Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023SC0141

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR [ ] a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Aontais agus Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

SWD/2023/141 final

An Bhruiséil,17.5.2023

SWD(2023) 141 final

Athchóiriú custaim

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

[…]

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena mbunaítear Cód Custaim an Aontais agus Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013



{COM(2023) 258 final} - {SEC(2023) 198 final} - {SWD(2023) 140 final}


Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar an athbhreithniú ar reachtaíocht custaim an Aontais

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Níl an córas atá i bhfeidhm faoi láthair sásúil. Cailleann an tAontas Eorpach ioncam. Tagann táirgí aindleathacha agus neamhchomhlíontacha isteach san Aontas agus cuireann siad sábháilteacht agus slándáil shaoránaigh an Aontais i mbaol.

1. Bíonn an lucht custaim ag streachailt lena mhisean cosaint a thabhairt do leasanna airgeadais an Aontais, agus do na ceanglais neamhairgeadais atá ag méadú de shíor faoi bheartais earnálacha (sábháilteacht táirgí, slándáil, cosaint shláinte an duine, cosaint sláinte ainmhithe agus plandaí, cosaint an chomhshaoil, etc.). Níl an comhar idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla eile leordhóthanach.

2. Leis na próisis chustaim atá i bhfeidhm faoi láthair, ceanglaítear ar thrádálaithe faisnéis chomhchosúil maidir le hearraí a sholáthar roinnt uaireanta sa slabhra soláthair d’údaráis éagsúla trí chórais TF iomadúla nach córais idir‑inoibritheacha i gcónaí iad. Cruthaíonn sé sin ualach riaracháin d’oibreoirí dlisteanacha.

3. Níl an tsamhail chustaim oiriúnach don ríomhthráchtáil - tá cineál na trádála athraithe ag an mborradh as cuimse a tháinig faoin ríomhthráchtáil, ó earraí a bheith á dtabhairt isteach go traidisiúnta san Aontas ina gcainníochtaí móra trí lastas, go dtí na milliúin coinsíneachtaí beaga a bheith á seoladh go díreach chuig tomhaltóirí aonair. Níl an lucht custaim ullmhaithe chun déileáil leis an méadú ar mhéideanna earraí agus dearbhuithe.

4. Tá cáilíocht sonraí agus rochtain agus anailís ar shonraí teoranta - Cé go bhfuil próisis chustaim digitithe, tá na sonraí a theastaíonn chun maoirseacht custaim, anailís riosca agus rialuithe a dhéanamh ilroinnte agus dúbailte ar fud córais iomadúla i mbonneagar TF custaim díláraithe. Tá sé sin costasach d’údaráis chustaim, níl sé solúbtha agus cuireann sé bac ar úsáid éifeachtúil sonraí.

5. Tá éagsúlachtaí suntasacha i gcur chun feidhme oibríochtúil idir na Ballstáit ó thaobh cleachtais agus modhanna rialaithe de. Níl aon anailís riosca AE iomchuí ann chun maoirseacht cheart a dhéanamh ar shreafaí trádála agus trádáil neamhchomhlíontach a bhrath. 

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Is mian leis an gCoimisiún an tAontas Custaim a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile. Is é an cuspóir ginearálta go ngníomhóidh údaráis chustaim san Aontas mar údarás amháin, chun earraí neamhchomhlíontacha a stopadh, níos mó dleachtanna custaim a bhailiú agus rialuithe oiriúnacha a dhéanamh gan an iomarca brú a chur ar údaráis agus trádálaithe.

Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha:

-Bainistíocht riosca chustaim an Aontais i leith rioscaí airgeadais agus neamhairgeadais a neartú, trí léargas agus anailís a bheith ag an Aontas ar an slabhra soláthair ina iomláine i bhfíor‑am.

-An t‑ualach riaracháin a laghdú agus na nósanna imeachta a shimpliú do thrádálaithe, tomhaltóirí agus údaráis chustaim, gan maoirseacht custaim éifeachtach a chur i mbaol.

-Cothroime iomaíochta idir an ríomhthráchtáil agus an trádáil thraidisiúnta a áirithiú a mhéid a bhaineann le custam, i gcomhréir le rialacha CBL.

-Rochtain ar shonraí custaim agus úsáid sonraí custaim le haghaidh gníomhaíocht straitéiseach a fheabhsú, chun feabhas a chur ar mhaoirseacht custaim agus cur chuige comhtháite i leith bainistíocht riosca a áirithiú.

-É a chur ar a chumas don Aontas Custaim gníomhú mar údarás amháin chun cosaint uile‑Aontais éifeachtach a áirithiú, gan beann ar an áit a dtrasnaíonn an t‑earra an teorainn sheachtrach.

Cad é an breisluach atá le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)?

Ní mór gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Is inniúlacht eisiach é an tAontas Custaim, agus comhpháirt fhíor‑riachtanach d’fheidhmiú ceart an Mhargaidh Aonair. Ní gá go dtabharfadh gníomhaíocht náisiúnta aghaidh ar an bhfadhb go héifeachtach.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a ghnóthú? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?

Breithnítear ceithre rogha chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb shainaitheanta:

1.Pacáiste próiseas níos simplí: lena ndéantar freagrachtaí na ngníomhaithe a shoiléiriú, céimeanna nach bhfuil gá leo a bhaint de nósanna imeachta allmhairiúcháin, agus bearta maidir leis an ríomhthráchtáil agus tuilleadh tairbhí do thrádálaithe trédhearcacha a thabhairt isteach, faoin tsamhail digitithe atá i bhfeidhm faoi láthair agus faoin struchtúr rialachais custaim atá ann cheana. Méadófar éifeachtacht de bharr simpliú próiseas ina bhfuil freagracht saindírithe.

2.Údarás Custaim AE um chomhordú: i dteannta chéim a haon thuas, Údarás Custaim AE nua a chruthú chun comhar idir na Ballstáit i gcúrsaí bainistíochta riosca a chomhordú, cur chun feidhme aonfhoirmeach rialacha a shainiú agus bainistíocht a dhéanamh ar chláir chustaim.

3.Spás Sonraí Custaim AE lárnach, faoi bhainistíocht an Choimisiúin: Próisis chustaim níos simplí agus freagracht shaindírithe ar ghníomhaithe atá le cur chun feidhme i samhail TF láraithe. Leis an spás sonraí, d’éascófaí bailiú faisnéise ó ghníomhaithe éagsúla, á próiseáil le haghaidh bhainistíocht riosca an Aontais agus á malartú le húdaráis inniúla eile.

4.Údarás Custaim AE um chomhordú agus oibríochtaí, lena mbainistítear Spás Sonraí Custaim AE: Próisis chustaim níos simplí arna gcur chun feidhme trí Spás Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh faoi bhainistíocht Údarás Custaim AE a bheadh i gceannas (i dteannta rogha 2) ar bhainistíocht riosca oibriúcháin, bainistíocht sonraí agus soláthar próiseas simplithe.

Is í rogha 4 an rogha thosaíochta. Treisíonn a thrí eilimint (próisis chustaim athchóirithe, arna gcur chun feidhme i Spás Sonraí Custaim AE lárnach faoi bhainistíocht Údarás Custaim AE) a chéile chun torthaí níos fearr a bhaint amach agus sineirgí a chruthú ar fud an Aontais. Is é sin an rogha is éifeachtúla, toisc go laghdaíonn go mór an infheistíocht i struchtúir lárnacha an costas ar na Ballstáit agus ar ghnólachtaí.

Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara difriúla? Cé a thacaíonn leis na roghanna éagsúla?

Tá na páirtithe leasmhara mórán ar aon intinn faoi údaráis chustaim a bheith ag gníomhú mar údarás amháin, próisis chustaim níos simplí a bheith ann lena ngabhfadh freagrachtaí soiléire i leith gach céime, comhar níos éifeachtaí idir údaráis chustaim agus údaráis eile, agus soláthar simplithe faisnéise i dtimpeallacht chustaim TF ar leibhéal an Aontais. Níl aon agóid shuntasach á déanamh in aghaidh aon cheann de na heilimintí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hathchóiriú custaim.

Ar an mórgóir, tá údaráis chustaim i bhfabhar comhpháirtíocht athnuaite a bhunú le trádálaithe mar mhalairt ar rochtain níos fearr ar shonraí, ach tá tuairimí éagsúla acu maidir le tuilleadh caiteachais i bhforbairtí TF agus maidir leis an athchóiriú rialachais.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)?

-Neartaítear an mhaoirseacht custaim. De bharr rochtain agus próiseáil níos fearr ar shonraí trí Spás Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh, beidh bainistíocht riosca an Aontais níos éifeachtúla agus méadófar cumas lucht custaim calaois a bhrath trí phróifíliú a dhéanamh ar oibreoirí rioscúla a ghníomhaíonn ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Ginfidh sé ioncaim bhreise don Aontas agus dá Bhallstáit. De bharr rochtain níos fearr ar shonraí agus comhordú níos fearr i measc údarás, méadófar cumas lucht custaim earraí nach gcomhlíonann ceanglais an Aontais a bhrath agus a stopadh chun tairbhe saoránach agus tomhaltóirí.

-Laghdaítear ualach riaracháin agus costais chomhlíontachta don trádáil dhlisteanach. Tá na próisis athbhreithnithe níos simplí agus bailítear faisnéis uair amháin ón bhfoinse cheart trí chomhéadan aonair i Spás Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh.

-De thoradh lárú feidhmeanna (TF, bainistíochta sonraí agus bainistíochta riosca) in Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh, tá coigilteas suntasach ann do chaiteachas TF custaim na mBallstát. Le hÚdarás Custaim an Aontais Eorpaigh áirithítear comhordú idir riaracháin chustaim náisiúnta agus údaráis eile.

-Cruthaítear cothroime iomaíochta idir an ríomhthráchtáil agus an trádáil thraidisiúnta. Leis na próisis athbhreithnithe, tugtar caoi do ghníomhairí ríomhthráchtála faisnéis airgeadais agus neamhairgeadais a sholáthar ar bhealach níos simplí agus cuirtear iad faoi dhliteanas ina leith; tairbhíonn tomhaltóirí de thrédhearcacht mhéadaithe praghsanna agus táillí, cur isteach níos lú ar shlabhraí soláthair mar gheall ar fhoirmiúlachtaí fioscacha, agus cosaint níos fearr ar earraí díobhálacha.

-Gníomhaíonn an tAontas Custaim mar údarás amháin. Is é Údarás Custaim AE lárnach a sholáthraíonn na próisis athbhreithnithe i Spás Sonraí Custaim AE lárnach chun cur chun feidhme aonfhoirmeach i ngach Ballstát a éascú agus éagsúlachtaí a sheachaint.  

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?

Costais na rogha tosaíochta ar bhuiséad an Aontais, is mar gheall ar na nithe seo a leanas iad:

-Forbairt lárnach Spás Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh. Le himeacht 15 bliana, dhéanfadh seirbhísí an Aontais EUR 559 milliún níos mó ná an bhonnlíne a infheistiú (is gá infheistíochtaí aonuaire níos airde a dhéanamh sna chéad 7 mbliana) agus EUR 2 bhilliún a infheistiú chun an spás sonraí a choinneáil ar bun. Bheadh coigilteas suntasach eacnamaíoch ann do chaiteachas TF na mBallstát de thoradh costais a lárú.

-Chun Údarás Custaim AE a chruthú, cheanglófaí EUR 230 milliún breise de ghlanchostais Coibhéise Lánaimseartha (FTE) i gcaitheamh na tréimhse 15 bliana ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Foirmítear an tÚdarás de réir a chéile i gcaitheamh 8 mbliana agus tagann sé chun bheith cobhsaí i mbliain 9, tráth a bheidh foireann mheasta iomlán aige de thart ar 250 FTE.

Is de réir praghsanna atá ann faoi láthair a dhéantar meastachán ar chostais, bunaithe ar uainiú, aistriú agus toimhdí eile a léirítear.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Níl coinne leis go mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ag an tionscnamh ar FBManna. Tá a phríomheilimintí i gcomhréir le hionchais agus tosaíochtaí FBManna agus beidh sé níos fusa do FBManna a bheith rannpháirteach i dtrádáil sheachtrach dá bharr. An éifeacht is suntasaí a bheidh ar FBManna, tiocfaidh sé ón athchóiriú ar phróisis chustaim a mbeidh tairbhí le baint ag gach trádálaí as a simpliú. Tairbheoidh monaróirí FBManna de na bearta atá dírithe ar laghdú a dhéanamh ar iomaíocht éagórach de dheasca táirgí allmhairithe nach gcomhlíonann rialacha agus caighdeáin an Aontais.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

Beidh costais riaracháin, idir chostais TF agus foirne, níos lú do na Ballstáit de bharr an láraithe i rogha 4.

Le himeacht 15 bliana, san iomlán, meastar go gcoigleodh na Ballstáit thart ar EUR 21 bhilliún i gcostais TF agus EUR 1 bhilliún breise ó thaobh am foirne nach gá a chaitheamh ar chúraimí a dhéantar faoi láthair. Is de réir praghsanna atá ann faoi láthair a dhéantar meastachán ar na tairbhí sin, bunaithe ar uainiú, aistriú agus toimhdí eile a léirítear.

Comhréireacht?

Ní sháraíonn an rogha thosaíochta an méid is gá chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna go hiomlán, i bhfianaise scála agus dhéine na ndúshlán atá roimh an aontas custaim.

D. Iarobair

Déanann Spás Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh an faireachán agus an mheastóireacht a éascú, agus cuirtear chun feidhme iad le tomhas treisithe ar fheidhmíocht an Aontais Custaim.

Top