AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.3.2025
COM(2025) 1 final
2025/0061(BUD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2024/003 BE/Van Hool
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
COMHTHÉACS AN TOGRA
1.Na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED), leagtar síos iad i Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.
2.An 29 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Bheilg an t‑iarratas EGF/2024/003 BE/Van Hool isteach, arb iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CED é, de dheasca iomarcaíochtaí in Van Hool NV sa Bheilg.
3.Iar mheasúnú an iarratais sin don Choimisiún, ba é a chinn sé, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme i Rialachán (AE) 2021/691, gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a dhámhachtain ó CED.
ACHOIMRE AR AN IARRATAS
|
Iarratas ar CED
|
EGF/2024/003 BE/Van Hool
|
|
Ballstát
|
an Bheilg
|
|
An réigiún/na réigiúin lena mbaineann (leibhéal NUTS 2)
|
Provincie Antwerpen (BE21)
|
|
An dáta a cuireadh an t‑iarratas isteach
|
29 Deireadh Fómhair 2024
|
|
An dáta a admhaíodh go bhfuarthas an t‑iarratas
|
29 Deireadh Fómhair 2024
|
|
An dáta a iarradh faisnéis bhreise
|
17 Nollaig 2024
|
|
An sprioc-am chun an fhaisnéis bhreise a sholáthar
|
9 Eanáir 2025
|
|
An sprioc-am chun an measúnú a chur i gcrích
|
3 Aibreán 2025
|
|
An critéar idirghabhála
|
Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691
|
An príomhfhiontar
|
Van Hool
|
An líon fiontar lena mbaineann
|
1
|
|
Na hearnálacha lena mbaineann an ghníomhaíocht eacnamaíoch
(Rannán NACE Athbhreithniú 2)
|
Rannán 29 (Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí)
|
|
An tréimhse thagartha (4 mhí):
|
8 Aibreán 2024 – 8 Lúnasa 2024
|
|
An líon iomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha (a)
|
2 411
|
|
An líon iomarcaíochtaí roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh (b)
|
0
|
|
An líon iomlán iomarcaíochtaí (a + b)
|
2 411
|
|
An líon iomlán tairbhithe incháilithe
|
2 411
|
|
An líon iomlán tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú
|
2 397
|
|
An buiséad i gcomhair seirbhísí pearsantaithe (EUR)
|
9 034 607
|
|
An buiséad chun CED a chur chun feidhme (EUR)
|
376 000
|
|
An buiséad iomlán (EUR)
|
9 410 607
|
|
Ranníocaíocht ó CED (85 %) (EUR)
|
7 999 015
|
MEASÚNÚ AR AN IARRATAS
Nós imeachta
4.An 29 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Bheilg an t‑iarratas EGF/2024/003 BE/Van Hool isteach laistigh de 12 sheachtain ón dáta a comhlíonadh na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2021/691. D’admhaigh an Coimisiún go bhfuarthas an t‑iarratas an dáta céanna. Fuair an Coimisiún an t‑aistriúchán ar an iarratas an 3 Nollaig 2024 agus d’iarr sé faisnéis bhreise ar an mBeilg an 17 Nollaig 2024. Soláthraíodh an fhaisnéis bhreise sin tar éis síneadh 10 lá oibre a bheith curtha leis an sprioc-am ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón mBeilg. An sprioc-am 50 lá oibre ón tráth a fuarthas an t‑iarratas comhlánaithe, tréimhse ar lena linn ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a chur i gcrích ar chomhlíontacht an iarratais leis na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar, rachaidh an sprioc-am sin in éag an 3 Aibreán 2025.
Incháilitheacht an iarratais
Na fiontair agus na tairbhithe lena mbaineann
5.Baineann an t‑iarratas le 2 411 oibrí iomarcach a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht in Van Hool NV. Bhí an fiontar ag oibriú san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi Rannán 29 de NACE Athbhreithniú 2 (Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí). Na hiomarcaíochtaí a rinne Van Hool, is iomarcaíochtaí iad atá lonnaithe i réigiún NUTS 2 de Provincie Antwerpen (BE21).
Na critéir idirghabhála
6.Chuir an Bheilg an t‑iarratas isteach faoi na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691, lena gceanglaítear go dtarlódh scor na gníomhaíochta i gcás 200 oibrí iomarcach nó duine féinfhostaithe ar a laghad le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát, lena n‑áirítear oibrithe iomarcacha i soláthraithe agus i dtáirgeoirí iartheachtacha. .
7.Maireann an tréimhse thagartha 4 mhí le haghaidh an iarratais ón 8 Aibreán 2024 go dtí an 8 Lúnasa 2024.
8.Bhí 2 411 oibrí iomarcach in Van Hool le linn na tréimhse tagartha.
Na hiomarcaíochtaí agus scor na gníomhaíochta a ríomh
9.De bhun Airteagal 6, an chéad mhír, pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 5, an chéad mhír, pointe (c) de Rialachán (AE) 2021/691, ríomhadh scor ghníomhaíochtaí na n‑oibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha ó dháta foirceanta de facto an chonartha fostaíochta nó ó dháta a éaga.
Tairbhithe incháilithe
10.Is é 2 411 duine an líon iomlán tairbhithe incháilithe.
Tuairisc ar na teagmhais as ar eascair na hiomarcaíochtaí agus scor na gníomhaíochta
11.Baineann na hiomarcaíochtaí in Van Hool le tosca éagsúla amhail tionchar phaindéim COVID-19 ar éileamh cóiste agus tionchar an chogaidh san Úcráin ar struchtúr costais.
12.Idir 2012 agus 2019, dhíol Van Hool 427 n‑aonad in aghaidh na bliana san Eoraip ar an meán. Tháinig laghdú ar an díolachán go 287 n‑aonad in 2020 agus tháinig laghdú breise air go 128 n‑aonad in 2021 mar gheall ar an tionchar a bhí ag an bpaindéim ar an éileamh ar chóistí. Dá bhrí sin, tháinig laghdú géar ar bhrabúis. Leis an méadú ar an mboilsciú agus leis an gcur isteach ar shlabhraí soláthair, méadaíodh a thuilleadh an brú ar chorrlaigh an fhiontair. Tháinig feabhas ar an díolachán in 2022 agus in 2023, agus d’fhan siad ar leibhéil a bhí gar do leibhéil 2020 nó faoina mbun. Níor baineadh amach ó shin na leibhéil díolacháin a bhí ann roimh an bpaindéim.
13.Dhearbhaigh Cúirt Tráchtála Mechelen féimheacht Van Hool an 8 Aibreán 2024. Mar thoradh air sin, cuireadh 2 411 oibrí ar iomarcaíocht.
An tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí a mhéid a bhaineann leis an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, agus leis an bhfostaíocht
14.De réir Chónaidhm Fhiontair na Beilge (VBO), tá drochbhail ar thionscal na Beilge faoi láthair. Sa chéad leath de 2024, cailleadh níos mó ná 5 000 post san earnáil tionsclaíochta mar gheall ar athstruchtúrú agus ar fhéimheacht cuideachtaí amhail Decathlon, Pfizer, Barry Callebaut, Audi agus Sappi.
15.Go traidisiúnta, bhí ról tábhachtach ag an earnáil tionsclaíochta in Lier (ceantar Mechelen i Réigiún Antuairp), agus is é sin an fáth a bhfuil tionchar mór ag an meath tionsclaíoch ar mhargadh saothair Lier. Bhí níos mó ná 25 % de na poist in Lier nasctha leis an earnáil tionsclaíochta in 2020. 3 bliana ina dhiaidh sin, in 2023, bhí laghdú níos mó ná 3 phointe céatadáin tagtha ar an gcéatadán céanna. Deimhnítear an treocht anuas sin le laghdú ar an líon folúntas a tuairiscíodh do na seirbhísí fostaíochta Pléimeannacha (VDAB) i ndáil le Lier. In 2023, tháinig laghdú 13 % agus 14 % ar fholúntais san earnáil tionsclaíochta agus san earnáil neamhthionsclaíochta faoi seach i gcomparáid le 2022.
16.Tá an chuid is mó d’iaroibrithe Van Hool ina gcónaí in Lier agus sna bardais máguaird. Mar thoradh ar dhúnadh an fhiontair, cuireadh isteach go mór ar an margadh saothair áitiúil. De réir VDAB, i mí Aibreáin 2024, an mhí ina ndearna Van Hool iarratas ar fhéimheacht, tháinig méadú 32 % ar an dífhostaíocht in Berlaar, 23 % in Heist-op-den-Berg, 17 % in Nijlen agus 14 % in Lier, rud a d’fhág gur dífhostaithe a bhí duine amháin as gach deichniúr cónaitheoirí in aois oibre in Lier agus Berlaar.
17.Cé go bhfuil oibrithe a bhfuil cáilíochtaí teicniúla acu ag filleadh ar an obair tapa go leor sa réigiún, is lú i bhfad na deiseanna atá ag oibrithe atá ar bheagán oiliúna agus ag oibrithe scothaosta dul isteach sa mhargadh saothair arís. Maidir leis na hiomarcaíochtaí in Van Hool, is iad na grúpaí leochaileacha sin is mó a bhíonn thíos leo. Tá duine amháin as gach triúr oibrithe dífhostaithe os cionn 50 bliain d’aois agus tá oideachas meánscoile nó níos lú ná sin ag ochtar as gach deichniúr, agus tá scileanna as dáta acu. Tá gá le cúnamh spriocdhírithe lena ndírítear ar an uas-sciliú agus ar an athoiliúint chun cur leis an seans go bhfillfidh oibrithe ar an obair.
Cur i bhfeidhm Chreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um réamhaíocht ar athrú agus athstruchtúrú
18.Thug an Bheilg tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh na moltaí a leagtar amach i gCreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um réamhaíocht ar athrú agus athstruchtúrú.
19.Thuairiscigh an Bheilg go ndéantar, faoin dlí saothair náisiúnta maidir le bainistiú gníomhach athstruchtúrúcháin, é a chur de cheangal ar fhiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh acu aonad fostaíochta a bhunú, arb é is cuspóir dó 30 uair an chloig de sheirbhísí socrúcháin sheachtraigh a sholáthar d’oibrithe a leagadh as a bpost i gcomhthéacs iomarcaíochtaí comhchoiteanna i dtréimhse 3 mhí (60 uair an chloig i gcaitheamh 6 mhí i gcás oibrithe 45 bliana d’aois nó níos sine). Mar sin féin, níl feidhm ag an gceanglas sin i gcás féimheachta.
20.Maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh chun cúnamh a thabhairt do na hoibrithe iomarcacha, tá sé tuairiscithe ag an mBeilg gur seoladh na chéad bhearta chun tacaíocht a thabhairt do na hoibrithe (seisiúin faisnéise agus chlárúcháin) an 22 Aibreán 2024, 2 sheachtain tar éis na féimheachta. Eagraíodh seirbhísí socrúcháin sheachtraigh agus aonach poist go gairid ina dhiaidh sin.
Comhlántacht maidir le gníomhaíochtaí atá á gcistiú as cistí náisiúnta nó as cistí de chuid an Aontais
21.Maidir leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu thíos agus a gheobhaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, dheimhnigh an Bheilg nach bhfaigheadh na bearta sin ranníocaíochtaí airgeadais ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais freisin.
22.Leis an bpacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe, comhlánaítear gníomhaíochtaí a chistítear le cistí náisiúnta eile nó le cistí eile de chuid an Aontais.
‑Nósanna imeachta maidir le dul i gcomhairle leis na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú nó lena nionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha
23.Chuir an Bheilg in iúl gur tarraingíodh suas an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú, lena n‑ionadaithe agus lena gcomhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2021/691.
24.Chuathas i gcomhairle le hionadaithe fostaithe Chónaidhm Ghinearálta Saothair na Beilge (ABVV), ABVV Metaal, Chónaidhm na gCeardchumann Trádála Críostaí (ACV), agus Chónaidhm Ghinearálta na gCeardchumann Liobrálach sa Bheilg (ACLVB) i gcruinnithe a tionóladh an 29 Márta agus an 5 Aibreán 2024 agus is é ab aidhm don mhéid sin pacáiste fónta de bhearta saincheaptha a ullmhú chun tacú le hiarrachtaí iar-oibrithe Van Hool filleadh ar an obair.
Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú agus na bearta atá beartaithe
Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú
25.Meastar gur 2 397 an líon oibrithe iomarcacha a ghlacfaidh páirt sna bearta. De bhun Airteagal 8(7), pointe (f) de Rialachán (AE) 2021/691, is é seo a leanas miondealú na n‑oibrithe sin de réir inscne, aoisghrúpa agus leibhéal oideachais:
|
Catagóir
|
An líon
tairbhithe a mheastar a bheidh ann
|
|
Inscne:
|
Fir:
|
2 145
|
(89,5 %)
|
|
|
Mná:
|
252
|
(10,5 %)
|
|
|
Neamh‑dhénártha
|
0
|
(0,0 %)
|
|
Aoisghrúpa:
|
Faoi bhun 30 bliain:
|
159
|
(6,6 %)
|
|
|
30-54 bliana:
|
1 354
|
(56,5 %)
|
|
|
Os cionn 54 bliana:
|
884
|
(36,9 %)
|
|
Leibhéal oideachais
|
Oideachas meánscoile sóisearach, nó níos lú ná sin
|
568
|
(23,7 %)
|
|
|
Oideachas meánscoile sinsearach nó oideachas iar-mheánscoile
|
1 483
|
(61,9 %)
|
|
|
Oideachas treasach
|
346
|
(14,4 %)
|
Bearta atá beartaithe
26.De bhun Airteagal 8(7), pointe (h) de Rialachán (AE) 2021/691, is iad na bearta seo a leanas atá sa phacáiste comhordaithe pearsanaithe atá le soláthar d’oibrithe iomarcacha:
–Comhairleoir Idirghabhála Sóisialta agus clárú oibrithe: Is iad na chéad seirbhísí a chuirtear ar fáil do gach oibrí a leagadh as a phost seisiúin faisnéise ina gcuireann comhairleoirí idirghabhála sóisialta oibrithe ar an eolas faoin tacaíocht atá ar fáil chun a n‑aistriú chuig fostaíocht a éascú agus clárú oibrithe.
–Socrúchán seachtrach: Sa Bheilg, maidir leis na pacáistí pearsantaithe de bhearta atá cómhaoinithe ag CED, comhlánaíonn siad an oibleagáid dhlíthiúil atá ar fhostóirí a dtugtar tuairisc uirthi i mír 19. Mar sin féin, ós rud é gur cuireadh oibrithe Van Hool ar iomarcaíocht de thoradh fhéimheacht an fhiontair, ní fhaigheann siad na seirbhísí sin. Leis an mbeart socrúcháin sheachtraigh sin cuirfear 60 uair an chloig de sheirbhísí socrúcháin sheachtraigh ar fáil do gach oibrí iomarcach, gan beann ar a aois. Áirítear ar na seirbhísí sin tacaíocht riaracháin agus shíceolaíoch, seisiúin mheasúnaithe phearsanta (cad is féidir liom a dhéanamh, cad ba mhaith liom a dhéanamh, etc.), measúnú ar scileanna digiteacha, cúnamh chun post a chuardach nó cúnamh maidir le féinfhostaíocht, comhairle maidir le conarthaí fostaíochta a chaibidliú, etc.
Na daoine sin atá neamhliteartha go digiteach, gheobhaidh siad oiliúint bhunúsach TFC agus tacaíocht bhreise trí bhíthin Digibanks, áit ar féidir le hoibrithe ríomhaire glúine a fháil ar iasacht, oiliúint a fháil maidir le conas é a úsáid agus freagraí a fháil maidir lena cheisteanna digiteacha. Le seimineáir ghréasáin agus le huirlisí eile ar líne, amhail 123digit.be, cuideofar leo siúd a bhfuil roinnt scileanna digiteacha acu cheana feabhas a chur ar na scileanna céanna.
–Tacaíocht chun post a chuardach agus socrúchán fostaíochta: Chomh maith le tacaíocht chun post a chuardach agus cuidiú chun ullmhú d’iarratais a dhéanfaidh siad amach anseo ar phoist, áirítear leis an mbeart seo imeachtaí cuardaigh poist a eagrú, amhail aontaí poist, agus scabhtáil poist chun teacht ar fholúntais phoist fhéideartha a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach d’iar-oibrithe Van Hool.
–Gairmthreoir: Tá seirbhísí gairmthreorach éagsúla ar fáil chun riachtanais ghinearálta maidir le treoraíocht nó easnaimh a chumhdach amhail gan sprioc phoist réalaíoch a bheith ag duine, gan duine riachtanais mhargadh an tsaothair a chomhlíonadh nó eolas lag a bheith ag duine ar an Ollainnis.
–Oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint: Ar theacht ar chomhaontú leis an gcomhairleoir gairme maidir le tionscadail aonair, cuirfear oiliúint shonrach ar fáil chun freastal ar na riachtanais a shainaithneofar. Beidh rochtain ag oibrithe freisin ar raon leathan oiliúna lena n‑áirítear an oiliúint a chuireann VDAB nó soláthraithe oiliúna ar fáil.
–Oiliúint san ionad oibre: Faigheann oibrithe oiliúint ar an láthair oibre ag an bhfiontar a fhostóidh iad tar éis na hoiliúna. Ar bhonn riachtanais an oibrí, féadfaidh an oiliúint maireachtáil idir 4 agus 26 seachtaine. Tar éis na hoiliúna, tugtar conradh fostaíochta do na hoibrithe, bíodh sé ina chonradh buan nó ina chonradh ar théarma seasta atá ar aon fhad leis an oiliúint ar a laghad.
27.Leis an oiliúint TFC agus leis an tacaíocht bhreise dá bhforáiltear laistigh de na seirbhísí socrúcháin sheachtraigh, freastalaítear ar scaipeadh na scileanna a theastaíonn sa ré dhigiteach thionsclaíoch agus i ngeilleagar atá tíosach ar acmhainní, mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2021/691.
28.Maidir leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe, a dtugtar tuairisc orthu anseo, is bearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair iad atá laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/691. Ní chuirfear na gníomhaíochtaí sin in ionad bearta éighníomhacha cosanta sóisialta.
29.Maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh cheana chun cúnamh a thabhairt do na hoibrithe iomarcacha, chuir an Bheilg in iúl nach bhfuil feidhm ag oibleagáid dhlíthiúil an fhostóra seirbhísí socrúcháin sheachtraigh a sholáthar do na hoibrithe iomarcacha mar gheall ar fhéimheacht an fhiontair. Mar sin féin, cuireadh tús leis an tacaíocht do na hoibrithe 2 sheachtain tar éis na n‑iomarcaíochtaí, mar a thugtar tuairisc air i mír 20.
30.Tá soláthartha ag an mBeilg an fhaisnéis a theastaíonn maidir le bearta atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. I gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2021/691, tá sé deimhnithe ag an mBeilg nach gcuirfear ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na mbeart sin.
Buiséad measta
31.Is é EUR 9 410 607 luach na gcostas measta iomlán, costais a chuimsíonn caiteachas EUR 9 034 607 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 376 000 ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe.
32.Is é EUR 7 999 015 (85 % de na costais iomlána) an ranníocaíocht airgeadais iomlán a iarradh ar CED.
33.De bhun Airteagal 8(7), pointe (m) de Rialachán (AE) 2021/691, shonraigh an Bheilg gurb é VDAB a sholáthraíonn an réamh-mhaoiniú agus an comhchistiú náisiúnta.
|
Bearta
|
An líon measta rannpháirtithe
|
An costas measta in aghaidh an rannpháirtí
(EUR)
|
Costais mheasta iomlána
(EUR)
|
|
Seirbhísí pearsantaithe (bearta faoi Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691)
|
|
Comhairleoir Idirghabhála Sóisialta agus clárú oibrithe
(SIA, Inschrijving bij VDAB)
|
2 397
|
84
|
200 741
|
|
Socrúchán seachtrach
(Bemiddeling en begeleiding naar werk: Outplacementbegeleiding SIF)
|
2 397
|
1 252
|
3 000 000
|
|
Tacaíocht chun post a chuardach agus socrúchán fostaíochta
(Actieve bemiddeling en begeleiding naar werk, organisatie jobbeurs)
|
1 000
|
937
|
937 083
|
|
Gairmthreoir
(Bemiddeling en begeleiding naar werk via tenderpartners)
|
100
|
4 500
|
450 000
|
|
Oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint
(Aanbod opleidingen in eigen beheer, aanbod erkende opleidingen bij partners, opleidingen ikv SIF budget)
|
450
|
9 839
|
4 427 583
|
|
Oiliúint san ionad oibre
(Opleiding in de onderneming (IBO))
|
20
|
960
|
19 200
|
|
Fo-iomlán (a):
An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe
|
–
|
9 034 607
|
|
|
|
(100 %)
|
|
Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2021/691
|
|
1. Gníomhaíochtaí ullmhúcháin
|
–
|
50 000
|
|
2. Bainistíocht
|
–
|
160 000
|
|
3. Faisnéis agus poiblíocht
|
–
|
8 000
|
|
4. Rialú agus tuairisciú
|
–
|
158 000
|
|
Fo-iomlán (b):
An céatadán de na costais iomlána:
|
–
|
376 000
|
|
|
|
(4,00 %)
|
|
Costais iomlána (a + b):
|
–
|
9 410 607
|
|
Ranníocaíocht ó CED (85 % de na costais iomlána)
|
–
|
7 999 015
|
Tréimhse incháilitheachta an chaiteachais
34.An 22 Aibreán 2024 thosaigh an Bheilg ar na seirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú. Dá bhrí sin, an caiteachas ar na bearta, is caiteachas é a bheidh incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 22 Aibreán 2024 go dtí 24 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an Cinneadh Maoiniúcháin i bhfeidhm.
35.An 14 Márta 2024, thosaigh an Bheilg ag tabhú an chaiteachais riaracháin i leith chur chun feidhme CED. Dá bhrí sin, an caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe, is caiteachas é a beidh incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 14 Márta 2024 go dtí 31 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an Cinneadh Maoiniúcháin i bhfeidhm.
Córais bhainistíochta agus rialaithe
36.Tá tuairisc san iarratas ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe a cheanglaítear faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2021/691, agus sonraítear sa tuairisc sin freagrachtaí na gcomhlachtaí lena mbaineann. Thug an Bheilg fógra don Choimisiún gurb é VDAB a bhainisteoidh an ranníocaíocht airgeadais. Is í seirbhís airgeadais VDAB a dhéanfaidh na híocaíochtaí. Is í an Roinn Airgeadais agus Buiséid - Aonad Iniúchóireachta an Údaráis Iniúchóireachta Phléimeannaigh um Chistí Struchtúracha na hEorpa an t‑údarás iniúchóireachta le haghaidh CED.
Gealltanais a thug an Ballstát lena mbaineann
37.Sholáthair an Bheilg na dearbhuithe uile a bhfuil gá leo maidir leis na nithe seo a leanas:
–cloífear leis na prionsabail um chóir chomhionann agus um neamh‑idirdhealú sa mhéid a bhaineann leis an rochtain ar na bearta atá beartaithe agus maidir le cur chun feidhme na mbeart sin,
–comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna,
–beidh cosc ar aon mhaoiniú dúbailte,
–cloífidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED le rialacha nós imeachta agus rialacha ábhartha an Aontais maidir le státchabhair.
IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Togra buiséadach
38.Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024.
39.Agus scrúdú déanta aige ar an iarratas i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/691, agus tar éis é an líon tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú, na bearta atá beartaithe agus na costais mheasta a chur san áireamh, molann an Coimisiún EUR 7 999 015 a shlógadh as CED, méid is ionann agus 85 % de chostais iomlána na mbeart atá beartaithe, chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar le haghaidh an iarratais.
40.Maidir le CED a shlógadh, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt le chéile a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe de bhun Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/691 agus, mar a leagtar síos i bpointe 9 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach.
Gníomhartha gaolmhara
41.An tráth céanna a thíolacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh CED a shlógadh, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le haghaidh EUR 7 999 015 a aistriú chuig an líne bhuiséadach iomchuí.
42.An tráth céanna a ghlac sé an togra seo le haghaidh cinneadh CED a shlógadh, ghlac an Coimisiún cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais arb é atá ann cinneadh maoiniúcháin de réir bhrí Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Tiocfaidh an cinneadh maoiniúcháin sin i bhfeidhm an dáta a gheobhaidh an Coimisiún fógra faoi fhormheas an aistrithe bhuiséadaigh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle de bhun Airteagal 15(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/691.
2025/0061 (BUD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2024/003 BE/Van Hool
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, agus go háirithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, agus go háirithe pointe 9 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá sé d’aidhm ag an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúrúcháin agus trí chúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar obair chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.
(2)Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle, agus in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/691.
(3)An 29 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Bheilg iarratas isteach chun CED a shlógadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/691, i leith iomarcaíochtaí oibrithe in Van Hool na Beilge. Rinneadh é a fhorlíonadh trí fhaisnéis bhreise a sholáthar, faisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2021/691. Meastar go gcomhlíontar leis an iarratas sin na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a sholáthar, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691, ar bhonn an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún sa Togra le haghaidh cinneadh maidir le slógadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(4)Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 7 999 015 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Bheilg isteach.
(5)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ó dháta a ghlactha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2025, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh chun méid EUR 7 999 015 a sholáthar ina leithreasuithe i gcomhair gealltanas agus íocaíochtaí.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha].
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán