Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0401

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh - bliain airgeadais 2023

    COM/2024/401 final

    An Bhruiséil,19.6.2024

    COM(2024) 401 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

    CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ












































    Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh - bliain airgeadais 2023


    Ní bheidh an Coimisiún Eorpach faoi dhliteanas i leith aon toradh a d’fhéadfadh a bheith ar athúsáid an fhoilseacháin seo.

    Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024

    © an tAontas Eorpach, 2024

    Déantar beartas athúsáide an Choimisiúin Eorpaigh a chur chun feidhme le Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L  330, 14.12.2011, lch. 39). Ach amháin má shonraítear a mhalairt, údaraítear an doiciméad seo a athúsáid faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC  BY 4.0) ( https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/ ). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear a nathúsáid ar choinníoll go dtugtar an chreidiúint chuí agus go léirítear aon athrú a dhéantar.

    Le haghaidh míreanna nach bhfuil faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh a úsáid nó a atáirgeadh, d'fhéadfadh sé gur ghá cead a iarraidh go díreach ar shealbhóirí an chóipchirt.

    Gach grianghraf © An tAontas Eorpach, mura dtugtar a mhalairt le fios.

    Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh – Imleabhar I – bliain airgeadais 2022

    Priontáil    ISBN <xxx-xx-xx-xxxxx-x>    ISSN <xxxx-xxxx>    doi:10.<xxxx/xx...x>    <xx-xx-xx-xxx-xx-x>

    PDF    ISBN <xxx-xx-xx-xxxxx-x>    ISSN <xxxx-xxxx>    doi:10.<xxxx/xx...x>    <xx-xx-xx-xxx-xx-x>

    Ar fáil ag:

    Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh – Imleabhar II – Iarscríbhinní – bliain airgeadais 2023

    Priontáil    ISBN <xxx-xx-xx-xxxxx-x>    ISSN <xxxx-xxxx>    doi:10.<xxxx/xx...x>    <xx-xx-xx-xxx-xx-x>

    PDF    ISBN <xxx-xx-xx-xxxxx-x>    ISSN <xxxx-xxxx>    doi:10.<xxxx/xx...x>    <xx-xx-xx-xxx-xx-x>

    Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh – Imleabhar III – Iarscríbhinní teicniúla – bliain airgeadais 2023

    Priontáil    ISBN <xxx-xx-xx-xxxxx-x>    ISSN <xxxx-xxxx>    doi:10.<xxxx/xx...x>    <xx-xx-xx-xxx-xx-x>

    PDF    ISBN <xxx-xx-xx-xxxxx-x>    ISSN <xxxx-xxxx>    doi:10.<xxxx/xx...x>    <xx-xx-xx-xxx-xx-x>

    Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh

    bliain airgeadais 20233

    Imleabhar I

    Is éard atá i dTuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh – Bliain Airgeadais 2023, in éineacht leis na hiarscríbhinní a ghabhann léi, rannchuidiú príomha an Choimisiúin leis an nós imeachta bliantúil um urscaoileadh ( 1 ) trína ndéanann Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh faireachán ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais. Comhlíontar léi oibleagáidí an Choimisiúin faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ( 2 ) agus an rialachán airgeadais ( 3 ). Is freagracht chomhroinnte é cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, trína mbíonn an Coimisiún ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe agus eagraíochtaí eile.

    Tá an tuarascáil comhdhéanta de thrí imleabhar.

    ·Le hImleabhar I, soláthraítear na príomhfhíorais agus na príomhéachtaí i ndáil le bainistíocht buiséadach le haghaidh 2023.

    ·Le hImleabhar II, cuirtear tuairisc níos cuimsithí i láthair maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais. Tugtar forbhreathnú in Iarscríbhinn 1 ar fheidhmíocht Bhuiséad an Aontais Eorpaigh in 2023 ó thaobh 6 thosaíocht an Choimisiúin le haghaidh 2019-2024 a bhaint amach agus tosaíochtaí beartais cothrománacha (’príomhshruthú’) a chomhtháthú go córasach i mbuiséad an Aontais. Tugtar forbhreathnú ardleibhéil in Iarscríbhinn 2 ar na nósanna imeachta um rialú inmheánach agus um bainistíocht airgeadais. Cumhdaítear in Iarscríbhinn 3 gnéithe feidhmíochta agus comhlíontachta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, ionstraim lárnach chlár athléimneachta NextGenerationEU an Aontais.

    ·Tá iarscríbhinní teicniúla in Imleabhar III lena dtacaítear leis an tuarascáil. Áirítear ann Iarscríbhinn 4, ina bhfuil faisnéis mhionsonraithe maidir le feidhmíocht ar bhonn clár ar chlár sna ‘ráitis ar fheidhmíocht cláir’.

    Tá an tuarascáil seo mar chuid den phacáiste níos leithne maidir le tuairisciú airgeadais agus cuntasachta comhtháite ( 4 ), lena náirítear freisin na cuntais chomhdhlúite bhliantúla ( 5 ), tuar fadtéarmach na sreafaí isteach agus amach lena gcumhdófar na 5 bliana ( 6 ) seo chugainn, an tuarascáil ar iniúchtaí inmheánacha ( 7 ) agus an tuarascáil ar an obair leantach ar urscaoileadh na bliana roimhe ( 8 ).

    Ábhar

    Baineann buiséad an Aontais a chuid tosaíochtaí amach i dtráth géarchéime    

    Pleananna athbhreithnithe téarnaimh agus athléimneachta lena spreagtar athchóiriú agus infheistíocht spriocdhírithe    

    Cinntítear le huirlisí éifeachtacha go ndéantar dea-bhainistiú agus cosaint ar bhuiséad an Aontais    

    Leanann an córas coinníollachta de bheith ag rannchuidiú leis an gcosaint ar leasanna airgeadais an Aontais    

    Conclúid na bainistíochta    

    Coimeád an leathanach seo folamh go dtí go mbeifear réidh le foilsiú.

    Sula bhfoilsítear é, bain an bharúil seo agus más uimhir chorr atá ar an leathanach seo, bain an leathanach folamh seo freisin.

    Baineann buiséad an Aontais a chuid tosaíochtaí amach i dtráth géarchéime

    Réamhrá

    Le linn théarma seo an Choimisiúin, chonacthas sraith géarchéimeanna nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo lena n‑éilítear réitigh thapa agus éifeachtacha chun beatha agus slite beatha daoine san Aontas Eorpach a chosaint. Bliain shuntasach eile a bhí in 2023, inar lean an tAontas de mhianta a shaoránach a chomhlíonadh agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin de réir mar a tháinig siad chun cinn. Ag an am céanna, lean an Coimisiún Eorpach den chúrsa ar na sé thosaíocht a leagadh amach ag tús a théarma agus cheap sé réitigh chuimsitheacha, go háirithe maidir leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach araon.

    Tá an buiséad fadtéarmach is cumhachtaí riamh ag an Aontas, mar aon leis an mórphlean téarnaimh NextGenerationEU. Tá an plean sin i gcroílár fhreagairt an Aontais ar iarmhairtí phaindéim COVID-19. Tá claochlú eacnamaíoch an Aontais á spreagadh aige freisin.

    Is é atá i bplean téarnaimh NextGenerationEU don Eoraip clár EUR 807 mbilliún an Aontais chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch ó thionchar phaindéim COVID-19 agus chun todhchaí níos glaise, níos digití agus níos athléimní a thógáil ( 9 ). 90 % de bhuiséad NextGenerationEU atá sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Is é atá sa tsaoráid ionstraim mhaoinithe ar bhonn feidhmíochta lena dtugtar an tsolúbthacht do na Ballstáit na hathchóirithe agus infheistíochtaí a dhearadh agus a chur chun feidhme is fearr a fhreastalóidh ar a riachtanais náisiúnta, mar a shainaithnítear ar leibhéal an Aontais freisin, agus na cuspóirí atá leis an gclaochlú glas agus an claochlú digiteach a urramú go hiomlán.

    De réir mar a théarnaigh an tAontas ó éifeachtaí na paindéime agus de réir mar a lean sé de gheilleagar níos iomaíche agus níos athléimní a thógáil, ghéaraigh cogadh ionsaitheach na Rúise san Úcráin in 2023, agus raon leathan iarmhairtí tubaisteacha ag baint leis. Chuaigh an staid gheopholaitiúil in olcas níos mó tar éis na n‑ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinne Hamas ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair, agus ina dhiaidh sin cogadh iomlán in Gaza a raibh tionchar tubaisteach aige ar an staid dhaonnúil ansin. Le buiséad an Aontais agus NextGenerationEU, cuireadh ar chumas an Aontais tacú leis an Úcráin agus aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na gcogaí san Eoraip agus sa Mheánoirthear, lena n‑áirítear an cur isteach ar mhargaí fuinnimh agus boilsciú ard, mar aon le tubaistí nádúrtha agus géarchéimeanna daonnúla.

    Cé go raibh ról láidir agus éifeachtach ag buiséad an Aontais maidir le haghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna gan choinne le blianta beaga anuas, tá teorainn leis an méid is féidir leis a dhéanamh. In 2023, gan a bheith leath bealaigh tríd an gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair fiú, bhí solúbthacht an chreata á hídiú. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go raibh an cistiú is riachtanaí ag buiséad an Aontais chun tosaíochtaí agus riachtanais chomhroinnte a bhaint amach, mhol an Coimisiún Eorpach athbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil. Mar thoradh air sin, thángthas ar chomhaontú i mí Feabhra 2024 maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais. Áiríodh leis sin, den chéad uair riamh, athbhreithniú ar a huasteorainneacha caiteachais.

    I gcomhréir leis na tosaíochtaí a shainaithin an Coimisiún, cuireann sé sin ar chumas an Aontais tacaíocht chobhsaí a chur ar fáil don Úcráin sna blianta amach romhainn, leanúint d’aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce agus sheachtracha agus iomaíochas agus ceannasacht na hEorpa a neartú trí bhíthin an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip, i measc tionscnaimh eile. Mar sin féin, níor áiríodh san athbhreithniú meántéarma ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil an méadú atá beartaithe ar an uasteorainn ar chaiteachas riaracháin (ar a dtugtar ceannteideal 7), a raibh sé i gceist leis aghaidh a thabhairt ar na cúraimí breise substaintiúla do riarachán an Aontais agus ar an mbrú a eascraíonn as an méadú ar an mboilsciú.

    Forbhreathnú ar an athbhreithniú meántéarma ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais do 2021-2027

    Foinse: an Coimisiún Eorpach

    Tacaíocht don Úcráin a choinneáil ar bun

    In 2023, lean buiséad an Aontais de thacaíocht a thabhairt don Úcráin i bhfianaise chogadh ionsaitheach gan chúis gan údar na Rúise agus na hionghabhála neamhdhleathaí a rinne sí ar chodanna de chríoch na hÚcráine. Faoi dheireadh na bliana, bhí beagnach EUR  85 bhilliún de chúnamh foriomlán curtha ar fáil ag an Aontas agus a Bhallstáit don Úcráin agus dá muintir ó thús an chogaidh. Áirítear leis sin cúnamh macrairgeadais dar luach EUR 25.2 billiún, lena náirítear pacáiste tacaíochta nach bhfacthas a leithéid riamh cheana dar luach EUR 18 mbilliún d’iasachtaí ardlamháltais don Úcráin le linn na bliana 2023 amháin tríd an ionstraim Cúnamh Macrairgeadais+. Anuas air sin, cuireadh thart ar 100 000 tona de chúnamh comhchineáil ar fáil don Úcráin faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, ar fiú thart ar EUR 300 milliún é, rud a fhágann gurb í an oibríocht is faide, is mó agus is casta í a rinneadh mar chuid de Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta go dtí seo. Sa bhreis ar thacaíocht ó bhuiséad an Aontais, b’fhiú os cionn EUR 27 mbilliún san iomlán, lena náirítear EUR 6.1 billiún ón tSaoráid Eorpach Síochána an cúnamh, lena náirítear cúnamh míleata, don Úcráin ón Aontas agus óna Bhallstáit.

    Is cineál cúnaimh airgeadais écúnamh macrairgeadais a chuireann an tAontas ar fáil chun cabhrú le tíortha comhpháirtíochta a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha airgeadais acu a ngeilleagair a chobhsú agus na hathchóirithe is gá a dhéanamh. Tá na cistí sin ag cuidiú leis an Úcráin leanúint de phá agus pinsin a íoc; seirbhísí poiblí fíor-riachtanacha a choinneáil ar bun, ospidéil, scoileanna agus tithe do dhaoine athlonnaithe, cuir i gcás; agus bonneagar criticiúil a athbhunú. Ina theannta sin, tá na cistí sin ag cabhrú leis an Úcráin athchóirithe institiúideacha a dhéanamh, ar nós athchóirithe in aghaidh an éillithe agus breithiúnacha, atá ríthábhachtach do dhul chun cinn na tíre.

    Sa bhreis ar an gcúnamh macrairgeadais a cuireadh ar fáil don Úcráin, chuir an tAontas cistí ón mbeartas comhtháthaithe ar fáil do na Ballstáit chun fáilte a chur rompu siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin. Moladh pacáistí na Gníomhaíochta Comhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip agus an Chúnaimh Sholúbtha do Chríocha in 2022 chun an tsolúbthacht is gá a sholáthar sna rialacha maidir le cistiú an bheartais chomhtháthaithe. Faoi dheireadh 2023, chuir na bearta sin EUR 15.3 billiún ar fáil le haghaidh cláir lánpháirtíochta sóisialta, cúram sláinte, bia, cúnamh bunúsach agus treoshuíomh don mhargadh fostaíochta. I measc na ngníomhaíochtaí ar tugadh tacaíocht dóibh bhí cúrsaí teanga, oideachas, seirbhísí sóisialta agus cúram leanaí.

    Ranníocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais chun cabhrú leis an Úcráin agus le Ballstáit aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí an chogaidh
    in 2022 agus 2023

    Leithdháiltí ar an Úcráin agus ar na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí an chogaidh ó bhuiséad an Aontais agus lasmuigh de bhuiséad an Aontais don tSaoráid Eorpach Síochána in 2022 agus 2023.

    (*) Tagraíonn tacaíocht faoin mbeartas comhtháthaithe dosholúbthacht a thairgtear tríphacáistí na Gníomhaíochta Comhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip agus an Chúnaimh Sholúbtha do Chríocha, lena gcumhdaítear meascán de mhéideanna infheistithe (nó athchláraithe) agus línte leachtachta a chuirtear ar fáil do na Ballstáit.

    (**) Fís Eorpach, EU4Health, an Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach, an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála.

    Foinse: An Coimisiún Eorpach.

    In 2023, rinneadh stáit rannpháirteacha de Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta  den Mholdóiv agus den Úcráin – an creat dlúthpháirtíochta Eorpach a chuidíonn le tíortha atá buailte ag tubaistí. Mar fhreagairt ar scriosadh tubaisteach dhamba Nova Kakhovka i mí an Mheithimh 2023, chuir an tAontas cúnamh láithreach ar fáil don Úcráin ar bhealaí éagsúla: trína Shásra um Chosaint Shibhialta, trína chúlchistí rescEU a chur chun feidhme agus trína chomhpháirtithe daonnúla.

    Idir mí Eanáir agus mí na Samhna 2023, fuair 10.5 milliún Úcránach tacaíocht dhaonnúil san Úcráin a bhuí leis an Aontas agus le deontóirí eile. Ó mhí Eanáir 2023:

    fuair níos mó ná 4.1 milliún duine cúnamh bia;

    chuidighbearta sláinte nó soláthairtí le 7.5 milliún duine;

    Tháinig cúnamh airgid i gcabhair ar 3.7 milliún duine;

    leathnaíodh seirbhísí cosanta ríthábhachtacha chuig 4.5 milliún duine;

    tá rochtain arís ag beagnach 6.5 milliún duine ar uisce glan agus ar sheirbhísí riachtanacha sláinteachais agus sláintíochta.

    Mar thoradh ar an mblocáil d’aon ghnó a rinne an Rúis ar onnmhairí gráin tríd an Muir Dhubh, trí dhíriú ar stórais ghráin agus ar bhonneagar talmhaíochta san Úcráin agus trí theorainn a chur le honnmhairiú earraí talmhaíochta agus leasachán, chuaigh géarchéim dhomhanda na slándála bia in olcas. Chun dul i ngleic leis sin, bhunaigh an tAontas, a Bhallstáit, an Mholdóiv agus an Úcráin, in éineacht le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais, na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin in 2022 chun grán blocáilte san Úcráin a chur amach chuig an gcuid eile den domhan. Leanadh den obair sin in 2023. Ós rud é go bhfuil ról ríthábhachtach ag an Úcráin i soláthar domhanda gránach agus olashíolta, tá éiginnteacht agus luaineacht mhór sna margaí sin mar thoradh ar an gcogadh. Mar thoradh ar bhlocáil na Rúise ar ghnáthbhealaí onnmhairiúcháin na hÚcráine, tá méadú tagtha freisin ar onnmhairí na hÚcráine chuig Ballstáit chomharsanachta an Aontais . Dá bhrí sin, in 2023, thug an tAontas dhá phacáiste tacaíochta isteach. Cuireadh níos mó ná EUR 156.3 milliún ar fáil ó chúlchiste talmhaíochta an chomhbheartais talmhaíochta chun tacú leis na feirmeoirí sin is mó a bhí buailte sna cúig Bhallstát atá i gcomharsanacht na hÚcráine. Sa tríú pacáiste tacaíochta, chuir an Coimisiún Eorpach maoiniú breise EUR 330 milliún ar fáil le leithdháileadh ar fheirmeoirí an Aontais i mBallstáit eile a raibh tionchar ag costais arda ionchuir agus fadhbanna sonracha orthu, arb é cogadh ionsaitheach na Rúise is cúis leo go háirithe. D’íoc an tAontas amach EUR 2.8 billiún in 2023 freisin chun aghaidh a thabhairt ar neamhshlándáil an tsoláthair bia agus chun córais bhia inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud an domhain.

    Beidh gá le hiarracht mhór dhomhanda airgeadais chun an Úcráin a atógáil a luaithe a bheidh deireadh leis an gcogadh. Tá an tAontas ag cur go mór le hathléimneacht na tíre cheana féin. Ina theannta sin, tá an Úcráin ag baint tairbhe níos mó de réir a chéile as a comhtháthú i gcláir de chuid an Aontais atá ann cheana, ar nós chlár an mhargaidh aonair, an Clár LIFE, Erasmus+, Fís Eorpach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus an clár don Eoraip Chruthaitheach. Tá oibleagáid ranníocaíochta airgeadais na hÚcráine maidir lena comhlachas le cláir an Aontais curtha ar fionraí ag an Aontas freisin fad is a bheidh dúshláin airgeadais na tíre de dheasca an chogaidh fós ann. Beidh gá le i bhfad níos mó tacaíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun bunsraitheanna tíre saoire rathúla a athbhunú, tír a bheidh fréamhaithe i luachanna na hEorpa agus a bheidh comhtháite i gceart i ngeilleagair na hEorpa agus an domhain, agus chun tacú leis an Úcráin agus í ag iarraidh ballraíocht san Aontas a bhaint amach.

    Chun cabhrú leis an Úcráin ina hiarrachtaí téarnaimh, atógála agus nuachóirithe, sheol an tAontas sásra tacaíochta nua le haghaidh 2024-2027. Is ionstraim thiomnaithe í an tSaoráid don Úcráina chuirfidh ar chumas an Aontais suas le EUR 50 billiún de thacaíocht airgeadais chobhsaí intuartha a chur ar fáil don Úcráin le linn na tréimhse sin, lena n‑áirítear suas le EUR 17 mbilliún i dtacaíocht neamh‑inaisíoctha agus suas le EUR 33 bhilliún in iasachtaí. Cuireann an tsaoráid i dtreis tiomantas an Aontais tacú leis an Úcráin i bhfianaise chogadh ionsaitheach leanúnach na Rúise agus ar a bealach i dtreo ballraíocht san Aontas. Cuirfidh sé tacaíocht dhíreach airgeadais agus cúnamh aontachais ar fáil don Úcráin agus bunóidh sé creat infheistíochta sonrach. Chun na hiasachtaí don Úcráin a mhaoiniú, eiseoidh an tAontas bannaí ar na margaí airgeadais go dtí deireadh 2027. Tá gealltanas tugtha ag an Úcráin a plean téarnaimh agus athchóirithe a chur chun feidhme agus seasamh le sásraí daonlathacha.

    Aidhmeanna na Saoráide don Úcráin

    Tacú le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine

    Tacú le riachtanais mhaoinithe na hÚcráine chun go mbeidh an rialtas in ann seirbhísí poiblí gan bhriseadh a chur ar fáil

    Infheistíocht a shlógadh in earnáil phríobháideach na hÚcráine le haghaidh téarnamh agus atógáil ghasta eacnamaíoch

    Tacú leis an Úcráin na hathchóirithe is gá a dhéanamh ar a conair i dtreo aontachas leis an Aontas

    Tacú le sochaí na hÚcráine i gcoitinne trí chuidiú le haghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta an chogaidh

    Beidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar an Úcráin leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí chalaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chomhrac. Chuige sin, in 2023, chomhoibrigh an Úcráin le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus leis an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise, cheap sí ceann nua ar Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh Éilliú (post a bhí folamh ó mhí Lúnasa 2020) agus ghlac sí straitéis náisiúnta in aghaidh an éillithe agus a clár gaolmhar cur chun feidhme. Thairis sin, i mí an Mhárta 2024, chuaigh an Úcráin isteach i gclár frithchalaoise an Aontais, clár a láimhseálann an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise.

    Freagairt an Aontais ar ghéarchéim an Mheánoirthir

    Chomh maith leis an gcogadh leanúnach san Úcráin, tá an tírdhreach geopholaitiúil imithe in olcas go hollmhór mar thoradh ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinne Hamas ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023 agus ar an ngníomhaíocht mhíleata a rinne Iosrael ina dhiaidh sin in Gaza agus tá tubaiste dhaonnúil in Gaza mar thoradh orthu. Chuir sé sin go mór leis an mbaol méadaithe sa réigiún freisin. Agus é á chur i bhfios go láidir aige nach bhfuil aon bhonn cirt leis an sceimhlitheoireacht, cháin an Coimisiún Eorpach Hamas sna téarmaí is láidre is féidir as na hionsaithe sceimhlitheoireachta.

    Leis an méadú a tháinig ar an bhfuathchaint fhrithsheimíteach agus fhrith‑Mhoslamach agus ar an bhfuathchoireacht fhrithsheimíteach agus fhrith‑Mhoslamach i bhfómhar 2023, shlóg an Coimisiún Eorpach an Ciste Slándála Inmheánaí chun EUR 30 milliún a chur ar fáil chun cabhrú le Ballstáit spásanna poiblí agus ionaid adhartha a chosaint. Agus imní mhór air faoin staid dhaonnúil atá ag dul in olcas in Gaza, mhéadaigh an Coimisiún Eorpach a chabhair dhaonnúil faoi cheathair, agus níos mó ná EUR 100 milliún á slógadh aige in 2023, agus tá sé ag obair chun srianta rochtana a shárú maidir le tacaíocht dhaonnúil a chur ar fáil do mhuintir na Palaistíne, chun sreabhadh marthanach, rialáilte agus láidir cabhrach a ráthú, ag obair i gcomhar le roinnt Ballstát agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta.

    Tacaíocht dhaonnúil ón Aontas do mhuintir na Palaistíne in 2023

    Foinse: an Coimisiún Eorpach

    Cumais slándála agus chosanta an Aontais a neartú

    I bhfianaise na staide geopholaitiúla atá ag éirí níos éagobhsaí agus an ghá atá le cumas an Aontais slándáil agus cosaint a sholáthar ar fud na mór-roinne a threisiú, tá dlús á chur ag an gCoimisiún Eorpach le hiarrachtaí slándála agus cosanta. In 2023 achtaíodh dhá phríomhthionscnamh  arb é is aidhm dóibh tionscal cosanta an Aontais a neartú.

    1.Is é is aidhm don Ghníomh chun Tacú le Táirgeadh Armlóin, a bhfuil buiséad EUR 500 milliún mar thaca leis, táirgeadh armlóin agus diúracán an Aontais a fheabhsú agus a bhrostú. Roghnaíodh 31 tionscadal a chumhdaíonn cúig réimse (pléascáin, púdar, sliogáin, diúracáin, agus deimhniú tástála agus athchóirithe) chun cabhrú le tionscal na hEorpa a tháirgeadh agus a ullmhacht armlóin a mhéadú. Is freagairt dhíreach é ar iarraidh na Comhairle Eorpaí i mí an Mhárta 2023 armlón agus, arna iarraidh sin, diúracáin a sheachadadh go práinneach chuig an Úcráin, mar aon le cuidiú leis na Ballstáit a gcuid stoc a athlíonadh.

    2.Chun an méid sin a chomhlánú, spreagfar Ballstáit an Aontais, den chéad uair riamh, na táirgí cosanta is criticiúla a cheannach go comhpháirteach ó thionscal cosanta an Aontais, trí bhíthin an Ghnímh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar comhoibríoch, a bhfuil buiséad EUR 310 milliún aige.

    Thairis sin, leis an gCiste Eorpach Cosanta, a bhfuil buiséad EUR  8.9 billiún aige faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027( 10 ) , cuirtear tacaíocht riachtanach ar fáil don taighde agus don fhorbairt i réimse na cosanta san Aontas. Tá breis agus EUR 2.9 billiún curtha ar fáil aige do 101 thionscadal comhoibríocha taighde agus forbartha ar fud na mBallstát in 2021 agus 2022, agus leithdháileadh EUR 1.2 billiún in 2023. Thairis sin, faoi leithdháileadh soghluaisteachta míleata na Saoráide um Chónascadh na hEorpa, bronnadh EUR 808 milliún in 2023 chun tacú le hiompar trúpaí agus trealaimh ar fud an ghréasáin thrasEorpaigh iompair, agus infheistíocht á déanamh i mbonneagar is féidir a úsáid chun críoch sibhialta agus míleata araon.

    Comhpháirtíochtaí a neartú ar fud an domhain

    In 2023, bhí an tAontas agus a Bhallstáit le chéile fós ar an soláthraí cúnaimh oifigiúil um fhorbairt is mó ar domhan. Chun spriocanna forbartha inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud an domhain agus chun ról na hEorpa sa domhan a neartú, bhog an Coimisiún ar aghaidh freisin in 2023 leis an straitéis Global Gateway a bhaineann leas as acmhainní airgeadais bhuiséad an Aontais agus ó na Ballstáit. Rinne an tAontas dul chun cinn suntasach maidir leis an Global Gateway a chur i bhfeidhm – sheol sé 225 thionscadal shuaitheanta nua ar fud na hAfraice, Mheiriceá Laidinigh, Mhuir Chairib, na hÁise, an Aigéin Chiúin, na mBalcán Thiar agus Chomharsanachtaí an Oirthir agus an Deiscirt le haghaidh 2023 agus 2024. Ag Cruinniú Mullaigh an Aontais agus Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh i mí Iúil 2023, sheol an tAontas Clár Oibre Infheistíochta Global Gateway a bhfuil coinne leis go slógfaidh sé os cionn EUR 45 bhilliún sa réigiún sin faoi 2027. Tá dul chun cinn á dhéanamh ag an Aontas freisin maidir le cur chun feidhme an Phacáiste Infheistíochta Global Gateway idir an Afraic agus an Eoraip, ar fiú EUR 150 billiún é, agus tionscnaimh nua Fhoireann na hEorpa.

    Síníodh Comhaontú Iar-Cotonou, ar a dtugtar Comhaontú Shamó, a rabhthas ag súil leis le fada, i mí na Samhna 2023 agus chuir 64 thír chomhpháirtíochta tús le comhpháirtíocht athbheochana idir an tAontas agus Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin. Tugadhcomhpháirtíochtaí straitéiseacha maidir le slabhraí luacha amhábhar a théann chun tairbhe don dá thaobh i gcrích leis an Airgintín, leis an tSile, le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, leis an nGraonlainn agus leis an tSaimbia in 2023, sa bhreis ar na comhpháirtíochtaí a comhaontaíodh roimhe seo leis an Namaib, leis an gCasacstáin, leis an Úcráin agus le Ceanada.

    Tacú le rialú teorann agus aghaidh a thabhairt ar bhrú imirce

    Bhí brú mór fós ag teorainneacha seachtracha an Aontais in 2023 de dheasca an bhrú imirce. Rinne breis agus 1 mhilliún duine iarratas ar thearmann san Aontas in 2023, líon ar méadú suntasach 20 % é i gcomparáid le 2022. Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, bhain na Ballstáit úsáid as an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht chun feabhas a chur ar shaoráidí glactha, go háirithe do leanaí. Ina theannta sin, thug na Ballstáit tús áite do thacaíocht lánpháirtíochta d’imircigh, ag díriú ar ghrúpaí leochaileacha amhail mionaoisigh neamhthionlactha. Bhí ról ríthábhachtach ag an gciste freisin maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar theacht isteach daoine easáitithe ón Úcráin atá ag teitheadh ón gcogadh agus ar tugadh cosaint shealadach dóibh faoin treoir um chosaint shealadach. Slógadh cúnamh éigeandála freisin tar éis an bhorrtha ar imircigh a tháinig isteach in Lampedusa i mí Mheán Fómhair 2023, tráth a tháinig níos mó ná 6 000 imirceach i dtír ar an oileán sin de chuid na hIodáile laistigh de 3 lá.

    I mí Feabhra 2023, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún Eorpach tosaíocht a thabhairt do bhearta cistiúcháin lena ndéantar rialú ar theorainneacha seachtracha an Aontais a neartú. Baineadh úsáid as Saoráid Théamach na hIonstraime um Theorainneacha agus um Víosaí in 2023 chun beagnach EUR 448 milliún a infheistiú chun borradh a chur faoi acmhainní bainistithe teorainneacha na mBallstát. Áiríodh leis sin dul i ngleic leis an úsáid a baineadh as imircigh mar ionstraim ag na teorainneacha leis an mBealarúis agus leis an Rúis, tacú leis an mBulgáir agus leis an Rómáin aghaidh a thabhairt ar bhrú méadaithe ar bhealach na mBalcán Thiar, acmhainn oibríochtúil na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a neartú agus rialuithe teorann a bharrfheabhsú i roinnt Ballstát.

    Leanúint de thosaíochtaí fadtéarmacha an Choimisiúin a bhaint amach

    Chun na gealltanais a tugadh in 2019 a chomhlíonadh, tá obair stiúrtha ag Coláiste na gCoimisinéirí le linn a shainordaithe chun sé phríomhuaillmhian a bhaint amach. Tá athruithe móra tagtha ar an domhan ó 2019 i leith, áfach. Tá na géarchéimeanna le blianta beaga anuas tar éis croitheadh mór a bhaint as cinnteachtaí atá fréamhaithe go domhain, lena n‑áirítear maidir le ról an Aontais, maidir le samhlacha eacnamaíocha agus dlúthpháirtíochta agus maidir leis an ord idirnáisiúnta iltaobhach riailbhunaithe. Ach tá na príomhuaillmhianta fós ann – níos mó ná riamh agus san iliomad réimsí, ar mhaithe leis an Aontas agus lena shaoránaigh. Le linn 2023, lean an Coimisiún Eorpach de mhórthionscnaimh bheartais agus reachtacha a úsáid chun na tosaíochtaí fadtéarmacha a bhaint amach.



    Tosaíochtaí fadtéarmacha

    Samplaí de phríomh‑gharspriocanna beartais in 2023

    An Comhaontú Glas  
    don Eoraip

    Forlíonadh an pacáiste ‘oiriúnach do 55’ le glacadh na treorach athbhreithnithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, na treorach athbhreithnithe maidir le fuinneamh in‑athnuaite agus an rialacháin eitlíochta ‘refuelEU’. Glacadh dhá thogra nua maidir le hithreacha agus foraoisí.

    Bunaíodh an Ciste Aeráide Sóisialta i mí na Bealtaine 2023 chun tacú leis na Ballstáit grúpaí leochaileacha a ndéanann an t‑aistriú glas difear dóibh a chosaint. Chuir an Coimisiún plean tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais i láthair chun iomaíochas thionscal glan‑nialasachta na hEorpa a fheabhsú agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht agus le tacar beart chun an t‑iompar lasta a ghlasú.

    Teacht i bhfeidhm an rialacháin nua maidir le ceallraí, comhaontú institiúideach maidir le héicidhearthóireacht le haghaidh táirgí inbhuanaithe agus togra nua maidir le dearadh feithiclí agus deireadh ré.

    Leag an Coimisiún amach an plean gníomhaíochta Eorpach um chumhacht ghaoithe chun tacú le tionscal cumhachta gaoithe na hEorpa agus leis an aistriú chuig fuinneamh glan.

    Sheol an Coimisiún an chéad cheant faoin mBanc Hidrigine Eorpach chun tacú le táirgeadh hidrigine in‑athnuaite san Eoraip, le EUR 800 milliún i dtosach ón gCiste don Nuálaíocht arna mhaoiniú ag ioncam Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais.

    Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir leis an dlí chun feabhas a chur ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais, a mhol an Coimisiún i mí an Mhárta 2023 chun borradh a chur faoi fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh, chun cosaint níos fearr a thabhairt do thomhaltóirí agus chun feabhas a chur ar an iomaíochas tionsclaíoch.

    Sheol an Coimisiún ceithre ghlao ar chuideachtaí gás a cheannach go comhpháirteach trí Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh, chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil fuinnimh agus ar phraghsanna arda, rud a mheaitseálann níos mó ná 42 bhilliún méadar ciúbach.

    Eoraip atá oiriúnach  
    don  
    aois dhigiteach

    Tháinig an Gníomh Eorpach um Shliseanna, a mhol an Coimisiún i mí Feabhra 2022 chun iomaíochas agus athléimneacht an Aontais sa réimse sin a neartú, i bhfeidhm an 21 Meán Fómhair 2023.

    Ainmníodh an chéad tacar d’ardáin an‑mhór ar líne agus d’innill chuardaigh atá faoi réir oibleagáidí speisialta faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, agus an dara tacar ainmniúchán d’ardáin an‑mhór ar líne ina dhiaidh sin.

    Tháinig na comhreachtóirí (an Pharlaimint agus an Chomhairle) ar chomhaontú maidir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, an chéad rialachán cuimsitheach maidir leis an intleacht shaorga.

    Geilleagar a fhóireann do na daoine

    Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, díreach 8 mí tar éis an togra ón gCoimisiún.

    Chuir an tAontas straitéis slándála eacnamaíche an Aontais i láthair chun na rioscaí a eascraíonn as spleáchas eacnamaíoch a íoslaghdú, agus uasleibhéil oscailteachta agus fuinnimh eacnamaíoch an Aontais á gcaomhnú.

    Rinne na Ballstáit athbhreithniú ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta chun caibidlí RePowerEU agus iasachtaí (breise) rochtana a thabhairt isteach faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

    Mhol an Coimisiún bearta nithiúla do na Ballstáit chun borradh a chur faoin ngeilleagar sóisialta agus chun poist a chruthú mar obair leantach ar Phlean Gníomhaíochta 2021 an Choimisiúin.

    Eoraip níos láidre sa domhan

    Síníodh ‘Comhaontú Shamó’ (iar-Cotonou) le 69 dtír chomhpháirtíochta san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, agus athsheoladh comhpháirtíocht an Aontais le Meiriceá Laidineach agus le Muir Chairib.

    Eagraíodh an chéad Fhóram Global Gateway riamh i mí Dheireadh Fómhair.

    Chuir an tAontas i láthair straitéis spáis an Aontais um shlándáil agus cosaint ar mhaithe le hAontas níos láidre agus níos athléimní.

    Chuir an tAontas aerdhroichead daonnúil chuig Gaza ar bun.

    Ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn

    Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú stairiúil maidir le cúig phríomhghné den chomhaontú nua maidir le himirce agus tearmann, ar céim mhór é i dtreo comhchóras chun imirce san Aontas a bhainistiú.

    Tháinig na Ballstáit ar chomhaontú maidir le teacht isteach na Bulgáire agus na Rómáine i limistéar Schengen, ag tosú le deireadh a chur le rialuithe ag teorainneacha aeir agus mara.

    Cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte, lena dtugtar isteach 20 tionscnamh suaitheanta agus cistiú EUR 1.23 billiún ó ionstraimí airgeadais éagsúla.

    Ghlac an Coimisiún an bosca uirlisí déimeagrafaíochta, ina bhfuil sraith uirlisí beartais atá ar fáil do na Ballstáit chun an t‑athrú déimeagrafach agus an tionchar atá aige ar shochaí agus ar gheilleagar an Aontais a bhainistiú.

    Ugach nua do dhaonlathas na hEorpa

    Tháinig Coinbhinsiún Iostanbúl chun Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac i bhfeidhm don Aontas an 1 Deireadh Fómhair 2023.

    Ghlac an Coimisiún an pacáiste maidir le cosaint an daonlathais chun dul i ngleic leis an mbagairt ó thionchar eachtrach ceilte inár saol daonlathach agus chun athléimneacht dhaonlathach a chothú.

    na Painéil Saoránach Eorpach ina ngné rialta de phróiseas ceaptha beartas an Choimisiúin anois.

    Chláraigh an Coimisiún an 100ú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, rud a thug deis do shaoránaigh ‘Príomhchathracha agus muintir na hEorpa go léir a nascadh trí líonra traenach ardluais’ a chur le clár oibre an Aontais.

    Is é buiséad an Aontais an uirlis is cumhachtaí atá ag an Aontas chun a chlár oibre coiteann beartais a chur i gcrích agus chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail a bhfuil breisluach ag baint leo don Aontas. Trína chláir, tacaíonn buiséad an Aontais, go díreach nó go hindíreach, le beartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais. In 2023, lean líon mór clár de chuid an Aontais faoi bhuiséid fhadtéarmacha 2014-2020 agus 2021-2027 de thorthaí a bhaint amach don phobal. B’fhiú beagnach EUR 182 bhilliún na leithreasuithe iomlána faoi chomhair gealltanas le haghaidh bhuiséad fadtéarmach an Aontais in 2023, agus b’fhiú beagnach EUR 238 mbilliún na leithreasuithe sin le haghaidh NextGenerationEU.

    An Creat airgeadais ilbhliantúil: Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas bhuiséad an Aontais 2023 de réir ceannteideal buiséid (milliún EUR)

    Foinse: an Coimisiún Eorpach

    Díríonn buiséad an Aontais ar luach fadtéarmach a chur ar fáil don Aontas. Lean cláir chistiúcháin uile an Aontais de dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo a spriocanna feidhmíochta. Cuireann siad inbhuanaitheacht agus rathúnas an Aontais chun cinn. Mar shampla, tá an buiséad ríthábhachtach chun an taistriú glas agus an taistriú digiteach araon a bhaint amach. In 2023, meastar go mbeidh EUR 160 billiún ( 11 ), an méid is mó riamh, tiomnaithe do chuspóirí aeráide a phríomhshruthú, EUR 20 billiún do chuspóirí bithéagsúlachta a phríomhshruthú agus EUR 79 mbilliún do thosaíochtaí digiteacha.

    Buiséad an Aontais agus leithdháileadh NextGenerationEU ar thosaíochtaí cothrománacha in 2023 (céatadán den bhuiséad iomlán agus méideanna measta i milliún EUR)

    Foinse: An Coimisiún Eorpach.

    Samplaí de ranníocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais le tosaíochtaí cothrománacha

    An aeráid

    Bhain 29 milliún saoránach tairbhe as cosaint ar thuilte idir 2014 agus 2022 a bhuí leis na hidirghabhálacha a maoiníodh le cistí an bheartais chomhtháthaithe.

    EUR 755 mhilliún san iomlán a bhí sa tacaíocht ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais tar éis tubaistí nádúrtha sa Bheilg, sa Ghearmáin, san Iodáil agus sa Rómáin.

    Rinneadh thart ar 188 000 heicteár de thalamh talmhaíochta a fhoraoisiú faoi 2022 a bhuí le tacaíocht ón gcomhbheartas talmhaíochta sa tréimhse 2014-2022.

    An bhithéagsúlacht

    Thacaigh an comhbheartas talmhaíochta le 20.3 milliún coirceog beach in 2022.

    Tá níos mó ná 100 speiceas ag cur feabhas ar a stádas caomhantais mar thoradh ar 31 thionscadal LIFE.

    An Earnáil Dhigiteach

    Bhí rochtain leathanbhanda ag 7.9 milliún teaghlach breise ar luas 30 meigighiotán in aghaidh an tsoicind ar a laghad idir 2014 agus 2022 a bhuí leis na hidirghabhálacha a maoiníodh le cistí an bheartais chomhtháthaithe.

    Cruthaíodh acmhainneacht bhreise 3 000 teirighiotán in aghaidh an tsoicind le líonraí cnáimhe droma, lena náirítear cáblaí faoi uisce, arna nimscaradh ag an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa in 2023.

    Comhionannas inscne

    Feabhsaíodh an faireachán ar chaiteachas inscne trí na sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de agus atá ar fáil in aghaidh an chláir a áireamh sna ‘ráitis ar fheidhmíocht na gclár’. De réir na modheolaíochta rianaithe inscne, in 2023, rannchuidigh 11 % de bhuiséad an Aontais le comhionannas inscne a chur chun cinn (scóir 2 agus 1).



    Tugtar  achoimre iomlán ar fheidhmíocht bhuiséad an Aontais in 2023  in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an tuarascáil seo.Cuirtear faisnéis chomhiomlán i láthair ann ar dtús maidir le cur chun feidhme foriomlán bhuiséad an Aontais agus a chláir chaiteachais éagsúla. Díríonn sé ansin ar an gcaoi ar thacaigh buiséad an Aontais le príomhuaillmhianta an Choimisiúin Eorpaigh a liostaítear thuas. Baintear leas ann as na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí agus as na ráitis feidhmíochta cláir ( 12 ) ó ranna an Choimisiúin chun samplaí nithiúla soiléire a thabhairt d’fheidhmíocht bhuiséad an Aontais. Áirítear leis sin príomhfhorbairtí beartais agus tacaíocht a chuirtear ar fáil don Úcráin faoi chláir chaiteachais éagsúla. Tugtar tuairisc san iarscríbhinn freisin ar an gcaoi a ndéanann an Coimisiún Eorpach rianú agus tuairisciú ar an méid a chaitear ar bheartais shonracha agus ar thosaíochtaí cothrománacha (‘príomhshruthú’) trí chláir an Aontais. Baineann sé sin, go háirithe, le tionscnaimh a mhaoiniú a bhfuil cuspóirí acu a bhaineann leis an aeráid, leis an mbithéagsúlacht, le comhionannas inscne agus leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe. Cuirtear faisnéis ar fáil freisin maidir le ranníocaíocht bhuiséad an Aontais le tosaíocht an Choimisiúin Eorpaigh an taistriú digiteach a chur chun cinn.

    Pleananna athbhreithnithe téarnaimh agus athléimneachta lena spreagtar athchóiriú agus infheistíocht spriocdhírithe

    In 2023, lean an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta de thacaíocht a thabhairt don téarnamh eacnamaíoch agus d’athchóirithe sna Ballstáit. Díríodh ar athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát chun freastal ar imthosca athraithe agus ar dhúshláin nua (e.g. boilsciú agus fogha na Rúise faoin Úcráin), as ar eascair leithdháileadh breise EUR 147.2 billiún ar na Ballstáit, a bheidh le húsáid faoi 2026, arna roinnt ina EUR 21.6 billiún i ndeontais agus EUR 125.5 billiún in iasachtaí. Is é an toradh a bhí air sin méid iomlán leithdháilte de EUR 648 mbilliún, deontais dar luach EUR 357 mbilliún agus iasachtaí dar luach EUR 291 bhilliún, arna leithdháileadh ag deireadh 2023.

    Príomhghné den athbhreithniú ab ea caibidlí sonracha REPowerEU a chur leis arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar an gcur isteach ar an margadh fuinnimh mar thoradh ar chogadh ionsaitheach na Rúise san Úcráin. Glacadh 31 athbhreithniú san iomlán ar phleananna in 2023 le tacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, a raibh caibidlí REPowerEU san áireamh i 23 díobh ( 13 ). I measc na gcaibidlí REPowerEU a formheasadh bhí níos mó ná EUR 60 billiún le haghaidh athchóirithe agus infheistíochta chun fuinneamh a shábháil, breoslaí iontaise a ionadú agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha maidir le slándáil an tsoláthair, agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú ag an am céanna. Le caibidlí REPowerEU, méadaíodh uaillmhianta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a thuilleadh maidir leis an aistriú glas. Leis na 27 bplean téarnaimh agus athléimneachta athbhreithnithe, maoineoidh níos mó ná 42 % (EUR 275 bhilliún) de leithdháileadh iomlán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta infheistíochtaí agus athchóirithe a thacaíonn leis an aistriú glas, lena náirítear éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh inathnuaite, eangacha leictreachais agus infheistíochtaí glasa eile. Faoi mhí na Nollag 2023, bhí EUR 1.5 billiún san iomlán aistrithe cheana féin ó ranníocaíocht iomlán an Chiste don Nuálaíocht le gníomhaíochtaí REPowerEU don tréimhse 2023 - 2026, a socraíodh ag EUR 12 bhilliún.



    Príomhghealltanais aeráide agus fuinnimh do 2026 faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

     

    Fuinneamh in‑athnuaite do chách

    Fuinneamh a choigilt

    Dlús a chur le ceadú foinsí inathnuaite a bhuí le hathchóirithe uaillmhianacha in 15 Bhallstát.

    20 gigeavata ar a laghad d’fhuinneamh inathnuaite a chumasú faoi 2026, sa bhreis ar 40 gigeavata sna pleananna atá ann cheana – níos mó ná toilleadh suiteáilte iomlán na gaoithe amach ón gcósta san Aontas.

    Le hidirghabhálacha fadtéarmacha éifeachtúlachta fuinnimh, laghdófar billí fuinnimh do 1 mhilliún teaghlach ar a laghad.

    Suiteálfar 180 000 córas téimh agus fuaraithe inbhuanaithe ar a laghad faoi 2026.

    Borradh a chur faoi iomaíochas thionscal an Aontais

    Líonraí fuinnimh slána don Aontas Eorpach

    Cuirfear níos mó ná EUR 12 bhilliún ar fáil chun tionscail an Aontais a dhícharbónú, lena náirítear EUR 2.5 billiún
    hidrigin i
    nathnuaite a tháirgeadh.

    Infheistíochtaí straitéiseacha teicneolaíochta glaine i leictrealóirí, i gceallraí agus i ngrianphainéil.

    Oiliúint thiomnaithe scileanna glasa le haghaidh níos mó ná
    100
     000 duine.

    Déanfar nuachóiriú ar níos mó ná 3 000 ciliméadar de línte eangaí leictreachais tarchurtha agus dáileacháin  – an fad céanna ó Liospóin go Ríge geall leis.

    Déanfaidhstóráil leictreachais ar scála eangaí freastal go héasca ar fhoinsí inathnuaite eadrannacha.

    Comhlíonfaidh príomhthionscadail bonneagair gáis trasteorann riachtanais láithreacha maidir le slándáil an tsoláthair.

    In 2023, d’íoc an Coimisiún Eorpach amach EUR 75 bhilliún san iomlán (lena n‑áirítear EUR28.7 billiún in iasachtaí) a chomhfhreagraíonn d’iarrataí ar íocaíocht ó na Ballstáit, mar aon le híocaíochtaí breise réamh‑mhaoinithe EUR 7.1 billiún. Dá bharr sin, b’fhiú EUR 220.8 billiún na heisíocaíochtaí iomlána faoi dheireadh 2023, arna roinnt i ndeontais dar luach EUR 141.6 billiún (40 % den EUR 357 mbilliún iomlán a leithdháileadh le haghaidh deontas faoi imchlúdach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta) agus iasachtaí dar luach EUR 79.2 billiún (27 % den EUR 291 bhilliún iomlán a leithdháileadh le haghaidh iasachtaí faoin imchlúdach).

    Tá difear á dhéanamh ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i saol shaoránaigh an Aontais. I measc a móréachtaí tá an méid seo a leanas ( 14 ).

    ·An taistriú glas. Faoi dheireadh 2023, a bhuí leis an tsaoráid, laghdaíodh tomhaltas fuinnimh bliantúil 28.2 milliún meigeavata in aghaidh na bliana agus suiteáladh nó uasghrádaíodh níos mó ná 530 000 stáisiún athbhreoslaithe agus athluchtaithe le haghaidh feithiclí glana.

    ·An taistriú digiteach. Fuair níos mó ná 5.6 milliún teaghlach breise rochtain ar líonraí idirlín fíor-ardacmhainneachta faoi lár 2023, agus bhí 309 milliún úsáideoir ag úsáid seirbhísí digiteacha poiblí nua nó feabhsaithe cheana féin( 15 ).

    ·Cúram Sláinte. Tá méadú tagtha ar an acmhainn cúraim sláinte, lena náirítear in ospidéil, clinicí, ionaid cúraim othar seachtrach agus ionaid chúraim speisialaithe. Faoi dheireadh 2023, a bhuí leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, d’fhéadfadh suas le 45.8 milliún duine in aghaidh na bliana tairbhe a bhaint as saoráid cúraim sláinte nua nó nuachóirithe.

    ·Oideachas agus oiliúint. Ghlac 8.7 milliún duine páirt san oideachas agus san oiliúint agus fuair 5.8 milliún duine óg idir 15 bliana agus 29 mbliana d’aois tacaíocht, cibé acu tacaíocht airgeadaíochta nó tacaíocht chomhchineáil (i.e. tacaíocht oideachais, oiliúna agus fostaíochta), a bhuí le bearta a fuair tacaíocht ón tsaoráid faoi dheireadh 2023.

    ·Tacaíocht do ghnólachtaí. Fuair beagnach 2 mhilliún fiontar tacaíocht – idir tacaíocht airgeadaíochta agus tacaíocht chomhchineáil – faoin tsaoráid faoi dheireadh 2023.

    Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ceaptha chun tacú le hathchóirithe móra agus chun cáilíocht na ninfheistíochtaí sna Ballstáit a fheabhsú ( 16 ). Bhí cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta ar an mbóthar ceart den chuid is mó ag deireadh 2023, agus bhí an dul chun cinn maidir le formhór na ngarspriocanna agus na spriocanna i gcomhréir lena rabhthas ag tnúth ar dtús. Cé gur mheas an Coimisiún Eorpach (35 %) gur chomhlíon formhór mór (82 %) na ngarspriocanna agus na spriocanna a bhí beartaithe a bhaint amach faoi dheireadh 2023 nó gur thuairiscigh na Ballstáit go raibh siad curtha i gcrích (47 %) faoin am sin, ní mór do roinnt Ballstát dlús a chur le cur isteach na niarrataí ar íocaíocht agus feabhas a chur ar iomláine na niarrataí ar íocaíocht i bhfianaise spriocdháta 2026. Tráth an tuairiscithe, tuairiscíodh go raibh os cionn 80 % de na garspriocanna agus de na spriocanna a bhí beartaithe a bhaint amach faoin tríú ráithe de 2024 ar an mbóthar ceart le haghaidh cur chun feidhme tráthúil. Níor marcáladh ach mionlach mar gharspriocanna agus spriocanna a raibh moill orthu (18%).

    Leis na hathchóirithe a spreag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ní hamháin go mbeidh na Ballstáit níos athléimní san fhadtéarma, ach cuirfear feabhas freisin ar na dálaí chun an infheistíocht ghaolmhar faoin tsaoráid agus faoi chistí an bheartais chomhtháthaithe a sholáthar go rathúil ( 17 . Tarlaíonn sin, mar shampla, trí chreataí rialála a nuachóiriú i bpríomhearnálacha (e.g., an earnáil dhigiteach, earnáil na nábhar inathnuaite, earnáil an iompair), trí nósanna imeachta um cheadú agus soláthar poiblí a fheabhsú agus tríd an smacht reachta agus coimircí frithéillithe a neartú. Sa scórchlár téarnaimh agus athléimneachta ( 18 ) tá faisnéis fíor-ama faoi chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, agus tá faisnéis faoi thionscadail nithiúla a dtacaítear leo faoin tsaoráid ar fáil ar léarscáil idirghníomhach a nuashonraítear go rialta ( 19 ). Ag tógáil ar straitéis chistiúcháin éagsúlaithe NextGenerationEU, chuir an Coimisiún Eorpach gach oibríocht iasachtaíochta in 2023 san áireamh faoi chur chuige cistiúcháin aontaithe trína neisíonn an Coimisiún Bannaí an Aontais amháin seachas bannaí arna nainmniú ar leithligh le haghaidh cláir aonair. Le linn na bliana, thiomsaigh an Coimisiún EUR 115.9 billiún san iomlán trí Bhannaí an Aontais a eisiúint. Baineadh úsáid as an sciar is mó de na cistí sin chun eisíocaíochtaí a dhéanamh leis na Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Eisíodh beagnach EUR 12.5 billiún i bhfoirm bannaí glasa. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an tAontas ar an mbóthar ceart chun bheith ar cheann de na heisitheoirí is mó ar domhan de bhannaí glasa. I mí na Nollag, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an chéad tuarascáil ar leithdháileadh bannaí glasa agus ar thionchar NextGenerationEU, lena ndeimhnítear tiomantas an Aontais do mhaoiniú inbhuanaithe.

    Soláthraítear tuilleadh faisnéise maidir le cur chun feidhme agus bainistiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an tuarascáil bhliantúil bhainistíochta agus feidhmíochta seo.

    Cinntítear le huirlisí éifeachtacha go ndéantar dea-bhainistiú agus cosaint ar bhuiséad an Aontais

    Measann an Coimisiún Eorpach go bhfuil sé an‑tábhachtach an úsáid is fearr is féidir a bhaint as airgead na gcáiníocóirí. Tá sé tiomanta go hiomlán a áirithiú go sroichfidh an cistiú na tairbhithe atá beartaithe ar an gcostas ceart agus i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, braitheann an Coimisiún ar roinnt uirlisí a bhfuil sé cruthaithe ina leith go bhfuil siad oiriúnach don fheidhm thar na blianta, agus a bhfuil sé cruthaithe ina leith freisin go n‑oibríonn siad i ndáil leis na dúshláin nua atá roimh an Aontas.

    Slabhra láidir cuntasachta

    Tá córas rialachais agus slabhra cuntasachta an Choimisiúin Eorpaigh curtha in oiriúint dá struchtúr agus dá ról uathúil. Tá Coláiste na gCoimisinéirí freagrach go polaitiúil as buiséad an Aontais a bhainistiú. Tarmligtear an bhainistíocht oibríochtúil laethúil chuig an 51 oifigeach údarúcháin trí tharmligean ( 20 ), a bhainistíonn agus a stiúrann a ranna agus atá freagrach as an sciar de bhuiséad an Aontais a chuirtear chun feidhme ina roinn.

    Léirítear go trédhearcach sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí conas a fuair na hoifigigh údarúcháin trí tharmligean an dearbhú gur úsáideadh na hacmhainní a sannadh dóibh i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus go dtugann na nósanna imeachta rialaithe atá i bhfeidhm na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun‑idirbheart. Má shainaithníonn na hoifigigh údarúcháin trí tharmligean laigí, féadfaidh siad a ndearbhú dearbhaithe a cháiliú le forchoimeádais.

    Tá an dearbhú bunaithe ar an méid seo a leanas: (1) measúnú ar an gcóras rialaithe inmheánaigh, lena n‑áirítear bearta frithchalaoise; (2) torthaí na rialuithe a rinneadh agus an measúnú a rinne siad ar na rioscaí a nochtaítear a gcuid ranna dóibh agus na bearta maolaitheacha a rinneadh; (3) na bearta coisctheacha agus ceartaitheacha a chuir siad i bhfeidhm de thoradh na rialuithe a rinne siad as a stuaim féin, agus, i gcás bainistíocht comhpháirteach, in éineacht leis na Ballstáit; (4) barúlacha agus conclúidí an iniúchóra inmheánaigh agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa; agus (5) na bearta maolaitheacha a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar na laigí a sainaithníodh, i.e. na réimsí ardriosca.

    Creat rialaithe inmheánaigh agus bearta chun calaois a chomhrac a thugtar cothrom le dáta ar bhonn leanúnach

    Tá creat rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin Eorpaigh ríthábhachtach chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht a chuid oibríochtaí a áirithiú, mar aon lena ndlíthiúlacht agus lena rialtacht. Tá sé sin fíor go háirithe i gcomhthéacs acmhainní ganna agus líon méadaitheach tosaíochtaí. In 2023, lean an Coimisiún dá chreat rialaithe inmheánaigh a oiriúnú de réir mar is gá, mar shampla chun an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme, chun cur leis an taithí a fuarthas, chun straitéisí sonracha iniúchóireachta agus rialaithe a mhionchoigeartú agus a fhorbairt a thuilleadh, agus chun treoirdhoiciméid nua a fhoilsiú do na Ballstáit. I bhfianaise chur chun feidhme na gclár nua don tréimhse 2021-2027, rinneadh athbhreithniú freisin ar straitéisí iniúchóireachta agus rialaithe eile chun na gnéithe nua agus na héabhlóidí teicneolaíochta a chur san áireamh. Bunaithe ar fhéinmheasúnú na ranna, measann an Coimisiún go bhfuil a chórais rialaithe inmheánaigh ag feidhmiú go maith, agus sainaithníodh roinnt laigí a bhfuil bearta maolaitheacha i bhfeidhm ina leith.

    Maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise, rinne an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar a phlean gníomhaíochta maidir le straitéis frithchalaoise agus chuir sé úsáid agus éifeachtacht an chórais luathbhraite agus eisiaimh chun cinn a thuilleadh, arb é is aidhm dó calaois a chosc agus dul i ngleic léi. Bunaithe ar an togra ón gCoimisiún, áirítear sa chomhaontú polaitiúil ó na comhreachtóirí maidir le hathmhúnlú an rialacháin airgeadais leathnú comhréireach ar raon feidhme chur i bhfeidhm an chórais luathbhraite agus eisiaimh, chun cosaint níos fearr a thabhairt do bhuiséad an Aontais ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí. Chomhaontaigh an reachtóir freisin go gcuirfeadh na Ballstáit príomhshonraí isteach go héigeantach i gcóras comhtháite aonair teicneolaíochta faisnéise le haghaidh mianadóireacht sonraí agus scóráil riosca chun rochtain agus anailís a dhéanamh ar shonraí maidir le faighteoirí cistithe ón Aontas agus chun gur féidir conarthaí agus faighteoirí a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith soghabhálach i leith rioscaí. Cuireadh tionscnaimh pholaitiúla thábhachtacha i bhfeidhm freisin in 2023, go háirithe maidir le heitic agus an comhrac in aghaidh an éillithe, go háirithe togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir chun an téilliú a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil agus teachtaireacht chomhpháirteach lena moltar córas smachtbhannaí a bhunú in aghaidh gníomhartha tromchúiseacha éillithe a dhéantar lasmuigh den Aontas ( 21 ).

    Torthaí rialaithe lena ndeimhnítear go bhfuil cosaint mhaith ag buiséad an Aontais

    Mar chuid dá straitéisí rialaithe, laistigh den chreat rialaithe inmheánaigh, déanann an Coimisiún agus na Ballstáit na céadta mílte seiceáil gach bliain chun earráidí agus laigí sna córais rialaithe a bhrath, a chosc agus a cheartú. I gcás bainistíocht chomhpháirteach, braitheann an Coimisiún ar na seiceálacha a dhéanann na húdaráis náisiúnta agus déanann sé maoirseacht orthu leis na rialuithe agus leis na iniúchtaí dá chuid féin i gcás inar gá, i gcomhréir le prionsabal na hiniúchóireachta aonair, lena ndéantar cuíchóiriú ar iniúchóireacht agus ar rialú agus lena ndéantar an t‑ualach iniúchóireachta ar thairbhithe a íoslaghdú. Is amhlaidh an scéal, a bheag nó a mhór, le haghaidh bainistíocht indíreach, i gcás ina mbraitheann an Coimisiún ar sheiceálacha comhpháirtithe cur chun feidhme, ach le haghaidh bainistíocht dhíreach is é an Coimisiún féin a dhéanann na rialuithe. Maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, déantar seiceálacha agus rialuithe de réir roinnt shoiléir na bhfreagrachtaí idir an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit.

    Sa talmhaíocht

    Sa chomhtháthú

    Rinne na Ballstáit níos mó ná 900 000 seiceáil agus rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na tuarascálacha bliantúla agus ar na tuairimí bliantúla do gach ceann de na 75 ghníomhaireacht íocaíochta agus rinne sé 61 iniúchadh.

    Rinne na Ballstáit iniúchadh ar níos mó ná 8 000 oibríocht, agus rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na tuarascálacha bliantúla agus ar na tuairimí bliantúla le haghaidh 441 chlár agus rinne sé 86 iniúchadh.

    Mar thoradh ar na rialuithe agus na hiniúchtaí sin, cuireadh bearta coisctheacha agus ceartaitheacha dar luach EUR 3 836.7 milliún san iomlán chun feidhme in 2023. Is é EUR 2 399.1 milliún méid na n‑earráidí a coisceadh, de thoradh rialuithe agus iniúchtaí a rinneadh sula ndearnadh íocaíochtaí, agus is é EUR 1 437.6 milliún méid na gceartúchán arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, de thoradh rialuithe agus iniúchtaí a rinneadh tar éis íocaíochtaí a dhéanamh.

    Bunaithe ar na rialuithe agus na hiniúchtaí sin, measann an Coimisiún Eorpach go bhfuil an riosca tráth na híocaíochta ann, rud a thomhaiseann an riosca nach bhfuil na híocaíochtaí a dhéantar dlíthiúil ná rialta. D’fhan sé cobhsaí ó 2020 i leith, ag 1.9 %. Tá sé sin gar don tairseach ábharthachta 2 %. Tá sé sin comhsheasmhach leis an bhfíoras go mbaineann caiteachas den chuid is mó fós le clárthréimhse 2014-2020 agus, i gcás na talmhaíochta, go mbaineann formhór mór an chaiteachais fós le clárthréimhse 2014-2022 ( 22 ). Léiríonn sé sin go bhfuil an cur chuige maidir le rialú inmheánach fós láidir, fiú sa chomhthéacs sonrach le roinnt blianta anuas.

    Cinneann an Coimisiún Eorpach freisin riosca tráth an dúnta, a mheastar a bheith ag 1 % le haghaidh 2023 (cosúil leis na blianta roimhe sin freisin). Léiríonn sé sin an leibhéal earráide atá fágtha ag deireadh an timthrialla clársceidealaithe tar éis na rialuithe uile agus na ceartúcháin uile a bheith curtha chun feidhme. I bhfianaise chineál ilbhliantúil na gclár cistiúcháin, cuireann an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit i gcás bainistíocht chomhroinnte, iarracht mhór i bhfeidhm chun rialuithe a dhéanamh tar éis na híocaíochta agus ceartúcháin a dhéanamh go dtí deireadh na gclár. Léirítear na hiarrachtaí sin leis an riosca measta tráth an dúnta.

    Riosca tráth na híocaíochta agus tráth an dúnta le haghaidh an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh na tréimhse 2016-2023

    Foinse: An Coimisiún Eorpach, Tuarascálacha bliantúla bainistíochta agus feidhmíochta 2017-2023 le haghaidh bhuiséad an Aontais.



    Bunaithe ar na rialuithe agus na hiniúchtaí uile a rinneadh, tá fianaise mhionsonraithe láidir ag an gCoimisiún Eorpach ar an leibhéal riosca difreáilte do chaiteachas bhuiséad an Aontais. Déantar an fhianaise sin a mhionsonrú síos go dtí leibhéal na gclár don bheartas comhtháthaithe agus síos go dtí leibhéal na ngníomhaireachtaí íocaíochta le haghaidh acmhainní nádúrtha. Cuirtear ar a chumas don Choimisiún mar sin caiteachas a scoilteadh i 3 chatagóir riosca bunaithe ar an riosca tráth na híocaíochta: íseal (faoi 2.0 %), meánach (idir 2.0 % agus 2.5 %) agus ard (os cionn 2.5 %). Mar gheall air sin is féidir, faoi seach, aghaidh a thabhairt ar laigí agus iad a cheartú go beacht sna deighleoga den chaiteachas ina dtarlaíonn siad agus ghníomhaíocht a dhéanamh pé áit a mheastar a bhfuil gá léi.

    Cuireann sé sin ar chumas an Choimisiúin Eorpaigh pictiúr miondifreáilte den chaiteachas bainistithe a chur i láthair freisin. Tá riosca níos mó ná 2 % tráth na híocaíochta ag baint le Fís 2020 agus leis an mbeartas comhtháthaithe ina iomláine, agus tá riosca íseal ag baint le hacmhainní nádúrtha (ina niomláine) agus le caiteachas riaracháin. Tá formhór na gclár beartais chomhtháthaithe íseal agus meánriosca, áfach agus tá an Coimisiún in ann tuairisciú beacht a dhéanamh ar na cláir ina bhfuil riosca ag tráth na híocaíochta os cionn 2 % ( 23 ). Ar an gcaoi chéanna, maidir le caiteachas le haghaidh acmhainní nádúrtha a mbaineann riosca íseal leo go ginearálta, agus go sonrach le haghaidh íocaíochtaí díreacha, tá an Coimisiún in ann gníomhaireachtaí íocaíochta a mbaineann ardriosca leo a shainaithint ( 24 ). Ina theannta sin, sainaithnítear ann bearta margaidh agus bearta forbartha tuaithe sa deighleog ardriosca. I gcás ina bhfuil an riosca tráth na híocaíochta os cionn na tairsí ábharthachta, lena náirítear an beartas comhtháthaithe, cuireann an Coimisiún bearta ceartaitheacha i bhfeidhm arb é is cuspóir dóibh an leibhéal earráide a thabhairt faoi bhun 2 %

    Caiteachas an Choimisiúin Eorpaigh a aicmiú i gcatagóirí rioscaí níos airde, meánrioscaí agus rioscaí níos ísle, mar chéatadán de mhéid iomlán an chaiteachais ábhartha le haghaidh 2023

    Foinse: Tuarascálacha bliantúla an Choimisiúin Eorpaigh maidir le gníomhaíochtaí le haghaidh 2023.

    Tá riosca tráth na híocaíochta an Choimisiúin Eorpaigh bunaithe ar chur chuige rialaithe a bhaineann go sonrach lena ról. Is é an dualgas atá ar an gCoimisiún mar bhainisteoir bhuiséad an Aontais na nithe seo a leanas a dhéanamh ar bhonn ilbhliantúil;earráidí a chosc agus, más gá, iad a cheartú, cistí a caitheadh go míchuí a aisghabháil agus aghaidh a thabhairt ar laigí a shainaithnítear. Tá cur chuige an Choimisiúin éagsúil le cur chuige iniúchóireachta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa toisc go bhfuil sé bunaithe ar dhearcadh bainistíochta, go soláthraítear faisnéis níos mionsonraithe leis agus go bhfuil sé ilbhliantúil.

    Tuairiscíonn an Coimisiún go trédhearcach ar chaiteachas lena mbaineann ardleibhéal riosca a mheastar a bheith ábhartha, le laigí suntasacha i mbainistiú cistí nó le rioscaí do chlú.Déantar é sin sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí trí fhorchoimeádais lena gcáilítear an dearbhú dearbhaithe. Maidir le 2023, tá 14 fhorchoimeádas a bhfuil tionchar airgeadais iomlán de EUR 1 291 milliún acu, is é sin 0.8 % den chaiteachas iomlán. Tá forchoimeádais ina mbunchloch sa slabhra freagrachtaí. Leagtar amach iontu na dúshláin agus na laigí a tháinig chun cinn agus tá tuairisc ar na bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt orthu ag gabháil leo go córasach. Cuirtear ceartúcháin airgeadais iomchuí i bhfeidhm orthu freisin.

    Bunchúiseanna earráidí

    Costais neamhincháilithe in éilimh ar chostais

    Neamhchomhlíonadh rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta (soláthar, Státchabhair, etc.)

    Rannpháirtithe neamhincháilithe

    Doiciméid tacaíochta in easnamh

    Bearta maolaithe    

    Nuashonrú leanúnach ar straitéisí rialaithe

    Roghanna simplithe costais

    Gníomhaíochtaí feasachta    

    Treoraíocht    

    Oiliúint    

    Réitigh dhigiteacha

    Úsáideann an Coimisiún Eorpach bearta iomchuí freisin chun aghaidh a thabhairt ar na príomhlaigí a sainaithníodh trína rialuithe, agus na moltaí a rinne Parlaimint na hEorpa, an t‑iniúchóir inmheánach agus an Chúirt Iniúchóirí á gcur san áireamh.

    Cuireann an Coimisiún san áireamh freisin na ceachtanna a foghlaimíodh, go háirithe maidir le simpliú beart, agus rialacháin nua á gceapadh. Rinneadh é sin, mar shampla, le haghaidh na mbunús dlí do chlárthréimhse 2021-2027, agus leanfar ar aghaidh leis nuair a bheidh an chéad chlárthréimhse eile á hullmhú. Mar a mhínítear thuas, tiocfaidh méadú ar thionchar na bhforálacha sin sna blianta amach romhainn, nuair a bheidh níos mó caiteachais déanta faoin gclárthréimhse sin.

    Bunaithe ar an méid thuas, measann an Coimisiún Eorpach go bhfuil an buiséad mar iomlán cosanta go héifeachtach. Deimhnítear an méid sin leis an tuairim fhoriomlán ón iniúchóir inmheánach ( 25 ), inar mheas sí gur chuir an Coimisiún nósanna imeachta rialachais, bainistíochta riosca agus rialaithe inmheánaigh i bhfeidhm in 2023 atá leordhóthanach ina niomláine chun dearbhú réasúnach a thabhairt maidir le baint amach a chuspóirí airgeadais, cé is moite de na réimsí bainistíochta airgeadais sin ar chuir oifigigh údarúcháin trí tharmligean forchoimeádais in iúl ina ndearbhuithe dearbhaithe ina leith.

    Tuairisciú trédhearcach

    Tuairiscíonn an Coimisiún Eorpach go trédhearcach ar chur chun feidhme oibríochtúil agus buiséadach na gcistí a ndéanann sé bainistíocht orthu. Déantar é sin trí raon leathan de thuarascálacha agus bunachair sonraí atá inrochtana don phobal, a dtugtar roinnt samplaí díobh sa bhosca thíos.

    ·Le tuairisciú comhtháite airgeadais agus cuntasachta an Choimisiúin tugtar le chéile faisnéis chuimsitheach maidir le cur chun feidhme, feidhmíocht, torthaí, bainistíocht fhónta airgeadais agus cosaint bhuiséad an Aontais. Áirítear ann na cuntais chomhdhlúite deiridh, an Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta seo, réamhaisnéis fhadtéarmach na ninsreafaí agus na neissreafaí amach anseo, an tuarascáil bhliantúil ar an iniúchóireacht inmheánach agus an tuarascáil ar na bearta leantacha i leith an urscaoilte.

    ·Ina gcuid tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí, tuairiscíonn na hoifigigh údarúcháin trí tharmligean ó gach ceann de 51 roinn an Choimisiúin ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo a gcuspóirí maidir leis na cistí a chur chun feidhme. Tuairiscíonn siad ar thorthaí an rialaithe, ar na laigí a sainaithníodh sna córais rialaithe inmheánaigh agus ar na bearta a glacadh chun aghaidh a thabhairt orthu. Luann siad go trédhearcach ina ndearbhuithe dearbhaithe na forchoimeádais le haghaidh caiteachas nó ioncaim ardriosca.

    ·Tá tairseach ghréasáin an Chórais Trédhearcachta Airgeadais oscailte do na daoine sin den phobal ar spéis leo a fháil amach cé a fuair maoiniú ó bhuiséad an Aontais agus ón gCiste Eorpach Forbraíochta agus an méid a fuair siad, mar aon leis na gealltanais d’eintitis a bhfuil sé de chúram orthu buiséad an Aontais a bhainistiú faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach.

    ·Le deais bhannaí glasa NextGenerationEU, tugtar forléargas fíor-ama ar na bearta a mhaoinítear le bannaí glasa NextGenerationEU agus le caiteachas gaolmhar. Léiríonn na sonraí sin go bhfuil bannaí glasa á neisiúint ag an gCoimisiún i gcomhréir leis na caighdeáin is airde agus leis na cleachtais mhargaidh is fearr. I mí na Nollag 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún an chéad tuarascáil leithdháilte agus tionchair maidir le bannaí glasa NextGenerationEU. Léirítear ann an chaoi ar úsáideadh na fáltais ó bhannaí glasa agus nochtar an chéad mheasúnú ar thionchar aeráide na mbeart a mhaoiníonn siad.

    ·Ar Kohesio ( 26 ), an tardán poiblí le haghaidh infheictheacht agus thrédhearcacht chistí an bheartais comhtháthaithe, tá liostaí na noibríochtaí a fhoilsíonn na Ballstáit uile i gcomhréir leis na forálacha rialála is infheidhme agus tá sé ar fáil anois i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. I mí na Bealtaine 2024, bhí faisnéis in Kohesio faoi bheagnach 2 mhilliún tionscadal agus faoi thart ar 630 000 tairbhí a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa, ar fiú os cionn EUR 500 billiún san infheistíocht iomlán iad. In 2023, bhuaigh Kohesio Gradam an Ombudsman don Dea-Riarachán sa chatagóir ‘Riarachán oscailte’.

    ·Maidir le hacmhainní nádúrtha, baintear trédhearcacht faisnéise amach ar leibhéal na mBallstát trí chórais náisiúnta a fhorbairt agus a bhainistiú agus, de réir mar is infheidhme, trí bhunachair sonraí a bhfuil rochtain orthu tríd an idirlíon, mar shampla chun dáileachtaí talún a shainaithint le haghaidh na gcistí talmhaíochta, agus trí na tairbhithe do chistí talmhaíochta  agus muirí, iascaigh agus dobharshaothraithe a fhoilsiú go rialta. Treisíodh é sin in 2023 le catalóg nua ar líne de thionscnaimh an chomhbheartais talmhaíochta ( 27 ), lena dtugtar forléargas trédhearcach ar na pleananna straitéiseacha uile faoin mbeartas agus faoi idirghabhálacha gaolmhara, lena náirítear na táscairí toraidh agus an deais aschuir atá beartaithe agus an leithdháileadh airgeadais ar dheais chuspóirí sonracha an chomhbheartais talmhaíochta.

    ·I gcás na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, cuireadh roinn nua leis an scórchlár maidir le cur chun feidhme na saoráide, ina dtaispeántar na sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit maidir leis an 100 faighteoir deiridh a fhaigheann an méid is mó cistiúcháin faoin tsaoráid. D’fhoilsigh an Coimisiún nótaí modheolaíochta ar an scórchlár freisin chun míniú trédhearcach a thabhairt ar an modheolaíocht clibeála colúin agus ar an modheolaíocht chun eisíocaíochtaí a ríomh do gach colún.

    Maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, deimhnítear le torthaí rialaithe gur comhlíonadh go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna uile le haghaidh na n‑íocaíochtaí a rinneadh in 2023

    Tá timpeallacht rialaithe tiomnaithe curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún le haghaidh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Áirithítear leis an socrú rialaithe sin ar lámh amháin go gcuireann na Ballstáit córas rialaithe éifeachtach i bhfeidhm chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, de réir cheanglais an rialacháin, agus ar an lámh eile go bhfuil na híocaíochtaí leis na Ballstáit dlíthiúil agus rialta, rud a chiallaíonn go gcomhlíontar go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna is bonn leis na híocaíochtaí.

    Measúnaíodh gur comhlíonadh na garspriocanna agus na spriocanna iniúchóireachta agus rialaithe go léir ( 28 ) i gcás na mBallstát uile a fuair an chéad íocaíocht faoi dheireadh 2023 agus ar cuireadh na garspriocanna agus na spriocanna sin leis an bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta ina leith. Tugadh aird ar leith ar bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a cuireadh isteach i ndáil le socruithe na mBallstát chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Thug roinnt Ballstát gealltanais leantacha freisin chun comhlíonadh na gceanglas i ndáil le córais bhainistíochta agus rialaithe a áirithiú. Thapaigh an Coimisiún an deis athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta in 2023 chun garspriocanna nua iniúchóireachta agus rialaithe a chur leo i gcás inar measadh gur ghá sin ( 29 ). Ní féidir leis na Ballstáit íocaíochtaí a fháil, cé is moite de réamhmhaoiniú, fad is nach gcomhlíontar na garspriocanna agus na spriocanna sin.

    Faoi dheireadh 2023, bhí iniúchtaí córas déanta ag an gCoimisiún sna Ballstáit uile chun a chinntiú go raibh córais rialaithe náisiúnta a bhí láidir go leor curtha i bhfeidhm acu agus á gcoinneáil ar bun acu. Shainaithin an Coimisiún cásanna éagsúla maidir leis na comhlachtaí a ndearnadh iniúchadh orthu. Cosúil le 2022, bhain na príomheasnaimh le heaspa comhordaithe agus maoirseachta leordhóthanaí ag na comhlachtaí comhordaithe, straitéisí frithchalaoise neamhiomlána, gnéithe in easnamh sna measúnuithe riosca calaoise, an gá atá le feabhas a chur ar na rialuithe a dhéantar chun coinbhleachtaí leasa a chosc, rannpháirtíocht íseal in oiliúint arna heagrú chun feasacht calaoise a ardú agus easnaimh i dtuairisciú neamhrialtachtaí chuig an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise. Rinne an Coimisiún measúnú freisin ar chomhlíonadh oibleagáid na mBallstát a sheiceáil go rialta go ndearnadh an maoiniú a chuirtear ar fáil a úsáid go cuí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, lena n‑áirítear comhlíonadh na rialacha maidir le soláthar poiblí agus le Státchabhair, i gcás inarb infheidhme. Bhí an toradh dearfach.

    Maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht, deimhnítear le torthaí rialaithe an Choimisiúin gur comhlíonadh go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna uile le haghaidh na níocaíochtaí a rinneadh in 2023. Tá na torthaí sin bunaithe ar mheasúnú cúramach an Choimisiúin ( 30 ) ar an bhfianaise a sholáthair na Ballstáit chun bunús a thabhairt le comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna, mar aon leis na dearbhuithe bainistíochta agus na hachoimrí iniúchóireachta a ghabhann le gach iarraidh ar íocaíocht a cuireadh isteach agus a íocadh in 2023. Leis sin, bhíothas in ann líon anbheag garspriocanna agus spriocanna ( 31 ) a shainaithint nár baineadh amach tráth a cuireadh na hiarrataí ar íocaíocht isteach, agus ar cuireadh fionraí íocaíochtaí i bhfeidhm ina leith i gcomhréir leis an modheolaíocht maidir le fionraíochtaí íocaíochta a glacadh i mí Feabhra 2023 ( 32 ), ar mhéid iomlán EUR 890 milliún. Cuireadh an measúnú sin i gcrích le hiniúchtaí ar an láthair ( 33 ) tar éis don íocaíocht a bheith déanta.

    Thuairiscigh an t‑oifigeach údarúcháin trí tharmligean a bhí freagrach go raibh dearbhú réasúnach aige maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na híocaíochta a rinneadh in 2023 le haghaidh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, bunaithe ar na rialuithe a rinneadh. Ina theannta sin, bunaithe ar chritéir a bhí suite go soiléir, tháinig an Choimisiúin ar an gconclúid gur measadh go raibh leibhéal íseal riosca ag baint le 22 íocaíocht a rinneadh in 2023 ó thaobh earráide de, agus gur measadh ceann amháin ar mheánleibhéal riosca. Ina theannta sin, maidir le comhlíonadh úsáid na gcistí a fuarthas leis na rialacha uile is infheidhme, agus maidir leis an oibleagáid cásanna calaoise, éillithe, coinbhleachta leasa, nó sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as na comhaontuithe maoiniúcháin agus iasachta a cheartú, fuarthas nach raibh ach Ballstát amháin ar ardleibhéal riosca (maidir leis an ngné cheartúcháin) ach de réir mar nár measadh an cás a bheith ábhartha, níor eisíodh aon fhorchoimeádas. Measadh gach Ballstát eile a bheith ar mheánleibhéal riosca nó ar leibhéal íseal riosca.

    Leanann an córas coinníollachta de bheith ag rannchuidiú leis an gcosaint ar leasanna airgeadais an Aontais

    Ó bhí 2021 ann, le teacht i bhfeidhm an rialacháin coinníollachta ( 34 ), bhí sraith bhreise cosanta ag buiséad an Aontais i gcásanna ina ndéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sna Ballstáit difear do leasanna airgeadais an Aontais, nó ina bhfuil baol mór ann go ndéanfaidís difear dóibh, ar bhealach sách díreach. Tá an smacht reachta ar cheann de bhunluachanna an Aontais, agus tá urraim dó ríthábhachtach freisin do bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais agus d’úsáid éifeachtach cistiú ón Aontas. Comhlánaíonn an rialachán maidir le coinníollacht uirlisí agus nósanna imeachta eile chun buiséad an Aontais a chosaint, mar shampla seiceálacha agus iniúchtaí nó ceartuithe airgeadais faoi rialacha earnála, lena náirítear iad siúd a cuireadh i bhfeidhm leis an rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ( 35 ) agus le rialachán na bhforálacha coiteanna ( 36 ) lena rialaítear roinnt cistí de chuid an Aontais, nó imscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise.

    Leis an rialachán maidir le coinníollacht, is féidir leis an Aontas bearta a dhéanamh chun buiséad an Aontais a chosaint, mar shampla trí íocaíochtaí nó ceartuithe airgeadais a chur ar fionraí. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos leis an rialachán maidir le coinníollacht, ní mór don Choimisiún a mholadh go nglacfaidh an Chomhairle bearta iomchuí agus comhréireacha i ndáil leis an mBallstát lena mbaineann. Déanann an Chomhairle cinneadh maidir le bearta a ghlacadh trí thromlach cáilithe. Má ghlactar bearta, níor cheart difear a dhéanamh ach don Bhallstát lena mbaineann: ba cheart leanúint de chláir ábhartha an Aontais a chur chun feidhme. Ní mór faighteoirí agus tairbhithe deiridh chistiú an Aontais a chosaint, agus tá an Ballstát fós faoi cheangal a oibleagáidí a chomhlíonadh, lena n‑áirítear oibleagáidí maidir leis na faighteoirí deiridh a íoc.

    In 2023, rinne an Coimisiún Eorpach faireachán leanúnach ar an staid i ngach ceann de na 27 mBallstát agus rinne sé obair leantach freisin ar chás leanúnach na hUngáire. Imí na Nollag 2022, mar thoradh ar chur chun feidhme an rialacháin maidir le coinníollacht, glacadh an chéad chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle ina raibh bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta, i gcás na hUngáire. Chinn an Chomhairle 55 % de na gealltanais a chur ar fionraí le haghaidh trí chlár i ndáil leis an mbeartas comhtháthaithe, arb ionann é agus thart ar EUR 6.3 billiún do 2021-2027. Chuir an Chomhairle toirmeasc freisin ar ghealltanais dhlíthiúla nua a dhéanamh le hiontaobhais leasa phoiblí, nó le heintitis a choinníonn siad ar bun, faoi aon chlár de chuid an Aontais atá á bhainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún i bhfianaise na rioscaí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa sna hiontaobhais agus sna heintitis sin. Le linn an nós imeachta, gheall an Ungáir roinnt beart feabhais a ghlacadh. I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, áfach, maidir leis na bearta feabhais ar thug an Ungáir fógra fúthu, ina niomláine, mar a glacadh iad agus i bhfianaise a sonraí, agus na héiginnteachta a d’eascair as sin maidir lena gcur i bhfeidhm sa chleachtas, mheas an Chomhairle nár chuir siad deireadh leis na sáruithe a sainaithníodh ar phrionsabail an smachta reachta. I mí na Nollag 2023, i gcomhréir leis an rialachán coinníollachta, rinne an Coimisiún athmheasúnú ar an staid san Ungáir agus tháinig sé ar an gconclúid gur cheart go bhfanfadh na bearta cosanta a ghlac an Chomhairle i bhfeidhm ( 37 ).

    I bpróiseas faoi rialachán na bhforálacha coiteanna, mheas an Coimisiún roimhe seo nár chomhlíon an Ungáir an coinníoll cumasúcháin cothrománach maidir leis an urraim is gá a thabhairt do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh mar gheall ar roinnt ábhar imní, lena n‑áirítear maidir le neamhspleáchas breithiúnach. Mar thoradh air sin, chuir an Coimisiún bac ar aisíocaíocht caiteachais faoi rialachán na bhforálacha coiteanna. In 2023, tar éis roinnt malartuithe le rialtas na hUngáire agus measúnú críochnúil a dhéanamh, mheas an Coimisiún go raibh bearta leordhóthanacha déanta ag an Ungáir chun go measfadh an Coimisiún gur comhlíonadh an coinníoll cumasúcháin cothrománach maidir leis an gcairt a mhéid a bhaineann le saincheisteanna a bhaineann le neamhspleáchas breithiúnach. Tar éis an chinnidh sin, bhí cuid de na cistí faoi rialachán na bhforálacha coiteanna neamhreoite. Níl codanna den chistiú inaisíoctha go fóill, áfach, ós rud é nach bhfuil aghaidh tugtha fós ar shaincheisteanna eile faoin gcoinníoll cumasúcháin cothrománach maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha agus faoi choinníollacha cumasúcháin téamacha.

    Conclúid na bainistíochta

    I bhfianaise na ndúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, tá dlúthchomhar leanúnach idir an Coimisiún agus na comhreachtóirí ríthábhachtach i gcónaí. Mar a bhí fíor i gcás na paindéime, mar gheall ar chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá freagairt láidir ar leibhéal an Aontais riachtanach agus tá údar cuí léi ó thaobh breisluach a chur leis de bhreis ar na freagairtí náisiúnta, agus ar choinníoll go ndéantar í a chomhordú go maith.

    Áirithíonn an Coimisiún go bhfreastalaítear ar shaoránaigh le buiséad an Aontais. A bhuí leis na huirlisí éifeachtacha atá i bhfeidhm agus le bainistíocht réamhghníomhach bhuiséad an Aontais, bhí an Coimisiún in ann a chuspóirí beartais a bhaint amach agus dul i ngleic le dúshláin iomadúla gan choinne. Thug an Coimisiún an tsolúbthacht iomchuí dá thairbhithe, dá chomhpháirtithe cur chun feidhme agus do na Ballstáit, agus bainistíocht fhónta airgeadais á háirithiú agus leibhéal iomchuí dearbhaithe á choinneáil ar bun maidir le bainistiú bhuiséad an Aontais.

    Tá dearbhú réasúnach tugtha ag gach oifigeach údarúcháin trí tharmligean, cé go bhfuil sé sin cáilithe le forchoimeádais i gcás inarb iomchuí. Léirítear sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí go bhfuil córais rialaithe inmheánaigh dhaingne curtha i bhfeidhm ag ranna uile an Choimisiúin agus go soláthraítear fianaise iontu ar na gníomhaíochtaí a rinneadh chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht costais, chun na rialacha a shimpliú tuilleadh agus chun an buiséad a chosaint go leordhóthanach ar chalaois, ar earráidí agus ar mhírialtachtaí.

    Mheas an t‑iniúchóir inmheánach, ina tuairim fhoriomlán, gur chuir an Coimisiún nósanna imeachta rialachais, bainistíochta riosca agus rialaithe inmheánaigh i bhfeidhm in 2023 atá leordhóthanach, ina n‑iomláine, chun dearbhú réasúnach a thabhairt maidir le baint amach a chuspóirí airgeadais, cé is moite de na réimsí sin inar eisíodh forchoimeádais sna dearbhuithe dearbhaithe.

    Ar bhonn na ndearbhuithe agus na bhforchoimeádas sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí, agus tuairim an iniúchóra inmheánaigh á cur san áireamh, glacann Coláiste na gCoimisinéirí an Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta seo do Bhuiséad an Aontais Eorpaigh – bliain airgeadais 2023  agus glacann sé freagracht pholaitiúil fhoriomlán as bainistiú bhuiséad an Aontais.

    Bí i dteagmháil leis an Aontas Eorpach

    Go pearsanta

    Tá na céadta lárionad Europe Direct ar fud an Aontais. Is féidir leat teacht ar sheoladh an lárionaid is gaire duit ar líne ( https://europeanunion.europa.eu/contacteu/meetus_ga ).

    Ar an bhfón nó i scríbhinn

    Is seirbhís í Europe Direct a fhreagraíonn do cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

    ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (d’fhéadfadh sé go ngearrfadh oibreoirí áirithe táille as na glaonna sin),

    ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,

    tríd an bhfoirm seo a leanas: https://europeanunion.europa.eu/contacteu/write-us_ga .

    Eolas a fháil faoin Aontas Eorpach

    Ar líne

    Tá faisnéis faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ( europeanunion.europa.eu ).

    Foilseacháin de chuid an Aontais

    Is féidir breathnú ar fhoilseacháin an Aontais nó iad a ordú ag https://op.europa.eu/ga/web/general-publications/publications . Is féidir cóipeanna iomadúla d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Europe Direct nó le do lárionad doiciméadachta áitiúil (europeanunion.europa.eu/contacteu/meetus_ga ).

    Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara

    Tá faisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, lena náirítear dlí uile an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 sna teangacha oifigiúla uile, le fáil ó EUR-Lex ( eur-lex.europa.eu ).

    Sonraí oscailte an Aontais

    Leis an tairseach data.europa.eu soláthraítear rochtain ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála agus neamhthráchtála araon. Leis an tairseach soláthraítear rochtain freisin ar neart tacar sonraí ó thíortha Eorpacha.

    (1) ()    Is éard atá sa nós imeachta bliantúil um urscaoileadh an nós imeachta trína dtugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a bhformheas deiridh ar chur chun feidhme an bhuiséid maidir le bliain shonrach agus trína dtugann siad an Coimisiún chun cuntais go polaitiúil maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais ( https://ec.europa.eu/info/about‑european‑commission/eu-budget/how-it‑works/annual-lifecycle/assessment/parliaments‑approval_ga ).
    (2) ()     Airteagal 318 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
    (3) ()    Airteagal 247(1)(b) agus (e) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena naisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 - IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32018R1046 (an rialachán airgeadais).
    (4) ()    Airteagal 247 den rialachán airgeadais.
    (5) ()    Airteagal 246 den rialachán airgeadais.
    (6) ()    Airteagal 247(1)(c) den rialachán airgeadais.
    (7) ()    Airteagal 118(8) den rialachán airgeadais.
    (8) ()    Airteagal 261(3) den rialachán airgeadais.    
    (9) ()    Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom, IO L 424, 15.12.2020, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32020D2053 EUR 807 mbilliún i bpraghsanna atá ann faoi láthair, EUR 750 billiún i bpraghsanna 2018.
    (10) ()    Áirítear leis an méid sin atreisiú thart ar EUR 1.5 billiún i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil. EUR 7.3 billiún i bpraghsanna reatha atá sa chlársceidealú reatha 2021-2027 don Chiste Eorpach Cosanta. Déanfar EUR 1.5 billiún a atreorú ón gCiste Eorpach Cosanta ina dhiaidh sin chun tacú leis an togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach.
    (11) ()    Bunaithe ar ghealltanais bhuiséadacha.
    (12) ()    Gach bliain, déanann ranna an Choimisiúin tuairisciú ar an bhfeidhmíocht de réir a gcuspóirí ina dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí a fhoilsítear ar thairseach gréasáin Europa.eu. Rannchuidíonn na ranna freisin le ráitis ar fheidhmíocht na gclár (féach Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil bhliantúil seo ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht ar líne), ina dtugtar forléargas bliantúil ar an bhfaisnéis feidhmíochta le haghaidh chláir chaiteachais uile an Aontais sa tréimhse 2021-2027.
    (13) ()    Rinneadh athbhreithniú ar Phleananna Téarnaimh agus Athléimneachta chun caibidlí REPowerEU a chur san áireamh nó chun imthosca oibiachtúla a chur san áireamh, agus dá bhrí sin sháraigh líon na nathbhreithnithe líon iomlán na bpleananna (i.e. rinneadh dhá athbhreithniú ar roinnt Ballstát).
    (14) ()    Tá an fhaisnéis sin bunaithe ar shonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit i gcomhthéacs an tuairiscithe dhébhliantúil ar na táscairí coiteanna. Tá tuilleadh faisnéise agus sonraí ar fáil ón scórchlár téarnaimh agus athléimneachta ( https://ec.europa.eu/economy_finance/recovery-and‑resilience-scoreboard/index.html ).
    (15) ()Is féidir leis an duine céanna an tseirbhís a úsáid arís agus arís eile, agus sa chás sin dhéanfaí iad a chomhaireamh níos mó ná uair amháin.
    (16) ()    Baineann na Ballstáit tairbhe freisin as an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil chun athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme, lena náirítear na hathchóirithe sin a leagtar amach sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta.
    (17) ()    Feabhas breise a chur ar na coinníollacha cumasúcháin infheistíochta a cheanglaítear faoin mbeartas comhtháthaithe.
    (18) ()     https://ec.europa.eu/economy_finance/recovery-and‑resilience-scoreboard/index.html?lang=ga .
    (19) ()     https://commission.europa.eu/business‑economy-euro/economic-recovery/recovery-and‑resilience-facility_ga .
    (20) ()    Leis an téarma ‘oifigigh údarúcháin trí tharmligean’, cumhdaítear ArdStiúrthóirí ranna an Choimisiúin, ceannairí gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, oifigí, seirbhísí, tascfhórsaí, etc. Sonraítear le hAirteagal 74(1) den rialachán airgeadais: ‘Beidh an toifigeach údarúcháin san institiúid den Aontas lena mbaineann freagrach as ioncam agus caiteachas a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena náirítear trí thuairisciú ar fheidhmíocht a áirithiú, agus as a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le dlíthiúlacht agus le rialtacht agus le cóir chomhionann i ndáil le faighteoirí.’
    (21) ()    Togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, COM(2023) 234 final an 3 Bealtaine 2023; Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe, JOIN(2023) 12 final an 3 Bealtaine 2023.
    (22) ()    Arna leathnú le Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022, IO L 437, 28.12.2020, lgh. 1–29, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32020R2220 .
    (23) ()    In 2023, rinneadh forchoimeádais maidir le 43 chlár i 17 mBallstát agus sa Ríocht Aontaithe le haghaidh chlárthréimhse 2014-2020 agus chlárthréimhse 2021-2027 araon.
    (24) ()    In 2022, rinneadh forchoimeádais maidir le 33 ghníomhaireacht íocaíochta i 17 mBallstát agus sa Ríocht Aontaithe.
    (25) ()    Féach Iarscríbhinn 2, Roinn 3.2 ‘Obair na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach agus tuairim fhoriomlán’.
    (26) ()     https://kohesio.eu/ .
    (27) ()     Catalóg d’idirghabhálacha an chomhbheartais talmhaíochta .
    (28) ()    Aon phlean téarnaimh agus athléimneachta is fiche as 27. Ag deireadh 2023, bhí 14 de na 23 Bhallstát a ndearnadh an chéad íocaíocht ina leith ó thús na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
    (29) ()    Deich gcinn de gharspriocanna agus spriocanna iniúchóireachta agus rialaithe a cuireadh le seacht bplean téarnaimh agus athléimneachta athbhreithnithe.
    (30) ()Sa mheasúnú a rinne sé, coinníonn an Coimisiún corrlach discréide a mhéid a bhaineann le líon teoranta imthosca inar féidir glacadh le dialltaí íosta atá nasctha leis na méideanna, leis na ceanglais fhoirmiúla, leis an uainiú nó leis an tsubstaint.
    (31) ()    Measadh nár comhlíonadh seacht ngarsprioc agus sprioc go sásúil tráth na híocaíochta i dtrí iarraidh ar íocaíocht ó cheithre Bhallstát: LT, RO agus PT.
    (32) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: Dhá bhliain ar an bhfód – Ionstraim uathúil atá i gcroílár chlaochlú glas agus digiteach an Aontais, COM(2023) 99 final .
    (33) ()    Maidir le hiarrataí ar íocaíocht arna gcur isteach ag Ballstáit éagsúla.
    (34) ()    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint, IO L 433, 22.12.2020, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32020R2092 .
    (35) ()    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, IO L 57, 18.2.2021, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32021R0241 .
    (36) ()    Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, IO L 231, 30.6.2021, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32021R1060 .
    (37) ()    Cinneadh ón gCoimisiún an 13.12.2023 maidir leis an athmheasúnú, ar thionscnamh an Choimisiúin, ar chomhlíonadh na gcoinníollacha faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 tar éis Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2506 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir leis an Ungáir, C(2023) 8999 final.
    Top

    An Bhruiséil,19.6.2024

    COM(2024) 401 final

    IARSCRÍBHINNÍ

    to the

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ

    Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh - bliain airgeadais 2023


    Ní bheidh an Coimisiún Eorpach faoi dhliteanas i leith aon toradh a d’fhéadfadh a bheith ar athúsáid an fhoilseacháin seo.

    Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024

    © an tAontas Eorpach, 2024

    Déantar beartas athúsáide dhoiciméid an Choimisiúin Eorpaigh a chur chun feidhme le Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/833/oj ). Ach amháin má shonraítear a mhalairt, údaraítear an doiciméad seo a athúsáid faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) ( https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/ ). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear a athúsáid ar choinníoll go dtugtar an chreidiúint chuí agus go léirítear aon athrú a dhéantar.

    Le haghaidh míreanna nach bhfuil faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh a úsáid nó a atáirgeadh, d'fhéadfadh sé gur ghá cead a iarraidh go díreach ar shealbhóirí an chóipchirt.

    Gach grianghraf © An tAontas Eorpach mura dtugtar a mhalairt le fios.

    Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht Bhuiséad an Aontais Eorpaigh – Imleabhar II – Iarscríbhinní – Bliain airgeadais 2023

    Priontáil    ISBN <xxx-xx-xx-xxxxx-x>    ISSN <xxxx-xxxx>    doi:10.<xxxx/xx...x>    <xx-xx-xx-xxx-xx-x>

    PDF    ISBN <xxx-xx-xx-xxxxx-x>    ISSN <xxxx-xxxx>    doi:10.<xxxx/xx...x>    <xx-xx-xx-xxx-xx-x>

    Ar fáil freisin:

    Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht Bhuiséad an Aontais Eorpaigh – Imleabhar I – Bliain airgeadais 2023

    Priontáil    ISBN <xxx-xx-xx-xxxxx-x>    ISSN <xxxx-xxxx>    doi:10.<xxxx/xx...x>    <xx-xx-xx-xxx-xx-x>

    PDF    ISBN <xxx-xx-xx-xxxxx-x>    ISSN <xxxx-xxxx>    doi:10.<xxxx/xx...x>    <xx-xx-xx-xxx-xx-x>

    Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht Bhuiséad an Aontais Eorpaigh – Imleabhar III – Iarscríbhinní teicniúla – Bliain airgeadais 2023

    Priontáil    ISBN <xxx-xx-xx-xxxxx-x>    ISSN <xxxx-xxxx>    doi:10.<xxxx/xx...x>    <xx-xx-xx-xxx-xx-x>

    PDF    ISBN <xxx-xx-xx-xxxxx-x>    ISSN <xxxx-xxxx>    doi:10.<xxxx/xx...x>    <xx-xx-xx-xxx-xx-x>

    Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht Bhuiséad an Aontais Eorpaigh

    Bliain airgeadais 2023

    Imleabhar II

    Iarscríbhinní

    Coimeád an leathanach seo folamh i ndiaidh an bharúil a scriosadh.

    Ábhar

    Iarscríbhinn 1 – Éachtaí feidhmíochta in 2023    

    1. Feidhmíocht bhuiséad an Aontais Eorpaigh

    2. Tosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh

    3. Tosaíochtaí beartais cothrománacha i mbuiséad an Aontais

    Iarscríbhinn 2 – Rialú inmheánach agus bainistíocht airgeadais    

    1.Uirlisí láidre chun buiséad an Aontais a bhainistiú i dtimpeallacht chasta

    2.Rialuithe costéifeachtacha lena gcosnaítear buiséad an Aontais.

    3.Dearbhú bainistíochta

    Iarscríbhinn 3 – An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta    

    1.An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – uirlis nuálach rathúil chun freagairt ar ghéarchéimeanna

    2.Deimhnítear le torthaí rialaithe gur comhlíonadh go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna uile le haghaidh íocaíochtaí a rinneadh in 2023

    Iarscríbhinn 1 – Éachtaí feidhmíochta in 2023

    Coimeád an leathanach seo folamh i ndiaidh an bharúil a scriosadh.

    1. Feidhmíocht bhuiséad an Aontais Eorpaigh

    Is uirlis fhíor-riachtanach é buiséad an Aontais chun tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach. Leis na cláir dá chuid, tacaíonn an buiséad le beartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais. Cruthaíonn sé breisluach AE trí thorthaí a bhaint amach nach bhféadfaí a bhaint amach le caiteachas náisiúnta neamhchomhordaithe. Déantar cláir an Aontais a shaincheapadh chun sineirgí a spreagadh, cistiú poiblí agus príobháideach a thionscnamh agus borradh comhordaithe a chur faoi thosaíochtaí polaitíochta Choimisiún von der Leyen ( 1 ).

    Cur chun feidhme an bhuiséid in 2023

    In 2023, lean buiséad fadtéarmach an Aontais (an creat airgeadais ilbhliantúil) agus NextGenerationEU dá n‑inniúlacht a chruthú chun gníomhú mar chrann taca fhreagairt beartais an Aontais ar dhúshláin gan choinne – amhail cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, an ghéarchéim fuinnimh, suaitheadh sa slabhra soláthair, tubaistí nádúrtha agus géarchéimeanna daonnúla nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo – agus an tráth céanna lean siad de bheith ríthábhachtach i dtaobh tosaíochtaí an Choimisiúin a bhaint amach. Chun an méid sin a bhaint amach, cuireadh EUR 182 bhilliún de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas chun feidhme in 2023 ó bhuiséad 2021-2027 an Aontais chun inbhuanaitheacht agus rathúnas an Aontais a chur chun cinn, go háirithe trí infheistíocht a dhéanamh i dtéarnamh glas agus digiteach. Cuirfidh sé sin ar a chumas do gheilleagar sóisialta an Aontais a bheith níos athléimní agus déanfaidh sé cruthú post a neartú.

    Creat airgeadais ilbhliantúil: Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas bhuiséad an Aontais 2023 de réir ceannteideal buiséid (milliún EUR)

    Foinse: An Coimisiún Eorpach.

    Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus chun leanúint den téarnamh eacnamaíoch a spreagadh, cuirtear borradh faoi bhuiséad an Aontais leis an ionstraim shealadach NextGenerationEU. Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an chuid is tábhachtaí de NextGenerationEU agus soláthraítear cistiú léi do na Ballstáit chun infheistíochtaí agus athchóirithe a dhéanamh. Ó 2021 go 2026, soláthróidh NextGenerationEU EUR 807 mbilliún ( 2 ) de chistiú thar roinnt clár agus tosaíochtaí, agus béim láidir á leagan ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach. In 2023, leithdháileadh EUR 238 mbilliún de chistí NextGenerationEU i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, go príomha tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

    Faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht

    Trí úsáid a bhaint as na leithreasuithe buiséid, lean cláir an Aontais de dhul chun cinn a dhéanamh maidir lena bpríomhchuspóirí a bhaint amach agus luach a sholáthar do shaoránaigh uile an Aontais. Déantar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí na gclár go háirithe trí bhíthin táscairí feidhmíochta.

    Ní hionann staid an chur chun feidhme ar fud na gclár airgeadais. I gcás fhormhór na gclár atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, amhail cistí an bheartais chomhtháthaithe, tá sé róluath fós measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na dtáscairí feidhmíochta i dtreo a spriocanna a bhaint amach, ós rud é gur díríodh go dtí deireadh 2023 ar chláir fhorluiteacha 2014-2020 a thabhairt chun críche. Ar an taobh eile, is gnách go mbíonn cláir faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach níos forbartha sa timthriall cur chun feidhme, agus leis na torthaí in 2023 is féidir an measúnú sin a dhéanamh cheana féin. I gcás na dtáscairí sin ar féidir measúnú a dhéanamh orthu, measadh go raibh a bhformhór mór ar an mbóthar ceart chun a spriocanna a bhaint amach faoi dheireadh chur chun feidhme na gclár.

    Miondealú bhuiséad 2021-2027 de réir dhul chun cinn na gclár foluiteach.

    Léirítear sa ghraf an dul chun cinn arna thomhas de réir sciar na bpríomhtháscairí feidhmíochta atá ar an mbóthar ceart chun a spriocanna faoi seach a chomhlíonadh. Ní áirítear leis táscairí nach féidir measúnú a dhéanamh orthu leis na torthaí ag an gcéim seo.

    Foinse: An Coimisiún Eorpach.

    Le linn 2023, leanadh de líon mór de chláir an Aontais faoi bhuiséad 2014-2020 a chur chun feidhme agus de thorthaí a bhaint amach do shaoránaigh an Aontais. Rinneadh líon mór íocaíochtaí, EUR 65.5 billiún san iomlán, i ndáil leis na cláir sin le linn 2023. Bhain formhór na n‑íocaíochtaí sin leis an mbeartas comhtháthaithe (lena n‑áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus Ciste Sóisialta na hEorpa). Go bunúsach, is buiséad atá dírithe ar infheistíocht é buiséad an Aontais, agus tá sé dírithe go príomha ar luach fadtéarmach a ghiniúint don Aontas. Lean na cláir sin de dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo a spriocanna feidhmíochta faoi seach a bhaint amach.

    An tráth céanna, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaidh an t‑airgead a chaitear aghaidh ar na dúshláin i ndáiríre agus go seachadfar na torthaí a bhfuil coinne leo ar an láthair. Léirítear sa tábla thíos samplaí de thorthaí ó bhuiséad an Aontais a baineadh amach faoi chreataí airgeadais ilbhliantúla 2014-2020 agus 2021-2027 araon.

    Samplaí de na torthaí a fuarthas:

    Aeráid ( 3 )

    32 070 752 mheigeavatuair de choigilteas measta éifeachtúlachta fuinnimh in aghaidh na bliana ó fhoirgnimh phríobháideacha agus phoiblí ag clár InvestEU, ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa 2014-2020 agus ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, sa tréimhse 2014-2023.

    87 milliún tona de choibhéis mheasta dé-ocsaíde carbóin a seachnaíodh in aghaidh na bliana, ar infheistíochtaí bannaí glasa iad breis agus a leath díobh sin trí chlár InvestEU, clár LIFE, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa 2014-2020 agus NextGenerationEU. Ina theannta sin, tá coinne le 442 mhilliún tona de laghdú dé‑ocsaíde carbóin ón gCiste don Nuálaíocht (a bhfuil 232 mhilliún tona de ó thionscadail a síníodh in 2023) le linn a gcéad 10 mbliana oibríochtaí.

    127 851 mheigeavata bhreise d’fhuinneamh in‑athnuaite measta arna shuiteáil ag clár InvestEU, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa 2014-2020, cistí an Bheartais Chomhtháthaithe 2021-2027 agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, sa tréimhse 2014-2023.

    Digiteach

    5.6 milliún teach breise le rochtain idirlín a sholáthraítear trí líonraí an‑ardtoillte ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta faoi lár 2023.

    Cruthaíodh3 000 teirighiotán in aghaidh an tsoicind de thoilleadh breise le líonraí cnáimhe droma imscartha, lena n‑áirítear cáblaí faoi uisce, leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa in 2023.

    Fostaíocht

    Bhí post faighte ag 6.8 milliún duine (lena n‑áirítear a bheith féinfhostaithe) a bhuí le gníomhaíochtaí Chiste Sóisialta na hEorpa agus an tionscnaimh um fhostaíocht don aos óg idir 2014 agus 2022. 

    Cruthaíodh 370 000 post go díreach i bhfiontair ar tugadh tacaíocht dóibh idir 2014 agus 2022 leis an gCiste Comhtháthaithe agus le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

    Bhí cáilíocht bainte amach ag 10.3 milliún duine a bhuí le gníomhaíochtaí Chiste Sóisialta na hEorpa agus an tionscnaimh fostaíochta don aos óg faoi dheireadh 2022.

    Leis an anailís feidhmíochta sa chéad roinn eile den Iarscríbhinn seo, ‘2. Tosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh’, tugtar tuairisc ar an gcaoi ar rannchuidigh cláir an Aontais le tosaíochtaí polaitiúla Uachtarán von der Leyen. Leis an tríú roinn den Iarscríbhinn seo, ‘3. Tosaíochtaí beartais cothrománacha i mbuiséad an Aontais’, soláthraítear faisnéis ar leibhéal bhuiséad an Aontais maidir le maoiniú tionscnamh a bhaineann leis an aeráid, leis an mbithéagsúlacht, leis an gcomhionannas inscne, leis an aistriú digiteach agus le spriocanna forbartha inbhuanaithe ( 4 ). Ar deireadh, le hIarscríbhinn 4, ‘Ráitis ar fheidhmíocht cláir’, soláthraítear anailís mhionsonraithe ar na cláir aonair agus ar a bhfeidhmíocht, a chuirtear i láthair mar shuíomh gréasáin chun go mbeadh sé áisiúil don léitheoir.



    Feidhmíocht atá leabaithe i ndearadh na gclár

    Le rialachán na bhforálacha coiteanna le haghaidh na tréimhse 2021-2027 áirítear athbhreithniú meántéarma treisithe ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ar Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, ar an gCiste Comhtháthaithe, ar an gCiste um Aistriú Cóir agus ar an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe. Leis an athbhreithniú sin, ba cheart go soláthrófar coigeartú iomlán ar na cláir bunaithe ar a bhfeidhmíocht, agus go soláthrófar deis freisin dúshláin nua agus moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh in 2024 a chur san áireamh. Féadfaidh na Ballstáit comhaontú comhpháirtíochta leasaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2025, agus toradh an athbhreithnithe mheántéarma á chur san áireamh. Ba cheart a mheas leis an athbhreithniú freisin an bhfuil dul chun cinn neamhleor déanta i dtreo an sprioc rannchuidithe aeráide a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta. Thairis sin, ceanglaítear leis an rialachán maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir go ndéanfar athbhreithniú faoin 30 Meitheamh 2025 ar chur chun feidhme an Chiste um Aistriú Cóir, athbhreithniú a bheidh mar bhonn do thuarascáil a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

    Ba in 2023 freisin a aistríodh an comhbheartas talmhaíochta i dtreo samhail seachadta atá bunaithe ar fheidhmíocht. Ceann de phríomhghnéithe nua an chomhbheartais talmhaíochta athchóirithe, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023, is ea an t‑aistriú i dtreo clársceidealú aonair. D’éirigh le pleananna straitéiseacha an chomhbheartais talmhaíochta a d’ullmhaigh na Ballstáit agus a d’fhormheas an Coimisiún cistiú a thabhairt faoi scáth amháin le haghaidh tacaíocht ioncaim, forbairt tuaithe agus bearta margaidh. Tá an comhbheartas talmhaíochta nua éirithe níos straitéisí: Socraíodh 10 gcuspóir shonracha ar leibhéal an Aontais, agus an tráth céanna fágadh faoi na Ballstáit rogha na n‑idirghabhálacha chun iad a chomhlíonadh ar an mbealach is fearr ina bpleananna straitéiseacha. Leis sin, bhí an beartas in ann bogadh níos gaire do shamhail seachadta bunaithe ar fheidhmíocht, trína ndéantar gach idirghabháil a phleanáil ex ante agus a nascadh le táscairí aschuir.

    Iontaofacht na faisnéise feidhmíochta a threisiú

    Bíonn an Coimisiún ag obair go leanúnach chun tuilleadh feabhais a chur ar na próisis láidre atá aige cheana féin maidir le tuairisciú feidhmíochta. In 2023, mar fhreagairt ar mholtaí iniúchta inmheánaigh agus sheachtraigh, chuir an Coimisiún feabhas ar a phróisis rialaithe maidir le hiontaofacht na faisnéise feidhmíochta faoi chláir airgeadais an Aontais. Go háirithe, d’fhorbair sé treoraíocht nua agus ceanglais shonracha a bheidh le leanúint ag ranna éagsúla an Choimisiúin chun tuairisciú ar thorthaí a rialuithe ina dTuarascálacha Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí le haghaidh 2023 (ar foinse thábhachtach faisnéise iad don Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht seo). Sa chéad bhliain de chur chun feidhme an chur chuige rialaithe neartaithe sin, thug sraitheanna éagsúla rialuithe cáilíochta le fios gur léirigh ranna obair leantach mhaith ar an treoraíocht agus ar na ceanglais nua. Níor thuairiscigh siad aon mhóreasnamh maidir le hiontaofacht na faisnéise feidhmíochta dá gcláir airgeadais faoi seach.

    2. Tosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh

    Comhaontú Glas don Eoraip

    Ceapadh an Comhaontú Glas don Eoraip i ngeall ar an ngá sin atá ann ár bpláinéad a chosaint. Ach dearadh é freisin mar dheis chun ár rathúnas amach anseo a chaomhnú.

    Ursula von der Leyen

    Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

    I dtreo astaíochtaí gás ceaptha teasa glan‑nialasacha

    Ba é samhradh 2023 an samhradh ba theo a taifeadadh riamh san Eoraip. Léirítear leis na sonraí ó chlár an Aontais um fhaire na Cruinne, Copernicus, gurbh é mí an Mhárta 2024 an 10ú mí as a chéile a bhí ar an gceann is teo ar taifead ( 5 ). Chonacthas adhaimsir in go leor áiteanna san Aontas, go háirithe i bhfoirm falscaithe agus tuilte.

    D’eascair an Comhaontú Glas don Eoraip as an ngá atá ann ár bpláinéad a chosaint. An tráth céanna, tá sé i gceist freisin ár rathúnas a chaomhnú, go háirithe trí sprioc soiléir a thabhairt don infheistíocht agus don nuálaíocht agus trí nuachóiriú agus dícharbónú a dhéanamh fite fuaite ina chéile. Is príomhchuid de bheartas an Aontais agus dá straitéis téarnaimh é an t‑aistriú glas, agus tá ról ríthábhachtach ag buiséad an Aontais maidir lena chur chun feidhme.

    In 2023, tiomnaíodh thart ar EUR 160 billiún nó 38 % de bhuiséad an Aontais do chuspóirí príomhshruthaithe aeráide ( 6 ), le ranníocaíochtaí tábhachtacha ón mbeartas comhtháthaithe, ón gcomhbheartas talmhaíochta, agus ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Anuas air sin, leis an gCiste don Nuálaíocht, atá ar cheann de na cláir chistiúcháin is mó ar domhan chun teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin a léiriú, tá thart ar EUR 6.5 billiún geallta trí dheontais le haghaidh tionscadail nuálacha in 22 thír rannpháirteacha de chuid an Aontais / an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch faoi 2023. In 2023, sholáthair Fís Eorpach, clár suaitheanta an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht, 374 dheontas de luach ranníocaíocht EUR 2.37 billiún ón Aontas le haghaidh na haeráide, an fhuinnimh agus na soghluaisteachta. Sholáthair sé 232 dheontas freisin lenar cumhdaíodh EUR 1.23 billiún le haghaidh bia, bithgheilleagair, acmhainní nádúrtha, talmhaíochta agus an chomhshaoil.

    Soláthraíonn an Ciste don Nuálaíocht tacaíocht d’fhorbairt tráchtála teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin. Leo sin, tugtar laghduithe móra ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, lena gcumhdaítear réimsí chomh héagsúil le tionscail dianfhuinnimh, foinsí in‑athnuaite fuinnimh, stóráil fuinnimh, soghluaisteacht agus foirgnimh ghlan‑nialasacha, hidrigin, agus gabháil, úsáid agus stóráil carbóin. Seo a leanas samplaí de thionscadail den sórt sin:

    saoráid táirgthe cruach glaise: laghdú díreach hidriginbhunaithe ar amhiarann sa tSualainn;

    teicneolaíocht lúbiata a úsáideann fuinneamh geoiteirmeach chun fuinneamh glan, inseolta agus bonnualaigh a sholáthar le haghaidh téamh ceantair agus/nó giniúint cumhachta sa Ghearmáin;

    saoráid athchúrsála ceallraí ian litiam chun mais dhubh a tháirgeadh agus a scagadh sa Fhrainc;

    saoráid táirgthe hidrigine glaise sa Pholainn.

    Leis an Saoráid um Chónascadh na hEorpa éascaíodh agus maoiníodh cur chun feidhme an bhonneagair fuinnimh in‑athnuaite trasteorann faoin ionú Fhuinnimh In‑athnuaite Trasteorann le trí ghlao ar thograí idir 2022 agus 2023, dar luach EUR 22.5 milliún san iomlán. Thairis sin, chistigh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa mórnaisc iarnróid trasteorann in 2023, go háirithe Buntollán Brenner (a nascann an Iodáil agus an Ostair), Rail Baltica (a nascann an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn leis an gcuid eile den Eoraip) agus an chuid trasteorann idir an Ghearmáin agus an Ísiltír (Emmerich‑Oberhausen), rud a chuir le bonneagar iompair níos éifeachtúla, níos glaise agus níos cliste. 

    Ina theannta sin, in 2023 d’infheistigh an tAontas os cionn EUR 540 milliún i mbonneagar breosla mhalartaigh tríd an tSaoráid Bonneagair Breoslaí Malartacha, rud a fhágfaidh go mbeidh 14 000 pointe athluchtaithe agus 81 stáisiún athbhreoslaithe hidrigine ann, mar aon le leictriú calafort agus aerfort.

    Le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, rannchuidítear le tionscadail arna gcómhaoiniú ag na Ballstáit, lena gcuidítear leis an aistriú glas a bhaint amach.

    I measc samplaí de thionscadail shonracha tá:

    méadú ar thoilleadh na gcóras geoiteirmeach agus ar tháirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite amhail bithmhais sa Pholainn;

    tógáil línte iarnróid ardluais sa Spáinn, ar chonair na Meánmhara (Murcia-Almeria) agus ar chonair an Atlantaigh (MaidridLiospóin) araon;

    cruthú agus cur chun feidhme toillte coisc agus freagartha dóiteáin san Iodáil;

    tógáil scoile inbhuanaithe Bauhaus Eorpach Nua san Eastóin.

    Le hinfheistíochtaí faoin mbeartas comhtháthaithe, tacaítear le gréasán iompair trasteorann an Aontais a chur i gcrích agus réigiúin na hEorpa a nascadh leis na príomhnóid iompair, mar aon le hiompar uirbeach glan agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn. Áirítear leis na torthaí infheistíochta 2 164 km de línte iarnróid atógtha nó uasghrádaithe, tacaíocht fheabhsaithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do 50 000 fiontar, laghdú 6 000 GWh in aghaidh na bliana ar thomhaltas fuinnimh foirgneamh poiblí agus feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe do thart ar 600 000 teaghlach.

    Aistriú cóir a áirithiú

    Ní éireoidh leis an aistriú glas ach amháin má tharlaíonn sé ar bhealach cóir, gan aon duine a fhágáil ar lár. Chuige sin, tá an Sásra um Aistriú Cóir bunaithe ag an Aontas. Faoin sásra cistiúcháin sin, ghlac an Coimisiún, faoi dheireadh 2023, cláir ó na Ballstáit chun tacú le 96 chríoch trí 70 Plean Críochacha um Aistriú Cóir, dar luach EUR 19.7 billiún san iomlán.

    I mí na Bealtaine 2023, bhunaigh an tAontas an Ciste Aeráide Sóisialta, lena slógfar EUR 86.7 billiún ar a laghad thar an tréimhse 2026-2032 chun tacú le cosaint na mBallstát, le linn an aistrithe ghlais, do na grúpaí is leochailí a ndéantar difear dóibh leis an bpraghsáil nua carbóin atá le tabhairt isteach d’earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair ar bóthar. Thairis sin, tá tionscnaimh á gcistiú ag an Aontas arb é is aidhm dóibh aistriú níos córa a áirithiú trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, a d’infheistigh EUR 16.3 billiún i ndaoine in 2023, ag tacú le gníomhaíochtaí agus le hathchóirithe struchtúracha atá dírithe ar chuimsiú sóisialta, ar oideachas agus scileanna a fheabhsú, agus ar fhostaíocht.

    Agus infheistíocht á déanamh aige sa mhaolú ar an athrú aeráide agus san oiriúnú don athrú sin, ghníomhaigh an tAontas freisin i ndlúthpháirtíocht leis na tíortha atá buailte ag mórthubaistí nádúrtha amhail tuilte agus dóiteáin foraoise. In 2023, sholáthair Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh cúnamh dar luach EUR 755 mhilliún don Ghearmáin (tuilte), don Bheilg (tuilte), don Rómáin (triomach) agus don Iodáil (tuilte), agus fuair sé iarratais nua ar thacaíocht ón Tuirc (crith talún), ón Iodáil (tuilte), ón nGréig (tuilte) agus ón tSlóivéin (tuilte).

    Úsáid a bhaint as bannaí glasa

    Tá suas le 30 % de NextGenerationEU á mhaoiniú ag an gCoimisiún trí bhíthin Bannaí Glasa. Meastar go mbeidh an Coimisiún ar an eisitheoir bannaí glasa is mó ar domhan dá bharr sin. Eisíodh an chéad bhanna glas de chuid NextGenerationEU i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus tá an Coimisiún fós gníomhach sa mhargadh ó shin. In 2023, thiomsaigh sé os cionn EUR 12 bhilliún trí bhannaí glasa. Ón 1 Lúnasa 2023, thuairiscigh 14 Bhallstát (i gcomparáid le 7 mBallstát ón 19 Deireadh Fómhair 2022) caiteachas dar luach EUR 21 bhilliún don Choimisiún atá incháilithe do mhaoiniú Bhannaí Glasa NextGenerationEU. Déantar an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach ar dheais ar líne bhannaí glasa NextGenerationEU( 7 .

    I mí na Nollag 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún a chéad tuarascáil tionchair maidir le bannaí glasa NextGenerationEU ( 8 ). Meastar sa tuarascáil go mbeidh 44 mhilliún tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana d’astaíochtaí seachanta mar thoradh ar chur chun feidhme iomlán na ngarspriocanna agus na spriocanna inchainníochtaithe uile sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta suas go dtí 2026 atá incháilithe do mhaoiniú trí bhannaí glasa NextGenerationEU. Tá na laghduithe sin ag teacht ó réimsí éagsúla amhail éifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe, táirgeadh hidrigine, cumhacht ghaoithe, feabhsuithe ar bhainistiú dramhaíola agus bonneagar iarnróid.



    Cuidiú leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú

    In 2023, tiomnaíodh thart ar EUR 20 billiún, a chomhfhreagraíonn do thart ar 5 % de bhuiséad an Aontais, don chuspóir maidir le príomhshruthú na bithéagsúlachta trí chláir éagsúla. Mar shampla, faoin gcomhbheartas talmhaíochta, tá an Coimisiún Eorpach ag cuidiú le feirmeoirí an bhithéagsúlacht a athbhunú, a chaomhnú agus a fheabhsú ar a bhfeirmeacha, mar aon le gnéithe tírdhreacha a chaomhnú agus a choinneáil ar bun. Faoi chláir an bheartais chomhtháthaithe, tá infheistíocht á déanamh ag an Aontas i ngníomhaíochtaí bithéagsúlachta ó bhearta oiriúnaithe don athrú aeráide go hathshlánú láithreán tionscail agus cosaint agus athbhunú an dúlra( 9 .

    Faoi ionú na hEorpa Domhanda den Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, sholáthair an Coimisiún tacaíocht do Thionscnamh an Bhalla Mhóir Ghlais de chuid na hAfraice agus do chomhpháirtíochtaí nua maidir le foraoisí, mar aon le rannpháirtíocht athnuaite maidir le cosaint na n‑aigéan, lena n‑áirítear i réigiún na Meánmhara.

    Is é an clár LIFE ionstraim chistiúcháin an Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid. Ó bhí 2021 ann, tá os cionn EUR 1.3 billiún geallta aige do thart ar 500 tionscadal ar fud an Aontais i gceithre shnáithe éagsúla: an t‑aistriú chuig fuinneamh glan, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, an dúlra agus an bhithéagsúlacht, agus an geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil.

    Maidir leis an mbithéagsúlacht, cistíodh cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí ar fud na hEorpa, amhail:

    gnáthóga féarthailte tirime a chosaint agus a athbhunú i sléibhte Dinara sa Chróit;

    speicis éisc atá i mbaol a chaomhnú i gcraobhaibhneacha abhainn uachtarach Po san Iodáil;

    féar mara fothaoidmhear a athchur i bhfiántas in Ria de Aveiro sa Phortaingéil;

    athbhunú agus caomhnú lochanna goirt agus limistéar salainn san Ostair; agus

    tacaíocht do dhaonraí bíosún na hEorpa sa Rómáin.



    Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach

    Ní sna feidhmchláir dhigiteacha amháin atá láidreachtaí na hEorpa. Aithnítear ar fud an domhain an taighde agus an fhorbairt atá déanta againn ar leathsheoltóirí. Tógaimid sár-ríomhairí dochreidte.

    Ursula von der Leyen

    Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

    Teicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt agus a chur in úsáid agus infheistíocht a dhéanamh i scileanna digiteacha

    Tá conair shoiléir socraithe ag an Aontas Eorpach dá aistriú digiteach agus tá sé anois ina cheannródaí domhanda maidir le cearta ar líne. Ós rud é gur todhchaí digiteach atá amach romhainn, tá sé fíor-riachtanach buntáiste Eorpach a chaomhnú maidir le teicneolaíochtaí criticiúla agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, agus tá buiséad an Aontais ag cuidiú chun é sin a bhaint amach.

    Leis an gclár don Eoraip Dhigiteach tacaítear le príomhtheicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt agus a chur in úsáid. I measc na samplaí, tá an ríomhaireacht ardfheidhmíochta, bonneagar néal go himeall, spásanna sonraí agus intleacht shaorga, blocshlabhra, cibearshlándáil agus leathsheoltóirí. Leis an gclár, tacaítear le cur in úsáid na sár-ríomhaireachta agus le rochtain uirthi chun iomaíochas na tionsclaíochta a neartú, agus chun an chibearshlándáil a mhéadú chun bonneagar criticiúil a chosaint. Tá sár-ríomhairí ríthábhachtach freisin don tionscnamh Destination Earth, lena ndéanfar dálaí adhaimsire a réamh‑mheas agus faireachán ar thionchar an athraithe aeráide.

    Le hEoraip Dhigiteach, maoinítear bonneagair, uirlisí comhroinnte sonraí agus ollstruchtúir. Cuirtear sásraí rialachais i bhfeidhm leis chun éiceachórais chomhroinnte sonraí IS rathúla agus an chéad ghlúin eile de sheirbhísí néalríomhaireachta agus imeall-ríomhaireachta a chur i bhfeidhm. In 2023, bunaíodh saoráidí tástála agus turgnamhaíochta intleachta saorga in earnálacha an agraibhia, an chúraim sláinte, na monaraíochta agus cathracha agus pobail chliste. Cuireann siad seirbhísí tástála agus bailíochtaithe an‑speisialaithe ar fáil do nuálaithe intleachta saorga, rud a chuidíonn leo dlús a chur le réitigh cheannródaíocha agus iad a thabhairt chuig an margadh. Cuireadh spásanna coiteanna Eorpacha sonraí ar bun freisin, lena gcumhdaítear turasóireacht, scileanna, monaraíocht, sláinte, soghluaisteacht, pobail chliste, an Comhaontú Glas agus talmhaíocht. Beidh siad sin ina bpríomhacmhainn sonraí don phobal intleachta saorga chun oiliúint agus feabhas a chur ar a gcuid samhlacha.

    Leis an gclár don Eoraip Dhigiteach, tacaítear le gníomhaíochtaí atá dírithe ar shaoránaigh agus eagraíochtaí a chosaint ar chibirionsaithe mórscála. In 2023, bunaíodh Lárionaid Náisiúnta Comhordúcháin um Inniúlachtaí Cibearshlándála i ngach Ballstát chun rochtain ar thaighde agus ar shaineolas teicneolaíoch sa chibearshlándáil a sholáthar ar an leibhéal náisiúnta/réigiúnach agus chun comhar trasteorann a áirithiú.

    Chun lucht saothair a chruthú ag a bhfuil an saineolas chun na hardteicneolaíochtaí sin a úsáid, tacaíonn an clár don Eoraip Dhigiteach le barr feabhais institiúidí oideachais agus oiliúna an Aontais i réimsí digiteacha. In 2023, chláraigh os cionn 2 500 mac léinn sna chéad chláir Mháistreachta agus cúrsaí oiliúna gearrthéarmacha san intleacht shaorga, sa chibearshlándáil, in idirlíon na n‑earraí, sa bhlocshlabhra, sa ríomhaireacht chandamach nó sa róbataic.

    Chun tacú le heagraíochtaí poiblí agus príobháideacha ina n‑aistriú digiteach, bhunaigh an Eoraip Dhigiteach líonra de 151 mhol Eorpach maidir leis an nuálaíocht dhigiteach a thairgeann seirbhísí i 90 % de réigiúin an Aontais, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Cuireann na moil ar chumas na n‑eagraíochtaí sin tástáil a dhéanamh sula ndéanann siad infheistíocht i réitigh dhigiteacha agus i dteicneolaíochtaí digiteacha, agus cuireann siad comhairle mhaoiniúcháin nó forbairt oiliúna agus scileanna ar fáil.

    Rinne an Eoraip Dhigiteach tuilleadh infheistíochta i ndigitiú an cheartais, san idir-inoibritheacht agus i ndigitiú na hearnála poiblí. Mar shampla, tacaíodh le treoirthionscadail mhórscála ina bhfuil os cionn 360 údarás poiblí agus eintiteas príobháideach rannpháirteach chun Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí a phíolótú.

    Gealltanais bhuiséadacha don chlár don Eoraip Dhigiteach (in EUR milliún)

    Foinse: an Coimisiún Eorpach

    In 2023, rinne an tAontas bearta tábhachtacha chun líonra sár-ríomhairí den chéad scoth a thógáil ina Bhallstáit. Is é an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach an t‑eintiteas dlíthiúil agus cistiúcháin a chuireann ar chumas a 34 thír rannpháirteacha agus a gcomhpháirtithe príobháideacha a n‑iarrachtaí a chomhordú agus a n‑acmhainní a chomhthiomsú chun ceannaire domhanda sa tsár‑ríomhaireacht a dhéanamh den Eoraip. In 2023, cuireadh ocht sár-ríomhaire i bhfeidhm, a fuarthas le tacaíocht ó Fhís 2020 agus ó chláir na Saoráide um Chónascadh na hEorpa. Rangaítear trí cinn acu laistigh de na 10 gcinn is fearr i dtéarmaí feidhmíochta (Samhain 2023).

    Roghnaigh an Comhghnóthas cuibhreannas freisin faoi stiúir díoltóirí Eorpacha chun Jupiter, an chéad sár-ríomhaire eicsea-scála Eorpach (ríomhaire atá in ann breis agus billiún ríomh a dhéanamh in aghaidh an tsoicind), a sholáthar, a shuiteáil agus a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, roghnaigh an Comhghnóthas cuibhreannas Jules Verne chun an dara sár-ríomhaire eicsea-scála de chuid an Chomhghnóthais a óstáil agus a oibriú sa Fhrainc. Síníodh comhaontuithe óstála freisin le sé shuíomh ar fud an Aontais (sa tSeicia, sa Ghearmáin, sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodáil agus sa Pholainn) chun na chéad ríomhairí candamacha san Eoraip a óstáil agus a oibriú. Sa chomhthéacs sin, seoladh nósanna imeachta soláthair sa Ghearmáin agus sa Pholainn in 2023.

    Sár-ríomhairí san Aontas

    Foinse: an Coimisiún Eorpach

    Infheistiú san intleacht shaorga

    an tAontas ar an mbealach le bheith ina cheannaire domhanda maidir leis an intleacht shaorga shábháilte, rud a chuireann go leor buntáistí ar fáil do dhaoine, do ghnólachtaí agus do rialtais. Is é Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga, a comhaontaíodh leis na comhreachtóirí i mí na Nollag 2023, an chéad chreat dlíthiúil cuimsitheach riamh maidir leis an intleacht shaorga ar fud an domhain. Tá an Coimisiún Eorpach ag tacú go gníomhach le forbairt, cur in úsáid, úsáid agus glacadh na hintleachta saorga iontaofa san Aontas.

    In athbhreithniú 2021 ar an bplean comhordaithe maidir leis an intleacht shaorga, bhí sé d’aidhm ag an gCoimisiún EUR 7 mbilliún a leithdháileadh tríd an gclár don Eoraip Dhigiteach agus tríd an gclár taighde Fís Eorpach ar an intleacht shaorga le linn 2021-2027. Faoi na cláir Fís Eorpach agus Eoraip Dhigiteach, breis agus EUR 3 bhilliún de chistiú ón Aontas leithdháilte cheana féin ag an gCoimisiún le haghaidh taighde agus forbairt intleachta saorga sna glaonna ó 2021-2022. Dá bhrí sin, sáraíodh an sprioc faoi EUR 0.5 billiún in aghaidh na bliana.

    Tháinig méadú mór ar an tacaíocht chaipitil trí Chiste na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (faoi Fís Eorpach) in 2021-2023, agus gealladh os cionn EUR 440 milliún i ndeontais agus in infheistíochtaí beartaithe do chuideachtaí a fhorbraíonn nó a chuireann in úsáid an intleacht shaorga i réimsí éagsúla cur i bhfeidhm. Is clár cistiúcháin agus tacaíochta é Ciste na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí faoin gclár Fís Eorpach lena soláthraítear deontais agus infheistíochtaí cothromais do ghnólachtaí nuathionscanta domhainteicneolaíochta agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Sholáthair sé tacaíocht mhór do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá bunaithe ar an intleacht shaorga, agus infheistíodh os cionn EUR 550 milliún idir 2018 agus 2023.

    I mí an Mheithimh 2023, sheol an Coimisiún 151 mhol nuálaíochta digití agus ceithre thionscadal earnála maidir le Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta. Déantar na saoráidí sin a chomhchistiú leis na Ballstáit tríd an gclár don Eoraip Dhigiteach le buiséid idir EUR 20-30 milliún in aghaidh an tionscadail, agus tá sé d’aidhm acu tacú le forbróirí intleachta saorga chun intleacht shaorga iontaofa a thabhairt chuig an margadh ar bhealach níos éifeachtaí agus a glacadh san Eoraip a éascú. Díríonn siad ar na hearnálacha ardtionchair seo a leanas: agraibhia, cúram sláinte, monaraíocht agus cathracha agus pobail chliste.

    Muintir na hEorpa a Chónascadh: an nascacht dhigiteach a fheabhsú

    Le buiséad an Aontais, lena n‑áirítear NextGenerationEU, tá feabhas á chur ar an nascacht dhigiteach, rud a thugann deiseanna nua do gach saoránach agus gnólacht tairbhiú go hiomlán den mhargadh aonair digiteach agus dlús a chur leis an bhfás eacnamaíoch. Meastar gur shroich an méid atá tiomnaithe don nascacht, lena n‑áirítear infheistíochtaí i líonra leathanbhanda an‑ardtoillte agus i gcumhdach líonra 5G, EUR 14.8 billiún le haghaidh 2021-2023 ( 10 ).

    Is iad na príomhchláir ranníocaíochta an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (EUR 13.6 billiún), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (EUR 764.2 milliún) agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (EUR 397.3 milliún). Tá ról tábhachtach ag an gcomhbheartas talmhaíochta freisin maidir le feabhas a chur ar rochtain ar leathanbhanda i gceantair thuaithe, trí thacú le bonneagar leathanbhanda agus rochtain níos fearr ar ríomhsheirbhísí rialtais. Tháinig méadú 54.9 pointe céatadáin ar rochtain ar leathanbhanda i gceantair thuaithe thar 9 mbliana. Faoi dheireadh 2022, bhí rochtain leathanbhanda ar an idirlíon ag 72.9 % de theaghlaigh tuaithe san Aontas. A bhuí le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe, fuair 7.9 milliún teaghlach rochtain ar leathanbhanda 30 meigighiotán in aghaidh an tsoicind ar a laghad idir 2014 agus 2022. Le linn na tréimhse céanna, ceanglaíodh 643 000 úsáideoir breise fuinnimh le heangacha cliste fuinnimh.

    Infheistíocht a dhéanamh sa teicneolaíocht spáis ar mhaithe le daoine san Aontas

    Tá ról fíor-riachtanach atá ag éirí níos tábhachtaí ag an teicneolaíocht spáis i saol laethúil na ndaoine san Aontas Eorpach. Soláthraíonn satailítí sonraí tábhachtacha freisin i gcás tubaistí nádúrtha, rud a fheabhsaíonn comhordú na práinnfhreagartha.

    Éascaíonn clár spáis an Aontais saol daoine laistigh agus lasmuigh den Aontas ar bhealaí éagsúla. Mar shampla, rannchuidíonn an clár le sábháilteacht eitlíochta, go háirithe in aerfoirt bheaga, trí bhreis‑seirbhís na hEorpa um loingseoireacht gheochobhsaí, rud a fhágann gur féidir le heitleáin atá feistithe le trealamh iomchuí atá i gcomhréir le EGNOS tuirlingt go sábháilte i ndálaí ina bhfuil laghdú ar infheictheacht.

    Galileo, córas domhanda um loingseoireacht satailíte na hEorpa, ag cuidiú le daoine ar fud an domhain a mbealach a dhéanamh. Faoi 2023, bhí thart ar 3.5 billiún gaireas cumasaithe do Galileo (amhail fóin chliste) in úsáid ar fud an domhain. I mí an Mhárta 2023, d’fhormhuinigh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta Galileo lena úsáid san eitlíocht shibhialta le haghaidh aerloingseoireachta agus lena úsáid i gcomhar le breis‑seirbhís na hEorpa um loingseoireacht geochobhsaí le haghaidh oibríochtaí éirí de thalamh agus tuirlingthe.

    Le Copernicus, comhpháirt um fhaire na Cruinne de chlár spáis an Aontais, cuirtear raon seirbhísí faisnéise ar fáil a sholáthraítear saor in aisce d’úsáideoirí: faireachán ar an atmaisféar, faireachán ar an muirthimpeallacht, faireachán ar an talamh, seirbhís um an athrú aeráide, slándáil agus bainistiú éigeandála. Bhí rochtain ag na húsáideoirí sin ar thart ar 108 dteiribhirt de shonraí aeráide faoi rialú cáilíochta in aghaidh an lae in 2023.

    In 2023, cuireadh gnéithe nua in úsáid chun athléimneacht agus iomaíochas Copernicus a fheabhsú, go háirithe feabhsuithe ar a thairiscint d’uirlisí rochtana agus próiseála sonraí. Rinneadh uasghrádú ar Galileo chun rianú suímh níos cruinne fós a sholáthar, síos go 20 cm, rud a d’fhág go raibh sé trí huaire níos fearr ná córais dhomhanda iomaíocha um loingseoireacht satailíte.

    Forbhreathnú ar sheirbhísí Galileo

    De réir mar a mhéadaíonn bonneagar spáis na hEorpa, tá bearta cosanta ag éirí níos tábhachtaí. Tá Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, i gcomhar le 15 Bhallstát, ag obair ar son na cúise sin trí Chomhpháirtíocht an Aontais maidir le Faireachas agus Rianú Spáis. Freastalaíonn an chomhpháirtíocht sin, agus é feistithe le córas casta braiteoirí faireachais agus rianaithe spáis, ar os cionn 190 eagraíocht chláraithe, rud a chosnaíonn breis agus 400 satailít ar an riosca imbhuailte le smionagar spáis agus satailítí oibríochtúla eile.

    Geilleagar a fhóireann do dhaoine

    Ní mór dúinn cnámh droma fisiciúil gheilleagar na todhchaí a thógáil chun a bheith iomaíoch.

    Ursula von der Leyen

    Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

    Cuidíonn taighde agus nuálaíocht chun an geilleagar a chur ag fóirithint do na daoine

    Ba bhliain dhúshlánach í 2023 don Aontas i ndáil leis an ngeilleagar. Lean cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, mar aon le teannais gheopholaitiúla in áiteanna eile, de thionchar a imirt ar mhargaí domhanda, go háirithe maidir le bia, fuinneamh agus amhábhair eile. Sa chomhthéacs sin, chuir an tAontas Eorpach réimse beart i bhfeidhm chun a áirithiú go bhféadfadh a gheilleagar cur i gcoinne suaití den sórt sin agus leanúint de bheith ag fóirithint do na ndaoine.

    Rannchuidíonn an taighde agus an nuálaíocht chun feabhas a chur ar shaol agus ar obair daoine agus chun táirgiúlacht, iomaíochas agus fás lena gcruthófar poist a fheabhsú. Tá siad ríthábhachtach freisin chun réitigh a sholáthar ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, mar shampla i dtéarmaí an chomhshaoil agus na haeráide. Trí Fhís Eorpach, tá sé d’aidhm ag an Aontas barr feabhais eolaíoch a chur chun cinn agus eolas agus teicneolaíochtaí nua a ghiniúint, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cuspóirí agus beartais ghinearálta agus shonracha an Aontais a chur chun cinn agus, an tráth céanna, dul i ngleic le dúshláin dhomhanda agus an limistéar Eorpach taighde a neartú.

    Le buiséad EUR 15.3 billiún le haghaidh 2023, síníodh 5 163 chomhaontú deontais dar luach EUR 14.36 billiún san iomlán le Fís Eorpach, agus méadaíodh meánmhéid an deontais go EUR 2.8 milliún. Cé gurb é an príomhchlár oibre fhormhór bhuiséad Fís Eorpach (EUR 25.6 billiún le haghaidh 2021-2024), leithdháileadh cistiú mór freisin trí chodanna eile de chláir, go háirithe an Chomhairle Eorpach um Thaighde (le cúig ghlao in 2023 faoin gcolún eolaíochta den scoth le haghaidh buiséad iomlán EUR 2.17 billiún), Gníomhaíochtaí Marie Sklodovska-Curie agus an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach. In 2023, chuir an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach deiseanna cistiúcháin ar fiú os cionn EUR 1.6 billiún iad ar fáil trína trí phríomhscéim chistiúcháin: treo-aimsitheoir (EUR 343 mhilliún), aistriú (EUR 128 milliún) agus luasaire (EUR 1.13 billiún).

    In 2023, chumhdaigh ranníocaíocht Fhís Eorpach tríd an gComhpháirtíocht Eorpach 10 gcomhghnóthas ghníomhacha, faoinar síníodh 345 dheontas ar mhéid iomlán EUR 2.9 billiún. Thairis sin, trí ionstraimí an Mhisin Eorpaigh, faoi dheireadh 2023, síníodh 173 dheontas Fís Eorpach ina raibh 3 732 rannpháirtí páirteach ar mhéid iomlán EUR 1.43 billiún. Tacaíonn Fís Eorpach freisin le Córais Bhia Inbhuanaithe do Dhaoine, don Phláinéad agus don Aeráid agus leis an gComhpháirtíocht Eorpach um Leigheas Pearsantaithe, lena mbaineann breis agus 50 comhpháirtí idirnáisiúnta agus a bhfuil sé d’aidhm aici cúram sláinte a fhorbairt agus teiripe, diagnóis agus cosc pearsantaithe a chur chun cinn.

    Tá an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, arb é is aidhm di triantán eolais oideachas, taighde agus nuálaíocht an Aontais a chomhtháthú, ag rannchuidiú le bonneagar athléimneach a thógáil. Idir 2021 agus 2023, leithdháileadh EUR 912 mhilliún san iomlán ar an Institiúid chun a gníomhaíochtaí a reáchtáil, arb é is aidhm dóibh dlús a chur le glacadh nuálaíochtaí inbhuanaithe sa teicneolaíocht mhonaraíochta, agus ailíniú á dhéanamh leis an sprioc maidir le tionsclaíocht chuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn. Thairis sin, díríonn an Institiúid ar scileanna an lucht saothair a bheidh ann amach anseo a fhorbairt, ar chuimsitheacht agus inbhuanaitheacht a áirithiú in earnáil na monaraíochta, agus ar obair a dhéanamh chun athrú dearfach a chur chun cinn i dtírdhreach tionsclaíoch na hEorpa.

    Bonneagar a fhorbairt agus a fheabhsú ar fud an Aontais

    Tá ról láidir ag Ciste Comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa san fhorbairt bonneagair ar fud an Aontais, go háirithe i réigiúin atá tite ar gcúl. Ba í 2023 an bhliain deiridh de chur chun feidhme chláir 2014-2020. An tráth céanna, tá tús curtha le hinfheistíochtaí 2021-2027.

    Faoi dheireadh 2023, infheistíodh os cionn 90 % de chistí ó thréimhse bhuiséid 2014-2020 i dtionscadail a chuimsíonn earnálacha éagsúla. Áirítear leis sin líonraí iompair, amhail mórbhealach Via Carpathia a nascann Muir Bhailt, an Mhuir Aeigéach agus an Mhuir Dhubh, nó gréasán mótarbhealaí na Portaingéile a tógadh i bpáirt le tacaíocht ón Aontas. Dírítear le hinfheistíochtaí bheartas comhtháthaithe an Aontais freisin ar thionscnaimh éifeachtúlachta fuinnimh, taighde agus nuálaíochta, digitithe trí leathnaithe leathanbhanda agus forbartha uirbí. Leis na tionscadail sin, cruthaíodh poist, feabhsaíodh nascacht agus cuireadh borradh faoi chaighdeáin mhaireachtála i réigiúin bheagfhorbartha, rud a chothaigh cóineasú eacnamaíoch laistigh den Aontas trí ligean do na limistéar sin breith suas lena gcontrapháirtithe níos forbartha. Áirithítear le tréimhse bhuiséadach 2021-2027 tacaíocht leanúnach do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus don Chiste Comhtháthaithe, rud a dhaingníonn a ról maidir le hEoraip níos cothroime, níos nasctha agus níos inbhuanaithe a thógáil. Is é EUR 264 bhilliún an t‑imchlúdach iomlán atá ar fáil a leithdháiltear ar thionscadail i gclárthréimhse chistí comhtháthaithe 2021-2027. Áirítear leis sin EUR 59.1 billiún chun gréasáin iompair, iompar uirbeach glan, naisc iarnróid agus bóthair le gréasán iompair trasteorann na hEorpa agus bonneagar rothaíochta a fhorbairt. Tacóidh EUR 22 bhilliún le héifeachtúlacht fuinnimh tithíochta agus fiontar agus le hathchóiriú domhain ar bhonneagar poiblí, agus cothóidh EUR 31 bhilliún digitiú agus nascacht dhigiteach.

    Tá infheistíocht á déanamh ag an Aontas freisin i mbonneagar fuinnimh, iompair agus digiteach tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, ar leithdháileadh EUR 31.7 billiún di le haghaidh na tréimhse 2021-2027, lena n‑áirítear EUR 4.8 billiún le haghaidh 2023.

    Samplaí de thionchar na Saoráide um Chónascadh na hEorpa in 2023:

    Cuireadh 7 000 meigeavata de thoilleadh tarchuir leictreachais leis chun líonraí leictreachais a idirnascadh agus chun comhtháthú fuinnimh in‑athnuaite a éascú;

    Cuireadh 326 chiliméadar de bhonneagar taobh riain an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid in úsáid i gceithre Bhallstát;

    Bhí 2 597 bpointe soláthair breosla mhalartaigh i bhfeidhm feadh an ghréasáin thrasEorpaigh iompair faoi dheireadh 2023.

    In 2023, rannchuidigh an Coimisiún freisin le dearadh agus cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an tionscnaimh Bauhaus Eorpach Nua. Faoi dheireadh 2023, bhí EUR 216 mhilliún san iomlán leithdháilte ar Bauhaus Eorpach Nua faoin mbeartas comhtháthaithe. I mí an Mheithimh 2023, bhronn an Coimisiún Duaiseanna Bauhaus Eorpach Nua ar 15 thionscadal eiseamláireacha agus smaointe úra a léiríonn luachanna an tionscnaimh. Ina theannta sin, le buiséad EUR 65 mhilliún, feidhmíonn na tionscadail ón gcéad ghlao ar Ghníomhaíocht Nuálach den Tionscnamh Uirbeach Eorpach mar léiritheoirí Bauhaus Eorpach Nua chun athrú dearfach a spreagadh i bpobail áitiúla agus níos faide i gcéin. Thairis sin, tá cúnamh teicniúil faighte ag 20 bardas chun feabhas a chur ar dhearadh a dtionscadal de réir luachanna Bauhaus Eorpach Nua. Comhdhlúthaíodh taithí na dtionscadal roghnaithe i mbosca uirlisí is féidir a úsáid chun tionscadail Bauhaus Eorpach Nua a phleanáil agus a dhearadh.

    Ina theannta sin, bhain an Coimisiún úsáid as leasuithe spriocdhírithe ar chreat an bheartais chomhtháthaithe 2014-2020 chun cuidiú le dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh a d’eascair as cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, agus scaoil sé thart ar EUR 4 bhilliún chuig 11 Bhallstát faoin tionscnamh Tacú le Fuinneamh Inacmhainne. Chuir sé sin ar chumas na mBallstáit tacú le teaghlaigh leochaileacha agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide a ndearna méaduithe ar phraghsanna fuinnimh difear dóibh, mar aon le hobair ghearr-ama agus scéimeanna coibhéiseacha.

    Tá an Úcráin á comhtháthú i gcláir chaiteachais éagsúla an Aontais. I mí an Mheithimh 2023, fuair an Úcráin rochtain ar chlár an Aontais um chistiú bonneagair, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Is féidir leis an Úcráin iarratas a dhéanamh anois ar chistiú ón Aontas le haghaidh tionscadail bhonneagair a chuirfidh feabhas ar a naisc fuinnimh, iompair agus dhigiteacha leis an Aontas. Leithdháileadh infheistíocht EUR 250 milliún ar naoi dtionscadal trasteorann chun naisc idir an Ungáir, an Mholdóiv, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic agus an Úcráin a fheabhsú. Leis na tionscadail áirítear staidéir agus oibreacha ag pointí trasnaithe teorann iarnróid agus bóthair chun bonneagar a leathnú agus a uasghrádú, chun feabhas a chur ar limistéir pháirceála agus chun feabhas a chur ar shaoráidí agus trealamh trasloingsithe. Ina theannta sin, cuireadh EUR 900 milliún ar fáil do Bhallstáit an Aontais, go príomha chun nascacht trasteorann ar a gcríoch a fheabhsú, rud a théann go díreach chun tairbhe don Úcráin freisin.

    Forbairt agus tacaíocht a thabhairt do cheantair thuaithe na hEorpa

    Is príomhréimse de chomhbheartas talmhaíochta an Aontais í an fhorbairt tuaithe, le Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe tiomnaithe. Is é is aidhm don chiste iomaíochas na talmhaíochta a fheabhsú, bainistíocht inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus gníomhú ar son na haeráide a bhaint amach, agus tacaíonn sé freisin le forbairt chothrom na gcríoch i gceantair thuaithe.

    Faoi dheireadh 2023, bhí EUR 638 milliún d’acmhainní an chiste le haghaidh ionstraimí airgeadais cláraithe ag 32 údarás bainistíochta i 13 Bhallstát ina gcláir forbartha tuaithe 2014-2022. San iomlán, tá EUR 443 mhilliún dearbhaithe cheana féin mar chaiteachas ag na Ballstáit. An tráth céanna, faoi dheireadh 2023, chuir 12 Bhallstát ionstraimí airgeadais nua isteach ina bpleananna straitéiseacha maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta, agus EUR 627 milliún de mhaoiniú ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe á phleanáil acu, le haghaidh buiséad poiblí comhroinnte iomlán EUR 999 milliún ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit.

    Le gníomhaíochtaí forbartha tuaithe chun cuimsiú sóisialta, laghdú bochtaineachta agus forbairt eacnamaíoch a chur chun cinn, cláraíodh roinnt éachtaí a bhaineann le fiontair bheaga agus poist, amhail éagsúlú, cruthú agus forbairt fiontar beag agus cruthú agus cothabháil post i gceantair thuaithe. Áirítear leis sin infheistíochtaí i seirbhísí bunúsacha i sráidbhailte, tionscnaimh lena gcruthaítear poist áitiúla agus lena ndéantar gníomhaíochtaí feirme a éagsúlú. Tá cuid de na cistí sin tiomnaithe d'fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, ina ndéanann grúpaí gníomhaíochta áitiúla cinneadh ar thionscadail forbartha áitiúla. Sa tréimhse 2014-2022, thacaigh an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe le 2 784 ghrúpa gníomhaíochta áitiúla ar fud an Aontais, lena gcumhdaítear cuid mhór de dhaonra an Aontais.

    Rinneadh dul chun cinn freisin i dtéarmaí seirbhísí agus bonneagar áitiúil a fhorbairt agus rochtain a fháil orthu i gceantair thuaithe, rannpháirtíocht i straitéisí forbartha áitiúla, deiseanna fostaíochta a cruthaíodh trí straitéisí forbartha áitiúla, leathnú leathanbhanda agus úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide i gceantair thuaithe.



    Tacú le hinfheistíochtaí i ndaoine

    infheistíocht á déanamh ag an Aontas i ndaoine ar bhealaí éagsúla, amhail:

    Ciste Sóisialta na hEorpa+, príomhionstraim an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh i bhfostaíocht, in oideachas agus i scileanna daoine, mar aon le cuimsiú sóisialta;

    Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, a thacaíonn le hinfheistíochtaí bonneagair agus trealaimh san fhostaíocht, san oideachas agus san oiliúint, mar aon le cuimsiú sóisialta;

    An Sásra um Aistriú Cóir, atá beartaithe mar chuid de phlean infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ná aon réigiún ar lár san aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach, ina bhfuil colún atá dírithe ar athsciliú agus uas‑sciliú oibrithe ó na críocha a bhfuil na dúshláin is mó rompu san aistriú i dtreo na haeráidneodrachta;

    An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha, lena gcómhaoinítear bearta chun tacú le hoibrithe iomarcacha i gcás mórtheagmhais athstruchtúrúcháin.

    Leithdháileadh os cionn EUR 116.8 billiún (EUR 96.2 billiún ón ngnáthbhuiséad móide EUR 20.6 billiún ó NextGenerationEU) ar Chiste Sóisialta na hEorpa le haghaidh na tréimhse 2021-2027. I dtéarmaí coincréiteacha, chiallaigh sé sin go raibh os cionn 3 mhilliún duine i mbun oiliúna agus oideachais in 2022, gur bronnadh os cionn EUR 3.6 billiún in iasachtaí ar mhicrifhiontair nó ar fhiontair shóisialta suas le mí na Nollag 2023, agus go raibh os cionn 10.3 milliún duine a raibh cáilíochtaí nua acu faoi mhí na Nollag 2022. Leithdháil Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa thart ar EUR 8.8 billiún ar oideachas, ar oiliúint agus ar fhorbairt scileanna.

    Tairbhíonn an Sásra um Aistriú Cóir de leithdháileadh EUR 20 billiún le haghaidh na tréimhse 2021-2027. Faoin sásra, tá Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir forbartha ag na Ballstáit, ina bhfuil réimse beart atá ceaptha chun infheistíocht phoiblí a chur chun cinn chun forbairt inbhuanaithe a chothú, go háirithe sna críocha sin a bhfuil coinne leis go gcaillfear na poist is mó iontu, agus i limistéir ina bhfuil saoráidí tionsclaíocha ina bhfuil an déine gás ceaptha teasa is airde. Tá sé sin ag cuidiú le hoibrithe a gcuid scileanna a athfhorbairt chun go mbeidh rath orthu faoi gheilleagar níos glaise, agus ar an gcaoi sin cuidiú leis na Ballstáit imeacht ó bhreoslaí iontaise. Mar shampla, le cuidiú ó leithdháileadh EUR 1.64 billiún, gheall an tSeicia deireadh a chur de réir a chéile le táirgeadh guail faoi 2033.

    Thairis sin, faoin gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha, leithdháileadh thart ar EUR 727 milliún le haghaidh na tréimhse 2021-2027, lena n‑áirítear EUR 205.4 milliún in 2023, rud a fhágann go soláthraítear cuidiú do na mílte oibrithe in 12 Bhallstát.


    Eoraip níos láidre sa domhan 

    Nuair a sheas mé anseo os bhur gcomhair ceithre bliana ó shin, dúirt mé, má táimid aontaithe go hinmheánach, ní fhéadfar sinn a scaradh ó chéile ón taobh amuigh. Agus ba é sin an smaointeoireacht a bhí taobh thiar den Choimisiún Geopholaitiúil. Le cur chuige Foireann na hEorpa, is féidir linn a bheith níos straitéisí, níos teanntásaí agus níos aontaithe.

    Ursula von der Leyen

    Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

    Cúnamh daonnúil agus míleata a sholáthar don Úcráin

    Ba bhliain dhúshlánach í 2023 don Aontas Eorpach. Le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, leanadh den ainnise agus den chruatan, agus ionsaithe diúracán agus ladrann dírithe ar bhonneagar fuinnimh, agus armú na margaí domhanda fuinnimh agus bia. Thairis sin, an 7 Deireadh Fómhair 2023, sheol Hamas ionsaí in aghaidh Iosrael, as ar eascair coinbhleachtaí agus staid an‑teannasach sa Mheánoirthear. Chuir reibiliúnaithe Houthi in Éimin isteach ar lánaí loingseoireachta trí ionsaí a dhéanamh ar longa coimeádáin sa Mhuir Rua.

    Mar fhreagairt air sin, agus mar aon lena dhianiarrachtaí taidhleoireachta, faoi dheireadh 2023 sholáthair an tAontas agus a Bhallstáit beagnach EUR 85 bhilliún de chúnamh don Úcráin agus dá muintir ó thús chogadh foghach na Rúise. Áiríodh leis sin EUR 25.2 billiún i gcabhair mhacrairgeadais, agus leithdháileadh EUR 18 mbilliún in 2023 tríd an Ionstraim Cúnamh Macrairgeadais Plus. Cabhraíonn cúnamh macrairgeadais le tíortha comhpháirtíochta a bhfuil dúshláin airgeadais rompu trí gheilleagair a chobhsú agus athchóirithe a éascú. Tacaíonn na cistí sin le seirbhísí riachtanacha, athchóiriú bonneagair agus athchóirithe institiúideacha na hÚcráine, lena n‑áirítear tionscnaimh frithéillithe agus bhreithiúnacha.

    Ba é luach an chúnaimh mhíleata don Úcráin ón Aontas agus óna Bhallstáit os cionn EUR 27 mbilliún, lena n‑áirítear EUR 6.1 billiún ón tSaoráid Eorpach Síochána. Go háirithe, seachadadh armlón chuig an Úcráin le tionscnamh soláthair chomhpháirtigh i mí an Mhárta 2023, rud a threisigh a cumais chosanta. Ina theannta sin, chuir Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh oiliúint ar thart ar 39 000 saighdiúir de chuid na hÚcráine, arb é an chéad chás d’oiliúint mhíleata ón Aontas le linn cogaidh.

    Sholáthair buiséad an Aontais cabhair dhaonnúil shubstaintiúil don Úcráin freisin, dar luach EUR 300 milliún san iomlán in 2023 agus EUR 785 mhilliún ó bhí mhí Feabhra 2022 ann, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha agus chun téarnamh fadtéarmach a éascú. Ina theannta sin, rinne an tAontas agus a Bhallstáit ranníocaíocht de bheagnach EUR 800 milliún i gcúnamh comhchineáil trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus trí stoc-charn rescEU ( 11 ). Trína Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha, rinne an tAontas comhordú ar an oibríocht cosanta sibhialta is mó dá raibh ann riamh, agus sholáthair sé cúnamh éigeandála do na pobail a ndearnadh difear dóibh. Áiríodh leis sin earraí éigeandála a sheoladh chuig an Úcráin agus sócmhainní Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (rescEU) a chur in úsáid, amhail trealamh leighis chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais chriticiúla. Seoladh Misean Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na Moldóive freisin faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála.

    Le cinneadh stairiúil an Aontais tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin, leagadh béim ar an aitheantas a thug sé d’ailíniú na hÚcráine le caighdeáin an Aontais. Go comhuaineach, d’fhorchuir an tAontas smachtbhannaí láidre in aghaidh na Rúise mar fhreagairt ar a fogha, lenar díríodh ar dhaoine aonair, ar eintitis agus ar phríomhearnálacha eacnamaíocha. Glacadh trí phacáiste smachtbhannaí déag ó mhí Feabhra 2022, arb é is aidhm dóibh geilleagar na Rúise a lagú agus tuilleadh fogha a dhíspreagadh. Áirítear leis na bearta sin srianta ar an earnáil airgeadais, toirmisc ar theicneolaíocht chriticiúil agus earraí tionsclaíocha a onnmhairiú chuig an Rúis, toirmisc ar allmhairí atá ceaptha sruthanna ioncaim na Rúise a laghdú, agus bearta éagsúla in earnálacha an fhuinnimh agus an iompair, i measc nithe eile. Chun a dtionchar a mhéadú agus chun teacht timpeall orthu a chosc, déantar na bearta sin a chur le chéile le comhar neartaithe le tíortha nach de chuid an Aontais iad.

    Leithdháileadh na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, a bhí beartaithe ar dtús le haghaidh cláir leis an mBealarúis agus leis an Rúis don tréimhse 2021-2027 (EUR 160 milliún), aistríodh an leithdháileadh sin chuig cláir Interreg um chomhar trasteorann a théann chun tairbhe na Moldóive agus na hÚcráine.

    Faoi chlár na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, maoiníonn an tAontas Eorpach tionscadal dar luach EUR 40 milliún dar teideal ‘Tacaíocht ón Aontas d’Oirthear na hÚcráine – Téarnamh, Cothú na Síochána agus Rialachas’, tionscadal arna chur chun feidhme ag Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe, Mná na Náisiún Aontaithe, Ciste na Náisiún Aontaithe ar mhaithe leis an bPobal agus Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe. Thairis sin, shlóg an Coimisiún EUR 300 milliún san iomlán do riachtanais dhaonnúla breis agus 17.7 milliún Úcránach.

    Freagairt an Aontais ar ghéarchéim an Mheánoirthir

    Cháin an tAontas go láidir na hionsaithe brúidiúla sceimhlitheoireachta a rinne Hamas in Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023. Cé go n‑aithníonn an tAontas ceart Iosrael chun féinchosanta, leag sé béim ar an ngá atá ann na sibhialtaigh uile a chosaint i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus d’iarr sé go dtabharfaí rochtain dhaonnúil leanúnach shábháilte. Ina theannta sin, tá an tAontas ag comhoibriú le comhpháirtithe daonnúla éagsúla ar an láthair agus ag obair le comhpháirtithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta chun tuilleadh géaraithe ar choinbhleacht a chosc agus chun síocháin bhuan a chur chun cinn, bunaithe ar an réiteach dhá stát agus ar na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    Mar thoradh ar an ngéarú ar an bhforéigean sa Mheánoirthear, easáitíodh beagnach daonra iomlán Gaza de 2.2 milliún duine agus tá riachtanais ollmhóra dhaonnúla i ngach earnáil, rud a dhéantar níos measa leis an riosca tromchúiseach gorta. Géaraíodh an foréigean sa Bhruach Thiar freisin, lena n‑áirítear sa Iarúsailéim Thoir. D’fhreagair an Coimisiún trína chúnamh do Phalaistínigh a mhéadú faoi cheathair go dtí breis agus EUR 100 milliún chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais is bunúsaí.

    In 2023, d’oibrigh an tAontas, i gcomhar le comhpháirtithe daonnúla (e.g. Ciste na Náisiún Aontaithe do Leanaí, Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, an Clár Domhanda Bia), 32 eitilt aerdhroichid dhaonnúil in 2023 i gcomhthéacs na géarchéime sin, agus slógadh 1 310 tona de sholáthairtí fíor-riachtanacha. Áirítear leis an gcabhair earraí cothaitheacha, dídean agus trealamh lóistíochta, fearais sláinteachais agus cógais leighis.

    Cosaint agus slándáil na hEorpa a neartú

    In 2023, neartaigh an tAontas a chosaint agus a thionscal trí thionscnaimh reachtacha agus trí chistiú, lena n‑áirítear an Gníomh chun Tacú le Táirgeadh Armlóin agus an Gníomh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch. Thug an tAontas aghaidh freisin ar dhúshláin slándála trína chéad Straitéis Spáis um Shlándáil agus Cosaint a ghlacadh agus trína Straitéis agus Phlean Gníomhaíochta Slándála Muirí a thabhairt cothrom le dáta. Tá na tionscnaimh sin ag teacht le cuspóirí slándála níos leithne an Aontais agus is é is aidhm dóibh a athléimneacht a neartú i bhfianaise bagairtí atá ag teacht chun cinn.

    Tacaíonn an Ciste Eorpach Cosanta go mór leis an taighde agus leis an bhforbairt i réimse na cosanta san Aontas. Tá os cionn EUR 2.9 billiún soláthartha aige le haghaidh 101 thionscadal chomhoibríocha ó Bhallstát go chéile ó bhí 2021 ann. In 2023 amháin, leithdháil an ciste EUR 1.2 billiún ar réimsí ríthábhachtacha cosanta amhail feasacht staide an spáis, diúracáin hipearsonacha a chomhrac agus coirbhéad patróil Eorpach a fhorbairt. Leis an gCiste Eorpach Cosanta, tacaítear leis an nuálaíocht in earnáil na cosanta trí Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais, scéim dar luach EUR 2 bhilliún chun cuidiú le cuideachtaí beaga, le nuatheachtaithe agus go háirithe le nuálaithe.

    Buiséad an Chiste Eorpaigh Cosanta in aghaidh na catagóire gníomhaíochta in 2023 (in EUR milliún)

    Foinse: an Coimisiún Eorpach

    Tacaíonn an tAontas freisin le cosaint agus slándáil na hEorpa trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú. Mar chuid de Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, thug an Coimisiún isteach tograí le haghaidh Gníomh um Amhábhair Chriticiúla agus Gníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta. Tá na gníomhartha sin ceaptha chun an timpeallacht rialála a shimpliú le haghaidh earnáil na teicneolaíochta glaine agus chun tacú le toilleadh monaraíochta glan‑nialasachta an Aontais. Tá sé ríthábhachtach rochtain ar sholáthar slán inbhuanaithe na n‑ábhar sin a áirithiú le haghaidh earnálacha amhail earnáil na cosanta agus an aeraspáis, i bhfianaise an éilimh dhomhanda atá ag dul i méid agus na ndúshlán geopholaitiúil.

    I mí an Mhárta 2023, ghlac an tAontas clár buíon satailítí IRIS², lenar infheistíodh EUR 2.4 billiún ó bhuiséad an Aontais. Is é is aidhm don tionscnamh sin cumarsáid shlán rialtais a áirithiú, tacú le hoibríochtaí míleata agus cosanta agus seirbhísí leathanbhanda tráchtála a leathnú, go háirithe i gceantair iargúlta.

    Ina theannta sin, sheol an tAontas an Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint, plean cuimsitheach chun slándáil agus cosaint an Aontais a neartú faoi 2030. Tá comhpháirtíocht an Aontais le ECAT fós ina príomhchuid dá iarrachtaí slándála agus cosanta, agus tá an tSaoráid Eorpach Síochána ina dlúthchuid de thacaíocht dhomhanda an Aontais do chomhpháirtithe.

    Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn agus cabhair éigeandála a sholáthar ar fud an domhain

    Chuaigh an Coimisiún ar aghaidh in 2023 leis an straitéis Global Gateway. Cuirtear an straitéis in úsáid chun an Eoraip a dhéanamh níos láidre ar fud an domhain. Tá sé á soláthar trí chur chuige Fhoireann na hEorpa, lena dtugtar le chéile an tAontas agus Ballstáit an Aontais lena n‑institiúidí airgeadais agus cur chun feidhme, mar aon leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha. Féachann sé freisin chun an earnáil phríobháideach a shlógadh chun infheistíochtaí a ghiaráil ar bhealach cuimsitheach atá bunaithe ar luachanna (‘cur chuige 360 céim’) le haghaidh tionchar claochlaitheach.

    Baineann Global Gateway leas as acmhainní airgeadais an Aontais agus a Bhallstát. Tagann ranníocaíochtaí an Aontais ó na huirlisí airgeadais nua i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 an Aontais, go háirithe clár na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III, an chuid dhigiteach agus idirnáisiúnta den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, ach freisin ó Interreg na hEorpa, InvestEU agus Fís Eorpach, clár taighde agus nuálaíochta an Aontais.

    In 2023, rinne an tAontas dul chun cinn mór maidir le Global Gateway a chur i bhfeidhm – sheol sé 225 thionscadal shuaitheanta nua ar fud na hAfraice, Mheiriceá Laidinigh, Mhuir Chairib, na hÁise, an Aigéin Chiúin, na mBalcán Thiar agus Chomharsanachtaí an Oirthir agus an Deiscirt. Bhunaigh an tAontas comhpháirtíochtaí freisin le tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, lena n‑áirítear Clár Oibre Infheistíochta Global Gateway a mheastar a shlógfaidh os cionn EUR 45 bhilliún. Thairis sin, bhunaigh an tAontas comhpháirtíocht nua le hEagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, agus shínigh sé Comhaontú Shamó. Tá dul chun cinn á dhéanamh ag an Aontas freisin maidir le cur chun feidhme an Phacáiste Infheistíochta Global Gateway idir an Afraic agus an Eoraip, ar fiú EUR 150 billiún é, agus tionscnaimh nua Fhoireann na hEorpa. Ina theannta sin, shínigh an tAontas na chéad ráthaíochtaí maidir le hOllstruchtúr Oscailte do thíortha comhpháirtíochta faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus, agus tá EUR 307 milliún i gcúnamh teicniúil á shlógadh aige chun cur in úsáid ráthaíochtaí an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus a éascú.

    Le buiséad EUR 13.05 billiún le haghaidh 2023, bhí cur chun feidhme chlár na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda faoi lán seoil in 2023, lena n‑áirítear oibríochtú 166 thionscnamh de chuid Fhoireann na hEorpa ar fud an domhain. Ag tógáil ar Bhliain Eorpach na hÓige, chuir an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta don Óige chun feidhme i gcaidreamh seachtrach an Aontais agus sheol sé an Ciste um Chumhachtú na hÓige ar fiú EUR 10 milliún é. Ghlac sé freisin a tuarascáil mheántéarma maidir le plean gníomhaíochta III AE maidir le hinscne, ina léirítear dul chun cinn tábhachtach i dtreo a áirithiú go ndéanfaidh 85 % ar a laghad de na gníomhaíochtaí uile ar fud na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda comhionannas inscne a bhaint amach.

    In 2023, sholáthair an Coimisiún cúnamh do thart ar 130 tír. I réimse an oideachais, chistigh an tAontas an Chomhpháirtíocht Dhomhanda um Oideachas, rud a rannchuidigh le rochtain a thabhairt do 2 596 000 leanbh ar an mbunoideachas agus 1 192 000 leanbh ar an meánoideachas. I réimse na seirbhísí digiteacha, in 2023 sheol an Coimisiún tionscadal ‘MEDUSA’ lena soláthraítear nascacht idirlín ardluais idir an tAontas Eorpach agus an Afraic Thuaidh. Sheol an Coimisiún freisin lárionaid Copernicus sa tSile agus i bPanama faoin gComhghuaillíocht Dhigiteach idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib agus san Áise le Lárionad Copernicus sna hOileáin Fhilipíneacha chun rochtain níos fearr a fháil ar shonraí agus ar ghlacadh sonraí.

    Leis an gclár um mná agus an óige ar son an daonlathais (EUR 40 milliún) tacaítear le tionscnaimh faoi stiúir na mban agus na hóige, lena n‑áirítear fothú acmhainneachta agus cistiú le haghaidh tionscnaimh faoi stiúir cailíní chun dul i ngleic leis na bacainní dlíthiúla, sochaíocha agus eacnamaíocha ar rannpháirtíocht chomhionann.

    Leis an tionscnamh de chuid Fhoireann na hEorpa maidir le monarú vacsaíní, cógas agus teicneolaíochtaí sláinte agus rochtain orthu, slógadh os cionn EUR 1.3 billiún, ag oibriú trí 89 dtionscadal agus 23 chomhpháirtí cur chun feidhme chun tacú le tíortha sonracha amhail an Éigipt, Gána, an Nigéir, Ruanda, an tSeineagáil agus an Afraic Theas chun feabhas a chur ar a n‑éiceachórais chógaisíochta agus ar a gcumas táirgthe ar mhaithe le tairbhí ar fud na mór-roinne.

    Gheall an tAontas agus na Ballstáit – trí chur chuige Fhoireann na hEorpa – breis agus EUR 18 mbilliún i ndeontais le haghaidh gníomhaíocht slándála bia le linn 2021-2024.

    Rud a rannchuidigh le hEoraip níos láidre sa domhan a bhaint amach, in 2023 leis an gclár um chabhair dhaonnúil, soláthraíodh cúnamh éigeandála tarrthála do 114 thír ar fud an domhain agus le clár na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, áirithíodh comhar meántéarmach agus fadtéarmach le tíortha comhpháirtíochta agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta, rud a chuaigh chun tairbhe do 48.4 milliún duine aonair.

    D’fhreagair an buiséad le haghaidh cabhair dhaonnúil do go leor géarchéimeanna in 2023. Treisíodh an buiséad tosaigh EUR 1.7 billiún roinnt uaireanta le linn 2023 le EUR 631.1 milliún san iomlán, le leithdháileadh EUR 895.3 milliún le haghaidh na hAfraice, EUR 582.4 milliún le haghaidh an Mheánoirthir agus na Tuirce, EUR 411.4 milliún le haghaidh na hÁise, Meiriceá Laidineach, an Aigéin Chiúin agus Mhuir Chairib, EUR 335.5 milliún le haghaidh na hÚcráine, na mBalcán Thiar agus Chugais, agus EUR 197.2 le haghaidh leithdháiltí neamhgheografacha. Leis an mbuiséad sin, in 2023 leithdháil an Coimisiún EUR 300 milliún ar an Úcráin, EUR 100 milliún ar Phalaistínigh in Gaza, EUR 125 mhilliún ar an tSúdáin agus EUR 149 milliún ar an Afganastáin.

    Tacaíocht a thabhairt dár gcomharsanacht agus d’iarrthóirí ar mhéadú

    Chun Eoraip níos láidre sa domhan a bhaint amach, tá gá le comharsanacht chobhsaí rathúil ina bhfuil smacht reachta láidir, cearta bunúsacha, institiúidí daonlathacha feidhmiúla agus geilleagar margaidh. Sa bhliain 2023 chonacthas forbairtí stairiúla agus dinimic nua sa chaibidlíocht maidir le méadú . Tar éis an mholta ón gCoimisiún, chinn an Chomhairle Eorpach tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Moldóiv agus leis an Úcráin, agus stádas tír is iarrthóir a dheonú don tSeoirsia. Thairis sin, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go gcuirfidh sí tús le caibidlíocht aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, a luaithe a bhainfear amach an leibhéal comhlíontachta is gá leis na critéir bhallraíochta. Rinnean Mhacadóin Thuaidh agus an Albáin dul chun cinn rianúil le linn chéimeanna tosaigh na caibidlíochta aontachais.

    Leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III ( 12 ), is é an tAontas an deontóir is mó i réigiún an mhéadaithe. Faoi dheireadh mhí na Nollag 2023, as EUR 14 162 bhilliún a bhí ar fáil i gcistí na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais III bhí thart ar EUR 8.68 billiún geallta ag an gCoimisiún (le haghaidh cláir bhliantúla) nó curtha in áirithe aige (le haghaidh cláir ilbhliantúla).

    In 2023 amháin, gheall an Coimisiún EUR 2.5 billiún tríd an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III agus chuir sé EUR 12.6 billiún de chumhdach ráthaíochta ar fáil d’iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus EUR 399 milliún de chumhdach ráthaíochta faoin gcuid ‘ollstruchtúr oscailte’ den Chiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus le haghaidh na caibidlíochta maidir leis an gComharsanacht. Rannchuidíonn na hinfheistíochtaí uile go mór le cur chun feidhme na bPleananna Eacnamaíocha agus Infheistíochta do Chomharsanachtaí an Oirthir agus an Deiscirt.

    Leanadh den phlean eacnamaíoch agus infheistíochta le haghaidh na mBalcán Thiar a chur chun feidhme in 2023, agus baineadh amach 59 n‑infheistíocht shuaitheanta san iomlán ar EUR 8.9 billiún i bpríomh‑idirnaisc iarnróid, bóthair agus uisce, fuinneamh in‑athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh agus idirnascairí cumhachta, bainistiú dramhaíola agus uisce, bonneagair dhigiteacha, éifeachtúlacht fuinnimh in earnálacha an oideachais agus na sláinte, agus tacaíocht don earnáil ghnó. Go dtí seo, tá ranníocaíocht EUR 2.6 billiún déanta ag an Aontas Eorpach leis na hinfheistíochtaí, trí dheontais a mheascadh le hiasachtaí lamháltais agus trí sholáthar le haghaidh ráthaíochtaí.

    In 2023, mhol an Coimisiún plean nua fáis do na Balcáin Thiar ( 13 ) freisin, arb é is aidhm dó cóineasú socheacnamaíoch an réigiúin leis an Aontas a mhéadú agus dlús a chur le lánpháirtiú an Aontais trí athchóirithe spriocdhírithe. An 14 Bealtaine 2024, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an rialachán lena mbunaítear an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar, a mheastar a sholáthróidh EUR 2 bhilliún i ndeontais agus EUR 4 bhilliún in iasachtaí do chomhpháirtithe an Aontais sa réigiún sa tréimhse 2024-2027.

    Lean eisíocaíocht phacáiste fuinnimh na mBalcán Thiar ar aghaidh go maith in 2023. D’eisíoc an Coimisiún 90 % (EUR 450 milliún) den EUR 500 milliún i bhfoirm tacaíocht bhuiséadach. Rinneadh na heisíocaíochtaí i bhfabhar na hAlbáine (EUR 72 mhilliún), na Boisnia agus na Heirseagaivéine (EUR 63 mhilliún), na Cosaive () (EUR 67.5 milliún), Mhontainéagró (EUR 27 milliún), na Macadóine Thuaidh (EUR 72 mhilliún) agus na Seirbia (EUR 148.5 milliún). Eisíocfar an EUR 50 milliún atá fágtha in 2024, tar éis don Choimisiún a dheimhniú sa mheasúnú go bhfuil na pleananna gníomhaíochta foriomlána fuinnimh agus an t‑athchóiriú ar bhainistiú an airgeadais phoiblí á gcur chun feidhme go dearfach, mar aon le cuntas teiste dearfach leanúnach maidir le beartas maicreacnamaíoch cobhsaí agus trédhearcacht bhuiséadach a choinneáil ar bun.

    () Tá an t‑ainmniú sin gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

    Tá an tAontas ag tacú go gníomhach lena chomharsana in am an ghátair. Agus 66 iarraidh ar chúnamh faighte agus próiseáilte, mar aon le 50 iarraidh ón Úcráin a tugadh cothrom le dáta (116 iarraidh san iomlán) agus 24 mhisean cosanta sibhialta de chuid an Aontais imscartha, in 2023 d’fhreagair Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta do thuilte, do chreathanna talún agus do dhóiteáin ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain. Mar fhreagairt ar na géarchéimeanna sin, leithdháil an tAontas buiséad tosaigh EUR 188 milliún ar an gclár, is é sin EUR 101.6 milliún de leithdháiltí tosaigh, EUR 27 milliún de threisiú chun flít aerchomhraic dóiteán Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (rescEU) a dhúbailt le linn shéasúr dóiteán foraoise 2024 agus EUR 59.4 milliún arb é is aidhm dó toilleadh aerchomhraic dóiteán a mhéadú. Leis an gcrith talún tubaisteach sa tSiria agus sa Tuirc, aslonnú shaoránaigh an Aontais ón tSúdáin agus méid na ndóiteán foraoise san Eoraip an samhradh seo caite, spreagadh treisithe buiséadacha de EUR 65 mhilliún, rud a shroich EUR 253 mhilliún san iomlán (gan cistí NextGenerationEU a áireamh).

    Sholáthair Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta cúnamh don Úcráin freisin in 2023 ar na bealaí seo a leanas:

    in 2023, shínigh an tAontas na Comhaontuithe Riaracháin ceangailteacha leis an Úcráin agus leis an Moldóiv, agus chuir sé fáilte rompu isteach i Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta;

    imscaradh 60 000 tona de chúnamh tarrthála chuig an Úcráin in 2023 faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (rescEU), rud a d’fhág gur 140 000 tona a bhí san iomlán ó thosaigh an choinbhleacht;

    thug Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta freagra ar 50 iarraidh cothrom le dáta ar chúnamh ón Úcráin in 2023 amháin.



    Ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn

    Gach lá, feicimid go bhfuil coimhlint, athrú aeráide agus éagobhsaíocht ag brú ar dhaoine tearmann a lorg in áiteanna eile. Bhí tuairim dhaingean agam i gcónaí gur gá an imirce a bhainistiú. Is gá seasmhacht agus obair fhoighneach le príomh‑comhpháirtithe ina leith. Agus tá gá le haontacht laistigh den Aontas seo againne.

    Ursula von der Leyen

    Aghaidh a thabhairt ar bhrú imirce agus tearmainn

    In 2023, lean an brú imirce ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh de bheith mór, agus 1 mhilliún duine ag déanamh iarratais ar thearmann san Aontas, méadú 20 % i gcomparáid le 2022. Rinneadh iarracht leanúnach aghaidh a thabhairt go tapa ar riachtanais láithreacha trí ghníomhaíocht oibríochtúil spriocdhírithe. Tháinig siad sin chun críche i mí Aibreáin 2024 nuair a comhaontaíodh an Comhaontú nua maidir le hImirce agus Tearmann.

    In 2023, chuir an Coimisiún buiséad de bheagnach EUR 3 bhilliún chun feidhme chun tacú leis na Ballstáit sa réimse sin, trí thrí Chiste den chuid is mó:

    an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, 

    an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, agus

    an Ciste Slándála Inmheánaí.

    Buiséad 2023 na gCistí Slándála, Bainistithe Teorainneacha agus Tearmainn agus Imirce (in EUR milliún)

    Foinse: an Coimisiún Eorpach

    Maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, leithdháileadh 44 % de leithdháileadh iomlán chlár na mBallstát in 2023 ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn. Thacaigh sé sin le cruthú 750 áit ghlactha do mhionaoisigh neamhthionlactha, anuas ar an 1 159 n‑áit a athchóiríodh i gcomhréir le acquis an Aontais. Thairis sin, rinneadh 19 003 dhuine a athlonnú faoi dhlúthpháirtíocht agus faoi chomhroinnt chóir idir na Ballstáit.

    I réimse na himirce dleathaí agus an lánpháirtithe, tugadh tacaíocht cheana féin d’os cionn 280 000 náisiúnach tríú tír agus iad á lánpháirtiú go luath, lena n‑áirítear tairbhithe cosanta sealadaí atá ag teitheadh ón Úcráin. Chun an imirce neamhrialta a chomhrac, d’fhill os cionn 18 000 duine go deonach ar a dtíortha le tacaíocht ón gciste.

    Rannchuidíonn cistiú ón Aontas go mór freisin le tacaíocht a thabhairt do chomhpháirtíochtaí an Aontais le tíortha ar fud an domhain chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce. Agus 10 % de chlár na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda curtha in áirithe do ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an imirce agus leis an easáitiú éigeantach, tá breis agus 190 tionscadal ar siúl, ar fiú thart ar EUR 5.3 billiún iad. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, gur tugadh EUR 691 mhilliún do ghníomhaíochtaí san Afraic Thuaidh in 2021-23, agus go bhfuil beagnach dhá thrian den mhéid sin dírithe ar rialachas agus bainistiú imirce agus tearmainn a neartú.

    I dteannta a chéile, is iad an tAontas agus a Bhallstáit an deontóir is mó ar domhan a thacaíonn le dídeanaithe, agus cuireann siad 41.8 % den chistiú domhanda ar fáil. Le blianta beaga anuas, rinneadh thart ar 80 % de bhuiséad daonnúil an Aontais a leithdháileadh gach bliain ar thionscadail lena dtugtar aghaidh ar riachtanais na ndaoine a easáitíodh go héigeantach agus na bpobal óstach ar fud an domhain.

    Tháinig buiséad 2023 a leithdháileadh ar an gCiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha i ndiaidh chonclúidí na Comhairle Eorpaí an 9 Feabhra 2023, lenar díríodh ar rialú theorainneacha seachtracha an Aontais, agus dá bhrí sin áiríodh leis EUR 141.2 milliún arb é is aidhm dó feabhas a chur ar na córais faireachais leictreonaigh ag teorainneacha seachtracha talún agus EUR 201.1 milliún a leithdháiltear chun inniúlacht oibríochtúil an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a mhéadú le haghaidh gníomhaíochtaí náisiúnta agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais chun teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint.

    Chuidigh an Ciste Slándála Inmheánaí leis an Aontas freagairt ar mheath an chomhthéacs gheopholaitiúil agus ar bhagairtí slándála níos measa. Leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair, cuireadh i dtábhacht na rioscaí méadaithe sin don tslándáil inmheánach, ní hamháin i ndáil le hionsaithe sceimhlitheoireachta atá dírithe ar dhaoine aonair ach i ndáil le bonneagar criticiúil freisin. Iarradh leis na conclúidí ón gComhairle go ndéanfaí iarrachtaí comhbheartaithe chun na réimsí beartais ábhartha uile a shlógadh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, lena n‑áirítear trí fhorfheidhmiú ‘an dlí agus an comhar breithiúnach a neartú, faisnéis a mhalartú agus leas iomlán á bhaint as bunachair sonraí ábhartha, na teorainneacha seachtracha a chosaint, smuigléirí a chomhrac agus dlúthchomhar le tríú tíortha.’ Thacaigh an ciste le 651 idirghabháil i ngach earnáil den gheilleagar idir 2014 agus 2023.

    An tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas a áirithiú

    Sa chomhthéacs dúshlánach geopholaitiúil agus eacnamaíoch atá ann faoi láthair, tá limistéar Schengen lánfheidhmiúil ríthábhachtach don chobhsaíocht, don athléimneacht agus don téarnamh. An 1 Eanáir 2023, tháinig an Chróit isteach i limistéar Schengen mar an 27ú Ballstát. Thairis sin, an 30 Nollaig 2023, rinne an Chomhairle, le tacaíocht iomlán ón gCoimisiún Eorpach, cinneadh d’aon toil fáilte a chur roimh an mBulgáir agus an Rómáin isteach sa limistéar, ag tosú le deireadh a chur le rialuithe ag teorainneacha aeir agus farraige ó mhí an Mhárta 2024 ar aghaidh. Faoi limistéar Schengen, is féidir le 420 milliún duine taisteal idir na Ballstáit gan gá dul trí rialuithe teorann.

    Tíortha i limistéar Schengen (amhail ó mhí Aibreáin 2024)

    Foinse: an Coimisiún Eorpach

    Tá gá le bainistiú nua-aimseartha, éifeachtach agus éifeachtúil ag teorainneacha cliste, lena mbaintear cothromaíocht amach idir éascú do thaistealaithe agus an tslándáil inmheánach. In 2023, thug an Coimisiún chun críche an reachtaíocht maidir le cur chun feidhme an Chórais Dul Isteach/Imeachta ( 14 ) agus rinne sé dul chun cinn maidir le reachtaíocht chun an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil ( 15 ) a chur chun feidhme, lena n‑áirítear EUR 25.5 milliún a leithdháileadh chun an trasnú teorann uathoibríoch agus an Córas Faisnéise Víosaí athbhreithnithe a éascú ( 16 ). Cuirfidh na córais feabhas ar bhainistiú agus ar rialú ár dteorainneacha seachtracha agus, ar an gcaoi sin, cuirfear feabhas ar an tslándáil inmheánach. Chun an idir-inoibritheacht idir córais teicneolaíochta faisnéise le haghaidh bainistiú teorainneacha a mhéadú, tá EUR 0.6 billiún á infheistiú ag an Aontas le linn 2021-2027.

    ERASMUS+

    Is é Erasmus+ clár soghluaisteachta an Aontais i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt. Le breis agus 35 bliana anuas, tá an clár ar cheann de na tionscnaimh is rathúla de chuid an Aontais, rud a chumasaíonn daoine, eagraíochtaí agus beartais go mór ar fud na hEorpa trí scileanna, comhar agus fionnachtain fhrithpháirteach a chothú. In 2023, lean an clár freisin de bheith ag cuidiú leis an Aontas a chuspóirí a bhaint amach i réimsí amhail cuimsiú agus éagsúlacht, saoránacht ghníomhach agus rannpháirtíocht dhaonlathach, mar aon leis na haistrithe glas agus digiteach san Aontas agus go hidirnáisiúnta. Bhí buiséad 2023 de bhreis agus EUR 3.9 billiún ag an gclár Erasmus+.

    In 2023, thacaigh ERASMUS+ le raon gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh tacú leis an oideachas agus leis an bhforbairt phearsanta, amhail na samplaí a léirítear thíos:

    Ghlac 720 000 foghlaimeoir páirt i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta in 2023;

    Tá 50 comhghuaillíocht d’Ollscoileanna Eorpacha, ina bhfuil breis agus 430 institiúid ardoideachais ó gach cearn den Eoraip rannpháirteach i nglao 2023 Erasmus+;

    D’eisigh ollscoileanna agus institiúidí eile 2.3 milliún cárta mac léinn Eorpach faoi dheireadh 2023;

    den chéad uair, ghlac cóitseálaithe spóirt agus baill foirne spóirt eile páirt i ndeiseanna soghluaisteachta foghlama: ba mhór ag eagraíochtaí spóirt an phobail an úrnuacht sin, rud a mheall éileamh suntasach ó 5 054 eagraíocht agus institiúid rannpháirteacha;

    chláraigh aip Erasmus+ os cionn 218 000 íoslódáil;

    cláraíodh an méadú is mó riamh ar mhalartuithe digiteacha idir institiúidí ardoideachais agus tacaíodh le 27 nAcadamh Múinteoirí Erasmus+ san iomlán in 2023.

    Leanadh de chur chun feidhme na straitéise Eorpaí maidir le hollscoileanna ar lánluas in 2023. Thacaigh glaonna 2023 Erasmus+ freisin le 100 000 tréimhse oiliúna do mhic léinn ardoideachais. Thacaigh glaonna 2023 Erasmus+ freisin le cuir chuige nuálacha nua i leith na foghlama agus an teagaisc, lena n‑áirítear saotharlanna beo, gorlanna mac léinn, scileanna glasa agus digiteacha, agus nuálaithe ar scoil.

    Reáchtáladh dhá bhabhta iarratais le haghaidh DiscoverEU in 2023; Rinne 289 695 dhuine óga iarratas ar phas taistil, agus roghnaíodh 71 642 dhuine. In 2023, treisíodh an buiséad le haghaidh gníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige, ina raibh breis agus 18 400 duine óg rannpháirteach. Tugadh 10 132 367 gcuairt ar Thairseach Eorpach na hÓige in 2023 agus bhí sí fós ar na 10 suíomh gréasáin is mó ar tugadh cuairt orthu in 2023.

    Ó thús chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, slógadh clár Erasmus+, a bhuí lena sholúbthacht ionsuite, chun tacú le tionscadail lena gcuirtear gníomhaíochtaí oideachais chun cinn agus lena n‑éascaítear lánpháirtiú daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin ina dtimpeallachtaí foghlama nua, mar aon le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le heagraíochtaí, foghlaimeoirí agus baill foirne san Úcráin. Spreagadh eagraíochtaí rannpháirteacha chun a gcuid gníomhaíochtaí a dhíriú de réir mar is oiriúnach dóibh. Leagadh béim ar thionscadail phríomhghníomhaíocht 1 (soghluaisteacht), a bhaineann lena n‑inniúlacht tacú le soghluaisteacht isteach ón Úcráin agus lánpháirtiú foghlaimeoirí agus ball foirne atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin a éascú.

    An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

    Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar an dlúthpháirtíocht. Maoiníonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach tionscadail a thugann deis do dhaoine óga obair dheonach a dhéanamh i raon réimsí, idir chuidiú leo siúd atá faoi mhíbhuntáiste agus chabhair dhaonnúil a thabhairt agus rannchuidiú le gníomhaíocht sláinte agus chomhshaoil ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin. Dhírigh na tionscadail oibre deonaí a bronnadh in 2023 go docht ar an gcuimsiú agus ar an éagsúlacht agus dámhadh 978 dtionscadal, agus 705 thionscadal lena dtugtar aghaidh ar rannpháirtíocht sa saol daonlathach. Mar thoradh ar ghlaonna in 2023, rinneadh os cionn 4 500 iarratas ar thionscadail oibre deonaí agus dlúthpháirtíochta, agus bronnadh 2 401 tionscadal.

    Infheistiú i gcultúr na hEorpa

    Is é clár Eoraip na Cruthaitheachta ciste díreach an Aontais lena soláthraítear tacaíocht d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, ag a bhfuil buiséad bunaithe EUR 2.44 billiún le haghaidh thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus EUR 334.3 milliún le haghaidh 2023 amháin. Is é is aidhm don chlár éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus oidhreacht na hEorpa a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn agus iomaíochas agus acmhainneacht eacnamaíoch earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, agus go háirithe an earnáil closamhairc, a mhéadú.

    In 2023, leithdháileadh beagnach EUR 85 mhilliún ar thionscadail chultúrtha, lena n‑áirítear tionscadail chomhair Eorpacha, cúrsaíocht saothar liteartha Eorpach, ardáin chun ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn a chur chun cinn, eintitis chultúrtha uile-Eorpacha, agus líonraí eagraíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha. Go háirithe, tiomnaíodh imchlúdach EUR 60 milliún do chistiú na dtionscadal comhair, rud a d’fhág go rabhthas in ann 138 dtionscadal a bhí beartaithe a roghnú. Bronnadh os cionn EUR 185 mhilliún ar thionscadail chlosamhairc, lena n‑áirítear scannáin, sraitheanna teilifíse agus físchluichí a chruthú, tacaíocht a sholáthar don dáileadh agus don nuálaíocht, agus cuidiú le léiritheoirí dul i bhfeidhm ar lucht féachana níos leithne trí líonra de phictiúrlanna Eorpacha, féilte Eorpacha, cur chun cinn scannán uile-Eorpach, fotheidealú agus oideachas scannán. Thairis sin, in 2023, shínigh Eoraip na Cruthaitheachta an chéad chomhaontú le hinstitiúid airgeadais faoin uirlis chothromais MediaInvest le haghaidh EUR 25 mhilliún, rud a chuaigh chun tairbhe do 1 802 ealaíontóir agus gairmí cultúrtha leis an scéim soghluaisteachta ‘culture moves Europe’, agus thacaigh sí le 465 chomhpháirtíocht thrasnáisiúnta agus 127 gclár lena dtugtar aghaidh ar ghrúpaí atá imeallaithe go sóisialta.

    Rannchuidigh Eoraip na Cruthaitheachta leis an gComhaontú Glas le cineama óige (youth cinema) an Aontais: Comhaontú Glas 2024-2026, tionscadal forbartha lucht féachana, i 6 theanga ar fud 12 thír, a bhfuil sé d'aidhm aige pobal óg atá feasach ar an gcomhshaol a chothú. Ar an taobh glas, cé gur digiteach é, thacaigh an clár le MIAM!, píblíne táirgeachta íomhánna fíor-ama ríomhghinte le haghaidh beochan tríthoiseach bunaithe ar réitigh físchluichí lena gcumasaítear tionchar carbóin a íoslaghdú. Thairis sin, cistíodh áireamhán astaíochtaí carbóin Eorpach le haghaidh léirithe closamhairc.

    Bhí líon na n‑iarratas ar a gcuid gníomhaíochtaí ag dul i méid i gcónaí i dtionscadail chultúrtha. Go háirithe, tháinig méadú ar na hiarratais ar thionscadail chomhair Eorpaigh ó 461 thogra in 2021 go 831 thogra in 2023 le haghaidh méadú 78 %.

    beartas comhtháthaithe an Aontais, go háirithe trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ag tacú le réigiúin na hEorpa agus iad ag iarraidh luach a chur le sócmhainní geografacha agus oidhreacht chultúrtha agus stairiúil. Áirítear le beartas comhtháthaithe 2021-2027 tacaíocht ón Aontas don chultúr agus don oidhreacht chultúrtha ar fiú EUR 5.4 billiún í ar fud 19 mBallstát agus i gcláir um chomhar críochach ( 17 ).

    An ailse a chomhrac san Eoraip

    Faoi chuimsiú phlean sáraithe ailse na hEorpa, in 2023, shlóg clár EU4Health EUR 187.3 milliún chun ailse a chosc, a scagthástáil agus a chóireáil, mar aon le tacaíocht mheabhairshláinte d’othair ailse agus do theaghlaigh ailse, agus feabhsuithe ar cháilíocht saoil do mharthanóirí ailse. Áirítear leis an gclár EU4Health féin, a bhfuil buiséad oibríochtúil EUR 735.8 milliún aige le haghaidh 2023, an comhrac in aghaidh na hailse mar mhír thrasearnálach.

    In 2023, mar thoradh ar chur chun feidhme EU4Health, rinneadh píolótú ar an gclár oiliúna idirspeisialtachta maidir le hailse a forbraíodh tríd an tionscadal críochnaithe ‘INTERACT-EUROPE’, seoladh an bhonneagair dhigitigh lena dtacaítear leis an Tionscnamh Eorpach um Íomháú Ailse agus 12 thionscadal nua arb é is aidhm dóibh an ailse a shárú. In 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún na próifílí ailse tíre freisin mar chuid de Chlárlann Éagothromaíochtaí Ailse na hEorpa. Áiríodh freisin leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i réimse na sláinte cuid ghlao 2023 an Mhisin Ailse den chlár Fís Eorpach, inar cuireadh 103 thogra incháilithe isteach agus inar síníodh 13 chomhaontú deontais.



    Ugach nua do dhaonlathas na hEorpa

    Baineann an daonlathas lenár gceart aonair éisteacht a fháil. Ach is é an daonlathas an fhreagracht chomhchoiteann atá orainn freisin. Tá gach glúin nua freagrach as ár ndaonlathas a choimeád sláintiúil. Chun é a dhéanamh níos ionadaíche agus níos cuimsithí. Chun é a chosaint ó bhagairtí inmheánacha agus seachtracha.

    Ursula von der Leyen

    Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

    Cearta agus luachanna an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn

    In 2023, bhí roinnt dúshlán roimh an daonlathas san Aontas Eorpach, amhail an méadú ar an antoisceachas, cur isteach ar thoghcháin, scaipeadh faisnéise ionramhálaí agus bagairtí ar iriseoirí. I bhfianaise an mhéid sin in 2023, thacaigh an tAontas leis an daonlathas ar bhealaí éagsúla, lena n‑áirítear teacht ar chomhaontú maidir leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán agus an pacáiste maidir le Cosaint an Daonlathais a ghlacadh i mí na Nollag 2023. Sa phacáiste sin, cuireann an Coimisiún i dtábhacht go láidir go dtacaítear leis an daonlathas faoi chláir éagsúla de chuid an Aontais, lena n‑áirítear Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, Fís Eorpach, an Eoraip dhigiteach agus Eoraip na cruthaitheachta i réimsí na tacaíochta toghcháin, na meán agus na ngníomhaíochtaí bréagaisnéise agus fheabhsú an spáis shibhialta. Thairis sin, leis an gclár cúnaimh réamhaontachais, le cistí an bheartais chomhtháthaithe agus le cláir na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, soláthraítear tacaíocht do rannpháirtíocht sa spás sibhialta, do ghníomhaíochtaí meán agus bréagaisnéise agus do thacaíocht toghcháin laistigh agus lasmuigh den Eoraip araon ( 18 ).

    Mar obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, chuir an Coimisiún Ardáin Rannpháirtíochta na Saoránach chun feidhme in 2023, agus sholáthair na trí Phainéal Saoránach Eorpach moltaí ar ghlac an Coimisiún leo maidir le cur amú bia, an domhan fíorúil agus soghluaisteacht foghlama.

    Le buiséad an Aontais, leithdháileadh os cionn EUR 1.1 billiún idir 2021-2027, lena n‑áirítear EUR 214 mhilliún in 2023, ar an gclár um shaoránaigh, comhionannas, cearta agus luachanna chun cearta agus luachanna an Aontais a chur chun cinn. Tacaíonn an clár sin le raon leathan eagraíochtaí a chuireann luachanna agus cearta an Aontais chun cinn agus a chosnaíonn iad, a mhéadaíonn feasacht ar chearta, luachanna, prionsabail, cultúr, stair, dlíthe agus beartais, a fheabhsaíonn inniúlacht agus a chothaíonn comhar trasteorann agus eolas, tuiscint agus muinín fhrithpháirteach. Tacaíonn sé freisin le hoiliúint agus le fothú acmhainneachta, mar aon le nascadh bailte agus malartú dea-chleachtas idir údaráis agus comhlachtaí na mBallstát. Meastar go sroichfear breis agus 31.4 milliún duine faoi thionscadail 2021-2023. In 2023 amháin, bhí 262 thionscadal ar fiú EUR 150.4 milliún san iomlán iad dírithe ar chomhionannas a chur chun cinn.

    Thairis sin, chuir an clár um shaoránaigh, comhionannas, cearta agus luachanna feabhas ar rannpháirtíocht saoránach ar leibhéal an Aontais, ag tacú leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh le EUR 2 mhilliún in 2023. Cláraíodh an 100ú togra sa tionscnamh in 2023, dar teideal ‘Príomhchathracha agus saoránaigh uile na hEorpa a nascadh trí líonra traenach ardluais’. Leis an gclár, bhíothas in ann freisin, trí chonarthaí soláthair, ceardlanna a eagrú maidir le ‘feachtas poiblí chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chomhrac’, foghlaim fhrithpháirteach agus malartú dea-chleachtas maidir le comhionannas inscne; imeacht maidir le ‘30 bliain de chearta saoránachta’ agus roinnt suirbhéanna Eorabharaiméadair.

    Maoiníonn an clár um shaoránaigh, comhionannas, cearta agus luachanna tionscadail agus tionscnaimh maidir le raon leathan ábhar, arb é is aidhm dóibh uile luachanna an Aontais a chur chun cinn. In 2023, rinneadh an méid seo a leanas leis an gclár:

    gheall sé imchlúdach EUR 24.9 milliún don ghlao arb é is aidhm dó foréigean inscnebhunaithe agus foréigean in aghaidh leanaí a chosc agus a chomhrac, faoi shnáithe Daphne den chlár;

    thacaigh sé leis an gcomhrac in aghaidh an chiníochais, na seineafóibe, an idirdhealaithe agus cineálacha eile éadulaingthe, le buiséad EUR 20 milliún trí ghlao tiomnaithe ar chomhionannas;

    sholáthair sé tacaíocht do 83 chomhpháirtí creata i réimse luachanna an Aontais agus Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais;

    thacaigh sé le 1 045 eagraíocht sochaí sibhialta i réimse luachanna an Aontais: 463 i réimse an chomhionannais, na gceart agus an chomhionannais inscne, 1 266 i réimse chaidreamh gníomhach agus rannpháirtíocht na saoránach agus 3 313 i réimse chomhrac an fhoréigin.

    Eorpaigh óga a chumasú chun páirt a ghlacadh sa tsochaí shibhialta agus sa saol daonlathach

    Ceann de phríomhtháthail Bhliain Eorpach na hÓige 2022 ná go bhfuil suim mhór ag daoine óga sa tsochaí agus gur mian leo a bheith rannpháirteach inti. Sa dara ráithe de 2023, cuireadh tús leis an obair ar theachtaireacht ón gCoimisiún ina raibh sraith gníomhaíochtaí a dhíríonn ar an gcaoi ar féidir leis an gCoimisiún deis cainte a thabhairt do dhaoine óga maidir leis na cinntí a dhéanann difear dóibh. I mí Iúil 2023 cuireadh tús leis an 10ú timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, arb é an próiseas rannpháirtíochta is mó do dhaoine óga san Aontas é.

    In 2023, treisíodh an buiséad le haghaidh gníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige, agus breis agus 18 400 duine óg a bhí rannpháirteach. Thug an Coimisiún faoi na hullmhúcháin le haghaidh Sheachtain Eorpach na hÓige 2024, a bhí ar siúl ón 12 go dtí an 19 Aibreán 2024 agus a dhírigh ar shaoránacht ghníomhach agus rannpháirtíocht dhaonlathach a chothú i measc daoine óga.

    Dul i ngleic le dúshláin chibearshlándála, bréagaisnéis, agus toghcháin 2024 an Aontais a chosaint

    I mí na Samhna 2023, d’eagraigh an Coimisiún Eorpach, in éineacht le Parlaimint na hEorpa agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil, beart cibearshlándála mar chuid de raon beart atá á gcur chun feidhme ag an Aontas Eorpach chun saorthoghcháin chóra a áirithiú i mí an Mheithimh 2024. Chuir an druil, a raibh ionadaithe ó na húdaráis náisiúnta toghcháin agus chibearshlándála páirteach inti freisin, ar chumas na rannpháirtithe taithí agus dea‑chleachtais a mhalartú, mar aon le feabhas a chur ar a n‑inniúlacht freagairt do theagmhais chibearshlándála.

    Mar chuid den ullmhúchán le haghaidh thoghcháin 2024 an Aontais, sholáthair an Coimisiún tacaíocht don Ghrúpa Comhair um Líonraí agus Córais Faisnéise ( 19 chun a Choimre maidir le Cibearshlándáil agus Athléimneacht Toghchán a thabhairt cothrom le dáta. Bhí an choimre cothrom le dáta sin (a foilsíodh i mí an Mhárta 2024) fíor-riachtanach mar gheall ar éabhlóid thapa na rioscaí agus na mbagairtí cibearshlándála ar shláine na dtoghchán, lena n‑áirítear forbairtí ar ábhair chlosamhairc domhainbhrionnaithe a cruthaíodh trí bhíthin na hintleachta saorga, ‘haiceálaithe cúise ar cíos’ agus cibirionsaithe agus bagairtí a dtacaíonn gníomhaithe naimhdeacha leo i gcomhthéacs geopholaitiúil luaineach.

    Ina theannta sin, bunaíodh an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha agus a moil in 2023 chun brath agus anailís na bhfeachtas bréagaisnéise a neartú. Chuir Ionaid d’Idirlíon Níos Sábháilte seirbhísí comhairleoireachta agus tuairiscithe ar fáil d’úsáideoirí óga ar fud an Aontais, lena n‑áirítear ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí ar líne amhrasta ón bpobal a thuairisciú, rud a d’fhág gur baineadh anuas é. Comhlánaíonn sé sin Gníomh 2022 an Aontais um Sheirbhísí Digiteacha, arb é is aidhm dó spás digiteach níos sábháilte a chruthú ina gcosnaítear cearta bunúsacha úsáideoirí agus cothrom na Féinne a bhunú do ghnólachtaí.



    3. Tosaíochtaí beartais cothrománacha i mbuiséad an Aontais

    Sa chuid seo, soláthraítear faisnéis maidir le maoiniú tionscnamh a bhaineann le cuspóirí aeráide, bithéagsúlachta, comhionannais inscne agus spriocanna forbartha inbhuanaithe, dá bhforáiltear i bpointe 16(d–g) de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020. Soláthraítear faisnéis freisin maidir le ranníocaíocht bhuiséad an Aontais le tosaíocht an Choimisiúin Eorpaigh an t‑aistriú digiteach a chur chun cinn.

    Buiséadú glas

    Úsáideann an Coimisiún an buiséadú glas mar ionstraim chun trédhearcacht bhuiséad an Aontais a fheabhsú i dtéarmaí cistiúcháin chun tacú le cuspóirí aeráide agus comhshaoil, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip. I mí an Mhárta 2022, gheall an Coimisiún go saothródh sé a chuid oibre maidir leis an mbuiséadú glas a thuilleadh, in éineacht le hUachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus roinnt Ballstát.

    Tá an t‑aistriú glas leagtha síos ag an gCoimisiún mar cheann dá phríomhthosaíochtaí do 2019-2024, mar a leag an tUachtarán von der Leyen amach ina treoirlínte polaitiúla. Deimhnítear an uaillmhian sin leis an gComhaontú Glas don Eoraip, a glacadh in 2019. I gcomhréir leis an gComhaontú Glas, forordaítear go sonrach leis an Dlí Aeráide Eorpach, a glacadh in 2021, gur cheart don Aontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050 agus socraítear sprioc idirmheánach maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid lena leibhéil in 1990. Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún laghdú 90 % ar a laghad a dhéanamh faoi 2040.

    Chun béim a leagan ar a ghealltanas dá spriocanna aeráide agus comhshaoil, tá spriocanna cainníochtúla socraithe ag an Aontas dá chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus do chistiú NextGenerationEU. Go háirithe, tá gealltanas tugtha ag an Aontas 30 % ar a laghad dá chreat airgeadais ilbhliantúil agus dá bhuiséad NextGenerationEU a thiomnú do chaiteachas is ábhartha don aeráid, agus 7.5 % de bhuiséad bliantúil 2024 agus 10 % de bhuiséid bhliantúla 2026 agus 2027 a thiomnú do chosaint agus d’fheabhsú na bithéagsúlachta.

    Tá buiséad glas an Aontais bunaithe ar cheithre réimse: oiriúnú don athrú aeráide, maolú ar an athrú aeráide, bithéagsúlacht agus aer glan. Áirítear leis freisin comhpháirt láidir ‘gan dochar (suntasach) a dhéanamh’ lena gcumhdaítear cuspóirí aeráide agus comhshaoil araon. Ní mór do gach gníomhaíocht an prionsabal sin a chomhlíonadh, i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha.

    An ranníocaíocht ghlas lena bhfuil coinne (gealltanais bhuiséadacha) sa tréimhse 2021-2027 (EUR milliún) ( 20 )

    Foinse: An Coimisiún Eorpach.

    Léirítear leis na sonraí atá ar fáil le haghaidh na tréimhse 2021-2027 go bhfuil buiséad an Aontais ar an mbóthar ceart chun a sprioc 30 % maidir le príomhshruthú aeráide a bhaint amach, a bhuí le feidhmíocht láidir na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus an tionscnaimh RepowerEU, atá ag rannchuidiú freisin le rianú aeir ghlain. Baineann na sonraí uile a úsáidtear sa tuarascáil seo úsáid as leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a bhfuil coinne leo.

    Maidir le príomhshruthú bithéagsúlachta, cé go bhfuil an réamh‑mheastachán le haghaidh 2024 gar don sprioc, beidh sé níos deacra spriocanna 2026 agus 2027 a bhaint amach. Tá tuilleadh sonraí ar fáil sa roinn shonrach maidir leis an mbithéagsúlacht thíos.

    Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go rannchuidíonn cistí eile a bhainistíonn an Coimisiún le tosaíocht an bhuiséid ghlais freisin, d’ainneoin nach bhfuil siad mar chuid den chreat airgeadais ilbhliantúil, amhail an Ciste don Nuálaíocht, an Ciste don Nuachóiriú agus an Ciste Aeráide Sóisialta atá ar na bacáin. Tagann an t‑ioncam ó na cistí sin ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais.

    Ríomhtar na méideanna thuas bunaithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, mar a léirítear thíos.

    Maidir le bainistíocht dhíreach, ullmhaíonn gach seirbhís meastacháin bunaithe ar na sonraí is cothroime le dáta atá ar fáil (lena n‑áirítear sonraí ón gcóras airgeadais le haghaidh príomhshruthú aeráide amháin). I gcás meastacháin amach anseo, úsáidtear cláir oibre, spriocanna earnála agus luachanna stairiúla.

    Maidir le bainistíocht chomhroinnte, cuirtear figiúirí a bhí ann roimhe seo agus figiúirí a bheidh ann amach anseo i láthair ar bhonn na gclár agus phleananna straitéiseacha an chomhbheartais talmhaíochta a comhaontaíodh leis na Ballstáit agus a tugadh cothrom le dáta de réir na dtuarascálacha bliantúla.

    Maidir le bainistíocht indíreach, tá na figiúirí bunaithe ar na spriocanna agus na comhaontuithe atá ann cheana leis na comhpháirtithe cur chun feidhme, mar aon lena dtuarascálacha bliantúla.

    Ceartaítear caiteachais roimhe seo gach bliain tar éis athbhreithniú cáilíochta arna oibriú ag na seirbhísí éagsúla chun an fhaisnéis bhreise a fuarthas faoin tionscadal a roghnaíodh a léiriú.

    Díriú ar thorthaí ( 21 ) 

    32 070 752 mheigeavatuair

    coigilteas éifeachtúlachta fuinnimh measta in aghaidh na bliana ó fhoirgnimh phríobháideacha agus phoiblí.

    Seachnaítear 87 milliún tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana, agus breis agus leath de sin trí infheistíochtaí bannaí glasa NextGenerationEU. Ina theannta sin, tá coinne le laghdú 442 mhilliún tona de dhé-ocsaíd charbóin ón gCiste don Nuálaíocht thar na chéad 10 mbliana d’oibríochtaí.

    126 851 mheigeavata bhreise

    de thoilleadh fuinnimh in‑athnuaite suiteáilte.

    Tá béim ar thorthaí ríthábhachtach maidir le gníomhaíocht an bhuiséid ghlais agus maidir le buiséad an Aontais i gcoitinne. Is féidir na torthaí a eascraíonn as na táscairí atá ar fáil a úsáid chun caiteachas níos spriocdhírithe a bhaint amach agus chun feabhas a chur ar stiúradh bhuiséad an Aontais. Is féidir leis an aistriú glas a dhéanamh níos éifeachtúla freisin trí chuntasacht a fheabhsú. Tá an ceann deireanach sin tábhachtach freisin i bhfianaise an ghá atá le rannchuidiú le gealltanais idirnáisiúnta iomadúla.

    Tá an bhéim ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar laghdú astaíochtaí agus ar leathnú fuinnimh in‑athnuaite ríthábhachtach chun spriocanna aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach agus chun spriocanna 2030 a bhaint amach. Léirítear leis na torthaí thuas go bhfuil a meascán fuinnimh á éagsúlú ag na Ballstáit agus go bhfuil a spleáchas ar bhreoslaí iontaise á laghdú acu de réir a chéile, rud a laghdóidh costais fuinnimh. Is é an toradh a bhíonn air sin freisin go laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa, rud a chuidíonn leis an athrú aeráide a chomhrac, agus truailleáin aeir.

    Tionchar iarbhír infheistíochtaí NextGenerationEU a thomhas

    I mí na Nollag 2023, sheol an Coimisiún an chéad tuarascáil tionchair maidir le bannaí glasa NextGenerationEU, a cuireadh i láthair ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP28) in Dubai. Is éacht bunúsach trédhearcachta í an tuarascáil seo, rud a chuireann ar ár gcumas tionchar coincréiteach aeráide na n‑infheistíochtaí a mhaoinítear le bannaí glasa NextGenerationEU a thomhas.

    Ag tógáil ar chreat láidir bannaí glasa an Aontais, braitheann an tuarascáil ar anailísí mionsonraithe ar na garspriocanna agus ar na spriocanna le haghaidh infheistíochtaí a mhaoinítear le bannaí glasa faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun an bunús a sholáthar chun a dtionchar aeráide a ríomh, rud a fhágann gur féidir dul chun cinn a thomhas ar an mbealach i dtreo todhchaí inbhuanaithe agus nasc díreach a áirithiú idir cistiú agus tionchar ar an aeráid.

    Léirítear leis an anailís go bhféadfadh infheistíochtaí bannaí glasa NextGenerationEU astaíochtaí gás ceaptha teasa a sheachaint faoi 44 mhilliún tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana – is é sin 1.2 % d’astaíochtaí iomlána an Aontais in 2022. Is é sin thart ar 57 % de na hinfheistíochtaí a mhaoinítear le bannaí glasa, rud a chiallaíonn go mbeidh léargas níos soiléire fós ag anailísí agus tuarascálacha ina dhiaidh sin ar an bhfíorthionchar ar an aeráid. Cé go bhfuil tionchar an chaiteachais réadaithe faoi láthair níos ísle ar ndóigh ag céimeanna tosaigh an tionscadail, meastar leis an tuarascáil laghdú atá comhionann le 224 143 thona dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana. Tiocfaidh méadú tapa ar an líon sin nuair a chuirfear dlús le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

    Tacsanomaíocht

    I mbliana, den chéad uair, áirítear le roinnt príomhchlár laistigh de na ‘ráitis ar fheidhmíocht cláir’ (Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo) anailís ar a n‑ailíniú le tacsanomaíocht an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí inbhuanaithe. Soláthraíonn an méid sin túsphointe tábhachtach le haghaidh anailísí amach anseo ar an gcaoi a rannchuidíonn caiteachas an Aontais le todhchaí níos glaise ( 22 ).

    Cé gur sonraíodh an anailís ar ailíniú tacsanomaíochta sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta roimhe seo i gcomhthéacs thuairisciú bhannaí glasa NextGenerationEU, le ‘ráitis ar fheidhmíocht cláir’ na bliana seo leathnaítear an raon feidhme chun cláir chriticiúla eile a chuimsiú. Leis an gcur chuige sin, tugtar léargas níos cuimsithí ar ghealltanas an Aontais maidir le maoiniú inbhuanaithe ar fud a thionscnamh éagsúil.



    Príomhshruthú aeráide

    An méid atá bainte amach

    Thairbhigh thart ar 29 milliún saoránach de chosaint ar thuilte idir 2014 agus 2022, a bhuí leis na hidirghabhálacha a mhaoinigh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe..

    Leis an gcomhbheartas talmhaíochta, tacaítear le stóráil carbóin (bearta feirmeoireachta carbóin, athchóiriú tailte portaigh, etc.) agus rannchuidítear le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chosc agus a laghdú. Rinneadh thart ar 188 000 heicteár de thalamh talmhaíochta a fhoraoisiú faoi 2022 a bhuí le tacaíocht ón gcomhbheartas talmhaíochta sa tréimhse 2014-2022.

    Ós rud é go bhfuil os cionn 300 údarás réigiúnach agus áitiúil tiomanta don chúis, agus 50 acu rannpháirteach go gníomhach i measúnuithe riosca a fhorbairt, tá an misean um Oiriúnú don Athrú Aeráide a mhaoinítear faoin gclár Fís Eorpach ag leagan an bhoinn do phobail athléimneacha in aghaidh dúshláin aeráide.

    Leis an tionscadal ‘Scileanna leictreacha nua fuinnimh in‑athnuaite’, a mhaoinítear faoi Chiste Sóisialta na hEorpa+, tugtar aghaidh ar an ngá atá le scileanna nua trí chúrsaí oiliúna a chruthú le haghaidh róil leictriteicniúla. Leis na cúrsaí sin, clúdaítear príomhréimsí amhail córais fhótavoltacha a shuiteáil agus feithiclí traidisiúnta a thiontú ina múnlaí leictreacha. Is é is aidhm don tionscadal na scileanna is gá a thabhairt do lucht saothair áitiúil chun go mbeidh rath orthu san earnáil sin atá ag teacht chun cinn.

    Cé mhéad a chaithimid?

    Ranníocaíocht aeráide sa tréimhse 2021-2027 (milliún EUR)

    Foinse: An Coimisiún Eorpach.

    Le haghaidh na tréimhse 2021-2027, réamh‑mheastar go ndéanfaidh buiséad an Aontais – lena n‑áirítear NextGenerationEU – ranníocaíocht EUR 658 mbilliún le caiteachas aeráide, is é sin 34.3 % den imchlúdach buiséid, rud a sháraíonn an sprioc tosaigh de 30 %.

    An caiteachas atá beartaithe i mbuiséad 2021-2027 an Aontais i ndearbhmhéideanna agus céatadán measta gach imchlúdaigh cláir

     

    Fís Eorpach, Ciste InvestEU, SCE – an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena n‑áirítear an tSoghluaisteacht Mhíleata, an Beartas Réigiúnach – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, CBT – an comhbheartas talmhaíochta, CEMID – an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, JTM – an Sásra um Aistriú Cóir, NDICI – an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, IPA III – Cúnamh Réamhaontachais.

    Foinse: An Coimisiún Eorpach.

    Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, tá buiséad an Aontais ar an mbóthar ceart chun an sprioc fhoriomlán 30 % agus a spriocanna earnála maidir le caiteachas a rannchuidíonn leis an aeráid a chomhlíonadh. Áirítear leis na ‘ráitis ar fheidhmíocht cláir’ (Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht) roinn thiomnaithe ina gcuirtear i láthair an ranníocaíocht aeráide mheasta le haghaidh gach cláir agus na gníomhaíochtaí a rinneadh chun maoiniú cuí na tosaíochta sin a áirithiú.

    Agus úsáid á baint as an gcéatadán den chaiteachas aeráide in aghaidh an chláir arna ríomh le haghaidh gealltanais bhuiséadacha, is féidir meastachán a dhéanamh ar mhéid an chaiteachais a bhaineann leis an aeráid ar leibhéal na híocaíochta, atá cothrom le 33.9 %. Ar an mbonn sin, is féidir leis na Ballstáit a rannchuidíonn le buiséad an Aontais a sciar de ranníocaíocht an bhuiséid ghlais le haghaidh bhuiséad an Aontais a ríomh. Ní áirítear leis an meastachán sin an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ós rud é go maoinítear é sin le bannaí seachas le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit. I gcomhréir lena rialacháin earnála, rannchuideoidh Saoráid na hÚcráine agus Saoráid na mBalcán Thiar le príomhshruthú na haeráide agus na bithéagsúlachta. Tuairisceofar na ranníocaíochtaí ón gcéad timthriall tuairiscithe eile nuair a bheidh faisnéis ar fáil.



    Príomhshruthú bithéagsúlachta

    An méid atá bainte amach

    Tá breis agus 100 speiceas ag cur feabhas ar a stádas caomhantais mar thoradh ar 31 thionscadal LIFE a cistíodh in 2021.

    A bhuí leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, tacaíodh le 10 427 n‑oibríocht a bhain le bainistíocht níos fearr ar Natura 2000 agus ar limistéir mhuirí eile faoi chosaint idir 2014 agus 2022.

    Thacaigh an comhbheartas talmhaíochta le 20.3 milliún coirceog beach in 2022.

    Rinneadh 17 695 km2 d’éiceachórais mhuirí, talún agus fionnuisce a chosaint agus/nó a bhainistiú go hinbhuanaithe le tacaíocht ón Aontas faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.

    Cé mhéad a chaithimid?

    Ranníocaíocht bithéagsúlachta sa tréimhse 2021-2027 (milliún EUR)

    Foinse: An Coimisiún Eorpach.

    Le haghaidh na tréimhse 2021-2027, tá buiséad an Aontais – lena n‑áirítear NextGenerationEU – ag tiomnú EUR 112 bhilliún, nó 6 % den chreat airgeadais ilbhliantúil, don chomhrac i gcoinne chailliúint na bithéagsúlachta. Cé go bhfuil an réamh‑mheastachán le haghaidh 2024 gar don sprioc 7.5 %, beidh sé níos deacra spriocanna 10 % 2026 agus 2027 a bhaint amach. Tá an Coimisiún ag obair chun an maoiniú sa réimse sin a mhéadú a thuilleadh le cuidiú ó na páirtithe leasmhara uile, mar a rinneadh cheana le haghaidh cláir bhainistíochta dírí amhail Fís Eorpach agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta. I ngníomhaíocht sheachtrach, mar shampla, deimhnítear le meastacháin an Choimisiúin go bhfuil buiséad an Aontais ar an mbóthar ceart chun a mhaoiniú i leith tíortha nach Ballstáit den Aontas iad a dhúbailt, i gcomparáid le creat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020.

    Comparáid idir ranníocaíocht bithéagsúlachta i dtréimhsí 2014-2020 agus 2021-2027 (milliún EUR) ( 23 )

    SPÁS – Clár Spáis, Fís AE – Fís Eorpach, CFRE+CC – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe,

    CBT an comhbheartas talmhaíochta, clár LIFE, CEMID Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, NDICI an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.
    Foinse: An Coimisiún Eorpach.

    Is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil leibhéal níos airde gráinneachta agus uaillmhéine ag modheolaíocht an chomhbheartais talmhaíochta le haghaidh na tréimhse 2023-2027 i gcomparáid leis an modheolaíocht a úsáideadh in 2014-2022, rud a fhágann gur féidir meastacháin níos beaichte agus níos coimeádaí a dhéanamh i gcomparáid leis an am a chuaigh thart. Ó dhréachtbhuiséad 2024 ar aghaidh, déanfaidh an Coimisiún meastachán ar ranníocaíocht an chomhbheartais talmhaíochta leis an mbithéagsúlacht trí chomhéifeachtaí an Aontais (100 %, 40 % agus 0 %) agus tosca ualacháin (100 %, 70 % agus 50 %) a chur i bhfeidhm arb é is aidhm dóibh ranníocaíocht dhifreáilte gach cineáil idirghabhála leis an gcuspóir bithéagsúlachta a léiriú. Thairis sin, i bhfianaise dhearadh an chomhbheartais talmhaíochta agus chistí an bheartais chomhtháthaithe – agus chlárú airgeadais an dá chlár – ní féidir acmhainní a threorú i dtreo blianta sonracha.

    I gcomhréir lena rialacháin earnála, déanfaidh Saoráid na hÚcráine agus Saoráid na mBalcán Thiar ranníocaíocht le príomhshruthú na haeráide agus na bithéagsúlachta. Tuairisceofar na ranníocaíochtaí ón gcéad timthriall tuairiscithe eile nuair a bheidh faisnéis ar fáil.

    Aer glan

    An méid atá bainte amach

    Le tionscadal LIFE ‘GREEN-STOVE’, táirgtear sorn millíní nuálach lenar féidir astaíochtaí truailleán a laghdú go mór agus úsáid bithmhaise a bharrfheabhsú mar mhalairt ar bhreoslaí iontaise le haghaidh téamh cónaithe, agus áirithítear leis éifeachtúlacht 92 % agus dóchán i bhfad níos glaine.

    A bhuí le clár cabhrach an Aontais do phobal Turcach na Cipire, rinneadh obair athchóirithe ar 45 km den líonra séarachais in Famagusta, rud a chabhraigh leis na lochtanna uile sa chóras a cheartú, lochtanna a bhí ina gcúis leis an gcathair a bheith cráite ag drochbholadh ar feadh na mblianta. Soláthraíodh deich stáisiún líonra faireacháin ar cháilíocht an aeir, atá ina líonra comhtháite a thomhaiseann cáilíocht an aeir ar fud phobal Turcach na Cipire.

    Is é is aidhm don Chomhpháirtíocht Astaíochtaí 2Zero, a mhaoinítear faoin gclár Fís Eorpach, dlús a chur le forbairt an iompair ar bóthar atá saor ó astaíochtaí sceithphíopa san Eoraip, rud a rannchuideoidh le cáilíocht aeir agus sábháilteacht soghluaisteachta níos fearr do dhaoine agus d’earraí araon. Trí nuálaíocht, táirgeadh agus seirbhísí a chothú i réimse an iompair ar bóthar, cinntítear leis an gcomhpháirtíocht ceannaireacht Eorpach amach anseo sa réimse criticiúil sin. Ag tógáil ar an rath a bhí ar thionscnaimh roimhe seo amhail an Tionscnamh Eorpach um Charranna Glasa agus an Tionscnamh Eorpach um Fheithiclí Glasa, tugann comhpháirtíocht 2Zero páirtithe leasmhara le chéile chun cur chuige comhtháite córais a chur chun feidhme lena gcumhdaítear feithiclí ceallra-leictreacha agus feithiclí breosla-chille leictreacha. Trí chomhar le hardáin teicneolaíochta Eorpacha éagsúla, leathnaíonn an chomhpháirtíocht a raon feidhme chun comhtháthú feithiclí atá saor ó astaíochtaí sceithphíopa san éiceachóras a chumhdach, rud a chuireann borradh faoi iomaíochas agus faoi cheannaireacht theicneolaíoch an Aontais.

    Cé mhéad a chaithimid?

    Ranníocaíocht aeir ghlain le haghaidh na tréimhse 2021-2027 (milliún EUR)

     

    Foinse: An Coimisiún Eorpach.

    Le haghaidh na tréimhse 2021-2027, tá EUR 186  bhilliún, nó 9.7 % den chreat airgeadais ilbhliantúil, á thiomnú ag buiséad an Aontais  – lena n‑áirítear NextGenerationEU  - do thosaíochtaí maidir le haer glan. 

    Tá an tAontas Eorpach ag obair le deacáidí anuas chun aer glan a bhaint amach, agus é ag iarraidh leibhéil a bhaint amach lena n‑íoslaghdaítear rioscaí sláinte agus damáiste don chomhshaol. A bhuí le rialacháin níos déine maidir le hastaíochtaí agus tosaíochtaí maidir le haer glan a chomhtháthú i mbeartais éagsúla, is léir go bhfuil feabhas tagtha ar cháilíocht an aeir ar fud an Aontais. Is toradh é an rath sin ar iarrachtaí comhoibríocha ar gach leibhéal – ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Bhí cistiú ón Aontas ríthábhachtach freisin, lenar tacaíodh go díreach le tionscadail aeir ghlain agus lenar fíodh spriocanna aeir ghlain le chéile le hinfheistíochtaí eile amhail forbairt bonneagair.



    Chun dul chun cinn leanúnach a áirithiú, déanann an tAontas faireachán ar an gcaoi a rannchuidíonn a chistiú le cuspóirí na mBallstát maidir le haer glan. Tá dhá fheidhm leis an bhfaireachán sin: cuidíonn sé le measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na gclár cistiúcháin atá ann faoi láthair chun tacú le beartais aeir ghlain agus cuireann sé bonn eolais faoi leithdháiltí cistiúcháin amach anseo. Cuirtear san áireamh anois sna ríomhanna caiteachais an bonn reachtach nua le haghaidh an chomhbheartais talmhaíochta agus tabhairt isteach RePowerEU.

    Príomhshruthú comhionannais inscne

    Bhunaigh an Coimisiún comhionannas inscne mar chuspóir trasearnálach le haghaidh gach réimse beartais. Cuireadh dlús nua le gealltanas seanbhunaithe an Choimisiúin don chomhionannas inscne nuair a glacadh straitéis 2020-2025 maidir le comhionannas inscne, lena gcomhlíontar gealltanas an Choimisiúin Aontas Eorpach an chomhionannais a bhaint amach. Leagtar amach leis cuspóirí beartais agus tionscnaimh chun dul chun cinn mór a bhaint amach i dtreo Eoraip atá comhionann ó thaobh inscne de faoi 2025.

    Ó thús phaindéim COVID-19, tá an Coimisiún tar éis bogadh go cinntitheach chun sraith chuimsitheach tionscnamh a fhorbairt, lena gcuimsítear bearta céadfhreagartha agus bearta níos struchtúrtha araon, i gcomhthéacs NextGenerationEU agus an chreata airgeadais ilbhliantúil threisithe. Dírítear sa fhreagairt beartais a eascraíonn as sin ar théarnamh cóir cuimsitheach. Áirithítear leis go bhfuil an comhionannas i gcroílár an téarnaimh, agus tá sé ceaptha maolú a dhéanamh ar an tionchar díréireach a bhí ag an ngéarchéim ar go leor grúpaí leochaileacha sa tsochaí, gan beann ar ghnéas, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.

    An méid atá bainte amach

    Thacaigh InvestEU le hinfheistíochtaí iomlána dar luach EUR 2.4 billiún lena dtacaítear le comhionannas inscne in 2023. Is é is aidhm don chlár tacaíocht chomhairleach shaincheaptha agus fothú acmhainneachta a sholáthar chun feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú do chuideachtaí atá bunaithe ag mná agus do chuideachtaí atá faoi stiúir ban.

    Ceanglaítear le Fís Eorpach go mbeidh Plean um Chomhionannas Inscne i bhfeidhm ag eintitis a chuireann iarratas isteach chun go mbeidh siad incháilithe do chistiú. Féachann Gradam an Aontais do churaidh an Chomhionannais Inscne, a bronnadh den chéad uair i mí an Mhárta 2023, le pobal curaidh a chothú ar féidir leo eagraíochtaí acadúla agus taighde eile a spreagadh agus a ghríosú chun a bheith ina gcuraidh comhionannais inscne.

    Cuireann an tionscadal ‘100 Percent’ [100 Faoin gCéad] a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Sóisialta na hEorpa, sainchomhairleoireacht saor in aisce ar fáil do chuideachtaí Ostaracha chun cabhrú leo an bhearna tuarastail a dhúnadh. Leis an tionscadal, tacaítear le cuideachtaí córais luach saothair thrédhearcacha a dhearadh agus deiseanna do mhná ag an obair a aithint agus a fheabhsú.

    Comhlánaítear infheistíochtaí téarnaimh agus athléimneachta le hathchóirithe struchtúracha ar féidir leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil tacú leo, agus a bhfuil tionchar suntasach acu ar chomhionannas inscne. Áirítear leo sin na hathchóirithe chun an bhearna phá idir na hinscní san Eastóin a dhúnadh, chun neamh‑chomhionannais inscne sa Phortaingéil a chomhrac, chun gairm na gcúntóirí altranais sa tSualainn a rialáil níos fearr, chun feabhas a chur ar an scagthástáil sláinte réamhbhreithe agus nuabheirthe sa Bhulgáir, agus Straitéis Sláinte Poiblí na Spáinne, lena n‑ionchorpraítear gné inscne agus cothroime i ngach gníomhaíocht sláinte poiblí.

    In Éimin, shlóg an Coimisiún os cionn EUR 5 mhilliún i gcomhpháirtíocht le Save the Children (Fóir ar na Páistí) chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar sháruithe tromchúiseacha agus ar mhórsháruithe eile ar chearta an linbh agus chun cosaint tarrthála do leanaí a chur ar fáil. Cuireadh an ghníomhaíocht sin chun feidhme agus béim ar leith á leagan ar inscne: tar éis comhairliúcháin shonracha le cailíní; díriú ar fhadhbanna sonracha do chailíní (pósadh leanaí, luath‑thoircheas, luathfhágáil scoile agus easpa sábháilteachta); agus é d'aidhm ag an ngníomhaíocht sin cumhachtú na mban agus na gcailíní, seirbhísí rochtana comhionainne, agus rannpháirtíocht an phobail a áirithiú

    Faoi chlár na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, i gComhpháirtíocht an Oirthir, tá sé d’aidhm i gcónaí ag clár EU4GenderEquality 2020-2023, ar fiú EUR 9.7 milliún é, cearta agus deiseanna comhionanna a neartú do mhná agus d’fhir i gComharsanacht an Oirthir trí agóid a dhéanamh in aghaidh steiréitíopaí inscne, trí obair a dhéanamh maidir le foréigean a chosc agus trí rannpháirtíocht na bhfear in obair cúraim a chur chun cinn. Áirítear leis an gclár freisin deasc chabhrach um athchóiriú lena dtacaítear le hobair athchóirithe na rialtas i dtreo comhionannas deiseanna do mhná agus d’fhir.

    Cé mhéad a chaithimid?

    I gcomhréir le straitéis 2020-2025 maidir le comhionannas inscne, soláthraíonn NextGenerationEU agus creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 raon leathan ionstraimí cistiúcháin agus ráthaíochta buiséadaí de chuid an Aontais chun tacú le tionscnaimh lena gcuirtear rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair agus an chothromaíocht oibre is saoil chun cinn, lena n‑infheistítear i saoráidí cúraim, lena dtacaítear le fiontraíocht na mban, lena dtéitear i ngleic le leithscaradh inscne i ngairmeacha áirithe agus lena dtugtar aghaidh ar an míchothromaíocht i dtaobh ionadaíocht na gcailíní agus na mbuachaillí i roinnt earnálacha oideachais agus oiliúna. Thairis sin, soláthraítear cistiú tiomnaithe do thionscadail a théann chun tairbhe d’eagraíochtaí sochaí sibhialta agus d’institiúidí poiblí a chuireann tionscnaimh shonracha chun feidhme, lena n‑áirítear foréigean inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac.

    D’fhorbair an Coimisiún a mhodheolaíocht chun caiteachas a bhaineann le comhionannas inscne a thomhas ar leibhéal an chláir i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027. San iarracht sin, thairbhigh an Coimisiún de mhalartuithe tairbheacha leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, agus de rannpháirtíocht chuiditheach le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i gcomhthéacs a dtuarascála speisialta maidir le príomhshruthú inscne i mbuiséad an Aontais, a foilsíodh i mí na Bealtaine 2021.

    Úsáideadh an mhodheolaíocht den chéad uair ar fud na gclár caiteachais uile le haghaidh bhliain airgeadais 2021, i gcomhthéacs dhréachtbhuiséad 2023. Bhí sé sin roimh na gealltanais faoin gcomhaontú idirinstitiúideach a ghabhann le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, i dtéarmaí amlíne agus raon feidhme araon. I gcás na mblianta airgeadais 2022 agus 2023, úsáideadh an mhodheolaíocht gan mhodhnuithe. I mbliana, feabhsaíodh an faireachán ar chaiteachas inscne trí na sonraí imdhealaithe de réir inscne agus atá ar fáil in aghaidh an chláir a áireamh sna ‘ráitis ar fheidhmíocht cláir’ (Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo).

    Léirítear le torthaí na modheolaíochta chun caiteachas a bhaineann le comhionannas inscne a thomhas na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun comhtháthú an phríomhshruthaithe inscne i mbuiséad an Aontais a threisiú. I gcomhréir leis an modheolaíocht, féadfaidh clár cáiliú do scór inscne amháin nó níos mó bunaithe ar na cuspóirí atá á saothrú lena idirghabhálacha faoi seach. Leithdháileadh iomlán bhuiséad an Aontais, bunaithe ar chomhiomlánú idirghabhálacha 2023 a cháilíonn do gach scór, mar a léirítear thíos.

    Scór 2: bhí idirghabhálacha arb é is príomhchuspóir dóibh comhionannas inscne a fheabhsú cothrom le 2 % de bhuiséad an Aontais a cuireadh chun feidhme in 2023 agus áiríodh i 13 chlár iad.

    Scór 1: bhí idirghabhálacha a raibh comhionannas inscne mar chuspóir tábhachtach d’aon ghnó acu (ach nach é sin an phríomhchúis leis an idirghabháil) cothrom le 9 % de bhuiséad an Aontais a cuireadh chun feidhme in 2023 agus áiríodh i 16 chlár iad.

    Scór 0*: bhí idirghabhálacha a d’fhéadfadh rannchuidiú le comhionannas inscne cothrom le 20 % de bhuiséad an Aontais a cuireadh chun feidhme in 2023 agus áiríodh i 30 clár iad.

    Scór 0: bhí idirghabhálacha nach raibh tionchar mór acu ar chomhionannas inscne cothrom le 69 % de bhuiséad an Aontais a cuireadh chun feidhme in 2023 agus áiríodh i 29 gclár iad.

    In 2023, rannchuidigh 11 % de bhuiséad an Aontais go coincréiteach le comhionannas inscne a chur chun cinn (scóir 2 agus 1), agus d’fhéadfadh 20 % rannchuidiú (scór 0*) leis an gcuspóir sin. Ar an taobh eile, is féidir a mheas nach bhfuil tionchar (mór) ag 69 % de bhuiséad an Aontais ar chur chun cinn an chomhionannais inscne ar bhonn na faisnéise atá ar fáil faoi láthair.

    Léirítear le torthaí 2023 an dul chun cinn atá bainte amach ag cláir éagsúla i dtéarmaí cur chun feidhme agus acmhainneacht tuairiscithe de, rud a fhágann gur féidir rannchuidiú bhuiséad an Aontais leis an gcomhionannas inscne a léiriú ar leibhéal níos gráinní. Príomhshampla is ea an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tar éis beart ón gCoimisiún chun aird a tharraingt ar bhearta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta lena ndírítear ar an gcomhionannas inscne, sannadh scóir 2, 1 agus 0 do ghealltanais bhuiséadacha an Aontais don tsaoráid sin ó 2021 go 2023, ón scór 0* roimhe sin.

    In 2023, tháinig méadú mór ar chaiteachas iomlán bhuiséad an Aontais ar thionscadail a fuair scóir inscne 2 agus 1, i gcomparáid leis na méideanna a tuairiscíodh le haghaidh 2021 agus 2022 sna blianta roimhe sin.

    Rannchuidiú le scóir inscne 1 agus 2 le haghaidh 2021, 2022 agus 2023 (milliún EUR) (*)

    (*) Bunaithe ar na méideanna a tuairiscíodh sa Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht le haghaidh na mblianta airgeadais 2021, 2022 agus 2023.

    Foinse: An Coimisiún Eorpach.

    Agus sciar an chaiteachais i ngach scór inscne á mheas, tá sé tábhachtach béim a leagan ar thionchar an athbhreithnithe in 2023 ar phleananna na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta um chaibidil RepowerEU. Gan na bearta a cuireadh chun feidhme chun dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh le caibidlí RepowerEU sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur san áireamh, léireodh sciar na ngealltanas buiséadach a cuireadh chun feidhme méadú ar scór 2 ó 2.1 % go 2.5 %, agus ar scór 1 ó 9.1 % go 11.9 %. Sa ghraf thíos, aicmítear na cláir ar bhonn an scóir is airde a fhaigheann siad, fiú mura rannchuidíonn ach cuid de chlúdach an chláir.

    An líon clár lena mbaineann idirghabháil comhionannais inscne (aicmithe de réir a scóir is airde)

    Foinse: An Coimisiún Eorpach.

    An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

    Faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ( 24 ), tá 136 bheart sna 27 bplean a glacadh lena ndírítear ar chomhionannas inscne. Áirítear leis na hinfheistíochtaí atá dírithe go hiomlán ar chomhionannas inscne, mar shampla, rolladh amach náisiúnta ‘luathchabhrach’ do mhná torracha atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta san Ostair; dreasachtaí chun fiontraíocht na mban a chothú san Iodáil; líne tacaíochta a chruthú do mhná i gceantair thuaithe agus uirbeacha; agus plean náisiúnta a chur ar bun chun dul i ngleic leis an bhforéigean inscnebhunaithe sa Spáinn. Áirítear le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn go díreach nó go hindíreach le comhionannas inscne feabhas a chur ar dhálaí oibre na ngairmeacha a dhéanann mná go traidisiúnta (e.g. cártaí oibre d’oibrithe tí sa Rómáin a oibríochtú); infheistíochtaí chun borradh a chur faoi uas‑sciliú/athsciliú grúpaí faoi mhíbhuntáiste, lena n‑áirítear cailíní agus mná (e.g. an clár freagartha scileanna téarnaimh ‘Solas’ in Éirinn agus na gníomhaíochtaí cistiúcháin chun rannpháirtíocht na mban a mhéadú agus chun feabhas a chur ar a bhfeasacht ar dheiseanna gairme i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide sa Laitvia); agus infheistíochtaí chun feabhas a chur ar sholáthar cúraim do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, cúram a ghlacann mná sa teaghlach orthu féin go minic (e.g. feabhas a chur ar chúram sláinte baile sa Ghréig).

    Comhlánaítear na hinfheistíochtaí ríthábhachtacha sin le hathchóirithe struchtúracha, a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, a mbeidh tionchar suntasach aici ar chomhionannas inscne. Áirítear leo sin na hathchóirithe chun an bhearna phá idir na hinscní san Eastóin a dhúnadh, chun neamh‑chomhionannais inscne sa Phortaingéil a chomhrac, chun gairm na gcúntóirí altranais sa tSualainn a rialáil ar bhealach níos fearr agus chun feabhas a chur ar an scagthástáil sláinte réamhbhreithe agus nuabheirthe sa Bhulgáir. Tá an teaglaim d’infheistíochtaí agus d’athchóirithe ar cheann de phríomhghnéithe nua na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Áiritheofar leis an idirghníomhú idir infheistíochtaí agus athchóirithe a bhaineann le hinscne go mbeidh tionchar níos mó ag caiteachas na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

    Sonraí imdhealaithe de réir inscne

    I mbliana, feabhsaíodh na ‘ráitis ar fheidhmíocht cláir’ (Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo), lena soláthraítear faisnéis mhionsonraithe ar fheidhmíocht ar leibhéal an chláir, chun an fhaisnéis ábhartha imdhealaithe de réir inscne agus atá ar fáil le haghaidh gach cláir a chur san áireamh. Áirítear leis sin réimse leathan sonraí imdhealaithe de réir inscne arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéantar ar fheidhmíocht an chláir i ndáil le comhionannas inscne. I gcás cláir áirithe, go háirithe na cláir sin atá faoi bhainistíocht chomhroinnte agus faoi bhainistíocht indíreach, cuirtear srian ar infhaighteacht sonraí imdhealaithe de réir inscne le rialacháin na gclár agus leis na comhaontuithe cur chun feidhme.

    Ag féachaint chun cinn ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027, chomhaontaigh na comhreachtóirí ceanglas a áireamh sa rialachán airgeadais chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí uile a bhailítear i ndáil le táscairí feidhmíochta na gclár airgeadais a imdhealú de réir inscne i gcás inarb iomchuí. Is céim mhór é sin i dtreo feabhas a chur ar an bhfaireachán ar chomhionannas inscne inár gcláir agus comhlánaíonn sé na ‘treoirlínte maidir le rialáil níos fearr’ a tugadh cothrom le dáta, rud a áiritheoidh go ndéanfar breithniú cuí ar na héifeachtaí ar chomhionannas inscne ón tús leis na measúnuithe tionchair ex ante a dhéanfar amach anseo ar na cláir chaiteachais ábhartha uile.

    Samplaí de shonraí imdhealaithe de réir inscne arna dtuairisciú sna ráitis ar fheidhmíocht cláir (Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo)

    Faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, as an 1.7 milliún rannpháirtí a fuair tacaíocht oideachais agus oiliúna ón tsaoráid in 2023, ba rannpháirtithe baineanna iad 1.1 milliún díobh, ba rannpháirtithe fireanna iad 0.6 milliún díobh agus ba rannpháirtithe neamhdhénártha iad 416 díobh. Ina theannta sin, tá an líon iomlán de 623 840 duine i ngníomhaíochtaí fostaíochta nó cuardaigh poist a fhaigheann tacaíocht ón tsaoráid in 2023 foroinnte ina 390 479 rannpháirtí bhaineanna, 233 349 rannpháirtí fhireanna agus 12 rannpháirtí neamhdhénártha idir na haoisghrúpaí uile.

    Faoin gclár Fís Eorpach, in 2023, as 54 411 taighdeoir ( 25 ) a raibh baint acu le gníomhaíochtaí uasscilithe (oiliúint, meantóireacht/cóitseáil, soghluaisteacht agus rochtain ar bhonneagair thaighde agus nuálaíochta) i dtionscadail arna gcistiú ag an gclár ( 26 ), ba thaighdeoirí baineanna iad 44.5 % díobh, ba thaighdeoirí fireanna iad 55.4 % díobh agus ba thaighdeoirí neamhdhénártha iad 0.1 % díobh.

    Faoi Erasmus+, in 2022 ghlac mná le 60 % de na deiseanna soghluaisteachta a soláthraíodh. Tá éagsúlacht sa dáileadh inscne de réir réimse an oideachais: is ag an oideachas scoile atá an céatadán is airde ban (70 %), agus ina dhiaidh sin tá an t‑oideachas aosach (69 %), an t‑ardoideachas (61 %), an óige (57 %) agus an gairmoideachas (52 %) ( 27 ).

    Faoin gclár um shaoránaigh, comhionannais, cearta agus luachanna, léirítear leis na sonraí a bailíodh go bhfuil baint ag níos mó ban ná fear leis na tionscadail a roghnaíodh le haghaidh cistiú i bplean 2023 agus go ndíríonn siad orthu (52 % v 45 %, agus tá thart ar 3 % neamhdhénártha).

    Faoin gclár um chabhair dhaonnúil, is é seo a leanas céatadán na dtairbhithe imdhealaithe de réir inscne: 52 % baineann, 45 % fireann, 3 % anaithnid ( 28 ).

    Rianú digiteach

    Tá an t‑aistriú digiteach ar cheann de phríomhthosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin, mar a shainaithnítear i roinnt páipéar straitéiseach agus sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus toisc go gcuireann sé go mór leis an rud ar a dtugtar ‘uathriail straitéiseach oscailte’. Tugtar le tuiscint leis an aistriú digiteach próiseas éabhlóideach claochlaitheach ina bhféachann an tAontas le ceannaireacht dhomhanda a bhaint amach sa réimse digiteach ar bhealach cóir daonlathach. Is príomhspreagadh é do rathúnas, téarnamh eacnamaíoch agus athléimneacht an Aontais agus is cumasóir criticiúil é maidir le réitigh nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda.

    An 9 Márta 2021, chuir an Coimisiún i láthair an fhís atá aige maidir le claochlú digiteach an Aontais faoi 2030, fís ina bhfuil compás digiteach le haghaidh dheacáid dhigiteach an Aontais atá bunaithe ar cheithre ghné dhigiteacha:

    scileanna,

    bonneagar digiteach slán agus inbhuanaithe,

    claochlú digiteach gnólachtaí, agus

    digitiú na seirbhísí poiblí.

    An 14 Nollaig 2022, ghlac na comhreachtóirí clár beartais don Deacáid Dhigiteach, ag glacadh leis an gcompás digiteach agus an fhís atá aige, ag cur spriocanna cainníochtúla an Aontais ar bun le haghaidh na gceithre phríomhphointe atá le baint amach faoi 2030, agus ag bunú sásra comhair leis na Ballstáit chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna sin.

    Scileanna

    Claochlú digiteach gnólachtaí

    Speisialtóir i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide: 20 milliún speisialtóir agus cóineasú inscne

    Bunscileanna Digiteacha: 80 % den daonra ar a laghad

    Glacadh teicneolaíochta: 75 % de chuideachtaí an Aontais a bhaineann úsáid as an néalríomhaireacht / intleacht shaorga / mórshonraí

    Nuálaithe: dlús a chur le cuideachtaí atá i mbun fáis agus maoiniú a mhéadú chun aonbheannaigh an Aontais a dhúbailt

    Glacadóirí déanacha: breis agus 90 % d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide a bheith ag baint amach leibhéal bunúsach déine digití ar a laghad

    Bonneagair dhigiteacha shlána inbhuanaithe

    Digitiú na seirbhísí poiblí

    Nascacht: luas gigighiotáin do gach duine, 5G i ngach áit

    Leathsheoltóirí ceannródaíocha: sciar an Aontais den táirgeadh domhanda a dhúbailt

    Sonraí – imeall-ríomhaireacht agus néalríomhaireacht: 10 000 imeallnód aeráidneodrach ar ardchaighdeán slándála

    Ríomhaireacht: an chéad ríomhaire le luasghéarú candamach

    Príomhsheirbhísí poiblí: 100 % ar líne

    ríomhshláinte: rochtain ag 100 % de na saoránaigh ar a dtaifid leighis

    Céannacht dhigiteach: céannacht dhigiteach in úsáid ag 80 % de shaoránaigh



    An méid atá bainte amach

    Fuair 5 605 735 theaghais rochtain ar líonraí idirlín an‑ardtoillte, lena n‑áirítear líonraí 5G agus luas gigighiotáin, trí bhearta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta faoi lár 2023.

    Bhí trí shár-ríomhaire arna soláthar ag an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach agus a cuireadh i bhfeidhm go hiomlán in 2023 rangaithe i measc na 10 sár-ríomhaire is fearr ar domhan i mí na Samhna 2023.

    Faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, cruthaíodh 3 000 teirighiotán in aghaidh an tsoicind d’acmhainneacht bhreise in 2023 trí líonraí cnámh droma a imscaradh, lena n‑áirítear cáblaí fomhuirí.

    Faoin gclár spáis, bhí 3.5 billiún gaireas cumasaithe do Galileo in úsáid in 2023. Tá feidhmíocht Galileo ó thaobh cruinneas suite de trí huaire níos fearr i gcomparáid le córais dhomhanda eile um loingseoireacht satailíte, agus tá fáil den scoth air.

    Cé mhéad a chaithimid?

    Rinneadh beart athbhreithniúcháin 2024 ar chláir chaiteachais an Aontais chun buiséad an Aontais 2021-2027 a chur chun feidhme le linn na mblianta 2021-2023. Léirítear le torthaí an bhirt athbhreithniúcháin, mar a chuirtear i láthair thíos, go bhfuil buiséad an Aontais, lena n‑áirítear NextGenerationEU, ag cur ranníocaíochtaí móra i dtreo phríomhghnéithe uile an aistrithe dhigitigh.

    Is céim ríthábhachtach é an beart athbhreithniúcháin sin i dtreo modheolaíocht rianaithe thiomnaithe le haghaidh caiteachas digiteach. Is é uaillmhian an Choimisiúin tógáil ar thorthaí an bhirt athbhreithniúcháin maidir le ranníocaíocht choincréiteach bhuiséad an Aontais leis an aistriú digiteach chun modheolaíocht láidir lánfheidhme a fhorbairt a chuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na gclár uile agus lena soláthrófar ranníocaíocht chomhiomlán láidir ó bhuiséad an Aontais i dtreo an aistrithe dhigitigh. Táthar ag leanúint leis an mbeart i mbliana agus tá roinnt torthaí tugtha a léiríonn na réimsí a bhfuil an maoiniú tiomnaithe ina leith. Ós rud é nach bhfuil gach clár in ann an mhodheolaíocht atá beartaithe a chur i bhfeidhm, ní léiríonn na torthaí an léargas iomlán go fóill.

    Bunaithe ar thorthaí an bhirt athbhreithniúcháin, tiomnaíodh EUR 205.5 billiún de bhuiséad an Aontais (lena n‑áirítear NextGenerationEU) don aistriú digiteach ó 2021 go 2023, is é sin beagnach 17.5 % de bhuiséad iomlán an Aontais ( 29 ). Cuid thábhachtach de sin ba ea ranníocaíocht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, a rinne ranníocaíocht 24 % dá buiséad iomlán i dtreo an aistrithe dhigitigh sa tréimhse chéanna.



    Ranníocaíochtaí measta le haistriú digiteach chláir bhuiséid an Aontais, in 2021-2023 (go carnach) (*)

    (*) NextGenerationEU san áireamh, in EUR billiún.
    Chun críocha inléiteachta, tá an scála briste, ós rud é go soláthraíonn an t
    Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta breis agus 10 n‑uaire níos mó tacaíochta don aistriú digiteach ná an chéad chlár eile is mó a rannchuidíonn leis.

    Seasann na giorrúcháin a úsáidtear do: STA – Saoráid téarnaimh agus athléimneachta; FÍS – Fís Eorpach; NDICI – An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - an Eoraip Dhomhanda; DIGITIÚ – an clár don Eoraip Dhigiteach; CSE PLUS – Ciste Sóisialta na hEorpa+; JTM Sásra um Aistriú Cóir; SPÁS – Clár Spáis an Aontais Eorpaigh; CEF – an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa; IPA III – Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III; CBCT – an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha; ISF – an Ciste Slándála Inmheánaí; CRUTHAITHEACHT – Clár Eoraip na Cruthaitheachta; CBT – an comhbheartas talmhaíochta; CEMID – an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe; NASCACHT SHLÁN - Clár an Aontais um Nascacht Shlán; TSI – Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil; ESC – an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach; OCT – Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, lena n‑áirítear an Ghraonlainn; CEARTA – an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna; TCC – Pobal Turcach na Cipire.

    Foinse: An Coimisiún Eorpach, bunaithe ar athbhreithniú 2024.

    Rannchuidíonn beagnach gach clár atá mar chuid de bhuiséad an Aontais leis an aistriú digiteach. Mar gheall ar shrianta ar infhaighteacht sonraí, ní rabhthas in ann ach caiteachas na tréimhse 2021-2023 a bhí ábhartha maidir le digitiú a rianú le haghaidh 30 clár caiteachais (as 48 gclár caiteachais agus buiséad an Aontais curtha chun feidhme in 2023). Ina measc tá cláir ar dócha go mbeidh ranníocaíochtaí substaintiúla acu, go háirithe an Ciste Eorpach Cosanta agus clár an Aontais um nascacht shlán. Thairis sin, is dócha go ndéanfar ranníocaíocht dhigiteach roinnt clár a ghannmheas den chuid is mó ag an gcéim seo: is amhlaidh atá i gcás an chomhbheartais talmhaíochta agus InvestEU.

    I dtéarmaí díriú téamach, tá buiséad an Aontais ag tacú go príomha le rialtais agus le comhlachtaí poiblí chun príomhearnálacha a dhigitiú, go háirithe córais sláinte agus iompar. Tá iarrachtaí móra á ndéanamh freisin chun tacú le digitiú gnólachtaí, chun cuidiú le scileanna digiteacha a fháil (ardscileanna agus bunscileanna) agus chun tacú le taighde agus nuálaíocht, mar aon le príomh‑ardinfreastruchtúr digiteach agus príomh‑ardteicneolaíochtaí digiteacha (amhail ríomhaireacht chandamach, intleacht shaorga agus néalríomhaireacht/imeall-ríomhaireacht). Soláthraítear tuilleadh eolais sa chéad roinn eile.

    I gcás cláir bainistíochta chomhroinnte agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, is féidir an ranníocaíocht dhigiteach a ríomh le haghaidh thréimhse iomlán chur chun feidhme an chláir, i.e. ní ar leibhéal na bliana aonair. Faightear an méid a chuirtear i láthair le haghaidh gach bliana trí chomparáid a dhéanamh idir an ranníocaíocht dhigiteach iomlán i gcaitheamh na tréimhse cur chun feidhme ina hiomláine agus an sciar den imchlúdach atá geallta don chlár le haghaidh na bliana sin.

    Ranníocaíochtaí measta leis an aistriú digiteach de réir príomhghnéithe digiteacha (2021-2023) (*)

    (*) Lena n‑áirítear NextGenerationEU, in EUR billiún.

    Ní fhéadfaí cláir gníomhaíochtaí seachtracha ná an comhbheartas talmhaíochta a chur san áireamh mar gheall ar shrianta modheolaíochta.

    Foinse: An Coimisiún Eorpach, bunaithe ar bheart athbhreithniúcháin 2024.

    Digitiú gnólachtaí agus seirbhísí poiblí

    Léirítear le toradh bheart athbhreithniúcháin 2024 go bhfuil buiséad an Aontais (lena n‑áirítear NextGenerationEU) ag rannchuidiú go mór le digitiú na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí. Is é EUR 55.8 billiún ár meastacháin le haghaidh na mblianta 2021 go 2023 de thacaíocht bhuiséad an Aontais don ríomhrialtas (lena n‑áirítear digitiú na gcóras sláinte agus ceartais, nó digitiú an líonra iompair agus fuinnimh) agus EUR 36.1 billiún de thacaíocht don digitiú gnólachtaí. Is ranníocóirí tábhachtacha iad an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta mar aon le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe go mór na hinfheistíochtaí sin. Sna blianta 2021 go 2023, úsáideadh 9 % de mhéideanna an Aontais ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ón gCiste Comhtháthaithe chun idirghabhálacha lena gcuirtear an t‑aistriú digiteach chun cinn a mhaoiniú, go háirithe chun tacú le cuideachtaí beaga agus meánmhéide agus le seirbhísí poiblí.

    Ranníocaíochtaí measta bhuiséad an Aontais le digitiú na seirbhísí poiblí (2021-2023) (*)

    (*) Lena n‑áirítear NextGenerationEU.

    Is toradh iad na méideanna sin ar an gcéad bheart athbhreithniúcháin a rinneadh le haghaidh na mblianta 2021 go 2023 agus ní áirítear leo na cláir ghníomhaíochta seachtraí ná an comhbheartas talmhaíochta mar gheall ar shrianta modheolaíochta.

    Foinse: An Coimisiún Eorpach, bunaithe ar bheart athbhreithniúcháin 2024.

    Tacú le forbairt agus cur in úsáid teicneolaíochtaí digiteacha agus taighde

    Ó 2021 go 2023, léirítear leis na meastacháin go ndearna an tAontas ranníocaíocht EUR 29.6 billiún le hinfheistíocht in acmhainneachtaí digiteacha agus i gcur in úsáid ardteicneolaíochtaí, agus EUR 26.9 billiún le taighde, lena n‑áirítear EUR 14 bhilliún ón gclár Fís Eorpach. Is iad na príomhchláir ranníocaíochta an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Fís Eorpach, an clár spáis, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Sásra um Aistriú Cóir agus an clár don Eoraip Dhigiteach.

    Infheistíocht a dhéanamh i scileanna digiteacha

    Sna blianta 2021 go 2023, rinne buiséad an Aontais, lena n‑áirítear NextGenerationEU, ranníocaíocht mhór freisin le bunscileanna digiteacha agus le hardscileanna digiteacha araon, a mheastar a bheith EUR 26.8 billiún. Is iad na príomhchláir a dhéanann ranníocaíocht an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (EUR 23.7 billiún) agus Ciste Sóisialta na hEorpa+ (EUR 2.3 billiún). Ranníocóir tábhachtach eile ab ea Erasmus+.

    An nascacht dhigiteach a fheabhsú

    Le buiséad an Aontais, lena n‑áirítear NextGenerationEU, táthar ag rannchuidiú le nascacht dhigiteach a fheabhsú, rud a thabharfaidh deiseanna nua do gach saoránach agus gnólacht tairbhiú go hiomlán den mhargadh aonair digiteach agus dlús a chur leis an bhfás eacnamaíoch. Meastar gur shroich méideanna atá tiomnaithe don nascacht, lena n‑áirítear infheistíochtaí i líonra leathanbhanda an‑ardtoillte agus cumhdach líonra 5G, EUR 14.8 billiún le haghaidh 2021-2023. Is iad na príomhchláir a rannchuidíonn leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (EUR 13.6 billiún), cistí an bheartais chomhtháthaithe (EUR 764.2 milliún) agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

    Tá príomhról ag an gcomhbheartas talmhaíochta maidir le feabhas a chur ar rochtain ar leathanbhanda i gceantair thuaithe, trí thacú le bonneagar leathanbhanda agus rochtain níos fearr ar ríomhrialtas. Bunaithe ar na cláir forbartha tuaithe is déanaí, i gcaitheamh na clárthréimhse atá ann faoi láthair, leis an gcomhbheartas talmhaíochta, cuideofar le beagnach 13 mhilliún duine a bhfuil cónaí orthu i limistéir thuaithe tairbhiú de rochtain fheabhsaithe ar sheirbhísí faisnéise, cumarsáide agus teicneolaíochta agus ar bhonneagar.

    Díríonn Ciste Sóisialta na hEorpa Plus ar infheistíocht i scileanna digiteacha. Mar shampla, tugann an tionscadal ‘Scileanna leictreacha nua fuinnimh in‑athnuaite’ aghaidh ar an ngá atá le scileanna nua trí chúrsaí oiliúna a chruthú le haghaidh róil leictriteicniúla. Faightear na scileanna nua trí réaltacht bhreisithe, rud a fhágann go bhfuil an oiliúint níos tarraingtí agus a áirithíonn go bhfuil sí fós ábhartha i dtírdhreach digiteach atá ag dul chun cinn go tapa. Sampla eile is ea ‘Línia Dona’, rud a chuidíonn le mná faoi mhíbhuntáiste obair a fháil sa Chatalóin. Comhlánaíonn an oiliúint socrúchán fostaíochta agus áirítear léi, i measc nithe eile, scileanna digiteacha.

    Faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, cruthaíodh 3 000 teirighiotán in aghaidh an tsoicind de thoilleadh breise trí líonraí cnámh droma a chur in úsáid, lena n‑áirítear cáblaí fomhuirí. Dámhadh EUR 450 milliún san iomlán ar 24 thionscadal chun tacú le digitiú ghréasán iarnróid an ghréasáin thras‑Eorpaigh iompair, trí thacaíocht a thabhairt do theicneolaíocht an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid. Tacaíonn an clár freisin le tionscadail eangach leictreachais cliste agus rannchuidíonn sé le cuimsitheacht na réigiún is forimeallaí agus na dtíortha agus na gcríoch thar lear trína nascadh le cnámha droma fomhuirí atá cothrom le dáta agus trína áirithiú gur féidir leo tairbhiú den ardnascacht gan sreang agus mhóibíleach.

    Faoin gclár spáis, bhí 3.5 billiún gaireas cumasaithe do Galileo in úsáid in 2023. Tá feidhmíocht Galileo ó thaobh cruinneas suite de trí huaire níos fearr i gcomparáid le córais dhomhanda eile um loingseoireacht satailíte, agus tá fáil den scoth air. I rith na bliana, bhí rochtain ag 260 000 úsáideoir cláraithe sheirbhís Copernicus um an athrú aeráide ar thart ar 108 dteiribhít de shonraí aeráide faoi rialú cáilíochta in aghaidh an lae. Soláthraíonn Copernicus raon leathan sonraí um fhaire na Cruinne agus táirgí samhla gaolmhara. Is féidir réamhaisnéisí agus tuartha a dhéanamh leis na samhlacha sin i réimsí téamacha áirithe agus is ábhar luachmhar iad le haghaidh raon leathan feidhmchlár tráchtála, sna réimsí gairmiúla agus tomhaltóra araon.

    An dá aistriú: sineirgí a shaothrú

    Tá an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach fite fuaite ina chéile, rud a d’fhéadfadh sineirgí móra a chruthú. Tá buiséad an Aontais ríthábhachtach sa phróiseas sin, agus é ag gníomhú mar phríomhchumasóir chun na sineirgí sin a scaoileadh. Soláthraíonn sé an tacaíocht airgeadais is gá le haghaidh tionscnaimh atá ailínithe le cuspóirí an dá aistriú, agus ar an gcaoi sin áirithítear gur féidir na tairbhí féideartha a bhaint amach ina n‑iomláine. Léirítear leis an tábla thíos cuid de na sineirgí atá á mbaint amach le tacaíocht ó bhuiséad an Aontais.

    Le sonraí spáis an Aontais, tá feabhas á chur ar tháirgeadh fuinnimh in‑athnuaite agus, an tráth céanna, tugtar léargas luachmhar ar acmhainneacht fuinnimh acmhainní nádúrtha amhail an ghrian agus an ghaoth.

    Tacaíonn córas satailíte Galileo an Aontais le cur chun feidhme eangach cliste chun éifeachtúlacht fuinnimh fhoriomlán a fheabhsú trína sheirbhísí sioncrónaithe uainithe beachta atá fíor-riachtanach chun an t‑éileamh a choigeartú do dháileadh ar fud limistéar geografach leathan. Ina theannta sin, spreagann seirbhísí fíordheimhnithe Galileo coincheap an uainithe fhíordheimhnithe, rud a chuireann deireadh leis an gcontúirt go n‑úsáidfí comharthaí míchruinne i mbonneagar criticiúil den sórt sin.

    TacaíonnCopernicus, córas an Aontais um fhaire na Cruinne, le cur chun feidhme agus oibriú an bhonneagair fuinnimh in‑athnuaite trína áirithiú go suitear go héifeachtúil é agus trí ghiniúint fuinnimh a thuar trí réamhaisnéis agus faireachán a dhéanamh ar an aimsir. Soláthraíonn Seirbhís Copernicus um an Athrú Aeráide táscairí aeráide maidir le tomhaltas leictreachais, in éineacht le meastacháin ar an gcomhghiniúint ó gach foinse in‑athnuaite ar na leibhéil náisiúnta agus fhonáisiúnta san Eoraip. Cuidíonn an dá thacar táscairí sin le pleanálaithe agus lucht ceaptha beartas na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le roghanna éagsúla maidir le meascán fuinnimh a shainaithint agus cinntí infheistíochta a bharrfheabhsú dá réir.

    Buiséad an Aontais agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe

    Cad a dhéanaimid?

    Le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, lena 17 sprioc forbartha inbhuanaithe agus 169 sprioc, tugadh spreagadh nua d’iarrachtaí domhanda chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach. Bhí ról tábhachtach ag an Aontas maidir leis an gclár oibre a mhúnlú, trí chomhairliúcháin phoiblí, trí idirphlé le comhpháirtithe agus trí ghrinntaighde. Tá an tAontas tiomanta do ról gníomhach a bheith aige chun an dul chun cinn i dtreo na spriocanna forbartha inbhuanaithe a uasmhéadú, mar a leagtar amach, mar shampla, sa teachtaireacht Next steps for a sustainable European future [Na chéad chéimeanna eile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don Eoraip], sa doiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún Delivering on the UN’s sustainable development goals – A comprehensive approach [Spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach – Cur chuige cuimsitheach], agus le déanaí sa chéad athbhreithniú deonach riamh de chuid an Aontais ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, a glacadh an 15 Bealtaine 2023.

    Is tosaíocht pholaitiúil sháraitheach do Choimisiún von der Leyen é an tiomantas marthanach sin do spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Is dlúthchuid de chlár polaitiúil an Uachtaráin é dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna forbartha inbhuanaithe, agus cuireadh réimse beartas an‑chlaochlaitheach i láthair cheana féin in 2020, amhail an Comhaontú Glas don Eoraip, an Dlí Aeráide, straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip, agus leanann siad ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann le plean tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais a cuireadh i láthair in 2023, suirbhé bliantúil 2024 don fhás inbhuanaithe agus an clár oibre nua scileanna don Eoraip, i measc beartais eile.

    Bhí an gealltanas sin níos ábhartha fós i bhfianaise phaindéim dhomhanda COVID-19 agus an tsuaite dhomhanda, rud a sholáthair ugach agus a neartaigh an gá atá le hatógáil chun feabhais ar bhealach níos fearr i dtreo todhchaí níos cuimsithí, níos inbhuanaithe, níos córa agus níos athléimní do chách, gan aon duine a fhágáil ar lár. Go háirithe, i suirbhé bliantúil 2024 don fhás inbhuanaithe athdhearbhaíodh na ceithre thosaíocht faoin seimeastar Eorpach, eadhon, inbhuanaitheacht comhshaoil, táirgiúlacht, cothroime agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chur chun cinn, d’fhonn inbhuanaitheacht iomaíoch a chothú. Tá an cur chuige sin i gcomhréir le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ar cuid lárnach den seimeastar Eorpach iad agus a chuireann taca faoi phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Dá bhrí sin, leanfaidh an seimeastar Eorpach de bheith ina phríomhuirlis chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus chun an dul chun cinn sin a chur chun cinn, agus i gcomhthéacs aird níos mó a thabhairt freisin ar an bhfolláine inbhuanaithe chuimsitheach lasmuigh den olltáirgeacht intíre.

    Áirithítear leis na tosaíochtaí sin go slógfar acmhainní sa chlár oibre nua ar bhealach éifeachtúil ar mhaithe le daoine agus leis an bplainéad. Chuige sin, tá gá le cur chuige iomlánaíoch agus cothrom, ina n‑oibríonn an tAontas ar bhealach níos fearr i gcomhar leis na Ballstáit agus ar fud na réimsí beartais. I bhfianaise roinnt na n‑inniúlachtaí idir na Ballstáit agus an tAontas, tá dlúthchomhordú ríthábhachtach chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach.

    Ag féachaint ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair, i dteachtaireacht uaidh in 2021 maidir le rialáil níos fearr, ghlac an Coimisiún tuilleadh feabhsuithe ceaptha beartas chun a áirithiú go dtacóidh ár mbeartais le téarnamh agus athléimneacht an Aontais agus lena aistriú glas agus lena aistriú digiteach ar an mbealach is fearr is féidir. Sa chomhthéacs sin, chinn an Coimisiún na spriocanna forbartha inbhuanaithe a phríomhshruthú d’fhonn cuidiú lena áirithiú go rannchuideoidh gach togra reachtach le clár oibre 2030 don fhorbairt inbhuanaithe.

    Chuige sin, sainaithníonn an Coimisiún go córasach anois spriocanna forbartha inbhuanaithe ábhartha gach togra agus déanann sé scrúdú ar conas a thacaíonn an tionscnamh lena mbaint amach. Anuas air sin, áireofar naisc leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe ar fud na meastóireachtaí agus na measúnuithe tionchair.

    Ar leibhéal an Aontais, tugtar aghaidh ar dhúshláin na forbartha inbhuanaithe trí bheartais agus ionstraimí rialála. A mhéid a bhaineann le beartais, rannchuidíonn buiséad an Aontais go mór leis an bhforbairt inbhuanaithe trína chláir chaiteachais trí na buiséid náisiúnta a chomhlánú, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Agus an méid sin á dhéanamh, tá sé d’aidhm ag dearadh agus cur chun feidhme chláir chaiteachais an Aontais na cuspóirí i ngach réimse beartais a bhaint amach, agus an inbhuanaitheacht á cur chun cinn an tráth céanna trí thionscnaimh agus idirghabhálacha na gclár ábhartha ar bhealach nasctha comhsheasmhach. Go háirithe, rannchuidigh 46 as 50 de chláir chaiteachais an Aontais le sprioc forbartha inbhuanaithe amháin ar a laghad a bhaint amach in 2023.

    An líon clár a rannchuidíonn le spriocanna forbartha inbhuanaithe aonair

    Foinse: An Coimisiún Eorpach.

    I bhfianaise chineál trasearnálach na spriocanna forbartha inbhuanaithe, agus chun cur chuige iomlánaíoch a áirithiú agus aghaidh á tabhairt ar an bhforbairt inbhuanaithe, rannchuidíonn os cionn 99 % de bhuiséad chláir chaiteachais an Aontais le spriocanna forbartha inbhuanaithe. Anuas air sin, tá formhór mór na gclár (39 gclár) ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar spriocanna forbartha inbhuanaithe iomadúla trína ngníomhaíochtaí beartais. Cuireann an Coimisiún i láthair na spriocanna forbartha inbhuanaithe a rannchuidíonn gach clár de chuid an Aontais leo, mar aon le samplaí dá rannchuidiú. Tá sé sin á dhéanamh d’fhonn an tuairisciú ar fheidhmíocht a chlár a fheabhsú a thuilleadh agus tuiscint níos doimhne a sholáthar ar chomhleanúnachas beartais an Aontais. Léirítear leis an ngrafaic faisnéise, ar bhealach neamh‑uileghabhálach, an iliomad samplaí de rannchuidiú chláir an Aontais leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe.

    Athdhearbhaíodh in athbhreithniú deonach 2023 an Aontais maidir le spriocanna forbartha inbhuanaithe gur ionstraim éifeachtach é buiséad an Aontais chun dul chun cinn mór a dhéanamh maidir le clár oibre 2030 agus, ag féachaint chun cinn, luaitear ann go rachaidh an tAontas níos faide leis an ngealltanas chun tuilleadh eolais a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe i gcláir ábhartha uile an Aontais.

    A bhuí le glacadh a Plean Críochaigh um Aistriú Cóir, fuair an Rómáin EUR 2.14 billiún ón gCiste um Aistriú Cóir chun an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus chun dul i ngleic léi agus chun tacú le haistriú aeráide cóir chuig geilleagar níos tarraingtí agus níos glaise.

    maoiniú daonnúil an Aontais le haghaidh cothú, a bhfuil sé d’aidhm aige idirghabhálacha tarrthála a sholáthar do na pobail is leochailí, tar éis díriú go mór ar leanaí a bhfuil easpa mhór cothaithe orthu sa tSúdáin, mar aon le leanaí faoi 5 bliana d'aois, mná torracha agus mná atá ag lachtadh in go leor tíortha lena n‑áirítear an tSiria. Thairis sin, tacaíonn an tAontas le tionscnaimh de chuid an Chláir Dhomhanda Bia amhail clár dearbhán le haghaidh bia úr a bhfuil ardluachanna cothaitheacha aige sa tSiria nó dáileadh éigeandála bia agus airgid sa tSúdáin Theas.

    Cuireann an clár EU4Health gníomhaíochtaí ar fáil chun na tionscnaimh ‘Healthier Together’, ‘Plean sáraithe ailse na hEorpa’ agus ‘Meabhairshláinte’ a chur chun feidhme agus tugann sé aghaidh ar thosca riosca sláinte agus deitéarmanaint sláinte roghnaithe. Le haghaidh 2022 agus 2023, leithdháileadh EUR 69.7 milliún tríd an gclár EU4Health le haghaidh gníomhaíochtaí lena gcuirtear dea-mheabhairshláinte chun cinn.

    Faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, chuir infheistíochtaí an Aontais tríd an gComhpháirtíocht Dhomhanda um Oideachas ó 2021 go 2023 ar chumas 2.6 milliún leanbh rochtain a fháil ar bhunoideachas agus 1.2 milliún leanbh rochtain a fháil ar mheánoideachas. Is í an chomhpháirtíocht an ciste oideachais domhanda is mó do náisiúin ísealioncaim agus cothaíonn sí cur chuige uathúil ilpháirtithe leasmhara. Tugann sé cúnamh do thíortha comhpháirtíochta aghaidh a thabhairt ar dhúshláin oideachais, athchóirithe a chur chun feidhme agus páirtithe leasmhara a ailíniú chun torthaí a chur chun cinn. Le thart ar 68 dtír chomhpháirtíochta, tugann an chomhpháirtíocht tús áite do thacaíocht do na pobail is leochailí, rud a áirithíonn rochtain uilíoch ar oideachas.

    Tugann an clár um shaoránaigh, comhionannas, cearta agus luachanna tús áite don chomhionannas ar fud a chuid tionscnamh uile. Ina shnáithe ‘Daphne’, déanann an clár foréigean inscnebhunaithe a chomhrac agus spreagann sé rannpháirtíocht na bhfear chun tacú le comhionannas inscne. In 2023, thacaigh an snáithe le glao arb é is aidhm dó foréigean inscnebhunaithe agus foréigean in aghaidh leanaí a chosc agus a chomhrac le EUR 24.9 milliún.

    Faoin gcomhbheartas talmhaíochta, tá bearta leagtha amach ag Ballstáit an Aontais i bpleananna straitéiseacha an bheartais chun caillteanas cothaitheach agus úsáid lotnaidicídí a laghdú 50 % faoi 2030, agus ar an gcaoi sin acmhainní uisce a chosaint.

    Tacaíonn an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le tionscadail bhonneagair fuinnimh leasa choitinn a bhfuil tairbhí móra socheacnamaíocha ag baint leo. Sampla de sin is ea an t‑idirnascaire 330-cileavolta idir Tartu, an Eastóin agus Valmiera, an Laitvia, mar chuid thábhachtach de na hiarrachtaí chun eangacha leictreachais na dtíortha Baltacha a shioncrónú leis an gcuid eile de chóras leictreachais an Aontais. Bhí an líne mar chuid de Chéim 1 den tionscadal ‘Sioncrónú na Stát Baltach’, a fuair deontas saoráide iomlán dar luach EUR 323 mhilliún.

    Faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, rannchuidíonn an clár FBManna Glasa Digiteacha sna Balcáin Thiar [SME Go Green] (EUR 22.5 milliún) le rochtain ar mhaoiniú a mhéadú chun úsáid níos airde teicneolaíochtaí digitithe, uathoibrithe agus iomaíochais a chumasú, le tacú le glasú fiontar beag agus meánmhéide, agus le nuálaíocht, iomaíochas, fás agus acmhainneacht trádála na hearnála príobháidí a mhéadú trí infheistíochtaí spriocdhírithe agus feasacht mhéadaithe laistigh de na fiontair, rud a éascaíonn lánpháirtiú réigiúnach agus Aontais.

    Trí Fhís Eorpach, le ‘EIT Manufacturing’ cumhachtaítear cuideachtaí chun cleachtais atá neamhdhíobhálach don aeráid agus tionchar an phobail a chothú trína shamhail ‘Pobal eolais agus nuálaíochta’. Cuireann sé dlús freisin le comhtháthú nuálaíochtaí monaraíochta inbhuanaithe, i gcomhréir leis an aidhm tionsclaíocht chuimsitheach agus inbhuanaithe a chothú. Thairis sin, tugann EIT Manufacturing tús áite do scileanna lucht saothair a bheidh ann amach anseo a chothú agus cuimsitheacht agus inbhuanaitheacht a chur chun cinn san earnáil monaraíochta, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú go mór le tírdhreach tionsclaíoch na hEorpa a athmhúnlú.

    Le Ciste Sóisialta na hEorpa+, tacaítear le ‘YES Forum’, líonra Eorpach atá tiomanta do dhaoine óga a bhfuil dúshláin rompu a chumhachtú. Cothaíonn an fóram cuimsiú sóisialta agus feabhsaíonn sé scileanna gairmiúla chun ionchais daoine óga leochaileacha a fheabhsú, ag tabhairt aghaidh ar bhochtaineacht agus ar neamh‑chomhionannais. Áirítear lena ghníomhaíochtaí deiseanna a sholáthar i gceantair thuaithe, gairmithe oideachais a chur chun cinn, agus rátaí ‘nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna’ a laghdú trí fheabhsuithe gairmoideachais agus gairmoiliúna.

    Tacaíonn an clár LIFE leis an tionscadal ‘LIFE SNEAK’, arb é is aidhm dó torann ó bhóithre a laghdú i limistéar uirbeach dlúthdhaonra Fhlórans na hIodáile, áit a dtagann torann tráchta agus creathanna tráchta le chéile chun cur isteach go mór ar an bpobal. Bainfear é sin amach trí bhíthin dromchlaí ísealtorainn/ísealchreathaidh agus réitigh iarfheistithe.

    Faoi dheireadh 2023, thacaigh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le conarthaí maidir le gníomhú ar son na haeráide a thabhairt isteach chun tacú le teicneolaíochtaí táirgthe nua níos glaine a thabhairt isteach le haghaidh tionscail dianfhuinnimh sa Ghearmáin.

    Tá an Ciste don Nuálaíocht deartha chun oibriú i dtreo na sprice seo agus gníomhú go práinneach chun an t‑athrú aeráide agus a thionchair a chomhrac. Is é is aidhm don tionscadal ‘Ecoplanta’ astaíochtaí dé‑ocsaíde carbóin ó dhramhaíl chathrach neamh‑athchúrsáilte a laghdú chun meatánól a tháirgeadh, agus tá sé beartaithe ag an tionscadal ‘ReLieVe’ saoráid athchúrsála ceallraí ian litiam a thógáil chun mais dhubh a tháirgeadh agus a scagadh.

    Cuireanneagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n‑aigéan, na bhfarraigí agus na n‑acmhainní muirí chun cinn trí fheabhas a chur ar bhearta bainistíochta a ghlactar tar éis comhairle eolaíoch a fháil agus trí stoic shláintiúla tuinníní a chur chun cinn san Aigéan Atlantach agus san Aigéan Indiach, agus tríd an gcreat rialachais a bunaíodh le comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe le roinnt tíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

    Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa ag cuidiú chun maoine agus beathaí daoine atá faoi bhagairt ag an líon dóiteán foraoise atá ag dul i méid a shábháil le linn mhíonna teo tirime an tsamhraidh i réigiún na Meánmhara. Leis an tionscadal ‘OFIDIA2’, a fhaigheann maoiniú ón gciste, tacaítear le líonra ceamaraí ardghléine, braiteoirí agus stáisiún aimsire atá nasctha le seomraí rialaithe lena gcumhdaítear 100 heicteár d’fhoraois in Apulia na hIodáile. Sa Ghréig, féachann ceamaraí, ladrainn agus dhá fheithicil easbhóthair ar bhreis agus 15 000 km2 d’fhoraois in Epirus.

    Cuireann misean nua an Aontais san Airméin feabhas ar fhorbairt muiníne idir an Airméin agus an Asarbaiseáin trí ghnáthphatróil a dhéanamh agus trí thuairisciú a dhéanamh ar an staid ar an talamh agus ar theagmhais choinbhleachta. Cothaíonn sé timpeallacht shábháilte chobhsaí i gceantair san Airméin ina bhfuil coinbhleacht, ag cur slándáil an duine chun cinn agus ag cothú normalú an chaidrimh idir an dá náisiún. Leithdháil an Coimisiún EUR 16.6 milliún don mhisean in 2023 faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála.

    Is saoráid taighde é an tImoibreoir Trialach Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta maidir le comhleá mar fhoinse fuinnimh inbhuanaithe a bheidh ann amach anseo, agus tá seacht gcomhpháirtí idirnáisiúnta rannpháirteach ann (Euratom, an tSín, an India, an tSeapáin, an Rúis, an Chóiré Theas agus na Stáit Aontaithe), is é sin breis agus leath de dhaonra an domhain. Soláthraíonn Euratom 45.45 % de na comhpháirteanna agus na ranníocaíochtaí airgid uile don tsaoráid tríd an gComhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt.

    Iarscríbhinn 2 – Rialú inmheánach agus bainistíocht airgeadais

    Coimeád an leathanach seo folamh i ndiaidh an bharúil a scriosadh.

    1.Uirlisí láidre chun buiséad an Aontais a bhainistiú i dtimpeallacht chasta

    Ní mór don Choimisiún Eorpach a ról ríthábhachtach a chomhlíonadh maidir le beartais an Aontais Eorpaigh a mhúnlú agus a chur chun feidhme agus, an tráth céanna, an úsáid is fearr is féidir a bhaint as airgead na gcáiníocóirí. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, a áirithiú go bhfuil caiteachas an Aontais éifeachtach, éifeachtúil agus eacnamaíoch agus go gcomhlíonann sé na rialacha is infheidhme freisin an tráth céanna. Déanann an Coimisiún a dhícheall na caighdeáin bainistíochta airgeadais is airde a bhaint amach, agus an chothromaíocht cheart á cur i bhfeidhm idir leibhéal earráide íseal, íocaíochtaí prasa agus costais réasúnacha ar rialuithe.

    1.1.Buiséad an Aontais Eorpaigh: éagsúlacht leathan réimsí, faighteoirí agus caiteachais i dtimpeallacht chasta

    In 2023, ba é EUR 170.7 billiún ( 30 ) an caiteachas a bhí á bhainistiú ag an gCoimisiún (féach an figiúr thíos). Cuimsítear leis sin an sciar de bhuiséad an Aontais a bhíonn á bhainistiú ag an gCoimisiún, mar aon leis an gCiste Eorpach Forbraíochta ( 31 ) agus cistí iontaobhais an Aontais. Rinneadh an caiteachas sin trí bhreis agus 260 000 íocaíocht, idir cúpla céad euro (le haghaidh dheontais soghluaisteachta Erasmus+) agus na céadta milliún euro (le haghaidh tionscadail mhóra amhail an tImoibreoir Trialach Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta nó Galileo agus Copernicus, mar aon le tacaíocht bhuiséadach do thíortha comhpháirtíochta). Léiríonn sé sin an chaoi a bhfuil faighteoirí chistí an Aontais an‑éagsúil agus an‑iomadúil. Baineann an caiteachas sin leis an dá chlárthréimhse 2014-2020 agus 2021-2027. In 2023, thosaigh an líon íocaíochtaí a bhaineann leis an gclárthréimhse 2021-2027 ag méadú agus meastar go sroichfidh sé leibhéil mhóra sna blianta amach romhainn.

    Caiteachas ábhartha bhuiséad an Aontais arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún in 2023, de réir réimse beartais (mar chéatadáin agus billiún EUR)

    An margadh aonair, an nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha

    Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna

    Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol

    An imirce agus bainistiú teorainneacha

    Slándáil agus cosaint

    An chomharsanacht agus an domhan

    Riarachán poiblí Eorpach

    EUR 8.9 billiún (5 %)

    EUR 19.1  
    billiún (11 %)

    EUR 67.3  
    billiún (39 %)

    EUR 58.1  
    billiún (34 %)

    EUR 3.0  
    billiún (2 %)

    EUR 0.14  
    billiún (0 %)

    EUR 14.2  
    billiún (8 %)

     

    Síníodh níos mó ná 5 000 deontas faoin gclár taighde Fís Eorpach faoin 31 Nollaig 2023.

    Tugadh tacaíocht do thart ar 4.4 milliún fiontar agus tá beagnach 63 mhilliún duine cumhdaithe ag seirbhísí sláinte feabhsaithe ó bhí 2014 ann.

    Tacaíodh le 6.2 milliún tairbhí le cistí talmhaíochta faoi scéimeanna éagsúla.

    Athlonnaíodh 19 003 náisiúnach tríú tír faoi scéimeanna an Aontais in 2023.

    Bhronn an Ciste Eorpach Cosanta EUR 832 mhilliún de thacaíocht iomlán ón Aontas ar 41 thionscadal comhair thionsclaíoch i réimse na cosanta faoi mhí na Nollag 2023.

    Soláthraíodh cúnamh do thart ar 130 
    tír nach Ballstáit den Aontas iad ar chúig mhór-roinn.

    Foinse: Tuarascálacha bliantúla an Choimisiúin Eorpaigh maidir le gníomhaíochtaí.

    Cosúil le blianta roimhe seo, cuireadh thart ar 70 % den bhuiséad ( 32 ) chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit (go háirithe caiteachas ar an mbeartas comhtháthaithe agus ar thalmhaíocht), inar roghnaigh comhlachtaí na mBallstát tionscadail, inar dháil siad cistí agus inar bhainistigh siad caiteachas i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus inar thuairiscigh siad ar ais don Choimisiún faoi na torthaí a baineadh amach. Trí mhaoirseacht a dhéanamh air, tá an Coimisiún ag áirithiú go bhfeidhmíonn córais bhainistíochta agus rialaithe na mBallstát ar bhealach éifeachtach. Chuir an Coimisiún an chuid eile den bhuiséad chun feidhme go díreach nó go hindíreach, i gcomhar le heintitis ar cuireadh cúram orthu amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta, an Banc Eorpach Infheistíochta nó bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh. Tugtar tuairisc leis an tábla seo a leanas ar na trí mhodh bainistíochta.

    Speansais 2023 de réir an mhodha bainistíochta – an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta eisiata agus san áireamh

    (gan STA*)

    Samplaí de chláir/de chaiteachas

    Gníomhaithe eile atá rannpháirteach, i gcomhar leis an gCoimisiún

    (le STA*)

    Bainistíocht dhíreach

    Cuireann an Coimisiún na cistí chun feidhme.

    Cláir Fís; An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa; caiteachas riaracháin

    N/B (téann an cistiú go dtí na tairbhithe go díreach)

    Bainistíocht indíreach

    Cuirtear na cistí chun feidhme i gcomhar le heintitis sheachtracha.

    Erasmus+; cuid de chabhair forbartha agus dhaonnúil;

    cúnamh réamhaontachais

    Gníomhaireachtaí, comhghnóthais, na Náisiúin Aontaithe, an Banc Domhanda, an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, tíortha nach Ballstáit den Aontas iad

    Bainistíocht chomhroinnte

    Cuirtear cistí chun feidhme i gcomhar le údaráis náisiúnta agus/nó réigiúnacha na mBallstát, ag a bhfuil an chéad leibhéal d’fhreagracht i gcur chun feidhme buiséid.

    Cistí talmhaíochta; An Ciste Muirí agus Iascaigh; Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa; An Ciste Comhtháthaithe; Ciste Sóisialta na hEorpa agus an tionscnamh um fhostaíocht don aos óg; cistí imirce, bainistithe teorainneacha agus slándála

    Gníomhaireachtaí íocaíochta don chomhbheartas talmhaíochta: 75; cláir oibríochtúla le haghaidh cistí an bheartais chomhtháthaithe: 441, sna Ballstáit uile

    (*) STA = an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

    Foinse: Dréachtchuntais bhliantúla an Choimisiúin Eorpaigh 2023 – Ráiteas maidir le feidhmíocht airgeadais.

    Tá cogadh foghach na Rúise san Úcráin, iarmhairtí eacnamaíocha marthanacha phaindéim COVID-19 (i.e. boilsciú ard, dúshláin táirgiúlachta agus brú trádála domhanda) agus coinbhleachtaí idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn fós ag cur brú ar chumas an Choimisiúin gníomhú agus ar a acmhainní atá gann cheana féin. Níos mó ná riamh, éilíonn sé sin rialú inmheánach éifeachtach chun a áirithiú go gcuirfear prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta i bhfeidhm go docht agus buiséad an Aontais á chaitheamh.

    1.2.Córas rialachais láidir mar bhonn taca le freagracht an Choláiste

    Ina cháil mar oifigeach údarúcháin an Choimisiúin, tá freagracht pholaitiúil ar Choláiste na gCoimisinéirí as buiséad an Aontais a bhainistiú agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as obair ranna an Choimisiúin. Tá rialachas bhuiséad an Aontais bunaithe ar roinnt shoiléir freagrachtaí idir na leibhéil pholaitiúla agus bhainistíochta, ar iniúchadh inmheánach neamhspleách arna thacú ag an gCoiste um Athbhreithniú Iniúchtaí lena n‑áirítear saineolaithe seachtracha, cuntasóir neamhspleách, tiomantas láidir do bhainistíocht feidhmíochta agus comhlíontacht an chreata dhlíthiúil, trédhearcacht agus ardchaighdeáin eiticiúla, agus tuairisciú trédhearcach.

    Tá córas rialachais agus slabhra cuntasachta an Choimisiúin curtha in oiriúint dá shamhail uathúil de chinnteoireacht dhíláraithe i gcur chun feidhme an bhuiséid. Déanann Coláiste na gCoimisinéirí an bhainistíocht oibríochtúil laethúil a tharmligean chuig 51 oifigeach údarúcháin trí tharmligean ( 33 ) a bhainistíonn agus a stiúrann a ranna chun na cuspóirí ina bpleananna straitéiseacha a bhaint amach, agus na hacmhainní atá ar fáil á gcur san áireamh. Tá gach oifigeach údarúcháin trí tharmligean cuntasach as an sciar de bhuiséad an Aontais a chuirtear chun feidhme ina roinn féin.

    Ina dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí, tuairiscíonn na hoifigigh údarúcháin trí tharmligean ar bhealach trédhearcach ar an bhfeidhmíocht agus ar na torthaí a baineadh amach, ar fheidhmiú a gcóras rialaithe inmheánaigh agus ar bhainistíocht airgeadais a sciar de bhuiséad an Aontais – agus an dearbhú a sholáthair na Ballstáit faoi bhainistíocht chomhroinnte agus na comhpháirtithe cur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach á chur san áireamh. Tá dearbhú dearbhaithe i ngach tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí. Féadfar é a cháiliú le forchoimeádas má shainaithníonn oifigeach údarúcháin trí tharmligean laigí a bhfuil tionchar mór acu.

    Leis an tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht, sintéisítear na torthaí bliantúla do bhuiséad an Aontais ar leibhéal an Choimisiúin, bunaithe ar an dearbhú agus ar na forchoimeádais atá sna tuarascálacha bliantúla uile ar ghníomhaíochtaí. Tá an tuarascáil sin ina cuid de phacáiste tuairiscithe comhtháthaithe airgeadais agus cuntasachta an Choimisiúin ( 34 ), ar pacáiste é a ghlacann Coláiste na gCoimisinéirí.

    Leis an nós imeachta um urscaoileadh buiséadach bliantúil ina dhiaidh sin, ceadaítear do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh an fhreagracht pholaitiúil a chur ar an gCoimisiún as cur chun feidhme bhuiséad an Aontais. Le cinneadh na Parlaiminte, cuirtear san áireamh tuairisciú comhtháthaithe airgeadais agus cuntasachta an Choimisiúin; tuarascálacha bliantúla agus speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, mar aon leis an ráiteas dearbhaithe uaithi maidir le hiontaofacht na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart is bun leo; éisteachtaí na gCoimisinéirí agus na nArd‑Stiúrthóirí; agus moladh ón gComhairle.

    Cuidíonn na socruithe láidre rialachais sin le Coláiste na gCoimisinéirí cuspóirí an Choimisiúin a chomhlíonadh, acmhainní a úsáid go héifeachtúil éifeachtach agus a áirithiú go gcuirtear buiséad an Aontais chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais. Cuirtear forbhreathnú i láthair sa chairt seo a leanas.

    Forbairt dearbhaithe agus cuntasacht an Choimisiúin le haghaidh bhuiséad an Aontais: róil agus freagrachtaí soiléire

    1.3.Creat láidir rialaithe inmheánaigh lena rannchuideofar chun cuspóirí an Choimisiúin a bhaint amach

    1.3.1.Leanadh den  chreat rialaithe inmheánaigh a fhorbairt in éineacht lena thimpeallacht

    Braitheann an Coimisiún ar chreat láidir corparáideach rialaithe inmheánaigh bunaithe ar na caighdeáin idirnáisiúnta is airde ( 35 ). Baineann sé úsáid freisin as beartas láidir bainistíochta riosca chun rioscaí a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú ar gach leibhéal den eagraíocht, d'fhonn dearbhú a sholáthar maidir le baint amach a chuspóirí. Áirithíonn an Coimisiún go ndéantar na méideanna a leithdháiltear ó bhuiséad an Aontais a infheistiú chun na críche atá beartaithe dóibh, i ndianchomhlíonadh na rialacha airgeadais chun earráidí a íoslaghdú, a bhrath agus a chosc, cistiú dúbailte a sheachaint, calaois a chosc, trédhearcacht a fheabhsú agus an bealach a réiteach don urscaoileadh.

    Sholáthair Seirbhís Lárnach Airgeadais an Choimisiúin tacaíocht leanúnach do ranna an Choimisiúin chun a gcórais rialaithe inmheánaigh a fheabhsú, a nuashonrú agus a mhionchoigeartú.

    ·Chun sonraí a bhaineann lena thimpeallacht rialaithe inmheánaigh a chomhchuibhiú agus a choimirciú, d’fhorbair an Coimisiún uirlis chorparáideach TF ar a dtugtar clár lárnach na gcóras rialaithe inmheánaigh. Rolladh an uirlis amach in 2023 agus úsáideann ranna uile an Choimisiúin í. Cláraíonn sé rioscaí, forchoimeádais, critéir faireacháin rialaithe inmheánaigh, eisceachtaí agus teagmhais neamhchomhlíontachta. Rannchuidíonn sé le clár oibre digiteach an Choimisiúin trí na timpeallachtaí agus na próisis rialaithe inmheánaigh a chuíchóiriú agus a dhigitiú. Tá feidhmiúlachtaí breise á bhforbairt in 2024 chun feabhas a chur ar a éifeachtúlacht agus ar a áisiúlacht don úsáideoir.

    ·Maidir le cur chun feidhme phlean téarnaimh NextGenerationEU, leanadh de shásraí bainistithe riosca agus rialaithe a chuíchóiriú agus a threisiú bunaithe ar an taithí a fuarthas. Ó formhuiníodh é in 2020, cuireadh béim ar leith ar chórais rialaithe inmheánaigh a oiriúnú do riachtanais na n‑oibríochtaí gaolmhara. Mínítear é sin ar bhealach níos mionsonraithe in Iarscríbhinn 3.

    ·An tráth céanna, chuir an Coimisiún feabhas freisin ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na n‑oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe atá mar bhonn taca faoi mhaoiniú clár beartais, amhail NextGenerationEU, tacaíocht don Úcráin tríd an gclár cúnaimh mhacrairgeadais+ agus tacaíocht leanúnach do thíortha comharsanachta eile. Le seoladh cur chuige cistithe aontaithe i mí Eanáir 2023, cuireadh ar a chumas don Choimisiún na tairbhí a leathnú a bhaineann leis an straitéis um bainisitiú fiach níos solúbtha agus níos costéifeachtúla a úsáidtear chun NextGenerationEU a mhaoiniú, leis an gclár cúnaimh mhacrairgeadais+ don Úcráin agus le cláir eile iasachtaíochta agus iasachtaithe amach anseo. Chríochnaigh an Coimisiún a chlár cistiúcháin le haghaidh 2023 faoi dheireadh mhí na Samhna, agus EUR 115.9 billiún san iomlán á chruinniú le linn na bliana. Le heisiúint 2023, b’fhiú beagán os cionn EUR 443 bhilliún méid iomlán bhannaí an Aontais gan íoc faoi dheireadh na bliana, agus eisíodh EUR 48.9 billiún i bhfoirm bhannaí glasa NextGenerationEU.

    ·D’fhorbair an Coimisiún creat láidir rialachais agus bainistithe riosca atá dírithe ar Phríomhoifigeach Riosca neamhspleách le tacaíocht ó Oifigeach um Chomhlíonadh ( 36 ) chun déileáil leis an gcastacht mhéadaithe agus le méid na n‑oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe a eascraíonn as maoiniú ghníomhaíochtaí an Aontais mar fhreagairt ar COVID-19 (NextGenerationEU agus ‘Tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála’). Mar chuid dá bheartas riosca agus comhlíontachta, rinneadh athmheasúnú ar na rioscaí a bhaineann le caolaois a d'fhéadfadh eascairt as oibríochtaí NextGenerationEU in 2023. Measadh go raibh na bearta maolaitheacha a cuireadh i bhfeidhm leordhóthanach agus iomchuí. I dtuarascáil speisialta le déanaí ( 37 ), tháinig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ar an gconclúid go raibh córas bainistithe fiachais curtha i bhfeidhm go tapa ag an gCoimisiún, lena soláthraítear na cistí is gá le haghaidh NextGenerationEU in am trátha. Chomhlíon an Coimisiún freisin na príomhcheanglais rialála go léir a bhaineann le punann fiachais agus bainistiú riosca.

    ·Ó thaobh an ioncaim de, chuir an Coimisiún córais láidre rialaithe inmheánaigh i bhfeidhm freisin agus thug sé a straitéisí rialaithe cothrom le dáta i gcás inar gá. In 2023, sa bhreis ar na rialuithe ar acmhainní traidisiúnta agus dílse bunaithe ar cháin bhreisluacha, lena dtugtar le tuiscint dlúthchomhar le Eurostat maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin a bhaineann le hacmhainní atá bunaithe ar ollioncam náisiúnta, rinne an Coimisiún tuilleadh forbartha ar dhearadh rialuithe na hacmhainne dílse nua bunaithe ar phlaisteach neamhathchúrsáilte.

    ·In 2023, d’oibrigh an Coimisiún ar straitéis nua chun féichiúnaithe a bhainistiú ( 38 ), a glacadh i mí Feabhra 2024. Tugadh isteach leis ceithre bheart straitéiseacha arb é is aidhm dóibh dlús a chur leis an bpróiseas téarnaimh: caighdeáin feidhmíochta téarnaimh, faireachán agus tuairisciú trédhearcach ar chomhlíonadh, cuntasacht threisithe le sásraí méadúcháin corparáideacha, agus sineirgí agus éifeachtúlachtaí a thugtar trí lárú páirteach (lena n‑áirítear cinntí comhcheangailte maidir le tarscaoileadh).

    ·Mar a tharla le blianta beaga anuas, thug an Coimisiún aird ar leith ar Airteagal 61 den rialachán airgeadais maidir le coinbhleachtaí leasa. D’aithin Cúirt Iniúchóirí na hEorpa é sin, i measc nithe eile ( 39 ). Ina theannta sin, chuir an Coimisiún bearta spriocdhírithe múscailte feasachta, treoraíocht, comhairle agus cur i láthair ar fáil d’údaráis agus do líonraí saineolaithe na mBallstát maidir leis an treoraíocht a thug sé in 2021 i ndáil le coinbhleachtaí leasa.

    1.3.2.Creat rialaithe inmheánaigh aibí arna oiriúnú d’fheidhmiú ranna an Choimisiúin

    Ar an iomlán, in 2023, tháinig ranna an Choimisiúin ar an gconclúid go raibh na prionsabail rialaithe inmheánaigh is bun lena gcórais rialaithe inmheánaigh i láthair agus ag obair mar a bhí beartaithe. Deimhníodh leis an measúnú foriomlán sin gur lean ranna an Choimisiúin dá n‑iarrachtaí aghaidh a thabhairt ar easnaimh ina gcórais rialaithe inmheánaigh a sainaithníodh in 2022. Tharla an dul chun cinn a cuireadh sa leabhar in 2023 mar thoradh, i measc nithe eile, ar oiliúint, múscailt feasachta maidir le nósanna imeachta airgeadais áirithe, plean leanúnachais gnó a fhorbairt agus a ghlacadh, straitéis frithchalaoise, nós imeachta chun eisceachtaí agus teagmhais neamhchomhlíontachta a thuairisciú agus plean slándála TF le haghaidh bailiú staidrimh roinne nuabhunaithe, faireachán a dhéanamh ar fhreastal ar oiliúint éigeantach, comhlíonadh na rialacha maidir le coinneáil sonraí.

    I gcás roinnt prionsabal rialaithe inmheánaigh, tá gá fós le feabhsuithe, a chomhfhreagraíonn don chuid is mó d’easnaimh bheaga a sainaithníodh, i bpáirt, trí shuirbhé foirne 2023 agus a tuairiscíodh i dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí na ranna. Chuir na ranna lena mbaineann pleananna gníomhaíochta i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na laigí a sainaithníodh, lena n‑áirítear rannpháirtíocht foirne a mhéadú (níos ísle ná mar a bhí coinne leis de réir suirbhé foirne roinne), deacrachtaí féideartha maidir le baill foirne a imscaradh chuig toscaireachtaí an Aontais i dtíortha cruatain a mhaolú agus aghaidh a thabhairt ar ghanntanas próifílí gairmiúla speisialaithe i dtoscaireachtaí an Aontais agus sa cheanncheathrú araon. Déantar gníomhaíochtaí faoi láthair freisin chun an measúnú ar gharspriocanna iniúchta agus rialaithe agus ar chosaint faisnéise íogaire neamh‑rúnaicmithe i réimse na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a shoiléiriú a thuilleadh. Thacaigh seirbhísí corparáideacha a rinne faireachán rialta ar an dul chun cinn a rinneadh leis na pleananna gníomhaíochta sin. Cuirtear an staid fhoriomlán i láthair sa chairt seo a leanas.

    Measúnú ar fheidhmiú na gcomhpháirteanna agus na bprionsabal rialaithe inmheánaigh(*)

    (*) An líon ranna de chuid an Choimisiúin a thuairiscigh gur seasadh le comhpháirteanna agus prionsabail rialaithe inmheánaigh agus gur fheidhmigh siad i gceart in 2022 agus 2023.
    Foinse: Tuarascálacha bliantúla an Choimisiúin Eorpaigh ar ghníomhaíochtaí.

    1.4.Straitéisí rialaithe ilbhliantúla chun a áirithiú go mbíonn caiteachas dlíthiúil agus go dtarlaíonn sé ar bhonn tráthrialta

    Mar bhainisteoirí ar bhuiséad an Aontais, cuireann oifigigh údarúcháin straitéisí rialaithe ilbhliantúla i bhfeidhm chun earráidí a chosc, a bhrath agus a cheartú. I gcomhréir leis an bhfreagracht atá orthu maidir le híocaíochtaí aonair a dhéanamh, ní mór dóibh a ndearbhú a thógáil ón mbun aníos agus go mionsonrach, (i.e. de réir cláir nó de réir mír caiteachais ábhartha eile). Cuireann sé sin ar chumas an Choimisiúin laigí agus earráidí a bhrath ar bhealach mionsonraithe difreáilte le haghaidh gach cláir nó mír caiteachais, bunchúiseanna na n‑earráidí sistéamacha a shainaithint (e.g. castacht na rialacha i réimsí beartais áirithe, amhail taighde nó comhtháthú), gníomhaíochtaí ceartaitheacha spriocdhírithe agus comhréireacha a dhéanamh agus a áirithiú go n‑úsáidfear na ceachtanna a foghlaimíodh chun feabhas a chur ar na córais bhainistíochta agus rialaithe agus ar dhearadh na gclár airgeadais a bheidh ann amach anseo.

    Ceaptar cláir chaiteachais an Aontais chun bheith ina gcláir ilbhliantúla, agus is amhlaidh an cás maidir leis na straitéisí rialaithe gaolmhara. Tugann sé sin le tuiscint go bhféadfar earráidí a bhrath agus a cheartú go leanúnach, go dtí go ndúnfar an clár. Thairis sin, tá na straitéisí rialaithe difreáilte de réir riosca (i.e. coigeartaítear iad de réir na saintréithe agus na rioscaí a bhaineann le modhanna bainistíochta éagsúla, leis na gníomhaithe lena mbaineann, le réimsí beartais agus/nó le socruithe cistiúcháin).

    Bíonn rialuithe coisctheacha (rialuithe ex ante) a dhéantar sula ndéantar íocaíocht an Choimisiúin agus rialuithe ceartaitheacha (rialuithe ex post) a dhéantar tar éis an íocaíocht a dhéanamh i gceist le straitéisí rialaithe de ghnáth. Sonraítear príomhshásraí coisctheacha agus ceartaitheacha an Choimisiúin in Iarscríbhinn 5.

    Timthriall rialaithe ilbhliantúil an Choimisiúin Eorpaigh

    NB: Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le riosca 2023 tráth na híocaíochta agus tráth an dúnta, féach Roinn 2.1.

    Foinse: An Coimisiún Eorpach.

    Agus cláir chistiúcháin 2021-2027 ( 40 ) ag teacht faoi lánseol, lean an Coimisiún de straitéisí rialaithe a choigeartú de réir shainiúlachtaí na gclár. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás an réimse taighde, i gcás gníomhaíochtaí seachtracha agus i gcás na talmhaíochta, inar tugadh isteach beartas feidhmíochtbhunaithe i gcás fhormhór na n‑íocaíochtaí. Thacaigh Seirbhís Lárnach Airgeadais an Choimisiúin le ranna an Choimisiúin maidir leis na gnéithe sin.

    1.5.An comhrac in aghaidh na calaoise: straitéis frithchalaoise an Choimisiúin agus tograí breise

    1.5.1.Athbhreithniú ar straitéis frithchalaoise an Choimisiúin

    Ní fhulaingíonn an Coimisiún calaois ar chor ar bith. De bhun Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cosnaíonn an Coimisiún agus na Ballstáit buiséad an Aontais ar an gcalaois agus ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile. Tá ról mór ag straitéis frithchalaoise an Choimisiúin ó 2019 maidir le cosc a chur ar mhí‑úsáid fhéideartha airgead an Aontais. An 11 Iúil 2023, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir leis an athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta na straitéise ( 41 ) a raibh plean gníomhaíochta nua ag gabháil léi ( 42 ). Iarracht chomhpháirteach de chuid sheirbhísí agus ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin an Choimisiúin a bhí san athbhreithniú, arna chomhordú ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise.

    Tá an plean gníomhaíochta nua níos spriocdhírithe agus níos straitéisí ná an plean a bhí ann roimhe seo, rud a léiríonn cuid de chuspóirí foriomlána an Choimisiúin. Áirítear leis 44 ghníomhaíocht faoi sheacht dtéama lena gcumhdaítear tosaíochtaí an Choimisiúin maidir leis an gcalaois a chomhrac. Beartaítear leis an bplean gníomhaíochtaí chun úsáid uirlisí TF ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit a mhéadú chun calaois a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. I measc na dtéamaí eile cumhdaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, calaois chustaim, neartú ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais agus cultúr frithchalaoise agus eitice an Choimisiúin.

    In 2023, thug an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise tuilleadh tacaíochta do sheirbhísí an Choimisiúin agus a straitéisí frithchalaoise á ndearadh acu agus d’áirithigh sí comhordú agus comhar ar fud na seirbhísí maidir le hábhair frithchalaoise tríd an Líonra chun Calaois a Chosc agus a Bhrath.

    Lean an Oifig Eorpach FrithChalaoise dá hobair anailíseach straitéiseach, go háirithe trína creat riosca don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt cothrom le dáta agus trína hanailís ar bhrath agus tuairisciú neamhrialtachtaí agus calaoise in earnálacha éagsúla a dhoimhniú, agus ar dhifríochtaí sa tuairisciú i measc na mBallstát. I dtuarascáil bhliantúil 2022 maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais ( 43 ), a glacadh an 27 Iúil 2023, comhtháthaíodh den chéad uair anailís ar choinbhleachtaí leasa in úsáid chistí an Aontais. Lean an Oifig de bheith ag comhoibriú leis na Ballstáit freisin maidir le cúrsaí frithchalaoise i gcomhthéacs an Choiste Chomhairligh chun an Cosc Calaoise a Chomhordú agus le Seirbhísí Comhordúcháin FrithChalaoise na mBallstát, na dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha.

    Lean an Oifig Eorpach FrithChalaoise de ghníomhaíochtaí imscrúdaitheacha a dhéanamh freisin, agus í ag tuairisciú orthu ina tuarascáil bhliantúil ( 44 ).

    1.5.2.Uirlisí eile chun éifeachtúlacht an chomhraic in aghaidh na calaoise a mhéadú

    I mí na Nollag 2023, glacadh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais ( 45 ) agus tháinig sé i bhfeidhm i mí Eanáir 2024. Leagtar síos leis an rialachán bearta chun creat inmheánach bainistíochta riosca, rialachais agus rialaithe cibearshlándála a bhunú do gach eintiteas de chuid an Aontais, agus cuirtear ar bun leis Bord Idirinstitiúideach nua um Chibearshlándáil chun faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme ag eintitis an Aontais agus chun tacú leis an gcur chun feidhme sin. Soláthraítear leis sainordú leathnaithe don Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais mar mhol comhordúcháin um fhaisnéis faoi bhagairtí, malartú faisnéise agus freagairt ar theagmhais, mar chomhlacht comhairleach lárnach agus mar sholáthraí seirbhíse.

    Agus é ag leanúint dá iarrachtaí freagairt go tapa agus go héifeachtach do bhagairtí cibearshlándála atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear bagairt na cibearchalaoise, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu a íoslaghdú, rinne an Coimisiún uasghrádú ar a chumais theicniúla sa réimse sin trí leanúint de chultúr láidir cibearshlándála a chur chun cinn trí sheisiúin múscailte feasachta, oiliúint agus cleachtaí fioscaireachta. Treisíodh an cumas corparáideach teagmhais chibearshlándála a bhainistiú chun an institiúid a chaomhnú agus a chosaint i réimse an fhaireacháin, an bhraite agus na freagartha ar theagmhais cibearshlándála. Rinneadh tuilleadh rialacha braite a uathoibriú. Tá ról níos mó ag rialacha uathoibrithe maidir le feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chumais chorparáidigh freagairt ar chibirtheagmhas. I réimse na faisnéise faoi bhagairtí, rinne an Coimisiún iniúchadh ar straitéisí nua chun leas a bhaint as na fothaí faisnéise faoi bhagairtí a sholáthraíonn an tSeirbhís Chibearshlándála idirinstitiúideach d’Institiúidí, Comhlachtaí, Oifigí agus Gníomhaireachtaí an Aontais faoi láthair.

    Mar chuid den chreat chun calaois a chosc agus chun an chalaois a chomhrac, leis an gcóras luathbhraite agus eisiaimh is féidir oibreoirí eacnamaíocha calaoiseacha nó neamhiontaofa a bhrath go luath, iad a eisiamh trí thoirmeasc a chur orthu cistí de chuid an Aontais a fháil (ar feadh líon áirithe blianta) agus pionóis airgeadais féideartha a fhorchur. Tá imeachtaí an chórais luathbhraite agus luatheisiaimh bunaithe ar fhaisnéis a bhailítear trí iniúchtaí agus trí sheiceálacha arna ndéanamh oifigigh údarúcháin trí tharmligean, breithiúnais chríochnaitheacha nó trí chinntí riaracháin ó údaráis náisiúnta, cinntí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus, den chuid is mó, trí imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise. Oibríonn an córas luathbhraite agus eisiaimh ar bhonn idirghníomhaíocht láidir thairbheach idir na hoifigigh údarúcháin agus painéal idirinstitiúideach atá freagrach as na hiarrataí ar eisiamh a lárú agus as cearta an duine nó an eintitis lena mbaineann na himeachtaí a choimirciú (e.g. cearta cosanta). Cuirtear na heisiaimh atá cláraithe i mbunachar sonraí an chórais luathbhraite agus eisiaimh ar fáil faoi láthair freisin do gach eintiteas a gcuirtear cúraimí cur chun feidhme buiséid orthu i ngach modh bainistíochta.

    In 2023, chomhaontaigh an reachtóir roinnt athruithe ar an rialachán airgeadais maidir leis an gcóras luathbhraite agus eisiaimh chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) úsáid an chórais luathbhraite agus eisiaimh a chur chun cinn; (2) a éifeachtacht a fheabhsú; (3) an córas a dhéanamh níos éifeachtúla. Leis an athbhreithniú spriocdhírithe ar an rialachán airgeadais, cuirfear feabhsuithe tábhachtacha eile ar an gcóras freisin, amhail nós imeachta brostaithe a thabhairt isteach, forais nua eisiaimh amhail diúltú oibriú i gcomhar in imscrúduithe, agus an fhéidearthacht eintitis chleamhnaithe agus úinéirí tairbhiúla eintitis phríomhúil eisiata a eisiamh ó thairiscintí ar chonarthaí poiblí agus ar deireadh ó chistí an Aontais a fháil ar feadh roinnt blianta. Thairis sin, chomhaontaigh an reachtóir an córas luathbhraite agus eisiaimh a leathnú chun tairbhithe faoi bhainistíocht chomhroinnte agus ionstraimí a bheidh ann amach anseo sa bhainistíocht dhíreach leis na Ballstáit a chumhdach, le cur chuige comhréireach agus spriocdhírithe. Amhail ón 1 Eanáir 2028, beidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit bunachar sonraí an chórais luathbhraite agus eisiaimh a sheiceáil maidir le hiarratasóirí díreacha, rannpháirtithe agus tairbhithe.

    Ghlac an Coimisiún céimeanna móra sa chomhrac in aghaidh an éillithe freisin le pacáiste frithéillithe lena n‑áirítear togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir chun an t‑éilliú a chomhrac ( 46 ) trí bhíthin an dlí choiriúil agus Teachtaireacht chomhpháirteach ( 47 ) lena moltar córas smachtbhannaí in aghaidh gníomhartha tromchúiseacha éillithe a dhéantar lasmuigh den Aontas. Tá líonra an Aontais in aghaidh an éillithe ann freisin, líonra a bunaíodh i mí Mheán Fómhair 2023, chun páirtithe leasmhara ábhartha a thabhairt le chéile, lena n‑áirítear cleachtóirí, saineolaithe agus taighdeoirí frithéillithe, mar aon le hionadaithe ón tsochaí shibhialta agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Is é an príomhchúram atá air tacú le mapáil riosca éillithe ar fud an Aontais chun bonn eolais a chur faoi straitéis frithéillithe an Aontais a bheidh ann amach anseo.

    1.6.Tá an córas coinníollachta á chur chun feidhme

    Leis an rialachán maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint ( 48 ) (rialachán maidir le coinníollacht), a glacadh i mí na Nollag 2020, cosnaítear an buiséad ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nó a bhfuil riosca mór ann go ndéanfadh siad difear dóibh ar bhealach leordhóthanach díreach. Tháinig an rialachán maidir le coinníollacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021 agus comhlánaíonn sé nósanna imeachta eile arna mbunú le reachtaíocht an Aontais chun buiséad an Aontais a chosaint. Sheas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go hiomlán le bailíocht an rialacháin maidir le coinníollacht in dhá bhreithiúnas ó 2022 ( 49 ). Tar éis na mbreithiúnas sin, ghlac an Coimisiún a threoirlínte maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin maidir le coinníollacht ( 50 ).

    Tá an rialachán maidir le coinníollacht mar chuid den ‘bhosca uirlisí maidir leis an smacht reachta’ lena n‑áirítear ionstraimí éagsúla arb é is aidhm dóibh urraim do phrionsabail an smachta reachta sna Ballstáit a chosaint. Le rialachán na bhforálacha coiteanna ( 51 ) ceadaítear bearta chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás nach n‑urramaítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Áirítear leis an tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta moltaí do na Ballstáit chun feabhas a chur ar an smacht reachta, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil na saincheisteanna ábhartha chun buiséad an Aontais a chosaint (i.e. maidir le céimeanna reachtacha molta, mar shampla, chun sláine na n‑ardfheidhmeanna feidhmiúcháin a fheabhsú, trédhearcacht faisnéise maidir le húinéireacht na meán). Leis na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a glacadh in 2021 agus 2022 faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ( 52 ), treisítear freisin an urraim don smacht reachta agus do chosaint bhuiséad an Aontais, a mhéid atá garspriocanna iontu lena dtugtar aghaidh ar mholtaí tírshonracha a bhaineann le saincheisteanna an smachta reachta. Mar shampla, i gcás na hUngáire, rinneadh na bearta feabhais arna dtíolacadh ag an Ungáir i gcomhthéacs an nós imeachta faoin rialachán maidir le coinníollacht a thrasuí i ngarspriocanna comhfhreagracha faoi phlean téarnaimh agus athléimneachta na hUngáire.

    Tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an staid ar fud na mBallstát uile faoin rialachán maidir le coinníollacht ó bhí mí Eanáir 2021 ann. Cuirfidh an Coimisiún tús leis an nós imeachta faoin rialachán maidir le coinníollacht má chomhlíontar a choinníollacha uile.

    An 15 Nollaig 2022, tar éis togra ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle bearta chun buiséad an Aontais a chosaint faoin rialachán maidir le coinníollacht i gcás na hUngáire. Chinn an Chomhairle 55 % de na cistí a chur ar fionraí le haghaidh trí chlár ( 53 ) faoin mbeartas comhtháthaithe, arbh fhiú thart ar EUR 6.3 billiún san iomlán iad le haghaidh na tréimhse 2021-2027, agus chuir sí cosc ar ghealltanais dhlíthiúla nua a dhéanamh le hiontaobhais leasa phoiblí nó le heintitis a choinníonn siad ar bun (ar ollscoileanna go leor acu) faoi aon chlár de chuid an Aontais atá á bhainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún. Cuireadh san áireamh leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle bearta feabhais a mhol an Ungáir ach nár cuireadh chun feidhme go hiomlán, go leordhóthanach ná i gceart go fóill, lena n‑áirítear údarás neamhspleách sláine a bhunú a bhfuil cumhachtaí fairsinge aige chun cothrom na Féinne a áirithiú i nósanna imeachta soláthair phoiblí agus chun rannchuidiú le calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú. Rinneadh agóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh (tá an cás fós ar feitheamh) i gcoinne an toirmisc maidir le hiontaobhais leasa phoiblí agus eintitis a choinníonn siad ar bun (ollscoileanna).

    De bhun an rialacháin maidir le coinníollacht, is féidir leis an Ungáir fógra a thabhairt don Choimisiún agus a iarraidh ar an gComhairle deireadh a chur leis na bearta buiséadacha nó iad a oiriúnú, tar éis mheasúnú an Choimisiúin, trína léiriú gur ceartaíodh an staid, go hiomlán nó i bpáirt. In éagmais fógra i scríbhinn den sórt sin ón Ungáir, rinne an Coimisiún athmheasúnú ar an staid an 13 Nollaig 2023 agus chinn sé nár ghlac an Ungáir bearta feabhais nua lena dtabharfaí aghaidh go leordhóthanach ar na saincheisteanna a bhí fós gan réiteach. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh buiséad an Aontais fós ar an leibhéal céanna riosca agus nár cheart na bearta buiséadacha a rinne an Chomhairle ag deireadh 2022 a oiriúnú ná deireadh a chur leo. I bpróiseas comhthreomhar faoi rialacha rialachán na bhforálacha coiteanna, mheas an Coimisiún gur thug an Ungáir aghaidh go leordhóthanach ar chuid de na saincheisteanna as ar eascair bac a bheith á chur ag an gCoimisiún roimhe sin ar aisíocaíocht caiteachais toisc nár chomhlíon sé ceann dá choinníollacha cumasúcháin cothrománacha a mhéid a bhaineann le saincheisteanna maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna. Dá bhrí sin, ba é an toradh a bhí air sin go ndearnadh an bac a bhaint de chuid de na cistí don Ungáir faoi rialachán na bhforálacha coiteanna.

    Thuairiscigh an Coimisiún ar chur i bhfeidhm an rialacháin an 12 Eanáir 2024. Díríodh sa tuarascáil ar an méid seo a leanas: (1) na gníomhaíochtaí a rinne an Coimisiún i gcur i bhfeidhm an rialacháin, lena n‑áirítear an nós imeachta a cuireadh ar bun i gcás na hUngáire; (2) comhlántacht an rialacháin le hionstraimí ábhartha eile amhail rialachán na bhforálacha coiteanna; (3) meastóireacht an Choimisiúin ar éifeachtacht na mbeart a glacadh go dtí seo; agus (4) éifeachtacht fhoriomlán an nós imeachta a shocraítear leis an rialachán maidir le coinníollacht. Deimhníodh roimh ré leis an tuarascáil éifeachtacht agus acmhainneacht na mbeart cosanta a glacadh faoi chás na hUngáire.

    In 2023, rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchadh ar an smacht reachta san Aontas, lenar díríodh ar an rialachán maidir le coinníollacht, ar a idirghníomhú leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ar an gcoinníollacht faoi rialacha an bheartais chomhtháthaithe. Leis an tuarascáil iniúchóra ( 54 ), a foilsíodh i mí Eanáir 2024, tugadh barúlacha dearfacha ar an iomlán maidir le láimhseáil an rialacháin maidir le coinníollacht agus maidir leis na himeachtaí maidir leis an Ungáir mar an chéad chás as ar eascair cinneadh maidir le fionraí. Agus an chuid is mó de mholtaí na Cúirte á nglacadh aige, d’aithin an Coimisiún go bhféadfaí tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh agus gheall sé leanúint d’fhaisnéis ábhartha a bhailiú agus a mheasúnú go mhionchúiseach.

    1.7.Athbhreithniú ar an rialachán airgeadais (athmhúnlú)

    I mí na Bealtaine 2022, mhol an Coimisiún athbhreithniú spriocdhírithe (athmhúnlú) ar an rialachán airgeadais ( 55 ) chun an buiséad a dhéanamh níos sofhreagrúla, níos trédhearcaí agus cosanta ar bhealach níos fearr. Thángthas ar chomhaontú polaitiúil an 7 Nollaig 2023. Meastar go dtiocfaidh an téacs deiridh i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair nó i mí Dheireadh Fómhair 2024, agus go mbeidh feidhm ag roinnt forálacha ina dhiaidh sin, i gcásanna áirithe amhail ó 2028 ar aghaidh.

    Leis an athmhúnlú, bainfear amach na hailínithe is gá leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil atá i bhfeidhm faoi láthair, cuirfear feabhas ar bhainistiú géarchéime (ceachtanna a foghlaimíodh le linn ghéarchéim COVID-19) agus ar chur chun feidhme chistí an Aontais agus feabhsófar cosaint leasanna airgeadais an Aontais, mar a leanas.

    Rialacha airgeadais an Aontais a oiriúnú do dhomhan athraithe. Leis an athmhúnlú, tabharfar isteach rialacha níos soiléire agus níos solúbtha maidir le soláthar i staideanna géarchéime. Tabharfar isteach leis freisin rialacha soiléire maidir le tabhartais chomhchineáil agus bunús dlí soiléir don Aontas chun páirt a ghlacadh i dtionscnaimh dhomhanda. Déanfar na rialacha maidir le tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe i réimse na cabhrach daonnúla, na n‑oibríochtaí tacaíochta éigeandála, na n‑oibríochtaí cosanta sibhialta nó na cabhrach bainistithe géarchéime a shimpliú. Ina theannta sin, tabharfar isteach treoirlínte nua maidir le fóirdheontais eachtracha shaobhacha a bhainistiú agus rialacha maidir leis an tslándáil agus leis an ord poiblí. Tiocfaidh fíorfheabhsuithe astu sin chun feabhas a chur ar bhainistiú géarchéime amach anseo agus neartófar slándáil agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais.

    Simpliú agus cuíchóiriú. Beidh deontais ar luach an‑íseal (faoi bhun EUR 15 000) faoi réir ualach maorlathach i bhfad níos lú. Déanfar na rialacha maidir le tairbhithe agus iarratas á dhéanamh acu ar dheontais ón Aontas a shoiléiriú agus a shimpliú, rud a léireoidh an taithí phraiticiúil a fuarthas. Áiritheofar leis sin gur féidir rochtain a fháil ar chistiú ón Aontas ar bhealach níos éasca agus níos éifeachtúla chun tairbhe na dtairbhithe deiridh.

    Luachanna an Aontais, comhionannas inscne agus cearta sóisialta. Cuirfear isteach tagairtí don urraim do na cearta sin agus don chomhshaol agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme.

    Trédhearcacht agus cosaint bhuiséad an Aontais. Cruthófar suíomh gréasáin láraithe le haghaidh trédhearcachta maidir le húsáid bhuiséad an Aontais agus maidir le faighteoirí cistithe ón Aontas (an córas trédhearcachta airgeadais feabhsaithe). Leathnófar an córas luathbhraite agus eisiaimh chun bainistíocht chomhroinnte agus ionstraimí a bheidh ann amach anseo i mbainistíocht dhíreach leis na Ballstáit a chumhdach ó 2028 ar aghaidh. Déanfar uirlis nuachóirithe mianadóireachta sonraí agus scórála riosca, bunaithe ar Arachne ( 56 ) atá ann cheana, a leathnú chun gach modh bainistíochta a chumhdach; beidh sé éigeantach an uirlis sin a chothú le sonraí ábhartha ó 2028 ar aghaidh.

    Úsáid na huirlise aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca – Arachne

    Ina thogra le haghaidh rialachán airgeadais 2022, mhol an Coimisiún cosc, brath, ceartú agus obair leantach na calaoise agus na mírialtachtaí a threisiú trí shonraí a thaifeadadh agus a stóráil go leictreonach caighdeánaithe maidir le faighteoirí cistithe ón Aontas, lena n‑áirítear a n‑úinéirí tairbhiúla, chuig gach modh cur chun feidhme bhuiséad an Aontais (bainistiú comhroinnte, díreach agus indíreach). Áirítear ar na bearta molta úsáid a bhaint as córas teicneolaíochta faisnéise comhtháite aonair le haghaidh mianadóireacht sonraí agus scóráil riosca (arna soláthar ag an gCoimisiún) chun rochtain agus anailís a dhéanamh ar shonraí maidir le faighteoirí cistithe ón Aontas agus chun gur féidir conarthaí agus faighteoirí a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith soghabhálach i leith rioscaí. Ba cheart don chóras teicneolaíochta faisnéise measúnú riosca a éascú chun críocha roghnúcháin, bronnta, bainistiú airgeadais, faireacháin, imscrúdaithe, rialaithe agus iniúchta. Ba cheart dó rannchuidiú freisin le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa, cistiú dúbailte agus neamhrialtachtaí eile a chosc, a bhrath, a cheartú agus bearta leantacha a dhéanamh ina leith go héifeachtach.

    Tar éis chomhaontú polaitiúil an 7 Nollaig 2023, éilíonn athmhúnlú an rialacháin airgeadais uirlis nuachóirithe mianadóireachta sonraí agus scórála riosca, bunaithe ar an uirlis atá ann cheana, a úsáidfear i ngach modh bainistíochta. Úsáideann seirbhísí an Choimisiúin agus roinnt Ballstát an uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca atá ann faoi láthair, Arachne, ar bhonn deonach sa bhainistíocht chomhroinnte agus don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Beidh sé éigeantach do na Ballstáit go léir sonraí a chur ar fáil don uirlis ón gcéad chreat airgeadais eile ar aghaidh. Ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar ullmhacht na huirlise athbhreithnithe faoi 2027 maidir le hidir-inoibritheacht le córais agus bunachair sonraí TF eile (lena seachnaítear tuairisciú dúbailte), táscairí riosca atá dírithe ar riachtanais úsáideoirí, intleacht shaorga chun sonraí agus cosaint sonraí a anailísiú agus a léirmhíniú. Ar an mbonn sin, féadfaidh na comhreachtóirí plé arís a bheith acu faoin bhféidearthacht maidir le húsáid éigeantach.

    In 2023, i gcomhthráth leis an bplé ar an togra le haghaidh athmhúnlú ar rialachán airgeadais, d’oibrigh ranna an Choimisiúin le húsáideoirí na huirlise, lena n‑áirítear institiúidí an Aontais agus an soláthraí réitigh, chun gnéithe breise den uirlis a phlé, amhail ceanglais theicniúla, cosaint sonraí, táscairí riosca agus catagóirí sonraí.

    1.Rialuithe costéifeachtacha lena gcosnaítear buiséad an Aontais.

    Chun a áirithiú go leanfaidh rialuithe de bheith costéifeachtach, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir na nithe seo a leanas.


    An Éifeachtúlacht. An leibhéal earráidí arna fháil bunaithe ar na rialuithe a dhéantar, lena bhfágtar go mbítear in ann an caiteachas a ghrúpáil i gcatagóirí riosca éagsúla.

    An Éifeachtúlacht. An meánam chun íocaíocht a dhéanamh. Seachas sin, bíonn bealaí nua á lorg agus á bhforbairt ag an gCoimisiún i gcónaí chun an éifeachtúlacht a mhéadú, go háirithe trí shineirgí a chruthú cibé cás inar féidir.

    An Geilleagar. An chomhréireacht idir costais na rialuithe agus na gcistí a bhainistítear.

    Baintear amach cost‑éifeachtúlacht trí dhifreáil an rialaithe: spreagfaidh réimsí lena mbaineann níos mó rioscaí leibhéal grinnscrúdaithe níos airde agus/nó minicíocht rialuithe níos airde, cé gur cheart, i gcás réimsí nach mbaineann a oiread rioscaí leo, go bhfágfadh sé sin nach mbeidh rialuithe chomh dian, chomh costasach ná ualach chomh trom céanna i gceist leo. I measc bealaí eile chun costéifeachtúlacht na rialuithe a áirithiú, áirítear an riosca earráidí a laghdú trí rialacha simplithe agus/nó próisis shimplithe (amhail roghanna simplithe maidir le costais, i.e. cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costais aonaid), trasiontaoibh i measúnuithe atá ann cheana agus/nó iniúchtaí agus rialuithe arna gcomhlíonadh ag eintitis eile agus barainneacht scála a bhaint amach trí na feidhmeanna rialaithe a chomhthiomsú.



    1.1.Le torthaí an Choimisiúin ó thaobh rialú de, deimhnítear go mbíonn buiséad an Aontais dea-chosanta

    1.1.1.Torthaí foriomlána le haghaidh 2023

    Measann an Coimisiún go bhfuil an buiséad cosanta go héifeachtach nuair a bheidh an riosca faoi bhun 2 %, tráth a dhúnfar na cláir ar a dhéanaí (i.e. nuair a bheidh gach rialú, ceartúchán agus gnóthú curtha chun feidhme). Is é sin an tairseach ábharthachta chéanna a úsáideann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na coincheapa sin agus faoin modheolaíocht a úsáidtear chun na meastacháin sin a chinneadh, in éineacht leis na torthaí rialaithe maidir le gach réimse beartais, féach Iarscríbhinn 5. Bunaithe ar na hiniúchtaí agus ar na rialuithe a dhéantar, déanann ranna an Choimisiúin meastachán gach bliain i ndáil le leibhéal an riosca a bhaineann le dlíthiúlacht agus le rialtacht chaiteachas an Aontais ag dhá chéim den timthriall rialaithe ilbhliantúil: tráth na híocaíochta agus tráth dhúnadh na gclár.

    Le haghaidh 2023, tá riosca foriomlán an Choimisiúin tráth íocaíochta agus riosca an Choimisiúin tráth an dúnta i gcomhréir le 2022, agus an dá riosca sin faoi bhun na tairsí ábharthachta de 2 %.

    Foinse: an Coimisiún Eorpach

    Iomlán na mbeart coisctheach agus ceartaitheach a chuir an Coimisiún agus na Ballstáit chun feidhme: EUR 3.8 billiún (2022 – EUR 4.9 billiún).

    Forchoimeádais: 14 (15 in 2022) ag a bhfuil tionchar airgeadais iomlán de EUR 1 290 milliún (EUR 877 milliún in 2022).

    Foinse: An Coimisiún Eorpach, na tuarascálacha bliantúla ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht 2017-2023 le haghaidh bhuiséad an Aontais.

    Is éard atá sa Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht le haghaidh Bhuiséad an Aontais achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ó 51 roinn de chuid an Choimisiúin. Déantar an caiteachas a chumhdaítear i ngach ceann de na tuarascálacha sin a leithdháileadh ina iomláine ar cheann de sheacht gceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil. Cosúil le 2022, i bhfianaise a mhéide, roinneadh an caiteachas ar ‘slándáil agus cosaint’ in Ard‑Stiúrthóireacht an Tionscail Cosanta agus an Spáis idir ceannteideal 1 agus ceannteideal 5. Déantar tuairisc ar an staid maidir le gach réimse beartais thíos.

    1.1.2.Torthaí rialaithe in aghaidh deighleoga clár riosca níos ísle, meánriosca agus ardriosca

    Tá faisnéis iontaofa atá bunaithe ar fhianaise ag an gCoimisiún a léiríonn staid éagsúlaithe na gcistí a bhainistíonn sé. Sainaithnítear ann na cláir nó na deighleoga caiteachais lena mbaineann riosca níos airde, rud a chuireann ar a chumas a thacaíocht a chur ar fáil go héifeachtúil agus aghaidh a thabhairt ar laigí sonracha fiú i gcás beartais a bhfuil riosca níos ísle ag baint leo, ar fud an domhain, amhail an comhbheartas talmhaíochta. Bunaithe ar an riosca tráth na híocaíochta (i.e. sula gcuirfear aon cheartú chun feidhme amach anseo), roinneann an Coimisiún an caiteachas bliantúil ina riosca níos ísle tráth na híocaíochta (faoi bhun 2.0 %), ina mheánriosca tráth na híocaíochta (idir 2.0 % agus 2.5 %) agus ina riosca níos airde tráth na híocaíochta (os cionn 2.5 %); Féach an chairt thíos. Maidir le hacmhainní nádúrtha agus comhtháthú, cuirtear an anailís seo i bhfeidhm freisin ar leibhéal na ngníomhaireachtaí agus na gclár íocaíochta aonair sna Ballstáit, faoi seach.

    Catagóiriú chaiteachas an Choimisiúin Eorpaigh i ndeighleoga lena mbaineann riosca níos ísle, meánriosca agus riosca níos airde, mar chéatadáin d’iomlán an chaiteachais ábhartha le haghaidh 2023

    Foinse: Tuarascálacha bliantúla an Choimisiúin Eorpaigh ar ghníomhaíochtaí le haghaidh 2023.

    Dá bhrí sin, roinntear caiteachas an Choimisiúin mar seo a leanas.

    Riosca níos ísle. B’ionann an deighleog sin agus EUR 113.6 billiún in 2023 (66.6 % den chaiteachas in 2023 i gcomparáid le 63.1 % den chaiteachas in 2022. Áiríodh leis sin an caiteachas arna bhainistiú ag gníomhaireachtaí íocaíochta faoin gcomhbheartas talmhaíochta (54 as 66 in íocaíochtaí díreacha agus 45 as 72 i bhforbairt tuaithe); caiteachas arna dhearbhú ag 231 as 493 chlár faoi chistí an bheartais chomhtháthaithe ( 57 ); caiteachas a bhaineann le deontais na Comhairle Eorpaí um Thaighde in Fís 2020, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa – an tSaoráid um Iompar agus um Chónascadh na hEorpa – Fuinneamh; Erasmus+; gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie; ranníocaíochtaí le roinnt gníomhaireachtaí (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, etc.); an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht; an Ciste Slándála Inmheánaí; cabhair dhaonnúil; Ionstraimí airgeadais Fhís Eorpach; caiteachas sa chomharsanacht agus sa réimse beartais domhanda; agus caiteachas riaracháin i gcoitinne.

    Meánriosca. B’ionann an deighleog sin agus EUR 15.7 billiún in 2023 (9.2 % den chaiteachas i gcomparáid le 12.0 % in 2022). Áiríodh leis sin an caiteachas arna bhainistiú ag gníomhaireachtaí íocaíochta faoin gcomhbheartas talmhaíochta (cúig cinn in íocaíochtaí díreacha agus seacht gcinn i bhforbairt tuaithe), caiteachas arna dhearbhú ag 156 as 493 chlár faoi chistí an bheartais chomhtháthaithe ( 58 ); deontais sa chlár nua ‘an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa – iompar’ don tréimhse 2021-2027. Áiríodh leis sin freisin caiteachas a bhaineann go díreach leis an gclár Fís Eorpach nó go hindíreach, amhail an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht.

    Riosca níos airde. B’ionann an méid sin agus EUR 41.4 billiún in 2023 (24.2 % den chaiteachas, cosúil le 2022 (24.9 %)). Áiríodh leis sin caiteachas 7 ngníomhaireacht íocaíochta as 66 in íocaíochtaí díreacha; 20 as 72 i bhforbairt tuaithe faoin gcomhbheartas talmhaíochta; caiteachas arna dhearbhú ag 106 chlár as 493 chlár faoi chistí an bheartais chomhtháthaithe ( 59 ) a bhfuil riosca níos airde ag baint leis tráth na híocaíochta nó a bhfuil easnaimh thromchúiseacha ag baint leis ( 60 ); agus roinnt caiteachais ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (4 chlár as 27 gclár).

    Deimhnítear in anailís mhionsonraithe an Choimisiúin go bhfuil dlúthbhaint ag an leibhéal earráide le cineál an chistithe. Baineann riosca measartha níos ísle tráth na híocaíochta le formhór na gclár nó na ndeighleog caiteachais, arb ionann iad agus níos mó ná 50 % de chaiteachas ábhartha na bliana, toisc go gcuimsítear leo íocaíochtaí simplí bunaithe ar theidlíocht. Ar an taobh eile, is cosúil go bhfuil riosca réasúnta níos airde tráth na híocaíochta ag baint le roinnt clár nó deighleoga caiteachais lena mbaineann rialacha casta atá bunaithe ar aisíocaíocht (mar is gnách faoin mbeartas comhtháthaithe, agus go leor rialacha náisiúnta, réigiúnacha nó cláir is infheidhme sa bhreis ar rialacha an Aontais). Mar sin féin, leis na córais rialaithe atá i bhfeidhm, féadfar na rioscaí a bhaineann le cuid de na cláir is casta a mhaolú agus, mar thoradh air sin, féadfar an leibhéal riosca tráth na híocaíochta a laghdú.

    Tá dlúthfhaireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar na rioscaí tráth na híocaíochta agus tráth an dúnta le haghaidh na gclár agus na ndeighleog éagsúil caiteachais agus tá gníomhaíocht bhreise á déanamh aige chun iad a laghdú. Maidir leis na catagóirí meánriosca agus ardriosca go háirithe, bíonn an Coimisiún i gcónaí ag lorg bealaí chun iad a laghdú a thuilleadh trí fheasacht na dtairbhithe agus na gcomhpháirtithe cur chun feidhme ar shaincheisteanna a ardú, na straitéisí rialaithe a choigeartú i gcás inar gá, na ceachtanna a foghlaimíodh a chur i bhfeidhm ar chláir a bheidh ann amach anseo agus rialacha a shimpliú nuair is féidir.



    1.1.3.Torthaí rialaithe de réir réimsí beartais

    Ceannteideal 1 – an margadh aonair, nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha

    Caiteachas ábhartha iomlán: EUR 19.1 billiún (2022 – EUR 20.4 billiún).

    Riosca tráth na híocaíochta: 1.4 % (2022 – 1.5 %).

    Riosca tráth an dúnta: 1.0 % (2022 – 1.1 %).

    Iomlán na mbeart coisctheach agus ceartaitheach: EUR 149.8 milliún (2022 – EUR 171 mhilliún):

    ·Bearta coisctheacha: EUR 121.1 milliún (2022 – EUR 144 mhilliún): 

    ·Bearta ceartaitheacha: EUR 28.6 milliún (2022 – EUR 27 milliún):

    Forchoimeádas: forchoimeádas clú amháin gan tionchar airgeadais (2022 – dhá fhorchoimeádas gan tionchar airgeadais).

    In 2023, tháinig méadú ar na rioscaí ar íocaíocht (1.4 %) agus ar dhúnadh (1.0 %) i gcomparáid le 2022. Is é an laghdú ar an riosca íocaíochta don chlár Fís 2020, a chomhfhreagraíonn do na príomhíocaíochtaí in 2023 atá mar chúis don méadú sin. D’fhéadfaí an laghdú sin ar an riosca tráth na híocaíochta ó 2.71 % go 2.57 % a mhíniú tríd an úsáid mhéadaithe a bhaintear as foirmeacha simplithe cistiúcháin, lena náirítear cnapshuimeanna agus costais aonaid, mar aon le tacaíocht bhreise do chineálacha tairbhithe a bhfuil rátaí earráide níos airde ná an meán acu (amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide agus fiontair nua) le feachtais chumarsáide agus oiliúint spriocdhírithe.

    Mar a tharla sna blianta roimhe seo, agus in ainneoin iarrachtaí agus feabhsuithe leanúnacha, d’fhan an riosca tráth na híocaíochta le haghaidh Fís 2020 os cionn 2 %. Is é is cúis leis sin den chuid is mó castacht bhunúsach na rialacha, agus tá sé i gcomhréir le leibhéil na mblianta roimhe sin. Mar sin féin, níor cháiligh na ranna taighde a ndearbhuithe dearbhaithe le haon fhorchoimeádas maidir leis an gclár Fís 2020 ( 61 ).



    Maidir leis na cláir eile, bhí ráta earráidí iarmharacha os cionn 2 % ag líon beag deighleog. Ní raibh aon tionchar aige sin ar an dearbhú, áfach, mar gheall ar an miontionchar airgeadais ( 62 ). Ós rud é, i gcás Fís Eorpach, go raibh íocaíochtaí fós teoranta in 2023, agus nár cuireadh tús le rialuithe ex post go fóill, úsáideadh meastachán coimeádach ar an riosca tráth na híocaíochta, a socraíodh ag 2 %.

    Cuireadh deireadh leis an dá fhorchoimeádas clú a d’eisigh Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide agus Ard‑Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta in 2022 maidir leis an gcreat rialachais a bhaineann le clár na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí nach bhfuil sainithe agus curtha chun feidhme go leordhóthanach agus maidir le laigí rialaithe inmheánaigh eile mar gheall ar chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta gaolmhara in 2023.

    In 2023, d’eisigh an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde forchoimeádas clú amháin maidir leis an ardleibhéal coinbhleachta leasa agus tearcfheidhmíochta atá aitheanta agus a bhfuil amhras fúthu sna deontais iltairbhí atá mar chuid den chlár um tháirgí talmhaíochta a chur chun cinn. Tá gníomhaíochtaí ceartaitheacha á gcur chun feidhme, amhail oiriúnú straitéis rialaithe an chláir, iniúchtaí sonracha agus íocaíochtaí achrannacha a chur ar fionraí. Amach anseo, is é an cuspóir atá ann athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht a thagann faoi inniúlacht an Choimisiúin chun an easpa coinbhleachtaí leasa a threisiú agus feidhmíocht na gclár a fheabhsú.



    Ceannteideal 2 – comhtháthú, athléimneacht agus luachanna

    Caiteachas ábhartha iomlán: EUR 67.3 billiún (2022 – EUR 67.5 billiún).

    Riosca tráth na híocaíochta: 2.6 % (2022 – 2.6 %).

    Riosca tráth an dúnta: 1.2 % (2022 – 1.3 %).

    Iomlán na mbeart coisctheach agus ceartaitheach (an Coimisiún agus na Ballstáit): EUR 2 370.9 milliún (2022 – EUR 3.1 billiún):

    ·Bearta coisctheacha: EUR 1 643.7 milliún (2022 – EUR 2.3 billiún);

    ·Bearta ceartaitheacha: EUR 727.2 milliún (2022 – EUR 789 milliún).

    Forchoimeádais: trí fhorchoimeádas a bhfuil tionchar airgeadais EUR 583 mhilliún acu (2022 – ceithre fhorchoimeádas a bhfuil tionchar airgeadais EUR 310 milliún acu).

    D’fhan an riosca tráth na híocaíochta don cheannteideal seo seasmhach ag 2.6 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, agus tháinig laghdú beag ar an riosca tráth an dúnta ó 1.3 % go 1.2 %. Na méideanna a íocadh as cistí an bheartais chomhtháthaithe ( 63 ) arna mbainistiú faoi bhainistíocht chomhroinnte, arbh fhiú thart ar 92 % den chaiteachas ábhartha iomlán don cheannteideal seo, ba iad ba chúis leis an riosca tráth na híocaíochta agus an riosca tráth an dúnta den chuid is mó.

    Léirigh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe méadú ar an riosca tráth na híocaíochta ( 64 ) ó raon idir 1.9 % agus 2.7 % in 2022 go raon idir 2.0 % agus 2.9 % in 2023. Is é is cúis leis an méadú sin den chuid is mó méadú suntasach ar na rátaí earráide deimhnithe le haghaidh dhá chlár oibríochtúla ag a bhfuil ualú coibhneasta tábhachtach sa ráta earráide domhanda mar gheall ar na méideanna arda (i.e. 4.4 % den chaiteachas deimhnithe iomlán), ar tugadh easnaimh i bhfíoruithe bainistíochta faoi deara ina leith. Léirigh Ciste Sóisialta na hEorpa, an tionscnamh fostaíochta don aos óg agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí laghdú ar an riosca tráth na híocaíochta, ó raon idir 1.9 % agus 2.8 % in 2022 go raon idir 1.7 % agus 2.6 % in 2023.

    I gcás chistí uile an bheartais chomhtháthaithe, d’ainneoin iarrachtaí leanúnacha chun feabhas a chur ar fheidhmiú na gcóras rialaithe, d’fhan an riosca tráth na híocaíochta ábhartha sa raon 1.9 % go 2.8 % ( 65 ), cosúil leis an raon 1.9 % go 2.7 % a breathnaíodh in 2022. Rinne an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht na gcóras bainistíochta agus rialaithe agus ar dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais sna cuntais ar leibhéal an chláir, rud a chuir ar a chumas staid dhifreáilte agus rátaí riosca aonair a thuairisciú, agus ar an gcaoi sin na cláir a fheidhmíonn go maith agus iad siúd a bhfuil easnaimh fós ag baint leo a shainaithint, mar aon leis na cineálacha gníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá agus na ceartuithe airgeadais breise is gá. Chuir an Coimisiún ceartuithe airgeadais breise i bhfeidhm le haghaidh na gclár i gcás inar dheimhnigh sé rátaí earráide aonair os cionn 2 % ionas go raibh an riosca tráth an dúnta faoi bhun 2 % i ndeireadh na dála le haghaidh na gclár uile. Bhí ceartúcháin mheasta amach anseo comhfhreagrach le raon 0.6 % go 1.5 %, rud a d’fhág go raibh riosca measta 1.2 % ann tráth an dúnta. Táthar ag súil go leanfaidh an riosca tráth an dúnta de bheith ag titim go dtí go ndúnfar an clár agus go dtí go ndéanfar an measúnú deiridh ar dhlíthiúlacht agus rialtacht bhunchaiteachas na gclár uile, a luaithe a bheidh bearta leantacha ar na torthaí iniúchóireachta uile curtha i gcrích.

    I ndáil le cistí an bheartais chomhtháthaithe do chlárthréimhse 2014-2020, chuir na Ballstáit bearta coisctheacha chun feidhme ar mhéid EUR 1 632 mhilliún agus bearta ceartaitheacha chun feidhme ar mhéid EUR 598 milliún. Ar thaobh amháin, cuirtear an méid deireanach sin i leith rialuithe na mBallstát féin (EUR 566 mhilliún) agus, ar an taobh eile, de bharr rialuithe an Choimisiúin, cuirtear é chuig obair leantach ar imscrúduithe ar an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise agus iniúchtaí ar iniúchtaí na Cúirte Iniúchóirí (EUR 32 mhilliún). Tá na bearta ceartaitheacha a cuireadh chun feidhme réasúnta comhsheasmhach le leibhéal na gceartúchán a cuireadh chun feidhme anuraidh de EUR 656 mhilliún. Ina theannta sin, do chlárthréimhse 2007-2013, chuir an Coimisiún bearta ceartaitheacha chun feidhme ar mhéid EUR 126 mhilliún.

    Gné shonrach amháin de chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 is ea gur gá do na Ballstáit sraith coinníollacha cumasúcháin téamacha agus cothrománacha a chomhlíonadh chun gur féidir na cistí a chur chun feidhme go héifeachtach. Ag deireadh 2023, measadh gur comhlíonadh thart ar 86 % de na coinníollacha cumasúcháin téamacha is infheidhme i gcás na gclár arna nglacadh faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, faoin gCiste Comhtháthaithe agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus. Mar gheall ar na coinníollacha cumasúcháin nár comhlíonadh fós, níorbh fhéidir 17 % den leithdháileadh do sprioc na bpost agus an fháis a aisíoc.

    Ar an iomlán, tá dearbhú réasúnta ag an gCoimisiún go bhfeidhmíonn na córais bhainistíochta agus rialaithe go leordhóthanach le haghaidh 92.5 % de na cláir ( 66 ). Tá na príomhchatagóirí neamhrialtachtaí arna sainaithint ag údaráis iniúchóireachta na mBallstát agus ag an gCoimisiún cosúil leis na cinn arna sainaithint ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa: caiteachas neamhincháilithe, tionscadail nó tairbhithe neamhincháilithe, earráidí i nósanna imeachta soláthair phoiblí agus faisnéis nó doiciméadacht tacaíochta in easnamh. I gcás roinnt clár, áfach, níor braitheadh earráidí fós ar leibhéal na mBallstát mar gheall ar easnaimh i bhfeidhmiú roinnt údarás bainistíochta nó a gcomhlachtaí idirmheánacha (ag déanamh an chéad leibhéal rialuithe) agus i roinnt údarás iniúchóireachta (an dara leibhéal rialuithe). Tuairiscítear na cláir sin sna forchoimeádais a eisítear i dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí na ranna lena mbaineann de chuid an Choimisiúin. Mar thoradh ar na cineálacha éagsúla iniúchtaí a rinne an Coimisiún in 2023 le haghaidh na gcistí comhtháthaithe, sainaithníodh torthaí an chórais agus na dtionscadal, rud a dheimhnigh ráta earráide iarmharacha os cionn 2 % le haghaidh 55 chlár ( 67 ). Léiríonn na neamhrialtachtaí sin, nár bhraith údaráis na mBallstát nó nár chainníochtaigh siad go leordhóthanach, an gá atá le tuilleadh feabhais a chur ar an réimse sin. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair le húdaráis na gclár in 2024 agus roinnfidh sé leo na cineálacha earráidí nár braitheadh ar a leibhéal chun cabhrú lena gcumais iniúchóireachta a fheabhsú.

    Ag deireadh 2023, eisíodh trí fhorchoimeádas i ndáil le cistí an bheartais chomhtháthaithe.

    Bhí dhá fhorchoimeádas ann don tréimhse 2014-2020 lenar áiríodh na cláir oibríochtúla uile lenar léiríodh, le linn na bliana, laigí suntasacha ina gcórais bainistithe agus rialaithe nó a raibh an ráta earráide ina leith os cionn na tairsí ábharthachta, nó, níos annaimhe ná sin, ar measadh an obair iniúchóireachta ar leibhéal an Bhallstáit gan a bheith leordhóthanach nó sásúil. Bhí an líon clár a bhí faoi fhorchoimeádas le haghaidh na tréimhse 2014-2020 (53) níos ísle ná an líon clár a bhí faoi fhorchoimeádas in 2022 (81). Mhéadaigh an tionchar airgeadais ó EUR 310 milliún go EUR 583 mhilliún. Ní chuirtear deireadh le forchoimeádais ach amháin nuair a bheidh bearta ceartaitheacha leordhóthanacha déanta. De ghnáth, ní cúiseanna struchtúracha iad na cúiseanna leis na forchoimeádais, agus tógann sé idir aon bhliain amháin agus 2 bhliain chun deireadh a chur le forchoimeádas. Chun tuilleadh mionsonraí faoi fhorchoimeádais a fháil, féach Imleabhar III, Iarscríbhinn 5.

    Bhí forchoimeádas amháin ann don tréimhse 2021-2027, i ndáil le cúig chlár ar sainaithníodh easnaimh thromchúiseacha fhéideartha sa chóras bainistíochta agus rialaithe ina leith i gcláir réamhtheachtacha 2014-2020, rud a d’fhág go raibh forchoimeádais ann mar ábhar stuamachta.

    Dá bhrí sin, d’ainneoin iarrachtaí leanúnacha agus feabhsuithe ar fheidhmiú na gcóras rialaithe, d’fhan an riosca tráth na híocaíochta don chomhtháthú os cionn na tairsí ábharthachta 2 %. Is é is cúis leis sin, den chuid is mó, castacht bhunúsach na dtionscadal a mhaoinítear leis na cistí sin, an éagsúlacht gníomhaithe lena mbaineann agus an deacracht a bhaineann le dul i ngleic le roinnt rialacha casta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, go háirithe na rialacha sin a bhaineann le soláthar poiblí agus Státchabhair. Tá laigí fós ar leibhéal na n‑údarás bainistíochta nó a gcomhlachtaí idirmheánacha den chuid is mó, in ainneoin iarrachtaí leanúnacha údaráis na gclár agus thacaíocht an Choimisiúin chun feabhas a chur ar an staid.

    Leanann an Coimisiún de bheart a dhéanamh chun tacú le húdaráis na gclár a gcórais bainistithe agus rialaithe a fheabhsú agus an riosca maidir le comhtháthú a thabhairt faoi bhun 2 %. In 2023, rinne an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, gníomhaíochtaí éagsúla chun tuilleadh feabhais a chur ar éifeachtacht na gcóras bainistíochta agus rialaithe agus chun cosc, brath agus ceartú earráidí a threisiú, lena n‑áirítear:

    tacú leis na húdaráis bhainistíochta agus iniúchóireachta feabhas a chur ar a nacmhainneachtaí riaracháin trí threoraíocht, tacaíocht spriocdhírithe, oiliúint leanúnach agus forbairt ghairmiúil, líonraí trasnáisiúnta chun nósanna imeachta a shimpliú agus rórialáil a sheachaint;

    roghanna costais simplithe agus maoiniú nach bhfuil nasctha le costais a chur chun cinn, ar lú an baol earráidí a bhaineann leo agus rochtain ar chistiú a éascú do thairbhithe beaga trí chúnamh agus tacaíocht a chur ar fáil d’údaráis na gclár chun na roghanna sin a ullmhú agus a mheasúnú do chláir 2021-2027 agus chun tuiscint a fháil ar na ceanglais a bhaineann le rialú;

    an uirlis mianadóireachta sonraí Arachne a sholáthar saor in aisce do na Ballstáit, úsáid na huirlise sin a chur chun cinn i measc na mBallstát a bhfuil drogall orthu agus feidhmiúlachtaí breise a fhorbairt, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar an acmhainneacht neamhrialtachtaí, amhras calaoise nó coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath;

    faireachán agus anailís leanúnach ar bhunchúiseanna na nearráidí nach mbraitheann na húdaráis bhainistíochta agus/nó iniúchóireachta ar leibhéal na mBallstát.



    Ceannteideal 3 – acmhainní nádúrtha agus an comhshaol

    Méid iomlán an chaiteachais ábhartha: EUR 58.1 billiún (2022 – EUR 57.7 billiún).

    Riosca tráth na híocaíochta: 1.9 % (2022 – 1.7 %).

    Riosca tráth an dúnta: 0.5 % (2022 – 0.4 %).

    Iomlán na mbeart coisctheach agus ceartaitheach (an Coimisiún agus na Ballstáit): EUR 1 157.6 milliún (2022 – EUR 1.5 billiún):

    ·Bearta coisctheacha: EUR 490.3 milliún (2022 – EUR 561 milliún);

    ·Bearta ceartaitheacha: EUR 667.4 milliún (2022 – EUR 956 mhilliún).

    Forchoimeádais: cúig fhorchoimeádas a bhfuil tionchar airgeadais EUR 705 mhilliún acu (2022 – cúig fhorchoimeádas a bhfuil tionchar airgeadais EUR 556 mhilliún acu).

    I gcás acmhainní nádúrtha agus an chomhshaoil, d’fhan an riosca tráth na híocaíochta faoi bhun na tairsí ábharthachta 2 %, arna shlánú go 1.9 %. Tá laghdú beag tagtha freisin ar na ceartúcháin a mheastar a bheidh ann amach anseo go 1.3 % de chaiteachas 2023 (1.4 % in 2022). Comhfhreagraíonn sé sin freisin do na torthaí rialaithe maidir le caiteachas talmhaíochta, a sheas d’fhormhór an chaiteachais sa réimse beartais seo (98 %), agus an chuid eile tiomnaithe do chaiteachas muirí agus iascaigh ( 68 ), comhshaoil agus aeráide.

    Maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta, cé go raibh an riosca tráth na híocaíochta ina iomláine faoi bhun an leibhéil ábharthachta don cheathrú bliain, tháinig méadú beag air in 2023 tar éis treocht leanúnach anuas a thabhairt faoi deara le roinnt blianta anuas. Comhfhreagraíonn an méadú sin don mhéadú ar na rátaí earráide le haghaidh íocaíochtaí díreacha faoin mbeartas, 1.48 % in 2023 ó 1.31 % in 2022, 1.44 % in 2021 agus 1.57 % in 2020, agus forbairt tuaithe (ó 2.68 % in 2022 go 2.77 % in 2023). Is é is cúis leis sin den chuid is mó coigeartuithe níos airde a rinne Ard‑Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe bunaithe ar a n‑iniúchtaí agus ar obair na gComhlachtaí Deimhniúcháin maidir leis na rátaí earráide arna dtuairisciú ag na Ballstáit. Maidir le híocaíochtaí díreacha, lean an toradh foriomlán le ráta earráide faoi bhun ábharthachta de bheith ag deimhniú go gcuireann an Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe, nuair a chuirtear chun feidhme é i gcomhréir leis na rialacha agus na treoirlínte is infheidhme, teorainn éifeachtach leis an riosca go mbeidh caiteachas neamhrialta ann.

    Maidir le bearta margaidh, tháinig laghdú ar an riosca tráth na híocaíochta ó 2.9 % in 2022 go 2.3 % in 2023. Is é is cúis leis sin i bpáirt go dtuairiscíonn na Ballstáit rátaí earráide níos ísle agus go gcuireann na Ballstáit bailchríoch freisin ar phleananna gníomhaíochta (nó go gcuireann siad bailchríoch i bpáirt orthu ar a laghad) chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sna córais.

    Lean caiteachas a bhaineann le hiascach, leis an gcomhshaol agus le tionscnaimh aeráide de bheith íseal ó thaobh riosca de. D’fhan an riosca tráth na híocaíochta don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh cobhsaí in 2023 (1.37 % i gcoinne 1.38% in 2022), cé go bhfuil clár amháin faoi fhorchoimeádas a bhfuil ceartuithe airgeadais agus bearta coimirce comhfhreagracha á gcur chun feidhme ina leith.

    Ag deireadh 2023, bhí cúig fhorchoimeádas atarlaitheacha le haghaidh catagóirí caiteachais nó cláir inar sainaithníodh laigí rialaithe agus/nó rátaí earráide os cionn 2 %:

    trí fhorchoimeádas don talmhaíocht maidir leis an méid seo a leanas:

    Bearta margaidh an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (ina bhfuil trí scéim cabhrach i dtrí Bhallstát agus forchoimeádas cothrománach amháin ( 69 )),

    íocaíochtaí díreacha (a dhéanann difear do 12 ghníomhaireacht íocaíochta in 11 Bhallstát) agus

    Bearta an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (a rinne difear do 21 ghníomhaireacht íocaíochta i 17 mBallstát agus sa Ríocht Aontaithe a raibh laigí rialaithe agus/nó rátaí earráide arda acu (go sealadach);

    forchoimeádas neamhchainníochtaithe amháin maidir le laigí sa chóras bainistithe agus rialaithe i mBallstát amháin i ndáil leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh;

    forchoimeádas amháin neamhchainníochtaithe do chlárlann chóras trádála astaíochtaí an Aontais.

    I ngach cás inar eascair forchoimeádais as na heasnaimh a sainaithníodh, tá dlúth‑obair leantach i bhfeidhm, lena n‑áirítear nósanna imeachta imréitigh comhréireachta chun buiséad an Aontais a chosaint i ndeireadh na dála, faireachán ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha arna ndéanamh ag na Ballstáit agus, i gcás inar gá, cur isteach ar íocaíochtaí leis na Ballstáit nó iad a laghdú/a chur ar fionraí. Leis an gcur chuige córasach beacht spriocdhírithe seo, is féidir buiséad an Aontais a chosaint (chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach Imleabhar III, Iarscríbhinn 5).



    Ceannteideal 4 – imirce agus bainistiú teorainneacha

    Méid iomlán an chaiteachais ábhartha: EUR 3.0 billiún (2022 – EUR 2.5 billiún).

    Riosca tráth na híocaíochta: 1.1 % (2022 – 1.4 %).

    Riosca tráth an dúnta: 1.0 % (2022 – 1.3 %).

    Iomlán na mbeart ceartaitheach agus coisctheach: EUR 2.5 milliún (an Coimisiún agus na Ballstáit) (2022 – EUR 8 milliún):

    ·Bearta coisctheacha: EUR 1.3 milliún (2022 – EUR 5 milliún);

    ·Bearta ceartaitheacha: EUR 1.1 milliún (2022 – EUR 3 mhilliún).

    Forchoimeádais: dhá fhorchoimeádas a bhfuil tionchar airgeadais EUR 0.8 milliún acu (2022 – dhá fhorchoimeádas a bhfuil tionchar airgeadais EUR 9 milliún acu).

    Maidir le himirce agus bainistiú teorainneacha ( 70 ), tháinig laghdú ar an riosca tráth na híocaíochta (1.1 %) agus ar an riosca tráth an dúnta (1 %) i gcomparáid le 2022, agus an dá riosca sin fós faoi bhun 2 %. In 2023, bhí méid na mbeart coisctheach agus ceartaitheach níos ísle ag EUR 2.5 milliún (EUR 1.3 milliún i mbearta coisctheacha agus EUR 1.1 milliún i mbearta ceartaitheacha). Mínítear an laghdú i gcomparáid le 2022 leis an mbearna ama idir an cinneadh agus an cur chun feidhme. Beidh ceartúcháin i gceist sna blianta ina dhiaidh, agus sna blianta ina dhiaidh amháin, i gcás thorthaí sé nós imeachta imréitigh comhréireachta a osclaíodh in 2023 don tréimhse 2014-2020. Ar an gcaoi chéanna, i gcás bearta coisctheacha, níor cuireadh cuid de ghníomhaíochtaí an chinnidh bhliantúil maidir le himréiteach ( 71 ) a rinneadh i mí na Nollag 2023, chun feidhme go dtí go luath in 2024.

    Is deighleoga caiteachais a mbaineann riosca íseal leo den chuid is mó a bhí sa réimse beartais sin. Measadh gur cineál caiteachais saor ó earráidí iad íocaíochtaí le gníomhaireachtaí díláraithe arna vótáil ag an údarás buiséadach agus gurbh fhiú 40 % den chaiteachas ábhartha le haghaidh 2023 iad. Tá riosca íseal freisin ag baint le cur chun feidhme an Chiste Slándála Inmheánaí, an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus na hIonstraime um Bainistiú Teorainneacha agus um Beartas Víosaí, faoin modh bainistíochta comhroinnte, ar fiú 36 % den chaiteachas ábhartha é, agus riosca foriomlán 1 % agus 0.3 % faoi seach ag tráth na híocaíochta, do chláirthréimhsí 2014-2020 agus 2021-2027.



    Ba é 21 % den chaiteachas ábhartha le haghaidh 2023 an t‑aon deighleog caiteachais a raibh riosca níos airde ag baint léi, arna cur chun feidhme go díreach ag an gCoimisiún. Bhí sé ag comhfhreagairt do dheontais le haghaidh ghníomhaíochtaí an Aontais agus do chúnamh éigeandála chun tacú leis na Ballstáit i réimsí na himirce agus an bhainistithe teorainneacha. Cé go bhfuil sé fós os cionn na tairsí ábharthachta, tháinig laghdú suntasach ar riosca tráth íocaíochta na deighleoige sin go 4 % ó 6.8 % in 2022 mar thoradh ar bhearta maolaithe spriocdhírithe.

    Ag deireadh 2023, sainaithníodh dhá fhorchoimeádas:

    forchoimeádas amháin maidir leis an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Beartas Víosaí (clárthréimhse 2021-2027), cainníochtaithe do Bhallstát amháin;

    forchoimeádas amháin maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus an Ciste Slándála Inmheánaí (clárthréimhse 2014-2020), cainníochtaithe don Íoslainn agus neamhchainníochtaithe do shé Bhallstát.



    Ceannteideal 5 – slándáil agus cosaint

    Méid iomlán an chaiteachais ábhartha: EUR 136.7 milliún (2022 – EUR 30.1 milliún).

    Riosca tráth na híocaíochta: 0.5 % (2022 – 0.5 %).

    Riosca tráth an dúnta: 0.5 % (2022 – 0.5 %).

    Iomlán na mbeart coisctheach: EUR 1.9 milliún (2022 – EUR 3 mhilliún).

    Forchoimeádais: ceann ar bith (2022 – ceann ar bith).

    Rinne an Coimisiún an chuid is mó den bhuiséad atá nasctha le tionscnaimh chosanta (i.e. an Ciste Eorpach Cosanta agus a chláir réamhtheachtacha, an gníomh chun tacú leis an gclár um tháirgeadh armlóin agus an clár Eorpach forbartha tionscal i réimse na cosanta) a bhainistiú go díreach trí sholáthairtí agus deontais, agus rinneadh cuid níos lú a bhainistiú trí ghníomhaireachtaí rialála agus eintitis iontaoibhe le ranníocaíochtaí leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus leis an Eagraíocht um Chomhchomhar Armála.

    Bhí an riosca tráth na híocaíochta agus an riosca tráth an dúnta araon ag 0.5 %, go mór faoi bhun 2 %. Is é is cúis leis sin an phróifíl íseal riosca go bunúsach atá ag na tairbhithe (gníomhaireachtaí den chuid is mó), módúlachtaí cistiúcháin na gclár éagsúil agus feidhmíocht na gcóras rialaithe gaolmhar.

    A mhéid a bhaineann leis na ceartúcháin a rinneadh in 2023, bhí sásra éifeachtach i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun earráidí a cheartú trí rialuithe ex ante agus ex post. Mar thoradh ar rialuithe ex ante(sula ndearnadh na híocaíochtaí), cuireadh bearta coisctheacha chun feidhme arbh fhiú EUR 1.9 milliún nár íocadh leis na tairbhithe. Is laghdú EUR 1.1 milliún é sin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, rud a mhínítear den chuid is mó le héifeacht fhadtéarmach iniúchtaí leanúnacha ar thuairisciú costais agus ar shásraí rialaithe inmheánaigh i gcaitheamh na mblianta. Níor braitheadh aon earráid eile tar éis na híocaíochta mar thoradh ar na rialuithe ex post, agus dá bhrí sin, níor ghá aon bheart ceartaitheach a chur i bhfeidhm.



    Ceannteideal 6 – an chomharsanacht agus an domhan

    Méid iomlán an chaiteachais ábhartha: EUR 14.2 billiún (2022 – EUR 13.6 billiún).

    Riosca tráth na híocaíochta: 0.8 % (2022 – 1.1 %).

    Riosca tráth an dúnta: 0.7 % (2022 – 1.0 %).

    Iomlán na mbeart ceartaitheach agus coisctheach: EUR 150.5 milliún (2022 – EUR 141 mhilliún):

    ·Bearta coisctheacha: EUR 138.1 milliún (2022 – EUR 125 mhilliún);

    ·Bearta ceartaitheacha: EUR 12.4 milliún (2022 – EUR 16 mhilliún).

    Forchoimeádais: forchoimeádas amháin gan tionchar airgeadais (2022 – forchoimeádas amháin).

    In 2023, tháinig laghdú ar an riosca tráth na híocaíochta (0.85%) agus ar an riosca tráth an dúnta (0.73%) i gcomparáid le 2022 agus bhí siad i bhfad faoi bhun 2%. Léiríonn próifílí riosca na ranna éagsúla a dhéileálann leis an gceannteideal don chomharsanacht agus leis an gceannteideal domhanda riosca íseal.

    D’ainneoin leibhéal íseal an ráta earráide i bhformhór na ndeighleog caiteachais, leanann an Coimisiún de bhearta a dhéanamh chun a bhainistíocht airgeadais a fheabhsú tuilleadh, i bhfianaise na timpeallachta casta oibríochtúla arb é is príomhthréith di dothuarthacht, luaineacht agus neamhdheimhneacht agus i gcás ina bhféadfadh roinnt clár a bheith á rialú le módúlachtaí casta cistiúcháin. I gcás comhaontuithe deontais, leanadh den bhéim in 2023 agus é mar aidhm aghaidh a thabhairt ar earráidí a tharlaíonn arís agus arís eile amhail caiteachas lasmuigh den tréimhse cur chun feidhme agus nach bhfuil buiséadaithe dó, mar aon le doiciméid neamhleora nó cánacha neamh‑incháilithe a áireamh. Maidir le comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, rinne Ard‑Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta, in éineacht le ranna eile a bhíonn ag déileáil leis an gcomharsanacht agus leis an domhan, infheistíocht i bpróisis neartaithe idirphlé agus fíorúcháin chun trédhearcacht a mhéadú. I lár 2023, seoladh athbhreithniú ar straitéis rialaithe Ard‑Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta agus é mar chuspóir aige an straitéis rialaithe a oiriúnú chun freagairt níos fearr do rioscaí agus do dhúshláin i dtimpeallacht idirnáisiúnta atá ag athrú go tapa.

    Coinníodh an forchoimeádas maidir le tionscadail sa Libia, sa tSiria agus san Úcráin ar bun in 2023. Sna tíortha sin, ní féidir le toscaireachtaí an Aontais gníomhaíochtaí caighdeánacha faireacháin agus rialaithe a chur chun feidhme mar gheall ar shrianta slándála agus polaitiúla ar an láthair. Coinníodh roinnt beart maolaitheach ar bun in 2023, amhail cianfhaireachán, conarthaí le saineolaithe neamhspleácha chun faireachán a dhéanamh ar thionscadail sa réimse, athbhreithniú rioscabhunaithe ar an bpunann conarthaí agus faisnéis ó fhoinsí éagsúla a chrosseiceáil. Leis sin, bhíothas in ann faireachán a dhéanamh ar dhinimic áitiúil agus laghdú a dhéanamh ar an aga freagartha d’athruithe tobanna gan choinne. Tá an dá thír ina limistéir coimhlinte ghníomhacha fós, áfach, agus tá údar maith leis an bhforchoimeádas.

    Ceannteideal 7 – riarachán poiblí Eorpach

    Méid iomlán an chaiteachais ábhartha: EUR 8.9 billiún (2022 – EUR 7.7 billiún).

    Riosca tráth na híocaíochta: 0.5 % (2022 – 0.5 %).

    Riosca tráth an dúnta: 0.5 % (2022 – 0.5 %).

    Iomlán na mbeart ceartaitheach agus coisctheach: EUR 3.5 milliún (2022 – EUR 3.6 milliún):

    ·Bearta coisctheacha: EUR 2.7 milliún (2022 – EUR 3 mhilliún);

    ·Bearta ceartaitheacha: EUR 0.8 milliún (2022 – 0.6 EUR milliún).

    Forchoimeádais: forchoimeádas clú amháin (2022 – gan aon fhorchoimeádas).

    Leis an gceannteideal seo, cuirtear na seirbhísí agus na ranna a dhéanann bainistíocht ar chaiteachas riaracháin an Choimisiúin le chéile faoin modh bainistíochta dírí, amhail an Oifig um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla, arb ionann í agus níos mó ná 74 % den chaiteachas ábhartha faoin gceannteideal seo. Socraíodh an riosca tráth na híocaíochta go stuama ag 0.5 % don chineál caiteachais ísealriosca sin. Ós rud é go mbaineann an chuid is mó de na córais rialaithe chomhfhreagracha le rialuithe ex ante, is minic a shocraítear na ceartúcháin mheasta a bheidh le déanamh amach anseo ag 0.0 % coimeádach. Dá réir sin, bhí an riosca tráth an dúnta cothrom leis an riosca tráth na híocaíochta agus d’fhan sé an‐íseal ag 0.5 %. In 2023, b’ionann bearta coisctheacha an Choimisiúin agus EUR 3.54 milliún, i gcomhréir le EUR 3.6 milliún a bhí ann anuraidh.

    Sa réimse beartais seo, d’eisigh an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne forchoimeádas nua clú do 2023 maidir leis na saincheisteanna a tháinig chun cinn agus nósanna imeachta roghnúcháin agus comórtais nua á gcur chun feidhme. Tá bearta maolaitheacha á ndéanamh ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne chun aghaidh a thabhairt ar an gcás.



    1.1.4.Rinneadh bearta éifeachtúlachta

    Tá an Coimisiún ag déanamh a dhícheall go leanúnach feabhas a chur ar éifeachtúlacht a oibríochtaí chun a chuspóirí a bhaint amach faoi shrianta buiséadacha dochta agus chun na cuspóirí sa chlár oibre digiteach a bhaint amach. Tá próisis á gcuíchóiriú chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtaí as acmhainní teoranta.

    I bhfianaise na ndúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, tá claochlú digiteach an Choimisiúin ag dul ar aghaidh trí leanúint d’fhorbairt uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha níos éifeachtúla d’fhonn éifeachtúlacht fhéideartha a mhéadú ina phróisis ghnó agus d’fhonn cumais mhéadaithe bainistithe sonraí agus tuairiscithe a chur ar fáil.

    Cuirfear SUMMA i bhfeidhm go hiomlán sa Choimisiún i mí Eanáir 2025

    Is é SUMMA córas airgeadais corparáideach an Choimisiúin den chéad ghlúin eile. Déanfaidh an córas próisis ghnó airgeadais an Aontais a nuachóiriú, a chomhchuibhiú agus a chaighdeánú. Trí chóras nua a chur in ionad an chórais cuntasaíochta lárnaigh, bhuiséadaigh agus cisteáin atá ann faoi láthair, rannchuideoidh SUMMA le cuíchóiriú agus nuachóiriú riarachán an Aontais agus le timpeallacht chorparáideach fhónta teicneolaíochta faisnéise de chuid an Choimisiúin, i gcomhréir le straitéis dhigiteach an Aontais, lena gcuirfear méadú suntasach ar éifeachtúlacht ghnó, solúbthacht le hanailísíocht fhíor-ama chomhtháite, agus lena laghdófar costas úinéireachta agus costais chothabhála amach anseo.

    Bhain trí ghníomhaireacht phíolótacha úsáid as SUMMA ar mhaithe lena gcóras airgeadais nua ó mhí Eanáir 2022, agus i mí Eanáir 2023, scaoileadh chuig an gcomhghnóthas eitlíochta glaine é, rud a chuir comhtháthú le ríomh‑Dheontais ar fáil. Ó dheireadh 2023, cuireadh príomhréiteach SUMMA don Choimisiún i bhfeidhm maidir leis na gníomhaireachtaí píolótacha uile.

    Chuir úsáid SUMMA sna chéad trí ghníomhaireacht phíolótacha timthriall iomlán bliantúil i gcrích, lena n‑áirítear tuairim ghlan a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir lena gcuntais 2022.

    Ó mhí Eanáir 2024 ar aghaidh, úsáideann an Coimisiún Eorpach SUMMA freisin le haghaidh sócmhainní airgeadais agus oibríochtaí bainistithe fiachais, lena n‑áirítear NextGenerationEU (iasachtú, iasachtaíocht, sócmhainní airgeadais, etc.).

    Tar éis measúnú ullmhachta foriomlán inar leagadh béim ar an ngá atá le níos mó ama chun roinnt córas corparáideach agus áitiúil le SUMMA a chomhtháthú ina iomláine, i mí Iúil 2023, chinn Bord Maoirseachta SUMMA dáta cur i bhfeidhm SUMMA sa Choimisiún a chur siar go dtí mí Eanáir 2025. Cumhdófar leis an gcur i bhfeidhm ardstiúrthóireachtaí agus seirbhísí uile an Choimisiúin agus na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin. Déanfar gníomhaireachtaí agus eintitis de chuid an Aontais nach n‑áirítear i scaoileadh an Choimisiúin a ionduchtú in SUMMA in 2025 agus 2026.

    Ceann de na táscairí chun éifeachtúlacht a thomhas is ea an tam chun íocaíocht a dhéanamh. In 2023, rinneadh 99 % de na híocaíochtaí (i dtéarmaí méideanna) laistigh den sprioc-am le haghaidh íocaíocht dhlíthiúil (féach an graf), d’ainneoin go ndearnadh dochar mór fós don timpeallacht oibre leis na géarchéimeanna éagsúla, agus a bhuí leis na tionscnaimh thuasluaite. Tá ríthábhacht leis seo, mar go mbraitheann roinnt tairbhithe ar na híocaíochtaí sin chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh agus chun a dtionscadail a chur i gcrích, agus rannchuidíonn siad le cuspóirí an Choimisiúin.

    Samplaí de bharainneacht agus éifeachtúlacht

    Ceann de na bearta a bhféadfadh an éifeacht is leithne agus is fadtéarmaí a bheith acu is ea an úsáid mhéadaithe a bhaintear as cistiú roghanna costais simplithe, amhail cnapshuimeanna, i roinnt réimsí beartais. I réimse an taighde, tá úsáid cnapshuimeanna ag éirí níos tábhachtaí i gcur chun feidhme chreatchlár an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht. Tar éis infheistíocht tosaigh in am don ullmhúchán, táthar ag súil le gnóthachain ardéifeachtúlachta chun faireachán a dhéanamh ar thionscadail. Ba í an bhliain 2023 an t‑am chun na módúlachtaí deontais agus na gnéithe cur chun feidhme teicniúla ábhartha a mhionchoigeartú agus chun cáilíocht na bpróiseas éagsúil bainistithe deontas agus na dtionscadal a bheidh ann amach anseo a áirithiú. Seoladh an chéad mhór-rabharta de chistiú cnapshuime i mbreis agus 100 ábhar den chlár oibre in 2023, agus rinneadh dul chun cinn mór sna hullmhúcháin do chistiú cnapshuime dheontais na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí ó 2024 ar aghaidh. Bunaithe ar an measúnú ar na ceanglais tuairiscithe reatha, beidh sé sin ina threoirphrionsabal don 10ú creatchlár agus do thodhchaí bheartas taighde agus nuálaíochta na hEorpa.

    I réimse na sláinte, tar éis úsáid cnapshuimeanna i gcláir thréidliachta a údarú, údaraíodh cnapshuimeanna freisin le haghaidh cláir fíteashláintíochta bunaithe ar chinneadh an 22 Feabhra 2023. Cuireadh i bhfeidhm iad den chéad uair ar dheontais 2023. Táthar ag súil go laghdóidh na cnapshuimeanna an t‑ualach riaracháin agus go gcuirfidh siad dlús leis an bpróiseas íocaíochta, rud a chuirfidh tacaíocht airgeadais ar fáil do na Ballstáit in aghaidh torthaí seachas iad a bheith bunaithe ar incháilitheacht agus a laghdóidh an ráta earráide.

    Tionscnamh agus dea-chleachtas eile ab ea an Chomh‑Stiúrthóireacht Iniúchóireachta um Chomhtháthú, a cruthaíodh in 2021 trí acmhainneachtaí iniúchóireachta Ard‑Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh agus na hArd‑Stiúrthóireachta um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú a chumasc. Ba í an chéad chomhstiúrthóireacht riamh le hacmhainní comhroinnte faoi mhaoirseacht beirt Ard‑Stiúrthóirí, rud a d’fhág go raibh sineirgí idir foirne iniúchóireachta agus éifeachtúlachtaí méadaithe i bpróisis iniúchóireachta, in oiliúint, i dtacaíocht agus in uirlisí. Mar idirghabhálaí iniúchóireachta aonair do pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha, rannchuidíonn an stiúrthóireacht le dearbhú an dá roinn de chuid an Choimisiúin. Tá sé freagrach freisin as iniúchadh a dhéanamh ar chistí méadaithe faoin mbeartas comhtháthaithe, lena n‑áirítear ionstraimí agus cistiú nua (an tionscnamh infheistíochta mar fhreagairt ar an gcoróinvíreas+, an cúnamh téarnaimh don chomhtháthú agus críocha na hEorpa, Safe Food Advocacy Europe, gníomhaíocht chomhtháthaithe do dhídeanaithe san Eoraip), ionstraimí eile (Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha, Cúlchiste Coigeartaithe Brexit) agus ionstraimí eile atá faoi bhainistíocht indíreach agus dhíreach.



    1.1.5.Tá costais na rialuithe comhréireach leis na rioscaí gaolmhara

    In 2023, tar éis measúnú chomhcheangailte a dhéanamh ar a n‑éifeachtacht, a n‑éifeachtúlacht agus ar an ngeilleagar, mheas ranna uile an Choimisiúin, ar an bhforiomlán, go raibh a rialuithe cost‑éifeachtúlacht. Déantar na hacmhainní a leithdháiltear ar rialuithe a ailíniú leis na rioscaí a bhaineann le cineál na gclár agus/nó leis an gcomhthéacs ina gcuirtear chun feidhme iad. Tá costas na rialuithe fós cobhsaí go ginearálta le himeacht aimsire. Le héagsúlacht na gclár caiteachais agus a ngnéithe éagsúla, ní féidir comparáid bhríoch a dhéanamh ar a gcostais rialaithe. Mar sin féin, is féidir roinnt spreagthóirí costais coiteanna a shainaithint, mar a thaispeántar sa bhosca téacs seo a leanas.

    Samplaí de spreagthaí costais coitinne

    Castacht intreach na gclár a ndéantar bainistíocht orthu. Le deontais atá bunaithe ar aisíocaíocht fíorchostas tugtar le tuiscint go bhfuil rialuithe dlúthshaothair i gceist seachas maoiniú atá bunaithe ar chnapshuimeanna, roghanna costais simplithe nó maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, amhail ionstraimí feidhmíochtbhunaithe.

    An chastacht a bhaineann leis an timpeallacht ina gcuirtear cláir chun feidhme. Is dócha go mbeidh costas na rialuithe níos airde i gcás struchtúir eagrúcháin ilsuímh nó nuair a bheidh comhpháirtithe agus/nó tairbhithe lonnaithe lasmuigh de dhlínse an Aontais.

    Na méideanna atá le próiseáil. Le líon ard íocaíochtaí ar luach íseal, ginfear costais rialaithe níos airde ná ollíocaíochtaí athfhillteacha, agus ceanglaítear leis an gcreat rialála rialuithe áirithe do‑chomhbhrúite. Díbharainneachtaí scála atá mar thoradh air sin.

    Modh chur chun feidhme an bhuiséid. Faoin modh bainistíochta indírí agus comhroinnte, comhroinntear costas na rialuithe idir an Coimisiún agus a chomhpháirtithe cur chun feidhme, agus is ar an gCoimisiún atá an t‑ualach iomlán le haghaidh an mhodha bainistíochta dírí.

    Ar mhaithe le trédhearcacht agus iomláine, thuairiscigh na ranna a bhíonn ag plé le bainistíocht chomhroinnte agus/nó bainistíocht indíreach ar chostas rialuithe sna Ballstáit agus ar eintitis a gcuirfear cúram orthu ar leithligh ó chostas rialuithe dílis an Choimisiúin ina dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí.

    2.Dearbhú bainistíochta

    Mar chuid den chóras rialachais a mhínítear thuas, áirithítear dearbhú bainistíochta foriomlán tríd an dearbhú a thugann na hArd‑Stiúrthóirí, an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach agus an Coiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta. Tugtar chun críche é leis an tuairim ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa mar aon le pointí maidir le hurscaoileadh 2022 a thug an t‑údarás buiséadach agus maidir leis an obair leantach ar na moltaí urscaoilte agus iniúchóireachta seachtraí.

    2.1.Measúnuithe, dearbhú agus forchoimeádais arna ndearbhú ag na hoifigigh údarúcháin

    Ina ndearbhuithe dearbhaithe in 2023 ( 72 ), dhearbhaigh na 51 oifigeach údarúcháin trí tharmligean uile ( 73 ) go raibh dearbhú réasúnach acu: (1) go dtugann an fhaisnéis atá ina dtuarascálacha ‘léargas fíor agus cothrom’ (i.e. iontaofa, iomlán agus ceart) ar staid na ngnóthaí ina ranna; (2) gur úsáideadh na hacmhainní a sannadh dá ngníomhaíochtaí chun na críche a bhí beartaithe dóibh agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais; agus (3) go dtugann na nósanna imeachta rialaithe a cuireadh ar bun na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun‑idirbheart, agus cineál ilbhliantúil roinnt clár agus cineál na n‑íocaíochtaí lena mbaineann á gcur san áireamh.

    Laistigh de chomhthéacs a bpróiseas foriomlána um fhorbairt dearbhaithe agus bunaithe ar a ndearcthaí bainistíochta, déanann na hoifigigh údarúcháin trí tharmligean anailís níos mionsonraithe freisin ar gach clár nó deighleog dá bpunann. Úsáideann siad an fhaisnéis uile atá ar fáil, go háirithe torthaí a rialuithe, chun aon laige mhór a d’fhéadfadh a bheith ann i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla a thabhairt faoi deara. Ag deireadh gach bliana airgeadais, cinneann siad cibé acu a bheidh nó nach mbeidh tionchar airgeadais laige den sórt sin os cionn na tairsí ábharthachta de 2 % agus/nó cibé acu atá nó nach bhfuil an tionchar clú suntasach. Más amhlaidh, cáilíonn siad a ndearbhú dearbhaithe le forchoimeádas maidir leis an gcatagóir shonrach dá déantar difear.

    Le haghaidh 2023, d’eisigh 10 n‑oifigeach údarúcháin dearbhú urrúis cáilithe, a raibh 14 fhorchoimeádas san iomlán mar thoradh air mar a leanas. Ar an gcaoi chéanna in 2022, thuairiscigh 10 n‑oifigeach údarúcháin 15 fhorchoimeádas.

    Coinníodh 10 bhforchoimeádas san iomlán ar bun ó bhlianta roimhe seo. Coimeádtar na forchoimeádais sin ar bun go príomha mar gur féidir na bunchúiseanna leis an leibhéal ábhartha earráide a mhaolú go páirteach ach ní féidir iad a dhíothú go hiomlán faoi chreataí dlíthiúla na gclár reatha. Baineann an chuid is mó de na forchoimeádais athfhillteacha le cláir atá faoi bhainistíocht chomhroinnte ina bhfuil laigí a sainaithníodh ar leibhéil na mBallstát, na ngníomhaireachtaí íocaíochta nó na gclár agus is annamh a mhaireann siad ar feadh níos mó ná bliain amháin  a bhuí leis na pleananna gníomhaíochta feabhais atá i bhfeidhm.

    Tá ceithre fhorchoimeádas nua ann, ach níl ach forchoimeádas amháin cainníochtaithe, cé go bhfuil tionchar teoranta airgeadais EUR 0.6 milliún aige. Eisíodh ceann amháin, go háirithe, ar bhonn clú agus tá ábhar riaracháin ann, toisc go dtagraíonn sé do na fadhbanna a bhí ann le seoladh tástála nua ar líne chun foireann an Aontais a earcú. Chomh maith leis sin, baineann an chuid is mó díobh (trí cinn as ceithre cinn) leis an gclárthréimhse nua 2021-2027, agus ní bhaineann ach ceann amháin acu le clár 2014-2020 chun táirgí talmhaíochta a chur chun cinn, maidir le saincheisteanna coinbhleachta leasa agus tearcfheidhmíochta i gcuid an deontais iltairbhí.

    Cuireadh deireadh in 2023 le cúig fhorchoimeádas a eisíodh in 2022. I dtrí chás, tugadh aghaidh ar na saincheisteanna bunúsacha, agus in dhá chás, a bhain le clárthréimhse 2007-2013, tá deireadh tagtha le cur chun feidhme acmhainneacht cheartaitheach ilbhliantúil an chláir agus ráta earráide iarmharacha gar do 0 % ann.

    In 11 chás, níor eisíodh forchoimeádas de bhua na rialach de minimis, i gcás ina meastar nach bhfuil cásanna a bhfuil ráta earráide iarmharacha os cionn na tairsí ábharthachta 2 % acu le haghaidh deighleoga arb ionann iad agus níos lú ná 5 % d’íocaíochtaí iomlána na roinne agus a bhfuil tionchar airgeadais níos lú ná EUR 5 mhilliún acu substaintiúil chun forchoimeádas a eisiúint. Bhí tionchar airgeadais iomlán na gcásanna sin in 2023 anteoranta ag EUR  6.4 milliún ( 74 ), cosúil le 2022.

    Ba é EUR 1 291 mhilliún tionchar airgeadais iomlán na bhforchoimeádas uile le haghaidh 2023, arb ionann é agus 0.8 % den chaiteachas ábhartha, a mhéadaigh i gcomparáid le EUR 877 milliún in 2022. Tá an méadú sin nasctha leis an tionchar airgeadais níos airde a mheastar do réimsí beartais an chomhtháthaithe, na hathléimneachta agus na luachanna agus na n‑acmhainní nádúrtha agus an chomhshaoil mar gheall ar mhéadú beag ar rátaí earráide.

    Le hIarscríbhinn 5 in Imleabhar III, soláthraítear liosta iomlán de na forchoimeádais le haghaidh 2023, in éineacht le mínithe agus mionsonraí breise.

    2.2.Obair na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach agus tuairim fhoriomlán

    Déanann Ard‑Stiúrthóirí agus seirbhísí an Choimisiúin a ndearbhú a bhunú freisin ar an obair a dhéanann an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach.

    Mar a cheanglaítear lena cairt mhisin, d’eisigh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach tuairim fhoriomlán bhliantúil maidir le bainistíocht airgeadais an Choimisiúin, bunaithe ar an obair iniúchóireachta a rinne sé i réimse na bainistíochta airgeadais sa Choimisiún, lena gcumhdaítear na 3 bliana roimhe seo (2021-2023). Leis an tuairim fhoriomlán, cuirtear faisnéis ó fhoinsí eile san áireamh freisin, is iad sin na tuarascálacha ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

    Bunaithe ar an bhfaisnéis iniúchóireachta sin, measann an tIniúchóir Inmheánach gur chuir an Coimisiún nósanna imeachta rialachais, bainistíochta riosca agus rialaithe inmheánaigh i bhfeidhm in 2023 atá leordhóthanach, ina n‑iomláine, chun dearbhú réasúnach a thabhairt maidir le baint amach a chuspóirí airgeadais, cé is moite de na réimsí bainistíochta airgeadais sin a bhfuil forchoimeádais curtha in iúl ag oifigigh údarúcháin trí tharmligean ina leith ina ndearbhú dearbhaithe mar a liostaítear san iarscríbhinn.

    Gan a tuairim fhoriomlán ar bhliain 2023 a cháiliú a thuilleadh, eisíonn an tIniúchóir Inmheánach béim ar ábhar trí aird an Choimisiúin a tharraingt ar an ngá atá le tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh óna acmhainní airgeadais a bhainistiú i gcomhthéacs dúshlánach. Déantar mionsonrú breise air sin in Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an tuarascáil seo.

    Déanann an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach iniúchadh ar na córais bainistithe agus rialaithe laistigh den Choimisiún agus de na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, ag soláthar dearbhú neamhspleách agus oibiachtúil ar a leordhóthanacht agus a n‑éifeachtacht. Baineann na moltaí a tháinig as sin le gnéithe a bhaineann le bainistíocht feidhmíochta, cur chun feidhme bheartais an Aontais, dlíthiúlacht agus rialtacht maidir le córais rialaithe inmheánaigh, ullmhacht do bhuiséad an Aontais agus é a chur chun feidhme go luath, comhar le tríú páirtithe a chuireann beartais agus cláir chun feidhme agus teicneolaíocht faisnéise. Maidir leis na moltaí uile ar glacadh leo, dhréachtaigh na hiniúchaithe pleananna gníomhaíochta a cuireadh faoi bhráid na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach, a mheas ina dhiaidh sin go raibh siad sásúil nó a d’iarr plean gníomhaíochta athbhreithnithe. Ar deireadh, lean an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach a beartas dian um bearta leantacha agus rinne sí measúnú ar chur chun feidhme iarbhír a moltaí ag ranna an Choimisiúin ar bhonn tráthrialta. Deimhníodh san obair iniúchóireachta go ndearna na hiniúchaithe beagnach gach ceann de na moltaí a eisíodh idir 2019 agus 2023 agus a ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach obair leantach orthu a chur chun feidhme go leordhóthanach agus go héifeachtach. Leis an toradh, léirítear go bhfuil seirbhísí an Choimisiúin dícheallach ó thaobh na moltaí a chur chun feidhme agus na rioscaí a mhaolú arna sainaithint ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach.

    In Iarscríbhinn 6 tá tuilleadh faisnéise maidir leis an dearbhú arna sholáthar ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach. Ina theannta sin, cuireann an Coimisiún tuarascáil ar obair an iniúchóra inmheánaigh ar aghaidh chuig an údarás urscaoilte i gcomhréir le hAirteagal 118(8) den rialachán airgeadais, mar chuid den phacáiste comhtháite tuairiscithe airgeadais agus cuntasachta.

    2.3.Dearbhú a fhaightear trí obair an Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta

    Déanann an Coiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta formhaoirseacht ar chúrsaí iniúchta laistigh den Choimisiún agus tuairiscíonn sé go bliantúil do Choláiste na gCoimisinéirí. Áirithíonn sé neamhspleáchas na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach, déanann sé faireachán ar cháilíocht na hoibre iniúchóireachta inmheánaí agus áirithíonn sé go gcuireann Ard‑Stiúrthóirí agus seirbhísí an Choimisiúin moltaí iniúchta inmheánaí agus seachtraí (i.e. ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa) san áireamh i gceart agus go ndéantar bearta leantacha cuí orthu.

    Le linn na bliana tuairiscithe sin, a raibh tionchar fós ag sraith dúshlán i ndiaidh a chéile nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a raibh tionchar acu ar an Aontas ó 2020 i leith ( 75 ) orthu, choinnigh an coiste a ról tábhachtach maidir le rialachas, feidhmíocht eagraíochtúil agus cuntasacht a fheabhsú ar fud na heagraíochta ar fad. Reáchtáil sé ceithre bhabhta de chruinnithe, ag díriú ar na príomhchuspóirí a leagtar amach i gcláir oibre 2023 agus 2024. Chuir an coiste fáilte freisin roimh an gcóineasú idir na rioscaí criticiúla a shainaithin an bhainistíocht agus na rioscaí arda a shainaithin an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach, mar a aistríodh leis na topaicí iniúchóireachta a áirítear sa phlean iniúchóireachta, rud a léiríonn i gcónaí stóinseacht chur chuige na hinstitiúide maidir le bainistiú riosca.

    Phléigh an coiste torthaí iniúchóireachta an‑tábhachtacha a d’ardaigh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach le hiniúchaithe ábhartha agus d’áitigh sé go gcuirfí gníomhaíochtaí maolaitheacha i gcrích a luaithe is féidir. Bhí plé ag an gcoiste ar ábhair thábhachtacha amhail riosca an Choimisiúin tráth na híocaíochta agus rialuithe na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfianaise a thábhachtaí atá siad maidir le cumas an Choimisiúin cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú agus a léiriú. Bhí plé aici freisin ar ábhair a bhaineann le slándáil TF, go háirithe na hábhair sin a bhaineann leis an timpeallacht chibearshlándála atá ann faoi láthair.

    Bhí an coiste sásta le neamhspleáchas agus cáilíocht na hoibre iniúchóireachta inmheánaí agus d’fháiltigh sé roimh dhearbhuithe an iniúchóra inmheánaigh go soláthraíonn an phleanáil cumhdach leordhóthanach chun an tuairim fhoriomlán a thabhairt maidir le bainistíocht airgeadais an Choimisiúin. Tá an ráta cur chun feidhme éifeachtach a bhaineann le moltaí an iniúchóra inmheánaigh an‑ard i gcónaí (i.e. ag cumhdach 97 % de na moltaí a eisíodh agus ar a ndearnadh bearta leantacha le linn na tréimhse 2019‑2023), agus ní raibh ach trí cinn de na moltaí iniúchta an‑tábhachtach níos mó ná 6 mhí thar téarma i mí Eanáir 2024.

    Lean an coiste dá mhalartuithe le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus bhí plé aige leis an iniúchóir seachtrach maidir lena chlár oibre bliantúil do 2024. Lean an coiste freisin d’fhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le moltaí na Cúirte Iniúchóirí a chur chun feidhme, agus bhí sé sásta nuair a thug Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuairim ghlan, den 16ú huair as a chéile, maidir le hiontaofacht chuntais chomhdhlúite an Aontais.

    Áirítear in Iarscríbhinn 7 a ghabhann leis an tuarascáil bhliantúil seo ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht tuilleadh faisnéise ar obair agus ar chonclúidí an choiste.

    2.4.Tuairimí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ar chuntais 2022 agus ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na nidirbheart

    Sa Tuarascáil Bhliantúil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2022, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2023, tugadh tuairim ghlan maidir le cuntais an Aontais don 16ú bliain as a chéile. Lean ioncam freisin de bheith saor ó earráid ábhartha.

    Maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais, faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil, chloígh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa le tuairim chodarsnach. Tháinig méadú ar an leibhéal foriomlán measta earráide do bhuiséad an Aontais (4.2%) i gcomparáid le 2020 (3.0%).

    Mínítear an tuairim chodarsnach sin den chuid is mó leis an leibhéal earráide a tuairiscíodh agus leis an bhfíoras go bhfuil earráidí ábharthacha fós sa mhéid a mheasann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a bheith ina chaiteachas ardriosca, a bhfuil méadú beag tagtha ar an sciar de bhuiséad an Aontais ina leith freisin. Le caiteachas a mbaineann riosca ard leis, a bhíonn faoi réir rialacha casta go minic agus atá bunaithe go príomha ar aisíocaíocht costas, cumhdaítear go háirithe comhtháthú, taighde, forbairt tuaithe, bearta margaidh faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus roinnt codanna de thionscnaimh sheachtracha. Is é conclúid na Cúirte Iniúchóirí gurbh é 66 % den daonra a ndearnadh iniúchadh air le haghaidh 2022 a bhí sa chaiteachas ardriosca (in aghaidh 63 % in 2021), méadú atá i gcomhréir leis an méadú ar íocaíochtaí comhtháthaithe ag an gcéim seo de thimthriall chreat airgeadais ilbhliantúil 2014‑2020.

    Ar an taobh eile, dheimhnigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa arís go bhfuil an riosca earráide níos ísle i gcás caiteachais atá faoi réir rialacha níos simplí, go príomha na híocaíochtaí bunaithe ar theidlíocht (seachas íocaíochtaí bunaithe ar aisíocaíocht). Baineann sé sin, mar shampla, le híocaíocht dhíreach le feirmeoirí ach le caiteachas riaracháin freisin (tuarastail agus pinsin státseirbhísigh an Aontais den chuid is mó). Tá an dá cheann fós saor ó earráid ábhartha.

    D’eisigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuairim iniúchóireachta freisin maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta den dara huair. Tháinig sé ar an gconclúid go raibh tionchar airgeadais a thorthaí gar don tairseach ábharthachta 2 % agus, bunaithe ar na torthaí cainníochtúla agus cáilíochtúla eile sin, d’eisigh sé tuairim cháilithe.

    Rinne an Coimisiún obair leantach ar mholtaí na Cúirte Iniúchóirí, a d’eascair as na tuarascálacha bliantúla agus speisialta araon. Thuairiscigh sé ar na bearta a rinneadh sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí. Thairis sin, thuairiscigh sé ar bhonn rialta maidir le cur chun feidhme mholtaí na Cúirte Iniúchóirí do Choiste an Choimisiúin um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta, a rinne gníomhaíochtaí faireacháin áirithe ina leith sin faoina shainordú nuashonraithe  ( 76 ).

    Déanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa faireachán freisin ar chur chun feidhme a moltaí ag an gCoimisiún agus cuireann sí aiseolas ar fáil, ag cuidiú leis an gCoimisiún a ghníomhaíochtaí leantacha a fheabhsú. I dtuarascáil bhliantúil 2022 uaithi, rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa athbhreithniú ar a mhéid a dhírigh an Coimisiún ar chur chun feidhme 175 mholadh iniúchóireachta a díríodh air in 28 dtuarascáil speisialta a foilsíodh in 2019. Thug Cúirt Iniúchóirí na hEorpa dá haire gur chuir an Coimisiún 73 % de na moltaí chun feidhme ina n‑iomláine (58 %) nó den chuid is mó (15 %) agus 13 % eile ar bhealaí áirithe. Ní raibh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa in ann teacht ar chonclúid i gcás 4 % de na cásanna,. As na 17 moladh (10 %) a mheas Cúirt Iniúchóirí na hEorpa nár cuireadh chun feidhme iad, níor ghlac an Coimisiún le hocht moladh ar dtús agus níor ghlac sé ach go páirteach le cúig mholadh. Tá na torthaí seo ar aon dul le torthaí na mblianta roimhe seo.

    2.5.Urscaoileadh an bhuiséid le haghaidh 2022

    Thug Parlaimint na hEorpa an t‑urscaoileadh don Choimisiún don bhliain airgeadais 2022 an 12 Aibreán 2024, tar éis di scrúdú a dhéanamh ar thuarascálacha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar phacáiste comhtháite tuairiscithe airgeadais agus cuntasachta an Choimisiúin agus ar mholadh urscaoilte na Comhairle. D’iarr an Coiste um Rialú Buiséadach de Pharlaimint na hEorpa freisin ar Choimisinéirí agus Ard‑Stiúrthóirí roghnaithe malartuithe tuairimí a thabhairt le linn an nós imeachta um urscaoileadh.

    Le linn an nós imeachta, dhírigh na príomhpháirtithe leasmhara – Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa – ar conas trédhearcacht a áirithiú maidir le húsáid bhuiséad an Aontais, conas feabhas a chur ar a thorthaí agus conas an leibhéal earráide a laghdú tuilleadh. Bhí an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a tháinig i bhfeidhm in 2021, ar cheann de phríomhghnéithe an phlé arís maidir le hurscaoileadh i mbliana mar gheall ar a cumhacht airgeadais agus cineál sonrach a modh seachadta, atá bunaithe ar fheidhmíocht seachas bunaithe ar chostais a tabhaíodh.

    Pléadh freisin saincheisteanna amhail an smacht reachta agus cearta bunúsacha, a thábhachtaí atá buiséad an Aontais chun tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach agus freagairt do ghéarchéimeanna, cur chun feidhme agus ionsú níos fearr chistí an Aontais, lena náirítear simpliú rialacha agus nósanna imeachta, aisíoc an fhiachais faoi NextGenerationEU, an ailtireacht frithchalaoise agus an comhar idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus an Oifig Eorpach FrithChalaoise, maoiniú eagraíochtaí neamhrialtasacha, an tathbhreithniú ar an gcistiú don Phalaistín ( 77 ), an cistiú do Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le Dídeanaithe Palaistíneacha, príomhshruthú thosaíochtaí cothrománacha an Aontais ar fud bhuiséad an Aontais, úsáid uirlisí teicneolaíochta faisnéise chun na cistí a bhainistiú, a rialú agus a iniúchadh, na modheolaíochtaí chun meastachán a dhéanamh ar an leibhéal earráide agus ar an leibhéal riosca, agus cásanna inar tháinig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Coimisiún ar chonclúidí éagsúla maidir le hincháilitheacht caiteachais.

    Mar is gnách, tá beart cuí á dhéanamh ag an gCoimisiún chun na moltaí seo a chur chun feidhme agus na bearta leantacha a thuairisciú i dtuarascáil thiomnaithe.

    Iarscríbhinn 3 – An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

    Coimeád an leathanach seo folamh i ndiaidh an bharúil a scriosadh.

    1.An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – uirlis nuálach rathúil chun freagairt ar ghéarchéimeanna

    an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ( 78 ) i gcroílár phlean téarnaimh NextGenerationEU don Aontas Eoraip agus bunaíodh í i lár phaindéim COVID‑19 chun cuidiú leis na Ballstáit maidir le téarnamh níos tapúla agus níos athléimní. Cuireann sé uirlis chumhachtach ar fáil ar leibhéal an Aontais chun tacú le haistriú glas agus digiteach uaillmhianach a bhfuil dlús á chur leo araon. In 2022, leathnaíodh é chun freastal ar phlean REPowerEU, freagairt an Choimisiúin Eorpaigh ar an gcruatan eacnamaíoch, ar an mboilsciú ard agus ar an ngéarchéim fuinnimh a spreag ionradh na Rúise ar an Úcráin, ar ionradh é nach bhfuil cúis ar bith. Rinneadh an plé maidir leis an athbhreithniú ar na pleananna náisiúnta, den chuid is mó chun plean REPowerEU a chomhtháthú ach freisin chun modhnuithe breise ar na pleananna a formheasadh ar dtús a chur san áireamh, in 2023 agus leanadh den dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na saoráide ar an láthair.

    1.1.Seasmhacht i leith na todhchaí trí phleananna athbhreithnithe

    Ba é an príomhimeacht in 2023 an tathbhreithniú ar na 27 bplean téarnaimh agus athléimneachta agus an measúnú a rinne an Coimisiún orthu. Mar gheall ar phraghsanna méadaithe fuinnimh, boilsciú ard agus suaitheadh sa slabhra soláthair mar thoradh ar chogadh ionsaitheach gan chúis na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus, i gcásanna áirithe, tubaistí nádúrtha, bhí sé dúshlánach do na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí áirithe a chur chun feidhme ina bpleananna athléimneachta agus téarnaimh. Thacaigh an Coimisiún leis na Ballstáit ina niarrachtaí na srianta seachtracha sin a mhaolú agus na bearta ábhartha ina bpleananna a athbhreithniú trí úsáid a bhaint as an tsolúbthacht atá leabaithe sa rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba é sin an ócáid freisin chun na pleananna a thabhairt cothrom le dáta chun an leithdháileadh airgeadais athbhreithnithe ar na Ballstáit a foilsíodh i mí an Mheithimh 2022 a chur san áireamh agus chun caibidlí ainmnithe REPowerEU a chur leo, tar éis ghlacadh an rialacháin leasaithigh chomhfhreagraigh i mí Feabhra 2023 ( 79 ). Glacadh 31 athbhreithniú ar an bplean ( 80 ) san iomlán, agus bhí caibidlí REPowerEU i 23 díobh ( 81 ).

    Trí na hathbhreithnithe, leithdháileadh méid breise EUR 147.2 billiún faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, arna roinnt i ndeontais dar luach EUR 21.6 billiún agus iasachtaí dar luach EUR 125.5 billiún. Dá bhrí sin, tháinig méadú ar an méid iomlán a leithdháileadh ar na Ballstáit ó EUR 500.8 billiún ag deireadh 2022 go EUR 648 mbilliún ag deireadh 2023. Ón méadú iomlán sin, bhain EUR 60 billiún le REPowerEU le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí a rannchuidíonn le fuinneamh a shábháil, breoslaí iontaise a ionadú agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha maidir le slándáil an tsoláthair agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú san am céanna.

    1.2.Tá an cur chun feidhme ar an mbóthar ceart

    Bhí tionchar ag an athbhreithniú a rinneadh ar na pleananna ar luas chur chun feidhme na bpleananna atá ann cheana. Mar sin féin, leanadh den dul chun cinn maidir leis an gcur chun feidhme ar an láthair le linn 2023, agus tháinig méadú faoi dhó ar líon na n‑iarrataí ar íocaíocht a cuireadh isteach faoi dheireadh 2023 ó 27 go 54 agus baineadh amach formhór na ngarspriocanna agus na spriocanna i gcomhréir leis na hionchais tosaigh. Thuairiscigh na Ballstáit go raibh beagnach 80 % de na garspriocanna agus na spriocanna a bhí beartaithe a bhaint amach faoi dheireadh 2023 curtha i gcrích, agus as sin rinne an Coimisiún measúnú ar 40 % (i.e. 1153 de na 2880 garsprioc agus sprioc a bhí beartaithe a chur i gcrích faoi dheireadh an cheathrú ráithe de 2023) de réir mar a bhí siad comhlíonta ag an gCoimisiún.

    Dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na ngarspriocanna agus na spriocanna, i ndearbhluachanna

    Foinse: an Coimisiún Eorpach

    In 2023, d’eisíoc an Coimisiún EUR 75 bhilliún ( 82 ) ar an iomlán  (a raibh EUR 28.7 billiún de in iasachtaí) agus íocaíochtaí breise réamhmhaoinithe EUR 7.1 billiún. Dá bharr sin, b’fhiú EUR 220.8 billiún na heisíocaíochtaí iomlána faoi dheireadh 2023, arna roinnt i ndeontais dar luach EUR 141.6 billiún (40 % den EUR 357 mbilliún iomlán a leithdháileadh le haghaidh deontas ( 83 ) faoi imchlúdach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta) agus iasachtaí dar luach EUR 79.2 billiún (27 % den EUR 291 bhilliún iomlán faoi imchlúdach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta).

    Eisíocaíochtaí arna ndéanamh in 2023 in aghaidh an Bhallstáit le haghaidh deontas agus iasachtaí, lena n‑áirítear réamh‑mhaoiniú

    Foinse: an Coimisiún Eorpach

    1.3.Torthaí feidhmíochta a bhaint amach

    Baineann na Ballstáit úsáid as na cistí a chuirtear ar fáil leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun athchóirithe agus infheistíochtaí uaillmhianacha a chur chun feidhme lena ndéanfar a ngeilleagair agus a sochaithe níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe don aistriú glas agus don aistriú digiteach.

    Léiríonn na torthaí a fuarthas faoi dheireadh 2023 go bhfuil difríocht mhór á déanamh ag an tsaoráid i saol shaoránaigh an Aontais. Léiríonn na táscairí coiteanna ina dhiaidh sin an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i dtreo cuspóirí coiteanna agus fheidhmíocht fhoriomlán na saoráide.

    Táscaire coiteann

    Torthaí faoi dheireadh 2023

    Coigilteas maidir le hídiú fuinnimh phríomhúil bliantúil

    28 282 262 mheigeavatuair /bliana

    Acmhainneacht oibríochtúil bhreise arna suiteáil don fhuinneamh inathnuaite

    54204 mheigeavatuair

    Bonneagar breoslaí malartacha (pointí athbhreoslaithe/athluchtaithe)

    531 995

    An daonra a bhaineann tairbhe as bearta cosanta in aghaidh tuilte, falscaithe agus tubaistí nádúrtha eile a bhaineann leis an aeráid

    9.0 milliún

    Teaghaisí breise ina bhfuil rochtain ar an idirlíon arna soláthar trí líonraí fíor-ardacmhainneachta

    5.6 milliún

    Fiontair a dtacaítear leo chun táirgí digiteacha, seirbhísí digiteacha agus próisis iarratais dhigiteacha a fhorbairt nó a ghlacadh

    587 398

    Úsáideoirí seirbhísí digiteacha, táirgí digiteacha agus próiseas digiteach poiblí nua agus uasghrádaithe

    308.7 milliún

    Taighdeoirí atá ag obair i saoráidí taighde tacaithe

    17 551

    Fiontair dá dtugtar tacaíocht (fiontair bheaga (lena n‑áirítear micrifhiontair, fiontair mheánmhéide agus fiontair mhóra)

    2.0 milliún

    Líon na rannpháirtithe san oideachas nó san oiliúint

    8.7 milliún

    An líon daoine atá i bhfostaíocht nó atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí cuardaigh poist

    1.3 milliún

    Acmhainn saoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe

    45.8 milliún

    Acmhainn seomra ranga saoráidí cúraim leanaí agus oideachais nua nó nuachóirithe

    246 037

    An líon daoine óga idir 15 agus 29 mbliana d’aois a fhaigheann tacaíocht

    5.8 milliún

    Ina theannta sin, chuidigh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le roinnt príomh‑athchóirithe a chur i gcrích le linn an chéad 2 bhliain den chur chun feidhme, lena n‑áirítear athchóirithe:

    riarachán poiblí (an tSlóvaic) a dhigitiú agus cibearshlándáil a áirithiú (an Rómáin);

    córais cheartais shibhialta agus choiriúla a dhéanamh níos éifeachtúla trí fhad na nimeachtaí a laghdú agus trí fheabhas a chur ar eagrú na gcúirteanna (an Iodáil, an Spáinn);

    cáilíocht an phróisis reachtaigh a fheabhsú (an Bhulgáir);

    dul i ngleic leis an éilliú agus cosaint sceithirí (an Chipir) a áirithiú;

    maidir leis an margadh saothair agus beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a nuachóiriú (an Spáinn);

    fostaíocht agus cosaint shóisialta a fheabhsú (an Chróit);

    barr feabhais eolaíoch a chothú agus feidhmíocht ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde phoiblí (an tSlóvaic) a fheabhsú agus intuarthacht agus cobhsaíocht mhaoiniú an taighde phoiblí (an Phortaingéil) a fheabhsú;

    ceadúnú a shimpliú chun borradh a chur faoin infheistíocht i bhfoinsí inathnuaite fuinnimh amach ón gcósta nó chun na coinníollacha a chruthú chun hidrigin inathnuaite a thabhairt isteach (an Ghréig, an Phortaingéil, an Spáinn);

    tacú le fuinneamh inathnuaite agus iompar inbhuanaithe a rolladh amach (an Chróit, an Rómáin);

    tithíocht inacmhainne a fheabhsú (an Laitvia).



    Ina theannta sin, rannchuidigh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le hacmhainneacht iomlán na n‑athchóirithe struchtúracha a scaoileadh trí iad a chomhlánú le príomhinfheistíochtaí. I measc na n‑infheistíochtaí móra a bhfuil na príomhchéimeanna curtha i gcrích acu cheana tá:

    cistiú chun slabhra soláthair na dtáirgí talmhaíochta agus bia a éagsúlú agus a ghiorrú agus chun athléimneacht eintiteas sa slabhra soláthair a fhorbairt (an Pholainn, ar chostas iomlán measta EUR 1.3 billiún);

    infheistíochtaí chun tacú le dícharbónú agus éifeachtúlacht fuinnimh na tionsclaíochta (an Chróit, ar chostas measta iomlán EUR 61 mhilliún; An Fhrainc, EUR 1.4 billiún);

    600 000 ríomhaire glúine nua a cheannach chun iad a thabhairt ar iasacht do mhúinteoirí agus do dhaltaí agus moil nuálaíochta digití a roghnú chun tacú le cuideachtaí ina niarrachtaí digitithe (an Phortaingéil, EUR 600 milliún);

    cistí chun iomaíochas gnólachtaí atá ag feidhmiú in earnáil na turasóireachta a mhéadú, lena náirítear 4 000 fiontar beag agus meánmhéide (an Iodáil, EUR 1.9 billiún);

    infheistíochtaí chun tacú le daoine leochaileacha (an Iodáil, EUR 1 bhilliún);

    an riarachán poiblí a dhigitiú i dtreo seirbhísí poiblí digiteacha, simplí, cuimsitheacha agus slána do shaoránaigh agus do ghnólachtaí (an Phortaingéil, EUR 170 milliún);

    bonneagar leathanbhanda a fhorbairt (an Laitvia, EUR 4 mhilliún).

    Tugtar forléargas ar an gcaoi a bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta tríd an scórchlár téarnaimh agus athléimneachta .

    Ceanglaítear ar gach plean téarnaimh agus athléimneachta rannchuidiú 37% agus 20% ar a laghad, faoi seach, le cuspóirí aeráide agus digiteacha. Léirítear é sin sa mhór-ranníocaíocht bhuiséadach le haistriú glas agus digiteach na saoráide araon.

    Rannchuidiú aeráide: EUR 275.7 billiún ó 2021 go 2023 (43 % den imchlúdach buiséid iomlán).

    Rannchuidiú digiteach: EUR 157.6 billiún ó 2021 go 2023 (24 % den imchlúdach buiséid iomlán).

    2.Deimhnítear le torthaí rialaithe gur comhlíonadh go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna uile le haghaidh íocaíochtaí a rinneadh in 2023

    2.1.Timpeallacht rialaithe thiomnaithe chun cosaint chistí an Aontais a áirithiú

    Leagtar amach sa rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta róil agus freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin faoi seach maidir le buiséad an Aontais a chosaint. Ionstraim atá bunaithe go hiomlán ar fheidhmíocht is ea an tsaoráid agus, murab ionann agus cláir chistiúcháin eile an Aontais, ní aisíocann an Coimisiún na Ballstáit bunaithe ar na costais iarbhír arna dtabhú le haghaidh na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a áirítear ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta. Ina ionad sin, ní íocann an Coimisiún tráthchodanna reámhshainithe ach amháin nuair a chomhlíontar garspriocanna agus spriocanna comhaontaithe go sásúil. Nuair a bhíonn cistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta eisíoctha, cuirtear isteach i ngach buiséad náisiúnta iad gan aon nasc díreach leis an gcaiteachas a tabhaíodh chun na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a mhaoiniú. De réir an rialacháin, tá na Ballstáit freagrach as a áirithiú go gcuirtear an tsaoráid chun feidhme i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta agus prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann dearbhú leordhóthanach a fháil uathu ina leith sin.

    Ní mór do na Ballstáit córais oiriúnacha faireacháin agus rialaithe a chur i bhfeidhm chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go bhfuil úsáid na gcistí i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. Tugtar tuairisc mhionsonraithe ar na córais sin sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta agus rinne an Coimisiún measúnú orthu sular glacadh gach plean. Le linn shaolré na saoráide, ní mór do na Ballstáit éifeachtacht na gcóras rialaithe sin a áirithiú. Go háirithe, ní mór dóibh obair chórasach a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú leis na córais. Má bhraitheann Ballstát aon neamhrialtachtaí sonracha, ní mór dó beart a dhéanamh chun iad a cheartú agus an Coimisiún a chur ar an eolas fúthu. Mura dtugann Ballstát faoi na ceartúcháin is gá i gcásanna calaoise, éillithe nó cistiú dúbailte, déanfaidh an Coimisiún na cistí a aisghabháil ón mBallstát. Thairis sin, má sháraíonn Ballstát a oibleagáidí go tromchúiseach, féadfaidh an Coimisiún ceartúchán ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm ar chistí saoráide an Bhallstáit sin.

    Tá a straitéis rialaithe deartha ag an gCoimisiún chun a fhreagrachtaí a eascraíonn as rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a chomhlíonadh go hiomlán.

    Ní mór don Choimisiún dlíthiúlacht agus rialtacht na níocaíochtaí leis na Ballstáit a áirithiú atá nasctha le comhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna amháin. Chun na críche sin, déanann an Coimisiún measúnuithe ex ante ar na hiarrataí uile ar íocaíocht a fhaightear ó na Ballstáit, iniúchtaí ex post ar an láthair le haghaidh rogha d’iarrataí ar íocaíocht, garspriocanna agus spriocanna, iniúchtaí córais ar gharspriocanna agus spriocanna agus anailís ar dhearbhuithe bainistíochta na mBallstát agus achoimrí ar iniúchtaí.

    Tá sé de cheart ag an gCoimisiún aon mhéid a laghdú agus a aisghabháil, nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, i gcásanna calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nár cheartaigh agus nár aisghabh an Ballstát, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascróidh as an gcomhaontú airgeadais agus/nó iasachta arna shíniú leis an mBallstát. Chun na críche sin, déanann an Coimisiún measúnú ar na córais rialaithe a bhfuil tuairisc orthu sna pleananna (agus sna hathbhreithnithe ina dhiaidh sin) a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin sular glacadh iad. Ina theannta sin, déanann an Coimisiún iniúchtaí córais ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais sna Ballstáit le linn thréimhse iomlán na saoráide agus iniúchtaí ar an obair a dhéanann na húdaráis náisiúnta. Déanann sé measúnú freisin ar na seiceálacha a rinne na Ballstáit ar chomhlíonadh na rialacha soláthair phoiblí agus na rialacha maidir le Státchabhair.

    Tugtar forléargas san fhíor thíos ar straitéis rialaithe an Choimisiúin maidir leis an tsaoráid.

    Forléargas ar thimpeallacht rialaithe na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ar leibhéal an Choimisiúin

    Foinse: an Coimisiún Eorpach

    Déanann an Coimisiún measúnú cáilíochtúil ar thorthaí an rialaithe agus ar an leibhéal riosca a bhaineann leis na hoibríochtaí. Murab ionann agus cláir eile an Aontais, ní féidir an measúnú sin a chainníochtú le ráta earráide. Le rátaí earráide, léirítear measúnú cainníochtúil, atá ábhartha nuair is féidir an caiteachas a bheith inchurtha go díreach i leith critéar cainníochtúil. Tá íocaíochtaí i gcomhthéacs na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta bunaithe ar mheasúnú cáilíochtúil ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna, rud atá deacair a chur i dtéarmaí cainníochtúla. Fiú nuair nár comhlíonadh garspriocanna agus spriocanna go sásúil, agus nuair a dhéanfar laghdú, ní féidir an laghdú sin a bheith comhfhreagrach le méid caiteachais neamh‑incháilithe. Ina theannta sin, tá na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe a áirítear sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta an‑éagsúil, laistigh de Bhallstát agus idir na Ballstáit araon, rud a chuireann cosc ar aon eachtarshuí staidrimh. Sa chomhthéacs seo, ní féidir ráta fiúntach earráide a chinneadh.

    Tá measúnú cáilíochtúil an Choimisiúin bunaithe ar mheascán torthaí ó na nithe seo a leanas: (1) measúnú ar an iarraidh ar íocaíocht; (2) dearbhuithe bainistíochta na mBallstát agus achoimrí ar iniúchtaí nach mór a bheith ag gabháil le gach iarraidh ar íocaíocht; (3) iniúchtaí an Choimisiúin ar bhaint amach garspriocanna agus spriocanna agus seiceálacha eile arna ndéanamh ag an gCoimisiún ar leibhéal an Bhallstáit i gcomhthéacs clár cistiúcháin eile amhail cistí an bheartais chomhtháthaithe; agus (4) torthaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, má mheastar iad a bheith inghlactha. Mar thoradh air sin, cinneann an Coimisiún leibhéal riosca maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht gach íocaíochta, a d’fhéadfadh a bheith íseal, meánach nó ard.

    Tar éis na moltaí ón tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach, ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ó Pharlaimint na hEorpa, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar a straitéisí iniúchóireachta agus rialaithe in 2023 d’fhonn feabhsuithe cáilíochtúla a dhéanamh, mar shampla tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    ·rialuithe a threisiú maidir leis an gcaoi a náirithíonn córais rialaithe inmheánaigh na mBallstát comhlíonadh rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta trí sheiceálacha ar sholáthar poiblí agus ar státchabhair a chur i bhfeidhm i ngach cineál iniúchóireachta de chuid an Choimisiúin;

    ·comhar a neartú i measc ranna an Choimisiúin maidir le torthaí iniúchóireachta a chomhroinnt;

    ·feabhas a chur ar rialuithe ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le haisiompú i gcás garspriocanna agus spriocanna iniúchta;

    ·athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht chun obair iniúchóireachta bhreise a roghnú maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint chun a áirithiú go ndéanfar faireachán leordhóthanach ar rioscaí agus go dtabharfar aghaidh orthu ar feadh shaolré na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta;

    ·na cuspóirí rialaithe a mhionchoigeartú chun cumhdach níos fearr a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, lena náirítear tuairiscí níos fearr ar na socruithe faireacháin chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht na rialuithe a dhéanann na Ballstáit a sheiceáil.

    In 2023, lean an Coimisiún d’fheabhsuithe agus soiléirithe a thabhairt maidir leis an gcaoi a ndéantar dearadh na saoráide a léirmhíniú tríd an méid seo a leanas.

    ·Creat ( 84 chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna agus an measúnú déanta, a foilsíodh i mí Feabhra 2023. Tá sé bunaithe ar an taithí a fuair an Coimisiún go dtí seo sa mheasúnú ar gharspriocanna agus spriocanna faoi rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

    ·Modheolaíocht ( 85 ) chun an méid atá le cur ar fionraí mura gcomhlíontar garsprioc nó sprioc go sásúil a chinneadh, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na córa comhionainne agus na comhréireachta. Cuirtear cur chuige soiléir comhsheasmhach ar fáil leis maidir leis na méideanna ábhartha a chinneadh agus corrlach lánroghnach á choinneáil ag an am céanna, lena léirítear nach rannchuidíonn gach beart go cothrom le cuspóirí plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.

    ·Creat chun an fhoráil a chur i bhfeidhm a bhaineann le haisiompú garspriocanna agus spriocanna faoin tsaoráid ( 86 ), lena soláthraítear soiléireacht dhlíthiúil agus trédhearcacht maidir leis an bpróiseas atá le leanúint i gcás aisiompaithe, lena náirithítear cur chun feidhme leanúnach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

    ·Trédhearcacht a neartú a thuilleadh a bhuí le rialachán REPowerEU, lena dtugtar isteach ceanglas ar na Ballstáit faisnéis a fhoilsiú maidir leis an 100 faighteoir deiridh a fhaigheann na méideanna is airde cistiúcháin ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ( 87 ). ‘Treoir nuashonraithe maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta’ ( 88 ) tar éis na gConclúidí ó Chomhairle ECOFIN i mí Aibreáin 2024 maidir le meastóireacht mheántéarma na Saoráide, ina niarrtar ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bealaí a shainaithint chun cur chun feidhme pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chuíchóiriú agus a fheabhsú, agus cosaint leordhóthanach leasanna airgeadais an Aontais á háirithiú ag an am céanna. Tugtar isteach leis an treoir seo roinnt eilimintí simplithe chun na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme agus mínítear inti an próiseas chun na pleananna a mhodhnú, lena náirítear leithdháileadh acmhainní ón tsaoráid i dtreo chuspóirí STEP ( 89 ). Tugann sé níos mó soiléireachta freisin maidir leis na coinníollacha faoinar féidir tacaíocht pro rata ón tsaoráid agus ó chistí eile de chuid an Aontais a chomhcheangal, agus cistiú dúbailte á sheachaint ag an am céanna.

    2.2.Tá torthaí an rialaithe dearfach den chuid is mó

    2.2.1.Formheas iomlán na bpleananna athbhreithnithe tar éis a measúnaithe

    I gcomhthéacs an athbhreithnithe ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta, rinneadh athmheasúnú ar chóras iniúchóireachta agus rialaithe na mBallstát faoi seach in 2023, agus an fhaisnéis nua agus bhreise uile a fuarthas ó rinneadh an measúnú bunaidh trí na hiniúchtaí éagsúla a rinne an Coimisiún á cur san áireamh. I bhfianaise na faisnéise sin, mheas an Coimisiún an raibh na socruithe don chóras iniúchóireachta agus rialaithe a chuir an Ballstát ar aghaidh sa phlean modhnaithe téarnaimh agus athléimneachta (fós) leordhóthanach agus mhol sé garspriocanna agus spriocanna nua a chur leis i ndáil leis sin (féach freisin roinn 2.2.4.). Glacadh gach ceann de na 31 athbhreithniú ar an bplean a cuireadh isteach in 2023.

    2.2.2.Rialuithe ex ante  ag céim na híocaíochta

    Measúnú dearfach sula n‑íocfar comhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna

    In 2023, rinne an Coimisiún measúnú ar 23 iarraidh ar íocaíocht a chuir 17 mBallstát éagsúla isteach agus d’íoc sé iad, iarrataí a chomhfhreagraíonn do 748 ngarsprioc agus sprioc (598 ngarsprioc, 150 sprioc). Bunaithe ar na measúnuithe sin, measadh nár comhlíonadh go sásúil seacht ngarsprioc agus sprioc, as 748 gcinn ar an iomlán. I gcás trí cinn díobh sin ( 90 ), chinn an Chomhairle íocaíochtaí páirteacha in 2023, agus níor íocadh EUR 890 milliún san iomlán leis na Ballstáit.

    I gcomhthéacs an mheasúnaithe ar gharspriocanna agus spriocanna, ardaíodh ceisteanna maidir le forálacha incháilitheachta a chur i bhfeidhm ar bhearta áirithe. I ndáil leis sin, tá seiceálacha maidir le hincháilitheacht tugtha isteach go córasach ag an gCoimisiún agus na pleananna á bhformheas aige agus, i gcás ina bhfuil amhras ann maidir le píosaí fianaise aonair arna dtíolacadh ag na Ballstáit, agus measúnú á dhéanamh aige ar iarrataí ar íocaíocht. Chun cur i bhfeidhm na bhforálacha reatha ( 91 ) a shoiléiriú a thuilleadh, eiseoidh an Coimisiún tuilleadh treorach maidir leis an ábhar sin.

    Measúnú dearfach ar na garspriocanna sonracha maidir le hiniúchóireacht agus rialú do na Ballstáit uile

    San iomlán, bhain 14 de na 23 Bhallstát a ndearnadh an chéad íocaíocht ina leith ó thús an chur chun feidhme ( 92 ) le garspriocanna iniúchóireachta agus rialaithe, gan an rabharta nua garspriocanna agus spriocanna a cuireadh leis na pleananna athbhreithnithe a chur san áireamh. Seo a leanas samplaí de gharspriocanna den sórt sin:

    stórchóras a chur ar bun agus a chur chun feidhme chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta sula ndearnadh an chéad íocaíocht;

    teacht i bhfeidhm dlíthe nó foraitheanta lena leagtar amach sainorduithe dlíthiúla nó lena sainítear nósanna imeachta iniúchóireachta agus rialaithe;

    plean gníomhaíochta a chruthú agus a chur chun feidhme maidir le coinbhleacht leasa a chosc i gcomhthéacs na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus straitéis iniúchóireachta a ghlacadh lena náiritheofar iniúchadh neamhspleách agus éifeachtach ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

    Rinne an Coimisiún measúnú dearfach ar bhaint amach na ngarspriocanna sin go léir, bunaithe ar athbhreithnithe deisce agus grinnmheasúnuithe ar an bhfianaise a sholáthair gach Ballstát. Ina theannta sin, thug seacht mBallstát gealltanais go n‑urramófar go leanúnach na garspriocanna iniúchóireachta agus rialaithe.

    Deimhnítear measúnú tosaigh an Choimisiúin le hanailís ar achoimrí bainistíochta agus iniúchóireachta

    Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na dearbhuithe bainistíochta agus ar na hachoimrí iniúchóireachta a ghabhann leis na hiarrataí uile ar íocaíocht le haghaidh na 23 íocaíocht a rinneadh in 2023. I gcás gach ceann seachas trí iarraidh ar íocaíocht a fuarthas agus a ndearnadh measúnú orthu, thacaigh an anailís ar dhearbhuithe bainistíochta agus ar thuairimí iniúchóireachta le measúnú an Choimisiúin gur baineadh amach go sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna.

    2.2.3.Deimhnítear le hiniúchtaíex post ar gharspriocanna agus spriocanna go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna comhlíonta go sásúil

    In 2023, rinne an Coimisiún 10 niniúchadh ( 93 ) ar gharspriocanna agus spriocanna (comhcheanglaíodh cuid acu le hiniúchtaí ar chórais freisin). Déantar na hiniúchtaí sin ar bhonn riosca, lena gcumhdaítear 100 % de gharspriocanna agus spriocanna ardriosca de ghnáth, mar aon le roinnt garspriocanna agus spriocanna meánriosca. Bhí garspriocanna ísealriosca den chuid is mó sna hiarrataí ar íocaíocht nach ndearnadh iniúchadh orthu. Faoin 15 Bealtaine 2024, rinne an Coimisiún iniúchadh ar 50 de na 63 gharsprioc agus sprioc ardriosca a áiríodh in iarrataí ar íocaíocht a íocadh in 2023 agus 32 as 147gcinn mheánriosca.

    Bunaithe ar a chuid oibre iniúchóireachta, níor aimsigh an Coimisiún aon fhianaise nár comhlíonadh na garspriocanna agus na spriocanna iniúchta go sásúil. D’fhan aon neamhréireachtaí eile a sainaithníodh idir na sonraí a dearbhaíodh agus na sonraí a ndearnadh iniúchadh orthu laistigh den chorrlach 5 % ( 94 ) a bhreithnigh an Coimisiún dá mheasúnú. I gcás ina measann an Coimisiún ex post nár baineadh garsprioc nó sprioc amach, tionscnóidh sé ceartuithe airgeadais chun an chuid mhíchuí den íocaíocht a rinneadh a aisghabháil. Níor tharla sé sin i gcás na níocaíochtaí a rinneadh in 2023.

    2.2.4.Déanann iniúchtaí córais ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais leordhóthanacht na gcóras atá i bhfeidhm a dheimhniú

    Faoi dheireadh 2023, rinneadh iniúchadh córais ar na Ballstáit uile uair amháin ar a laghad ó thús na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. In 2023, le hiniúchtaí córais an Choimisiúin ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais, cumhdaíodh 13 chomhlacht comhordúcháin agus 62 chomhlacht cur chun feidhme in 13 Bhallstát ( 95 ), amhail aireachtaí nó gníomhaireachtaí, a roghnaíodh ar bhonn riosca. I gcomhthéacs na niniúchtaí córais sin agus obair iniúchóireachta eile, rinne an Coimisiún seiceálacha spriocdhírithe ar chomhlíonadh nósanna imeachta státchabhrach agus soláthair phoiblí, lenar cumhdaíodh na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa i nósanna imeachta soláthair phoiblí a chosc agus cur chun feidhme iarbhír na nósanna imeachta sin.

    Shainaithin an Coimisiún staid éagsúil maidir le cur chun feidhme na gcóras rialaithe inmheánaigh ar fud na gcomhlachtaí a ndearnadh iniúchadh orthu.Sainaithníodh dea-chleachtais, amhail measúnuithe riosca ar fhoireann íogair, nósanna imeachta chun calaois agus éilliú a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath, úsáid uirlisí mianadóireachta sonraí amhail ARACHNE, nósanna imeachta chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath go coisctheach, nósanna imeachta chun cistiú dúbailte a d’fhéadfadh a bheith ann a fhíorú roimh an gcinneadh maidir le deontas a bhronnadh agus cláir ardcháilíochta chun oiliúint a chur ar bhaill foirne maidir le cúrsaí eitice agus ionracais.

    Baineann na príomh‑shaincheisteanna a tháinig chun cinn, áfach, a bhfuil moltaí agus spriocdhátaí comhaontaithe á n‑eisiúint ag an gCoimisiún lena gcur chun feidhme, fós leis an easpa comhordaithe/maoirseachta leordhóthanaí ag na comhlachtaí comhordúcháin, le saincheisteanna maidir le bailiú sonraí, comhiomlánú, tuairisciú agus rochtain, straitéisí frithchalaoise neamhiomlána chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, gnéithe atá in easnamh sna measúnuithe riosca calaoise, leis an ngá atá le feabhas a chur ar rialuithe ex ante arna ndéanamh chun coinbhleachtaí leasa a chosc, leis an ngá atá le feabhas a chur ar nósanna imeachta chun a fhíorú nach bhfuil cistiú dúbailte ann, le saincheisteanna maidir le comhlíonadh oibleagáidí poiblíochta nach bhfuil comhlíonta go maith, le rannpháirtíocht íseal san oiliúint arna heagrú chun feasacht ar chalaois a ardú agus le heasnaimh i dtuairisciú neamhrialtachtaí don Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise.

    I gcás ina bhféadfaí na heasnaimh a sainaithníodh a leigheas le garsprioc iniúchóireachta agus rialaithe, mhol an Coimisiún garspriocanna den sórt sin a thabhairt isteach sna pleananna athbhreithnithe téarnaimh agus athléimneachta mar chuid den togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle. Ní mór na garspriocanna sin a chomhlíonadh sular féidir an chéad íocaíocht eile a dhéanamh. Mar thoradh air sin, áiríodh 10 ngarsprioc nua iniúchóireachta agus rialaithe i seacht bplean athbhreithnithe ( 96 ) a d’fhormheas an Chomhairle in 2023.

    Is féidir leis an gCoimisiún dearbhú réasúnach a thabhairt maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar chalaois, ar éilliú agus ar choinbhleachtaí leasa ( 97 ) bunaithe ar thorthaí na hoibre iniúchóireachta córais a rinneadh in 2023 agus ag cur san áireamh thorthaí na hanailíse ar na dearbhuithe bainistíochta agus ar na hachoimrí iniúchóireachta a luaitear thuas, cé is moite de Bhallstát amháin, mar a thuairiscítear i roinn 2.2.8 ach a mheastar nach bhfuil ábhartha agus, dá bhrí sin, nach neisítear aon fhorchoimeádas.

    2.2.5.Iniúchtaí agus rialuithe eile

    Iniúchtaí ar na húdaráis iniúchóireachta náisiúnta

    In 2023, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an obair iniúchóireachta a rinne na húdaráis iniúchóireachta náisiúnta ( 98 ) chun an leibhéal dearbhaithe a bhunú a d’fhéadfaí a bhaint as a niniúchadh, le torthaí measctha ar an iomlán. In a lán cásanna, bhí feabhsuithe beaga ach inmhianaithe mar thoradh ar thorthaí maidir le hobair na núdarás iniúchóireachta, agus bhí moltaí criticiúla nó antábhachtach mar thoradh ar chuid de na torthaí freisin. Áiríodh ar shamplaí de mholtaí ceangal ar na comhlachtaí iniúchóireachta spriocdhátaí a áireamh chun a gcuid moltaí a chur chun feidhme, nósanna imeachta leantacha a shainiú ar bhealach níos fearr, feabhas a chur ar lámhleabhair iniúchóireachta, seicliostaí nó doiciméadacht, feabhas a chur ar fhíoruithe ar nósanna imeachta soláthair phoiblí nó ar rialacha Státchabhrach agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna foirne nó ar shaincheisteanna a bhaineann le foireann iniúchóireachta a shannadh.

    Chomhlíon na Ballstáit uile a ndearnadh measúnú orthu a n‑oibleagáid maidir le soláthar poiblí agus rialacha maidir le Státchabhair

    Chun tacú lena dhearbhú dearbhaithe, déanann an Coimisiún measúnú freisin ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na Ballstáit an oibleagáid atá orthu rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta a sheiceáil go rialta, go háirithe maidir le Státchabhair agus soláthar poiblí. I gcomhréir le rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, déanfaidh na Ballstáit ‘a sheiceáil go rialta go ndearnadh an maoiniú a chuirtear ar fáil a úsáid mar is ceart i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme agus i ndáil le haon bheart chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme, go ndearnadh i gceart é i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú’.

    In 2023, bhain an measúnú sin leis na 17 mBallstát uile a fuair íocaíocht le linn na tréimhse tuairiscithe. Agus é sin á dhéanamh aige, bhain an Coimisiún úsáid go príomha as torthaí a iniúchtaí sonracha ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (féach thuas) arna gcomhlánú le hobair iniúchóireachta a bhaineann le hionstraimí eile (e.g. an beartas comhtháthaithe). Bunaithe ar an bhfianaise a bailíodh agus a ndearnadh measúnú uirthi, agus ar feadh a eolais, mheas an Coimisiún gur chomhlíon na Ballstáit uile a n‑oibleagáid maidir lena sheiceáil go rialta go ndearnadh an maoiniú a cuireadh ar fáil i gcomhthéacs idirbhearta 2023 a úsáid agus a chur chun feidhme i gceart i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, go háirithe maidir le soláthar poiblí agus Státchabhair.

    2.2.6.Tuairimí bliantúla iniúchóireachta agus bainistíochta

    Bunaithe ar an obair iniúchóireachta a bhfuil tuairisc uirthi thuas, d’eisigh an Coimisiún 17 dtuairim iniúchóireachta bhliantúla ( 99 ) do na 17 mBallstát a fuair íocaíochtaí, tar éis iarraidh ar íocaíocht a chur isteach, in 2023. Úsáideadh na tuairimí iniúchóireachta sin ansin sa bhreis ar aon fhaisnéis eile a bhí ar fáil chun tuairim bhainistíochta a eisiúint ( 100 ) maidir le gach ceann de na híocaíochtaí a rinneadh in 2023.

    Úsáidtear tuairimí iniúchóireachta agus tuairimí bainistíochta araon chun tacú leis an gconclúid maidir leis an dearbhú dearbhaithe foriomlán. Tugtar tuairim sna tuairimí iniúchóireachta maidir leis an leibhéal riosca i ndáil le dlíthiúlacht agus rialtacht na híocaíochta, comhlíonadh Airteagal 22(2)a ( 101 ) agus Airteagal 22(5) ( 102 ) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tugann na tuairimí ón lucht bainistíochta tuairim faoi leibhéal an riosca maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na níocaíochtaí. Cuirtear faisnéis mhionsonraithe maidir le leibhéal an riosca a bhaineann le gach iarraidh ar íocaíocht i láthair sa tábla i roinn 2.2.8.

    2.2.7.Obair leanúnach Chúirt Iniúchóirí na hEorpa i gcomhthéacs ráiteas dearbhaithe 2023

    Tá measúnú an Choimisiúin faoi láthair ar thorthaí na Cúirte chun teacht ar chonclúid maidir leis an leibhéal riosca do gach íocaíocht a rinneadh in 2023. Faoin 15 Bealtaine 2024, bhí 26 litir imréitigh faighte ag an gCoimisiún ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Ós rud é go bhféadfar torthaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid chun leibhéal riosca na n‑íocaíochtaí a chinneadh, tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún orthu chun an leibhéal riosca do gach íocaíocht a rinneadh in 2023 a thabhairt i gcrích.

    Maidir le 12 litir imréitigh, choinnigh an Coimisiún, tar éis dó anailís chúramach a dhéanamh, a sheasamh (bunaithe ar a rialuithe ex ante agus ex post) gur baineadh amach go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna a áirítear sna hiarrataí comhfhreagracha ar íocaíocht, rud a thugann le tuiscint go bhfuil leibhéal íseal riosca ann. I gcás na litreacha imréitigh eile, tá an measúnú fós ar siúl tráth a fhoilsítear an tuarascáil reatha.

    2.2.8.Is iondúil go léirítear riosca íseal le measúnú cáilíochtúil ar íocaíochtaí maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht agus maidir le leas airgeadais an Aontais a chosaint

    Tá measúnú cáilíochtúil an Choimisiúin bunaithe ar mheascán torthaí ó na nithe seo a leanas: (1) dearbhuithe bainistíochta na mBallstát agus achoimrí ar iniúchtaí nach mór a bheith ag gabháil le gach iarraidh ar íocaíocht; (2) iniúchtaí an Choimisiúin; (3) measúnú ar na hiarrataí ar íocaíocht; (4) seiceálacha eile arna ndéanamh ag an gCoimisiún ar leibhéal na mBallstát i gcomhthéacs clár cistiúcháin eile amhail cistí an bheartais chomhtháthaithe; agus (5) torthaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, má mheastar iad a bheith inghlactha. Mar thoradh air sin, cinneann an Coimisiún leibhéal riosca maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht gach íocaíochta, leibhéal a d’fhéadfadh a bheith íseal, meánach nó ard. Déantar achoimre sa tábla seo a leanas ar chonclúidí an Choimisiúin in aghaidh an iarratais ar íocaíocht a fuarthas.



    Measúnú cáilíochtúil ar na 23 íocaíocht a rinneadh in 2023

    Leibhéal riosca

    Dlíthiúlacht agus rialtacht

    Comhlíonadh

    Rialacha is infheidhme
    (a)

    Oibleagáid ceartú a dhéanamh (b)

    An Ballstát

    Iarratas ar íocaíocht

    Tuairim an iniúchta

    Tuairim na bainistíochta

    Méid foriomlán

    Tuairim an iniúchta

    Tuairim an iniúchta

    An Ostair

    An chéad cheann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    An Chróit

    An tríú ceann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    An tSeicia

    An chéad cheann

    Meánach

    Meánach

    Meánach

    Meánach

    Meánach

    An Danmhairg

    An chéad cheann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Meánach

    Meánach

    An Eastóin

    An chéad cheann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    An Fhrainc

    An dara ceann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

     An Ghearmáin

    An chéad cheann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    An Ghréig

    An dara ceann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    An Ghréig

    An tríú ceann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    An Iodáil

    An tríú ceann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Meánach

    Meánach

    An Iodáil

    An ceathrú ceann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Meánach

    Meánach

    An Liotuáin

    An chéad cheann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Lucsamburg

    An chéad cheann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Meánach

    Meánach

     Málta

    An chéad cheann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Meánach

    Íseal

    An Phortaingéil

    An dara ceann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    An Phortaingéil

    An tríú ceann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    An Phortaingéil

    An ceathrú ceann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    An Rómáin

    An dara ceann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    An tSlóvaic

    An dara ceann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Meánach

    Ard

    An tSlóvaic

    An tríú ceann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Meánach

    Ard

     An tSlóivéin

    An chéad cheann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    An tSlóivéin

    An dara ceann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    An Spáinn

    An tríú ceann

    Íseal

    Íseal

    Íseal

    Meánach

    Íseal

    Foinse: an Coimisiún Eorpach

    Nótaí a ghabhann leis an tábla:

    Airteagal 22(2)a de Rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

    Airteagal 22(5) de Rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

    Ar an iomlán, is é conclúid an Choimisiúin:

    Maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht: tá an leibhéal riosca íseal den chuid is mó maidir leis an íocaíocht a dhéantar agus measúnú á dhéanamh ar íocaíocht amháin le meánleibhéal riosca( 103 ). Bunaithe ar na hiniúchtaí agus na rialuithe a rinneadh, agus ar fhoinsí eile faisnéise i gcás inar measadh iad a bheith inghlactha, níor measadh nár comhlíonadh go sásúil aon cheann de na garspriocanna ná na spriocanna a áiríodh sna híocaíochtaí a rinneadh.

    Maidir le comhlíonadh na rialacha uile is infheidhme, na rialacha maidir le soláthar poiblí agus státchabhair ( 104 ) agus comhlíonadh na hoibleagáide ceartúcháin a dhéanamh i gcásanna calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa nó sárú tromchúiseach ar oibleagáidí a eascraíonn as na comhaontuithe maoinithe agus iasachta ( 105 ): tá an leibhéal riosca íseal nó meánach den chuid is mó seachas cás amháin ina meastar an leibhéal riosca, i ndáil le comhlíonadh na hoibleagáide ceartúcháin a dhéanamh, a bheith ard. I bhfianaise na méideanna atá i gceist, áfach, i.e. EUR 1.2 milliún nár aisghabhadh ar leibhéal an fhaighteora deiridh i gcás coinbhleacht leasa a bhraith an Ballstát, ní mheastar é sin a bheith ábhartha agus ní eisítear aon fhorchoimeádas. Go ginearálta, tá na bearta is gá á ndéanamh ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na laigí a sainaithníodh le linn iniúchtaí ar chórais. Ní chaitheann aon cheann de na laigí a sainaithníodh amhras ar leibhéal cosanta leasanna airgeadais an Aontais.

    2.3.Dheimhnigh an t‑oifigeach údarúcháin trí tharmligean don tsaoráid go raibh dearbhú réasúnta aige

    Sna conclúidí uaidh maidir leis an dearbhú don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, dheimhnigh an toifigeach ( 106 ) go raibh dearbhú réasúnach aige maidir leis an méid seo a leanas:

    dlíthiúlacht agus rialtacht na níocaíochtaí a rinneadh in 2023 don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, bunaithe ar an measúnú dearfach ar an bhfianaise ar chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna dá bhforáiltear sna hiarrataí ar íocaíocht, ar obair iniúchóireachta ex post ar na garspriocanna agus ar na spriocanna agus ag féachaint freisin ar thorthaí na hoibre iniúchóireachta a rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i gcomhthéacs an ráitis dearbhaithe uaithi in 2023 (le haghaidh litreacha imréitigh a fuarthas agus a ndearnadh measúnú orthu faoin scoithdháta);

    soláthar poiblí agus Státchabhair, urramú oibleagáid na mBallstát a leagtar síos in Airteagal 22(2)(a) de Rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a sheiceáil go rialta go ndearnadh an maoiniú a sholáthraítear i gcomhthéacs na mbunidirbheart a úsáid go cuí i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, agus go ndearnadh aon bheart chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go cuí i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú; agus

    cur chun feidhme Airteagal 22(5) de Rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le laghdú comhréireach ar an tacaíocht faoin tsaoráid agus aisghabháil aon mhéid atá dlite do bhuiséad an Aontais nó an iarraidh ar aisíocaíocht luath na hiasachta, i gcásanna calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an mBallstát, nó sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 15(2) agus 23(1) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cé is moite de Bhallstát amháin, mar a thuairiscítear i roinn 2.2.8 ach a mheastar nach bhfuil ábhartha agus, dá bhrí sin, nach neisítear aon fhorchoimeádas.

    Coimeád an leathanach seo folamh go dtí go mbeifear réidh le foilsiú.

    Ní mór líon iomlán na leathanach i bhfoilseacháin chlóite a bheith inroinnte faoi cheathair.

    Sula bhfoilsítear é, bain an bharúil seo agus ag brath ar líon iomlán na leathanach, bain an leathanach seo nó cuir leathanaigh fholmha bhreise leis.

    Bí i dteagmháil leis an Aontas Eorpach

    Go pearsanta

    Tá na céadta lárionad Europe Direct ar fud an Aontais. Is féidir leat teacht ar sheoladh an lárionaid is gaire duit ar líne ( https://europeanunion.europa.eu/contacteu/meetus_ga ).

    Ar an bhfón nó i scríbhinn

    Is seirbhís í Europe Direct a fhreagraíonn do cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

    ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (d’fhéadfadh sé go ngearrfadh oibreoirí áirithe táille as na glaonna sin),

    ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,

    tríd an bhfoirm seo a leanas: https://europeanunion.europa.eu/contacteu/write-us_ga .

    Eolas a fháil faoin Aontas Eorpach

    Ar líne

    Tá faisnéis faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ( europeanunion.europa.eu ).

    Foilseacháin de chuid an Aontais

    Is féidir breathnú ar fhoilseacháin an Aontais nó iad a ordú ag https://op.europa.eu/ga/web/general-publications/publications . Is féidir cóipeanna iomadúla d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Europe Direct nó le do lárionad doiciméadachta áitiúil ( europeanunion.europa.eu/contacteu/meetus_ga ).

    Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara

    Tá faisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, lena náirítear dlí uile an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 sna teangacha oifigiúla uile, le fáil ó EUR-Lex ( eur-lex.europa.eu ).

    Sonraí oscailte an Aontais

    Leis an tairseach data.europa.eu soláthraítear rochtain ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála agus neamhthráchtála araon. Leis an tairseach soláthraítear rochtain freisin ar neart tacar sonraí ó thíortha Eorpacha.

    (1) ()    Ursula von der Leyen (n.d.), ‘I dtreo Aontas a fhéachann le níos mó a bhaint amach: Mo chlár oibre don Eoraip’, An Coimisiún Eorpach, Treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2019-2024, https://commission.europa.eu/system/files/2020-04/political-guidelines‑next‑commission_en_0.pdf.
    (2) ()    EUR 807 mbilliún i bpraghsanna atá ann faoi láthair, EUR 750 billiún i bpraghsanna 2018.
    (3) ()    Sonraí comhiomlánaithe na bpríomhtháscairí feidhmíochta, lena léirítear an tionchar measta agus an tionchar a bhfuil coinne leis ó thionscadal bhuiséad an Aontais ó 2014 ar aghaidh.
    (4) ()    Mar a fhoráiltear le pointe 16(d–g) den chomhaontú idirinstitiúideach do chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027.
    (5) ()    Copernicus (9 Aibreán 2024), ‘Copernicus: March 2024 is the tenth month in a row to be the hottest on record’, preaseisiúint, https://climate.copernicus.eu/copernicus‑march‑2024-tenth‑month‑row-be-hottest‑record .
    (6) ()    Bunaithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas.
    (7) ()    Deais Bhannaí Glasa NextGenerationEU: https://commission.europa.eu/strategy-and‑policy/eu-budget/eu-borrower-investor-relations/nextgenerationeu-green‑bonds/dashboard_en .
    (8) ()    An Coimisiún Eorpach (2023), ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid, Green bonds – Impact and allocation report – NGEU report 2023 [Bannaí glasa – Tuarascáil tionchair agus leithdháilte – Tuarascáil NGEU 2023], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, https://data.europa.eu/doi/10.2761/302803 .
    (9) ()    Tá tuilleadh faisnéise faoi rannchuidiú an bheartais comhtháthaithe leis an mbithéagsúlacht le fáil ar an Ardán Sonraí Oscailte: https://cohesiondata.ec.europa.eu/stories/s/21-27-Cohesion‑policy-Biodiversity-tracking/rza5-iu48 .
    (10) ()    Ní áirítear leis an méid sin aon ranníocaíocht ón gcomhbheartas talmhaíochta, i ngeall ar shrianta modheolaíochta.
    (11) ()    Lena n‑áirítear cúnamh a soláthraíodh in 2022, 2023 agus le linn na chéad 5 mhí de 2024.
    (12) ()    Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), IO L 330, 20.9.2021, lgh. 1–26, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj?locale=ga .
    (13) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean nua fáis do na Balcáin Thiar, COM(2023)691 final .
    (14) ()    Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2226/oj .
    (15) ()    Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1240/oj .
    (16) ()    Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1134/oj .
    (17) ()    Ní chuirtear san áireamh leis na figiúirí sin ach na leithdháiltí díreacha ar an gcultúr agus ar an oidhreacht chultúrtha agus ní chuirtear san áireamh leo tacaíocht iomlán Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa don earnáil.
    (18) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Cosaint an Daonlathais, COM/2023/630 final .
    (19) ()    Is é misean foriomlán an ghrúpa ardleibhéal coiteann slándála a bhaint amach le haghaidh córais líonraí agus faisnéise san Aontas Eorpach. Tacaíonn sé leis an gcomhar straitéiseach agus leis an malartú faisnéise i measc Bhallstáit an Aontais agus éascaíonn sé an méid sin. Tá sé comhdhéanta d’ionadaithe ó Bhallstáit an Aontais, ón gCoimisiún Eorpach agus ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil. Is é an Ballstát a bhfuil uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh aige a líonann post an Chathaoirligh.
    (20)

    ()    Ós rud é gur féidir leis an ngníomhaíocht chéanna rannchuidiú le níos mó ná cuspóir amháin, tá sé tábhachtach a mheabhrú nach féidir tosaíochtaí cothrománacha (e.g. figiúirí aeráide, bithéagsúlachta agus aeir ghlain) a shuimiú chun comhaireamh dúbailte a sheachaint.

    (21) ()    Sonraí comhiomlánaithe na bpríomhtháscairí feidhmíochta, lena léirítear an tionchar measta agus an tionchar a bhfuil coinne leis ó thionscadal bhuiséad an Aontais ó 2014 ar aghaidh.
    (22) ()    Ní réamhriachtanas é ailíniú leis an tacsanomaíocht le haghaidh cistiúcháin.
    (23) ()    Comparáid idir cistí 2021-2027 agus na cistí a bhí ann roimhe seo in 2014-2020 (e.g. Copernicus 2014-2020, SPÁS 2021-2027).
    (24) ()    An Coimisiún Eorpach (Feabhra 2024), ‘Meastóireacht lár téarma ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) ’, https://commission.europa.eu/about‑european‑commission/departments‑and‑executive-agencies/economic-and‑financial-affairs/evaluation‑reports‑economic-and‑financial-affairs‑policies‑and‑spending-activities/mid‑term-evaluation‑recovery-and‑resilience-facility-rrf_en .
    (25) ()    Ní chumhdaítear leis ach taighdeoirí de chatagóir C agus de chatagóir D.
    (26) ()    Gan an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht a chur san áireamh maidir le deontais chascáideacha agus gníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde.
    (27) ()    An Coimisiún Eorpach (2023), An ArdStiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Tuarascáil bhliantúil Erasmus+ 2022, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, https://data.europa.eu/doi/10.2766/211791 .
    (28) ()    Sonraí a bhaintear as sonraí oibríochtúla EVA Actions. Rinne comhpháirtithe agus oifigigh na sonraí a tiomsaíodh sa bhunachar sonraí inmheánach sin a ionchódú go díreach. Mar sin féin, ní dhearnadh dátaí a sheiceáil faoi dhó chun áireamh dúbailte a sheachaint agus, dá bhrí sin, ní léirítear leo líon deiridh na dtairbhithe ó ghníomhaíochtaí daonnúla arna maoiniú ag an gCoimisiún in 2023.
    (29) ()    Ós rud é nár bunaíodh modheolaíocht rianaithe lánfheidhme le haghaidh ranníocaíochtaí digiteacha bhuiséad an Aontais go fóill, ba cheart aon chomhiomlánú ar ranníocaíochtaí clár aonair ag an gcéim seo a léirmhíniú go cúramach. Is amhlaidh atá toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh na modheolaíochtaí a úsáideann cláir chaiteachais aonair inchomparáide go docht. D’ainneoin sin, is féidir le comhiomlánú den sórt sin meastachán ginearálta a sholáthar fós ar an ranníocaíocht dhigiteach iomlán ó bhuiséad an Aontais.
    (30) ()    Freagraíonn méid chaiteachas ábhartha an Choimisiúin do na híocaíochtaí a rinneadh in 2023 lúide an réamh‑mhaoiniú arna íoc amach in 2023, móide an réamh‑mhaoiniú arna íoc amach sna blianta roimhe sin agus a glanadh in 2023 (chun sainmhínithe agus tuilleadh mionsonraí a fháil, féach Iarscríbhinn 5). Ní áirítear leis an méid sin na híocaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, a chumhdaítear in Iarscríbhinn 3.
    (31) ()    Ba cheart a thabhairt ar aird gur tugadh an Ciste Eorpach Forbraíochta isteach faoi scáth bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027.
    (32) ()    Gan an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a áireamh.
    (33) ()    Cumhdaítear leis an téarma ‘oifigigh údarúcháin trí tharmligean’ Ardstiúrthóirí an Choimisiúin, ceannairí gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, oifigí, seirbhísí, tascfhórsaí, etc. Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 74(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (an rialachán airgeadais): ‘Beidh an toifigeach údarúcháin san institiúid den Aontas lena mbaineann freagrach as ioncam agus caiteachas a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena náirítear trí thuairisciú ar fheidhmíocht a áirithiú, agus as a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le dlíthiúlacht agus le rialtacht agus le cóir chomhionann i ndáil le faighteoirí.’
    (34) ()    Mar a cheanglaítear le hAirteagal 247 den rialachán airgeadais, áirítear leis an bpacáiste tuairiscithe comhtháthaithe airgeadais agus cuntasachta cuntais bhliantúla chomhdhlúthaithe an Aontais Eorpaigh freisin, mar aon leis an tuarascáil maidir leis na bearta leantacha a ghabhann leis an urscaoileadh buiséadach le haghaidh na bliana airgeadais roimhe sin, an tuarascáil bhliantúil don údaráis urscaoilte maidir le hiniúchtaí inmheánacha arna ndéanamh agus an réamhaisnéis fhadtéarmach i ndáil le hinsreabha agus le heis‑sreabha bhuiséad an Aontais amach anseo.
    (35) ()    Rialú Inmheánach – Creat Comhtháite de chuid Choiste Eagraíochtaí Urraíochta Choimisiún Treadway, ‘caighdeán an óir’ le haghaidh córais rialaithe inmheánaigh.
    (36) ()    Ag deireadh 2021, d’eisigh an Coimisiún beartas ardleibhéil riosca agus comhlíontachta NextGenerationEU i gcomhréir le creat ginearálta rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin. Soláthraítear leis creat iomchuí bainistíochta riosca agus comhlíontachta chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun ionracas, sláine agus trédhearcacht oibríochtaí NextGenerationEU a áirithiú, amhail oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe. In 2022, lean an Coimisiún de na creataí rialachais agus rialaithe a fhorbairt trí phróisis agus pointí rialaithe a chur i bhfeidhm ar fud na bpríomhghníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachta uile, lena náirítear pleanáil cistiúcháin, forfheidhmiú idirbheart iasachtaíochta, bainistíocht leachtachta, ríomh costas agus leithdháileadh. Leis na próisis sin, áirithíodh gur cuireadh na gnéithe uile d’oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe chun feidhme i gcomhréir le sraith láidir rialuithe riosca, arna ndoiciméadú ina n‑iomláine agus arna gcur chun feidhme go comhsheasmhach ag na foirne freagracha agus faoi réir formhaoirseacht mhionchúiseach ag líne chosanta thánaisteach (Príomhoifigeach Riosca neamhspleách).
    (37) ()    Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Bainistíocht fiachais NGEU ag an gCoimisiún – Tús spreagúil, ach is gá é a ailíniú tuilleadh le dea-chleachtas – Tuarascáil speisialta 16/2023 .
    (38) ()    Teachtaireacht chuig an gCoimisiún  An enhanced corporate strategy for the management of the Commission’s debtors [Straitéis chorparáideach fheabhsaithe chun féichiúnaithe an Choimisiúin a bhainistiú], COM(2024) 588 final an 6 Feabhra 2024.
    (39) ()Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Coinbhleacht leasa i gcaiteachas comhtháthaithe agus talmhaíochta AE – Tá creat i bhfeidhm, ach tá bearnaí sna bearta trédhearcachta agus braite – Tuarascáil speisialta 06/23] .
    (40) ()    Cé is moite den chomhbheartas talmhaíochta nua, i gcás inarb é 2023-2027 an chlárthréimhse.
    (41) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí – Plean gníomhaíochta straitéis frithchalaoise an Choimisiúin – athbhreithniú 2023, COM(2023) 405 final an 11 Iúil 2023.
    (42) ()    Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin – Plean gníomhaíochta – athbhreithniú 2023, SWD(2023) 245 final an 11 Iúil 2023.
    (43) ()    An Coimisiún Eorpach, an Oifig Eorpach FrithChalaoise, 34th annual report on the protection of the European Union financial interests and the fight against fraud  [an 34ú tuarascáil bhliantúil maidir le leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint agus an comhrac i gcoinne na calaoise] – 2022, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023, https://data.europa.eu/doi/10.2784/795600 .
    (44) ()    An Coimisiún Eorpach, an Oifig Eorpach FrithChalaoise, Tuarascáil OLAF 2022, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2023, https://data.europa.eu/doi/10.2784/846935 .
    (45) ()Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, IO L, 2023/2841, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj .
    (46) ()    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, COM(2023) 234 final  an 3 Bealtaine 2023.
    (47) ()    Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an troid in aghaidh an éillithe, JOIN(2023) 12 an 3 Bealtaine 2023.
    (48) ()    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint, IO L 433, 22.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj (an rialachán maidir le coinníollacht).
    (49) ()    Féach breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, ECLI:EU:C:2022:97 agus an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21, ECLI:EU:C:2022:98.
    (50) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint, COM(2022) 1382 an 18 Márta 2022.
    (51) ()    Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, IO L 231, 30.6.2021, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj (rialachán na bhforálacha coiteanna).
    (52) ()Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, IO L 57, 18.2.2021, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj (Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta).
    (53) ()    An clár oibríochtúil um an gcomhshaol agus um éifeachtúlacht fuinnimh plus, an clár oibríochtúil comhtháite um iompar plus agus an clár oibríochtúil um fhorbairt chríochach agus lonnaíochta plus.
    (54) ()    Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, An smacht reachta san Aontas – Creat feabhsaithe chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ach tá rioscaí fós ann – Tuarascáil speisialta 03/2024 .
    (55) ()    Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú), COM(2022) 223 .
    (56) ()    Tá Arachne, uirlis chomhtháite TF le haghaidh mianadóireacht sonraí agus saibhriú sonraí, á fhorbairt ag an gCoimisiún Eorpach ó bhí 2009 ann. Is é is aidhm dó tacú le húdaráis bhainistíochta agus le comhlachtaí idirmheánacha ina rialuithe riaracháin agus ina seiceálacha bainistíochta ar thionscadail de chuid Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Chiste Comhtháthaithe agus Chiste Sóisialta na hEorpa.
    (57) ()    200 clár as 441 do chlárthréimhse 2014-2020 agus 31 chlár as 52 do chlárthréimhse 2021-2027.
    (58) ()    138 gclár as 441 do chlárthréimhse 2014-2020 agus 18 gclár as 52 do chlárthréimhse 2021-2027.
    (59) ()    103 chlár as 441 do chlárthréimhse 2014-2020 agus 3 chlár as 52 do chlárthréimhse 2021-2027.
    (60) ()    I gcás Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Chiste Chomhtháthaithe agus an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh, measadh an leibhéal riosca a bheith ard freisin, gan beann ar an riosca tráth na híocaíochta, nuair a eisíodh an tuairim iniúchóireachta sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí go raibh feidhmiú chóras bainistithe agus rialaithe na gclár díobhálach nó cáilithe.
    (61) ()    Togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear Fís 2020 chun feidhme – An creatchlár um thaighde agus um nuálaíocht (2014-2020), COM(2011) 811 final an 30 Samhain 2011. Tá an riosca tráth na híocaíochta lúide ceartúcháin a cuireadh chun feidhme fós laistigh den tairseach ábharthachta comhaontaithe 2 % agus 5 % atá beartaithe sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún, ina luaitear an méid seo a leanas: ‘Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cuspóir réalaíoch é ráta riosca earráide idir 2% agus 5%, ar bhonn bliantúil, a bhaint amach le haghaidh an chaiteachais ar thaighde faoi “Fís 2020”, nuair a chuirtear san áireamh costais na rialuithe, na bearta atá beartaithe chun na rialacha casta a shimpliú agus an riosca is gné dhílis de sin a bhaineann le costais an tionscadail taighde a aisíoc. Nuair a bheidh tionchar airgeadais na niniúchtaí, na mbeart ceartaithe agus na mbeart gnóthaithe uile curtha san áireamh, is é an aidhm dheiridh leibhéal earráidí iarmharach chomh gar agus is féidir do 2 % a bhaint amach ag deireadh na gclár.’
    (62) ()    Ó 2019, tugadh isteach tairseach de minimis le haghaidh forchoimeádais airgeadais. Forchoimeádais chainníochtaithe na tuarascála bhliantúla ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le rátaí earráide iarmharaí os cionn na tairsí ábharthachta de 2 %, meastar nach bhfuil siad substaintiúil maidir le catagóirí arbh ionann iad agus níos lú ná 5 % d’íocaíochtaí iomlána ard‑stiúrthóireachta agus a bhfuil tionchar airgeadais acu atá níos lú ná EUR 5 mhilliún. Sna cásanna sin, níl gá a thuilleadh le forchoimeádais chainníochtaithe.
    (63) ()Áirítear orthu sin Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, Ciste Sóisialta na hEorpa, an tionscnamh fostaíochta don aos óg agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí.
    (64) ()    Tá luach níos ísle sa raon sin, arna ríomh mar mheán ualaithe na rátaí earráide arna mbreathnú ar leibhéal na gclár oibríochtúil agus luach uachtarach, agus rioscaí breise féideartha á gcur san áireamh (e.g. bunaithe ar thorthaí iniúchóireachta na mblianta roimhe sin) arna meas trí úsáid a bhaint as rátaí comhréidhe le haghaidh gach cláir aonair, mar aon le meastacháin choimeádacha nuair nach ndearnadh ach athbhreithnithe deisce nó nuair a cheanglaítear obair bhreise a dhéanamh fós faoi nósanna imeachta bréagnaitheacha leanúnacha. Meastar, dá bhrí sin, gurb é an luach uachtarach sin an cás is measa nach ndeimhnítear, i mórán cásanna, nuair a dhéantar tuilleadh oibre iniúchóireachta.
    (65) ()    Den chéad uair, tá riosca tráth na híocaíochta don Choimisiún lasmuigh den raon leibhéil earráide idir 4.2 % agus 9.2 %, arna mheas ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ina Tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2022 (lch. 227). Is féidir an leibhéal níos airde earráide arna mheas ag an gCúirt a mhíniú le héagsúlachtaí sa léirmhíniú ar sháruithe ar na rialacha is infheidhme nach neamhrialtachtaí iad, i gcásanna áirithe, de réir bhrí rialachán na bhforálacha coiteanna, a bhfuil measúnú déanta ag an gCoimisiún ina leith nach mbeadh foras dlíthiúil aige ceartúcháin airgeadais a fhorchur, agus le difríochtaí sna modhanna a úsáidtear chun roinnt earráidí a chainníochtú.
    (66) ()Baineann sé sin le 408 gclár as 441 chlár don chlárthréimhse 2014-2020
    (67) ()55 chlár as 441 chlár don chlárthréimhse 2014-2020.
    (68) ()    Cé go náirítear é faoin gceannteideal ‘acmhainní nádúrtha’, leanann caiteachas an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh an sásra soláthair céanna le caiteachas comhtháthaithe.
    (69) ()    Le haghaidh dhá scéim cabhrach in aon Bhallstát amháin.
    (70) ()    Áirítear i gceannteideal 4 freisin an Ciste Slándála Inmheánaí atá faoi cheannteideal 5, ós rud é go ndéantar iniúchadh agus rialú ar gach ciste atá á bhainistiú ag roinn Gnóthaí Baile an Choimisiúin ar bhonn modh bainistíochta agus cineál íocaíochtaí agus nach féidir na rioscaí a chinntear ar an gcaoi sin a roinnt idir na ceannteidil bhuiséid.
    (71) ()    Cinneadh C(2023) 3644 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2023 agus Cinneadh C(2023) 8905 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2023.
    (72) ()     Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí .
    (73) ()    Leis an téarma ‘oifigeach údarúcháin trí tharmligean’, cumhdaítear ArdStiúrthóirí ranna an Choimisiúin agus ceannairí gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, oifigí, seirbhísí agus tascfhórsaí.
    (74) ()    Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcuirtear an riail de minimis maidir le forchoimeádais i bhfeidhm maidir le cistí an bheartais chomhtháthaithe ós rud é go ndéantar forchoimeádais maidir le cláir aonair (nó codanna de) chláir agus go ndéantar iad a chomhiomlánú ansin de réir clárthréimhse.
    (75) ()    Iarmhairtí phaindéim COVID-19 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin leis na géarchéimeanna maidir le praghas fuinnimh agus costas maireachtála ina dhiaidh sin.
    (76) ()    Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht chuig an gCoimisiún ó Choimisinéir Reynders i gcomhaontú leis an Uachtarán – Cairt an Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta, An Choimisiúin Eorpach a nuashonrú, COM(2020) 1165 final an 27 Feabhra 2020.
    (77) ()    Ní dhéanfar an tainmniú seo a fhorléiriú mar aitheantas ar stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh éagsúla na mBallstát ar an gceist sin.
    (78) ()    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta IO L 57, 18.2.2021, lch.  1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32021R0241 (Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta).
    (79) ()    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/435/oj (Rialachán REPowerEU).
    (80) ()    Chuir an Ghearmáin, Éire, an Iodáil agus an Fhionlainn isteach dhá nuashonrú ar a bpleananna.
    (81) ()Ní raibh caibidlí REPowerEU sna pleananna athbhreithnithe don Bhulgáir, don Ghearmáin, d’Éirinn ná do Lucsamburg.
    (82) ()    Comhfhreagraíonn an méid iomlán a eisíocadh in 2023 do 23 iarraidh ar íocaíochtaí ó 17 mBallstát, mar aon le réamhmhaoiniú a íoc le dhá Bhallstát. San iomlán, agus réamhmhaoiniú á chur san áireamh, rinneadh íocaíochtaí le 19 mBallstát.
    (83) ()    EUR 338 mbilliún de dheontais bhunaidh ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, EUR 17.3 billiún de dheontais ón gcóras trádála astaíochtaí agus EUR 1.6 billiún de dheontais ó chúlchiste coigeartaithe Brexit.
    (84) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: Dhá bhliain ar an bhfód – Ionstraim uathúil atá i gcroílár chlaochlú glas agus digiteach an Aontais, Iarscríbhinn I, COM(2023) 99 final an 21 Feabhra 2023.
    (85) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: Dhá bhliain ar an bhfód – Ionstraim uathúil atá i gcroílár chlaochlú glas agus digiteach an Aontais, Iarscríbhinn II, COM(2023) 99 final an 21 Feabhra 2023.
    (86) ()    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta: Ag bogadh ar aghaidh, Iarscríbhinn II, COM(2023) 545 final an 19 Meán Fómhair 2023.
    (87) ()    D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit na sonraí sin a chur ar fáil go pras agus tá siad á gcomhdhlúthú ar an scórchlár téarnaimh agus athléimneachta , ar an tairseach ar líne lena rianaítear an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ina hiomláine agus maidir le gach plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta.
    (88) ()    C(2024)3809
    (89) ()    Rialachán (AE) 2024/795 an 29 Feabhra 2024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP)
    (90) ()    An chéad íocaíocht leis an Liotuáin: dhá gharsprioc; an dara híocaíocht leis an Rómáin: dhá gharsprioc; an tríú híocaíocht leis an bPortaingéil: sprioc amháin agus dhá gharsprioc.
    (91) ()    Treoraíocht ón gCoimisiún do na Ballstáit an 22 Eanáir 2021 (SWD(2021) 12 final) maidir leis an gcaoi a ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar bhearta chun an oibleagáid a eascraíonn as an rialachán maidir le Téarnamh agus Athléimneacht a chomhlíonadh.
    (92) ()    An Bhulgáir, an tSeicia, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Liotuáin, Lucsamburg, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic.
    (93) ()    Iniúchtaí maidir leis na chéad iarrataí ar íocaíocht a chuir an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, Lucsamburg agus an Ostair isteach, maidir leis an dara hiarraidh ar íocaíocht a chuir an Ghréig, an Chróit, an Iodáil (), an Rómáin agus an tSlóvaic isteach agus maidir leis an tríú hiarraidh ar íocaíocht a chuir an Spáinn, an Chróit, an Phortaingéil agus an Iodáil isteach agus maidir leis an gceathrú hiarraidh ar íocaíocht a chuir an Iodáil agus an Phortaingéil isteach.
    (94) ()    Déantar diall íosta ó mhéideanna a shonraítear sa gharsprioc/sprioc sin a shainiú mar dhiall thart ar 5 % nó níos lú.
    (95) ()    An Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, Lucsamburg, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSualainn.
    (96) ()    An Bheilg, an Danmhairg, Éire, an Chipir, an Ostair, an Phortaingéil agus an Fhionlainn.
    (97) ()    I gcomhréir le hAirteagal 22(5) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, féadfaidh an Coimisiún an tacaíocht neamhinaisíoctha faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a laghdú go comhréireach agus, i gcás inarb infheidhme, aon mhéid atá dlite do bhuiséad an Aontais a aisghabháil i gcásanna calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an mBallstát, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascróidh as an gcomhaontú seo.
    (98) ()    Rinneadh trí iniúchadh tiomnaithe comhlíontachta don Danmhairg, don tSlóivéin agus don tSlóvaic. Ina theannta sin, rinneadh codanna d’iniúchtaí comhlíontachta a chomhtháthú in iniúchtaí eile ar an Spáinn, ar an bhFrainc, ar Lucsamburg, ar an Ostair, ar an Rómáin agus ar an tSlóvaic.
    (99) ()    Is éard atá sa tuairim iniúchóireachta measúnú foirmiúil ó aonaid iniúchóireachta fhreagracha an Choimisiúin ar chórais rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus tacaítear léi le measúnuithe mionsonraithe in aghaidh an Bhallstáit ina bhfuil achoimre ar an bhfaisnéis arna carnadh ó iniúchtaí an Choimisiúin féin, ó iniúchtaí ar chomhlachtaí eile, ó chomhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta, ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ó thorthaí fiosrúchán ón Oifig Eorpach FrithChalaoise.
    (100) ()    Úsáideann aonaid oibríochtúla an Choimisiúin na tuairimí iniúchóireachta mar aon le foinsí eile faisnéise atá ar fáil dóibh (amhail cruinnithe agus tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme) mar bhonn leis an tuairim bhainistíochta, a cheanglaítear orthu a sholáthar don oifigeach údarúcháin trí tharmligean atá i gceannas ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
    (101) ()    I gcomhréir le hAirteagal 22(2)(a) de rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, déanfaidh an Ballstát bearta comhréireacha frithchalaoise agus frithéillithe a chur chun feidhme go héifeachtach, mar aon le haon bheart is gá chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint go héifeachtach.
    (102) ()    I gcomhréir le hAirteagal 22(5) den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, féadfaidh an Coimisiún an tacaíocht neamhinaisíoctha faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a laghdú go comhréireach agus, i gcás inarb infheidhme, aon mhéid atá dlite do bhuiséad an Aontais a aisghabháil i gcásanna calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an mBallstát, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascróidh as an gcomhaontú seo.
    (103) ()Sainaithníodh san iniúchadh ex post a rinne an Coimisiún saincheist fhéideartha dlíthiúlachta agus rialtachta maidir le sprioc amháin agus tá an nós imeachta bréagnaitheach fós ar siúl.
    (104) ()    Airteagal 22(2)(a) de Rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
    (105) ()    Airteagal 22(5) de Rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
    (106) ()    Ainmníodh ArdStiúrthóir na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais mar oifigeach údarúcháin trí tharmligean le haghaidh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
    Top