This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024AP0047
P10_TA(2024)0047 – Amending Regulation (EU) 2018/1806 as regards Vanuatu – European Parliament legislative resolution of 27 November 2024 on the proposal for a regulation of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EU) 2018/1806 as regards Vanuatu (COM(2024)0365 – C10-0008/2024 – 2024/0128(COD)) (Ordinary legislative procedure: first reading)
P10_TA(2024)0047 — Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le Vanuatú — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Samhain 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le Vanuatú (COM(2024)0365 – C10-0008/2024 – 2024/0128(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
P10_TA(2024)0047 — Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le Vanuatú — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Samhain 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le Vanuatú (COM(2024)0365 – C10-0008/2024 – 2024/0128(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
IO C, C/2025/1812, 4.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1812/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1812 |
4.4.2025 |
P10_TA(2024)0047
Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le Vanuatú
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Samhain 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le Vanuatú (COM(2024)0365 – C10-0008/2024 – 2024/0128(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2025/1812)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0365), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2), pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10-0008/2024), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 13 Samhain 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A10-0015/2024), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
P10_TC1-COD(2024)0128
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Samhain 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le Vanuatú
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/11)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1812/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)