AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.8.2025
COM(2025) 457 final
2025/0252(NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Leasaítear leis an togra na deiseanna iascaireachta sin chun an chomhairle eolaíoch agus na forbairtí eile is déanaí a chur san áireamh.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach leis na cuspóirí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI) (‘an Bunrialachán’), atá, inter alia, le cur i bhfeidhm agus deiseanna iascaireachta á mbunú, i.e. teorainneacha le hiarrachtaí gabhála agus iarrachtaí iascaireachta, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go mbeidh iascach an Aontais inbhuanaithe ó thaobh na héiceolaíochta, an gheilleagair agus na sochaí de. I gcás inarb ábhartha, tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach freisin le Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean ilbhliantúil le haghaidh Uiscí an Iarthair (‘Plean Ilbhliantúil Uiscí an Iarthair’), lena sonraítear, i gcás stoic áirithe, conas na cuspóirí sin a bhaint amach agus deiseanna iascaireachta á socrú.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí’) agus is é is aidhm dóibh rannchuidiú le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach, go háirithe maidir le tuairisceoir 3, lena gceanglaítear, maidir leis na héisc agus sliogéisc uile a ndéantar saothrú tráchtála orthu, go mbeidh siad laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí atá leis an togra.
•Coimhdeacht
Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Leis an togra, déantar deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar na Ballstáit i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa Bhunrialachán agus rialacha Phlean Ilbhliantúil Uiscí an Iarthair, chomh maith le toradh na gcomhairliúchán iltaobhach le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, i gcomhthéacs eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna). Dá bhrí sin, ba cheart na deiseanna iascaireachta a shocrú tríd an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil a cur san áireamh. Sa bhreis ar bhreithnithe bitheolaíocha, ba cheart breithnithe socheacnamaíocha a chur san áireamh i leithdháileadh deiseanna iascaireachta, go háirithe an deacracht a bhaineann le hiascaireacht a dhéanamh ar na stoic uile in iascach measctha ag an uastáirgeacht inbhuanaithe an tráth céanna.
De bhun Airteagal 16(6) agus (7) agus Airteagal 17 den Bhunrialachán, tá na Ballstáit le cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a bhféadfar na deiseanna iascaireachta a chuirtear ar fáil dóibh a chionroinnt ar shoithí iascaireachta atá faoina mbratach i gcomhréir le critéir áirithe a leagtar amach sna hAirteagail sin. Dá bhrí sin, bíonn an corrlach lánroghnach is gá ag na Ballstáit agus na cuótaí cionroinnte á ndáileadh acu, i gcomhréir leis an tsamhail shóisialta/eacnamaíoch is fearr leo chun na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh a úsáid.
•An rogha ionstraime
Ós rud é go leasaítear rialachán atá ann cheana leis an togra, rialachán is fearr a oireann mar ionstraim dhlíthiúil.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, go háirithe trí na comhairlí comhairleacha, ar bhonn na teachtaireachta bliantúla uaidh dar teideal ‘Iascaireacht inbhuanaithe san Aontas Eorpach: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2025’ (COM(2024) 235 final).
I bhfreagairtí na bpáirtithe leasmhara ar an teachtaireacht bhliantúil sin, leagadh amach na tuairimí a bhí acu maidir le meastóireacht an Choimisiúin ar stádas na n‑acmhainní agus maidir leis an bhfreagairt iomchuí bhainistíochta. Chuir an Coimisiún na freagraí sin san áireamh agus an togra á cheapadh aige.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Tá comhairle eolaíoch arna heisiúint ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) bunaithe ar chreat a d’fhorbair a grúpaí saineolaithe agus a comhlachtaí cinnteoireachta. Tá an creat sin bunaithe ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil agus déanann saineolaithe neamhspleácha athbhreithniú piaraí air. Eisítear comhairle eolaíoch ó ICES ar bhonn an chreata sin agus i gcomhréir le cuspóirí agus rialacha an Bhunrialacháin agus Phlean Ilbhliantúil Uiscí an Iarthair, mar a d’iarr an Coimisiún.
•Measúnú tionchair
Le hAirteagal 43(3) CFAE cuirtear teorainn le raon feidhme an togra.
Leis an togra seo féachtar le cur chuige gearrthéarmach a sheachaint ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht fhadtéarmach. Cuirtear san áireamh ann tionscnaimh ó na páirtithe leasmhara agus ó na comhairlí comhairleacha a ndearna ICES athbhreithniú dearfach orthu. Bhí an togra ón gCoimisiún maidir le CBI a athchóiriú bunaithe ar mheasúnú tionchair (SEC(2011) 891) inar measadh, cé gur choinníoll riachtanach é an cuspóir maidir le huastáirgeacht inbhuanaitheis a bhaint amach chun inbhuanaitheacht comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú; nach féidir na trí chuspóir sin a bhaint amach ina n‑aonar.
A mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic ERBInna, is éard a dhéantar go bunúsach leis an togra seo bearta a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a chur chun feidhme. Le linn ullmhú na caibidlíochta idirnáisiúnta ar faoina cuimsiú a dhéantar deiseanna iascaireachta an Aontais a chomhaontú le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus lena linn, déileáiltear le haon ghné atá ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na deiseanna iascaireachta.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní bhaineann le hábhar.
•Cearta bunúsacha
Comhlíonann an togra seo cearta bunúsacha, agus go háirithe na cearta sin a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh impleachtaí buiséadacha ag na bearta atá beartaithe.
5.EILIMINTÍ EILE
•
Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an togra, féachtar le Rialachán (AE) 2025/202 a leasú mar a thuairiscítear thíos.
An t‑ainseabhaí in uiscí Ibéaracha an Atlantaigh thiar
Le Rialachán (AE) 2025/202 socraítear gabháil iomlán incheadaithe (TAC) le haghaidh ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) sa chuid thiar d’fholimistéar 9 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus i bhfolimistéar 10 (an chuid thiar d’uiscí Ibéaracha an Atlantaigh agus uiscí na nAsór) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meán Fómhair 2025, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch le haghaidh ainseabhaithe sa chuid thiar de roinn 9a ICES (an chuid thiar d’uiscí Ibéaracha an Atlantaigh) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026.
Tar éis fhoilsiú na comhairle sin, an 20 Meitheamh 2025, ba cheart an TAC cinntitheach le haghaidh ainseabhaithe sa chuid thiar d’fholimistéar 9 ICES agus i bhfolimistéar 10 le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026 a shocrú. Tugann ICES comhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe le haghaidh an stoic sin. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagail 2(2) agus 3(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá sé beartaithe an TAC cinntitheach a shocrú le haghaidh na tréimhse sin bunaithe ar an gcomhairle sin ó ICES, i.e. ar leibhéal 22 871 tona.
Thairis sin, chun an tréimhse thuairiscithe i dtaca leis an TAC sin a choinneáil ar bun, tréimhse a mbeidh feidhm aici ón 1 Iúil 2025, ba cheart feidhm a bheith ag an TAC cinntitheach freisin ón 1 Iúil 2025.
Gliomach na hIorua i mBá na Bioscáine
An 31 Deireadh Fómhair 2024, d’fhoilsigh ICES a chomhairle eolaíoch maidir le gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) i ranna 8a agus 8b ICES (Bá na Bioscáine) le haghaidh 2025 Mhol ICES ar dtús nár cheart gabhálacha an stoic sin sa tréimhse sin a bheith níos mó ná 3 502 tona. An 6 Bealtaine 2025, d’fhoilsigh ICES comhairle eolaíoch athbhreithnithe maidir le gliomach na hIorua i ranna 8a agus 8b ICES (Bá na Bioscáine) le haghaidh 2025 Sa chomhairle athbhreithnithe sin, a chuirtear in ionad chomhairle an 31 Deireadh Fómhair 2024, laghdaigh ICES a chomhairle maidir le gabhálacha le haghaidh an stoic sin agus na tréimhse sin go 2 601 thona, mar gheall ar cheartú ar ríomh innéacs an tsuirbhé ar bhithmhais.
Le Rialachán (AE) 2025/202 socraítear an TAC le haghaidh ghliomach na hIorua i ranna 8a, 8b, 8d agus 8e ICES le haghaidh 2025 ar leibhéal 3 502 thona bunaithe ar chomhairle ICES an 31 Deireadh Fómhair 2024. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Phlean Ilbhliantúil Uiscí an Iarthair, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(5) den Phlean Ilbhliantúil sin, tá sé beartaithe leibhéal an TAC sin le haghaidh na tréimhse sin a leasú bunaithe ar chomhairle athbhreithnithe ICES an 6 Bealtaine 2025.
Thairis sin, chun an tréimhse thuairiscithe i dtaca leis an TAC le haghaidh ghliomach na hIorua i ranna 8a, 8b, 8d agus 8e le haghaidh 2025, a mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025, ba cheart feidhm a bheith ag an TAC leasaithe freisin ón 1 Eanáir 2025. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná do phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh, mar nár ídíodh na cuótaí faoin TAC sin go fóill.
I gcuóta an Aontais le haghaidh ghliomach na hIorua i ranna 8a, 8b, 8d agus 8e ICES, ba cheart aischur an speicis sin sa limistéar sin a chur san áireamh bunaithe ar an díolúine ard-inmharthanachta ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, mar a leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2623 ón gCoimisiún. Ní fhéadfar na cainníochtaí sin a thabhairt i dtír sin ná a ríomh in aghaidh na gcuótaí, agus, dá bhrí sin, tá siad le hasbhaint as cuótaí an Aontais. Is é 14,85 % an asbhaint díolúintí ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chuirtear i bhfeidhm maidir le cuóta an Aontais le haghaidh 2025.
Mar chuid dá thogra le haghaidh leasú ar Rialachán (AE) 2025/202 (COM(2025) 257 final), arna ghlacadh an 26 Bealtaine 2025 agus arna thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin roinnt páipéar leathoifigiúil ó sheirbhísí an Choimisiúin, bhí sé beartaithe cheana féin ag an gCoimisiún leibhéal an TAC sin le haghaidh 2025 a leasú. Mar sin féin, níor áiríodh an ghné sin sa leasú ar Rialachán (AE) 2025/202 a ghlac an Chomhairle.
Tuinnín gorm CICTA
An 3 Bealtaine 2025, tháinig Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/837 ón gCoimisiún, lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bainistiú tuinníní gorma (Thunnus thynnus) i gcuid de limistéar Choinbhinsiún an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (CICTA), san Aigéan Atlantach, lastoir de 45°I, agus sa Mheánmhuir, i bhfeidhm.
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/837 ón gCoimisiún leasaítear Iarscríbhinn I, pointí 1 agus 2, a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2053 trí mhaoluithe a chur isteach: (i) ar an líon uasta de chabhlach cósta ar mionscála na mBallstát atá údaraithe le tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm a iascach go gníomhach, agus méadú á cheadú le haghaidh Mhurascaill an Leoin; agus (ii) ar leithdháileadh uasta chuótaí na mBallstát le haghaidh tuinníní gorma i gcás na soithí sin, agus méadú á cheadú arís le haghaidh Mhurascaill an Leoin.
Le Rialachán (AE) 2025/202 socraítear an méid seo a leanas haghaidh 2025: (i) an líon uasta soithí iascaireachta cósta ar mionscála de chuid na Fraince atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh go gníomhach ar thuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm sa Mheánmhuir; agus (ii) leithdháileadh chuóta na Fraince le haghaidh tuinníní gorma san Aigéan Atlantach, lastoir de 45°I, agus leithdháileadh na Meánmhara le haghaidh soithí den sórt sin.
Dá bhrí sin, tá sé beartaithe an líon uasta soithí sin agus an leithdháileadh sin a mhéadú chun na maoluithe le haghaidh an chabhlaigh ar mionscála atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh i Murascaill an Leoin a chur san áireamh, maoluithe a cuireadh isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/837.
Thairis sin, chun go gcoinneofar ar bun an tréimhse thuairiscithe i dtaca leis an TAC le haghaidh tuinníní gorma san Aigéan Atlantach, lastoir de 45 I, agus sa Mheánmhuir, ba cheart feidhm a bheith ag an TAC leasaithe freisin ón 1 Eanáir 2025.
2025/0252 (NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle, socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Ba cheart na deiseanna iascaireachta sin a leasú, lena n‑áirítear bearta áirithe atá nasctha go feidhmiúil leo, chun foilsiú na comhairle eolaíche a chur san áireamh chomh maith le torthaí cruinnithe eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna).
(2)Le Rialachán (AE) 2025/202 socraítear gabháil iomlán incheadaithe (TAC) le haghaidh ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) sa chuid thiar d’fholimistéar 9 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus i bhfolimistéar 10 (an chuid thiar d’uiscí Ibéaracha an Atlantaigh agus uiscí na nAsór) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meán Fómhair 2025 ar leibhéal 7 182 thona, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch le haghaidh ainseabhaithe sa chuid thiar de roinn 9a ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026. Tar éis fhoilsiú na comhairle sin, an 20 Meitheamh 2025, an TAC cinntitheach le haghaidh ainseabhaithe sa chuid thiar d’fholimistéar 9 ICES agus i bhfolimistéar 10 le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026, ba cheart é a shocrú ar an leibhéal a mhol ICES.
(3)An 31 Deireadh Fómhair 2024, d’fhoilsigh ICES a chomhairle eolaíoch maidir le gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) i ranna 8a agus 8b ICES le haghaidh 2025. Mhol ICES ar dtús nár cheart gabhálacha an stoic sin sa tréimhse sin a bheith níos mó ná 3 502 thona. An 6 Bealtaine 2025, d’fhoilsigh ICES comhairle eolaíoch athbhreithnithe maidir le gliomach na hIorua i ranna 8a agus 8b ICES le haghaidh 2025. Sa chomhairle athbhreithnithe sin, a chuirtear in ionad chomhairle an 31 Deireadh Fómhair 2024, laghdaigh ICES a chomhairle maidir le gabhálacha le haghaidh an stoic sin agus na tréimhse sin go 2 601 thona. I gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(5) den Rialachán sin, ba cheart, dá bhrí sin, leibhéal an TAC le haghaidh ghliomach na hIorua i ranna 8a, 8b, 8d agus 8e ICES a shocraítear le haghaidh 2025 a leasú bunaithe ar an gcomhairle athbhreithnithe ó ICES.
(4)An 3 Bealtaine 2025, tháinig Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/837 ón gCoimisiún, lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bainistiú tuinníní gorma (Thunnus thynnus) i gcuid de limistéar Choinbhinsiún an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (CICTA), san Aigéan Atlantach, lastoir de 45°I, agus sa Mheánmhuir, i bhfeidhm. Leasaíodh leis Iarscríbhinn I, pointí 1 agus 2, a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2053 trí mhaoluithe a chur isteach maidir le Murascaill an Leoin. Dá bhrí sin, i Rialachán (AE) 2025/202, ba cheart an méid seo a leanas a leasú chun na maoluithe sin a chur san áireamh: (i) an líon uasta soithí iascaireachta cósta ar mionscála de chuid na Fraince atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh go gníomhach ar thuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm sa Mheánmhuir; agus (ii) leithdháileadh chuóta na Fraince le haghaidh tuinníní gorma san Aigéan Atlantach, lastoir de 45°I, agus leithdháileadh na Meánmhara le haghaidh soithí den sórt sin.
(5)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle a leasú dá réir sin.
(6)Chun na tréimhsí tuairiscithe le haghaidh na TACanna arna leasú leis an Rialachán seo a choinneáil ar bun, a bhfuil feidhm acu ón 1 Eanáir nó ón 1 Iúil 2025, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag na TACanna leasaithe ó na dátaí sin. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná do phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh, mar nár ídíodh na cuótaí faoi na TACanna sin go fóill.
(7)I bhfianaise na práinne atá le briseadh sna gníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) 2025/202
Leasaítear Iarscríbhinní IA, Cuid A, ID agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2025/202 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán