AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.10.2024
COM(2024) 458 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
de bhun Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le tabhairt isteach agus allmhairiú earraí cultúrtha (28 Meitheamh 2023 - 29 Meitheamh 2024)
Clár na nÁbhar
1.
RÉAMHRÁ
2.
CUSPÓIRÍ ATÁ LE BAINT AMACH
3.
AILTIREACHT AN TIONSCADAIL AGUS CUR CHUIGE PLEANÁLA
Céim 1 – An Coincheapú
Céim 2 – an Córas a fhorbairt
Céim 3 – Cur chun feidhme agus Oibriú
4.
FORLÉARGAS AR AN DUL CHUN CINN
Forbairt tionscadail
Modheolaíocht: cur chuige a úsáidtear chun an Córas ICG a chur chun feidhme
Pleanáil ardleibhéil
Iarratas ar Athruithe (RfCanna)
Sineirgí seachtracha
Comhar Inmheánach
Obair leis an nGrúpa Tionscadail maidir le ‘Digitiú Earraí Cultúrtha’
5.
RIOSCAÍ MAIDIR LE MOILLEANNA
Riosca 1 – Leithdháileadh foirne
Caingne maolaithe
6.
CONCLÚIDÍ
Iarscríbhinn I: Pleanáil straitéiseach ilbhliantúil
Iarscríbhinn II: Príomhchéimeanna tionscadail agus amlíne na ngarspriocanna criticiúla
GLUAIS
|
Cás Gnó
|
An doiciméad lena soláthraítear an bonn cirt leis an tionscadal TF agus lena sainmhínítear a riachtanais bhuiséadacha.
|
|
Doiciméad Físe
|
Sa Doiciméad Físe tugtar tuilleadh sonraí faoi na boinn tuisceana a rinneadh sa Doiciméad Cáis Gnó. Taifeadtar ann an chomhpháirtíocht agus an tuiscint ar an gcóras atá ag úinéir an chórais/soláthraí an chórais agus é seo á scríobh.
|
|
An Chairt Tionscadail
|
Cuirtear an Chairt Tionscadail in ionad an Doiciméid Físe de réir an ailínithe le modheolaíocht PM2/Agile an Choimisiúin. Taifeadtar ann an chomhpháirtíocht agus an tuiscint ar an gcóras atá ag úinéir an chórais/soláthraí an chórais agus é seo á scríobh.
|
|
Córas ICG
|
Córas Allmhairithe Earraí Cultúrtha - an córas leictreonach láraithe chun earraí cultúrtha a allmhairiú.
|
|
An Córas TRACES
|
Córas um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe - ardán ilteangach ar líne an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh deimhniú sláintíochta agus fíteashláintíochta. Déanfaidh sé córas ICG a óstáil freisin.
|
|
CSW-CERTEX AE
|
Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam
|
|
CAI
|
An Creat Airgeadais Ilbhliantúil; buiséad fadtéarmach an Aontais, a mhairfidh ó 2021 go 2027.
|
|
Samhaltú ar phróiseas gnólachta (BPM)
|
Samhaltú ar Phróiseas Gnólachta - leis an Samhaltú ar Phróiseas Gnólachta ar leibhéal an fheidhmchláir, cuirtear síos ar an bpróiseas gnólachta ina iomláine agus ar shreabhadh faisnéise an fheidhmchláir, rud a dhéanann ‘Samhaltú ar Phróiseas Gnólachta’ an Chórais a cruthaíodh le linn na céime ‘Sonraíocht an Chórais’ a chur i gcrích, chun riachtanais an fheidhmchláir féin a chur san áireamh.
|
|
Doiciméad maidir le Critéir Glactha Gnó (BAC)
|
An cháipéis maidir le Critéir Glactha Gnó
|
|
Amanna agus Modhanna Luaite i nGaireacht (PQTM)
|
Gar-mheastachán Amanna agus Acmhainní
|
1.RÉAMHRÁ
Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019
maidir le tabhairt isteach agus allmhairiú earraí cultúrtha (dá ngairfear ‘an Rialachán’ anseo feasta) chun cosc a chur ar thrádáil aindleathach in earraí cultúrtha, go háirithe nuair a chuireann sé le maoiniú gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, agus chun toirmeasc a chur ar allmhairiú earraí cultúrtha a onnmhairítear go neamhdhleathach ó thríú tíortha isteach i gcríoch custaim an Aontais.
Leis an Rialachán, cuirtear allmhairiú earraí cultúrtha áirithe a mheastar iad a bheith i mbaol mór (mar atá réada seandálaíochta agus codanna de shéadchomharthaí a sracadh óna chéile) faoi réir ceadúnais allmhairiúcháin agus i gcás earraí cultúrtha eile a mheastar baol níos lú a bheith ag bagairt orthu, cuirtear iad faoi réir ráiteas ó allmhaireoirí agus áirithítear go ndéantar rialuithe aonfhoirmeacha orthu nuair a allmhairítear isteach san Aontas iad. Tá allmhairí áirithe earraí cultúrtha atá beartaithe le haghaidh úsáidí sonracha (úsáidí oideachasúla, eolaíocha nó taighde) díolmhaithe ó na ceanglais dhoiciméadacha sin.
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid ar allmhaireoirí ceadúnas allmhairiúcháin a fháil nó ráiteas allmhaireora a dhréachtú agus a thíolacadh do chustam ach amháin ón nóiméad a thiocfaidh córas leictreonach láraithe (an córas ICG) i bhfeidhm.
Feidhmeoidh an córas ICG ní hamháin mar mhodh d’oibreoirí foirmiúlachtaí a bhaint amach, ach freisin chun faisnéis a stóráil agus a mhalartú idir údaráis na mBallstát atá i bhfeighil ar chur chun feidhme an Rialacháin (údaráis chustaim agus chultúrtha).
Braitheann feidhmiú chóras ICG ar Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399, lena soláthraítear bunús dlí d’fheidhmiú Mhalartú Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW-CERTEX AE).
Comhpháirt lárnach d’Ionad Ilfreastail AE is ea CSW-CERTEX AE agus tá sé forbartha ag an gCoimisiún chun Timpeallachtaí Ionaid Ilfhreastail náisiúnta le haghaidh custam a nascadh le córais nó le bunachair shonraí an Aontais lena mbainistítear ceanglais neamhchustaim ionas gur féidir le gach údarás ábhartha rochtain a fháil ar na sonraí ábhartha agus comhoibriú ar bhealach níos éasca ar sheiceálacha teorann.
Gach 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin agus, go dtí go dtiocfaidh an córas ICG i bhfeidhm, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcóras leictreonach sin a bhunú.
Tugadh breac-chuntas sa chéad tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn ar an mbeart a rinne a sheirbhísí sa chéad bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, is é sin: (a) an obair ullmhúcháin chun na forálacha cur chun feidhme is gá a ghlacadh, agus (b) na comhairliúcháin leis na Ballstáit tríd an nGrúpa Saineolaithe maidir le saincheisteanna custaim a bhaineann le hearraí cultúrtha agus leis an nGrúpa Tionscadal um allmhairiú earraí cultúrtha.
Sa dara tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn ón gCoimisiún cuireadh i láthair an dul chun cinn a baineadh amach trí ghlacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1079
ón gCoimisiún, chomh maith le rolladh amach Chéim 1 – ‘Coincheapú’ an tionscadail ICG, an obair a rinne an Grúpa Tionscadail a cruthaíodh chun na críche sin agus cur chun cinn an Cháis Ghnó agus an Doiciméid Físe don tionscadal ICG.
Cumhdaíodh sa tríú tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn ón gCoimisiún bailchríoch a chur ar an gcéad leagan den phacáiste Samhlacha Próiseas Gnó don chóras ICG; bailchríoch a chur ar dhoiciméad maidir le Critéir Glactha Gnó (BAC); agus cruthú scéalta úsáideoirí agus a n‑ailíniú leis na Critéir Glactha Gnó, fíorú na faisnéise a theastaíonn ó na forbróirí chun na feidhmiúlachtaí is gá a mheas agus a chur chun feidhme, is é sin na feidhmiúlachtaí is gá chun na riachtanais a chomhlíonadh.
Cumhdaíodh an méid seo a leanas sa cheathrú tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn ón gCoimisiún:
(a) tús a chur le forbairt an chórais ICG, i.e. na chéad eisiúintí inmheánacha, lena gcuimsítear an bonneagar feidhmiúil ginearálta, mar aon leis na príomhshreafaí oibre.
(b) leathnú na mbunfheidhmiúlachtaí chuig na cumais bhainistíochta iomlána agus sainmhíniú ar choincheapa feidhmiúla nua amhail an nós imeachta simplithe chun ceadúnas allmhairiúcháin a fháil le haghaidh allmhairí ina dhiaidh sin; iarratas a dhéanamh ar cheadúnas allmhairiúcháin a chumhdaíonn roinnt réad, iarratas ar cheadúnas a roinnt; nó gné coimre dlí tríú tíortha ICG (an Leabharlann).
(c) seoladh gníomhaíochtaí gnó le haghaidh chomhtháthú CSW-CERTEX AE, ionas go mbeidh rochtain ag lucht custaim ar cheadúnais allmhairiúcháin nó ar ráitis ón allmhaireoir trí CSW-CERTEX AE.
Sa chúigiú tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn seo cumhdaítear an tréimhse idir mí Iúil 2023 agus mí an Mheithimh 2024. Is é sin an tuarascáil deiridh sula gcuirfear an córas ICG i bhfeidhm sa dara ráite de 2025. Ar mhaithe le hiomláine, luaitear go hachomair anseo freisin na cuspóirí atá le baint amach, ailtireacht an tionscadail agus an cur chuige pleanála, a shonraítear sna tuarascálacha ar dhul chun cinn a tháinig roimhe seo. Tá achoimre ar an measúnú foriomlán ar an dul chun cinn atá déanta agus ar na rioscaí a sainaithníodh maidir le moill i rannán na gconclúidí den tuarascáil seo.
2.CUSPÓIRÍ ATÁ LE BAINT AMACH
Tá an córas ICG le teacht i bhfeidhm faoin 28 Meitheamh 2025 ar a dhéanaí, mar ar an dáta sin, éireoidh sé sainordaitheach do gach oibreoir ceadúnais allmhairiúcháin a fháil nó ráitis ón allmhaireoir a chur faoi bhráid lucht custaim tríd an gcóras leictreonach sin, ionas go mbeidh siad in ann catagóirí earraí cultúrtha atá sonrach ó thaobh dlí de a allmhairiú
isteach san Aontas.
Tá an tionscadal ag an tríú céim faoi láthair, ós rud é go bhfuil an chuid is mó den fhorbairt curtha i gcrích agus go bhfuil idirnascadh an chórais ICG le CSW CERTEX-AE faoi lán seoil. Ag an am céanna, eagrófar seisiúin oiliúna chun taithí a thabhairt d’údaráis na mBallstát ar fheidhmiúlachtaí oibriúcháin an chórais ICG.
Tá an tionscadal maidir le hallmhairiú earraí cultúrtha pleanáilte go mion freisin tríd an bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil maidir le Custam Leictreonach athbhreithniú 2023 (MASP-C athbhreithniú 2023, leagan 1.0). Soláthraítear sliocht as pleanáil an tionscadail maidir le hallmhairiú earraí cultúrtha ó MASP-C athbhreithniú 2023 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an tuarascáil seo (tábla 1 – Fiche comhdhlúite 1.18 ‘Digitiú Earraí Cultúrtha’), mar aon le sliocht as pleanáil CSW-CERTEX AE athbhreithniú 2023 ó Fiche Comhdhlúite MASP-C 1.13 (tábla 2).
3.AILTIREACHT AN TIONSCADAIL AGUS CUR CHUIGE PLEANÁLA
Mar a mhíníodh go hanailíseach sa chéad tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn, tá Ailtireacht an Tionscadail bunaithe ar an modheolaíocht dá bhforáiltear in MASP-C athbhreithniú 2023 agus na hIarscríbhinní lena mbaineann, lena n‑áirítear an Scéim Rialachais, Beartas AE um Shamhaltú ar Phróiseas Gnólachta Custaim agus an straitéis TF. Tá treochlár cuimsitheach, ina bhfuil na príomhchéimeanna tionscadail agus na garspriocanna criticiúla sonraithe in Iarscríbhinn II.
In ainneoin go bhfuil an tionscadal ag dul ar aghaidh ar leibhéil éagsúla an tráth céanna, is féidir é a roinnt go fíorach ina thrí phríomhchéim:
Céim 1 – An Coincheapú Ar dtús, ullmhaítear Cás Gnó ina soláthraítear údar an tionscadail agus ina sainítear riachtanais bhuiséadacha. Ina theannta sin, táirgtear Leibhéal 3 (riachtanais úsáideoirí BPManna) agus Leibhéal 4 (riachtanais fheidhmiúla BPManna), agus ina dhiaidh sin táirgtear Doiciméad Físe ina soláthraítear faisnéis níos mionsonraithe ar shainiú an tionscadail ó thaobh ailtireachta, costais, ama agus riosca, chomh maith le faisnéis amhail garspriocanna, táirgí insoláthartha agus eagrú tionscadail.
Céim 2 – an Córas a fhorbairt Ar bhonn fhorálacha an ghnímh cur chun feidhme, agus riachtanais úsáideoirí agus shonraíochtaí feidhmiúla an chórais, forbraítear sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcaoi a dtógfar an córas.
A luaithe a bheidh dearadh an chórais réidh ó thaobh an choincheapa de agus nuair a tháirgfear na táirgí insoláthartha atá liostaithe i dTábla 1, Garspriocanna 1 agus 3 (féach Iarscríbhinn I), cuirfear tús le hobair níos doimhne agus cuirtear gnéithe níos teicniúla san áireamh sna Sonraíochtaí Feidhmchláir agus Seirbhíse agus Doiciméid Sonraíochta an Chórais Theicniúil, (coincréitiú ar an gCás Gnó agus an Doiciméad Físe). Comhtháthófar ICG san ardán TRACES atá ann cheana agus dá bhrí sin athúsáidfear go pointe áirithe na sonraíochtaí, an ailtireacht, na teachtaireachtaí agus an comhéadan atá ann cheana.
Céim 3 – Cur chun feidhme agus Oibriú Cuirtear tús leis an gcéim forbartha iarbhír TF (Céim na Tógála), agus ina dhiaidh sin beidh an Chéim Aistrithe ann ina ndéanfar na leaganacha luatha den chóras ICG a rolladh amach de réir a chéile chuig na grúpaí éagsúla úsáideoirí agus déanfar tástálacha lena áirithiú, faoin 28 Meitheamh 2025, go mbeidh oibreoirí agus údaráis inniúla cumasach agus dea-oilte maidir le húsáid an chórais. Leanfaidh tréimhse iarchúraim 6 mhí an chéim sin, ina ndéanfar an córas a mhionchoigeartú chun freastal ar aon riachtanas oibríochtúla a d’fhéadfadh nach dtiocfadh sé chun solais go dtí gur sainordaitheach córas TF a úsáid, agus chun a áirithiú go n‑oibreoidh na hoibríochtaí go rianúil.
Ós rud é go mbeidh an córas ICG idirnasctha le córais chustaim na mBallstát trí CSW-CERTEX AE, beidh Tástáil Chomhréireachta ag teastáil don ghníomhaíocht sin. Cé gur beartaíodh an 3 Márta 2025 don dáta idirnaisc i dtosach, d’ullmhaigh an Coimisiún leasú ar Rialachán SWE-C an Aontais chun an dáta infheidhmeachta a ailíniú le dáta Rialachán (AE) 2019/880, i.e. faoin 28 Meitheamh 2025 ar a dhéanaí.
4.FORLÉARGAS AR AN DUL CHUN CINN
Forbairt tionscadail
Le linn na tréimhse tuairiscithe, rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le córas ICG a fhorbairt, agus maidir lena chomhtháthú le CSW-CERTEX AE. Le linn na tréimhse tuairiscithe, tugadh tús áite don chomhar leis na Ballstáit. Chun a áirithiú go rannchuideodh a n‑ionchur agus a n‑aiseolas le feabhsú leanúnach an chórais agus lena chur chun feidhme rathúil, eagraíodh roinnt cruinnithe oibre. Tharla siad siúd ar bhonn déthaobhach agus laistigh den Ghrúpa Tionscadail um Dhigitiú Earraí Cultúrtha.
Ba mhór an luach a bhí ar aiseolas luath ó na Ballstáit maidir leis an gcóras a bheachtú, rud a chuir ar chumas an Choimisiúin aghaidh a thabhairt ar ábhair imní agus moltaí a ionchorprú go héifeachtach. Tharla 4 léiriú bheo ar chóras ICG le linn na tréimhse tuairiscithe sin, agus bhí ról lárnach ag na Ballstáit maidir le haiseolas agus léargais a sholáthar lena linn. D’éascaigh rannpháirtíocht luath leo aiseolas luachmhar a bhailiú maidir le fréamhshamhlacha agus feidhmiúlachtaí, rud a d’fhág gur féidir feabhsuithe atriallacha a dhéanamh bunaithe ar chásanna úsáide san fhíorshaol. Ní hamháin gur chuir an cur chuige comhoibríoch sin feabhas ar inúsáidteacht an chórais ach d’fhág sé go raibh úinéireacht le brath sa tionscadal freisin.
Leanadh den dul chun cinn ar ghnéithe gnó agus teicniúla araon maidir le córas ICG agus cuireadh sonraíochtaí in oiriúint chun freastal ar na riachtanais athraitheacha. Trí na sonraíochtaí sin a choinneáil cothrom le dáta, chinntigh an tionscadal go raibh sé fós aclaí agus freagrúil do riachtanais athraitheacha. Leagadh béim láidir ar thástáil a dhéanamh ar an gcóras d’fhonn fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a thuar agus, ag an am céanna, eispéireas an úsáideora a fheabhsú agus an seans go dtarlódh saincheisteanna criticiúla tar éis an chuir chun feidhme a laghdú. Lean iarrachtaí comhtháthaithe le córas CSW-CERTEX AE de bheith ina dtosaíocht chun a áirithiú go mbeadh an cuspóir rialaithe custaim oibríochtúil de réir spriocdháta dlíthiúil an 28 Meitheamh 2025.
Tá modúil oiliúna á bhforbairt le linn na tréimhse tuairiscithe ag an gCoimisiún freisin maidir leis na rialacha nua allmhairiúcháin agus maidir leis an gcóras ICG, mar aon le lámhleabhar úsáideora don chóras ICG. Cuireann dearadh na n‑ábhar oiliúna agus forbairt an lámhleabhair úsáideora béim ar thiomantas an tionscadail a áirithiú go mbeidh an t‑eolas agus na hacmhainní is gá ag úsáideoirí deiridh chun an leas is fearr a bhaint as an gcóras go héifeachtach. Maidir le hábhair oiliúna, tá dhá mhodúl á bhforbairt: ceann amháin le haghaidh údaráis inniúla agus allmhaireoirí agus an dara ceann don lucht custaim.
Rinneadh dul chun cinn suntasach freisin maidir le coimre ICG a fhorbairt ina bhfuil próifílí gonta de reachtaíocht tríú tíortha maidir le ceanglais onnmhairiúcháin. Is é is aidhm don ghné Leabharlainne, mar a thugtar uirthi, den chóras ICG cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla, d’allmhaireoirí agus do chustaim iad féin a chur ar an eolas maidir leis na ceanglais bheachta a bhaineann le hearraí cultúrtha a onnmhairiú go dleathach as tríú tíortha. Chuige sin, rinneadh dian‑iarrachtaí chun an teimpléad a bheachtú agus a mhionchoigeartú chun a áirithiú go dtugann sé slán agus go cruinn na forálacha dlíthiúla ábhartha agus príomhshonraí eile na dtríú tíortha atá i gceist agus dréachtaíodh an chéad 12 phróifíl. Leanann an cleachtadh de bheith ag ullmhú tuilleadh próifílí tíre, i ndlúthchomhar le Comhairle Idirnáisiúnta na Músaem (ICOM), go háirithe maidir le tíortha ar eisigh an eagraíocht sin Liosta Dearg ina leith.
San am céanna, trí ghlacadh le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, is é is aidhm don tionscadal fanacht ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht trína fhéachaint an féidir feidhmiúlachtaí atá á ndíriú chun cinn ag an intleacht shaorga a chomhtháthú chun réada cultúrtha a shainaithint.
Modheolaíocht: cur chuige a úsáidtear chun an Córas ICG a chur chun feidhme
Is meascán é an cur chuige modheolaíochta a úsáidtear chun ICG a chur chun feidhme idir modheolaíochtaí agus cleachtais éagsúla sheirbhísí an Choimisiúin maidir le coincheapú, dearbhú cáilíochta, forbairt agus cur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, leis na cruinnithe inmheánacha tráthrialta agus na seisiúin taispeána is féidir fíorfheidhmiúlachtaí a phlé agus a chur chun feidhme, rud lena seachnaítear scáileáin bhréige róchasta. Leis an bpleanáil oiriúnaitheach éascaítear freagairt níos tapúla ar ionchais agus ar athruithe ar bhealach solúbtha.
Chun aiseolas éifeachtach a fháil ó úsáideoirí san am atá le teacht agus an córas a chur chun feidhme go rathúil, tabharfar cuireadh do na Ballstáit rannpháirtiú ar bhonn deonach a luaithe a bheidh leagan tástála ar fáil. Is é is aidhm don chur chuige comhoibríoch sin:
Rannpháirtíocht luath i gcás na bpáirtithe leasmhara: peirspictíochtaí agus léargais éagsúla a bhailiú a bheidh luachmhar chun an córas a bheachtú. Ag an am céanna, eagraíodh taispeántas cuimsitheach don mhargadh ealaíne, a cuireadh in oiriúint go sonrach dóibh, inar leagadh béim ar na príomhshreafaí oibre, agus aiseolas ábhartha á bhailiú ag an am céanna.
Comhoibriú a chothú: cur le córas níos láidre agus níos soláimhsithe don úsáideoir.
Dul i dtaithí go luath: Beidh an deis ag na Ballstáit taithí a fháil ar an gcóras go luath sa phróiseas forbartha, rud a chuideoidh leo feidhmiúlachtaí agus tairbhí an chórais a thuiscint roimh dháta an chuir chun feidhme iomláin.
Pleanáil ardleibhéil
Déantar na gnéithe ICG a rangú faoi chatagóirí éagsúla mar a léirítear thíos:
(a) ‘Bunghnéithe ICG agus bonn acu cheana in TRACES’: gnéithe riachtanacha ina n‑athúsáidfear feidhmiúlacht reatha;
(b) ‘Bunghnéithe ICG gan aon bhonn cheana in TRACES’: gnéithe riachtanacha le tógáil ón tús;
(c) ‘Gnéithe nach bunghnéithe ICG iad’: gnéithe atá tábhachtach ach nach bhfuil riachtanach;
(d) ‘Naisc sheachtracha’: gnéithe atá ag brath ar ionchuir sheachtracha;
(e) ‘Lasmuigh den raon feidhme’: gnéithe nach mbaineann leis an gcéad leagan den chóras ICG (e.g. an Intleacht Shaorga);
Tábla 1: Forbhreathnú ardleibhéil ar spriocanna infhaighteachta
Iarratas ar Athruithe (RfCanna)
De réir an Phróisis um Bainistiú Athruithe, aon uair a shainaithnítear athrú, cláraítear é sin i liosta Iarrataí ar Athruithe (RfC). Cé go bhfuil na gníomhaíochtaí forbartha ag dul ar aghaidh agus go bhfuil plé inmheánach ar siúl, aithníodh go leor athruithe atá le cur i bhfeidhm ag BPManna ICG Leibhéal 2-Leibhéal 4. Dá bhrí sin, tugtar an doiciméad BPManna agus BAC cothrom le dáta chun an stádas is déanaí i bhfianaise na leasuithe a léiriú. Cuirtear na Ballstáit ar an eolas faoi na hathruithe, ach ní raibh aon tionchar ag na modhnuithe orthu go dtí seo. Mar chuid de phróiseas an athbhreithnithe sheachtraigh, le linn an dara ráithe de 2024, iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú foirmiúil a dhéanamh ar na hathruithe uile a cuireadh chun feidhme go dtí an pointe sin agus aiseolas nó barúlacha a thabhairt de réir mar ba ghá. D’fhormheas na Ballstáit na hathruithe, tar éis dóibh a bheith curtha ar an eolas go tráthúil faoi na modhnuithe, a bhuí leis an dlúthchomhar a bunaíodh trí fhóraim éagsúla.
Sineirgí seachtracha
Le linn na tréimhse tuairiscithe, bhí an Coimisiún i ndlúth-theagmháil le heagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail UNESCO agus ICOM i gcomhthéacs próifílí ardchaighdeáin dlí tríú tíortha a chur i Leabharlann ICG, go háirithe le haghaidh tíortha an Liosta Dheirg).
Comhar Inmheánach
Tá comhar cuimsitheach ann idir seirbhísí an Choimisiúin atá freagrach as custaim agus sláinte agus atá freagrach as roinnt beartas atá fite fuaite ina chéile. Comhaontaíodh creat oibriúcháin an chomhair idir seirbhísí agus feabhsaíodh é a thuilleadh le linn na tréimhse tuairiscithe trí fhaireachán leanúnach.
Obair leis an nGrúpa Tionscadail maidir le ‘Digitiú Earraí Cultúrtha’
Chruthaigh an Coimisiún Grúpa Tionscadail Custaim um Dhigitiú Earraí Cultúrtha a fheidhmíonn mar fhóram plé do shaineolaithe údaráis chustaim náisiúnta agus údaráis inniúla (chultúrtha) na mBallstát a bhfuil taithí acu ar fhoirmiúlachtaí ceadúnaithe a chur i gcrích i gcúrsaí oidhreachta, go háirithe go digiteach. Chuir an Grúpa tacaíocht ar fáil le hullmhú an ghnímh cur chun feidhme, agus tá sé ag cuidiú le seirbhísí an Choimisiúin na paraiméadair a shainiú agus na critéir do shonraíochtaí feidhmiúla an chórais ICG a mhionsaothrú.
Faoi láthair tá an Grúpa Tionscadail
comhdhéanta de thoscairí ó 15 Bhallstát (AT, BE, BG, DK, DE, EE, EL, ES, FR, HU, IT, LV, NL, PT agus RO) agus tháinig sé le chéile 4 huaire go dtí seo (le linn na tréimhse tuairiscithe 29 Meitheamh 2022 – 28 Meitheamh 2023).
Le linn na tréimhse tuairiscithe sin, is iad na hábhair seo a leanas go príomha a rinne an Grúpa Tionscadail a scrúdú, agus a shaineolas agus a léargas a sholáthar ina leith:
·Rinneadh 4 thaispeántas i dtaobh an chórais ICG; le linn an chinn dheireanaigh (Meitheamh 2024) bhí an deis ag na Ballstáit córas ICG a thástáil i dtimpeallacht oiliúna, agus cuireadh ar an eolas iad freisin faoi réamhchlárú oibreoirí (chun insreabhadh mór iarrataí ar chlárú a sheachaint díreach roimh an dáta a mheastar an córas a bheith seolta i mbun feidhme go beo).
·Feidhmiúlacht a fháil amach, is é sin feidhmiúlacht an chórais ICG a thacaíonn le hallmhairiú sealadach earraí cultúrtha i ndíolúine ó cheanglais cheadúnúcháin i gcomhthéacs aontaí ealaíne tráchtála, lena n‑áirítear sásra le haghaidh rialuithe leantacha ar na hallmhairí díolmhaithe ag na húdaráis inniúla agus sásra foláirimh i gcás inar sáraíodh téarmaí na díolúine.
·An teimpléad don choimre dlí tríú tíortha a shainiú, chun cabhrú le húsáideoirí ICG na dlíthe onnmhairiúcháin i dtríú tíortha a shainaithint.
·Bailchríoch a chur ar mhodúl an Chomhair Riaracháin, lena gceadaítear d’údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a mhalartú maidir le doiciméid a bhainistítear in ICG.
·Comhar leis na Ballstáit maidir leis na seirbhísí nó na ranna a d’ainmnigh siad mar údaráis inniúla ina gcríoch (lena gcur san áireamh in ICG).
·Dul chun cinn maidir leis na hábhair oiliúna do chóras ICG, lena n‑áirítear lámhleabhar úsáideora ICG, chun a áirithiú go mbeidh an t‑eolas agus na scileanna is gá ag úsáideoirí chun an córas a oibriú go héifeachtúil.
·An t‑aiseolas ó na Ballstáit a ionchorprú maidir le sreafaí oibre nithiúla amhail: Sreabhadh oibre scoilte, sreabhadh oibre lena mbaineann diúltú i bpáirt, ríomhshéala, ráiteas ón allmhaireoir a eisiúint chun críche aonaigh ealaíne tráchtála agus an tréimhse ama ghaolmhar don chead isteach sealadach, etc.
·Comhar maidir leis na gníomhaíochtaí aistriúcháin a bheidh ann amach anseo do chóras ICG, chun é a chur ar fáil i dteangacha uile an Aontais, rud a áiritheoidh cuimsitheacht agus inrochtaineacht do gach úsáideoir.
·Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit maidir leis an ICG a leathnú amach anseo chun an réimse onnmhairiúcháin a chur san áireamh, rud a chinnteodh cosaint chomhionann don oidhreacht chultúrtha Eorpach agus don oidhreacht chultúrtha dhomhanda. Áirítear an méid seo a leanas ar roinnt samplaí de chomhairliúchán leis na Ballstáit maidir leis an réimse onnmhairiúcháin: an cleachtas ceadúnais oscailte a eisiúint, réiteach digiteach a bheith ann chun na deimhnithe onnmhairiúcháin a láimhseáil i réimse na n‑earraí cultúrtha, sreafaí oibre ar an leibhéal náisiúnta, etc.
Ina theannta sin, le linn na tréimhse tuairiscithe agus ós rud é gur cruthaíodh feidhmiúlachtaí nua agus gur cuireadh leis an gcóras iad, rinne foireann forbróirí ICG taispeántas don Ghrúpa Saineolaithe ar shaincheisteanna custaim a bhaineann le hearraí cultúrtha agus don Ghrúpa Saineolaithe ‘Dialóg leis an Margadh Ealaíne’ chun aiseolas a fháil ar chur chun feidhme na ngnéithe nua. Rinneadh 3 thaispeántas i gcomhthéacs an Ghrúpa Tionscadail um Dhigitiú Earraí Cultúrtha, agus an ceathrú ceann leis an nGrúpa Gnó Custaim (CBG), i bhfianaise a thábhachtaí atá sé eolas a thabhairt do na Ballstáit uile ar thimpeallacht tástála ICG seachas díreach do chomhaltaí an Ghrúpa Tionscadail.
5.RIOSCAÍ MAIDIR LE MOILLEANNA
Riosca 1 – Leithdháileadh foirne
Ní dhearna foráil sa togra tosaigh ón gCoimisiún maidir le córas TF a chruthú. Mar sin, níor leithdháileadh acmhainní dá réir. Mar sin féin, le linn na caibidlíochta agus ar iarratas ó na comhreachtóirí, áiríodh cruthú an chórais ICG sa Rialachán, inar iarradh acmhainní breise gan choinne ag an bpointe sin. Measadh, tráth na gcruinnithe tríthaobhacha polaitiúla deiridh i mí na Nollag 2018, gur dhá phost Riarthóra lánaimseartha a bheadh i gceist le riachtanais an tionscadail 6 bliana sin i dtéarmaí pearsanra forbartha TF. Chun an riosca sin a mhaolú go páirteach, sannadh comhairleoir inmheánach PQTM ó R4 2023 chun tacú leis an Riarthóir atá i gceannas. Tá sé seo beartaithe chun tacaíocht bhreise a sholáthar, ós rud é nach n‑oibríonn an riarthóir agus an comhairleoir PQTM araon ach go páirteach ar an tionscadal ICG.
In ainneoin na srianta, tá an Coimisiún tiomanta an tionscadal a chur i gcrích laistigh den tréimhse ama atá leagtha síos, rud a chinnteoidh go gcomhlíonfar na ceanglais rialála. Sainordaítear leis an gcreat dlíthiúil nach mór an córas a choinneáil ar bun agus a oibriú go leanúnach a luaithe a bhunófar é. Dá bhrí sin, tá leithdháileadh leanúnach acmhainní riachtanach le haghaidh iarchúram cuí. Dá scoirfí den tacaíocht, bheadh tionchar diúltach aige sin ar chomhlíonadh na gceanglas dlíthiúil.
Trí fhoireann thiomnaithe a choinneáil ar bun, soláthrófar leanúnachas riachtanach, agus bainfear an leas is fearr as saineolas le haghaidh tacaíocht láithreach agus feabhsuithe amach anseo araon, agus ar an gcaoi sin áiritheofar iontaofacht agus inoiriúnaitheacht fhadtéarmach do réimse foriomlán na n‑earraí cultúrtha, lena n‑áirítear allmhairiú agus, amach anseo, onnmhairiú.
Caingne maolaithe
Tuairiscíodh an riosca go hinmheánach.
6.CONCLÚIDÍ
Is í an tuarascáil seo ar dhul chun cinn an ceann deireanach den tsraith ós rud é go mbeidh córas ICG oibríochtúil agus go mbeidh Rialachán (AE) 2019/880 infheidhme go hiomlán an 28 Meitheamh 2025.
Is féidir achoimre a dhéanamh ar na príomhghníomhaíochtaí chun an córas ICG a fhorbairt ar ndearnadh iad le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an gcúigiú tuarascáil ar dhul chun cinn mar seo a leanas:
·Rinneadh dul chun cinn nach beag le linn na tréimhse tuairiscithe i bhforbairt an chórais ICG agus ina chomhtháthú le CSW-CERTEX AE. Bhí comhar leis na Ballstáit ina thosaíocht i rith an ama, lena mbaineann rannpháirtíocht luath chun taithí ar chóras ICG agus aiseolas a fháil, rannpháirtíocht a d’imir ról ríthábhachtach maidir lena fheidhmiúlachtaí a bheachtú. Reáchtáladh 4 thaispeántas bheo, rud a chuir ar chumas na mBallstát a bheith rannpháirteach go gníomhach sa phróiseas agus léargais agus aiseolas a bhí luachmhar a chur ar fáil, as ar eascair feabhsuithe atriallacha agus inúsáidteacht fheabhsaithe.
·Comhaontaíodh agus tugadh chun críche roinnt coincheap feidhmiúil ICG, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, chun ullmhacht an chórais a áirithiú laistigh den spriocdháta dlíthiúil.
·Leagadh béim láidir ar thástáil chun saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus chun eispéireas an úsáideora a fheabhsú, rud a laghdaíonn an dóchúlacht go mbeadh fadhbanna criticiúla ann tar éis an chuir chun feidhme.
·Ina theannta sin, rinneadh dul chun cinn maidir le próifílí tríú tíortha a fhorbairt do choimre dlí ICG (an Leabharlann), le dian‑iarrachtaí an teimpléad a bheachtú chun forálacha dlíthiúla onnmhairiúcháin agus príomhshonraí eile do na tíortha spriocdhírithe a chuimsiú go cruinn.
·Leagadh béim le linn na tréimhse freisin ar ábhair oiliúna chuimsitheacha a fhorbairt, lena n‑áirítear lámhleabhar úsáideora, chun a áirithiú go mbeidh na húsáideoirí deiridh dea-fheistithe. Tá dhá mhodúl oiliúna beartaithe: ceann amháin le haghaidh údaráis inniúla agus allmhaireoirí, agus ceann eile don lucht custaim.
·Na haistriúcháin don chóras ICG a phleanáil i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, chun na scileanna teanga ábhartha agus an t‑eolas cultúrtha ábhartha is gá chun a áirithiú go ndéanfar téarmaí teicniúla a aistriú go cruinn.
·Bhí comhtháthú le córas CSW-CERTEX AE fós ina phríomhthosaíocht chun a áirithiú go mbeidh an rochtain uile is gá ag lucht custaim ar fhaisnéis chun críocha rialaithe laistigh den spriocdháta dlíthiúil. Déantar iarrachtaí leanúnacha chun feabhas a chur ar iontaofacht an chórais agus ar shástacht úsáideoirí trí dhiantástáil, lena ndírítear ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann roimh an gcur chun feidhme a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu.
·Bailchríoch a chur ar an sásra um Chomhar Riaracháin, lena gcuirtear ar chumas údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a mhalartú maidir le doiciméid a bhainistítear laistigh de chóras ICG.
Iarscríbhinn I: Pleanáil straitéiseach ilbhliantúil
Cinntítear leis an MASP-C bainistíocht éifeachtach agus chomhleanúnach ar thionscadail TF trí chreat straitéiseach agus garspriocanna a leagan amach laistigh de na spriocdhátaí dlíthiúla arna mbunú sa reachtaíocht. Is iad na Ballstáit sa Ghrúpa um Beartas Custaim (CPG) a dhéanann é a fhormhuiniú ar deireadh bunaithe ar chomhairle a sholáthraíonn an Grúpa Comhordaithe Custaim Leictreonach (ECCG) agus comhairliúcháin le trádáil ag an nGrúpa Teagmhála Trádála (TCG).
Tá an phleanáil don chóras leictreonach pléite agus formheasta ag na Ballstáit agus tá cur síos mionsonraithe uirthi in Fiche 1.18. MASP-C athbhreithniú 2023.
I dTábla 1 thíos soláthraítear sliocht as pleanáil an tionscadail maidir le hallmhairiú earraí cultúrtha ó Fiche 1.18 MASP-C athbhreithniú 2023.
|
Tábla 1 - Sliocht as MASP-C athbhreithniú 2023 Fiche 1.18
|
|
|
Garspriocanna
|
Dáta críochnaithe measta
|
|
1
|
Anailís Gnó agus Samhaltú Gnó
|
|
|
|
- Doiciméad Cáis Gnó
|
R4 2020
|
|
|
- Leibhéal 3 (Riachtanais Úsáideoirí BPM)
|
R3 2021
|
|
|
- Leibhéal 4 (Ceanglas Feidhmiúil BPM mionsonraithe)
|
R3 2021
|
|
2
|
Forálacha Dlíthiúla
|
|
|
|
- Na forálacha atá ann faoi láthair arna nglacadh*
|
R2 2019
|
|
|
- Forálacha don am atá le teacht arna nglacadh**
|
R2 2021
|
|
3
|
Céim Thionscnaimh an Tionscadail
|
|
|
|
- Doiciméad Físe
|
R2 2021
|
|
|
- Cinneadh ‘Gabh ar Aghaidh’
|
R2 2021
|
|
4
|
Tionscadal TF
|
|
|
|
- Sonraíochtaí Feidhmchláir & Seirbhíse
|
R2 2023
|
|
|
- Sonraíochtaí maidir leis an gCóras Teicniúil
|
R2 2023
|
|
|
Céim na Tógála
|
|
|
|
- Cur chun feidhme na seirbhísí lárnacha
|
R3 2024
|
|
|
- Comhtháthú seirbhíse i gCórais Náisiúnta
|
N/B
|
|
|
- Cur chun feidhme náisiúnta
|
N/B
|
|
|
Céim Aistrithe
|
|
|
|
- Imlonnú agus rolladh amach
|
R4 2024
|
|
|
- Tástálacha Comhréireachta
|
R2 2025
|
|
5
|
Oibríocht
|
|
|
|
- An Coimisiún, Údaráis na mBallstát agus Trádálaithe
|
R2 2025
|
|
|
- Tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus trádálaithe nach trádálaithe den Aontas Eorpach iad (más gá)
|
N/B
|
|
6
|
Tacaíocht cur chun feidhme (oiliúint agus cumarsáid)
|
|
|
|
- Oiliúint agus cumarsáid arna forbairt go lárnach
|
R4 2024
|
|
|
- Oiliúint agus cumarsáid náisiúnta
|
R4 2024
|
*Tagraíonn forálacha reatha do Rialachán (AE) 2019/880
**Le forálacha don am atá le teacht, tagraítear do na forálacha cur chun feidhme atá le glacadh de réir Rialachán (AE) 2019/880
Soláthraítear i dTábla 2 sliocht as tionscadal CSW-CERTEX AE, le fócas ar Chomhpháirt 2 de thionscadal CERTEX-CSW AE, ag idirnascadh an chórais ICG.
|
Tábla 2 - Sliocht as MASP-C athbhreithniú 2023 Fiche 1.13 – Comhpháirt 2 ‘CSW-CERTEX AE’
|
|
|
Garspriocanna
|
Dáta críochnaithe measta
|
|
1
|
Anailís Gnó agus Samhaltú Gnó
|
|
|
|
- Doiciméad Cáis Gnó
|
R1 2017
|
|
|
- Iarscríbhinn maidir le Cás Gnó
|
R4 2023
|
|
|
- Leibhéal 3 (Riachtanais Úsáideoirí BPM)
|
R1 2024
|
|
|
- Leibhéal 4 (Ceanglas Feidhmiúil mionsonraithe BPM)
|
R1 2024
|
|
2
|
Forálacha Dlíthiúla
|
|
|
|
- Na forálacha atá ann faoi láthair arna nglacadh*
|
I bhfeidhm
|
|
|
- Forálacha don am atá le teacht arna nglacadh**
|
2022
|
|
3
|
Céim Thionscnaimh an Tionscadail
|
|
|
|
- Doiciméad Físe
|
R3 2017
|
|
|
- Cairt an Tionscadail
|
R4 2023
|
|
|
- Cinneadh ‘Gabh ar Aghaidh’
|
R4 2023
|
|
4
|
Tionscadal TF
|
|
|
|
- Sonraíochtaí Feidhmiúcháin & Seirbhíse
|
R2 2024
|
|
|
- Sonraíochtaí maidir leis an gCóras Teicniúil
|
R2 2024
|
|
|
Céim na Tógála
|
|
|
|
- Cur chun feidhme na seirbhísí lárnacha
|
R3 2024
|
|
|
- Comhtháthú seirbhíse i gCórais Náisiúnta
|
Ó R4 2024 ar aghaidh
|
|
|
- Cur chun feidhme náisiúnta
|
Ó R4 2024 ar aghaidh
|
|
|
Céim Aistrithe
|
|
|
|
- Imlonnú agus rolladh amach
|
R4 2024
|
|
|
- Tástálacha Comhréireachta
|
Ó R4 2024 ar aghaidh
|
|
5
|
Oibríocht
|
|
|
|
- An Coimisiún, údaráis na mBallstát agus Trádálaithe (NB: Is é seo an dáta Oibríochtaí don Choimisiún, déanfaidh na Ballstáit tástáil chomhréireachta ó R2 2020)
|
R1 2025
|
|
|
- Tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus trádálaithe nach trádálaithe den Aontas Eorpach iad (más gá)
|
N/B
|
|
6
|
Tacaíocht cur chun feidhme (oiliúint agus cumarsáid)
|
|
|
|
- Oiliúint agus cumarsáid a forbraíodh go lárnach
|
N/B
|
|
|
- Oiliúint agus cumarsáid náisiúnta
|
N/B
|
*Tagraíonn forálacha reatha do Rialachán (AE) 2019/880
**Le forálacha don am atá le teacht tagraítear do na forálacha cur chun feidhme atá le glacadh de réir Rialachán (AE) 2019/880
Iarscríbhinn II: Príomhchéimeanna tionscadail agus amlíne na ngarspriocanna criticiúla