Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0724

Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Portaingéile

COM/2024/724 final

Strasbourg, 26.11.2024

COM(2024) 724 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Portaingéile


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Portaingéile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263, agus go háirithe Airteagal 17 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach 1 , mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme 2 , agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát 3 , is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí. Leis an gcreat, cuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn agus dírítear ar an meántéarma, i gcomhcheangal le forfheidhmiú éifeachtach comhleanúnach na rialacha.

(2)Na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Tá na pleananna le dhá chuspóir a bhaint amach: i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar an teasnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma agus go gcoinneofar ag an leibhéal sin é, agus ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Chuige sin, ní mór gealltanas meántéarmach i leith conair 4  ghlanchaiteachais a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar an ngnáththéarma reachtach i mBallstát). Ina theannta sin, tá míniú le tabhairt sa phlean ar an gcaoi a náiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena náirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263.

(4)Tar éis thíolacadh an phlean, tá an Coimisiún lena mheas an gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

(5)Tá an Chomhairle, ar mholadh a fháil di ón gCoimisiún, le moladh a ghlacadh ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, formhuiniú a dhéanamh ar an tsraith gealltanas um athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh.

BREITHNITHE MAIDIR LE PLEAN STRUCHTÚRACH FIOSCACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA PORTAINGÉILE

(6)An 11 Deireadh Fómhair 2024, rinne an Phortaingéil a plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún. Tíolacadh an plean tar éis síneadh a bheith curtha leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún i bhfianaise na gcúiseanna a sholáthair an Phortaingéil.

An próiseas sular tíolacadh an plean

(7)An 21 Meitheamh 2024, sheol an Coimisiún, de réir Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1263, an chonair thagartha 5 chuig an bPortaingéil. D’fhoilsigh an Coimisiún an chonair thagartha an 11 Deireadh Fómhair 2024 6 . Tá an chonair thagartha rioscabhunaithe agus áirithítear léi, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe fhioscaigh agus in éagmais bearta buiséadacha breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama sa mheántéarma, agus go dtabharfar an teasnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin agus go gcoinneofar é faoi bhun an luacha tagartha sin sa mheántéarma. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. I gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, tá an chonair thagartha comhsheasmhach freisin leis an mbeart coimirce maidir le hinbhuanaitheacht fiachais agus leis an mbeart coimirce maidir le hathléimneacht easnaimh. I gconair thagartha na Portaingéile, leagtar amach nár cheart fás níos mó ná na luachanna arna soláthar i dTábla 1 a theacht ar ghlanchaiteachas, agus sin bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin agus ar thréimhse choigeartúcháin 4 bliana a chur san áireamh. Comhfhreagraíonn sin do mheánfhás glanchaiteachais 3,6 % i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028).

Tábla 1: Conair thagartha arna soláthar ag an gCoimisiún don Phortaingéil an 21 Meitheamh 2024

Foinse: Ríomhanna an Choimisiúin.

2025

2026

2027

2028

Meán 2025-2028

Fás glanchaiteachais uasta (bliantúil, %)

4,1

3,6

3,4

3,3

3,6

(8)I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an Phortaingéil agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil ó mhí Iúil go mí Dheireadh Fómhair 2024. Bhí an tidirphlé dírithe ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an bPortaingéil agus ar na toimhdí bunúsacha a bhaineann léi (go háirithe maidir le meastacháin fáis fhéideartha), an eisceacht ar an gcoimirce maidir le siarchoinneáil a chosc, chomh maith leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a thabhairt i gcrích lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus do thosaíochtaí coiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir glas agus digiteach, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus méadú na gcumas cosanta.

(9)De réir na faisnéise a sholáthair an Phortaingéil ina plean, níor tharla próiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara náisiúnta ábhartha (lena náirítear comhpháirtithe sóisialta) sular tíolacadh an plean mar a fhoráiltear in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2024/1263, i gcomhréir leis na forálacha idirthréimhseacha dá bhforáiltear in Airteagal 36(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263.

(10)Thug an Chomhairle Fhioscach náisiúnta (Conselho das Finanças Públicas) tuairim uaithi maidir leis an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch agus na toimhdí maicreacnamaíocha atá mar bhonn taca leis an gconair ghlanchaiteachais ilbhliantúil. Tháinig an Chomhairle Fhioscach ar an gconclúid gur cosúil go bhfuil na réamhmheastacháin maidir le fás eacnamaíoch agus an díbhoilsceoir OTI inchreidte ach chuir sí amhras in iúl i dtaobh meastacháin maidir le fás féideartha agus bearna aschuir de dheasca a ninchreidteachta i bhfianaise chás maicreacnamaíoch foriomlán an phlean.

(11)Cuireadh an plean faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta an 11 Deireadh Fómhair 2024.

Próisis ghaolmhara eile

(12)Thíolaic an Phortaingéil a Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025 an 15 Deireadh Fómhair 2024. Ghlac an Coimisiún tuairim maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach sin an [26 Samhain 2024] 7 .

(13)An 21 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na Portaingéile i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh 8 .

ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN AIR

(14)I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas:

Comhthéacs: an staid mhaicreacnamaíoch fhioscach agus an t‑ionchas maicreacnamaíoch fioscach

(15)Tháinig méadú 2,5 % ar ghníomhaíocht eacnamaíoch sa Phortaingéil in 2023, rud a bhí spreagtha ag an éileamh intíre agus onnmhairí seirbhísí. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh fás 1,7 % ar an ngeilleagar in 2024 mar gheall ar thomhaltas príobháideach agus poiblí go príomha. Meastar go dtiocfaidh méadú 1,9 % ar OTI iarbhír in 2025, ós rud é go bhfuil coinne leis go gcuirfear dlús le hinfheistíochtaí. Meastar go dtiocfaidh méadú 2,1 % ar OTI iarbhír in 2026 a bhuí le tacaíocht bhreise ó infheistíochtaí mar aon le tomhaltas príobháideach agus poiblí. Le linn na tréimhse réamhaisnéise (i.e. 2024-2026), meastar go laghdóidh fás OTI féideartha sa Phortaingéil ó 2,5 % in 2023 go 1,9 % in 2026, rud a bhí spreagtha ag rannchuidiú luchta saothair níos ísle, ar léiriú é an méid sin ar an laghdú atá tuartha ar an daonra in aois oibre. Ba é 6,5 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamhmheasann an Coimisiún gurb é 6,4 % a bheidh ann in 2024 agus 6,3 % in 2025 agus 6,2 % in 2026. Réamhmheastar go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 6,9 % in 2023 go 3,8 % in 2024, go sroichfidh sé 2,5 % in 2025 agus go bhfanfaidh sé ag 2,2 % in 2026.

(16)Maidir le forbairtí fioscacha, in 2023 is é a bhí i mbarrachas rialtais ginearálta na Portaingéile 1,2 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, sroichfidh sé 0,6 % de OTI in 2024 agus laghdóidh sé a thuilleadh go 0,4 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, laghdóidh sé go 0,3 % in 2026. Cuimsítear i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach dréachtbhuiséad na Portaingéile le haghaidh 2025 a mhol an rialtas don pharlaimint náisiúnta i mí Dheireadh Fómhair. Ba é 97,9 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go laghdóidh an cóimheas fiachais go 95,7 % de OTI ag deireadh 2024. Réamhmheastar go laghdóidh sé a thuilleadh go 92,9 % de OTI ag deireadh 2025 agus 90,5 % ag deireadh 2026. Sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha a bheith ina ngealltanais go dtí go mbeidh bearta nithiúla beartais mar bhonn taca leo, bearta a dhéanfar a fhógairt go hinchreidte agus a shonrú go leormhaith.

Conair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha atá sa phlean

(17)Le plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Portaingéile, cumhdaítear an tréimhse 2025-2028 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair i gcaitheamh tréimhse 4 bliana.

(18)Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean.

(19)Tugtar gealltanas sa phlean i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, rud a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 3,6 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2028. An meánfhás glanchaiteachais i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028) a thuairiscítear sa phlean, tá sé i gcomhréir tríd is tríd 9 leis an gconair thagartha arna tarchur ag an gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024. Toimhdítear sa phlean go laghdóidh fás OTI féideartha de réir a chéile ó 2,4 % in 2024 go 1,6 % faoi 2028. Ina theannta sin, meastar sa phlean go laghdóidh ráta fáis an díbhoilsceora OTI ó 3,1 % in 2024 go 2,6 % in 2025, agus go 2,0 % ina dhiaidh sin go dtí 2028.

Tábla 2: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na Portaingéile

2024

2025

2026

2027

2028

Meánfhás i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an phlean

2025-2028

Fás glanchaiteachais
(ar bhonn bliantúil, %)

11,8

5,0

5,1

1,2

3,3

3,6

Fás glanchaiteachais
(ar bhonn carnach, ón mbonnbhliain 2023, %)

11,8

17,4

23,4

24,8

28,9

neamhbhainteach

Fás OTI féideartha ( %)

2,4

2,1

2,0

1,7

1,6

1,8

Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) ( %)

3,1

2,6

2,0

2,0

2,0

2,2

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Portaingéile agus ríomhanna an Choimisiúin.

Na himpleachtaí atá ag gealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta

(20)An chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean agus na toimhdí bunúsacha, dá dtiocfadh na nithe sin chun cinn, laghdódh fiachas rialtais ghinearálta de réir a chéile ó 95,9 % de OTI in 2024 go 83,2 % ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028) de réir an phlean, mar a léirítear sa tábla seo a leanas. Tar éis an choigeartaithe, meastar de réir an phlean go dtiocfaidh laghdú seasta ar an gcóimheas fiachais sa mheántéarma agus go sroichfidh sé 64,8 % faoi 2038.

Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na Portaingéile

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2038

Fiachas rialtais

(% de OTI)

97,9

95,9

93,3

90,4

87,2

83,2

64,8

Comhardú rialtais

(% de OTI)

1,2

0,4

0,3

0,1

1,1

1,3

-1,2

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Portaingéile.

Dá bhrí sin, de réir an phlean, d’fhanfadh an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta ar chonair anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Tá sin inchreidte ós rud é, bunaithe ar thoimhdí an phlean, go réamh‑mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an bhfiachas i gcaitheamh na 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin faoi na tástálacha struis cinnteachaíocha uile in Anailís an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais, agus go léiríonn na réamh‑mheastacháin stocastacha go bhfuil dóchúlacht leordhóthanach ann go dtiocfadh laghdú ar an bhfiachas. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (a) agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Na himpleachtaí atá ag gealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir leis an gcomhardú rialtais ghinearálta

(21)Ar bhonn chonair ghlanchaiteachais agus thoimhdí an phlean, mhéadódh an barrachas rialtais ginearálta ó 0,3 % de OTI in 2025 go 1,3 % de OTI in 2028. Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an teasnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 6(b) agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh

(22)Siarchoinnítear próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh, arna tomhas mar an tathrú ar an gcomhardú príomha struchtúrach, mar a thuairiscítear sa phlean, i gcomparáid leis an gconair líneach dá dtagraítear mar riail faoi Airteagal 6, pointe (e), de Rialachán (AE) 2024/1263. De réir an phlean, is é a spreagann an phróifíl coigeartaithe fhioscaigh sin an tionchar ar an gcaiteachas a bhaineann le tionscadail arna maoiniú le hiasachtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. I dTábla 4, léirítear na forbairtí sa chomhardú príomha struchtúrach de réir an phlean. An cineál caiteachais sin (a meastar go dtiocfaidh méadú 0,2 pointe céatadáin agus 0,6 pointe céatadáin de OTI air in 2025 agus 2026, faoi seach), sin é is cúis go príomha leis an laghdú ar an mbarrachas príomha struchtúrach in 2025 agus 2026 agus leis an méadú in 2027. Gan an caiteachas a bhaineann le tionscadail arna maoiniú le hiasachtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur san áireamh, bheadh an coigeartú fioscach líneach ar an mórgóir i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025 go 2028). Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gclásal i dtaca leis an gcoimirce maidir le siarchoinneáil a chosc a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (c), agus leis an bhforáil idirthréimhseach in Airteagal 36(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2024/1263.

Tábla 4: Forbairtí maidir le comhardú príomha struchtúrach i bplean na Portaingéile

2023

2024

2025

2026

2027

2028

Comhardú príomha struchtúrach

(% de OTI)

3,2

2,3

2,1

1,7

2,8

2,9

Athrú ar an gcomhardú príomha struchtúrach

(pc.)

neamhbhainteach

-0,9

-0,1

-0,5

1,1

0,1

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Portaingéile

Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh

(23)Dá dtiocfadh toimhdí agus gealltanais an phlean chun cinn, d’fhanfadh an teasnamh struchtúrach faoi bhun 1,5 % de OTI le linn na tréimhse coigeartúcháin. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, leanfar den chorrlach coiteann athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2024/1263 a urramú, agus dá bhrí sin níl gá leis an bhfeabhas breise ar an gcomhardú príomha struchtúrach dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais

(24)I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/1263, ós rud é go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta os cionn 90 % de OTI in 2025 agus 2026 de réir an phlean, ní mór an cóimheas fiachais a laghdú 1 phointe céatadáin ar a laghad ar an meán in aghaidh na bliana go dtí go dtitfidh sé faoi bhun 90 % agus ba cheart é a laghdú 0,5 pointe céatadáin ar an meán ina dhiaidh sin. Ríomhtar an meánlaghdú sin thar an tréimhse 2024-2028 agus is éard atá ann 3,0 pointe céatadáin. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais.

Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean

(25)Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá éagsúil leis na toimhdí ón gCoimisiún a tarchuireadh chuig an bPortaingéil an 21 Meitheamh 2024. Go sonrach, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean le haghaidh sé athróg, mar atá: an túsphointe (i.e. an comhardú príomha struchtúrach in 2024), fás OTI féideartha, fás díbhoilsceora OTI, fás OTI iarbhír, an ráta úis intuigthe ainmniúil, agus coigeartú an tsreafa stoic. Thairis sin, tá an coigeartú fioscach siarchoinneáilte. Tugtar measúnú thíos ar na difríochtaí sna toimhdí. Liostaítear thíos na difríochtaí sna toimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar an meánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach difríocht a bhreithnítear ina haonar.

·Toimhdítear sa phlean go mbeidh an fás OTI féideartha beagán níos airde, is é sin 0,1 pointe céatadáin ar an meán, thar an tréimhse choigeartúcháin (go dtí 2028). Tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, i.e. ó 2028 ar aghaidh, éiríonn an tsraith um fhás féideartha níos cosúla le réamhthreoir an Choimisiúin. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is airde i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Ar an iomlán, is é is cúis leis an difríocht sin go dtí 2028 an tsraith nuashonraithe um OTI féideartha, arna déanamh ag an bPortaingéil agus arna bunú ar mhodheolaíocht an Aontais a comhaontaíodh i gcomhpháirt. Meastar gur inchreidte an difríocht sin toisc gur féidir í a mhíniú leis an méid seo a leanas: réamhmheastacháin mhaicreacnamaíocha ghearrthéarmacha na Portaingéile sa phlean struchtúrach fioscach meántéarmach, réamhmheastacháin atá beagán níos fabhraí ná mar a bhí sa réamhthreoir ach atá i gcomhréir le Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, athbhreithniú beagán aníos ar fhás iarbhír OTI le haghaidh 2022-2023, agus an nuashonrú ar réamhmheastacháin daonra ó Eurostat. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

·Toimhdítear próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh sa phlean, arna tomhas mar an tathrú ar an gcomhardú príomha struchtúrach a shiarchoinnítear go dtí 2027 agus 2028, i gcomparáid le toimhde an Choimisiúin maidir le coigeartú líneach. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is ísle i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Is éard a spreagann an difríocht sin an tionchar a réamhmheastar a bheidh ar an gcaiteachas a bhaineann le tionscadail arna maoiniú le hiasachtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá coinne leis go méadóidh an caiteachas sin go 1,0 % de OTI in 2026, i gcomparáid le 0,1 % de OTI in 2024. Tá siarchoinneáil an choigeartaithe fhioscaigh i gcomhréir le hAirteagal 6(c) agus leis an bhforáil idirthréimhseach in Airteagal 36(e) de Rialachán (AE) 2024/1263. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

Na difríochtaí atá fágtha, níl tionchar mór acu ar an meánfhás glanchaiteachais i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn ar na difríochtaí uile sna toimhdí nuair a ghlactar le chéile iad meánfhás glanchaiteachais sa phlean atá i gcomhréir tríd is tríd leis an gconair thagartha. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean san áireamh i measúnuithe a dhéanfar amach anseo ar chomhlíontacht leis an gconair ghlanchaiteachais.

Straitéis fhioscach an phlean

(26)De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, déanfar na gealltanais maidir le glanchaiteachas a thabhairt i gcrích trí bhíthin smacht ar chaiteachas agus méaduithe lánroghnacha ar ioncam araon. Cé go ndéantar bearta beartais fhioscaigh lena laghdaítear ioncam a chur i láthair sa phlean, ar nós an nuashonraithe atá beartaithe ar an gcóras um cháin ioncaim phearsanta an aosa óig, meastar go gcúiteofar na bearta sin le rolladh siar roinnt beart fuinnimh éigeandála in 2025, amhail an ráta carbóin faoin gcáin bhreosla a dhíreo agus deireadh a chur de réir a chéile le tionscadail arna maoiniú le hiasachtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2027. Tá sonraíocht na mbeart beartais atá le glacadh le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla. Tá rioscaí ann do chur chun feidhme na straitéise fioscaí táscaí sa phlean a eascraíonn as rioscaí a bhaineann le brúnna caiteachais méadaitheacha ar phá poiblí agus ar aistrithe sóisialta. Ina theannta sin, leis an Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025, sonraítear na gníomhaíochtaí beartais trína mbainfear amach an gealltanas glanchaiteachais le haghaidh 2025 10 .

Bearta athchóirithe agus infheistíochta sa phlean lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais

(27)Tugtar tuairisc sa phlean ar chuspóirí beartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí eile chun freagairt do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Tá athchóirithe agus infheistíochtaí an phlean bunaithe ar dhoiciméad straitéise rialtais atá ann cheana (Grandes Opções 2024-2028). Cuirtear breis agus 60 athchóiriú agus infheistíocht i láthair sa phlean. Aicmítear 27 díobh sin mar athchóirithe agus infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí an bheartais chomhtháthaithe.

(28)Maidir le tosaíocht choiteann an aistrithe chóir ghlais agus dhigitigh, lena náirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, san áireamh sa phlean tá Plean Straitéiseach Uisce a fhorbairt agus a chur chun feidhme chomh maith le cláir shonracha a fhorbairt chun éifeachtúlacht úsáide uisce a chur chun cinn (moladh tírshonrach 2024 maidir le héifeachtúlacht uisce); bearta i ndáil le feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola agus an ngeilleagar ciorclach a chur chun cinn (moltaí tírshonracha 2022 agus 2023 maidir leis an ngeilleagar ciorclach); infheistíocht i líonraí idirlín mhóibíligh ardluais le haghaidh críocha ina bhfuil daonra íseal, sin agus i Straitéis Náisiúnta Dhigiteach (moladh tírshonrach 2019 maidir le litearthacht dhigiteach a fheabhsú); bonneagar iarnróid a thógáil (iarnród agus traenacha ardluais) (moltaí tírshonracha 2020 agus 2019 maidir le bonneagar iarnróid); agus cláir a neartú chun tacú le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh, go háirithe i bhfoirgnimh chónaithe mar a chuimsítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta (moltaí tírshonracha 2023 agus 2022 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh). Maidir leis an tosaíocht choiteann sin, cuireann an Phortaingéil san áireamh freisin beart i ndáil le hidirnaisc sonraí a mhéadú idir údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, clárlanna agus nótairí, beart a bhfuil sé i gceist aige aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2024, 2023 agus 2022 maidir le héifeachtúlacht na gcóras cánach agus na gcóras cosanta sóisialta.

(29)Maidir le tosaíocht choiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, lena náirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuimsítear an méid seo a leanas sa phlean: méadú ar an bpá íosta náisiúnta (moltaí tírshonracha 2020 agus 2019 maidir le margadh an tsaothair agus cosaint shóisialta) agus beart chun rochtain uilíoch agus saor in aisce ar chúram leanaí agus ar réamhscoil a ráthú (moltaí tírshonracha 2020 agus 2019 maidir le héifeachtacht agus leormhaitheas na cosanta sóisialta); gníomhaíochtaí a bhaineann le beartais i ndáil le margadh an tsaothair, lena náirítear cláir uasscilithe agus athscilithe mar a chuimsítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta (moltaí tírshonracha 2020 agus 2019 maidir le scileanna agus oideachas); líne infheistíochta a chruthú le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta agus caipiteal fiontair trí chiste a chruthú le haghaidh infheistíochtaí cothromais hibrideacha (moladh tírshonrach 2020 maidir le nuálaíocht); athchóiriú ar chórais dócmhainneachta chun dlús a chur leis na cinntí próiseála agus breithiúnacha a chuimsítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta freisin (moladh tírshonrach 2019 maidir le héifeachtúlacht imeachtaí dócmhainneachta agus téarnaimh a mhéadú); athchóiriú ar thuairisciú cuideachtaí a bhaineann le cúiteamh stáit (moladh tírshonrach 2019 maidir le fiontair faoi úinéireacht stáit); plean infheistíochta ilbhliantúil le haghaidh na seirbhíse sláinte náisiúnta agus plean le haghaidh gníomhaíocht choirp agus spóirt (moladh tírshonrach 2020 maidir le cúram sláinte); agus simpliú an chórais cánach a bhaineann le hathstruchtúrú corparáideach agus oibríochtaí cumaisc (moladh tírshonrach 2024 maidir le héifeachtacht an chórais cánach a fheabhsú). Ní chuimsítear bearta sa phlean chun aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht fhioscach mheántéarmach chóras pinsin na Portaingéile (moladh tírshonrach 2024 maidir le hathchóirithe fioscachstruchtúracha).

(30)Maidir le tosaíocht choiteann na slándála fuinnimh, cuimsítear an méid seo a leanas sa phlean: athchóiriú chun ceadúnú na dtionscadal fuinnimh inathnuaite a chuíchóiriú (Struchtúr Misin um Cheadúnú na dTionscadal Fuinnimh Inathnuaite – EMER 2030), athchóiriú atá mar chuid de chaibidil REPowerEU sa phlean téarnaimh agus athléimneachta freisin (moltaí tírshonracha 2023 agus 2022 maidir le ceadú a shimpliú agus a dhigitiú le haghaidh fuinneamh inathnuaite a chur chun úsáide); bearta chun pleanáil níos comhtháite, níos comhordaithe agus níos éifeachtúla na líonraí fuinnimh a áirithiú; agus straitéis náisiúnta maidir le heolas ar amhábhair chriticiúla straitéiseacha agus sainaithint agus saothrú na namhábhar sin. Ní chuimsítear bearta sa phlean chun aghaidh a thabhairt ar neartú na heangaí tarchurtha agus dáilte leictreachais (moladh tírshonrach 2024 maidir le fuinneamh inathnuaite, bonneagar fuinnimh agus líonraí fuinnimh).

(31)Maidir le tosaíocht choiteann na gcumas cosanta, cuimsítear an méid seo a leanas sa phlean: cumais sa tionscal cosanta a neartú trí infheistíocht a threisiú in athfheistiú, in ábhair agus i nuachóiriú suiteálacha míleata; agus athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta um sholáthar poiblí sonrach i réimsí cosanta.

(32)Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean freisin maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht, le cistí an bheartais comhtháthaithe agus le plean téarnaimh agus athléimneachta na Portaingéile. San áireamh i bplean na Portaingéile tá naisc idir athchóirithe agus infheistíochtaí laistigh de na dúshláin straitéiseacha náisiúnta, an plean téarnaimh agus athléimneachta, agus an comhaontú comhpháirtíochta, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, naisc idir cláir ábhartha an bheartais chomhtháthaithe, bearta den phlean téarnaimh agus athléimneachta, agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(33)Is é is aidhm don phlean rannchuidiú lena bheith ag freastal ar riachtanais infheistíochta poiblí na Portaingéile, ar riachtanais iad a bhaineann le tosaíochtaí coiteanna an Aontais. Maidir leis tosaíocht choiteann an aistrithe chóir ghlais agus dhigitigh, shainaithin an Phortaingéil an gá atá le plean um líonra bonneagair idirnasctha chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht úsáide uisce, le bearta athchóirithe agus bearta caomhnaithe dúlra, le comhshocrú náisiúnta um an fhoraois agus le tuilleadh bearta athléimneachta i limistéir chósta chun oiriúnú do thionchair an athraithe aeráide, sin agus an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh sa digitiú agus sa nuálaíocht theicneolaíoch. Maidir le tosaíocht choiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, sainaithníonn an Phortaingéil an gá atá le tuilleadh bearta tacaíochta d’íospartaigh an fhoréigin baile agus na gáinneála ar dhaoine. Maidir leis an tslándáil fuinnimh, sainaithníonn an Phortaingéil an gá atá le hiarrachtaí leanúnacha i leith an meascán fuinnimh a éagsúlú agus an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, sin agus an gá atá le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar acmhainní geolaíocha agus ar amhábhair chriticiúla. Ar deireadh, chun cumais chosanta a neartú, sainaithníonn an Phortaingéil bearnaí cistiúcháin agus infheistíochta san arm agus an gá atá le tarraingteacht na ngairmeacha míleata a fheabhsú.

Conclúid mheasúnú an Choimisiúin

(34)Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na Portaingéile ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

CONCLÚID FHORIOMLÁN

(35)I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais mar a leagtar amach sa phlean í a mholadh don Phortaingéil.

AG MOLADH LEIS SEO go ndéanfadh an Phortaingéil

1.A áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo.

Iarrann an Chomhairle ar an bPortaingéil a áirithiú go dtabharfar i gcrích athchóirithe agus infheistíochtaí a chomhfhreagraíonn do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha, agus go dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais.

IARSCRÍBHINN I

Uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais
(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)

an Phortaingéil

Blianta

2025

2026

2027

2028

Rátaí fáis (%)

Bliantúil

5,0

5,1

1,2

3,3

Carnach (*)

17,4

23,4

24,8

28,9

(*) Ríomhtar na rátaí fáis carnacha trí tagairt don bhonnbhliain 2023.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj ).
(2)    Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj ).
(3)    Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj ).
(4)    Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(5)    Cuimsítear le réamhthreoir a tarchuireadh chuig na Ballstáit agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais conairí le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin agus gan é (lena gcumhdaítear 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach). Cuimsítear léi freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáidtear i gcreat réamhmheastacháin an Choimisiúin um fhiachas rialtais meántéarmach. Ríomhadh an chonair thagartha ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear in Debt Sustainability Monitor 2023 [Monatóir Inbhuanaitheachta Fiachais 2023], foilseachán de chuid an Choimisiúin ( https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt‑sustainability-monitor-2023_ga ). Is ar Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún Eorpach atá sí bunaithe agus ar an síneadh meántéarmach a cuireadh léi suas le 2033, agus tá fás OTI fadtéarmach agus costais aosaithe fhadtéarmacha i gcomhréir leis an Tuarascáil Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón gComhairle maidir le hAosú dar teideal 2024 Ageing Report ( https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report‑economic-and‑budgetary-projections‑eu-member-states‑2022-2070_ga ).
(6)     https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and‑fiscal-governance/national-medium-term-fiscal-structural-plans_ga#portugal  
(7)    Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na Portaingéile, 26.11.2024, C(2024)9063 final.
(8)    Moladh ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha na Portaingéile, nár foilsíodh fós.
(9)    Níl an difríocht le feiceáil mar gheall ar shlánú.
(10)    Féach an Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na Portaingéile, 26.11.2024, C(2024)9063 final.
Top