AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.7.2025
COM(2025) 573 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Réamhaisnéis fhadtéarmach maidir le hinsreafaí agus eis-sreafaí bhuiséad an Aontais Eorpaigh amach anseo (2026-2034)
1.
Réamhrá
2.
Réamhaisnéis ar eis-sreafaí bhuiséad an Aontais Eorpaigh 2026-2034
2.1.
Íocaíochtaí i ndáil le gealltanais CAI 2028-2034
2.2.
Íocaíochtaí i ndáil le gealltanais CAI 2021-2027
2.3.
Íocaíochtaí chun gealltanais gan íoc arna ndéanamh roimh 2021 a chur i gcrích
2.4.
Saoradh
2.5.
NextGenerationEU
2.6.
Teacht chun cinn leibhéal na ngealltanas gan íoc
3.
Réamhaisnéis ar insreafaí bhuiséad an Aontais Eorpaigh 2026-2034
3.1.
Foinsí ioncaim
4.
Conclúidí
Iarscríbhinn II – Torthaí na réamhaisnéise
Tábla1 .1 – Réamhaisnéis fhadtéarmach eis-sreafaí amach anseo thar 2026-2034 le haghaidh CAI
Tábla 1.2 – Íocaíochtaí i ndáil le gealltanais CAI 2021-2027
Tábla 1.3 – Íocaíochtaí as gealltanais roimh 2021 a chur i gcrích
Tábla 1.4 – Íocaíochtaí le haghaidh ghealltanais 2028-2034
Tábla 2 – Réamhaisnéis maidir le saoradh 2026-2027
Tábla 3 – Réamhaisnéis fhadtéarmach eis-sreafaí le haghaidh NextGenerationEU
Tábla 4 – Athrú ar na gealltanais iomlána gan íoc ó 2026 go 2034
Tábla 5 – Réamhaisnéis fhadtéarmach maidir le hinsreafaí bhuiséad an Aontais amach anseo thar 2026-2030
Tábla 6 – Réamhaisnéis fhadtéarmach maidir le hinsreafaí bhuiséad an Aontais amach anseo de chuid CAI 2028-2034
1.Réamhrá
Tionscnaítear sa tuarascáil
I
seo insreafaí agus eis-sreafaí bhuiséad an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 253(1)(c) den Rialachán Airgeadais
II
. Déantar réamhaisnéis sa chúigiú
III
heagrán seo ar an ioncam agus ar an gcaiteachas a eascraíonn as an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027
IV
, NextGenerationEU
V
agus le haghaidh 2028-2034
VI
bunaithe ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh an chéad CAI eile
VII
.
Déantar idirdhealú sa réamhaisnéis idir an reste-à-liquider (RAL) le haghaidh 2026-2030, bunaithe ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair agus ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh 2028-2034 le haghaidh CAI agus an Chinnidh maidir le hAcmhainní Dílse.
A mhéid a bhaineann le hioncam, tá an réamhaisnéis go dtí 2027 bunaithe ar chóras ioncaim an Chinnidh maidir le hAcmhainní Dílse
VIII
. Breithnítear sna réamh-mheastacháin ioncaim freisin an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach
IX
(‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’).
Leis na meastacháin maidir le híocaíochtaí in 2026 agus in 2027, cuirtear san áireamh na huasteorainneacha caiteachais athbhreithnithe (coigeartú teicniúil ar CAI le haghaidh 2026)
X
agus na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a áirítear sa chlárú airgeadais a ghabhann le dréachtbhuiséad le haghaidh 2026
XI
, rud ina gcuimsítear na coigeartuithe clárshonracha faoi Airteagal 5 de Rialachán CAI
XII
XIII
chomh maith le hathúsáid saortha faoi Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais.
Tá an t‑athbhreithniú meántéarma ar CAI 2021-2027 san áireamh. Go sonrach, atreisiú glan EUR 3,4 billiún ar an uasteorainn chaiteachais le haghaidh gealltanas, mar aon le hathruithe ar na leithdháiltí foriomlána faoi Airteagal 5 de Rialachán CAI agus Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais
XIV
chomh maith le hathneartuithe ar ionstraimí speisialta. A mhéid a bhaineann leis na huasteorainneacha íocaíochta, leis an athbhreithniú meántéarma ar CAI, is féidir uasteorainn 2026 a choigeartú faoin méid atá coibhéiseach leis na méideanna nár úsáideadh in 2025 más gá le haghaidh riachtanais airgeadais chun an riosca riaráistí a sheachaint.
Leis an athbhreithniú meántéarma ar bheartas comhtháthaithe, cuirtear roinnt solúbthachtaí agus dreasachtaí airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun a n‑acmhainní comhtháthaithe a athchlárú go deonach le haghaidh na dtosaíochtaí i réimsí an iomaíochais, na cosanta, na tithíochta inacmhainne, na hathléimneachta uisce agus an aistrithe fuinnimh. D’fhéadfadh na dreasachtaí sin dlús a chur le cur chun feidhme na dtionscadal.
Ina theannta sin, leis an Rialachán maidir leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP)
XV
soláthraítear solúbthachtaí do thosaíochtaí atá tiomnaithe do STEP sna cláir chomhtháthaithe. Cuireadh síneadh go dtí an 31 Iúil 2025 leis an sprioc-am deiridh chun an t‑iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach a chur isteach le haghaidh bhliain chuntasaíochta deiridh na tréimhse 2014-2020.
Leis an réamhaisnéis sin, réamh-mheastar íocaíochtaí ar na cláir uile faoi NextGenerationEU freisin. Déantar an caiteachas sin, sa bhreis ar an gcaiteachas faoi CAI, a mhaoiniú le fáltais ó oibríochtaí iasachtaíochta ar na margaí caipitil.
2.Réamhaisnéis ar eis-sreafaí bhuiséad an Aontais Eorpaigh 2026-2034
Meastar gurb é EUR 2 375 bhilliún a bheidh na híocaíochtaí le linn na tréimhse 2026-2034. Meastar gurb é EUR 263 bhilliún a bheith i meán-eis-sreafaí bliantúla bhuiséad an Aontais.
Is éard atá iontu sin:
·Íocaíochtaí ar ghealltanais gan íoc ag eascairt as CAInna roimh 2021-27, arna meas ag EUR 13,4 billiún;
·Íocaíochtaí ar ghealltanais arna ndéanamh in CAI 2021-27, atá le híoc go páirteach in 2026-27 agus go páirteach i CAI 28-34, arna meas ina n‑iomláine ag EUR 714 bhilliún;
·Íocaíochtaí ó thacaíocht neamh-inaisíoctha NextGenerationEU
XVI
arna meas ina n‑iomláine ag EUR 107 mbilliún.
·Íocaíochtaí ar ghealltanais le haghaidh CAI 2028-2034, arna meas ina n‑iomláine ag EUR 1 642 bhilliún.
Le haghaidh na tréimhse go dtí deireadh 2027, áirítear sa réamhaisnéis na coigeartuithe clárshonracha bunaithe ar Airteagal 5 de Rialachán CAI arna mhodhnú san athbhreithniú meántéarma ar CAI - as a dtiocfaidh tionchar foriomlán EUR 10,2 billiún (i bpraghsanna 2018) le haghaidh na tréimhse iomláine - agus athúsáid saortha faoi Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais le haghaidh na bliana 2027.
Cairt1 – Réamhaisnéis íocaíochtaí de réir catagóire
Íocaíochtaí ar ghealltanais gan íoc ag eascairt as CAInna roimh 2021-27, arna meas ag EUR 1,9 billiún ar an meán le haghaidh 2026-2034. Meastar go dtiocfaidh laghdú orthu agus go gcuirfear deireadh leo de réir a chéile faoi dheireadh 2031.
Is éard atá in íocaíochtaí ar ghealltanais arna ndéanamh in CAI 2021-2027 EUR 89,3 billiún ar an meán, ina bhfuil EUR 190 billiún in 2026-27 agus EUR 56 bhilliún tar éis 2027. Léirítear sa réamhaisnéis méadú ar íocaíochtaí i dtreo dheireadh an CAI seo, le buaicphointe in 2027 agus laghdú i dtreo an dara leath den chéad CAI eile ina dhiaidh sin. Tá sé sin comhsheasmhach le patrúin cur chun feidhme roimhe seo de réir mar a bhaineann na cláir luas cúrsála amach. Meastar go dtabharfar íocaíochtaí NextGenerationEU chun críche in 2026.
De réir an togra ón gCoimisiún, is éard atá in íocaíochtaí ar ghealltanais arna ndéanamh in CAI 2028-2034 EUR 235 bhilliún ar an meán, dar luach suas le EUR 1 642 bhilliún le linn na tréimhse. Meastar go dtiocfaidh a bhuaicphointe go luath in CAI toisc go bhfuil forluí idir deireadh a chur de réir a chéile le CAInna roimhe seo agus na híocaíochtaí nua, a tharlaíonn níos luaithe ná mar a tharla sna clárthréimhsí roimhe seo.
Meastar gurb é EUR 18,6 billiún an corrlach neamh-leithdháilte faoi na huasteorainneacha íocaíochta le haghaidh 2026 agus gurb é EUR 3,2 billiún an corrlach le haghaidh 2027. Is ionann an corrlach sin agus an difríocht idir an uasteorainn íocaíochta (de réir an choigeartaithe theicniúil is déanaí ar CAI) agus réamhaisnéis na n‑íocaíochtaí do chláir agus d’ionstraimí, a thagann faoi uasteorainneacha CAI.
Is féidir le corrlaigh a bheith dearfach (i.e. is lú íocaíochtaí réamhaisnéise ná an uasteorainn íocaíochta) nó diúltach (i.e. sáraíonn íocaíochtaí réamhaisnéise an uasteorainn). Is amhlaidh atá toisc go bhfuil an uasteorainn íocaíochta sa CAI seo cothrom le linn na mblianta (i dtéarmaí réadacha), agus go n‑athraíonn an caiteachas. Ceadaítear leis an Ionstraim Corrlaigh Aonair (Airteagal 11(1)(b) CAI) an uasteorainn íocaíochta a choigeartú le himeacht ama, méideanna nár caitheadh in aon bhliain amháin a mhéadú na huasteorainneacha a bheidh ann amach anseo. Dá bhrí sin, leis na corrlaigh roimh 2026 méadaítear na huasteorainneacha in 2026-2027 laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le hAirteagal 11(3) agus 11(3a) de Rialachán CAI. I bhfianaise na gcoigeartuithe sin chomh maith leis an EUR 2,6 billiún ó chur i bhfeidhm Airteagal 5 de Rialachán CAI, réamh-mheastar go mbeidh an uasteorainn íocaíochta le haghaidh 2021-2027 leordhóthanach chun na híocaíochtaí uile a bhfuil coinne leo a chumhdach. Tá teorainn leis an riosca a bhaineann le riaráiste neamhghnách in íocaíochtaí, cé go bhfuil an corrlach atá ar fáil faoin uasteorainn íocaíochta an-teoranta in 2027.
Réamh-mheastar go bhfreastalóidh an uasteorainn íocaíochta don chéad CAI eile ar na riachtanais íocaíochta mheasta.
3.Íocaíochtaí i ndáil le gealltanais CAI 2028-2034
Réamh-mheastar gurb é EUR 1 644 bhilliún a bheidh sna híocaíochtaí le haghaidh CAI 2028-2034 le linn na tréimhse, lena gcumhdófar 80 % de CAI.
Ceannteideal 1 – Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, talmhaíocht, rathúnas agus slándáil tuaithe agus muirí
Is é na Comhpháirtíochtaí Náisiúnta agus Réigiúnaí príomhspreagadh na próifíle íocaíochtaí in CAI 2028-2034. Is éard atá in íocaíochtaí faoi cheannteideal 1 EUR 965 bhilliún san iomlán. Tá an réamhaisnéis íocaíochtaí bunaithe ar na paraiméadair a leagtar amach sa ghníomh dlí earnála.
Ó 2028 ar aghaidh, tá an tAontas le tús a chur le haisíoc an fhiachais arna eisiúint faoi NextGenerationEU. I gcás CAI 2028-2034, molann an Coimisiún méid seasta EUR 24 bhilliún in aghaidh na bliana i bpraghsanna reatha chun ús agus caipiteal na tacaíochta neamh-inaisíoctha a sholáthraítear faoi NextGenerationEU a aisíoc. Is éard atá sa mhéid sin méid iomlán EUR 168 mbilliún ar feadh 2028-2034. Ríomhtar an méid seasta agus breithniú á dhéanamh ar chostais úis ag réamhrátaí le maolán sábháilteachta chun neamhchinnteacht ráta úis a chur san áireamh. I gcás go mbeidh na rátaí úis níos ísle ná mar a measadh, beidh coinne leis go gcoinneoidh aisíoc an chaipitil an bhlianacht sheasta i gcónaí. Leis an gcur chuige sin áirithítear intuarthacht iomlán don phleanáil bhuiséadach agus do ranníocaíochtaí na mBallstát leis an mbuiséad le haghaidh na míre sin. Déanann sé an aisíocaíocht ó luaineacht an mhargaidh a insliú agus soláthraíonn sé laghdú seasta intuartha ar na dliteanais a eascraíonn as NextGenerationEU de réir Airteagal 5(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle.
Ceannteideal 2 – Iomaíochas, rathúnas agus slándáil
Is éard atá in íocaíochtaí faoi cheannteideal 2 EUR 424 bhilliún san iomlán. Is iad Fís Eorpach agus an Ciste Eorpach um Iomaíochas den chuid is mó is cúis leis na híocaíochtaí.
Ceannteideal 3 – An Eoraip Dhomhanda
Is éard atá in íocaíochtaí faoi cheannteideal 3 EUR 135 bhilliún san iomlán. Is í an Eoraip Dhomhanda is mó is cúis leis na híocaíochtaí.
4.Íocaíochtaí i ndáil le gealltanais CAI 2021-2027
Baineann níos mó ná leath na n‑íocaíochtaí réamh-mheasta arna n‑eascairt as CAI 2021-2027 leis an mBeartas Comhtháthaithe agus an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT). Is le cur chun feidhme an dá bheartas sin a spreagtar meastacháin na réamhaisnéise íocaíochta fadtéarmaí den chuid is mó.
Ceannteideal 2a - Beartas comhtháthaithe
Tá an dréachtbhuiséid le haghaidh 2026 os cionn an cháis lárnaigh i réamhaisnéis na bliana seo caite
XVII
ós rud é go bhfuil dlús ag teacht le cur chun feidhme an bheartais chomhtháthaithe i gcomparáid le tagarmharc stairiúil na tréimhse 2014-2020. Mar sin féin, tá Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus fós ar an gcomhiomlán faoi bhun na próifíle stairiúla. Faoi dheireadh 2026, réamh-mheastar go mbeidh na híocaíochtaí le haghaidh an bheartais chomhtháthaithe faoi bhun an CAI roimhe seo (34 % in CAI 2014-2020 i gcomparáid leis an 26 % atá ann faoi láthair). Léiríonn sé sin formheas moillithe na bpleananna, iarrachtaí na n‑údarás náisiúnta cláir 2014-2020 a thabhairt chun críche, coigeartuithe comhleanúnacha, agus cur chun feidhme NextGenerationEU.
I bhfianaise na faisnéise is déanaí maidir le cur chun feidhme, réamh-mheastar go gcuirfidh na Ballstáit dlús leis an gcur chun feidhme in 2026 in gcomparáid le 2025 chun an riosca maidir le saoradh uathoibríoch a laghdú. Chuige sin, glactar leis go mbainfeadh cur isteach na n‑éileamh íocaíochta an phróifíl stairiúil amach in 2027 agus go mbainfeadh sé luas cúrsála amach in 2028 agus 2029. Meastar go n‑íocfar na gealltanais le híoc atá fágtha ag deireadh 2029 i gcoibhneasa comhionanna in 2030 agus 2031.
Leis an athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe tugtar deiseanna do na Ballstáit tairbhe a bhaint as réamh-mhaoiniú aonuaire agus cómhaoiniú níos airde ón Aontas trí acmhainní 2021-2027 a atreorú i dtreo thosaíochtaí nua an Aontais i réimsí an iomaíochais, na cosanta, na tithíochta inacmhainne, na hathléimneachta uisce agus an aistrithe fuinnimh. Ní mór na leasuithe gaolmhara ar an gclár a chur isteach roimh dheireadh 2025, chun go bhféadfar réamh-mhaoiniú breise a íoc in 2026, agus meastar go mbeidh glantionchar buiséadach EUR 4,1 billiún aige. Glactar leis sa réamhaisnéis go bhfreastalófaí ar aon éifeacht de chuid an athbhreithnithe, mar a mhol an Coimisiún, laistigh de na huasteorainneacha íocaíochta le haghaidh 2027, agus is cuid í den toimhde fhoriomlán go ndéanfaidh na Ballstáit íocaíochtaí a bhainistiú ionas go seachnófar saoradh.
Tar éis Rialachán STEP a ghlacadh i mí an Mhárta 2024, rinne 6 Bhallstát acmhainní STEP a athchlárú cheana féin in 2024. Ar an iomlán, glacadh 29 leasú ar an gclár beartais comhtháthaithe faoi dheireadh mhí na Nollag 2024 a chomhfhreagraíonn do EUR 5,9 billiún (CFRE, CUAC, CSE+)
XVIII
. Bunaithe air sin, meastar gurb é EUR 1,77 billiún a bheidh sa réamh-mhaoiniú (30 % de mhéid iomlán STEP). I gcomhréir leis an mbunús dlí is infheidhme, íocadh réamh-mhaoiniú 30 % ar leithdháileadh iomlán CUAC trí úsáid a bhaint as acmhainní NextGenerationEU (EUR 5,9 billiún a íocadh in 2024). In 2025, rinne 5 Bhallstát acmhainní STEP a athchlárú. Ar an iomlán, glacadh 9 leasú ar an gclár faoi dheireadh mhí an Mhárta 2025 a chomhfhreagraíonn do EUR 0,4 billiún. Bunaithe air sin, is éard atá sa réamh-mhaoiniú breise a íocadh in 2025 EUR 0,12 billiún (30 % de mhéid iomlán thosaíochtaí tiomnaithe STEP).
Ceannteideal 3 – An Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) agus an Ciste um Aistriú Cóir
EUR 81 bhilliún thar 2026-2027 a bhí sa réamhaisnéis íocaíochtaí do Cholún I de CBT, caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha.
Cuireadh tús le cur chun feidhme Cholún II faoi phleananna straitéiseacha CBT, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, in 2023. Leis na forálacha idirthréimhseacha lenar cuireadh síneadh le cláir 2014-2020 go dtí 2022, bhíothas in ann leanúint dá gcur chun feidhme go dtí 2025 faoin riail n+3, i.e. bliain amháin eile a chur ar fáil chun íocaíochtaí a chur i gcrích i gcomparáid leis na rialacha le haghaidh phleananna CBT 2023-2027.
Áirítear sa réamhaisnéis íocaíochtaí arna n‑eascairt as CAI 2021-2027 na híocaíochtaí ó Phleananna CBT 2023-2027 chomh maith leis na cinn atá nasctha le síneadh na gclár forbartha tuaithe go 2021 agus 2022 a chuirfear i gcrích faoi 2027 (féach pointe 2.3., íocaíochtaí ar ghealltanais roimh 2021). Breithnítear sa réamhaisnéis freisin na haistrithe idir colúin den Chomhbheartas Talmhaíochta a chuir na Ballstáit
XIX
in iúl, a raibh mar thoradh orthu glan-aistriú EUR 2,6 billiún ó Cholún I (CERT) go Colún II (CETFT) i gcomhair na mblianta 2025-2027. D’fhéadfadh athrú teacht ar mhéid an aistrithe sin toisc go bhfuil na Ballstáit in ann athbhreithniú a dhéanamh ar a n‑iarraidh ar aistriú go dtí an 31 Lúnasa 2025.
Meastar go gcuirfear dlús le cur chun feidhme phleananna CBT 2023-2027 in 2025 agus 2026 agus meastar go sroichfidh sé luas cúrsála in 2028 agus 2029, agus meastar go mbeidh íocaíochtaí níos lú in 2030 agus go mbeidh dúnadh in 2031. Measfar go gcríochnófar cláir oibríochtúla forbartha tuaithe 2014-2022 in 2027 agus go n‑íocfar íocaíochtaí an-teoranta in 2026 agus in 2027. Tá formhór na n‑íocaíochtaí eatramhacha le híoc in 2025.
I gcás an Chiste um Aistriú Cóir, meastar go mbeidh na chéad íocaíochtaí substaintiúla faoi uasteorainneacha CAI in 2026. Rinneadh an réamh-mhaoiniú a bhaineann le STEP faoi NextGenerationEU a íoc cheana in 2024 agus measfar go mbeidh íocaíochtaí breise ann in 2025 ó chiste Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh freisin. Ó 2027 ar aghaidh, ní bheadh na Ballstáit in ann ach íocaíochtaí arna maoiniú trí CAI a úsáid.
Eile
I gcás Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) léiríonn na méideanna le haghaidh 2026 agus 2027 an togra dréachtbhuiséid agus an clárú airgeadais a ghabhann leis, faoi seach.
Tá an Cúlchiste don Úcráin, ionstraim speisialta lena slógtar tacaíocht neamh-inaisíoctha de bhreis ar uasteorainneacha caiteachais CAI, lasmuigh de raon feidhme na réamhaisnéise sin.
5.Íocaíochtaí chun gealltanais gan íoc arna ndéanamh roimh 2021 a chur i gcrích
Réamh-mheastar gurb é EUR 13,4 billiún a bheidh sna híocaíochtaí maidir le gealltanais gan íoc (RAL le haghaidh reste à liquider) arna ndéanamh roimh 2021 le haghaidh na tréimhse 2026-2031.
Beartas comhtháthaithe
Baineann an chuid is mó de na híocaíochtaí maidir le gealltanais roimh 2021 leis an mbeartas comhtháthaithe, atá i ngar dá ndúnadh. Tá na réamh-mheastacháin bunaithe ar an réamhaisnéis is déanaí ó na Ballstáit (Eanáir 2025) agus ar fhaisnéis a fuarthas maidir leis an gcur chun feidhme ar an talamh. I ndiaidh na n‑athruithe a beartaíodh in STEP, cuireadh síneadh 12 mhí go dtí an 31 Iúil 2025 leis an sprioc-am chun an t‑iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach a chur isteach le haghaidh na bliana cuntasaíochta deiridh. Mar sin féin, measfar go mbeidh íocaíochtaí teoranta ann in 2025 agus ina dhiaidh sin, agus an ráta coinneála agus an t‑imréiteach réamh-mhaoinithe á gcur san áireamh. Níor cuireadh aon íocaíocht san áireamh sa dréachtbhuiséad le haghaidh 2026.
Comhbheartas Talmhaíochta
Meastar go gcuirfear cláir forbartha tuaithe oibríochtúla 2014-2022 i gcrích le haghaidh 2027.
Cláir eile
Baineann formhór na n‑íocaíochtaí gan íoc le haghaidh na coda eile den bhuiséad a eascraíonn roimh an CAI reatha le Ceannteideal 1 – Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Clár Oibre Digiteach – agus Ceannteideal 6 – Comharsanacht agus an Domhan.
6.Saoradh
Is éard atá i réamhaisnéis an tsaortha a eascraíonn as cláir an CAI reatha agus CAInna roimhe sin go dtí deireadh 2027 EUR 5,5 billiún. Is leis na cláir chomhtháthaithe faoin CAI reatha agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) is mó a spreagtar an méadú.
Moltar in CAI 2028-2034 athruithe substainteacha ar na modhanna seachadta d’fhonn cur chun feidhme a shimpliú agus a luathú. Tá an Coimisiún ag súil go nglacfar go hiomlán leis na gealltanais atá beartaithe don chéad CAI eile. Dá bhrí sin, ní dhéantar aon réamhaisnéis shonrach maidir le saoradh roimh thús iarbhír na gclár nua.
Ceannteideal 2a – Beartas comhtháthaithe
I bhfianaise na réamhaisnéise is déanaí atá ar fáil ó na Ballstáit, tá laghdú tagtha ar riosca an tsaortha chun cláir 2014-2020 a chur i gcrích i gcomparáid le tuarascáil na bliana seo caite. Ar an iomlán, laghdaítear riosca an tsaortha ag deireadh 2027 a bhuí le dlús a chur leis an gcur chun feidhme, agus réamh-mhaoiniú breise mar gheall ar an athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe.
Ceannteideal 3 - An Comhbheartas Talmhaíochta agus an Ciste um Aistriú Cóir
Tá an réamhaisnéis maidir le saoradh ó chláir forbartha tuaithe 2014-2022 cobhsaí a bheag nó a mhór i gcomparáid leis an mbliain seo caite. Meastar gurb é atá ann EUR 3,1 billiún, is é sin thart ar 2,4 % den leithdháileadh iomlán, sciar atá inchomparáide le sciar na gclár forbartha tuaithe 2007-2013. A mhéid a bhaineann leis an uainiú, táthar ag súil le saoradh faoi dheireadh 2027 nuair a phróiseálfar formhór na n‑íocaíochtaí um dhúnadh. Tá sé sin bliain amháin níos déanaí ná mar a bhí coinne leis i dtuarascáil na bliana seo caite. Is cosúil go bhfuil an toimhde sin níos stuama i bhfianaise líon substainteach na gclár a gcaithfear leo (níos mó ná 100 clár).
Ag an gcéim seo, ní léir an mbeidh saoradh ann faoi Phleananna Straitéiseacha CBT 2023-2027. Más ann dóibh, meastar go dtarlóidh siad sin tráth an dúnta (i.e. deireadh 2030/tús 2031).
Cláir agus ceannteidil eile
Maidir leis na cláir atá á mbainistiú go díreach ag an gCoimisiún, tá an réamhaisnéis maidir le saoradh bunaithe ar an bhfaisnéis is déanaí ar leibhéal an tionscadail. Mar a bhí sa tuarascáil roimhe seo, tá na réamh-mheastacháin maidir le saoradh a bhaineann le cláir CAI 2021-2027 bunaithe ar rátaí um shaoradh na gclár a bhí ann roimhe seo. Bhraithfeadh an bhliain bheacht um shaoradh ar dhúnadh na dtionscadal agus na ngníomhaíochtaí aonair agus ní féidir é sin a réamhaisnéisiú go cruinn.
7.NextGenerationEU
Is ionstraim éigeandála shealadach í NextGenerationEU
XX
le haghaidh bearta freagartha géarchéime, téarnaimh agus athléimneachta i ndiaidh ghéarchéim COVID-19. Is éard atá sa chomhchuid thacaíochta neamh-inaisíoctha ná ioncam sannta seachtrach chun tosaíochtaí athchóirithe agus infheistíochta a chistiú– go háirithe tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) – agus trí roinnt príomhchlár don téarnamh a threisiú.
Tabharfar na híocaíochtaí uile faoi NextGenerationEU i gcrích faoi dheireadh 2026, seachas méideanna beaga atá nasctha le caiteachas riaracháin. Déantar na meastacháin ar an gcur chun feidhme a bhfuil coinne leis a tharraingt suas ar leithligh le haghaidh gach cláir (féach Tábla X), bunaithe ar an dréachtbhuiséad le haghaidh 2026. Meastar go mbeidh roinnt méideanna saortha ann, go príomha le haghaidh CETFT (EUR 0,4 billiún).
8.
Teacht chun cinn leibhéal na ngealltanas gan íoc
Meastar go gcuirfear tús leis an CAI nua le RAL EUR 339 mbilliún, rud atá ina laghdú, i gcomparáid le réamhaisnéis na bliana seo caite (EUR 365 bhilliún) de EUR 26 bhilliún. Is é is cúis leis an toradh sin, go páirteach, dlús a chur leis an gcomhtháthú, a ndéantar íocaíocht riail an tsaortha N+3 a shiarchoinneáil ina leith i dtreo dheireadh CAI agus ina dhiaidh sin.. Déanfar RAL NextGenerationEU a ionsú faoi dheireadh 2026 nuair a bheidh na híocaíochtaí uile curtha i gcrích, seachas i gcás méideanna an-bheag atá nasctha le caiteachas riaracháin.
Tagann laghdú ar an réamhaisnéis le haghaidh RAL a eascraíonn as CAInna 2021-2027 agus CAInna roimhe seo (gan NextGenerationEU a áireamh) ó 1,85 % go 1,7 % in 2027 mar sciar de OIN AE-27.
Tuartar gurb é a bheidh i RAL ag deireadh 2034 EUR 331 bhilliún nó 1,3 % de OIN AE-27. Tiocfaidh sé den chuid is mó ó ghealltanais faoi CAI 2028-2034 toisc go bhfuil coinne leis go ndúnfar RAL le haghaidh gealltanais roimh 2028 den chuid is mó faoi 2033.
Mar sciar de CAI 2028-34 is éard a bheith i RAL ag deireadh 2034 thart ar aon cúigiú, sciar atá níos lú ná an mhéadracht chéanna don CAI reatha. Meastar go gcuirfear glúin nua na gclár chun feidhme ar bhealach níos gasta i gcomparáid le tagarmharcanna stairiúla, go háirithe i ndáil leis an gcaiteachas faoi bhainistíocht chomhroinnte.
9.Réamhaisnéis ar insreafaí bhuiséad an Aontais Eorpaigh 2026-2034
Go dtí 2027, tá an réamhaisnéis ioncaim bunaithe ar an gcóras acmhainní dílse atá i bhfeidhm faoi láthair, faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle. Réamh-mheastar an t‑ioncam ó 2028 ar aghaidh bunaithe ar an gcóras a mhol an Coimisiún leis an togra le haghaidh Cinneadh nua maidir le hAcmhainní Dílse.
Tá na réamh-mheastacháin ioncaim bunaithe ar réamhaisnéis eacnamaíoch an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, agus ar réamh-mheastacháin fáis fhadtéarmacha ón gCoimisiún.
Maoinítear buiséad an Aontais Eorpaigh trí acmhainní dílse agus ioncam eile. Ina theannta sin, tugtar de chumhacht don Aontas cistí a fháil ar iasacht chun NextGenerationEU a mhaoiniú, cistí a chur i dtreo an bhuiséid trí ioncam sannta seachtrach. Díríonn an réamhaisnéis reatha ar an ioncam is gá chun an caiteachas buiséid laistigh de CAI a mhaoiniú.
Cinntear na hacmhainní dílse a theastaíonn chun an buiséad a mhaoiniú le caiteachas iomlán lúide ‘ioncam eile’. Dá réir sin, tá an réamhaisnéis maidir le hioncam bhuiséadach an Aontais Eorpaigh bunaithe ar an bprionsabal nach mór caiteachas a mheaitseáil le hioncam; dá bhrí sin, is ionann ioncam iomlán agus caiteachas iomlán.
Ó 2021 i leith, i gcomhréir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (cuid V), cuireann an Ríocht Aontaithe ranníocaíocht le buiséad an Aontais Eorpaigh i ndáil le gealltanais gan íoc ó chreataí airgeadais roimhe seo. Is ionann ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe agus ‘ioncam eile’ de bhuiséad an Aontais. Déanfar í a chéimniú amach de réir a chéile, de réir mar a shocrófar na gealltanais gan íoc. Glactar leis go mbeidh ioncam ilghnéitheach eile seasta ar bhonn ainmniúil i gcónaí ar leibhéal Dhréachtbhuiséad 2026.
Is éard atá i gceist le hacmhainní dílse – ranníocaíochtaí náisiúnta agus dleachtanna custaim – an chuid is mó den ioncam a theastaíonn chun caiteachas an bhuiséid a mhaoiniú. Is leis an timthriall caiteachais a chinntear forbairt na ranníocaíochtaí náisiúnta le linn na tréimhse réamhaisnéise. Mar thoradh ar na méaduithe réamh-mheasta i dtreo dheireadh CAI, méadófar na ranníocaíochtaí náisiúnta in 2026-2027, rud atá comhsheasmhach le patrúin stairiúla. Ar an meán le haghaidh na tréimhse 2026-2027, réamh-mheastar go mbeidh na ranníocaíochtaí náisiúnta cothrom le EUR 169 mbilliún in aghaidh na bliana nó 0,86 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais Eorpaigh.
10.Foinsí ioncaim
Réamh-mheastar go bhfásfaidh acmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim) thar an tréimhse 2027-2034 ag an ráta céanna le OIN i bpraghsanna reatha gach Ballstáit ag tosú ó leibhéal na n‑olldleachtanna custaim a réamh-mheastar le haghaidh Dhréachtbhuiséad 2026. Ó 2028 ar aghaidh, úsáidtear paraiméadair an togra nua le haghaidh Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.
Réamh-mheastar ioncam ón acmhainn dhílis bunaithe ar CBL ag tosú ó bhoinn CBL na mBallstát aonair a áirítear i nDréachtbhuiséad 2026. Tuartar go bhfásfaidh na boinn CBL thar an tréimhse 2027-2034 ar an ráta céanna le OIN i bpraghsanna reatha.
Réamh-mheastar go dtosóidh an acmhainn dhílis bunaithe ar phlaistigh ó dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a áirítear i nDréachtbhuiséad 2026. Réamh-mheastar go bhfásfaidh an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach chomhfhreagrach ag an ráta céanna le OIN i bpraghsanna tairiseacha thar 2027-2034. Meastar go dtiocfaidh rátaí athchúrsála le chéile go líneach i dtreo sprioc athchúrsála 55 % an Aontais, sprioc nach mór a bhaint amach faoi 2030.
Déantar an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN le haghaidh AE-27 a ríomh mar an difríocht atá fágtha idir na hacmhainní dílse eile go léir agus ioncam eile ar thaobh amháin agus an caiteachas réamhaisnéise ar an taobh eile. Leis na paraiméadair le haghaidh na n‑acmhainní dílse a shonraítear sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, cinntear sciar na mBallstát de mhéid iomlán na ranníocaíochtaí náisiúnta is gá chun buiséad an Aontais a chomhardú.
Áirítear roinnt acmhainní dílse breise sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, mar a leanas.
Tá réamhaisnéis ioncaim na hacmhainne dílse bunaithe ar an gCóras Eorpach Trádála Astaíochtaí (ETS1) bunaithe ar phraghas carbóin toimhdithe EUR 88,33 i bpraghsanna 2025. Díorthaítear líon na lamháltas astaíochtaí ceantáilte ó na forálacha dlíthiúla sa Treoir maidir le CTA.
Maidir leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl leictreonach, déantar an dramhaíl fholuiteach neamhbhailithe ó threalamh leictreach agus leictreonach (DTLL) i mBallstát i mbliain ar leith a ríomh ar dtús. Meastar go dtiocfaidh rátaí bailithe le chéile go líneach i dtreo sprioc bailithe 65 % an Aontais faoi 2034.
Réamh-mheastar ioncam ón Acmhainn Dhílis maidir le Dleacht Mháil Tobac (ADDMT) bunaithe ar an Treoir maidir le Dleacht Máil Tobac agus ar an athmhúnlú atá beartaithe uirthi.
Réamh-mheastar go mbeidh an t‑ioncam ón acmhainn dhílis bunaithe ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) ag glacadh leis go mbeidh an praghas carbóin céanna ann agus atá ann le CTA1.
Tá na réamh-mheastacháin maidir le hAcmhainn Chorparáideach don Eoraip (ACE) bunaithe ar shonraí 2023 ar leibhéal gnólachta i mbunachar sonraí Orbis. Cuirtear ranníocaíocht chnapshuime bhliantúil ó gach cuideachta a oibríonn agus a dhíolann san Aontas i bhfeidhm mar a shonraítear sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh nua maidir le hAcmhainní Dílse.
Go traidisiúnta, áirítear in ioncam eile bhuiséad an Aontais ranníocaíochtaí foirne, ioncam a fhabhraíonn ó oibriú riaracháin na n‑institiúidí, ranníocaíochtaí agus aisíocaíochtaí a bhaineann le comhaontuithe agus cláir an Aontais, ús ar íocaíochtaí déanacha agus fíneálacha, ioncam ó oibríochtaí trína bhfaightear iasachtaí agus trína dtugtar iasachtaí, ioncam ó tháillí nach bhfuil sannta do chaiteachas sonrach, agus ioncam ilghnéitheach – chomh maith le barrachais ó bhlianta roimhe sin. I bhfianaise na luaineachta bunúsaí atá acu, is deacair formhór na gcomhpháirteanna sin a réamh-mheas. Dá bhrí sin, glactar leis go bhfanfaidh an méid a áirítear i nDréachtbhuiséad 2026 (i.e. EUR 3 bhilliún) seasmhach go hainmniúil le linn na tréimhse réamhaisnéise.
Ó bhí 2021 ann, sa bhreis ar na míreanna thuasluaite, áirítear in ioncam eile bhuiséad an Aontais ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe a bhaineann le gealltanais gan íoc (RAL) a bhfuil an Ríocht Aontaithe faoi dhliteanas ina leith, oibleagáidí pinsin agus comhpháirteanna eile den socrú airgeadais, mar a leagtar síos sa Chomhaontú um Tharraingt Siar. Léirítear é sin freisin sa mhaoiniú atá beartaithe maidir le Dréachtbhuiséad 2026.
Déantar ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe a bhaineann le gealltanais gan íoc an 31 Nollaig 2020 a chinneadh trí sciar maoinithe na Ríochta Aontaithe a chur i bhfeidhm ar íocaíochtaí réamh-mheasta RAL le haghaidh gach bliana le haghaidh na tréimhse 2026-2030. Leis an ranníocaíocht bhliantúil a thiocfaidh as sin, cuirtear san áireamh na módúlachtaí íocaíochta a leagtar amach in Airteagal 148 den Chomhaontú um Tharraingt Siar.
Áirítear sa réamhaisnéis ioncaim eile ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe le dliteanais phinsin do Chomhaltaí agus do shealbhóirí oifige poiblí ardleibhéil AE mar a shonraítear in Airteagal 142(5) den Chomhaontú um Tharraingt Siar. Téann ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe le pinsin foirne (meastar EUR 333 mhilliún i nDréachtbhuiséad 2026) isteach i mbuiséad an Aontais mar ioncam sannta seachtrach agus, dá bhrí sin, ní cuid í de réamhaisnéis fhadtéarmach ioncaim eile.
In aon bhliain ar leith, ní fhéadfaidh na hacmhainní dílse iomlána arna mbailiú ag an Aontas dul thar an uasteorainn acmhainní dílse atá socraithe i gCinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle, is é sin 1,4 % OIN AE-27, maille le méadú sealadach breise 0,6 % de OIN an Aontais chun dliteanais uile an Aontais a chumhdach ó iasachtaí a fuarthas ar na margaí caipitil chun NextGenerationEU a chistiú.
Le haghaidh na tréimhse 2028-2034, méadaítear uasteorainn na n‑acmhainní dílse a leagtar síos sa Chinneadh nua atá beartaithe maidir le hAcmhainní Dílse mar a leanas:
·1,75 % faoin uasteorainn bhuan.
·0,6 % faoin uasteorainn chun dliteanais uile an Aontais a chumhdach ón iasachtaíocht ar na margaí caipitil chun NextGenerationEU a chistiú.
·0,25 % le haghaidh ionstraim na géarchéime, i gcás gníomhachtúcháin.
11.Conclúidí
Leis na tionscnaimh a cuireadh ar aghaidh chun tacú leis na Ballstáit, le tríú tíortha agus le hearnálacha sonracha, cuireadh dlús le híocaíochtaí le haghaidh na gclár buiséadach uile. Le cur chun feidhme feabhsaithe chláir an bheartais chomhtháthaithe 2021-2027 laghdaítear na rioscaí a bhaineann le saoradh. Glactar leis go ndéanfaidh na Ballstáit an méid is gá chun saoradh a sheachaint, rud a bhainfidh tairbhe freisin as dreasachtaí beartais, amhail na dreasachtaí sin atá beartaithe don athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe. Sna blianta amach romhainn, beidh ar na Ballstáit cistí NextGenerationEU a chur chun feidhme faoi 2026.
Meastar go dtiocfaidh laghdú ar RAL ag deireadh an CAI reatha go EUR 330 billiún. In CAI 2028-2034, meastar go gcuirfidh an tsamhail seachadta nua le haghaidh cláir faoi bhainistíocht chomhroinnte mar aon le sprioc saortha N+1 dlús leis an gcur chun feidhme agus go laghdóidh sí RAL go substaintiúil ag deireadh an chéad CAI eile. I gcás na gclár eile, tá coinne leis freisin go gcuirfidh na simplithe atá beartaithe dlús le híocaíochtaí i gcomparáid le treochtaí stairiúla, rud a chuirfeadh freisin le RAL a choinneáil ar bun.
Tá uasteorainn íocaíochta CAI leordhóthanach fós chun na híocaíochtaí réamh-mheasta a chumhdach go dtí deireadh an CAI reatha. Ar an iomlán, meastar gurb é EUR 18,6 billiún an glanchorrlach in 2026 agus is é an glanchorrlach a mheastar in 2027, lena n‑áirítear coigeartuithe clár-shonracha, EUR 3,2 billiún.
In CAI 2028-2034, tá uasteorainn na n‑íocaíochtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún ag leanúint próifíl thús-ualaithe ón dara bliain de CAI, arna spreagadh den chuid is mó ag an bpróifíl íocaíochta níos tapúla le haghaidh na bpleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí i gcomparáid lena réamhtheachtaithe.
Leanann an t‑ioncam chun an buiséad a mhaoiniú timthriall caiteachais CAI. Meastar go gcoinneoidh an pacáiste d’acmhainní dílse nua a mhol an Coimisiún ranníocaíochtaí náisiúnta laistigh de theorainneacha aitheanta.
Iarscríbhinn II – Torthaí na réamhaisnéise
Tá na luachanna go léir in EUR billiún, praghsanna reatha, mura sonraítear a mhalairt. Mar gheall ar shlánú, féadfaidh sé nach réitíonn roinnt suimeanna iomlána le chéile.
Tábla1 .1 – Réamhaisnéis fhadtéarmach eis-sreafaí amach anseo thar 2026-2034 le haghaidh CAI
|
Bliain
|
2026
|
2027
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
IOMLÁN
|
|
Uasteorainn na nGealltanas
|
182,9
|
186,2
|
269,5
|
282,9
|
283,1
|
290,4
|
294,1
|
285,4
|
279,7
|
2 353,9
|
|
Uasteorainn Íocaíochtaí
|
201,2
|
195,2
|
270,0
|
300,7
|
297,1
|
292,8
|
277,4
|
274,7
|
267,5
|
2 379,1
|
|
Ina theannta sin, coigeartú le haghaidh Airteagal 5 Rialachán CAI (meastachán do bhlianta amach anseo)
|
0,0
|
2,6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Gealltanais (cláreagraithe )*
|
193,4
|
194,8
|
266,7
|
279,9
|
280,1
|
287,1
|
290,6
|
281,8
|
276,0
|
2 350,4
|
|
Íocaíochtaí Réamhaisnéise**
|
192,2
|
196,6
|
270,0
|
300,7
|
297,1
|
292,8
|
277,4
|
274,7
|
267,5
|
2 375,4
|
|
Lena mbaineann Ionstraimí Speisialta***
|
6,5
|
0,1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
* I gcomhréir leis an dréachtbhuiséad le haghaidh 2026, lena n‑áirítear leithdháileadh Chúlchiste na hÚcráine agus leithreasuithe arna n‑eascairt as Airteagal 5 de Rialachán CAI agus Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais agus Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais.
** Áirítear an leibhéal íocaíochtaí a mheastar le haghaidh an Chúlchiste don Úcráin in 2026 amháin.
*** Cumhdaítear leis na méideanna le haghaidh ionstraimí speisialta an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, Cúlchiste Coigeartaithe Brexit, Cúlchiste na hÚcráine, Ionstraim EURI agus an Ionstraim Sholúbthachta. Sna táblaí ina dhiaidh sin, áirítear na híocaíochtaí a bhaineann le slógadh na hIonstraime Solúbthachta agus na hIonstraime EURI sna ceannteidil faoi seach. Ní ghlactar leis go n‑úsáidfear ionstraimí speisialta amach anseo in 2028-2034.
Tábla 1.2 – Íocaíochtaí i ndáil le gealltanais CAI 2021-2027
|
Ceannteideal CAI
|
2026
|
2027
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
Iomlán
|
|
1 An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Clár Oibre Digiteach
|
21,5
|
22,9
|
18,6
|
9,4
|
5,9
|
3,7
|
1,5
|
0,2
|
83,7
|
|
2 Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna
|
73,6
|
74,3
|
70,9
|
70,4
|
37,7
|
23,2
|
0,8
|
0,1
|
351,0
|
|
2.1 Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach
|
58,7
|
61,7
|
68,3
|
68,9
|
37,0
|
22,9
|
0,6
|
0,0
|
318,1
|
|
2.2 Athléimneacht agus Luachanna
|
14,9
|
12,6
|
2,6
|
1,5
|
0,7
|
0,3
|
0,2
|
0,1
|
32,9
|
|
3 Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
|
53,0
|
56,1
|
15,9
|
15,9
|
4,0
|
4,4
|
0,3
|
0,1
|
149,7
|
|
3.1 Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha
|
40,5
|
40,5
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
81,0
|
|
3.2 Cláir eile faoi Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
|
12,5
|
15,6
|
15,9
|
15,9
|
4,0
|
4,4
|
0,3
|
0,1
|
68,7
|
|
4 Imirce agus Bainistiú Teorainneacha
|
3,8
|
3,5
|
2,5
|
2,8
|
2,7
|
1,1
|
0,4
|
0,0
|
16,7
|
|
5 Slándáil agus Cosaint
|
2,2
|
2,5
|
2,3
|
1,9
|
1,2
|
0,4
|
0,1
|
0,0
|
10,6
|
|
6 An Chomharsanacht agus an Domhan
|
15,5
|
18,3
|
15,3
|
10,5
|
6,1
|
3,2
|
1,3
|
0,2
|
70,3
|
|
7 An Riarachán Poiblí Eorpach
|
13,5
|
13,9
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
27,4
|
|
Lasmuigh den CAI
|
3,2
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
3,2
|
|
Ionstraimí Speisialta
|
1,9
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
1,9
|
|
Iomlán
|
188,1
|
191,5
|
125,5
|
110,9
|
57,5
|
36,0
|
4,2
|
0,5
|
714,4
|
Tábla 1.3 – Íocaíochtaí as gealltanais roimh 2021 a chur i gcrích
|
Ceannteideal CAI
|
2026
|
2027
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
Iomlán
|
|
1 An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Clár Oibre Digiteach
|
1,8
|
0,9
|
0,6
|
0,5
|
0,2
|
0,3
|
0,0
|
4,4
|
|
2 Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna
|
1,0
|
0,4
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
1,4
|
|
2.1 Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach
|
1,0
|
0,4
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
1,4
|
|
2.2 Athléimneacht agus Luachanna
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
|
3 Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
|
0,1
|
2,2
|
0,1
|
0,1
|
0,1
|
0,4
|
0,0
|
2,9
|
|
3.1 Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
|
3.2 Cláir eile faoi Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
|
0,1
|
2,2
|
0,1
|
0,1
|
0,1
|
0,4
|
0,0
|
2,9
|
|
4 Imirce agus Bainistiú Teorainneacha
|
0,1
|
0,1
|
0,1
|
0,2
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,5
|
|
5 Slándáil agus Cosaint
|
0,1
|
0,1
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
0,3
|
|
6 An Chomharsanacht agus an Domhan
|
1,0
|
1,3
|
1,1
|
0,3
|
0,1
|
0,1
|
0,0
|
3,9
|
|
Iomlán
|
4,1
|
5,0
|
2,0
|
1,1
|
0,5
|
0,8
|
0,0
|
13,4
|
Tábla 1.4 – Íocaíochtaí le haghaidh ghealltanais 2028-2034
|
Ceannteideal CAI
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
Iomlán
|
|
1. Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, talmhaíocht, rathúnas agus slándáil tuaithe agus muirí
|
108,3
|
122,7
|
150,9
|
150,7
|
157,8
|
144,3
|
130,3
|
965,0
|
|
2. Iomaíochas, rathúnas agus slándáil
|
14,8
|
40,6
|
57,4
|
68,8
|
73,1
|
82,9
|
86,2
|
423,7
|
|
3. An Eoraip Dhomhanda
|
4,8
|
9,9
|
14,6
|
19,6
|
24,8
|
28,9
|
32,3
|
134,9
|
|
4. Riarachán
|
14,9
|
15,6
|
16,3
|
16,9
|
17,5
|
18,1
|
18,7
|
117,9
|
|
Iomlán
|
142,8
|
188,8
|
239,1
|
256,0
|
273,2
|
274,2
|
267,5
|
1 641,5
|
Tábla 2 – Réamhaisnéis maidir le saoradh 2026-2027
|
Ceannteideal CAI
|
Cur i gcrích
|
CAI
|
Iomlán
|
|
1 An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Clár Oibre Digiteach
|
0,5
|
0,5
|
1,0
|
|
2 Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna
|
0,6
|
0,3
|
1,0
|
|
2.1 Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach
|
0,5
|
0,0
|
0,5
|
|
2.2 Athléimneacht agus Luachanna
|
0,1
|
0,3
|
0,4
|
|
3 Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
|
3,2
|
0,1
|
3,2
|
|
3.2 Cláir eile faoi Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
|
3,2
|
0,1
|
3,2
|
|
4 Imirce agus Bainistiú Teorainneacha
|
0,0
|
0,2
|
0,2
|
|
5 Slándáil agus Cosaint
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
|
6 An Chomharsanacht agus an Domhan
|
0,0
|
0,1
|
0,1
|
|
Iomlán
|
4,4
|
1,2
|
5,5
|
Tábla 3 – Réamhaisnéis fhadtéarmach eis-sreafaí le haghaidh NextGenerationEU
|
Clár
|
2026
|
2027
|
Iomlán
|
|
Fís Eorpach
|
0,2
|
0,0
|
0,2
|
|
InvestEU
|
1,2
|
0,0
|
1,2
|
|
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE)
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
|
Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE)
|
0,0
|
0,0
|
0,0
|
|
An tSaoráid Eorpach Téarnaimh agus Athléimneachta
|
100,4
|
0,0
|
100,4
|
|
An Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (RescEU)
|
0,5
|
0,0
|
0,5
|
|
An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (EAFRD)
|
1,4
|
0,0
|
1,4
|
|
An Ciste um Aistriú Cóir
|
3,3
|
0,0
|
3,3
|
|
Iomlán
|
107,0
|
0,1
|
107,1
|
Tábla 4 – Athrú ar na gealltanais iomlána gan íoc ó 2026 go 2034
|
Foinse
|
RAL ag tús 2026 (meastachán)*
|
Gealltanais
2026-2034
|
Íocaíochtaí
2026-2034
|
Saoradh
2026-2027
|
RAL ag deireadh 2034
|
|
CAI
|
355,9
|
2 350,4
|
2 368,8
|
5,5
|
331,9
|
|
NextGenerationEU
|
107,4
|
0,1
|
107,1
|
0,4
|
0,0
|
|
Iomlán
|
463,3
|
2 350,5
|
2 475,9
|
5,9
|
331,9
|
* Ní áirítear le RAL ag tús 2025 méideanna arna nginiúint ó ioncam eile (seachas NextGenerationEU), nach n‑áirítear sa tábla.
Tábla 5 – Réamhaisnéis fhadtéarmach maidir le hinsreafaí bhuiséad an Aontais amach anseo thar 2026-2030
|
INSREAFAÍ
|
|
2026
|
2027
|
2028
|
2029
|
2030
|
Iomlán
|
|
Uasteorainn acmhainní dílse in % d’Ollioncam Náisiúnta AE
|
|
2,00 %
|
2,00 %
|
2,00 %
|
2,00 %
|
2,00 %
|
|
|
lena mbaineann méadú sealadach le haghaidh NextGenerationEU
|
|
0,60 %
|
0,60 %
|
0,60 %
|
0,60 %
|
0,60 %
|
|
|
Uasteorainn na n‑acmhainní dílse arna sloinneadh in EUR billiún*
|
|
385,2
|
398,1
|
411,1
|
424,6
|
437,8
|
|
|
lena mbaineann méadú sealadach le haghaidh NextGenerationEU
|
|
111,5
|
115,6
|
119,4
|
123,3
|
127,4
|
|
|
Glanmhéid na n‑acmhainní dílse traidisiúnta**
|
a
|
21,4
|
22,1
|
22,9
|
23,7
|
24,4
|
114,5
|
|
Ranníocaíochtaí náisiúnta
|
b
|
167,4
|
171,2
|
101,5
|
85,6
|
30,9
|
556,6
|
|
ar díobh sin
Acmhainn dhílis CBL-bhunaithe
|
|
24,8
|
25,6
|
26,4
|
27,3
|
28,1
|
132,1
|
|
Acmhainn dhílis bunaithe ar phlaisteach
|
|
6,8
|
6,8
|
6,8
|
6,7
|
6,7
|
33,8
|
|
Acmhainn dhílis atá bunaithe ar OIN
|
|
135,8
|
138,8
|
68,3
|
51,6
|
-3,9***
|
390,6
|
|
Iomlán na n‑acmhainní dílse
|
c=a+b
|
188,7
|
193,3
|
124,42
|
109,3
|
55,4
|
671,1
|
|
lena mbaineann acmhainní dílse chun dliteanais NextGenerationEU a mhaoiniú****
|
|
8,02
|
|
|
|
|
|
|
Ioncam eile (ranníocaíocht shealadach ón Ríocht Aontaithe san áireamh)
|
d
|
3,5
|
3,3
|
3,0
|
2,7
|
2,6
|
15,2
|
|
IONCAM IOMLÁN
|
c+d
|
192,2
|
196,6
|
127,4
|
112,0
|
58,0
|
686,3
|
* Uasteorainn na n‑acmhainní dílse - arna ríomh bunaithe ar réamhaisnéis eacnamaíoch an Earraigh 2025 d’Ollioncam Náisiúnta AE27
** Déantar acmhainní dílse traidisiúnta a mheas ar bhonn ráta coinneála 25 % i gcomhair costais bhailiúcháin.
*** I gcás 2030 is barrachas a bheidh mar thoradh ar mhéid OIN AD a thabharfar ar ais do na Ballstáit.
**** Le haghaidh 2026 agus 2027 bunaithe ar an gclárú airgeadais reatha.
Tábla 6 – Réamhaisnéis fhadtéarmach maidir le hinsreafaí bhuiséad an Aontais amach anseo de chuid CAI 2028-2034
|
INSREAFAÍ
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
Iomlán
|
|
Uasteorainn acmhainní dílse in % d’Ollioncam Náisiúnta AE*
|
|
2,35 %
|
2,35 %
|
2,35 %
|
2,35 %
|
2,35 %
|
2,35 %
|
2,35 %
|
|
|
Uasteorainn na n‑acmhainní dílse arna sloinneadh in EUR billiún
|
|
483,1
|
498,9
|
514,4
|
530,2
|
546,3
|
562,7
|
579,5
|
|
|
Iomlán na n‑acmhainní dílse:
|
a
|
266,7
|
297,7
|
294,1
|
289,9
|
274,5
|
271,8
|
264,3
|
1 959,0
|
|
ar díobh sin
Glanmhéid na n‑acmhainní dílse traidisiúnta**
|
|
34,5
|
35,7
|
36,8
|
38,0
|
39,2
|
40,4
|
41,6
|
266,3
|
|
Acmhainn dhílis CBL-bhunaithe
|
|
26,6
|
27,5
|
28,3
|
29,2
|
30,1
|
31,0
|
31,9
|
204,4
|
|
Acmhainn dhílis bunaithe ar phlaisteach
|
|
9,3
|
9,5
|
9,7
|
9,9
|
10,1
|
10,3
|
10,5
|
69,2
|
|
Acmhainn dhílis bunaithe ar an gCóras Eorpach Trádála Astaíochtaí (ETS1)
|
|
8,8
|
11,7
|
11,3
|
13,0
|
11,7
|
10,3
|
8,8
|
75,6
|
|
Acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhthealamh leictreach agus leictreonach
|
|
16,2
|
16,5
|
16,7
|
16,9
|
17,1
|
17,3
|
17,4
|
118,0
|
|
Acmhainn dhílis maidir le Dleacht Mháil Tobac (ADDMT)
|
|
13,0
|
12,7
|
12,4
|
12,8
|
12,5
|
12,2
|
12,7
|
88,3
|
|
Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT)
|
|
0,9
|
1,0
|
1,3
|
1,5
|
1,9
|
2,0
|
2,2
|
10,8
|
|
Acmhainn Chorparáideach don Eoraip (ACE)
|
|
7,4
|
7,5
|
7,5
|
7,6
|
7,7
|
7,8
|
7,9
|
53,3
|
|
Acmhainn dhílis atá bunaithe ar OIN
|
|
149,9
|
175,8
|
170,2
|
161,0
|
144,3
|
140,5
|
131,4
|
1 073,0
|
|
Ioncam eile (lena n‑áirítear táillí agus ranníocaíocht shealadach ón Ríocht Aontaithe, táille an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS))
|
b
|
3,3
|
3,0
|
2,9
|
2,9
|
2,9
|
2,9
|
3,1
|
21,1
|
|
IONCAM IOMLÁN
|
c=a+b
|
270,0
|
300,7
|
297,1
|
292,8
|
277,4
|
274,7
|
267,5
|
1 980,1
|
* Uasteorainn na n‑acmhainní dílse - arna ríomh bunaithe ar réamhaisnéis eacnamaíoch an Earraigh 2025 d’Ollioncam Náisiúnta AE27
** Déantar acmhainní dílse traidisiúnta a mheas ar bhonn ráta coinneála 10 % i gcomhair costais bhailiúcháin.
-
(I)
I bhfianaise an sprioc-ama atá le teacht chun tograí ón gCoimisiún a chur síos don chéad phacáiste CAI eile, níorbh fhéidir an sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 253(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 a chomhlíonadh i gcás na tuarascála seo.
-
(II)
Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú), IO L, 2024/2559, 26.9.2024.
-
(III)
COM(2021)343, 30.6.2021. Is é seo an chéad eagrán den tuarascáil seo don tréimhse CAI 2021-27.
-
(IV)
Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11.
-
(V)
Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19, IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23 (‘NextGenerationEU’).
-
(VI)
Mura sonraítear a mhalairt, sloinntear gach suim sa tuarascáil i bpraghsanna reatha.
-
(VII)
Rialachán [(AE, Euratom) 20XX/XXX * COM(2025) 571 ón gComhairle
-
(VIII)
Cinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).
-
(IX)
IO C66 I, 19.2.2019, lch. 1.
-
(X)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Coigeartú teicniúil ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2026 i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027. COM(2025) 800 final.
-
(XI)
Ráiteas ar mheastacháin an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2026. SEC(2025) 250.
-
(XII)
Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, IO L 2024/765, 29.2.2024.
-
(XIII)
Déantar foráil le hAirteagal 5 de Rialachán CAI maidir le leithdháileadh breise leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí le haghaidh liosta réamhshainithe clár, le haghaidh méid atá coibhéiseach le cineálacha áirithe fíneálacha laistigh de mhéideanna íosta agus uasta réamhshainithe.
-
(XIV)
Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le cistí saortha a athúsáid i ndáil leis an gclár taighde (C/2024/1972), IO C, C/2024/1972, 29.2.2024.
-
(XV)
Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241, IO L 2024/795, 29.2.2024.
-
(XVI)
Comhlánaítear an méid sin le deontais REPowerEU dar luach EUR 20 billiún arna maoiniú faoin gCóras Trádála Astaíochtaí (CTA) agus EUR 2,1 billiún in aistrithe ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit.
-
(XVII)
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Réamhaisnéis fhadtéarmach maidir le hinsreafaí agus eis-sreafaí bhuiséad an Aontais Eorpaigh amach anseo (2025-2029). COM(2024) 276 final.
-
(XVIII)
Is é mí an Mhárta 2025 an scoithdháta le haghaidh tuairisciú a bhaineann le STEP.
-
(XIX)
Chinn na Ballstáit cistí a aistriú idir íocaíochtaí díreacha agus forbairt tuaithe. Leagadh amach an toradh sin i Rialachán Tarmligthe 2023/813 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2023.
-
(XX)
Is é an 16 Bealtaine 2025 an sprioc-am le haghaidh fhigiúirí NextGenerationEU.