Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0692

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú

COM/2023/692 final

An Bhruiséil,8.11.2023

COM(2023) 692 final

2023/0397(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ba shaincheist sheanbhunaithe é cóineasú socheacnamaíoch neamhleor idir na Balcáin Thiar agus an tAontas, rud a chuaigh in olcas mar gheall ar thionchar eacnamaíoch chogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise in aghaidh na hÚcráine, agus roimhe sin mar gheall ar phaindéim COVID-19. Tá leibhéal cóineasaithe eacnamaíoch na mBalcán Thiar i dtéarmaí OTI per capita i gcaighdeáin cumhachta ceannaigh idir 30 % agus 50 % de mheán an Aontais agus níl sé ag dul chun cinn tapa go leor. Tá sé ríthábhachtach do na Balcáin Thiar, don Aontas Eorpach agus don phróiseas aontachais go gcuirfear dlús leis an ráta cóineasaithe sin. Le leibhéal níos airde cóineasaithe, éascófar go mór comhtháthú na mBalcán Thiar san Aontas.

Tá cóineasú eacnamaíoch i gcroílár na dtairbhí a bhaineann le ballraíocht san Aontas: leis an taithí a fuarthas ón gcúigiú babhta de mhéadú an Aontais, inar bhain roinnt Ballstáit nua leibhéil ioncaim amach ag 90 % nó níos mó de mheán an Aontais, léirítear an tionchar atá ag comhtháthú eacnamaíoch agus oscailt an mhargaidh a eascraíonn as ballraíocht sa Mhargadh Aonair in éineacht leis an mBeartas Comhtháthaithe ar chóineasú eacnamaíoch. I bhfianaise shainiúlachtaí an réigiúin, d’fhéadfadh comhtháthú forásach leis an Margadh Aonair fiú roimh an aontachas a bheith in ann leas a bhaint as cuid de na tairbhí níos luaithe. Ní mór comhtháthú forásach den sórt sin a ullmhú go cúramach agus ba cheart dlúthchomhar agus comhtháthú réigiúnach a bheith ann roimh ré mar bheart ullmhúcháin.

Ar an mbonn sin, d’fhorbair an Coimisiún an Plean Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar (a leagtar amach go mion i dTeachtaireacht chomhthreomhar ón gCoimisiún). Is ar cheithre cholún atá an plean bunaithe:

Comhtháthú eacnamaíoch níos fearr leis an Aontas Eorpach;

Comhtháthú Eacnamaíoch laistigh de na Balcáin Thiar: an Cómhargadh Réigiúnach;

Athchóirithe bunúsacha;

Cúnamh airgeadais méadaithe.

Feidhmeoidh an tSaoráid reatha mar chuid lárnach den Phlean Fáis, rud a chuirfidh go mór leis an gcúnamh airgeadais bunaithe ar chlár oibre athchóiriúcháin uaillmhianach lena ndíreofar ar athchóirithe socheacnamaíocha riachtanacha mar aon le hathchóirithe bunúsacha, lena n‑áirítear an smacht reachta agus infheistíochtaí spriocdhírithe. Leis an tSaoráid, tabharfar isteach coinníollacht láidir trí shásra íocaíochta a bhunú bunaithe ar a bhfuil bainte amach leis na hathchóirithe sin. Le cur chuige den sórt sin, tá gá le dearadh iomlán nua, atá éagsúil leis na hionstraimí cúnaimh sheachtraigh atá ar fáil faoi láthair.

Leanfar leis an gcúnamh airgeadais reatha do na Balcáin Thiar agus don Tuirc faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) ina fhoirm reatha agus díreofar ar mhéadú a dhéanamh ar ailíniú na reachtaíochta náisiúnta agus an riaracháin phoiblí le acquis an Aontais agus le caighdeáin an Aontais d’fhonn ballraíocht a bhaint amach san Aontas amach anseo.

Dá bhrí sin, comhlánóidh an tSaoráid nua cur chuige IPA III trí dhíriú ar na deitéarmanaint shonracha don fhás sóisialta agus eacnamaíoch.

Ina theannta sin, cé go ndíríonn IPA III ar phróiseas clársceidealaithe feidhmíochtbhunaithe, beidh sásra íocaíochta ag an tSaoráid nua seo a bheidh bunaithe ar choinníollacht ex ante, agus deontais agus iasachtaí á meascadh ar bhealach nuálach, rud a thabharfaidh dreasacht níos láidre do na Tairbhithe príomh-athchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme.

Chun tairbhiú go hiomlán de dheiseanna an Phlean Fáis, ullmhóidh gach Tairbhí Clár Oibre Athchóiriúcháin, ina leagfar amach na príomhbhearta atá beartaithe ag gach Tairbhí a dhéanamh le linn na tréimhse 2024-2027 chun dlús a chur le cóineasú socheacnamaíoch agus le cóineasú leis an Aontas. Rachfar i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir leis an gClár Oibre Athchóiriúcháin, agus is é an Coimisiún a dhéanfaidh measúnú air agus a ghlacfaidh é.

Beidh an Clár Oibre Athchóiriúcháin comhsheasmhach le straitéis fáis an Tairbhí atá ailínithe le conair an mhéadaithe. Tabharfaidh sé chun tosaigh na príomh-athchóirithe bunúsacha a sainaithníodh sa phróiseas aontachais chomh maith le líon teoranta athchóirithe lárnacha socheacnamaíocha a sainaithníodh i gCláir Athchóirithe Eacnamaíoch a bhí ann roimhe seo agus a chomhtháthófar sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin as seo amach. Cuirfear an méid sin in iúl agus dlús á chur le hinfheistíochtaí ábhartha nasctha faoin bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar, ar léiriú réigiúnach ar Global Gateway é.

Déanfar na hinfheistíochtaí sin a sholáthar trí Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar (WBIF), agus díreofar ar earnálacha a fheidhmeoidh mar phríomhiolraitheoirí don fhorbairt shocheacnamaíoch: nascacht, lena n‑áirítear iompar, fuinneamh, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, oideachas agus forbairt scileanna Cuirfear tionscadail nó cláir ghaolmhara chun feidhme i gcomhar le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus le bainc forbartha na mBallstát agus meallfaidh siad infheistíochtaí breise uathu agus ón earnáil phríobháideach.

Dá bhrí sin, tá an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar don tréimhse 2024-2027 comhlántach le IPA III. Tá an tSaoráid ceaptha mar ionstraim sholúbtha, atá curtha in oiriúint don chuspóir maidir le dlús a chur le hathchóirithe bunúsacha socheacnamaíocha agus an réigiún a thabhairt níos gaire don Aontas, agus intuarthacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcistí á n‑áirithiú an tráth céanna.

Tá an deis ag na Balcáin Thiar athchóirithe spriocdhírithe a chur chun feidhme i gcomhar le Ballstáit an Aontais faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, ós rud é go bhféadfadh comhar leis na Ballstáit i gcur chun feidhme na n‑athchóirithe rannchuidiú lena n‑aontachas agus lena gcomhtháthú luathaithe. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thorthaí threoirthionscadal reatha na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil le tíortha is iarrthóirí agus le hiarrthóirí ionchasacha agus déanfaidh sé tuilleadh iniúchta ar conas is féidir leo a rannpháirtíocht i dtionscadail athchóirithe ilnáisiúnta faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a éascú.

Leis an tSaoráid atá beartaithe, beidh an tAontas in ann a uaillmhian pholaitiúil a mheaitseáil lena ghiaráil airgeadais, i gcomhréir lena ghealltanas fadtéarmach maidir le Tairbhithe na mBalcán Thiar agus iad ag dul i dtreo aontachas leis an Aontas.

Is é EUR 6 bhilliún (i bpraghsanna reatha) a bheidh sna hacmhainní uasta chun an tSaoráid a chur chun feidhme do 2024-2027 le haghaidh gach cineáil tacaíochta, agus tacaíocht neamh-inaisíoctha a bheidh i gceist le suas le EUR 2 bhilliún de sin agus iasachtaí lamháltais a sholáthróidh an tAontas a bheidh i gceist le EUR 4 bhilliún de. Soláthar na ndliteanas airgeadais sa Chiste don Soláthar Coiteann le haghaidh na n‑iasachtaí, tiocfaidh sé ón tacaíocht neamh-inaisíoctha EUR 2 bhilliún.

A mhéid a bhaineann le comhpháirt na tacaíochta neamh-inaisíoctha, déanfar an tSaoráid a chistiú le hacmhainní breise faoi Cheannteideal 6 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) mar chuid den Athbhreithniú Meántéarma ar CAI. Dá réir sin, bunaítear leis an togra le haghaidh leasú ar Rialachán CAI 1 go gcuirfear EUR 2 bhilliún breise ar fáil faoi Cheannteideal 6 le haghaidh an chúnaimh do na Balcáin Thiar.

Cuirfear an tSaoráid nua chun feidhme trí shásraí soláthair a roghnaíodh chun gnóthú tapa na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí gaolmhara a uasmhéadú, agus an tráth céanna na rialuithe is gá a choinneáil ar bun agus an t‑ualach riaracháin ar an gCoimisiún, ar na Tairbhithe agus ar chomhpháirtithe cur chun feidhme eile a íoslaghdú.

Soláthrófar an tacaíocht trí dhá shásra soláthair: 1) Tacaíocht dhíreach do bhuiséid náisiúnta na dTairbhithe agus 2) Tacaíocht d’infheistíochtaí bonneagair trí WBIF.

Ar a laghad, déanfar leath den mhéid foriomlán atá ar fáil chun tacú leis an tSaoráid, thart ar EUR 3 bhilliún, a leithdháileadh de réir a chéile ar WBIF lena n‑áirítear méid iomlán na tacaíochta neamh-inaisíoctha lúide na méideanna a chuirfear ar leataobh le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun an tSaoráid a chur chun feidhme agus le haghaidh soláthair, mar a thuairiscítear a thuilleadh thíos.

Trí chistí a threorú le haghaidh infheistíochtaí caipitiúla trí WBIF, soláthrófar deimhniú breise in aghaidh rioscaí muiníneacha, ós rud é go bhfuil córais rialaithe airgeadais seanbhunaithe ag WBIF a bhraitheann freisin ar chaighdeáin rialaithe na n‑institiúidí airgeadais cur chun feidhme a bhfuil measúnú colúin déanta orthu. Le WBIF, cuirtear creat aonair comhair ar fáil idir an Coimisiún Eorpach, deontóirí déthaobhacha na mBallstát agus institiúidí airgeadais. Beidh na hinfheistíochtaí uile bunaithe ar phrionsabal na neamhdhíobhála agus ar an bprionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ agus rannchuideoidh siad leis an gcuspóir níos leithne maidir le cuidiú leis an réigiún aistriú chuig geilleagar glas, aeráidneodrach, aeráid-díonach, digiteach agus cuimsitheach atá ailínithe le rialacha agus caighdeáin an Aontais.  

Cé go n‑ionsúfar formhór na gcistí leis an dá shásra thuasluaite, cuirfear méid beag de bhuiséad na hIonstraime (a chomhfhreagraíonn do 1,5 %) ar leataobh le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun an tSaoráid a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta, a bhfuil gá leo chun an tSaoráid a bhainistiú agus chun a cuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, oiliúint, comhairliúcháin leis na húdaráis is Tairbhithe, comhdhálacha, comhairliúcháin le geallsealbhóirí, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí cuimsitheacha for-rochtana, agus cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais. Féadfaidh na speansais gach costas a bhaineann le gníomhaíochtaí tacaíochta eile a chumhdach freisin, amhail costais a bhaineann le rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail nó ar chláir ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun athchóirithe agus infheistíochtaí a mheasúnú agus a chur chun feidhme.

Eisíocaíochtaí díreacha leis na buiséid náisiúnta agus cistí a chur ar fáil chun tograí infheistíochta a chur isteach chun tuairim Bhord Oibríochtúil WBIF a fháil, beidh siad faoi réir dhul chun cinn agus chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta a shonraítear i gCláir Oibre Athchóiriúcháin na dTairbhithe. Beidh na coinníollacha íocaíochta i bhfoirm sraith céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla agus amlíne ghaolmhar le haghaidh eisíocaíochtaí atá nasctha le hathchóirithe socheacnamaíocha sonracha chun fás a spreagadh, comhpháirtithe a chur ar chonair cóineasaithe inbhuanaithe agus iad a dhíriú i dtreo athchóirithe sonracha a bhaineann le bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe, lena n‑áirítear an smacht reachta, an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe.

Is coinníollacha ginearálta iad cobhsaíocht mhacrairgeadais, bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, trédhearcacht agus formhaoirseacht ar an mbuiséad le haghaidh íocaíochtaí nach mór iad a chomhlíonadh chun cistí a scaoileadh. Déanfar íocaíochtaí de réir sceidil leathbhliantúil sheasta, bunaithe ar iarrataí ar scaoileadh na gcistí a bhfuil údar cuí leo arna gcur isteach ag na Tairbhithe agus tar éis don Choimisiún comhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta ábhartha a fhíorú. I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha íocaíochta, déanfaidh an Coimisiún méid comhfhreagrach ón íocaíocht a chur ar fionraí nó a asbhaint.

Féadfar na cistí comhfhreagracha a cuireadh ar fionraí a eisíoc le linn na 12 mhí tar éis an sprioc-ama bhunaidh a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin, ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha íocaíochta. Ba cheart síneadh 24 mhí a chur leis an sprioc-am sin sa chéad bhliain den chur chun feidhme. Seachas sin, féadfar an méid comhfhreagrach a asbhaint ó leithdháileadh an Tairbhí agus féadfar é a athdháileadh i measc na dTairbhithe eile sna blianta ina dhiaidh sin.

Maidir leis an gcistiú a sholáthraítear do na buiséid náisiúnta, moltar córas il-leibhéil iniúchóireachta agus rialuithe a bheith ann: ar an gcéad dul síos, más gá, áireofar an t‑athchóiriú ar chórais iniúchóireachta agus rialaithe na dTairbhithe mar chuid de na hathchóirithe faoi Chláir Oibre Athchóiriúcháin na dtíortha;ar an dara dul síos, beidh an Coimisiún in ann athbhreithnithe córas mionsonraithe a dhéanamh ar na córais náisiúnta chun an buiséad a chur chun feidhme tráth ar bith le linn thimthriall an tionscadail I gcás ina ndéanfar an cur chun feidhme trí bhainistíocht indíreach nó trí chumasc (WBIF), beidh an Coimisiún ag brath ar chórais rialaithe na n‑eintiteas a bhfuil measúnú colúin déanta orthu, lena n‑áirítear institiúidí idirnáisiúnta airgeadais nó bainc forbartha na mBallstát mar aon lena chórais féin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Beidh an tacaíocht faoin tSaoráid seo comhsheasmhach agus comhlántach le cineálacha eile tacaíochta déthaobhaí do na Balcáin Thiar a sholáthraítear trí ionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe IPA III. Cuirfear leis an tacaíocht atá ann faoi láthair agus neartófar í, agus cuirfear ar a chumas don réigiún dlús a chur le cur chun feidhme an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar. Chun na cuspóirí agus na spriocanna a bhaint amach, ba cheart béim ar leith a chur ar earnálacha ar dócha go bhfeidhmeoidh siad mar phríomhiolraitheoirí don fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch: nascacht, iompar, fuinneamh, aistrithe digiteacha, nuálaíocht, oideachas agus forbairt scileanna.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Beidh cur chun feidhme an Rialacháin comhsheasmhach le réimsí eile den ghníomhaíocht sheachtrach agus le beartais sheachtracha (e.g. caibidlíocht maidir le méadú, cúnamh réamhaontachais). Comhlánóidh an tSaoráid na hiarrachtaí sin trí dhlús a chur le cóineasú socheacnamaíoch an réigiúin leis an Aontas mar ullmhúchán do bhallraíocht san Aontas amach anseo.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 212 agus Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déanann an Coimisiún é a thíolacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá an tSaoráid atá beartaithe dírithe ar thacaíocht a thabhairt do Thairbhithe na mBalcán Thiar chun cóineasú a bhaint amach leis an Aontas Eorpach i gcomhthéacs an bheartais um méadú, agus dá bhrí sin is é an tAontas is fearr atá in ann cúnamh den sórt sin a chur ar fáil. Is ar leibhéal an Aontais is fearr is féidir aghaidh a thabhairt ar thíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a ullmhú do bhallraíocht san Aontas.

I bhfianaise scála an chúnaimh a bhfuil gá leis, tá cumas uathúil ag an Aontas Eorpach cúnamh seachtrach a thabhairt do na Balcáin Thiar san fhadtéarma ar bhealach tráthúil comhordaithe intuartha. Is féidir leis an Aontas leas a bhaint as a chumas iasachtaíochta chun iasachtaí a thabhairt do na Balcáin Thiar ar théarmaí buntáisteacha, agus chun tacaíocht neamh-inaisíoctha agus ráthaíochtaí a chur ar fáil i bpeirspictíocht ilbhliantúil.

Agus an tAontas i láthair ar an talamh trína Thoscaireachtaí, is féidir leis a áirithiú go mbeidh rochtain chuimsitheach ar fhaisnéis maidir le forbairtí a bhfuil tionchar acu ar an gach tairbhí. Cuireann sé sin ar a chumas don Aontas a bheith ar an eolas i gcónaí faoi riachtanais agus imthosca nua agus, dá bhrí sin, tacaíocht a chur in oiriúint de réir riachtanais atá ag teacht chun cinn, ag comhordú go dlúth le deontóirí déthaobhacha agus iltaobhacha eile.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta sa mhéid nach dtéann sé thar an méid is lú is gá chun na cuspóirí atá sonraithe a bhaint amach ar leibhéal na hEorpa ná thar an méid is gá chuige sin.

Tá an tSaoráid beartaithe mar ghníomhaíocht spriocdhírithe chun tacú le hathchóirithe brostaithe i réigiún nach mór teacht suas leis an Aontas chun méadú réidh agus comhthairbheach ar an Aontas a áirithiú. Tá a struchtúr ag brath a mhéid is féidir ar an struchtúr tacaíochta atá ann cheana (IPA III), nó ar na samhlacha cistiúcháin céanna (e.g. WBIF), nó ar ionstraimí simplithe atá ann cheana (ionstraimí feidhmíochtbhunaithe).

An rogha ionstraime

I gcomhréir le hAirteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena leagtar amach an gnáthnós imeachta reachtach le húsáid chun bearta a ghlacadh chun comhar a chur chun feidhme le tríú tíortha, tá an togra i bhfoirm Rialacháin, chun a áirithiú go bhfuil a chur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus go bhfuil sé ceangailteach go hiomlán agus go díreach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Níorbh fhéidir comhairliúchán foirmiúil leis na páirtithe leasmhara a dhéanamh mar gheall ar an bpráinn a bhaineann leis an togra a ullmhú ionas gur féidir leis na comhreachtóirí é a ghlacadh go tráthúil chun é a chur i bhfeidhm in 2024.

Áiritheoidh an tAontas go mbeidh cumarsáid agus infheictheacht iomchuí ann maidir leis na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a dhéanfar laistigh de raon feidhme na Saoráide sin, sna Balcáin Thiar, laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin.

Measúnú tionchair

Mar gheall ar phráinn pholaitiúil an togra, níorbh fhéidir aon mheasúnú tionchair a dhéanamh. Ullmhófar doiciméad anailíseach i bhfoirm doiciméad inmheánach oibre ina léirítear an fhianaise atá taobh thiar den togra laistigh de 3 mhí ó ghlacadh an tionscnaimh.

Cearta bunúsacha

Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an tacaíocht a dheonú faoin ionstraim, ní mór do na Balcáin Thiar leanúint de shásraí éifeachtacha daonlathacha agus a n‑institiúidí a urramú, lena n‑áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine a ráthú, lena n‑áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comharthaí dearfacha iad an tiomantas d’athchóirithe agus an toil láidir pholaitiúil a chuir na húdaráis in iúl, rud a dearbhaíodh sa mheasúnú a rinne an Coimisiún ar staid ullmhúcháin na gcomhpháirtithe le haghaidh aontachas an Aontais a áirítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an bPacáiste um Méadú 2023.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is é EUR 6 bhilliún a bheidh sna hacmhainní uasta a sholáthrófar tríd an tSaoráid do 2024-2027 le haghaidh gach cineáil tacaíochta, agus tacaíocht neamh-inaisíoctha a bheidh i gceist le EUR 2 bhilliún de sin agus iasachtaí lamháltais a sholáthróidh an tAontas a bheidh i gceist le EUR 4 bhilliún de.

A mhéid a bhaineann le comhpháirt na ndeontas, dhéanfaí an tSaoráid a chistiú leis na hacmhainní breise a mholtar faoi Cheannteideal 6 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) mar chuid den Athbhreithniú Meántéarma ar CAI. Déantar foráil leis an leasú ar Rialachán CAI maidir le méid breise EUR 2 bhilliún a bheidh ar fáil faoi Cheannteideal 6 don chúnamh do na Balcáin Thiar.

Soláthrófar na hiasachtaí sa Chiste don Soláthar Coiteann ag ráta soláthair 9 % agus cisteofar an soláthar ó EUR 2 bhilliún a mholtar mar chuid den Athbhreithniú Meántéarma ar CAI a bheidh ina imchlúdach don tSaoráid seo.

Leithdháilfear 1,5 % de chomhpháirt na tacaíochta neamh-inaisíoctha (EUR 30 milliún) ar chaiteachas cúnaimh theicniúil agus riaracháin a bhaineann le bainistiú na Saoráide, lena n‑áirítear faireachán, cumarsáid, iniúchadh agus meastóireacht.

Leithdháilfear an chuid eile den tacaíocht neamh-inaisíoctha, chomh maith leis an gcomhpháirt iasachta, bunaithe ar an bhfoirmle in Iarscríbhinn I, ina gcomhcheanglófar sciar daonra an Tairbhí thar dhaonra iomlán réigiún na mBalcán Thiar agus meán-OTI per capita le haghaidh réigiún na mBalcán Thiar os cionn OTI per capita an Tairbhí faoi seach, agus an dá fhachtóir á n‑ualú le 60 % agus 40 % faoi seach.

5.EILIMINTÍ EILE

Cur chun feidhme, faireachán, meastóireacht agus tuairisciú

Leagtar amach sa Rialachán forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme, faireachán, tuairisciú agus meastóireacht.

Déanfar an cur chun feidhme faoin ionstraim faoi na foirmeacha agus na modhanna cur chun feidhme a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar chur chun feidhme na Saoráide. Agus lánurraim á tabhairt do na Conarthaí, oibreoidh seirbhísí an Choimisiúin leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) i gcomhthéacs chur chun feidhme na Saoráide chun comhsheasmhacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú. I ndáil leis an tSeirbia agus leis an gCosaiv, Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don tSlándáil/Leas-Uachtarán an Choimisiúin, i gcáil Éascaitheora ar an Idirphlé maidir le normalú an chaidrimh idir an tSeirbia agus an Chosaiv, tabharfaidh sé/sí a m(h)easúnú.

Ba cheart do na Tairbhithe córas faireacháin atá bunaithe ar chritéir arna leagan amach ag an gCoimisiún a chur ar bun agus tá coinne leis go dtuairisceoidh siad don Choimisiún gach bliain maidir le cur chun feidhme a gClár Oibre Athchóiriúcháin. Áireofar leis sin tuairisciú ar bhaint amach chuspóirí sonraithe na gClár Oibre Athchóiriúcháin agus ar an dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí sin a bhaint amach, ar na feabhsuithe ar a gcórais rialaithe inmheánaigh, ar chur chun feidhme a mbuiséad, agus ar aon mhéid a íoctar go míchuí nó a mhí-úsáidtear, agus a aisghabhann an tAontas faoi dheireadh.

Cuirfidh an Coimisiún measúnú bliantúil ar chur chun feidhme na gcistí arna soláthar faoin tSaoráid ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex post ar an Rialachán freisin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an Rialachán seo, bunaítear an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar.

I gCaibidil I (Forálacha ginearálta) cumhdaítear ábhar na Saoráide (Airteagal 1), na sainmhínithe (Airteagal 2), cuspóirí ginearálta agus sonracha na Saoráide (Airteagal 3), na prionsabail ghinearálta (Airteagal 4) agus na réamhchoinníollacha le haghaidh tacaíochta (Airteagal 5).

Leagtar amach i gCaibidil II módúlachtaí maoinithe agus cur chun feidhme na Saoráide. Leagtar amach in Airteagal 6 (i) imchlúdach airgeadais na Saoráide i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus i bhfoirm cúnaimh theicniúil agus riaracháin; agus (ii) an tacaíocht i bhfoirm iasachtaí. Sonraítear in Airteagal 7 foirmeacha cur chun feidhme na Saoráide, i.e. bainistíocht dhíreach agus indíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Leagtar síos in Airteagal 8 na rialacha incháilitheachta agus tionscnaimh is infheidhme maidir leis an tSaoráid agus leagtar síos ann freisin go bhféadfar na rialacha maidir le nósanna imeachta dámhachtana a shrianadh mar gheall ar chineál gníomhaíochta nó nuair a dhéanann gníomhaíocht difear don tslándáil agus don ord poiblí. Cumhdaítear le hAirteagal 9 an comhaontú Saoráide atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus na Tairbhithe lena leagtar síos go háirithe na forálacha iniúchóireachta agus rialaithe, chomh maith leis na hoibleagáidí agus na coinníollacha maidir le híocaíochtaí a eisíoc. Cumhdaítear forálacha maidir le tabhairt anonn, tráthchodanna bliantúla agus leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí in Airteagal 10.

I gCaibidil III (Cláir Oibre Athchóiriúcháin), sonraítear na ceanglais agus na boinn maidir le foirmliú na gClár Oibre Athchóiriúcháin (Airteagal 11) agus na prionsabail ghinearálta maidir le maoiniú, lena n‑áirítear na coinníollacha íocaíochta le haghaidh eisíocaíochtaí (Airteagal 12). Sonraítear in Airteagal 13 na Cláir Oibre Athchóiriúcháin atá le cur isteach ag na Tairbhithe, an nós imeachta chun é sin a dhéanamh, agus na gnéithe ba cheart a bheith sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin, lena n‑áirítear athchóirithe agus réimsí infheistíochta atá le maoiniú ag an tSaoráid, agus na córais chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus úsáid á baint as na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na Cláir Oibre Athchóiriúcháin de réir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 14, agus glacfaidh sé cinneadh cur chun feidhme mar a thugtar tuairisc air in Airteagal 15, ina leagtar síos, i measc nithe eile, méid táscach na tacaíochta iasachta atá le híoc i gcoinne chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha íocaíochta, an teorainn ama don chomhlíonadh sin, agus an réamh-mhaoiniú a mbeidh na Tairbhithe incháilithe ina leith. Foráiltear le hAirteagal 16 go bhféadfaidh an Coimisiún nó an Tairbhí togra a dhéanamh chun an Clár Oibre Athchóiriúcháin a leasú.

In Airteagal 17 cumhdaítear na comhaontuithe iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus gach Tairbhí, agus na rialacha lena rialaítear iasachtaí a fhaigheann an Coimisiún ar na margaí, agus leagtar síos in Airteagal 18 an ráta soláthair agus an nós imeachta maidir lena athbhreithniú. Déantar foráil in Airteagal 19 maidir leis an sásra chun infheistíochtaí a mhaoiniú faoin tSaoráid trí Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar.

Leagtar amach in Airteagal 20 na rialacha maidir le réamh-mhaoiniú a íoc leis na Tairbhithe, faoi réir urramú na réamhchoinníollacha a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 5. Sonraítear in Airteagal 21 an nós imeachta maidir le heisíocaíochtaí nuair a chomhlíontar na coinníollacha ginearálta a bhaineann le cobhsaíocht mhacrairgeadais, bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, trédhearcacht agus formhaoirseacht ar an mbuiséad agus coinníollacha íocaíochta a leagtar amach sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin.

Déanfar íocaíochtaí ar bhonn leathbhliantúil, tar éis don Tairbhí iarraidh ar scaoileadh na gcistí a chur isteach ina léireofar comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha íocaíochta ábhartha i bhfoirm céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla a bheidh le déanamh. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach, coinneofar siar cuid den mhéid a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha íocaíochta nár comhlíonadh. Ní scaoilfí na cistí a coinníodh siar ach amháin nuair a bheadh bunús cuí tugtha ag an Tairbhí, mar chuid den iarraidh ar scaoileadh na gcistí ina dhiaidh sin, go bhfuil na bearta is gá déanta aige chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha íocaíochta lena mbaineann go sásúil. Murab amhlaidh an cás, féadfaidh an Coimisiún na méideanna a athdháileadh i measc Tairbhithe eile. Leagtar amach san Airteagal seo freisin nach n‑íocfar aon mhéid as céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla nach gcomhlíontar faoin 31 Nollaig 2028 agus údaraítear don Choimisiún méideanna a laghdú má dhéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais nó má tá sárú tromchúiseach á dhéanamh ag na Tairbhithe ar oibleagáid a eascraíonn as na comhaontuithe a tugadh i gcrích faoin tSaoráid.

Leagtar amach i gCaibidil IV (Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint) na forálacha atá le leanúint ag an gCoimisiún agus ag na Tairbhithe chun rialuithe éifeachtacha ar chur chun feidhme na Saoráide a áirithiú. Sonraítear in Airteagal 22 na hoibleagáidí atá le léiriú sa tSaoráid agus sna Comhaontuithe Iasachta, lena n‑áireofar bearta iomchuí chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc, a bhrath agus a cheartú, chun cistiú dúbailte a sheachaint agus chun caingean dlí a ghlacadh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, sonraí leordhóthanacha a bhailiú maidir le faighteoirí cistí faoin tSaoráid agus na cearta atá le deonú don Choimisiún, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i gcás inarb infheidhme. Leis an Airteagal seo, tá an Coimisiún i dteideal freisin méideanna a laghdú nó a aisghabháil má dhéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais nó má tá sárú tromchúiseach á dhéanamh ag na Tairbhithe ar oibleagáid a eascraíonn as na comhaontuithe a tugadh i gcrích faoin tSaoráid. Leagtar amach in Airteagal 23 na forálacha maidir le córais rialaithe inmheánaigh na dTairbhithe.

Le Caibidil V (Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht) cumhdaítear na forálacha maidir leis na táscairí agus na creataí torthaí a úsáidtear san fhaireachán agus sa mheastóireacht (Airteagal 24), agus an mheastóireacht ex post ar an tSaoráid (Airteagal 25) a leagan amach.

Leagtar síos i gCaibidil VI (Forálacha críochnaitheacha) feidhmiú tharmligean na gcumhachtaí i ndáil leis an ráta soláthair (Airteagal 26), an nós imeachta coiste (Airteagal 27), na forálacha maidir le faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht (Airteagal 28) agus maidir le teacht i bhfeidhm (Airteagal 29).

2023/0397 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 212 agus 212 agus Airteagal 322(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is chun leasa choitinn an Aontais agus a chomhpháirtithe sna Balcáin Thiar 2 é iarrachtaí a chur chun cinn chun athchóiriú a dhéanamh ar chórais pholaitiúla, dhlíthiúla agus eacnamaíocha na mBalcán Thiar d’fhonn a mballraíocht san Aontas a bhaint amach amach anseo. Bíonn tionchar cumhachtach claochlaitheach ar stát de dhroim na féidearthachta go mbainfear ballraíocht san Aontas amach, rud a chothaíonn athruithe dearfacha daonlathacha, polaitiúla, eacnamaíocha agus sochaíocha i bhfeidhm.

(2)Is gá roinnt de na buntáistí a bhaineann le ballraíocht san Aontas a thabhairt chun cinn roimh aontachas. Tá cóineasú eacnamaíoch i gcroílár na dtairbhí sin. Faoi láthair, tá cóineasú na mBalcán Thiar i dtéarmaí OTI per capita arna shloinneadh i gcaighdeáin cumhachta ceannaigh fós íseal idir 30 % agus 50 % de mheán an Aontais agus níl sé ag dul chun cinn tapa go leor.

(3)Chun an éagothromaíocht sin a laghdú, ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht maidir le Plean Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar bunaithe ar cheithre cholún: (a) comhtháthú le Margadh Aonair an Aontais a mhéadú; (b) borradh a chur faoin gcomhtháthú eacnamaíoch réigiúnach, bunaithe ar rialacha agus ar chaighdeáin an Aontais, trí Phlean Gníomhaíochta an Chómhargaidh Réigiúnaigh atá ann cheana a chur chun feidhme ina iomláine; (c) doimhniú a dhéanamh ar athchóirithe lena ndírítear ar dhlús a chur leis an bhfás sa réigiún, ar chóineasú eacnamaíoch a chur chun cinn agus ar chobhsaíocht réigiúnach a neartú; agus (d) Ionstraim Mhaoinithe nua a bhunú: an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar.

(4)Chun an Plean Fáis sin a chur chun feidhme, tá gá le cistiú méadaithe faoi Ionstraim Maoinithe nua thiomnaithe, faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis, chun cuidiú leis an réigiún na hathchóirithe lena gcuirtear an fás chun cinn, an comhtháthú réigiúnach agus an Cómhargadh Réigiúnach a chur chun feidhme.

(5)Chun na spriocanna sin a bhaint amach, ba cheart béim ar leith a leagan ar earnálacha ar dócha go bhfeidhmeoidh siad mar phríomhiolraitheoirí don fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch: nascacht, lena náirítear iompar, fuinneamh, an taistriú glas agus an taistriú digiteach, oideachas agus forbairt scileanna.

(6)Tá bonneagar iompair ríthábhachtach chun feabhas a chur ar an nascacht idir comhpháirtithe sna Balcáin Thiar agus leis an Aontas. Ba cheart dó rannchuidiú leis an réigiún a chomhtháthú san Aontas. Ina thogra lena ndéantar athbhreithniú ar an gcreat tras-Eorpach iompair (TEN-T), chuir an Coimisiún Conair nua isteach a thrasnaíonn réigiún na mBalcán Thiar (conair na Meánmhara Thiar-Thoir). Ba cheart gréasán TEN-T a bheith ina thagairt maidir le bonneagar iompair sa réigiún a chistiú.

(7)Ba cheart don tSaoráid tacú le hinfheistíocht agus le hathchóirithe lena gcuirtear chun cinn conair na dtairbhithe i dtreo chlaochlú digiteach an gheilleagair agus na sochaí i gcomhréir le fís an Aontais le haghaidh 2030 a cuireadh i láthair sa teachtaireacht ón gCoimisiún ‘2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade’ [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití] 3 . Ba cheart dó féachaint le gnóthú na gcuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha i ndáil leis an Aontas a éascú. Mar a leag an Coimisiún amach ina theachtaireacht an 15 Meitheamh 2023 4 , ba cheart Bosca Uirlisí cibearshlándála 5G a bheith ina thagairt maidir le cistiú ón Aontas chun slándáil, athléimneacht agus cosaint shláine an bhonneagair dhigitigh sa réigiún a áirithiú.

(8)Níor cheart tacaíocht an Aontais faoin tSaoráid a chur in ionad na tacaíochta déthaobhaí agus réigiúnaí dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , lena ndírítear ar na Tairbhithe a ullmhú do bhallraíocht san Aontas, ach í a chomhlánú agus cur léi, agus sásraí agus struchtúir atá ann cheana á núsáid i gcás inar féidir. Leis an gcur chuige sin, ba cheart cur leis an modheolaíocht um méadú atá ann cheana, go háirithe Modheolaíocht Athbhreithnithe 2020 6 , agus an Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta 7 ón mbliain chéanna.

(9)Ba cheart an tacaíocht faoin tSaoráid a chur ar fáil chun cuspóirí ginearálta agus sonracha a chomhlíonadh, cuspóirí atá bunaithe ar chritéir bhunaithe lena mbaineann coinníollacha soiléire íocaíochta. Ba cheart gurb iad cuspóirí ginearálta na Saoráide dlús a chur leis an gcomhtháthú eacnamaíoch réigiúnach, le comhtháthú comhleanúnach le margadh aonair an Aontais, le cóineasú socheacnamaíoch gheilleagair na mBalcán Thiar agus le hailíniú le dlíthe, rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais d’fhonn ballraíocht a bhaint amach san Aontas. Leis an tSaoráid freisin ba cheart dlús a chur le hathchóirithe a bhaineann le bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe, lena náirítear an smacht reachta, soláthar poiblí agus rialú Státchabhrach, bainistiú airgeadais phoiblí agus an comhrac in aghaidh an éillithe. Ba cheart na cuspóirí sin a shaothrú ar bhealach comhlántach.

(10)Leis an tSaoráid ba cheart prionsabail éifeachtacht na forbartha a chur chun cinn, agus urraim á tabhairt don bhreisíocht le tacaíocht a sholáthraítear faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais agus iarracht a dhéanamh dúbailt a sheachaint idir cúnamh faoin Rialachán seo agus cúnamh eile arna sholáthar ag an Aontas, ag na Ballstáit, ag tríú tíortha, ag eagraíochtaí agus eintitis iltaobhacha agus réigiúnacha.

(11)Leis an tSaoráid ba cheart comhsheasmhacht agus tacaíocht a áirithiú le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena náirítear urraim do chearta bunúsacha mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh sé go háirithe go ndéanfar cearta an duine agus an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn.

(12)Le gníomhaíochtaí faoin tSaoráid ba cheart tacú le dul chun cinn maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, le Comhaontú Pháras agus le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac agus níor cheart di rannchuidiú le díghrádú comhshaoil ná díobháil a dhéanamh don chomhshaol ná don aeráid. Ba cheart bearta arna gcistiú faoin tSaoráid a bheith i gcomhréir le Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na dTairbhithe, lena Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta agus lena nuaillmhian aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Ba cheart an tSaoráid a bheith ina cuidiú leis an ngníomhaíocht mhaolúcháin agus leis an gcumas oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide, agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chothú.

(13)Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a bheith bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe, de réir mar a fhorléirítear iad i straitéisí Aontas an Chomhionannais. Ba cheart dó comhionannais inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a chur chun cinn, agus ba cheart féachaint le cearta na mban agus na gcailíní a chosaint agus a chur chun cinn i gcomhréir le Pleananna Gníomhaíochta AE maidir le hInscne agus le conclúidí ábhartha ón gComhairle agus le coinbhinsiúin idirnáisiúnta. Ba cheart cur chun feidhme na Saoráide a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus ba cheart inrochtaineacht ina cuid infheistíochtaí agus cúnamh teicniúil a áirithiú.

(14)Leis an Rialachán seo, ba cheart an Clár Oibre Glas le haghaidh na mBalcán Thiar 8 a chur chun cinn trí chosaint an chomhshaoil a neartú, trí rannchuidiú le maolú an athraithe aeráide agus tríd an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú, agus trí dhlús a chur leis an aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin.

(15)Mar léiriú ar an gComhaontú Glas don Eoraip mar straitéis fáis inbhuanaithe na hEorpa agus ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar chuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta i gcomhréir le gealltanais an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh, ba cheart an tSaoráid a bheith ina cuidiú le baint amach na sprice foriomláine 30 % de chaiteachas buiséadach an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide agus 7,5 % in 2024 agus 10 % in 2026 agus 2027 a bheith ag tacú le cuspóirí bithéagsúlachta. Ba cheart 37 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a chuirtear trí WBIF a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide. Leis an tSaoráid ba chearttacú le gníomhaíochtaí lena nurramaítear go hiomlán caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais agus an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 9 .

(16)Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na Tairbhithe, cur le trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe agus cúnamh á sholáthar, lena náirítear trí chórais rialaithe inmheánaigh iomchuí agus beartais frithchalaoise iomchuí a chur chun feidhme. Ba cheart an tacaíocht faoin tSaoráid a chur ar fáil faoi na réamhchoinníollacha go leanfaidh gach tairbhí de shásraí agus institiúidí daonlathacha éifeachtacha a urramú agus a chaomhnú, lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine a ráthú, lena náirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll eile go nglacfaidh an tSeirbia agus an Chosaiv páirt chuiditheach i normalú a gcaidrimh d’fhonn a noibleagáidí uile faoi seach a eascraíonn as an gComhaontú maidir leis an gConair do Normalú agus as an Iarscríbhinn Cur Chun Feidhme a ghabhann leis chomh maith leis na Comhaontuithe Idirphlé uile a rinneadh roimhe seo a chur chun feidhme go hiomlán agus dul i mbun caibidlíochta maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach maidir le normalú an chaidrimh.

(17)Ba cheart EUR 6 bhilliún i bpraghsanna reatha a bheith san uasmhéid foriomlán le haghaidh thacaíocht an Aontais tríd an tSaoráid le haghaidh na tréimhse ó 2024 go 2027, agus suas le EUR 2 bhilliún den mhéid sin i dtacaíocht neamh-inaisíoctha agus EUR 4 bhilliún in iasachtaí lamháltais cúnaimh airgeadais arna soláthar ag an Aontas agus arna soláthar ón EUR 2 bhilliún. Ba cheart leath den mhéid iomlán ar a laghad a leithdháileadh trí Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar (WBIF), lena náirítear méid iomlán na tacaíochta neamh-inaisíoctha, lúide 1,5 % den chúnamh teicniúil agus na méideanna is gá chun na hiasachtaí a sholáthar.

(18)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais le haghaidh ré iomlán na Ionstraime seo, arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, le haghaidh Pharlaimint na hEorpa agus le haghaidh na Comhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(19)Níor cheart tacú leis an dliteanas airgeadais ó iasachtaí faoin tSaoráid seo leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, de mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/947. Ba cheart gurb éard a bheadh sna hiasachtaí faoin tSaoráid seo cúnamh airgeadais de réir bhrí Airteagal 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Ba cheart méid táscach maoiniúcháin do gach Tairbhí a ríomh bunaithe ar an bhfoirmle a leagtar síos in Iarscríbhinn I, ina gcomhcheanglófar sciar daonra an Tairbhí i gcomparáid le daonra foriomlán réigiún na mBalcán Thiar agus meán-OTI per capita i gcás réigiún na mBalcán Thiar os cionn OTI per capita an Tairbhí faoi seach, agus luach 60 % agus 40 % faoi seach á gcur leis an dá fhachtóir. Mura gcomhlíontar na coinníollacha íocaíochta chun cistí a scaoileadh, féadfaidh an Coimisiún cuid den méid iomlán nó an méid iomlán a athdháileadh ar na Tairbhithe.

(20)Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratrom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, bainistíocht indíreach, cúnamh airgeadais, oibríochtaí measctha agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais.

(21)Ba cheart srianta incháilitheachta i nósanna imeachta um dhámhachtain faoin tSaoráid a cheadú mar gheall ar chineál sonrach na gníomhaíochta nó i gcás ina ndéanann an ghníomhaíocht difear don tslándáil nó don ord poiblí.

(22)Chun cur chun feidhme éifeachtúil na Saoráide a áirithiú, lena náirítear comhtháthú Thairbhithe na mBalcán Thiar i slabhraí luacha Eorpacha a éascú, ba cheart na soláthairtí agus na hábhair uile a mhaoinítear agus a sholáthraítear faoin tSaoráid seo a bheith de thionscnamh na mBallstát, na dTairbhithe, páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch,tíortha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1529, agus tíortha dár bhunaigh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach i gcríocha na dTairbhithe, mura rud é nach féidir na soláthairtí agus na hábhair a fháil ar choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin.

(23)Agus urraim á tabhairt don phrionsabal go socraítear buiséad an Aontais ar bhonn bliantúil, ba cheart a áirithiú go bhféadfaí na solúbthachtaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le beartais eile, lena náirítear i gcás cistí a thabhairt anonn agus a athghealladh, chun úsáid éifeachtúil chistí an Aontais a áirithiú, agus ar an gcaoi sin cistí an Aontais atá ar fáil faoin tSaoráid a uasmhéadú.

(24)Ba cheart sraith chomhleanúnach thosaíochta d’athchóirithe spriocdhírithe agus tosaíochtaí infheistíochta i ngach Tairbhí de na Balcáin Thiar (Clár Oibre Athchóiriúcháin) a bheith mar bhonn taca le cur chun feidhme na Saoráide le haghaidh na mBalcán Thiar, lena gcuirfear creat ar fáil chun borradh a chur faoin bhfás socheacnamaíoch, agus é curtha in iúl agus ailínithe go soiléir le ceanglais aontachais an Aontais. Beidh an Clár Oibre Athchóiriúcháin ina chreat uileghabhálach chun cuspóirí na Saoráide seo a bhaint amach.

(25)Ba cheart eisíocaíocht thacaíocht an Aontais a bheith ag brath ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta agus ar dhul chun cinn intomhaiste maidir le cur chun feidhme na nathchóirithe a leagtar amach sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin arna measúnú agus arna bhformheas go foirmiúil ag an gCoimisiún. Ba cheart scaoileadh na gcistí a struchtúrú dá réir sin, agus cuspóirí na Saoráide á léiriú.

(26)Is éard ba cheart a bheith sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin bearta athchóirithe spriocdhírithe agus réimsí infheistíochta tosaíochta, mar aon le coinníollacha íocaíochta i bhfoirm céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla lena léirítear dul chun cinn sásúil nó cur i gcrích sásúil na mbeart sin, agus tráthchlár táscach le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sin. Ba cheart na céimeanna sin a phleanáil tráth nach déanaí ná an 31 Lúnasa 2027, cé go bhféadfadh cur i gcrích foriomlán na mbeart dá dtagraíonn na céimeanna sin dul thar 2027, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2028.

(27)Ba cheart a áireamh sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin míniú ar chóras an Tairbhí chun neamhrialtachtaí, éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach agus úsáid á baint as na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid, agus na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid nó ó chláir eile an Aontais chomh maith le cistiú ó dheontóirí eile a sheachaint.

(28)Leis na bearta faoi na Cláir Oibre Athchóiriúcháin, ba cheart, i gcás inarb iomchuí, rannchuidiú le feabhas a chur ar chóras éifeachtúil bainistíochta agus rialaithe airgeadais phoiblí, leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe, na calaoise agus na coireachta eagraithe, agus le córas éifeachtach rialaithe Státchabhrach, lena ndírítear ar dhálaí cothroma a áirithiú do gach gnóthas. Ba cheart don Tairbhí bearta den sórt sin a chur chun feidhme faoi dháta táscach a d’fhéadfaí a shocrú, a bheadh iomchuí i gcás gach birt, ag céim luath de chur chun feidhme na Saoráide.

(29)Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar gach Clár Oibre Athchóiriúcháin bunaithe ar liosta na gcritéar a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na Cláir Oibre Athchóiriúcháin a fhormheas. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 . Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle agus ar ról SEGS i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe agus faireachán á dhéanamh aige ar chomhlíonadh an réamhchoinníll maidir le tacaíocht ón Aontas.

(30)Ba cheart an cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear sa Rialachán seo a bheith ina chlár oibre ag an am céanna de réir bhrí Airteagal 110(2) den Rialachán Airgeadais i leith mhéid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Rialachán seo.

(31)I bhfianaise an ghá atá le solúbthacht i gcur chun feidhme na Saoráide, ba cheart go mbeadh Tairbhí in ann iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún an cinneadh cur chun feidhme a leasú, i gcás nach féidir an Clár Oibre Athchóiriúcháin, lena náirítear coinníollacha íocaíochta ábhartha, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, de bharr imthosca oibiachtúla. Ba cheart go mbeadh Tairbhí in ann iarraidh réasúnaithe a dhéanamh chun an Clár Oibre Athchóiriúcháin a leasú, lena náirítear aguisín a mholadh i gcás inarb ábhartha.

(32)Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann an cinneadh cur chun feidhme a leasú, go háirithe chun athrú ar na méideanna atá ar fáil a chur san áireamh.

(33)I gcás athdháileadh tacaíochta faoin tSaoráid seo as a dtiocfadh tacaíocht bhreise do thairbhí, ba cheart don Tairbhí sin Clár Oibre Athchóiriúcháin athbhreithnithe a chur isteach ina mbeadh bearta breise atá le baint amach.

(34)Ba cheart Comhaontú Saoráide a thabhairt i gcrích le gach Tairbhí chun prionsabail an chomhair airgeadais idir an tAontas agus an Tairbhí a bhunú, agus chun sonrú a dhéanamh ar na sásraí is gá a bhaineann le rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchadh an chistithe ón Aontas faoin tSaoráid, rialacha maidir le cánacha, dleachtanna agus muirir agus bearta chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a cheartú. Dá bhrí sin, ba cheart comhaontú iasachta a thabhairt i gcrích le gach Tairbhí freisin ina leagtar amach forálacha sonracha maidir le bainistiú agus cur chun feidhme an chistithe a sholáthraítear i bhfoirm iasachtaí.

(35)Ba cheart go bhféadfaí tacaíocht airgeadais a thabhairt don Chlár Oibre Athchóiriúcháin i bhfoirm iasachta. I gcomhthéacs riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin na mBalcán Thiar, is iomchuí an cúnamh airgeadais a eagrú faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus a bhunú mar mhodh cistiúcháin aonair, rud a bhfuil coinne go bhfeabhsóidh sé leachtacht bhannaí an Aontais agus tarraingteacht agus costéifeachtúlacht eisiúint an Aontais.

(36)Is iomchuí iasachtaí a sholáthar do na Tairbhithe ar théarmaí ar ardleibhéal lamháltais a mhairfidh 40 bliain ar a mhéad agus gan tús a chur le haisíocaíocht na príomhshuime roimh 2034. Is iomchuí freisin maolú ar Airteagal 220(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

(37)Ós rud é go bhfuil na rioscaí airgeadais a bhaineann leis an tacaíocht do na Tairbhithe i bhfoirm iasachtaí faoin Ionstraim seo inchomparáide leis na rioscaí airgeadais a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaithe faoi Rialachán (AE) 2021/947, ba cheart soláthar le haghaidh dliteanais airgeadais ó iasachtaí faoin Rialachán seo a dhéanamh ag ráta 9 %, i gcomhréir le hAirteagal 211 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus ba cheart cistiú an tsoláthair a fháil ó imchlúdach EUR 2 bhilliún faoin tsaoráid sin.

(38)Chun a áirithiú go mbeidh an ráta soláthair leordhóthanach fós maidir leis na rioscaí airgeadais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an ráta soláthair a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 13 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(39)Chun giaráil thacaíocht airgeadais an Aontais a uasmhéadú chun infheistíocht bhreise a mhealladh, agus chun rialú an Aontais ar an gcaiteachas a áirithiú, ba cheart na hinfheistíochtaí bonneagair a thacaíonn leis na Cláir Oibre Athchóiriúcháin a chur chun feidhme trí WBIF. Níor cheart tionscadail nó cláir aonair a chur faoi bhráid Bhord Oibríochtúil WBIF chun a thuairim a fháil ach amháin nuair a bheidh na coinníollacha íocaíochta ábhartha a shainítear sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin curtha i gcrích. I gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha íocaíochta ábhartha le haghaidh infheistíochtaí laistigh de bhliain amháin, féadfaidh an Coimisiún an cistiú infheistíochta faoi WBIF a athdháileadh ar na Tairbhithe eile.

(40)Chun a áirithiú go mbeidh fáil ag na Tairbhithe ar chistiú gnólachtaí nuathionscanta chun na chéad athchóirithe a chur chun feidhme, ba cheart rochtain a bheith ag gach Tairbhí ar suas le 7 % den mhéid iomlán dá bhforáiltear faoin tSaoráid seo i bhfoirm réamh-mhaoinithe, faoi réir cistiú a bheith ar fáil agus na réamhchoinníollacha le haghaidh na tacaíochta faoin tSaoráid a urramú.

(41)Tá sé tábhachtach solúbthacht agus clársceidealú araon a ráthú maidir le tacaíocht ón Aontas a chur ar fáil do Thairbhithe na mBalcán Thiar. Chun na críche sin, ba cheart cistí faoin tSaoráid a scaoileadh de réir sceideal seasta leathbhliantúil, faoi réir cistiú a bheith ar fáil, bunaithe ar iarraidh ar chistí a scaoileadh arna gcur isteach ag na Tairbhithe agus tar éis don Choimisiún fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha ginearálta a bhaineann le cobhsaíocht mhacra-airgeadais, le bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, le trédhearcacht agus formhaoirseacht an bhuiséid agus leis na coinníollacha íocaíochta ábhartha. I gcás nach gcomhlíontar coinníoll íocaíochta i gcomhréir leis an amlíne tháscach a leagtar síos sa chinneadh lena bhformheastar an Clár Oibre Athchóiriúcháin, d’fhéadfadh an Coimisiún cuid de na cistí nó na cistí iomlána a chomhfhreagraíonn don choinníoll sin a choinneáil siar. D’fhéadfaí na cistí comhfhreagracha a coinníodh siar a eisíoc le linn na chéad tréimhse íocaíochta eile agus suas le 12 mhí tar éis an sprioc-ama bhunaidh a leagtar amach san amlíne tháscach, ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha íocaíochta. Sa chéad bhliain den chur chun feidhme, ba cheart síneadh a chur leis an sprioc-am sin go 24 mhí ón measúnú diúltach tosaigh.

(42)De mhaolú ar Airteagal 116(2) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is iomchuí an spriocdháta íocaíochta a shocrú le haghaidh ranníocaíochtaí le buiséid stáit ag tosú ón dáta a chuirtear an cinneadh lena núdaraítear an eisíocaíocht leis an Tairbhí in iúl agus chun íocaíocht úis mainneachtana ón gCoimisiún leis an Tairbhí a eisiamh.

(43)Faoi chuimsiú bhearta sriantacha an Aontais, arna nglacadh ar bhonn Airteagal 29 den Chonradh an Aontais Eorpaigh (CAE) agus 215(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ní fhéadfar aon chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí dlíthiúla ainmnithe nó chun a dtairbhe siúd. Dá bhrí sin, ní féidir tacaíocht ón tSaoráid a thabhairt do na heintitis ainmnithe sin ná d’eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu.

(44)I gcomhréir leis an Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, Rialachán (AE, Euratom) 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 15 , (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 16 agus (AE) 2017/1939 17 ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena náirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú, coinbhleacht leasa, cistiú dúbailte a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, agus aisghabháil na gcistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart.

(45)Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin ( Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 833/2013, ba cheart an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a bheith in ann imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

(46)I gcomhréir le hAirteagal 129 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ba cheart na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE ,lena náirítear ag tríú páirtithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistí an Aontais.

(47)Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach faoin tSaoráid. Ag an am céanna, i bhfianaise an teiste fhada atá ar an gcúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil do Thairbhithe na mBalcán Thiar faoi bhainistíocht indíreach freisin agus ailíniú Thairbhithe na mBalcán Thiar de réir a chéile le caighdeáin agus cleachtais rialaithe inmheánaigh an Aontais á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún brath go mór ar oibriú na gcóras náisiúnta rialaithe inmheánaigh agus na gcóras coiscthe calaoise. Go háirithe, ba cheart an Coimisiún agus OLAF a chur ar an eolas gan mhoill maidir le gach cás amhrasta neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa a dhéanann difear do chur chun feidhme cistí faoin tSaoráid.

(48)Ina theannta sin, ba cheart do na tairbhithe na neamhrialtachtaí a thuairisciú gan mhoill don Choimisiún, lena náirítear calaois arb iad ab ábhar do chinneadh príomha riaracháin nó breithiúnach, agus an Coimisiún a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn nós imeachta riaracháin agus dlí. Agus é mar chuspóir an tuairisciú a chur i gcomhréir le dea-chleachtais sna Ballstáit, ba cheart an tuairisciú sin a dhéanamh go leictreonach, tríd an gCóras Bainistíochta Mírialtachtaí, arna bhunú ag an gCoimisiún, a úsáid.

(49)Ba cheart do gach Tairbhí córas faireacháin a bhunú a chuirfidh le tuarascáil leathbhliantúil ar chomhlíonadh choinníollacha íocaíochta a Chláir Oibre a ghabhfaidh leis an iarraidh leathbhliantúil ar scaoileadh cistí. Ba cheart do na Tairbhithe sonraí agus faisnéis a bhailiú agus rochtain orthu a sholáthar, ar sonraí agus faisnéis iad lenar féidir neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, i ndáil leis na bearta a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid.

(50)Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh sásraí faireacháin agus meastóireachta i bhfeidhm chun cuntasacht agus trédhearcacht éifeachtach a sholáthar agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme, agus chun measúnú éifeachtach a áirithiú ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

(51)Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Rialacháin agus na Saoráide a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Choiste dá dtagraítear sa Rialachán seo.

(52)Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an tSaoráid nuair a chuirfear i gcrích í.

(53)Ba cheart acmhainneachtaí cumarsáide na dTairbhithe a fheabhsú chun meáin iolraíocha láidre shaora a áirithiú agus tacaíocht agus tuiscint an phobail a áirithiú i ndáil le luachanna an Aontais agus na tairbhí agus na hoibleagáidí a bhaineann le ballaíocht ionchasach san Aontas, agus aghaidh á tabhairt ar an mbréagaisnéis ag an am céanna. Ba cheart infheictheacht an chistithe ón Aontas a áirithiú freisin.

(54)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

(55)I bhfianaise chuspóirí ginearálta uaillmhianacha na Saoráide seo laistigh de thréimhse ghearr cur chun feidhme, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1
Ábhar

1.Leis an Rialachán seo, bunaítear an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar (‘an tSaoráid’).

Leagtar síos leis cuspóirí na Saoráide, maoiniú na Saoráide, an buiséad don tréimhse 2024-2027, foirmeacha cistithe ón Aontas fúithi agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

2.Cuirfidh an tSaoráid cúnamh ar fáil do na Balcáin Thiar chun athchóirithe socheacnamaíocha agus infheistíochtaí socheacnamaíocha a dhéanamh chun a gClár Oibre Athchóirúcháin faoi seach a chur chun feidhme, mar a leagtar amach i gCaibidil III.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.Ciallaíonn ‘tairbhí’ aon cheann díobh seo a leanas: An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv 18 *, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia.

2. Ciallaíonn ‘Pacáiste um Méadú’ an Teachtaireacht bhliantúil maidir le beartas an Aontais um Méadú agus na doiciméid inmheánacha oibre a ghabhann léi.

3. Ciallaíonn ‘Comhaontú Saoráide’ socrú arna thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Tairbhí lena leagtar síos prionsabail an chomhair airgeadais idir an Tairbhí agus an Coimisiún faoin Rialachán seo. Is éard atá sa socrú seo comhaontú maoinithe de réir bhrí Airteagal 114(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le Cistí faoi Airteagal 6(2) pointe a.

4.Ciallaíonn ‘comhaontú iasachta’ socrú arna thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Tairbhí lena leagtar síos na coinníollacha is infheidhme chun tacú leis an tSaoráid.

5. Ciallaíonn ‘Clár Oibre Athchóirithe’ pacáiste cuimsitheach de shraith chomhleanúnach thosaíochta d’athchóirithe spriocdhírithe agus tosaíochtaí infheistíochta i ngach Tairbhí, lena náirítear coinníollacha íocaíochta lena léirítear dul chun cinn sásúil nó cur i gcrích sásúil na mbeart sin, agus tráthchlár táscach le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sin.

6.Ciallaíonn ‘bearta’ athchóirithe agus infheistíochtaí faoi na Cláir Oibre Athchóiriúcháin de bhun Chaibidil III.

7.Ciallaíonn ‘Coinníollacha Íocaíochta’ coinníollacha maidir le scaoileadh cistí i bhfoirm céimeanna inbhraite agus intomhaiste cáilíochtúla nó cainníochtúla atá le cur chun feidhme ag na Tairbhithe, mar a leagtar amach sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin de bhun Chaibidil III mar choinníollacha maidir le scaoileadh cistí;

8.Ciallaíonn ‘oibríocht measctha’ oibríocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha tacaíochta neamh-inaisíoctha, ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha inaisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, nó ó institiúidí airgeadais tráchtála agus ó infheisteoirí.

Airteagal 3
Cuspóirí na Saoráide

1.Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an tSaoráid:

(a) dlús a chur le comhtháthú eacnamaíoch réigiúnach agus le comhtháthú forásach le margadh aonair an Aontais;

(b)dlús a chur le cóineasú socheacnamaíoch gheilleagair na dTairbhithe leis an Aontas;

(c) dlús a chur le hailíniú le luachanna, dlíthe, rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas

2.Áireofar an méid seo a leanas ar chuspóirí sonracha na Saoráide:

(a) dlús a chur le haistriú na dTairbhithe chuig geilleagair inbhuanaithe chuimsitheacha a bheidh in ann brú margaidh iomaíoch mhargadh aonair an Aontais a sheasamh, agus chuig timpeallacht chobhsaí infheistíochta;

(b) borradh a chur faoin gcomhtháthú eacnamaíoch réigiúnach go háirithe trí dhul chun cinn i mbunú an Chómhargaidh Réigiúnaigh;

(c)borradh a chur faoi chomhtháthú eacnamaíoch na dTairbhithe le margadh aonair an Aontais;

(d)tacú le comhtháthú eacnamaíoch réigiúnach agus comhtháthú feabhsaithe le margadh aonair an Aontais trí nascacht fheabhsaithe sa réigiún i gcomhréir le Gréasáin Thras-Eorpacha;

(e)dlús a chur leis an aistriú glas i gcomhréir le Clár Oibre Glas 2020 le haghaidh na mBalcán Thiar agus gach earnáil eacnamaíoch a chumhdach, go háirithe earnáil an fhuinnimh, lena náirítear an taistriú chuig geilleagar atá dícharbónaithe, aeráidneodrach, athléimneach ó thaobh na haeráide de agus ciorclach;

(f) an claochlú digiteach a chur chun cinn mar chumasóir don fhorbairt inbhuanaithe agus don fhás cuimsitheach;

(g) borradh a chur faoin nuálaíocht, go háirithe le haghaidh FBManna agus chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach;

(h)borradh a chur faoi bheartais ardcháilíochta oideachais, oiliúna, athscilithe agus uas-scilithe, agus fostaíochta;

(i)bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe, lena náirítear an smacht reachta, an daonlathas, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, a neartú a thuilleadh, trí bhreithiúnacht neamhspleách agus slándáil atreisithe a chur chun cinn, chomh maith leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe, na coireachta eagraithe, an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, na himghabhála cánach agus na calaoise cánach; comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta; saoirse na meán agus saoirse acadúil agus timpeallacht chumasúcháin don tsochaí shibhialta a neartú; idirphlé sóisialta a chothú; comhionannas inscne, neamh-idirdhealú agus caoinfhulaingt a chur chun cinn, chun urraim do chearta na mionlach a áirithiú agus a neartú;

éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú agus tacú le trédhearcacht, le hathchóirithe struchtúracha agus le dea-rialachas ar gach leibhéal, lena náirítear i réimsí na bainistíochta airgeadais poiblí agus an tsoláthair phoiblí agus an rialaithe státchabhrach; tacú le tionscnaimh agus comhlachtaí a bhfuil baint acu le tacú leis an gceartas idirnáisiúnta i gcríocha Thairbhithe na mBalcán Thiar agus leis an gceartas sin a fhorfheidhmiú;

Airteagal 4
Prionsabail ghinearálta

1.Beidh an comhar faoin tSaoráid bunaithe ar phrionsabail éifeachtacht na forbartha agus cuirfidh sé na prionsabail sin chun cinn, ar fud na módúlachtaí uile, is iad sin úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha ag na Tairbhithe, díriú ar thorthaí, comhpháirtíochtaí cuimsitheacha, trédhearcacht agus cuntasacht fhrithpháirteach. Beidh an comhar bunaithe ar acmhainní a leithdháileadh agus a úsáid ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.

2.Beidh tacaíocht ón tSaoráid sa bhreis ar thacaíocht arna cur ar fáil faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Féadfaidh gníomhaíochtaí atá incháilithe do chistiú faoin Rialachán seo tacaíocht a fháil ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin an costas céanna.

3.Chun comhlántacht agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochta a chur chun cinn, oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhair lena chéile agus féachfaidh siad le dúbailt a sheachaint maidir le cúnamh faoin Rialachán seo agus cúnamh eile a sholáthraíonn an tAontas, na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí agus eintitis iltaobhacha agus réigiúnacha, amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta agus na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais, gníomhaireachtaí agus deontóirí nach den Aontas iad, i gcomhréir leis na prionsabail sheanbhunaithe chun comhordú oibríochtúil a neartú i réimse an chúnaimh sheachtraigh, lena náirítear trí chomhordú feabhsaithe leis na Ballstáit ar an leibhéal áitiúil.

4.Le gníomhaíochtaí faoin tSaoráid, déanfar príomhshruthú maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, cosaint na bithéagsúlachta agus cosaint an chomhshaoil, cearta an duine, an daonlathas, comhionannas inscne agus, i gcás inarb ábhartha, laghdú rioscaí tubaiste, agus tacófar le dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, lena gcuirfear chun cinn gníomhaíochtaí comhtháite lenar féidir comhthairbhí a chruthú agus ilchuspóirí a chomhlíonadh ar bhealach comhleanúnach. Seachnófar sócmhainní tréigthe leo, agus beidh siad á dtreorú ag prionsabal na neamhdhíobhála agus ag an bprionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, chomh maith leis an gcur chuige príomhshruthaithe inbhuanaitheachta atá mar bhonn taca leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

5.Áiritheoidh na Tairbhithe agus an Coimisiún go gcuirfear comhionannas idir fir agus mná, príomhshruthú inscne agus comhtháthú ghné inscne san áireamh agus go gcuirfear chun cinn iad le linn ullmhú na gClár Oibre Athchóiriúcháin agus chur chun feidhme na Saoráide. Glacfaidh na Tairbhithe agus an Coimisiún céimeanna iomchuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc. Tuairisceoidh an Coimisiún ar na bearta sin i gcomhthéacs an tuairiscithe rialta uaidh faoi na Pleananna Gníomhaíochta Inscne.

6.Ní thacóidh an tSaoráid le gníomhaíochtaí ná le bearta atá ar neamhréir le Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na dTairbhithe, lena Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras, ná leis an uaillmhian aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ná gníomhaíochtaí ná bearta lena gcuirtear chun cinn infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise, nó lena gcruthaítear éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcomhshaol nó ar an aeráid.

7.Rannchuideoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na Tairbhithe, le cur chun feidhme gealltanas de chuid an Aontais maidir le trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe agus cúnamh á sholáthar, lena náirítear trí chur chun feidhme agus atreisiú na gcóras rialaithe inmheánaigh agus na mbeartas frithchalaoise a chur chun cinn, agus trí fhaisnéis a chur ar fáil maidir le méid agus leithdháileadh an chúnaimh trí bhunachair sonraí gréasánbhunaithe, agus áiritheoidh sé go mbeidh sonraí inchomparáide agus gur féidir rochtain a fháil orthu go héasca, gur féidir iad a chomhroinnt go héasca agus gur féidir iad a fhoilsiú go héasca.

Airteagal 5
Réamhchoinníollacha maidir le tacaíocht ón Aontas

1.Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an tacaíocht faoin tSaoráid, ní mór do na Tairbhithe leanúint de shásraí daonlathacha éifeachtacha a chaomhnú agus a urramú, lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, agus an smacht reachta, agus urraim do na hoibleagáidí uile maidir le cearta an duine a ráthú, lena náirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Réamhchoinníoll eile a bheidh ann go nglacfaidh an tSeirbia agus an Chosaiv páirt chuiditheach i normalú a gcaidrimh d’fhonn a noibleagáidí uile faoi seach a eascraíonn as an gComhaontú maidir leis an gConair do Normalú agus as an Iarscríbhinn Cur Chun Feidhme a ghabhann leis chomh maith leis na Comhaontuithe Idirphlé uile a rinneadh roimhe seo a chur chun feidhme go hiomlán agus dul i mbun caibidlíochta maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach maidir le normalú an chaidrimh.

2.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha a leagtar amach i mír 1 sula scaoilfear cistí chuig Tairbhithe faoin tSaoráid agus le linn thréimhse na tacaíochta arna soláthar faoin tSaoráid, agus aird chuí á tabhairt ar an bPacáiste um Méadú is déanaí. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena gcinnfear nach bhfuil cuid de na réamhchoinníollacha sin á gcomhlíonadh, agus go háirithe, scaoileadh na gcistí dá dtagraítear in Airteagal 21 a choinneáil siar, gan beann ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

CAIBIDIL II

Maoiniú agus cur chun feidhme

Airteagal 6
Buiséad

1.Ní rachaidh na hacmhainní a bheidh le cur ar fáil tríd an tSaoráid, de bhun mhíreanna 2 agus 3, thar EUR 6 000 000 000 le haghaidh na tréimhse ó 2024 go 2027.

2.Is é EUR 2 000 000 000 a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an tSaoráid a chur chun feidhme le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027:

(a)98,5 % i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha do na Tairbhithe chun na Cláir Oibre Athchóiriúcháin a chur chun feidhme;

(b)1,5 % le haghaidh caiteachais de bhun mhír 6;

3.An tacaíocht i bhfoirm iasachta, beidh sí ar fáil le haghaidh méid suas le EUR 4 000 000 000 le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027. Ní bheidh an méid sin ina chuid de mhéid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha de réir bhrí Airteagal 31(4) de Rialachán Uimh. 2021/947.

4.Leagfaidh an Coimisiún amach méid táscach tosaigh an mhaoinithe a bheidh ar fáil le haghaidh gach Tairbhí, i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I, sa chinneadh cur chun feidhme comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 15, arna ríomh bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil ar lá theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 29. Féadfar méideanna táscacha a athrú le linn cur chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 21.

5.De bhun Airteagal 19, 50 % ar a laghad den mhéid foriomlán i mír 1 a bheidh i méid na gcistí a chuirfear ar fáil faoi Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar (WBIF) dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/1529 19 . Áireofar sa ranníocaíocht sin méid iomlán na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha dá dtagraítear i mír 2 pointe (a) den Airteagal seo tar éis méid an tsoláthair a asbhaint.

6.Féadfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 3 pointe (b) a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an tSaoráid a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireachán, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, a bhfuil gá leo chun an tSaoráid a bhainistiú agus a cuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, cúrsaí oiliúna, comhairliúcháin le húdaráis na dTairbhithe, comhdhálacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena náirítear gníomhaíochtaí for-rochtana cuimsitheacha, agus cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, speansais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha, agus gach caiteachas eile sa cheanncheathrú agus i dtoscaireachtaí an Aontais le haghaidh na tacaíochta riaracháin agus comhordúcháin is gá le haghaidh na Saoráide. Faoi dheireadh, féadfaidh na speansais gach costas a bhaineann le gníomhaíochtaí tacaíochta eile a chumhdach freisin, amhail costais a bhaineann le rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun athchóirithe agus infheistíochtaí a mheasúnú agus a chur chun feidhme.

Airteagal 7
Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.Cuirfear an tSaoráid chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach le haon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.Féadfar cistiú ón Aontas a sholáthar in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, go háirithe cúnamh airgeadais, deontais, soláthar agus oibríochtaí measctha.

3.Ag brath ar an acmhainneacht oibríochtúil agus airgeadais is gá, féadfaidh sé gurb é an Banc Eorpach Infheistíochta nó an Ciste Eorpach Infheistíochta, institiúidí airgeadais idirnáisiúnta iltaobhacha, amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, nó institiúidí airgeadais Eorpacha déthaobhacha, amhail bainc forbartha, an teintiteas iontaoibhe a chuirfidh oibríochtaí measctha chun feidhme. Nuair is féidir, déanfar cur chun feidhme oibríochtaí measctha faoin tSaoráid a chomhlánú le foirmeacha breise tacaíochta airgeadais, ó na Ballstáit nó ó thríú páirtithe.

Airteagal 8
Rialacha maidir le hincháilitheacht daoine agus eintiteas, tionscnamh an tsoláthair agus ábhair agus srian faoin tSaoráid

1.    Beidh an deis a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta maidir le soláthar agus dámhachtain deontas le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin tSaoráid seo ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus ag na daoine nádúrtha ar fad ar náisiúnaigh iad sna háiteanna seo a leanas agus ag daoine dlítheanacha atá bunaithe go héifeachtach sna háiteanna seo a leanas:

(a)na Ballstáit, na Tairbhithe, páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus tíortha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947 agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1529;

(b)tíortha a mbunóidh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach i gcríocha na dTairbhithe ina leith.

2.    Féadfar an rochtain chómhalartach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a dheonú le haghaidh tréimhse theoranta 1 bhliain ar a laghad, nuair a dhéanfaidh tír incháilitheacht a dheonú ar choinníollacha comhionanna le heintitis ón Aontas agus ó thíortha atá incháilithe faoin tSaoráid.

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Tairbhí lena mbaineann.

3.    Beidh na soláthairtí agus na hábhair go léir arna maoiniú agus arna soláthar faoin tSaoráid seo de thionscnamh aon tíre dá dtagraítear i mír 1 pointe (a) agus pointe (b), mura rud é nach féidir na soláthairtí agus na hábhair a fháil ar choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin. Ina theannta sin, tá feidhm ag na rialacha maidir le srianta i mír 6.

4.    Ní bheidh feidhm ag na rialacha incháilitheachta faoin Airteagal seo maidir le daoine nádúrtha atá fostaithe nó atá ar conradh go dleathach ar bhealach eile ag conraitheoir incháilithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag fochonraitheoir incháilithe, ná ní chruthófar leo srianta náisiúntachta do dhaoine nádúrtha, ach amháin i gcás ina bhfuil na srianta náisiúntachta bunaithe ar na rialacha dá bhforáiltear i mír 6.

5.    I gcás gníomhaíochtaí a chómhaoineoidh eintiteas go comhpháirteach nó a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach dá dtagraítear in Airteagal 62(1), pointe (c) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, beidh feidhm ag rialacha na neintiteas sin freisin. Tá an méid sin gan dochar do na srianta a bhunaítear faoi mhír 6, a léireofar go cuí sna comhaontuithe a thabharfar i gcrích leis na heintitis sin.

6.    Na rialacha incháilitheachta agus tionscnamh na soláthairtí agus na nábhar dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 agus náisiúntacht na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear i mír 4 féadfar iad a shrianadh i dtaca le náisiúntacht, suíomh geografach nó cineál na neintiteas dlítheanach atá rannpháirteach i nósanna imeachta dámhachtana agus i dtaca le tionscnamh geografach na soláthairtí agus na nábhar, sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina gceanglaítear srianta den sórt sin mar gheall ar chineál sonrach agus/nó cuspóirí sonracha na gníomhaíochta nó an nós imeachta sonrach dámhachtana agus/nó i gcás ina bhfuil gá leis na srianta sin chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme go héifeachtach;

(b)i gcás ina ndéanfaidh an ghníomhaíocht nó na nósanna imeachta dámhachtana sonracha difear don tslándáil nó don ord poiblí, go háirithe maidir le sócmhainní agus leasanna straitéiseacha an Aontais, a Bhallstát, nó aon cheann de na Tairbhithe, lena náirítear slándáil, athléimneacht agus cosaint shláine an bhonneagair dhigitigh (lena náirítear bonneagar líonra 5G), na gcóras cumarsáide agus faisnéise, agus na slabhraí soláthair gaolmhara.

7.    Féadfar glacadh le hiarratasóirí ar thairiscintí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe i gcás práinne nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar fáil i margaí na dtíortha nó na gcríoch lena mbaineann, nó i gcásanna eile cuí-réasúnaithe ina mbeadh fíorú gníomhaíochta dodhéanta nó thar a bheith deacair mar gheall ar chur i bhfeidhm na rialacha incháilitheachta.

Airteagal 9
An Comhaontú Saoráide

1.    Tabharfaidh an Coimisiún Comhaontú Saoráide i gcrích le gach Tairbhí maidir le cur chun feidhme na Saoráide ina leagfar amach oibleagáidí agus coinníollacha íocaíochta na dTairbhithe maidir le cistiú na Saoráide a eisíoc.

2.    Déanfar an Comhaontú Saoráide a chomhlánú le comhaontuithe iasachta i gcomhréir le hAirteagal 17, ina leagfar amach forálacha sonracha maidir le bainistiú agus cur chun feidhme cistithe a sholáthraítear i bhfoirmeacha iasachtaí.

3.    Ní dheonófar cistiú do na Tairbhithe ach amháin tar éis do na Comhaontuithe Saoráide agus na comhaontuithe iasachta is infheidhme teacht i bhfeidhm.

4.    Leis an gComhaontú Saoráide agus leis na comhaontuithe iasachta arna dtabhairt i gcrích le gach Tairbhí, agus le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le duine nó le heintitis a fhaigheann cistí ón Aontas, áiritheofar go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

5.    Leagfar síos sa Chomhaontú Saoráide na forálacha mionsonraithe is gá maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)tiomantas an Tairbhí dul chun cinn a dhéanamh i dtreo córais rialaithe níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, agus neartú a dhéanamh ar an gcomhrac in aghaidh sciúradh airgid, mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, na seachanta cánach, na calaoise cánach nó na himghabhála cánach;

(b)na rialacha maidir le scaoileadh, coinneáil siar, laghdú agus athdháileadh cistí i gcomhréir le hAirteagal 21.

(c)na gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú, rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchadh a dhéanamh faoin tSaoráid, chomh maith le hathbhreithnithe córas, imscrúduithe, bearta frithchalaoise agus comhar;

(d)na rialacha maidir le tuairisciú don Choimisiún i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 12 agus an chaoi a gcomhlíontar iad;

(e)na rialacha maidir le cánacha, dleachtanna agus muirir i gcomhréir le hAirteagal 27(9) agus (10) de Rialachán (AE) 2021/947;

(f)na bearta chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a cheartú, agus an oibleagáid fógra a thabhairt gan mhoill don Choimisiún agus do OLAF faoi chásanna amhrasta nó iarbhír neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa agus faoi bhearta leantacha ina leith;

(g)na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagail 22 agus 23, lena náirítear rialacha beachta agus tréimhse ama bheacht maidir le bailiú sonraí ag an Tairbhí agus rochtain ar na sonraí sin ag an gCoimisiún agus OLAF;

(h)nós imeachta chun a áirithiú go dtiocfaidh iarrataí ar eisíocaíocht le haghaidh na tacaíochta iasachta faoi mhéid na hiasachta atá ar fáil, agus Airteagal 6(3) á chur san áireamh;

(i)ceart an Choimisiúin an tacaíocht a sholáthraítear faoin tSaoráid a laghdú go comhréireach agus aon suim a caitheadh chun cuspóirí na Saoráide a ghnóthú nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, i gcásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an Tairbhí, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascróidh as an gComhaontú Saoráide;

(j)rialacha agus módúlachtaí do na Tairbhithe chun tuairisciú chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Saoráide agus measúnú a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 10
Tabhairt anonn, tráthchodanna bliantúla, leithreasaí faoi chomhair gealltanas

1.De mhaolú ar Airteagal 12(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, déanfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí nár úsáideadh faoin tSaoráid a thabhairt anonn go huathoibríoch agus féadfar iad a ghealladh agus a úsáid, faoi seach, go dtí 31 Nollaig na bliana airgeadais ina dhiaidh sin. Is é an tsuim a tugadh anonn is túisce a úsáidfear sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

2.Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a tugadh anonn i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

3.De mhaolú ar Airteagal 15 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 i dtaca le leithreasuithe a chur ar fáil arís, cuirfear leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do mhéid na gealltanais shaortha a rinneadh de bharr neamh-chur chun feidhme iomláin nó pháirtigh gníomhaíochta faoin tSaoráid, cuirfear ar fáil iad arís le leas na líne buiséid tionscnamh.

4.Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide iad ná 1 bhliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta i gcomhréir le hAirteagal 112(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

CAIBIDIL III

Cláir Oibre Athchóiriúcháin

Airteagal 11
Cláir Oibre Athchóiriúcháin a chur isteach

1.Chun aon tacaíocht a fháil faoin tSaoráid, cuirfidh gach Tairbhí Clár Oibre Athchóiriúcháin faoi bhráid an Choimisiúin ar feadh shaolré na saoráide, ag tógáil ar an gcuid athchóirithe struchtúracha den Chlár Athchóirithe Eacnamaíoch is déanaí agus ar an Treoir ghaolmhar Bheartais Chomhpháirteach a comhaontaíodh ag an Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais i mí na Bealtaine 2023, ar a straitéis náisiúnta fáis i gcás inarb infheidhme, ar mhodheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe, ar an bPacáiste um Méadú is déanaí agus ar an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta le haghaidh na mBalcán Thiar.

2.Leagfar amach sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin na hathchóirithe a bheidh le déanamh ag an Tairbhí, chomh maith le réimsí infheistíochta, chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Is éard a bheidh sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin bearta chun athchóirithe a chur chun feidhme trí phacáiste cuimsitheach agus comhleanúnach. I réimsí na mbunphrionsabal, lena náirítear an smacht reachta, an comhrac in aghaidh an éillithe, cearta bunúsacha agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, léireofar sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin na measúnuithe sa Phacáiste um Méadú is déanaí.

3.Beidh an Clár Oibre Athchóiriúcháin comhsheasmhach leis an gcreat beartais mhaicreacnamaíoch agus fhioscaigh is déanaí arna cur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhthéacs an Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais leis an Aontas.

4.Beidh na Cláir Oibre Athchóiriúcháin comhsheasmhach leis na tosaíochtaí athchóiriúcháin arna sainaithint i gcomhthéacs chonair aontachais an Tairbhí agus tacóidh siad leo, agus le doiciméid ábhartha eile, amhail an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, an Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, an Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras agus an uaillmhian aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

5.Leis na Cláir Oibre Athchóiriúcháin, urramófar na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 4.

6.Iarrfaidh an Coimisiún ar na Tairbhithe a gClár Oibre Athchóiriúcháin faoi seach a chur isteach laistigh de 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

7.I gcás athdháileadh tacaíochta faoin tSaoráid a fhágann go bhfaigheann Tairbhí tacaíocht bhreise, iarrfaidh an Coimisiún ar an Tairbhí Clár Oibre Athchóiriúcháin athbhreithnithe le haghaidh na tréimhse atá fágtha den tSaoráid a chur isteach laistigh de 3 mhí.

Airteagal 12
Prionsabail maidir le maoiniú faoi na Cláir Oibre Athchóiriúcháin

1.Dreasóidh an tSaoráid cur chun feidhme Chlár Oibre Athchóiriúcháin gach Tairbhí trí choinníollacha íocaíochta a chur ar scaoileadh cistí. Beidh feidhm ag na coinníollacha íocaíochta sin maidir le cistí faoi Airteagal 6(2) pointe (a) agus Airteagal 6(3) agus beidh siad i bhfoirm céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla. Léireofar sna céimeanna sin an dul chun cinn atá déanta maidir le hathchóirithe socheacnamaíocha sonracha, lena náirítear bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe agus an smachta reachta, atá nasctha le cuspóirí éagsúla na Saoráide a bhaint amach, a leagtar amach in Airteagal 3, i gcomhréir leis an bPacáiste um Méadú is déanaí.

Spreagfaidh comhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta scaoileadh iomlán nó páirteach cistí, ag brath ar a mhéid a chuirfear i gcrích iad.

2.Maidir le maoiniú a chuirtear chun feidhme tríd an gciste dá dtagraítear in Airteagal 19, beidh comhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta dá dtagraítear i mír 1 ina réamhbhailíochtú. Íocfar na cistí tar éis iarraidh ar íocaíocht a fháil ó bhainisteoirí cistí an chomhchiste arna bhunú faoi WBIF chun ranníocaíochtaí deontóirí a fháil.

3.Is coinníollacha ginearálta iad cobhsaíocht mhacra-airgeadais, bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, trédhearcacht agus formhaoirseacht ar an mbuiséad le haghaidh íocaíochtaí nach mór iad a chomhlíonadh chun aon chiste a scaoileadh.

Airteagal 13
Ábhar na gClár Oibre Athchóiriúcháin

1.Leagfar amach sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin go háirithe na gnéithe seo a leanas, a mbeidh réasúnú agus bunús ag dul leo:

(a)bearta arb éard iad freagairt chomhleanúnach, chuimsitheach agus chothromaithe go leordhóthanach ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, lena náirítear athchóirithe struchtúracha, infheistíochtaí agus bearta chun comhlíonadh réamhchoinníollacha a áirithiú más iomchuí;

(b)míniú ar an gcaoi a bhfuil na bearta comhsheasmhach leis na prionsabail, straitéisí, na pleananna agus na cláir dá dtagraítear in Airteagal 11;

(c) míniú ar a mhéid a mheastar go rannchuideoidh na bearta le cuspóirí aeráide agus comhshaoil;

(d)i gcás na nathchóirithe agus na ninfheistíochtaí, tráthchlár táscach, agus na coinníollacha íocaíochta atá beartaithe maidir le scaoileadh cistí i bhfoirm céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla a bheidh le cur chun feidhme faoin 31 Lúnasa 2027 ar a dhéanaí;

(e)na socruithe chun go ndéanfaidh an Tairbhí faireachán, tuairisciú agus meastóireacht éifeachtach ar an gClár Oibre Athchóiriúcháin, lena náirítear na táscairí ábhartha a leagtar amach i mír 2;

(f)míniú ar chóras an Tairbhí chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach agus chun rialacha maidir le rialú Státchabhrach a fhorfheidhmiú;

(g)aon fhaisnéis ábhartha eile.

2.Beidh na Cláir Oibre Athchóiriúcháin bunaithe ar thorthaí agus áireofar iontu táscairí chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh maidir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach. Beidh na táscairí sin bunaithe, i gcás inarb iomchuí agus inarb ábhartha, ar tháscairí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta agus ar na táscairí sin atá ar fáil cheana féin agus a bhaineann le beartais na dTairbhithe Beidh na táscairí comhleanúnach a mhéid is féidir freisin, leis na príomhtháscairí corparáideacha a áirítear i gCreat Torthaí na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), i gCreat Tomhais Torthaí CEFI+ agus in WBIF.

Airteagal 14
Measúnú ón gCoimisiún ar na Cláir Oibre Athchóiriúcháin

1.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, cuimsitheacht agus oiriúnacht Chlár Oibre Athchóirithe gach Tairbhí nó, i gcás inarb infheidhme, ar aon leasú ar an gClár Oibre sin, gan moill mhíchuí. Agus a mheasúnú á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an Tairbhí lena mbaineann, agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt nó faisnéis bhreise a lorg.

2.Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar na Cláir Oibre Athchóiriúcháin, cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis anailíseach ábhartha atá ar fáil maidir leis an Tairbhí, an bonn cirt agus na gnéithe a chuir an Tairbhí ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 13, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile amhail an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 11.

3.Ina mheasúnú, breithneoidh an Coimisiún na critéir seo a leanas:

(a)cé acu atá nó nach bhfuil an Clár Oibre Athchóiriúcháin ina fhreagairt ábhartha, chuimsitheach, chomhleanúnach agus chothromaithe go leordhóthanach ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3;

(b)an féidir coinne a bheith leis go gcuirfidh an Clár Oibre Athchóiriúcháin dlús leis an dul chun cinn i dtreo an bhearna shocheacnamaíoch idir an Tairbhí agus an tAontas a dhúnadh, agus ar an gcaoi sin go bhfeabhsófar forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil agus go dtacófar leis an gcóineasú i dtreo chaighdeáin an Aontais;

(c)an féidir coinne a bheith leis go gcuirfidh an Clár Oibre Athchóiriúcháin dlús le haistriú na dTairbhithe i dtreo geilleagair atá inbhuanaithe, aeráidneodrach, athléimneach ó thaobh na haeráide de agus cuimsitheach trí nascacht réigiúnach a fheabhsú, dul chun cinn a dhéanamh maidir le haistriú glas agus aistriú digiteach, lena náirítear an bhithéagsúlacht, agus borradh a chur faoin nuálaíocht, faoin oideachas agus faoi scileanna agus faoin margadh saothair i gcoitinne;

(d) an féidir coinne a bheith leis go ndéanfaidh an Clár Oibre Athchóiriúcháin bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3.2 pointe (i) a neartú a thuilleadh.

(e)an dtugtar aghaidh iomchuí leis an gClár Oibre Athchóiriúcháin ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhréir le réamhchoinníollacha agus coinníollacha íocaíochta;

(f)an bhfuil na coinníollacha íocaíochta atá molta ag an Tairbhí iomchuí agus uaillmhianach, i gcomhréir leis an measúnú ón bPacáiste um Méadú is déanaí, agus an bhfuil siad fóinteach agus soiléir go leor chun gur féidir cistí a scaoileadh i gcás ina gcomhlíontar iad agus an bhfuil na táscairí tuairiscithe atá beartaithe iomchuí agus leordhóthanach chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo na gcuspóirí foriomlána;

(g)an bhfuil coinne leis go ndéanfaidh na socruithe atá beartaithe ag an Tairbhí neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach, agus úsáid á baint as na cistí arna soláthar faoin tSaoráid, agus an áirithítear leo nach mbeidh aon chistiú dúbailte ann ón tSaoráid ná ó chláir eile de chuid an Aontais ná ó dheontóirí eile.

4.Chun críche an mheasúnaithe ar na Cláir Oibre Athchóiriúcháin arna gcur isteach ag na Tairbhithe, féadfaidh saineolaithe cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

Airteagal 15
Cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún

1.I gcás measúnú dearfach, formheasfaidh an Coimisiún trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, an Clár Oibre Athchóiriúcháin arna chur isteach ag an Tairbhí, i gcomhréir le hAirteagal 14 nó, i gcás inarb infheidhme, ar an leasú ar an bplean arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16. Déanfar an cinneadh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

2.Leagfar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún na hathchóirithe a bheidh le cur chun feidhme ag an Tairbhí, na limistéir infheistíochta a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh agus na coinníollacha íocaíochta a eascraíonn as an gClár Oibre Athchóiriúcháin, lena náirítear an tamchlár táscach.

3.Leagfar síos an méid seo a leanas freisin sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún:

(a)méid táscach na gcistí foriomlána atá ar fáil don Tairbhí, agus na tráthchodanna sceidealaithe atá le scaoileadh lena náirítear réamh-mhaoiniú, struchtúraithe i gcomhréir le hAirteagal 13, a luaithe a chomhlíonann an Tairbhí go sásúil na coinníollacha íocaíochta ábhartha i bhfoirm céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla arna sainaithint i ndáil le cur chun feidhme an Chláir Oibre Athchóiriúcháin;

(b)an miondealú de réir tráthchoda den mhaoiniú idir tacaíocht iasachta agus tacaíocht neamh-inaisíoctha;

(c)an teorainn ama faoinar gá na coinníollacha íocaíochta deiridh le haghaidh na nathchóirithe a chur i gcrích;

(d)na socruithe agus an tráthchlár i ndáil le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an gClár Oibre Athchóiriúcháin, agus i ndáil leis an gClár Oibre Athchóiriúcháin a chur chun feidhme, lena náirítear, i gcás inarb ábhartha, na bearta is gá chun Airteagal 24 a chomhlíonadh;

(e)na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 13(2) chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha in Airteagal 3;

Airteagal 16
Leasuithe ar na Cláir Oibre Athchóiriúcháin

1.I gcás nach bhféadfaidh an Tairbhí an Clár Oibre Athchóiriúcháin, lena náirítear coinníollacha íocaíochta ábhartha, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, mar gheall ar imthosca oibiachtúla, féadfaidh an Tairbhí Clár Oibre Athchóiriúcháin leasaithe a mholadh. Sa chás sin, féadfaidh an Tairbhí iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún a chinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a leasú.

2.Féadfaidh an Coimisiún an cinneadh cur chun feidhme a leasú, go háirithe chun athrú ar na méideanna atá ar fáil a chur san áireamh i gcomhréir leis na prionsabail faoi Airteagal 21.

3.I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil údar maith le leasú a dhéanamh ar an gClár Oibre Athchóiriúcháin de bharr na gcúiseanna arna gcur in iúl ag an Tairbhí, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gClár Oibre Athchóiriúcháin leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 14 agus féadfaidh sé an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a leasú gan moill mhíchuí.

4.I leasú, féadfaidh an Coimisiún glacadh le hamlínte le haghaidh coinníollacha íocaíochta a leanann go 2028. Ní dhéanann sé sin difear don sprioc-am deiridh a leagtar síos in Airteagal 21(8).

Airteagal 17
Comhaontú iasachta, oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí

1.Chun an tacaíocht faoin tSaoráid i bhfoirm iasachtaí a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.De mhaolú ar Airteagal 220(4) den Rialachán Airgeadais, féadfar eisíocaíochtaí na hiasachta a chur chun feidhme trí WBIF thar ceann an Tairbhí. Aistreofar méideanna arna naisghabháil chuig an Tairbhí.

3.Déanfaidh an Coimisiún comhaontú iasachta leis an Tairbhí. Leagfar síos sa chomhaontú iasachta uasmhéid na hiasachta, an tréimhse infhaighteachta agus téarmaí agus coinníollacha mionsonraithe na tacaíochta faoin tSaoráid i bhfoirm iasachtaí. Mairfidh na hiasachtaí ar feadh 40 bliain ar a mhéad ó shíniú an comhaontú iasachta.

Sa bhreis ar Airteagal 220(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus de mhaolú air, beidh méid an réamh-mhaoinithe agus na rialacha maidir le himréiteach an réamh-mhaoinithe sa chomhaontú iasachta.

Maidir le méideanna iasachta a chuirtear chun feidhme trí WBIF, déanfar an méid seo a leanas sa chomhaontú iasachta freisin:

(a)foráil a dhéanamh go núdaróidh an Tairbhí go neamh-inchúlghairthe agus gan choinníoll don Choimisiún eisíocaíochtaí a íoc leis an eintiteas a chuireann an ciste chun feidhme arna iarraidh sin don eintiteas sin agus go bhfuil a oibleagáidí íocaíochta leis an tairbhí comhlíonta ag an gCoimisiún tríd an íocaíocht a dhéanamh leis an eintiteas sin;;

(b)foráil a dhéanamh maidir leis an oibleagáid atá ar an Tairbhí costais an chur chun feidhme agus aon táillí atá dlite i leith chur chun feidhme an chiste a sheasamh i gcomhréir leis na coinníollacha a comhaontaíodh idir an Coimisiún agus an teintiteas a chuireann an ciste chun feidhme.

Airteagal 18
Soláthar

1.De bhun Airteagal 211(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, déanfar soláthar le haghaidh na niasachtaí faoin Rialachán seo ar ráta 9 % nuair a chuirfear aon chiste a chumhdaítear le hAirteagal 6(3) den Rialachán seo ar fáil. Is ón imchlúdach dá dtagraítear in Airteagal 6(2) pointe (a) a dhéanfar an soláthar.

Déanfar gealltanais bhuiséadacha le haghaidh an tsoláthair faoin 31 Nollaig 2027. De mhaolú ar an abairt dheireanach d’Airteagal 211(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, déanfar an soláthar a íoc de réir a chéile agus a bhunú go hiomlán ar a dhéanaí nuair a eisíocfar na hiasachtaí ina n‑iomláine.

2.Íocfar an soláthar leis an gciste coiteann soláthairtí. Féadfar iasachtaí le haghaidh cúnamh macrairgeadais a chumhdach leis freisin i gcomhréir le hAirteagal 31(5) de Rialachán (AE) 2021/947. Déanfar athbhreithniú ar an ráta soláthair gach 3 bliana ar a laghad ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an ráta soláthair a leasú agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 211(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 á gcur i bhfeidhm ag an am céanna.

Airteagal 19
Cur chun feidhme tionscadal agus clár infheistíochta faoi Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar

1.Chun tairbhe a bhaint as giaráil thacaíocht airgeadais an Aontais chun infheistíocht bhreise a mhealladh, déanfar infheistíochtaí bonneagair a thacaíonn leis na Cláir Oibre Athchóiriúcháin a chur chun feidhme trí WBIF.

2.Leagfar síos leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 15 méid na gcistí a chuirfear ar fáil lena núsáid faoi WBIF.

3.Cuirfidh an Coimisiún tograí ábhartha maidir le tionscadail infheistíochta nó cláir infheistíochta isteach chun tuairim Bhord Oibríochtúil WBIF dá dtagraítear in Airteagal 35(8) de Rialachán (AE) 2021/947 a fháil tar éis ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear in Airteagal 21(3).

4.Ba cheart 37 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a chuirtear trí WBIF a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide.

5.Déanfar maoiniú faoin tSaoráid a sholáthraítear ón imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(2) pointe (a), tar éis méid an tsoláthair a bhaint, a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach agus píblíne infheistíochtaí á gcur san áireamh agus soláthrófar é de réir a chéile trí ranníocaíochtaí arna níoc isteach sa chomhchiste arna bhunú faoi WBIF chun ranníocaíochtaí ó dheontóirí a fháil.

6.Ní chuirfear an maoiniú sin ar fáil le haghaidh infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gcomhchiste go dtí go nglacfar an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 21(3).

7.Cuirfear maoiniú faoin tSaoráid a sholáthraítear ó na hiasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(5) ar fáil trí WBIF faoin gcomhaontú iasachta idir an Coimisiún agus na Tairbhithe i gcomhréir le hAirteagal 17(2). I gcás gach comhaontaithe iasachta, déanfar ar a mhéad dhá iarraidh déag ar eisíocaíochtaí in aghaidh na bliana ó bhainisteoirí ciste an chomhchiste dá dtagraítear in Airteagal 12(2) leis an gCoimisiún. Féadfaidh tionscadail agus cláir infheistíochta tacaíocht a fháil ó dhá fhoinse mhaoiniúcháin dá dtagraítear i mír 1 agus ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, ar choinníoll go soláthraítear breisíocht leis an tacaíocht sin ó fhoinsí, ó chláir agus ó ionstraimí éagsúla agus nach gcumhdaíonn sí an costas céanna.

Airteagal 20
Réamh-mhaoiniú

1.Tar éis an Clár Oibre Athchóiriúcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, féadfaidh an Tairbhí a iarraidh go scaoilfí réamh-mhaoiniú suas le 7 % den mhéid iomlán dá bhforáiltear faoin tSaoráid seo i gcomhréir le hAirteagal 6(4).

2.Féadfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú a iarradh a scaoileadh tar éis ghlacadh a chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 15 agus theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Saoráide agus an chomhaontaithe iasachta dá dtagraítear. Scaoilfear na cistí i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 21(3), agus faoi réir na réamhchoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 a urramú.

3.Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tréimhse ama le haghaidh eisíocaíocht an réamh-mhaoinithe, a fhéadfar a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.

Airteagal 21
Measúnú ar chomhlíonadh coinníollacha íocaíochta, cistí a choinneáil siar, a laghdú agus a athdháileadh, rialacha maidir le híocaíochtaí

1.Dhá uair sa bhliain, cuirfidh an Tairbhí iarraidh chuí-réasúnaithe isteach ar scaoileadh cistí a bhfuil na coinníollacha maidir le híocaíochtaí, atá nasctha leis na céimeanna cainníochtúla agus cáilíochtúla, comhlíonta ina leith.

2.Déanfaidh an Coimisiún measúnú gan moill mhíchuí ar cibé ar chuir nó nár chuir an Tairbhí i gcrích go sásúil na coinníollacha íocaíochta a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 15(1). Le cur i gcrích sásúil na gcoinníollacha íocaíochta sin, glacfar leis nár aisiompaigh an Tairbhí na bearta a bhaineann leis na hathchóirithe céanna a raibh comhlíonadh sásúil bainte amach ag an Tairbhí ina leith i gcinntí roimhe sin. Féadfaidh saineolaithe cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

3.I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach ar chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha uile is infheidhme, glacfaidh sé cinneadh gan moill mhíchuí lena núdarófar scaoileadh na gcistí a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha sin. Socrófar leis an gcinneadh sin, i gcomhréir leis an deighilt a bhunaítear in Airteagal 6(4), méid na gcistí atá le cur ar fáil mar chúnamh airgeadais, agus a chuirfear go díreach chuig an mbuiséad náisiúnta, agus an méid atá le cur ar fáil trí WBIF. I ndáil leis na méideanna sin, is éard a bheidh sa chinneadh an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 12 maidir le méid na gcistí atá le cur ar fáil mar chúnamh airgeadais a chuirfear go díreach chuig an mbuiséad náisiúnta agus an réamhbhailíochtú dá dtagraítear in Airteagal 12 le haghaidh an mhéid atá le cur ar fáil trí WBIF.

4.I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach ar chomhlíonadh aon choinníollacha de réir an tráthchláir tháscaigh, déanfar scaoileadh na gcistí a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha sin a choinneáil siar. Ní fhéadfar na méideanna a coinníodh siar a scaoileadh saor ach amháin má tá údar cuí tugtha ag an Tairbhí, mar chuid den iarraidh ina dhiaidh sin ar chistí a scaoileadh, go bhfuil na bearta is gá déanta aige chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha comhfhreagracha go sásúil.

5.I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach ndearna an Tairbhí na bearta is gá laistigh de thréimhse 12 mhí ón measúnú diúltach tosaigh dá dtagraítear i mír 6, laghdóidh an Coimisiún méid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus méid na hiasachta i gcomhréir leis an gcuid a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha íocaíochta ábhartha. Le linn na chéad bhliana den chur chun feidhme, beidh feidhm ag sprioc-am 24 mhí, arna ríomh ón measúnú diúltach tosaigh dá dtagraítear i mír 6. Féadfaidh an Tairbhí a bharúlacha a chur isteach laistigh de 2 mhí tar éis don Choimisiún a chonclúidí a chur in iúl dó.

6.Aon mhéid a chomhfhreagraíonn do choinníollacha íocaíochta nach bhfuil comhlíonta faoin 31 Nollaig 2028, ní bheidh sé dlite do na Tairbhithe agus déanfar é a shaoradh, nó a chealú ón méid tacaíochta iasachta atá ar fáil, de réir mar is iomchuí.

7.Féadfaidh an Coimisiún laghdú a dhéanamh ar mhéid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha, lena náirítear trí fhritháireamh i gcomhréir le hAirteagal 102 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, nó ar an iasacht, i gcás cásanna sainaitheanta nó imní thromchúiseach maidir le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an Tairbhí, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as na Comhaontuithe Saoráide nó as na Comhaontuithe Iasachta, lena náirítear ar bhonn faisnéise arna soláthar ag OLAF.

8.Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh aon mhéid arna laghdú de bhun mhír 6 nó mhír 7 a athdháileadh i measc Tairbhithe eile na Saoráide trí leasú a dhéanamh ar na cinntí cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 15(1).

9.Maidir leis an gcuid sin de chistiú na Saoráide arna íoc mar chúnamh airgeadais, a chuirfear go díreach chuig buiséid náisiúnta na dTairbhithe, de mhaolú ar Airteagal 116(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, cuirfear tús leis an sprioc-am íocaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 116 (1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ón dáta a chuirfear an cinneadh lena núdaraítear an eisíocaíocht leis an Tairbhí in iúl de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

10.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 116(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le híocaíochtaí a dhéantar mar chúnamh airgeadais, arna gcur go díreach chuig buiséid náisiúnta na dTairbhithe de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 22 den Rialachán seo.

11.Déanfar íocaíocht cistí faoin tSaoráid seo faoi réir an chistithe a bheidh ar fáil. Íocfar na cistí i dtráthchodanna. Féadfar tráthchuid a íoc i dtráinse amháin nó níos mó.

12.Íocfar an méid a chuirfear ar fáil mar chúnamh airgeadais, a chuirfear go díreach chuig an mbuiséad náisiúnta, tar éis an chinnidh dá dtagraítear i mír 3 i gcomhréir leis an gcomhaontú iasachta.

13.Beidh íocaíocht aon mhéid den tacaíocht i bhfoirm iasachtaí, cé acu a chuirfear go díreach chuig an mbuiséad náisiúnta nó trí WBIF iad, faoi réir iarraidh ar íocaíocht a bheith curtha isteach ag an Tairbhí san fhoirm a leagtar amach sa chomhaontú iasachta.

14.Íocfar an méid a chuirfear ar fáil trí WBIF tar éis an chinnidh dá dtagraítear i mír 3, tar éis an iarraidh ar íocaíocht dá dtagraítear i mír 13 agus tar éis iarraidh ar íocaíocht a fháil ó bhainisteoirí ciste an chomhchiste arna bhunú faoi WBIF chun ranníocaíochtaí ó dheontóirí a fháil.

CAIBIDIL IV

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

Airteagal 22
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.Agus an tSaoráid á cur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún agus an Tairbhí na bearta iomchuí uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus prionsabal na comhréireachta agus na coinníollacha sonracha faoina bhfeidhmeoidh an tSaoráid, na réamhchoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus na coinníollacha a leagtar amach sna Comhaontuithe Saoráide sonracha, go háirithe maidir le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú. Geallfaidh gach Tairbhí go ndéanfaidh sé dul chun cinn i dtreo córas bainistithe agus rialaithe atá éifeachtach agus éifeachtúil agus áiritheoidh sé gur féidir méideanna a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil.

2.Déanfar foráil sa Chomhaontú Saoráide maidir leis na hoibleagáidí seo a leanas atá ar an Tairbhí:

(a)a sheiceáil go rialta gur úsáideadh an maoiniú arna chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, go háirithe maidir le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(b)bearta iomchuí a dhéanamh chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc, a bhrath agus a cheartú, cistiú dúbailte a sheachaint agus caingne dlí a ghlacadh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, lena náirítear caingne dlí i ndáil le haon bheart chun athchóirithe agus tionscadail nó cláir infheistíochta a chur chun feidhme faoi na Cláir Oibre Athchóiriúcháin;

(c)chun críoch mhír 1 den Airteagal seo, go háirithe maidir le seiceálacha ar úsáid cistí i ndáil le cur chun feidhme athchóirithe sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin, a áirithiú go mbaileofar sonraí leormhaithe maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann cistiú chun bearta an Chláir Oibre Athchóiriúcháin faoi Chaibidil III a chur chun feidhme agus go mbeidh rochtain ar na sonraí sin;

(d)údarú sainráite a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE, chun a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear in Airteagal 129 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

3.Déanfar foráil sa Chomhaontú Saoráide freisin maidir le ceart an Choimisiúin an tacaíocht a sholáthraítear faoin tSaoráid a laghdú go comhréireach agus aon suim a caitheadh chun cuspóirí na Saoráide a ghnóthú nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, i gcásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an Tairbhí, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascróidh as na comhaontuithe sin. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála agus an laghdaithe nó leis an méid a bheidh le haisíoc go luath, déanfaidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh a thromchúisí atá an neamhrialtacht, an chalaois, an téilliú nó na coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nó do shárú ar oibleagáid. Tabharfar an deis don Tairbhí a bharúlacha a thíolacadh sula ndéanfar an laghdú nó sula niarrfar aisíocaíocht luath.

4.Na daoine agus na heintitis a chuireann cistí chun feidhme faoin tSaoráid, tuairisceoidh siad gan mhoill aon chás amhrasta calaoise, éillithe, coinbhleachta leasa agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais don Choimisiún agus do OLAF.

Airteagal 23
Ról na gcóras inmheánach náisiúnta agus na nÚdarás Iniúchóireachta Náisiúnta

1.Maidir leis an gcuid sin de chistiú na Saoráide a íoctar mar chúnamh airgeadais, a chuirfear go díreach chuig buiséid náisiúnta na dTairbhithe, braithfidh an Coimisiún ar chórais rialaithe inmheánaigh na dTairbhithe atá ann cheana agus atá feabhsaithe, lena náirítear na hÚdaráis Iniúchóireachta Náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, Seirbhísí Comhordúcháin Frith-Chalaoise gach Tairbhí arna mbunú faoi chuimsiú na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais.

Tabharfar tosaíocht sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin sna chéad bhlianta dá gcur chun feidhme d’athchóirithe a bhaineann le caibidil idirbheartaíochta 32, go háirithe maidir le bainistíocht airgeadais phoiblí agus rialú inmheánach, chomh maith leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise, mar aon le caibidlí 23 agus 24, go háirithe maidir le ceartas, éilliú agus coireacht eagraithe agus caibidil 8, go háirithe maidir le rialú Státchabhrach.

2.Déanfaidh na Tairbhithe aon neamhrialtacht a thuairisciú gan mhoill don Choimisiún, lena náirítear calaois, arb iad ab ábhar do chinneadh príomha riaracháin nó breithiúnach, agus an Coimisiún a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn i ndáil le haon imeacht riaracháin nó dlíthiúil a bhaineann le neamhrialtachtaí den sórt sin. Déanfar tuairisciú den sórt sin go leictreonach, trí úsáid a bhaint as an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí, arna bhunú ag an gCoimisiún.

3.Beidh idirphlé rialta ag na heintitis dá dtagraítear i mír 2 le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, le OLAF agus, i gcás inarb iomchuí, le OIPE.

4.Féadfaidh an Coimisiún athbhreithnithe córas mionsonraithe a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid náisiúnta bunaithe ar mheasúnú riosca agus ar idirphlé leis na hÚdaráis Iniúchóireachta Náisiúnta, agus moltaí a eisiúint maidir le feabhsuithe ar na córais.

5.Féadfaidh an Coimisiún moltaí don Tairbhí a ghlacadh maidir le gach cás nach ndearna na húdaráis inniúla, dar leis, na bearta is gá chun na nithe seo a leanas a chosc, a bhrath agus a cheartú: calaois, éilliú, coinbhleacht leasa agus neamhrialtachtaí a rinne difear do bhainistiú fónta airgeadais an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid, nó a bhfuil baol mór ann go ndéanfaí difear dó, agus maidir le gach cás ina sainaithníonn sé laigí i gceapadh agus i bhfeidhmiú an chórais rialaithe a chuir na húdaráis i bhfeidhm. Cuirfidh an Tairbhí lena mbaineann na moltaí sin chun feidhme, nó tabharfaidh sé bonn cirt maidir leis an bhfáth nach ndearna sé amhlaidh.

CAIBIDIL V

Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

Airteagal 24
Faireachán agus tuairisciú

1.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Saoráide agus déanfaidh sé gnóthú na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a mheas. Beidh an faireachán ar chur chun feidhme spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin tSaoráid. Meastar go rannchuideoidh na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 13(2) leis an bhfaireachán a dhéanfaidh an Coimisiún ar an tSaoráid.

2.Leagfar amach sa Chomhaontú Saoráide dá dtagraítear in Airteagal 9 rialacha agus módúlachtaí do na Tairbhithe chun tuairisciú don Choimisiún chun críche mhír 1.

3.Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le baint amach chuspóirí an Rialacháin seo.

4.Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 a chur ar fáil don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 27.

Airteagal 25
Meastóireacht ar an tSaoráid

1.Tar éis an 31 Nollaig 2027, ach faoin 31 Nollaig 2031 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex post ar an Rialachán. Déanfar measúnú sa mheastóireacht ex post sin ar rannchuidiú an Aontais le baint amach chuspóirí an Rialacháin seo.

2.Sa mheastóireacht ex post sin úsáidfear sna meastóireachtaí prionsabail dea-chleachtais Choiste Cúnaimh Forbartha ECFE, lena bhféachfar ar baineadh amach na cuspóirí agus le moltaí a cheapadh d’fhonn gníomhaíochtaí a fheabhsú sa todhchaí.

Cuirfidh an Coimisiún torthaí agus conclúidí na meastóireachta ex post sin chomh maith lena thuairimí agus lena bhearta leantacha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig na Ballstáit. Féadfar an meastóireacht ex post sin a phlé arna iarraidh sin do na Ballstáit. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh nuair a bheidh cláir agus gníomhaíochtaí á n‑ullmhú agus acmhainní á leithdháileadh. Cuirfear an mheastóireacht ex post agus na bearta leantacha sin ar fáil go poiblí.

Déanfaidh an Coimisiún na páirtithe leasmhara ábhartha uile a chomhlachú a oiread is iomchuí, lena n‑áirítear Tairbhithe, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla, i bpróiseas meastóireachta an chistiúcháin ón Aontas a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo, agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, féachaint le meastóireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh i gcomhar leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe eile i ndlúthpháirt leis na Tairbhithe.

CAIBIDIL VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 26
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 18 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 18 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 1 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 1 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 27
Nós Imeachta coiste

1.Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 28
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.Féadfaidh an Coimisiún dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide chun infheictheacht an chistithe ón Aontas don tacaíocht airgeadais atá beartaithe sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin a áirithiú, lena náireofar gníomhaíochtaí cumarsáide comhpháirteacha leis na Tairbhithe. Féadfaidh an Coimisiún a áirithiú, de réir mar is iomchuí, go ndéanfar tacaíocht faoin tSaoráid a chur in iúl agus a aithint trí ráiteas cistiúcháin.

2.Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe, lena náireofar, i gcás inarb infheidhme, feathal an Aontais a léiriú agus ráiteas cistithe iomchuí ar a mbeidh na focail ‘le cistiú ón Aontas Eorpach’, go háirithe nuair a bheidh na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

3.Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann leis an tSaoráid, agus le gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun na Saoráide agus leis na torthaí a baineadh amach. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an tSaoráid ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorporáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 29
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

An caidreamh idir an tAontas agus an chuid eile den domhan

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 20  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Is iad cuspóirí straitéiseacha na Saoráide dlús a chur le cóineasú socheacnamaíoch gheilleagair na mBalcán Thiar leis an Aontas trí thacú le hathchóirithe agus le hinfheistíochtaí spriocdhírithe.

Ba cheart don tSaoráid tacú le hathchóirithe agus le hinfheistíochtaí lena gcothaítear comhtháthú eacnamaíoch na mBalcán Thiar le margadh aonair an Aontais agus lena bhfeabhsaítear comhtháthú eacnamaíoch réigiúnach, athchóirithe a bhaineann le bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe (lena n‑áirítear an smacht reachta, soláthar poiblí, an comhrac i gcoinne an éillithe, na calaoise agus na coireachta eagraithe), chomh maith le hailíniú breise le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Tacóidh an tSaoráid le bearta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

- dlús a chur le haistriú na dTairbhithe chuig geilleagair inbhuanaithe chuimsitheacha a bheidh in ann brú margaidh iomaíoch mhargadh aonair an Aontais a sheasamh, agus chuig timpeallacht chobhsaí infheistíochta;

- borradh a chur faoin gcomhtháthú eacnamaíoch réigiúnach go háirithe trí dhul chun cinn i mbunú an Chómhargaidh Réigiúnaigh;

- borradh a chur faoi chomhtháthú eacnamaíoch na dTairbhithe le margadh aonair an Aontais;

- tacú le comhtháthú eacnamaíoch réigiúnach agus comhtháthú feabhsaithe le margadh aonair an Aontais trí nascacht fheabhsaithe sa réigiún i gcomhréir le Gréasáin Thras-Eorpacha;

- dlús a chur leis an aistriú glas i gcomhréir le Clár Oibre Glas 2020 do na Balcáin Thiar agus gach earnáil eacnamaíoch a chumhdach, go háirithe earnáil an fhuinnimh, lena n‑áirítear an t‑aistriú chuig geilleagar atá dícharbónaithe, aeráidneodrach, athléimneach ó thaobh na haeráide de agus ciorclach;

- an claochlú digiteach a chur chun cinn mar chumasóir don fhorbairt inbhuanaithe agus don fhás cuimsitheach;

- borradh a chur faoin nuálaíocht, go háirithe le haghaidh FBManna agus chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach;

- borradh a chur faoi bheartais ardcháilíochta oideachais, oiliúna, athscilithe agus uas-scilithe, agus fostaíochta;

- bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe, lena n‑áirítear an smacht reachta, an daonlathas, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, a neartú a thuilleadh, trí bhreithiúnacht neamhspleách agus slándáil atreisithe a chur chun cinn, chomh maith leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe, na coireachta eagraithe, an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, na himghabhála cánach agus na calaoise cánach; comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta; saoirse na meán agus saoirse acadúil agus timpeallacht chumasúcháin don tsochaí shibhialta a neartú; idirphlé sóisialta a chothú; comhionannas inscne, neamh-idirdhealú agus caoinfhulaingt a chur chun cinn, chun urraim do chearta na mionlach a áirithiú agus a neartú;

- éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú agus tacú le trédhearcacht, le hathchóirithe struchtúracha agus le dea-rialachas ar gach leibhéal, lena n‑áirítear i réimsí na bainistíochta airgeadais poiblí agus an tsoláthair phoiblí agus an rialaithe státchabhrach; tacú le tionscnaimh agus comhlachtaí a bhfuil baint acu le tacú leis an gceartas idirnáisiúnta i gcríocha Thairbhithe na mBalcán Thiar agus leis an gceartas sin a fhorfheidhmiú;

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Meastar go gcuirfidh tacaíocht faoin tSaoráid ar chumas na dTairbhithe na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí is gá a chur chun feidhme chun a ngeilleagair a dhéanamh níos iomaíche, rud a mhéadóidh nascacht inmheánach an réigiúin agus an cóineasú leis an Aontas.

Le cur chun feidhme na Saoráide, ba cheart córais rialaithe inmheánaigh agus bhainistíochta airgeadais phoiblí sna Tairbhithe a threisiú freisin, chomh maith le cur chun feidhme bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe, go háirithe maidir leis an smacht reachta agus leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe, na calaoise agus na coireachta eagraithe.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Saineofar táscairí sonracha sa Chlár Oibre um Athchóiriú agus na comhaontuithe iasachta atá le tabhairt i gcrích le gach Tairbhí de réir Airteagail 12 agus 17.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

In ainneoin go bhfuil na Tairbhithe ag céimeanna éagsúla den chonair aontachais don Aontas, tá a n‑aschur eacnamaíoch agus a n‑iomaíochas ag titim chun deiridh ar aschur eacnamaíoch agus iomaíochas an Aontais. Tá na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid seo ceaptha chun dlús a chur le cóineasú agus ailíniú níos fearr a bhaint amach le caighdeáin an Aontais, chomh maith le comhtháthú eacnamaíoch níos dlúithe laistigh den réigiún agus le margadh aonair an Aontais.

Is iad na réamhchoinníollacha chun maoiniú a fháil faoin tSaoráid go ndéanfaidh na Tairbhithe sásraí éifeachtacha daonlathacha agus an smacht reachta a chaomhnú agus a urramú, agus urraim do chearta an duine a ráthú, lena n‑áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Réamhchoinníoll eile a bheidh ann go nglacfaidh an tSeirbia agus an Chosaiv páirt chuiditheach i normalú a gcaidrimh d’fhonn a n‑oibleagáidí uile faoi seach a eascraíonn as an gComhaontú maidir leis an gConair do Normalú agus as an Iarscríbhinn Cur Chun Feidhme a ghabhann leis agus as gach Comhaontú Idirphlé a rinneadh roimhe seo a chur chun feidhme go hiomlán agus go rachaidh siad i mbun caibidlíochta maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach maidir le normalú an chaidrimh.

Fíoróidh an Coimisiún freisin go gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta (cobhsaíocht mhacra-airgeadais, bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, trédhearcacht an bhuiséid agus formhaoirseacht air).

Chun maoiniú a fháil, beidh sé de cheangal ar na Tairbhithe Cláir Oibre um Athchóiriú a dhearadh, bunaithe ar a straitéisí fáis, ar a gCláir um Athchóiriú Eacnamaíoch, ar mhodheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe agus ar thuarascálacha maidir le méadú, ar cláir oibre iad a ghlacfaidh an Coimisiún trí chinneadh cur chun feidhme. Beidh líon teoranta athchóirithe agus réimsí infheistíochta sna Cláir Oibre a mbeidh coinníollacha agus méideanna íocaíochta ag gabháil leo. Léireofar leis na coinníollacha sin an dul chun cinn atá déanta maidir le hathchóirithe socheacnamaíocha sonracha, lena n‑áirítear maidir le bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe agus an smachta reachta. Tar éis an chinnidh maidir leis na Cláir Oibre um Athchóiriú a fhormheas agus na Comhaontuithe iomchuí a thabhairt i gcrích, beidh na Tairbhithe incháilithe chun réamh-mhaoiniú a fháil.

Déanfar cistí faoin tSaoráid a scaoileadh ar bhonn leathbhliantúil tar éis do na Tairbhithe iarrataí a thíolacadh lena dtugtar bonn cirt do chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta agus lena ndeimhnítear dlíthiúlacht agus rialtacht aon bhun-idirbhirt, agus beidh tuarascáil ag gabháil leo maidir leis an obair leantach ar chásanna de mhíbhainistíocht ar chistiú gaolmhar. Cuirfidh an Coimisiún cistí ar fáil bunaithe ar a mheasúnú ar na hiarrataí. Féadfar cistí a scaoileadh ina méideanna iomlána, ina méideanna laghdaithe, nó féadfar iad a choinneáil siar go hiomlán, ag brath ar leibhéal comhlíonta na gcoinníollacha íocaíochta, de réir cineáil. Féadfar na cistí a coinníodh siar a athdháileadh ar na Tairbhithe eile sna blianta ina dhiaidh sin.

Tacófar leis na hinfheistíochtaí dá bhforáiltear sna Cláir Oibre um Athchóiriú trí WBIF. Ní chuirfear tionscadail ghaolmhara nó cláir ghaolmhara faoi bhráid Bhord Oibriúcháin WBIF chun tuairim a fháil ach amháin tar éis mheasúnú an Choimisiúin ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta ábhartha agus scaoileadh cistí ina dhiaidh sin agus beidh siad faoi réir rialacha an ghlao ábhartha WBIF.

Tá coinne le ceithre thimthriall bhliantúla sa tréimhse 2024-2027.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun dlús a chur le cóineasú eacnamaíoch na mBalcán Thiar leis an Aontas ar a mbealach i dtreo ballraíocht ionchasach san Aontas. Tá méid an chúnaimh is gá chomh mór sin go leanann tacaíocht leanúnach sheachtrach de bheith ag teastáil ón réigiún, ar tacaíocht í nach bhféadfadh aon Bhallstát, ná aon deontóir aonair, a chur ar fáil ina n‑aonar. Tá cumas uathúil ag an Aontas Eorpach chun cúnamh seachtrach ilbhliantúil a chur ar fáil don réigiún ar bhealach tráthúil comhordaithe intuartha. Is féidir leis an Aontas leas a bhaint freisin as a chumas iasachtaíochta chun iasachtaí a thabhairt do na Tairbhithe sa réigiún ar théarmaí buntáisteacha chomh maith le deontais a chur ar fáil i bpeirspictíocht ilbhliantúil.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Cuireann an tSaoráid leis an gcúnamh a chuirtear ar fáil do na Balcáin Thiar faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) agus comhlánaíonn sí é, agus baineann sí leas as ceann dá sásraí rathúla – Creat Infheistíochta na mBalcán Thiar. Tá sé cruthaithe ag an dá ionstraim sin gur féidir le cistiú ón Aontas giaráil shuntasach a dhéanamh nuair a úsáidtear iad in éineacht le cistiú ó dheontóirí eile i gcomhthéacsanna cumaisc. Mar sin féin, tá formáid na Saoráide sin difriúil sa mhéid is go mbraitheann sí den chuid is mó ar iasachtaí lamháltais arna nglacadh ag an Aontas a bhuí lena rátáil chreidmheasa den scoth. Cuirfidh an tSaoráid leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a bunaíodh in 2020, agus ó Shaoráid don Úcráin a moladh le déanaí.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Is é is aidhm don tSaoráid atá beartaithe ionstraim dlí a chur ar fáil don Aontas a chuirfidh ar a chumas tacú le cóineasú socheacnamaíoch níos fearr sna Balcáin Thiar agus iad ar a mbealach i dtreo ballraíochta san Aontas. Beidh an tSaoráid comhlántach leis an gcúnamh faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, lena ndírítear ar na Tairbhithe a ailíniú le acquis an Aontais agus ar ullmhú le haghaidh dul i mbun na n‑oibleagáidí a bhaineann le ballraíocht.

Leis an togra reachtach nua seo le haghaidh na Saoráide Athchóirithe agus Fáis, forlíontar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle COM(2023)337, lena leasaítear Rialachán 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do na blianta 2021 go 2027 (féach ranna 1.5.5 agus 3.2.4).

Cuirfear méid foriomlán na Saoráide ar fáil trí iasachtaí agus trí thacaíocht neamh-inaisíoctha. EUR 4 bhilliún ar a mhéad a bheidh sa chomhpháirt iasachta le haghaidh na dTairbhithe uile thar an tréimhse iomlán 2024-2027. Ráthófar na hiasachtaí tríd an gCiste don Soláthar Coiteann ag ráta soláthair 9 %. Is é EUR 2 bhilliún méid breise na ndeontas i bhfoirm tacaíochta neamh-inaisíoctha dá bhforáiltear sa togra le haghaidh CAI athbhreithnithe, lena n‑áirítear caiteachas soláthair agus riaracháin.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Tá tacaíocht á cur ar fáil cheana féin ag buiséad an Aontais don ullmhúchán d’aontachas féideartha leis an Aontas tríd an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), lena gcumhdaítear na Balcáin Thiar agus an Tuirc, agus tá sé bunaithe ar dheontais, ar chumasc agus ar ráthaíochtaí buiséadacha. Tá an cistiú sin sannta go hiomlán do ghníomhaíochtaí riachtanacha a bhaineann le hailíniú agus ullmhúcháin a bhaineann le méadú, agus le cur chun feidhme an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta.

Díríonn an tSaoráid atá beartaithe ar chóineasú socheacnamaíoch luathaithe na mBalcán Thiar amháin, agus tá sí bunaithe ar chur chuige difriúil, lena mbunaítear nasc láidir idir comhlíonadh na ngealltanas athchóiriúcháin agus rochtain ar chistiú. Tá sé bunaithe freisin ar scéim maoiniúcháin eile, ina dtagann 2/3 den chistiú ó iasachtaí arna nglacadh ag an Aontas agus arna n‑aistriú chuig na tairbhithe.

Chun cur chun feidhme rianúil agus trédhearcach aon infheistíochta a shainaithnítear faoi Chláir Oibre um Athchóiriú na dtairbhithe a áirithiú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún úsáid a bhaint as modheolaíocht thástáilte Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar, agus na coinníollachtaí thuasluaite a choinneáil ar bun an tráth céanna.

Ós rud é gur sásra cúnaimh go hiomlán difriúil é sin, lena ndírítear ar shraith shonrach tosaíochtaí sa réigiún, agus go n‑éilíonn cuspóirí IPA an cistiú iomlán dá bhforáiltear sa bhuiséad, ní bheadh sé praiticiúil úsáid a bhaint as an ionstraim atá ann cheana (IPA III), agus ní bheadh sé indéanta cistí a ath-imlonnú laistigh den ionstraim sin.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó 2024 go 2027 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2024 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 21  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’.

Nótaí

Sonraítear in Airteagal 8 foirmeacha cur chun feidhme na Saoráide, i.e. bainistíocht dhíreach agus indíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Saineofar céimeanna cainníochtúla agus cáilíochtúla sonracha sna Cláir Oibre um Athchóiriú (arna bhformheas ag an gCoimisiún i gcinneadh cur chun feidhme), ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta. Cuirfidh an Tairbhí iarraidh chuí-réasúnaithe leathbhliantúil isteach ar scaoileadh na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus na hiasachta, ina leagfar amach an chaoi ar baineadh amach comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha sin, bunaithe ar tháscairí arna sainaithint sa chinneadh cur chun feidhme.

Ina theannta sin, leagfar amach sna Cláir Oibre um Athchóiriú táscairí faireacháin lenar cheart go mbeifí in ann faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na dTairbhithe maidir le cuspóirí ginearálta agus sonracha na Saoráide ar bhonn níos forleithne.

Tuairisceoidh an Coimisiún go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 27 maidir le cur chun feidhme na gcistí a sholáthraítear faoin tSaoráid chomh maith leis an gcur chun cinn i dtreo cuspóirí.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex-post ar an Rialachán freisin.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Cuirfear an tSaoráid chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach. Bainistíocht dhíreach le haistriú díreach cistí chuig buiséad stáit an Tairbhí a bheidh i gcuid de, ach déanfar infheistíochtaí sonracha a threorú trí WBIF, i.e. bainistíocht indíreach le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais.

Cuirfear an straitéis rialaithe in oiriúint don chur chun feidhme faoi gach ceann de na colúin sin le húsáid faireacháin, meastóireachta agus iniúchtaí. Na cistí a chuirtear ar fáil do na Tairbhithe, tabharfar aird ar leith ar chur chun feidhme na gcistí sin acu. Tarlóidh Scaoileadh na gCistí de réir sceideal leathbhliantúil seasta, bunaithe ar iarrataí arna gcur isteach ag na tairbhithe agus tar éis don Choimisiún comhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta ábhartha a fhíorú.

Le struchtúr ilsrathach na sásraí rialaithe atá i bhfeidhm (féach roinn 2.3 freisin) soláthraítear creat comhtháite chun a áirithiú go bhfuil na bearta iomchuí uile i bhfeidhm chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Ráthófar leis na coinníollacha sonracha faoina bhfeidhmeoidh an tSaoráid agus go gcuirfear prionsabal na comhréireachta san áireamh.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Baineann an príomhriosca a sainaithníodh i ndáil leis an maoiniú le neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta a bhaineann le heisíocaíocht cistithe.

Is iad seo a leanas na bearta a chuirfear i bhfeidhm chun an riosca sin a mhaolú:

-measúnú ag an gCoimisiún ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta ábhartha roimh eisíocaíocht cistí, agus an fhéidearthacht ann na cistí a choinneáil siar;

-laghdú ar an tacaíocht a chuirtear ar fáil, nó í a tharraingt siar, nó aisghabháil aon mhéid a caitheadh chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach, i gcásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an Tairbhí, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascróidh as na comhaontuithe a tugadh i gcrích leis na Tairbhithe;

-cistiú a chur ar fionraí i gcás nach gcomhlíonann an Tairbhí ábhartha na réamhchoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Déanfar ranníocaíocht a sholáthar do na Tairbhithe i bhfoirm mhaoinithe nach bhfuil nasctha leis an gcostas dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Tá forálacha sonracha sa togra maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Beidh córas láidir iniúchóireachta agus rialuithe sa tSaoráid a leagfar amach i sásra ilsraitheach: beidh athchóiriú ar chórais iniúchóireachta agus rialaithe na dTairbhithe ar áireamh mar chuid de na hathchóirithe faoi na Cláir Oibre um Athchóiriú; ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún athbhreithnithe mionsonraithe um chórais a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid náisiúnta bunaithe ar mheasúnú riosca agus ar idirphlé leis na hÚdaráis Iniúchóireachta Náisiúnta, agus moltaí a eisiúint maidir le feabhsuithe ar na córais. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, beidh na cearta agus an rochtain is gá ag OLAF, ag an gCúirt Iniúchóirí agus ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) chun a róil faoi seach a chomhlíonadh.

Cuirfear an chuid infheistíochta den tSaoráid chun feidhme trí bhainistíocht indíreach le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta bunaithe ar na measúnuithe colúin agus ar na creat-chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leo.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Creat airgeadais ilbhliantúil - na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

Línte nua buiséid atá á niarraidh

De bhreis ar uasteorainneacha CAI

Líne bhuiséid

Cineál
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

Difreáilte/Neamhdhifreáilte

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

Ceannteideal 6

15.0301 – An tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar – Caiteachas oibríochtúil

DA

IS EA

p.m.

IS EA

IS EA

Ceannteideal 6

15.0302 – An tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar – Soláthar don Chiste don Soláthar Coiteann

DA

IS EA

p.m.

IS EA

IS EA

Ceannteideal 6

15.010102 – Caiteachas tacaíochta don tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar

DA

IS EA

p.m.

IS EA

IS EA

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:

An tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar - maoiniú* (EUR milliún)

Cineálacha tacaíochta

2024

2025

2026

2027

Iomlán

Neamh-inaisíoctha (Deontais)

500

500

500

500

2 000

ar a bhfuil caiteachas riaracháin

7.5

7.5

7.5

7.5

30

Iasachtaí

1 000

1 000

1 000

1 000

4 000

IOMLÁN**

1 500

1 500

1 500

1 500

6 000

* Is de chineál táscach amháin é dáileadh bliantúil agus foriomlán na tacaíochta neamh-inaisíoctha agus na niasachtaí agus is chun críocha léiriúcháin amháin atá sé. Beidh an dáileadh iarbhír faoi réir na cinnteoireachta bliantúla
** Sa tábla, glactar leis go bhfuil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas cothrom leis na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí. Is chun críocha léiriúcháin amháin é seo. Déanfar calabrú iarbhír an dá cheann a mheasúnú ar bhonn riachtanas bliantúil.

3.2.2Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (EUR milliún)

Bliain
2024  22

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 6
den chreat airgeadais ilbhliantúil

15.0301 – An tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar – Caiteachas oibríochtúil

402.55

402.55

402.55

402.55

1 610.2

15.0302 – An tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar – Soláthar don Chiste don Soláthar Coiteann

90

90

90

90

360

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 6
den chreat airgeadais ilbhliantúil

492.55

492.55

492.55

492.55

1 970.2

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2024  23

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

1.026

1.026

1.026

1.026

4.104

Caiteachas riaracháin eile

0.030

0.030

0.030

0.030

0.120

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

1.056

1.056

1.056

1.056

4.224

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 24
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

2.529

2.529

2.529

2.529

10.116

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

4.920

4.920

4.920

4.920

19.680

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDIL 1-7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

7.449

7.449

7.449

7.449

29.796

IOMLÁN

8.505

8.505

8.505

8.505

34.020

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad le leithreasuithe ón Ard‑Stiúrthóireacht a sannadh cheana do bhainistiú an bhirt agus/nó a ath‑imscaradh laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a dheonú don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoin nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain 2026

Bliain 2027

□Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

6

6

6

6

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (in aonad de Choibhéis Lánaimseartha: FTE) 25

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

15.010102 – Caiteachas tacaíochta don tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar

- sa Cheanncheathrú

9

9

9

9

(1)

- i dToscaireachtaí

9

9

9

9

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

24

24

24

24

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad le leithreasuithe ón Ard‑Stiúrthóireacht a sannadh cheana do bhainistiú an bhirt agus/nó a ath‑imscaradh laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a dheonú don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoin nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus foireann shealadach

Oibreoidh na FTEnna atá á lorg ar fhorbairt beartais, saincheisteanna dlí, agus béim ar leith á leagan ar chúrsaí soláthair, bainistíocht airgeadais, bainistíocht conarthaí, iniúchadh, faireachán, tuairisciú agus meastóireacht.

Foireann sheachtrach

Oibreoidh na FTEnna atá á lorg ar fhorbairt beartais, saincheisteanna dlí, agus béim ar leith á leagan ar chúrsaí soláthair, bainistíocht airgeadais, bainistíocht conarthaí, iniúchadh, faireachán, tuairisciú agus meastóireacht.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla excel ar fáil i gcás athchlárú mór.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

    is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI.

Ag gabháil leis an togra reachtach nua seo le haghaidh na Saoráide Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin tá togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle COM(2023) 337, lena leasaítear Rialachán 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do na blianta 2021 go 2027. Is gá an Rialachán sin a leasú chun Ceannteideal 6 a mhéadú le haghaidh 2024-2027 chun maoiniú a sholáthar don tSaoráid sin mar thacaíocht neamh-inaisíoctha agus chun foráil a dhéanamh don tacaíocht i bhfoirm iasachtaí.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin        

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 26

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Cuir isteach na blianta uile is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

(1)    COM(2023) 337 final.
(2)    An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia.*Tá an tainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive
(3)    COM(2021)118 final.
(4)    ‘Cur chun feidhme an Bhosca Uirlisí Cibearshlándála 5G’, COM(2023)4049 final.
(5)    Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (IO L 330, 20.9.2021, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj ).
(6)    COM (2022) 57 final.
(7)    COM(2020) 641 final.
(8)    SWD(2020)223 final, 6.10.2020.
(9)    Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE). 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(10)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena naisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/20 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj ).
(11)    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj ).
(12)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj ).
(13)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(14)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj ).
(15)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/1995/2988/oj ).
(16)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2185/oj ).
(17)    Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj ).
(18) *    Tá an tainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive
(19)    Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), IO L 330, 20.09.2021.
(20)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(21)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget-implementation/Pages/implementation-methods.aspx .
(22)    Is í bliain 2024 an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(23)    Is í bliain 2024 an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(24)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(25)    AC= Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(26)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,8.11.2023

COM(2023) 692 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú


IARSCRÍBHINN

Modheolaíocht maidir le leithdháileadh acmhainní foriomlána in aghaidh an Tairbhí

Ríomhfar leithdháileadh gach Tairbhí i gcomhréir leis na céimeanna seo a leanas bunaithe ar shonraí na bliana tagartha:

Céim 1: eochair leithdháilte daonra a chinneadh bunaithe ar chóimheas dhaonra an Tairbhí thar shuim iomlán na ndaonraí le haghaidh réigiún na mBalcán Thiar;

Céim 2: eochair leithdháilte OTI a chinneadh bunaithe ar an gcóimheas idir an meán-OTI per capita le haghaidh réigiún na mBalcán Thiar thar OTI per capita an Tairbhí faoi seach agus arna roinnt ar shuim na sé chóimheas;

Céim 3: teaglaim d’ualuithe céatadáin gach tíre le haghaidh daonra faoi Chéim 1 agus d’OTI per capita faoi Chéim 2 le fachtóir ualúcháin 60 % de dhaonra agus 40 % OTI per capita.

Top