AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.7.2023
COM(2023) 421 final
2023/0247(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/868
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo le Cinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe den Choimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) don tréimhse 2024-2028 i dtaca le glacadh na mbeart caomhnaithe agus bainistithe atá beartaithe.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú
Is é is aidhm don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (Coinbhinsiún ICCAT), trí ICCAT a bhunú, comhar a chur chun cinn maidir le líon tuinníní agus éisc thuinnín san Aigéan Atlantach ar leibhéil lena gceadaítear uastáirgeacht inbhuanaithe le haghaidh bia agus le haghaidh cuspóirí eile. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 21 Márta 1969.
Is páirtí in ICCAT é an tAontas, tar éis dó an Coinbhinsiún a fhormheas de bhun Chinneadh ón gComhairle an 9 Meitheamh 1986.
2.2.An Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú
Is comhlacht ICCAT a bhunaítear le Coinbhinsiún ICCAT chun cinntí ceangailteacha (‘moltaí’) a ghlacadh maidir le caomhnú agus bainistiú na n‑iascach faoina gcúram. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.
Mar pháirtí conarthach de ICCAT, tá an tAontas i dteideal páirt a ghlacadh ina gcinntí agus vótáil ina leith. Is de chomhthoil a dhéanann ICCAT a chinntí.
2.3.Cinntí ICCAT
Tá an t‑údarás ag ICCAT moltaí a ghlacadh maidir le caomhnú agus bainistiú na n‑iascach atá faoina raon feidhme agus tá na bearta sin ceangailteach ar na páirtithe conarthacha.
I gcomhréir le hAirteagal VIII.2 de Choinbhinsiún ICCAT, tiocfaidh na moltaí i bhfeidhm 6 mhí tar éis an dáta a chuirfidh ICCAT in iúl do na páirtithe conarthacha iad. Níl moladh ina cheangal ar pháirtí conarthach má tá agóid nó athdhearbhú déanta ag an bpáirtí conarthach sin ina leith. Má thacaíonn formhór na bpáirtithe conarthacha leis an agóid, ní bheidh éifeacht leis an moladh.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an AontaisEorpaigh
Leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais faoi láthair ag cruinnithe bliantúla na n‑eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) de réir cur chuige dhá shraith. Leagtar amach le Cinneadh ón gComhairle bunphrionsabail sheasamh an Aontais ar bhonn ilbhliantúil agus déantar an seasamh a choigeartú ina dhiaidh sin le haghaidh gach cruinnithe bhliantúil le páipéir leathoifigiúla ó sheirbhísí an Choimisiúin atá le formhuiniú ag an gComhairle.
Maidir le ICCAT, cuirtear an cur chuige sin chun feidhme le Cinneadh (AE) 2019/868 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019, lena leagtar amach seasamh an Aontais in ICCAT don tréimhse 2019‑2023. Tá prionsabail ghinearálta sa Chinneadh ach cuirtear gnéithe sonracha ICCAT san áireamh a mhéid is féidir. Ina theannta sin, leagtar amach ann an próiseas caighdeánach chun seasamh an Aontais a leagan síos bliain i ndiaidh bliana, mar a d’iarr na Ballstáit.
Cuimsíodh le Cinneadh (AE) 2019/868 ón gComhairle prionsabail an chomhbheartais iascaigh nua (CBI), mar a leagtar síos iad i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus cuireadh san áireamh leis freisin na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh. Thairis sin, coigeartaíodh leis seasamh an Aontais maidir le Conradh Liospóin.
Déantar foráil le Cinneadh (AE) 2019/868 ón gComhairle maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar sheasamh an Aontais roimh an gcruinniú bliantúil in 2024. Dá bhrí sin, leagtar amach sa togra seo seasamh an Aontais in ICCAT don tréimhse 2024-2028 agus ar an gcaoi sin, cuirtear in ionad Chinneadh (AE) 2019/868 ón gComhairle é.
I dtaca le hiascaireacht, cuimsítear leis an athbhreithniú atá ann faoi láthair an Comhaontú Glas don Eoraip, go háirithe an Straitéis Bhithéagsúlachta, an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’. Cuirtear san áireamh ann freisin an Straitéis um Plaistigh agus an Plean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú. Thairis sin, cuirtear san áireamh ann freisin an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Na prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe’.
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist agus ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é ICCAT arna bhunú le comhaontú, is é sin Coinbhinsiún ICCAT.
Na gníomhartha a iarrtar ar ICCAT a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Tá siad le bheith ina gceangal faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal VIII de Choinbhinsiún Antigua agus, ós rud é go bhféadfaidh moltaí ICCAT oibleagáidí a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais atá ann faoi láthair a fhorlíonadh, a leasú nó a ionadú, beidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta sin, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:
·Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú;
·Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú;
·Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha;
·Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle;
·Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Limistéar Coinbhinsiúin an Choimisiúin Idir-Mheiriceánaigh um Thuinníní Teochreasacha (ICCAT) agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007;
·Rialachán (AE) 2019/1154 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do cholgáin Mheánmhuirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
·Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle lena leagtar síos na bearta is infheidhme maidir le stoic áirithe d’éisc mhór-imireacha a iascach;
·Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle lena leagtar síos bearta teicniúla maidir le stoic áirithe d’éisc mhór-imireacha a chaomhnú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001; agus
·Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle lena dtugtar isteach córas le haghaidh faireachán staidrimh a dhéanamh ar thrádáil i dtuinnín gorm, i gcolgán agus i dtuinnín mórshúileach laistigh den Chomhphobal.
Na gníomhartha atá beartaithe, ní gníomhartha iad lena ndéantar creat institiúideach Choinbhinsiún ICCAT a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an Chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Na prionsabail
An bunús dlí substainteach le haghaidh Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a nglactar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh sin nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna sin nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is leis an iascach a bhaineann an príomhchuspóir agus ábhar na ngníomhartha atá beartaithe. Is é Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 an bunús dlí lena leagtar amach na prionsabail atá le léiriú leis an seasamh seo.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 43(2) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe. Tiocfaidh an Cinneadh in ionad Chinneadh (AE) 2019/868 ón gComhairle, cinneadh a chumhdaíonn an tréimhse 2019‑2023.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 43(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí leis an gCinneadh atá beartaithe.
2023/0247 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/868
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh ón gComhairle an 9 Meitheamh 1986 , thug an Comhphobal an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (‘Coinbhinsiún ICCAT’) i gcrích, rud a bhunaigh an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (‘ICCAT’).
(2)Glacann ICCAT bearta chun caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe fhadtéarmach na n‑acmhainní iascaigh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a áirithiú agus chun na héiceachórais mhuirí ina bhfuil na hacmhainní sin a choimirciú. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.
(3)Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle , déantar foráil go bhfuil ar an Aontas a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus go gcuirfidh siad le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Foráiltear leis freisin go bhfuil an tAontas leis an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus go mbeidh sé d’aidhm aige a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á mbuain a athbhunú agus a choinneáil ar leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Ina theannta sin, foráiltear leis go bhfuil an tAontas le bearta bainistithe agus caomhnaithe a dhéanamh ar bhonn na comhairle eolaíche dá bhfuil ar fáil, tacú le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle eolaíche, deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha agus modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí a dhéanamh agus le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus le hiascaireacht a bhfuil ísealtionchar aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh. Ina theannta sin, foráiltear go sonrach le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil an tAontas leis na cuspóirí agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm agus é i mbun a chuid caidreamh seachtrach iascaigh.
(4)I gcomhréir leis an Straitéis Bhithéagsúlachta, an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, tá sé ríthábhachtach an dúlra a chosaint agus díghrádú na n‑éiceachóras a aisiompú. Maidir leis na rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide agus as caillteanas na bithéagsúlachta, is gá nár bhaol a bheadh iontu d’infhaighteacht na n‑earraí agus na seirbhísí a chuireann éiceachórais shláintiúla mhuirí ar fáil d’iascairí, do phobail chósta agus don chine daonna i gcoitinne.
(5)Déantar tagairt sa Straitéis um Plaistigh do bhearta sonracha chun plaistigh agus truailliú muirí chomh maith le cailleadh nó tréigean trealaimh iascaireachta ar muir a laghdú. Thairis sin, is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú laghdú 50 % a dhéanamh ar bhruscar plaisteach ar muir agus laghdú 30 % a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh a scaoiltear sa chomhshaol.
(6)Faoin Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan, príomhthosaíochtaí faoi ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais is ea cosaint agus caomhnú na bithéagsúlachta muirí. Is é an tAontas Eorpach an gníomhaí is suntasaí in Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) agus i gcomhlachtaí iascaigh ar fud an domhain. Dá bhrí sin, cuireann an tAontas inbhuanaitheacht na stoc éisc chun cinn, cuireann sé cinnteoireacht thrédhearcach chun cinn atá bunaithe ar chomhairle eolaíoch fhónta, cuireann sé feabhas ar an taighde eolaíoch, agus neartaíonn sé an comhlíonadh.
(7)Faoi láthair, leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe ICCAT le Cinneadh (AE) 2019/868. Is iomchuí an Cinneadh sin a aisghairm agus Cinneadh nua a bhunú don tréimhse 2024-2028.
(8)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe ICCAT a leagan síos don tréimhse 2024-2028, ós rud é go bhféadfaidh bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe ICCAT a bheith ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidís tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, is iad sin Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle; Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle; agus Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle; Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle; Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle, Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2019/1154 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(9)I bhfianaise chineál athraitheach na n‑acmhainní iascaigh i Limistéar Chomhaontú ICCAT agus an ghá ina dhiaidh sin le forbairtí nua a chur san áireamh i seasamh an Aontais, lena n‑áirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a chuirtear i láthair roimh chruinnithe ICCAT nó lena linn, ba cheart nósanna imeachta a bhunú le haghaidh na sonraíochta ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais don tréimhse 2024-2028. Ba cheart na seasaimh sin a bheith i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis i measc institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar síos in Iarscríbhinn I den Chinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT).
Airteagal 2
I gcomhréir le hIarscríbhinn II, seolfar sonraíocht ó bhliain go bliain ar sheasamh an Aontais atá le glacadh i gcruinnithe ICCAT.
Airteagal 3
Déanfaidh an Chomhairle seasamh an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a athbhreithniú ar thogra a fháil ón gCoimisiún, le haghaidh chruinniú bliantúil ICCAT in 2029 ar a dhéanaí.
Airteagal 4
Aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/868.
Airteagal 5
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán