This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025AP0235
P10_TA(2025)0235 – Common data platform on chemicals, establishing a monitoring and outlook framework for chemicals – European Parliament legislative resolution of 21 October 2025 on the proposal for a regulation of the European Parliament and of the Council establishing a common data platform on chemicals, laying down rules to ensure that the data contained in it are findable, accessible, interoperable and reusable and establishing a monitoring and outlook framework for chemicals (COM(2023)0779 – C9-0449/2023 – 2023/0453(COD)) (Ordinary legislative procedure: first reading)
P10_TA(2025)0235 — Ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, lena mbunaítear creat faireacháin agus ionchais le haghaidh ceimiceán — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, lena leagtar síos rialacha lena áirithiú go bhfuil na sonraí atá ann inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte agus lena mbunaítear creat faireacháin agus ionchais do cheimiceáin (COM(2023)0779 – C9-0449/2023 – 2023/0453(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
P10_TA(2025)0235 — Ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, lena mbunaítear creat faireacháin agus ionchais le haghaidh ceimiceán — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, lena leagtar síos rialacha lena áirithiú go bhfuil na sonraí atá ann inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte agus lena mbunaítear creat faireacháin agus ionchais do cheimiceáin (COM(2023)0779 – C9-0449/2023 – 2023/0453(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
IO C, C/2026/2106, 29.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2106/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/2106 |
29.4.2026 |
P10_TA(2025)0235
Ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, lena mbunaítear creat faireacháin agus ionchais le haghaidh ceimiceán
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, lena leagtar síos rialacha lena áirithiú go bhfuil na sonraí atá ann inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte agus lena mbunaítear creat faireacháin agus ionchais do cheimiceáin (COM(2023)0779 – C9-0449/2023 – 2023/0453(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2026/2106)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2023)0779), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0449/2023), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Márta 2024 (1), |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach, agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 25 Meitheamh 2025 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia (A10-0018/2025), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (2); |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) IO C, C/2024/3381, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3381/oj.
(2) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 1 Aibreán 2025 (Téacsanna arna nGlacadh, P10_TA(2025)0045).
P10_TC1-COD(2023)0453
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 21 Deireadh Fómhair 2025 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, lena leagtar síos rialacha chun a áirithiú go bhfuil na sonraí atá ann inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte agus lena mbunaítear creat faireacháin agus ionchais do cheimiceáin
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/2455.)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2106/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)