AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.4.2024
COM(2024) 153 final
2024/0084(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (Coinbhinsiún OSPAR) i dtaca le Cinneadh lena leasaítear Cinneadh 98/3 ó OSPAR maidir le Suiteálacha as Úsáid amach ón gCósta a Dhiúscairt
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choimisiún maidir le Cosaint Muirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh i ndáil le Cinneadh a bheartaítear a ghlacadh lena leasaítear Cinneadh 98/3 ó OSPAR maidir le Suiteálacha as Úsáid amach ón gCósta a Dhiúscairt laistigh den Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (‘Coinbhinsiún OSPAR’).
2.Comhthéacs an togra
2.1.Coinbhinsiún OSPAR
Tá sé d’aidhm ag an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (‘an Comhaontú’) limistéar muirí an Atlantaigh Thoir Thuaidh a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha atá ag gníomhaíochtaí an duine chun sláinte an duine a chosaint, éiceachórais mhuirí a chaomhnú agus, nuair is indéanta, limistéir mhuirí a ndearnadh dochar dóibh a athbhunú. Tá 16 Pháirtí Chonarthacha ann: an tAontas Eorpach, an Bheilg, an Danmhairg, an Eilvéis, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iorua, an Íoslainn, an Ísiltír, Lucsamburg, an Phortaingéil, an Spáinn, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe. Osclaíodh an Comhaontú lena shíniú ag Cruinniú Aireachta Choimisiúin Osló agus Pháras i bPáras an 22 Meán Fómhair 1992, agus tháinig sé i bhfeidhm an 25 Márta 1998.
2.2.Coimisiún OSPAR
Is é atá i gCoimisiún OSPAR (a bunaíodh de réir Airteagal 10 den Choinbhinsiún) ionadaithe de chuid gach ceann de na Páirtithe Conarthacha; tagann sé le chéile go tráthrialta agus ag aon am a éilítear sin de bharr imthosca speisialta. Áirítear leis na dualgais atá air maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin agus athbhreithniú a dhéanamh ar bhail an limistéir muirí, ar éifeachtacht na mbeart atá á nglacadh, ar na tosaíochtaí agus ar an ngá atá le haon bheart breise nó difriúil.
De réir Airteagal 20 den Choinbhinsiún, tá vóta amháin sa Choimisiún ag gach Páirtí Conarthach. Tá an tAontas i dteideal líon vótaí atá cothrom leis an líon dá Bhallstáit is Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún. Ní fheidhmeoidh an tAontas a cheart vótála nuair a fheidhmeoidh a Bhallstáit a gceart vótála féin, ná ní fheidhmeoidh na Ballstáit a gceart vótála nuair a fheidhmeoidh an tAontas a cheart vótála féin.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag Coimisiún OSPAR
An 24 Meitheamh 2024, le linn an 27ú seisiún/cruinniú de Choimisiún OSPAR, tá sé le Cinneadh a ghlacadh lena leasaítear Cinneadh 98/3 ó OSPAR maidir le Suiteálacha as Úsáid amach ón gCósta a Dhiúscairt (‘an gníomh atá beartaithe’).
Tá sé beartaithe leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar ‘suiteáil choincréite’ i gCinneadh 98/3 ó OSPAR maidir le Suiteálacha as Úsáid amach ón gCósta a Dhiúscairt chun a shoiléiriú nach cuid den tsuiteáil aon ábhar i gcill laistigh den fhostruchtúr. Úsáidtear cealla i suiteálacha den sórt sin (ar a dtugtar ‘struchtúir dhomhantarraingt-bhunaithe choincréite’) chun hidreacarbóin a stóráil agus na hábhair iarmharacha sna cealla sin, nach eol a gcomhdhéanamh den chuid is mó, is leacht iad go príomha ina bhfuil méideanna móra ola. Is dramhaíl ghuaiseach é an t‑ábhar i gcealla den sórt sin, a mbaineann rioscaí móra léi don chomhshaol, d’éiceachórais agus b’fhéidir do shláinte an duine má fhágtar ar muir í tar éis dhíchoimisiúnú na suiteála.
Ceanglaítear le Cinneadh 98/3 ó OSPAR, i bprionsabal, suiteálacha deireadh ré a bhaint go hiomlán, ach ceadaítear maoluithe.
Ní cuid de shuiteáil amach ón gcósta é an t‑ábhar i gcealla struchtúr domhantarraingt-bhunaithe coincréite agus dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh sé faoi réir maolú faoi Chinneadh 98/3; chun soiléireacht a thabhairt maidir leis an tsaincheist sin, mhol dlítheangeolaithe OSPAR an sainmhíniú ar ‘suiteáil choincréite’ i mír 1 de Chinneadh 98/3 ó OSPAR a leasú go: ciallaíonn ‘suiteáil choincréite suiteáil as úsáid amach ón gcósta atá tógtha go hiomlán go príomha as coincréit; aon ábhar i gcill laistigh den fhostruchtúr, ní cuid den tsuiteáil é agus cumhdaítear é faoi fhorálacha Iarscríbhinn III a ghabhann le Coinbhinsiún OSPAR’. Tríd an gcuid i gcló iodálach a chur isteach, tríd an ábhar i gcill a eisiamh go sainráite ón sainmhíniú ar ‘suiteáil choincréite’, baintear aon fhéidearthacht go gceadófaí, trí mhaolú ar an oibleagáid maidir le baint iomlán a bunaíodh faoi Chinneadh 98/3, ábhar i gcealla den sórt sin a fhágáil ar muir tar éis an díchoimisiúnúcháin.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Tar éis eachtra Brent Spar i lár na nóchaidí (i bhfianaise na feirge ar an bpobal, bhí ar Shell athrú a dhéanamh ar a chinneadh suiteáil eastósctha ola as úsáid a dhumpáil san fharraige) le linn Chruinniú Aireachta OSPAR 1998 in Sintra (an Phortaingéil), glacadh Cinneadh 98/3 ó OSPAR maidir le Suiteálacha as Úsáid amach ón gCósta a Dhiúscairt; leis an gCinneadh sin, cuirtear toirmeasc ar shuiteálacha as úsáid amach ón gcósta a dhumpáil agus a fhágáil ar an láthair ina n‑iomláine nó go páirteach laistigh de Limistéar Muirí OSPAR.
I gcás catagóirí áirithe amháin, agus faoi réir measúnú i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Cinneadh 98/3, féadfaidh údarás inniúil an Pháirtí Chonarthaigh OSPAR ábhartha cead maolaithe a eisiúint chun suiteálacha nó codanna de shuiteálacha a fhágáil ar an láthair. I measc na gcatagóirí de shuiteálacha as úsáid amach ón gcósta ina bhféadfar cuimhneamh ar mhaoluithe, áirítear, mar shampla, suiteálacha cruach a bhfuil meáchan is mó ná deich míle tona iontu san aer nó struchtúir dhomhantarraingt-bhunaithe choincréite.
Le linn 2019-2020, tugadh faoi phróiseas comhairliúcháin faoi Chinneadh 98/3 ó OSPAR, próiseas comhairliúchán maidir le rún na Ríochta Aontaithe cead maolaithe a eisiúint chun bonnra struchtúir shuiteálacha coincréite domhantarraingt-bhunaithe Brent Alpha Steel Jacket agus Brent Bravo, Brent Charlie agus Brent Delta a fhágáil in situ; d’áireofaí leis an gcead sin an t‑ábhar i gcealla na struchtúr suiteálacha coincréite domhantarraingt-bhunaithe.
In éineacht le Páirtithe Conarthacha eile de chuid OSPAR, chuir an Coimisiún, thar ceann an Aontais, i gcoinne rún na Ríochta Aontaithe toisc gur dramhaíl ghuaiseach é an t‑ábhar sin nár cheart a fhágáil ar muir; thairis sin, ba cheart clár ceart faireacháin ar an muirthimpeallacht thart timpeall na gcodanna den tsuiteáil as úsáid arna bhfágáil ar muir a bheith i bhfeidhm; thairis sin, chun cosc a chur ar chodanna ar bith a fhágáil ar muir tar éis an díchoimisiúnúcháin, i gcomhréir le meon Chinneadh 98/3, ba cheart dlús a chur le forbairt réiteach teicneolaíoch ar mhaithe leis an mbaint iomlán; ní spreagtar forbairt den sórt sin trí cheadanna maolaithe a dheonú gan bonn cirt leormhaith a bheith leo.
Léiríodh an próiseas comhairliúcháin, inter alia, i Straitéis nua OSPAR, a glacadh ag Cruinniú Aireachta OSPAR 2021 in Cascais (an Phortaingéil), a bhfuil sé de chuspóir aici ‘athbhreithniú a dhéanamh agus, más iomchuí, leasú a dhéanamh ar chatagóirí na suiteálacha as úsáid amach ón gcósta ina bhféadfar cuimhneamh ar mhaoluithe faoi Chinneadh 98/3 OSPAR maidir le Suiteálacha as Úsáid amach ón gCósta a Dhiúscairt, chun raon feidhme na maoluithe a d’fhéadfadh a bheith ann a laghdú. Beidh an t‑athbhreithniú bunaithe, inter alia, ar dhul chun cinn na dteicneolaíochtaí díchoimisiúnúcháin agus ar an eolas eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil.’ Tá cuspóir sa Straitéis freisin maidir leis na teicneolaíochtaí díchoimisiúnúcháin a chur chun cinn; tá modheolaíocht chomhchuibhithe á forbairt freisin in OSPAR chun measúnú a dhéanamh ar roghanna díchoimisiúnúcháin.
Sa chomhthéacs sin, is é is aidhm don leasú atá beartaithe bunús dlí láidir a chur ar fáil chun cosc a chur ar an ábhar éillithe i gcealla a fhágáil in situ tar éis an díchoimisiúnúcháin. Ní hamháin go bhfuil sin i gcomhréir leis na hagóidí thuasluaite maidir le maoluithe ar ábhar i gcealla ón gCoimisiún agus ó Pháirtithe Conarthacha eile de chuid OSPAR, ach tá sé i gcomhréir freisin le beartais ghaolmhara de chuid an Aontais amhail an plean gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú, arb é is aidhm dó truailliú in uisce a laghdú go leibhéil a mheastar nach bhfuil díobhálach a thuilleadh don tsláinte agus d’éiceachórais nádúrtha faoi 2050, an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, lena gceanglaítear Dea-Stádas Comhshaoil a bhaint amach in uiscí mara an Aontais, an Treoir Réime Dramhaíola, lena gcuirtear toirmeasc ar dhumpáil dramhaíola agus an Treoir maidir le Sábháilteacht Amach ón gCósta, ina gcuirtear san áireamh gnéithe comhshaoil den díchoimisiúnú freisin. Ní féidir aon cheann de na beartais sin a chur chun feidhme i gceart má tá foinsí truaillithe trasteorann a d’fhéadfadh a bheith dian agus marthanach i láthair san Atlantach Thoir Thuaidh, amhail ábhar éillithe i gcealla de chuid suiteálacha ola atá as úsáid.
I bhfianaise an chruinnithe a bhí ag Coimisiún OSPAR ón 24 go dtí an 28 Meitheamh 2024, tá gá le seasamh ón Aontas toisc gur téacs ceangailteach ó thaobh dlí de é an Cinneadh atá beartaithe agus a ghlacfar. Ós rud é go n‑éascófar leis an gCinneadh cur chun feidhme bheartais agus reachtaíocht an Aontais agus go gcuirfear cosc ar dhamáiste don mhuirthimpeallacht, moltar go dtacóidh an tAontas le glacadh an Chinnidh trí vótáil ina fhabhar.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é Coimisiún OSPAR a bunaíodh le comhaontú, is é sin an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh.
Is é atá sa ghníomh atáthar ag iarraidh ar Choimisiún OSPAR a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Tá éifeachtaí dlíthiúla leis an ngníomh atá beartaithe toisc go bhfuil Cinntí uile OSPAR ceangailteach ó thaobh dlí ar na Páirtithe Conarthacha, de réir mhír 2 d’Airteagal 13 de Choinbhinsiún OSPAR, ar dá réir: ‘Beidh cinneadh ina cheangal ar dhul in éag tréimhse dhá chéad lá tar éis a ghlactha ar na Páirtithe Conarthacha sin a vótáil ar a shon agus nach bhfuil fógra i scríbhinn tugtha acu don Rúnaí Feidhmiúcháin laistigh den tréimhse sin nach bhfuil siad in ann glacadh leis an gcinneadh, ar choinníoll gur, ag dul in éag na tréimhse sin, vótáil trí cheathrú de na Páirtithe Conarthacha i bhfabhar an chinnidh agus nach ndearna siad a nglacadh leis a tharraingt siar nó gur thug siad fógra i scríbhinn don Rúnaí Feidhmiúcháin go bhfuil siad in ann glacadh leis an gcinneadh. Beidh cinneadh den sórt sin ina cheangal ar aon Pháirtí Conarthach eile a mbeidh fógra i scríbhinn tugtha aige don Rúnaí Feidhmiúcháin go bhfuil sé in ann glacadh leis an gcinneadh ón tráth a thabharfar an fógra sin nó tar éis dhul in éag tréimhse dhá chéad lá tar éis ghlacadh an chinnidh, cibé acu is déanaí’.
Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe le cosaint an chomhshaoil.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é Airteagal 192(1) ba cheart a bheith i mbunús dlí an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
2024/0084 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (Coinbhinsiún OSPAR) i dtaca le Cinneadh lena leasaítear Cinneadh 98/3 ó OSPAR maidir le Suiteálacha as Úsáid amach ón gCósta a Dhiúscairt
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (‘an Coinbhinsiún’), a bhfuil an tAontas ina Pháirtí Conarthach ann, i bhfeidhm an 25 Márta 1998.
(2)De bhun Airteagal 10(3) den Choinbhinsiún, féadfaidh an Coimisiún a bunaíodh le hAirteagal 10(1) den Choinbhinsiún (‘Coimisiún OSPAR’) Cinntí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Choinbhinsiún.
(3)Le linn an 27ú seisiún/cruinniú de Choimisiún OSPAR an 24 Meitheamh 2024, tá sé le Cinneadh a ghlacadh lena leasaítear Cinneadh 98/3 ó OSPAR maidir le Suiteálacha as Úsáid amach ón gCósta a Dhiúscairt.
(4)Leis an gCinneadh atá beartaithe, leasaítear an sainmhíniú ar ‘suiteáil choincréite’ chun a shoiléiriú nach cuid den tsuiteáil aon ábhar i gcill laistigh den fhostruchtúr.
(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoimisiún OSPAR a bhunú, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ó Choinbhinsiún OSPAR ina cheangal ar an Aontas.
(6)Is é an seasamh ba cheart a bheith ag an Aontas vótáil i bhfabhar an Chinnidh lena leasaítear Cinneadh 98/3 ó OSPAR toisc go n‑éascófar leis cur chun feidhme bheartais agus reachtaíocht an Aontais agus go gcuirfear cosc ar dhamáiste don mhuirthimpeallacht.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 27ú seisiún/cruinniú de Choimisiún OSPAR vótáil chun tacú le glacadh an Chinnidh lena leasaítear Cinneadh 98/3 ó OSPAR maidir le Suiteálacha as Úsáid amach ón gCósta a Dhiúscairt a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar ‘suiteáil choincréite’.
Airteagal 2
I bhfianaise forbairtí ag an 27ú cruinniú de Choimisiún OSPAR, féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair, mionchoigeartú a chomhaontú ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, gan aon chinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 3
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán