This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025DP0041
P10_TA(2025)0041 – Request for the waiver of the immunity of Petr Bystron – European Parliament decision of 1 April 2025 on the request for the waiver of the immunity of Petr Bystron (2024/2048(IMM))
P10_TA(2025)0041 — Iarraidh ar dhíolúine Petr Bystron a tharscaoileadh — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Aibreán 2025 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Petr Bystron (2024/2048(IMM))
P10_TA(2025)0041 — Iarraidh ar dhíolúine Petr Bystron a tharscaoileadh — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Aibreán 2025 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Petr Bystron (2024/2048(IMM))
IO C, C/2025/4372, 9.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4372/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4372 |
9.9.2025 |
P10_TA(2025)0041
Iarraidh ar dhíolúine Petr Bystron a tharscaoileadh
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Aibreán 2025 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Petr Bystron (2024/2048(IMM))
(C/2025/4372)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Petr Bystron, a fuarthas i litir dar dáta an 27 Lúnasa 2024 ó Aireacht Chónaidhme Dlí agus Cirt na Gearmáine, lena dtarchuirtear iarraidh ó Phríomh-Ionchúisitheoir Poiblí München I, i dtaca le himeachtaí coiriúla atá ar feitheamh os comhair Chúirt Dúiche München, agus a fógraíodh i suí iomlánach an 16 Meán Fómhair 2024, |
|
— |
tar éis éisteacht a thabhairt do Petr Bystron i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta an 29 Eanáir 2025 agus ag féachaint do na doiciméid a thíolaic sé le linn na héisteachta, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, |
|
— |
ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023 (1), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 46 de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, |
|
— |
ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0030/2025), |
|
A. |
de bhrí gur iarr Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí München I díolúine pharlaiminteach Petr Bystron, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, a tharscaoileadh, i gcomhthéacs líomhaintí a tugadh ina choinne faoi Roinn 86a de Chód Coiriúil na Gearmáine agus i dtaca le Roinn 86 den Chód sin, maidir le húsáid líomhnaithe siombailí d’eagraíochtaí míbhunreachtúla agus sceimhlitheoireachta; |
|
B. |
de bhrí go léirítear san iarraidh, tar éis Ambasadóir na hÚcráine chun na Gearmáine a bhriseadh as oifig an 12 Iúil 2022, gur líomhnaíodh gur fhoilsigh Petr Bystron montáis grianghraf ar a chuntas Twitter, a thaispeáin gearrthóga ó phictiúir de dhaoine a bhí i seilbh ardoifige poiblí roimhe seo, agus gach duine acu ag coinneáil a láimhe deise nó a láimhe clé suas leis an lámh sínte amach agus na méara ag díriú suas; de bhrí go bhfuil an fotheideal ‘Slán! [...] Fágann polaiteoirí na Gearmáine slán!’ (2) ag gabháil leis an gcolláis fhoilsithe; de bhrí gur cuireadh i leith Petr Bystron gur ghlac sé ar a laghad go hintuigthe go bhfágfadh an mhontáis grianghraf sin úsáideoir oibiachtúil Twitter leis an tuiscint gurbh é an ‘cúirtéis Hitler’ an seasamh láimhe a léiríodh, toisc gur cineál beannachta é sin a d’úsáid réimeas na Naitsithe; de bhrí gur cúisíodh Petr Bystron as siombailí d’eagraíochtaí míbhunreachtúla agus sceimhlitheoireachta a dháileadh nó a úsáid go poiblí sa Ghearmáin; |
|
C. |
de bhrí, tar éis imscrúduithe a dhéanamh, gur chuir na húdaráis inniúla iarraidh isteach ar dhíolúine Petr Bystron a tharscaoileadh, iarraidh a díríodh chuig Bundestag na Gearmáine, a raibh sé ina chomhalta de ag an am; de bhrí go ndearna Bundestag na Gearmáine a dhíolúine a tharscaoileadh an 7 Meán Fómhair 2023; |
|
D. |
de bhrí gur toghadh Petr Bystron chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha in 2024; de bhrí, tar éis thoradh deiridh an toghcháin a fhógairt, go ndearna na húdaráis inniúla, le cinneadh an 9 Iúil 2024, na himeachtaí coiriúla ina choinne a chur ar fionraí go sealadach chun dul ar aghaidh leis an iarraidh ar tharscaoileadh a dhíolúine; |
|
E. |
de bhrí nach raibh Petr Bystron ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chiona líomhnaithe; |
|
F. |
de bhrí nach mbaineann an cion líomhnaithe agus an iarraidh ina dhiaidh sin ar tharscaoileadh a dhíolúine le tuairim arna tabhairt ag Petr Bystron ná le vóta arna chaitheamh aige i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh; |
|
G. |
de bhrí, de bhun Airteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go dteachtfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ar an gcríoch náisiúnta féin na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a Stáit féin; |
|
H. |
de bhrí go bhforáiltear mar a leanas le hAirteagal 46(2), (3) agus (4) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine:
|
|
I. |
de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin; |
|
J. |
de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach d’fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí; |
|
K. |
de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh an Pharlaimint aon fhianaise ar fumus persecutionis, is é sin le rá gnéithe fíorasacha a léiríonn gurb é an rún atá leis na himeachtaí dlíthiúla i dtrácht ná an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; |
|
L. |
de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir (3); |
|
1. |
á chinneadh díolúine Petr Bystron a tharscaoileadh; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus chuig Petr Bystron. |
(1) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, Puigdemont i Casamajó agus Páirtithe eile v Parlaimint na hEorpa, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.
(2) Aistriúchán Gaeilge ar an mbuntéacs.
(3) breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint na hEorpa, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4372/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)