Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023SC0089

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR [ ] a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO₂ le haghaidh feithiclí tromshaothair nua a neartú i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais agus a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/956

SWD/2023/89 final

Strasbourg, 14.2.2023

SWD(2023) 89 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

[…]

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO₂ le haghaidh feithiclí tromshaothair nua a neartú i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais agus a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/956

{COM(2023) 88 final} - {SEC(2023) 100 final} - {SWD(2023) 88 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar an Athbhreithniú ar na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair nua

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Sainaithníodh trí phríomhfhadhb ar leibhéal an Aontais: (1) ní rannchuidíonn feithiclí tromshaothair go leordhóthanach leis an uaillmhian mhéadaithe maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú agus leis an ngá atá ann spleáchas fuinnimh an Aontais a laghdú; (2) tá oibreoirí iompair agus tomhaltóirí ag cailliúint amach ar dheiseanna maidir le coigilteas fuinnimh agus maidir le laghduithe costais gaolmhara; agus (3) tá an baol ann go gcaillfear an cheannaireacht theicneolaíoch agus nuálaíochta atá ag an slabhra luacha sa tionscal feithiclí tromshaothair san Aontais.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Féachtar leis an tionscnamh seo na cuspóirí sonracha seo a leanas a bhaint amach: (1) rannchuidiú le sprioc 2030 maidir le laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí GCT agus le cuspóir aeráidneodrachta 2050, trí astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tromshaothair a laghdú ar bhealach costéifeachtach, i gcomhréir le cuspóirí aeráide an Aontais agus, an tráth céanna, cur le slándáil fuinnimh an Aontais a fheabhsú; (2) sochair a chur ar fáil d’oibreoirí iompair agus d’úsáideoirí, sochair a eascróidh as feithiclí atá níos tíosaí ar fhuinneamh a úsáid ar bhonn níos leithne; (3) ceannaireacht theicneolaíoch agus nuálaíochta shlabhra luacha mótarfheithiclí an Aontais a neartú agus fostaíocht a spreagadh.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? 

Is fadhb thrasteorann é an t‑athrú aeráide. Gan gníomhaíocht ón Aontas, is dócha nach leordhóthanach gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil agus baineann an riosca leo go ndéanfar an margadh inmheánach a ilroinnt. Le gníomhaíocht ón Aontas, sholáthrófaí don slabhra luacha uile sa tionscal mótarfheithiclí an comhartha fadtéarmach, cobhsaí is gá don mhargadh agus an deimhneacht rialaitheach is gá le haghaidh infheistíochtaí móra caipitil is gá chun feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?

Féachadh ar roghanna beartais éagsúla, a grúpáladh ina dtrí phríomhchatagóir: (i) leathnú amach ar an raon feidhme; (ii) spriocleibhéil i leith astaíochtaí CO2 agus amchlár maidir le feithiclí tromshaothair nua; (iii) sásraí rialála sonracha, amhail scéimeanna dreasachta le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus feithiclí astaíochtaí ísle; (iv) sásra chun rannchuidiú féideartha na mbreoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh spriocanna; (v) saincheisteanna rialachais.

Faoin rogha thosaíochta, áirítear roinnt feithiclí tromshaothair atá neamhrialáilte faoi láthair laistigh den raon feidhme rialála. Laghdaítear na spriocanna i leith astaíochtaí CO2 i gcéimeanna 5 bliana agus neartaítear go mór iad ó 2030 ar aghaidh. Leagtar síos na caighdeáin éifeachtúlachta fuinnimh is fearr costas le haghaidh leantóirí. Tá monaróirí ísealtáirgeachta díolmhaithe ó na spriocanna a bhaint amach. Tá préimhioncaim astaíochtaí iomarcacha féidearthacha fós ina gcuid de bhuiséad ginearálta an Aontais.

Maidir leis an sásra dreasachta atá ann faoi láthair le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus feithiclí astaíochtaí ísle, cuirtear deireadh leis ó 2030 ar aghaidh. Leagtar síos sainordú 100 % do bhusanna uirbeacha astaíochtaí nialasacha faoi 2030. Ní thugtar aon sásra isteach chun an rannchuidiú, a d’fhéadfadh breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin a thabhairt, a chur san áireamh. Maidir le rialachas, áirítear roinnt solúbthachta chun cur chun feidhme costéifeachtach na reachtaíochta a áirithiú agus a sláine comhshaoil a chosaint ag an am céanna.

Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara difriúla? Cé hiad na páirtithe leasmhara éagsúla agus cé na bearta is rogha leo?

Bunaithe ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí oscailte agus ar an aiseolas ón gCiste Carbóin don Eoraip, tacaíonn páirtithe leasmhara go ginearálta le leathnú an raoin feidhme agus monaróirí ísealtáirgeachta á ndíolmhú ag an am céanna. Tacaíodh go ginearálta leis an raon feidhme a leathnú chun leantóirí a chumhdach cé is moite de roinnt oibreoirí iompair.

D’iarr eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus monaróirí feithiclí astaíochtaí nialasacha an uaillmhian is mó, tacú le laghdú 100 % faoi 2035 agus glacadh cuspóirí eatramhacha idir 2025 agus 2030 mar aon le sprioc 2030 a neartú. Thacaigh monaróirí feithiclí móra, oibreoirí iompair, soláthróirí comhpháirteanna agus soláthróirí breoslaí agus gáis le spriocanna nach raibh chomh huaillmhianach céanna agus thug siad tuairimí measctha go ginearálta ó leibhéil uaillmhéine ísle go meánleibhéil uaillmhéine. Ní raibh monaróirí móra nó soláthróirí breosla, go háirithe, i bhfabhar sprioc laghdaithe 100 % a leagan síos faoi dháta áirithe. Thacaigh monaróirí feithiclí móra, soláthróirí comhpháirteanna agus oibreoirí iompair leis an síneadh ar na céimeanna 5 bliana atá ann faoi láthair agus d’iarr eagraíochtaí neamhrialtasacha agus monaróirí feithiclí astaíochtaí nialasacha spriocanna a laghdaíonn i gcéimeanna níos giorra.

Thacaigh monaróirí agus oibreoirí iompair leis an sásra dreasachta feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a choinneáil ar bun tar éis 2030 ach d’iarr eagraíochtaí neamhrialtasacha é a bhaint tar éis 2030 agus an dreasacht suas go 2030 a theorannú go catagóirí feithiclí sonracha. Tacaíonn soláthróirí leictreachais agus hidrigine le scéim lena dtugtar sochar d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus dóibh sin amháin. Thacaigh eagraíochtaí neamhrialtasacha agus monaróirí feithiclí astaíochtaí nialasacha agus roinnt monaróirí níos mó le sainordú maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha a leagan síos do bhusanna uirbeacha. Bhí na monaróirí móra eile agus na soláthróirí breoslaí i gcoinne aon sainordú maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha.

Thacaigh soláthraithe gás agus breoslaí le sásra a thabhairt isteach chun breoslaí a chur san áireamh sna caighdeáin, d’áitigh eagraíochtaí neamhrialtasacha ina choinne sin agus chuir monaróirí móra tuairimí éagsúla in iúl.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann dóibh; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)? 

Is iad na laghduithe carnacha réamh‑mheasta i leith astaíochtaí sceithphíopa idir 2031 agus 2050 35-48 % i gcás mótarfheithiclí tromshaothair, i gcomparáid leis an mbonnlíne agus 1.4 % breise le haghaidh leantóirí ó 2031 ar aghaidh, i gcomparáid leis an meánchás. Cuireann na caighdeáin maidir le feithiclí tromshaothair le laghdú truailleáin aeir idir 7 % go 17 % in 2035, 15 % go 38 % in 2040 agus 66 % go 80 % in 2050, i gcomparáid leis an mbonnlíne.

Sochair i dtéarmaí an mheánchoigiltis ghlain sa chostas úinéireachta iomlán don chéad úsáideoir, tá siad suas go 6 000-9 800, 17 400-25 800 agus 29 100-47 000 EUR in aghaidh na feithicle do 2030, 2035 agus 2040. Léirítear coigilteas glan don dara agus don tríú húsáideoir treochtaí comhchosúla, le sochair níos lú. Meastar gurb iad 2 400-6 300, 18 300-31 900 agus 33 700-59 800 EUR na tairbhí sochaíocha in aghaidh na feithicle do 2030, 2035 agus 2040. Léirítear le coigilteas glan do chéad úsáideoirí leantóirí nua a cláraíodh in 2030 coigilteas 9 000-29 000 EUR in aghaidh an leantóra, ag brath ar an gcineál, agus uas‑scálaíonn an coigilteas glan eacnamaíoch thar shaolré na feithicle ó thaobh na sochaí de go 11 500-42 599 EUR in aghaidh na feithicle.

Le linn na tréimhse 2031 go 2050, tiocfaidh laghdú 11-19 % ar an ídiú fuinnimh deiridh ó mhótarfheithiclí tromshaothair i gcomparáid leis an mbonnlíne. Baintear amach coigilteas i mbreoslaí iontaise (díosal den chuid is mó) thart ar 215-281 Mtoe maidir leis an mbonnlíne, rud a laghdaíonn spleáchas allmhairithe gheilleagar an Aontais 150-200 billiún EUR. Déantar 23 Mtoe breise de bhreosla iontaise a choigilt le linn na tréimhse 2031 go 2050, ar fiú 16 bhilliún EUR é, trí chaighdeáin éifeachtúlachta fuinnimh a leagan síos maidir le leantóirí.

Tiocfaidh méadú glan ar phoist in 2030, agus níos mó fós in 2040 agus 2050, agus meastar go bhfásfaidh OTI 0,06 %-0,11 % faoi 2040.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Téann costais in airde do mhonaróirí mótarfheithiclí tromshaothair toisc go mbeidh gá le teicneolaíochtaí breise a úsáid i bhfeithiclí nua chun spriocanna CO2 níos déine a chomhlíonadh: 3 400-9 700, 5 300-11 800 agus 6 500-13 100 EUR in aghaidh na feithicle do 2030, 2035 agus 2040. Chuige sin, bheadh gá le hinfheistíochtaí breise ó mhonaróirí a mheastar a bheith cothrom le thart ar EUR 4.9 billiún go 8.7 billiún in aghaidh na bliana, idir 2031 agus 2050.

Is 2 500-5 250 EUR in aghaidh na feithicle na costais bhreise in aghaidh an mheánleantóra nó an leathleantóra i gcomparáid le bonnlíne 2020.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Ní aimsíonn fiontair mheánmhéide agus bheaga aon srian inacmhainneachta in aon cheann de na trí sprioc-chás uaillmhéine. Léirítear coigilteas ina gcostas iomlán úinéireachta freisin. Tá feithiclí astaíochtaí nialasacha inacmhainne i gcónaí.

Tá tionchar dearfach ar an nuálaíocht agus ar cheannaireacht theicneolaíoch an tionscail agus ar an iomaíochas mar thoradh ar fhorbairt agus ar sholáthar feithiclí astaíochtaí nialasacha (sciartha feithiclí astaíochtaí nialasacha in %, 20-35, 35-57 agus 57-100 faoi 2030, 2035 agus 2040).

An imreofar tionchair mhóra ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Cé go mbeidh na tionchair fhoriomlána ó thaobh OTI de dearfach, meastar gur thart faoi 0.004 % de OTI de chuid AE‑27 a bheidh i gceist leis an gcaillteanas ioncaim ó dhleacht breosla in 2030. Is féidir na caillteanais sin a chothromú ar leibhéal an Bhallstáit, mar shampla, trí chánachas indíreach. Níl aon tionchar mór riaracháin ar riaracháin náisiúnta toisc go bhfuil na forálacha is gá curtha i bhfeidhm cheana féin.

An mbeidh aon tionchar mór eile i gceist? 

Trí chomhartha soiléir rialála agus intuarthacht a chur ar fáil don tionscal chun feithiclí tromshaothair atá éifeachtúil ar bhreosla a fhorbairt agus trí infheistíocht a dhéanamh iontu, spreagfar forbairt agus nuálaíocht theicneolaíoch an tionscail san Aontas.

Comhréireacht? 

Gníomhaíocht chomhréireach atá sa ghníomhaíocht maidir leis na cuspóirí, a bhaineann leis an aeráid agus ar thug an tAontas gealltanas ina leith, a bhaint amach.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfar foráil maidir le hathbhreithniú ar éifeachtacht na reachtaíochta nua, i gcomhréir leis an athbhreithniú ar phíosaí eile reachtaíochta a chuireann leis an uaillmhian mhéadaithe maidir leis an aeráid.

Top