This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025DP0277
P10_TA(2025)0277 – Partial renewal of Members of the Court of Auditors - Pierre Moscovici – European Parliament decision of 13 November 2025 on the nomination of Pierre Moscovici as a Member of the Court of Auditors (C10-0220/2025 – 2025/0808(NLE)) (Consultation)
P10_TA(2025)0277 — Athnuachan pháirteach Chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí - Pierre Moscovici — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2025 maidir le Pierre Moscovici a cheapadh mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C10-0220/2025 – 2025/0808(NLE)) (Comhairliúchán)
P10_TA(2025)0277 — Athnuachan pháirteach Chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí - Pierre Moscovici — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2025 maidir le Pierre Moscovici a cheapadh mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C10-0220/2025 – 2025/0808(NLE)) (Comhairliúchán)
IO C, C/2026/1685, 22.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1685/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1685 |
22.4.2026 |
P10_TA(2025)0277
Athnuachan pháirteach Chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí - Pierre Moscovici
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2025 maidir le Pierre Moscovici a cheapadh mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C10-0220/2025 – 2025/0808(NLE))
(Comhairliúchán)
(C/2026/1685)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C10-0220/2025), |
|
— |
ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0219/2025), |
|
A. |
de bhrí, i litir dar dáta an 29 Meán Fómhair 2025, go ndeachaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Pierre Moscovici a cheapadh mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí; |
|
B. |
de bhrí go ndearna an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa measúnú ar dhintiúir Pierre Moscovici, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, de bhrí, mar chuid den mheastóireacht sin, go bhfuair an coiste curriculum vitae ó Pierre Moscovici, agus na freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a cuireadh chuige; |
|
C. |
de bhrí gur thionóil an coiste sin ina dhiaidh sin éisteacht an 5 Samhain 2025 do Pierre Moscovici ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ina dhiaidh sin ceisteanna ó chomhaltaí an choiste; |
|
1. |
ag tabhairt tuairim fhabhrach ar an togra ón gComhairle maidir le Pierre Moscovici a cheapadh mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1685/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)