AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.6.2025
COM(2025) 281 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Comhshocrú Eorpach um an Aigéan
An Comhshocrú Eorpach um an Aigéan
Tá an t‑aigéan agus na farraigí ríthábhachtach don bheatha ar domhan, do rathúnas, d’iomaíochas, do shlándáil agus do thodhchaí inbhuanaithe. Tá an t‑aigéan ríthábhachtach d’fhuinnimh, do shonraí agus d’acmhainní straitéiseacha agus rialálann sé aeráid an Domhain.
Déanann an tAontas Eorpach maoirseacht ar an limistéar muirí comhchoiteann is mó ar domhan, ina bhfuil 25 mhilliún km² de Limistéir Eacnamaíocha Eisiacha ar fud a Bhallstát, na réigiún is forimeallaí
agus na gcríoch thar lear. Agus thart ar 70 000 km d’imeallbhord ag an Aontas agus 40 % dá dhaonra ina gcónaí i bhfoisceacht 50 km den fharraige, tá leas ríthábhachtach ag an Aontas i gcúrsaí muirí. Síneann teorainneacha muirí an Aontais go dtí Muir Chairib, an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Indiach a bhuí lena réigiúin is forimeallaí. Tacaíonn a gheilleagar gorm go díreach le beagnach 5 mhilliún post agus cuireann sé oll-bhreisluach os cionn EUR 250 billiún le geilleagar an Aontais ar bhonn bliantúil
. Iompraíonn bealaí muirí thart ar 74 % de thrádáil sheachtrach an Aontais, agus iompraíonn cáblaí cumarsáide faoi uisce 99 % den trácht idirlín idir-ilchríochach.
An tráth céanna, tá sláinte ár n‑aigéin ag dul in olcas mar gheall ar thionchair charnacha an athraithe aeráide, an truaillithe, agus róshaothrú acmhainní muirí. Is measa fós na dúshláin chomhshaoil sin mar gheall ar an teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid, ní hamháin go gcuirtear in aghaidh rialachas comhoibritheach ach is bagairt dár slándáil iad freisin. Tá saoirse loingseoireachta agus saoirse gníomhaíochta ar muir ag éirí níos conspóidí, agus tá bonneagair mhuirí chriticiúla faoi bhagairt. Ní ghéilleann bagairtí hibrideacha agus cibirionsaithe do theorainneacha, agus ní ghéilleann an tslándáil ar muir dóibh ach an oiread. Is tosaíocht anois é teorainneacha agus bonneagar na hEorpa a chosaint.
Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin uile agus chun ceannaireacht na hEorpa i mbeartais Aigéin a neartú, cuireann an Comhshocrú Eorpach um an Aigéan leis an reachtaíocht agus na tionscnaimh atá ann cheana agus, den chéad uair riamh, cuirfidh sé cur chuige iomlánaíoch ar fáil sna réimsí beartais uile. Tugtar isteach leis creat tagartha aonair arb é is aidhm dó próisis chomhordúcháin a chuíchóiriú, oibleagáidí tuairiscithe a shimpliú agus straitéis a chur ar fáil chun reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme agus spriocanna beartais a bhaint amach ar bhealach níos comhleanúnaí sna hearnálacha. Leagtar síos leis an réamhobair le haghaidh Aontas um an Aigéan, lena n‑áirítear Gníomh um an Aigéan lena gcuirfear leis an Treoir atá ann cheana maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí, agus baintear leas as acmhainneacht ollmhór an aigéin le haghaidh athléimneacht, bhiacheannasacht, sholáthar fuinnimh, shlándáil agus iomaíochas na hEorpa. Treiseofar leis freisin an comhar le tionscnaimh idirnáisiúnta.
Tacóidh an Comhshocrú seo le sé thosaíocht:
·sláinte an aigéin a chosaint agus a athbhunú,
·borradh a chur faoi iomaíochas inbhuanaithe an gheilleagair ghoirm,
·tacaíocht a thabhairt do phobail chósta, do phobail oileánacha agus do phobail na réigiún is forimeallaí,
·taighde, eolas, scileanna agus nuálaíocht maidir leis na haigéin a chur chun cinn,
·slándáil agus cosaint mhuirí a fheabhsú mar réamhriachtanas,
·taidhleoireacht an Aontais maidir leis na haigéin agus rialachas riailbhunaithe idirnáisiúnta a neartú.
Is é is aidhm don Chomhshocrú cur chuige iomlánaíoch agus comhar ar fud na mBallstát agus na réigiún agus le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n‑áirítear iascairí, gairmithe de chuid an gheilleagair ghoirm, nuálaithe, infheisteoirí, eolaithe agus an tsochaí shibhialta. Tabharfar an Comhshocrú um an Aigéan cothrom le dáta de réir mar a thiocfaidh athrú ar na riachtanais.
1. Creat Rialachais Neartaithe
Tá gá le creat láidir rialachais chun gníomhaíochtaí trí na himchuacha farraige éagsúla, a bhaineann le tíortha an Aontais agus le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, a ailíniú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil.
1.1. Cuspóirí a bhaineann leis an aigéan a chur chun feidhme
Lasmuigh de reachtaíocht atá ábhartha go díreach amhail an Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí nó an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí, leagtar amach i reachtaíocht agus i mbeartas an Aontais raon leathan spriocanna ceangailteacha agus spriocanna mianaidhme araon maidir le caomhnú agus bainistiú inbhuanaithe an aigéin. Le rialachas neartaithe, ba cheart go n‑éascófaí cur chun feidhme na spriocanna sin agus go n‑áiritheofaí forfheidhmiú na reachtaíochta atá ann cheana ar bhealach comhleanúnach.
Fíor: rogha spriocanna ceangailteacha a bhaineann leis an aigéan i reachtaíocht an Aontais
Ar bhonn comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara ábhartha, molfaidh an Coimisiún ‘Gníomh um an Aigéan’ faoi 2027 a chuirfidh le hathbhreithniú ar an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí. Beidh sé d’aidhm aige an phleanáil spásúil mhuirí a neartú agus a nuachóiriú mar uirlis straitéiseach a fhreastalóidh ar thosaíochtaí an Chomhshocraithe um an Aigéan agus a gcur chun feidhme, go háirithe trí chomhordú trasearnála méadaithe ar an leibhéal náisiúnta agus trí chur chuige níos eagraithe i dtaca le himchuacha farraige. Déanfar tagairt sa Ghníomh do spriocanna ábhartha, ionas go mbeidh siad inaitheanta faoi aon díon amháin, agus éascófar a gcur chun feidhme comhleanúnach éifeachtach.
Oibreoidh an Coimisiún freisin chun oibleagáidí tuairiscithe a bhaineann leis na haigéin sa reachtaíocht atá ann cheana a shimpliú agus a shioncrónú do na Ballstáit, chun an tsoiléireacht dhlíthiúil agus comhleanúnachas beartais a mhéadú, agus an t‑ualach riaracháin a laghdú freisin. Déanfaidh sé measúnú freisin ar bhealaí chun tacú le cur chun feidhme oibleagáidí a bhaineann leis na haigéin.
Chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le táscairí agus spriocanna ábhartha an Chomhshocraithe, cruthóidh an Coimisiún ‘deais Chomhshocrú an Aontais um an Aigéan’, deais phoiblí, lena gcuirfear go tráthrialta le Tuarascáil ar Staid an Chomhshocraithe um an Aigéan, ina mbainfear leas as tuarascálacha agus sócmhainní atá ann cheana, amhail Faireachlann an Aontais um an nGeilleagar Gorm, Clár Spáis an Aontais lena n‑áirítear Copernicus, uirlisí digiteacha agus prionsabal na haonuaire á chur san áireamh.
Beidh sé ríthábhachtach oibriú i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha ar na beartais uile a bhaineann leis na haigéin. Agus inspioráid á fáil aige ón mBord Eorpach um an Talmhaíocht agus Bia, bunóidh an Coimisiún Bord um an Aigéan, bord ardleibhéil ar a mbeidh ionadaithe ó earnálacha ábhartha atá nasctha leis an aigéan. Beidh ról lárnach ag an mBord chun tacú leis an gCoimisiún maidir lena chúram faireachán a dhéanamh ar an gComhshocrú um an Aigéan agus maidir lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach é.
1.2. Ag obair le chéile ar an leibhéal réigiúnach
Tá an méadú ar líon na ngníomhaíochtaí muirí—fuinneamh amach ón gcósta, an t‑iascach agus an dobharshaothrú, an loingseoireacht, an t‑áineas agus an turasóireacht chósta, agus tuilleadh— ag cur brú ar spás teoranta an aigéin. Cé go bhfuil gníomhaíochtaí ann a éilíonn limistéir thiomnaithe, baineann cuid den bhealach chun cinn le pleanáil níos comhordaithe lena mbainfear cothromaíocht amach le haghaidh úsáid aonair agus chomhroinnte na farraige laistigh dá teorainneacha éiceolaíocha agus an caomhnú, lena gcothaítear gníomhaíochtaí muirí éagsúla i dteannta a chéile, ina dtugtar tús áite don chuimsiú, don chothroime agus don dlúthpháirtíocht.
Thacaigh an tAontas leis an gcomhar réigiúnach maidir le hiascach, an geilleagar gorm i gcoitinne agus cosaint an chomhshaoil trí chreataí réigiúnacha, amhail na hEagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh agus na Coinbhinsiúin maidir le Farraigí Réigiúnacha, atá lárnach i gcur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) agus na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí. Bhí ceithre thionscnamh imchuach farraige freisin a chuidigh chun an geilleagar gorm inbhuanaithe a chur chun cinn. Ina theannta sin, neartaíodh na hiarrachtaí sin le creataí solúbtha comhair amhail an tAontas don Réigiún Meánmhuirí, Comhpháirtíocht an Oirthir, agus comhar réigiúnach agus in imchuach na Mara Duibhe.
Ní mór don Aontas an comhar éagsúil a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile ar bhealach níos sineirgí chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as a spás muirí. Tá cleachtais agus réimsí ilúsáide a bhfuil gealladh fúthu amach anseo, cleachtais a bhaineann le gaoth amach ón gcósta, agus le teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain eile, cleachtais chaomhantais agus athbhunaithe, réimsí amhail an iascaireacht nó an dobharshaothrú inbhuanaithe.
Tríd an togra atá le teacht le haghaidh ‘Gníomh um an Aigéan’, moltar do na Ballstáit aistriú ó chur chuige náisiúnta go cur chuige ar leibhéal imchuach farraige. I ndáil leis sin, moltar dóibh dul i gcomhar le tíortha comharsanachta, ar fud na gcomhlachtaí um chomhar réigiúnach atá ann cheana, trí straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais, agus cur le tithe solais Mhisean an Aontais chun ‘ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú faoi 2030’ ar scála imchuach.
Sa bhreis ar an ‘nGníomh um an Aigéan’, tabharfar aird ar leith ar an méid seo a leanas:
-Muir Bhailt mar thosaíocht phráinneach: eagróidh an Coimisiún ‘Ár Muir Bhailt’, imeacht ardleibhéil, in 2025 mar thúsphointe maidir le cur chuige athnuaite iomlánaíoch chun dul i ngleic le dúshláin éiceachórais, truailliú ón talamh agus ón bhfarraige, chun slándáil agus bainistiú comhshaoil agus iascaigh a neartú, agus chun tacú le pobail chósta, i gcomhar le Straitéis an Aontais do Réigiún Mhuir Bhailt agus comhlachtaí réigiúnacha atá ann cheana.
-An cur chuige straitéiseach nua i leith na Mara Duibhe, ina leagtar amach creat beartais réamhbhreathnaitheach atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin réigiúnacha trí chomhpháirtíochtaí tairbhiúla frithpháirteacha. Arna ghlacadh i mí na Bealtaine 2025, cuimsítear leis gníomhaíochtaí atá dírithe ar an méid seo a leanas: (1) slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht a fheabhsú, (2) fás inbhuanaithe agus rathúnas a chothú, lena n‑áirítear tríd an ngeilleagar gorm a chur chun cinn, (3) cosaint an chomhshaoil, athléimneacht agus ullmhacht in aghaidh an athraithe aeráide, agus cosaint shibhialta a chur chun cinn — agus béim ar leith á leagan ar limistéir chósta.
-An Comhshocrú nua don Mheánmhuir, a réiteoidh an bealach i dtreo spás coiteann síochána, rathúnais agus cobhsaíochta i réigiún na Meánmhara, lena dtógfar ar bhunchlocha Chlár Oibre 2021 don Mheánmhuir. Tacóidh an Coimisiún, i gcomhar leis an Aontas don Réigiún Meánmhuirí, le straitéis imchuach farraige an gheilleagair ghoirm a fhorbairt maidir leis an Meánmhuir Thoir, a bhfuil struchtúr tiomnaithe comhair in easnamh uirthi faoi láthair, straitéis a bhunófar ar fhormáid WestMED (tionscnamh le haghaidh fhorbairt inbhuanaithe an gheilleagair ghoirm i réigiún na Meánmhara Thiar) agus i gcomhar le comhlachtaí réigiúnacha atá ann cheana.
-An tArtach, go háirithe an t‑aigéan Artach, atá ríthábhachtach don aeráid dhomhanda agus don bhithéagsúlacht mhuirí, don tslándáil agus don nascacht: tá beartas Artach an Aontais ina shamhail dá thaidhleoireacht, dá chomhar agus dá iltaobhachas maidir leis na haigéin agus d’fhorbairt inbhuanaithe an gheilleagair ghoirm. Beidh an Coimisiún i dteagmháil leis an nGraonlainn, le hOileáin Fharó, leis an Íoslainn agus leis an Iorua i gcónaí, seasfaidh sé le caighdeáin an Aontais agus malartóidh sé na dea-chleachtais ar bhonn domhanda.
Tabharfaidh an Coimisiún tús áite do rochtain chobhsaí intuartha ar na huiscí comharsanacha uile, rud a áiritheoidh go mbainfear úsáid chóir chothrom as acmhainní muirí.
1.3. Tacaíocht Airgeadais a dhíghlasáil
Cistiú Aigéin
Tá gá le hinfheistíochtaí agus cistiú ó fhoinsí príobháideacha agus poiblí chun na tionscnaimh sa Chomhshocrú um an Aigéan a bhaint amach. Le cur chuige comhtháite maidir le cistiú agus beartais atá ábhartha do na haigéin, cumhdófar raon leathan gnéithe: caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara ar cheann de chúig inniúlacht eisiacha an Aontais é, bithéagsúlacht mhuirí a athbhunú, bainistiú gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe inbhuanaithe agus nuálaíocht sa réimse sin, na gníomhaíochtaí maidir le CBI a chur chun feidhme, eolas ar an aigéan, slándáil mhuirí, slándáil bia, geilleagar gorm iomaíoch agus inbhuanaithe a fhorbairt agus a mhéadú, lena n‑áirítear fuinneamh amach ón gcósta agus fuinneamh muirí, biteicneolaíocht agus díshalannú, oidhreacht chultúrtha faoi uisce a chosaint, agus tacú le hearnálacha agus tionscail eile an gheilleagair ghoirm chun bheith aeráidneodrach, réitigh chliste a chur in úsáid chomh maith le tacú le pleanáil spásúil mhuirí.
Moltar do na Ballstáit úsáid a bhaint as cuid den ioncam a fhaigheann siad ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) – lena gcumhdaítear astaíochtaí ó mhuiriompar anois – chun infheistíocht a dhéanamh i ndícharbónú na hearnála muirí, lena n‑áirítear trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh long, calafort, teicneolaíochtaí nuálacha agus bonneagair.
Infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar gorm agus nuálaíocht
Tá dúshláin mhóra roimh ghnólachtaí Eorpacha nuathionscanta agus gnólachtaí Eorpacha atá ag uas-scálú lena spreagtar nuálaíochtaí an gheilleagair ghoirm, amhail rochtain theoranta ar chaipiteal riosca agus bacainní rialála. Tugann meastacháin le fios go bhfuil bearna mhaoinithe idir EUR 60 billiún agus EUR 70 billiún ag FBManna an gheilleagair ghoirm san Aontas
. Ní leor acmhainní an Aontais amháin chun an bhearna infheistíochta a dhúnadh. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach foinsí poiblí agus príobháideacha a chur le chéile.
Le Clár InvestEU an Choimisiúin Eorpaigh, lena ndéanfar foráil maidir le ráthaíocht arna cur in úsáid ag BEI, bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh agus institiúidí maoinithe iltaobhacha, slógtar infheistíochtaí príobháideacha lena dtacaítear le réimse leathan infheistíochtaí sa gheilleagar gorm ag céimeanna éagsúla. Go táscach, cuimsíonn infheistíochtaí ábhartha teicneolaíochtaí nó réitigh inbhuanaitheachta comhshaoil go fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, calafoirt agus loingseoireacht a ghlasú, an dobharshaothrú, forbairt chósta, an turasóireacht, geilleagar ciorclach. Áirítear leis freisin infheistíochtaí in TFN le haghaidh teicneolaíochtaí straitéiseacha aigéin agus satailíte, digitiú, feidhmchláir IS, ardmhonaraíocht, agus róbataic faoi uisce. Go dtí seo, thacaigh InvestEU le hinfheistíochtaí ar fiú níos mó ná EUR 15 bhilliún iad. Ag féachaint chun cinn, leanfaidh InvestEU de bheith ag tacú le tionscadail infheistithe de chuid an gheilleagair ghoirm le cistiú agus seirbhísí comhairleacha don chlárthréimhse atá fágtha.
Tá ról lárnach ag ardán BlueInvest in iarrachtaí an Aontais tacú leis an ngeilleagar gorm. Is é is aidhm dó leas a bhaint as breis agus EUR 1 bhilliún d’infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha faoi 2028. Tacaíonn sé, inter alia, le cistí caipitil fiontair a dhíríonn ar thionscadail an gheilleagair ghoirm trí tháirgí cothromais InvestEU an Chiste Eorpaigh Infheistíochta. An tráth céanna, cuireann BlueInvest dlús le fás gnó le haghaidh FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta Eorpacha trí fhothú acmhainneachta, ullmhacht infheistíochta agus tacaíocht tiomsaithe airgid a chur ar fáil dóibh.
Ón uair go mbeidh fócas breise ag an gComhshocrú um an Aigéan ar an ngeilleagar gorm, cuirfear dlús leis an gcistiú agus leis an tacaíocht chomhairleach faoi BlueInvest.
Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú
arb é is aidhm di an tAontas a chur chun cinn mar an áit is fearr ar domhan chun tús a chur le cuideachtaí atá dírithe ar an teicneolaíocht agus iad a uas-scálú, cumhdaítear leis teicneolaíocht ghorm freisin. Rachaidh sé chun tairbhe don gheilleagar gorm, go háirithe trí shimpliú rialála, lena n‑áirítear tríd an ‘28ú córas’
, tacaíocht don nuálaíocht, sealbhú tallainne agus forbairt scileanna, chomh maith le comhtháthú le tionscnaimh níos leithne de chuid an Aontais.
Déanfar an tArdán Téamach um Speisialtóireacht Chliste le haghaidh geilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbairt a thuilleadh mar uirlis chun éiceachórais nuálaíochta a chothú sna Ballstáit agus sna réigiúin agus chun infheistíochtaí sa nuálaíocht a mhealladh chun borradh a chur faoi iomaíochas earnálacha an gheilleagair ghoirm.
Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus le comhpháirtithe cur chun feidhme eile de chuid InvestEU chun infheistíochtaí príobháideacha a ghiaráil agus chun caipiteal príobháideach a dhí-rioscú, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:
-Athléimneacht na bpobal cósta a fheabhsú agus tairbhí éiceolaíocha, aeráide, eacnamaíocha agus sóisialta a chur ar fáil, tríd an maoiniú ón Aontas le cistí struchtúracha agus comhtháthaithe, chomh maith le Fís Eorpach, lena n‑áirítear cláir Mhisean an Aontais um an Aigéan agus iasachtaí BEI.
-Leas a bhaint as tuilleadh infheistíochta sa nuálaíocht um an aigéan, trí thionscnamh mapála infheistíochta a sheoladh lena sainaithneofar réitigh airgeadais a chuirfidh dlús le húsáid teicneolaíochtaí nua sa gheilleagar gorm.
-Tacaíocht chomhairleach a fheabhsú faoin tionscnamh na Seaimpíní Gorma chun feabhas a chur ar ullmhacht infheistíochta agus chun réitigh airgeadais a lorg le haghaidh nuálaithe a bhaineann leis na haigéin agus chun dlús a chur le húsáid teicneolaíochtaí nua agus torthaí eolaíochta.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta – rialachas:
-An Gníomh um an Aigéan
-Deais Chomhshocrú an Aontais um an Aigéan
-An Bord um an Aigéan
Cistiú
-Athléimneacht na bpobal cósta a fheabhsú trí mhaoiniú ón Aontas agus iasachtaí BEI
-Tacaíocht airgeadais agus tacaíocht chomhairleach a threisiú faoi BlueInvest
|
2. Cur chuige comhtháite maidir le sláinte agus inbhuanaitheacht an aigéin
Leagadh síos cuspóirí móra de chuid an Aontais agus rinneadh dul chun cinn maidir le sláinte na n‑aigéan mar thoradh ar thionscnaimh de chuid an Aontais. Tá an mhuirthimpeallacht á dhíghrádú fós áfach, agus tá an t‑aigéan agus éagsúlacht na beatha atá á cothú ann fós leochaileach. Mar shampla sceireacha coiréil—áit a maireann an ceathrú cuid de na speicis mhuirí uile—déanann téamh uiscí agus athruithe ar cheimic an aigéin difear dóibh níos mó agus níos mó, rud a lagaíonn a n‑athléimneacht. Tá go leor gnáthóg muirí agus oidhreacht chultúrtha mhuirí, ó mhóinéir féir mara go mangróibh, fós faoi bhrú ó ghníomhaíochtaí muirí agus intíre an duine a chuireann leis an athrú aeráide. Chun feabhas a chur ar shláinte na n‑aigéan agus í a chothú, tá gá le tiomantas, nuálaíocht agus comhar ar na leibhéil uile, lena n‑áirítear ar an leibhéal domhanda
.
Moltar sa Teachtaireacht seo gníomhaíochtaí atá bunaithe ar cheithre phríomhphrionsabal: cur chuige ó fhoinse go farraige maidir le dul i ngleic le truailliú; prionsabal an réamhchúraim; cur chuige bunaithe ar an eolaíocht i leith cinntí beartais; agus cur chuige bunaithe ar éiceachórais.
2.1. An t‑aigéan mar chomhghuaillí sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide
Is é an t‑aigéan an linn charbóin is mó ar ár bpláinéad, agus ionsúnn sé 30 % de na hastaíochtaí carbóin antrapaigineacha. Tá ról ríthábhachtach aige maidir leis an aeráid a rialáil, carbón a leithlisiú agus an t‑athrú aeráide a mhaolú. Tá an acmhainneacht sin á cur i mbaol mar gheall ar theochtaí atá ag ardú, cailliúint na bithéagsúlachta, aigéadú agus dí-ocsaiginiú.
Dá réir sin, trí éiceachórais mhuirí a athbhunú agus an bhithéagsúlacht a atógáil, is féidir rannchuidiú le moill a chur ar an téamh domhanda, trí fheidhm gabhála carbóin na n‑aigéan a mhéadú. Is iad astaíochtaí carbóin de bharr breoslaí iontaise a dhó is cúis le téamh agus aigéadú an aigéin den chuid is mó. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach ár gcuspóirí aeráide a bhaint amach agus dul i mbun taidhleoireacht aeráide chun tabhairt ar astaírí móra eile a n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun dul i ngleic le téamh agus aigéadú an aigéin. Ina theannta sin, cuidíonn táirgeadh fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, a mbeadh ina gcúis le téamh an aigéin murach sin agus a chuirfeadh sláinte agus rathúnas an aigéin i mbaol, agus a laghdódh spleáchas na hEorpa ar bhreoslaí iontaise, lena n‑áirítear a mbaintear as grinneall na farraige, i bhfianaise na rioscaí do na héiceachórais mhuirí lena n‑áirítear grinneall na farraige, agus ar an gcaoi sin slándáil agus ceannasacht fhuinnimh an Aontais a neartú i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais.
Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit bearta a phleanáil agus a chur chun feidhme chun gnáthóga cósta agus muirí díghrádaithe a athbhunú chun an sprioc atá ceangailteach ó thaobh dlí de faoin Dlí um Athbhunú Dúlra a bhaint amach, is é sin 20 % ar a laghad de limistéir farraige an Aontais a chumhdach leis na bearta is gá faoi 2030 agus na héiceachórais uile a bhfuil athbhunú de dhíth orthu faoi 2050.
Tacóidh an Coimisiún le pobail chósta samhlacha nua gnó a thógáil a rachaidh chun tairbhe don dúlra agus do dhaoine araon, lena n‑áirítear cúlchistí carbóin ghoirm Eorpacha, agus treoirlínte UNFCCC
á gcur san áireamh.
2.2. Beatha mhuirí agus seirbhísí éiceachórais fíor-riachtanacha an aigéin a chosaint agus a athbhunú
Déanann brúnna ar an aigéan dochar d’éiceachórais mhuirí agus don bhithéagsúlacht agus déanann sé difear do phobail chósta, d’iascach agus do ghníomhaíochtaí muirbhunaithe eile.
Limistéir Mhuirí faoi Chosaint
Tá ról ríthábhachtach ag líonra limistéar muirí faoi chosaint dea-nasctha a bhainistítear go héifeachtach maidir le héiceachórais agus bia-eangacha a chosaint agus a athbhunú, iad ag tacú le pobail chósta agus iascairí trí chuidiú chun an bheatha mhuirí a atógáil. Leathnaigh an tAontas a líonra limistéar muirí faoi chosaint go 12.3 % dá uiscí ach moltar do na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun sprioc Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 a bhaint amach, is é sin go mbeidh 30 % dá fharraigí faoi chosaint dlíthiúil, agus 10 % dá fharraigí faoi dhianchosaint. Tugtar le tuiscint leis sin pleananna bainistíochta a mholadh le haghaidh gach limistéar muirí faoi chosaint, bunaithe ar an eolaíocht agus le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara áitiúla uile, lena n‑áirítear iascairí, arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar shaintréithe sonracha na limistéar muirí faoi chosaint lena mbaineann i limistéir atá tábhachtach ó thaobh na héiceolaíochta de. Ba cheart a áireamh leis sin a shainaithint, ar bhonn cás ar chás, cé na teicnící iascaireachta atá comhoiriúnach le caomhnú na speiceas agus na ngnáthóg a bhfuiltear ag díriú orthu sna limistéir mhuirí faoi chosaint lena mbaineann.
Dá bhrí sin, oibreoidh an Coimisiún ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, go háirithe na Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga agus an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí agus Dlí um Athbhunú Dúlra, lena n‑áirítear teicneolaíochtaí nua a úsáid, arb é is aidhm dóibh faireachas agus faireachán a éascú.
Gníomhaíochtaí muirí a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe
Lasmuigh de na limistéir mhuirí faoi chosaint, tá ríthábhacht le cur chuige bunaithe ar éiceachórais chun bainistiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ar muir, agus ar na gníomhaíochtaí ar talamh a dhéanann difear don fharraige, mar a leagtar amach an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí chun farraigí glana, sláintiúla agus táirgiúla a bhaint amach, agus ar deireadh ‘dea-stádas comhshaoil’
a bhaint amach d’uiscí muirí uile an Aontais.
D’ainneoin dul chun cinn, cuireadh i dtábhacht i meastóireacht a rinneadh le déanaí ar an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí
go bhfuil gá le tuilleadh céimeanna chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach go hiomlán ar fud 11 tuairisceoir na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí, lena n‑áirítear infheistíochtaí airgeadais a mhéadú chun na bearta riachtanacha a chur chun feidhme. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí chun dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach, an cur chun feidhme a shimpliú, agus an t‑ualach riaracháin a bhaineann le tuairisciú agus bainistiú sonraí a laghdú.
Dul i ngleic le truailliú muirí agus fionnuisce
Tá bagairtí móra ann d’éiceachórais mhuirí agus chósta de bharr truailliú, lena n‑áirítear cothaithigh ó ghníomhaíochtaí ar talamh agus ar muir: rith chun srutha talmhaíochta, éilleáin cheimiceacha, plaistigh agus micreaphlaistigh. Is é sin an fáth ar gá aghaidh a thabhairt ar thimthriall iomlán an uisce ar talamh agus ar muir le bearta. Chun aghaidh a thabhairt ar fhoinsí truaillithe talamhbhunaithe, neartóidh an Coimisiún cur chuige ó fhoinse go farraige, tríd an Straitéis maidir le hAthléimneacht i réimse an Uisce, agus tacóidh sé le pobail chósta sa chomhrac in aghaidh truailliú ar talamh, agus tabharfaidh sé aitheantas dá ról mar gheatóirí idir truailliú na talún agus díghrádú na n‑éiceachóras muirí.
Agus é ag cur leis na ceanglais truailliú a laghdú chun dea-stádas comhshaoil fharraigí an Aontais a bhaint amach, leagtar síos spriocanna uaillmhianacha le Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú, amhail bruscar plaisteach san aigéan a laghdú 50 % agus caillteanais cothaitheach a laghdú 50 % faoi 2030, le tacaíocht láidir le cistiú ó Fhís Eorpach, lena n‑áirítear an Misean ‘Ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú faoi 2030’. Meabhraíonn an Coimisiún go bhféadfadh na Ballstáit tacú le scéimeanna gníomhacha nó éighníomhacha um bailiú bruscair mhuirí faoi chláir náisiúnta CEMID.
Tá bainistiú éifeachtach cothaitheach, agus laghdú mór ar thruailliú lena n‑áirítear micreaphlaistigh, PFAS agus ceimiceáin eile fíor-riachtanach chun sláinte na nAigéan a threisiú. Leanfaidh an Coimisiún freisin de thaighde agus nuálaíocht maidir le bainistiú cothaitheach, micreaphlaisteach a mhaoiniú. Thairis sin, leanfaidh an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) de thalmhaíocht inbhuanaithe a dhreasú, lena n‑áirítear chun cuidiú le cothaithigh iomarcacha a laghdú.
Maidir le truailliú muirí, tá an muiriompar ar cheann de na foinsí móra fós, a chuireann le hastaíochtaí, le sceitheadh, le dramhaíl agus le torann faoi uisce. Le hathrú claochlaitheach i dtreo na haeráidneodrachta agus an truaillithe nialasaigh ar an muiriompar, is féidir an tionchar ar an mbeatha mhuirí a theorannú agus cuidiú chun iomaíochas an Aontais a choinneáil agus a mhéadú
. Cé gur laghdaíodh an truailliú ó longa de bharr na ndlíthe atá ann cheana, tá gá le gníomhaíocht thairis sin chun sceití isteach san aer agus san uisce a shrianadh, agus doirteadh millíní plaisteacha a chosc.
Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
-CleanSeaNet
a fheabhsú ionas gur féidir leis na Ballstáit a chur ar an eolas maidir le cineálacha breise truailleán ó longa e.g. séarachas, dramhaíl, coimeádáin chaillte. Ba cheart do na Ballstáit tuilleadh forbartha a dhéanamh ar phróisis fíorúcháin agus ar inrochtaineacht sonraí. Ag cur leis an obair atá tionscanta ag an Aontas faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí maidir le torann faoi uisce, tacú leis an gComhghuaillíocht Ardleibhéil Uaillmhéine ar mhaithe le haigéan suaimhneach lena gcuirfear réitigh uaillmhianacha agus phraiticiúla chun cinn lena n‑athbhunófar aigéan níos suaimhní.
-Oibriú le comhpháirtithe chun cur chun feidhme iomlán na gcinntí faoi IMO a áirithiú chun truailliú ó mhuiriompar a laghdú.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta
:
-Athbhreithniú ar an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí
-Cúlchistí carbóin ghoirm Eorpacha agus samhlacha nua gnó le haghaidh pobail chósta
-Na Ballstáit a spreagadh limistéir mhuirí faoi chosaint a ainmniú agus a bhainistiú
|
3. Borradh a chur faoin nGeilleagar Gorm Inbhuanaithe i dtreo iomaíochas níos fearr
Is acmhainneacht eacnamaíoch agus chlaochlaitheach é geilleagar gorm an Aontais. Tá sé ina dhlúthchuid de straitéis thionsclaíoch agus slándála níos leithne na hEorpa, agus clúdaíonn sé (i) earnálacha traidisiúnta san iascach, sa dobharshaothrú, sa loingseoireacht agus sa turasóireacht chósta; (ii) earnálacha nua agus earnálacha atá ag teacht chun cinn maidir le fuinneamh in-athnuaite, biteicneolaíocht ghorm, róbataic faoi uisce, agus faire na n‑aigéan, agus (iii) seaimpíní domhanda teicneolaíochta aigéin, arna spreagadh ag taighde agus nuálaíochtaí in IS, sa teicneolaíocht ghlan agus sa teicneolaíocht dhomhain. Maidir le geilleagar gorm athghiniúnach lena n‑athbhunaítear an t‑aigéan agus lena gcothaítear forbairt, cuimsiú sóisialta agus cothromas freisin beidh athbheochan acmhainní muirí agus córais nádúrtha an aigéin i gceist.
I gcomhréir leis an gCompás Iomaíochais agus an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, ní mór don Aontas feabhas a chur ar a iomaíochas agus dlús a chur leis na haistrithe straitéiseacha ar fud earnálacha traidisiúnta an gheilleagair ghoirm agus earnálacha atá ag teacht chun cinn, ag díriú go háirithe ar dhícharbónú agus ar an nuálaíocht a mhéadú. Fágann sé sin tacú lenár n‑earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, lena n‑áirítear aisghabháil níos fearr maidir le dramhaíl bithmhaise uiscí, dlús a chur le teicneolaíochtaí gorma glana a chur in úsáid, tacú le samhlacha gnó lena gcaomhnaítear nó lena n‑athbhunaítear éiceachórais agus bithéagsúlacht an aigéin—trí réitigh dhúlrabhunaithe agus táirgí carbóndiúltacha—agus na dálaí cearta don fhás glan a chruthú. Chun é sin a bhaint amach, tá gá le meascán cliste de chistiú poiblí, infheistíocht phríobháideach, rialáil chumasúcháin, forbairt scileanna, comhroinnt eolais, taighde agus nuálaíocht, agus pleanáil spásúil mhuirí éifeachtach.
3.1. Tacú leis na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe ar mhaithe le Bia Uisceach inbhuanaithe, Slándáil Bia agus Ceannasacht
Tá an t‑iascach agus an dobharshaothrú ríthábhachtach don soláthar bia agus don tslándáil bia. Mar sin féin, allmhairítear 70 % den bhia uisceach a itear san Aontas sa lá inniu
. Mar chomhlánú ar an bhFís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia, cloch mhíle nach beag a bheidh sa mheastóireacht chuimsitheach agus san athbhreithniú féideartha ar CBI, lena gcumhdaítear Comheagrú na Margaí (CEM) freisin, agus Fís 2040 le haghaidh an iascaigh agus an dobharshaothraithe. Áiritheofar leis, in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe, lena n‑áirítear an earnáil próiseála, go gcuirfear feabhas ar a n‑iomaíochas agus ar a n‑athléimneacht agus go n‑áiritheofar soláthar cobhsaí do mhargadh an Aontais, agus cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh á choinneáil san am céanna. Is éard a bheidh i gceist leis sin oibriú leis na Ballstáit chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh slán i bhfad na haimsire agus níos inbhuanaithe trí feabhas a chur ar roghnaíocht trealaimh, lena n‑áirítear trí nuálaíocht, agus tionchair dhiúltacha ar an éiceachóras muirí a laghdú, gabhálacha de thaisme de speicis mhuirí íogaire a íoslaghdú agus, i gcás inar féidir, deireadh a chur leo. Tá sé tábhachtach prionsabail na hinbhuanaitheachta de chuid an Aontais a chur chun cinn ar fud an domhain chun inbhuanaitheacht allmhairí a neartú agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú, a shonraítear a thuilleadh i gcaibidil 7.
Molfaidh an Coimisiún:
-Bearta a dhíreoidh ar an gcabhlach iascaigh a dhícharbónú agus a nuachóiriú, le tacaíocht ón gComhpháirtíocht um Aistriú Fuinnimh le haghaidh na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe
.
-Tacaíocht d’iascach ar mionscála mar thosaíocht. Áirítear ar na gníomhaíochtaí ábhartha vademecum a eisiúint ina gcuirtear i láthair na dea-chleachtais a d’fhéadfadh na Ballstáit a úsáid agus deiseanna iascaireachta á leithdháileadh acu chun feabhas a chur ar an trédhearcacht, agus iascaireacht inbhuanaithe a chur chun cinn, agus idirphlé tiomnaithe maidir le cur chun feidhme. Breithneoidh an Coimisiún freisin Comhairle Chomhairleach thiomnaithe a bhunú.
-Tionscnaimh de chuid an Aontais maidir le Dobharshaothrú Inbhuanaithe a bhunú, ina mbeidh údaráis na mBallstát, ionadaithe na hearnála, grúpaí leasmhara eile, institiúidí taighde agus nuálaíochta, luasairí gnó, agus institiúidí airgeadais rannpháirteach. Cuirfidh sé feabhas ar an gcomhar trí spriocanna a leagan síos agus trí ghníomhaíochtaí a shainiú, lena n‑áirítear tionscadail a fhorbairt a dhíríonn ar ilúsáid an spáis mhuirí.
-Chun táirgeadh algaí na hEorpa a uas-scálú, lena n‑áirítear tríd an Straitéis Bhithgheilleagair nua atá le glacadh faoi dheireadh 2025, tionscnamh Nuálaíochta um an Bithgheilleagar Gorm a sheoladh faoi 2027 agus spriocanna deonacha a leagan síos maidir le fás an táirgthe algaí san Aontas.
-Tionscnamh beartais tiomnaithe chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na Speiceas andúchasach atá ina mbagairt ar an iascach agus ar an dobharshaothrú, lena n‑áirítear deiseanna chun úsáid a bhaint as na speicis sin i gcásanna ina bhfuil leathadh rómhór déanta ag na speicis sin cheana féin.
-Treoirdhoiciméad maidir le creachadóirí a bhainistiú, faoi chuimsiú chur chun feidhme na dTreoirlínte Straitéiseacha maidir le Dobharshaothrú.
-Sa mheastóireacht ar an Rialachán maidir le CEM chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí atá na rialacha lipéadaithe atá ann faoi láthair, lena n‑áirítear raon feidhme na dtáirgí a chumhdaítear, a dtionscnamh agus na bealaí trína ndíoltar iad, amhail ollmhargaí, ceannaithe éisc agus bialanna.
- Feachtas uile-Aontais in 2027 maidir leis na tairbhí agus an breisluach a bhaineann le ‘Bia uisceach’ inbhuanaithe a tháirgtear san Aontas..
-Bearta lena n‑áirithítear inbhuanaitheacht an bhainistithe iascaigh agus cothrom iomaíochta d’iascairí Eorpacha ar fud an domhain (féach roinn 7).
-An mheastóireacht ar Rialachán CBI agus athbhreithniú féideartha air
-Tacú le gné shóisialta na n‑earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe (féach roinn 3).
3.2 Bonn Tionsclaíoch Muirí agus Calafoirt an Aontais a neartú mar nóid chriticiúla
Tá ríthábhacht le bonn monaraíochta muirí na hEorpa d’uathriail straitéiseach, rathúnas agus slándáil an Aontais. Tá an saineolas ag longchlóis, soláthróirí agus soláthraithe teicneolaíochta Eorpacha chun soithí ardluacha a thógáil agus chun teicneolaíocht a fhorbairt le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Chun an buntáiste iomaíoch sin a choinneáil agus chun bheith ar thús cadhnaíochta san aistriú domhanda chuig an teicneolaíocht ghlan, forbróidh an Coimisiún Straitéis Mhuirí Thionsclaíoch.
Is sócmhainní straitéiseacha don iomaíochas agus don tslándáil iad calafoirt an Aontais, agus iad ag feidhmiú mar thairseacha don trádáil dhomhanda, don mhargadh inmheánach, go háirithe mar mhoil don Spás Eorpach Muirí, agus don tsoghluaisteacht mhíleata agus shibhialtach. Tá go leor díobh ag athrú ina moil le haghaidh dícharbónú, ciorclaíochta agus nuálaíochta maidir le slabhraí luacha, rud a thacaíonn le braislí tionsclaíocha. Chun an fheidhm sin a threisiú, glacfaidh an Coimisiún Straitéis Eorpach nua um Chalafoirt.
Chun dlús a chur le dícharbónú earnáil muiriompair an Aontais chun ár spriocanna aeráide a bhaint amach, ní mór an leathnú CTA a rinneadh le déanaí chuig earnáil mhuirí a chur chun feidhme go láidir, ar sásra praghsála gás ceaptha teasa é. Chuige sin, ní mór freisin an tionscnamh ‘FuelEU Maritime’ a chur chun feidhme, ar príomhbheart é chun déine GCT breoslaí a laghdú, chun infheistíochtaí a spreagadh, bonneagar breoslaí malartacha a fhorbairt i gcalafoirt, agus iarrachtaí comhordúcháin a spreagadh ar fud an tslabhra soláthair chun barainneacht scála a bhaint amach. Tá bearta domhanda uaillmhianacha san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) á n‑éileamh ag an Aontas chun cothrom iomaíochta a áirithiú ar an leibhéal domhanda. Is céim thábhachtach é Creat Glan-nialasachta IMO, a comhaontaíodh le déanaí, chun an earnáil tionsclaíochta ina hiomláine a dhícharbónú. Beidh ról chomh fíor-riachtanach céanna ag baint le tacaíocht do dhigitiú oibríochtaí muirí, infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí glasa, agus forbairt scileanna glasa a chothú chun inbhuanaitheacht agus inoiriúnaitheacht fhadtéarmach an tionscail mhuirí a áirithiú.
Tá ríthábhacht le hinfheistíochtaí móra sa táirgeadh breosla mhalartaigh, i mbonneagar fuinnimh, i leictreachas cois cladaigh agus i nglacadh agus comhtháthú na teicneolaíochta glaine nua chun athléimneacht, dícharbónú, nuálaíocht agus iomaíochas san earnáil a spreagadh.
3.3. Earnálacha an gheilleagair ghoirm a neartú a thuilleadh
Is príomhshócmhainní iad teicneolaíochtaí fuinnimh gaoithe amach ón gcósta agus teicneolaíochtaí fuinnimh mhuirí chun spriocanna aeráide a bhaint amach, slándáil fuinnimh a fheabhsú agus fuinneamh inacmhainne a sholáthar atá mar bhonn taca faoin iomaíochas tionsclaíoch ar fud na n‑earnálacha tionsclaíochta agus ar fud na mBallstát. Chun dlús a chur leis an leathadh amach, beidh gá le hinfheistíochtaí móra i mbonneagar eangaí, lena n‑áirítear teicneolaíochtaí fuinnimh agus tarchurtha trasteorann amach ón gcósta, mar aon le comhar réigiúnach feabhsaithe agus réitigh ar shrianta spásúla agus ar an gcómhaireachtáil le gníomhaíochtaí eile amhail an iascaireacht agus an dobharshaothrú.
Chun tairbhiú dá cheannaireacht dhomhanda fós maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus leis an uaillmhian ceannaireacht i dteicneolaíochtaí fuinnimh mhuirí a dheimhniú, ba cheart don Aontas slabhraí soláthair iomaíocha, rochtain ar amhábhair agus lucht saothair oilte a choinneáil ar bun. Beidh ríthábhacht le gealltanais agus comhar réigiúnach
na mBallstát chun é sin a bhaint amach.
Is féidir leis an aigéan a bheith ina fhoinse thábhachtach acmhainní géiniteacha le haghaidh an bhithgheilleagair agus amhábhair. Is féidir leis an sáile a bheith ina fhoinse maignéisiam, litiam, bóróin agus vanaidiam, agus d’fhéadfadh sé cur le slándáil soláthair na miotal sin agus miotal eile trí theicneolaíochtaí costéifeachtacha chun na miotail sin a aisghabháil. Ós rud é go bhfuil ag méadú ar an ngá atá le gléasraí díshalannaithe éifeachtúla chun freastal ar na riachtanais fionnuisce lena thomhailt ag an duine agus hidrigin ghlas a tháirgeadh, iniúchfar a indéanta a bheidh sé miotail a aisghabháil ón sáile trí ghníomhaíochtaí tiomnaithe faoin gclár Fís Eorpach.
Is í an turasóireacht chósta agus mhuirí an earnáil is mó den gheilleagar gorm agus is foinse mhór ioncaim í do go leor limistéar cósta, rud a dhéanann slite beatha a éagsúlú, go háirithe i bpobail tuaithe chósta agus oileánacha. Ag cur leis an dul chun cinn laistigh de Chonair an Aistrithe don Turasóireacht agus de Chlár Oibre Eorpach 2030 don Turasóireacht agus leis an gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara a seoladh i mí na Bealtaine 2025, cuirfidh an Coimisiún Straitéis Turasóireachta Inbhuanaithe an Aontais i láthair in Earrach 2026. Leis an straitéis nua, cuirfear cleachtais chun cinn a rachaidh chun tairbhe do na pobail chósta agus oileánacha araon chomh maith leis na réigiúin is forimeallaí.
3.4. An ghné shóisialta den gheilleagar gorm a neartú
Chun geilleagar gorm rathúil tarraingteach a bhaint amach is comhábhair fhíor-riachtanacha iad an athnuachan ó ghlúin go glúin, rannpháirtíocht na mban, uas-sciliú agus dálaí oibre iomchuí.
Le Straitéis nua Athnuachana Ghorm ó Ghlúin go Glúin atá beartaithe do 2027 cothófar lucht saothair oilte sa chéad ghlúin eile le haghaidh taighde muirí, teicneolaíocht aigéin agus iascach inbhuanaithe. Cuirfear léi oideachas, tuiscint ar an aigéan, agus an t‑aistriú eolais ó ghlúin go glúin chun cinn. Mar a tugadh faoi deara sa teachtaireacht maidir le hAontas Scileanna, cuirfidh an Coimisiún dlús lena iarrachtaí oideachas ETIM
a chur chun cinn, rud ar cheart tacú le hardeolas ar eolaíochtaí muirí freisin amhail innealtóireacht chomhshaoil, bitheolaíocht mhuirí agus ceimic mhuirí. Ba cheart do chomhghuaillíochtaí ollscoileanna agus scoileanna na hEorpa aird níos mó a thabhairt ar an ngeilleagar gorm agus ar an acmhainneacht a bhaineann leis agus ba cheart déanamh amhlaidh le linn ETIM a chur chun cinn freisin.
Chun borradh a chur faoi scileanna digiteacha agus fiontraíochta, ailíneoidh an straitéis athnuachana ghorm ó ghlúin go glúin leis an bPobal nua Eolais agus Nuálaíochta (PEN) i réimse na n‑earnálacha agus na n‑éiceachóras uisce, muirí agus mara lena soláthraítear creat struchtúrtha uile-Aontais chun éiceachórais an gheilleagair ghoirm agus Aontas na Scileanna a nascadh, lena dtacaítear le comhpháirtíochtaí trasearnála sa gheilleagar gorm, chomh maith leis an Straitéis Shuaitheanta le haghaidh Cothroime Idirghlúine.
San iascach, beidh an Coimisiún dírithe ar athnuachan ó ghlúin go glúin agus ar an ngairm a dhéanamh níos tarraingtí, lena n‑áirítear trí nuachóiriú cabhlaigh, digitiú agus sábháilteacht fheabhsaithe ar bord. Áireofar ann freisin tacaíocht d’uas-sciliú agus athsciliú iascairí.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta:
-Meastóireacht ar CBI agus athbhreithniú féideartha air
-Fís 2040 don iascach agus don dobharshaothrú
-Straitéis Mhuirí Thionsclaíoch agus Straitéis Eorpach um Chalafoirt
-An Straitéis Athnuachana Ghorm ó Ghlúin go Glúin
|
4. Pobail chósta agus oileáin a chosaint agus a chumhachtú
Cuireann aigéan sláintiúil slite beatha, cosaint agus braistint féiniúlachta ar fáil do phobail chósta. Is iad na pobail chósta an fórsa daonna lena spreagtar geilleagar gorm inbhuanaithe iomaíoch ar an mbóthar i dtreo cleachtais athghiniúnacha agus tá ról ríthábhachtach acu maidir le bia sláintiúil agus inbhuanaithe, fuinneamh in-athnuaite muirí atá glan agus inacmhainne a chur ar fáil do mhuintir na hEorpa agus chun an Eoraip a nascadh leis an gcuid eile den domhan. Ba cheart aitheantas níos fearr a thabhairt dá ról maoirseachta, mar phríomhpháirtithe leasmhara gus mar phríomhghníomhaithe sa rialachas muirí.
Tá limistéir chósta éagsúil agus tá sócmhainní uathúla geografacha agus nádúrtha acu, rud a chuireann deiseanna móra eacnamaíocha agus dúshláin uathúla ar fáil. Chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht réigiúin chósta an Aontais, ní mór na príomhphobail chósta a neartú agus an bhearna a dhúnadh dóibh siúd atá ag streachailt chun deiseanna a thapú.
Is iad na limistéir chósta is mó atá i mbaol ó athrú aeráide freisin, agus iad ag dul i ngleic le leibhéil farraige atá ag ardú, teagmhais adhaimsire, creimeadh cósta, tuilte, ionsá sáile agus ídiú na bithéagsúlachta, lena n‑áirítear stoic éisc. Meastar go gcuirfidh pobail chósta agus na réigiúin is forimeallaí dlús leis an oiriúnú agus leis an ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna. Cuirfidh an Coimisiún dlús leis an tacaíocht do phobail chósta chun straitéisí agus pleanáil oiriúnúcháin a chur chun feidhme, go háirithe trí phlean an Aontais um oiriúnú don athrú aeráide atá le teacht.
Chun borradh a chur faoina thacaíocht do phobail chósta agus i gcomhréir le Straitéis um Aontas na hUllmhachta, molfaidh an Coimisiún Straitéis nua an Aontais maidir le Forbairt agus Athléimneacht na gComhphobal Cósta in 2026. Gabhfaidh an straitéis na deiseanna agus leagfar amach inti an creat chun forbairt eacnamaíoch áitiúil a chothú agus chun dlús a chur leis an athléimneacht i bpobail chósta. Leis an straitéis, cuirfear chun cinn acmhainneachtaí luathrabhaidh agus pleananna um oiriúnú a dtacaíonn ardseirbhísí breathnóireachta agus réamhaisnéise leo.
Is é is aidhm di acmhainneacht ollmhór na bpobal cósta a spreagadh maidir le samhlacha gnó inbhuanaithe nua a fhorbairt agus a chur in úsáid, samhlacha a chuireann le forbairt inbhuanaithe agus iomaíochas an Aontais ina iomláine. Tacóidh sí le deiseanna éagsúlaithe ioncaim agus dreasóidh sí cuimsiú gníomhaíochtaí athghiniúnacha agus athbhunaithe, nuálaíocht eolaíochta agus teicneolaíochta maidir le réamh-mheastacháin agus forbairt seirbhísí a bhreathnú, ag cur le rath na dtionscadal Forbartha Áitiúla faoi stiúir an Phobail
, cur chuige Bauhaus Eorpach Nua
chomh maith le tithe solais Mhisean an Aontais chun ‘ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú faoi 2030’.
I bhfianaise na ndúshlán sonrach atá roimh na hoileáin agus na réigiúin is forimeallaí, agus beartais shaincheaptha agus sineirgí níos fearr á n‑iarraidh aige, chinn an Coimisiún comhairliúchán a sheoladh maidir le straitéis nua d’oileáin agus straitéis do na réigiúin is forimeallaí a tugadh cothrom le dáta.
Tá gá le haird shonrach agus bearta sonracha atá curtha in oiriúint do shaintréithe na réigiún is forimeallaí chun a n‑oileánachas a mhiondealú agus chun freastal ar a riachtanais: a n‑athléimneacht agus a nascacht a neartú, a neamhspleáchas eacnamaíoch, fuinnimh agus bia a fhorbairt, chomh maith lena n‑oidhreacht nádúrtha a chosaint. Go háirithe, tá dúshláin bhreise roimh an iascach ar mionscála ina chuid oibríochtaí mar gheall ar a iargúlta atá na réigiúin sin agus a neamhchosanta atá siad ar theagmhais adhaimsire. Chun aghaidh a thabhairt orthu sin, molfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na treoirlínte maidir le cabhlaigh i gcothromaíocht le haghaidh soithí iascaireachta níos lú ná 12 mhéadar ar fad sna réigiúin is forimeallaí ar bhonn na heolaíochta is fearr atá ar fáil i samhradh 2025.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta nua
:
-Straitéis nua an Aontais maidir le Forbairt agus Athléimneacht na gComhphobal Cósta
-Comhairliúchán faoi Straitéis nua d’Oileáin an Aontais
-Straitéis maidir leis na réigiúin is forimeallaí a tugadh cothrom le dáta
-Athbhreithniú ar na treoirlínte maidir le cabhlaigh i gcothromaíocht le haghaidh soithí iascaireachta atá níos lú ná 12 mhéadar ar fad sna réigiúin is forimeallaí
|
5. Ról fíor-riachtanach an taighde aigéin, an eolais ar an aigéan, tuiscint ar an aigéan agus scileanna don nuálaíocht ghorm
5.1. An Eoraip mar cheannaire domhanda in eolaíocht aigéin: tionscnamh um fhaire na n‑aigéan a sheoladh
Is í faire na n‑aigéan bunchloch an eolais mhuirí uile. Soláthraíonn sí sonraí criticiúla le haghaidh réamhaisnéis na haimsire, straitéisí maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, faireachán ar theagmhais fhoircneacha, slándáil shibhialta - dálaí farraige, tuilte -, loingseoireacht mhuirí, fuinneamh amach ón gcósta, iascach agus dobharshaothrú, agus níos mó agus níos mó le haghaidh cosanta agus slándála. Mar sin féin, tá cuid mhór den aigéan gan taiscéaladh fós, tá sonraí in easnamh go criticiúil nó níl fáil orthu, agus tá na líonraí breathnóireachta atá ann faoi láthair faoi bhrú atá ag dul i méid.
Faoi láthair, tá an tAontas ag brath go substaintiúil ar chomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le faire na n‑aigéan. De réir mar a athraíonn an gheopholaitíocht áfach, tá roinnt comhpháirtithe idirnáisiúnta ag éirí as eolaíocht aigéin, rud a chuireann isteach ar phríomhshonraí agus ar chláir bhreathnóireachta agus a chruthaíonn dothuarthacht maidir le hinfhaighteacht sonraí criticiúla stairiúla agus sonraí criticiúla a bheidh ann amach anseo. Ní bheidh roinnt tacar sonraí ar fáil a thuilleadh, agus ní choinneofar tacair sonraí eile ná ní chuirfear i gcrích iad. Tá baol mór ann go dtiocfaidh laghdú ar an gcumhdach domhanda arna dhéanamh ag bonneagar breathnóireachta, rud a fhágann nach mbeidh faisnéis chomh hiontaofa agus chomh cruinn céanna do lucht ceaptha beartas, do shaoránaigh agus d’infheisteoirí.
I ndomhan geopholaitiúil rioscúil, ní mór don Eoraip éirí neamhspleách agus a bheith uathrialaitheach maidir le gach bonneagar criticiúil aigéin, agus maidir le sonraí agus seirbhísí faisnéise agus an comhar eolaíoch idirnáisiúnta á chaomhnú agus á fheabhsú nuair is féidir.
Moltar i gComhshocrú um an Aigéan dlús a chur le hiarrachtaí na hEorpa trí thionscnamh uaillmhianach um fhaire na n‑aigéan a sheoladh, lena n‑áirítear le haghaidh farraigí cósta agus domhainfharraige, lena gcumhdaítear slabhra luacha iomlán an eolais, agus trí ról ceannasach idirnáisiúnta a ghlacadh, chun faisnéis chriticiúil a chur ar fáil do na gníomhaithe agus do na hearnálacha muirí uile.
Is é an Tionscnamh Eorpach um fhaire na nAigéan, lena gcumhdaítear feachtais faire, próiseáil sonraí, bonneagair agus soláthar príomhsheirbhísí, an chéad chaibidil eile maidir le fionnachtain spás inmheánach ár bpláinéid agus déanfaidh sé acmhainneachtaí faire na n‑aigéan a nascadh, a mhéadú, a rialú agus a dhaingniú.
Leis an tionscnamh sin, spreagfar comhar eolaíoch idirnáisiúnta freisin le comhpháirtithe atá ar aon intinn léi, go háirithe chun córas domhanda um fhaire na n‑aigéan a bheidh oiriúnach dá fheidhm a chur i gcrích
:
-Sonraí stairiúla ó fhaire na n‑aigéan atá i mbaol faoi láthair i mbunachair sonraí atá bunaithe san Aontas a dhaingniú, trí ghníomhaíocht de chuid Fís Eorpach in 2025.
-Treoirphlean a chur ar fáil ina mapálfar na bearnaí eolais, faoi mhí an Mheithimh 2026.
-Córas comhtháite, ardteicneolaíochta, costéifeachtach, iontaofa agus slán um fhaire a fhorbairt.
-Cur chuige comhleanúnach caighdeánaithe a chruthú maidir le feachtais faire na n‑aigéan a phleanáil agus a sheoladh faoi 2027
Cuireann an tionscnamh le rannchuidiú reatha an Aontais le heolas oibríochtúil muirí. Mar chuid de sin, forbróidh agus comhtháthóidh an Coimisiún an dá sheirbhís sonraí shuaitheanta de chuid an Aontais EMODNET agus Sheirbhís Mhuirí Copernicus a thuilleadh
.
Cuirfidh sé le Digital Twin of the Ocean, ionadaíocht fhíorúil gar d’fhíor-am atá uaillmhianach agus láraithe ar an aigéan a mbeidh rochtain ag gach saoránach, gach eolaí agus gach nuálaí uirthi, rud a sholáthróidh cásanna agus pointí iompaithe féideartha agus amach anseo, agus spreagthaigh athruithe a thacaíonn le ceapadh beartas fianaisebhunaithe ag gnólachtaí. Ba cheart Digital Twin of the Ocean, a d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin ag an gCruinniú Mullaigh ‘One Ocean’ in 2022, agus a bheidh idir-inoibritheach le córas Digital Twin of the Earth arna fhorbairt faoin tionscnamh Destination Earth, a bheith ag feidhmiú mar chlár de chuid an Aontais faoi 2030.
Cuideoidh an tionscnamh um Fhaire na nAigéan le comhpháirtithe na hEorpa ‘Roghnaigh an Eoraip’ mar chomhghuaillí iontaofa eolaíochtbhunaithe, ardteicneolaíochta, slán agus oscailte. Rannchuideoidh sé freisin le feabhas a chur ar an tuiscint ar an aigéan agus le feasacht an phobail ar shaincheisteanna a bhaineann leis an aigéan a éascú.
5.2. Taighde ar an aigéan agus nuálaíocht le haghaidh ceannaireacht dhomhanda
Cuirfidh Straitéis T&N um an Aigéan leis an gClár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus, i measc nithe eile, le Misean an Aontais chun ‘ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú faoi 2030’. Áiritheofar leis cur chuige ‘ó fhoinse go farraige’
, agus is é is aidhm dó feabhas a chur ar an rialachas atá ann faoi láthair trí ilroinnt thionscnaimh T&N an Aontais a shárú, lena n‑áirítear a mbonneagair thaighde. Líonfaidh sé sin an bhearna idir taighde agus nuálaíocht trí mhaoiniú a chur ar fáil chun eolas agus réitigh nua a fhorbairt agus a chur in úsáid.
Éascóidh an Coimisiún bunú líonra Eorpaigh de shuíomhanna tástála teicneolaíochta aigéin chun dlús a chur leis an nuálaíocht agus le príomhtheicneolaíochtaí aigéin a chur in úsáid.
Trí chineálacha cur chuige trasdisciplíneacha lena n‑ionchorpraítear taighde rannpháirteach agus rannpháirtíocht na saoránach, is féidir réitigh a cheapadh le haghaidh chaomhnú na n‑aigéan agus an uisce, rud a thacóidh ar deireadh le folláine na bpobal cósta.
Le sásraí comhair Eorpacha bunaithe, amhail na hAigéin JPI agus an Chomhpháirtíocht um an nGeilleagar Gorm Inbhuanaithe, slógfar infheistíochtaí náisiúnta agus beidh ról tábhachtach acu maidir le dúshláin T&N um an aigéan a shainaithint agus freagairt dóibh.
5.3. Tuiscint ar an aigéan agus rannpháirtíocht na saoránach a neartú
Le tuiscint ar an aigéan agus rannpháirtíocht na saoránach, cothaítear tuiscint ar thionchar an aigéin orainne agus ar ár dtionchar ar an aigéan, rud a chuireann ar a gcumas do shaoránaigh roghanna eolasacha a dhéanamh. Moltar do na Ballstáit idirphlé idirghlúine a chur chun cinn, bunaithe ar chleachtaí rannpháirtíochta agus/nó dioscúrsacha. Déanfar coincheap na tuisceana ar an aigéan a nascadh le coincheap níos leithne lena ndéantar tuiscint ar uisce agus tuiscint ar na naisc idir bainistiú uisce agus an fharraige a chur chun cinn. Is trí oibriú le chéile agus meas a bheith againn ar éagsúlacht na bpáirtithe leasmhara uile, amháin, is féidir linn leas iomlán a bhaint as ár n‑aigéan agus todhchaí níos inbhuanaithe a chruthú do chách.
Déanfaidh an Coimisiún uas-scálú ar an gComhghuaillíocht Eorpach um Thuiscint ar an Aigéan (EU4Ocean), ina bhfuil na mílte eagraíochtaí, gnólachtaí, an óige agus leanaí scoile rannpháirteach. Trí oideachas, múscailt feasachta agus uirlisí seanbhunaithe amhail Atlas Eorpach na bhFarraigí, leanfaidh EU4Ocean de bheith ag obair chun eolas a mhéadú maidir le tábhacht an aigéin, lena n‑áirítear trí bheith ag obair leis an gcuibhreannas Bauhaus of the Seas Sails
.
Mar fhorbairt ar an bhfóram Youth4Ocean, bunóidh an Coimisiún Líonra Eorpach Ambasadóirí Óige agus Idirghlúine um an Aigéan chun gairmithe óga maidir leis an aigéan agus abhcóidí a rannpháirtiú in inbhuanaitheacht an aigéin ar fud an Aontais agus ar fud an domhain. Tacófar le forbairt gairme gairmithe luathghairme maidir leis an aigéan tríd an gClár Gorm Idirghlúine nua de chuid Chomhghuaillíocht an Atlantaigh Uile um T&N ar an Aigéan. Óstálfaidh an Coimisiún Idirphlé Beartais leis an Aos Óg ar bhonn bliantúil, lena n‑áiritheofar go ndéanfar guthanna daoine óga a chomhtháthú go héifeachtach sa cheapadh beartas.
Le clár nua intéirneachta faoin gcomhghuaillíocht EU4Ocean cuirfear taithí phraiticiúil ar fáil do dhaoine óga i bpoist a chuireann le geilleagar gorm iomaíoch inbhuanaithe. Ní hamháin go dtabharfaidh sé na scileanna is gá le haghaidh gairmeacha amach anseo do dhaoine óga ach treiseofar freisin an nasc idir tuiscint ar an aigéan agus an earnáil phríobháideach. Díreofar go speisialta ar mhná, chomh maith le grúpaí eile faoi ghannionadaíocht, a chumhachtú chun ról gníomhach fóinteach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí um an aigéan.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta:
-An Tionscnamh Eorpach um Fhaire na nAigéan agus Oibríochtú Digital Twin of the Ocean faoi 2030 mar rannchuidiú le Deich mBliana um an Eolaíocht Aigéin ar mhaithe le hInbhuanaitheacht
-An Straitéis T&N AE um an Aigéan
-Líonra Eorpach Ambasadóirí Óige agus Idirghlúine um an Aigéan a bhunú
|
6. An tslándáil mhuirí agus an chosaint mhuirí mar bhunchoinníoll
Mar gheall ar an méadú ar chastacht na mbagairtí - lena n‑áirítear ionsaithe ar bhonneagar faoi uisce, cibearbhagairtí, rioscaí ó shoithí faoi bhun caighdeáin agus ó scáthchabhlach, agus conspóid straitéiseach faoi spásanna muirí - tá gá le freagairt chomhordaithe faoi stiúir na teicneolaíochta agus a sheasfaidh an aimsir lena gcumhdófar na gnéithe seachtracha agus inmheánacha, chomh maith leis na gnéithe míleata agus sibhialta. Is i Muir Bhailt go sonrach a bhaineann géar-rioscaí don chomhshaol leis an scáthchabhlach maidir le doirteadh ola, bagairtí sábháilteachta agus slándála muirí, trádáil idirnáisiúnta agus sáruithe ar an dlí muirí.
Le Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh agus an plean gníomhaíochta a ghabhann léi, cuirtear creat ar fáil don Aontas chun a leasanna ar muir a chosaint, a shaoránaigh agus a chríoch a chosaint, agus a luachanna agus a gheilleagar a chur chun cinn. Treisíonn siad an t‑ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, lena n‑áirithítear comhlíonadh iomlán na n‑ionstraimí idirnáisiúnta, go háirithe Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige.
I dteannta na dtosaíochtaí sin, agus i gcomhréir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Slándáil Cáblaí, an Teachtaireacht maidir le Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach: Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach
, agus an Páipéar Bán maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa, ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit díriú ar an gcomhar cabhlaigh agus garda cósta a neartú, lena n‑áirítear trí Oibríochtaí Ilchuspóireacha Muirí lena gcuirfear feabhas ar fheasacht ar réimsí muirí, infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíocht mhuirí cheannródaíoch, cosaint bonneagair chriticiúil agus soghluaisteacht mhíleata a neartú, cumais na gcabhlach cosanta a leathnú, agus láithreacht agus comhpháirtíochtaí Eorpacha ar fud an domhain a threisiú.
6.1. Comhar garda cósta agus cabhlaigh an Aontais agus slándáil teorainneacha muirí a neartú
Déanfaidh an Coimisiún an comhar garda cósta a chur chun cinn a thuilleadh trí shamhlacha rathúla amhail an Fóram Eorpach maidir le Feidhmeanna Garda Cósta agus Fóram na Meánmhara maidir le Feidhmeanna Garda Cósta a leathnú chuig limistéir amhail an Mhuir Dhubh. Díreoidh an infheistíocht ar threoirscéim flít drón aerbheirthe gan foireann Eorpach, lena gcomhtháthófar IS agus ardbhraiteoirí le haghaidh faireachán muirí fíor-ama, le tacaíocht ó Frontex, EMSA agus EFCA. Feabhsófar brath agus freagairt, comhlánófar tionscnaimh ECAT, agus cosnófar bonneagar fomhuirí criticiúil. Le hinfheistíocht i bhfothú acmhainneachta agus in oiliúint, neartófar an comhar garda cósta agus idirghníomhaireachta ar fud an Aontais.
6.2. Teicneolaíocht don tslándáil agus don chosaint a chur chun cinn
Déanfaidh an tAontas ionstraimí amhail an Ciste Eorpach Cosanta, PESCO, GEC agus SAFE agus Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach atá beartaithe
, a ghiaráil chun fórsaí cabhlaigh agus bonneagair ghaolmhara a nuachóiriú, lena n‑áirítear maidir le cumais chumarsáide agus líonraithe, braiteoirí, T&F le haghaidh teicneolaíochtaí, agus soláthar comónta sócmhainní le haghaidh faisnéise, faireachais agus taiscéalaíochta chomh maith le lárionaid réigiúnacha um chomhleá faisnéise a bhunú ó 2025 ar aghaidh. Tá BEI tiomanta do chuidiú chun borradh a chur faoin tionscal, lena n‑áirítear trí thacú le teicneolaíochtaí muirí, trí chaipiteal príobháideach a shlógadh le haghaidh nuálaíocht atá dírithe ar an tslándáil.
Le tionscnamh nua Eorpach um Fheasacht ar Réimse Muirí (lena n‑áirítear an treoirfhlít Eorpach gan foireann a mholtar thuas), nascfar braiteoirí, córais gan foireann agus aerárthaí patróil chun líonra comhtháite faireachais a chruthú. Beidh ríthábhacht le feasacht ar réimsí muirí níos láidre chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus tacú le freagairtí éigeandála. Mar thoradh ar theagmhais a tharla le déanaí a bhfuil tionchar acu ar bhonneagar criticiúil muirí, cuirtear i dtábhacht an gá atá le comhar rianúil, agus cur chuige réigiúnach a leanúint in aghaidh an imchuach farraige.
Molann an Coimisiún go gníomhach do na húdaráis agus gníomhaireachtaí muirí ábhartha náisiúnta agus Eorpacha uile nascadh leis an Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise (CISE), agus cur chuige imchuach farraige a ghlacadh chun borradh a chur faoin gcomhtháthú réigiúnach. Aithníonn an Coimisiún cineál athraitheach na mbagairtí muirí, agus tá sé tiomanta don mhalartú faisnéise rúnaicmithe a chumasú laistigh de chreat CISE agus a idirnascacht leis an gcreat um malartú faisnéise arna oibriú ag Frontex, go háirithe EUROSUR, a spreagadh chomh maith lena idir-inoibritheacht leis an líonra faireachais mhuirí (MARSUR), lena n‑éascaítear cumarsáid shlán i measc fhórsaí cabhlaigh na mBallstát. Treiseofar leis sin an comhéadan sibhialta-míleata, cuirfear feabhas ar fheasacht staide chomhroinnte, agus cumasófar freagairtí comhordaithe níos tapúla ar bhagairtí ar fud an réimse mhuirí. Tacóidh an Coimisiún le hiarrachtaí a bhaineann le feasacht ar réimsí muirí chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo léiriú muirí aitheanta gar d’fhíor-am ón spás go grinneall na farraige, a d’fhéadfaí a chomhroinnt le ECAT.
6.3. Bonneagar muirí criticiúil a chosaint
De bhreis ar fhaireachas, beidh an chibearshlándáil agus athléimneacht na gcóras TF ina bpríomhréimse fócais. Agus 99 % de shreafaí sonraí domhanda ag brath ar cháblaí fomhuirí, beidh sé ríthábhachtach bonneagar digiteach a dhaingniú in aghaidh cibearbhagairtí, go háirithe i réigiún Mhuir Bhailt ina bhfuil sábháilteacht an bhonneagair chriticiúil i mbaol níos mó fós.
Cuid lárnach de is ea cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Aontais um Shlándáil Cáblaí
i sineirgíocht leis an Straitéis Mhuirí Thionsclaíoch atá ar na bacáin, lena bhfeabhsófar sásraí faireachais, díspreagtha agus freagartha. Bhainfeadh slándáil an bhonneagair mhuirí agus fhomhuirí tairbhe as acmhainneachtaí níos láidre chun bagairtí a bhrath agus as léiriú staide fíor-ama níos aontaithe in aghaidh an imchuach farraige. Tá an Coimisiún ag tacú le Moil Cáblaí Réigiúnacha dheonacha a bhunú in aghaidh an imchuach farraige lena bhfoirmeofar an Sásra Comhtháite Faireachais, ina gcomhaontódh na Ballstáit dul i gcomhar le chéile maidir le brath feabhsaithe ar an leibhéal réigiúnach. Ag teacht as sin, tá gealladh faoin Meabhrán Tuisceana Baltach/Nordach maidir le bonneagar criticiúil faoin bhfarraige a chosaint i Muir Bhailt, chun comhar réigiúnach níos láidre a bhaint amach maidir le slándáil na mbonneagar criticiúil i Muir Bhailt.
Tá ordanás neamhphléasctha (UXO) atá in uiscí an Aontais ina bhagairt ar éiceachórais agus ar bhonneagar. Le straitéis chomhordaithe chun UXO a bhaint, a thosóidh i Muir Bhailt agus sa Mhuir Thuaidh agus a leathnóidh go dtí an Mhuir Dhubh, bainfear úsáid as ardteicneolaíochtaí braite agus diúscartha. Cuirfidh comhpháirtíochtaí le HELCOM agus le comhlachtaí réigiúnacha eile feabhas ar an gcur chun feidhme.
6.4. Oibríochtaí Cabhlaigh an Aontais agus Comhpháirtíochtaí Domhanda a threisiú
Neartóidh an tAontas a oibríochtaí cabhlaigh faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta lena ndíreofar ar fheasacht ar réimsí muirí agus ar bhonneagar criticiúil a chosaint. Beidh ríthábhacht le láithreacht leanúnach chabhlaigh in uiscí an Aontais chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a dhíspreagadh.
Tá ag méadú ar neamhchosaint an Artaigh ar iomaíocht gheopholaitiúil agus is réigiún ríthábhachtach é don Aontas ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na slándála de. Tá bealaí nua farraige á n‑oscailt ag an athrú aeráide, rud a chuireann leis an mbaol ó iomaíocht le haghaidh acmhainní, díghrádú an chomhshaoil, agus bagairtí hibrideacha ar shlándáil an Aontais. Mar a léiríodh i mbeartas AE maidir leis an Artach, is de thiomantas an Aontais a áirithiú go leanfaidh an tArtach de bheith ina réigiún síochána, ar bheagán teannais agus ina mbeidh comhar inbhuanaithe. Tá forbairt na hathléimneachta san Artach ag teacht le tosaíochtaí an Aontais maidir le haeráid, slándáil agus comhar iltaobhach.
Beidh sé d’aidhm ag an Aontas freisin an comhar oibríochtúil a neartú leis na Ballstáit Nordacha agus le Stáit Artacha atá ar aon intinn leo, go háirithe maidir le faireachas muirí, cuardach agus tarrtháil, agus cosaint bonneagair chriticiúil mhuirí.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta:
-Straitéis chuimsitheach UXO chun teicneolaíochtaí ceannródaíocha braite agus diúscartha a chomhtháthú
-Comhar níos doimhne a fhorbairt idir an tAontas, a Bhallstáit Artacha agus Stáit Artacha atá ar aon intinn leo
-Treoirthionscadal le haghaidh flít drón Eorpach gan foireann (UxV), (dromchla, faoi uisce agus spáis) a fheisteofar le córais agus teicneolaíochtaí úrscothacha
-An comhar a neartú faoi chuimsiú na gComhpháirtíochtaí Straitéiseacha agus Cuimsitheacha le tíortha comhpháirtíochta san Afraic Thuaidh agus sa Mheánoirthear
|
7. Rialachas idirnáisiúnta na n‑aigéan agus taidhleoireacht threisithe maidir leis na haigéin
Agus í leabaithe go daingean in iarrachtaí Eorpacha maidir leis an Taidhleoireacht Ghlas agus ag tacú le cur chun feidhme gealltanas domhanda, go háirithe i gcomhthéacs Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, cuirfidh an taidhleoireacht Eorpach maidir leis na haigéin dlús le gníomhaíochtaí chun an t‑aigéan a chosaint, agus chun leasanna agus luachanna an Aontais maidir le gnóthaí an aigéin a chosaint agus a chur chun cinn, agus caidreamh éifeachtach polaitiúil, eacnamaíoch, cultúrtha agus eolaíoch a fhorbairt le tíortha, le náisiúin agus le heagraíochtaí ábhartha freisin. Is tábhachtaí ná riamh iad comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta níos láidre agus taidhleoireacht iltaobhach agus torthaí iltaobhacha a chur chun cinn. Tá gá leo chun acmhainní muirí a chosaint agus a bhainistiú go héifeachtach, go háirithe san iascach ina gcuideoidh iarrachtaí chun cothrom iomaíochta idirnáisiúnta níos fearr agus níos cothroime a chruthú le hiascach an Aontais agus leis an inbhuanaitheacht dhomhanda araon
.
7.1. Rialachas idirnáisiúnta na n‑aigéan a neartú
Tá an tAontas tiomanta seasamh leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS) agus an t‑ord iltaobhach riailbhunaithe a threisiú, ar ord é a théann chun tairbhe gach náisiúin agus gach pobail trí rialachas idirnáisiúnta éifeachtach a eagrú. Bainfidh an tAontas úsáid as a thionchar taidhleoireachta bunaithe ar a limistéar eacnamaíoch eisiach carnach, ar a mhargadh mór bia mara agus ar a thiomantas don inbhuanaitheacht.
Agus aitheantas á thabhairt aige don ghá le comhar domhanda, féachfaidh an tAontas le rialachas na n‑aigéan a chur ar thús cadhnaíochta na gclár oibre idirnáisiúnta, creataí dlí idirnáisiúnta a ailíniú agus comhpháirtíochtaí a chothú.
Déanfaidh an Coimisiún na príomhghníomhaíochtaí seo a leanas a chur in ord tosaíochta agus a mhéadú:
-Comhaontú BBNJ
a dhaingniú go tapa, a theacht i bhfeidhm tapa a chur chun cinn, tacú lena chur chun feidhme, agus a áirithiú go rialófar an Mhórmhuir ar bhealach inbhuanaithe.
-conradh uaillmhianach Domhanda maidir le Plaistigh chun srian a chur le truailliú an aigéin agus beidh sé ina chomhpháirtí agus ina cheannaire iontaofa a rachaidh i dteagmháil le páirtithe eile agus a thabharfaidh an chaibidlíocht maidir leis an gconradh i gcrích a luaithe is féidir.
Ba cheart don Aontas úsáid a bhaint freisin as a ghiaráil taidhleoireachta agus a acmhainneachtaí for-rochtana uile chun teacht ar chomhaontú maidir le hainmniú trí mhórlimistéar muirí faoi chosaint san Aigéan Theas arb é an bealach is fearr é chun éiceachórais agus bithéagsúlacht uathúil mhuirí Antartaice, atá gan mhilleadh, a chaomhnú. Thairis sin, cuirfidh an tAontas cosaint 30 % den Mhórmhuir chun cinn faoi 2030. Tá comhaontú BBNJ á thrasuí ag an Aontas i ndlí an Aontais
chun a áirithiú go gcomhlíonfar an comhaontú.
Leanfaidh an Coimisiún de thacú lena sheasamh réamhchúraim maidir le mianadóireacht domhainfharraige, agus béim á leagan aige ar an ngá le taighde breise a dhéanamh ar na tionchair chomhshaoil, bhithéagsúlachta agus shocheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith aici. Go dtí go mbeidh fianaise eolaíoch leordhóthanach ar fáil chun a dheimhniú nach bagairt d’éiceachórais mhuirí í an mhianadóireacht domhainfharraige, iarrann an Coimisiún sos réamhchúraim a ghlacadh agus é á iarraidh ar an gComhairle an cur chuige sin a dheimhniú. Tacóidh an Coimisiún le cur chuige riailbhunaithe ag an Údarás Idirnáisiúnta um Ghrinneall na Farraige.
Tá an Coimisiún tiomanta do phrionsabal an réamhchúraim agus don ghá atá le bonn eolaíoch leordhóthanach a áirithiú ar a dtabharfar údar le gníomhaíochtaí den sórt sin agus breithniú iomchuí a dhéanamh ar an riosca agus ar na tionchair ghaolmhara sula ndéanfar dul chun cinn le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn lena ndéantar idirghabháil i muirthimpeallachtaí chun an t‑athrú aeráide a mhaolú, amhail geo-innealtóireacht mhuirí agus teicneolaíochtaí bainte dé-ocsaíde carbóin
.
Molann an tAontas Ardán Idirnáisiúnta um Inbhuanaitheacht an Aigéin, a bheadh ceaptha chun feabhas a chur ar an gcomhéadan idir an eolaíocht agus an beartas
. Leis an Ardán Idirnáisiúnta um Inbhuanaitheacht an Aigéin spreagfar an chinnteoireacht fhianaisebhunaithe, lena neartófar an t‑eolas agus an tuiscint dhomhanda ar chórais an aigéin chun cosaint agus bainistiú inbhuanaithe níos éifeachtaí a chumasú. Tacaíonn an Coimisiún freisin le tionscnaimh le haghaidh tuilleadh comhair eolaíoch amhail Comhghuaillíocht an Atlantaigh Uile um Thaighde ar an Aigéan.
Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí seo a leanas:
-Tá an Coimisiún ag féachaint faoi láthair ar conas feabhas a chur ar inbhuanaitheacht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe allmhairithe faoi chóras na dTaraif-Chuóta Uathrialaithech.
-Chun gabháil turtar mara de thaisme a laghdú in 2026, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún sonraíochtaí a ghlacadh maidir leis an bhfeiste eisiaimh turtar atá le húsáid ag cabhlach an Aontais san iascach séaclaí trópaiceacha san Atlantach Thiar agus san Aigéan Indiach. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht na sonraíochtaí nua sin sula ndéanfar breithniú ar thuilleadh céimeanna go hinmheánach nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.
-Thairis sin, iarrfaidh an Coimisiún go ndaingneofar ionstraimí idirnáisiúnta agus go gcuirfear chun feidhme iad go hiomlán amhail Comhaontú EDT maidir le Fóirdheontais Iascaigh chun fóirdheontais dhíobhálacha a thoirmeasc, Coinbhinsiúin EIS a bhaineann le maraithe agus iascairí agus na Caighdeáin maidir le Sábháilteacht Soithí Iascaireachta a bunaíodh faoin Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO).
-San iascach, cuirfidh an tAontas dlús le hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le ‘bratacha áise’, lena n‑áiritheofar trédhearcacht i struchtúir úinéireachta soithí iascaireachta chun iad siúd atá freagrach as cleachtais neamhdhleathacha i dtionscail mhuirí, lena n‑áirítear iascach agus bainistiú comhshaoil, a thabhairt chun cuntais. Cuirfidh sé sin le torthaí staidéir leanúnaigh.
-Tugann an tAontas ceannas gníomhach ar Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) agus molann sé laistigh díobh seasamh le hardchaighdeáin inbhuanaitheachta sa bhainistiú iascaigh, go háirithe chun gníomhaíochtaí iascaireachta NNN a chomhrac.
-Molfaidh an Coimisiún glúin nua Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (CCII) i gcomhréir le straitéisí agus tosaíochtaí réigiúnacha níos leithne an Aontais, go háirithe maidir leis an Afraic agus an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, chun rannchuidiú le cur chuige comhleanúnach de chuid an Aontais maidir le hiascach inbhuanaithe agus rialachas na n‑aigéan.
-Tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis an leasú atá beartaithe ag an gCoimisiún ar Rialachán 1026/2012 arb é is aidhm dó dul i ngleic le cleachtais iascaireachta neamh-inbhuanaithe. Léiríonn sé tiomantas an Aontais comhar a chothú i mbainistiú stoc arna gcomhroinnt le tríú tíortha, agus a chumhacht mhargaidh a ghiaráil chun iascach inbhuanaithe a chur chun cinn freisin.
Leanfaidh an tAontas de dhea-shampla a thabhairt trína chur chuige neamhfhulaingthe maidir le hiascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte (NNN)
bunaithe ar idirphlé le tríú tíortha agus leis an gcóras cártaí NNN. Go háirithe, déanfaidh sé scéim deimhniúcháin gabhála an Aontais a ghiaráil, arb é is aidhm di margadh an Aontais a chosaint ar tháirgí iascaigh NNN.
Is tionscnamh suaitheanta de chuid an Aontais é CATCH (IT CATCH) a dhigitiú sa chomhrac domhanda in aghaidh iascaireacht NNN, rud a bheidh sainordaitheach ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh. Mar thoradh air sin, déanfaidh Ballstáit den Aontas Eorpach a rialuithe agus a ngníomhaíochtaí allmhairiúcháin a threisiú agus a chomhchuibhiú chun dlíthiúlacht táirgí iascaigh a chuirtear ar an margadh Eorpach a áirithiú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí atá neamhchosanta ar iomaíocht éagórach agus ar iascaireacht neamhdhleathach ó thríú tíortha comharsanacha.
Leanfaidh an tAontas dá rannpháirtíocht chun an Comhaontú faoi Bhearta Stát an Chalafoirt a dhaingniú agus a chur chun feidhme agus chun cur chun feidhme a rialacha a tugadh cothrom le dáta maidir le rialú iascaigh a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda
.
Ullmhóidh an Coimisiún in 2026 Teachtaireacht maidir le cur chuige straitéiseach nua i leith ghníomhaíocht sheachtrach iascaigh an Aontais ina leagfar amach iarrachtaí sin an Aontais. Beidh sé d’aidhm ag an gcur chuige bearnaí sa rialachas iascaigh domhanda a dhúnadh agus tiomantas an Aontais do mhaoirseacht inbhuanaithe ar na haigéin a threisiú.
7.2. Taidhleoireacht straitéiseach maidir leis na haigéin a bheidh oiriúnach don fheidhm
Is mórghníomhaí taidhleoireachta i leith na n‑aigéan é an tAontas, a dhéanann ionadaíocht ar leasanna an Aontais agus a Bhallstát. Chun rialachas inbhuanaithe acmhainní na n‑aigéan a áirithiú, go háirithe an t‑iascach, beidh gá le comhar feabhsaithe idir an tAontas, tríú tíortha agus gníomhaithe domhanda. Cuideoidh líonra rannpháirtíochtaí déthaobhacha agus tionscnaimh straitéiseacha an Aontais le comhpháirtithe i réigiúin amhail an Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh, an tArtach, an Afraic agus an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach chun rialachas na n‑aigéan agus forbairt eacnamaíoch ghorm inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud an domhain. Tá sé fíor-riachtanach dul i mbun taidhleoireacht aeráide ar an leibhéal domhanda chun sláinte an aigéin a athbhunú. Is dlúth-chomhghuaillithe iad SIDS (stáit oileánacha bheaga i mbéal forbartha) go háirithe sa chaibidlíocht faoi chuimsiú an phróisis COP, ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag éifeachtaí an athraithe aeráide orthu freisin.
Cuirfidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí tosaíochta seo a leanas ar aghaidh:
-Glacfaidh an Coimisiún cur chuige muirdhreach chun tionchar agus sineirge éifeachtach a áirithiú maidir le rialachas, caomhnú agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe na n‑aigéan a chur chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta. Sainaithneofar na príomhréimsí a bheidh le caomhnú, déanfar páirtithe leasmhara a mhapáil agus na gníomhaíochtaí a dhéanann difear dóibh a chur san áireamh go hiomlán, agus tabharfar aghaidh ar idirghníomhaíochtaí ar fud an chórais.
-Is é an cuspóir a bheidh ag an gCoimisiún freisin a thiomantas don chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an Afraic a dheimhniú trínár gcomhar maidir leis an ngeilleagar gorm inbhuanaithe a athdhearbhú, rud a chuireann go mór leis an ngeilleagar, leis an tslándáil bia agus leis an gcothú, agus le forbairt inbhuanaithe an dá mhór-roinn.
Bainfidh an tAontas úsáid as a bhealaí taidhleoireachta chun saincheisteanna aigéin a bhrú chun cinn trí na cláir oibre pholaitiúla idirnáisiúnta lena n‑áirítear G7 agus G20. Athdhearbhaíonn an tAontas a rannpháirtíocht láidir san idirphlé bliantúil maidir leis an aigéan agus leis an aeráid arna shainordú ag Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide chun saincheisteanna aigéin agus aeráide a chur chun cinn laistigh de UNFCCC agus de Chomhaontú Pháras araon, lena n‑áirítear i bhfianaise ghlúin nua NDCanna agus an chéad Athbhreithnithe Dhomhanda eile.
Le taidhleoireacht Eorpach maidir leis na haigéin, féachfar go gcloífear le caighdeáin rialachais idirnáisiúnta a bhaineann le bainistiú iascaigh agus tabharfar cúnamh do thíortha i mbéal forbartha príomh-chomhaontuithe idirnáisiúnta a dhaingniú agus a chur chun feidhme, an bhithéagsúlacht a chosaint, soithí iascaireachta a chlárú agus na SFInna a bhaint amach, go háirithe SFI 14. Tabharfaidh an tAontas tacaíocht fós d’fhás inbhuanaithe socheacnamaíoch na dtíortha comhpháirtíochta trí straitéisí amhail Global Gateway, lena n‑áiritheofar go rannchuideoidh an t‑iascach, an dobharshaothrú agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann leis na haigéin le forbairt inbhuanaithe agus le fothú acmhainneachta ar fud an domhain. Chun tacú le cuspóirí an Aontais faoin gComhshocrú um an Aigéan, agus le tacaíocht ó Ghrúpa BEI, tá Global Gateway á ghiaráil chun infheistíochtaí spriocdhírithe a chur chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar rialachas na n‑aigéan, ar an ngeilleagar gorm inbhuanaithe agus ar ghníomhú ar son na haeráide. Áirítear orthu sin tionscnaimh shuaitheanta amhail an tacaíocht do Chonairí Loingseoireachta Glasa, chun dícharbónú an mhuiriompair a chur chun cinn, agus an tionscnamh chun an mórphlódú feamainne sargasaí a athrú ina dheis don nuálaíocht chiorclach agus don fhás inbhuanaithe i bpobail chósta.
Chomh maith le bheith ar an deontóir is mó ar domhan, is iad an tAontas agus a Bhallstáit an deontóir is mó ar domhan don Mhórmhuir. Is díol sásaimh don Aontas an dul chun cinn a rinneadh faoi Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht maidir leis na cistí is gá a shlógadh chun an bhithéagsúlacht a chosaint, chun spriocanna gníomhaíochta Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal a bhaint amach, agus chun an bhearna sa chistiú bithéagsúlachta domhanda a dhúnadh, lena n‑áirítear san aigéan.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta:
-Teachtaireacht maidir le cur chuige straitéiseach i leith ghníomhaíocht sheachtrach iascaigh an Aontais, lena n‑áirítear glúin nua CCII
-Glacadh agus teacht i bhfeidhm an leasaithe ar Rialachán 1026/2012 maidir le bearta áirithe d’fhonn stoic éisc a chaomhnú i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe
-Comhaontú BBNJ a dhaingniú agus a chur chun feidhme go tapa agus tacaíocht dá chur chun feidhme i dtíortha i mbéal forbartha tríd an ranníocaíocht EUR 40 milliún leis an gClár um an Aigéan Domhanda
-Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme chéim 1 de chomhaontú EDT maidir le fóirdheontais dhíobhálacha iascaigh a thoirmeasc agus tabhairt i gcrích na caibidlíochta maidir le céim 2 i ndáil le rialacha breise atá fós gan réiteach chun fóirdheontais lena ndreasaítear ró-iascaireacht agus ró-acmhainneacht a rialáil
-Úsáid sainordaitheach scéim deimhniúcháin gabhála digitithe an Aontais IT CATCH ó mhí Eanáir 2026, chun córas cártaí an Aontais a chomhlánú ar mhaithe le hiascaireacht NNN a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí
-Ardán Idirnáisiúnta um Inbhuanaitheacht an Aigéin a phíolótú
-Tacú le criosanna cosanta san Aigéan Theas
|
8. Na chéad chéimeanna eile
I bhfianaise géarchéim thriarach phláinéadach a bhaineann leis an luas atá faoin athrú aeráide, le cailliúint na bithéagsúlachta, leis an truailliú, agus leis an teannas geopholaitiúil, ní mór don Aontas gníomhú go diongbháilte chun ár n‑aigéan agus a thodhchaí mhuirí a chosaint. Trí leas a bhaint as raon iomlán na n‑uirlisí agus na gcomhpháirtíochtaí atá ar fáil dó, is féidir leis an Aontas dea-shampla a thabhairt chun spás aigéin níos athléimní, níos inbhuanaithe agus níos sláine a chruthú.
Leagtar amach freagairt straitéiseach chomhordaithe sa Chomhshocrú um an Aigéan. Tugtar le chéile ann athchóirithe rialachais, nuálaíocht, infheistíocht agus taidhleoireacht idirnáisiúnta faoi fhís aontaithe le haghaidh sláinte, inbhuanaitheacht agus rathúnas an aigéin.
Ní treochlár amháin atá sa Chomhshocrú—ach glao chun gnímh agus freagracht. Daingneoimid, i dteannta a chéile, gurb é ról na n‑aigéan bheith ina rialtóir aeráide agus ina gcomhghuaillí ag an Domhan sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide, gurb iad a bhithéagsúlacht agus a ghnáthóga saibhreas ár bpláinéid, inneall eacnamaíoch, agus oidhreacht i gcomhpháirt do na glúnta atá le teacht.
Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le hinstitiúidí eile an Aontais, leis na Ballstáit, le páirtithe leasmhara agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun torthaí nithiúla a sholáthar.
Iarscríbhinn: Spriocanna a bhaineann leis na haigéin i reachtaíocht agus i mbeartas an Aontais
|
Cuspóir
|
Ceangailteach/
mianaidhme
|
Foinse
|
|
Dea-stádas comhshaoil na n‑uiscí muirí faoi 2020. Ní mór do na Ballstáit straitéisí muirí náisiúnta a ghlacadh chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil ar bun. An cur chuige bunaithe ar éiceachórais a thabhairt isteach mar phrionsabal ceangailteach chun muirthimpeallacht an Aontais a bhainistiú.
|
Ceangailteach
|
An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí
|
|
Caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara agus an bainistiú iascaigh a dhíríonn orthu a áirithiú. Uastáirgeacht Inbhuanaithe le haghaidh na stoc éisc uile faoi 2020.
|
Ceangailteach
|
an Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh
|
|
30 % d’fharraige an Aontais faoi chosaint faoi 2030, agus ba cheart 10 % de sin a bheith faoi dhianchosaint.
|
Mianaidhme
|
Straitéis Bhithéagsúlachta
|
|
Tacú leis an straitéis bhithéagsúlachta trí dhíriú ar rannchuidiú le stoic éisc a fháil agus a choinneáil ar leibhéil inbhuanaithe, tionchar na hiascaireachta ar ghrinneall na farraige a laghdú agus tionchair iascaigh ar speicis íogaire a íoslaghdú trí dheireadh a chur de réir a chéile le hiascaireacht ghrinnill i limistéir mhuirí faoi chosaint faoi 2030, feabhas a chur ar roghnaíocht, speicis íogaire a chosaint, tacú leis an tionscal iascaireachta, agus taighde, cur chun feidhme, rialachas agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a neartú.
|
Mianaidhme
|
Plean Gníomhaíochta Muirí an Aontais:
Éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú ar mhaithe le hiascach inbhuanaithe athléimneacha
|
|
Ní mór 20 % ar a laghad de limistéir farraige an Aontais a athbhunú faoi 2030 agus na héiceachórais uile a bhfuil athbhunú de dhíth orthu faoi 2050. Cuirfidh na Ballstáit Pleananna Athbhunaithe Dúlra isteach faoi lár 2026.
|
Ceangailteach
|
Dlí um Athbhunú Dúlra
|
|
Suiteáil ~111 GW de thoilleadh giniúna fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta faoi 2030 agus ~317 GW faoi 2050, ag a bhfuil 100 MW de thoilleadh fuinnimh mhuirí faoi 2027 agus 1 GW de sin faoi thús 2030.
|
Mianaidhme
|
Teachtaireacht ‘Uaillmhianta an Aontais a bhaint amach maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta
’
|
|
Tabharfaidh na Ballstáit comhaontú neamhcheangailteach i gcrích chun dul i gcomhar le chéile maidir le spriocanna do ghiniúint in-athnuaite amach ón gcósta a bheidh le cur in úsáid laistigh de gach imchuach farraige faoi 2050
|
Ceangailteach
|
Rialachán GTE-F
|
|
88 GW de thoilleadh giniúna fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta faoi 2030 agus 360 GW faoi 2050
|
Mianaidhme
|
|
|
Sprioc fhoriomlán 42.5 % ar a laghad maidir le fuinneamh in-athnuaite faoi 2030 (aidhm neamhcheangailteach 45 %). Foilseoidh na Ballstáit faisnéis faoi thairiscintí atá beartaithe agus faoi na méideanna fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá beartaithe acu a bhaint amach.
|
Ceangailteach
|
an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite III
|
|
Bearta chun tacú le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 – an t‑aistriú fuinnimh san iascach agus sa dobharshaothrú a chomhtháthú, astaíochtaí GCT a laghdú, inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, ailíniú le spriocanna bithéagsúlachta agus truaillithe, scileanna agus gairmeacha beatha a fhorbairt, infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i nuálaíocht, agus comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn.
|
Mianaidhme
|
Teachtaireacht maidir le hAistriú Fuinnimh earnáil Iascaigh agus Dobharshaothraithe an Aontais
|
|
Aeráidneodracht san Aontas faoi 2050, sprioc idirmheánach GCT a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990.
|
Ceangailteach
|
An Dlí Aeráide Eorpach
|
|
Spriocanna maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh a chur in úsáid le haghaidh longa móra farraige coimeádán agus paisinéirí i gcalafoirt mhuirí agus le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre.
|
Ceangailteach
|
AFIR
|
|
Uasteorainneacha le haghaidh mheándéine bhliantúil astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann longa os cionn 5 000 olltonnáiste a thagann isteach i gcalafoirt Eorpacha, gan beann ar an mbratach – laghdú 2 % faoi 2025 agus laghdú 80 % faoi 2050. Longa paisinéirí agus coimeádán a úsáidfidh soláthar leictreachais cois cladaigh nó teicneolaíochtaí malartacha astaíochtaí nialasacha ón 1 Eanáir 2030 ar aghaidh i gcalafoirt a chumhdaítear faoi
AFIR
Airteagal 9, agus ón 1 Eanáir 2035 i gcalafoirt uile an Aontais a fhorbraíonn acmhainneacht le haghaidh soláthar leictreachais cois cladaigh.
|
Ceangailteach
|
An Rialachán maidir le FuelEU Maritime
|
|
Áiritheoidh saoráidí athchúrsála go gcuirfidh athchúrsáil long cosc ar sceitheadh substaintí guaiseacha isteach san fharraige agus go mbainisteoidh siad dramhaíl i gceart. Ceanglaítear Fardal na n‑ábhar guaiseach chun substaintí a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do mhuirthimpeallachtaí a bhainistiú agus liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long a bhunú
|
Ceangailteach
|
Rialachán maidir le hathchúrsáil long
|
|
Cosc a chur ar earraí plaisteacha aon úsáide áirithe, e.g. soip & sceanra.
77 % de bhuidéil phlaisteacha a bhailiú faoi 2025 agus 90 % faoi 2029.
|
Ceangailteach
|
An Treoir maidir le Plaistigh aon úsáide
|
|
Laghdú cainníochtúil ar thomhaltas roinnt táirgí plaisteacha aon úsáide ag na Ballstáit faoi 2026 i gcomparáid le 2022.
|
Mianaidhme
|
|
|
Faoi 2030, ba cheart don Aontas laghdú 50 % a dhéanamh ar bhruscar plaisteach ar muir agus laghdú 30 % a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh agus laghdú 50 % a dhéanamh ar chaillteanais cothaitheach, ar úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus an riosca a bhaineann leo, ar úsáid na lotnaidicídí níos guaisí, agus ar dhíol ábhar frithmhiocróbach le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe agus sa dobharshaothrú.
|
Mianaidhme
|
Plean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir saor ó Thruailliú
|
|
Bunóidh na Ballstáit líonra Natura 2000 de shuíomhanna faoi chosaint chun a áirithiú go ndéanfar na cineálacha gnáthóige nádúrtha agus gnáthóga speiceas is luachmhaire ar fud an Aontais a chothabháil nó, i gcás inarb iomchuí, a athbhunú chuig stádas caomhantais fabhrach.
|
Ceangailteach
|
An treoir maidir le hÉin
|
|
|
|
An treoir maidir le Gnáthóga
|
|
Bainfidh na Ballstáit úsáid as a bPleananna Bainistithe Abhantraí agus as a gCláir Beart chun dobharlaigh a chosaint agus, i gcás inar gá, a athbhunú chun stádas maith a bhaint amach, agus chun meathlú (dea-stádas ceimiceach agus éiceolaíoch) a chosc
|
Ceangailteach
|
An Treoir Réime maidir le hUisce
|
|
Laghdóidh na Ballstáit truailliú uisce de bharr níotráití a úsáidtear sa talmhaíocht trí limistéir atá i mbaol níotráite a ainmniú, trí fhaireachán a dhéanamh ar thiúchain níotráite dobharlach agus trí chóid dea-chleachtas talmhaíochta a bhunú
|
Ceangailteach
|
An Treoir maidir le Níotráití
|
|
Ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach n‑úsáidtear breoslaí muirí ina bhfarraigí teorann, ina limistéar eacnamaíoch eisiach gus ina gCriosanna um Rialú ar Thruailliú lasmuigh de limistéar rialaithe astaíochtaí Mhuir Bhailt agus na Mara Thuaidh má sháraíonn cion sulfair na mbreoslaí sin de réir maise 0.50 %, agus laistigh den limistéar rialaithe astaíochtaí má sháraíonn cion sulfair na mbreoslaí sin de réir maise 0.10 %
|
Ceangailteach
|
An Treoir maidir le Sulfar
|
|
Ceanglaítear ar na Ballstáit faireachán agus measúnú a dhéanamh ar uisce snámha.
|
Ceangailteach
|
An Treoir um Uisce Snámha
|
|
Spriocanna CBI a bhaint amach, trí rannchuidiú le margadh éifeachtúil trédhearcach, trí eagraíochtaí gairmiúla, caighdeáin mhargaíochta, faisnéis do thomhaltóirí, rialacha iomaíochta agus faisnéis mhargaidh a rialáil
|
Ceangailteach
|
CEM
|
|
Ceanglaítear ar na Ballstáit an drochthionchar atá ag tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach san Aontas, d’aon ghnó agus go neamhbheartaithe araon, ar an mbithéagsúlacht a chosc, a íoslaghdú agus a mhaolú.
|
Ceangailteach
|
An Rialachán maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú
|
|
Le sprioc do 2030, is é is aidhm do Mhisean an Aontais chun ‘ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú faoi 2030’ sláinte ár n‑aigéan agus ár n‑uiscí a chosaint agus a athbhunú trí thaighde agus nuálaíocht, rannpháirtíocht saoránach agus infheistíochtaí gorma. Le cur chuige nua an Mhisin, tabharfar aghaidh ar an aigéan agus ar na huiscí mar aon ní amháin agus beidh ról lárnach aige maidir le haeráidneodracht a bhaint amach agus an dúlra a athbhunú.
|
Mianaidhme
|
Misin an Aontais - Ár nAigéan agus Ár nUiscí a Athbhunú faoi 2030
|