Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0275

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – CED/2024/001 BE/Match Smatch

COM/2024/275 final

An Bhruiséil,16.9.2024

COM(2024) 275 final

2024/0226(BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – CED/2024/001 BE/Match‑Smatch


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

1.Leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) i Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 1 .

2.An 3 Meitheamh 2024 chuir an Bheilg isteach iarratas CED/2024/001 BE/MatchSmatch ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, tar éis na niomarcaíochtaí a rinneadh in ollmhargaí MatchSmatch (Match SA. agus Profi SA.) sa Bheilg.

3.Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, tháinig sé ar an gconclúid, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme de Rialachán (AE) 2021/691, go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a dhámhachtain.

ACHOIMRE AR AN IARRATAS

Iarratas ar CED

CED/2024/001 BE/Match‑Smatch

Ballstát

An Bheilg

An réigiún/na réigiúin lena mbaineann (leibhéal NUTS 2 2)

Cúige Hainaut (BE32),

Cúige Liège (BE33), agus
Cúige Namur (BE35)

An dáta a cuireadh an t‑iarratas isteach

3 Meitheamh 2024

An dáta a admhaíodh go bhfuarthas an t‑iarratas

3 Meitheamh 2024

An dáta a iarradh faisnéis bhreise

17 Meitheamh 2024

An spriocdháta leis an bhfaisnéis bhreise a sholáthar

8 Iúil 2024

An spriocdháta leis an measúnú a chur i gcrích

17 Meán Fómhair 2024

An critéar idirghabhála

Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691


An príomhfhiontar

Match‑Smatch


An líon fiontar lena mbaineann

1

An earnáil/na hearnálacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch

(Rannán NACE Athbhreithniú 2) 3

Rannán 47 (An trádáil mhiondíola, cé is moite de mhótarfheithiclí agus gluaisrothair)

An tréimhse thagartha (4 mhí):

11 Nollaig 2023 – 11 Aibreán 2024

An líon iomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha (a)

444

An líon iomarcaíochtaí roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh (b)

69

An líon iomlán iomarcaíochtaí (a + b)

513

An líon iomlán tairbhithe incháilithe

513

An líon iomlán tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

365

An buiséad i gcomhair seirbhísí pearsantaithe (EUR)

3 009 752

An buiséad chun CED 4 a chur chun feidhme (EUR)

121 500

Buiséad iomlán (EUR)

3 131 252

Ranníocaíocht ó CED (85 %) (EUR)

2 661 564

MEASÚNÚ AR AN IARRATAS

Nós imeachta

4.An 3 Meitheamh 2024 chuir an Bheilg iarratas CED/2024/001 BE/MatchSmatch isteach laistigh de 12 sheachtain ón dáta a comhlíonadh na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691. D’admhaigh an Coimisiún go bhfuarthas an tiarratas an dáta céanna, agus an 17 Meitheamh 2024 d’iarr sé faisnéis bhreise ar an mBeilg. Soláthraíodh an fhaisnéis bhreise sin laistigh de 15 lá oibre ón tráth a iarradh í. An sprioc-am 50 lá oibre ón tráth a fuarthas an tiarratas comhlánaithe, tréimhse ar lena linn ba cheart don Choimisiún a mheasúnú ar an iarratas a thabhairt chun críche i dtaca le comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar, rachaidh sé in éag an 17 Meán Fómhair 2024.

Incháilitheacht an iarratais

Na fiontair agus na tairbhithe lena mbaineann

5.Baineann an tiarratas le 513 oibrí iomarcach ar cuireadh deireadh lena ngníomhaíocht in MatchSmatch4. Oibríonn an fiontar sin san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi rannán 47 de NACE Athbhreithniú 2 (an trádáil mhiondíola, cé is moite de mhótarfheithiclí agus gluaisrothair). Tá na hiomarcaíochtaí lonnaithe den chuid is mó i réigiúin NUTS 2 de Chúige Hainaut (BE32), Cúige Liège (BE33), agus Cúige Namur (BE35).

Critéir idirghabhála

6.Chuir an Bheilg an tiarratas isteach faoi na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691, lena gceanglaítear scor na gníomhaíochta i gcás 200 oibrí iomarcach ar a laghad le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát, lena náirítear oibrithe a cuireadh chun bealaigh i soláthraithe agus i dtáirgeoirí iartheachtacha agus/nó daoine féinfhostaithe ar cuireadh deireadh lena ngníomhaíocht.

7.Maireann an tréimhse thagartha de 4 mhí le haghaidh an iarratais ón 11 Nollaig 2023 go dtí an 11 Aibreán 2024.

8.Bhí 444 oibrí iomarcacha in MatchSmatch le linn na tréimhse tagartha.

Iomarcaíochtaí agus scor na gníomhaíochta a ríomh

9.De bhun Airteagal 6, an chéad mhír, pointe (a), i gcomhar le Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 5, an chéad mhír, pointe (c), ríomhadh scor ghníomhaíochtaí na noibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha ó dháta foirceanta de facto an chonartha fostaíochta nó ó dháta a éaga.

Tairbhithe incháilithe

10.Sa bhreis ar na hoibrithe a ndearnadh tagairt dóibh cheana, áirítear leis na tairbhithe incháilithe 69 noibrí iomarcacha ar cuireadh deireadh lena ngníomhaíocht roimh an tréimhse thagartha 4 mhí nó tar éis sin. Chuir na hoibrithe sin uile deireadh lena ngníomhaíocht laistigh de 6 mhí roimh thús na tréimhse tagartha agus/nó idir deireadh na tréimhse tagartha agus an lá roimh ghlacadh an togra seo, de bhun Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 6, an chéad fhomhír, pointe (b), mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 6, an dara fomhír. Is féidir nasc cúisíoch soiléir a dhéanamh leis an teagmhas lenar tionscnaíodh scor gníomhaíochta na noibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 6, an dara fomhír.

11.Is é 513 dhuine an líon iomlán tairbhithe incháilithe.

Tuairisc ar na teagmhais as ar eascair na hiomarcaíochtaí agus scor na gníomhaíochta

12.Bhí staid eacnamaíoch dheacair os comhair MatchSmatch le roinnt blianta. In 2019, dúnadh 15 shiopa agus bhí 140 iomarcaíocht ann mar thoradh ar an gcéad athstruchtúrú. In 2020, tháinig méadú géar ar láimhdeachas MatchSmatch de dhroim phaindéim COVID19, agus san earnáil bia miondíola i gcoitinne chomh maith, de dheasca dhúnadh na hearnála fáilteachais, na deifre a bhí ann bia a cheannach, etc. Mar thoradh ar an staid eisceachtúil sin, bhí MatchSmatch in ann glantoradh dearfach EUR 3,6 milliún a fháil. Mar sin féin, de réir mar a bhí an staid sláinte ag dul ar ais mar a bhí, thuairiscigh MatchSmatch caillteanais EUR 11,9 milliún arís in 2021 5 .

13.Seoladh plean gníomhaíochta i mí Eanáir 2022 chun srian a chur le caillteanais agus chun an fiontar a chur ar ais ar bhealach na cothromaíochta airgeadais. Mar sin féin, rinne an ghéarchéim fuinnimh agus bhoilscithe dochar mór don trádáil bia. Mar thoradh air sin, theip ar an bplean gníomhaíochta agus shroich an toll-luach oibriúcháin caillteanas stairiúil EUR 36,5 milliún in 2022, agus b’éigean 9 siopa a dhúnadh.

14.Ar an iomlán, thaifead earnáil miondíola bia na Beilge laghdú nach beag ar na méideanna a díoladh in 2023. Tá méadú ar an tsiopadóireacht trasteorann agus ar an ríomhthráchtáil mar chuid den mhíniú. De réir Comeos, comhlachas tráchtála agus seirbhísí na Beilge, tháinig méadú beagnach 70 % ar cheannacháin teorann sa Fhrainc in R1 2023, i gcomparáid le R1 2022 6 .

15.Chun carnadh breise caillteanas a chosc, ghlac MatchSmatch le tairiscint Colruyt Group 57 gcinn de na 84 shiopa a fháil, agus foireann na siopaí (1 069 nduine) a thógáil ar láimh uaidh freisin. Chuaigh ocht siopa breise chuig Carrefour, Delhaize, Intermarché agus Delfood.

16.Na 339 bhfostaí sna 19 siopa nach bhféadfaí aon cheannaitheoir a fháil dóibh, chomh maith leis na 174 fhostaí i gceanncheathrú MatchSmatch, bhí siad faoi réir nós imeachta comhchoiteann iomarcaíochta.

An tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, sin agus ar an bhfostaíocht

17.Baineann iomarcaíochtaí MatchSmatch leis an mBeilg trí chéile. Mar sin féin, athraíonn tionchar críochach na niomarcaíochtaí de dhroim na ndifríochtaí idir margaí saothair Fhlóndras agus na Vallúine, agus ós rud é go bhfuil níos mó ná 70 % de na daoine a leagadh as a bpost comhchruinnithe sa Vallúin.

18.In 2023, d’fhan an ráta dífhostaíochta le haghaidh na Beilge ina hiomláine ag 5,5 %, is é sin an leibhéal céanna a bhí ann in 2022. Ar an leibhéal réigiúnach, tháinig méadú ar an dífhostaíocht ó 3,2 % go 3,4 % i bhFlóndras agus tháinig laghdú uirthi ó 8,4 % go 8,2 % sa Vallúin. Mar sin féin, tá an difríocht de thart ar 5 phointe céatadáin sa ráta dífhostaíochta ann go fóill 7 .

19.Sa ráithe dheiridh de 2023, ba é 77,0 % 8 an ráta fostaíochta i bhFlóndras, 1,5 pointe céatadáin os cionn mheán an Aontais (75,5 % 9 ) dá bhrí sin, agus bhí an ráta fostaíochta sa Vallúin (66,7 %) 10,3 pointe céatadáin níos ísle ná mar a bhí i bhFlóndras, agus thart ar 9 bpointe céatadáin níos ísle ná meán an Aontais 10 .

20.Is mó na bacainní a bhíonn roimh oibrithe scothaosta chun fostaíocht a aimsiú. Sa ráithe dheiridh de 2023, bhí difríocht 18,3 pointe céatadáin idir an ráta dífhostaíochta don aoisghrúpa 20-54 (76,8 %) agus an ráta dífhostaíochta don aoisghrúpa 55+ (58,5 %) ar an leibhéal náisiúnta 11 . I margadh saothair na Vallúine, 25 % den líon iomlán cuardaitheoirí poist i mí an Mhárta 2024, ba chuardaitheoirí poist cláraithe iad a bhí 50 bliain d’aois nó níos sine 12 . Tá thart ar leath de na hoibrithe iomarcacha MatchSmatch (46 %) 50 bliain d’aois nó níos sine.

21.Is airgeadóirí agus oibrithe trádstórais a bhíonn i lucht oibre MatchSmatch go bunúsach. Chuir an ghéarchéim eacnamaíoch arb í paindéim COVID19 ba chúis léi dlús leis an éileamh ar oibrithe níos cáilithe i margadh saothair na Beilge 13 , rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra d’iar-oibrithe MatchSmatch athimeascadh san fhostaíocht.

22.Rinne an Bheilg iarratas ar chómhaoiniú CED chun tacú le hiar-oibrithe MatchSmatch a bhfuil cónaí orthu sa Vallúin, agus chun na críche sin amháin. Measann údaráis réigiúnacha Fhlóndras nach gá an tacaíocht atá ar fáil d’iar-oibrithe MatchSmatch a bhfuil cónaí orthu i bhFlóndras a bhreisiú le cómhaoiniú de chuid an Aontais ó CED, i bhfianaise na staide maidir leis an margadh saothair réigiúnach.

Cur i bhfeidhm Chreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh maidir le hathrú agus athstruchtúrú a réamhthuar (QFR)

23.Thug an Bheilg tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh na moltaí a leagtar amach i gCreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh maidir le hathrú agus athstruchtúrú a réamhthuar: 14 .

24.Chomhlíon MatchSmatch dlí na Beilge maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna, lena mbunaítear nós imeachta éigeantach maidir le hionadaithe na noibrithe a chur ar an eolas agus maidir le dul i gcomhairle leo. Leis an nós imeachta is féidir féachaint an bhféadfaí iomarcaíochtaí a sheachaint nó an líon iomarcaíochtaí a laghdú. Féachann sé freisin leis na hiarmhairtí a bhaineann le cailliúint post a mhaolú trí bhearta sóisialta comhlántacha, amhail tacaíocht chun oibrithe iomarcacha a athimlonnú a chur faoi oiliúint arís. De thairbhe na caibidlíochta, bhíothas in ann buiséad sonrach EUR 533 500 a fháil chun costais athoiliúna a chumhdach.

25.Thuairiscigh an Bheilg go ndéantar, faoin dlí saothair náisiúnta 15 maidir le bainistiú gníomhach athstruchtúrúcháin, é a chur de cheangal ar fhiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh acu aonad fostaíochta (cellule pour l’emploi) 16 a bhunú, arb é is cuspóir dó 30 uair an chloig de sheirbhísí socrúcháin sheachtraigh a sholáthar d’oibrithe a leagadh as a bpost i gcomhthéacs iomarcaíochtaí comhchoiteanna i dtréimhse 3 mhí (60 uair an chloig i gcaitheamh 6 mhí i gcás oibrithe 45 bliana d’aois nó níos sine).

26.Déantar foráil i reachtaíocht réigiúnach na Vallúine 17 maidir le tacaíocht shonrach d’oibrithe iomarcacha, i bhfoirm aonad athimlonnaithe (cellule de reconversion) 18 ón tSeirbhís Réigiúnach Fostaíochta Poiblí agus Gairmoiliúna (Le Forem), arna iarraidh sin d’eagraíochtaí ionadaíocha na noibrithe. Níl aon oibleagáid ar an bhfostóir ná ar Le Forem maidir leis an aonad athimlonnaithe. Is trí aonad athimlonnaithe den sórt sin a dhéanfar bainistiú ar chur chun feidhme na mbeart atá cómhaoinithe ag CED.

27.Thuairiscigh an Bheilg gur bunaíodh an taonad athimlonnaithe an 1 Eanáir 2024, go gairid tar éis na chéad iomarcaíochtaí.

Comhlántacht maidir le gníomhaíochtaí a chistítear le cistí náisiúnta nó cistí an Aontais

28.Maidir leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu thíos agus a fhaigheann ranníocaíocht airgeadais ó CED, dheimhnigh an Bheilg nach bhfaighidís ranníocaíochtaí airgeadais ó ionstraimí airgeadais eile an Aontais.

29.Leis an bpacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe, comhlánaítear gníomhaíochtaí arna gcistiú ag cistí náisiúnta eile nó cistí eile de chuid an Aontais (féach na seirbhísí socrúcháin sheachtraigh a bhfuil tuairisc orthu i mír 25).

Nósanna imeachta maidir le dul i gcomhairle leis na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú nó lena nionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta chomh maith le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha

30.Chuir an Bheilg in iúl gur tarraingíodh suas an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, lena nionadaithe agus lena gcomhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2021/691.

31.Agus é d’aidhm ag Le Forem, ceardchumainn (FGTB 19 agus CSC 20 ) agus comhpháirtithe eile pacáiste fónta de bhearta saincheaptha a ullmhú chun tacú le hiarrachtaí oibrithe MatchSmatch filleadh ar an obair, tháinig siad le chéile an 17 Eanáir, an 5 Feabhra agus an 19 Márta 2024, chun tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais athoiliúna na noibrithe. Chuathas i gcomhairle freisin leis na comhairleoirí sóisialta a thug cuidiú do na hoibrithe tar éis a ndífhostaithe. Is é an toradh a bhí ar na cruinnithe sin pacáiste comhordaithe de bhearta CED a chomhlíonann Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2021/691.

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú agus na bearta atá beartaithe

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

32.Meastar gur 365 an líon oibrithe iomarcacha a ghlacfaidh páirt sna bearta. De bhun Airteagal 8(7), pointe (f) de Rialachán (AE) 2021/691, is é seo a leanas miondealú na noibrithe sin de réir inscne, aoisghrúpa agus leibhéil oideachais:

Catagóir

An líon
tairbhithe a bhfuil coinne leo

Inscne:

Fir:

238

(65,2 %)

Mná:

127

(34,8 %)

Neamh‑dhénártha

0

(0,0 %)

Aoisghrúpa:

Faoi bhun 30 bliain:

28

(7,7 %)

30-54 bliana:

222

(60,8 %)

Os cionn 54 bliana:

115

(31,5 %)

Leibhéal oideachais

Oideachas meánscoile sóisearach nó níos lú 21  

110

(30,1 %)

Oideachas meánscoile sinsearach 22 nó oideachas iar-mheánscoile 23

192

(52,6 %)

Oideachas treasach 24

63

(17,3 %)

Bearta atá beartaithe

33.De bhun Airteagal 8(7), pointe 8(7), de Rialachán (AE) 2021/691, is iad na bearta seo a leanas atá sa phacáiste comhordaithe pearsanaithe atá le soláthar d’oibrithe iomarcacha:

Seirbhísí faisnéise, treoir ghairme agus cúnamh i socrúchán seachtrach: Leis an tsraith seirbhísí seo, leathnaítear na gníomhaíochtaí caighdeánacha a thacaíonn le hiar-oibrithe MatchSmatch agus a rinne aonad fostaíochta Le Forem thar ceann an fhiontair atá ag dífhostú. Cuirfear síneadh leis an tairiscint chaighdeánach thar an tréimhse éigeantach agus molfar seirbhísí sonracha breise amhail seirbhísí cóitseála aonair, seirbhísí gníomhacha cuardaigh poist agus seirbhísí meaitseála poist.

Oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint: Beidh rochtain ag oibrithe ar thairiscint chaighdeánach oiliúna Le Forem agus a chomhpháirtithe. Ina theannta sin, tar éis tionscadail aonair a phróifíliú agus a chomhaontú leis an gcomhairleoir gairme, cuirfear oiliúint shonrach arna cómhaoiniú ag CED ar fáil chun freastal ar riachtanais na noibrithe a sainaithníodh.

Tacaíocht chun gnólacht a chruthú: Tá an beart dírithe ar oibrithe ar mian leo a ngnó féin a chur ar bun. Áireofar leis céim diagnóise agus treorach, gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir leis an bhfiontraíocht, seisiúin eolais ar an bhféidearthacht atá ann gnólacht a chur ar bun trí dhiagnóisiú eacnamaíoch críochach agus líonrú a dhéanamh le fiontraithe ábhartha agus le cóistí cáilithe tionscnaimh.

Ranníocaíocht chun gnólacht a chruthú: Na hoibrithe a thosaíonn gnólacht nó gníomhaíocht mar dhaoine féinfhostaithe, gheobhaidh siad ranníocaíocht suas le EUR 15 000. Íocfar an ranníocaíocht in dhá thráthchuid, ar bhonn fianaise ag tús agus le linn fhorbairt na gníomhaíochta gnó (doiciméid tacaíochta).

Dreasachtaí agus liúntais: (1) Liúntais um chuardach poist agus liúntais oiliúna. Gheobhaidh na hoibrithe EUR 2 in aghaidh gach uaire a chaitheann siad faoi oiliúint éifeachtach nó ag gabháil do ghníomhaíochtaí um chuardach poist. (2) Bónas maidir le feabhas a chur ar scileanna TF. Na hoibrithe a dhéanann an modúl maidir le rochtain ar neamhspleáchas digiteach agus a mhodúl comhlántach araon, gheobhaidh siad cnapshuim EUR 700 ar choinníoll go nglacfaidh siad páirt ghníomhach ann agus go gcríochnóidh siad an oiliúint. Is é is aidhm don bhónas an neamhlitearthacht dhigiteach a laghdú trí oibrithe a spreagadh chun feabhas a chur ar a scileanna TF. (3) Bónas maidir le feabhas a chur ar scileanna teanga. Na hoibrithe a dhéanann oiliúint teanga chun feabhas a chur ar a scileanna Ollainnise, Béarla nó Gearmáinise mar chuid de chuardach poist ar leith, rud a chuirfidh ar a gcumas leibhéal níos airde den Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha a bhaint amach, gheobhaidh siad cnapshuim EUR 700. Is amhlaidh atá i gcás na noibrithe nach í an Fhraincis a dteanga dhúchais, agus a chuireann feabhas ar a scileanna Fraincise chun leibhéal níos airde a bhaint amach. Is é is cuspóir don bhónas sin forbairt scileanna trasdisciplíneacha teanga a spreagadh chun athimeascadh oibrithe sa mhargadh fostaíochta a éascú. (4) Liúntas chun dul ar ais ar scoil. Deonófar liúntas míosúil EUR 350 d’oibrithe a thabharfaidh faoi staidéir lánaimseartha mheánscoile agus threasacha, nó faoi oiliúint cháilitheach, gan beann ar a naois. (5) Liúntas chun gnólacht a chruthú. Chun tacú leis na hoibrithe agus iad ag bunú a ngnólachta, deonófar liúntas míosúil EUR 350 dóibh ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí 25 . (6) Dreasachtaí fruilithe. Na fiontair a earcaíonn iar-oibrithe MatchSmatch atá 50 bliain d’aois nó níos sine, gheobhaidh siad EUR 10 000 le haghaidh conarthaí buana lánaimseartha nó conarthaí ar théarma seasta suas le 6 mhí agus conarthaí buana ina dhiaidh sin.

34.An oiliúint chun neamhspleáchas digiteach a fháil a luaitear thuas a chomhlánaíonn oiliúint chaighdeánach Le Forem maidir le scileanna digiteacha a fhorbairt, mar aon le modúl ar an ngeilleagar ciorclach agus úsáid éifeachtúil acmhainní, tá sí i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2021/691. Beidh an modúl maidir leis an ngeilleagar ciorclach agus úsáid éifeachtúil acmhainní a forbraíodh le haghaidh iar-oibrithe Swissport (CED/2020/005 BE) 26 anois ina chuid de thairiscint chaighdeánach oiliúna Le Forem arna cómhaoiniú ag CSE+. Dá bhrí sin, ní dhéantar foráil bhuiséadach maidir leis sa togra seo. Comhlánaítear modúl an gheilleagair chiorclaigh le modúl maidir leis an ngeilleagar sóisialta a forbraíodh freisin faoi chuimsiú cás CED 27 .

35.Maidir leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe, a bhfuil tuairisc orthu anseo, is bearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair iad atá laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/691. Ní chuirfear na gníomhaíochtaí sin in ionad bearta éighníomhacha cosanta sóisialta.

36.Tá sé curtha in iúl ag an mBeilg gur cuireadh tús leis an 30/60 uair an chloig de sheirbhísí socrúcháin sheachtraigh díreach tar éis an díláithrithe, seirbhísí atá ina noibleagáid dhlíthiúil don fhostóir. Tháinig an taonad athimlonnaithe arna chómhaoiniú ag CED i bhfeidhm tar éis dheireadh na hoibleagáide dlíthiúla gan aon bhearna ama.

37.Sholáthair an Bheilg an fhaisnéis a theastaíonn maidir le bearta atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. I gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2021/691, dheimhnigh an Bheilg nach gcuirfear ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na mbeart sin.

Buiséad measta

38.Is é EUR 3 131 252 luach na gcostas measta ina niomláine, costais a chuimsíonn caiteachas EUR 3 009 752 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 121 500 ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe.

39.Is é EUR 2 661 564 (85 % de na costais iomlána) an ranníocaíocht airgeadais iomlán a iarradh ó CED.

40.De bhun Airteagal 8(7), pointe (m) de Rialachán (AE) 2021/691, shonraigh an Bheilg gurb í Cúige na Vallúine a sholáthraíonn an réamhmhaoiniú agus an comhchistiú náisiúnta.

Bearta

An líon measta rannpháirtithe

An costas measta in aghaidh an rannpháirtí 
(EUR) 28

Costais mheasta iomlána

(EUR) 29  

Seirbhísí pearsantaithe (bearta faoi Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691)

Seirbhísí faisnéise, treoir ghairme agus cúnamh i socrúchán seachtrach
(
Reconversion: accompagnement/orientation/mobilisation)

365

5 279

1 926 807

Oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint (Formation)

150

208

31 200

Tacaíocht chun gnólacht a chur ar bun
(
Dispositif d’accompagnement à l'entrepreneuriat)

45

3 594

161 727

Ranníocaíocht chun gnólacht a chruthú
(
Bourse de lancement)

12

10 000

120 000

Fo-iomlán (a):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe

2 239 734

(74,42 %)

Liúntais agus dreasachtaí (bearta faoi Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/691)

Dreasachtaí agus liúntais
(
Allocation de recherche d’emploi et de formation, prime numérique, prime langue, allocation de reprise d’études, allocation d’entrepreneuriat et subvention 50+) 

365

2 110

770 018

Fo-iomlán (b):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe:

770 018

(25,58 %)

Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2021/691

1. Gníomhaíochtaí ullmhúcháin

78 400

2. Bainistíocht

13 000

3. Faisnéis agus poiblíocht

5 000

4. Rialú agus tuairisciú

25 100

Fo-iomlán (c):

An céatadán de na costais iomlána:

121 500

(3,88 %)

Costais iomlána (a + b + c):

3 131 252

Ranníocaíocht CED (85 % de na costais iomlána)

2 661 564

41.Costais na mbeart a shainaithnítear sa tábla thuas mar bhearta faoi Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/691, ní mó iad ná 35 % de na costais iomlána don phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe. Dheimhnigh an Bheilg go bhfuil na bearta sin ag brath ar rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cuardach poist nó le hoiliúint.

42.I gcomhréir le hAirteagal 7(2), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/691, dheimhnigh an Bheilg nach mbeidh costais na ninfheistíochtaí le haghaidh féinfhostaíocht, gnólachtaí nuathionscanta agus táthcheangail ó fhostaithe níos mó ná EUR 22 000 in aghaidh an tairbhí.

Tréimhse incháilitheachta caiteachais

43.An 1 Eanáir 2024 thosaigh an Bheilg ar na seirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu. Dá bhrí sin, an caiteachas ar na bearta, is caiteachas é a bheidh incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Eanáir 2024 go dtí 24 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an Cinneadh Maoiniúcháin i bhfeidhm.

44.An 22 Meán Fómhair 2023, thosaigh an Bheilg ar an gcaiteachas riaracháin a thabhú chun CED a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, an caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe, beidh sé incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 22 Meán Fómhair 2023 go dtí 31 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an Cinneadh Maoiniúcháin i bhfeidhm.

Córais bhainistíochta agus rialaithe

45.Déantar tuairisc san iarratas ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe a cheanglaítear faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2021/691, lena sonraítear freagrachtaí na gcomhlachtaí lena mbaineann. Thug an Bheilg fógra don Choimisiún gurb iad na comhlachtaí sin a bhainistíonn agus a rialaíonn CSE+ a bhainisteoidh agus a rialóidh an ranníocaíocht airgeadais.

Na gealltanais a thug an Ballstát lena mbaineann

46.Rinne an Bheilg na dearbhuithe uile a bhfuil gá leo a chur ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas:

urramófar na prionsabail um chóir chomhionann agus neamh‑idirdhealú sa rochtain ar na bearta atá beartaithe agus i gcur chun feidhme na mbeart sin,

comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna,

beidh cosc ar aon mhaoiniú dúbailte,

cloífidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED le rialacha nós imeachta agus rialacha ábhartha an Aontais maidir le Státchabhair.

IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Togra buiséadach

47.Ní rachaidh CED os cionn uasmhéid bliantúil de EUR 30 milliún (praghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 30 , arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 31 .

48.Tar éis don Choimisiún an tiarratas a scrúdú maidir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/691, agus tar éis dó an líon tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, na bearta atá beartaithe agus na costais mheasta a chur san áireamh, tá sé beartaithe aige CED a shlógadh le haghaidh EUR 2 661 564, suim arb í 85 % de chostais iomlána na mbeart atá beartaithe í, chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don iarratas.

49.Maidir le CED a shlógadh, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt le chéile a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe de bhun Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/691, agus mar a leagtar síos i bpointe 9 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 32 .

Gníomhartha gaolmhara

50.An tráth céanna a chuirfidh sé an togra sin le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh i láthair, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun EUR 2 661 564 a aistriú chuig an líne bhuiséadach ábhartha.

51.An tráth céanna a ghlac an Coimisiún an togra seo le haghaidh cinneadh CED a shlógadh, ghlac sé cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais arb é atá ann cinneadh maoiniúcháin de réir bhrí Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 33 . Tiocfaidh an cinneadh maoiniúcháin sin i bhfeidhm an dáta a gheobhaidh an Coimisiún fógra go bhfuil an taistriú buiséadach formheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, de bhun Airteagal 15(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/691.

2024/0226 (BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – CED/2024/001 BE/Match‑Smatch

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 34 , agus go háirithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 35 , agus go háirithe pointe 9 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe ar cuireadh deireadh lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúrúcháin, sin agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar fhostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.

(2)Ní rachaidh CED os cionn uasmhéid bliantúil de EUR 30 milliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 36 , arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle 37 , agus in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/691.

(3)An 3 Meitheamh 2024 chuir an Bheilg iarratas isteach chun CED a shlógadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/691, i leith iomarcaíochtaí oibrithe in MatchSmatch (Match SA. agus Profi SA.) sa Bheilg. Bhí faisnéis bhreise ann mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, faisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2021/691. Meastar go gcomhlíontar leis an iarratas sin na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a sholáthar, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691, ar bhonn an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún sa Togra le haghaidh cinneadh maidir le slógadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 .

(4)Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 2 661 564 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Bheilg isteach.

(5)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2024, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh chun méid EUR 2 661 564 a sholáthar ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus faoi chomhair íocaíochtaí.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha] 39*.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
(2)    Rialachán Tarmligthe 2019/1755 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2019 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú comhchoiteann na naonad críche ar mhaithe le staidreamh a bhunú (NUTS). IO L 270, 24.10.2019, lgh. 1-56.
(3)    IO L 393, 30.12.2006, lch. 1.
(4)    I gcomhréir le hAirteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2021/691.
(5)    Comhairle Fostaithe an 22 Meán Fómhair 2023
(6)     Mémorandum électoral 2024 (Treochtaí nua a dhéanann difear do thrádáil agus do sheirbhísí, agus saolta eacnamaíocha dúshlánacha).
(7)     Statbel. Emploi et chômage (13.6.2024) .
(8)     Statbel. Emploi et chômage (13.6.2024) .
(9)     Eurostat. An staidreamh ráithiúil i dtaca le margadh saothair an Aontais. .
(10)     Statbel. Emploi et chômage (13.6.2024) . Chiffres.
(11)     Statbel. Emploi et chômage (13.6.2024). Chiffres .
(12)     Le Forem, « Emploi du temps. Photo locale de la demande d’emploi ». Bealtaine 2024 .
(13)    Bodart, V. & B. Van der Linden (2022), Crise du COVID19. Rebond économique et difficultés de recrutement en Belgique. Regards économiques 168, UCLouvain.
(14)     Creat Cáilíochta an Aontais maidir le hathrú agus athstruchtúrú a réamhthuar
(15)    Foraithne Ríoga (Arrêté Royal) an 10 Samhain 2006 lena leasaítear Foraithne Ríoga an 9 Márta 2006.
(16)     Le Forem. Teagmhas athstruchtúrúcháin: aonaid fostaíochta .
(17)    Foraithne Rialtas na Vallúine an 29 Eanáir 2004, arna leasú le Foraithne an 30 Aibreán 2009.
(18)     Le Forem. Teagmhas athstruchtúrúcháin: aonaid ath‑imlonnaithe .
(19)    Fédération générale du travail de Belgique.
(20)    Conféderation des syndicats chrétiens.
(21)    ISCED 0-2
(22)    ISCED 3
(23)    ISCED 4
(24)    ISCED 5-8
(25)    18 mí má dhéantar tástáil ó bhonn.
(26)    COM(2021) 212
(27)    CED/2022/002 BE/TNT. COIM(2023) 69        
(28)    Chun deachúlacha a sheachaint, slánaítear na meánchostais mheasta in aghaidh an oibrí. Mar sin féin, ní dhéanann an slánú aon difear do chostas iomlán gach birt atá fágtha dála an iarratais a chuir an Bheilg isteach.
(29)    Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile.
(30)    IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(31)    IO L 2024/765, 29.2.2024, lch. 4.
(32)    IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(33)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena naisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(34)    IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
(35)    IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(36)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
(37)    IO L 2024/765, 29.2.2024, lch. 4.
(38)    COM(2024) 275.
(39) *    An dáta le cur isteach ag an bParlaimint sula bhfoilsítear san Iris Oifigiúil é.
Top