Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AP0099

P10_TA(2025)0099 — Astaíochtaí CO2 ag monaróirí a ríomh i gcás gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua le haghaidh 2025 go 2027 — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Bealtaine 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 chun solúbthacht bhreise a áireamh a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gcaighdeán feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 ag monaróirí a ríomh i gcás gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua le haghaidh na mblianta féilire 2025 go 2027 (COM(2025)0136 – C10-0062/2025 – 2025/0070(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

IO C, C/2026/596, 24.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/596/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/596/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/596

24.2.2026

P10_TA(2025)0099

Astaíochtaí CO2 ag monaróirí a ríomh i gcás gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua le haghaidh 2025 go 2027

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Bealtaine 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 chun solúbthacht bhreise a áireamh a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gcaighdeán feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 ag monaróirí a ríomh i gcás gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua le haghaidh na mblianta féilire 2025 go 2027 (COM(2025)0136 – C10-0062/2025 – 2025/0070(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2026/596)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0136),

ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 114 agus d’Airteagal 168(4), pointe (b), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10-0062/2025),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 29 Aibreán 2025  (1),

tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

ag féachaint do Rialacha 60 agus 170 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


P10_TC1-COD(2025)0070

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Bealtaine 2025 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 chun solúbthacht bhreise a áireamh a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gcaighdeán feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 ag monaróirí a ríomh i gcás gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua le haghaidh na mblianta féilire 2025 go 2027

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/1214.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/596/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top