Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0712

Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Danmhairge 

COM/2024/712 final

Strasbourg, 26.11.2024

COM(2024) 712 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Danmhairge 


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Danmhairge 

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, 

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de, 

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263, agus go háirithe Airteagal 17 de, 

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún, 

De bharr an mhéid seo a leanas: 

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach 1 , mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme 2 , agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát 3 , is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí. Leis an gcreat, cuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn agus dírítear ar an meántéarma, i gcomhcheangal le forfheidhmiú éifeachtach comhleanúnach na rialacha.

(2)Na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Ní mór dhá chuspóir a bhaint amach leis na pleananna: i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an teasnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Chuige sin, ní mór gealltanas meántéarmach i leith conair ghlanchaiteachais a chur isteach i ngach plean 4 , lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar an ngnáth-théarma reachtach i mBallstát). Ina theannta sin, ba cheart míniú a thabhairt sa phlean ar an gcaoi a náiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena náirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263.

(3)Tar éis an plean a thíolacadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu an gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263 nó nach gcomhlíonann.

(4)Tá an Chomhairle, ar mholadh a fháil di ón gCoimisiún, le moladh a ghlacadh ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, formhuiniú a dhéanamh ar an tsraith gealltanas um athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh.

BREITHNITHE A BHAINEANN LE PLEAN STRUCHTÚRACH FIOSCACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA DANMHAIRGE

Próiseas roimh thíolacadh an phlean

(5)An 20 Meán Fómhair 2024, rinne an Danmhairg a plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún.

Próiseas roimh thíolacadh an phlean

(6)Sular tíolacadh a plean, d’iarr an Danmhairg faisnéis theicniúil 5 , a chuir an Coimisiún ar fáil an 21 Meitheamh 2024, agus a d’fhoilsigh sé an 20 Meán Fómhair 2024 6 . Léirítear san fhaisnéis theicniúil leibhéal an chomhardaithe phríomha struchtúraigh in 2028 is gá chun a áirithiú go gcoinneofar ar bun an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI sa mheántéarma agus go bhfanfaidh an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun 60 % de OTI sa mheántéarma, in éagmais bearta buiséadacha breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin 4 bliana. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. Ullmhaíodh agus tarchuireadh an fhaisnéis theicniúil chuig na Ballstáit sa dá chás seo a leanas: cás lena náirítear comhsheasmhacht leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh 7 , i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2024/126, agus cás gan an choimirce sin. Leagtar amach san fhaisnéis theicniúil le haghaidh na Danmhairge, gur cheart, chun na rialacha fioscacha is infheidhme a chomhlíonadh le linn na tréimhse coigeartúcháin 4 bliana, agus bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin, gur cheart -1,4 % de OTI ar a laghad a bheith sa chomhardú príomha struchtúrach ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028; cás gan an choimirce athléimneachta easnaimh), de réir an tábla seo a leanas. Mar eolas, agus an choimirce athléimneachta easnaimh á cur san áireamh freisin, ba cheart -1,1 % de OTI ar a laghad a bheith sa chomhardú príomha struchtúrach ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Mar sin féin, ní ceanglas é an choimirce athléimneachta easnaimh le haghaidh na Danmhairge, tír atá incháilithe d’fhaisnéis theicniúil.

Tábla 1: Faisnéis theicniúil arna soláthar ag an gCoimisiún don Danmhairg

Bliain deiridh na tréimhse coigeartúcháin

2028

Luach íosta an chomhardaithe phríomha struchtúraigh (% de OTI), an cás gan an choimirce athléimneachta easnaimh

-1.4

Le haghaidh faisnéise amháin: Luach íosta an chomhardaithe phríomha struchtúraigh (% de OTI), an cás leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh

-1.1

Foinse: Ríomhanna an Choimisiúin

(7)I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an Danmhairg agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil i mí Mheán Fómhair 2024. Bhí an tidirphlé dírithe ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an Danmhairg agus ar na toimhdí bunúsacha a bhaineann léi (go háirithe fás féideartha agus an bhearna aschuir, mar aon le bearta lánroghnacha, lena náirítear bearta aonuaire), chomh maith leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus thosaíochtaí coiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir glas agus digiteach, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus méadú na gcumas cosanta.

(8)De réir na faisnéise a chuir an Danmhairg ar fáil ina plean, níor tharla próiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara náisiúnta ábhartha (lena náirítear comhpháirtithe sóisialta) sular tíolacadh é dá bhforáiltear in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2024/1263, i gcomhréir leis na forálacha idirthréimhseacha dá bhforáiltear in Airteagal 36(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263.

(9)Dearbhaítear sa phlean go ndéanann Comhairlí Eacnamaíocha na Danmhairge faireachán leanúnach ar chomhlíonadh spriocanna fioscacha agus go ndéanann siad measúnú ar inbhuanaitheacht an bheartais fhioscaigh, chomh maith leis an mbeartas eacnamaíoch ar bhonn níos ginearálta, cé nach dtugtar aon sonraí ann maidir lena rannchuidiú substaintiúil ná maidir leis an gcaoi ar tháinig an iarracht sin chun cinn sa phlean.

(10)Cuireadh an plean faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta tar éis a thíolactha.

Próiseas gaolmhar eile

(11)An 21 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na Danmhairge i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh 8 .

ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN AIR SIN

(12)I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas:

Comhthéacs: staid agus ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach

(13)Tháinig méadú 2,5 % ar ghníomhaíocht eacnamaíoch sa Danmhairg in 2023, arna spreagadh ag onnmhairí agus tomhaltas príobháideach. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh fás 2,4 % ar an ngeilleagar in 2024, mar gheall ar ghlan-onnmhairí agus tomhaltas príobháideach agus rialtais araon. In 2025, tiocfaidh méadú 2,5 % ar fhíor-OTI, de réir mar a leanfaidh tomhaltas agus infheistíocht phríobháideach agus rialtais de bheith ag bailiú nirt bhreise agus de réir mar a rannchuideoidh fardail mhéadaitheacha leis an bhfás ar bhonn dearfach. In 2026, meastar go dtiocfaidh méadú 1,8 % ar fhíor-OTI, de réir mar a leanfaidh na treochtaí dearfacha maidir le tomhaltas príobháideach agus infheistíocht phríobháideach ar aghaidh. Le linn na tréimhse réamhaisnéise (i.e. 2024-2026), meastar go laghdóidh fás OTI féideartha sa Danmhairg ó 2,1 % go 1,7 %, arna spreagadh ag laghdú ar an rannchuidiú ó shaothar féideartha de thionscnamh laghdú ar an líon daoine fostaithe. Ba é 5,1 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamh-mheasann an Coimisiún gurb é 5,8 % a bheidh ann in 2024 9 agus 5,8 % in 2025 agus 5,8 % in 2026. Réamh-mheastar go méadóidh an boilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó -3,8 % in 2023 go 1,6 % in 2024 agus go sroichfidh sé 2,2 % in 2025 agus 1,9 % in 2026.

(14)Maidir le forbairtí fioscacha, in 2023 is é a bhí i mbarrachas rialtais ginearálta na Danmhairge 3,3 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, sroichfidh sé 2,3 % de OTI in 2024 agus laghdóidh sé a thuilleadh go 1,5 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, laghdóidh sé go 0,9 % in 2026. Cuimsítear i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach dréachtbhuiséad na Danmhairge le haghaidh 2025 a mhol an rialtas don pharlaimint náisiúnta i mí Lúnasa 2024. Ba é 33,6 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, meastar go laghdóidh an cóimheas fiachais go 31,0 % de OTI ag deireadh 2024. Réamh-mheastar go laghdóidh sé go 29,3 % de OTI ag deireadh 2025 agus 28,3 % ag deireadh 2026. Sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha a bheith ina ngealltanais go dtí go mbeidh bearta nithiúla beartais mar bhonn taca leo, bearta a dhéanfar a fhógairt go hinchreidte agus a shonrú go leormhaith.

An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean

(15)Le plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Danmhairge, cumhdaítear an tréimhse 2025-2028 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair thar thréimhse 4 bliana.

(16)Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean.

(17)Leis an bplean, tugtar gealltanas i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 4,4 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2028. Tá an fhaisnéis theicniúil (ag glacadh leis go bhfuil conair coigeartúcháin línigh ann) comhsheasmhach le meánfhás glanchaiteachais 5,8 % i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028). Tuairiscítear go neascraíonn comhardú príomha struchtúrach 0,5 % 10 de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028) as an gconair ghlanchaiteachais ar tugadh gealltanas ina leith sa phlean. Is airde sin ná íosleibhéal an chomhardaithe phríomha struchtúraigh -1,4 % de OTI in 2028 a chuir an Coimisiún ar fáil san fhaisnéis theicniúil an 21 Meitheamh 2024 11 . Glactar leis sa phlean go méadóidh fás OTI féideartha ó 2,1 % in 2024 go 2,6 % in 2025 sula laghdóidh sé go 0,9 % faoi 2028. Ina theannta sin, meastar sa phlean go dtiocfaidh méadú 2,1 % in aghaidh na bliana ar ráta fáis an díbhoilsceora OTI ar an meán thar an tréimhse 2025-2028 agus go gcoinbhéirseoidh sé go 2,0 % faoi 2028.

Tábla 2: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na Danmhairge

2024

2025

2026

2027

2028

An meán i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an phlean

2025-2028

Fás glanchaiteachais 
(ar bhonn bliantúil, %)

7.2

5.0

5.7

3.8

2.9

4.4

Fás glanchaiteachais 
(ar bhonn carnach, ón mbonnbhliain 2023, %)

7.2

12.6

18.9

23.5

27.1

n/bh

Fás OTI féideartha ( %)

2.1

2.6

1.2

1.3

0.9

1.5

Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) ( %)

2.0

1.7

2.6

2.0

2.0

2.1

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Danmhairge agus ríomhanna an Choimisiúin.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta

(18)Dá dtiocfadh an chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean agus na toimhdí bunúsacha chun cinn, mhéadódh fiachas rialtais ghinearálta de réir a chéile, de réir an phlean, ó 32,8 % in 2024 go 35,6 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028), de réir an tábla seo a leanas. Tar éis an choigeartúcháin, sa mheántéarma (i.e. go dtí 2038), meastar go méadóidh an cóimheas fiachais a thuilleadh de réir a chéile, de réir an phlean, agus go sroichfidh sé 44,4 % de OTI in 2038.

Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na Danmhairge

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2038

Fiachas rialtais

(% de OTI)

33.6

32.8

31.4

32.7

33.9

35.6

44.4

Comhardú rialtais

(% de OTI)

3.3

1.9

1.0

0.4

0.3

-0.1

-0.8

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Danmhairge

Dá bhrí sin, de réir an phlean, d’fhanfadh an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI, sa mheántéarma. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an bhfiachas mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir leis an gcomhardú rialtais ghinearálta

(19)I bhfianaise chonair ghlanchaiteachais agus thoimhdí an phlean, thitfeadh barrachas rialtais ghinearálta de réir a chéile i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin, i dtreo easnamh 0,1 % de OTI faoi 2028. Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an teasnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean

(20)Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá éagsúil leis na toimhdí ón gCoimisiún a tarchuireadh chuig an Danmhairg an 21 Meitheamh 2024. Go sonrach, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean maidir le hocht nathróg, is iad sin an túsphointe (comhardú príomha struchtúrach in 2024), fás OTI féideartha, fás díbhoilsceora OTI, fás fíor-OTI, ráta úis ainmniúil, iolraitheoir fioscach, coigeartuithe sreafa stoic agus bearta aonuaire. Tugtar thíos measúnú ar na difríochtaí sin i dtoimhdí. Liostaítear thíos na difríochtaí idir na toimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar an meánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach difríocht a bhreithnítear ina haonar.

·Glactar leis sa phlean go mbeidh an comhardú príomha struchtúrach in 2024 níos ísle ná toimhdí an Choimisiúin. Rannchuidíonn sé sin leis an uasteorainn chaiteachais a ísliú, i.e. conair fáis ghlanchaiteachais i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Is féidir an toimhde is lú fabhar sa phlean a mhíniú trí spleáchas an phlean ar choincheap náisiúnta de bhearnaí aschuir atá éagsúil leis an modheolaíocht a comhaontaíodh go comhchoiteann agus a thugann le tuiscint rannchuidiú timthriallach níos airde. Cé go nimíonn an measúnú náisiúnta ar an mbearna aschuir go coincheapúil ón modheolaíocht a comhaontaíodh go comhchoiteann, comhthacaítear leis go pointe áirithe le meastacháin eile ar dhoichte an mhargaidh saothair agus ar bhrúnna acmhainneachta sa gheilleagar. Thairis sin, tá réamhaisnéis náisiúnta mhí Lúnasa 2024 bunaithe ar na sonraí is déanaí atá i gcomhréir le Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde is déine sin. 

·Glactar leis sa phlean gur airde fás OTI féideartha ná toimhdí an Choimisiúin. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is airde i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. An toimhde sin sa phlean is fabhraí ná toimhdí an Choimisiúin, is féidir í a mhíniú trí spleáchas an phlean ar mheastacháin náisiúnta atá éagsúil, ar bhonn coincheapúil, leis na meastacháin ón modheolaíocht a comhaontaíodh go comhchoiteann. Tá an plean bunaithe ar mheastachán náisiúnta ar bhearna aschuir dhearfach in 2024, ach tugtar le fios leis an modheolaíocht a comhaontaíodh go comhchoiteann go bhfuil bearna dhiúltach aschuir ann. Chun dúnadh na bearna aschuir a bhaint amach, tá an fás féideartha i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin níos airde sa phlean. Na rátaí fáis OTI fhéideartha is airde i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin, déantar iad a chúiteamh le rátaí fáis OTI fhéideartha is ísle ag ceann íochtair na tréimhse réamh-mheasta. Mar thoradh air sin, tá meastacháin na Danmhairge níos cobhsaí ná na meastacháin a eascraíonn as creat réamh-mheasta fiachais rialtais mheántéarmaigh de chuid an Choimisiúin, agus tá an fás carntha i gcaitheamh na tréimhse réamh-mheasta fós beagán níos ísle ná torthaí na modheolaíochta sin. Dá bhrí sin, i gcomhréir leis na forálacha idirthréimhseacha maidir leis na chéad phleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta mar a leagtar amach in Airteagal 36(1), pointe (f) de Rialachán (AE) 2024/1263, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin. 

·Glactar leis sa phlean gur ísle fás díbhoilsceora OTI ná toimhdí an Choimisiúin. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is ísle i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Is féidir an toimhde is faichillí sa phlean a mhíniú trí spleáchas an phlean ar réamhaisnéis náisiúnta mhí Lúnasa 2024 bunaithe ar na sonraí is déanaí. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

·Glactar leis sa phlean go mbeidh coigeartuithe sreafa stoic níos airde ar an meán ná toimhdí an Choimisiúin. Rannchuidíonn sé sin le meánfhás níos airde ar chóimheas fiachais le linn na tréimhse coigeartúcháin sa phlean agus, dá bhrí sin, le meánfhás glanchaiteachais is ísle le linn na tréimhse coigeartúcháin ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Is féidir an toimhde is faichillí sa phlean a mhíniú trí iasachtú rialtais d’eintitis tithíochta sóisialta atá aicmithe lasmuigh d’earnáil an rialtais agus trí úsáid a bhaint as sonraí is déanaí, i gcomhréir le réamhaisnéis náisiúnta mhí Lúnasa 2024. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin. 

·Glactar leis sa phlean gur airde bearta aonuaire ná toimhdí an Choimisiúin. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is airde i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Is féidir an toimhde is fabhraí sa phlean a mhíniú tríd an úsáid a bhaineann an plean as sonraí olltoraidh chun cáin tithíochta a bailíodh go hiomarcach a aisíoc. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

Na difríochtaí atá fágtha, níl tionchar mór acu ar an meánfhás glanchaiteachais i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Le chéile, rannchuidíonn siad le meánfhás glanchaiteachais is ísle sa phlean ná mar a tugadh le fios leis an bhfaisnéis theicniúil. Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn ar na difríochtaí uile sna toimhdí a ghlactar le chéile ná meánfhás glanchaiteachais sa phlean is ísle sa phlean ná an meánfhás glanchaiteachais a tugadh le fios leis an bhfaisnéis theicniúil. Thairis sin, ina plean, tugann an Danmhairg gealltanas i leith conair ghlanchaiteachais is ísle ná an uasteorainn sin. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean i measúnuithe amach anseo ar chomhlíonadh na conaire glanchaiteachais.

Straitéis fhioscach an phlean

(21)De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, tá na gealltanais maidir le glanchaiteachas comhsheasmhach le caiteachas méadaithe rialtais, go háirithe tosaíocht a thabhairt do sheirbhísí poiblí atá dírithe ar shaoránaigh, lena náirithítear go gcoigeartaítear an cistiú mar fhreagairt ar athruithe ar an gcomhdhéanamh déimeagrafach, lena náirítear an líon méadaitheach daoine scothaosta. Tá sé beartaithe ag an Danmhairg cumais chosanta a neartú, lena náiritheofar gur 2 % ar a laghad de OTI a bheidh sa chaiteachas cosanta agus slándála. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag an rialtas cánacha ioncaim phearsanta a laghdú a mbeidh ioncam cánach níos ísle mar thoradh orthu, agus an tathchóiriú ar cháin ioncaim phearsanta a thabhairt isteach de réir a chéile ó 2025 ar aghaidh. Tá sonraíocht na mbeart beartais atá le glacadh le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla. Sa bhuiséad a chuir an rialtas os comhair na parlaiminte náisiúnta i mí Lúnasa 2024 le haghaidh 2025, sonraítear na bearta beartais trína mbainfear amach an gealltanas glanchaiteachais le haghaidh 2025.

Cuspóirí athchóirithe agus infheistíochta sa phlean lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais

(22)Tugtar tuairisc sa phlean ar chuspóirí beartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí eile chun freagairt do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Tá 91 bheart sa phlean, a dtacaíonn an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le 11 cheann díobh, agus a gcistítear 5 cinn díobh le cistí an bheartais chomhtháthaithe.

(23)Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le haistriú cóir, glas agus digiteach, lena náirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, cuimsítear leis an bplean sraith chomhsheasmhach athchóirithe agus infheistíochtaí. Rannchuidíonn os cionn 30 beart leis na cuspóirí comhshaoil. Ar na bearta maidir le maolú ar an athrú aeráide, áirítear athchóiriú ar cháin ghlas ar an tionscal (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta), méadú ar an gcáin díosail agus athchóirithe agus infheistíochtaí ar ghabháil agus stóráil carbóin chun feabhas a chur ar an gcreat rialála agus glacadh na teicneolaíochta a mhéadú (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta). Cuimsítear sa phlean freisin bearta maidir le dícharbónú an iompair (moladh tírshonrach maidir le hiompar in 2019), maidir le hiompar de bhóthar agus eitlíocht araon. Ar na bearta maidir leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach (moltaí tírshonracha in 2022 agus 2023), áirítear plean gníomhaíochta nua maidir le dramhaíl phlaisteach, freagracht leathnaithe táirgeora maidir le pacáistíocht agus plaistigh aon úsáide. Ar na bearta maidir le truailliú a chosc agus a rialú, áirítear athchóirithe chun rialáil ceimiceán bithicídeach, lotnaidicídí agus substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile a mhéadú. Comhlánaítear iad le bearta chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí ón talmhaíocht (moladh tírshonrach maidir le beartas comhshaoil agus bainistiú acmhainní in 2024). Áirítear orthu sin comhaontú maidir le Danmhairg ghlas, le hathchóiriú cánach le haghaidh coibhéisí CO2 sa talmhaíocht, chomh maith le hinfheistíochtaí i dtiontú talún go limistéir nádúrtha agus feabhsuithe ar chleachtais talmhaíochta (cuid acu a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta). In éineacht leis an bPlean Muirí atá cothrom le dáta, rannchuidíonn na bearta sin le bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú. Cuimsítear sa phlean naoi mbeart chun tacú leis an aistriú digiteach (moltaí tírshonracha maidir leis an gcreat buiséadach agus rialachas fioscach in 2020, 2021, 2022 agus 2023). Áirítear orthu sin straitéis digitithe ina bhfuil 61 thionscnamh (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta), infheistíochtaí i ndigitiú seirbhísí poiblí agus i bhforbairt ardteicneolaíochtaí le haghaidh na hearnála poiblí, tacaíocht do chlaochlú digiteach cuideachtaí (cuid acu a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta agus cuid eile a fhaigheann tacaíocht ó chistí comhtháthaithe) agus infheistíochtaí chun feabhas a chur ar chumhdach leathanbhanda (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta).

(24)Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann leis an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena náirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuimsítear leis an bplean breis agus 40 tionscnamh. Is iad príomhthosaíochtaí an phlean sa réimse seo gnólachtaí agus fostaíocht na Danmhairge a neartú. Ar na bearta chun tacú le gnólachtaí (moladh tírshonrach maidir leis an taighde agus an nuálaíocht a eisíodh in 2019), áirítear méadú mór ar chistí chun tacú le gnólachtaí, pacáiste fiontraíochta, agus athchóirithe chun an asbhaint chánach don taighde agus don nuálaíocht a mhéadú (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta). Leagtar béim láidir sa phlean ar bheartais chun tacú le fostaíocht, lena náirítear athchóiriú ar cháin ioncaim phearsanta, roinnt athruithe ar an gcóras cúnaimh, an ceart chun borradh oideachais a bhuanú ag sochair dífhostaíochta 110 %, chomh maith le hathchóirithe chun rochtain ar shaothar idirnáisiúnta a mhéadú. Cuimsítear sa phlean freisin raon tionscnamh maidir le comhionannas deiseanna agus rochtain ar an margadh saothair. Ar na bearta maidir le hoideachas agus oiliúint (moladh tírshonrach in 2019), áirítear athchóirithe ar an mbunoideachas agus ar an ardoideachas agus infheistíochtaí chun feabhas a chur ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus ar fhoghlaim aosach, go háirithe maidir leis an aistriú glas (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta) (moladh tírshonrach maidir le scileanna in 2023). Cuimsítear sa phlean raon tionscnamh maidir le dálaí oibre córa, amhail athchóirithe chun feabhas a chur ar an timpeallacht oibre. Cuimsítear sa phlean raon tionscnamh maidir le cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta, le hathchóiriú ar Acht na Leanaí chun cearta leanaí a mhéadú, simpliú a dhéanamh ar chóras na sochar breoiteachta agus síneadh buan a chur leis an gcárta díolúine sóisialta ó 2025 ar aghaidh. Maidir le cúram sláinte (moladh tírshonrach in 2020), cuimsítear sa phlean athchóiriú ar an gcóras cúraim sláinte áitiúil chun pearsanra agus acmhainní cúraim sláinte a dháileadh ar bhealach níos fearr ar fud na Danmhairge, infheistíochtaí i síciatracht, i gcúram éigeandála agus i mbonneagar ospidéil. Comhlánaítear é sin le hathchóiriú ar an earnáil cúraim fhadtéarmaigh agus le hoiliúint foirne chun freastal ar dhaoine faoi mhíchumas. Ar na bearta maidir le tithíocht (moltaí tírshonracha in 2022 agus 2023), áirítear athchóiriú ar cháin tithíochta a tháinig i bhfeidhm in 2024 agus infheistíochtaí i dtithíocht shóisialta.

(25)Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann leis an tslándáil fuinnimh, cuimsítear sa phlean sraith chomhsheasmhach beart, agus freagraíonn siad uile do na moltaí tírshonracha maidir le fuinneamh inathnuaite, bonneagar fuinnimh agus líonraí a cuireadh faoi bhráid na Danmhairge in 2022 agus 2023. Ar na bearta chun infhaighteacht agus glacadh téimh ghlais a mhéadú, áirítear infheistíochtaí chun dlús a chur le leathadh amach an téimh ceantair agus dreasachtaí do theaghlaigh aistriú ó théamh gáis go téamh glas (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta). Maidir le breoslaí ísealcharbóin agus inbhuanaithe, cuimsítear sa phlean infheistíochtaí chun acmhainneacht leictrealóra 4-6 GW a thógáil faoi 2030, infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí ‘Cumhacht a thiontú go X’ a fhaigheann tacaíocht ó REACTEU agus ó na Cistí um Aistriú Cóir, agus dhá IPCEI maidir le hidrigin. Ar na bearta chun táirgeadh fuinnimh inathnuaite a mhéadú, áirítear athchóirithe chun dlús a chur le ceadú tríd an Tascfhórsa Náisiúnta um Ghéarchéim Fuinnimh (a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta), chomh maith le hinfheistíochtaí chun táirgeadh fuinnimh inathnuaite ar talamh a mhéadú faoi cheathair faoi 2030, chun táirgeadh gaoithe amach ón gcósta a mhéadú, lena náirítear le dhá oileán fuinnimh. Comhlánaítear iad sin le bearta chun athléimneacht an chórais leictreachais a threisiú, amhail leathnú na heangaí agus creat nuashonraithe le haghaidh cuideachtaí eangaí leictreachais. Ar na bearta chun foinsí soláthair a éagsúlú, lena gcumhdaítear an spleáchas ar bhreoslaí iontaise ó lasmuigh den Aontas a laghdú, áirítear infheistíochtaí chun eastóscadh gáis ó pháirceanna sa Danmhairg sa Mhuir Thuaidh a mhéadú go sealadach agus táirgeadh bithgháis a mhéadú.

(26)Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le cumais chosanta, cuimsítear sa phlean creatchomhaontú 10 mbliana maidir le cosaint na Danmhairge in 2024-2033 lena méadaítear caiteachas cosanta faoi DKK 190 billiún i gcaitheamh na tréimhse (a chomhfhreagraíonn do 0,7 % de OTI 2023 in aghaidh na bliana ar an meán). Ina theannta sin, leithdháil an Danmhairg breis agus DKK 60 billiún le haghaidh tacaíocht mhíleata don Úcráin idir 2023 agus 2028. Ar an iomlán, meastar go dtabharfaidh sé sin caiteachas bliantúil ar chosaint os cionn 2 % de OTI ó 2023 go dtí deireadh thréimhse an chreatchomhaontaithe.

(27)Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht, le cistí an bheartais chomhtháthaithe agus le Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na Danmhairge. Tá faisnéis sa phlean maidir le roinnt beart a chuimsítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta agus a chuireann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Luaitear sa phlean freisin bearta a mhaoinítear trí chistí struchtúracha agus tugtar roinnt faisnéis chomhthéacsúil ann maidir le hidirghníomhú chistí an bheartais chomhtháthaithe leis na beartais náisiúnta lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais agus ar mholtaí tírshonracha.

(28)Is é is aidhm don phlean rannchuidiú chun freastal ar riachtanais infheistíochta poiblí na Danmhairge a bhaineann le tosaíochtaí coiteanna an Aontais. Maidir le haistriú cóir glas agus digiteach, baineann riachtanais infheistíochta na Danmhairge lena gealltanas astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 70 % i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030 agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2045. Luaitear sa phlean freisin riachtanais infheistíochta a bhaineann leis an intleacht shaorga, le scileanna digiteacha agus le digitiú gnólachtaí. Maidir leis an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, baineann na riachtanais infheistíochta le hathruithe ar an déimeagrafaic, le fostaíocht agus scileanna a mhéadú chomh maith le soláthar seirbhíse poiblí maidir le leas. Na riachtanais infheistíochta a bhaineann leis an tslándáil fuinnimh, baineann siad le deireadh a chur de réir a chéile le gás, neamhspleáchas ó ghás na Rúise agus creat le haghaidh teicneolaíochtaí nua amhail ‘Cumhacht a thiontú go X’. Maidir le cosaint, cuimsítear sa phlean méadú ar chaiteachas cosanta go dtí os cionn 2 % de OTI, i gcomhréir le gealltanais ECAT. Comhlánaítear an tábla maidir le riachtanais infheistíochta le liosta cuimsitheach beart lena dtugtar aghaidh ar na tosaíochtaí coiteanna.

Conclúid mheasúnú an Choimisiúin

(29)Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na Danmhairge ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

CONCLÚID FHORIOMLÁN

(30)I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais, mar a leagtar amach sa phlean, a mholadh don Danmhairg.

AG MOLADH LEIS SEO don Danmhairg

1.A áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo. 

Ina theannta sin, iarrann an Chomhairle ar an Danmhairg a áirithiú go dtabharfar i gcrích athchóirithe agus infheistíochtaí a chomhfhreagraíonn do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha, agus go dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. 

IARSCRÍBHINN I

Uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais 
(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)

an Danmhairg

Blianta

2025

2026

2027

2028

Rátaí fáis (%)

Bliantúil

5.0

5.7

3.8

2.9

Carnach (*)

12.6

18.9

23.5

27.1

(*) Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2023.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj ).
(2)    Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj ).
(3)    Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj ).
(4)    Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(5)    Cuimsítear le réamhthreoir a tarchuireadh chuig na Ballstáit agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais faisnéis theicniúil i) le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin agus gan síneadh léi (lena gcumhdaítear 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach) agus ii) le coimirce athléimneachta easnaimh agus gan í. Cuimsítear inti freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáidtear i gcreat réamh-mheasta fiachais rialtais mheántéarmaigh de chuid an Choimisiúin. Ríomhadh an chonair thagartha ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear i dTuarascáil Faireacháin an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2023 ( https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-stainability-monitor-2023_ga ). Tá sí bunaithe ar Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún Eorpach agus ar a síneadh meántéarmach suas le 2033, agus tá costais fhadtéarmacha fáis agus aosaithe OTI i gcomhréir le Tuarascáil chomhpháirteach 2024 ón gCoimisiún agus ón gComhairle maidir le hAosú ( https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_ga ).
(6)     https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/national-medium-term-fiscal-structural-plans_ga#denmark
(7)    Bunaítear leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh a bhunaítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263 go bhfuil an feabhas bliantúil ar an gcomhardú príomha struchtúrach cothrom le 0,4 pointe céatadáin de OTI (nó 0,25 pointe céatadáin de OTI i gcás síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin) go dtí go mbeidh an teasnamh struchtúrach níos ísle ná 1,5 % de OTI.
(8)    Moladh ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha na Danmhairge, nár foilsíodh go fóill.
(9)    Is é modheolaíocht athraithe le haghaidh an tsuirbhé ar an bhfórsa saothair is mó is cúis leis an ardú ar an ráta dífhostaíochta in 2024.
(10)    Comhfhreagraíonn an figiúr sin don chomhardú príomha struchtúrach arna ríomh de réir modheolaíochta a comhaontaíodh go comhchoiteann. Níl an comhardú príomha struchtúrach a thuairiscigh an Danmhairg sa phlean inchomparáide go díreach leis an bhfaisnéis theicniúil toisc go bhfuil sé bunaithe ar thoimhdí teicniúla agus coincheapúla éagsúla, mar a mhínítear sa phlean, Bosca 2.2.
(11)    Sa chás gan an choimirce athléimneachta easnaimh.
Top