Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AP0135

P10_TA(2025)0135 — Leas madraí agus cat agus a n-inrianaitheacht — Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 19 Meitheamh 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas madraí agus cat agus a n-inrianaitheacht (COM(2023)0769 – C9-0443/2023 – 2023/0447(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

IO C, C/2025/6280, 19.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6280/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6280/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6280

19.12.2025

P10_TA(2025)0135

Leas madraí agus cat agus a n-inrianaitheacht

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 19 Meitheamh 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas madraí agus cat agus a n-inrianaitheacht (COM(2023)0769 – C9-0443/2023 – 2023/0447(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2025/6280)

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Tá ainmhithe beo, lena n-áirítear cait agus madraí, cumhdaithe le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus tá siad mar chuid de chomhbheartas talmhaíochta an Aontais. Tá margadh ann do na hainmhithe sin san Aontas, lena n áirítear trádáil shubstaintiúil trasteorann. Tá go leor Ballstát ina sínitheoirí leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chosaint Peataí. Tá raon leathan fianaise ann maidir le feidhmiú fo-optamach an mhargaidh inmheánaigh do mhadraí agus do chait san Aontas agus maidir le trádáil neamhdhleathach sna hainmhithe sin laistigh den Aontas agus ar allmhairiú isteach san Aontas. Dá bhrí sin, is gá ceanglais íosta a bhunú maidir le leas madraí agus cat a phóraítear agus a choimeádtar i mbunaíochtaí, chomh maith le ceanglais neartaithe maidir le hinrianaitheacht madraí agus cat a sholáthraítear san Aontas.

(1)

Tá ainmhithe beo, lena n-áirítear cait agus madraí, cumhdaithe le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh , tá siad mar chuid de chomhbheartas talmhaíochta an Aontais agus ba cheart a leas a chosaint . Tá margadh ann do na hainmhithe sin san Aontas, lena n-áirítear trádáil shubstaintiúil trasteorann. Tá go leor Ballstát ina sínitheoirí leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chosaint Peataí. Tá raon leathan fianaise ann maidir le feidhmiú fo-optamach an mhargaidh inmheánaigh do mhadraí agus do chait san Aontas agus maidir le trádáil neamhdhleathach sna hainmhithe sin laistigh den Aontas agus ar allmhairiú isteach san Aontas. Dá bhrí sin, i bhfianaise na bhfionnachtana maidir le hainmhithe, lena n-aithnítear a gcumas ó thaobh mothúchán, péine agus idirghníomhaíochtaí sóisialta de, is gá íoscheanglais a leagan síos maidir le leas madraí agus cat a phóraítear agus a choimeádtar i mbunaíochtaí, chomh maith le ceanglais neartaithe maidir le hinrianaitheacht madraí agus cat a chuirtear ar mhargadh an Aontais.

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Mar thoradh ar easpa forálacha leasa an Aontais maidir le pórú, coimeád agus cur ar an margadh madraí agus cat, chomh maith le rialacha náisiúnta éagsúla i gcás inarb ann dóibh, is minic bheirtear, a phóraítear agus a dhíoltar nó a thugtar isteach na hainmhithe sin gan aon chostas, in imthosca a dhéanann dochar dá leas. Ní bhíonn cothroime iomaíochta ann idir póraitheoirí tráchtála madraí agus cat i mBallstáit éagsúla toisc go bhfuil dálaí leasa ainmhithe ar cheann de na príomhghnéithe d'iomaíochas na n oibreoirí sin agus go bhfuil difríocht mhór eatarthu idir na Ballstáit. Mar thoradh air sin, tá an iomaíocht saofa, go háirithe i gcás póraitheoirí agus coimeádaithe ardchaighdeáin, nach bhfuil in ann luach airgid a chur ar a n infheistíochtaí i leas ainmhithe nuair a thrádálann siad thar teorainn toisc go bhfuil siad ag tabhairt aghaidh ar oibreoirí a dhéanann brabús as dálaí leasa ainmhithe fo-chaighdeánacha chun iomaíocht a chur i gcrích agus iad ag brú síos praghsanna agus ag laghdú caighdeán.

(2)

Déantar madraí agus cait, a bhfuil a riachtanais uathúla bhitheolaíocha agus iompraíochta féin acu, a thrádáil agus a choinneáil mar pheataí san Aontas. De cheal fhorálacha leasa an Aontais maidir le madraí agus cait a phórú, a choimeád agus a chur ar an margadh, chomh maith le rialacha náisiúnta éagsúla i gcás inarb ann dóibh, is ar uairibh a bheirtear, a phóraítear agus a dhíoltar nó a uchtaítear na hainmhithe sin gan aon chostas, in imthosca a bhfhéadfadh cúinsí tromchúiseacha a bheith acu atá díobhálach dá leas. Ní bhíonn cothroime iomaíochta i gceist idir póraitheoirí tráchtála madraí agus cat i mBallstáit éagsúla toisc go bhfuil dálaí leasa ainmhithe ar cheann de phríomhghnéithe iomaíochais na n-oibreoirí sin agus go bhfuil difríocht mhór eatarthu idir na Ballstáit. Dá bharr sin, tá an iomaíocht saofa, go háirithe i gcás póraitheoirí agus coimeádaithe ardchaighdeáin, nach bhfuil in ann luach airgid a chur ar a n-infheistíochtaí i leas ainmhithe nuair a thrádálann siad thar teorainn toisc go bhfuil siad ag dul i ngleic le hoibreoirí a dhéanann brabús as dálaí leasa ainmhithe fo-chaighdeánacha chun iomaíocht a chur i gcrích agus praghsanna agus caighdeáin a ísliú.

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

Chomh maith leis sin, ní thugtar cosaint leordhóthanach do thomhaltóirí mar is minic, agus madra nó cat á fháil acu, a thugann siad aghaidh ar iarmhairtí diúltacha na ndrochdhálaí leasa inar tógadh agus inar coinníodh na hainmhithe sna bunaíochtaí, amhail fadhbanna sláinte, fadhbanna iompraíochta nó lochtanna géiniteacha an mhadra nó an chait a ceannaíodh nó a fuarthas.

(3)

Chomh maith leis sin, ní thugtar cosaint leordhóthanach do thomhaltóirí mar is minic, agus madra nó cat á fháil acu, go mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí diúltacha na ndrochdhálaí leasa sna bunaíochtaí ina dtógtar agus ina gcoinnítear na hainmhithe, amhail fadhbanna sláinte, fadhbanna iompraíochta nó lochtanna géiniteacha an mhadra nó an chait a cheannaítear nó a fhaightear. Chun tacú le roghanna eolasacha tomhaltóirí agus chun comhlíonadh rialacha an Aontais a chur chun cinn, is den riachtanas é an pobal a chur ar an eolas agus feasacht a mhúscailt maidir leis an difríocht atá idir cleachtais phórúcháin fhreagracha agus cleachtais phórúcháin neamhchomhlíontacha nó neamhdhleathacha

Leasuithe 280 agus 307

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 a (nua

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)

Cé go bhfuil liostaí dearfacha tugtha isteach cheana féin ag roinnt Ballstát ar an leibhéal náisiúnta chun úinéireacht phríobháideach ainmhithe a rialáil, tá éagmais creata chomhchoitinn de chuid an Aontais d’fhorálacha leasa maidir le speiceas peataí seachas madraí agus cait a phórú, a choimeád agus a chur ar an margadh, chomh maith le rialacha náisiúnta éagsúla, ina siocair le neamhréireachtaí agus bearnaí san fhorfheidhmiú, le mearbhall a chur ar thomhaltóirí agus le hiarmhairtí tromchúiseacha leasa ainmhithe go minic i gcás na speiceas nach bhfuil oiriúnach lena gcoimeád mar pheataí, chomh maith le rioscaí don bhithéagsúlacht, do shláinte agus do shábháilteacht an duine agus do chaomhnú an dúlra.

Leasú 308

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3b)

Iarradh roimhe seo go mbunófaí liosta uile-Aontais eolaíochtbhunaithe d’ainmhithe a measadh a bheith oiriúnach dá gcoimeád mar pheataí, faoi dhálaí iomchuí leasa, gan dochar a dhéanamh do líon san fhiántas, agus mar sin do bhithéagsúlacht na hEorpa, nó do shláinte agus sábháilteacht an duine; Agus an méid sin á dhéanamh, is ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfar measúnú ar an tionchar ar ainmhithe, lena n-áirítear a leas, a n-iompar, a riachtanais chothaithe, agus a gcúram tréidliachta, chun cásanna a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le fulaingt neamhriachtanach, dálaí maireachtála míchuí, nó cur i mbaol speiceas.

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a)

Ba cheart feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit chun ionaid phórúcháin neamhdhleathacha a shainaithint, chun líonraí gaolmhara a dhíchóimeáil, agus chun forfheidhmiú éifeachtach na rialacha is infheidhme a áirithiú. Is den ríthábhacht é comhar trasteorann, malartú faisnéise agus cigireachtaí comhordaithe a neartú chun aghaidh a thabhairt ar chineál trasnáisiúnta gníomhaíochtaí neamhdhleathacha áirithe agus chun leas ainmhithe agus leasanna tomhaltóirí a chosaint ar fud an Aontais.

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4b)

Tá méadú suntasach tagtha ar líon na n-ainmhithe ar peataí iad san Aontas le blianta beaga anuas, rud a léiríonn an ceangal láidir atá ag saoránaigh an Aontais le leas madraí agus cat. I bhfianaise forbairtí san eolaíocht leasa ainmhithe, ba cheart an tAontas agus a Bhallstáit a spreagadh chun cur chuige dlíthiúil a chur chun cinn lena léirítear ní hamháin stádas ainmhithe mar mhaoin, ach freagracht eiticiúil an duine i leith a leasa agus a gcosanta freisin.

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

Tá trádáil neamhdhleathach madraí agus cat tagtha chun cinn go páirteach mar gheall ar easpa inrianaitheachta na n ainmhithe sin go dtí an t ál bunaidh. Ina dhiaidh sin, tá baint ag cleachtais trádála neamhdhleathacha le fulaingt madraí agus cat atá faoi réir cleachtais phórúcháin neamhrialaithe. Ní féidir a áirithiú go gcomhlíonann oibreoirí leis na caighdeáin chéanna maidir le leas ainmhithe, agus dálaí aonfhoirmeacha iomaíochta a áirithiú sa mhargadh inmheánach i ndáil le soláthar madraí agus cat gan modhanna iontaofa chun na hainmhithe a rianú siar go dtí a dtionscnamh. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, inrianaitheacht madraí agus cat a áirithiú le córas lena sainaithnítear agus lena gcláraítear madraí agus cait sula ndéantar iad a sholáthar den chéad uair san Aontas agus gach uair a athraítear úinéireacht na n-ainmhithe.

(6)

Tá trádáil neamhdhleathach madraí agus cat tagtha chun cinn go páirteach mar gheall ar easpa inrianaitheachta na n-ainmhithe sin go dtí an t-ál bunaidh agus mar gheall ar dhíograis na dtomhaltóirí i leith na n-ainmhithe sin, a éascaítear trí teacht chun cinn an cheannaigh ar líne . Ina dhiaidh sin, tá baint ag cleachtais trádála neamhdhleathacha le fulaingt madraí agus cat atá faoi réir cleachtais pórúcháin neamhrialaithe. Ní féidir a áirithiú go gcloíonn oibreoirí leis na caighdeáin chéanna maidir le leas ainmhithe, agus go ndéanann siad coinníollacha aonfhoirmeacha iomaíochta a áirithiú sa mhargadh inmheánach i ndáil le madraí agus cait a chur ar an margadh gan modhanna iontaofa a bheith ann chun na hainmhithe a rianú go dtí a n-ál bunaidh. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, inrianaitheacht madraí agus cat a áirithiú le córas a shainaithníonn agus a chláraíonn madraí agus cait sula ndéantar iad a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair agus gach uair a athraítear úinéireacht na n-ainmhithe.

Leasú 309

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)

Leis an Rialachán seo, tugtar isteach clárú éigeantach, rialuithe treisithe ar dhíolacháin ar líne, agus inrianaitheacht fheabhsaithe madraí agus cat, le hidirthréimhsí suas le 10 mbliana chun go mbeidh na húdaráis ábhartha in ann ullmhú. Cuireann sí i bhfios go láidir freisin a thábhachtaí atá caighdeáin uile-Aontais maidir le pórú freagrach chun tionchair dhíobhálacha sláinte agus leasa ar mhadraí agus ar chait a chosc. Tugtar aghaidh sa Rialachán seo ar na saincheisteanna sin trí cheanglais shoiléire leasa a bhunú agus trína áirithiú go gcloíonn cleachtais phórúcháin leis na caighdeáin is airde.

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

Tá méadú tar éis teacht ar an trádáil neamhdhleathach i gcait agus i madraí ó lasmuigh den Aontas. Níl uirlisí leordhóthanacha i rialacha reatha an Aontais maidir le gluaiseachtaí madraí agus cat isteach san Aontas, amhail forálacha Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 agus an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe, chun an trádáil neamhdhleathach sin a chosc. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gá le rialacha breise chun trádáil neamhdhleathach i madraí agus i gcait a chomhrac. Ceanglaítear le rialacha sláinte ainmhithe, maidir le gluaiseacht tráchtála agus neamhthráchtála madraí agus cat a thagann isteach san Aontas, nach mór na hainmhithe a shainaithint le micrishlis. Chun na forálacha inrianaitheachta sin a threisiú, ba cheart d'úinéirí madraí agus cat a thagann isteach san Aontas a áirithiú go ndéanfar iad a chlárú i gceann de bhunachair sonraí na mBallstát ag an gceann scríbe. Forálfar leis sin do rialú níos mó ar ghluaiseachtaí na n-ainmhithe sin.

(7)

Tá méadú tagtha ar an trádáil neamhdhleathach i gcait agus i madraí ó lasmuigh den Aontas. Níl uirlisí leordhóthanacha i rialacha reatha an Aontais ar ghluaiseachtaí madraí agus cat isteach san Aontas, amhail forálacha Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 agus an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe, chun an trádáil neamhdhleathach sin a chosc. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gá le rialacha breise chun trádáil neamhdhleathach i madraí agus i gcait a chomhrac. Ceanglaítear le rialacha sláinte ainmhithe atá ann cheana, maidir le gluaiseacht tráchtála agus neamhthráchtála madraí agus cat a thagann isteach san Aontas, nach mór na hainmhithe a shainaithint le micrishlis. Chun na forálacha inrianaitheachta sin a threisiú, ba cheart do na húinéirí nó na daoine atá freagrach as madraí agus cait a thagann isteach san Aontas a áirithiú go ndéanfar iad a chlárú i gceann de bhunachair sonraí na mBallstát ag an gceann scríbe. Leis sin, déanfar foráil maidir le rialú níos fearr ar ghluaiseachtaí na n-ainmhithe sin.

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

Le forálacha inrianaitheachta an togra seo, rannchuideofar freisin le cosaint na sláinte poiblí trí leas ainmhithe níos fearr, trí shláinte ainmhithe níos fearr, agus trí rialuithe níos fearr ar tharchur féideartha galar ainmhithe (ar de chineál zónóiseach cuid acu), rud a leanann cur chuige Aon Sláinte Amháin.

(8)

Le forálacha inrianaitheachta an togra seo, rannchuidítear freisin le cosaint na sláinte poiblí trí leas ainmhithe níos fearr, trí shláinte ainmhithe níos fearr, agus trí rialuithe níos fearr ar tharchur féideartha galar ainmhithe (ar de chineál zónóiseach cuid acu , a bhfuil cuid acu á dtarchur chuig an bhfiadhúlra ), rud a leanann cur chuige Aon Sláinte Amháin.

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8a)

Le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle rialaítear galair in-tarchurtha ainmhithe chun leathadh na ngalar sin san Aontas a sheachaint. Tá sláinte ainmhithe ar cheann de na cúig fhearann a bhaineann le leas ainmhithe, agus dá bhrí sin tugtar aghaidh uirthi sa Rialachán seo. Mar sin féin, ní thugtar aghaidh leis an Rialachán seo ar na galair a liostaítear i Rialachán (AE) 2016/429, ach ar staid sláinte madraí agus cat de réir mar atá múnlaithe ag galair neamhtheagmhálacha (mar shampla gortuithe) nó galair neamhliostaithe (mar shampla paraisítí áirithe). Tá na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, dá bhrí sin, comhlántach le Rialachán (AE) 2016/429 agus ní dhéanann siad dúbláil ná forluí leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)

Le Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear madraí agus cait a bhfuil trasfhreagróir acu a shainaithint ach amháin má tá siad faoi réir gluaiseachtaí idir na Ballstáit a thagann isteach san Aontas. Níl an tsainaithint a cheanglaítear leis an Rialachán sin comhchuibhithe go hiomlán toisc nach n áirítear leis caighdeáin bheachta maidir le trasfhreagróirí. Ina theannta sin, ní cheanglaítear leis an Rialachán sin ar na Ballstáit bunachair sonraí madraí agus cat a choinneáil. Dá bhrí sin, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit bunachair sonraí madraí agus cat a sholáthraítear ar mhargadh an Aontais a bhunú agus a chothabháil chun inrianaitheacht na n-ainmhithe sin a áirithiú. Is gá idir-inoibritheacht na mbunachar sonraí sin a áirithiú freisin. Éascóidh sé sin faisnéis a fháil maidir le madraí agus cait ar fud an Aontais, agus cuirfidh sé ar chumas na n údarás inniúil rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun comhlíonadh na rialacha maidir le leas ainmhithe a áirithiú.

(10)

Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2016/429 madraí agus cait a bhfuil trasfhreagróir acu a shainaithint ach ní cheanglaítear sin ach amháin má tá siad faoi réir gluaiseachtaí idir na Ballstáit a thagann isteach san Aontas. Níl an tsainaithint a cheanglaítear leis an Rialachán sin comhchuibhithe go hiomlán toisc nach n-áirítear ann caighdeáin bheachta maidir le trasfhreagróirí. Thairis sin, ní cheanglaítear leis an Rialachán sin ar na Ballstáit bunachair sonraí madraí agus cat a choinneáil. Dá bhrí sin, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit bunachair sonraí madraí agus cat a chuirtear ar mhargadh an Aontais a bhunú agus a chothabháil chun inrianaitheacht na n-ainmhithe sin a áirithiú. Is gá idir-inoibritheacht na mbunachar sonraí sin a áirithiú freisin. Éascóidh sé sin faisnéis a fháil maidir le madraí agus cait ar fud an Aontais, agus cuirfidh sé ar chumas na n-údarás inniúil rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun comhlíonadh na rialacha maidir le leas ainmhithe a áirithiú.

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)

Bíonn tionchar ag soláthar madraí agus cat, cibé acu ar mhaithe le brabús nó gan aon chostas, ar an margadh inmheánach. Dá bhrí sin, chun calaois a chosc, ba cheart inrianaitheacht na n-ainmhithe go léir a thrádáiltear ar mhargadh an Aontais a áirithiú agus ba cheart coimeád ainmhithe in ionaid phórúcháin, i siopaí peataí nó in ionaid dídine ainmhithe a bheith faoi réir rialacha mionsonraithe.

(11)

Bíonn tionchar ar an margadh inmheánach ag madraí agus cait a chuirtear ar an margadh , bíodh sin ar mhaithe le brabús nó gan aon chostas. Dá bhrí sin, chun calaois a chosc, ba cheart inrianaitheacht na n-ainmhithe go léir a thrádáiltear ar mhargadh an Aontais a áirithiú agus ba cheart ainmhithe a choimeádtar in ionaid phórúcháin agus díola , in árais altrama peataí nó in ionaid dídine ainmhithe a bheith faoi réir rialacha mionsonraithe. Níl na fórsaí míleata, na póilíní ná na húdaráis chustaim a phóraíonn nó a choimeádann madraí lena n-úsáid ag a gcuid seirbhísí féin sa staid sin toisc nach ndéanann siad a ngníomhaíochtaí pórúcháin ná coimeádta don mhargadh.

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(11a)

Maidir le soláthar ócáideach coileán agus piscíní ag a n-úinéirí a choimeádann madraí nó cait le haghaidh taitneamh agus comhluadar pearsanta nó teaghlaigh agus gan aon intinn ná cuspóir tráchtála i gceist leis, níl tionchar suntasach aige sin ar an margadh inmheánach agus tá údar maith, dá bhrí sin, leis na gníomhaíochtaí soláthair sin a eisiamh ó raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

Le Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) rialaítear coimeád, pórú agus soláthar ainmhithe a choimeádtar chun críocha eolaíocha lena n áirítear madraí agus cait. Ba cheart, dá bhrí sin, madraí agus cait a bheartaítear chun críoch eolaíoch a eisiamh ó raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(13)

Le Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) rialaítear coimeád, pórú agus soláthar ainmhithe a choimeádtar chun críoch eolaíocha lena n-áirítear madraí agus cait. Le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, rialaítear trialacha cliniciúla le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta a bhaineann le húsáid ainmhithe, lena n-áirítear madraí agus cait. Ba cheart, dá bhrí sin, madraí agus cait atá beartaithe lena n-úsáid nó a úsáidtear chun críoch eolaíoch chomh maith le madraí agus cait a úsáidtear i dtrialacha cliniciúla atá riachtanach le haghaidh údarú margaíochta táirgí íocshláinte tréidliachta a eisiamh ó raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

Beidh líon mór madraí agus cat clúdaithe ag rialacha mionsonraithe leasa den chéad uair, rud a ligfidh dóibh leas a bhaint as coinníollacha maireachtála níos fearr. Mar sin féin, agus na deacrachtaí praiticiúla á gcur san áireamh i gcásanna áirithe lena chinneadh cé acu an gcoimeádtar madraí agus cait mar pheataí nó lena gcur ar an margadh nó lena soláthar, sa Rialachán seo ba cheart úinéirí peataí a choimeádann roinnt madraí agus cat agus a tháirgeann roinnt álta faoi bhun tairseach áirithe a dhíolmhú ó oibleagáidí áirithe . Seachas sin, bheadh na húinéirí peataí sin faoi réir cheanglais ábhartha an Rialacháin seo, rud nach mbeadh comhréireach.

(14)

Clúdófar líon mór madraí agus cat le rialacha mionsonraithe leasa den chéad uair, rud a chuirfidh ar a gcumas tairbhe a bhaint as dálaí maireachtála níos fearr. Mar sin féin, i bhfianaise na ndeacrachtaí praiticiúla i gcásanna áirithe chun a chinneadh i dtaobh an gcoimeádtar madraí agus cait mar pheataí nó an n-úsáidtear iad chun críoch talmhaíochta, amhail tréadaíocht, beostoc a chosaint, cosaint feirme, nó chun iad a chur ar an margadh nó a sholáthar, ba cheart go ndíolmhófaí leis an Rialachán seo úinéirí peataí a choimeádann roinnt madraí agus cat agus a tháirgeann roinnt álta faoi bhun tairseach áirithe. Murach sin, bheadh na húinéirí peataí sin faoi réir cheanglais ábhartha an Rialacháin seo, rud nach mbeadh comhréireach. Maidir le cait a bhíonn ag fánaíocht gan bhac agus a choinníonn daonraí creimirí faoi smacht, is fada iad mar chuid den chothromaíocht tuaithe sin agus tá ról feidhmiúil siombóiseach acu ar ghabháltais talmhaíochta. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar cheantair thuaithe agus iargúlta, ina bhféadfadh rochtain ar sheirbhísí tréidliachta agus ar bhonneagar comhlíontachta a bheith teoranta, chomh maith leis an ngá gan ualach díréireach a chur ar fheirmeoirí agus ar phóraitheoirí ar mhionscála.

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)

Ina theannta sin, i margadh an Aontais, soláthraíonn cineálacha éagsúla oibreoirí a dhéanann cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí madraí agus cait. Seachas póraitheoirí tráchtála, tá siopaí peataí ann ina gcoimeádtar madraí agus cait, a bheirtear agus a phóraítear go hiondúil i mbunaíochtaí eile, lena ndíol. D'fhéadfadh cosaint na n ainmhithe sin a bheith fo-optamach, agus níl aon chomhchaighdeáin leasa ann nach mór a urramú sna bunaíochtaí sin. Ós rud é gur oibreoirí tráchtála iad siopaí peataí a chuireann madraí agus cait ar an margadh, is gá, dá bhrí sin, ceanglais an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm maidir leis na bunaíochtaí sin.

(17)

Thairis sin, i margadh an Aontais, déanann cineálacha éagsúla oibreoirí a dhéanann cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí madraí agus cait a chur ar an margadh . Seachas póraitheoirí tráchtála, tá ionaid díola ann ina gcoimeádtar madraí agus cait, a bheirtear agus a phóraítear go hiondúil i mbunaíochtaí eile, lena ndíol. D’fhéadfadh sé nach maith an chosaint a thugtar do na hainmhithe sin, agus níl aon chomhchaighdeáin leasa ann nach mór a urramú sna bunaíochtaí sin. Ós rud é gur oibreoirí tráchtála iad ionaid díola a chuireann madraí agus cait ar an margadh, is gá, dá bhrí sin, ceanglais an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm maidir leis na bunaíochtaí sin.

Leasú 16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)

In ainneoin na ndifríochtaí idir na gníomhaíochtaí a dhéanann póraitheoirí tráchtála agus siopaí peataí , ar thaobh amháin, agus ionaid dídine ainmhithe, ar an taobh eile, soláthraíonn siad go léir madraí agus cait ar mhargadh an Aontais agus tá méid áirithe forluí ann, go háirithe ar leibhéal an éilimh. Agus madra nó cat á lorg acu, déanann tomhaltóirí roghanna idir ainmhí a cheannach ó phóraitheoir (go díreach nó trí shiopa peataí nó trí idirghabhálaí), nó ainmhí a ghlacadh ó ionad dídine ainmhithe. Tá fáil ar mhadraí nó ar chait go díreach ó úinéirí peataí imeallach. Fachtóir tábhachtach amháin i rogha madra nó cait is ea na fadhbanna iompraíochta nó eile a d'fhéadfadh a bheith ag an ainmhí toisc gur coinníodh é i ndrochdhálaí leasa agus a d'fhéadfadh a n-oiriúnacht a laghdú lena choimeád mar pheata, is cuma ar coinníodh an t ainmhí in ionad pórúcháin tráchtála, i siopa peataí nó in ionad dídine ainmhithe. Thairis sin, ós rud é go ndéanann idirghabhálaithe trádáil freisin agus ar líne den chuid is mó, d'fhéadfadh sé nach mbeadh tomhaltóirí ar an eolas sula bhfaigheann siad madra nó cat faoi cibé acu ó ionad dídine ainmhithe, ó phóraitheoir nó ó shiopa peataí an t-ainmhí. Tá fianaise ann go bhfuil líon na n-ainmhithe a sholáthraíonn ionaid dídine ainmhithe do mhargadh an Aontais suntasach, go háirithe i dtaca le cait. Tá fianaise ann freisin go soláthraítear ainmhithe ó ionaid dídine ainmhithe i roinnt Ballstát d'úinéirí ionchasacha peataí i mBallstáit eile, go háirithe madraí. Chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóir an Rialacháin seo chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh i madraí agus i gcait a áirithiú, agus chun forbairt réasúnach na hearnála a áirithiú agus ardleibhéal leasa ainmhithe á áirithiú ag an am céanna, is gá cuid de cheanglais an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm maidir le hionaid dídine ainmhithe a choimeádann íoslíon áirithe ainmhithe, is cuma cé acu a dhíolann siad ainmhithe in aghaidh íocaíochta nó a sholáthraíonn siad ainmhithe saor in aisce amháin nó ar aisíocaíocht costas réasúnach. Mar sin féin, ar chúiseanna comhréireachta agus ós rud é go bhfuil difríocht idir gníomhaíochtaí ionad dídine ainmhithe agus gníomhaíochtaí na n oibreoirí eile sin agus go bhféadfaidh siad feidhm leasa phoiblí a chomhlíonadh, níor cheart go mbeadh feidhm ach ag cuid de cheanglais an Rialacháin seo maidir le ionaid dídine ainmhithe, go háirithe maidir le líon agus inniúlacht cúramóirí ainmhithe, tithíocht, beatha agus uisce a thabhairt d'ainmhithe, riachtanais iompraíochta agus cleachtais phianmhara, agus cuairteanna comhairleacha ó thréidlia.

(19)

D’ainneoin na ndifríochtaí idir na gníomhaíochtaí a dhéanann póraitheoirí tráchtála agus ionaid díola , ar thaobh amháin, agus ionaid dídine ainmhithe, ar an taobh eile, déanann siad go léir madraí agus cait a chur ar mhargadh an Aontais agus tá méid áirithe forluí ann, go háirithe ar leibhéal an éilimh. Agus madra nó cat á lorg acu, déanann tomhaltóirí roghanna idir ainmhí a cheannach ó phóraitheoir (go díreach nó trí ionad díola nó trí idirghabhálaí), nó ainmhí a ghlacadh ó ionad dídine ainmhithe. Is beag cás ina bhfaightear madraí nó cait go díreach ó úinéirí peataí. Fachtóir tábhachtach amháin i rogha madra nó cait is ea na fadhbanna iompraíochta nó eile a d’fhéadfadh a bheith ag an ainmhí toisc gur coimeádadh é i ndrochdhálaí leasa agus a d’fhéadfadh a n-oiriúnacht chun bheith coimeádta mar pheata a laghdú, gan beann ar ar coimeádadh an t-ainmhí in ionad pórúcháin tráchtála, in ionad díola nó in ionad dídine ainmhithe. Thairis sin, i bhfianaise go ndéanann idirghabhálaithe trádáil freisin agus ar líne den chuid is mó, d’fhéadfadh sé nach mbeadh tomhaltóirí ar an eolas sula bhfaigheann siad madra nó cat faoi cibé acu ó ionad dídine ainmhithe, ó phóraitheoir nó ó ionaid díola an t-ainmhí. Tríd an bhfaisnéis sin a sholáthar d’fhéadfaí cabhrú le ceannaitheoirí roghanna eolasacha agus freagracha a dhéanamh . Tá fianaise ann go bhfuil líon na n-ainmhithe a chuireann ionaid dídine ainmhithe ar mhargadh an Aontais suntasach, go háirithe i gcás na gcat. Tá fianaise ann freisin go ndéantar ainmhithe ó ionaid dídine ainmhithe i roinnt Ballstát a chur ar an margadh d’úinéirí ionchasacha peataí i mBallstáit eile, go háirithe i gcás madraí. Chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóir an Rialacháin seo chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh i madraí agus i gcait a áirithiú, agus chun forbairt réasúnach na hearnála a áirithiú agus ardleibhéal leasa ainmhithe á áirithiú ag an am céanna, is gá cuid de cheanglais an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm maidir le hionaid dídine ainmhithe a choimeádann íoslíon áirithe ainmhithe, gan beann ar cé acu a chuireann nó nach gcuireann siad madraí nó cait ar mhargadh an Aontais in aghaidh íocaíochta, nó saor in aisce nó ar aisíocaíocht costas réasúnach. Mar sin féin, ar chúiseanna comhréireachta agus ós rud é go bhfuil gníomhaíochtaí ionad dídine ainmhithe éagsúil le gníomhaíochtaí oibreoirí eile agus go bhféadfaidís feidhm leasa phoiblí a chomhlíonadh, níor cheart feidhm a bheith ach ag cuid de cheanglais an Rialacháin seo maidir le hionaid dídine ainmhithe, a mhéid a bhaineann go háirithe le líon agus inniúlacht na gcúramóirí ainmhithe, tithíocht, beathú agus uisciú, riachtanais iompraíochta agus cleachtais phianmhara, agus cuairteanna comhairleacha ó thréidlia.

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19a)

Tá sé tugtha faoi deara ag na Ballstáit go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as árais altrama ag oibreoirí atá freagrach as madraí nó cait nach bhfuil ag teastáil, a thréigtear, atá ina madraí nó cait fáin, atá caillte nó atá coigistithe. Ós rud é go bhféadfadh tionchar a bheith ag an líon madraí agus cat a choimeádtar in árais altrama ar mhargadh na madraí agus na gcat, ba cheart árais altrama a chumhdach leis an Rialachán seo. I gcásanna den sórt sin, ba cheart na hoibreoirí a mbeidh na madraí nó na cait á gcur in árais altrama acu a bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an Rialacháin seo sna hárais altrama sin. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh inter alia trí chaidreamh conarthach idir an t-oibreoir agus an teaghlach altrama a bhunú.

Leasú 18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)

Ina theannta sin, i bhfianaise líon suntasach na n-ainmhithe a sholáthraíonn ionaid dídine ainmhithe san Aontas, agus an gá atá le cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh maidir le hinrianaitheacht agus cosc ar thrádáil neamhdhleathach a áirithiú, ba cheart ionaid dídine ainmhithe a bheith faoi réir cheanglais an Rialacháin seo maidir le madraí agus cait a shainaithint agus a chlárú, is cuma más féidir nó nach féidir a ngníomhaíocht a mheas mar ghníomhaíocht eacnamaíoch.

(20)

Ina theannta sin, i bhfianaise líon suntasach na n-ainmhithe a dhéanann ionaid dídine ainmhithe a chur ar an margadh san Aontas, agus an gá atá le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo maidir le hinrianaitheacht agus cosc ar thrádáil neamhdhleathach a áirithiú, ba cheart ionaid dídine ainmhithe a bheith faoi réir cheanglais an Rialacháin seo maidir le madraí agus cait a shainaithint agus a chlárú, gan beann ar an féidir nó nach féidir a ngníomhaíocht a mheas mar ghníomhaíocht eacnamaíoch. Ba cheart oibreoirí atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe a spreagadh chun bearta iomchuí a dhéanamh chun atáirgeadh na madraí nó na gcat a choimeádtar in ionaid dídine ainmhithe a chosc.

Leasú 19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)

Chun forfheidhmiú cuí an Rialacháin seo a áirithiú, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh na húdaráis inniúla in ann na bunaíochtaí atá faoi réir a rialuithe oifigiúla a shainaithint. Dá bhrí sin, ní mór d'oibreoirí a choimeádann madraí agus cait i mbunaíochtaí fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir lena ngníomhaíochtaí.

(23)

Chun forfheidhmiú cuí an Rialacháin seo a áirithiú, is den riachtanas é go mbeadh na húdaráis inniúla ábalta na bunaíochtaí atá faoi réir a rialuithe oifigiúla a shainaithint. Is gá, dá bhrí sin, d’oibreoirí a choimeádann madraí agus cait i mbunaíochtaí fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoina ngníomhaíochtaí agus go gcoinneoidh na húdaráis inniúla clár atá cothrom le dáta de na bunaíochtaí sin . Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí a íoslaghdú, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann, chun na críche sin, faisnéis nó sonraí a bhailítear i gclár na mbunaíochtaí madraí agus cat faoi Rialachán (AE) 2016/429 a úsáid.

Leasú 278

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24)

Tá foireann a bhfuil dea-oiliúint orthu agus scileanna maithe acu fíor-riachtanach chun coinníollacha leasa ainmhithe a fheabhsú. Éilíonn inniúlachtaí i leas ainmhithe eolas ar bhunphatrúin iompraíochta agus ar riachtanais bhunúsacha an speicis lena mbaineann. Ba cheart na hinniúlachtaí maidir le leas ainmhithe a bhaineann lena gcúraimí agus leis na hainmhithe a láimhseálann siad a bheith ag cúramóirí ainmhithe, ionas nach gcruthaítear pian, anacair nó fulaingt do mhadraí ná do chait.

(24)

D’fhéadfadh anacair agus fulaingt madraí agus cat le linn gníomhaíochtaí oiliúna ag láimhseálaithe neamhoilte, nó ag láimhseálaithe ar bheagán oideachais, éifeachtaí díobhálacha a bheith acu ar phatrúin iompraíochta madraí agus cat agus d’fhéadfadh rioscaí a bheith ann do shláinte agus do shábháilteacht an duine agus don chomhshaol. Dá bhrí sin, tá foireann a bhfuil dea-oiliúint orthu agus scileanna maithe acu fíor-riachtanach chun coinníollacha leasa ainmhithe a fheabhsú , lena n-áirítear nuair a bhíonn madraí atá beartaithe do sheirbhísí míleata, póilíneachta agus custaim á bpórú, á gcoinneáil agus á láimhseáil . Éilíonn inniúlachtaí i leas ainmhithe eolas ar bhunphatrúin iompraíochta agus ar riachtanais bhunúsacha an speicis lena mbaineann. Ba cheart na hinniúlachtaí maidir le leas ainmhithe a bhaineann lena gcúraimí agus leis na hainmhithe a láimhseálann siad a bheith ag cúramóirí ainmhithe, ionas nach gcruthaítear pian, anacair nó fulaingt do mhadraí ná do chait. Ba cheart do chúramóirí ainmhithe agus d’údaráis ábhartha, lena n-áirítear gníomhaireachtaí rialtais, a n-inniúlachtaí a thabhairt cothrom le dáta go rialta trí chláir oiliúna lena gcuirtear modhanna oiliúna chun cinn amhail ‘riochtú oibríoch’, agus tús áite á thabhairt d’atreisiú dearfach, in ionad modhanna atá bunaithe ar phionós.

Leasú 21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25)

Ós rud é go n-áirítear le leas ainmhithe sláinte na n ainmhithe, is iad tréidlianna is fearr atá in ann comhairle a chur ar fáil d'oibreoirí d'fhonn an staid maidir le leas ainmhithe i mbunaíochtaí a fheabhsú. Ba cheart do thréidlianna ról gníomhach a ghlacadh chun feasacht a mhúscailt maidir leis an idirghaol idir sláinte agus leas na n ainmhithe sin. Dá bhrí sin, ba cheart do bhunaíochtaí a choimeádann madraí agus cait cuairt rialta ar leas ainmhithe a fháil ó thréidlia.

(25)

Ós rud é go n-áirítear le leas ainmhithe sláinte na n-ainmhithe, is tréidlianna is fearr atá in ann comhairle a chur ar oibreoirí d’fhonn feabhas a chur ar staid leasa ainmhithe i mbunaíochtaí. Ba cheart do thréidlianna ról gníomhach a ghlacadh chun feasacht a mhúscailt maidir leis an idirghaol idir sláinte agus leas na n-ainmhithe sin. Ba cheart, dá bhrí sin, do bhunaíochtaí a choimeádann roinnt madraí agus cat a sháraíonn tairseach ar leith ó thaobh madraí agus cat de cuairt leasa ainmhithe a fháil ó thréidlia laistigh den chéad bhliain de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó laistigh den chéad bhliain tar éis fógra a thabhairt faoi bhunaíocht nua, ina dhiaidh sin beidh cuairteanna ó thréidlia ann nuair is iomchuí, bunaithe ar anailís riosca arna déanamh ag na húdaráis inniúla .

Leasú 22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(25a)

Chun ardleibhéal leasa ainmhithe a áirithiú, bíonn méid iomchuí neamhspleáchais ghairmiúil ag tréidlianna ar an oibreoir, chomh maith le hoideachas cuimsitheach agus oiliúint leanúnach chun fanacht ar an eolas faoi dhul chun cinn eolaíoch agus gairmiúil. Féadfar a chuimsiú leis an oiliúint sin, de réir mar is iomchuí, gnéithe a bhaineann le cásanna foréigin agus mí-úsáide ainmhithe a aithint.

Leasú 23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(25b)

I gcás ina dtagann tréidlianna ar imthosca le linn a gcuairteanna sláinte agus leasa ainmhithe a d’fhéadfadh difear tromchúiseach a dhéanamh do leas madraí nó cat, moltar dóibh, i gcás inarb iomchuí, fógra a thabhairt do na húdaráis ábhartha nó machnamh a dhéanamh ar chuairt leantach a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar an gcás.

Leasú 24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(25c)

Agus deireadh á chur le beatha madraí nó cat, b’fhearr dá mbeadh tréidlia ar an láthair chun cúnamh a thabhairt agus úsáid á baint as modhanna a íoslaghdaíonn pian agus anacair. I gcásanna eisceachtúla, amhail nuair a ghortaítear madra seilge nó madra caomhnóra beostoic go dona in áit iargúlta nach bhfuil cabhair tréidliachta inrochtana ann, féadfar modhanna eile a úsáid, ar choinníoll go n-íoslaghdaítear an fhulaingt a mhéid is féidir.

Leasú 25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26)

D'fhéadfadh fadhbanna leasa do mhadraí agus do chait a bheith mar thoradh ar straitéisí pórúcháin áirithe. Trí mheán tréithe géiniteacha áirithe a roghnú ar chúiseanna aeistéitiúla nó ar chúiseanna margaíochta eile, féadfar tréithe neamh-inmhianaithe ó thaobh leas ainmhithe de a chruthú agus a chur ar aghaidh chuig na glúnta atá le teacht. Dá bhrí sin, ba cheart d'oibreoirí bearta a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh iarmhairtí diúltacha den sórt sin ar leas na madraí agus na gcat mar thoradh ar a straitéisí pórúcháin.

(26)

D’fhéadfadh fadhbanna leasa do mhadraí agus do chait a bheith ann mar thoradh ar straitéisí pórúcháin áirithe. Trí thréithe géiniteacha áirithe a roghnú ar chúiseanna aeistéitiúla nó ar chúiseanna eile margaíochta, féadfar tréithe neamh-inmhianaithe ó thaobh leas ainmhithe de a chruthú agus a chur ar aghaidh chuig na glúnta atá le teacht freisin. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí bearta a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh iarmhairtí diúltacha den sórt sin do leas na madraí agus na gcat ann mar thoradh ar a straitéisí pórúcháin. Go háirithe, d’fhéadfadh ‘tréithe conformálacha iomarcacha’ a bheith i gcineálacha áirithe madraí agus cat mar gheall ar straitéisí pórúcháin a bhfuil cuspóirí margaíochta ina mbonn leo. Ós rud é gur féidir tréithe conformálacha iomarcacha den sórt sin a bheith ina gcúis le fadhbanna sláinte suntasacha a bheith ag cur as do na madraí agus na cait lena mbaineann, ba cheart do phóraitheoirí iad a eisiamh ó chláir phóraithe.

Leasú 26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26a)

Bíonn tionchar ag seónna, taispeántais agus comórtais aeistéitiúla madraí agus cat ar na deiseanna a bhíonn ann sa mhargadh chun madraí agus cait a dhíol agus ar an bpraghas a chuirtear orthu lena ndíol. Is féidir ciorruithe agus straitéisí pórúcháin áirithe a fhágann tréithe conformálacha iomarcacha a bheith i madraí nó cait a bheith ina mbuntáiste do phóraitheoirí atá in iomaíocht i seónna, taispeántais agus comórtais aeistéitiúla madraí agus cat. Is féidir tosca eile seachas leas ainmhithe, amhail caighdeáin aeistéitiúla, a bheith ina gcúis le himeachtaí den sórt sin a eagrú, agus páirt a ghlacadh iontu, d’fhonn fógraíocht a dhéanamh faoi phórtha agus tréithe fisiceacha áirithe. Chun a áirithiú go dtabharfaidh póraitheoirí tosaíocht do leas na madraí agus na gcat arna dtógáil acu agus, go háirithe, nach mbeidh tréithe conformálacha iomarcacha i madraí ná i gcait ná nach ndéanfaidh póraitheoirí ciorruithe chun caighdeáin aeistéitiúla mhíshláintiúla a bhaint amach, níor cheart d’oibreoirí ionad pórúcháin agus ionad díola ná d’eagraithe seónna, taispeántas agus comórtas den sórt sin madraí nó cait a bhfuil tréithe conformálacha iomarcacha iontu ná madraí nó cait a bheidh ciorraithe le haghaidh na seónna, na dtaispeántas nó na gcomórtas sin a úsáid ná a áireamh.

Leasú 27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)

Léiríonn fianaise eolaíoch go bhfuil drochthionchair shuntasacha ag ionphórú ar shláinte agus ar leas ainmhithe. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar ionphórú madraí agus cat lena n-áirítear mataí céadchéime agus dara céime , mar go méadaíonn sé sin minicíocht neamhoird dúchais agus go gcuireann sé isteach ar fheidhm an chórais imdhíonachta, a bhfuil drochthionchar ag an dá cheann acu ar shláinte agus ar leas madraí agus cat.

(27)

Léiríonn fianaise eolaíoch go bhfuil drochthionchair shuntasacha ag ionphórú ar shláinte agus leas ainmhithe. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar ionphórú madraí agus cat idir tuismitheoirí agus a sliocht, idir shiblíní, idir leathshiblíní, nó idir seantuismitheoirí agus a ngarchlann , mar go méadaíonn sé sin minicíocht neamhord dúchais agus go gcuireann sé isteach ar fheidhm an chórais imdhíonachta, a bhfuil drochthionchar ag an dá cheann acu ar shláinte agus leas madraí agus cat. Ba cheart a bheith in ann ionphórú a dhéanamh, mar sin féin, nuair is gá déanamh amhlaidh chun pórtha áitiúla ar teoranta a linn ghéiniteach a chaomhnú ar choinníoll go mbíonn sé údaraithe ag an údarás inniúil ar an gcúis sin.

Leasú 28

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(29a)

Deimhníonn fianaise eolaíoch go bhfuil rochtain chomhsheasmhach ar chothú agus hiodráitiú leormhaith bunriachtanach do leas madraí agus cat. Is iomchuí, dá bhrí sin, íoscheanglais a leagan síos d’oibreoirí ina leith sin. Ba cheart saoráidí beathaithe agus óil a choinneáil glan, agus ba cheart iad a dhearadh, a thógáil agus a shuiteáil sa chaoi go n-áiritheofar rochtain chomhionann do gach ainmhí, lena ndéantar, dá bhrí sin, iomaíocht a íoslaghdú agus iompar coimhlinteach a sheachaint. Ba cheart na saoráidí sin a dhearadh freisin chun doirteadh a íoslaghdú, éilliú beatha agus uisce le substaintí díobhálacha a chosc, agus aon riosca díobhála do mhadraí agus do chait a sheachaint.

Leasú 29

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30)

Tá an fhianaise eolaíoch soiléir faoin ngá atá ann do mhadraí agus do chait go leor spáis a bheith acu chun a n iompar nádúrtha a léiriú agus chun gnáth-idirghníomhaíochtaí sóisialta a bheith acu. Ní féidir é sin a dhéanamh i gcás ina gcoimeádtar ainmhithe i ngaibhniúcháin agus i gcaighin . Ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar mhadraí agus ar chait a choinneáil i gcaighin .

(30)

Tá an fhianaise eolaíoch soiléir faoin ngá atá ann do mhadraí agus do chait go leor spáis a bheith acu chun a n-iompar nádúrtha a chur in iúl agus chun gnáth-idirghníomhaíochtaí sóisialta a bheith acu. Ní féidir é sin a dhéanamh i gcás ina gcoimeádtar ainmhithe i ngaibhniúcháin agus i gcoimeádáin ar feadh tréimhsí fada . Ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar mhadraí agus cait a choimeád i gcoimeádáin ar feadh tréimhsí fada, ach amháin más gá sin chun madraí agus cait aonair a iompar agus a leithlisiú go sealadach agus go gearrthéarmach agus le linn rannpháirtíocht i seónna, i dtaispeántais agus i gcomórtais, i gcás coileán nó piscíní a bhfuil cumas teirmirialála laghdaithe acu nó i gcás coileáin nó piscíní mar aon lena máithreacha ar choinníoll go n-íoslaghdaítear strus agus go seachnaítear fulaingt mar gheall ar theochtaí foircneacha agus go bhfuil na madraí agus na cait in ann seasamh agus luí síos i suíomh nádúrtha .

Leasú 30

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33)

Chun deacrachtaí toirchis a chosc ó chur isteach ar a leas, níor chóir madraí baineanna agus cait bhaineanna a phórú ach amháin tar éis dóibh teacht ar aibíocht chnámharlaigh chomh maith le haibíocht ghnéasach . Chun ligean dóibh teacht chucu féin go fisiciúil ó thoircheas agus lachtadh, níor cheart madraí baineanna ná cait bhaineanna a chur in atáirgeadh arís ach amháin tar éis tréimhse leordhóthanach ama. Mar sin féin, chun cosc a chur ar riochtaí áirithe atáirgthe paiteolaíocha i madraí baineanna agus i gcait bhaineanna, amhail piriméadra, ba cheart go gceadófaí suas le trí thoircheas i ndiaidh a chéile , agus tréimhse leordhóthanach téarnaimh ina dhiaidh sin. Ba chóir go dtiocfadh deireadh le hatáirgeadh de réir a chéile i madraí baineanna agus i gcait bhaineanna ag dul anonn in aois níos sine.

(33)

Chun deacrachtaí toirchis a chosc ó chur isteach ar a leas, níor cheart madraí baineanna ná cait bhaineanna a phórú sula dtiocfaidh siad in aibíocht iomchuí . Chun go bhféadfaidh siad teacht chucu féin go fisiceach ó thoircheas agus lachtadh, níor cheart madraí baineanna ná cait bhaineanna a chur in atáirgeadh arís ach amháin tar éis tréimhse leordhóthanach ama. Mar sin féin, chun cosc a chur ar dhálaí áirithe atáirgthe paiteolaíocha i madraí baineanna agus i gcait bhaineanna, amhail piriméadra, ba cheart suas le trí ál toircheas a cheadú laistigh de thréimhse 2 bhliain , agus tréimhse aisghabhála leormhaith a bheith ann ina dhiaidh sin , tréimhse nár cheart a bheith níos lú ná 1 bliain amháin i gcás madraí baineanna agus cait bhaineanna a bhfuil trí ál tugtha ar an saol acu, lena n-áirítear marbh-bheirthe, laistigh de thréimhse 2 bhliain . Ba cheart madraí baineanna agus cait bhaineanna atá ag dul anonn in aois agus madraí baineanna agus cait bhaineanna a mbeidh dhá gearradh Chaesaracha déanta orthu, scor de bheith ag atáirgeadh, ós nach féidir a chur as an áireamh go mbeadh éifeacht dhiúltach ag toircheas eile ar a leas . Ba cheart do thréidlia faireachán rialta a dhéanamh ar gach ainmhí baineann a úsáidtear le haghaidh atáirgthe.

Leasú 31

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(34a)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha i gcás neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo, lena n-áirítear cásanna ina dtréigeann oibreoirí madraí agus cait. Ba cheart ionaid phórúcháin a ghabhann do chleachtais mhí-úsáideacha lena gcuirtear leas ainmhithe i mbaol, go háirithe, a bheith faoi réir pionóis láidre athchomhairleacha. Ba cheart na cleachtais sin a cháineadh go haonchiallach, agus ba cheart cosc a chur ar dhaoine freagracha ó leanúint dá ngníomhaíochtaí in aon Bhallstát. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go ndéanfar ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí sin a thógáil go mear astu agus go dtabharfar cúram agus cosaint iomchuí dóibh.

Leasú 32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 36

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36)

Tá tionchar diúltach tromchúiseach ag nósanna imeachta a bhfuil sé mar aidhm acu cuma cat agus madraí a athrú nó cosc a chur ar iompar áirithe cat agus madraí, amhail ciorrú ag cluasa, sciotadh eireaball, croibh a bhaint agus téada an ghutha a athghearradh, ar leas cat agus madraí. Cuireann na nósanna imeachta sin pian ar chait agus ar mhadraí agus cuireann siad cosc ar chait agus ar mhadraí iompraíochtaí dúchasacha a chur in iúl. Ar an gcúis sin, níor cheart iad a cheadú ach amháin má dhéanann tréidlia iad agus ar chúiseanna leighis amháin a dhéantar iad, nuair is gá.

(36)

Tá tionchar diúltach tromchúiseach ag nósanna imeachta a bhfuil sé mar aidhm acu cuma cat agus madraí a athrú nó cosc a chur ar iompraíocht áirithe cat agus madraí, amhail ciorrú na gcluas, sciotadh eireaball, crúcaí a bhaint agus téada an ghutha a athghearradh, ar leas cat agus madraí. Cuireann na nósanna imeachta sin pian ar chait agus ar mhadraí agus cuireann siad cosc ar chait agus ar mhadraí iompraíochtaí dúchasacha a chur in iúl. Ar an gcúis sin, ní féidir iad a cheadú ach amháin má dhéanann tréidlia iad agus nuair is gá ar chúiseanna leighis. Mar sin féin, i gcás pórtha áirithe, e.g. i gcás madraí seilge, d’fhéadfaí na nósanna imeachta sin a cheadú ar chúiseanna próifiolacsacha, diagnóiseacha agus/nó teiripeacha, agus sa chás go ndéanann tréidlia iad agus sa chás sin amháin. I gcomhthéacsanna agus i réigiúin shonracha na hEorpa, d’fhéadfadh údar a bheith le sciotadh eireaball freisin chun gortuithe eireaball a chosc, ar choinníoll go bhfuil sé bunaithe ar mheastóireacht leighis iomlán agus chríochnúil.

Leasú 33

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 36 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(36a)

De ghnáth, cuirtear oiliúint thar a bheith sonrach ar mhadraí a úsáidtear sna seirbhísí míleata, póilíneachta agus custaim atá le hullmhú ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta. Chun an deis a bheith acu an oiliúint a mheastar is iomchuí a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann maoluithe a dheonú do mhadraí a choimeádtar in ionaid phórúcháin nó díola a bhfuil sé beartaithe gur madraí míleata, póilíneachta nó custaim iad.

Leasú 34

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 37

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37)

Tá na coinníollacha in ionaid phórúcháin ríthábhachtach go háirithe chun a áirithiú go gcoimeádtar agus go gcaitear i gceart le madraí agus le cait sula gcuirtear ar an margadh iad. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla na bunaíochtaí sin a fhormheas agus go mbeidh siad faoi réir réamhiniúchadh ar an láthair sula bhformheasfar iad. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh liosta de na bunaíochtaí formheasta sin ar fáil go poiblí chun ligean do cheannaitheoirí ionchasacha stádas a soláthróirí a fhíorú . Ós rud é go bhfuil tréimhse fhada ag gach bunaíocht chun ceanglais maidir le tithíocht agus sláinte a chur i bhfeidhm, is gá go dtosófaí ar an oibleagáid atá ar ionaid phórúcháin chun formheas a fháil a chur i bhfeidhm ar an dáta céanna leis na ceanglais maidir le tithíocht agus sláinte.

(37)

Bealach éifeachtach lena áirithiú go gcomhlíonfaidh bunaíochtaí ceanglais an Rialacháin seo is ea tréidlianna oifigiúla nó gairmithe eile cigireacht a dhéanamh roimh ré, i gcás ina mbeidh an cúram rialaithe oifigiúil tarmligthe, agus bunaíochtaí a fhormheas ina dhiaidh sin. Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil ach infhaighteacht theoranta ar thréidlianna oifigiúla sna Ballstáit, níl sé comhréireach cigireacht agus formheas ar an láthair a éileamh roimh ré do gach bunaíocht ionas gur cheart do thréidlianna oifigiúla díriú ar bhunaíochtaí a bhfuil riosca níos airde ag baint leo ó thaobh leas ainmhithe de Tá na dálaí in ionaid phórúcháin thar a bheith riachtanach chun a áirithiú go bpóraítear agus go gcoimeádtar madraí agus cait mar is ceart, agus go gcaitear mar is ceart leo, sula gcuirtear ar an margadh iad , go háirithe mar gheall ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do mhadraí agus do chait de bharr drochdhálaí leasa ainmhithe go luath sa saol . Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfadh na húdaráis inniúla na bunaíochtaí sin a fhormheas agus go ndéanfaí réamhchigireacht ar an láthair orthu sula bhformheasfaí iad. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh liosta de na bunaíochtaí formheasta sin ar fáil go poiblí chun go bhféadfadh ceannaitheoirí ionchasacha stádas na n-ionad pórúcháin a fhíorú agus, uime sin, an rialú poiblí agus feasacht na saoránach a neartú .

Leasú 35

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 38

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38)

Spreagann roinnt oibreoirí a chuireann madraí agus cait ar an margadh , nó roinnt ionad dídine ainmhithe a sholáthraíonn madraí agus cait , custaiméirí ionchasacha an t ainmhí nó na hainmhithe a cheannach is cuma cén costas a bhaineann leis, ag baint úsáid as argóintí mothúchánacha, gan fiú a lua leis an úinéir ionchasacha na rudaí ar fad a bhaineann le peata a bheith ag duine. Bíonn oibreoirí nó ionaid dídine ainmhithe eile ag cur ró-bhéim ar an bhfreagracht a ghabhann le húinéireacht peataí agus mar thoradh air sin bíonn teorainn lena gcumas ainmhithe a dhíol. Is gnách go mbaineann an neamhréireacht sin i ndáil le dearcadh na n oibreoirí leas as oibreoirí nach bhfuil chomh freagrach sin, rud a fhágann go ndéantar saobhadh ar an iomaíocht in ainneoin a thábhachtaí atá sé do leas ainmhithe agus don ord poiblí custaiméirí a chur ar an eolas faoina bhfreagracht agus madra nó cat á cheannach acu. Tá údar maith ann, dá bhrí sin, a cheangal ar gach soláthraí madraí agus cat ar mhargadh an Aontais lena n úsáid mar pheataí úinéirí amach anseo a chur ar an eolas faoina bhfreagracht. Ina theannta sin, i gcás ina n-éascaítear soláthar madra nó cait trí mhodhanna ar líne, ba cheart rabhadh iomchuí a bheith ag gabháil leis an bhfógra ar líne chun an teachtaireacht maidir le húinéireacht fhreagrach a chur in iúl go héifeachtúil.

(38)

Spreagann roinnt oibreoirí a chuireann madraí agus cait ar an margadh custaiméirí ionchasacha chun ceannach ar aon chostas ag úsáid argóintí mothúchánacha, gan na hiarmhairtí a bhaineann le húinéir peata a lua leis an úinéir ionchasach. Áitíonn oibreoirí nó ionaid dídine ainmhithe eile an fhreagracht a ghabhann le húinéireacht peataí agus tá sé d’éifeacht aige sin teorainn a chur lena gcumas ainmhithe a dhíol. Is gnách go dtéann an neamhréireacht sin i ndearcthaí na n-oibreoirí chun tairbhe d’oibreoirí nach bhfuil chomh freagrach céanna, rud a fhágann go mbíonn saobhadh iomaíochta ann d’ainneoin a thábhachtaí atá sé do leas ainmhithe agus don ord poiblí custaiméirí a chur ar an eolas faoina bhfreagracht agus madra nó cat á cheannach acu. Tá údar maith ann, dá bhrí sin, le ceangal a chur ar gach oibreoir a chuireann madraí agus cat ar mhargadh an Aontais lena n-úsáid mar pheataí na húinéirí a bheidh ann amach anseo a chur ar an eolas faoina bhfreagracht. Ina theannta sin, i gcás ina n-éascaítear madra nó cat a chur ar an margadh trí mhodhanna ar líne, ba cheart rabhadh iomchuí a bheith ag gabháil leis an bhfógra ar líne chun an teachtaireacht maidir le húinéireacht fhreagrach a chur in iúl go héifeachtúil.

Leasú 36

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 39

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(39)

Éascaítear gáinneáil neamhdhleathach agus cleachtais chalaoiseacha i ndáil le díol nó aistriú madraí agus cat lena nglacadh mar gheall ar easpa inrianaitheachta i bhfianaise na heaspa sainaitheantais agus ceanglais chlárúcháin do na hainmhithe sin. Ina theannta sin, d'fhéadfadh cleachtais chalaoiseacha a bheith ann nuair nach ndéantar na córais chun madraí agus cait a shainaithint agus a chlárú a chomhchuibhiú nó nuair nach féidir iad a oibriú go héasca toisc nach bhfuil córais theicniúla idir-inoibritheach. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, na caighdeáin maidir leis na modhanna sainaitheantais agus clárúcháin a chomhchuibhiú agus a áirithiú go gcríochnófar sainaithint agus clárú madraí agus cat sula soláthraítear an t ainmhí san Aontas den chéad uair. Ba cheart do sholáthraithe madraí agus cat fianaise a sholáthar maidir le sainaithint agus clárú i gceann de na bunachair sonraí arna mbunú ag na Ballstáit chun na críche sin, sula gcuirfear an t ainmhí ar an margadh den chéad uair san Aontas. Ina dhiaidh sin, ag gach athrú úinéireachta nó freagrachta as an ainmhí , ní mór don soláthraí cruthúnas ar shainaithint agus ar chlárú an ainmhí a sholáthar i gceann de na bunachair sonraí. Ar mhaithe le comhréireacht, níor cheart daoine nádúrtha a sholáthraíonn madraí agus cait ó am go chéile trí mhodhanna eile seachas ar ardáin ar líne a bheith faoi réir na hoibleagáide sin.

(39)

Éascaítear gáinneáil neamhdhleathach agus cleachtais chalaoiseacha i ndáil le díol nó aistriú madraí agus cat lena nglacadh mar gheall ar easpa inrianaitheachta i bhfianaise na heaspa sainaitheantais agus ceanglais chlárúcháin do na hainmhithe sin. Ina theannta sin, d'fhéadfadh cleachtais chalaoiseacha a bheith ann nuair nach ndéantar na córais chun madraí agus cait a shainaithint agus a chlárú a chomhchuibhiú nó nuair nach féidir iad a oibriú go héasca toisc nach bhfuil córais theicniúla idir-inoibritheach. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, na caighdeáin maidir leis na modhanna sainaitheantais agus clárúcháin a chomhchuibhiú agus a áirithiú go gcríochnófar sainaithint agus clárú madraí agus cat sula gcuirfear an t ainmhí ar mhargadh an Aontais den chéad uair. Ba cheart do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a chuireann madraí agus cait ar mhargadh an Aontais fianaise a sholáthar maidir le sainaithint agus clárú i gceann de na bunachair sonraí arna mbunú ag na Ballstáit chun na críche sin, sula gcuirfear an t ainmhí ar an margadh den chéad uair san Aontas. Ina dhiaidh sin, gach uair a athraítear úinéireacht nó freagracht i leith an ainmhí, ba cheart an t-athrú a chlárú dá réir sin i gceann de na bunachair sonraí. Ar mhaithe le comhréireacht, níor cheart daoine nádúrtha a sholáthraíonn madraí agus cait ó am go chéile trí mhodhanna eile seachas ar ardáin ar líne a bheith faoi réir na hoibleagáide sin.

Leasú 37

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 40

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(40)

Ní hamháin gur cheart do sholáthraithe madraí agus cat fianaise a sholáthar maidir le sainaithint, rud a léiríonn doiciméad a thagraíonn do chód an trasfhreagróra a ionchlannaíodh san ainmhí ach fianaise freisin ar chlárú an ainmhí sin i mbunachar sonraí oifigiúil. Ceadaítear leis sin faisnéis ríthábhachtach faoin ainmhí a chur ar aghaidh chuig an úinéir nua agus áirithítear leis sin inrianaitheacht.

(40)

Ní hamháin gur cheart do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a chuireann madraí agus cait ar mhargadh an Aontais fianaise a sholáthar maidir le sainaithint, a léiríonn doiciméad a thagraíonn do chód an trasfhreagróra a ionchlannaíodh san ainmhí ach fianaise freisin ar chlárú an ainmhí sin i mbunachar sonraí oifigiúil. Ceadaítear leis sin faisnéis ríthábhachtach faoin ainmhí a chur ar aghaidh chuig an úinéir nua agus áirithítear leis sin inrianaitheacht.

Leasú 38

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 41

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(41)

Ós rud é go dtairgtear formhór na madraí agus na gcat lena ndíol nó lena ndeonú faoi láthair trí bhíthin liostuithe a chuirtear ar ardáin ar líne, ba cheart do sholáthraithe ardán ar líne gníomhú go dícheallach agus rochtain ar mhadraí agus ar chait á hidirghabháil. Dá bhrí sin, gan dochar do Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart a cheangal ar ardáin ar líne módúlachtaí a liostuithe le haghaidh madraí agus cat a oiriúnú ionas go soláthróidh soláthraithe cruthúnais maidir le sainaithint agus clárú na madraí agus na gcat atá beartaithe lena ndíol nó lena ndeonú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhforbrófar córas atá ar fáil go poiblí saor in aisce lena gceadaítear barántúlacht shainaithint agus chlárú madra nó cait a fhíorú. Is é is aidhm don bheart sin calaois a chomhrac ar bhealach níos fearr trí inrianaitheacht madraí agus cat a sholáthraítear san Aontas dá dtionscnamh a fheabhsú, trí rialuithe níos fearr ag údaráis inniúla a cheadú agus trí leas na n ainmhithe sin a fheabhsú ar deireadh thiar. Níor cheart é sin a bheith ina oibleagáid ar ardáin ar líne faireachán ginearálta a dhéanamh ar na liostuithe a thairgtear trína n ardán, ná oibleagáid ghinearálta aimsithe fíoras atá dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar chruinneas an tsainaitheantais agus an chlárúcháin sula bhfoilseofar an tairiscint.

(41)

Ós rud é go dtairgtear formhór na madraí agus na gcat lena ndíol nó lena ndeonú faoi láthair trí bhíthin fógraí a chuirtear ar ardáin ar líne, ba cheart do sholáthraithe ardán ar líne gníomhú go dícheallach agus rochtain ar mhadraí agus ar chait á hidirghabháil. Dá bhrí sin, gan dochar do Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart a cheangal ar ardáin ar líne módúlachtaí a liostuithe le haghaidh madraí agus cat a oiriúnú ionas go soláthróidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chuireann madraí nó cait ar mhargadh an Aontais cruthúnais maidir le sainaithint agus clárú na madraí agus na gcat atá beartaithe lena ndíol nó lena ndeonú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhforbrófar córas atá ar fáil go poiblí saor in aisce lena gceadaítear barántúlacht shainaithint agus chlárú madra nó cait a fhíorú. Is é is aidhm don bheart sin calaois a chomhrac ar bhealach níos fearr trí inrianaitheacht madraí agus cat a chuirtear ar mhargadh an Aontais maidir lena dtionscnamh a fheabhsú, trí rialuithe níos fearr ag údaráis inniúla a cheadú agus trí leas na n ainmhithe sin a fheabhsú ar deireadh thiar. Níor cheart é sin a bheith ina oibleagáid ar ardáin ar líne faireachán ginearálta a dhéanamh ar na liostuithe a thairgtear trína n ardán, ná oibleagáid ghinearálta aimsithe fíoras atá dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar chruinneas an tsainaitheantais agus an chlárúcháin sula bhfoilseofar an tairiscint.

Leasú 39

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 43

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43)

Chun inrianaitheacht madraí agus cat a áirithiú, ní hamháin gur cheart ainmhithe a mharcáil le haitheantóir uathúil i bhfoirm trasfhreagróra, ach ba cheart a sainaithint a chlárú i mbunachar sonraí freisin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil bunachair sonraí náisiúnta do mhadraí agus do chait acu fós bunachair sonraí den sórt sin a bhunú ionas gur féidir sainaithint a bheith iontaofa agus fíoraithe . Ina theannta sin, chun inrianaitheacht a áirithiú laistigh den Aontas, ba cheart na bunachair sonraí náisiúnta sin a bheith idir-inoibritheach, rud a chuirfeadh ar chumas na n-údarás inniúil agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha barántúlacht an tsainaitheantais a fhíorú .

(43)

Chun inrianaitheacht madraí agus cat a áirithiú, ní hé amháin gur cheart iad a shainaithint go haonarach le haitheantóir uathúil ar trasfhreagróir é, ach ba cheart a sainaithint a chlárú i mbunachar sonraí freisin. Dá bhrí sin, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit bunachair sonraí madraí agus cat arna gcur ar mhargadh an Aontais a bhunú agus a chothabháil chun inrianaitheacht na n-ainmhithe sin a áirithiú. Is gá idir-inoibritheacht na mbunachar sonraí sin a áirithiú freisin. Fágfaidh sé sin go mbeidh sé níos fusa rochtain a fháil ar fhaisnéis ar mhadraí agus cait ar fud an Aontais, agus fágfaidh sé freisin go mbeidh na húdaráis inniúla in ann seiceálacha oifigiúla a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha maidir le leas ainmhithe. Chun idir-inoibritheacht idir na bunachair sonraí náisiúnta a éascú, ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí innéacs a bhunú .

Leasú 40

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 44 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(44a)

Chun gluaiseachtaí trasteorann madraí agus cat sainaitheanta agus cláraithe a chuíchóiriú, agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain thráthúil ag tréidlianna ar fhaisnéis leighis ábhartha, moltar do na Ballstáit córas pas digiteach a bhunú. Ba cheart go n-áireofaí sa doiciméad digiteach sin sonraí fíor-riachtanacha maidir le stádas sainaitheanta agus vacsaínithe an ainmhí, agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar bhainistiú sláinte ainmhithe agus ar éifeachtúlacht riaracháin araon.

Leasú 41

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 44 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(44b)

Is ceart bunúsach í cosaint sonraí i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. Le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leagtar síos rialacha chun daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus i ndáil le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na Ballstáit le linn na nósanna imeachta ábhartha.

Leasú 42

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 44 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(44c)

Is ceart bunúsach í cosaint sonraí i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. Le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leagtar síos rialacha chun daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus i ndáil le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na Ballstáit le linn na nósanna imeachta ábhartha. Ní mór róil an Choimisiúin agus na mBallstát i ndáil le próiseáil sonraí i gcásanna faoin Rialachán seo a shainiú go soiléir chun ardleibhéal cosanta sonraí a áirithiú.

Leasú 43

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 46

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(46)

Ba cheart na forálacha a luaitear san aithris roimhe seo a fhorfheidhmiú trí liostú de thríú tíortha atá formheasta chun madraí agus cait a sholáthar don Aontas bunaithe ar mheasúnú ón gCoimisiún ar iontaofacht a rialuithe oifigiúla chun na rialacha maidir le leas ainmhithe a cheanglaítear faoin Rialachán seo, nó rialacha coibhéiseacha, a fhorfheidhmiú i mbunaíochtaí ar a gcríoch a sholáthraíonn madraí agus cait don Aontas nó a bheartaíonn madraí agus cait a sholáthar don Aontas. Ina theannta sin, ba cheart liosta a bhunú de na bunaíochtaí lena ndéantar madraí agus cait a phórú agus a choimeád sna tríú tíortha sin, agus a gceadaítear dóibh na hainmhithe sin a onnmhairiú chuig an Aontas, chun inrianaitheacht agus rialuithe ag Poist Rialaithe Teorainneacha an Aontais a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún, agus cur chuige rioscabhunaithe á úsáid, iniúchtaí a dhéanamh ar iontaofacht chóras rialaithe oifigiúil tríú tíortha arna fhormheas faoin Rialachán seo chomh maith leo siúd a iarrann go ndéanfaí iad a fhormheas faoin Rialachán seo.

(46)

Ba cheart a áirithiú go ndéanfar na rialacha ar allmhairithe a fhorfheidhmiú trí liostú de thríú tíortha atá formheasta chun madraí agus cait a chur ar mhargadh an Aontais bunaithe ar mheasúnú ón gCoimisiún ar iontaofacht a rialuithe oifigiúla chun na rialacha maidir le leas ainmhithe a cheanglaítear faoin Rialachán seo, nó a aithníonn an tAontas a bheith ina rialacha coibhéiseacha, a fhorfheidhmiú i mbunaíochtaí ar a gcríoch a onnmhairíonn madraí agus cait chuig margadh an Aontais nó a bheartaíonn madraí agus cait a onnmhairiú chuig margadh an Aontais. Sa bhreis air sin, ba cheart liosta a chur i dtoll a chéile de bhunaíochtaí ina ndéantar madraí agus cait a phórú agus a choimeád sna tríú tíortha sin, agus a gceadaítear dóibh na hainmhithe sin a onnmhairiú chuig an Aontas, chun inrianaitheacht agus rialuithe ag Poist Rialaithe Teorainneacha an Aontais a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún, agus cur chuige rioscabhunaithe á ghlacadh aige, iniúchtaí a dhéanamh ar iontaofacht córas rialaithe oifigiúil tríú tíortha arna bhformheas faoin Rialachán seo chomh maith leo siúd a iarrann go ndéanfaí iad a fhormheas faoin Rialachán seo. Ar deireadh, ba cheart comhlíonadh rialacha ábhartha an Rialacháin seo nó rialacha a aithníonn an tAontas a bheith ina rialacha coibhéiseacha a dheimhniú sa deimhniú sláinte ábhartha a úsáidtear i gcomhair onnmhairí den sórt sin. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún féachaint le múnla ábhartha an deimhnithe oifigiúil a leasú, chun an fianú gaolmhar leasa ainmhithe a áireamh.

Leasú 44

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 46 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(46a)

Chun treisiú le cosaint an tomhaltóra agus chun a áirithiú go ndéanfar allmhairí madraí agus cat isteach san Aontas a rianú go cuí, is iomchuí a cheangal go sainaithneofaí iad sula dtiocfaidís isteach san Aontas agus go n-áiritheodh na hallmhaireoirí go gclárófaí i gceann de bhunachair sonraí na mBallstát iad. Fágfaidh sé sin go ndéanfar rialú níos urrúnta ar ghluaiseachtaí na n-ainmhithe sin. Thairis sin, léirigh Gníomhaíocht Chomhordaithe an Aontais maidir le trádáil neamhdhleathach cat agus madraí, a rinneadh in 2022 agus in 2023, go bhfuil madraí agus cait a bheith á n-allmhairiú isteach san Aontas d’fhonn a dtrádála agus é a bheith á mhaíomh gur gluaiseachtaí neamhthráchtála iad na gluaiseachtaí sin mar a shainmhínítear faoi rialacha an Aontais maidir le sláinte ainmhithe, eadhon gluaiseachtaí madraí agus cat a mbíonn a n-úinéirí nó duine arna údarú ag an úinéir gan é a bheith beartaithe an úinéireacht a aistriú á dtionlacan acu, ar cheann de na cleachtais chalaoiseacha choiteanna i leith trádáil madraí agus cat. Chun uirlisí a sholáthar i riocht is go bhféadfadh na Ballstáit seiceálacha rioscabhunaithe a dhéanamh a bheadh dírithe ar an gcleachtas calaoiseach sin, is den riachtanas é go ndéanfaí fógra a thabhairt roimh ré faoi theacht isteach madraí agus cait chun críoch neamhthráchtála trí bhunachar sonraí tiomnaithe de chuid an Aontais do pheataí um ghluaiseachtaí neamhthráchtála. Sa bhunachar sonraí sin, ba cheart fógraí a bhailiú faoi gach teacht isteach den sórt sin san Aontas gan beann ar an mbealach isteach, chun go mbeadh an forléargas is gá ag na Ballstáit agus chun gluaiseachtaí amhrasacha a bhrath. Ar an gcúis sin, is iomchuí go ndéanfadh an Coimisiún an bunachar sonraí sin a bhunú agus a chothabháil i riocht is go mbeadh rochtain ag na Ballstáit ar an bhfaisnéis uile a bheadh ar fáil dá gcuid seiceálacha.

Leasú 45

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 47

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(47)

Faoi Rialachán (AE) 2016/429, bunaítear liosta de thríú tíortha atá údaraithe chun madraí agus cait a thabhairt isteach san Aontas chun an riosca a bhaineann le galair in tarchurtha ainmhithe a thabhairt isteach san Aontas a bhainistiú. Dá bhrí sin, ba cheart liosta na dtríú tíortha a luaitear san aithris roimhe seo a theorannú do thríú tíortha atá údaraithe faoi Rialachán (AE) 2016/429 agus lena soláthraítear ráthaíochtaí iomchuí maidir le hacmhainneacht a n údaráis inniúil chun rialú a dhéanamh ar na bunaíochtaí atá ag pórú agus ag coimeád madraí agus cat lena n onnmhairiú chuig an Aontas agus chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais maidir le leas ainmhithe a leagtar amach sa Rialachán seo.

(47)

Faoi Rialachán (AE) 2016/429, bunaítear liosta de thríú tíortha atá údaraithe chun madraí agus cait a thabhairt isteach san Aontas chun an riosca a bhaineann le galair in tarchurtha ainmhithe a thabhairt isteach san Aontas a bhainistiú. Dá bhrí sin, ba cheart liosta na dtríú tíortha a luaitear in aithris 46 a theorannú do thríú tíortha atá údaraithe faoi Rialachán (AE) 2016/429 agus lena soláthraítear ráthaíochtaí iomchuí maidir le hacmhainneacht a n údaráis inniúil chun rialú a dhéanamh ar na bunaíochtaí atá ag pórú agus ag coimeád madraí agus cat lena n onnmhairiú chuig an Aontas agus chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais maidir le leas ainmhithe a leagtar amach sa Rialachán seo.

Leasú 46

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 47 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(47a)

Chun tionscnamh an mhadra nó an chait sa tríú tír a rianú go héifeachtach agus chun aghaidh a thabhairt ar allmhairí neamhdhleathacha isteach san Aontas agus ar chleachtais chalaoiseacha faoi chúinse gluaiseachtaí neamhthráchtála mar a shainmhínítear i rialacha an Aontais maidir le Sláinte Ainmhithe, tá sé tábhachtach go ndéanfaí madraí agus cait a allmhairiú ó thríú tíortha i gcomhréir leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann lena gclárú i mbunachar sonraí Ballstáit laistigh de 2 lá oibre tar éis dóibh teacht isteach san Aontas.

Leasú 47

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 48

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(48)

Chun dul chun cinn teicniúil agus forbairtí eolaíocha, agus a dtionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Airteagal 6 den Rialachán seo a leasú ionas nach mbeidh géinitíopaí a bhfuil éifeachtaí díobhálacha acu ar shláinte nó ar leas na madraí agus na gcat mar thoradh ar straitéisí pórúcháin.

(48)

Chun dul chun cinn teicniúil agus forbairtí eolaíocha, go háirithe tuairimí an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) , agus a dtionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Airteagal 6a den Rialachán seo a fhorlíonadh chun saintréithe géinitíopaí, feinitíopaí agus tréithe comhréireacha iomarcacha ba cheart a eisiamh ón atáirgeadh a shainiú, ionas nach mbeidh géinitíopaí a bhfuil éifeachtaí díobhálacha acu ar shláinte nó ar leas na madraí agus na gcat mar thoradh ar straitéisí pórúcháin. I gcomhthéacs seónna aeistéitiúla, taispeántas agus comórtas, tar éis tuairim eolaíoch EFSA agus imthosca sonracha sóisialta agus eacnamaíocha na hearnála araon a mheas, ba cheart cur chuige forásach cothrom a léiriú sna gníomhartha tarmligthe, chun cur chun feidhme comhréireach agus praiticiúil a áirithiú.’

Leasú 48

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52 – fleasc 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 17(5) chun an fhaisnéis atá le soláthar ag soláthraithe a shonrú mar chruthúnas ar shainaithint agus ar chlárú madraí agus cat, i gcásanna ina dtairgtear iad trí ardáin ar líne agus ar bhealaí eile;

scriosta

Leasú 49

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52 – fleasc 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 21(5) chun nós imeachta a bhunú chun go n aithneoidh an tAontas coibhéis na gcoinníollacha faoina bpóraítear agus faoina gcoinnítear madraí agus cait i mbunaíochtaí i dtríú tír a bhfuil sé ar intinn acu ainmhithe a onnmhairiú chuig an Aontas, le forálacha an Rialacháin seo maidir le bunaíochtaí.

scriosta

Leasú 50

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 53 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(53a)

Féadfaidh na Ballstáit breathnú a dhéanamh ar fheasacht a mhúscailt maidir le leas ainmhithe agus cúram freagrach ainmhithe.

Leasú 51

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 55

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(55)

Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh reachtaíocht an Aontais faoi réir faireachán agus meastóireacht rialta ionas gur féidir í a choigeartú chun na tionchair a bhfuil coinne leo a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáid a bheith sa Rialachán seo ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar leas madraí agus cat san Aontas agus meastóireacht a dhéanamh atá le cur faoi bhráid institiúidí eile an Aontais.

(55)

Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaí faireachán agus meastóireacht rialta ar reachtaíocht an Aontais ionas gur féidir í a choigeartú chun na tionchair a bhfuil coinne leo a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáid a bheith sa Rialachán seo ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar leas madraí agus cat san Aontas agus meastóireacht a dhéanamh atá le cur faoi bhráid institiúidí eile an Aontais. Sa mheastóireacht, ba cheart measúnú a dhéanamh ar na forbairtí teicneolaíocha arna dtarlú lena n-áirítear na dóigheanna a sainaithnítear madraí nó cait agus ar an bhféidearthacht dóigheanna malartacha a úsáid nach bhfuil chomh hionrach céanna le hionphlandú trasfhreagróra. Sa mheastóireacht, ba cheart a ráthú freisin go mbeidh córas inrianaitheachta an Aontais díonach ar chalaois agus urrúnta agus go mbeidh costas na sainaitheanta i gcás daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá faoi réir na hoibleagáide sainaitheanta faoin Rialachán seo ina chostas comhréireach.

Leasuithe 282 agus 311

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

inrianaitheacht madraí agus cat a chuirtear ar mhargadh an Aontais nó a sholáthraítear san Aontas .

(b)

inrianaitheacht madraí agus cat a phóraítear nó a choimeádtar san Aontas nó a chuirtear ar mhargadh an Aontais;

Leasú 53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le pórú, coimeád agus cur ar an margadh madraí agus cat , chomh maith lena soláthar san Aontas .

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le madraí agus cait a bheith á bpórú, a bheith á gcoimeád , a bheith á gcur ar an margadh agus a bheith ag teacht isteach san Aontas .

Leasú 54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le pórú, coimeád, cur ar an margadh ná soláthar madraí nó cat atá beartaithe chun críoch eolaíoch.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le pórú, coimeád, cur ar an margadh ná soláthar madraí nó cat atá beartaithe chun críoch eolaíoch nó le haghaidh trialacha cliniciúla is gá chun táirgí íocshláinte tréidliachta a údarú sa mhargadh .

Leasú 55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

 

daoine nádúrtha a choimeádann madraí nó cait le haghaidh taitneamh pearsanta nó teaghlaigh agus comhluadair, agus a cheadaíonn do na hainmhithe sin atáirgeadh, teoranta d’aon ál amháin ar a mhéad in aghaidh an speicis in aghaidh an teaghlaigh, in aghaidh gach 18 mí, gan iad a chur ar an margadh;

 

agus do ghabháltais talmhaíochta, cé is moite de na forálacha a leagtar síos faoi Airteagal 5.

Leasú 284

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b.     D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na ceanglais a bhaineann le sainaithint agus clárú a leagtar síos in Airteagal 17 maidir le gach madra agus cat a choimeádtar faoi fhreagracht daoine nádúrtha.

Leasú 56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.

ciallaíonn ‘Doiciméid a dhéanann gníomhaíochtaí sonracha, oibre nó gairmiúla’: na hainmhithe sin, tar éis a roghnaithe mar gheall a dtréithe fisiciúla, instinne agus meoin, a gcuirtear oiliúint orthu chun cúnamh a thabhairt do dhaoine agus iad i mbun ngníomhaíocht rialáilte nó cúram sonrach, amhail na hainmhithe sin a úsáidtear le haghaidh fiaigh, oibre, tréadaíochta, tarrthála, cúnaimh nó chun críoch spóirt nó na hainmhithe sin a úsáideann gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, chomh maith le hainmhithe treorach, madraí treorach nó ainmhithe atá beartaithe le haghaidh zó-teiripe ar cuireadh oiliúint orthu in ionaid nó ar chur gairmithe speisialaithe oiliúint orthu chun tacú le daoine a bhfuil éagsúlachtaí feidhmiúla acu, chun iad a threorú agus chun cúnamh a thabhairt dóibh;

Leasú 57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.

ciallaíonn ‘pórú’ madraí nó cait a bheith á gcoimeád in ionaid phórúcháin lena n-atáirgeadh;

Leasú 58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3b.

ciallaíonn ‘fógraíocht’ aon chineál cumarsáide a bhfuil sé d’éifeacht dhíreach nó indíreach léi madra nó cat a chur chun cinn chun spéis, dúil nó díolacháin a mhealladh, lena n-áirítear pór nó tréith fhisiceach a chur chun cinn;

Leasú 59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.

ciallaíonn ‘coimeád’ aon ghníomhaíocht a ndéantar ainmhí a choinneáil nó a láimhseáil i mbunaíocht lena linn;

4.

ciallaíonn ‘coimeád’ aon ghníomhaíocht ar lena linn a dhéantar madraí agus cait a choimeád, a atithiú, a choinneail nó a láimhseáil i mbunaíocht nó faoi fhreagracht oibreora ;

Leasú 303

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.

ciallaíonn ‘madraí agus cait a chur ar an margadh’ madraí agus cait a choimeád chun iad a dhíol, a thairiscint lena ndíol, a dháileadh nó aon bhealach eile chun úinéireacht nó freagracht as an ainmhí a aistriú , is é sin in aghaidh na gcostas a tabhaíodh a bhreithniú nó a aisíoc ar a laghad, lena n-áirítear ainmhithe a fhógairt chun na gcríoch thuas;

5.

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ díol, tairiscint lena ndíol, dáileadh nó aon bhealach eile chun úinéireacht nó freagracht a aistriú , cibé acu mar mhalairt ar íocaíocht a fháil nó saor in aisce, cé is moite de dheonuithe fánacha agus neamhrialta de líon beag madraí agus cat ó dhaoine nádúrtha ar bhealaí eile seachas trí idirghabháil ardáin ar líne, chomh maith le hainmhithe a fhógairt chun na gcríoch thuas;

Leasú 61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.

ciallaíonn ‘soláthar’ úinéireacht nó freagracht ar mhadraí nó ar chait a aistriú ar bhealach ar bith, nó bíodh sin ar chomaoin nó ná bíodh, gan soláthairtí ócáideacha ag daoine nádúrtha ar mhadraí nó ar chait a áireamh ar bhealaí eile seachas trí idirghabháil a dhéanamh ar ardán ar líne;

scriosta

Leasú 62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.

ciallaíonn ‘ardáin ar líne’ ardán ar líne, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (i), de Rialachán (AE) 2022/2065, lena ndéantar idirghabháil i dtaobh madraí agus cait a chur ar an margadh nó a sholáthar ;

7.

ciallaíonn ‘ardáin ar líne’ ardán ar líne, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (i), de Rialachán (AE) 2022/2065, lena ndéantar idirghabháil i dtaobh madraí cait a chur ar an margadh;

Leasú 63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.

ciallaíonn ‘liostú’ fógra a fhoilsiú, ar ardán ar líne, chun madra nó cat a sholáthar;

scriosta

Leasú 64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

10a.

ciallaíonn ‘madra caomhnóra beostoic’ madra a choinnítear nó a chuirtear faoi oiliúint go príomha chun beostoc a bhainistiú, a bhogadh nó a rialú i suíomhanna talmhaíochta nó tréadacha, lena n-áirítear feirmeacha, limistéir innilte, nó le linn iompair;

Leasú 65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11.

ciallaíonn ‘bunaíochtaí’ ionaid phórúcháin, ionaid dídine ainmhithe agus siopaí peataí ;

11.

ciallaíonn ‘bunaíochtaí’ ionaid phórúcháin, bunaíochtaí díola, ionaid dídine ainmhithe agus árais altrama ;

Leasú 66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

12.

ciallaíonn ‘ionaid phórúcháin’ aon áitreabh nó déanmhas, ina gcoimeádtar madraí agus cait chun críocha atáirgthe d'fhonn a sliocht a chur ar an margadh, lena n áirítear teaghlaigh;

12.

ciallaíonn ‘ionaid phórúcháin’ aon áitreabh nó déanmhas, ina gcoimeádtar madraí cait chun críocha atáirgthe d'fhonn a sliocht a chur ar an margadh, lena n áirítear teaghlaigh;

Leasú 67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

12a.

ciallaíonn ‘gabháltas talmhaíochta’ gabháltas talmhaíochta de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1091 nach bunaíocht phórúcháin é mar a shainmhínítear sa Rialachán seo;

Leasú 68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

13.

ciallaíonn ‘siopaí peataí’ aon áitreabh nó déanmhas ina gcoimeádtar madraí agus cait lena ndíol mar pheataí, gan iad a bheith tagtha ar an saol ann;

13.

ciallaíonn ‘bunaíochtaí díola’ aon áitreabh nó déanmhas ina gcoimeádtar madraí cait lena ndíol gan iad a bheith tagtha ar an saol ann;

Leasú 69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

14.

ciallaíonn ‘ionaid dídine ainmhithe ’ aon áitreabh nó déanmhas, cé is moite de theaghlaigh, a oibríonn duine nádúrtha nó dlítheanach, i gcás ina gcoimeádtar madraí agus cait nach dteastaíonn, a thréigtear, a chuirtear ar strae go foirmiúil, a théann ar strae de thaisme nó a choigistítear chun críche soláthair, bíodh siad ar luach saothair nó gan chostas ;

14.

ciallaíonn ‘ionaid dídine’ aon áitreabh nó déanmhas, lena n-áirítear teaghlaigh, a oibríonn duine nádúrtha nó dlítheanach, ina gcoimeádtar madraí cait nach dteastaíonn, a thréigtear, a chailltear nó a choigistítear chun iad a chur ar an margadh ;

Leasú 70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

14a.

ciallaíonn ‘áras altrama’ teaghlach a choimeádann madraí nó cait thar ceann oibreora, is oibreoir atá freagrach as madraí agus cait nach bhfuil ag teastáil, atá tréigthe, ar seachrán, caillte nó coigistithe;

Leasú 71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

15.

ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, cé is moite díobh siúd atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe, a phóraíonn, a choimeádann, a thrádálann nó a chuireann madraí agus cait ar an margadh atá faoina rialú, lena n áirítear ar feadh tréimhse teoranta ama ;

15.

ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann madraí agus cait ar an margadh agus atá freagrach as ionad pórúcháin, bunaíocht díola nó ionad dídine nó atá freagrach as madraí agus cait a choimeádtar ann, nó atá freagrach as madraí nó cait nach bhfuil ag teastáil, atá tréigthe, ar seachrán, caillte nó coigistithe agus a chuireann in árais altrama iad ;

Leasú 72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

16.

ciallaíonn ‘soláthraí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn madra nó cat, lena n áirítear daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe;

scriosta

Leasú 73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 18 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

18a.

ciallaíonn ‘eotanáis’ gníomhaíocht lena ndéantar bás a spreagadh faoi ainéistéise agus anailgéise fhada trí úsáid a bhaint as táirgí íocshláinte, agus úsáid á baint as modh a fhágann go gcailltear comhfhiosacht go tapa agus go dochúlaithe, agus íosmhéid péine agus anacair ar an ainmhí;

Leasú 74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

19.

ciallaíonn ‘ciorrú’ idirghabháil, lena n áirítear idirghabháil mháinliachta, a dhéantar ar chúiseanna seachas chun críocha teiripeacha nó diagnóiseacha, a mbíonn díobháil dá bharr ann déanta do chuid íogair den chorp nó caillteanas chuid íogair den chorp nó athrú ar struchtúr na gcnámh;

19.

ciallaíonn ‘ciorrú’ idirghabháil, lena n-áirítear idirghabháil mháinliachta, a dhéantar ar chúiseanna seachas chun críoch teiripeacha nó diagnóiseacha, agus diomaite de neodrú nó ionphlandú trasfhreagróra, a mbíonn díobháil dá bharr ann déanta do chuid íogair den chorp nó caillteanas chuid íogair den chorp nó athrú ar struchtúr cnámh madra nó cait ;

Leasú 75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 19 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

19a.

ciallaíonn ‘neodrú’ an próiseas trína gcuirtear cosc máinliachta ar mhadraí nó ar chait ál a shíolrú, lena n-áirítear gónaid, eadhon na huiríocha i gcait agus madraí fireanna agus na hubhagáin nó na hubhagáin agus an t-útaras i madraí baineanna agus cait bhaineanna, a bhaint trí ghnáthamh máinliachta;

Leasú 76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 19 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

19b.

ciallaíonn ‘steiriliú neamh-mháinliachta’ roghanna malartacha ar steiriliú máinliachta nó neodrú trína gcaomhnaítear sláine cholainn an mhadra nó an chait agus nach bhfágann go mbaintear aon chuid de cholainn an mhadra ná de cholainn an chait ná go n-athraítear go buan aon chuid di;

Leasú 77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

20.

ciallaíonn ‘fulaingt’ staid fhisiceach nó mheabhrach mhíthaitneamhach, neamh-inmhianaithe a bheith ann, arb é is toradh air sin go bhfuil ainmhí neamhchosanta ar spreagthaí díobhálacha nó nach bhfuil spreagthaí dearfacha tábhachtacha ann;

20.

ciallaíonn ‘fulaingt’ staid fhisiceach nó mheabhrach mhíthaitneamhach, neamh-inmhianaithe a bheith ann, arb é is toradh air sin go bhfuil ainmhí neamhchosanta ar spreagthaí díobhálacha nó nó easpa leanúnach spreagthaí dearfacha tábhachtacha;

Leasú 78

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

21.

ciallaíonn ‘tithíocht’ foirgnimh nó spás lasmuigh teorannaithe i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar madraí agus cait;

21.

ciallaíonn ‘tithíocht’ foirgnimh nó spás lasmuigh teorannaithe i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar madraí nó cait, cibé acu go sealadach nó go buan ;

Leasú 79

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

22.

ciallaíonn ‘conchró’ struchtúr fisiceach ina bhfuil cró aonair amháin nó níos mó ann chun madraí a chur isteach iontu;

22.

ciallaíonn ‘conchró’ struchtúr fisiceach ina bhfuil cró amháin nó níos mó ann chun madraí a chur isteach iontu;

Leasú 80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

23.

ciallaíonn ‘catlann’ struchtúr fisiceach ina bhfuil cró aonair amháin nó níos mó chun cait a chur faoi dhíon;

23.

ciallaíonn ‘catlann’ struchtúr fisiceach ina bhfuil cró amháin nó níos mó chun cait a chur faoi dhíon;

Leasú 81

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

24.

ciallaíonn ‘cúramóir ainmhithe’ duine a thugann aire do na madraí agus do na cait a phóraítear nó a choimeádtar i mbunaíocht;

24.

ciallaíonn ‘cúramóir ainmhithe’ duine a thugann aire do na madraí agus do na cait a phóraítear nó a choimeádtar i mbunaíocht lena n-áirítear saorálaithe, intéirnigh agus oibrithe páirtaimseartha ;

Leasú 82

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

26.

ciallaíonn ‘coinneáil ar theaghrán’ ainmhí a choinneáil ar phointe seasta chun é a choinneáil i limistéar inmhianaithe;

26.

ciallaíonn ‘coinneáil ar theaghrán’ ainmhí a cheangal le pointe seasta nó le réad chun é a choinneáil i limistéar inmhianaithe nó chun a ghluaiseacht a shrianadh ;

Leasú 83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

27.

ciallaíonn ‘coimeádán’ aon bhosca dortha, bosca, gabhdán nó struchtúr docht eile a úsáidtear chun madraí agus cait a choinneáil;

27.

ciallaíonn ‘coimeádán’ aon chás, bosca dortha, bosca, gabhdán nó struchtúr sochorraithe a úsáidtear chun madraí cait a choinneáil;

Leasú 84

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

28.

ciallaíonn ‘peata’ madra nó cat a bheartaítear a choinneáil i dteaghlach ar mhaithe le taitneamh agus comhluadar príobháideach;

scriosta

Leasú 85

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

29.

ciallaíonn ‘úinéireacht fhreagrach’ tiomantas úinéara madra nó cat nó úinéara madraí nó cat amach anseo, dualgais éagsúla a chomhlíonadh atá dírithe ar shásamh riachtanais iompraíochta, chomhshaoil agus fhisiceacha an mhadra nó an chait, agus chun rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis an madra nó leis an gcat don phobal, d'ainmhithe ó don chomhshaol a chosc .

29.

ciallaíonn ‘úinéireacht fhreagrach’ tiomantas úinéara madra nó cat nó úinéara madraí nó cat amach anseo, dualgais éagsúla a chomhlíonadh atá dírithe ar shásamh riachtanais sláinte, iompraíochta, chomhshaoil agus fhisiceacha an mhadra nó an chait, agus chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an madra nó leis an gcat don phobal, d'ainmhithe ó don chomhshaol a íoslaghdú .

Leasú 86

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní bheidh feidhm ag an gcaibidil seo maidir leis na nithe seo a leanas:

Cé is moite de na forálacha a leagtar síos in Airteagal 5, ní bheidh feidhm ag an gcaibidil seo maidir leis na nithe seo a leanas:

Leasú 304

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – fleasc 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

ionaid phórúcháin a choimeádann suas le trí mhadra bhaineanna nó trí chat bhaineanna agus a tháirgeann dhá ál nó níos lú san iomlán in aghaidh na bunaíochta agus in aghaidh na bliana féilire ;

ionad pórúcháin ina dtáirgtear dhá ál ar a mhéad in aghaidh na bliana féilire lena gcur ar an margadh, ní bheidh sé ach faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, Airteagal 6(1), (1a) agus (1b), Airteagal 6a, Airteagal 7, Airteagal 8, Airteagal 11(2), (3) agus (4), Airteagal 12(3), (4) agus (7), Airteagal 13(2), pointí (b), (ba) agus (d), Airteagal 14(2), (3), (4) agus (6), Airteagal 15 agus Airteagal 15a(1).

Leasú 88

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – fleasc 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

siopaí peataí a choimeádann ag aon am ar leith trí mhadra nó níos lú nó sé chat nó níos lú;

scriosta

Leasú 89

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – fleasc 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

árais áltrama a choimeádann ag aon am ar leith cúig mhadra nó níos lú nó deich gcat nó níos lú.

Leasú 90

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Prionsabail ghinearálta leasa

Prionsabail leasa ghinearálta

Leasú 91

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh oibreoirí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe na prionsabail seo a leanas i bhfeidhm maidir le madraí agus cait a phóraítear nó a choimeádtar ina mbunaíocht:

Cuirfidh oibreoirí agus cúramóirí ainmhithe na prionsabail leasa seo a leanas i bhfeidhm maidir le madraí cait a phóraítear nó a choimeádtar ina mbunaíocht:

Leasú 92

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

cuirtear uisce agus beatha de chaighdeán agus de chainníocht ar fáil do mhadraí agus do chait a chuireann ar a gcumas iad a bheith dea-chothaithe agus hiodráitithe.

(a)

cuirtear uisce agus beatha de chaighdeán agus de chainníocht ar fáil do mhadraí agus do chait a chuireann ar a gcumas cothú agus hiodráitiú maith agus iomchuí a bheith acu.

Leasú 93

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

madraí agus cait a choinneáil i dtimpeallacht fhisiceach mhaith atá compordach, go háirithe ó thaobh spáis agus teocht de, agus éasca le bogadh laistigh de.

(b)

madraí agus cait a choinneáil i dtimpeallacht fhisiceach iomchuí ghlan atá slán agus compordach, go háirithe ó thaobh spáis, cháilíocht an aeir, teochta, solais, cosaint ar dhálaí aeráide díobhálacha agus éascaíocht gluaiseachta , agus plódú á chosc .

Leasú 94

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

coimeádtar madraí agus cait sábháilte, glan agus i ndea-shláinte trí ghalair, lagú feidhmiúil, gortuithe agus pian a chosc, go háirithe mar gheall ar bhainistíocht, cleachtais láimhseála, nó ciorruithe.

(c)

coimeádtar madraí agus cait sábháilte, glan agus i ndea-shláinte trí ghalair, lagú feidhmiúil, gortuithe agus pian a chosc, go háirithe mar gheall ar bhainistíocht, cleachtais láimhseála, cleachtais phórúcháin nó ciorruithe.

Leasú 95

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

coimeádtar madraí agus cait sa chaoi is go ndéantar a staid mheabhrach a bharrfheabhsú trína n eispéiris dhiúltacha in am agus i ndéine a chosc nó a laghdú, chomh maith le deiseanna le haghaidh eispéiris dhearfacha in am agus i ndéine sna fearainn éagsúla dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) a uasmhéadú.

(e)

coimeádtar madraí agus cait sa chaoi is go ndéantar a staid mheabhrach a bharrfheabhsú trína n eispéiris dhiúltacha ó thaobh faide agus déine a chosc nó a laghdú, chomh maith le deiseanna le haghaidh eispéiris dhearfacha ó thaobh faide agus déine sna fearainn éagsúla dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) a uasmhéadú, agus cosc á chur ar fhorbairt iompraíochtaí neamhghnácha atriallacha agus iompraíochtaí eile a léiríonn leas diúltach ainmhithe, agus riachtanais an mhadra nó an chait aonair sna fearainn éagsúla dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) á gcur san áireamh .

Leasú 96

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ceanglais leasa ghinearálta do mhadraí agus do chait

Oibleagáidí leasa ginearálta

Leasú 97

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Beidh oibreoirí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe freagrach as leas madraí agus cait a choimeádtar faoina rialú agus as aon rioscaí dá leas a íoslaghdú .

1.    Beidh oibreoirí agus cúramóirí ainmhithe freagrach as leas madraí cat a choimeádtar ina mbunaíochtaí agus atá faoina rialú agus as aon rioscaí dá leas a íoslaghdú.

 

I gcás árais altrama, is ar an oibreoir a gcoimeádfar madraí nó cait thar a cheann a bheidh an fhreagracht. Cuirfidh na hoibreoirí sin faisnéis leordhóthanach ar fáil don teaghlach altrama maidir leis na ceanglais agus na hoibleagáidí leasa ainmhithe chomh maith le riachtanais aonair na madraí nó na gcat, agus áiritheoidh siad agus cinnteoidh siad go gcomhlíonfar na hoibleagáidí ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo in árais altrama.

Leasú 98

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Ní thabharfaidh oibreoirí drochíde d’ainmhithe, ní chuirfidh siad drochbhail orthu, ní thabharfaidh siad ainíde orthu, ná ní dhéanfaidh siad iad a phórú, a oiliúint, ná leigheas a thabhairt dóibh, chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a d’fhágfadh go dtabharfaí drochíde do na madraí agus na cait sin, go gcuirfí drochbhail ar na madraí agus na cait sin nó go dtabharfaí ainíde ar na madraí agus na cait sin, nó go dtabharfaí drochíde do mhadraí agus cait eile, go gcuirfí drochbhail ar mhadraí agus cait eile nó go dtabharfaí ainíde ar mhadraí agus caite, lena n-áirítear troid idir mhadraí.

Leasú 99

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b.     Ní dhéanfaidh oibreoirí agus cúramóirí ainmhithe madraí nó cait a thréigean.

Leasú 101

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.     Áiritheoidh oibreoirí ionad pórúcháin nach mbeidh géinitíopaí ná feinitíopaí a bhfuil éifeachtaí díobhálacha acu ar leas na madraí agus na gcat, nó ar leas a sliocht, mar thoradh ar straitéisí pórúcháin.

scriosta

Agus atáirgeadh madraí agus cat ag oibreoirí á bhainistiú, toirmiscfear cúpláil idir tuismitheoirí agus sliocht, nó idir seantuismitheoirí agus garshliocht.

 

Ní choiscfear leis an mír seo madraí agus cait ghearrchinn a roghnú agus a phórú ar choinníoll go n íoslaghdaíonn na cláir roghnúcháin nó phóraithe na hiarmhairtí diúltacha leasa a bhaineann le tréithe gearrchinn.

 

Leasú 102

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.     Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 lena leasaítear an t airteagal seo maidir leis na critéir shonracha a chomhlíonfaidh oibreoirí agus straitéisí pórúcháin á gceapadh acu chun ceanglais mhír 3 a chomhlíonadh, ag cur san áireamh tuairimí eolaíocha an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia chomh maith le tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil.

scriosta

Leasú 103

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 6a

 

Oibleagáidí maidir le straitéisí pórúcháin

 

1.     Áiritheoidh oibreoirí bunaíochtaí pórúcháin lena straitéisí pórúcháin go dtabharfar tosaíocht do shláinte agus leas an ainmhí, agus go n-íoslaghdófar an riosca go dtáirgfear madraí nó cait le géinitíopaí nó feinitíopaí a mbeadh éifeachtaí díobhálacha acu ar a leas.

 

2.     Ní úsáidfidh oibreoirí ionad pórúcháin madraí nó cait, chun críoch atáirgthe, a bhfuil tréithe conformálacha iomarcacha iontu a d’fhágfadh gur mó baol a bheadh ann go ndéanfaí díobháil do leas na madraí nó na gcat sin, nó do leas a n-áil.

 

3.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thréithe na ngéinitíopaí agus na bhfeinitíopaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus na tréithe conformálacha iomarcacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, a bheidh eisiata ó shíolrú, a leagan síos, agus tuairimí eolaíocha an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia, mar aon leis an tionchar ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar, á gcur i gcuntas. Glacfar na gníomhartha tarmligthe i dtaca leis na tréithe conformálacha iomarcacha faoin 1 Iúil 2030.

 

4.     Mura bhformheasfaidh an t-údarás inniúil é bunaithe ar riachtanas sonrach pórtha áitiúla a bhfuil linn ghéiniteach theoranta acu a chaomhnú, beidh toirmeasc ar phórú idir tuismitheoirí agus sliocht, idir siblíní, idir leathshiblíní nó idir seantuismitheoirí agus garpháistí agus atáirgeadh madraí agus cat a bhainistiú.

Leasú 104

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Oibleagáid fógra a thabhairt maidir le pórú nó coimeád madraí agus cat i mbunaíochtaí

Fógra a thabhairt faoi bhunaíochtaí agus iad a chlárú

Leasú 105

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfaidh oibreoirí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe fógra do na húdaráis inniúla faoina ngníomhaíocht, agus soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas:

Tabharfaidh oibreoirí fógra do na húdaráis inniúla faoina ngníomhaíocht, agus soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad :

Leasú 106

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

cineál na bunaíochta: ionad pórúcháin, siopa peataí nó ionad dídine ainmhithe ;

(c)

cineál na bunaíochta: ionad pórúchain, bunaíocht díola, ionaid dídine ainmhithe nó árais altrama;

Leasú 107

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

an t-uaslíon ainmhithe is féidir a choinneáil san ionad pórúcháin;

(e)

acmhainn na bunaíochta arna sloinneadh mar an líon uasta madraí agus cat is féidir a choinneáil sa bhunaíocht .

Leasú 108

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Tabharfaidh oibreoirí fógra don údarás inniúil faoin méid seo a leanas:

 

(a)

aon athruithe i dtaca leis an bhfaiséis dá dtagraítear i mír 1;

 

(b)

aon scor de ghníomhaíocht agus sprioc-am a shonrú freisin faoina gcaithfear an ghníomhaíocht a dhúnadh, sprioc-am nár cheart a bheith níos déanaí ná mí amháin tar éis an scoir, agus faisnéis a sholáthar freisin maidir le cinniúint na n-ainmhithe;

 

Gan dochar d’aon fhaisnéis bhreise a cheanglaítear faoin Airteagal seo, ní cheanglaítear ar oibreoirí fógra a thabhairt arís faoin bhfaisnéis a cuireadh isteach cheana i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 84(1) de Rialachán (AE) 2016/429.

 

Déanfaidh an t-údarás inniúil clár bunaíochtaí a chothabháil agus féadfaidh sé an clár dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 101(1) de Rialachán (AE) 2016/429 a úsáid chun na críche sin;

Leasú 109

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 7a

 

Formheas ionad pórúcháin

 

1.     Ní chuirfidh oibreoirí bunaíochtaí pórúcháin madraí nó cait ar an margadh ach amháin tar éis don údarás inniúil a mbunaíocht a fhormheas.

 

2.     Déanfaidh an t-údarás inniúil cigireacht ar an láthair chun a fhíorú go gcomhlíonann an t-ionad pórúcháin ceanglais an Rialacháin seo. Féadfaidh na Ballstáit a lamháil go ndéanfaí cigireachtaí den sórt sin go cianda ar choinníoll go bhfágfadh na modhanna cumarsáide cianda arna n-úsáid fianaise leordhóthanach a bheith ann le go bhféadfadh an t-údarás inniúil cigireachtaí iontaofa a dhéanamh. Ní dheonóidh an t-údarás inniúil deimhniú formheasa ach d’ionad pórúcháin a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo.

 

3.     Coimeádfaidh na húdaráis inniúla liosta de na hionaid phórúcháin fhormheasta agus cuirfidh siad é ar fáil don phobal.

Leasú 110

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.    Nuair a chuireann oibreoirí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe madraí nó cait ar an margadh nó nuair a sholáthraíonn siad madraí nó cait chun críocha iad a choimeád mar pheataí, soláthróidh siad d'fhaighteoir an pheata an fhaisnéis is gá chun a chur ar a chumas leas an ainmhí a áirithiú, lena n áirítear faisnéis maidir le húinéireacht fhreagrach.

1.   Soláthróidh oibreoirí faisnéis i scríbhinn d’fhaighteoir madra nó cait chun a chur ar a chumas nó ar a cumas leas an mhadra nó an chait a áirithiú, lena n-áirítear faisnéis ar úinéireacht fhreagrach agus ar riachtanais shonracha an mhadra nó an chait ó thaobh beathaithe, cúraim, sláinte, cró agus riachtanais iompraíochta de, mar aon le faisnéis ar shláinte an mhadra nó an chait, lena n-áirítear a stádas vacsaínithe .

Leasú 111

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Nuair a fhógraítear soláthar madraí agus cat trí mhodhanna ar líne, taispeánfar an rabhadh seo a leanas sa liostú , i gcarachtair atá infheicthe go soiléir agus i gcló trom:

2.   Nuair a fhógróidh oibreoirí agus na daoine nádúrtha nó dlítheanacha go mbeidh madraí agus cait á gcur ar an margadh, trí ardáin ar líne, taispeánfar an rabhadh seo a leanas ar a laghad, i gcarachtair atá infheicthe go soiléir agus i gcló trom:

Leasú 288

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Nuair a fhógraítear soláthar madraí agus cat trí mhodhanna ar líne, taispeánfar an rabhadh seo a leanas sa liostú, i gcarachtair atá infheicthe go soiléir agus i gcló trom:

2.   Nuair a fhógraítear soláthar madraí agus cat trí mhodhanna ar líne, taispeánfar an rabhadh seo a leanas sa liostú, i gcarachtair atá infheicthe go soiléir agus i gcló trom:

‘Ní bréagán é ainmhí. Cinneadh a chuirfidh cor i do shaol is ea ainmhí a cheannach nó a thógail isteach. Mar úinéir ar ainmhí, tá sé d’oibleagáid ort a áirithiú go gcomhlíontar a riachtanais sláinte agus folláine uile i gcónaí.’

Ní bréagán é ainmhí. Cinneadh a chuirfidh cor i do shaol is ea ainmhí a cheannach nó a thógail isteach. Mar úinéir ar ainmhí, tá sé d’oibleagáid ort a áirithiú go gcomhlíontar a riachtanais sláinte agus dea-bhaile i gcónaí. Teastaíonn acmhainní airgeadais chun aire a thabhairt d’ainmhí. Tá cosc ar an ainmhí a thréigean nuair a bheidh sé i do chúram.’

Leasú 113

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Beidh na hinniúlachtaí seo a leanas ag cúramóirí ainmhithe a mhéid a bhaineann leis na madraí agus na cait atá á láimhseáil acu:

1.   Beidh na hinniúlachtaí seo a leanas ag cúramóirí ainmhithe , cé is moite de shaorálaithe agus intéirnigh faoi mhaoirseacht, a mhéid a bhaineann leis na madraí agus na cait atá á láimhseáil acu:

Leasú 114

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

an cumas a mothuithe a aithint, lena n áirítear aon chomhartha fulaingthe, agus na bearta maolaitheacha iomchuí a shainaithint atá le déanamh i gcásanna den sórt sin;

(b)

an cumas a mothuithe a aithint, lena n áirítear aon chomhartha fulaingthe, agus na bearta maolaitheacha iomchuí atá le déanamh i gcásanna den sórt sin a shainaithint agus a dhéanamh ;

Leasú 115

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 –mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

an cumas dea-chleachtais bhainistíochta ainmhithe a chur i bhfeidhm, an trealamh a úsáidfear le haghaidh na speiceas atá faoina gcúram a úsáid agus a chothabháil agus aon rioscaí do leas na n ainmhithe a íoslaghdú;

(c)

an cumas dea-chleachtais bhainistíochta ainmhithe a chur i bhfeidhm, an trealamh a úsáidfear le haghaidh na speiceas atá faoina gcúram a úsáid agus a chothabháil agus aon rioscaí do leas na n ainmhithe a íoslaghdú , agus, uime sin, fulaingt a chosc;

Leasú 116

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuairteanna ar leas ainmhithe

Cuairteanna comhairleacha leasa

Leasú 117

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Déanfaidh oibreoirí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe an méid seo a leanas a áirithiú:

1.   Déanfaidh oibreoirí an méid seo a leanas:

Leasú 277

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

a áirithiú go ndéanfar cuairt ó thréidlia ar na bunaíochtaí atá faoina bhfreagracht uair sa bhliain ar a laghad, chun comhairle a chur ar an oibreoir nó ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an ionad dídine ainmhithe maidir le bearta chun aghaidh a thabhairt ar aon fhachtóir riosca do leas ainmhithe;

(a)

a áirithiú faoin... [1 bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] nó laistigh den chéad bhliain ón dáta a thabharfar fógra maidir le bunaíocht nua, go dtabharfaidh tréidlia oifigiúil cuairt gan réamhfhógra ar na bunaíochtaí atá faoina bhfreagracht, uair sa bhliain ar a laghad , tréidlia oifigiúil a fhostóidh an t-údarás inniúil chun aon toisc riosca do leas ainmhithe a shainaithint agus a mheasúnú, chun comhairle a chur ar an oibreoir nó ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an dídean maidir le bearta chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí do leas ainmhithe , don tsláinte agus don chomhshaol agus, má léiríonn na torthaí go bhfuil na tosca riosca tromchúiseach, tuairisc a thabhairt don údarás inniúil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 agus cuairt leantach a thabhairt laistigh de 2 mhí ;

Leasú 119

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

déanfaidh sé torthaí chuairt an tréidlia dá dtagraítear i bpointe (a) agus a ngníomhaíochtaí leantacha a thaifeadadh agus coinneoidh sé na taifid sin ar feadh 6 bliana ar a laghad, agus cuirfidh sé ar fáil iad do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.

(b)

coimeádfaidh sé taifid ar thorthaí chuairt an tréidlia dá dtagraítear i bpointe (a) agus ar a ngníomhaíochtaí leantacha go ceann 5 bliana ar a laghad, ó lá na cuairte, agus cuirfidh sé iad ar fáil do na húdaráis inniúla agus don tréidlia a bheidh ar cuairt arna iarraidh sin.

Leasú 120

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 lena bhforlíontar an tAirteagal seo chun critéir íosta a leagan síos a bheidh le measúnú le linn cuairteanna ar leas ainmhithe .

2.    Faoin [24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] , tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 lena bhforlíonfar an tAirteagal seo chun na critéir íosta chun na tosca riosca don tréidlia a shainaithint agus a mheasúnú le linn na gcuairteanna comhairleacha leasa , lena n-áirítear maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha .

Leasú 121

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Áiritheoidh oibreoirí a gus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe go ndéanfar madraí agus cait a chothú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i bpointe 1 d'Iarscríbhinn I agus féadfaidh siad, bunaithe ar chomhairle i scríbhinn ó thréidlia nó ó shaineolaí ar chothú ainmhithe, na minicíochtaí beathaithe dá bhforáiltear i bpointe 1 d'Iarscríbhinn I a choigeartú .

1.   Áiritheoidh oibreoirí go ndéanfar madraí cait a bheathú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I.

Leasú 122

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Áiritheoidh oibreoirí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe go ndéanfar madraí agus cait a chothú agus a hiodráitiú go leordhóthanach tríd an méid seo a leanas a sholáthar:

2.   Áiritheoidh oibreoirí go ndéanfar madraí cait a bheathú agus a hiodráitiú go leormhaith tríd an méid seo a leanas a sholáthar:

Leasú 123

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

uisce inólta , ad libitum;

(a)

uisce glan agus úr , ad libitum;

Leasú 124

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

beatha i gcainníocht agus i gcáilíocht leordhóthanach chun freastal ar riachtanais fhiseolaíocha, chothaitheacha agus mheitibileach agus ar sháithiúlacht na madraí agus na gcat, mar chuid d'aiste bia atá oiriúnaithe d'aois, do phór, do chatagóir, do leibhéal gníomhaíochta agus do stádas sláinte na madraí agus na gcat;

(b)

beatha i gcainníocht agus i gcáilíocht leordhóthanach chun freastal ar riachtanais fhiseolaíocha, chothaitheacha agus mheitibileach agus ar sháithiúlacht na madraí agus na gcat, mar chuid d'aiste bia atá oiriúnaithe d'aois, do phór, do chatagóir, do leibhéal gníomhaíochta agus do stádas sláinte na madraí nó na gcat, agus é de chuspóir foriomlán leis sin dea-shláinte a bhaint amach agus a chaomhnú ;

Leasú 125

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Áiritheoidh oibreoirí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe go ndéanfar saoráidí beathaithe agus óil a thógáil agus a shuiteáil sa chaoi is go ndéanfar an méid seo a leanas:

3.   Áiritheoidh oibreoirí agus cúramóirí go ndéanfar saoráidí beathaithe agus óil a choimeád glan agus a thógáil agus a shuiteáil sa chaoi is go ndéanfar an méid seo a leanas:

Leasú 126

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

rochtain chomhionann a sholáthar do gach madra agus cat , agus ar an gcaoi sin an iomaíocht eatarthu a íoslaghdú, ag seachaint iompraíochta coimhlintí, go háirithe i gcás nach bhfuil rochtain ad libitum ag madraí agus ag cait ar bheatha ;

(a)

rochtain chomhionann a sholáthar do na madraí agus na cait uile;

Leasú 127

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     I gcás ina gcuirfidh tréidlia in iúl dóibh i scríbhinn déanamh amhlaidh, féadfaidh na hoibreoirí na minicíochtaí beathaithe agus uiscithe a choigeartú. Coimeádfaidh na hoibreoirí taifead ar an gcomhairle go ceann a ré iomláine faoi mar a mholfaidh an tréidlia.

Leasú 128

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Áiritheoidh oibreoirí go gcuirfear tithíocht ar fáil do mhadraí agus do chait i gcomhréir le pointe 2 d'Iarscríbhinn I.

1.    Cé is moite de dhuine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe, áiritheoidh oibreoirí go soláthrófar cró do mhadraí agus do chait i gcomhréir le pointe 2 d’Iarscríbhinn I.

Leasú 129

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfaidh oibreoirí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe an méid seo a leanas a áirithiú:

2.   Áiritheoidh oibreoirí an méid seo a leanas:

Leasú 130

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

i gcás ina gcoimeádtar ainmhithe in ionaid phórúcháin nó i siopaí peataí, go gcoimeádtar aerchúrsaíocht, leibhéil deannaigh , teocht, bogthaise aeir choibhneasta agus tiúchan gáis laistigh de theorainneacha nach bhfuil díobhálach do mhadraí agus cait agus gur leor an t aerú sin chun róthéamh a sheachaint agus, i gcás inar gá, in éineacht le córais téimh, chun taise iomarcach a bhaint ;

(c)

in ionaid phórucháin agus ionaid díola ina gcoimeádtar madraí agus cait taobh istigh , nach bhfuil an teocht, an bhogthaise aeir choibhneasta ná na tiúchain gháis iontu díobhálach do mhadraí do chait agus gur leor an t-aerú chun róthéamh a sheachaint;

Leasú 131

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

go bhfuil dóthain spáis ag madraí agus ag cait chun go mbeidh siad in ann gluaiseacht timpeall faoi shaoirse agus chun iompar a bhaineann go sonrach le speicis a chur in iúl de réir a riachtanas , agus spás leordhóthanach ann d'ábhar agus do struchtúir shaibhrithe, an fhéidearthacht d'ainmhithe sóisialú agus tarraingt siar, agus áiteanna scíthe glana a bheith ann dóibh ;

(d)

go bhfuil dóthain spáis ag madraí agus ag cait chun go mbeidh siad in ann gluaiseacht timpeall faoi shaoirse agus chun iompar a bhaineann go sonrach le speicis a chur in iúl de réir a riachtanas;

Leasú 132

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh toirmeasc ar mhadraí nó cait a choimeád i gcoimeádáin.

Ní choimeádfaidh oibreoirí madraí ná cait i gcoimeádáin.

Leasú 289

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Cuirfear toirmeasc ar mhadraí nó cait a choimeád nó a dhíol i siopaí peataí.

Leasú 133

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní fhéadfar coimeádáin a úsáid ach amháin chun madraí agus cait aonair a iompar agus a aonrú go sealadach ar choinníoll go seachnaítear strus mar gheall ar theochtaí foircneacha .

De mhaolú air sin, ní fhéadfar coimeádáin a úsáid ach chun madraí nó cait aonair a iompar , a aonrú go gearrthéarmach , agus le linn dóibh páirt a ghlacadh i seónna, i dtaispeántais agus i gcomórtais, i gcás coileáin nó puisíní a bhfuil acmhainn teirmirialaithe laghdaithe acu nó i gcás coileáin agus puisíní i dteannta a máithreacha, ar choinníoll go n-íoslaghdaítear an strus agus go seachnaítear fulaingt agus go bhfuil na madraí agus na cait in ann seasamh agus luí síos i suíomh nádúrtha .

Leasú 134

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Beidh toirmeasc ar mhadraí a choimeád laistigh go heisiach. Beidh fáil laethúil ag madraí a choimeádtar laistigh ar limistéar lasmuigh a cheadaíonn aclaíocht agus sóisialú. Ina theannta sin, nuair a choinnítear madraí i gconchróite, déanfaidh oibreoirí cróite aonair a dhearadh agus a thógáil chun go mbeidh saor-rochtain ag madraí ar spás teoranta lasmuigh agus ar spás laistigh nó ar bhothán aonair.

4.   Beidh toirmeasc ar mhadraí a choimeád laistigh go heisiach. Beidh fáil laethúil ag madraí a choimeádtar laistigh ar limistéar lasmuigh inar féidir aclaíocht , cuartú agus sóisialú a dhéanamh. Sa bhreis air sin, nuair a choinnítear madraí i gconchróite, déanfaidh oibreoirí cróite aonair a dhearadh agus a thógáil chun go mbeidh saor-rochtain ag madraí ar spás teoranta lasmuigh agus ar spás laistigh nó ar bhothán aonair.

Leasú 135

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a.     Úsáidfidh oibreoirí ionad pórúcháin agus díola, i gcás inar gá, córais téimh nó fuaraithe chun dea-cháilíocht aeir agus teocht iomchuí a choinneáil sa chlós laistigh ina n-ionaid, agus taise iomarcach a bhaint.

Leasú 136

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   Áiritheoidh oibreoirí go mbeidh rochtain ag madraí agus ag cait ar sholas nádúrtha i gcónaí . I gcás inar gá, mar gheall ar dhálaí aeráide agus suíomh geografach Ballstáit, cuirfidh na hoibreoirí soilsiú saorga ar fáil.

7.   Áiritheoidh oibreoirí go nochtfar madraí nó cait do sholas, agus go mbeidh siad in ann fanacht sa dorchadas go ceann tréimhsí leordhóthanacha agus leanúnacha chun gnáthrithim laethúil a choinneáil.

 

Chun críoch na chéad fhomhíre, ciallaíonn ‘éadrom’ solas nádúrtha , i dteannta, i gcás inar gá, mar gheall ar dhálaí aeráide agus suíomh geografach Ballstáit, solas saorga.

Leasú 137

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.     Tá feidhm ag an Airteagal seo ó [5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

scriosta

Leasú 138

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8a.     Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le hionaid phórúcháin ina gcoimeádtar madraí stoic le linn na dtréimhsí ina bhfuil na madraí sin á n-oiliúint chun críoch tréadaíochta.

Leasú 139

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.     Áiritheoidh oibreoirí go ndéanfar bearta chun sláinte madraí agus cat a chosaint i gcomhréir le pointe 3 d'Iarscríbhinn 1.

scriosta

Leasú 140

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfaidh oibreoirí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe an méid seo a leanas a áirithiú:

2.   Áiritheoidh oibreoirí agus cúramóirí an méid seo a leanas:

Leasú 141

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

déanann cúramóirí ainmhithe cigireacht ar mhadraí agus ar chait atá faoina gcúram uair amháin sa lá ar a laghad;

(a)

déanann cúramóirí ainmhithe cigireacht ar mhadraí cait atá faoina gcúram uair sa lá ar a laghad agus déantar cigireacht ar mhadraí agus cait leochaileacha, amhail madraí agus cait nuabheirthe, madraí agus cait atá breoite nó gortaithe, agus madraí baineanna agus cait bhaineanna peireathuismidh, ar bhonn níos minice ;

Leasú 142

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

go n-aistreofar madraí nó cait a bhfuil comharthaí galair, breoiteachta, díobhála nó leasa atá i mbaol ar shlí eile acu, i gcás inar gá, gan moill mhíchuí chuig limistéar ar leith, go ndéanfaidh tréidlia iad a chóireáil, i gcás inarb iomchuí, agus go gcoinneofar ansin iad go dtí go ndéanfar iad a théarnamh go hiomlán , nó go dtí go ndéanfar iad a eotanú mar mhalairt air sin gan moill mhíchuí ;

(b)

go n-aistreofar madraí nó cait a bhfuil comharthaí galair, breoiteachta nó díobhála orthu, nó a bhfuil dochar á dhéanamh dá leas ar shlí eile, i gcás inar gá, gan moill mhíchuí chuig limistéar ar leith, go ndéanfaidh tréidlia iad a chóireáil, i gcás inarb iomchuí, agus go gcoinneofar ansin iad go dtí go mbeidh biseach iomlán orthu;

Leasú 143

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

ní dhéanann ach tréidlia eotanáis  ar mhadra nó ar chat.

(c)

más rud é, sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (b), nach féidir madraí ná cait a leigheas agus ina bhfuil pain nimhneach ar mhadraí nó cait nó ina bhfuil siad ag fulaingt as cuimse nach féidir a mhaolú agus ina bhfuil sé i gcoinne a ndea-bhaile iad a choinneáil beo , ní fhéadfaidh ach tréidlia eotanáis a dhéanamh orthu agus le toiliú roimh ré ón oibreoir ;

Leasú 144

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

tá bearta lena n-áirítear cógais tréidliachta i bhfeidhm chun seadáin sheachtracha agus inmheánacha a chosc agus a rialú, lena n áirítear cóireálacha coisctheacha tréidliachta chun cosc a chur ar ghalair choiteanna ar dócha go nochtfar madraí nó cait dóibh agus aird chuí á tabhairt ar an staid eipidéimeolaíoch;

(d)

tá bearta i bhfeidhm chun seadáin sheachtracha agus inmheánacha a chosc agus a rialú, lena n-áirítear cóireálacha tréidliachta coisctheacha amhail vacsaíniú, chun galair choiteanna a chosc ar dócha go nochtfar madraí nó cait dóibh agus aird chuí á tabhairt ar an staid eipidéimeolaíoch:

Leasú 145

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

nach bhfuil aon riosca díobhála nó éilliú bitheolaíoch nó ceimiceach nó aon riosca sláinte eile ag baint le hábhair shaibhrithe.

(e)

nach bhfuil aon riosca éillithe bhitheolaíoch nó cheimicigh ag baint le hábhair shaibhrithe.

Leasú 146

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea)

má tá sí ar fáil, soláthrófar faisnéis ábhartha a bhaineann le sláinte d’fhaighteoir madra nó cait, lena n-áirítear faisnéis ar vacsaíniú, ailléirgí, riochtaí sláinte agus ar úinéireacht fhreagrach i gcomhréir le hAirteagal 8(1).

 

Ní bheidh feidhm ag pointe (a) maidir le hionaid phórúcháin ina gcoimeádtar madraí stoic le linn na dtréimhsí ina n-úsáidtear na madraí sin chun críoch tréadaíochta nó oiliúna.

Leasú 147

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Tá toirmeasc ar eotanáis a dhéanamh ar mhadra nó ar chat in ionaid dídine ainmhithe chun srian a chur le líon na madraí nó gcat iontu.

Leasú 148

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 – pointe e b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(eb)

tá cúram sláinte d’ainmhithe ailínithe le cur chuige na ‘hAon Sláinte Amháin’, amhail úsáid stuama antaibheathach chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR) a sheachaint.

Leasú 149

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh oibreoirí an méid seo a leanas:

Áiritheoidh oibreoirí atá freagrach as ionaid phórúcháin agus a gcuid cúramóirí an méid seo a leanas:

Leasú 150

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 1 – pointe –a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(–a)

go ndéanfar bearta chun sláinte madraí agus cat a choimirciú i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn I;

Leasú 151

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

ní phóraítear madraí baineanna agus cait bhaineanna ach amháin má tá aois íosta acu i gcomhréir le pointí 3.1 agus 3.2 d'Iarscríbhinn I, cuirtear a bhfás cnámharlaigh i gcrích, agus tá siad saor ó ghalair nó ó dhálaí fisiceacha a d'fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar a dtoircheas agus ar a leas;

(a)

ní phóraítear madraí baineanna cait bhaineanna ach amháin má tá aois íosta acu i gcomhréir le pointe 3 d’ Iarscríbhinn I, cuirtear a bhfás cnámharlaigh i gcrích, agus nach bhfuil galar diagnóisithe ar bith orthu ná comhartha cliniciúil galar orthu , agus tá siad saor ó dhálaí fisiceacha a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar a dtoircheas agus ar a leas;

Leasú 152

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

go leanann toircheas álta mhadraí baineanna agus chat baineann uasmhinicíocht;

(b)

go leanann toircheas álta madraí baineanna cat baineann uasmhinicíocht i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn I ; ;

Leasú 153

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

aon mhadra baineann atá 8 mbliana d'aois nó níos mó agus aon chat baineann atá 6 bliana d'aois nó níos mó, sula n úsáidfear í le haghaidh pórúcháin, déanfaidh tréidlia scrúdú fisiciúil uirthi, chun a dheimhniú i scríbhinn nach ndéanfaidh a toircheas aon bhaol dá leas, lena n áirítear a sláinte.

scriosta

Leasú 154

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

nach maraítear nó nach dtréigtear madraí agus cait baineanna fásta nach n úsáidtear a thuilleadh le haghaidh atáirgthe, lena n áirítear mar thoradh ar fhorálacha an Rialacháin seo. Leanfaidh oibreoirí de leas na n ainmhithe sin a áirithiú i gcomhréir leis an Rialachán.

(e)

nach maraítear ná nach dtréigtear madraí agus cait baineanna fásta nach n-úsáidtear a thuilleadh le haghaidh atáirgthe, lena n áirítear mar thoradh ar fhorálacha an Rialacháin seo, agus go gcoimeádtar nó go ndíoltar iad, go ndeonaítear iad nó go bhfaightear úinéirí eile dóibh .

Leasú 155

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Coinneoidh an t-oibreoir an deimhniú i scríbhinn dá dtagraítear i bpointe (d) ar feadh tréimhse 3 bliana ar a laghad tar éis bhás an mhadra bhaininn nó an chait bhaininn.

scriosta

Leasú 156

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Nuair a bhíonn oibreoirí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe i seilbh torthaí tástálacha sláinte ar mhadra nó ar chat nó tuarascálacha géiniteacha agus diagnóisí athair nó máthair an pheata atá i gceist, comhroinnfidh siad an fhaisnéis sin le faighteoir an ainmhí.

Leasú 157

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.     Beidh feidhm ag an Airteagal seo [5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

scriosta

Leasú 158

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Áiritheoidh oibreoirí a gus daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as ionaid dídine ainmhithe go ndéanfar bearta chun freastal ar riachtanais iompraíochta cat agus madraí i gcomhréir le pointe 4 d'Iarscríbhinn I.

1.   Áiritheoidh oibreoirí go ndéanfar bearta chun freastal ar riachtanais iompraíochta cat madraí i gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn I.

Leasú 159

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Toirmiscfear madraí agus cait a choinneáil i limistéir lena gcuirtear srian ar a ngluaiseachtaí nádúrtha, seachas chun na nósanna imeachta nó na cóireálacha seo a leanas a dhéanamh:

2.   Toirmiscfear madraí agus cait a choinneáil i limistéir lena gcuirtear srian ar a ngluaiseachtaí nádúrtha, seachas i gcás Airteagal 12(3), an dara fomhír, agus chun na gnáthaimh nó na cóireálacha seo a leanas a dhéanamh:

Leasú 160

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

scrúduithe fisiceacha , lena n-áirítear na hainmhithe a shainaithint ;

(a)

scrúduithe fisiceacha;

Leasú 161

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

ainmhithe a mharcáil chun críoch sainaitheantais;

(b)

sainaithint aonair madraí agus cat agus an fhaisnéis ar shainaithint a léamh ;

Leasú 164

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Toirmiscfear ainmhithe a choinneáil ar theaghrán ar feadh níos mó ná uair an chloig laistigh d'áitreabh an bhunachais , ach amháin fad a mhairfidh cóireáil liachta.

3.   Beidh toirmeasc ar theaghránú, ach amháin fad a mhairfidh cóireáil liachta.

Leasú 165

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.     Áiritheoidh oibreoirí go bhféadfar feabhas a chur ar leas na madraí agus na gcat uile, agus, ar an gcaoi sin, cruthófar timpeallacht spreagúil ina gcothófar iompar speiceas-shonrach agus ina laghdófar a bhfrustrachas.

Leasú 166

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 5 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5b.     Féadfaidh na Ballstáit maoluithe ar mhír 3 a dheonú i leith madraí a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid i seirbhísí míleata, póilíneachta agus custaim a choimeádtar in ionaid phórúcháin nó díola.

Leasú 167

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Toirmiscfear ciorruithe ag cluasa, lena n áirítear ciorruithe ag cluasa, sciotadh eireaball, teascadh chuid de na méaracha nó iad ar fad, agus athghearradh théada an ghutha, mura rud é go ndéantar iad mar gheall ar thásc leighis chun sláinte madraí agus cat a fheabhsú agus chun na críche sin amháin. Sa chás sin, ní dhéanfaidh ach tréidlia amháin a an nós imeachta faoi ainéistéise agus anailgéise fhada.

1.   Toirmiscfear ciorruithe, lena n-áirítear ciorruithe ag cluasa, sciotadh eireaball, baint crúb nó teascadh ar chuid de na méaracha nó orthu ar fad, agus athghearradh théada an ghutha, mura rud é go ndéantar iad mar gheall ar thásc leighis, ar a bhféadfar a áirithiú cúiseanna próifiolacsaigh, agnóisice, agus / nó cóireála, chun críche sláinte madraí nó cat a chaomhnú, feabhas a chur uirthi, nó gortú a chosc , agus chun na críche sin amháin. Sa chás sin, ní dhéanfaidh ach tréidlia an gnáthamh faoi ainéistéise agus anailgéise fhada.

Leasú 168

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Coimeádfaidh tréidlia taifead ar an tásc leighis don chiorrú agus ar mhionsonraí faoin ngnáthamh a bheidh le déanamh. Coinneoidh an t-oibreoir an taifead sin go dtí go n-aistreofar an madra nó an cat, mar aon leis an taifead sin, chuig ionad nó úinéir eile. Déanfaidh oibreoir an ionaid a bheidh freagrach as an madra nó an cat ach a ndéanfaidh an tréidlia an ciorrú cóip den taifead a choinneáil go ceann 3 bliana.

 

De mhaolú air sin, féadfaidh na Ballstáit ciorrú ag cluasa a cheadú trí eang a chur i gcluasa cait, nó trína mbarr a ghearradh, i gcomhthéacs comhartha a chur ar chait fáin agus iad á neodrú faoi chláir gabhála agus neodraithe.

Leasú 169

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Ní cheadófar neodrú fireann agus baineann ach amháin má dhéanann tréidlia é faoi ainéistéise agus faoi anailgéise fhada .

2.    Áiritheoidh oibreoirí nach ndéanfaidh tréidlia neodrú ach faoi ainéistéise agus anailgéise fhada.

 

Féadfaidh tréidlianna breithniú a dhéanamh i dtaobh steiriliú neamh-mháinliachta a dhéanamh de rogha ar neodrú, nuair is iomchuí .

Leasú 170

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Beidh toirmeasc ar na cleachtais láimhseála seo a leanas:

3.   Beidh toirmeasc ar na cleachtais láimhseála seo a leanas is cúis le pian nó fulaingt :

Leasú 171

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 3 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

úsáid fhada a bhaint as béalóga, mura gá sin ar chúiseanna sláinte nó leasa, agus sa chás sin beidh an fad teoranta don íostréimhse is gá.

(d)

úsáid fhada a bhaint as béalóga, mura gá sin ar chúiseanna sláinte nó leasa, agus sa chás sin beidh an fad teoranta don íostréimhse is gá.

Leasú 172

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 3 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

madraí nó cait a thógáil ag na géaga, ag an gceann, ag an eireaball ag an ngruaig.

(e)

madraí nó cait a thógáil ag na géaga, ag an gceann, ag an eireaball , ag na cluasa, ag an tseithe ná ag an ngruaig.

Leasú 173

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 3 –pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea)

coiléir bheannacha a úsáid;

Leasú 174

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 3 –pointe e b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(eb)

coiléir tachtaire a úsáid gan barr sábháilteachta;

Leasú 175

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Féadfaidh na Ballstáit maoluithe ar mhír 3 a dheonú i leith madraí a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid i seirbhísí míleata, póilíneachta nó custaim.

Leasú 176

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 15a

 

Seónna, taispeántais agus comórtais aeistéitiúla

 

1.     Ní úsáidfidh oibreoirí ionad pórúcháin nó díola, i seónna, taispeántais agus comórtais aeistéitiúla, madraí nó cait a bhfuil tréithe conformálacha iomarcacha iontu ar a mbeidh ciorrú déanta sa chaoi is go mbeidh athrú déanta ar a dtréithe fisiceacha.

 

2.     Déanfaidh eagraithe seónna, taispeántas agus comórtas aeistéitiúil madraí agus cait a bhfuil tréithe conformálacha iomarcacha iontu ar a mbeidh ciorrú déanta sa chaoi is go mbeidh athrú déanta ar a dtréithe fisiceacha a eisiamh ó sheónna, taispeántais agus comórtais den sórt sin.

Leasú 177

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.    Ó [3 bliana ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm], déanfar gach madra agus cat a choimeádtar i mbunaíochtaí lena soláthar san Aontas, lena n-áirítear madraí agus cait fhásta a choimeádtar in ionaid phórúcháin, madraí agus cait a choimeádtar in ionad dídine ainmhithe, agus madraí agus cait a sholáthraíonn daoine nádúrtha, a mharcáil lena sainaithint trí thrasfhreagróir fo-chraicneach ina bhfuil micrishlis, i gcomhréir le hIarscríbhinn II . Áiritheoidh oibreoirí bunaíochtaí go ndéanfar madraí agus cait a rugadh ina mbunaíochtaí a mharcáil lena sainaithint faoi dháta a soláthair san Aontas nó ar a dhéanaí laistigh de 3 mhí tar éis bhreith an ainmhí . Is tréidlia nó faoi fhreagracht tréidlia a dhéanfaidh ionphlandú an trasfhreagróra.

1.   Déanfar na madraí agus na cait uile arna gcoimeád i mbunaíochtaí, agus na madraí agus na cait uile arna gcur ar an margadh a shainaithint go haonarach trí thrasfhreagróir fo-chraicneach ina bhfuil micrishlis, i gcomhréir le hIarscríbhinn II. Is tréidlia a dhéanfaidh ionphlandú an trasfhreagróra, nó is faoi fhreagracht tréidlia a dhéanfar amhlaidh. I gcás ina measann tréidlia go bhféadfadh ionphlandú micrishlise sláinte an mhadra nó an chait a chur i mbaol go mór, féadfaidh sé nó sí moill a chur ar ionphlandú na micrishlise go sealadach go dtí gur féidir aghaidh a thabhairt, ar bhealach oiriúnach, ar na hábhair imní mar le sláinte an ainmhí. I gcás ina ndéantar dochar mór do shláinte an mhadra nó an chait i ndiaidh ionphlandú na micrishlise, déanfaidh an tréidlia gach beart is gá chun sláinte an mhadra nó an chait a áirithiú, lena n-áirítear an mhicrishlis a bhaint.

Leasú 178

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Áiritheoidh oibreoirí bunaíochtaí go ndéanfar madraí agus cait a thiocfaidh ar an saol ina mbunaíochtaí a shainaithint go haonarach laistigh de 3 mhí tar éis a mbreithe agus in aon chás roimh an dáta a chuirfear ar an margadh iad.

Leasú 179

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b.     Áiritheoidh oibreoirí ionad díola, oibreoirí ionad dídine ainmhithe agus oibreoirí atá freagrach as madraí nó cait nach bhfuil ag teastáil, a tréigeadh, atá ar seachrán, a cailleadh nó a coigistíodh, go ndéanfar madraí agus cait a théann isteach ina mbunaíochtaí nó a thagann faoina bhfreagracht a shainaithint go haonarach laistigh de 30 lá ón dáta a thagann siad isteach sa bhunaíocht agus, in aon chás, roimh an dáta a chuirtear ar an margadh iad;

Leasú 180

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1c.     Áiritheoidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, seachas oibreoirí, a mbeidh madraí nó cait á gcur ar an margadh acu go sainaithneofar iad go haonarach roimh an dáta a chuirfear ar an margadh iad.

Leasú 181

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1d.     Madraí agus cait a shainaithneofar go haonarach trí thrasfhreagróir in-insteallta ina bhfuil micrishlis, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta roimh [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], measfar go gcomhlíonann siad na ceanglais sa mhír seo, ar choinníoll go bhfuil an mhicrishlis inléite.

Leasú 313

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1e.     Ón... [5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfar gach madra a choimeádtar a shainaithint go haonarach i gcomhréir le mír 1.

 

Ón... [10 mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfar gach cat a choimeádtar a shainaithint go haonarach i gcomhréir le mír 1.

Leasú 182

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    Ó [3 bliana ón dáta theacht i bhfeidhm] , déanfaidh an tréidlia, nó cúntóir faoi fhreagracht an tréidlia, madraí agus cait a shainaithnítear i gcomhréir le mír 1 a chlárú i mbunachar sonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 19. I gcás madraí agus cait a choimeádtar in ionaid phórúcháin , déanfar an clárú in ainm úinéir an ionaid pórúcháin atá freagrach as an madra nó as an gcat. I gcás madraí nó agus cait a choimeádtar in ionad dídine, déanfar an clárú in ainm an duine atá freagrach as an ionad dídine. I gcás daoine nádúrtha a bhfuil sé ar intinn acu madra nó cat a sholáthar san Aontas , déanfar an clárú in ainm an duine sin. Áiritheoidh aon úinéir ina dhiaidh sin nó aon duine atá freagrach as an madra nó as an gcat go ndéanfar an t-athrú úinéireachta nó freagrachta a thaifeadadh sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 19.

2.    Laistigh de dhá lá oibre tar éis iad a shainaithint , i gcomhréir le mír 1, cláróidh an tréidlia na madraí agus na cait i mbunachar sonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 19. Féadfaidh na Ballstát a lamháil do dhaoine eile, seachas tréidlianna, an clárú a dhéanamh, ar choinníoll go mbeidh bearta i bhfeidhm acu chun cruinneas na faisnéise a chuirtear isteach sa bhunachar sonraí a áirithiú. I gcás madraí agus cait a choimeádtar in ionaid phórúcháin, déanfar an clárú in ainm oibreoir an ionaid pórúcháin atá freagrach as an madra nó as an gcat. I gcás daoine nádúrtha a mbeidh madra nó cat á gcur ar an margadh acu, déanfar an clárú in ainm an duine sin. I gcás ina n-aistreofar an úinéireacht nó an fhreagracht, áiritheoidh an duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh an madra nó an cat ar an margadh go ndéanfar aon athrú ar an úinéireacht nó ar an bhfreagracht a thaifeadadh sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 19 , laistigh de choicís ón dáta a athrófar an úinéireacht nó an fhreagracht, i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos ag an mBallstát atá freagrach as an mbunachar sonraí sin .

Leasú 183

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     I gcás ina n-éagfaidh madra atá á choimeád i mbunaíocht, nó cat atá á choimeád i mbunaíocht, áiritheoidh an t-oibreoir go dtaifeadfar an bás sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 19, i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos ag an mBallstát atá freagrach as an mbunachar sonraí sin;

Leasú 184

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b.     Féadfaidh na Ballstáit maoluithe ar mhír 2 agus 2a a dheonú i leith madraí míleata, póilíneachta agus custaim a choimeádtar i mbunaíochtaí.

Leasú 185

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 3 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Amhail ó [3 bliana ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm], sula soláthróidh sé madra nó cat san Aontas, soláthróidh an soláthróir an méid seo a leanas d'fhaighteoir an ainmhí:

Sula gcuirfidh siad madra nó cat ar an margadh, déanfaidh na hoibreoirí nó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a mbeidh an madra nó an cat á gcur ar an margadh acu an méid seo a leanas a sholáthar d’fhaighteoir an ainmhí:

Leasú 186

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 3 – fomhír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

cruthúnas ar shainaithint agus ar chlárú an ainmhí i gcomhréir le mír 1 agus mír 2;

(a)

cruthúnas ar shainaithint agus ar chlárú an mhadra nó an chait i gcomhréir le mír 1 agus mír 2, agus nasc gréasáin chun an chórais dá dtagraítear i mír 6 ;

Leasú 187

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh faighteoirí in ann barántúlacht shainaithint agus chlárú na n-ainmhithe a sholáthraítear tríd an gcóras dá dtagraítear i mír 7 a fhíorú.

Beidh faighteoirí in ann barántúlacht shainaithint agus chlárú na madraí agus na gcat arna gcur ar an margadh a fhíorú tríd an gcóras dá dtagraítear i mír 7.

Leasú 188

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 4 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ó [5 bliana ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm], áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne go mbeidh a gcomhéadan ar líne saincheaptha agus eagraithe ar bhealach a cheadaíonn do sholáthraithe madraí agus cat a n-oibleagáidí faoi mhír 3 a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2022/2065, agus cuirfidh siad faighteoirí ar an eolas, ar bhealach infheicthe, faoin bhféidearthacht sainaithint agus clárú an ainmhí a fhíorú trí nasc gréasáin chuig an gcóras dá dtagraítear i mír 6.

Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne go mbeidh a gcomhéadan ar líne saincheaptha agus eagraithe sa dóigh is go gcuirfear ar a gcumas do na hoibreoirí nó do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a chuireann madraí agus cait ar an margadh a n-oibleagáidí faoi mhír 3, agus mír 2 d’Airteagal 8 , a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2022/2065, agus cuirfidh siad faighteoirí ar an eolas, ar shlí infheicthe, faoin bhféidearthacht sainaithint agus clárú an mhadra nó an chait a fhíorú trí nasc gréasáin chun an chórais dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo.

Leasú 189

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 4 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is é soláthraí na madraí agus na gcat amháin a bheidh freagrach as cruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil trí chomhéadan an ardáin ar líne. Ní fhorléireofar aon ní sa mhír seo mar ní lena bhforchuirtear oibleagáid ghinearálta faireacháin ar sholáthraí an ardáin ar líne de réir bhrí Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/2065.

Is é an duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil madraí nó cait á gcur ar an margadh , agus an duine sin amháin , a bheidh freagrach as cruinneas na faisnéise arna soláthar trí chomhéadan an ardáin ar líne. Ní fhorléireofar aon ní sa mhír seo mar ní lena bhforchuirtear oibleagáid ghinearálta faireacháin ar sholáthraí an ardáin ar líne de réir bhrí Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/2065.

Leasú 190

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.     Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an fhaisnéis atá le soláthar ag soláthraithe mar chruthúnas ar shainaithint agus ar chlárú an ainmhí i gcomhréir le mír 3(a), i gcásanna ina dtairgtear na madraí agus na cat trí ardáin ar líne agus ar bhealaí eile. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24.

scriosta

Leasú 191

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 6 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.    Ó [3 bliana ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm], áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh córas a dhéanann seiceálacha uathoibrithe ar bharántúlacht shainaithint agus chlárú madraí nó cat a sholáthraítear , agus úsáid á baint as an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 19, ar fáil go poiblí saor in aisce. Féadfaidh an Coimisiún forbairt, cothabháil agus oibriú an chórais sin a chur ar iontaoibh eintitis neamhspleách. Comhlíonfaidh an córas na critéir seo a leanas:

6.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh córas ar líne a dhéanann seiceálacha uathoibrithe ar bharántúlacht shainaithint agus chlárú na madraí nó na gcat a chuirtear ar an margadh , agus úsáid á baint as an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 19, ar fáil go poiblí saor in aisce. Féadfaidh an Coimisiún forbairt, cothabháil agus oibriú an bhunachair sonraí innéacs sin a chur de chúram ar eintiteas neamhspleách, tar éis próiseas roghnúcháin poiblí, de bhun fhorálacha ábhartha Theideal VII de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Comhlíonfaidh an córas na critéir seo a leanas:

Leasú 192

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 7 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Faoin [3 bliana ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm], glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na gnéithe seo a leanas den chóras dá dtagraítear i mír 6 :

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena leagfar síos na nithe a leanas :

Leasú 193

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 7 – fomhír 1 – pointe a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(a)

bunaithe ar a mbeidh sna bunachair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 19(3), pointe a, an fhaisnéis bheacht a bheidh le soláthar ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chuireann madraí nó cait ar an margadh, mar chruthúnas ar shainaithint agus ar chlárú na madraí agus na gcat i gcomhréir le pointe (a) de mhír 3, i gcásanna ina dtairgtear na madraí agus na cait trí ardáin ar líne agus trí mhodhanna eile;

Leasú 194

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 7 – fomhír 1 – pointe a – fleasc 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

na catagóirí sonraí pearsanta arna gcur ar fáil don duine fíoraithe le linn fhíorú an tsainaitheantais agus an chláraithe, a bheidh teoranta dóibh siúd a bhfuil géarghá leo chun an fíorú sin a cdhéanamh.

Leasú 195

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 7 – fomhír 1 – pointe b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b)

na gnéithe seo a leanas den chóras dá dtagraítear i mír 6;

 

príomhfheidhmiúlachtaí an chórais;

Leasú 196

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 7 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) a ghlacadh faoin [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) a ghlacadh faoin [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]

Leasú 197

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

a áirithiú go gcuirfear oiliúint ar thréidlianna agus ar ghairmithe ábhartha eile maidir le dea-chleachtais i leas ainmhithe, lena n-áirítear maidir le sáruithe leasa a bhrath agus a thuairisciú, lena n-áirítear cleachtais phianmhara mar a leagtar amach in Airteagal 15, i gcomhréir le prionsabail na hAon Sláinte Amháin.

Leasú 198

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1 – pointe a b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ab)

a áirithiú go bhfaighidh oibreoirí, daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as ionaid dídine, árais altrama agus pónaí, cúramóirí ainmhithe agus tréidlianna oiliúint agus deimhnithe leormhaithe agus rialta chun na cúrsaí oiliúna dá dtagraítear i bpointe (a) a chur i gcrích;

Leasú 199

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1 – pointe a c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ac)

a áirithiú go mbeidh cúrsaí leighis dídine, lena n-áirítear iad siúd a dhíríonn ar shláinte tréada, ar fáil do thréidlianna;

Leasú 200

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1 – pointe a d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ad)

a áirithiú go gcuirfear oiliúint rialta ar oiliúnóirí agus láimhseálaithe madraí atá beartaithe le haghaidh seirbhísí míleata, póilíneachta agus custaim laistigh de na Ballstáit agus ar fud na mBallstát más féidir chun a gcuid scileanna a fheabhsú go háirithe maidir le riochtú oibríoch agus treisiú dearfach, maidir le prionsabail na heolaíochta iompraíochta agus an leasa, agus maidir le bainistiú struis do mhadraí agus do láimhseálaithe araon;

Leasú 201

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

comhar a éascú idir údaráis inniúla, comhlachais tréidliachta agus institiúidí oideachais chun cláir oiliúna fhadtéarmacha ardcháilíochta atá bunaithe ar an eolaíocht a fhorbairt agus a chur chun cinn le haghaidh cúramóirí ainmhithe agus gairmithe tréidliachta, lena méadófar an comhar idir gníomhaireachtaí ábhartha agus na sineirgí idir na feachtais faisnéise.

Leasú 202

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 18a

 

Feachtais náisiúnta faisnéise maidir le cosaint ainmhithe fáin agus reachtaíocht maidir le cosaint ainmhithe fáin

 

1.     Moltar do na Ballstáit feachtais faisnéise náisiúnta a thionscnamh agus a chur chun feidhme maidir leis an reachtaíocht reatha a bhaineann le cosaint agus leas madraí agus cat. Ní mór na feachtais sin a dhíriú ar úinéirí ainmhithe agus ar an bpobal i gcoitinne araon, chun feasacht a mhúscailt faoi na hoibleagáidí dlíthiúla agus na dea-chleachtais maidir le haire a thabhairt d’ainmhithe.

 

2.     Féadfaidh na húdaráis inniúla feachtais faisnéise a chur i gcrích i gcomhar le heagraíochtaí cosanta ainmhithe, tréidlianna agus eintitis ábhartha eile. Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a chuirfear in iúl:

 

(a)

na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar choimeádaithe peataí;

 

(b)

freagrachtaí agus gníomhaíochtaí na n-údarás áitiúil maidir le hainmhithe seachráin a bhainistiú, chomh maith leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh acu chun tréigean a chosc;

 

(c)

na bearta atá le déanamh má aimsíonn duine ainmhí caillte nó tréigthe, lena n-áirítear teagmháil a dhéanamh le seirbhísí tréidliachta, ionaid dídine ainmhithe nó leis na póilíní áitiúla;

 

(d)

ráiteas maidir leis an tábhacht a bhaineann le huchtú freagrach agus neodrú chun líon na n-ainmhithe seachráin a laghdú.

 

3.     Féadfaidh na Ballstáit cistiú náisiúnta nó réigiúnach a sholáthar do na feachtais sin agus féadfaidh siad rannpháirtíocht na n-ollmheán agus na bhforas oideachais a spreagadh d’fhonn an fhaisnéis a scaipeadh tuilleadh.

 

4.     Spreagfaidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit.

Leasú 203

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 18b

 

Bearta chun tréigean madraí agus cat a chosc agus chun neodrú madraí agus cat a chur chun cinn

 

1.     Molfar do na Ballstáit bearta nithiúla a ghlacadh chun tréigean madraí agus cat a chosc, lena n-áirítear trí oideachas poiblí, trí fheasacht a mhúscailt maidir le húinéireacht fhreagrach agus trí reachtaíocht atá ann cheana a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

 

2.     Chun líon na n-ainmhithe seachráin a laghdú, spreagfar na Ballstáit chun foinsí náisiúnta agus príobháideacha cistiúcháin a shainaithint agus a úsáid le haghaidh na nithe seo a leanas:

 

(a)

feachtais neodraithe atá saor in aisce nó fóirdheonaithe do mhadraí agus cait seachráin agus do pheataí ar le daoine ar ioncam íseal nó le heagraíochtaí cosanta ainmhithe iad;

 

(b)

cláir chun peataí a chlárú agus a shainaithint, lena n-áirítear trí mhicrishliseanna, chun éascú a dhéanamh ar ghlacadh ainmhithe caillte nó iad a chur ar ais chuig a n-úinéirí agus chun tréigean a chosc;

 

(c)

gníomhaíochtaí chun feasacht a mhúscailt i measc an phobail agus oideachas a chur orthu maidir leis an bhfreagracht a bhaineann le peata a choimeád agus maidir leis na héifeachtaí diúltacha a bhíonn ag tréigean ar leas ainmhithe agus ar phobail.

 

3.     Féadfaidh na Ballstáit oibriú le heagraíochtaí neamhrialtasacha, le clinicí tréidliachta agus le húdaráis áitiúla chun na bearta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur chun feidhme agus chun rochtain ar chláir um neodrú agus um shainaithint a éascú.

Leasú 204

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.    Amhail [3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh údaráis inniúla bunachar sonraí a bhunú agus a chothabháil chun madraí agus cait mhicrishliscthe a chlárú.

1.   Bunóidh agus cothóidh na húdaráis inniúla bunachair sonraí i leith madraí agus cait arna sainaithint agus arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 21(4)

Leasú 205

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    Ó [5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a mbunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1 idir-inoibritheach le bunachair sonraí chéanna na mBallstát eile ionas gur féidir sainaithint madra nó cat a fhíordheimhniú agus a rianú ar fud an Aontais.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh a mbunachair sonraí amhail dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais a leagtar síos leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 chun a n-idir-inoibritheacht a áirithiú ionas gur féidir sainaithint madra nó cat a fhíordheimhniú agus a rianú ar fud an Aontais.

Leasú 206

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí innéacs a bhunú agus a chothabháil ina mbeidh uimhreacha aitheantais mhicrishliseanna na madraí agus na gcat agus na bunachair sonraí náisiúnta ina stóráiltear na mionsonraí aitheantais, gan rochtain a fháil ar shonraí pearsanta. Féadfaidh an Coimisiún forbairt, cothabháil agus oibriú an bhunachair sonraí innéacs sin a chur de chúram ar eintiteas neamhspleách, tar éis próiseas roghnúcháin poiblí, de bhun fhorálacha ábhartha Theideal VII de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

Leasú 316

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b.     Comhoibreoidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát chun bunachar sonraí a mbeidh rochtain ag an bpobal air de bhunaíochtaí dídine ainmhithe a bhunú agus a chothabháil ar fud an Aontais, lena n-áiritheofar trédhearcacht agus cuntasacht agus iad ag cloí leis an dlí maidir le leas ainmhithe.

Leasú 207

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 3 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

a n-idir-inoibritheacht idir na Ballstáit;

(b)

an idir-inoibritheacht idir bunachair sonraí na mBallstát agus an bunachar sonraí innéacs ;

Leasú 208

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 3 – fomhír 1 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa)

an t-idirnasc idir bunachair sonraí na mBallstát dá dtagraítear i mír 1 agus aon bhunachar sonraí ábhartha eile, lena n-áirítear an Córas Bainistíochta Faisnéise le haghaidh Rialuithe Oifigiúla (CBFRO).

Leasú 209

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 20a

 

Feachtais náisiúnta faisnéise maidir le reachtaíocht a bhaineann le hainmhithe seachráin agus cosaint ainmhithe seachráin

 

1.     Moltar do na Ballstáit, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, feachtais náisiúnta faisnéise a thionscnamh agus a chur chun feidhme maidir leis an reachtaíocht atá ann cheana a bhaineann le cosaint agus leas madraí agus cat. Ba cheart na feachtais sin a dhíriú ar úinéirí ainmhithe agus ar an bpobal i gcoitinne araon chun feasacht a mhúscailt ar oibleagáidí dlíthiúla agus dea-chleachtais i ndáil le cúram ainmhithe.

 

2.     Is féidir leis na húdaráis inniúla feachtais faisnéise a reáchtáil i gcomhar le heagraíochtaí cosanta ainmhithe, tréidlianna agus eintitis ábhartha eile. Ní mór an méid seo a leanas a áireamh san fhaisnéis a sholáthraítear:

 

(a)

na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar úinéirí peataí;

 

(b)

freagrachtaí agus gníomhaíochtaí na n-údarás áitiúil maidir le hainmhithe seachráin a bhainistiú, agus gníomhaíochtaí chun tréigean a chosc;

 

(c)

bearta a mholtar má aimsíonn duine ainmhí caillte nó tréigthe, lena n-áirítear teagmháil a dhéanamh le seirbhísí tréidliachta, ionaid dídine ainmhithe nó leis na póilíní áitiúla;

 

(d)

an tábhacht a bhaineann le tabhairt isteach freagrach agus neodrú chun líon na n-ainmhithe seachráin a laghdú.

 

3.     Is féidir leis na Ballstáit cistiú náisiúnta nó réigiúnach a sholáthar do na feachtais sin agus is féidir leo na mórmheáin agus institiúidí oideachais a spreagadh chun páirt a ghlacadh d’fhonn faisnéis a scaipeadh ar bhealach níos fearr.

 

4.     Spreagfaidh an Coimisiún Eorpach comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit.

Leasú 210

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 20b

 

Bearta chun tréigean madraí agus cat a chosc agus chun neodrú madraí agus cat a chur chun cinn

 

1.     Moltar do na Ballstáit, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, bearta nithiúla a ghlacadh chun tréigean madraí agus cat a chosc, lena n-áirítear trí oideachas a chur ar an bpobal, trí fhreagracht a chur ar úinéirí agus tríd an reachtaíocht atá ann cheana a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

 

2.     Chun líon na n-ainmhithe seachráin a laghdú, moltar do na Ballstáit foinsí náisiúnta agus príobháideacha maoiniúcháin a shainaithint agus a úsáid le haghaidh na nithe seo a leanas:

 

(a)

feachtais neodraithe atá saor in aisce nó fóirdheonaithe do mhadraí agus cait seachráin agus do pheataí ar le daoine ar ioncam íseal nó le heagraíochtaí cosanta ainmhithe iad;

 

(b)

cláir chun peataí a chlárú agus a shainaithint, lena n-áirítear trí mhicrishliseanna, chun éascú a dhéanamh ar thabhairt isteach ainmhithe caillte nó iad a chur ar ais chuig a n-úinéirí agus chun tréigean a chosc;

 

(c)

gníomhaíochtaí chun feasacht a mhúscailt agus oideachas a chur ar an bpobal ar an bhfreagracht a bhaineann le peata a bheith agat agus ar na héifeachtaí díobhálacha a bhíonn ag tréigean ar leas ainmhithe agus ar an bpobal.

 

3.     Is féidir leis na Ballstáit oibriú i gcomhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha, le clinicí tréidliachta agus le húdaráis áitiúla chun na bearta sin a chur chun feidhme agus chun rochtain phoiblí ar chláir um neodrú agus um shainaithint a éascú.

Leasú 211

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 20c

 

Cosaint sonraí

 

1.     Beidh údaráis inniúla na mBallstát ina rialaitheoirí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna mbailiú faoi Airteagal 7, Airteagal 7a agus Airteagal 19(1) den Rialachán seo.

 

Beidh an Coimisiún ina rialaitheoir de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna mbailiú faoi Airteagal 17(6) agus faoin dara fomhír d’Airteagal 21(4) den Rialachán seo.

 

Beidh toirmeasc ar aon duine ag a mbeidh rochtain ar na sonraí pearsanta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír aon sonraí pearsanta, a mbeidh eolas orthu faighte aige nó aici agus a dhualgais nó a dualgais á gcomhlíonadh aige nó aici, nó i leith chomhlíonadh na ndualgas sin, a nochtadh. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún gach beart is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar an toirmeasc sin.

 

Ní úsáidfear na sonraí pearsanta arna mbailiú faoin gcéad fhomhír agus faoin dara fomhír chun críoch eile seachas chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas leasa agus inrianaitheachta faoin Rialachán seo agus chun cleachtais chalaoiseacha a bhrath d’fhonn bearta rialaithe a ghlacadh.

 

2.     Coinneofar na sonraí pearsanta sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go ceann na dtréimhsí seo a leanas:

 

(a)

i gcás Airteagal 7 agus Airteagal 7a, go ceann 10 mbliana tar éis dháta scoir ghníomhaíocht na bunaíochta;

 

(b)

i gcás Airteagal 19(1), go ceann 20 bliain tar éis an madra nó an cat a chlárú den chéad uair sa bhunachar sonraí dá dtagraítear san Airteagal sin nó go ceann 5 bliana tar éis bás an mhadra nó an chait a thaifeadadh sa bhunachar sonraí sin;

 

(c)

i gcás an dara fomhír d’Airteagal 21(4a), go ceann 5 bliana tar éis dháta an réamhfhógra.

Leasú 212

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.    Amhail [5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ní fhéadfar madraí agus cait a thabhairt isteach san Aontas lena gcur ar mhargadh an Aontais ach amháin más rud é gur coinníodh i gcomhréir le haon cheann de na nithe seo a leanas iad :

1.   Ní fhéadfar madraí agus cait a thabhairt isteach san Aontas lena gcur ar an margadh ach ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

Leasú 213

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

Caibidlí II den Rialachán seo;

(a)

gur póraíodh iad agus gur coimeádadh iad i gcomhréir le haon cheann de na nithe seo a leanas:

Leasú 214

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 – pointe a – pointe i (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(i)

Caibidil II den Rialachán seo;

Leasú 215

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

coinníollacha a aithníonn an tAontas a bheith coibhéiseach leo sin a leagtar amach leis an Rialachán seo; or

(ii)

coinníollacha a aithníonn an tAontas, i gcomhréir le hAirteagal 129 de Rialachán (AE) 2017/625 , a bheith coibhéiseach leo sin a leagtar amach le Caibidil II den Rialachán seo; or

Leasú 216

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

i gcás inarb infheidhme, ceanglais atá i gcomhaontú sonrach idir an tAontas agus an tír is onnmhaireoir

(iii)

i gcás inarb infheidhme, ceanglais atá i gcomhaontú sonrach idir an tAontas agus an tír is onnmhaireoir .

Leasú 217

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.     Ó [5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ní fhéadfar madraí agus cait a thabhairt isteach san Aontas lena gcur ar an margadh nó lena soláthar ach amháin ar choinníoll go dtagann siad ó thríú tír nó ó thríú críoch agus ó bhunaíocht a liostaítear i gcomhréir le hAirteagail 126 agus 127 de Rialachán (AE) 2017/625.

(b)

go dtagann siad ó thríú tír nó ó thríú críoch agus ó bhunaíocht a liostaítear i gcomhréir le hAirteagail 126 agus 127 de Rialachán (AE) 2017/625.

Leasú 218

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.     Ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo móide 5 bliana], beidh fianú sa deimhniú oifigiúil a ghabhann le madraí agus cait a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha agus ó thríú críocha lena ndeimhnítear go gcomhlíontar mír 1 agus lena ndeimhnítear gur de thionscnamh bunaíochta a liostaítear i gcomhréir le mír 2 .

2 .   Sa deimhniú oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 126(2)(c) de Rialachán (AE) 2017/625 a ghabhann le madraí agus cait a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha agus ó thríú críocha lena gcur ar mhargadh an Aontais, beidh fianú ann lena ndeimhnítear go gcomhlíontar mír 1 den Airteagal seo .

Leasú 219

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 4 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.    Gan dochar d'Airteagal 10(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013  agus d'Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2020/692 (11), déanfar madraí agus cait a thagann isteach san Aontas a shainaithint le micrishlis amhail dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus lena gceadaítear inrianaitheacht .

3 .   Gan dochar d’Airteagal 10(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013  d’Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2020/692 (11), déanfaidh tréidlia madraí agus cait a thagann isteach san Aontas lena gcur ar mhargadh an Aontais a shainaithint le micrishlis , a bheidh i gcomhréir le hIarscríbhinn II, sula dtiocfaidh siad isteach ann. Áiritheoidh an t-allmhaireoir go ndéanfaidh tréidlia madraí agus cait a chlárú i mbunachar sonraí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 19, laistigh de 2 lá oibre tar éis dóibh teacht isteach san Aontas. Féadfaidh na Ballstát a lamháil do dhaoine eile, seachas tréidlianna, an clárúchán a dhéanamh, ar choinníoll go mbeidh bearta i bhfeidhm acu chun cruinneas na faisnéise a chuirtear isteach sa bhunachar sonraí a áirithiú.

Leasú 306

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 4 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás nach bhfuil na madraí nó na cait a thagann isteach san Aontas cláraithe fós i mbunachar sonraí Ballstáit amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(1), a luaithe a shroicheann siad a gceann scríbe, áiritheoidh an t-úinéir nó an duine atá freagrach as an ainmhí go ndéanfar iad a chlárú i gceann de bhunachair sonraí na mBallstát laistigh de 48 n-uaire an chloig tar éis dóibh teacht isteach .

I gcás nach bhfuil na madraí nó na cait a thagann isteach san Aontas cláraithe fós i mbunachar sonraí Ballstáit amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(1), déanfaidh tréidlia iad a chlárú i mbunachar sonraí an Bhallstáit dul isteach ag teorainn an Aontais. Déanfar an clárú in ainm an úinéara nó an duine atá freagrach as an ainmhí agus déanfaidh sé an bhunaíocht tionscnaimh a liostaítear i gcomhréir le mír 2 a thaifeadadh. Féadfaidh na Ballstát a lamháil do dhaoine eile, seachas tréidlianna, an clárú a dhéanamh, ar choinníoll go mbeidh bearta i bhfeidhm acu chun cruinneas na faisnéise a chuirtear isteach sa bhunachar sonraí a áirithiú .

Leasú 221

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     Maidir le madraí agus cait a bheith ag teacht isteach san Aontas faoi ghluaiseacht neamhthráchtála, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe 14 de Rialachán (AE) 2016/429, tabharfaidh a n-úinéirí fógra roimh ré faoi i mbunachar sonraí ar líne de chuid an Aontais do pheataí um ghluaiseachtaí neamhthráchtála 5 lá oibre ar a laghad sula rachaidh siad anonn theorainn an Aontais, seachas sna cásanna seo a leanas:

 

(a)

madraí nó cait a thagann isteach san Aontas go díreach ó thríú tíortha a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013;

 

(b)

madraí nó cait arna gclárú i mbunachar sonraí de chuid Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 19(1). Tabharfaidh an t-úinéir fógra roimh ré faoi chéannacht an mhadra nó an chait agus, i gcás inarb ábhartha, faoi chéannacht an duine údaraithe a bheidh ag taisteal leis an madra nó an cat sin, faoi uimhir aitheantais mhicrishlis an mhadra nó an chait, faoina phríomhcheann scríbe san Aontas, agus, i gcás inarb ábhartha, faoin dáta imeachta agus faoin áit imeachta ón Aontas atá beartaithe. I gcás ina bhfanann an madra nó an cat níos sia ná 4 mhí san Aontas, áiritheoidh an t-úinéir go gclárófar an madra nó an cat i mbunachar sonraí an Bhallstáit cónaithe laistigh de 5 lá oibre tar éis dhul in éag na ceathrú míosa sin.

 

Déanfaidh an Coimisiún an bunachar sonraí sin de chuid an Aontais do pheataí um ghluaiseachtaí neamhthráchtála dá dtagraítear sa dara fomhír a bhunú agus a chothabháil, agus féadfaidh sé forbairt, cothabháil agus oibriú an bhunachair sonraí sin a chur de chúram ar eintiteas neamhspleách, tar éis próiseas roghnúcháin poiblí, de bhun fhorálacha ábhartha Theideal VII de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Is ag údaráis inniúla na mBallstát, agus acu sin amháin, a bheidh rochtain ar an mbunachar sonraí sin.

Leasú 222

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nós imeachta a bhunú chun go n aithneoidh an tAontas coinníollacha coibhéiseacha faoi phointe 1 pointe (b). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24.

scriosta

Leasú 223

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, lena n áirítear, i gcás inarb ábhartha, tuairimí eolaíocha ó EFSA , agus ar thionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, maidir leis an méid seo a leanas:

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, lena n áirítear, i gcás inarb ábhartha, tuairimí eolaíocha ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia , agus ar thionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, maidir leis an méid seo a leanas:

Leasú 224

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

próiseas maidir le minicíochtaí beathaithe agus scoitheadh;

(a)

ceanglais uiscithe agus beathaithe agus an próiseas maidir le scoitheadh;

Leasú 225

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

paraiméadair soilsithe ;

(c)

ceanglais soilsiúcháin ;

Leasú 226

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 1 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h)

aois íosta madraí baineanna agus cat baineanna chun pórú a thosú ;

(h)

an aois íosta agus uasta chun madraí baineanna agus cait bhaineanna a phórú;

Leasú 227

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 1 – pointe j

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(j)

ceanglais maidir le trasfhreagróirí a úsáidtear chun madraí agus cait a mharcáil ;

(j)

ceanglais maidir le trasfhreagróirí a úsáidtear chun madraí agus cait a shainaithint go haonarach ;

Leasú 228

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6( 4 ), Airteagal 10 ( 2 ) agus Airteagal 22 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [l dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6( 2b ), Airteagal 6a ( 3 ) agus Airteagal 22 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Leasú 229

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6( 4 ), in Airteagal 10 ( 2 ) agus in Airteagal 22 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6( 2b ), Airteagal 6a ( 3 ) agus Airteagal 22 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

Leasú 230

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 6( 4 ), Airteagal 10 ( 2 ) agus Airteagal 22 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6( 2b ), Airteagal 6a ( 3 ) agus Airteagal 22 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Leasú 231

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar na Ballstáit aon rialacha náisiúnta níos doichte a choimeád atá dírithe ar chosaint níos fairsinge a thabhairt do leas madraí agus cat agus atá i bhfeidhm tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo , ar choinníoll nach bhfuil na rialacha sin ar neamhréir leis an Rialachán seo agus nach gcuireann siad isteach ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Roimh [dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na rialacha náisiúnta sin. Tarraingeoidh an Coimisiún aird na mBallstát eile orthu.

1.   Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar na Ballstáit aon rialacha náisiúnta níos doichte a choimeád nó a ghlacadh atá dírithe ar chosaint níos fairsinge a thabhairt do leas madraí agus cat , agus dá n-inrianaitheacht , ar choinníoll nach bhfuil na rialacha sin ar neamhréir leis an Rialachán seo agus nach gcuireann siad isteach ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na rialacha náisiúnta sin. Tarraingeoidh an Coimisiún aird na mBallstát eile orthu.

Leasú 232

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.     Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar na Ballstáit bearta náisiúnta níos doichte a ghlacadh atá dírithe ar chosaint níos fairsinge a áirithiú do leas madraí agus cat a choimeádtar i mbunaíochtaí laistigh de chríoch Bhallstáit maidir leis na saincheisteanna leasa ainmhithe seo a leanas:

scriosta

(a)

dálaí tithíochta;

 

(b)

ciorruithe;

 

(c)

saibhriú;

 

(d)

cláir roghnúcháin agus phórúcháin, lena n áirítear aois íosta agus uasta le haghaidh pórúcháin.

 

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na rialacha náisiúnta sin sula nglacfar iad. Tarraingeoidh an Coimisiún aird na mBallstát eile orthu.

 

Leasú 233

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.     Ní cheadófar na bearta dá dtagraítear i mír 2 ach amháin ar choinníoll nach bhfuil siad ar neamhréir leis an Rialachán seo agus nach gcuireann siad isteach ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

scriosta

Leasú 234

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc ná bac ar mhadraí agus cait a choimeádtar i mBallstát eile a chur ar an margadh laistigh dá gcríoch ar na forais nár coimeádadh na madraí agus na cait lena mbaineann i gcomhréir lena rialacha náisiúnta níos déine maidir le leas ainmhithe.

4.   Ní chuirfidh na Ballstáit a bhfuil rialacha náisiúnta níos doichte acu dá dtagraítear i mír 1 toirmeasc ná bac ar mhadraí agus cait a choimeádtar i mBallstát eile a chur ar an margadh laistigh dá gcríoch ar na forais nár coimeádadh na madraí agus na cait lena mbaineann i gcomhréir lena rialacha náisiúnta níos doichte maidir le leas ainmhithe.

Leasú 235

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Ar bhonn na dtuarascálacha a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 20 agus faisnéis ábhartha bhreise, foilseoidh an Coimisiún, faoi [7 mbliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus ina dhiaidh sin gach 5 bliana, tuarascáil faireacháin maidir le leas madraí agus cat a chuirtear ar an margadh san Aontas.

1.   Ar bhonn na dtuarascálacha a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 20 agus faisnéis ábhartha bhreise, foilseoidh an Coimisiún, faoin [7 mbliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus ina dhiaidh sin gach 5 bliana, tuarascáil faireacháin maidir le leas madraí agus cat a chuirtear ar an margadh san Aontas. Déanfar measúnú sa tuarascáil faireacháin ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas, tionchar socheacnamaíoch agus breisluach AE an Rialacháin seo maidir lena chuspóirí a bhaint amach. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid seo a leanas:

Leasú 236

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – pointe a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(a)

a mhéid a rannchuidigh an Rialachán seo le hardleibhéal leasa a áirithiú do mhadraí agus do chait, le hinrianaitheacht a fheabhsú, le trádáil neamhdhleathach a laghdú, agus le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le cleachtais phórúcháin mhídhaonna, lena n-áirítear feirmeacha coileán agus piscíní mar a thugtar orthu;

Leasú 237

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – pointe b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b)

an bhfuil raon feidhme an Rialacháin seo fós oiriúnach dá fheidhm, agus forbairtí sa mhargadh, dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch, agus breithnithe ar leas ainmhithe á gcur san áireamh; agus an bhfuil na heisceachtaí reatha fós iomchuí agus leordhóthanach i bhfianaise na bhforbairtí sin;

Leasú 238

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – pointe c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(c)

an ndearnadh dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch, lena n-áirítear modhanna nua sainaitheantais a fhorbairt, agus a n-iontaofacht theicniúil, a gcostéifeachtacht agus a ionraí agus atá siad don ainmhí á gcur san áireamh;

Leasú 239

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – pointe d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(d)

tionchar an Rialacháin seo ar phóraitheoirí, ionaid dídine, árais altrama agus oibreoirí eile, lena n-áirítear an t-ualach riaracháin agus na costais chomhlíontachta;

Leasú 240

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – pointe e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(e)

an leibhéal forfheidhmiúcháin agus comhlíontachta a bhaineann na Ballstáit amach agus éifeachtacht an chomhair idir údaráis inniúla, lena n-áirítear sásraí malartaithe sonraí agus inrianaitheachta;

Leasú 241

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – pointe f (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(f)

an fhéidearthacht, na costais agus na tairbhí a bhaineann le pas digiteach a thabhairt isteach do mhadraí agus do chait a bhféadfadh faisnéis a bheith ann maidir le sainaithint, stádas vacsaínithe agus stair leighis an ainmhí.

Leasú 242

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 – pointe g (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(g)

an fhéidearthacht, an tionchar agus an comhréireacht a bhaineann le sainaithint éigeantach agus clárúchán éigeantach a leathnú chuig gach madra agus cat, lena n-áirítear iad siúd atá ag úinéirí príobháideacha,

Leasú 243

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Faoin... [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhféidearthacht madraí agus cait a chlárú, i gcomhréir le hAirteagal 21(3), ar theacht isteach san Aontas dóibh, agus cuirfidh sé tuarascáil ar a phríomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

Leasú 244

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    Faoi [ 15 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, lena n áirítear measúnú ar uasaois fhéideartha chun madraí agus cait a phórú, agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar na príomhchinntí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle , do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

2.    Faoin [ 12 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, lena n-áirítear measúnú ar aois uasta fhéideartha chun madraí agus cait a phórú, agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle , Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

Leasú 301

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2 a.     Faoin... [5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

 

(a)

meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo, lena n-áirítear measúnú ar uasaois fhéideartha chun madraí agus cait a phórú;

 

(b)

measúnú a dhéanamh ar staid ainmhithe fáin;

 

(c)

liosta a bhunú de speicis ainmhithe a lamháiltear a choinneáil agus a chur ar an margadh, i gcás inar léirigh measúnú tionchair roimh ré a bhreisluach agus a indéantacht;

 

(d)

measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun ainmhithe eile a áireamh tríd an Rialachán seo a leasú;

 

(e)

measúnú a dhéanamh an féidir modhanna malartacha sainaitheanta a úsáid nach bhfuil chomh hionrach céanna le trasfhreagróir a ionphlandú; agus

 

(f)

tuarascáil maidir le príomhthorthaí phointí (a) go (e) a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

Leasú 245

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo , chomh maith leis na sáruithe sin a eascraíonn as peataí a thréigean, agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Leasú 246

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Áiritheoidh na Ballstáit go léireofar i leibhéal na bpionós airgeadais arna bhforchur i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1), lena mbaineann calaois nó feall, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an buntáiste eacnamaíoch don oibreoir ar a laghad nó, i gcás inarb iomchuí, céatadán de láimhdeachas an oibreora agus go mbeidh sé ard go leor chun éifeacht dhíspreagthach a bheith aige. I gcásanna ina bhfuil na sáruithe ar cheanglais an Rialacháin seo tromchúiseach agus ina ndéantar arís agus arís eile iad, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar leis na pionóis toirmeasc ar oibriú le hainmhithe agus ar úinéireacht ainmhithe.

Leasú 279

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

I bhfianaise an ualaigh riaracháin a chuirtear ar ionaid dídine ainmhithe agus eagraíochtaí atá freagrach as pobail seachráin madraí nó cat a bhainistiú sa bhreis ar na srianta eacnamaíocha atá ann cheana, féadfaidh na Ballstáit féachaint ar na hacmhainneachtaí chun acmhainní arna n-aisghabháil ó sháruithe ar an Rialachán seo a chuíchóiriú chun tacú le costais riaracháin agus oibríochtúla ionaid dídine agus eagraíochtaí atá freagrach as pobail seachráin madraí nó cat a bhainistiú agus chun na costais sin a chumhdach.

Leasú 247

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm aige ó [2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

Beidh feidhm aige ón [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ach amháin:

 

(i)

Airteagal 13 ó 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

 

(ii)

Airteagal 9(2) agus Airteagal 19(1) ó 3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

 

(iii)

Airteagal 12, Airteagal 17(4) agus (6), Airteagal 19(2) agus (2a), agus Airteagal 21(1) go (4a) ó 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

 

(iv)

Airteagal 7a ó 6 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; agus

 

(v)

Airteagal 17(1) go (3) - i gcás madraí ó 3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo - i gcás cat ó 7 mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Leasú 248

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.

Beathú

1.

Beatha agus uisce a thabhairt do na hainmhithe

Leasú 249

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.1.

Cuirfidh an t-oibreoir na minicíochtaí beathaithe a leanas chun feidhme:

1.1.

Beathófar madraí agus cait dhá uair sa lá ar a laghad. Beathófar coileáin agus piscíní ar bhonn níos minice.

 

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais sin maidir le hionaid phórúcháin ina gcoimeádtar madraí cosanta beostoic le linn na dtréimhsí ina n-úsáidtear na madraí sin chun críoch tréadaíochta.

Leasú 250

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

beathófar cait agus madraí fásta dhá uair sa lá;

scriosta

Leasú 252

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

beathófar coileáin faoi bhun 8 seachtaine d'aois 5 huaire sa lá ar a laghad;

scriosta

Leasú 253

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

beathófar piscíní faoi bhun 12 sheachtain d'aois 4 huaire sa lá ar a laghad.

scriosta

Leasú 254

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.2.

Beathófar gach coileán nó piscín nuabheirthe le gruth buí óna madra baineann nó óna gcat baineann le linn na chéad dá lá dá saol .

1.2.

Beathófar gach coileán nó piscín le gruth buí le linn na chéad 2 lá dá shaol ar a laghad, agus ina dhiaidh sin le bainne óna mháthair nó ó mhadra baineann nó cat baineann atá ag tál. Mura féidir é sin a dhéanamh, toisc go bhfuil sé tinn nó nach bhfuil sé in ann a sliocht a bheathú ar shlí eile, nó mura leor é, beathófar an coileán nó an piscín le bainne púdrach arna dhéanamh le haghaidh coileán agus piscíní, a mhinice is a ordóidh táirgeoir an bhainne phúdraigh nó tréidlia.

Leasú 255

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.3.

Má tá an madra baineann nó an cat baineann tinn nó mura bhfuil sí in ann a sliocht a bheathú ar shlí eile, soláthróidh an t-oibreoir bainne ó mhadraí baineann agus ó chait bhaineanna eile ag an ngabháltas céanna chomh maith le foirmlí bainne forlíontacha atá saincheaptha le haghaidh coileán agus piscíní leis an minicíocht bheathaithe mar a threoraíonn táirgeoir na foirmle nó tréidlia, go dtí go mbíonn an scoitheadh tagtha chun críche.

scriosta

Leasú 256

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.4.

Áiritheoidh an t-oibreoir go bhfuil dóthain bainne á fháil ag gach coileán agus piscín nár baineadh fós den diúl chun meáchan coirp a mhéadú ar bhonn seasta.

1.4.

Déanfar gach coileán agus piscín nár baineadh fós den diúl a bheathú go leordhóthanach le bainne , bainne púdrach nó meascán díobh, chun meáchan coirp a mhéadú ar bhonn seasta.

Leasú 257

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 2 – pointe 2.1 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

10 go 26°C sna limistéir faoi dhíon ina gcoimeádtar madraí fásta;

scriosta

Leasú 258

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 2 – pointe 2.1 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

15 go 26°C sna limistéir faoi dhíon ina gcoimeádtar cait fhásta;

scriosta

Leasú 259

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 2 – pointe 2.2 – pointe 2.2.1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.2.1.

I gcás inarb infheidhme, soláthrófar soilsiú saorga ar feadh tréimhse is comhionann ar a laghad leis an tréimhse solais nádúrtha a bhíonn ar fáil de ghnáth idir 9 a.m. agus 5 p.m .

2.2.1.

Nochtfar madraí agus cait do sholas go ceann 7 n-uair an chloig ar a laghad in aghaidh an lae .

Leasú 260

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 2 – pointe 2.2 – pointe 2.2.2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.2.2.

Beidh solas saorga ina speictream leathan nó ina speictream iomlán.

2.2.2.

Beidh solas saorga ina speictream leathan nó ina speictream iomlán lena ngabhfaidh minicíocht 80 Heirts ar a laghad .

Leasú 261

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 2 – pointe 2.2 – pointe 2.2.3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.2.3.

Beidh an soilseas 50 lux ar a laghad ag airde chinn ainmhí.

scriosta

Leasú 262

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 2 – pointe 2.2 – pointe 2.2.4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.2.4.

Beidh an deis ag ainmhithe fanacht sa dorchadas ar feadh 8 n-uaire an chloig ar a laghad in aghaidh an lae.

2.2.4.

Beidh an deis ag madraí agus cait a bheith ar díth soilse saorga go ceann 8 n-uair an chloig ar a laghad in aghaidh an lae.

Leasú 263

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 2 – pointe 2.2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2.2a.

Beidh rochtain laethúil ag madraí ar spás amuigh faoin aer nó tabharfar amach ag siúl go laethúil iad, ar feadh uair an chloig ar a laghad in aghaidh an lae ar an iomlán, ionas gur féidir leo aclaíocht a dhéanamh, féach thart orthu agus sóisialú.

Leasú 264

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 2 – pointe 2.3 – pointe 2.3.3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.3.3.

Má tá níos mó ná madra nó cat amháin in aon chró amháin, ní mór d'oibreoirí a áirithiú trí bhearta sonracha a dhéanamh (e.g. painéil dheighilte) nach bhfuil na hainmhithe sin ina mbagairt ar a chéile mar gheall ar iompar ionsaitheach.

2.3.3.

Má tá níos mó ná madra nó cat amháin in aon chró amháin, ní mór d'oibreoirí a áirithiú trí bhearta sonracha a dhéanamh (e.g. painéil dheighilte) nach bhfuil na hainmhithe sin ina mbagairt ar a chéile mar gheall ar iompar ionsaitheach.

 

Féadfaidh na Ballstáit maoluithe a dheonú ar na híoscheanglais maidir le liúntas spáis a leagtar amach i bpointe 2.3.1 le haghaidh madraí fiaigh a bhfuil taithí acu cónaí mar chonairt.

Leasú 265

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 3 – pointe 3.2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.2.

phóraítear cait bhaineanna ach amháin má tá siad 18 mí d'aois ar a laghad ;

3.2.

phórófar madraí baineanna ach ón dara héastras ;

Leasú 266

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 3 – pointe 3.3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.3.

Ceadóidh oibreoirí suas le 3 hál in aghaidh an mhadra bhaininn nó in aghaidh an chait bhaininn laistigh de thréimhse 2 bhliain.

3.3.

Ní dhéanfaidh madra baineann ná cat baineann níos mó ná 3 ál a bhreith laistigh de thréimhse 2 bhliain.

Leasú 267

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 3 – pointe 3.4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.4.

Tar éis 3 thoircheas as a chéile a raibh ál mar thoradh orthu ag madra nó ag cat baineann laistigh de thréimhse 2 bhliain, áiritheoidh oibreoirí tréimhse téarnaimh trí thoircheas an mhadra bhaininn nó an chait bhaininn a chosc ar feadh tréimhse 1 bhliain ar a laghad.

3.4.

I gcás madraí baineanna agus cait bhaineanna a bhfuil 3 ál beirthe acu, lena n-áirítear slincíní, laistigh de thréimhse 2 bhliain, beidh tréimhse téarnaimh 1 bhliain amháin ar a laghad ann .

Leasú 268

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 3 – pointe 3.4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3.4 a.

Aon mhadra baineann nó cat baineann a bhfuil dhá ghearradh chaesaracha déanta orthu, ní úsáidfear a thuilleadh chun pórúcháin iad.

Leasú 269

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 3 – pointe 3.4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3.4 b.

Sula ndéanfar aon mhadra baineann atá 8 mbliana d’aois nó níos mó agus aon chat baineann atá 6 bliana d’aois nó níos mó a úsáid chun pórúcháin, ní mór scrúdú fisiceach a bheith déanta air ag tréidlia a dheimhneoidh i scríbhinn gurb amhlaidh, tráth an scrúdaithe, nach raibh aon phaiteolaíocht ann a d’fhéadfadh cosc a chur ar an toircheas. Coinneoidh an t-oibreoir an deimhniú i scríbhinn dá dtagraítear go ceann tréimhse 3 bliana ar a laghad.

Leasú 270

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 4 – pointe 4.1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

limistéir ina gcoimeádtar cait agus madraí feistithe le struchtúir agus míreanna saibhrithe atá inrochtana do gach ainmhí, a sholáthraíonn timpeallacht spreagúil, agus a laghdaíonn frustrachas ainmhithe;

(c)

go bhfuil limistéir ina gcoimeádtar cait agus madraí feistithe le struchtúir agus míreanna saibhrithe atá inrochtana do gach ainmhí, lena gcuirtear timpeallacht spreagúil ar fáil , agus más féidir, le struchtúir chun dreapadh agus chun dul i bhfolach, lena laghdaítear frustrachas ainmhithe;

Leasú 271

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Comhlíonfaidh trasfhreagróirí a úsáidtear chun cat agus madraí a mharcáil mar a cheanglaítear in Airteagal 16 na ceanglais seo a leanas:

Comhlíonfaidh trasfhreagróirí a úsáidtear chun madraí agus cait a shainaithint go haonarach mar a cheanglaítear in Airteagail 17 agus 21 na ceanglais seo a leanas:

Leasú 272

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.

Líon na madraí agus na gcat a gcuirtear micrishlis iontu in aghaidh na bliana mar a thagraítear dó in Airteagal 17;

1.

Líon na madraí agus na gcat arna gclárú in aghaidh na bliana amhail dá dtagraítear in Airteagal 17 agus in Airteagal 21(4) ;

Leasú 273

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.

Líon na mbunaíochtaí arna gclárú in aghaidh na bliana i gcomhréir le hAirteagal 7;

Leasú 274

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.

Líon na n-ionad pórúcháin a formheasadh in aghaidh na bliana dá dtagraítear in Airteagal 16 .

2.

Líon na n-ionad pórúcháin arna bhformheas in aghaidh na bliana amhail dá dtagraítear in Airteagal 7a .

Leasú 275

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.

Líon na n-ionad pórúcháin agus na mbunaíochtaí díola ar cuireadh a bhformheas ar fionraí nó ar tarraingíodh siar é in aghaidh na bliana.


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 60(4), an ceathrú fomhír (A10-0104/2025).

(4)  Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).

(4)  Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).

(11)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad teacht isteach, IO L 174, 3.6.2020, lch. 379.

(11)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad teacht isteach, IO L 174, 3.6.2020, lch. 379.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6280/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top