AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.7.2023
COM(2023) 398 final
2023/0282(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC) i dtaca le haontachas na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (‘IOC’) i dtaca le haontachas Rialtas na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird (‘an Comhaontú’).
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird
Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird (‘an Comhaontú’) (i) féachaint le haonfhoirmeacht a bhaint amach sa reachtaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le saintréithe fisiciceimiceacha agus orgánaileipteacha olaí olóige, olaí prabhaite olóige agus ológ boird chun aon bhacainn trádála a chosc (ii) tabhairt faoi ghníomhaíochtaí i réimse na tástála fisiciceimicí agus orgánaileiptí chun cur leis an eolas maidir le comhdhéanamh agus saintréithe cáilíochta táirgí ológa, d’fhonn na caighdeáin idirnáisiúnta a chomhdhlúthú, agus (iii) ról Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg a neartú mar fhóram barr feabhais don chomhphobal eolaíoch idirnáisiúnta i réimse na n‑ológ agus na hola ológa.
Tháinig leagan athnuaite an Chomhaontaithe i bhfeidhm an 1 Eanáir 2017.
Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Chomhaontú.
2.2.Comhairle na gComhaltaí
Is í Comhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (‘Comhairle na gComhaltaí’) an t‑údarás agus an comhlacht cinnteoireachta is airde de chuid IOC agus déanfaidh sí na cumhachtaí agus na feidhmithe sin go léir is gá a fheidhmiú chun cuspóirí an Chomhaontaithe sin a bhaint amach. Mar pháirtí sa Chomhaontú, is comhaltaí é an tAontas Eorpach de IOC agus déantar ionadaíocht thar a cheann i gComhairle na gComhaltaí. Is de chomhthoil a ghlacfar cinntí Chomhairle na gComhaltaí maidir le haontachas comhalta nua. De bhun Airteagal 10(4)(b) den Chomhaontú, mura féidir teacht ar chomhthoil laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag Cathaoirleach Chomhairle na gComhaltaí, caithfidh na comhaltaí vóta ina thaobh. Measfar an cinneadh a bheith glactha nuair a bheidh tromlach na gcomhaltaí, ar comhionann an tromlach sin agus 86 faoin gcéad de sciartha rannpháirtíochta na gcomhaltaí ar a laghad, ina fhabhar.
Tá 18 gcomhalta ag IOC faoi láthair agus tá 650 sciar rannpháirtíochta ag an Aontas Eorpach as 1000 sciar san iomlán.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag Comhairle na gComhaltaí
Tar éis iarratas foirmiúil na Boisnia agus na Heirseagaivéine an 22 Feabhra 2023 chun aontú don Chonradh, meastar go nglacfaidh Comhairle na gComhaltaí, le linn seisiúin de Chomhairle na gComhaltaí amach anseo, nó faoi chuimsiú nós imeachta maidir le glacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chómhalartú, cinneadh maidir le haontachas na Boisnia agus na Heirseagaivéine.
Is é is aidhm don ghníomh atá beartaithe na coinníollacha maidir le haontachas na Boisnia agus na Heirseagaivéine de bhun Airteagal 29 den Chomhaontú a leagan síos.
Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe tríd an gcothromaíocht cinnteoireachta laistigh de Chomhairle na gComhaltaí a athrú nuair nach nglactar le cinntí trí chomhthoil i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Chomhaontú.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Cé go bhfuil táirgeacht bhliantúil ola olóige fós measartha sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, tá acmhainneacht ann maidir lena forbairt i réigiún ina bhfuil traidisiún fada táirgeachta agus tomhaltais ola olóige agus ológ boird. Maidir le hearnáil na talmhaíochta, tuairiscíodh an breisluach (% de OTI) sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin ag 5.2 % de OTI in 2021, agus gealltanas láidir tugtha ag an tír sciar an táirgthe olóige a mhéadú.
Ós rud é go bhfuil a hearnáil ológ á forbairt ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a mhéid a bhaineann le tomhaltas agus go bhfuil sé i gceist aici an táirgeacht a fhorbairt, treiseoidh aontachas na Boisnia agus na Heirseagaivéine IOC faoi choinníollacha áirithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le haonfhoirmeacht a bhaint amach sa reachtaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le saintréithe táirgí olóige chun aon bhacainn ar thrádáil a sheachaint. Tá an t‑aontachas sin ag teacht le cuspóirí bheartas an Aontais a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin maidir le margaíocht táirgí talmhaíochta mar a fhoráiltear i dTeideal II de Chuid II de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Leagfar síos le cinneadh atá le glacadh ag Comhairle na gComhaltaí na coinníollacha maidir le haontachas na Boisnia agus na Heirseagaivéine i leith na sciartha rannpháirtíochta de IOC agus na teorann ama chun an ionstraim aontachais a thaisceadh.
Ríomhtar sciartha rannpháirtíochta na gComhaltaí a úsáidtear chun ranníocaíochtaí airgeadais agus cearta vótála a shocrú de réir na foirmle a shonraítear in Airteagal 11 den Chomhaontú. Déanfaidh an tAontas a áirithiú go mbainfear úsáid as an bhfoirmle sin agus sciartha rannpháirtíochta na Boisnia agus na Heirseagaivéine á sainiú.
Tacóidh an tAontas le haon teorainn ama chun an ionstraim aontachais a thaisceadh a ligfeadh don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin aontú don Chomhaontú gan mhoill. Má chuirtear moill ar thaisceadh na hionstraime, féadfaidh an tAontas, i gcinntí ina dhiaidh sin a bheidh le glacadh ag Comhairle na gComhaltaí, tacú le síneadh a chur leis an tréimhse chun an ionstraim a thaisceadh.
Agus an próiseas cinnteoireachta laistigh de Chomhairle Chomhaltaí IOC á chur san áireamh, is gá an seasamh ón Aontas chun na coinníollacha maidir le haontachas na Boisnia agus na Heirseagaivéine a leagan síos.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Na prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é Comhairle na gComhaltaí arna chur ar bun le comhaontú, eadhon an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird.
An gníomh a iarrtar ar Chomhairle na gComhaltaí a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Tá éifeachtaí dlíthiúla ag an ngníomh atá beartaithe, go háirithe toisc go ndéanfaidh sé difear don chothromaíocht cinnteoireachta laistigh de Chomhairle na gComhaltaí nuair nach nglactar le cinntí trí chomhthoil i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Chomhaontú.
Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) de CFAE an bunús dlí nós imeachta atá leis an gcinneadh atáthar a mholadh.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Na prionsabail
An bunús dlí substainteach le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 207 CFAE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
2023/0282 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC) i dtaca le haontachas na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Síníodh an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (‘an Comhaontú’) thar ceann an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle an 18 Samhain 2016, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach an 1 Eanáir 2017 i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de agus thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019.
(2)De bhun Airteagal 29 den Chomhaontú, tá Comhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (‘Comhairle na gComhaltaí’) chun na coinníollacha maidir le haontachas Rialtais leis an gComhaontú a leagan síos.
(3)Rinne Rialtas na Boisnia agus na Heirseagaivéine iarratas foirmiúil ar aontú don Chomhaontú. Ba cheart a iarraidh ar Chomhairle na gComhaltaí, dá bhrí sin, le linn seisiúin amach anseo, nó faoi chuimsiú nós imeachta um chinntí a ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chómhalartú, na coinníollacha maidir le haontachas na Boisnia agus na Heirseagaivéine a leagan síos, i leith na sciartha rannpháirtíochta de IOC agus na teorann ama chun an ionstraim a thaisceadh.
(4)Ós rud é go bhfuil a hearnálacha olóige á bhforbairt ag na Boisnia agus na Heirseagaivéine a mhéid a bhaineann le tomhaltas agus go bhfuil sé i gceist aici an táirgeacht a fhorbairt, d’fhéadfadh a haontachas IOC a threisiú faoi choinníollacha áirithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le haonfhoirmeacht a bhaint amach sa reachtaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le saintréithe táirgí olóige chun aon bhacainn ar thrádáil a sheachaint.
(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a leagan síos ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag na cinntí atá le glacadh ar an Aontas trí dhifear a dhéanamh don chothromaíocht cinnteoireachta laistigh de Chomhairle na gComhaltaí nuair nach nglacfar le cinntí trí chomhthoil i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Chomhaontú,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg le linn seisiún amach anseo, nó faoi chuimsiú nós imeachta um chinntí a ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chómhalartú, a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le haontachas Rialtas na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an gComhaontú.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán