AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.6.2025
COM(2025) 328 final
2025/0178(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, maidir leis Aontas Eorpach agus an Úcráin lena ndeonaítear cóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh ón gComhairle lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála (‘an Coiste Trádála’) i ndáil le cinneadh a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh chun cóir chómhalartach an mhargaidh inmheánaigh a dheonú i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. Tá an togra seo de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII (Comhfhogasú rialála) a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (‘an Comhaontú’).
Ar bhonn fhaireachán agus mheasúnú foirmiúil an Aontais, i gcomhréir le Foscríbhinn XVII-6 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, agus an mheasúnaithe a chuir an tAontas i gcrích chun críoch Airteagal 4(2) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, mar a thíolaic an Coimisiún é agus mar a d’fhormhuinigh an Chomhairle é, is é is aidhm don ghníomh atá beartaithe an Úcráin a áireamh i margadh inmheánach an Aontais maidir le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. Cuirfidh an gníomh atá beartaithe ar chumas úsáideoirí deiridh seirbhísí soghluaiste tairbhe a bhaint, faoi réir teorainneacha eisceachtúla áirithe, as seirbhísí fánaíochta rialáilte ar a bpraghsanna miondíola baile.
2.Comhthéacs an Togra
2.1.An Comhaontú Comhlachais
Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú: (i) na dálaí a chruthú le haghaidh caidreamh feabhsaithe eacnamaíoch agus trádála as a dtiocfaidh comhtháthú na hÚcráine de réir a chéile i margadh inmheánach an Aontais, lena n‑áirítear trí Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a bhunú, mar a shonraítear i dTeideal IV (Trádáil agus Nithe a bhaineann le Trádáil) den Chomhaontú; agus (ii) tacú le hiarrachtaí na hÚcráine an t‑aistriú chuig geilleagar margaidh feidhmiúil a thabhairt chun críche trí bhíthin, i measc nithe eile, a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile do reachtaíocht an Aontais. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017. Ó shin i leith, d’iarr an Úcráin tuilleadh comhtháthaithe maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste san Aontas, go háirithe trí chóir an mhargaidh inmheánaigh chun críche fánaíochta den sórt sin. Chun cóir an mhargaidh inmheánaigh a dheonú, tá gá le comhfhogasú d’acquis fánaíochta an Aontais agus le hachtachán iomlán agus cur chun feidhme iomlán an acquis sin i ndlí na hÚcráine. Tá measúnú déanta ag an Aontas go gcomhlíontar na coinníollacha sin agus ba cheart dó, ar an mbonn sin, an Coiste um Thrádáil a chur ar an eolas agus a mholadh go gcinnfidh an Coiste um Thrádáil go ndeonóidh na Páirtithe cóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile maidir le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste.
2.2.An Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála
De bhun Airteagal 465(4) den Chomhaontú, tabharfar aghaidh ar gach saincheist a bhaineann le Teideal IV (Trádáil agus Nithe a bhaineann le Trádáil) den Chomhaontú sa Choiste Trádála. De réir Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, féadfaidh an Coiste sin a chinneadh go dtabharfaidh na Páirtithe cóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile san earnáil seirbhísí lena mbaineann comhfhogasú rialála. De bhun Airteagal 465(3) den Chomhaontú, beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe, a ghlacfaidh bearta iomchuí chun na cinntí sin a chur chun feidhme. Glacfaidh an Coiste Trádála a chinntí trí chomhaontú idir na Páirtithe.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála
Tá an Coiste um Thrádáil le cinneadh a ghlacadh chun cóir chómhalartach an mhargaidh inmheánaigh a dheonú i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste (‘an gníomh atá beartaithe’).
Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe go dtabharfaidh na Páirtithe sa Chomhaontú cóir an mhargaidh inmheánach dá chéile mar a leagtar amach in Airteagal 4(3) go (7) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú.
Tá sé sin i gcomhréir le cuspóir chomhfhogasú rialála céimnitheach na hÚcráine do acquis an Aontais mar a leagtar síos sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú agus in Airteagal 124 den Chomhaontú, a bhaineann go sonrach le comhfhogasú rialála sa chumarsáid leictreonach.
Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 465(3) den Chomhaontú, lena bhforáiltear maidir leis an méid seo a leanas: ‘Beidh cumhacht ag an gCoiste Comhlachais cinntí a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo agus i réimsí ina bhfuil cumhachtaí tarmligthe chuige ag an gComhairle Comhlachais. Beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe a ghlacfaidh bearta iomchuí chun na cinntí sin a chur chun feidhme. Glacfaidh an Coiste Comhlachais a chinntí trí chomhaontú idir na Páirtithe’.
Ón dáta a chinnfear leis an ngníomh atá beartaithe, léifear acquis fánaíochta an Aontais, mar a shonraítear i bhFoscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, i gcomhréir le pointí 1 go 6 d’Fhoscríbhinn XVII-1 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, mura bhforáiltear a mhalairt i bhFoscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tacú leis an gCoiste Trádála an gníomh atá beartaithe a ghlacadh.
Déantar foráil in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú maidir le comhfhogasú rialála idir na Páirtithe i roinnt earnálacha, lena n‑áirítear seirbhísí teileachumarsáide. A luaithe a chomhlíonfar an comhfhogasú a leathnaíodh de réir a chéile chuig gach gné de acquis an Aontais dá dtagraítear i bhFoscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, d’fhéadfadh comhtháthú na hÚcráine de réir a chéile isteach i margadh inmheánach an Aontais a bheith mar thoradh ar an gcomhfhogasú, trí chóir an mhargaidh inmheánaigh a dheonú go cómhalartach i gcomhréir le hAirteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. D’iarr an Úcráin go ndéanfaí tuilleadh comhtháthaithe i réimse na fánaíochta. Le Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gCoiste Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin i ndáil le cumraíocht Trádála, comhlánaíodh Foscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú leis na gníomhartha ábhartha a bhaineann le fánaíocht. An 7 Samhain 2024, thug an Úcráin fógra don Aontas gur mheas sí gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le acquis an Aontais maidir le fánaíocht a achtú agus a chur chun feidhme agus d’iarr sí measúnú cuimsitheach. Le Cinneadh Uimh. 1/2025 ón gCoiste Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin i ndáil le cumraíocht Trádála, tugadh isteach oiriúnuithe sonracha breise ar Chuid A d’Fhoscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. An 6 Meitheamh 2025, chuir an Úcráin lena fógra tosaigh tar éis di an beart trasuite deireanach a bhí fágtha aici a shíniú sa dlí.
De bhun Airteagal 4(2) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, rinne an tAontas measúnú cuimsitheach agus chinn sé ar a bhonn go gcomhlíonann an Úcráin na coinníollacha chun acquis an Aontais a achtú agus a chur chun feidhme in earnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. De bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, chuir an tAontas an Coiste Trádála ar an eolas faoi thoradh dearfach a mheasúnaithe chuimsithigh.
Ar an mbonn sin, ba cheart don Aontas a mholadh go gcinnfidh an Coiste Trádála go ndeonóidh na Páirtithe cóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú.
Leis an gcinneadh seo cuirtear chun feidhme comhbheartas tráchtála an Aontais i leith tír Chomhpháirtíochta an Oirthir agus i leith tír is iarrthóir bunaithe ar fhorálacha an Chomhaontaithe. Tá sé comhsheasmhach le cuspóir chomhfhogasú rialála céimnitheach na hÚcráine do acquis an Aontais mar a leagtar síos é sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é an Coiste Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú. Is gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis atá sa chinneadh a ghlacfaidh an Coiste Trádála. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 465(3) den Chomhaontú. Ón dáta a chinnfidh na Páirtithe sa ghníomh atá beartaithe, ní mór acquis fánaíochta an Aontais a shonraítear i bhFoscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, é a chur i bhfeidhm san Aontas i gcomhréir le pointí 1 go 6 d’Fhoscríbhinn XVII-1 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, mura bhforáiltear a mhalairt i bhFoscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíonfar ná ní leasófar creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh ón gComhairle atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a mbeifear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí do chomhbheartas tráchtála an Aontais. Go sonrach, sa chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE foráiltear maidir leis an mbunús dlí i dtaca le trádáil i seirbhísí, cé is moite de sheirbhísí iompair, a mhéid a bhaineann le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, lena n‑áirítear srianta maidir leis na coinníollacha creata rialála le haghaidh na seirbhísí sin a sholáthar.
Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe le comhbheartas tráchtála an Aontais toisc go mbaineann an gníomh le trádáil i seirbhísí teileachumarsáide leis an Úcráin. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach maidir leis an gcinneadh ón gComhairle atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 207 CFAE a bheith ina bhunús dlí maidir leis an gcinneadh ón gComhairle atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Leis an gcinneadh ón gCoiste um Thrádáil maidir le cóir an mhargaidh inmheánaigh a dheonú go cómhalartach i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, cuirfear cearta agus oibleagáidí ar fáil san Aontas agus san Úcráin. Is iomchuí, dá bhrí sin, é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2025/0178 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, maidir leis Aontas Eorpach agus an Úcráin lena ndeonaítear cóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017.
(2)De bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, féadfaidh an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála (an ‘Coiste Trádála’) sin a chinneadh go dtabharfaidh na Páirtithe cóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile i ndáil le hearnálacha seirbhísí lena mbaineann comhfhogasú rialála.
(3)Le linn 2025, ba cheart don Choiste Trádála dréacht‑Chinneadh a ghlacadh maidir leis an Aontas Eorpach agus an Úcráin lena ndeonaítear cóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste.
(4)Mar a luaitear sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú agus i gcomhréir le hAirteagal 124 den Chomhaontú, aithníonn na Páirtithe sa Chomhaontú a thábhachtaí atá sé reachtaíocht reatha na hÚcráine a chomhfhogasú do reachtaíocht an Aontais, rud a chiallaíonn go n‑áiritheoidh an Úcráin go ndéanfar na dlíthe atá ann cheana agus an reachtaíocht a bheidh ann amach anseo a chomhoiriúnú de réir a chéile le acquis an Aontais.
(5)D’iarr an Úcráin tuilleadh comhtháthaithe maidir le hearnáil na fánaíochta san Aontas, go háirithe trí chóir an mhargaidh inmheánaigh chun críche seirbhísí fánaíochta.
(6)Le Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gCoiste Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin i ndáil le cumraíocht Trádála, comhlánaíodh Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú le gníomhartha ábhartha de chuid an Aontais a bhaineann le fánaíocht ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste.
(7)De bhun Airteagal 4(2) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, an 7 Samhain 2024 thug an Úcráin fógra don Aontas gur mheas sí gur comhlíonadh na coinníollacha chun acquis an Aontais a achtú agus a chur chun feidhme in earnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste agus d’iarr sí ar an Aontas measúnú cuimsitheach a dhéanamh.
(8)An 6 Meitheamh 2025, chuir an Úcráin lena fógra tosaigh tar éis di an beart trasuite deireanach a bhí fágtha aici a shíniú sa dlí.
(9)Le Cinneadh Uimh. 1/2025 ón gCoiste Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin i ndáil le cumraíocht Trádála, tugadh isteach oiriúnuithe sonracha breise áirithe ar Chuid A d’Fhoscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú.
(10)De bhun Airteagal 4(2) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, rinne an tAontas measúnú cuimsitheach agus chinn sé ar a bhonn go gcomhlíonann an Úcráin na coinníollacha chun acquis an Aontais a achtú agus a chur chun feidhme in earnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste.
(11)De bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, chuir an tAontas an Coiste Trádála ar an eolas faoi thoradh dearfach a mheasúnaithe chuimsithigh.
(12)I bhfianaise an mhéid sin, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, ba cheart don Aontas agus don Úcráin cóir an mhargaidh inmheánaigh a dheonú dá chéile i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste.
(13)Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil a leagan amach ós rud é go mbeidh an Cinneadh maidir leis an Aontas Eorpach agus an Úcráin lena ndeonaítear cóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste ina cheangal ar an Aontas,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn 2025 sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála (‘an Coiste Trádála’) a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann leis an Aontas Eorpach agus an Úcráin lena ndeonaítear cóir an mhargaidh inmheánaigh dá chéile i ndáil le hearnáil na fánaíochta ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, beidh sé bunaithe ar an dréacht‑Chinneadh ón gCoiste sin atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán