AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,29.1.2025
COM(2025) 26 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Tuarascáil Bhliantúil ar an Margadh Aonair agus ar an Iomaíochas 2025
{SWD(2025) 11 final} - {SWD(2025) 12 final}
Réamhrá
Cumas an Aontais Eorpaigh dul san iomaíocht agus a bheith rathúil sa gheilleagar domhanda d’ainneoin na ndúshlán geopholaitiúil atá ann faoi láthair, tá an cumas sin ríthábhachtach le haghaidh rathúnas na hEorpa. Braitheann sé ar a láidreachtaí agus a laigí a shainaithint go soiléir chun tacú le straitéis réamhbhreathnaitheach lena dtugtar aghaidh ar a easnaimh, lena neartaítear a láidreachtaí agus lena scaoiltear deiseanna nua.
I gcroílár iomaíochas fadtéarmach an Aontais tá an Margadh Aonair, a bhfuil beagnach 450 milliún duine agus 23 mhilliún cuideachta páirteach ann, agus ina bhfuil OTI EUR 17 dtrilliún. Tá an tAontas Eorpach ar cheann de na trí gheilleagar is mó ar domhan agus tá sé freagrach as thart ar an séú cuid den gheilleagar domhanda. Mar sin féin, de dheasca bacainní leanúnacha sa Mhargadh Aonair agus an ualaigh riaracháin, tá bac air a acmhainneacht iomlán a bhaint amach. Tá moill tagtha ar an dul chun cinn i gcomhtháthú an Mhargaidh Aonair, agus tá bacainní fós ann, go háirithe maidir le seirbhísí. Cuireann cuideachtaí, go háirithe FBManna, a gcuid fadhbanna in iúl maidir leis an ualach riaracháin a sheasamh agus maidir le rialáil rialtais a chomhlíonadh. Fágann sé sin go bhfuil sé níos deacra gnó a dhéanamh agus laghdaíonn sé deiseanna do ghnólachtaí méadú.
Tá méadú ag teacht ar an mbrú atá ar iomaíochas gheilleagar an Aontais ó roinnt gnéithe éagsúla. Tá sé thíos le praghsanna arda fuinnimh agus leictreachais ó thaobh struchtúir de. Tá an dara ceann acu sin 2-3 huaire níos airde faoi láthair ná sna Stáit Aontaithe. Bíonn dúshláin roimh chuideachtaí Eorpacha agus iad ar thóir infheistíochta, agus bíonn deacrachtaí acu a dtorthaí taighde a thráchtálú de dheasca infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha neamhleora sna teicneolaíochtaí agus sna hearnálacha is mó a bhfuil gealladh fúthu, rud a chuireann bac ar na cuideachtaí sin. Mar thoradh air sin, tá forbairt agus glacadh ardteicneolaíochtaí digiteacha agus ardteicneolaíochtaí eile ar gcúl i ngeilleagair iomaíocha. Tá lucht saothair oilte gann freisin. Mar gheall ar an staid gheopholaitiúil, staid atá ag éirí níos éagobhsaí i gcónaí, ní mór aird ar leith a thabhairt ar spleáchais straitéiseacha.
Tá an táirgiúlacht san Eoraip ag titim ar gcúl ar an táirgiúlacht sna Stáit Aontaithe i gcónaí ach tá acmhainneacht mhór aici teacht suas. Táirgiúlacht oibre an Aontais, a thomhaistear de réir OTI in aghaidh na huaire a oibrítear (cumhacht cheannaigh coigeartaithe), tá an táirgiúlacht oibre sin ag 77.8 % de leibhéil na Stát Aontaithe in 2023 (féach Fíor 1). Os a choinne sin, tá sí chun tosaigh ar an Ríocht Aontaithe agus ar an tSeapáin, maidir le leibhéil agus dinimic araon, le blianta beaga anuas. Laistigh den Aontas, ceileann an meán sin roinnt difríochtaí, agus tá na Ballstáit a tháinig isteach le déanaí ag teacht suas le leibhéil na Stát Aontaithe.
Tá meath ag teacht ar tharraingteacht na hEorpa mar cheann scríbe gnó. Ó 2008 i leith, chinn aon trian de na ‘cuideachtaí aonbheannaigh’, mar a thugtar orthu, athlonnú thar lear
. Níl ach 4 cinn de na 50 cuideachta teicneolaíochta is mó lonnaithe san Aontas Eorpach agus níor cruthaíodh aon cheann de na cuideachtaí is luachmhaire san Aontas ón mbun aníos
le 50 bliain anuas
, rud a léiríonn easpa fuinnimh sa mhargadh, timpeallacht nuálaíochta neamhleor agus bacainní arda ar iontráil sa mhargadh agus ar uas-scálú sa mhargadh. Mar thoradh air sin, tá laghdú tagtha ar mhuinín as an Aontas mar shuíomh gnó, rud a fhágann go bhfuil laghdú tagtha ar infheistíocht dhíreach choigríche agus go bhfuil méideanna móra coigiltis teaghlach á n‑infheistiú in áiteanna eile. An tráth céanna, tá acmhainneacht ollmhór ann infheistíocht a mhéadú in earnálacha agus i dteicneolaíochtaí atá ríthábhachtach le haghaidh iomaíochas an Aontais, rud a tharraingeoidh ar láidreachtaí an Aontais, má chruthaítear na creatdálaí cearta.
Sa Tuarascáil Bhliantúil ar an Margadh Aonair agus ar an Iomaíochas, tugtar an comhthéacs anailíseach maidir leis an gCompás Iomaíochais, a cuireadh i láthair an tráth céanna leis an gcéad mhórthionscnamh den Choimisiún nua. Is é is aidhm don tuarascáil diagnóisic a chur ar fáil chun bonn taca a chur faoin gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus faoin Straitéis um an Margadh Aonair. Cuireann sí leis na tuarascálacha ón iar-Phríomh-Aire Letta maidir leis an Margadh Aonair, ón iar-Phríomh-Aire Draghi maidir le hiomaíochas, agus ón iar-Uachtarán Niinistö maidir le hullmhacht. Freagraíonn sí d’iarrataí ó ghnólachtaí an t‑iomaíochas a chur i gcroílár chlár oibre an Aontais.
Fíor 1: Éabhlóid na táirgiúlachta oibre san Aontas agus i ngeilleagair shárfhorbartha eile
Foinse: Bunachar sonraí AMECO. OTI per capita i bpaireachtaí cumhachta ceannaigh (PCCanna) in aghaidh na huaire a oibríodh. Luachanna innéacsaithe, agus an tAontas ag 100 in 2023.
Leis na 22 Eochairtháscaire Feidhmíochta atá sa tuarascáil, cuirtear anailís ar fáil inti ar phríomhspreagthaí iomaíochas agus tháirgiúlacht fhadtéarmach an Aontais, chomh maith le staid an Mhargaidh Aonair. Is bonn í don phlé leis na Ballstáit agus le Parlaimint na hEorpa, lena bhféadfar an Margadh Aonair agus iomaíochas an Aontais a mheas mar chuid d’athbhreithniú bliantúil ar dhul chun cinn, mar obair leantach ar iarraidh ón gComhairle Eorpach, rud a chuirfidh le teachtaireacht 2023 maidir le hiomaíochas fadtéarmach an Aontais. Gabhann dhá Dhoiciméad Inmheánacha Oibre léi lena soláthraítear cumhdach sonraí breise agus anailís a bhaineann leis na heochairtháscairí feidhmíochta, forléargas ar bhearta athléimneachta ó ghníomhaithe domhanda roghnaithe, agus faireachán ar éiceachórais thionsclaíocha. Comhlánaítear na gnéithe sin le Scórchlár an Mhargaidh Aonair agus an Iomaíochais, ina bhfuil 150 táscaire breise.
Sainaithnítear sa tuarascáil láidreachtaí ar cheart tógáil orthu agus laigí ar cheart aghaidh a thabhairt orthu. Tosaíonn sé le measúnú ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus bogann sé ar aghaidh chun iomaíochas an Aontais a mheas feadh thrí ais an Chompáis Iomaíochais. Scrúdaítear inti an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas maidir leis an mbearna nuálaíochta a dhúnadh. Ina dhiaidh sin, cuirtear i láthair sa tuarascáil staid na himeartha maidir leis na cúiseanna spreagtha lena gcuirtear dícharbónú na tionsclaíochta agus infheistíocht chun cinn. Ar deireadh, féachtar sa tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an tslándáil eacnamaíoch a neartú agus spleáchais a laghdú.
ROINN 1 – Margadh Aonair feidhmiúil
|
ETF
|
An méid a thomhaiseann sé
|
Sprioc
|
Luach is déanaí an Aontais
|
|
ETF 1: Táirgiúlacht oibre
|
OTI in aghaidh na huaire a oibríodh i dtéarmaí PCC
|
|
77.8 % de leibhéal na Stát Aontaithe (2023)
74.2 % de leibhéal na Stát Aontaithe (2022)
|
|
ETF 2: Comhtháthú sa Mhargadh Aonair
|
An sciar de OTI an Aontais a léirítear le trádáil idir na Ballstáit den Aontas
|
|
23.8 % le haghaidh earraí (2023)
26.0 % le haghaidh earraí (2022)
7.6 % le haghaidh seirbhísí (2023)
7.8 % le haghaidh seirbhísí (2022)
|
|
ETF 3: Easnamh comhréireachta
|
Sciar de na Treoracha maidir le Margadh Aonair na hEorpa arna dtrasuí ag na Ballstáit ar sheol an Coimisiún imeachtaí um shárú maidir le trasuí mícheart ina leith
|
<0,5 %
|
0.9 % (2024)
1.1 % (2023)
|
|
ETF 4: An chomhlíontacht rialála a éascú
|
An chomhlíontacht rialála a éascú, bunaithe ar shonraí suirbhé le cuideachtaí a fhreagraíonn an cheist: ‘I do thír féin, cé chomh héasca agus atá sé do chuideachtaí ceanglais rialacháin agus riaracháin rialtais a chomhlíonadh (e.g. ceadanna, tuairisciú, reachtaíocht)? (1 = Fíor-chasta; 7 = Fíor-éasca)’ sa suirbhé le haghaidh Innéacs Iomaíochais Dhomhanda an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda.
|
|
3,87 (2023)
3,80 (2022)
|
|
Eochair eolais
|
Feabhsaithe
|
Cobhsaí
|
Níos measa
|
Is éard atá i Margadh Aonair dea-fheidhmiúil an príomh-aimplitheoir le haghaidh fás táirgiúlachta toisc go gcuirtear ar fáil leis comhthiomsú mór éilimh agus foinsí soláthair éagsúlaithe. Cuireann sé scála ar fáil do chuideachtaí chun nuálaíocht agus fás a dhéanamh. Ceann de na príomhshócmhainní atá aige is ea timpeallacht chobhsaí atá bunaithe ar an smacht reachta. Tá urraim don smacht reachta lárnach i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair, lena gcuirtear ar fáil timpeallacht oibriúcháin chobhsaí a thugann buntáiste iomaíoch domhanda don Aontas agus dá Bhallstáit. Áirithítear leis an smacht reachta timpeallacht ghnó ina gcuirtear dlíthe i bhfeidhm go héifeachtach agus go haonfhoirmeach, inar féidir le gnólachtaí oibriú i mBallstát eile ar bhonn cothrom le cuideachtaí áitiúla, agus ina gcaitear buiséid ar bhonn trédhearcach oibiachtúil.
Tá comhtháthú an Mhargaidh Aonair ag dul chun cinn agus trádáil laistigh den Aontas ag dul i méid ó thaobh treochta de le blianta fada anuas. Tháinig méadú ar thrádáil trasteorann earraí laistigh den Aontas ó bheagán os cionn 20 % de OTI an Aontais in 2018 go 23.8 % inniu (ETF 2). Tá an staid maidir le comhtháthú seirbhísí níos measctha – agus é ag méadú i bhfad níos moille agus ó leibhéil i bhfad níos ísle – ó thart ar 7 % de OTI go 7.8 % le linn na tréimhse céanna. In 2023, bhí laghdú mór ann i gcás earraí agus bhí laghdú beag ann i gcás seirbhísí, ach tá sé fós i bhfad os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim. Is féidir cuid thábhachtach den laghdú a tháinig le déanaí ar luach na trádála in earraí a chur i leith an laghdaithe i bpraghsanna fuinnimh, rud a laghdaigh praghsanna earraí trádáilte, cé gur tháinig laghdú ar mhéideanna iarbhír freisin. D’fhéadfadh sé a bheith ró-luath teacht ar chonclúid dhaingean maidir leis na treochtaí sin; cuirfear fianaise bhreise ar fáil i sonraí amach anseo.
1.1Bacainní sa Mhargadh Aonair
I gcaitheamh na mblianta, tá deireadh curtha ag an Aontas le go leor bacainní ar thrádáil sa Mhargadh Aonair, ach san am céanna, tá bacainní nua agus foinsí ilroinnte fós le feiceáil. Léiríonn Rianaire Bacainní ar an Margadh Aonair, chomh maith le hanailís ón gCruinniú Comhchéime Eorpach don Tionscal, EuroChambres, agus páirtithe leasmhara eile patrún bacainní méadaithe. Is gá faireachán a dhéanamh ó pheirspictíochtaí éagsúla chun freagairt leordhóthanach bheartais a shainaithint chun na bacainní sin a laghdú.
A mhéid a bhaineann le seirbhísí, tá an Margadh Aonair ilroinnte i gcónaí mar gheall ar mheascán de bhacainní rialála agus riaracháin. Áirítear ar na bacainní rialála is tábhachtaí ceanglais dhlíthiúla maidir le rochtain ar ghairmeacha rialáilte agus maidir leis na cuideachtaí a fhéadfaidh seirbhísí a dhéanamh, mar aon le dlíthe éagsúla fostaíochta agus cánach. Áirítear ar bhacainní riaracháin ceanglais chasta dearbhaithe maidir le hoibrithe a phostú agus cumhdach slándála sóisialta a dheimhniú. Castacht dhlí na gcuideachtaí agus na héagsúlachtaí idir rialacha i mBallstáit éagsúla a bhfuil feidhm acu maidir le gnólacht nua a bhunú nó fochuideachta a chlárú, is bacainní iad na nithe sin fós ar sheirbhísí a bhraitheann ar ghaireacht dá gcustaiméirí.
Fíor 2: Bacainní tuairiscithe de réir catagóirí, agus iad deighilte idir na 15 cinn is mó.
Foinse: Deais an Rianaire Bacainní ar an Margadh Aonair, trí úsáid a bhaint as An Eoraip Agatsa, suirbhé aiseolais FBM, sonraí SOLVIT agus An Eoraip Agatsa — Comhairle, idir 2022 agus mí Dheireadh Fómhair 2024.
Is minic a bhíonn cineálacha éagsúla bacainní roimh chúrsaíocht trasteorann earraí laistigh den Aontas, mar a léirítear le sonraí ón Rianaire Bacainní ar an Margadh Aonair. Mar shampla, le ceanglais náisiúnta maidir le pacáistiú agus lipéadú, cuirtear iallach ar tháirgeoirí táirgí a dhéanamh atá saincheaptha do Bhallstáit shonracha – seachas freastal ar an Margadh Aonair ina iomláine. Tá an rochtain ar an margadh le haghaidh earraí faoi bhrú freisin mar gheall ar bhacainní dlíthiúla agus riaracháin ar theacht isteach, lena n‑áirítear údaruithe agus ceadanna a fháil. Tuairiscíonn páirtithe leasmhara bacainní neamhrialála, amhail srianta críochacha soláthair, go tráthrialta (féach Roinn 1.4 thíos maidir le saorghluaiseacht earraí). Ceann de na bacainní ar earraí is ea an chaoi a laghdaítear rochtain ar an margadh le ceanglais scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeoirí. Tá an Margadh Aonair ilroinnte a thuilleadh freisin mar gheall ar cheanglais an mhargaidh arna leagan síos ag na Ballstáit le haghaidh aitheantas frithpháirteach earraí neamh-chomhchuibhithe, agus le haghaidh onnmhairiú, iompar agus úsáid ábhar tánaisteach. Tugtar forléargas i bhFíor 2 ar na 15 phríomhbhacainn, mar a thuairiscítear sa Rianaire Bacainní ar an Margadh Aonair.
1.2Cur chun feidhme agus forfheidhmiú sa Mhargadh Aonair
Tá an fhreagracht ar na Ballstáit den Aontas agus ar an gCoimisiún araon as dlí an Aontais a fhorfheidhmiú, lena n‑áirítear a áirithiú go gcomhlíontar rialacha an Mhargaidh Aonair, agus go ndéantar cearta daoine a fhorfheidhmiú. Tá trí phríomhghné ag baint le hobair an Choimisiúin maidir le comhlíonadh a áirithiú: cosc bacainní, comhar leis na Ballstáit, agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ceartaitheacha a neartú.
Maidir le gné choisctheach an fhorfheidhmithe, oibríonn an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun cur chun feidhme éifeachtach na sásraí fógartha atá ann cheana agus a dtrédhearcacht a áirithiú. Mar fhreagairt ar iarraidh na mBallstát, tá Fuinneog um Fhógra Aonair a Thabhairt seolta ag an gCoimisiún agus tá tuilleadh forbartha á dhéanamh aige uirthi, ar ardán ar líne í lena dtugtar forléargas ar nósanna imeachta éagsúla um fhógra a thabhairt a eascraíonn as reachtaíocht earnála atá ábhartha don Mhargadh Aonair, agus lena dtugtar freisin rochtain shimplí ar na nósanna imeachta sin.
Cothaíonn an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET) braistint na comhfhreagrachta idir an Coimisiún agus na Ballstáit, chun rialacha an Aontais a chur chun feidhme i gceart agus oibriú le chéile chun dul i ngleic le bacainní sonracha sa Mhargadh Aonair. Cuirtear forbhreathnú cuimsitheach ar fáil le tuarascáil SMET. Samplaí de na torthaí a baineadh amach le cúpla bliain anuas is ea deireadh a chur le breis agus 90 bacainn riaracháin ar fhuinneamh gaoithe agus gréine a cheadú agus an tacaíocht chun cúig dhea-chleachtas ceadaithe a thabhairt isteach a chuidíonn leis na hinfheistíochtaí san fhuinneamh in‑athnuaite a mhéadú. Chomh maith leis sin, laghdaigh comhar laistigh de SMET idirdhealú IBAN i gcúig réimse (cánacha, íocaíochtaí leasa, pinsin, íocaíochtaí cúraim sláinte agus teileachumarsáid). Tá obair á déanamh faoi láthair chun tionscadal nua SMET i réimsí eile a shainaithint, amhail seirbhísí digiteacha, ceanglais maidir le pacáistiú agus lipéadú, agus aitheantas frithpháirteach.
Maidir leis an ngné cheartaitheach d’fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair, tá feabhas seasta ag teacht ar an staid. De réir Scórchlár an Mhargaidh Aonair, tá laghdú breise tagtha ar an líon cásanna um shárú ar an Margadh Aonair (-6 % le bliain anuas) a sheol an Coimisiún i gcoinne Bhallstáit an Aontais toisc gur mhainnigh siad reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme i gceart. Tá éagsúlacht mhór ann maidir leis an líon sáruithe in aghaidh an Bhallstáit agus is iad earnáil an chomhshaoil (35 %), earnáil an iompair (17 %), agus an earnáil fuinnimh (12 %) na hearnálacha is mó a bhaineann le cásanna um shárú ar an Margadh Aonair. Leanann an Coimisiún freisin de dhlí iomaíochta an Aontais a fhorfheidhmiú i gcoinne iompraíocht fhrithiomaíoch cuideachtaí, rud a chruthaíonn bacainní ar fheidhmiú cuí an Mhargaidh Aonair. De réir na Cúirte Breithiúnais, is féidir le daoine aonair cúiteamh airgeadais a éileamh má sháraíonn Ballstát dlí an Aontais go tromchúiseach.
Tá an t‑easnamh comhréireachta ag cúlú go mall ó na buaicphointí a bhí ann roimhe seo ach tá sé fós faoi bhun spriocluach an Aontais. Tomhaistear é sin mar an sciar de na Treoracha maidir le Margadh Aonair na hEorpa arna dtrasuí ag na Ballstáit ar sheol an Coimisiún imeachtaí um shárú maidir le trasuí mícheart ina leith (ETF 3). Tar éis méadú mór a theacht ar an easnamh comhréireachta ó 0.8 % in 2018 go buaic 1.4 % in 2020, tá sé ag cúlú go mall anois go 0.9 % in 2023. Mar sin féin, tá sé fós i bhfad os cionn sprioc an Aontais, is é sin 0.5 %.
Leis an nGníomh um Éigeandáil agus Athléimneacht sa Mhargadh Inmheánach, neartaítear ullmhacht agus freagairt i gcomhair géarchéimeanna trí aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh i slabhraí soláthair agus trí fheabhas a chur ar chomhordú ó Bhallstát go chéile. Tá pleananna teagmhasacha á gcur chun feidhme ag an gCoimisiún, lena n‑áirítear ionsamhlúcháin ghéarchéime agus uirlisí cumarsáide feabhsaithe, chun feidhmiú rianúil an Mhargaidh Aonair a chosaint do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do rialtais.
1.3Soláthar trasteorann seirbhísí sa Mhargadh Aonair
Is í an earnáil seirbhísí a ghineann tuairim is 70 % de OTI agus d’fhostaíocht an Aontais, ach tá an Margadh Aonair do sheirbhísí fós ag feidhmiú faoi bhun a acmhainneachta. Is lú an trádáil i seirbhísí trasteorann ná aon trian den trádáil in earraí agus, murab ionann agus earraí, ní airde í ná an trádáil i seirbhísí le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Tá an fás íseal i gcónaí sa táirgiúlacht oibre i seirbhísí agus bíonn tionchar diúltach aige ar iomaíochas na hearnála seirbhísí féin agus thionscail mhonaraíochta an Aontais araon, toisc go soláthraíonn seirbhísí beagnach 40 % den bhreisluach sa déantúsaíocht.
Faoin Treoir um Sheirbhísí, arb é is aidhm di deireadh a chur le bacainní ar infheistíocht agus ar thrádáil i seirbhísí trasteorann, is mór an tsaoirse atá ag na Ballstáit a rialacha féin a leagan síos. Mar thoradh air sin, tá éagsúlacht mhór rialacha náisiúnta ann. Cé go bhféadfadh údar a bheith le ceanglais náisiúnta shonracha agus iad a bheith comhréireach chun cuspóirí dlisteanacha leas an phobail a bhaint amach, cuireann siad bacainní ar ghairmithe agus ar chuideachtaí ar mian leo seirbhísí a thairiscint i mBallstáit eile den Aontas. In ainneoin laghdú tosaigh ar bhacainní rialála tar éis thrasuí na Treorach um Sheirbhísí, measann an Coimisiún gurb ionann tuairim is 60 % de na bacainní sin agus na bacainní a bhí ann 20 bliain ó shin, agus nach raibh ach aitheantas frithpháirteach teoranta i bhfeidhm.
Tá tábhacht eacnamaíoch ag baint leis na hearnálacha seirbhísí amhail an earnáil tógála agus an earnáil miondíola ach feidhmíonn siad faoi bhun a n‑acmhainneachta. Cuirtear moill ar sholáthar tithíochta nua agus ar athchóiriú stoc foirgneamh na hEorpa mar gheall ar thimpeallacht chasta rialála agus riaracháin ina bhfuil difríochtaí móra, ní hamháin idir na Ballstáit, ach laistigh de na Ballstáit freisin, rud a chuireann srian ar sholáthar seirbhísí tógála ar bhonn trasteorann. Ar na samplaí eile tá srianta ar bhunaíocht mhiondíola agus ar oibríochtaí miondíola ó lá go lá a fheidhmíonn mar bhaic mhóra ar earnáil miondíola a fheidhmíonn níos fearr agus a bhfuil éifeachtaí iarmharta aici feadh an tslabhra soláthair agus ar thomhaltóirí.
Tá srian á chur ag na Ballstáit ar rochtain ar níos mó ná 5 700 gairm rialáilte san Aontas, gairmeacha arb é atá iontu thart ar 22 % den lucht saothair. Tá éagsúlacht nach beag idir na Ballstáit maidir le cion an lucht saothair i ngairmeacha rialáilte, ó 14 % sa Danmhairg go 33 % sa Ghearmáin. Is féidir le rialáil gairmeacha cuspóirí leasa ghinearálta a chosaint ach féadfaidh sí saoránaigh intíre agus saoránaigh eile den Aontas a chosc ó na gairmeacha sin a chleachtadh seachas má chomhlíonann siad ceanglais sa dlí náisiúnta. Ag féachaint ar shraith gairmeacha a fhostaíonn cuideachtaí go coitianta mar sholáthraithe seirbhíse seachtracha, amhail cuntasóirí, ailtirí, innealtóirí sibhialta agus dlíodóirí, tá éagsúlacht mhór ann maidir leis an leibhéal sriantachta, agus ní chuireann roinnt Ballstát aon srian i bhfeidhm agus cuireann Ballstáit eile srian mór ar an bhféidearthacht atá ag náisiúnaigh eachtracha an ghairm a chleachtadh.
I gcás ina ndéanann Ballstát gairm a rialáil, ceanglaítear ar shaoránaigh ó Bhallstáit eile dul faoi nós imeachta chun aitheantas a fháil dá gcáilíocht ghairmiúil. A bhuí leis na próisis a bunaíodh faoin Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla, fuair os cionn 90 % de na 1 mhilliún iarratas ar aitheantas, nach mór, toradh dearfach. Mar sin féin, bíonn fadhbanna praiticiúla ag saoránaigh agus iad ag iarraidh aitheantas a fháil dá gcáilíochtaí gairmiúla. Dúshlán leanúnach is ea an t‑aitheantas mall neamhéifeachtúil a thugtar do cháilíochtaí náisiúnach tríú tír, rud a chuireann bac ar shoghluaisteacht, a chuireann le rócháilíocht agus a chuireann teorainn le comhtháthú i margadh saothair an Aontais. Tá an Coimisiún ag obair ar réitigh fhéideartha chun dlús a chur leis an gcóras aitheantais do cháilíochtaí gairmiúla agus chun é a shimpliú.
Cé gur féidir údar cuí a bheith le dearbhuithe maidir le hoibrithe a phostú chun a gcearta a chosaint, is bacainn mhór riaracháin iad ar sholáthar trasteorann sealadach seirbhísí. Tá an Coimisiún ag oibriú le húdaráis na mBallstát sa Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair chun oibleagáidí dearbhaithe comhréireacha a bhfuil údar cuí leo a áirithiú. Ina theannta sin, tá Rialachán molta ag an gCoimisiún chun tairseach dhigiteach dheonach chomhchoiteann a bhunú chun an dearbhú maidir le hoibrithe a phostú a shimpliú, ar tairseach í atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI)
. Leis sin, bheadh cuideachtaí in ann dearbhuithe postúcháin a dhéanamh in aon áit amháin le haghaidh thíortha uile an Aontais ach úsáid a bhaint as an gcomhéadan poiblí, agus laghdódh sé na hualaí riaracháin ar chuideachtaí agus ar údaráis náisiúnta agus cearta oibrithe á gcosaint an tráth céanna.
Tá dúshláin roimh earnáil an phoist mar gheall ar an laghdú struchtúrach ar ghníomhaíocht litreacha poist agus mar gheall ar chostais aonaid atá ag dul i méid, rud a chuireann brú ar chostas na seirbhíse uilíche. Tá earnáil na seirbhísí poist ríthábhachtach don gheilleagar agus don Mhargadh Aonair, agus rannchuidíonn sí le 0.8 % de OTI an Aontais agus fostaíonn sí 1.65 milliún duine. Tá iontrálaithe nua sa mhargadh, go háirithe ollchuideachtaí ríomhthráchtála, ag cur isteach ar an iomaíocht sa spás beartseachadta. De réir staidéar a rinneadh le déanaí, tá dúshláin roimh an earnáil amhail ilroinnt rialála mhéadaitheach agus leibhéil cháilíochta éagsúla.
1.4 Gluaiseacht trasteorann earraí sa Mhargadh Aonair
Tá feabhas curtha ag an gCreat Reachtach Nua (CRN) ar chomhsheasmhacht i reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí ach tá dúshláin roimhe. Agus táirgí amhail ceallraí, innealra agus trealamh cosanta pearsanta á gcumhdach leis, tá CRN mar bhonn agus mar thaca ag thart ar 80 % den táirgeadh tionsclaíoch agus 74 % den mhonaraíocht laistigh den Aontas. Mar sin féin, nochtadh i meastóireacht 2022 ar CRN saincheisteanna práinneacha, lena n‑áirítear tionchar eachtrach a d’fhéadfadh a bheith ann, cleachtais neamhdhleathacha agus bearnaí maidir le haghaidh a thabhairt ar an digitiú agus ar an ngeilleagar ciorclach. Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin chun comhleanúnachas a áirithiú agus chun costais a laghdú le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus údarás.
Baintear an bonn de shaorghluaiseacht earraí nuair nach gcomhlíonann táirgí ceanglais maidir le sláinte, sábháilteacht agus inbhuanaitheacht. Is é is aidhm do chreat an Aontais maidir le faireachas margaidh dul i ngleic leis sin agus baineann sé leis na táirgí neamhbhia uile a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe. Gineann na táirgí sin thart ar dhá thrian den trádáil earraí laistigh den Aontas. Tacaíonn an Coimisiún le gníomhaíochtaí na n‑údarás náisiúnta a dhéanann seiceáil ar chomhlíontacht táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais, comhordaíonn sé na gníomhaíochtaí sin agus maoiníonn sé 36 ghníomhaíocht chomhpháirteacha forfheidhmiúcháin leanúnacha in earnálacha éagsúla táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. In 2024, chláraigh údaráis forfheidhmithe breis agus 36 916 imscrúdú ar tháirgí neamhbhia agus rinne siad bearta i mbreis agus 23 389 gcás chun tomhaltóirí a chosaint agus cothrom iomaíochta a áirithiú do ghnólachtaí.
Chuir treochtaí nua in athchumraíochtaí idirnáisiúnta ríomhthráchtála agus slabhra soláthair brú ar rialuithe custaim, ar fhaireachas margaidh agus ar údaráis cosanta tomhaltóirí. Tháinig méadú ar an líon beartán ríomhthráchtála a allmhairíodh isteach san Aontas ó 1.1 billiún in 2022 go 2.2 billiún in 2023 agus meastar go sroichfidh sé 4 bhilliún in 2024. In 2023, coinníodh thart ar 152 mhilliún earra bréige ag teorainn an Aontais agus sa Mhargadh Aonair, méadú mór ó 86 mhilliún in 2022. Tá bearta nach beag déanta chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le hearraí neamhchomhlíontacha a bheith ag teacht isteach sa Mhargadh Aonair, lena n‑áirítear trí dhíolachán ar líne. Cuimsítear leis sin cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Faireachas Margaidh le tacaíocht ó Líonra an Aontais um Chomhlíontacht Táirgí, glacadh an Rialacháin maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí chun na rialacha maidir le sábháilteacht táirgí agus tograí le haghaidh athchóiriú ar Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh a neartú chun allmhairiú táirgí a rialú ar bhealach níos éifeachtaí. Ina theannta sin, tá an Coimisiún ag gníomhú faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.
Le Srianta Soláthair Críochacha san earnáil miondíola agus san earnáil mórdhíola, déantar an Margadh Aonair a ilroinnt, cuirtear teorainn le rogha an tomhaltóra agus cuirtear le difríochtaí móra i bpraghsanna ar fud an Aontais. Forchuireann monaróirí brandaí móra na srianta sin chun é a dhéanamh an‑deacair nó dodhéanta do mhiondíoltóirí táirgí a cheannach i mBallstát amháin agus iad a athdhíol i mBallstát eile. Cé gur uirlis éifeachtach é dlí na hiomaíochta chun pionós a ghearradh ar chleachtais den sórt sin, tá go leor acu lasmuigh dá raon feidhme, áfach. Chun réitigh ar an tsaincheist sin a shainaithint, sheol an Coimisiún cleachtadh aimsithe fíoras leis na Ballstáit in SMET agus cuirfidh sé tús le hidirphlé leis na páirtithe leasmhara tionscail ábhartha (miondíoltóirí agus mórdhíoltóirí, monaróirí, tomhaltóirí).
Le caighdeáin theicniúla chomhchuibhithe, cuirtear chun cinn saorghluaiseacht earraí trína áirithiú go gcomhlíonann táirgí ceanglais sábháilteachta, cháilíochta agus feidhmíochta ó Bhallstát go chéile. Leis an marcáil CE, sainaithnítear táirgí a chomhlíonann reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le táirgí, rud a fhágann gur féidir iad a dhíol ar fud na hEorpa. Le caighdeáin, laghdaítear bacainní ar thrádáil, áirithítear idir-inoibritheacht táirgí agus cuirtear feabhas ar iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa. Uaireanta bíonn easpa luais agus lúfaireachta sa chreat um chaighdeánú, go háirithe i gcás slabhraí luacha nua le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Tá sé ríthábhachtach seachadadh tapa caighdeán agus rannpháirtíocht thionscal an Aontais san obair ar iarrataí ar chaighdeánú a spreagadh i réimsí atá ríthábhachtach le haghaidh iomaíochas an Aontais. Socraítear réimsí tosaíochta den sórt sin ar bhonn bliantúil, trí Chlár Oibre Bliantúil an Aontais um Chaighdeánú Eorpach. Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar an gcreat dlíthiúil maidir le caighdeánú Eorpach chun gníomhaíocht bhreise a chinneadh.
Léirítear sa mheastóireacht ar an Rialachán maidir le Lipéadú Táirgí Teicstíle go bhfuil an‑chuid ceanglas lipéadaithe ann. Cuireann sé sin le castacht na faisnéise a chuirtear ar fáil do chustaiméirí agus déanann sé an Margadh Aonair a dheighilt. Baintear de thátal aisti freisin nach gcumhdaítear leis an gcreat rialála atá ann cheana ar an leibhéal Eorpach faisnéis a bhaineann le hathchúrsáil ná lipéid neamhfhisiceacha, i.e. lipéadú digiteach.
1.5Ualach rialála sa Mhargadh Aonair
Measann gnólachtaí go bhfuil an t‑ualach rialála san Eoraip róthrom, agus 32 % de ghnólachtaí an Aontais den tuairim gur ‘constaic mhór’ iad rialacháin ar a ngníomhaíocht infheistíochta. Measann 34 % eile de chuideachtaí an Aontais gur mionchonstaic í an rialáil, rud a chiallaíonn go measann dhá thrian de chuideachtaí san iomlán go bhfuil bac á chur orthu infheistíocht a dhéanamh trí rialáil iomarcach. I gcomparáid leis sin, ní mheasann ach 21 % de chuideachtaí sna Stáit Aontaithe gur bac mór iad ‘rialacháin ghnó’ ar infheistíocht. I gcomparáid leis an mbliain seo caite, ba chobhsaí den chuid is mó braistintí ghnólachtaí an Aontais maidir le hualach rialála rialtais, agus bhí feabhas beag ó 3.4 in 2019 go 3.9 in 2023, cé go bhfuil sé fós róthrom (féach ETF 4).
Measann 41 % de chuideachtaí gurb é an t‑ualach rialála méadaithe an phríomhthoisc riosca a bhfuil tionchar diúltach aici ar tharraingteacht an Aontais mar shuíomh le haghaidh infheistíocht dhíreach choigríche (IDC). Tugann sé sin míniú páirteach ar an laghdú mór ar sciar an Aontais de shreafaí IDC domhanda bliantúla ó 36 % (2019) go 4 % (2023). Tá an t‑ualach rialála anásta go háirithe le haghaidh FBManna. Tuairiscíonn 28 % de FBManna an Aontais go bhfuil níos mó ná 10 % dá bhfoireann fostaithe chun ceanglais agus caighdeáin rialála a mheasúnú agus a chomhlíonadh. Mar shampla, d’fhéadfadh nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh saoráidí monaraíochta nua nó nuachóirithe a bheith fadálach, costasach agus d’fhéadfadh idirghníomhaíocht leis an iliomad riarachán poiblí a bheith i gceist leo. Ar na réimsí eile a luaigh cuideachtaí arís agus arís eile mar réimsí a bhfuil ualach ar leith ag baint leo, tá oibrithe a phostú, tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus reachtaíocht maidir le ceimiceáin.
1.6Uirlisí digiteacha le haghaidh an Mhargaidh Aonair
Tuairiscíonn oibreoirí eacnamaíocha deacrachtaí a bhaineann le rochtain a fháil ar fhaisnéis agus foirmiúlachtaí riaracháin a chur i gcrích ar líne. De réir suirbhéanna a rinneadh le déanaí, áirítear ar na príomhfhadhbanna deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi rialacha agus ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin atá róchasta. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, is féidir le huirlisí digiteacha rochtain a éascú agus an t‑ualach riaracháin a laghdú. Mar shampla, is tionscnamh ríomhrialtais de chuid an Aontais í an Tairseach Aonair Dhigiteach a fheidhmíonn cheana féin mar ionad ilfhreastail do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar mian leo oibriú, staidéar nó dul i mbun gnó i dtír eile san Aontas. Tá a raon feidhme leathnaithe de réir a chéile chun réimsí breise agus tionscnaimh reachtacha bhreise a chur san áireamh. Mar sin féin, tá gá fós le dul chun cinn nach beag, go háirithe chun nósanna imeachta a dhéanamh inrochtana le haghaidh úsáideoirí trasteorann.
Is féidir le comhar ilroinnte idir údaráis na mBallstát agus an Coimisiún Eorpach an bonn a bhaint de chur chun feidhme éifeachtach dhlí an Aontais. Tá ról tábhachtach ag Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) maidir le comhar agus malartuithe tapa a éascú idir breis agus 12 000 údarás poiblí ar fud na hEorpa. Rinne IMI Bunachar Sonraí na nGairmeacha Rialáilte a ionchorprú anuraidh. Le húsáidí breise IMI, amhail bunú beartaithe tairsí dearbhaithe dhigitigh aonair chun oibrithe a phostú, d’fhéadfaí an t‑ualach riaracháin a laghdú a thuilleadh.
Mar gheall ar ghlacadh neamhréireach ríomhshonrasctha, tá próisis riaracháin níos casta fós le haghaidh gnólachtaí, go háirithe i bpróisis soláthair phoiblí. Leis an Treoir maidir le ríomhshonrascadh le haghaidh soláthar poiblí, tugtar sainordú do na húdaráis chonarthacha uile san Eoraip ríomhshonraisc a fháil agus a phróiseáil i gcomhréir leis an gcaighdeán. Tháinig méadú ar chéatadán na bhfiontar Eorpach a sheolann ríomhshonraisc, is é sin ó 10.3 % in 2013 go 32.2 % in 2020.
Cuireann an easpa faisnéise cuimsithí agus inrochtana maidir le saolré táirgí bac ar iarrachtaí trédhearcachta agus inbhuanaitheachta. Leis an bPas Táirge Digiteach, a bunaíodh faoin Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, atá i bhfeidhm ó mhí Iúil 2024, cuirfear ar fáil, a luaithe a chruthófar é agus a bheidh sé oibríochtúil, faisnéis chuimsitheach faoi shaolré táirge, lena n‑áirítear doiciméadacht maidir le comhlíonadh, treoracha sábháilteachta, agus treoir maidir le diúscairt táirgí.
Ar deireadh, cuireann idir-inoibritheacht na hearnála poiblí ar a gcumas do rialtais comhoibriú agus seirbhísí poiblí a sholáthar thar theorainneacha agus thar theorainneacha earnála agus eagraíochtúla. Le hidir-inoibritheacht trasteorann, is féidir le gnólachtaí idir EUR 5.7 billiún agus EUR 19.2 billiún a choigilt in aghaidh na bliana.
1.7FBManna
Tá FBManna an Aontais (99.8 % d’fhiontair) i gcroílár chreatlach eacnamaíoch an Aontais, ach tá an timpeallacht eacnamaíoch fós dúshlánach dóibh. Mar a léirítear in athbhreithniú 2024 ar fheidhmíocht FBManna GROW, tháinig laghdú 1.6 % ar bhreisluach FBManna i dtéarmaí réadacha in 2023 agus meastar go dtiocfaidh laghdú breise 1.0 % air in 2024. I gcomparáid le cuideachtaí móra, tá treocht sa treo mícheart léirithe ag táirgiúlacht FBManna: in 2008, bhí FBManna thart ar 68 % chomh táirgiúil le fiontair mhóra, ach in 2024 thit an figiúr sin go 60 %.
Is iad na FBManna a spreagann an fás agus an nuálaíocht san Eoraip i gcónaí. An chuid is mó de ghnólachtaí an Aontais atá ag uas-scálú agus a bhfuil fás tapa agus táirgiúlacht ard acu, is FBManna iad. Tá beagnach 4 mhilliún post cruthaithe ag micrea-FBManna a bhfuil níos lú ná 10 bhfostaí acu le 3 bliana anuas, agus in 11 as 14 éiceachóras thionsclaíocha, tá fás post in FBManna tar éis an fás i bhfiontair mhóra in 2023 a shárú.
Tá FBManna á gcoinneáil siar mar gheall ar cheithre phríomhdhúshlán: bacainní rialála nó ualach riaracháin, moilleanna ar íocaíochtaí, rochtain ar mhaoiniú, agus scileanna. Measann 35 % de FBManna go bhfuil nósanna imeachta casta riaracháin nó dlíthiúla ina bpríomhchonstaic ar bhearta éifeachtúlachta acmhainní a chur chun feidhme, agus meastar gurb í rochtain ar scileanna an fhadhb is suntasaí le haghaidh 29 % de FBManna. Ina theannta sin, tá staid na n‑íocaíochtaí san Eoraip ag dul in olcas i gcónaí: tá méadú tagtha ar amanna íocaíochta iarbhír in idirbhearta gnólacht le gnólacht ó 52 lá in 2022 go 62 lá in 2024. Is é is cúis leis an easpa fuinnimh sa réimse FBM fás foriomlán níos moille sa gheilleagar, ach is léiriú é freisin go bhfuil an t‑uas-scálú níos dúshlánaí anois agus gur féidir leas breise a bhaint as barainneachtaí scála ón Margadh Aonair.
1.8Méadú agus comhtháthú féideartha tíortha is iarrthóirí sa Mhargadh Aonair
Tá comhtháthú eacnamaíoch tíortha is iarrthóirí i Margadh Aonair an Aontais ina phríomhthosaíocht ag an gCoimisiún. Éascaíonn sé sreafaí trádála agus infheistíochta, rud a spreagann fás eacnamaíoch san Aontas agus sna tíortha is iarrthóirí araon ar deireadh. Leanann an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt don chomhtháthú sin trí fhaireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na n‑iarrthóirí maidir lena reachtaíocht a ailíniú le dlíthe an Aontais agus trí chúnamh a thabhairt dá n‑athchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha. Meastar go mbeidh tionchar dearfach ag comhtháthú tuilleadh geilleagar sa Mhargadh Aonair ar phríomhearnálacha amhail amhábhair, innealra agus an turasóireacht.
Áirítear ar na tionscnaimh chun naisc leis an Úcráin agus leis an Moldóiv a neartú comhtháthú rialála earnálacha tionsclaíocha roghnaithe. Tá méadú seasta tagtha ar ról an Aontais mar phríomh-chomhpháirtí trádála don dá thír ó 2022 i leith, agus is é a ghineann níos mó ná 50 % dá dtrádáil fhoriomlán anois. Eagraítear idirphlé bliantúil leis an Úcráin maidir le comhar tionsclaíoch; i mí an Mhárta 2024 chuir rialtas na hÚcráine Plean na hÚcráine i láthair, arb é atá ann liosta athchóirithe agus infheistíochtaí a thabharfadh an tír níos gaire don Aontas agus don Mhargadh Aonair. Faoi Chomhaontuithe féideartha maidir le Measúnú Comhréireachta agus Glactha de Tháirgí Tionsclaíocha (‘ACAA’), neartaíonn an Coimisiún acmhainneachtaí riaracháin na dtíortha is iarrthóirí chun cuidiú leo dlí an Aontais maidir le hearraí tionsclaíocha a chur chun feidhme. Is é an aidhm atá ann a áirithiú go ndéanfar na tíortha is iarrthóirí a chomhtháthú de réir a chéile i Margadh Aonair an Aontais agus i slabhraí luacha eacnamaíocha.
Is féidir le cothú na forbartha eacnamaíche i gcomharsanacht an Aontais dul chun tairbhe an Aontais féin freisin, trí dheiseanna trádála a thairiscint. Leis an bPlean do na Balcáin Thiar, cuirtear ar fáil comhtháthú de réir a chéile earraí agus seirbhísí i Margadh Aonair an Aontais, chomh maith le naisc níos doimhne le slabhraí soláthair an Aontais. Dá gcruthófaí cómhargadh réigiúnach na mBalcán Thiar a bheadh ailínithe le rialacha an Aontais, d’fhéadfadh méadú faoi dhó a theacht ar gheilleagair an réigiúin sna 10 mbliana amach romhainn.
ROINN 2 – An bhearna nuálaíochta a dhúnadh
12.1Taighde agus nuálaíocht
|
ETF
|
An méid a thomhaiseann sé
|
Sprioc
|
Luach is déanaí an Aontais
|
|
ETF 5: Caiteachas T&F
|
Caiteachas iomlán príobháideach agus poiblí ar thaighde agus forbairt mar sciar de OTI.
|
>3 % faoi 2030
|
2.22 % (2023)
2.21 % (2022)
|
|
ETF 6: Iarratais ar phaitinní
|
An líon iarratas ar phaitinní in aghaidh an mhilliúin áitritheoir
|
|
152,8 (2023)
151,8 (2022)
|
|
ETF 7: Infheistíocht chaipitil fiontair
|
Infheistíocht caipitil fiontair (mar scair de OTI)
|
|
0.05 % (2023)
0.09 % (2022)
|
Laghdaigh sciar na hEorpa d’iarratais ar phaitinní domhanda ó 30 % go 17 % idir 2000 agus 2021, cé go raibh sé fós cobhsaí i ndearbhthéarmaí (ETF 6). Baineann cuideachtaí an Aontais, go háirithe FBManna, tearcúsáid as an bhféidearthacht a maoin intleachtúil a chosaint go foirmiúil, amhail paitinní, trádmharcanna agus dearaí. Níl maoin intleachtúil chláraithe ach ag 9 % de FBManna, i gcomparáid le níos mó ná 55 % de chuideachtaí móra.
Cé go bhfuil bonn tionsclaíoch an Aontais níos éagsúlaithe ná bonn tionsclaíoch geilleagar mór eile, tá sé, go díréireach, níos speisialaithe i dteicneolaíochtaí ar lú a gcastacht ná mar atá a chontrapháirtithe. Tugann sé sin le tuiscint go bhfuil sáinn áirithe meánteicneolaíochta ann a chuireann bac ar chumas an Aontais dul isteach in earnálacha dianteicneolaíochta nua agus iad a fhás, rud a bhaineann an bonn den acmhainneacht fáis amach anseo. Má fhéachtar ar an 50 infheisteoir T&F is fearr ar domhan de réir earnálacha in 2023 a cuireadh i láthair i Scórchlár T&F 2024, bhí cuideachtaí an Aontais chun tosaigh san earnáil mótarfheithiclí (sciar 61 % den iomlán, na Stáit Aontaithe 18 %, an tSín 5 %, an tSeapáin 15 %), ach in earnálacha dianteicneolaíochta eile, bhí infheisteoirí an Aontais ag titim ar gcúl: an earnáil sláinte (an tAontas 14 % i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe 51 %, an tSeapáin 4 %); Crua-earraí TFC (an tAontas 8 % i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe 55 %, an tSín 15 %); Bogearraí TFC (an tAontas 4 % i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe 82 %, an tSín 10 %, an tSeapáin 4 %). Tá feabhas beag (8 %) tagtha ar aschur nuálaíochta an Aontais le 10 mbliana anuas, ach tá sé fós níos ísle ná aschur nuálaíochta na Stát Aontaithe, na Ríochta Aontaithe agus na Seapáine, agus tá aschur nuálaíochta na Síne ag teacht suas go gasta agus méadú 28 % tagtha air sa tréimhse chéanna.
Bíonn deacrachtaí ag cuideachtaí agus ag ollscoileanna a gcuid taighde a chur in úsáid agus a thráchtálú ag an tús. Mar shampla, ní bhaintear leas tráchtála ach as thart ar aon trian d’aireagáin phaitinnithe atá cláraithe ag ollscoileanna Eorpacha. Tá sé sin amhlaidh mar gheall ar naisc laga chomhoibrithe idir an earnáil gnó agus an saol acadúil, rialacha neamhréireacha maidir le bainistiú maoine intleachtúla, agus gairmeacha acadúla neamh-chomhtháite gan dreasachtaí leordhóthanacha le haghaidh tráchtálaithe agus fiontraíochta. Ó thaobh an ghnó de, tá go leor dúshlán roimh chuideachtaí agus iad ag féachaint lena nuálaíocht atá faoi chosaint maoine intleachtúla a thráchtálú, amhail tírdhreach rialachais maoine intleachtúla ilroinnte agus easpa caipiteal príobháideach.
Tá laghdú tagtha ar infheistíocht chaipitil fiontair ó leibhéil a bhí íseal cheana féin: ó 0,09 % de OTI in 2022 go 0,05 % in 2023 (féach ETF 7 agus Fíor 3). Braitheann go leor cuideachtaí nuálacha atá ag fás go tapa ar chaipiteal riosca i bhfoirm infheistíochtaí fiontair chun borradh a chur fúthu. Meastar go bhfuil margadh caipitil fiontair an Aontais (a thomhaistear mar sciar d’infheistíocht caipitil fiontair de OTI) fós deich n‑uaire níos lú ná margadh caipitil fiontair na Stát Aontaithe agus seacht n‑uaire níos lú ná margadh caipitil fiontair na Síne. Dá bhrí sin, tá srian ar go leor cuideachtaí Eorpacha atá thar a bheith nuálach mar gheall ar rochtain theoranta ar chaipiteal, rud a fhágann go lorgaíonn siad maoiniú thar lear go minic, nó fiú go n‑athlonnaíonn siad chuig timpeallachtaí cistiúcháin níos fabhraí amhail na Stáit Aontaithe. Mar shampla, i dtionscail ardmhonaraithe, ó 2017-2023 tugadh beagnach 90 % de luach an chaipitil fiontair do ghnólachtaí de chuid na Stát Aontaithe nó na Síne (47 % agus 39 %, faoi seach), agus níor tugadh ach 4 % den chaipiteal fiontair a tiomsaíodh sa tionscal sin ar fud an domhain do ghnólachtaí atá lonnaithe san Aontas.
|
Fíor 3: Infheistíocht caipitil fiontair mar sciar de OTI in 2023
|
|
|
|
Foinsí: Invest Europe; Eurostat; ECFE; Staidreamh
|
Tá réimse clár ag buiséad an Aontais a fheidhmíonn mar luamháin thábhachtacha le haghaidh infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha agus iarrachtaí taighde. Mar shampla, le InvestEU, tá EUR 218 mbilliún d’infheistíocht curtha ar fáil cheana féin ar son Aontas níos nuálaí agus níos iomaíche. Le Fís Eorpach, tá cistiú EUR 93.5 billiún á chur ar fáil don taighde agus don nuálaíocht le haghaidh na tréimhse 2021-2027 agus tacaíonn an Ciste don Nuálaíocht le teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin (féach Roinn 3.2). Cé go bhfuil deiseanna móra cistiúcháin ar fáil i mbuiséad an Aontais, leithdháiltear caiteachas an Aontais ar an iomarca clár, rud a chuireann leis an gcastacht agus leis an dolúbthacht a chuireann bac ar an neart, agus a chuireann ina choinne, tríd an méid atá á lorg trí acmhainní a chomhthiomsú chun tionscadail thábhachtacha a chistiú ar leibhéal an Aontais.
Bunaíodh an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) in 2024 chun tionscadail, teicneolaíochtaí agus earnálacha cistiúcháin tosaíochta an Aontais a stiúradh. Cuireann sé borradh faoin infheistíocht agus méadaíonn sé an tacaíocht d’fhorbairt agus do mhonarú teicneolaíochtaí nuálacha agus straitéiseacha san Eoraip. Ardaíonn agus stiúrann STEP cistiúchán ar fud 11 chlár de chuid an Aontais le haghaidh teicneolaíochtaí digiteacha agus nuálaíocht teicneolaíochta doimhne, teicneolaíochtaí agus bith-theicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní. Tá thart ar 30 glao STEP ar thograí dar luach níos mó ná EUR 8.5 billiún foilsithe cheana féin ag an gCoimisiún agus tá níos mó ná EUR 6 bhilliún atreoraithe ag na Ballstáit chuig tionscadail STEP.
12.2Digitiú
|
ETF
|
An méid a thomhaiseann sé
|
Sprioc
|
Luach is déanaí an Aontais
|
|
ETF 8: Déine dhigiteach in FBManna
|
Sciar de chuideachtaí an Aontais ag a bhfuil bunleibhéal déine digití ar a laghad. Is é atá i gceist leis sin úsáid a bhaint as ceithre cinn ar a laghad de dhá cheann déag de theicneolaíochtaí digiteacha roghnaithe (amhail úsáid a bhaint as teicneolaíocht IS; díolachán ríomhthráchtála de thart ar 1 % ar a laghad den láimhdeachas iomlán a bheith acu; etc.) mar a shainítear sa chlár beartais don Deacáid Dhigiteach.
|
90 % faoi 2030
|
57.7 % (2023)
54.8 % (2021)
|
|
ETF 9: Glacadh teicneolaíochtaí digiteacha ag cuideachtaí
|
Sciar de na cuideachtaí Eorpacha ag a bhfuil seirbhísí néalríomhaireachta, anailísíocht sonraí agus/nó Intleacht Shaorga glactha. Sprioc atá leagtha amach sa chlár beartais don Deacáid Dhigiteach.
|
75 % faoi 2030
|
Seirbhísí néal-ríomhaireachta: 38.9 % (2023)
34.0 % (2021)
Anailísíocht sonraí: 33.2 % (2023)
Olltiomsú sonraí: 14.2 % (2020)
An intleacht shaorga:
8.0 % (2023)
7.6 % (2021)
|
Tá an tAontas ag titim ar gcúl ar a chuid iomaitheoirí sna réimsí digiteacha. Mar shampla, níl ach 263 chuideachta aonbheannaigh san Aontas, i gcomparáid le 1 539 gcinn sna Stáit Aontaithe agus 387 gcinn sa tSín. Tá cor iomaíoch fós ag an Aontas i réimsí amhail ardmhonarú agus trealamh líonra mhóibíligh ach theip air an ceann is fearr a fháil ar luas foriomlán na n‑iomaitheoirí domhanda sna réimsí crua-earraí agus bogearraí araon in earnáil na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC). Cé go bhfuil sciar an Aontais den mhargadh domhanda TFC laghdaithe faoina leath le 10 mbliana anuas (go 10.8 %), tá méadú aon trian tagtha ar sciar na Stát Aontaithe (go 38 %)
. Thairis sin, tá bonn eolais an Aontais chun teicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt lonnaithe lasmuigh den Aontas den chuid is mó, agus is éard atá i bhforghairmeacha paitinne lasmuigh den Aontas thart ar 70 % de na hiarratais ar phaitinní digiteacha.
Níl déine dhigiteach FBManna ná an méid teicneolaíochtaí digiteacha atá á nglacadh ag cuideachtaí ag méadú tapa go leor go fóill. In 2023, bhí ar a laghad bunleibhéal déine digití ag 57.7 % de FBManna an Aontais, ar méadú é sin i gcomparáid le 2 bhliain ó shin, cé nach raibh sé tapa go leor chun leanúint de bheith ar an mbóthar ceart i dtreo na sprice, is é sin bunleibhéal déine digití 90 % faoi 2030. (ETF 8). Tá méadú tagtha freisin ar sciar na gcuideachtaí san Aontas a bhfuil níos mó ná deichniúr fostaithe acu a bhfuil príomhtheicneolaíochtaí digiteacha glactha acu, agus tá 33.2 % de chuideachtaí ag úsáid anailísíocht sonraí, 38.9 % ag úsáid néalríomhaireachta agus 8 % tar éis IS a chur chun feidhme ina ngnóthas, ach ní leor na huimhreacha sin ach an oiread chun an chonair is gá a leanúint chun an sprioc maidir le glacadh 75 % a bhaint amach in 2030 (ETF 9).
Tá rolladh amach an ardmhonaraithe i dtionscail thraidisiúnta, amhail monarú suimitheach agus róbataic, fós rómhall. Is é atá i ndlús róbat san Aontas 22 aonad in aghaidh gach 1000 fostaí, atá faoi bhun na Stát Aontaithe (29), agus atá go mór ar gcúl ar an gCóiré Theas (101), ar an tSín (47) agus ar an tSeapáin (42).
An dul chun cinn teicneolaíochta is suaití agus is mó a bhfuil gealladh faoi, beidh sé bunaithe ar an intleacht shaorga (IS), réimse ina bhfuil an Eoraip ag titim ar gcúl faoi láthair. Go dtí seo, theip ar an Aontas leas a bhaint as an gcumhacht is féidir leis an Margadh Aonair a thabhairt chun rochtain mhórscála ar shaorshreabhadh sonraí agus ionchais láidre uas-scálaithe a chumasú, ar réamhriachtanais iad araon le haghaidh tionscal teicneolaíochta rathúil. Tá infheistíochtaí móra san intleacht shaorga á seoladh ag gnólachtaí, agus is i gcuideachtaí na Stát Aontaithe atá an chuid is mó den infheistíocht sin. Meastar go dtiocfaidh méadú faoi dheich ar luach na hearnála go dtí 2030. Chun feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh forbairt teicneolaíochta, tá an tAontas ag cur lena bhonneagar ríomhaireachta ardfheidhmíochta, bonneagar atá ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain, chun ‘Monarchana IS’ a chruthú a bheidh ina n‑ionaid ilfhreastail le haghaidh cuideachtaí chun oiliúint a chur ar shamhlacha IS agus chun iad a fhorbairt.
Is féidir táirgiúlacht a mhéadú go mór ar fud an gheilleagair trí theicneolaíochtaí digiteacha a chur in úsáid ar bhonn níos mó sa mhonaraíocht. Tá an tábhacht chéanna ag baint leis an teicneolaíocht a chur in úsáid agus atá lena forbairt, agus is réitigh mhaithe iad araon ar an bhfadhb i gcomparáid leis an iarracht níos dúshlánaí chun teacht suas go tapa leis na Stáit Aontaithe agus leis an tSín maidir le forbairt IS, tíortha atá go mór chun tosaigh cheana féin. Beidh sé ríthábhachtach rolladh amach ardteicneolaíochtaí digiteacha a dhreasú in earnáil na tionsclaíochta, i seirbhísí agus san earnáil phoiblí chun borradh a chur faoin ngeilleagar i gcoitinne.
12.3Scileanna agus oideachas
|
ETF
|
An méid a thomhaiseann sé
|
Sprioc
|
Luach is déanaí an Aontais
|
|
ETF 10: Ráta fostaíochta
|
An sciar de dhaoine in aois oibre atá fostaithe.
|
78 % faoi 2030
|
75.3 % (2023)
74.6 % (2022)
|
|
ETF 11: Rannpháirtíocht daoine fásta san oideachas agus san oiliúint
|
An sciar den daonra fásta a ghlacann páirt san oideachas agus/nó san oiliúint uair sa bhliain ar a laghad.
|
60 % faoi 2030
|
39.5 % (2022)
37.4 % (2016)
|
|
ETF 12: Speisialtóirí TFC
|
Speisialtóirí TFC mar sciar den fhostaíocht iomlán
|
20 milliún speisialtóir TFC, thart ar 10 % den fhostaíocht iomlán
|
9.8 milliún, 4.8 % den fhostaíocht (2023)
9.4 milliún, 4.6 % den fhostaíocht (2022)
|
|
ETF 13: Scór PISA
|
Feidhmíocht daoine 15 bliana d’aois i dtástálacha PISA de chuid ECFE lena gcumhdaítear matamaitic, léitheoireacht agus eolaíocht. Léiríonn scóir arda feidhmíocht níos fearr.
|
|
Matamaitic: 474 (2022)
Matamaitic: 492 (2018)
Léitheoireacht: 475 (2022)
Léitheoireacht: 488 (2018)
Eolaíocht: 484 (2022)
Eolaíocht: 488 (2018)
|
Cé go bhfuil ráta fostaíochta an Aontais ag bogadh go seasta i dtreo na sprice 78 % in 2030 (ETF 10), tá torthaí oideachais sa mheánoideachas ag titim ar gcúl. Bhí ráta fostaíochta an Aontais os cionn 75 % in 2023, ar méadú é sin ó 72 % in 2018. Tá an fheidhmíocht seo ag teacht go ginearálta leis na Stáit Aontaithe, ach tá sí faoi bhun treochtaí sa tSeapáin agus sa Ríocht Aontaithe. An tráth céanna, tá fadhb os comhair na hEorpa ó thaobh bunscileanna a thabhairt do dhaoine óga. Meánscóir PISA lena rianaítear feidhmíocht daoine 15 bliana d’aois sa mhatamaitic, sa léitheoireacht agus san eolaíocht, thit siad i ngach disciplín, agus iad ag leanúint den treocht anuas a tugadh faoi deara i suirbhéanna roimhe seo. Ní éiríonn go maith le mic léinn an Aontais i gcomparáid le mic léinn sa Ríocht Aontaithe, sna Stáit Aontaithe, sa tSeapáin agus sa tSín (ETF 13). Cuidíonn rannpháirtíocht mhéadaithe ban sa lucht saothair le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna ach níl ach cúngú beag tagtha ar an mbearna fostaíochta idir na hinscní le blianta beaga anuas.
Mar gheall ar chineál an mhargaidh saothair atá ag athrú go tapa, mar aon leis an athrú déimeagrafach, leagtar béim ar an ngá atá le scileanna nua a thabhairt do mhuintir na hEorpa. Mar sin féin, tuairiscíonn os cionn 70 % de ghnólachtaí go gcuireann an easpa scileanna cearta bac ar a n‑infheistíochtaí agus tuairiscíonn beagnach ceithre FBM as gach cúig cinn go bhfuil deacrachtaí acu oibrithe a bhfuil na scileanna cearta acu a aimsiú. Méadaítear an fhadhb toisc go meastar go dtiocfaidh laghdú thart ar aon mhilliún duine ar an meán ar dhaonra na hEorpa atá in aois oibre gach bliain, ón lá atá inniu ann go dtí 2050, in éagmais athruithe fritháirimh. Cé go bhfuil éileamh mór méadaitheach ar scileanna TFC, meastar nach bhfuil bunscileanna digiteacha nó scileanna digiteacha os cionn na mbunscileanna digiteacha ach ag 56 % den daonra, rud a léiríonn an gá atá le huas-sciliú agus athsciliú an lucht saothair. Tuairiscíonn 45 % de FBManna go gcuireann ganntanais scileanna bac ar a gcumas teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh nó a úsáid go héifeachtach. Shroich an líon speisialtóirí TFC 10 milliún in 2023, arb é sin 4.8 % den fhostaíocht iomlán, agus tá dul chun cinn á dhéanamh i dtreo na sprice 10 % den lucht saothair a bheith ina speisialtóirí TFC faoi 2030 (ETF 12). Mar sin féin, ní ghlacann ach 39.5 % de dhaoine fásta páirt san oideachas nó san oiliúint (ETF 11), rud a léiríonn an gá atá le foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn. Rannchuidíonn Ciste Sóisialta na hEorpa le hathsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair agus tá buiséad EUR 142.7 billiún aige don tréimhse 2021-2027. Mar fhreagairt ar bhearnaí scileanna in earnálacha ríthábhachtacha, amhail earnáil na dteicneolaíochtaí glan‑nialasachta, earnáil na cibearshlándála agus an earnáil tógála, seoladh acadaimh tionscail shaincheaptha i gcomhar leis an bpobal gnó.
ROINN 3 – Dícharbónú na tionsclaíochta agus infheistíocht
13.1Rochtain ar chaipiteal príobháideach agus ar infheistíocht phríobháideach
|
ETF
|
An méid a thomhaiseann sé
|
Luach is déanaí an Aontais
|
|
ETF 14: Infheistíocht phríobháideach
|
Infheistíocht phríobháideach (mar sciar de OTI)
|
18.5 % (2023)
19.3 % (2022)
|
|
ETF 15: Coigilteas príobháideach a infheistítear i mbannaí, i scaireanna, i gcistí infheistíochta agus a leithéid
|
Méideanna coigiltis teaghlach i mbannaí; scaireanna liostaithe; agus cistí infheistíochta, árachais agus pinsin, i gcoibhneas le méideanna shealúchais airgid agus thaiscí bainc na dteaghlach. Tugann sé léargas ar sciar na gcoigilteas a chuireann go díreach le hinfheistíocht san fhíorgheilleagar, rud a éascaíonn rochtain cuideachtaí ar mhaoiniú.
|
43 % (2023)
42 % (2022)
|
Tá riachtanais ollmhóra infheistíochta ann do ghnólachtaí chun máistreacht a fháil ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach. Teastaíonn infheistíochtaí uathu chun leictreachas a ghiniúint, a tharchur agus a stóráil agus chun próisis thionsclaíocha a leictriú, chomh maith le hinfheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh, san acmhainneacht ríomhaireachta, san uathoibriú agus in go leor réimsí eile. Ar an gcaoi chéanna, teastaíonn infheistíocht uathu sa tionscal leathsheoltóirí agus in eastóscadh, próiseáil agus athchúrsáil go leor amhábhar criticiúil.
Tá an infheistíocht phríobháideach, arb é atá inti thart ar 19 % de OTI, cobhsaí den chuid is mó le blianta beaga anuas (ETF 14). Tá na leibhéil foriomlána beagán chun tosaigh ar na leibhéil sna Stáit Aontaithe agus i bhfad chun tosaigh ar na leibhéil sa Ríocht Aontaithe. An anailís shonrach ar éabhlóid an chaipitil fiontair agus ar an ETF lena mbaineann, cuireadh i láthair í faoi Roinn 2.
I gcomparáid le geilleagair shárfhorbartha eile, téann sciar i bhfad níos lú de choigilteas príobháideach an Aontais go díreach isteach san infheistíocht i gcuideachtaí agus i gcineálacha infheistíochta a bhfuil riosca níos mó ag baint leo. Tá an infheistíocht tháirgiúil íseal agus tá an choigilt phríobháideach ard. An sciar de choigilteas teaghlaigh an Aontais a théann i dtreo bannaí cuideachta, scaireanna liostaithe, cistí infheistíochta agus a leithéid, tá an sciar sin réasúnta íseal, arb é atá ann 43 % de na leibhéil choigiltis i gcuntais bhainc thraidisiúnta (ETF 15). Is é 55 % an leibhéal comhfhreagrach sa Ríocht Aontaithe agus 72 % sna Stáit Aontaithe (féach Fíor 4). Cuidíonn rátaí arda rannpháirtíochta i margaí airgeadais le cuideachtaí a gcistiú a éagsúlú. Tá margaí caipitil láidre tábhachtach chun rochtain ar mhaoiniú a éascú do chuideachtaí agus chun maoiniú a chur ar fáil do ghnólachtaí atá ag méadú.
|
Fíor 4: Coigilteas teaghlaigh a infheistítear i mbannaí, i scaireanna, i gcistí infheistíochta agus a leithéid.
|
|
Tabhair faoi deara: Méideanna coigiltis teaghlaigh i mbannaí cuideachta; scaireanna liostaithe; agus cistí infheistíochta, árachais agus pinsin, i gcoibhneas le méideanna shealúchais airgid agus thaiscí bainc na dteaghlach.
|
|
Foinse: An Coimisiún Eorpach, AS FISMA
|
Tá méideanna móra d’airgead choigilteoirí an Aontais ceangailte i gcuntais bhainc nó infheistithe thar lear. Cé go raibh méid an choigiltis phríobháidigh san Aontas beagnach 65 % níos mó ná mar a bhí sna Stáit Aontaithe in 2022, tá rachmas iomlán i bhfad níos ísle ag teaghlaigh an Aontais ná mar atá ag teaghlaigh sna Stáit Aontaithe, go príomha mar gheall ar na torthaí níos ísle a fhaigheann siad de ghnáth ó mhargaí airgeadais. Cé gur tháinig méadú thart ar 150 % ar rachmas airmheánach theaghlaigh na Stát Aontaithe le 15 bliana anuas, ní raibh san fhás comhfhreagrach ach 55 % sa limistéar euro. Is é is cúis leis sin den chuid is mó easpa acmhainneachta i gcóras airgeadais an Aontais chun infheistíochtaí ardtáirgeachta a spreagadh, rud is féidir a mhíniú trí mheascán d’easpa dreasachtaí fioscacha agus ceanglais anásta maidir le tuairisciú cánach i roinnt mhaith Ballstát, mar aon le dearcadh an phobail nach bhfuil gealladh leormhaith faoin timpeallacht ghnó fhoriomlán, rud a laghdaíonn an mhuinín as na hionchais maidir le toradh ar infheistíocht. Den choigilteas teaghlaigh AE a infheistítear i mbannaí cuideachta, i scaireanna liostaithe agus i gcistí infheistíochta, infheistítear sciar mór, thart ar EUR 300 billiún in aghaidh na bliana, thar lear seachas san Aontas, go príomha sna Stáit Aontaithe. An tráth céanna, EUR 3,27 trilliún a bhí in infheistíocht dhíreach choigríche an Aontais sna Stáit Aontaithe in 2023.
Tá laghdú tagtha ar iasachtaí bainc nua do FBManna ó bhí phaindéim COVID-19 ann, rud a chuireann infheistíochtaí nua i mbaol. Cé go mbeadh sciar níos airde de mhaoiniú do chuideachtaí inmhianaithe, is é sin, maoiniú a chuirtear ar fáil trí bhannaí corparáideacha, scaireanna liostaithe, caipiteal fiontair agus cistí infheistíochta, tá maoiniú bainc ríthábhachtach i gcónaí chun fás agus iomaíochas a chothú i measc fhormhór FBManna na hEorpa a úsáideann iasachtaí bainc traidisiúnta chun infheistíochtaí a mhaoiniú (57 % dá maoiniú iomlán is ea iasachtaí bainc, féach Fíor 5). Mar sin féin, maidir le hiasachtú FBManna, ar tháinig méadú géar air tar éis thús phaindéim COVID mar gheall ar na scéimeanna ollmhóra idirghabhála poiblí, tá sé ag laghdú/crapadh go mór de réir mar a tharraingítear siar an tacaíocht phoiblí. Tá leibhéil reatha an mhaoinithe nua ó na bainc tite faoi bhun na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim (Fíor 6), rud is féidir a chur i leith an mhéadaithe ar rátaí úis a bhí ann suas go dtí 2024 freisin, suas go pointe.
|
Fíor 5: An cineál maoinithe a d’úsáid FBManna in 2023 (sciar den mhéid iomlán)
|
Fíor 6: Iasachtú bainc nua do chorparáidí neamhairgeadais
|
|
|
|
|
Foinse: An Suirbhé maidir le Rochtain ar Mhaoiniú le haghaidh Fiontar (SAFE), Mí na Nollag 20231
|
Foinse: An Banc Ceannais Eorpach, Staidreamh Rátaí Úis IAI2
|
13.2Infheistíocht phoiblí agus bonneagar poiblí
|
ETF
|
An méid a thomhaiseann sé
|
Luach is déanaí an Aontais
|
|
ETF 16: Infheistíocht phoiblí
|
Infheistíocht phoiblí (sciar de OTI)
|
3.49 % (2023)
3.24 % (2022)
|
Tá méadú ag teacht de réir a chéile ar an infheistíocht phoiblí le blianta beaga anuas agus shroich sí 3.5 % de OTI in 2024, méadú ó 3.1 % de OTI in 2018 (ETF 16). Cé go bhfuil leibhéal an Aontais cothrom le leibhéal chaiteachas poiblí na Stát Aontaithe, is é sin, 3.5 % de OTI freisin, tá tírdhreach cistiúcháin an Aontais ilroinnte agus casta, agus is ar an leibhéal náisiúnta a dhéantar an chuid is mó den chistiúchán. Mar shampla, i gcás T&F, déantar 93 % de na cistí poiblí a infheistítear go bliantúil a sholáthar trí chláir náisiúnta.
Ar leibhéal an Aontais, cuidíonn cistí an bheartais comhtháthaithe, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) agus ionstraimí eile leis an aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a mhaoiniú. Ó bhí 2021 ann, tá EUR 306 bhilliún íoctha amach ó STA, agus tá gá le pleananna náisiúnta a chur chun feidhme go críochnúil chun a áirithiú go ndéanfar na méideanna atá fágtha a eisíoc go tráthúil agus go cuimsitheach. Le cistí an Bheartais Comhtháthaithe, eisíocadh EUR 249 mbilliún sa tréimhse 2021 - 2024. Leis an gCiste don Nuálaíocht, meastar go gcuirfear EUR 40 billiún ar fáil sna 10 mbliana seo romhainn chun teicneolaíochtaí ísealcharbóin a fhorbairt agus a chur in úsáid, go háirithe i dtionscail dianfhuinnimh, i nginiúint cumhachta agus i stóráil fuinnimh.
D’ainneoin foinsí ábhartha maoinithe phoiblí, amhail InvestEU agus STEP, tá bearna chistiúcháin fós ann chun acmhainneachtaí monaraíochta a uas-scálú, ós rud é go dtacaíonn níos lú ná 5 % de chistiú teicneolaíochta glaine ón Aontas le monaraíocht ghlan‑nialasach ar na leibhéil ullmhachta teicneolaíochta is airde (8-9).
A bhuí le creat Státchabhrach an Aontais, bhí na Ballstáit in ann infheistíocht phoiblí spriocdhírithe a dhéanamh agus, an tráth céanna, saobhadh míchuí ar an iomaíocht a chosc agus cothrom iomaíochta a choinneáil ar bun. In 2022, chaith na Ballstáit beagnach EUR 228 mbilliún, arb é atá ann 1.4 % dá OTI, ar státchabhair (lena n‑áirítear bearta géarchéime). I Scórchlár an Mhargaidh Aonair agus an Iomaíochais na bliana seo – a fhoilsítear in éineacht leis an tuarascáil seo – tá táscaire nua lena gcuirtear comhchruinniú na Státchabhrach i gcomparáid le comhchruinniú OTI san Aontas. Meastar ann go bhfuil an Státchabhair á leithdháileadh ar bhonn níos míchothroime ar fud na mBallstát le 10 mbliana anuas.
Is príomhuirlisí iad Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEInna) le haghaidh infheistíochtaí comhordaithe poiblí agus príobháideacha san Aontas chun tacú le tionscadail cheannródaíocha nuálaíochta agus bhonneagair i réimsí na dteicneolaíochtaí criticiúla. Is é atá in IPCEInna céim i dtreo comhordú trastíre méadaithe i mbeartais thionsclaíocha laistigh den Aontas, éabhlóid nach mór tuilleadh a dhéanamh léi. Go dtí seo, formheasadh deich IPCEI chomhtháite, dar luach níos mó ná EUR 37 mbilliún i dtacaíocht phoiblí náisiúnta, lena scaoiltear EUR 66 bhilliún le haghaidh infheistíochtaí príobháideacha (féach Fíor 7). Is gá próiseas deartha agus athbhreithnithe IPCEI a dhéanamh níos simplí agus níos tapúla chun tionscadail straitéiseacha a chur ar bun go tapa. Cuidíonn an Fóram Eorpach Comhpháirteach maidir le IPCEI, a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2023, le haghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin trí réimsí straitéiseacha a shainaithint le haghaidh IPCEInna amach anseo agus trí fheabhas a chur ar a ndearadh agus a gcur chun feidhme.
Fíor 7: Forbhreathnú ar IPCEInna agus ar na méideanna infheistíochta fuascailte (faoi fhómhar 2024)
Foinse:
Approved IPCEIs [IPCEInna formheasta] - An Coimisiún Eorpach
Is féidir leis an soláthar poiblí a bheith ina uirlis straitéiseach chun infheistíocht phoiblí a dhíriú i dtreo thodhchaí gheilleagar na hEorpa a mhúnlú chun tacú le cuspóirí, amhail an t‑aistriú glas agus athléimneacht gheilleagar an Aontais, ach d’fhéadfadh a chur chun feidhme a bheith dúshlánach. Áirithítear leis na treoracha maidir leis an soláthar poiblí rialacha comhchoiteanna ar fud an Mhargaidh Aonair agus caitheann os cionn 250 000 údarás poiblí san Aontas thart ar 14 % de OTI (EUR 2 000 billiún in 2022) ar sheirbhísí, oibreacha agus soláthairtí gach bliain. Cé go gceadaítear critéir shóisialta, inbhuanaitheachta agus athléimneachta leis na rialacha atá ann cheana, tá a nglacadh teoranta, i ngeall ar dhúshláin maidir le cur chun feidhme, mar shampla.
13.3Fuinneamh
|
ETF
|
An méid a thomhaiseann sé
|
Sprioc
|
Luach is déanaí an Aontais
|
|
ETF 17: Praghsanna leictreachais le haghaidh tomhaltóirí neamhtheaghlaigh
|
Praghsanna leictreachais le haghaidh tomhaltóirí neamhtheaghlaigh (banda praghsanna aitheantas an Aontais, tomhaltóirí móra tráchtála) gan cánacha ná tobhaigh in‑aisghabhála san áireamh.
|
|
EUR 0,16 in aghaidh an kWh (2024)
EUR 0,20 in aghaidh an kWh (2023)
|
|
ETF 18: Leictriú
|
Leictreachas mar sciar den tomhaltas fuinnimh iomlán.
|
|
21.3 % (2022)
20.8 % (2021)
|
|
ETF 19: Cion an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite
|
Giniúint fuinnimh in‑athnuaite mar sciar den tomhaltas fuinnimh foriomlán.
|
45 % in 2030
|
24.5 % (2023)
23 % (2022)
|
Tá na harduithe tobanna ar phraghsanna fuinnimh le blianta beaga anuas tar éis dochar a dhéanamh do thionscail dianfhuinnimh na hEorpa, amhail monaróirí cruach, stroighne, gloine, páipéir agus ceimiceán. Tá laghdú géar tagtha ar an táirgeadh – i réimsí áirithe tá laghdú níos mó ná 10 % tagtha air i gcomparáid leis an táirgeadh roimh 2021. Mar shampla, agus alúmanam á mhonarú, is iondúil na costais fuinnimh a bheith cothrom le leath de na costais táirgthe iomlána. Déanann costais fuinnimh difear nach beag do chumas ghnólachtaí an Aontais dul san iomaíocht i margaí idirnáisiúnta.
Tá praghsanna leictreachais an Aontais tite óna mbuaic ach tá siad fós beagnach dhá oiread níos airde ná na leibhéil stairiúla agus i bhfad níos airde ná mar atá i réigiúin iomaíocha (féach ETF 17). Tá praghsanna leictreachais le sárú ag cuideachtaí an Aontais atá 3 huaire níos airde ar an meán ná praghsanna sna Stáit Aontaithe, chomh maith le praghsanna gáis nádúrtha atá 4-5 huaire níos airde
. Tá difríochtaí móra praghsanna ann laistigh den Aontas freisin. Bhí tionchar diúltach díreach ag na harduithe praghsanna ar mhuinín infheisteoirí agus mar thoradh orthu, tarraingíodh siar infheistíochtaí díreacha coigríche agus cuireadh stop le tionscadail leathnaithe. Deir 33 % de ghnólachtaí gurb iad praghsanna fuinnimh luaineacha atá ró-ard na príomhthosca a dhéanann difear diúltach do tharraingteacht an Aontais mar shuíomh gnó.
Fíor 8: Praghsanna leictreachais le haghaidh cuideachtaí san Aontas agus geilleagair shárfhorbartha eile.
Foinse: Eurostat, Údarás na Stát Aontaithe maidir le Faisnéis Fuinnimh, Roinn Slándála Fuinnimh agus Glan‑Nialais na Ríochta Aontaithe agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh.
Cuireann na leibhéil praghsanna atá ann faoi láthair bac ar leictriú gheilleagar an Aontais freisin. An leictreachas mar sciar den mheascán fuinnimh, tá sé cobhsaí ag thart ar 20 % ó bhí 2000 ann, agus níl borradh mór tagtha faoi go fóill (ETF 18). Is é an chúis atá leis sin, go páirteach, difreálach praghais atá beag go leanúnach idir gás agus leictreachas, agus gan dreasachtaí eacnamaíocha leordhóthanacha a bheith ar fáil dá bharr sin chun aistriú chuig leictreachas, d’ainneoin éifeachtúlacht fuinnimh níos airde na gcóras leictreach. Tá sé sin tar éis an earnáil tionsclaíochta agus teaghlaigh a dhíspreagadh an t‑aistriú a dhéanamh. Meastar, áfach, go dtiocfaidh méadú leanúnach ar an sciar leictreachais i bhfianaise rialacha astaíochtaí atá ag éirí níos déine, praghsáil carbóin níos troime, agus rialacha athbhreithnithe maidir le cánachas fuinnimh, rud a spreagfaidh leictriú an tionscail, a dhreasóidh úsáid teaschaidéal le haghaidh téimh agus a chuirfidh dlús le glacadh feithiclí leictreacha.
Tá geilleagar an Aontais fós ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise, arb é atá iontu thart ar dhá thrian den mheascán fuinnimh. Tá sciar na bhfoinsí in‑athnuaite fuinnimh ag méadú agus is é atá ann 24.5 % (ETF 19) agus soláthraíonn fuinneamh núicléach 12 % de mheascán fuinnimh an Aontais. Sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an Teachtaireacht maidir le sprioc aeráide 2040 na hEorpa, léirítear go bhféadfadh na foinsí fuinnimh ghlain sin 75 % de na riachtanais fuinnimh san Aontas a chomhlíonadh faoi 2040. Leis an spleáchas atá ann faoi láthair ar bhreoslaí iontaise allmhairithe, tá an tionscal neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann le suaitheadh soláthair agus luaineacht praghsanna, agus is féidir le spleáchas níos láidre amach anseo ar fhoinsí fuinnimh dícharbónaithe inacmhainneacht a mhéadú agus leochaileacht an tionscail a theorannú.
Tá cuntas teiste láidir ag an Eoraip sa teicneolaíocht ghlan agus sa nuálaíocht fuinnimh, ach ní chuireann sé dálaí creata leordhóthanacha ar fáil go fóill chun táirgí nuálacha a thabhairt chuig an margadh agus chun é a chur ar a gcumas do chuideachtaí méadú, rud a fhéadfaidh cuidiú le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus borradh a chur faoin soláthar leictreachais. Meastar go méadóidh an margadh domhanda le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí glana ollmhonaraithe faoi thrí faoi 2035 go luach bliantúil de thart ar EUR 1.9 trilliún, rud a thabharfaidh deiseanna ollmhóra do chuideachtaí an Aontais ar féidir leo tairbhiú díobh. Cuideoidh cur chun feidhme tapa an Ghnímh um an Tionscal Glan‑nialasachta leis an Aontas acmhainneacht láidir monaraíochta intíre a thógáil le haghaidh na dteicneolaíochtaí sin, rud atá ríthábhachtach chun freastal ar riachtanais na sochaí maidir le fuinneamh níos saoire agus níos glaine.
13.4Geilleagar ciorclach
|
ETF
|
An méid a thomhaiseann sé
|
Sprioc
|
Luach is déanaí an Aontais
|
|
ETF 20: Ráta úsáide ábhair chiorclaigh
|
Ábhar a aisghabhtar agus a chuirtear ar ais sa gheilleagar, mar sciar d’úsáid fhoriomlán an ábhair.
|
23,4 % faoi 2030
|
11.8 % (2023)
11.5 % (2022)
|
Tá an Eoraip ag dul ar aghaidh de réir a chéile i dtreo geilleagar níos ciorclaí. Ó 2000 i leith, tá méadú tagtha ar chiorclaíocht gheilleagar an Aontais, a thomhaistear mar an ráta úsáide ábhar ciorclach, ó 8.2 % go 11.8 % in 2023 (ETF 20), rud a d’fhág go bhfuil tomhaltas níos ísle ábhar príomhúil, níos lú dramhaíola agus spleáchas eachtrach laghdaithe ann. Is é a bhí i lorg ábhair an Aontais, lena dtomhaistear eastóscadh amhábhar le haghaidh thomhaltas an Aontais, 14.8 tona per capita in 2022.
Tá roinnt tosca ag cur bac ar an aistriú chuig geilleagar ciorclach. Is féidir le srianta eacnamaíocha glacadh samhlacha gnó ciorclacha a dhíspreagadh ós rud é gur minic a bhíonn costais tosaigh níos airde i gceist leo agus ós rud é gur gnách amhábhair thánaisteacha a bheith níos costasaí ná óghábhair. I bhfianaise na rioscaí nuálaíochta agus na héiginnteachta maidir le torthaí ar infheistíocht, mar aon leis an deacracht a bhaineann le huas-scálú agus réitigh a mhacasamhlú i margadh ilroinnte, níl an cás gnó maidir le ciorclaíocht soiléir. Mar shampla, fágann éagsúlachtaí idir na creataí rialála i mBallstáit den Aontas, go háirithe maidir le critéir dheiridh dramhaíola, go bhfuil sé deacair dramhaíl a bhogadh gan bhac laistigh den Mhargadh Aonair. Cuireann sé sin cosc ar shlabhraí soláthair feabhsaithe a fhorbairt agus cuireann sé in aghaidh uas-scálú saoráidí athchúrsála nuálacha. Tá méid an luachshocraithe ar dhramhaíl thionsclaíoch nó ar sheachtháirgí tionsclaíocha (siombóis thionsclaíoch) éagsúil idir na Ballstáit ná idir tionscail, agus tá líonadh talún saor agus easpa intuarthachta maidir le soláthar dramhaíola/seachtháirgí ina mbacainní ar shamhlacha ciorclacha. Tá raon feidhme breise ann freisin chun feabhas a chur ar indeisitheacht earraí chun fad a chur lena saolré agus chun teorainn a chur le tomhaltas acmhainní agus fuinnimh a bhaineann le táirgeadh earraí nua. Ina theannta sin, tá acmhainneacht mhór neamhshaothraithe ann maidir le húsáid ábhar bithbhunaithe a leathnú, go háirithe ábhar tógála adhmadbhunaithe agus earraí tomhaltais, ó fhoraoisí dúchasacha na hEorpa. Chuirfeadh sé sin teorainn le húsáid acmhainní finideacha agus d’fhágfadh sé go mbeadh níos mó foirgneamh agus earraí in ann gníomhú mar linnte carbóin.
Leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla agus leis an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, cuirtear feabhas ar choinníollacha le haghaidh samhlacha gnó ciorclacha. Leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, ceanglaítear go gcumhdófar le hathchúrsáil an Aontais 25 % de thomhaltas bliantúil amhábhar straitéiseach an Aontais faoi 2030 agus déantar infheistíochtaí i saoráidí athchúrsála a chuíchóiriú. Ar leibhéal an táirge, leis an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, déanfar critéir chiorclaíochta thiomnaithe shonracha a dhearadh le haghaidh catagóirí táirgí sonracha. Cuideoidh sé sin le haghaidh a thabhairt ar ilroinnt an mhargaidh a eascraíonn as rialacha náisiúnta éagsúla maidir le hinbhuanaitheacht táirgí. Tacaíonn an Córas Faisnéise um Amhábhair le dearadh beartais eolach agus cinntí gnó, le sonraí saolré maidir le príomhábhair.
ROINN 4 – An tslándáil a mhéadú agus spleáchais a laghdú
14.1Trádáil agus spleáchais straitéiseacha
|
ETF
|
An méid a thomhaiseann sé
|
Luach is déanaí an Aontais
|
|
ETF 21: Trádáil leis an gcuid eile den domhan mar sciar de OTI
|
Leibhéal comhtháthaithe eacnamaíoch an Aontais leis an gcuid eile den domhan.
|
14.8 % le haghaidh earraí (2023)
17.4 % le haghaidh earraí (2022)
7.4 % le haghaidh seirbhísí (2023)
7.8 % le haghaidh seirbhísí (2022)
|
|
ETF 22: Onnmhairí earraí agus seirbhísí mar sciar d’allmhairí ar fud an domhain
|
Meáchan domhanda gheilleagar an Aontais agus a sciar den mhargadh.
|
20.4 % le haghaidh earraí (2023)
16.1 % le haghaidh earraí (2022)
31.9 % le haghaidh seirbhísí (2023)
33.5 % le haghaidh seirbhísí (2022)
|
Tá an trádáil idirnáisiúnta ríthábhachtach do rathúnas an Aontais. Tugann sí deis do chuideachtaí a ngnó a leathnú ar leibhéal domhanda, poist agus ioncam a chruthú, éifeachtúlacht a chothú agus nuálaíocht a chur chun cinn. Cuireann sí freisin le slándáil eacnamaíoch na hEorpa trí shlabhraí soláthair a dhaingniú agus a éagsúlú, agus trí ionchuir chriticiúla a allmhairiú do chuideachtaí Eorpacha. Tá oscailteacht gheilleagar an Aontais agus tábhacht eacnamaíoch na trádála leis an gcuid eile den domhan tar éis méadú faoi dhó le 30 bliain anuas, agus méadú ag teacht ar thrádáil earraí lasmuigh den Aontas ó 8 % de OTI in 1995 go 14.8 % in 2023 agus méadú ag teacht ar thrádáil seirbhísí lasmuigh den Aontas ó 3 % de OTI in 1995 go 7.4 % in 2023 (ETF 21). I gcomparáid le 2022, tháinig laghdú ar an trádáil mar sciar de OTI, go háirithe i gcás earraí. Ar aon dul leis na treochtaí maidir le trádáil laistigh den Aontas a dtugtar tuairisc orthu i Roinn 1.1., tá an trádáil lasmuigh den Aontas fós os cionn na leibhéal a bhí ann in 2021 agus roimh an bpaindéim, baineann cuid thábhachtach d’ardú 2022 le héifeachtaí (fuinnimh) ar phraghsanna. Léirítear le Fíor 9.
Tarraingíonn an tAontas neart eacnamaíoch agus polaitiúil óna sheasamh mar chumhacht trádála dhomhanda – agus é ar an leibhéal is airde ar domhan le haghaidh onnmhairí seirbhísí, agus ar an dara leibhéal is airde ar domhan le haghaidh onnmhairí earraí. Le himeacht ama, tá an tAontas go comhsheasmhach ar an ngeilleagar ag a bhfuil an méid is mó onnmhairí seirbhísí, agus é ag fás go seasta go buaic 36 % d’allmhairí seirbhíse na coda eile den domhan in 2021, agus ag titim go díreach faoi bhun 32 % in 2023. Tháinig treocht inbhéartach ar onnmhairí earraí mar sciar de na hallmhairí sa chuid eile den domhan le 10 mbliana anuas agus figiúirí an Aontais ag laghdú go mall, cé is moite de mhéadú ó 16 % in 2022 go 20 % in 2023 (féach Fíor 10, ETF 22).
|
Fíor 9: Trádáil an Aontais leis an gcuid eile den domhan mar sciar de OTI an Aontais.
|
Fíor 10: Onnmhairí earraí agus seirbhísí mar sciar de na hallmhairí sa chuid eile den domhan.
|
|
Foinsí: Eagraíocht Forbartha Tionscail na Náisiún Aontaithe, bunachar sonraí Feidhmíochta Tionscail Iomaíoch; Bunachair sonraí an Bhainc Dhomhanda; Eurostat; Meastacháin an Choimisiúin Eorpaigh.
|
Tá na treochtaí sin ag teacht chun cinn mar chuid d’athruithe níos leithne i dtimpeallacht na trádála domhanda. Cé nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil dí-dhomhandú struchtúrach ann, tá tábhacht na trádála domhanda i gcoibhneas le OTI nach mór mar an gcéanna ó 2013 i leith. Is é is cúis leis sin, i bpáirt, suaití éagsúla amhail paindéim COVID-19 agus teannas trádála idir na Stáit Aontaithe agus an tSín. Le blianta beaga anuas, tá beartais curtha i bhfeidhm ag gníomhaithe eacnamaíocha ar fud an domhain chun feabhas a chur ar a slándáil eacnamaíoch agus ar a n‑athléimneacht (féach Iarscríbhinn 2 maidir le bearta athléimneachta gníomhaithe domhanda roghnaithe), rud a fhágann go ndéantar slabhraí soláthair a athchumrú ar fud an domhain. Is líonraí dinimiciúla iad slabhraí soláthair an Aontais a bhfuil acmhainneacht nach beag acu oiriúnú don tírdhreach domhanda nua sin. Tugtar le fios in anailís a rinneadh le déanaí go bhfuil fianaise ann go bhfuil ath-leithdháileadh leanúnach á dhéanamh ar allmhairí an Aontais ó chomhpháirtithe neamh-chomhaontaithe i dtreo an Aontais (‘cur ar bun sa bhaile an athuair’), comhpháirtithe comhaontuithe comharsanachta (‘garbhunú thar lear’) agus comhpháirtithe comhaontuithe neamhchomharsanachta (‘comhpháirtíocht thar lear’), le déine éagsúil. Mar thoradh air sin, tá éagsúlú níos mó tagtha ar allmhairí an Aontais ar an iomlán.
Le comhaontuithe trádála agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha, cothaítear rochtain ar mhargaí thar lear agus gintear deiseanna infheistíochta nua. Tá sé sin ríthábhachtach i bhfianaise na srianta ar tháirgeadh intíre earraí áirithe, agus i bhfianaise na hacmhainneachta atá ag cuideachtaí an Aontais bealach nua a réiteach thar lear. Tá deireadh curtha ag an gCoimisiún le 140 bacainn ar onnmhairí an Aontais i mbreis agus 40 tír le 5 bliana anuas, rud a chuir EUR 6.2 billiún breise d’onnmhairí an Aontais ar fáil in 2023 amháin.
An tráth céanna, tá rioscaí móra ann a eascraíonn as teannas geopholaitiúil méadaithe, cleachtais éagóracha trádála agus spleáchais straitéiseacha, a bhfuil geilleagar oscailte cosúil le geilleagar an Aontais neamhchosanta orthu. Le fianaise ar mhéadú ar onnmhairí Síneacha ar phraghsanna an‑iomaíoch, arna n‑éascú le fóirdheontais stáit i mórán cásanna, d’fhéadfaí damáiste tromchúiseach a dhéanamh do réimsí de mhonarú an Aontais. Sin é an fáth ar ghlac an tAontas Eorpach taraifí le haghaidh feithiclí leictreacha ón tSín. Ina theannta sin, tá Rialachán nua maidir le Fóirdheontais Eachtracha curtha i bhfeidhm ag an Aontas agus tá an creat maidir le scagadh a dhéanamh ar IDC i réimsí straitéiseacha daingnithe aige. Tugtar léargas in Iarscríbhinn 2 ar bhearta athléimneachta gníomhaithe domhanda roghnaithe.
Leis an anailís ar leochaileacht sheachtrach gheilleagar an Aontais, taispeántar go bhfuil an tAontas níos neamhchosanta ar leochaileachtaí trádála seachtraí ná an tSín, ach nach bhfuil sé chomh neamhchosanta céanna leis na Stáit Aontaithe. I gcás gach táirge tionsclaíoch, de réir innéacs na leochaileachta seachtraí (EXVI), tá an tAontas ag 0,22, tá an tSín ag 0,13 agus tá na Stáit Aontaithe ag 0,28. I slabhraí soláthair straitéiseacha amhail leathsheoltóirí, teicneolaíochtaí glan‑nialasachta agus amhábhair chriticiúla, an leochaileacht is mó atá os comhair an Aontais, baineann sí le hamhábhair (0,28), i gcomparáid le leathsheoltóirí (0,22) agus teicneolaíochtaí glan‑nialasachta (0,18). I gcomparáid lena phríomh-chomhpháirtithe trádála, is cosúil go bhfuil an tAontas níos leochailí i leith tosca seachtracha ar fud na dtrí shlabhra soláthair shonracha i gcoibhneas leis an tSín. Mar sin féin, i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe, níl an tAontas níos leochailí ach amháin sa slabhra soláthair leathsheoltóirí. Le 10 mbliana anuas, tá laghdú beag tagtha ar leochaileacht na n‑amhábhar criticiúil san Aontas, agus d’fhan leochaileachtaí sna slabhraí soláthair leathsheoltóirí agus teicneolaíochtaí glan‑nialasachta réasúnta cobhsaí, mar a shonraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn 1.
Thuairiscigh gnólachtaí an Aontais go raibh deacrachtaí acu rochtain a fháil ar thráchtearraí áirithe agus thuairiscigh 37 % de chuideachtaí go raibh rochtain ar amhábhair amhail cruach, copar, breoslaí iontaise, litiam, etc. ina bacainn mhór. Ar na bacainní móra eile tá rochtain ar leathsheoltóirí agus ar mhicrishliseanna (23 %), agus ar chomhpháirteanna eile, ar tháirgí leathchríochnaithe agus ar threalamh (27 %). Chun rochtain ar amhábhair chriticiúla a mhéadú, tá 14 chomhpháirtíocht amhábhair sínithe ag an Aontas, agus tá cinn eile á n‑ullmhú
. Leis an Tairseach Dhomhanda, leanann an tAontas de naisc trádála le hionaid fáis a neartú agus de shlabhraí soláthair a dhaingniú i réimsí criticiúla.
Conclúid
Léirítear sa tuarascáil seo láidreachtaí agus laigí gheilleagar an Aontais agus a iomaíochas. Léiríonn sé go bhfuil dul chun cinn an chomhtháthaithe sa Mhargadh Aonair ag leanúint ar aghaidh ach go bhfuil moill tagtha air. Cé go bhfuil feabhas tagtha ar an easnamh comhréireachta, tá an iomarca ilroinnte fós ann le haghaidh earraí agus seirbhísí, agus tá an t‑ualach riaracháin ró-ard. Tá an baol ann go dtitfidh an Eoraip ar gcúl i réimse na nuálaíochta. Tá caiteachas T&F príobháideach agus poiblí faoi bhun caiteachas piaraí i gcónaí. Bíonn deacrachtaí ag gnólachtaí méadú, agus tá ról an chaipitil fiontair fós i bhfad níos lú ná mar atá i ngeilleagair iomaíocha. Tá na rátaí fostaíochta ag dul i méid, ach tá easpa lucht saothair oilte ann i gcónaí. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir leis an digitiú, mar a léirítear le glacadh teicneolaíochtaí digiteacha, ach níl an dul chun cinn sin á dhéanamh ar luas leormhaith go fóill. Ar an gcaoi chéanna, tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le dícharbónú na tionsclaíochta, córais fuinnimh agus an chiorclaíocht, ach ba cheart dlús a chur leis. Bíonn tionchar ag praghsanna arda fuinnimh ar iomaíochas na hEorpa. Ní i gcónaí a dhéantar infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha sna teicneolaíochtaí agus sna hearnálacha is mó a bhfuil gealladh fúthu. Baineann an Eoraip tairbhe as a bheith ina geilleagar an‑oscailte, ach is fiú faireachán cúramach a dhéanamh ar spleáchais straitéiseacha.
Tá an‑seans ann iomaíochas fadtéarmach na hEorpa a neartú agus neart agus acmhainneacht Mhargadh Aonair an Aontais a scaoileadh go hiomlán, trí aghaidh a thabhairt go cinntitheach ar na dúshláin agus ar na bacainní a leagtar amach. Ní mór dul i ngleic leis na deacrachtaí a bhíonn ag cuideachtaí méadú, nuáil agus táirgiúlacht a mhéadú. Ós rud é go bhfuil go leor de na spreagthaí iomaíochais idirnasctha go dlúth, beidh gá le cur chuige comhleanúnach straitéiseach chun iomaíochas agus rathúnas na hEorpa a chothú, go háirithe sa chomhthéacs geopholaitiúil dúshlánach.
Beidh an Tuarascáil Bhliantúil ar an Margadh Aonair agus ar an Iomaíochas mar bhonn eolais don phlé polaitiúil ar an iomaíochas agus ar an rathúnas, agus cuirfear san áireamh í sna chéad chéimeanna eile le haghaidh gníomhaíocht bheartais. Cuirtear diagnóisic chomhroinnte ar fáil sa tuarascáil seo agus dírítear léi ar thosaíochtaí beartais le haghaidh beartais thionsclaíocha, go háirithe i dtaca leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a bheidh ann amach anseo, agus le haghaidh an Mhargaidh Aonair, go háirithe maidir leis an Straitéis um an Margadh Aonair a bheidh ann amach anseo. I gcomhar leis sin, leagtar amach sa Chompás Iomaíochais creat na gníomhaíochta beartais atá ar na bacáin chun iomaíochas agus fás na hEorpa a neartú. Thairis sin, beidh an tuarascáil seo mar bhonn eolais don phlé sa Chomhairle Eorpach, sa Chomhairle Iomaíochais agus i bParlaimint na hEorpa, agus leis na Ballstáit chomh maith. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh sé a bheith mar bhonn do dhlúthchomhar agus d’idirphlé le páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear gnólachtaí. Cuirfidh an tuarascáil leis an bplé sa Seimeastar Eorpach agus leis an Uirlis um Chomhordú Iomaíochais chomh maith leis an gCiste Iomaíochais agus an chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile. Ar an iomlán, leis an tuarascáil seo is féidir dlúthfhaireachán a dhéanamh ar iomaíochas na hEorpa, ionas gur féidir leis na gníomhaithe Eorpacha éagsúla dul an chun cinn a rianú agus tosaíochtaí beartais a shainaithint ar bhonn bliantúil.