EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0539

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor

COM/2023/539 final

An Bhruiséil,12.9.2023

COM(2023) 539 final

2023/0326(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhaontú um Tharraingt Siar) i dtaca le Cinneadh ón gComhchoiste atá beartaithe a ghlacadh lena leasaítear Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor 1 , cinneadh ar dhlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Creat Windsor

Leagtar amach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar na socruithe maidir le tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus as Euratom. Tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. An 27 Feabhra 2023, tháinig an Coimisiún Eorpach agus rialtas na Ríochta Aontaithe ar chomhaontú polaitiúil i bprionsabal maidir le Creat Windsor. An Comhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a tionóladh i Londain an 24 Márta 2023, ghlac an Comhchiste sin na socruithe nua a bhaineann le Creat Windsor agus chomhaontaigh an dá Pháirtí oibriú go dlúth agus go dílis le chéile chun gach gné de Chreat Windsor a chur chun feidhme.

2.2.An Comhchoiste

Ar an gComhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe. Tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste. In Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar leagtar síos rialacha nós imeachta an Chomhchoiste. Tagann an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain ar a laghad nó arna iarraidh sin don Aontas nó don Ríocht Aontaithe agus socraíonn sé a sceideal cruinnithe agus a chlár oibre de chomhthoil.

Leagtar síos cúraimí an Chomhchoiste in Airteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus ar na cúraimí sin tá an méid seo a leanas go príomha:

·maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe go díreach nó trí obair na gcoistí speisialaithe a thuairiscíonn dó;

·cinntí agus moltaí a ghlacadh, lena n‑áirítear leasuithe ar an gComhaontú sna cásanna dá bhforáiltear ann;

·fadhbanna a chosc agus díospóidí a dfhéadfadh teacht chun cinn maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a réiteach.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhchoiste

Ag an gcéad chruinniú eile a thionólfar, tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh lena ndéanfar dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor, a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor (‘an gníomh atá beartaithe’), de bhun Airteagal 13(4) de.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar. I gcomhréir le Riail 9 de Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste agus na gCoistí Speisialaithe, sonrófar sna cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste an dáta a thiocfaidh na cinntí sin i bhfeidhm.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1.    Iarscríbhinn 2 (Forálacha dhlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 5(4)) a ghabhann le Creat Windsor

Is in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor atá forálacha dhlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 5(4) de.

An 31 Bealtaine 2023, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/1077 2 , lena ndéantar foráil maidir le Bearta Trádála Uathrialacha (BTUnna) sealadacha (e.g. dleachtanna custaim, cuótaí ráta taraife agus dleachtanna frithdhumpála a chur ar fionraí) lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin. Foráiltear le Rialachán (AE) 2023/1077 don chineál céanna BTUnna agus don leibhéal céanna BTUnna i leith na hÚcráine leis na cinn a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 3 , a scoir dfheidhm a bheith aige an 5 Meitheamh 2023 agus a raibh tionchar dearfach aige ar thrádáil na hÚcráine leis an Aontas, trí shreafaí trádála ón Úcráin chuig an Aontas a chaomhnú in ainneoin an chur isteach a tháinig as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus i gcoinne na treochta foriomláine maidir le laghdú mór ar onnmhairí ón Úcráin. Tháinig Rialachán (AE) 2023/1077 i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2023 agus beidh feidhm aige go dtí an 5 Meitheamh 2024.

An 20 Iúil 2023, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/1524 4 , lena ndéantar athnuachan ar fhionraí na ndleachtanna allmhairiúcháin ar allmhairí ó Phoblacht na Moldóive (an Mholdóiv) isteach san Aontas a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/1279 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2022 5 , a scoirfidh dfheidhm a bheith aige an 24 Iúil 2023, agus lena gcuirtear an fionraí sin i bhfeidhm ar na taraif-chuótaí agus na cuótaí rátaí taraife uile atá fágtha ar allmhairí ón Moldóiv isteach san Aontas freisin. Le Rialachán (AE) 2023/1524, forlíontar na lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv chun na héifeachtaí diúltacha ar gheilleagar na Moldóive atá ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a mhaolú, chun dlús a chur le forbairt caidrimh eacnamaíoch níos dlúithe idir an tAontas agus an Mholdóiv agus chun tacaíocht thapa a thabhairt do gheilleagar na Moldóive. Tháinig Rialachán (AE) 2023/1524 i bhfeidhm an 25 Iúil 2023 agus beidh feidhm aige go dtí an 25 Iúil 2024.

Baineann na gníomhartha nuaghlactha sin de chuid an Aontais le trádáil in earraí le tríú tíortha agus, dá bhrí sin, tagann siad faoi raon feidhme Chreat Windsor. Dá réir sin, ba cheart na gníomhartha sin a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis, faoi phointe 4 ‘Gnéithe a bhaineann go ginearálta leis an trádáil’.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ón gComhairle lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, áirítear leis an gcoincheap gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh. 6

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Comhchoiste a bunaíodh le comhaontú, is é sin an Comhaontú um Tharraingt Siar.

An gníomh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 166(2) den Comhaontú um Tharraingt Siar.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is é is cuspóir aonair don ghníomh atá beartaithe, agus ábhar an gnímh sin, dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor.

Is ar Airteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a bunaíodh tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.

Dá bhrí sin, agus i gcomhréir leis an mbunphrionsabal nach féidir gníomh a leasú ach amháin le gníomh den chineál céanna, is é Airteagal 50(2) CAE an bunús dlí substainteach maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é Airteagal 50(2) CAE ba cheart a bheith ina bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.FOILSIÚ AN GHNÍMH ATÁ BEARTAITHE

Ós rud é go ndéanfar, le gníomh an Chomhchoiste, Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor a leasú, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2023/0326 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 7 (an Comhaontú um Tharraingt Siar), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle 8 an 30 Eanáir 2020 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(2)De bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor 9 , ar dlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é, tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar (an Comhchoiste) cinntí a ghlacadh lena leasaítear na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor trí ghníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis, ar gníomhartha iad nach ndéantar gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann le Creat Windsor a leasú ná a ionadú leo.

(3)Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile 10 agus Rialachán (AE) 2023/1524 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile 11 , is gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais iad a bhaineann le trádáil earraí le tríú tíortha agus dá bhrí sin tagann siad faoi réim feidhme Chreat Windsor.

(4)Ba cheart don Chomhchoiste, le linn an chéad chruinnithe eile a thionólfar, cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor, lena gcuirfear an dá ghníomh nuaghlactha sin de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor.

(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú, a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor, beidh an seasamh sin bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87 .
(2)    Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile ( IO L 144, 5.6.2023, lch. 1 ).
(3)    Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile ( IO L 152, 3.6.2022, lch. 103 ).
(4)    Rialachán (AE) 2023/1524 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile ( IO L 185, 24.7.2023, lch. 1 ).
(5)    Rialachán (AE) 2022/1279 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2022 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile ( IO L 195, 22.7.2022, lch. 6 ).
(6)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 61 go 64.
(7)     IO L 29, 31.1.2020, lch. 1.  
(8)    Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ( IO L 29, 31.1.2020, lch. 1 ).
(9)    Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, ( IO L 102, 17.4.2023, lch. 87 ) .
(10)     IO L 144, 5.6.2023, lch. 1 . 
(11)     IO L 185, 24.7.2023, lch. 1 . 
Top

An Bhruiséil,12.9.2023

COM(2023) 539 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor









IARSCRÍBHINN

CINNEADH Uimh. […]/2023 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an …

lena gcuirtear dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 1 (an Comhaontú um Tharraingt Siar), agus go háirithe Airteagal 13(4) de Chreat Windsor 2 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le hAirteagal 13(4) de Chreat Windsor tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar (an Comhchoiste) cinntí a ghlacadh lena ndéanfar gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor. De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste, beidh siad ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Na cinntí sin a bhfuil na héifeachtaí dlíthiúla céanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar, tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe leis na cinntí sin a chur chun feidhme.

(2)Ba cheart dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile 3 , cuirfear é le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor faoi phointe 4 Gnéithe a bhaineann go ginearálta leis an trádáil;

(2)Rialachán (AE) 2023/1524 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile 4 , cuirfear é le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor faoi phointe 4 Gnéithe a bhaineann go ginearálta leis an trádáil.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh in/i/sa...,

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh Malartacha

(1)     IO L 29, 31.1.2020, lch. 7 .
(2)    Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 ( IO L 102, 17.4.2023, lch. 87 ).
(3)     IO L 144, 5.6.2023, lch. 1 .
(4)     IO L 185, 24.7.2023, lch. 1 .
Top