 20 30, 7217 20 50, 7217 20 90, 7217 30 41, 7217 30 49, 7217 30 50, 7217 30 90, 7217 90 20, 7217 90 50, 7217 90 90



Top