Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0314

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le trédhearcacht agus sláine na ngníomhaíochtaí rátála Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG)

COM/2023/314 final

Strasbourg, 13.6.2023

COM(2023) 314 final

2023/0177(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le trédhearcacht agus sláine na ngníomhaíochtaí rátála Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2023) 241 final} - {SWD(2023) 204 final} - {SWD(2023) 207 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an togra seo ina dhlúthchuid de straitéis athnuaite an Choimisiúin Eorpaigh maidir le maoiniú inbhuanaithe a glacadh i mí Iúil 2021 1 .

Is cuid thábhachtach den mhaoiniú príomhshrutha í infheistíocht chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (ESG), is é sin, infheistíocht ina gcuirtear tosca ESG san áireamh agus cinntí infheistíochta á ndéanamh (dá ngairtear infheistíochtaí inbhuanaithe freisin). Go sonrach, cistí infheistíochta a bhfuil saintréithe nó cuspóirí inbhuanaithe acu, tháinig méadú mór ar líon agus méid na gcistí sin, agus ar chineál an chaipitil a mheallann siad. Sa chomhthéacs sin, tháinig éiceachóras infheistíochta ESG chun cinn, lena n‑áirítear soláthar rátálacha ESG, i measc nithe eile. Déantar rátálacha ESG den sórt sin a mhargú mar thuairim a chuirtear ar fáil maidir le neamhchosaint cuideachta nó eintitis ar thosca comhshaoil, sóisialta agus/nó rialachais, agus an tionchar a bhíonn acu ar an tsochaí.

Tá tionchar a bhíonn ag méadú de réir a chéile ag rátálacha ESG ar oibriú na margaí caipitil agus ar mhuinín infheisteoirí i dtáirgí inbhuanaithe. Go háirithe, tá ról cumasúcháin ag rátálacha ESG maidir le feidhmiú cuí mhargadh airgeadais inbhuanaithe an Aontais trí fhoinsí ríthábhachtacha faisnéise a sholáthar le haghaidh straitéisí infheistíochta, bainistiú riosca agus oibleagáidí nochta ag infheisteoirí agus ag institiúidí airgeadais. Tá siad á n‑úsáid freisin ag gnóthais a fhéachann le tuiscint níos fearr a fháil ar rioscaí agus deiseanna inbhuanaitheachta a bhaineann lena ngníomhaíochtaí nó le gníomhaíochtaí a gcomhpháirtithe, agus chun comparáid a dhéanamh lena bpiaraí.

Tá coinne leis go leanfaidh margadh rátálacha ESG de bheith ag fás go suntasach sna blianta amach romhainn. Is é is cúis leis an bhfás agus an méadú ar an éileamh ar rátálacha ESG cineál athraitheach na rioscaí do chuideachtaí, trí cur le feasacht infheisteoirí ar impleachtaí airgeadais na rioscaí sin agus tríd an bhfás i dtáirgí infheistíochta a fhéachann go sainráite le caighdeáin inbhuanaitheachta áirithe a chomhlíonadh nó cuspóirí inbhuanaitheachta áirithe a bhaint amach. Tá sé nasctha freisin leis an reachtaíocht maidir le maoiniú inbhuanaithe atá á cur chun cinn ag an Aontas ó bhí 2018 ann.

Mar sin féin, tá easnaimh sa mhargadh rátálacha ESG atá ann faoi láthair agus níl sé ag feidhmiú i gceart, agus ní chomhlíontar riachtanais infheisteoirí agus eintiteas rátáilte maidir le rátálacha ESG agus tá an bonn á bhaint de mhuinín as rátálacha. Tá roinnt gnéithe éagsúla ag baint leis an bhfadhb seo, go príomha (i) an easpa trédhearcachta maidir le saintréithe rátálacha ESG, agus na modheolaíochtaí agus foinsí sonraí a bhaineann leo agus (ii) an easpa soiléireachta maidir leis an gcaoi a n‑oibríonn soláthraithe rátálacha ESG. Ní chuireann rátálacha ESG ar a gcumas d’úsáideoirí, infheisteoirí agus eintiteas rátáilte cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le rioscaí, tionchair agus deiseanna a bhaineann le ESG.

Dá bhrí sin, gheall an Coimisiún sa straitéis athnuaite maidir le maoiniú inbhuanaithe go ndéanfadh sé beart chun iontaofacht, inchomparáideacht agus trédhearcacht rátálacha ESG a fheabhsú. Go sonrach, is é is aidhm don togra seo cáilíocht na faisnéise faoi rátálacha ESG a fheabhsú, trí (i) trédhearcacht shaintréithe agus modheolaíochtaí rátálacha ESG a fheabhsú, agus trí (ii) soiléireacht mhéadaithe a áirithiú maidir le hoibríochtaí soláthraithe rátálacha ESG agus rioscaí coinbhleachta leasa a chosc ar leibhéal soláthraithe rátálacha ESG. Ós rud é go n‑úsáidtear rátálacha ESG agus sonraí bunúsacha le haghaidh cinntí infheistíochta agus leithdháileadh caipitil, is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh cáilíocht rátálacha ESG a fheabhsú chun cur ar chumas infheisteoirí cinntí infheistíochta níos eolasaí a dhéanamh maidir le cuspóirí inbhuanaitheachta. Cuirfidh sé ar chumas eintiteas rátáilte freisin cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le bainistiú a dhéanamh ar rioscaí ESG agus tionchar a n‑oibríochtaí. An tráth céanna, tá sé ríthábhachtach iontaoibh agus muinín a chothú in oibríochtaí soláthraithe rátálacha ESG trína áirithiú go n‑oibríonn an margadh i gceart agus go ndéanann soláthraithe rátálacha ESG coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú.

Níl sé i gceist leis an togra seo comhchuibhiú a dhéanamh ar na modheolaíochtaí chun rátálacha ESG a ríomh, ach trédhearcacht na modheolaíochtaí sin a mhéadú. Coinneoidh soláthraithe rátálacha ESG smacht iomlán ar na modheolaíochtaí a úsáideann siad agus leanfaidh siad de bheith neamhspleách agus rogha á déanamh, chun a áirithiú go mbeidh cineálacha éagsúla cur chuige ar fáil i margadh rátálacha ESG (i.e. féadfaidh rátálacha ESG a bheith éagsúil óna chéile agus réimsí éagsúla a chumhdach).

Is é is aidhm don togra seo a fhágáil go mbeidh sé níos éasca leas a bhaint as acmhainneacht Mhargadh Aonair na hEorpa agus Aontas na Margaí Caipitil agus rannchuidiú leis an aistriú chuig córas eacnamaíoch agus airgeadais atá iomlán inbhuanaithe agus cuimsitheach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip 2 agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

Éilítear infheistíocht nach beag a dhéanamh ar fud na n‑earnálacha uile den gheilleagar chun aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach agus cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Aontais a ghnóthú. Ba cheart é a éascú d’infheisteoirí agus do ghnóthais infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shainaithint agus a áirithiú go bhfuil siad inchreidte.

Ní tionscnamh clár um oiriúnacht agus feidhmíocht rialála (REFIT) é an tionscnamh seo.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá bunchlocha le haghaidh creat maoinithe inbhuanaithe curtha i bhfeidhm ag an Aontas 3 . Tá neamhéifeachtúlachtaí sa mhargadh agus bearnaí rialála a d’fhéadfadh bac a chur ar fhorbairt an mhargaidh á gcur i bhfios anois ag na páirtithe leasmhara. Baineann soláthraithe rátálacha ESG agus soláthraithe sonraí úsáid as faisnéis arna foilsiú ag gnóthais; tá infhaighteacht, cruinneas agus comhsheasmhacht na sonraí sin ríthábhachtach do cháilíocht na dtáirgí iartheachtacha a mbraitheann orthu. Faoin Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (CSRD) 4 agus faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht 5 , ceanglaítear ar ghnóthais faisnéis a sholáthar maidir le tosca sonracha ESG. Comhlánóidh rátálacha ESG an méid sin agus cuirfidh siad leis, trí fhoinsí ríthábhachtacha faisnéise a chur ar fáil do straitéisí infheistíochta, do bhainistiú riosca agus d’anailís inmheánach a dhéanann infheisteoirí agus institiúidí airgeadais. Baineann soláthraithe rátálacha ESG úsáid as sonraí a thagann ó ghnóthais, agus dá iontaofa, dá chruinne agus dá chaighdeánaithe na sonraí atá ar fáil, is ea is lú an gá atá ann meastacháin a úsáid chun na bearnaí a líonadh. Mar shampla, éascóidh tuarascálacha inbhuanaitheachta corparáideacha na measúnuithe a dhéanann soláthraithe rátálacha ESG.

Ina theannta sin, beidh éileamh méadaithe ar rátálacha ESG mar thoradh ar na ceanglais nua a fhorchuirtear ar institiúidí airgeadais agus ar rannpháirtithe sa mhargadh leis an reachtaíocht airgeadais inbhuanaithe (amhail CSRD, an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaitheachta 6 agus Rialachán maidir le Tacsanomaíocht).

Idirghníomhaíonn an tionscnamh seo freisin leis an obair ar chaighdeáin bannaí glasa agus tagarmharcanna aeráide an Aontais. Maidir leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le Bannaí Glasa Eorpacha, 7 ceanglaítear ar eisitheoirí chaighdeáin bannaí glasa an Aontai amach anseo ailíniú tacsanomaíochta na dtionscadal arna gcistiú ag a mbannaí a nochtadh. Chun na críche sin, féadfaidh siad rátálacha ESG a lorg chun sonraí bunúsacha a fháil a chuirfeadh lena measúnuithe tionscadal. Cuidíonn an fhaisnéis a nochtar i rátálacha ESG le hinfheisteoirí, lena náirítear infheisteoirí bannaí glasa, measúnú níos fearr a dhéanamh ar fheidhmíocht fhoriomlán neamhairgeadais gnóthas.

I dtaca le Rialachán an Aontais maidir le Tagarmharcanna Aeráide, 8 leagtar síos i Rialachán Tarmligthe 9 liosta tosca ESG atá le nochtadh ag riarthóirí tagarmharcanna, le haghaidh na dtagarmharcanna sin a shaothraíonn cuspóirí ESG, ag brath ar an gcineál sócmhainní bunúsacha atá i gceist (e.g. sócmhainní cothromais, sócmhainní ioncaim sheasta, sócmhainní ceannasacha). Beidh orthu an fhaisnéis a fháil go díreach ó ghnóthais (e.g. trína dtuarascálacha bliantúla) nó an fhaisnéis sin a fháil ó sholáthraithe rátálacha/sonraí seachtracha. Leis an Rialachán Tarmligthe, tugtar an rogha do riarthóirí tagarmharcanna faisnéis maidir le rátálacha ESG na dtagarmharcanna a nochtadh. Le faisnéis níos fearr ar na modheolaíochtaí a úsáidtear le haghaidh rátálacha ESG, ba cheart go gcuideofaí le soiléireacht a sholáthar do riarthóirí tagarmharcanna maidir le comhchodanna na dtagarmharcanna. Cuirfidh rátálacha níos fearr agus níos iontaofa le muinín riarthóirí tagarmharcanna, agus sa deireadh cuirfear feabhas ar ghlacadh na rátálacha sin mar uirlis iontaofa chun tagarmharcanna fiúntacha a dhearadh. Ina theannta sin, cuideoidh siad le húsáideoirí tagarmharcanna a áirithiú go sainaithníonn siad tagarmharcanna atá ailínithe lena straitéis infheistíochta agus cuideoidh siad leo í a chur chun feidhme, agus rioscaí a bhaineann le glas-snasú a sheachaint. Leis an Rialachán seo ba cheart muinín infheisteoirí i dtagarmharcanna ESG a fheabhsú agus, ar an gcaoi sin, tacú a thuilleadh le hinfheistíocht inbhuanaithe.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is cuid é an togra seo de phacáiste de bhearta maidir le hairgeadas inbhuanaithe, ar tosaíocht é faoi thionscadal Aontas na Margaí Caipitil. Tá bearta ann chun leas a bhaint as cumhacht claochlaithe na seirbhísí airgeadais agus chun caipiteal príobháideach a aistriú i dtreo infheistíocht inbhuanaithe. Rannchuidíonn sé le forbairt mhargaí caipitil níos comhdhlúite trína dhéanamh níos éasca d’infheisteoirí tairbhe a bhaint as an margadh aonair agus cinntí níos eolasaí á ndéanamh acu. Mar shampla, tugann an Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) rochtain níos éasca ar shonraí do pháirtithe leasmhara, agus is féidir leis a bheith ina fhoinse sonraí faisnéise/ionchuir do sholáthraithe rátálacha ESG, rud a laghdaíonn úsáid na meastachán agus a chuireann le cáilíocht níos fearr rátálacha ar an iomlán.

Comhlíonann an togra seo spriocanna beartais uileghabhálacha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip freisin. Is é an Comhaontú Glas don Eoraip freagra an Aontais ar na dúshláin aeráide agus chomhshaoil lena múnlaítear an ghlúin seo. Is é is aidhm dó geilleagar atá nua‑aimseartha agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus atá iomaíoch a dhéanamh den Aontas, áit nach mbeidh aon ghlan‑astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050.

Ina theannta sin, le margadh lánfheidhmiúil comhtháite le haghaidh caipitil beidh geilleagar an Aontais in ann fás ar bhealach inbhuanaithe agus a bheith níos iomaíche, i gcomhréir le tosaíocht straitéiseach an Choimisiúin um Gheilleagar a Fhóireann do Dhaoine, tosaíocht ina ndírítear ar chruthú na ndálaí cearta le haghaidh poist a chruthú, fáis agus infheistíochta.

Comhlánaíonn an togra seo beartais chomhshaoil agus aeráide an Aontais atá ann cheana trí na modheolaíochtaí le haghaidh rátálacha ESG a dhéanamh níos trédhearcaí, rud ba cheart a bheith ina chúis le hinfheistíocht a threorú ar bhealach níos éifeachtúla i dtreo sócmhainní inbhuanaithe.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tagann an togra seo laistigh de réimse na hinniúlachta comhroinnte i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus tá sé bunaithe ar Airteagal 114 CFAE, lena dtugtar an inniúlacht don Aontas chun forálacha iomchuí a leagan síos arb é is cuspóir dóibh an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú.

Le hAirteagal 114 CFAE ceadaítear don Aontas bearta a dhéanamh ní hamháin chun deireadh a chur le bacainní atá ann cheana ar fheidhmiú na saoirse bunúsacha, ach freisin chun cosc a chur le teacht chun cinn dóchúil na mbacainní sin sa todhchaí. Áireofar leis sin bacainní a fhágann nach éasca do rannpháirtithe margaidh, amhail soláthraithe rátálacha ESG nó infheisteoirí, leas iomlán a bhaint as tairbhí an mhargaidh inmheánaigh.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Cuspóir an tionscnaimh seo, is é sin soiléireacht a fheabhsú maidir le saintréithe agus cuspóirí rátálacha ESG agus oibríochtaí soláthraithe rátálacha ESG, ní féidir leis na Ballstáit é a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú go neamhspleách agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun go bhfeidhmeoidh margaí caipitil an Aontais mar is cuí.

Níl aon chreat rialála AE ann faoi láthair le haghaidh soláthraithe rátálacha ESG. Ní rialaíonn na Ballstáit gníomhaíochtaí soláthraithe rátálacha ESG ná na coinníollacha faoina soláthraíonn siad rátálacha ESG. Leanann gach soláthraí rátálacha ESG a rialacha féin, agus tá easpa soiléireachta ann maidir leis an méid a dhéanann siad agus conas a dhéanann siad é.

Is margadh domhanda é an margadh rátálacha ESG. Tá ceanncheathrú ag roinnt soláthraithe móra ESG san Aontas, ach tá a gceanncheathrú ag go leor soláthraithe eile lasmuigh den Aontas ach tá fochuideachtaí acu laistigh den Aontas.

Cé go bhféadfadh na Ballstáit beart a dhéanamh ina n‑aonar chun iontaofacht agus trédhearcacht rátálacha ESG a neartú, is dócha go mbeidh éagsúlacht mhór idir na bearta sin ó Bhallstát go Ballstát. D’fhéadfadh sé go gcruthódh sé sin leibhéil éagsúla trédhearcachta, bacainní do rannpháirtithe sa mhargadh agus dúshláin dóibh siúd a oibríonn thar theorainneacha (mar a dhéantar i margadh an Aontais, agus úsáideoirí lonnaithe i roinnt Ballstát), agus go gcuirfeadh sé teorainn le hinchomparáideacht idir rátálacha. Seachas sin, gan aon rialacha ann maidir le hoibríochtaí soláthraithe rátálacha ESG, leanfadh an staid reatha agus na saincheisteanna a bhaineann le trédhearcacht ar aghaidh agus d’fhéadfadh siad dul in olcas fiú.

Agus aird níos mó á mealladh ag infheistíocht inbhuanaithe agus rátálacha ESG i ndlínsí ar fud an domhain, tá sé ríthábhachtach don Aontas a bheith i dteagmháil lena chomhpháirtithe ar bhonn cur chuige comhchuibhithe comhleanúnach agus cuimsitheach. Ní thiocfadh an tionscnamh in ionad na reachtaíochta náisiúnta ós rud é nach bhfuil reachtaíocht ag aon Bhallstát faoi láthair lena rialaítear feidhmiú sholáthraithe rátálacha ESG.

Trí soiléireacht níos fearr a bheith ann maidir le hoibríochtaí eintiteas atá ag éirí níos tábhachtaí chun maoiniú a threorú, chuirfí feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra seo prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CFAE. Is gá na bearta molta chun na cuspóirí a ghnóthú, agus is iad is oiriúnaí freisin.

Díríonn an togra ar ghníomhaíochtaí soláthraithe rátálacha ESG a oibríonn san Aontas. Tugtar aghaidh ann ar easnaimh sa mhargadh, is iad sin: (a) an easpa soiléireachta maidir le saintréithe rátálacha ESG, na modheolaíochtaí a úsáidtear agus na foinsí sonraí, agus (b) an easpa soiléireachta agus rialaithe ar oibríochtaí soláthraithe rátálacha ESG.

Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar gach ceann de na saincheisteanna sin agus iad a leigheas ar bhealach níos éifeachtaí, is é sin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) córas údaraithe a chruthú a mbeadh feidhm aige maidir le soláthraithe rátálacha ESG a oibríonn san Aontas, agus iad a chur faoi réir rialacha comhréireacha lena rialófar a n‑oibríochtaí agus maoirseacht chomhréireach leanúnach, agus (2) a cheangal ar sholáthraithe rátálacha ESG a oibríonn san Aontas príomhfhaisnéis faoi shaintréithe agus modheolaíochtaí rátálacha ESG a fhoilsiú, agus faisnéis mhionsonraithe maidir le modheolaíocht a nochtadh dá suibscríobhaithe agus d’eintitis rátáilte.

Ní áirítear sa togra seo rátálacha inmheánacha arna bhforbairt ag bainisteoirí sócmhainní nó ag institiúidí eile amhail riarthóirí tagarmharcanna, ós rud é go n‑úsáidtear na rátálacha sin le haghaidh a gcinntí agus a n‑infheistíochtaí féin, nach bhfuil an cuspóir céanna acu agus nach bhfuil siad faoi réir nochtadh poiblí nó dáileadh trí shuibscríbhinn ná trí mhodhanna eile.

Mar thoradh air sin, díreoidh an tionscnamh seo ar dhaoine dlítheanacha a sholáthraíonn rátálacha ESG don phobal nó do rannpháirtithe. Ní chumhdófar leis institiúidí airgeadais ná rannpháirtithe eile sa mhargadh a fhorbraíonn rátálacha ESG chun a gcríoch féin ná chun a n‑úsáide féin.

An rogha ionstraime

Is é is aidhm don togra seo córas a chur i bhfeidhm a chuirfeadh feabhas ar an tsoiléireacht maidir le saintréithe rátálacha ESG. Chuige sin, leagtar síos rialacha ann do sholáthraithe rátálacha ESG oibríonn san Aontas. Féachann an togra le leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht mhargadh aonair na hEorpa agus rannchuidiú leis an aistriú chuig córas eacnamaíoch agus airgeadais atá iomlán inbhuanaithe agus cuimsitheach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Tá gá le rialachán chun na cuspóirí beartais sin a bhaint amach agus is é an bealach is fearr chun soiléireacht a fheabhsú maidir le hoibríochtaí ag eintitis atá ag éirí níos tábhachtaí chun maoiniú a threorú.

Dhéanfaí creat rialála a ailíniú leis an gcur chuige a ghlactar le haghaidh rannpháirtithe eile sa mhargadh airgeadais agus leis an reachtaíocht ábhartha, e.g. Rialachán an Aontais maidir le Tagarmharcanna, an Rialachán maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa agus an togra maidir le Caighdeán Bannaí Glasa an Aontais lena bhforáiltear do mhaoirseacht leanúnach agus lena leagtar síos roinnt ceanglas eagraíochtúil agus ceanglas maidir le próisis rialachais agus doiciméid rialachais. Ní bhainfeadh uirlisí eile amhail bearta reachtaíochta boige agus cóid iompair cuspóirí an tionscnaimh seo amach ach go páirteach, ós rud é nach mbeadh aon dreasacht ann cód iompair atá dian go leor a chur ar fáil. Chinnfeadh brúnna margaidh atá ann cheana déine agus cuimsitheacht cóid, agus léiríodh nach leor na brúnna sin chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna. Thairis sin, bheadh cód iompair deonach. D’fhéadfadh roinnt soláthraithe a roghnú gan é a ghlacadh, nó d’fhéadfadh níos mó ná cód tionscail amháin teacht chun cinn. Bhainfeadh an dá chás sin an bonn d’aon fhéidearthacht go mbeadh níos mó soiléireachta ann ar fud an mhargaidh d’úsáideoirí nó d’eintitis rátáilte.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Níl aon chóras ar leibhéal an Aontais faoi láthair le haghaidh rátálacha ESG.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tá méid suntasach fianaise bailithe ag an gCoimisiún ó fhoinsí éagsúla, lena n‑áirítear staidéar arna choimisiúnú ag Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA), comhairliúchán de chuid an Choimisiúin agus gníomhaíochtaí for-rochtana agus malartuithe le páirtithe leasmhara. Thacaigh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) freisin le hobair an Choimisiúin trí ghlao ar fhianaise a foilsíodh in 2022 agus chuir sé mapáil ar fáil ar sholáthraithe rátálacha ESG a oibríonn san Aontas. Rinne an Coimisiún anailís freisin ar mholtaí agus cóid idirnáisiúnta atá ann cheana do sholáthraithe rátálacha ESG, go háirithe moltaí na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO). D’fhreagair 168 n‑eagraíocht agus duine príobháideach san iomlán an comhairliúchán spriocdhírithe a thacaigh leis an tionscnamh seo, go príomha infheisteoirí, soláthraithe rátálacha ESG agus cuideachtaí liostaithe.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar na fadhbanna atá roimh an margadh go praiticiúil, agus tar éis an chomhairliúcháin spriocdhírithe, rinne an Coimisiún athbhreithniú mór ar litríocht acadúil 10 , anailís mhargaidh agus gníomhaíochtaí for-rochtana le líon mór príomhpháirtithe leasmhara i margadh rátálacha ESG.

Idir Aibreán agus Deireadh Fómhair 2022, thionóil an Coimisiún cruinnithe déthaobhacha le páirtithe leasmhara éagsúla, lena n‑áirítear 14 sholáthraí rátálacha ESG éagsúla, úsáideoirí agus comhlachais a dhéanann ionadaíocht ar úsáideoirí rátálacha, acadóirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachtaí poiblí agus údaráis mhaoirseachta, i measc páirtithe eile.

Chomh maith leis sin, reáchtáil an Coimisiún glaonna tráthrialta le ESMA chun a thuairim agus a chomhairle a fháil, lena n‑áirítear maidir le córas ionchasach údaraithe agus maoirseachta do sholáthraithe rátálacha ESG ar leibhéal an Aontais.

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair 11 ag gabháil leis an togra seo, rud a cuireadh faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 16 Samhain 2021 agus tugadh tuairim dhearfach ina leith an 16 Nollaig, ach cuireadh ábhair imní in iúl.

Tagtar ar an gconclúid sa mheasúnú tionchair go bhfuil dhá ghné ag an bpríomhfhadhb: cé go dtugann infheisteoirí agus gnóthais faoi deara go bhfuil saincheisteanna ann maidir le hiontaofacht, cruinneas agus tráthúlacht rátálacha ESG, níl eintitis rátáilte cinnte faoi na catagóirí/critéir a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh orthu agus cé chomh cruinn agus a léiríonn rátálacha ESG a bhfeidhmíocht iarbhír agus conas é a fheabhsú.

Tá roinnt iarmhairtí ag an bhfadhb seo. Is iad seo a leanas na hiarmhairtí ó thaobh an úsáideora de:

(1)Níl infheisteoirí in ann rioscaí agus deiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus rioscaí agus deiseanna neamhairgeadais eile a chur san áireamh mar is ceart ina gcinntí infheistíochta,

(2)Is lú an cumas atá ag infheisteoirí freisin acmhainní airgeadais a dhíriú ar ghnóthais agus ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a thugann aghaidh ar fhadhbanna sóisialta agus comhshaoil agus nach gcuireann leis na fadhbanna sin,

(3)Riarthóirí tagarmharcana, déanann siad tagarmharcanna bunaithe ar rátálacha ESG agus níl soiléireacht iomlán acu maidir le conas a ríomhadh iad,

(4)Ní féidir le gnóthais na rioscaí agus na deiseanna uile a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr a ngníomhaíochtaí a mheas agus infheistíochtaí a dhíriú dá réir sin.

Is é an iarmhairt shonrach ó thaobh eintitis rátáilte de go bhféadfaidh siad rátáil ESG a fháil i ndáil le heilimintí atá as dáta nó mícheart, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar théarmaí a rochtana ar mhaoiniú.

Is é an iarmhairt shonrach ó thaobh páirtithe leasmhara eile de go bhfuil cumas níos lú ag eagraíochtaí neamhrialtasacha, ceardchumainn agus páirtithe leasmhara eile gnóthais a thabhairt chun cuntais as an tionchar a bhíonn acu ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol.

iarmhairtí diúltacha ag na fadhbanna d’fheidhmiú mhargadh airgeadais inbhuanaithe an Aontais, rud a fhágann bearna i gcreat maoinithe inbhuanaithe an Aontais a bunaíodh chun níos mó trédhearcachta a sholáthar agus na huirlisí a sholáthar chun caipiteal príobháideach a shreabhadh chuig infheistíochtaí inbhuanaithe a bhfuil géarghá leo don aistriú. Is iad na hiarmhairtí níos leithne nach mbaintear lánúsáid as acmhainneacht an Mhargaidh Aonair Eorpaigh rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus le baint amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

Sainaithníodh dhá chúis chomhlántacha fadhbanna:

(1)Easpa soiléireachta maidir le hoibríochtaí soláthraithe rátálacha ESG agus rialú na noibríochtaí sin.

(2)Easpa soiléireachta maidir le saintréithe rátálacha ESG agus na modheolaíochtaí agus na foinsí sonraí a úsáidtear ina leith (áirítear leis seo conas a chruthaítear na rátálacha agus nochtadh/trédhearcacht maidir leo), agus

Rinneadh réimse roghanna beartais a mheas maidir le dhá phríomh-athróg sa mheasúnú tionchair:

·soiléireacht mhéadaithe maidir le hoibríochtaí soláthraithe rátálacha ESG agus rioscaí coinbhleachta leasa a chosc ar leibhéal soláthraithe rátálacha ESG, agus

·an gá atá le soiléireacht shaintréithe rátálacha ESG a fheabhsú (i.e. an chiall atá leo agus na cuspóirí a shaothraítear leo, na modheolaíochtaí agus na foinsí sonraí nó na meastacháin a úsáidtear chun iad a fhorbairt).

Rinneadh anailís ar roinnt roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha maidir leis an dá ghné seo a leanas: eintitis (soláthraithe rátálacha ESG) agus táirgí (rátálacha ESG). Maidir le láimhseáil rialála sholáthraithe rátálacha ESG, ba iad na trí rogha a breithníodh cód iompair tionscail (Rogha 1), clárú agus maoirseacht éadrom (Rogha 2), agus údarú, ceanglais eagraíochtúla prionsabalbhunaithe, agus maoirseacht rioscabhunaithe (Rogha 3). I dtaca le méid na gceanglas trédhearcachta maidir le rátálacha ESG agus a modheolaíochtaí, is iad an dá rogha a breithníodh na híoscheanglais maidir le nochtadh don phobal (Rogha 1) agus na híoscheanglais maidir le nochtadh don phobal agus ceanglais nochta níos cuimsithí do chliaint sholáthraithe rátálacha ESG agus eintiteas rátáilte (Rogha 2). Déantar breithniú cúramach san anailís freisin ar a n‑éifeachtúlacht costais agus a gcomhleanúnachas. Cuireadh na roghanna seo a leanas i leataobh ag céim luath: clárú agus maoirseacht ar an leibhéal náisiúnta, modheolaíochtaí soláthraithe rátálacha ESG a chomhchuibhiú, íoscheanglais a leagan síos maidir le hinneachar rátálacha ESG agus teimpléid mhionsonraithe do cheanglais maidir le nochtadh.

Maidir leis an raon feidhme, bheadh sainmhíniú IOSCO ar rátálacha ESG mar bhonn do raon feidhme an tionscnaimh seo, lena gcumhdófaí scóir agus rátálacha araon, agus táirgí ar meascán den dá rud iad. Dhíreofaí leis an tionscnamh seo ar na heintitis speisialaithe a sholáthraíonn rátálacha nó scóir ESG don phobal nó do shuibscríobhaithe agus ní chlúdófaí leis institiúidí airgeadais ná rannpháirtithe eile sa mhargadh a bheadh ag forbairt rátálacha ESG chun a gcríoch féin, toisc go n‑úsáideann siad a samhlacha dílsithe féin agus nach soláthraíonn siad rátálacha ESG ar bhonn tráchtála do rannpháirtithe eile sa mhargadh airgeadais.

Bunaithe ar chomparáid a dhéanamh idir éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas, leis an rogha thosaíochta nascfaí Rogha 3 maidir le soláthraithe rátálacha ESG (údarú, ceanglais eagraíochtúla agus maoirseacht) le Rogha 2 maidir le rátálacha ESG (nochtuithe trédhearcachta íosta don phobal i gcoitinne agus nochtadh níos cuimsithí do chliaint sholáthraithe rátálacha ESG agus eintiteas rátáilte). Fuarthas amach san anailís mhionsonraithe go ndéanfaidh an teaglaim de roghanna sin aghaidh iomlán a thabhairt ar na cuspóirí (murab ionann agus na roghanna eile) agus go mbeadh na tairbhí is airde ann d’úsáideoirí agus d’eintitis rátáilte, agus do na soláthraithe iad féin agus don tsochaí. Cé go bhféadfadh costais tosaigh níos airde a bheith i gceist leis an rogha thosaíochta, san fhadtéarma tá coinne leis gur mó na tairbhí ná na costais.

Tá coinne leis go mbeidh buntáistí eacnamaíocha suntasacha ag baint leis an rogha tosaíochta. Bheadh coinne leis go mbeadh tionchar dearfach ag an tionscnamh seo ar fheidhmiú na margaí airgeadais agus ar na coinníollacha le haghaidh infheistíocht ESG. Leis an rogha thosaíochta, ba cheart a chur ar chumas infheisteoirí, agus eintiteas rátáilte, roghanna eolasacha maidir le rátálacha ESG a thuiscint agus a dhéanamh. Ba cheart go laghdódh sé freisin an costas a bhaineann le faisnéis a bhailiú agus an gá atá le soláthraithe breise a úsáid, rud a laghdóidh an costas a bhaineann le gnó a dhéanamh. Bheadh an rogha thosaíochta neamh-idirdhealaitheach freisin agus bheadh feidhm chomhionann aici maidir le rannpháirtithe sa mhargadh atá lonnaithe san Aontas agus rannpháirtithe sa mhargadh atá lonnaithe lasmuigh den Aontas. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag an tionscnamh seo ar iomaíochas ginearálta sholáthraithe rátálacha ESG, ar dócha go méadóidh sé an costas a bhaineann le gnó a dhéanamh dóibh sa ghearrthéarma, ach d’fhéadfadh méadú ar mhuinín as rátálacha ESG cur le fás an mhargaidh. Chun na hábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le cailliúint rochtana ar an margadh a mhaolú, d’fhéadfaí foráil a dhéanamh d’idirthréimhse, rud a thabharfadh níos mó ama do ghníomhaithe beaga oiriúnú a dhéanamh go háirithe. Meastar freisin go mbeidh tionchair dhearfacha indíreacha shóisialta agus chomhshaoil ag an tionscnamh, cé go mbeidh na tionchair sin fánach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní tionscnamh clár um oiriúnacht agus feidhmíocht rialála (REFIT) é an tionscnamh seo.

Chun costais agus tionchair na gceanglas nua faoin Rialachán seo ar sholáthraithe beaga a mhaolú, moltar na bearta maolaitheacha seo a leanas.

(1)Idirthréimhse. Chun maolú a dhéanamh ar na hábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le cailliúint rochtana ag soláthraithe margaidh mar gheall ar an bpróiseas údaraithe, bheadh cead ag soláthraithe leanúint de bheith ag feidhmiú ar choinníoll go dtabharfadh siad fógra do ESMA agus go mbeadh siad údaraithe laistigh de thréimhse ama réamhshocraithe, i.e. an idirthréimhse.

(2)Táillí maoirseachta a choigeartú de réir mhéid an tsoláthraí. Dhéanfaí táillí a dháileadh go comhréireach ar sholáthraithe bunaithe ar a nglanláimhdeachas bliantúil.

(3)Maoirseacht chomhréireach. Tá cur chuige rioscabhunaithe sonraíbhunaithe glactha ag ESMA maidir le maoirseacht a dhéanamh 12 agus tugann sé tús áite dá ghníomhaíochtaí maoirseachta de réir an leibhéil riosca a sainaithníodh agus de réir thábhacht/méid na neintiteas faoi mhaoirseacht.

(4)An fhéidearthacht d’eintitis bheaga agus nuálacha iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó raon leathan beart eagraíochtúil inmheánach, más féidir leo a léiriú go bhfuil na ceanglais díréireach le cineál, scála agus castacht a ngnó agus le cineál agus raon na saincheisteanna a dtugann a dtáirge aghaidh orthu (e.g. rátálaí sonraíbhunaithe 13 nó rátálaí nuálach réamhbhreathnaitheach) 14 .

Cearta bunúsacha

Urramaítear leis an togra na cearta agus na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, go háirithe iad siúd in Airteagal 16 (saoirse chun gnó a sheoladh). Tá saorghluaiseacht daoine, seirbhísí agus bunaíochta ar cheann de na bunchearta agus bunsaoirsí atá cosanta ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus tá sí ábhartha maidir leis an mbeart seo.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Leis an togra seo cumhachtaítear do ESMA feidhm nua a dhéanamh, is é sin chun soláthraithe rátálacha ESG a sholáthraíonn a seirbhísí faoin Rialachán seo a údarú agus a mhaoirsiú. Chuige sin, beidh ar ESMA táillí a ghearradh ar sholáthraithe rátálacha ESG, ar táillí iad ba cheart a chumhdach leis na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ESMA as a ghníomhaíochtaí údaraithe agus maoirseachta. Tá 59 n‑eintiteas sa mhargadh: 30 soláthraí ESG atá lonnaithe san Aontas Eorpach (3 eintiteas mór, 6 eintiteas meánmhéide, 9 eintiteas beag agus 12 mhicreintiteas); agus 29 n‑eintiteas neamh-AE. Bunaithe ar an meastachán go dtógfadh sé ar ESMA 1,7 coibhéis lánaimseartha (FTEnna) maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraí mór rátálacha ESG agus 0.2 FTEnna chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraí beag rátálacha ESG, ríomhadh go bhfuil gá le 20 FTE in aghaidh na bliana. Bunaithe ar an meastachán céanna, bheadh 7 bpost mar ghníomhaire sealadach agus 12 phost CA ag teastáil ó ESMA chun 30 eintiteas AE agus 29 n‑eintiteas neamh-AE a údarú, agus chun maoirseacht a dhéanamh ar 30 eintiteas AE agus ar 29 eintiteas neamh-AE ag tosú ó bhliain N+ 1. Meastar gur dócha go mbeidh buaicphointe oibre aonuaire sa chéad bhliain (bliain N) a bhaineann le húdarú. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go dtabharfaí 19 FTE do ESMA ón tús, chun an buaicphointe sin a láimhseáil.

Meastar gur thart ar EUR 3.7-3.8 milliún a bheidh sa mhéadú iomlán bliantúil ar chostais. Ní íocfaidh buiséad an Aontais an costas sin, ós rud é go gcuirfidh an togra ar a chumas do ESMA táillí údaraithe agus maoirseachta a ghearradh ar sholáthraithe rátálacha ESG, ionas go gcumhdófar na costais mhaoirseachta go léir. Tá sé seo cosúil le réimsí eile ina bhfuil ESMA freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar eintitis áirithe (e.g. gníomhaireachtaí rátála creidmheasa). Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach an Ráiteas Airgeadais Reachtach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Áiritheoidh an Coimisiún go rannchuideoidh na bearta a roghnófar sa Rialachán seo leis na cuspóirí beartais a bhaint amach le meascán d’eilimintí sonracha faireacháin atá ceaptha chun éifeachtúlacht i gcur chun feidhme agus dul chun cinn i dtreo cuspóirí sonracha a thomhas, ach uirlisí faireacháin eile freisin a rannchuidíonn leis na cuspóirí ginearálta. Déantar cur síos breise ar na heilimintí agus ar na huirlisí sin thíos. Chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach na gcuspóirí sonracha, féachfaidh an Coimisiún an bhféadfaí suirbhéanna tréimhsiúla ar infheisteoirí, ar ghnóthais agus ar sholáthraithe rátálacha ESG a eagrú.

Bhaileodh na suirbhéanna sonraí maidir leis na nithe seo a leanas: (1) dearcthaí úsáideoirí agus eintiteas rátáilte maidir le hathruithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil go háirithe i ndáil leis na cuspóirí sonracha a shainaithnítear i Roinn 4, agus dearcthaí maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na cuspóirí sin á gcomhlíonadh; agus (2) na costais agus na buntáistí a bhaineann le rialáil agus maoirseacht ar rátáil ESG ó thaobh soláthraí rátálacha ESG de. Beidh suirbhéanna den sórt sin ag brath ar acmhainní airgeadais a bheith ar fáil.

Is féidir faireachán a dhéanamh freisin ar dhul chun cinn i dtreo bhaint amach na gcuspóirí sonracha trí roinnt táscairí, amhail an líon rátálacha ESG a chuirtear ar fáil, fás in úsáid rátálacha ESG ag úsáideoirí agus eisitheoirí agus méadú ar an gcomhchoibhneas foriomlán idir rátálacha ESG.

Tá sé i bhfad níos casta, de réir an tsainmhínithe, faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo bhaint amach na gcuspóirí ginearálta ós rud é go bhfuil sé deacair ó thaobh na modheolaíochta de idirdhealú a dhéanamh idir tionchair na mbeart atá beartaithe ar rátálacha ESG agus tosca eile a d’fhéadfadh a bheith ann. Mar sin féin, molann an Coimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis na cuspóirí ginearálta tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

faireachán a dhéanamh ar threochtaí in infheistíochtaí i ngnóthais a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe, lena gcumhdaítear gnéithe comhshaoil, sóisialta agus rialachais 15 ;

teagmháil a dhéanamh le maoirseoirí agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile chun a mheas an bhfuil laghdú á dhéanamh ar na hábhair imní maidir le glas-snasú a bhaineann le rátálacha ESG.

D’fhéadfaí na suirbhéanna atá beartaithe ar infheisteoirí, ar ghnóthais agus ar sholáthraithe rátálacha ESG a úsáid freisin chun fianaise a bhailiú maidir le cibé acu a mheasann nó nach measann páirtithe leasmhara go bhfuil soláthraithe rátálacha ESG níos cuntasaí as a ngníomhaíochtaí.

Mar mhaoirseoir ar sholáthraithe rátálacha ESG faoin tionscnamh seo, is é ESMA an comhlacht iomchuí chun na forbairtí a mheas agus chun aird a tharraingt ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ina n‑ábhar imní, agus idirchaidreamh á dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta ábhartha sa Bhallstát ina n‑úsáidtear rátálacha ESG agus ina bhfuil soláthraithe rátálacha ESG lonnaithe agus ina bhfuil a n‑oibríochtaí acu.

Ina theannta sin, is dócha go ndéanfaidh páirtithe leasmhara éagsúla, lena n‑áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, soláthraithe rátálacha ESG, eagraíochtaí gnó agus údaráis phoiblí, tuarascálacha a fhoilsiú lena ndéanfar faireachán ar fhorbairtí sa réimse sin, rud a bheidh ina chomhlánú úsáideach ar an bhfaireachán a dhéanann an Coimisiún.

Cuideoidh na táscairí thuas agus na suirbhéanna araon le meastóireacht a dhéanamh ar cé acu a éiríonn nó nach n‑éiríonn leis an rogha thosaíochta na cuspóirí sonraithe a bhaint amach. Beidh na táscairí sin ina mbonn ansin do mheastóireacht ba cheart a thíolacadh 5 bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an tionscnaimh seo. Beidh gealltanas sa dréacht‑togra freisin meastóireacht a dhéanamh ar thionchair an ghnímh reachtaigh nua. Tosóidh an Coimisiún ar fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na rogha beartais tosaíochta tar éis theacht i bhfeidhm an tionscnaimh.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra (le comhlánú nuair a bheidh soiléireacht ann maidir le hairteagail a uimhriú/a athordú)

Leagtar síos i dTeideal I an t‑ábhar, an raon feidhme agus na sainmhínithe is infheidhme maidir leis an Rialachán. Leagtar amach in Airteagal 1 ábhar an Rialacháin, is é sin cur chuige coiteann rialála a thabhairt isteach chun sláine, trédhearcacht, freagracht, dea-rialachas agus neamhspleáchas ghníomhaíochtaí rátála ESG a fheabhsú, rud a chuireann le trédhearcacht agus cáilíocht rátálacha ESG a sholáthraítear do ghnóthais airgeadais Eorpacha rialáilte agus do ghnóthais Eorpacha. Leagtar síos sa Rialachán freisin ceanglais trédhearcachta a bhaineann le rátálacha ESG agus rialacha maidir le heagrú agus iompar soláthraithe rátálacha ESG. Baineann Airteagal 2 le raon feidhme an Rialacháin seo, a bhfuil feidhm aige maidir le gníomhaíochtaí rátála ESG arna soláthar ag soláthraithe rátálacha ESG a oibríonn san Aontas. Le hAirteagal 3 leagtar amach na sainmhínithe chun críocha an Rialacháin seo.

Leagtar amach i dTeideal II den Rialachán na coinníollacha maidir le rátálacha ESG a sholáthar san Aontas.

Leagtar síos in Airteagal 4 go hAirteagal 8 ceanglais a bhaineann leis an bpróiseas chun soláthraithe rátálacha ESG a údarú, lena n‑áirítear iarratas ar údarú a chur isteach, scrúdú a dhéanamh air, fógra a thabhairt faoi chinneadh ESMA chun iarratas a údarú, a dhiúltú nó a tharraingt siar. Bunaítear le hAirteagal 9 go hAirteagal 12 rialacha maidir le soláthar rátálacha ESG san Aontas ag soláthraithe rátálacha ESG tríú tír. Leagtar síos in Airteagal 9 ceanglais a bhaineann le cinntí coibhéise, agus cumhdaítear le hAirteagal 10 ceanglais maidir le formhuiniú rátálacha ESG agus leagtar síos in Airteagal 11 ceanglais maidir leis an bpróiseas aitheantais. Baineann Airteagal 12 le socruithe comhair idir ESMA agus údaráis mhaoirseachta tríú tír. Tugtar isteach le hAirteagal 13 ceanglas ar ESMA clár a choinneáil ar a shuíomh gréasáin le gach soláthraí údaraithe rátálacha ESG agus foráiltear do cheanglais maidir le hinrochtaineacht faisnéise faoin bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP).

Leagtar amach i dTeideal III den Rialachán na prionsabail maidir le sláine agus iontaofacht ghníomhaíochtaí rátála ESG.

Cinntear i gCaibidil 1 na ceanglais eagraíochtúla, na próisis agus na doiciméid a bhaineann le rialachas le haghaidh gníomhaíochtaí rátála ESG. Leagtar síos in Airteagal 14 na prionsabail ghinearálta atá le leanúint ag soláthraithe rátálacha ESG, lena n‑áirítear an gá le córais, acmhainní agus nósanna imeachta iomchuí a úsáid agus neamhspleáchas na ngníomhaíochtaí a áirithiú. Ceanglaítear le hAirteagal 15 nach mór gníomhaíochtaí rátála ESG a dheighilt ó roinnt gníomhaíochtaí, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí comhairliúcháin a sholáthar, rátálacha creidmheasa a eisiúint agus a dhíol agus tagarmharcanna a fhorbairt. Leagtar síos in Airteagal 16 tuilleadh sonraí maidir leis na hoibleagáidí ar anailísithe rátála, ar fhostaithe agus ar dhaoine eile a bhfuil baint acu le soláthar rátálacha ESG. Le hAirteagal 17 tugtar isteach ceanglais maidir le taifid a choinneáil a bhaineann le gníomhaíochtaí rátála ESG. Leagtar amach in Airteagal 18 ansin oibleagáidí ar sholáthraithe rátálacha ESG nós imeachta neamhspleách gearán a bhunú chun a áirithiú go mbeidh páirtithe leasmhara in ann gearáin a chur in iúl dóibh agus go ndéanfaidh an soláthraí rátálacha ESG meastóireacht oibiachtúil ar fhiúntas aon ghearáin. Le hAirteagal 19 tugtar isteach ceanglais agus coimircí a bhaineann le roinnt feidhmeanna a bhaineann le gníomhaíochtaí rátála ESG a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtithe. Leagtar amach in Airteagal 20 díolúintí maidir le ceanglais rialachais is féidir le ESMA a bhronnadh ar na soláthraithe rátálacha ESG sin a chomhlíonann critéir, go háirithe critéir a bhaineann lena méid.

Cumhdaítear ceanglais trédhearcachta ghníomhaíochtaí rátála ESG i gCaibidil 2. Le hAirteagal 21 tugtar isteach na ceanglais trédhearcachta maidir le gníomhaíochtaí rátála ESG atá le cur ar fáil don phobal. Le hAirteagal 22 tugtar isteach ceanglais trédhearcachta maidir le gníomhaíochtaí rátála ESG atá le cur ar fáil do suibscríobhaithe rátálacha ESG agus d’eintitis rátáilte.

Leagtar síos i gCaibidil 3 oibleagáidí a bhaineann le neamhspleáchas agus coinbhleacht leasa sholáthraithe rátálacha ESG. Le hAirteagal 23 ceanglaítear ar sholáthraithe rátálacha ESG socruithe láidre rialachais a bheith i bhfeidhm acu, agus áireofar sna socruithe sin struchtúr soiléir eagraíochtúil ina mbeidh freagrachtaí soiléire, trédhearcacha agus comhsheasmhacha agus róil shoiléire, thrédhearcacha agus chomhsheasmhacha le haghaidh gach duine a bhfuil baint aige nó aici le rátáil ESG a sholáthar. Leagtar síos in Airteagal 24 ceanglais maidir le bainistiú coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith i gceist le fostaithe a bhfuil baint acu le soláthar rátálacha ESG. Leagtar amach in Airteagal 25 oibleagáidí maidir le táillí rátálacha ESG a ghearrtar ar chliaint a bheith cothrom, réasúnta, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus bunaithe ar chostais iarbhír.

I gCaibidil 4, Airteagal 26 go hAirteagal 39, leagtar amach cumhachtaí ESMA maidir le maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe rátálacha ESG. Áirítear leo sin an chumhacht chun faisnéis a iarraidh trí iarraidh nó cinneadh simplí, an chumhacht chun imscrúduithe ginearálta a dhéanamh agus an chumhacht chun cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair. Leis an gcaibidil leagtar amach na coinníollacha freisin faoina bhféadfaidh ESMA a chumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú. Le forálacha leithleacha sonraítear na bearta maoirseachta, na fíneálacha agus na pionóis thréimhsiúla a fhéadfaidh ESMA a fhorchur. Cumasaítear do ESMA freisin táillí údaraithe agus maoirseachta a ghearradh.

Leagtar síos i gCaibidil 5 prionsabail maidir le comhar idir ESMA agus údaráis inniúla náisiúnta.

Le Teideal IV maidir le gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 45.

Leagtar amach i dTeideal V maidir le forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha an dáta faoinar cheart do sholáthraithe rátálacha ESG iarratas a dhéanamh ar údarú, agus foráiltear freisin d’idirthréimhse do sholáthraithe beaga agus meánmhéide rátálacha ESG a thairgeann seirbhísí roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin. Tugtar isteach leis freisin idirthréimhse d’iontrálaithe nua sa mhargadh ar soláthraithe beaga agus meánmhéide rátálacha ESG iad.

2023/0177 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le trédhearcacht agus sláine na ngníomhaíochtaí rátála Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 16 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 25 Meán Fómhair 2015, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe creat domhanda nua um fhorbairt inbhuanaithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe 17 , a bhfuil na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) ina chroílár. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2016 maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtaca le todhchaí inbhuanaithe don Eoraip 18 , déantar na SDGanna a nascadh le creat beartais an Aontais chun a áirithiú, le gach gníomhaíocht agus tionscnamh beartas de chuid an Aontais, laistigh den Aontas agus ar fud an domhain, go gcuirfear na SDGanna san áireamh ón tús. Leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 Meitheamh 2017 19 , deimhníodh gealltanas an Aontais agus na mBallstát Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme ar bhealach iomlán, comhleanúnach, cuimsitheach, comhtháite agus éifeachtach agus i ndlúthchomhar le comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara eile. An 11 Nollaig 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún a theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip 20 .

(2)Tá an taistriú chuig geilleagar inbhuanaithe ríthábhachtach chun iomaíochas fadtéarmach gheilleagar an Aontais a áirithiú. Tá an inbhuanaitheacht i gcroílár thionscadal an Aontais le fada agus le Conarthaí an Aontais tugtar aitheantas dá gnéithe sóisialta agus comhshaoil.

(3)Chun cuspóirí SDGanna a bhaint amach san Aontas, ní mór sreafaí caipitil a chur i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe. Tá sé tábhachtach leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh chun na spriocanna sin a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach deireadh a chur le bacainní ar ghluaiseacht éifeachtúil caipitil i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe sa mhargadh inmheánach agus cosc a chur ar theacht chun cinn na mbacainní sin.

(4)Tá cur chuige an Aontais maidir le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach fréamhaithe sna 20 prionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta chun aistriú cothrom i dtreo na sprice sin a áirithiú agus i mbeartais nach bhfágann aon duine ar lár. Thairis sin, le acquis sóisialta an Aontais, lena náirítear Straitéisí Aontas an Chomhionannais 21 , cuirtear caighdeáin ar fáil maidir le dlí an tsaothair, an comhionannas, an inrochtaineacht, sláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus an frith-idirdhealú.

(5)I mí an Mhárta 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún a Phlean Gníomhaíochta ‘Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú’ 22 , lena mbunaítear a straitéis maidir le hairgeadas inbhuanaithe. Is iad cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta sin tosca inbhuanaitheachta a phríomhshruthú i mbainistiú riosca agus sreafaí caipitil a atreorú i dtreo infheistíocht inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach.

(6)Mar chuid den Phlean Gníomhaíochta, choimisiúnaigh an Coimisiún staidéar dar teideal ‘Staidéar ar Rátálacha, Sonraí agus Taighde a bhaineann le hInbhuanaitheacht’ 23 chun na forbairtí i margadh na dtáirgí agus na seirbhísí a bhaineann le hinbhuanaitheacht a mheas, chun príomh-rannpháirtithe an mhargaidh a shainaithint agus chun na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann a chur i dtábhacht. Leis an staidéar sin, soláthraíodh fardal agus aicmiú gníomhaithe margaidh, táirgí agus seirbhísí inbhuanaitheachta atá ar fáil ar an margadh agus anailís ar an úsáid a bhaineann rannpháirtithe sa mhargadh as táirgí agus seirbhísí a bhaineann le hinbhuanaitheacht, agus ar an gcáilíocht a mheastar a bheith ag na táirgí agus na seirbhísí sin. Cuireadh i dtábhacht sa staidéar an easpa trédhearcachta agus cruinnis a bhaineann le modheolaíochtaí rátálacha Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (‘ESG’) agus an easpa soiléireachta maidir le hoibríochtaí soláthraithe rátálacha ESG.

(7)Faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, chuir an Coimisiún straitéis inbhuanaithe athnuaite chun cinn. Glacadh an straitéis athnuaite maidir le hairgeadas inbhuanaithe an 6 Iúil 2021 24 ..

(8)Mar obair leantach, d’fhógair an Coimisiún sa straitéis athnuaite maidir le hairgeadas inbhuanaithe, comhairliúchán poiblí maidir le rátálacha ESG chun cur le measúnú tionchair. Sa chomhairliúchán poiblí a rinneadh in 2022, dhearbhaigh páirtithe leasmhara go raibh imní orthu faoin easpa trédhearcachta maidir le modheolaíochtaí agus cuspóirí rátálacha ESG agus faoin easpa soiléireachta maidir le gníomhaíochtaí rátála ESG.

(9)Ar an leibhéal idirnáisiúnta, d’eisigh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (‘IOSCO’) tuarascáil i mí na Samhna 2021 ina bhfuil sraith moltaí maidir le soláthraithe rátálacha ESG 25 .

(10)Tá ról tábhachtach ag rátálacha ESG sna margaí caipitil domhanda, ós rud é go núsáideann infheisteoirí, iasachtaithe agus eisitheoirí na rátálacha ESG sin níos mó agus níos mó mar chuid de chinntí eolasacha, inbhuanaithe infheistíochta agus maoinithe a dhéanamh. Is minic a úsáideann institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais, gnóthais árachais agus gnóthais athárachais, i measc eagraíochtaí eile, na rátálacha ESG sin mar thagairt don fheidhmíocht inbhuanaitheachta nó do na rioscaí agus na deiseanna inbhuanaitheachta ina ngníomhaíocht infheistíochta. Dá réir sin, bíonn tionchar nach beag ag rátálacha ESG ar an tslí a noibríonn na margaí agus ar mhuinín agus ar iontaoibh infheisteoirí agus tomhaltóirí. Chun a áirithiú go bhfuil rátálacha ESG a úsáidtear san Aontas neamhspleách, oibiachtúil agus ar cháilíocht leormhaith, tá sé tábhachtach go ndéantar gníomhaíochtaí rátála ESG a reáchtáil i gcomhréir le prionsabail na sláine, na trédhearcachta, na freagrachta agus an dea-rialachais. Chuirfeadh inchomparáideacht níos fearr agus iontaofacht mhéadaithe rátálacha ESG le héifeachtúlacht an mhargaidh sin atá ag fás go tapa, rud a d’éascódh dul chun cinn i dtreo chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais.

(11)Tá ról cumasúcháin ag rátálacha ESG maidir le feidhmiú cuí mhargadh airgeadais inbhuanaithe an Aontais trí fhaisnéis thábhachtach a sholáthar le haghaidh straitéisí infheistíochta, bainistíochta riosca agus oibleagáidí nochta infheisteoirí agus institiúidí airgeadais. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go gcuireann rátálacha ESG faisnéis ábhartha atá úsáideach maidir le cinntí ar fáil do na húsáideoirí, agus go dtuigeann úsáideoirí rátálacha ESG níos fearr na cuspóirí a shaothraítear le rátálacha ESG agus na saincheisteanna sonracha agus na méadrachtaí a thomhaistear leis na rátálacha sin.

(12)Is gá aitheantas a thabhairt do shamhlacha gnó éagsúla an mhargaidh rátála ESG. Is é an chéad samhail ghnó an tsamhail ‘íocann an túsáideoir’, samhail inarb infheisteoirí iad na húsáideoirí den chuid is mó a cheannaíonn rátálacha ESG le haghaidh cinntí infheistíochta. Is é an dara samhail ghnó an tsamhail ‘íocann an teisitheoir’, ina gceannaíonn gnóthais rátálacha ESG chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus ar dheiseanna lena noibríochtaí.

(13)Ní dhéanann na Ballstáit rialáil ná maoirseacht ar ghníomhaíochtaí soláthraithe rátálacha ESG ná ar na coinníollacha maidir le rátálacha ESG a sholáthar. Agus ailíniú le cuspóirí na SDGanna agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip á áirithiú, agus i bhfianaise na n‑éagsúlachtaí, na heaspa trédhearcachta agus na heaspa comhrialacha atá ann faoi láthair, is dócha go nglacfadh na Ballstáit bearta agus cuir chuige éagsúla, a mbeadh tionchar diúltach díreach acu ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus a chruthódh bacainní ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus a dhéanfadh dochar don mhargadh rátála ESG. Maidir le soláthraithe rátálacha ESG a eisíonn rátálacha ESG lena núsáid ag institiúidí agus gnóthas airgeadais san Aontas, bheidís faoi réir rialacha éagsúla i mBallstáit éagsúla. D’fhágfadh caighdeáin agus cleachtais mhargaidh éagsúla go mbeadh sé deacair soiléireacht a bheith ann maidir le tógáil rátálacha ESG agus comparáid a dhéanamh eatarthu, rud a chruthódh dálaí míchothroma margaidh d’úsáideoirí, rud a chruthódh bacainní breise laistigh den mhargadh inmheánach, agus a d’fhéadfadh cinntí infheistíochta a shaobhadh.

(14)Comhlánaíonn an Rialachán seo creat an Aontais atá ann cheana maidir le hairgeadas inbhuanaithe. I ndeireadh na dála, ba cheart go néascódh rátálacha ESG sreafaí faisnéise chun cinntí infheistíochta a éascú.

(15)Níor cheart feidhm a bheith ag rialacha maidir le soláthraithe rátálacha ESG maidir le rátálacha príobháideacha ESG a tháirgtear de bhun ordú aonair agus a sholáthraítear go heisiach don duine a chuir an tordú isteach agus nach bhfuil beartaithe lena nochtadh nó lena ndáileadh go poiblí trí shíntiús nó ar mhodhanna eile. Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin ach oiread maidir le rátálacha ESG arna dtáirgeadh ag gnóthais airgeadais Eorpacha a úsáidtear chun críoch inmheánach. Ba cheart rátálacha ESG arna bhforbairt ag údaráis Eorpacha nó ag údaráis náisiúnta agus ag bainc cheannais a dhíolmhú ó na rialacha sin freisin. Ar deireadh, níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin maidir le sonraí ESG a sholáthar nach náirítear leo gné den rátáil nó den scóráil agus nach bhfuil faoi réir aon samhaltaithe nó anailíse a mbeadh forbairt rátála ESG mar thoradh air.

(16)Tá sé tábhachtach rialacha a leagan síos lena náiritheofar go mbeidh rátálacha ESG arna soláthar ag soláthraithe rátálacha ESG atá údaraithe san Aontas ar cháilíocht leormhaith, go mbeidh siad faoi réir ceanglais iomchuí agus go náiritheofar sláine an mhargaidh leo. Bheadh feidhm ag na rialacha sin maidir le rátálacha foriomlána ESG lena ngabhtar tosca Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais, agus maidir le rátálacha nach ndírítear leo ach ar thoisc aonair Chomhshaoil, Shóisialta nó Rialachais nó ar fho-chomhpháirt den toisc sin.

(17)I bhfianaise úsáid rátálacha ESG ó sholáthraithe atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, is gá ceanglais a thabhairt isteach bunaithe ar cé na soláthraithe rátálacha ESG tríú tír a fhéadfaidh a gcuid seirbhísí a thairiscint san Aontas. Tá sé sin riachtanach chun sláine an mhargaidh, cosaint infheisteoirí agus forfheidhmiú cuí a áirithiú. Dá bhrí sin, moltar trí chóras fhéideartha do na soláthraithe rátálacha ESG tríú tír sin: coibhéis, formhuiniú agus aitheantas. Mar phrionsabal uileghabhálach, ba cheart maoirseacht agus rialáil i dtríú tír a bheith coibhéiseach le maoirseacht agus rialáil an Aontais ar rátálacha ESG. Dá bhrí sin, maidir le rátálacha ESG a sholáthraíonn soláthraí rátálacha ESG atá lonnaithe i dtríú tír, ní féidir iad a thairiscint san Aontas ach amháin i gcás ina bhfuil cinneadh dearfach déanta ag an gCoimisiún maidir le coibhéis chóras an tríú tír. Chun aon drochthionchar a sheachaint, áfach, mar thoradh ar scor tobann a d’fhéadfadh a bheith ann de rátálacha ESG a thairiscint san Aontas a sholáthraíonn soláthraí rátálacha ESG tríú tír, is gá freisin foráil a dhéanamh maidir le sásraí áirithe eile, is iad sin formhuiniú agus aitheantas. Ba cheart d’aon soláthraí rátálacha ESG ag a bhfuil struchtúr grúpa a bheith in ann úsáid a bhaint as an sásra formhuinithe do na rátálacha ESG a forbraíodh lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go mbunaíonn sé, laistigh den ghrúpa, soláthraí údaraithe rátálacha ESG san Aontas. Soláthraithe rátálacha ESG níos lú, de réir bhrí uastairseach an ghlanláimhdeachais chun gnóthais bheaga a shainmhíniú i dTreoir 2013/34/AE 26 , nach mbaineann le grúpa de ghnáth, agus a bhféadfadh sé nach bhfuil sé d’acmhainn acu eintiteas dlíthiúil a bheith údaraithe san Aontas, ba cheart dóibh a bheith in ann leanúint dá seirbhísí a thairiscint san Aontas nó tús a chur lena dtairiscint agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as córas níos éadroime, is é sin aitheantas. I gcás ina bhfuil an soláthraí ESG tríú tír faoi réir maoirseachta, ba cheart socruithe comhair iomchuí a chur i bhfeidhm chun malartú cuí faisnéise le húdarás inniúil ábhartha an tríú tír a áirithiú.

(18)Chun ardleibhéal muiníne a áirithiú i measc infheisteoirí agus tomhaltóirí as an margadh inmheánach, ba cheart soláthraithe rátálacha ESG a sholáthraíonn rátálacha ESG san Aontas a údarú. Is gá, dá bhrí sin, coinníollacha comhchuibhithe a leagan síos maidir leis an údarú sin agus an nós imeachta chun an túdarú sin a dheonú, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar.

(19)Chun ardleibhéal faisnéise a áirithiú d’infheisteoirí agus d’úsáideoirí eile rátálacha ESG, ba cheart faisnéis maidir le rátálacha ESG agus soláthraithe rátálacha ESG a chur ar fáil ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) 27 . Ba cheart do ESAP rochtain éasca láraithe ar an bhfaisnéis sin a sholáthar don phobal.

(20)Chun cáilíocht agus iontaofacht rátálacha ESG a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe rátálacha ESG modheolaíochtaí rátála a úsáid atá dian, córasach, oibiachtúil, leanúnach agus faoi réir a mbailíochtaithe. Ba cheart do sholáthraithe rátálacha ESG modheolaíochtaí rátálacha ESG a athbhreithniú ar bhonn leanúnach agus uair sa bhliain ar a laghad.

(21)Chun trédhearcacht ar leibhéal níos airde a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe rátálacha ESG faisnéis a nochtadh don phobal maidir leis na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomhthoimhdí rátála a úsáideann na soláthraithe sin ina ngníomhaíochtaí rátála ESG agus i ngach ceann dá dtáirge rátála ESG. I bhfianaise na núsáidí a bhaineann infheisteoirí as rátálacha ESG, ba cheart a nochtadh go sainráite sna táirgí rátála cén ghné den ábharthacht dhúbailte a bhaineann leis na seoltaí rátála, cé acu an riosca airgeadais ábhartha don eintiteas rátáilte é agus tionchar ábhartha an eintitis rátáilte ar an gcomhshaol agus ar an tsochaí i gcoitinne nó an é nach gcuireann sé ach ceann amháin acu san áireamh. Ba cheart dóibh a nochtadh go sainráite freisin an dtugtar aghaidh ar gnéithe eile leis an rátáil. Ar an gcúis chéanna, ba cheart do sholáthraithe rátálacha ESG faisnéis níos mionsonraithe a sholáthar maidir leis na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomhthoimhdí rátála do shuibscríobhaithe rátálacha ESG. Ba cheart go gcuirfeadh an fhaisnéis sin ar a gcumas d’úsáideoirí rátálacha ESG a ndícheall cuí féin a dhéanamh agus measúnú á dhéanamh acu cé acu ar cheart dóibh brath ar na rátálacha ESG sin nó nár cheart. Níor cheart, áfach, go nochtfaí faisnéis íogair ghnó le nochtadh faisnéise a bhaineann le samhlacha ná go gcuirfí bac ar nuálaíocht.

(22)Ba cheart do sholáthraithe rátálacha ESG a áirithiú go soláthraíonn siad rátálacha ESG atá neamhspleách, oibiachtúil agus ar cháilíocht leormhaith. Tá sé tábhachtach ceanglais eagraíochtúla a thabhairt isteach chun cosc agus maolú ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a áirithiú. Chun neamhspleáchas soláthraithe rátálacha ESG a áirithiú, ba cheart dóibh cásanna coinbhleachta leasa a sheachaint agus na coinbhleachtaí sin a bhainistiú go leormhaith i gcás nach féidir iad a sheachaint. Ba cheart do sholáthraithe rátálacha ESG coinbhleachtaí leasa a nochtadh go tráthúil. Ba cheart dóibh taifead a choinneáil freisin de gach bagairt mhór ar neamhspleáchas an tsoláthraí rátálacha ESG agus ar neamhspleáchas a chuid fostaithe agus na ndaoine eile atá páirteach sa phróiseas rátála, agus na coimircí a chuirtear i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú. Ina theannta sin, chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, níor cheart cead a bheith ag soláthraithe rátálacha ESG roinnt seirbhísí eile a thairiscint lena náirítear seirbhísí comhairliúcháin, rátálacha creidmheasa, tagarmharcanna, gníomhaíochtaí infheistíochta, iniúchóireacht, nó gníomhaíochtaí baincéireachta, árachais agus athárachais. Ar deireadh, chun aon choinbhleacht leasa a chosc, a shainaithint, a chur as an áireamh nó a bhainistiú agus a nochtadh, agus chun cáilíocht, sláine agus críochnúlacht an phróisis rátála agus athbhreithnithe ESG a áirithiú i gcónaí, ba cheart do sholáthraithe rátálacha ESG beartais agus nósanna imeachta inmheánacha iomchuí a bhunú i ndáil le fostaithe agus daoine eile atá páirteach sa phróiseas rátála. Ba cheart, go háirithe, sásraí rialaithe inmheánaigh agus feidhm chomhlíonta a bheith san áireamh sna beartais agus nósanna imeachta sin.

(23)Chun tuilleadh soiléireachta a thabhairt agus chun muinín as oibríochtaí soláthraithe rátálacha ESG a fheabhsú, is gá ceanglais a leagan síos maidir le maoirseacht leanúnach ar sholáthraithe rátálacha ESG ar leibhéal an Aontais. Chun cothrom iomaíochta a áirithiú i dtéarmaí maoirseacht leanúnach agus chun deireadh a chur leis an riosca arbatráiste rialála ó Bhallstát go chéile, ba cheart an fhreagracht eisiach as an údarú agus as an maoirseacht sin a chur ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA). An tráth céanna, leis an bhfreagracht eisiach sin ba cheart leithdháileadh acmhainní maoirseachta a optamú ar leibhéal an Aontais, rud a fhágann go bhfuil ESMA ina lárionad maoirseachta.

(24)Ba cheart do ESMA a bheith in ann an fhaisnéis uile is gá a éileamh chun a chúraimí maoirseachta a dhéanamh go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart dó a bheith in ann an fhaisnéis sin a éileamh ó sholáthraithe rátálacha ESG, ó dhaoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí rátála ESG, ó eintitis rátáilte agus ó thríú páirtithe a ndearna soláthraithe rátálacha ESG feidhmeanna oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu agus ó dhaoine a bhaineann nó atá nasctha go dlúth agus go substaintiúil ar shlí eile le soláthraithe rátálacha ESG nó le gníomhaíochtaí rátála ESG.

(25)Ba cheart do ESMA a bheith in ann a chúraimí maoirseachta a chomhlíonadh, agus go háirithe iallach a chur ar sholáthraithe rátála ESG deireadh a chur le sárú, faisnéis iomlán agus cheart a sholáthar, nó imscrúdú nó cigireacht ar an láthair a chomhlíonadh. Chun a áirithiú go mbeidh ESMA in ann na cúraimí maoirseachta sin a dhéanamh, ba cheart do ESMA a bheith in ann pionóis nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur.

(26)I bhfianaise an róil atá aige soláthraithe rátálacha ESG a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu, ba cheart do ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt nach mbaineann roghanna beartais leo lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart do ESMA an fhaisnéis is gá chun soláthraithe rátálacha ESG a údarú a shonrú a thuilleadh. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 .

(27)Ina ról chun soláthraithe rátálacha ESG a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu, ba cheart do ESMA a bheith in ann táillí maoirseachta a ghearradh ar eintitis faoi mhaoirseacht. Ba cheart do na heintitis faoi mhaoirseacht na táillí sin a íoc.

(28)Chun gnéithe teicniúla breise den Rialachán seo a shonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith shonraíochtaí an nós imeachta lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, lena náirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus rialacha mionsonraithe maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú agus cineál na dtáillí, na nithe a bhfuil táillí dlite ina leith, méid na dtáillí, agus an modh ina níocfar na táillí sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 29 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(29)Is gá roinnt beart a bheith ann a thacaíonn le soláthraithe rátálacha ESG níos lú chun a chur ar a gcumas leanúint dá ngníomhaíochtaí, nó dul isteach sa mhargadh tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin an fhéidearthacht go ndéanfadh ESMA soláthraithe rátálacha ESG níos lú a dhíolmhú ó roinnt ceanglas eagraíochtúil i gcás ina gcomhlíonann siad critéir áirithe. Ina theannta sin, ba cheart córas idirthréimhseach a thabhairt isteach do na chéad mhíonna tar éis chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun an chéad chéim den chur i bhfeidhm a éascú do sholáthraithe rátálacha ESG níos lú. Ar deireadh, ba cheart táillí maoirseachta a bheith comhréireach le glanláimhdeachas bliantúil an tsoláthraí rátálacha ESG lena mbaineann.

(30)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leormhaith, is iad sin córas comhsheasmhach agus éifeachtach a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh agus na leochaileachtaí a eascraíonn as rátálacha ESG, ach gur féidir, de bharr fairsinge agus éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(31)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH

Teideal I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, tugtar isteach cur chuige coiteann rialála chun sláine, trédhearcacht, freagracht, dea-rialachas agus neamhspleáchas gníomhaíochtaí rátála ESG a fheabhsú, rud a chuirfidh le trédhearcacht agus cáilíocht rátálacha ESG. Is é is aidhm dó rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus infheisteoirí a bhaint amach san am céanna agus snas glas nó cineálacha eile mífhaisnéise a chosc, lena n‑áirítear snas sóisialta, trí cheanglais trédhearcachta a thabhairt isteach a bhaineann le rátálacha ESG agus rialacha maidir le heagrú agus iompar soláthraithe rátála ESG.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le rátálacha ESG arna neisiúint ag soláthraithe rátála ESG atá ag oibriú san Aontas agus a nochtar go poiblí nó a dháiltear ar ghnóthais airgeadais rialáilte san Aontas, gnóthais a thagann faoi raon feidhme Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó údaráis phoiblí an Aontais nó na mBallstát.

2.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)rátálacha príobháideacha ESG nach bhfuil beartaithe lena nochtadh go poiblí ná lena ndáileadh;

(b)rátálacha ESG arna dtáirgeadh ag gnóthais airgeadais rialáilte san Aontas a úsáidtear chun críoch inmheánach nó chun seirbhísí agus táirgí airgeadais inmheánacha a sholáthar;

(c)soláthar sonraí ESG amha nach náirítear leo gné den rátáil nó den scóráil, agus nach bhfuil faoi réir aon samhaltaithe nó anailíse a bhfuil forbairt rátála ESG mar thoradh air;

(d)rátálacha creidmheasa arna neisiúint de bhun Rialachán (CE) 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 ;

(e)táirgí nó seirbhísí ina gcuimsítear gné de rátáil ESG;

(f)tuairimí dara páirtí maidir le bannaí inbhuanaitheachta;

(g)rátálacha ESG arna dtáirgeadh ag údaráis phoiblí an Aontais nó na mBallstát;

(h)rátálacha ESG ó sholáthraí rátálacha ESG údaraithe a chuireann tríú páirtí ar fáil d’úsáideoirí;

(i)rátálacha ESG arna dtáirgeadh ag bainc cheannais a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)ní íocann an teintiteas rátáilte astu;

(b)ní nochtar don phobal iad;

(c)soláthraítear iad i gcomhréir leis na prionsabail, na caighdeáin agus na nósanna imeachta a áirithíonn leordhóthanacht, sláine agus neamhspleáchas na ngníomhaíochtaí rátála, dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, agus

(d)ní bhaineann siad le hionstraimí airgeadais arna neisiúint ag Ballstáit na mbanc ceannais faoi seach.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)Ciallaíonn ‘rátáil ESG’ tuairim, scór nó meascán den dá rud, maidir le heintiteas, ionstraim airgeadais, táirge airgeadais, nó próifíl nó saintréithe ESG gnóthais nó neamhchosaint ar rioscaí ESG nó an tionchar ar dhaoine, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol, atá bunaithe ar mhodheolaíocht sheanbhunaithe agus ar chóras rangaithe sainithe de chatagóirí rátála agus a chuirtear ar fáil do thríú páirtithe, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an lipéad sainráite ‘rátáil’ nó ‘scór ESG’ ar an rátáil ESG sin;

(2)ciallaíonn ‘tuairim’ measúnú atá bunaithe ar mhodheolaíocht atá riailbhunaithe agus ar chóras rangaithe sainithe maidir le catagóirí rátála, agus ina bhfuil anailísí rátála páirteach go díreach sa phróiseas rátála nó sa phróiseas córas;

(3)ciallaíonn ‘scór’ tomhas atá díorthaithe ó shonraí, agus úsáid á baint as modheolaíocht riailbhunaithe, agus atá bunaithe ar chóras nó samhail staidrimh nó algartamach réamhbhunaithe agus air sin amháin, gan aon ionchur anailíseach substaintiúil breise ó anailísí;

(4)ciallaíonn ‘soláthraithe rátálacha ESG’ duine dlítheanach a thairgeann agus a dháileann rátálacha nó scóir ESG ar bhonn gairmiúil mar chuid dá ghairm;

(5)ciallaíonn ‘gnóthas airgeadais rialáilte san Aontas’ gnóthas, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, ar ceann de na nithe seo a leanas é:

(i)    institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 ;

(ii)    gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 ;

(iii)    bainisteoir cistí infheistíochta malartacha (BCIM) mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 , lena náirítear bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 , bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 agus bainisteoir an ELTIF mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12) de Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 ;

(iv)    cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 ;

(v)    gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 ;

(vi)    gnóthas athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (4), de Threoir 2009/138/CE;

(vii)    institiúid um sholáthar pinsean ceirde mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (6), de Threoir 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 ;

(viii)    institiúidí pinsin a oibríonn scéimeanna pinsin a mheastar a bheith ina scéimeanna slándála sóisialta a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 , agus aon eintiteas dlítheanach a bunaíodh chun infheistíocht a dhéanamh i scéimeanna slándála sóisialta den sórt sin;

(ix)    ciste infheistíochta malartach (CIM) arna bhainistiú ag bainisteoir cistí infheistíochta malartacha (BCIM) mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE nó CIM arna mhaoirsiú faoin dlí náisiúnta is infheidhme;

(x)    GCUI mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2), de Threoir 2009/65/CE;

(xi)    contrapháirtí lárnach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 ;

(xii)    taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 ;

(xiii)    meán sainchuspóireach árachais nó athárachais a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 211 de Threoir 2009/138/CE;

(xiv)    ‘eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 ;

(xv)    cuideachta sealbhaíochta árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (f), de Threoir 2009/138/CE nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (h), de Threoir 2009/138/CE, atá mar chuid de ghrúpa árachais atá faoi réir maoirseachta ar leibhéal an ghrúpa de bhun Airteagal 213 den Treoir sin agus nach bhfuil díolmhaithe ó mhaoirseacht ghrúpa de bhun Airteagal 214(2) den Treoir sin;

(xvi)    institiúid íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (d), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 ;

(xvii)    institiúid ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 ;

(xviii)    soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 ;

(xix)    soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (8), den [togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí i gCriptea-Shócmhainní 48 ] i gcás ina bhfeidhmíonn sé seirbhís criptea-shócmhainní amháin nó níos mó mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (9), den [togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí i gCriptea-shócmhainní];

(xx)    stór trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(xxi)    stór urrúsúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de Rialachán (AE) 2017/2402;

(xxii)    riarthóir tagarmharcanna mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (3), de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 ;

(xxiii)    gníomhaireacht rátála creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009;

(6)ciallaíonn ‘anailísí rátála’ duine a dhéanann feidhmeanna anailíseacha atá riachtanach chun rátálacha ESG a eisiúint;

(7)ciallaíonn ‘eintiteas rátáilte’ duine dlítheanach, ionstraim airgeadais, táirge airgeadais nó údarás poiblí nó comhlacht arna rialú ag an dlí poiblí atá rátáilte go sainráite nó go hintuigthe sa rátáil nó sa scór ESG, gan beann ar cé acu a iarradh nó nár iarradh an rátáil sin lena aghaidh agus gan beann ar cé acu a chuir nó nár chuir an duine dlítheanach faisnéis ar fáil maidir leis an rátáil nó an scór ESG sin;

(8)ciallaíonn ‘úsáideoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach, lena náirítear údarás poiblí nó comhlacht arna rialú ag an dlí poiblí, dá soláthraítear rátáil ESG;

(9)ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis arna nainmniú ag gach Ballstát chun críocha an Rialacháin seo;

(10)ciallaíonn ‘an bhainistíocht shinsearach’ an duine nó na daoine a stiúrann gnó an tsoláthraí rátálacha ESG i ndáiríre mar aon le comhalta nó comhaltaí bhord riaracháin nó maoirseachta an tsoláthraí rátálacha ESG.

(11)ciallaíonn ‘grúpa de sholáthraithe rátálacha ESG’ grúpa gnóthas atá bunaithe san Aontas atá comhdhéanta de mháthairghnóthas agus a chuid fochuideachtaí de réir bhrí Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE, agus gnóthais atá nasctha le chéile trí chaidreamh agus a náirítear soláthar rátálacha ESG mar chuid dá ghairm.

TEIDEAL II

Rátálacha ESG a sholáthar san Aontas

Airteagal 4

Ceanglais maidir le rátálacha ESG a sholáthar san Aontas

Aon duine dlítheanach ar mian leis rátálacha ESG a sholáthar san Aontas, beidh sé faoi réir ceachtar de na nithe seo a leanas:

(a)údarú arna eisiúint ag ESMA dá dtagraítear in Airteagal 5;

(b)cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9;

(c)údarú i gcomhair formhuinithe dá dtagraítear in Airteagal 10.

(d)aitheantas dá dtagraítear in Airteagal 11;

CAIBIDIL 1

Údarú chun rátálacha ESG a sholáthar san Aontas

Airteagal 5

Iarratas ar údarú chun rátáil ESG a sholáthar

1.Daoine dlítheanacha atá bunaithe san Aontas agus ar mian leo rátálacha ESG a sholáthar san Aontas, déanfaidh siad iarratas ar údarú chuig ESMA.

2.Beidh san iarratas ar údarú an fhaisnéis uile a liostaítear in Iarscríbhinn I agus cuirfear isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais é. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle 50 maidir le haon chumarsáid eile idir ESMA agus na soláthraithe rátálacha ESG agus a bhfoireann.

3.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn I a shonrú a thuilleadh.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin XX XXXX XXXX.

Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.Comhlíonfaidh soláthraí rátálacha ESG údaraithe na coinníollacha maidir le húdarú tosaigh i gcónaí.

5.Tabharfaidh soláthraithe rátálacha ESG fógra do ESMA faoi aon athrú ábhartha ar na coinníollacha maidir le húdarú tosaigh, lena náirítear brainse a oscailt nó a dhúnadh laistigh den Aontas, gan moill mhíchuí.

Airteagal 6

Iarratas ar údarú soláthraithe rátála ESG á scrúdú ag ESMA

1.Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a fháil, déanfaidh ESMA measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an tiarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ESMA síos sprioc‑am faoina mbeidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar.

2.Tar éis measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an tiarratas comhlánaithe ina iomláine, tabharfaidh ESMA fógra don iarratasóir faoi thoradh an mheasúnaithe sin.

3.Laistigh de 120 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear i mír 2, glacfaidh ESMA cinneadh lánréasúnaithe údarú a dhéanamh nó a dhiúltú.

4.Féadfaidh ESMA síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 3 go 140 lá oibre, go háirithe i gcás ina ndéanann an tiarratasóir an méid seo a leanas:

(a)beartaíonn sé rátálacha ESG a fhormhuiniú dá dtagraítear in Airteagal 10;

(b)beartaíonn sé seachfhoinsiú a úsáid; nó

(c)iarrann sé díolúine ó chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 20.

5.Tiocfaidh an cinneadh arna ghlacadh ag ESMA de bhun mhír 3 i bhfeidhm ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.

Airteagal 7

Cinneadh an t‑údarú a dheonú nó a dhiúltú chun rátálacha ESG a sholáthar agus fógra a thabhairt faoin gcinneadh sin

1.Déanfaidh ESMA an tiarratasóir a údarú mar sholáthraí rátálacha ESG i gcás ina gcinnfidh sé ó scrúdú ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 6 go gcomhlíonann an tiarratasóir na coinníollacha maidir le soláthar rátálacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.Cuirfidh ESMA an tiarratasóir ar an eolas laistigh de chúig lá oibre ón gcinneadh sin dá dtagraítear sa chéad mhír.

3.Cuirfidh ESMA an Coimisiún, ÚBE agus ÚEÁPC ar an eolas faoi aon chinneadh a ghlactar de bhun mhír 2.

4.Beidh éifeacht leis an údarú i gcríoch an Aontais ina hiomláine.

Airteagal 8

Údarú a tharraingt siar nó a chur ar fionraí

1.Déanfaidh ESMA údarú soláthraí rátálacha ESG a tharraingt siar nó a chur ar fionraí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)tá an soláthraí rátálacha ESG tar éis an túdarú a thréigean go sainráite nó níl aon rátáil ESG curtha ar fáil aige ar feadh 9 mí roimh an tarraingt siar nó roimh an bhfionraí sin;

(b)tá údarú faighte ag an soláthraí rátálacha ESG trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar mhodhanna neamhrialta ar bith eile;

(c)ní chomhlíonann an soláthraí rátálacha ESG na coinníollacha faoinar údaraíodh é a thuilleadh;

(d)tá sárú tromchúiseach déanta ag an soláthraí rátálacha ESG ar an Rialachán seo nó tá sé tar éis é a shárú arís agus arís eile.

2.Beidh éifeacht láithreach ar fud an Aontais ag an gcinneadh maidir le húdarú a tharraingt siar nó a chur ar fionraí.

CAIBIDIL 2

Soláthar rátálacha ESG san Aontas ag soláthraithe rátálacha ESG tríú tír

Airteagal 9

Cinneadh coibhéise

1.Ní bheidh soláthraí rátálacha ESG tríú tír ar mian leis rátálacha ESG a sholáthar san Aontas in ann é sin a dhéanamh ach amháin i gcás ina bhfuil sé san áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 13 agus ar choinníoll gur comhlíonadh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)is duine dlítheanach é an soláthraí rátálacha ESG tríú tír, tá sé údaraithe nó cláraithe mar sholáthraí rátálacha ESG sa tríú tír lena mbaineann, agus tá sé faoi réir maoirseachta ag an tríú tír sin;

(b)thug an soláthraí rátálacha ESG tríú tír fógra do ESMA gur mian leis rátálacha ESG a sholáthar san Aontas agus chuir sé ESMA ar an eolas faoi ainm an údaráis inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh air sa tríú tír;

(c)tá cinneadh coibhéise glactha ag an gCoimisiún de bhun mhír 2;

(d)tá na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 4 i bhfeidhm.

2.Féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear go náirithítear an méid seo a leanas le creat dlíthiúil agus cleachtas maoirseachta tríú tír:

(a)comhlíonann soláthraithe rátálacha ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin ceanglais cheangailteacha atá coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo,

(b)tá comhlíonadh na gceanglas ceangailteach dá dtagraítear i bpointe (a) faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin.

Chun críocha phointe (a), cuirfidh an Coimisiún san áireamh cé acu a áirithítear nó nach n‑áirithítear le creat dlíthiúil agus cleachtas maoirseachta tríú tír comhlíonadh mholtaí IOSCO le haghaidh Rátálacha ESG a foilsíodh i mí na Samhna 2021.

Déanfar an cinneadh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47.

3.Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír a shonrú. Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 a chur faoi réir na nithe seo a leanas:

(a)comhlíonadh éifeachtach ar bhonn leanúnach ag an tríú tír sin maidir le haon choinníoll a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme sin arb é is aidhm dó caighdeáin mhaoirseachta agus rialála choibhéiseacha a áirithiú;

(b)cumas ESMA na freagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach.

4.    Bunóidh ESMA socruithe comhair le húdaráis inniúla tríú tíortha ar aithníodh go bhfuil a gcreat dlí agus a gcleachtais mhaoirseachta coibhéiseach i gcomhréir le mír 2. Sonrófar leis na socruithe sin na nithe uile seo a leanas:

(a)an sásra chun faisnéis a mhalartú idir ESMA agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena náirítear rochtain ar an bhfaisnéis ábhartha uile a iarrann EMSA maidir leis an soláthraí rátálacha ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin;

(b)an sásra chun fógra pras a thabhairt do ESMA i gcás ina measann údarás inniúil tríú tír i dtaca leis an soláthraí rátálacha ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin agus atá faoi mhaoirseacht ag an údarás inniúil tríú tír sin, go bhfuil na coinníollacha a bhaineann le húdarú nó le clárú an tsoláthraí rátálacha ESG á sárú ag an soláthraí sin, nó go bhfuil dlí náisiúnta eile sa tríú tír sin á shárú aige;

(c)na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta, lena n‑áirítear cigireachtaí ar an láthair.

Airteagal 10

Formhuiniú rátálacha ESG arna soláthar ag soláthraí rátálacha ESG tríú tír

1.Féadfaidh soláthraí rátálacha ESG atá lonnaithe san Aontas agus atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 7 rátálacha ESG arna soláthar ag soláthraí rátálacha ESG tríú tír a bhaineann leis an ngrúpa céanna a fhormhuiniú, ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)rinne an soláthraí rátálacha ESG atá lonnaithe san Aontas iarratas chuig ESMA ar an bhformhuiniú sin a údarú;

(b)tá sé fíoraithe ag an soláthraí rátálacha ESG atá lonnaithe san Aontas agus tá sé in ann a léiriú ar bhonn leanúnach do ESMA go gcomhlíonann soláthar na rátála ESG atá le formhuiniú ceanglais atá chomh dian céanna ar a laghad le ceanglais an Rialacháin seo;

(c)tá an saineolas is gá ag an soláthraí rátálacha ESG atá lonnaithe san Aontas chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar sholáthar rátálacha ESG ag an soláthraí rátálacha ESG tríú tír, agus chun aon rioscaí gaolmhara a bhainistiú;

(d)tá cúis oibiachtúil ann nach mór don soláthraí rátálacha ESG tríú tír rátáil ESG a sholáthar agus nach mór an rátáil ESG sin a fhormhuiniú lena húsáid san Aontas;

(e)soláthraíonn an soláthraí rátálacha ESG atá lonnaithe san Aontas an fhaisnéis uile is gá do ESMA, arna iarraidh sin dó, chun a chur ar chumas do ESMA maoirseacht a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag an soláthraí rátálacha ESG tríú tír;

(f)i gcás ina bhfuil soláthraí rátálacha ESG tríú tír faoi réir maoirseachta, tá socrú iomchuí comhair i bhfeidhm idir ESMA agus údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an soláthraí rátálacha ESG lonnaithe, chun malartú éifeachtúil faisnéise a áirithiú;

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh ESMA a mheas maidir le comhlíonadh sholáthar na rátála ESG atá le formhuiniú le moltaí IOSCO le haghaidh rátálacha ESG coibhéiseach, go bhfuil sé coibhéiseach le comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.

2.Soláthraí rátálacha ESG a dhéanann iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh sé an fhaisnéis uile is gá do ESMA chun a dheimhniú do ESMA go bhfuil, tráth an iarratais, na coinníollacha uile dá dtagraítear sa mhír sin comhlíonta.

3.Laistigh de 90 lá oibre ón iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1 a fháil, scrúdóidh ESMA an tiarratas agus cinnfidh sé an formhuiniú a údarú nó diúltú dó. Tabharfaidh ESMA fógra poiblí maidir leis an gcinneadh formhuiniú arna sholáthar ag soláthraí rátálacha ESG tríú tír.

4.Measfar rátáil ESG formhuinithe a bheith ina rátáil ESG arna soláthar ag an soláthraí rátálacha ESG formhuiniúcháin. Ní bhainfidh an soláthraí formhuiniúcháin úsáid as an bhformhuiniú chun ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint ná chun teacht timpeall orthu.

5.Maidir le soláthraí rátálacha ESG a d’fhormhuinigh rátáil ESG a sholáthair soláthraí rátálacha ESG tríú tír, leanfaidh sé de bheith lánfhreagrach as an rátáil ESG sin agus as comhlíonadh na noibleagáidí faoin Rialachán seo.

6.I gcás ina bhfuil cúiseanna a bhfuil bunús maith leo ag ESMA a mheas nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh a thuilleadh, beidh an chumhacht aige a cheangal ar an soláthraí rátálacha ESG formhuiniúcháin scor den fhormhuiniú.

Airteagal 11

Aitheantas a thabhairt do sholáthraithe rátálacha ESG tríú tír

1.Go dtí go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh coibhéise dá dtagraítear in Airteagal 9 nó, i gcás inar glacadh é, i gcás ina naisghairfear an cinneadh coibhéise, maidir le soláthraithe rátálacha ESG tríú tír ag a bhfuil glanláimhdeachas bliantúil faoi bhun EUR 12 mhilliún ar a ngníomhaíochtaí rátála ESG ar feadh 3 bliana as a chéile, féadfaidh siad rátálacha ESG a sholáthar do ghnóthais airgeadais rialáilte san Aontas, ar choinníoll go mbeidh aitheantas tugtha ag ESMA don soláthraí rátálacha ESG tríú tír sin i gcomhréir leis na míreanna seo XX agus YY.

2.Soláthraithe rátálacha ESG tríú tír ar mian leo go naithneofaí iad dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh siad na ceanglais a bhunaítear sa Rialachán seo agus déanfaidh siad iarratas ar aitheantas chuig EMSA. Féadfaidh soláthraithe rátálacha ESG an coinníoll sin a chomhlíonadh trí mholtaí IOSCO maidir le rátálacha ESG a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfuil an cur i bhfeidhm sin coibhéiseach le comhlíonadh na gceanglas a bhunaítear sa Rialachán seo.

Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfaidh ESMA measúnú a rinne iniúchóir seachtrach neamhspleách nó deimhniú ó údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an soláthraí rátálacha ESG sa tríú tír lonnaithe a chur san áireamh.

3.Beidh ionadaí dlíthiúil ag soláthraithe rátálacha ESG tríú tír ar mian leo go naithneofaí iad dá dtagraítear i mír 1. Duine dlítheanach a bheidh san ionadaí dlíthiúil sin atá lonnaithe san Aontas agus atá ceaptha go sainráite ag an soláthraí rátálacha ESG tríú tír sin chun gníomhú thar ceann an tsoláthraí rátálacha ESG sin maidir le hoibleagáidí an tsoláthraí rátálacha ESG sin faoin Rialachán seo agus, ina leith sin, beidh sé cuntasach do ESMA.

4.Soláthróidh an soláthraí rátálacha ESG tríú tír an fhaisnéis seo a leanas do ESMA, roimh an aitheantas dá dtagraítear i mír 1:

(a)gach faisnéis is gá chun ESMA a shásamh gur bhunaigh an soláthraí rátálacha ESG tríú tír sin na socruithe uile is gá chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 a chomhlíonadh;

(b)liosta de na rátálacha ESG iarbhír nó ionchasacha atá beartaithe lena soláthar san Aontas;

(c)i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil sa tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh air.

Fíoróidh ESMA go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 laistigh de 90 lá oibre ón iarratas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil.

5.Tabharfaidh ESMA aitheantas don soláthraí rátálacha ESG tríú tír dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)tá na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2, 3 agus 4 comhlíonta ag an soláthraí rátálacha ESG tríú tír

(b)i gcás ina bhfuil an soláthraí rátálacha ESG tríú tír faoi réir maoirseachta, féachfaidh ESMA le socrú comhair iomchuí a chur i bhfeidhm le húdarás inniúil ábhartha an tríú tír ina bhfuil an soláthraí rátálacha ESG lonnaithe, chun malartú éifeachtúil faisnéise a áirithiú;

6.Ní dheonófar aon aitheantas i gcás ina gcoiscfear feidhmiú éifeachtach fheidhmeanna maoirseachta ESMA faoin Rialachán seo le dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an tríú tír ina bhfuil an soláthraí rátálacha ESG bunaithe, nó, i gcás inarb infheidhme, le teorainneacha ar chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údarás inniúil an tríú tír sin.

7.Déanfaidh ESMA fíneálacha a fhorchur, i gcomhréir le hAirteagal 30, déanfaidh sé an taitheantas dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fionraí nó, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an taitheantas sin a tharraingt siar, i gcás ina bhfuil cúiseanna a bhfuil bunús maith leo aige, bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, chun a mheas gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an soláthraí rátálacha ESG:

(a)go bhfuil sé ag gníomhú, nó go raibh sé ag gníomhú, ar bhealach is léir a dhéanfaidh dochar do leasanna úsáideoirí a rátálacha ESG nó d’fheidhmiú ordúil na margaí;

(b)gur sháraigh sé ar bhealach tromchúiseach na ceanglais is infheidhme a leagtar amach sa Rialachán seo;

(c)go ndearna sé ráitis bhréagacha nó gur úsáid sé aon mhodh neamhrialta eile chun an taitheantas a fháil.

8.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun foirm agus ábhar an iarratais dá dtagraítear i mír 2 a chinneadh agus, go háirithe, chun cur i láthair na faisnéise a cheanglaítear i mír 4 a chinneadh. Cuirfidh ESMA faoi bhráid an Choimisiúin iad.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 12

Socruithe comhair

1.Beidh aon socrú comhair dá dtagraítear in Airteagal 9(4), Airteagal 10(1), pointe (f) agus Airteagal 11(5), pointe (b), faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach in Airteagal 44. Maidir leis an malartú faisnéise arna dhéanamh faoi na socruithe comhair sin, beidh sé ann ar mhaithe le cúraimí ESMA nó na núdarás inniúil a chomhlíonadh.

2.Maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír, cuirfidh ESMA Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 i bhfeidhm.

CAIBIDIL 3

Clár agus inrochtaineacht faisnéise

Airteagal 13

Clár na soláthraithe rátálacha ESG agus inrochtaineacht faisnéise faoin bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)

1.Déanfaidh ESMA clár a bhunú agus a chothabháil ina mbeidh faisnéis maidir leis na nithe uile seo a leanas:

(a)céannacht na soláthraithe rátálacha ESG arna núdarú de bhun Airteagal 7;

(b)céannacht soláthraithe rátálacha ESG tríú tír a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 9 agus na núdarás inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na soláthraithe rátálacha ESG tríú tír sin;

(c)céannacht an tsoláthraí rátálacha ESG formhuiniúcháin agus an soláthraí rátálacha ESG tríú tír formhuinithe dá dtagraítear in Airteagal 10, agus, i gcás inarb infheidhme, na núdarás inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an soláthraí rátálacha ESG tríú tír formhuinithe;

(d)céannacht na soláthraithe rátálacha ESG tríú tír a aithníodh i gcomhréir le hAirteagal 11, agus, i gcás inarb infheidhme, na núdarás inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na soláthraithe rátálacha ESG tríú tír sin;

2.Beidh rochtain phoiblí ar an gclár dá dtagraítear i mír 1 ar shuíomh gréasáin ESMA agus tabharfar cothrom le dáta go pras é, de réir mar is gá.

3.Ón 1 Eanáir 2028, nuair a bheidh aon fhaisnéis á cur ar fáil don phobal de bhun Airteagal 18(1) agus Airteagal 21(1), cuirfidh an soláthraí rátálacha ESG an fhaisnéis sin faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo an tráth céanna le haghaidh inrochtaineacht ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

4.Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear sin faoi dhlí an Aontais, i bhformáid atá inléite ag meaisín, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];

(b)beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(1)ainmneacha uile an tsoláthraí rátálacha ESG atá ag cur isteach na faisnéise;

(2)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tsoláthraí rátálacha ESG mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];

(3)méid an tsoláthraí rátálacha ESG mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];

(4)an cineál faisnéise mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];

(5)meiteashonraí lena sonraítear cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh an soláthraí rátálacha ESG an taitheantóir eintitis dhlítheanaigh mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].

6.Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar ESAP, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].

7.Ón 1 Eanáir 2028, cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus in Airteagal 10(3), Airteagal 33(1), Airteagal 34 agus Airteagal 35 ar fáil ar ESAP. Chun na críche sin, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), den Rialachán sin. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], áireofar inti na meiteashonraí a mhéid a bhaineann leis na hainmneacha agus, i gcás ina mbeidh fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tsoláthraí rátálacha ESG mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin, an cineál faisnéise mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin agus cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

8.Chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 3 a bhailiú agus a riar go héifeachtúil, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)meiteashonraí ar bith eile a bheidh ag gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)struchtúrú na sonraí atá san fhaisnéis;

(c)an fhaisnéis a bhfuil formáid atá inléite ag meaisín ag teastáil ina leith agus cén fhormáid atá inléite ag meaisín atá le húsáid.

Sula ndéanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt, déanfaidh ESMA measúnú costais agus tairbhe. Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí éagsúla atá inléite ag meaisín agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

9.Más gá, glacfaidh ESMA treoirlínte d’eintitis chun a áirithiú go bhfuil na meiteashonraí a chuirtear isteach i gcomhréir le mír 8, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

TEIDEAL III

SLÁINE AGUS IONTAOFACHT GNÍOMHAÍOCHTAÍ RÁTÁLA ESG

CAIBIDIL 1

Ceanglais eagraíochtúla, próisis agus doiciméid a bhaineann le rialachas

Airteagal 14

Prionsabail ghinearálta

1.Áiritheoidh soláthraithe rátálacha ESG neamhspleáchas a ngníomhaíochtaí rátála, lena náirítear ó gach tionchar nó srian polaitiúil agus eacnamaíoch.

2.Beidh rialacha agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag soláthraithe rátálacha ESG lena náiritheofar go ndéanfar a rátáil ESG a sholáthar agus a fhoilsiú nó a chur ar fáil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.Bainfidh soláthraithe rátálacha ESG úsáid as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá leormhaith agus éifeachtach chun a noibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

4.Déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG beartais agus nósanna imeachta i scríbhinn a ghlacadh agus a chur chun feidhme lena náiritheofar go mbeidh a gcuid rátálacha ESG bunaithe ar anailís chríochnúil ar an bhfaisnéis ábhartha uile atá ar fáil dóibh.

5.Glacfaidh soláthraithe rátálacha ESG beartais agus nósanna imeachta inmheánacha maidir le dícheall cuí lena n‑áirithítear nach gcuireann a leasanna gnó isteach ar neamhspleáchas ná ar chruinneas na ngníomhaíochtaí measúnúcháin.

6.Glacfaidh soláthraithe rátálacha ESG nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta slána, sásraí rialaithe inmheánaigh, agus socruithe rialaithe agus cosanta éifeachtacha maidir le córais próiseála faisnéise agus cuirfidh siad chun feidhme iad.

7.Bainfidh soláthraithe rátálacha ESG úsáid as modheolaíochtaí rátála diana, córasacha, oibiachtúla agus ar féidir bailíochtú a dhéanamh orthu le haghaidh na rátálacha ESG a sholáthraíonn siad, agus cuirfidh siad na modheolaíochtaí rátála sin i bhfeidhm go leanúnach.

8.Déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG athbhreithniú ar na modheolaíochtaí rátála dá dtagraítear i mír 6 ar bhonn leanúnach agus uair sa bhliain ar a laghad.

9.Déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG faireachán agus meastóireacht ar bhonn bliantúil ar a laghad ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na gcóras, na nacmhainní agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2 agus déanfaidh siad bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon easnamh.

10.Déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG feidhm formhaoirseachta bhuan agus éifeachtach a bhunú agus a chothabháil chun formhaoirseacht a áirithiú ar gach gné de sholáthar a rátálacha ESG.

Déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG nósanna imeachta láidre a fhorbairt agus a chothabháil maidir lena bhfeidhm formhaoirseachta.

11.Déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG bearta a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú chun a áirithiú go mbeidh a rátálacha ESG bunaithe ar anailís chríochnúil ar an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil dóibh agus atá ábhartha dá nanailís i gcomhréir lena modheolaíochtaí rátála. Glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a úsáideann siad chun rátálacha ESG a shannadh ar chaighdeán sách ard agus go bhfaightear an fhaisnéis sin as foinsí iontaofa. Luafaidh soláthraithe rátálacha ESG go sainráite gurb é a dtuairim féin atá ina rátálacha ESG.

12.Ní nochtfaidh soláthraithe rátálacha ESG faisnéis faoina gcaipiteal intleachtúil, faoina maoin intleachtúil, faoina bhfios gnó ná faoi thorthaí na nuálaíochta a cháileodh mar rúin trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 .

13.Ní dhéanfaidh soláthraithe rátálacha ESG athruithe ar a rátálacha ESG ach amháin i gcomhréir lena modheolaíochtaí rátála arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 21.

Airteagal 15

Gnó agus gníomhaíochtaí a dheighilt

1.Ní sholáthróidh soláthraithe rátálacha ESG aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)gníomhaíochtaí comhairliúcháin d’infheisteoirí nó do ghnóthais;

(b)rátálacha creidmheasa a eisiúint agus a dhíol;

(c)tagarmharcanna a fhorbairt;

(d)gníomhaíochtaí infheistíochta;

(e)gníomhaíochtaí iniúchóireachta;

(f)gníomhaíochtaí baincéireachta, árachais nó athárachais.

2.Áiritheoidh soláthraithe rátálacha ESG nach gcruthófar le soláthar seirbhísí eile seachas na seirbhísí sin dá dtagraítear i mír 1 rioscaí coinbhleachtaí leasa laistigh dá ghníomhaíochtaí rátála ESG.

Airteagal 16

Anailísithe rátála, fostaithe agus daoine eile atá páirteach i soláthar rátálacha ESG

1.Áiritheoidh soláthraithe rátálacha ESG go mbeidh an teolas agus an taithí is gá chun na dualgais agus na cúraimí a shanntar a chomhlíonadh ag anailísithe rátála, fostaithe agus aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a chuid seirbhísí ar fáil nó faoina rialú agus a bhfuil baint dhíreach aige le soláthar rátálacha ESG, lena náirítear anailísithe a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseas rátála agus daoine a bhfuil baint acu le soláthar scór.

2.Áiritheoidh soláthraithe rátálacha ESG nach gceadaítear do na daoine dá dtagraítear i mír 1 caibidlíocht maidir le táillí nó íocaíochtaí a thionscnamh, nó páirt a ghlacadh iontu, le haon eintiteas rátáilte nó le haon duine a bhfuil nasc aige go díreach nó go hindíreach leis an eintiteas rátáilte trí rialú.

3.Ní cheannóidh ná ní dhíolfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 aon ionstraim airgeadais arna heisiúint, arna ráthú nó arna tacú ar shlí eile ag aon eintiteas rátáilte seachas sealúchais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe, lena náirítear cistí bainistithe, ná ní bheidh siad i mbun aon idirbhirt in ionstraimí airgeadais den sórt sin.

4.Ní bheidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 páirteach i rátáil ESG aon eintitis rátáilte a chinneadh, ná ní imreoidh siad tionchar ar bith ar an rátáil ESG a chinneadh, i gcás inar fíor an méid seo a leanas faoi na daoine sin:

(a)go bhfuil ionstraimí airgeadais leis an eintiteas rátáilte acu, seachas sealúchais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe;

(b)go bhfuil ionstraimí airgeadais le haon eintiteas acu, a bhfuil gaol aige le heintiteas rátáilte, agus go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith i gceist leis an úinéireacht sin, nó go bhféadfadh an dearcadh ginearálta a bheith ann go bhfuil coinbhleacht leasa i gceist léi, seachas sealúchais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe;

(c)go raibh siad fostaithe le déanaí san eintiteas rátáilte, nó go raibh caidreamh gnó nó caidreamh eile acu leis an eintiteas rátáilte a d’fhéadfadh coinbhleacht leasa a chruthú nó a d’fhéadfadh an dearcadh ginearálta a chruthú go bhfuil coinbhleacht leasa ann.

5.Áiritheoidh soláthraithe rátálacha ESG go ndéanfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 na nithe seo a leanas:

(a)go ndéanann siad gach beart réasúnach chun maoin agus taifid atá i seilbh an tsoláthraí rátálacha ESG a chosaint ar chalaois, ar ghoid nó ar mhí-úsáid, agus aird á tabhairt ar chineál, scála agus castacht ghnó an tsoláthraí rátálacha ESG agus ar chineál agus raon na ngníomhaíochtaí rátála ESG;

(b)nach roinneann siad faisnéis rúnda a cuireadh de chúram ar an soláthraí rátálacha ESG le haon duine nach bhfuil baint dhíreach aige le gníomhaíochtaí rátála ESG a sholáthar, lena náirítear anailísithe rátála agus fostaithe aon duine atá nasctha go díreach nó go hindíreach le soláthraí rátálacha ESG trí rialú, agus aon duine nádúrtha eile a bhfuil nó a raibh a chuid seirbhísí ar fáil ag aon duine, nó faoi rialú aon duine, atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an soláthraí rátálacha ESG trí rialú;

(c)nach núsáideann nó nach roinneann siad faisnéis rúnda chun aon chríche eile seachas chun gníomhaíochtaí rátála ESG a sholáthar, lena náirítear chun ionstraimí airgeadais a thrádáil.

6.Daoine dá dtagraítear i mír 1 a mheasann go raibh iompar a mheasann siad a bheith neamhdhleathach ar bun ag aon duine eile dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh siad an rannóg comhlíontachta ar an eolas faoi láithreach. Áiritheoidh an soláthraí rátálacha ESG nach mbeidh aon iarmhairt dhiúltach ag an tuairisciú sin ar an duine a dhéanfaidh an tuairisciú.

7.I gcás ina gcuireann anailísí rátála deireadh lena fhostaíocht nó lena fostaíocht le soláthraí rátálacha ESG agus ina dtéann sé nó sí isteach in eintiteas rátáilte a raibh baint aige nó aici lena rátáil, déanfaidh an soláthraí rátálacha ESG athbhreithniú ar obair an anailísí rátála ar feadh na bliana roimh imeacht dó nó di.

8.Ní rachaidh daoine dá dtagraítear i mír 1 i mbun príomhphost bainistíochta laistigh d’eintiteas rátáilte a raibh baint acu lena rátáil ar feadh sé mhí tar éis an rátáil sin a sholáthar.

Airteagal 17

Ceanglais maidir le coimeád taifead

1.Déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG a ngníomhaíochtaí rátála ESG a thaifeadadh. Beidh an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn II sna taifid sin.

2.Coinneoidh soláthraithe rátálacha ESG an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar feadh 5 bliana ar a laghad agus i bhfoirm gur féidir an cinneadh maidir le rátáil ESG a mhacasamhlú agus a thuiscint go hiomlán.

Airteagal 18

Sásra láimhseála gearán

1.Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag soláthraithe rátálacha ESG maidir le taifid a bhaineann le gearáin a dhéantar a fháil, a imscrúdú agus a choinneáil agus foilseoidh siad na nósanna imeachta sin ar a suíomh gréasáin.

2.Leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)go gcuireann an soláthraí rátálacha ESG an beartas láimhseála gearán ar fáil go poiblí trínar féidir gearáin a chur isteach maidir leis na nithe seo a leanas:

(1)na foinsí sonraí a úsáidtear le haghaidh rátáil shonrach ESG;

(2)an chaoi ar cuireadh an mhodheolaíocht rátála i bhfeidhm i ndáil le rátáil shonrach ESG;

(3)cé acu atá nó nach bhfuil rátáil shonrach ESG ionadaíoch don eintiteas rátáilte;

(4)athrú atá beartaithe ar an bpróiseas cinnteoireachta maidir le rátáil ESG;

(5)cinntí eile i ndáil leis an rátáil ESG;

(b)go ndéantar imscrúdú ar ghearáin ar bhealach tráthúil agus cothrom agus go gcuirtear toradh an imscrúdaithe in iúl don ghearánach laistigh de thréimhse réasúnach ama, mura rud é go mbeadh an chumarsáid sin contrártha do chuspóirí an bheartais phoiblí nó do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 ;

(c)go ndéantar an fiosrúchán go neamhspleách ar aon phearsanra a raibh baint acu le hábhar an ghearáin.

Airteagal 19

Seachfhoinsiú

1.Ní dhéanfaidh soláthraithe rátálacha ESG feidhmeanna oibríochtúla tábhachtacha a sheachfhoinsiú i gcás ina ndéanfadh an seachfhoinsiú sin dochar ábhartha do cháilíocht bheartais agus nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh an tsoláthraí rátálacha ESG, nó do chumas an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh a oibleagáidí faoin Rialachán seo ag an soláthraí rátálacha ESG.

2.Maidir le soláthraithe rátálacha ESG a sheachfhoinsíonn feidhmeanna nó aon seirbhís nó aon ghníomhaíocht atá ábhartha maidir le rátáil ESG a sholáthar, leanfaidh siad de bheith lánfhreagrach as na hoibleagáidí go léir faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

3.Maidir le soláthraithe rátálacha ESG a sheachfhoinsíonn feidhmeanna nó aon seirbhís nó aon ghníomhaíocht atá ábhartha maidir le rátáil ESG a sholáthar, leanfaidh siad de bheith lánfhreagrach as an bhfaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a nochtadh.

Airteagal 20

Díolúintí maidir le ceanglais rialachais

1.Féadfaidh ESMA soláthraí rátálacha ESG a dhíolmhú, arna iarraidh sin dó, ó chuid de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 14 a chomhlíonadh i gcás ina mbeidh an soláthraí rátálacha ESG sin in ann a léiriú nach bhfuil na ceanglais sin comhréireach i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a ghnó agus i bhfianaise cineál agus raon eisiúna rátálacha ESG agus ar choinníoll:

(a)gur gnóthas beag nó meánmhéide é an soláthraí rátálacha ESG de réir na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE;

(b)go bhfuil bearta agus nósanna imeachta curtha chun feidhme ag an soláthraí rátálacha ESG, agus go háirithe sásraí rialaithe inmheánaigh, socruithe tuairiscithe agus bearta, lena náirithítear neamhspleáchas na nanailísithe rátála agus na ndaoine a fhormheasann rátálacha ESG agus lena áirithítear gcomhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo;

(c)nach gcinntear méid an tsoláthraí rátálacha ESG ar bhealach lena seachnódh soláthraí rátálacha ESG nó grúpa soláthraithe rátálacha ESG ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

2.I gcás grúpa soláthraithe rátálacha ESG, áiritheoidh ESMA go bhfuil ar a laghad ceann amháin de na soláthraithe rátálacha ESG sa ghrúpa nach bhfuil díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

CAIBIDIL 2

Ceanglais trédhearcachta

Airteagal 21

Na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomhthoimhdí rátála a úsáidtear i ngníomhaíochtaí rátála ESG a nochtadh don phobal

1.Nochtfaidh soláthraithe rátálacha ESG ar a suíomh gréasáin na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomhthoimhdí rátála a úsáideann siad ina ngníomhaíochtaí rátála ESG, lena náirítear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III.

2.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na heilimintí atá le nochtadh i gcomhréir le mír 1 a shonrú a thuilleadh.

3.Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin XX XXXX XXXX.

Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 22

Nochtadh do shuibscríobhaithe rátálacha ESG agus d’eintitis rátáilte

1.Nochtfaidh soláthraithe rátálacha ESG, ar a laghad, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III dá suibscríobhaithe agus do na heintitis rátáilte.

2.Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na heilimintí atá le nochtadh i gcomhréir le mír 1 a shonrú a thuilleadh.

3.Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin XX XXXX XXXX.

Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 3

Neamhspleáchas agus coinbhleachtaí leasa

Airteagal 23

Neamhspleáchas agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint

1.Beidh socruithe daingne rialachais i bhfeidhm ag soláthraithe rátálacha ESG, lena náirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil le róil agus freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha do gach duine a bhfuil baint acu le rátáil ESG a sholáthar.

2.Déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG gach beart is gá chun a áirithiú nach ndéanfar difear d’aon rátáil ESG a sholáthraítear le haon choinbhleacht leasa atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann, nó le haon chaidreamh gnó, ón soláthraí rátálacha ESG féin nó óna scairshealbhóirí, bainisteoirí, anailísithe rátála, fostaithe nó aon duine nádúrtha eile a bhfuil a chuid seirbhísí ar fáil ag soláthraithe rátálacha ESG, nó faoi rialú soláthraithe rátálacha ESG, nó aon duine, atá nasctha go díreach nó go hindíreach leo trí rialú.

3.I gcás ina bhfuil baol ann go mbeidh coinbhleacht leasa ann laistigh de sholáthraí rátálacha ESG mar gheall ar struchtúr úinéireachta, leasanna urlámhais, nó gníomhaíochtaí an tsoláthraí rátálacha ESG sin, nó aon eintiteas ar leis nó a rialaíonn an soláthraí rátálacha ESG, nó eintiteas atá faoi úinéireacht nó faoi rialú an tsoláthraí rátálacha ESG, nó aon chleamhnaí de chuid an tsoláthraí rátálacha ESG, féadfaidh ESMA a cheangal ar an soláthraí rátálacha ESG bearta a dhéanamh chun an riosca sin a mhaolú. Féadfar a áireamh ar na bearta sin feidhm formhaoirseachta neamhspleách a bhunú a dhéanfaidh ionadaíocht ar pháirtithe leasmhara, lena náirítear úsáideoirí rátálacha ESG agus rannchuiditheoirí leis na rátálacha sin, ar bhealach cothrom.

I gcás nach féidir coinbhleacht leasa dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhainistiú go leormhaith, féadfaidh ESMA a cheangal ar an soláthraí rátálacha ESG scor de na gníomhaíochtaí nó de na caidrimh lena gcruthaítear an choinbhleacht leasa, nó féadfaidh sé a cheangal ar an soláthraí rátálacha ESG scor de na rátálacha ESG a sholáthar.

4.Déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG gach coinbhleacht leasa atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann a nochtadh do ESMA, lena náirítear coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as úinéireacht nó rialú na soláthraithe rátálacha ESG.

5.Bunóidh agus oibreoidh soláthraithe rátálacha ESG beartais, nósanna imeachta agus socruithe eagraíochtúla éifeachtacha chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a nochtadh, a chosc, a bhainistiú agus a mhaolú. Déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG na beartais, na nósanna imeachta agus na socruithe sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Leis na beartais, na nósanna imeachta agus na socruithe sin, coiscfear, bainisteofar nó maolófar go sonrach coinbhleachtaí leasa mar gheall ar úinéireacht nó rialú an tsoláthraí rátálacha ESG nó mar gheall ar leasanna eile i ngrúpa an tsoláthraí rátálacha ESG, nó coinbhleachtaí leasa arb iad daoine eile a imríonn tionchar nó rialú ar an soláthraí rátálacha ESG is cúis leo i ndáil leis an rátáil ESG a chinneadh.

6.Déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG athbhreithniú gach bliain ar a laghad ar a gcuid oibríochtaí chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint.

Airteagal 24

Coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann ó fhostaithe a bhainistiú

1.Áiritheoidh soláthraithe rátálacha ESG gur fíor an méid seo a leanas maidir lena bhfostaithe agus aon duine nádúrtha eile a bhfuil a gcuid seirbhísí ar fáil acu nó faoina rialú agus a bhfuil baint dhíreach acu le soláthar rátáil ESG:

(a)go bhfuil na scileanna is gá acu chun a gcúraimí agus a ndualgais a chomhlíonadh agus go bhfuil siad faoi réir bainistíocht agus maoirseacht éifeachtach;

(b)nach bhfuil siad faoi réir tionchar míchuí nó coinbhleachtaí leasa;

(c) nach gcruthaíonn cúiteamh agus meastóireacht feidhmíochta na ndaoine sin coinbhleachtaí leasa nó nach gcuireann siad isteach ar shláine phróiseas cinnteoireachta na rátála ESG ar bhealach eile;

(d)nach bhfuil aon leasanna ná naisc ghnó acu a chuireann isteach ar ghníomhaíochtaí an tsoláthraí rátálacha ESG;

(e)go bhfuil toirmeasc orthu rannchuidiú le cinneadh rátála ESG trí dhul i mbun tairiscintí ceannaigh, tairiscintí díola agus trádálacha ar bhonn pearsanta nó thar ceann rannpháirtithe sa mhargadh, ach amháin i gcás ina gceanglaítear go sainráite an rannchuidiú sin mar chuid den mhodheolaíocht rátála ESG agus ina bhfuil sé faoi réir rialacha sonracha a leagtar síos sa mhodheolaíocht sin;

(f)go bhfuil siad faoi réir nósanna imeachta éifeachtacha chun malartú faisnéise a rialú le fostaithe eile atá páirteach i ngníomhaíochtaí a d’fhéadfadh riosca coinbhleachtaí leasa a chruthú nó le tríú páirtithe, i gcás ina bhféadfadh an fhaisnéis sin difear a dhéanamh don rátáil ESG.

2.Bunóidh soláthraithe rátálacha ESG nósanna imeachta sonracha maidir le rialú inmheánach chun sláine agus iontaofacht an fhostaí nó an duine a chinnfidh an rátáil ESG a áirithiú, lena náirítear síniú inmheánach na bainistíochta sula scaipfear an rátáil ESG.

Airteagal 25

Caitheamh go cothrom, réasúnach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach le húsáideoirí rátálacha ESG

1.Déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG bearta leormhaithe chun a áirithiú go mbeidh na táillí a mhuirearófar ar chliaint cothrom, réasúnach, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad bunaithe ar chostais.

2.Chun críocha mhír 1, féadfaidh ESMA a cheangal ar sholáthraithe rátálacha ESG fianaise dhoiciméadaithe a sholáthar dó, féadfaidh sé bearta maoirseachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 33, agus féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh fíneálacha a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 34 i gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil táillí ó sholáthraithe rátálacha ESG cothrom, réasúnach, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus nach bhfuil siad bunaithe ar chostais iarbhír.

CAIBIDIL 4

Maoirseacht arna déanamh ag ESMA

Roinn 1

Prionsabail ghinearálta

Airteagal 26

Gan cur isteach ar ábhar na rátálacha nó na modheolaíochtaí

Agus ESMA, an Coimisiún nó aon údarás poiblí de chuid Ballstáit ag comhlíonadh a ndualgais faoin Rialachán seo, ní chuirfidh siad isteach ar ábhar rátálacha nó modheolaíochtaí ESG.

Airteagal 27

ESMA

1.I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ESMA treoirlínte a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta maidir leis an gcomhar idir ESMA agus na húdaráis inniúla chun críocha an Rialacháin seo, lena náirítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha mionsonraithe a bhaineann le tarmligean cúraimí.

2.I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, treoirlínte a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta maidir le cur i bhfeidhm an chórais formhuinithe dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo faoin XX XXXX XXXX.

3.Foilseoidh ESMA tuarascáil bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena náirítear maidir le bearta maoirseachta arna ndéanamh agus pionóis arna bhforchur ag ESMA faoin Rialachán seo, lena náirítear fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Beidh sa tuarascáil sin, go háirithe, faisnéis maidir le héabhlóid an Mhargaidh Rátálacha ESG agus measúnú ar chur i bhfeidhm na gcóras tríú tír dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 agus 11.

Cuirfidh ESMA an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

4.Comhoibreoidh ESMA le ÚBE agus ÚEÁPC agus a chúraimí á gcur i gcrích aige agus rachaidh sé i gcomhairle le ÚBE agus ÚEÁPC sula ndéanfaidh sé treoirlínte a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta agus sula gcuirfidh sé isteach dréachtchaighdeáin theicniúla rialála.

Airteagal 28

Údaráis inniúla

1.Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil chun críocha an Rialacháin seo faoin XX XXXX XXXX.

2.Beidh foireann leormhaith, ó thaobh acmhainne agus saineolais de, ag na húdaráis inniúla chun go mbeidh siad in ann an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 29

Na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 30 go 32 a fheidhmiú

Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do ESMA nó d’aon oifigeach de chuid ESMA nó d’aon duine eile arna údarú ag ESMA le hAirteagail 30 go 32, ní úsáidfear iad chun a éileamh go nochtfaí faisnéis nó doiciméid atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil.

Airteagal 30

Iarrataí ar fhaisnéis

1.Féadfaidh ESMA, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, a cheangal ar sholáthraithe rátálacha ESG, ar dhaoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí rátála ESG, ar eintitis rátáilte, ar thríú páirtithe a ndearna soláthraithe rátálacha ESG feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu, agus ar dhaoine a bhaineann nó atá nasctha go dlúth agus go substaintiúil ar shlí eile le soláthraithe rátálacha ESG nó le gníomhaíochtaí rátála ESG, gach faisnéis a sholáthar atá uaidh chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.

2.Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh faoi mhír 1, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:

(a)déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí don iarratas;

(b)luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

(d)socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;

(e)cuirfidh sé an duine ar a n‑iarrtar an fhaisnéis ar an eolas nach bhfuil aon oibleagáid ann an fhaisnéis a sholáthar, ach i gcás ina dtugtar aon fhreagra ar an iarraidh, nach ceart go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear mícheart ná míthreorach;

(f)léireoidh sé an fhíneáil a ndéantar foráil maidir léi in Airteagal 34, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach.

3.Nuair a éilítear faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 le cinneadh, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:

(a)déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí don iarratas;

(b)luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

(d)socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;

(e)sonróidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ndéantar foráil maidir leo in Airteagal 35 i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilítear neamhiomlán;

(f)sonróidh sé an fhíneáil a ndéantar foráil maidir léi in Airteagal 34, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

(g)sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair an Bhoird Achomhairc agus an ceart chun an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagail 60 agus 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n‑ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó i gcás comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar. Féadfaidh dlíodóirí arna n‑údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraíonn na dlíodóirí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.Déanfaidh ESMA cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh gan mhoill chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 a mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis leo nó chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe.

Airteagal 31

Imscrúduithe ginearálta

1.Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA gach imscrúdú is gá a dhéanamh maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 30(1). Chuige sin, cumhachtófar d’oifigigh ESMA agus do dhaoine eile arna n‑údarú ag ESMA an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)scrúdú a dhéanamh ar aon taifead, ar aon sonraí, ar aon nós imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;

(b)cóipeanna deimhnithe a thógáil nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c)aon duine dá dtagraítear in Airteagal 30(1) nó a n‑ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;

(d)agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar imscrúdaithe;

(e)taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

2.Déanfaidh oifigigh ESMA agus daoine eile arna n‑údarú ag ESMA chun críocha na n‑imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Sonrófar leis an údarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ndéantar foráil maidir leo in Airteagal 35(1) i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile a éilítear nó na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal nó má tá na nithe sin neamhiomlán, agus sonrófar leis an údarú freisin na fíneálacha a ndéantar foráil maidir leo in Airteagal 34 i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal mícheart nó míthreorach.

3.Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 30(1) faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinnidh de chuid ESMA. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ndéantar foráil maidir leo in Airteagal 3, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus an ceart an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

4.In am trátha sula ndéanfar an t‑imscrúdú, cuirfidh ESMA údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t‑imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarraidh a fháil ó ESMA, tabharfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann cúnamh do na daoine údaraithe sin agus a ndualgais á gcur i gcrích acu. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin.

5.Más gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

6.I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú ar ábhar é sin dá dtagraítear i mír 5, rialóidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta go bhfuil cinneadh ESMA barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na n‑imscrúduithe. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ESMA mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ESMA amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ESMA a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ESMA faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 32

Cigireachtaí ar an láthair

1.Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA na cigireachtaí ar an láthair go léir is gá a dhéanamh ag áitreabh gnó na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 30(1). Féadfaidh ESMA an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin chun na cigireachtaí a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil.

2.Féadfaidh oifigigh ESMA agus na daoine eile arna n‑údarú ag ESMA cigireacht ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó agus talamh de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ESMA agus beidh na cumhachtaí uile a shonraítear in Airteagal 31(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó agus aon leabhar nó aon taifead a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

3.Oifigigh ESMA agus daoine eile arna n‑údarú ag ESMA chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh, déanfaidh siad a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird lena sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ndéantar foráil maidir leo in Airteagal 31 i gcás nach ngéilleann na daoine lena mbaineann don chigireacht. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh ESMA fógra faoin gcigireacht d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sí le déanamh.

4.Géillfidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 30(1) do chigireachtaí ar an láthair arna n‑ordú le cinneadh ó ESMA. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, sonrófar ann an dáta a bheidh sí le tosú agus léireofar ann na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ndéantar foráil maidir leo in Airteagal 31, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh ESMA na cinntí sin tar éis dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.

5.Oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin arna n‑údarú nó arna gceapadh ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, tabharfaidh siad cúnamh gníomhach d’oifigigh ESMA agus do dhaoine eile arna n‑údarú ag ESMA, arna iarraidh sin ag ESMA. Chuige sin, beidh na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2 acu. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin, arna iarraidh sin.

6.Féadfaidh ESMA freisin a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 31(1) a dhéanamh thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ESMA de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 31(1).

7.I gcás ina bhfaigheann oifigigh ESMA agus daoine tionlacain eile arna n‑údarú ag ESMA amach go bhfuil duine ag cur in aghaidh cigireachta arna hordú de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

8.Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas de réir na rialacha náisiúnta gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

9.I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú ar ábhar é sin dá dtagraítear i mír 8, rialóidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta go bhfuil cinneadh ESMA barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ESMA mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ESMA amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ESMA a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ESMA faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Roinn 2

Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile

Airteagal 33

Bearta maoirseachta arna ndéanamh ag ESMA

1.I gcás ina bhfaighidh ESMA amach nár chomhlíon soláthraí rátálacha ESG a oibleagáidí faoin Rialachán seo, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta maoirseachta seo a leanas:

(a)údarú an tsoláthraí rátálacha ESG a tharraingt siar;

(b)toirmeasc sealadach a chur ar an soláthraí rátálacha ESG rátálacha ESG a sholáthar, go dtí go gcuirfear deireadh leis an sárú;

(c)úsáid rátálacha ESG arna soláthar ag an soláthraí rátálacha ESG a chur ar fionraí, go dtí go gcuirfear deireadh leis an sárú;

(d)a cheangal ar an soláthraí rátálacha ESG deireadh a chur leis an sárú;

(e)fíneálacha a fhorchur de bhun Airteagal 34;

(f)fógraí poiblí a eisiúint.

2.Beidh na bearta maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

3.Nuair a bheidh na bearta maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, cuirfidh ESMA cineál agus tromchúis an tsáraithe san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a)fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b)cé acu a bhí nó nach raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, cé acu a éascaíodh nó nár éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó cé acu a bhí nó nach raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;

(c)cé acu d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

(d)leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(e)láidreacht airgeadais an tsoláthraí rátálacha ESG, mar a léirítear lena ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán;

(f)an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;

(g)tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh agus na gcaillteanas a sheachain an soláthraí rátálacha ESG nó na caillteanais do thríú páirtithe a d’eascair as an sárú, a mhéid is féidir na brabúis agus na caillteanais sin a chinneadh;

(h)leibhéal comhair an tsoláthraí rátálacha ESG le ESMA, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an soláthraí rátálacha ESG sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(i)sáruithe a rinne an soláthraí rátálacha ESG roimhe sin;

(j)bearta a rinne an soláthraí rátálacha ESG tar éis an tsáraithe chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc.

4.Tabharfaidh ESMA fógra, gan moill mhíchuí, don duine atá freagrach as an sárú faoi aon ghníomhaíocht a rinneadh de bhun mhír 1. Déanfaidh ESMA aon ghníomhaíocht den sórt sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.

Beidh na nithe seo a leanas uile san fhoilseachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)ráiteas lena ndearbhófar ceart an tsoláthraí rátálacha ESG achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh;

(b)i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

(c)ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil ESMA ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 34

Fíneálacha

1.I gcás ina gcinnfidh ESMA gur sháraigh soláthraí rátálacha ESG, nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí dlíthiúil, an Rialachán seo d’aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil. 10 % de ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán an tsoláthraí rátálacha ESG a bheidh in uasmhéid na fíneála, arna ríomh ar bhonn na ráiteas airgeadais is déanaí atá ar fáil agus arna fhormheas ag comhlacht bainistíochta an tsoláthraí rátálacha ESG.

2.I gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta máthairghnóthais é an soláthraí rátálacha ESG a bhfuil sé de cheangal air cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú de bhun Threoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an glanláimhdeachas bliantúil iomlán, nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse na cuntasaíochta, de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.

3.Cuirfear na critéir a leagtar amach in Airteagal 33(3) san áireamh le linn don leibhéal fíneála a bheith á chinneadh de bhun mhír 1.

4.D’ainneoin mhír 3, i gcás inar bhain an soláthraí rátálacha ESG tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.

5.I gcás inar mó ná sárú amháin ar an Rialachán seo gníomh nó neamhghníomh soláthraí rátálacha ESG, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde arna ríomh i gcomhréir le mír 2 agus a mhéid a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.

Airteagal 35

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.Déanfaidh ESMA, trí chinneadh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun iallach a chur:

(a)ar sholáthraí rátálacha ESG deireadh a chur le sárú i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 33;

(b)ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 30(1):

(1)chun faisnéis iomlán a sholáthar, ar iarradh í le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 30;

(2)chun géilleadh d’imscrúdú agus go háirithe taifid, sonraí, nósanna imeachta iomlána nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a chuirtear ar fáil in imscrúdú arna sheoladh ag cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 30 a iomlánú agus a cheartú;

(3)géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 32.

2.Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfidh ESMA an íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar bhonn laethúil go dtí go gcomhlíonfaidh an soláthraí rátálacha ESG nó an duine lena mbaineann an cinneadh ábhartha dá dtagraítear i mír 1.

3.D’ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin, nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

4.Déanfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh uastréimhse 6 mhí tar éis an fógra faoin gcinneadh ó ESMA a fháil. Tar éis dheireadh na tréimhse sin, athbhreithneoidh ESMA an beart.

Airteagal 36

Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a nochtadh, a fhorfheidhmiú agus a leithdháileadh agus cineál na bhfíneálacha agus na n‑íocaíochtaí sin

1.Déanfaidh ESMA gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a d’fhorchuir sé de bhun Airteagail 34 agus 35 a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfí margaí airgeadais an Aontais i gcontúirt mhór leis an nochtadh sin don phobal nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Ní bheidh sa nochtadh sin sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 54 .

2.Is de chineál riaracháin iad na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagail 34 agus 35.

3.Beidh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagail 34 agus 35 in‑fhorfheidhmithe.

Déanfar forfheidhmiú na bhfíneálacha agus na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a rialú leis na rialacha nós imeachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéantar an forfheidhmiú.

4.Déanfar na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Roinn 3

Nósanna imeachta agus athbhreithniú

Airteagal 37

Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur

1.I gcás ina bhfaigheann ESMA amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann maidir le sárú a d’fhéadfadh a bheith ann ar an Rialachán seo, ceapfaidh ESMA oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ESMA chun an cheist a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an toifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go hindíreach, i maoirseacht na rátálacha ESG lena mbaineann an sárú agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna nó feidhmeoidh sí a cuid feidhmeanna go neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ESMA.

2.Déanfaidh an toifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na líomhaintí maidir le sáruithe a fhiosrú, cuirfidh sé san áireamh aon bharúil a chuir daoine atá faoi réir an imscrúdaithe isteach, agus cuirfidh sé comhad iomlán ina mbeidh a chuid torthaí nó a cuid torthaí faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ESMA.

3.Beidh an chumhacht ag an oifigeach imscrúdúcháin faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 30 agus imscrúduithe a sheoladh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 32.

4.Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ESMA ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

5.Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir an imscrúdaithe a urramú go hiomlán le linn na nimscrúduithe a dhéanfar faoin Airteagal seo.

6.Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chuid torthaí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ESMA, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe.

7.Ar bhonn an chomhaid ina bhfuil torthaí an oifigigh imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, tar éis éisteacht a thabhairt do na daoine sin i gcomhréir le hAirteagal 38, déanfaidh Bord Maoirseoirí ESMA measúnú cé acu a rinne nó nach ndearna duine amháin nó níos mó atá faoi réir an imscrúdaithe na sáruithe lena mbaineann agus, i gcás ina gcinnfidh sé go ndearnadh sáruithe den sórt sin, déanfaidh sé beart maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 33 agus forchuirfidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 34.

8.Ní bheidh an toifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ESMA ná ní dhéanfaidh sé idirghabháil ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ESMA.

9.Déanfaidh an Coimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha nós imeachta breise a ghlacadh maidir le feidhmiú chumhacht ESMA fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena náirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus trí rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

Glacfar na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 45.

10.Déanfaidh ESMA ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta lena mbaineann i gcás ina naimseoidh sé, agus a chúraimí faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gur ann d’fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ní fhorchuirfidh ESMA fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras comhionann nó fíorais arb ionann iad den chuid is mó, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 38

Éisteacht a thabhairt do na daoine atá faoi réir imscrúduithe

1.Sula ndéanfaidh ESMA aon chinneadh de bhun Airteagail 33, 34 agus 35, tabharfaidh sé an deis do na daoine atá faoi réir na nimeachtaí éisteacht a fháil faoina thorthaí. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na nimeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ESMA a chinntí.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 33 chun gardhamáiste mór don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ESMA cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis dó a chinneadh a dhéanamh.

2.Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n‑imeachtaí a urramú go hiomlán sna himscrúduithe. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ESMA, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ESMA san áireamh sa cheart chun rochtain a fháil ar an gcomhad.

Airteagal 39

Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí trínar fhorchuir ESMA fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a neamhniú, a laghdú nó a mhéadú.

Roinn 4

Táillí agus tarmligean

Airteagal 40

Táillí maoirseachta

1.Déanfaidh ESMA táillí a mhuirearú ar na soláthraithe rátálacha ESG i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 2. Cumhdófar go hiomlán leis na táillí sin caiteachas riachtanach ESMA maidir le maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe rátálacha ESG agus aisíoc aon chostas a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, agus go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 41.

2.Beidh méid táille aonair comhréireach le glanláimhdeachas bliantúil an tsoláthraí rátálacha ESG lena mbaineann.

Faoin XX XXXX XXXX, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 45 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí, an modh ina n‑íocfar iad agus, i gcás inarb infheidhme, an bealach a aisíocfaidh ESMA na húdaráis inniúla a shonrú i leith aon chostas a d’fhéadfadh a bheith tabhaithe acu agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 41.

CAIBIDIL 5

Comhar idir ESMA agus údaráis inniúla náisiúnta

Airteagal 41

ESMA cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla

1.I gcás inar gá chun cúram maoirseachta a dhéanamh go cuí, féadfaidh ESMA cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d’eisigh ESMA de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfar a áireamh ar na cúraimí maoirseachta sonracha sin, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 30 agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 32.

2.Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ESMA i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:

(a)raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b)an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh;

(c)tarchur na faisnéise riachtanaí ag ESMA agus chuig ESMA.

3.Aisíocfaidh ESMA údarás inniúil as costais arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 45.

4.Athbhreithneoidh ESMA aon tarmligean arna dhéanamh i gcomhréir le mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfaidh ESMA tarmligean a chúlghairm tráth ar bith.

5.Ní dhéanfaidh tarmligean cúraimí difear do fhreagracht ESMA ná ní chuirfidh sé teorainn le cumas ESMA an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú. Ní dhéanfaidh ESMA freagrachtaí maoirseachta a tharmligean, lena náirítear cinntí údarúcháin, measúnuithe críochnaitheacha agus cinntí leantacha a bhaineann le sáruithe.

Airteagal 42

Malartú faisnéise

Tabharfaidh ESMA agus na húdaráis inniúla dá chéile, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis atá de dhíth chun a gcuid dualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo.

Airteagal 43

Fógraí agus iarrataí fionraíochta ó údaráis inniúla

1.Údarás inniúil Ballstáit a chinneann go bhfuil gníomhartha lena sáraítear an Rialachán seo á ndéanamh nó déanta ar chríoch a Bhallstáit féin nó ar chríoch Ballstáit eile, cuirfidh sé ESMA ar an eolas faoi sin. Féadfaidh údarás inniúil a mheasann gurb iomchuí é chun críoch imscrúdúcháin a mholadh do ESMA go ndéanfadh sé measúnú ar an ngá atá le húsáid a bhaint as na cumhachtaí faoi Airteagal 30 i ndáil leis an soláthraí rátálacha ESG a bhfuil baint aige leis na gníomhartha sin.

2.Déanfaidh ESMA gníomhaíocht iomchuí. Cuirfidh ESMA an túdarás inniúil a thug an fógra ar an eolas faoin toradh agus, a mhéid is féidir, faoi aon fhorbairtí eatramhacha móra.

3.Maidir le húdarás inniúil Ballstáit a thug an fógra a mheasann, i dtaca le soláthraí rátálacha ESG a liostaítear sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 13 agus a núsáidtear a rátálacha ESG laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, go bhfuil an Rialachán seo sáraithe ag soláthraí rátálacha ESG ar bhealach ina bhfuil tionchar mór ar chosaint infheisteoirí nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sa Bhallstát sin, féadfaidh an túdarás inniúil sin a iarraidh ar ESMA soláthar rátálacha ESG ag an soláthraí rátálacha ESG lena mbaineann a chur ar fionraí. Tabharfaidh an túdarás inniúil a thug an fógra na cúiseanna iomlána atá leis an iarraidh sin do ESMA.

4.I gcás ina measann ESMA nach bhfuil bonn cirt leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh sé an túdarás inniúil a thug an fógra ar an eolas faoi sin i scríbhinn, agus leagfaidh sé amach na cúiseanna lena thuairim. I gcás ina measann ESMA go bhfuil bonn cirt leis an iarraidh, déanfaidh sé na bearta iomchuí chun an tsaincheist a réiteach.

Airteagal 44

Rúndacht ghairmiúil

1.Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir le ESMA, maidir leis na húdaráis inniúla, agus maidir le gach duine a oibríonn nó a d’oibrigh do ESMA, do na húdaráis inniúla nó d’aon duine eile a ndearna ESMA cúraimí a tharmligean chuige, lena n‑áirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ESMA.

2.    Measfar gur faisnéis rúnda í an fhaisnéis uile a mhalartaítear faoin Rialachán seo idir ESMA, na húdaráis inniúla, ÚBE, ÚEÁPC agus BERS, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina sonraíonn ESMA nó an túdarás inniúil nó údarás nó comhlacht eile lena mbaineann tráth na cumarsáide go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh;

(b)i gcás ina bhfuil gá le nochtadh i gcomhair imeachtaí dlí;

(c)i gcás ina núsáidtear an fhaisnéis a nochtar in achoimre nó i bhfoirm chomhiomlán nach féidir rannpháirtithe aonair sa mhargadh airgeadais a shainaithint inti.

TEIDEAL IV

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 45

An tarmligean a fheidhmiú agus a chúlghairm agus agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 5, 21, 22 agus 40 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta teacht i bhfeidhm].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 5, 21, 22 agus 40 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 7, 33, 34 agus 40 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [2 mhí] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

7.Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 6 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann. Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag más rud é go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

8.Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagal 296 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna leis an agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 46

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Chun forbairtí, lena n‑áirítear forbairtí idirnáisiúnta, ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh, go háirithe i ndáil le hairgeadas inbhuanaithe, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 45, bearta a ghlacadh chun na hIarscríbhinní a leasú.

Airteagal 47

Nós imeachta coiste

1.Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste Eorpach um Urrúis a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún 55 . Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 a bheidh sa choiste sin.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

TEIDEAL V

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 48

Forálacha idirthréimhseacha

1.Soláthraithe rátálacha ESG a sholáthair a seirbhísí ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tabharfaidh siad fógra do ESMA laistigh de 3 mhí más mian leo leanúint dá seirbhísí a thairiscint agus iarratas a dhéanamh ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 5. Sa chás sin, déanfaidh siad iarratas ar údarú laistigh de 6 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.De mhaolú ar an gcéad mhír, déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG arna gcatagóiriú mar ghnóthas beag agus meánmhéide faoi Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE iarratas ar údarú laistigh de 24 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.Tabharfaidh soláthraithe rátálacha ESG arna gcatagóiriú mar ghnóthas beag agus meánmhéide faoi Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE atá ag teacht isteach sa mhargadh tar éis [cuir isteach dáta an teacht i bhfeidhm] fógra do ESMA sula dtosóidh siad ag tairiscint a gcuid seirbhísí agus déanfaidh siad iarratas ar údarú laistigh de 12 mhí ón bhfógra sin.

Airteagal 49

Athbhreithniú

1.Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoin [cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

2.Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar phríomhthorthaí na meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Agus an mheastóireacht á déanamh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé forbairtí sa mhargadh agus an fhianaise ábhartha atá ar fáil dó san áireamh.

3.I gcás ina measann an Coimisiún gurb iomchuí sin, beidh togra reachtach chun forálacha ábhartha an Rialacháin seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil.

Airteagal 50

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle] maidir le trédhearcacht agus oibríochtaí soláthraithe Rátálacha Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG).

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

An réimse beartais: Cobhsaíocht airgeadais, seirbhísí airgeadais agus aontas na margaí caipitil

1.3.Baineann an togra le 

 beart nua

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 57  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta 

Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht Mhargadh Aonair na hEorpa agus rannchuidiú leis an aistriú chuig córas eacnamaíoch agus airgeadais atá iomlán inbhuanaithe agus cuimsitheach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Is féidir é sin a bhaint amach trí fheabhas a chur ar chumas infheisteoirí cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le hinbhuanaitheacht infheistíochtaí agus trí chuidiú le cuideachtaí a bhfeidhmíocht inbhuanaitheachta a thuiscint.

Ós rud é go n‑úsáidtear rátálacha ESG agus sonraí bunúsacha le haghaidh cinntí infheistíochta agus leithdháileadh caipitil, is é cuspóir an tionscnaimh – trí sholáthraithe rátálacha ESG a rialáil - cáilíocht agus trédhearcacht rátálacha ESG a fheabhsú ionas go mbeidh infheisteoirí agus cuideachtaí rátáilte in ann cinntí níos eolaí a dhéanamh maidir le bainistiú rioscaí ESG agus tionchar a n‑infheistíochtaí nó a n‑oibríochtaí. An tráth céanna, tá sé ríthábhachtach iontaoibh agus muinín a chothú in oibríochtaí soláthraithe rátálacha ESG trína áirithiú go n‑oibríonn an margadh i gceart agus go ndéanann soláthraithe rátálacha ESG coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú.

1.4.2.Cuspóirí sonracha 

Tá dhá chuspóir shonracha ann, a bhaineann leis an dá chúis fadhbanna:

- Soiléireacht mhéadaithe maidir le saintréithe rátálacha ESG (an chiall atá leo agus na cuspóirí a shaothraítear leo), na modheolaíochtaí agus na foinsí sonraí nó na meastacháin a úsáidtear chun rátálacha ESG a fháil.

- Soiléireacht mhéadaithe a sholáthar maidir le hoibríochtaí soláthraithe rátálacha ESG agus a áirithiú go gcuirfear cosc ar rioscaí coinbhleachtaí leasa ar leibhéal soláthraithe rátálacha ESG, agus go ndéantar iad a mhaolú.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Leis an Togra seo, ba cheart trédhearcacht agus soiléireacht a sholáthar maidir le hoibríochtaí soláthraithe rátálacha ESG. Ba cheart go rachadh sé sin chun tairbhe d’úsáideoirí na rátálacha sin ach freisin do chuideachtaí rátáilte agus do pháirtithe leasmhara eile. Rannchuideoidh sé le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus cuspóirí na straitéise maidir le maoiniú inbhuanaithe.

Beidh tionchair eacnamaíocha mhóra dhíreacha agus indíreacha ag an Togra ar na páirtithe ábhartha. Ar an gcéad dul síos, beidh soláthraithe rátálacha ESG faoi réir ceanglais nochta agus ceanglais oibríochtúla eile, rud a chiallaíonn go mbeidh costais i gceist. Ansin, bainfidh úsáideoirí rátálacha ESG agus eintitis rátáilte tairbhe as tuilleadh trédhearcachta maidir le saintréithe rátálacha ESG agus oibríochtaí soláthraithe rátálacha ESG. Déanfar difear d’údaráis phoiblí (ESMA) freisin, go háirithe maidir le maoirseacht ar sholáthraithe rátálacha ESG a thabhairt isteach, fiú má dhéanfar í laistigh den struchtúr atá acu cheana.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta 

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Sainaithníodh na táscairí feidhmíochta seo a leanas:

Cuspóir Uimh. 1

-    líon rátálacha ESG a chuirtear ar fáil;

-    líon rátálacha ESG a bhfuil rioscaí airgeadais agus/nó cuspóirí tionchair acu;

-    faisnéis a chuireann soláthraithe rátálacha ESG ar fáil don phobal ar líne, go háirithe forbairt leabhrán/páipéar faisnéise sa deireadh;

-    cé chomh héagsúil atá rátálacha/scóir ESG a thomhaiseann na gnéithe céanna idir gníomhaireachtaí rátála éagsúla, agus go háirithe an laghdaíonn an éagsúlacht thar ama;

-    cé acu atá comhchoibhneas rátálacha ESG le cuspóirí comhchosúla méadaithe nó nach bhfuil.

Cuspóir Uimh. 2

-    an fás atá ag teacht ar úsáid rátálacha ESG ag úsáideoirí agus ag eisitheoirí;

-    méid agus sciar margaidh infheistíochta ESG bunaithe ar rátálacha ESG;

-    an líon scannal a bhaineann le rátálacha ESG.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tá an togra seo ina dhlúthchuid de straitéis athnuaite an Choimisiúin Eorpaigh maidir le maoiniú inbhuanaithe a glacadh i mí Iúil 2021. Tá ról cumasúcháin ag rátálacha comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) maidir le feidhmiú cuí mhargadh airgeadais inbhuanaithe an Aontais trí fhoinsí ríthábhachtacha faisnéise a sholáthar le haghaidh straitéisí infheistíochta, bainistiú riosca agus oibleagáidí nochta ag infheisteoirí agus ag institiúidí airgeadais. Tá siad á n‑úsáid freisin ag cuideachtaí a fhéachann le tuiscint níos fearr a fháil ar rioscaí agus deiseanna inbhuanaitheachta a bhaineann lena ngníomhaíochtaí nó le gníomhaíochtaí a gcomhpháirtithe, agus chun comparáid a dhéanamh lena bpiaraí.

Is é is aidhm don togra seo leas níos mó a bhaint as acmhainneacht Mhargadh Aonair na hEorpa agus Aontas na Margaí Caipitil agus rannchuidiú leis an aistriú chuig córas eacnamaíoch agus airgeadais atá iomlán inbhuanaithe agus cuimsitheach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

Tá easnaimh sa mhargadh rátálacha ESG atá ann faoi láthair agus níl sé ag feidhmiú i gceart, agus ní chomhlíontar riachtanais infheisteoirí agus eintiteas rátáilte maidir le rátálacha ESG agus tá an bonn á bhaint de mhuinín as rátálacha. Tá roinnt gnéithe éagsúla ag baint leis an bhfadhb seo, go príomha (i) an easpa trédhearcachta maidir le saintréithe rátálacha ESG, agus na modheolaíochtaí agus foinsí sonraí a bhaineann leo agus (ii) an easpa soiléireachta maidir leis an gcaoi a n‑oibríonn soláthraithe rátálacha ESG. Dá bhrí sin, níl rátálacha ESG ag teacht lena gcuspóir agus ní chuireann siad ar a gcumas d’úsáideoirí, infheisteoirí agus eintiteas rátáilte cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le rioscaí, tionchair agus deiseanna a bhaineann le ESG.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Níl aon chreat rialála AE ann faoi láthair le haghaidh soláthraithe rátálacha ESG. Ní rialaíonn na Ballstáit gníomhaíochtaí soláthraithe rátálacha ESG ná na coinníollacha faoina soláthraíonn siad a dtáirgí nó a seirbhísí.

Cuspóir an tionscnaimh seo, is é sin soiléireacht a fheabhsú maidir le saintréithe rátálacha ESG ach freisin maidir le hoibríochtaí soláthraithe rátálacha ESG, ní féidir leis na Ballstáit é a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú go neamhspleách. Tá gá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun go bhfeidhmeoidh margaí caipitil an Aontais go cuí agus chun rannchuidiú leis an aistriú chuig córas eacnamaíoch agus airgeadais atá iomlán inbhuanaithe agus cuimsitheach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

De réir mar a dtugtar aird níos mó ar infheistíocht inbhuanaithe agus rátálacha ESG i ndlínsí ar fud an domhain, tá sé tábhachtach don Aontas teagmháil a dhéanamh lena chomhpháirtithe ar bhonn cur chuige Eorpach comhleanúnach agus cuimsitheach.

Cé go bhféadfadh na Ballstáit beart a dhéanamh ina n‑aonar chun iontaofacht agus trédhearcacht rátálacha ESG a neartú, is dócha go mbeidh éagsúlacht mhór idir na bearta sin ó Bhallstát go Ballstát agus d’fhéadfadh sé go gcruthódh sé sin leibhéil éagsúla trédhearcachta, bacainní do rannpháirtithe sa mhargadh agus dúshláin dóibh siúd a oibríonn thar theorainneacha (mar a dhéantar i margadh an Aontais, agus úsáideoirí lonnaithe i roinnt Ballstát), agus go gcuirfeadh sé teorainn le hinchomparáideacht idir rátálacha. Chruthódh sé sin saincheisteanna agus mearbhall do chuideachtaí rátáilte agus d’úsáideoirí rátálacha araon agus d’fhéadfadh sé nach dtabharfaí an chosaint chéanna d’infheisteoirí i ngach Ballstát mar thoradh air sin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Ar bhonn taithí ar mhaoirseacht ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa (CRAnna), agus toisc nach bhfuil an tábhacht shistéamach chéanna ag rátálacha ESG faoi láthair i gcomparáid le rátálacha creidmheasa, beidh gá, dá bhrí sin, le leibhéal déine maoirseachta atá níos ísle ná an leibhéal atá á úsáid ag ESMA faoi láthair do CRAnna. Dá bhrí sin, agus comparáid á déanamh leis na costais mhaoirseachta do CRAnna, laghdaíodh líon FTEnna faoi níos mó ná 50 %, ar an tuiscint go n‑éilíonn soláthraithe rátálacha ESG leibhéal déine maoirseachta atá níos ísle ná an leibhéal a úsáideann ESMA do CRAnna faoi láthair.

Mar sin féin, is dócha go bhfásfaidh ról rátálacha ESG san éiceachóras airgeadais agus go dtiocfaidh méadú ar an úsáid a bhaintear astu chun críocha rialála go luath amach anseo, agus dá bhrí sin is dócha go dtiocfaidh méadú ar dhéine na gcúraimí maoirseachta freisin.

De réir comparáide le CRAnna – faoi láthair tá 29 CRA cláraithe nó deimhnithe ag ESMA, cé go bhfuil 59 soláthraí rátálacha ESG ag oibriú san Aontas.

Ón taithí atá ann cheana maidir le CRAnna a chlárú, meastar faoi láthair go dtógfadh sé 0,5 FTE 6 mhí aon eintiteas amháin a chlárú, gan beann ar a mhéid. Is léir ón taithí a fuarthas freisin nach dócha go bhféadfaí clárú eintitis a chur i gcrích níos tapúla ná laistigh de 6 mhí.

Léiríonn ceachtanna a foghlaimíodh ó rialáil a dhéanamh ar mhargaí nua/soláthraithe nua (amhail CRAnna nó Riarthóirí Tagarmharcanna) gurb é an phríomhiarracht sa chéad bhliain/sna chéad bhlianta eintitis atá ann cheana a údarú/a chlárú, ach ón dara bliain ar aghaidh, áfach, sa bhreis ar chlárú/údarú, ní mór do bhaill foirne maoirseacht a dhéanamh ar eintitis a údaraíodh/a cláraíodh sna blianta roimhe sin.

Mar chomparáid, tá 37 TA agus 14 CA (51 san iomlán) in ESMA arna mbuiséadú faoi fhoghníomhaíocht na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa le haghaidh 2023. Áirítear leis sin croífhoireann agus seirbhísí láraithe. Cuireadh de chúram ar ESMA maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar CRAnna in 2011. Is léir ó na ceachtanna a foghlaimíodh le 12 bhliain anuas go bhfuil gá le foireann a bhfuil taithí acu agus atá fostaithe ar bhonn buan le haghaidh maoirseacht dhíreach ar eintiteas, agus dá bhrí sin i gcás maoirseacht ar CRAnna, tá i bhfad níos mó gníomhairí sealadacha ná gníomhairí ar conradh.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá an Coimisiún tiomanta d’aistriú glas a bhaint amach i ngeilleagar an Aontais, mar atá leagtha amach i dTeachtaireacht an Mhargaidh Ghlais Eorpaigh ó mhí na Nollag 2019 agus sa Straitéis maidir le Maoiniú an Aistrithe chuig Geilleagar Inbhuanaithe.

Cuirfidh an togra maidir le rátálacha ESG leis an gclár oibre seo trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht maidir leis na hoibríochtaí a dhéanann cineál tábhachtach rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, rud a chuideoidh freisin le hinfheistíochtaí príobháideacha a threorú i dtionscadail agus i ngníomhaíochtaí inbhuanaithe.

Tá an togra reachtach seo ag teacht leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Chuirfí de chúram ar ESMA údaruithe a dheonú agus maoirseacht a dhéanamh ar an earnáil ar bhonn leanúnach, a mbeadh tuilleadh acmhainní ag teastáil ina leith. Meastar gur thart ar EUR 3,7-3,8 milliún a bheidh sa mhéadú iomlán bliantúil ar chostais. Ní íocfaidh buiséad an Aontais an costas sin, ós rud é go ndéanfar foráil sa togra chun é a chur ar a chumas do ESMA táillí údaraithe agus maoirseachta a ghearradh ar sholáthraithe rátálacha ESMA 58 , ionas go gcumhdófar na costais mhaoirseachta go léir. Tá sé seo cosúil le réimsí eile ina bhfuil ESMA freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar eintitis áirithe (e.g. gníomhaireachtaí rátála creidmheasa).

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

 tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [DD/MM]YYYY go dtí an [DD/MM]YYYY

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2022 go dtí 2024,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 59   

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún trí

   ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

☑ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a sholáthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais leo;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

Nótaí

Neamhbhainteach

 

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

I gcomhréir le socruithe atá ann cheana, ullmhaíonn na ÚMEnna tuarascálacha rialta ar a ngníomhaíochtaí (lena n‑áirítear tuairisciú inmheánach don bhainistíocht shinsearach, tuairisciú do na boird agus tuarascáil bhliantúil a thabhairt ar aird), agus tá siad faoi réir a n‑iniúchta ag Cúirt na nIniúchóirí agus ag Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin maidir lena n‑úsáid acmhainní agus a bhfeidhmíocht. An faireachán agus an tuairisciú a dhéantar ar na bearta a áirítear sa togra, beidh siad i gcomhréir leis na ceanglais atá ann cheana agus le haon cheanglais nua a leanann as an togra seo.

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Is go hindíreach trí ÚMEnna a dhéanfar an bhainistíocht. Dhéanfaí an sásra cistiúcháin a chur chun feidhme trí tháillí údaraithe agus maoirseachta a thoibhíonn ESMA ar sholáthraithe rátálacha ESG.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

I ndáil leis an úsáid dhlíthiúil, eacnamaíoch, éifeachtúil agus éifeachtach a bhaintear as leithreasuithe a leanann as an togra, meastar nach dtabharfaí rioscaí suntasacha nua isteach leis an togra nach gcumhdófaí le creat rialaithe inmheánaigh atá ann cheana. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbainfeadh dúshlán nua lena áirithiú go mbailítear táillí ó sholáthraithe rátálacha ESG go tráthúil.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Cuirtear chun feidhme cheana féin na córais bhainistíochta agus rialaithe dá bhforáiltear sna Rialacháin maidir le ÚMEnna. Oibríonn ÚMEnna i ndlúthchomhar le Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin lena áirithiú go gcomhlíontar na caighdeáin iomchuí i réimsí uile an chreata rialaithe inmheánaigh. Beidh feidhm ag na socruithe sin freisin maidir le ról ÚMEnna de réir an togra reatha. Ina theannta sin, déanann Parlaimint na hEorpa, gach bliain airgeadais de bhun moladh ón gComhairle, urscaoileadh a thabhairt do gach ÚME chun a bhuiséad a chur chun feidhme.


2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Chun calaois, éillitheacht agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, tá feidhm ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) maidir le ÚMEnna gan aon srian. Tá straitéis frithchalaoise thiomnaithe agus plean gníomhaíochta a thagann aisti ag na ÚMEnna. Na gníomhaíochtaí treisithe atá ag na ÚMEnna i réimse na frithchalaoise, beidh siad i gcomhréir leis na nithe seo a leanas: na rialacha agus an treoir dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais (bearta frithchalaoise mar chuid de bhainistíocht airgeadais fhónta), beartais coiscthe calaoise OLAF, na forálacha dá bhforáiltear faoi Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin (COM(2011)376), agus a leagtar amach sa Chur Chuige Coiteann i ndáil le gníomhaireachtaí díláraithe AE (Iúil 2012) agus an treochlár i ndáil leis sin. Ina theannta leagtar amach sna Rialacháin lena mbunaítear ÚMEnna agus i Rialacháin Airgeadais ÚMEnna na forálacha maidir le buiséid agus rialacha airgeadais infheidhme ÚMEnna a chur chun feidhme agus a rialú, lena n‑áirítear iad sin atá dírithe ar chalaois agus neamhrialtachtaí a chosc.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN 60

ó thíortha de chuid CSTE 61

ó thíortha is iarrthóirí 62

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

Neamhbhainteach

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN.

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

Neamhbhainteach

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar an gcaiteachas 

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

Uimhir

[Ceannteideal........................................................................]

[Comhlacht]: <…….>

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Teideal 1:

Gealltanais

(1)

Íocaíochtaí

(2)

Teideal 2:

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2a)

Teideal 3:

Gealltanais

(3a)

Íocaíochtaí

(3b)

IOMLÁN leithreasuithe 
le haghaidh [comhlacht] <…….>

Gealltanais

=1+1a +3a

Íocaíochtaí

=2+2a

+3b





Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní Daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN AS <….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

Íocaíochtaí

3.2.2.An tionchar measta ar leithreasuithe ESMA 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 63

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1: Eintitis a ionduchtú chuig an gcóras tuairiscithe maoirseachta

- Aschur

Eintitis a ionduchtaíodh

40

0,035

10

0,005

9

0,005

59

0,045

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

40

0,035

10

0,005

9

0,005

59

0,045

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán le haghaidh chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

40

0,035

10

0,005

9

0,005

59

0,045

3.2.3.An tionchar measta ar acmhainní daonna ESMA

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Foirne sealadacha (Gráid AD)

0,587

1,198

1,222

3,006

Foirne sealadacha (gráid AST)

0,098

0,200

0,203

0,501

Baill foirne ar conradh

0,918

1,873

1,720

4,512

Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

IOMLÁN 64

1,603

3,271

3,145

8,020

Riachtanais foirne (FTE):

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Foirne sealadacha (Gráid AD)

6

6

6

18

Foirne sealadacha (gráid AST)

1

1

1

3

Baill foirne ar conradh

12

12

10

34

Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

IOMLÁN

19

19

17

 

3.2.3.2.Na riachtanais acmhainní daonna a mheastar a bheidh ag an máthair-Ard-Stiúrthóireacht

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Cuir isteach na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 agus 20 01 02 02 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (in aonad Coibhéise Lánaimseartha: FTE) 65

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

Líne bhuiséid/línte buiséid (sonraigh)  66

- sa Cheanncheathrú 67  

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

Ba cheart tuairisc ar ríomh na gcostas le haghaidh aonaid FTE a áireamh in Iarscríbhinn V, roinn 3.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

Neamhbhainteach

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 68 .

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

Neamhbhainteach

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

   Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

   Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir leis an gcómhaoiniú atá measta thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán

Meastachán ar chostais arna gcumhdach ag táillí maoirseachta

1,911

3,833

3,685

9,430

IOMLÁN leithreasuithe arna gcómhaoiniú (lena n‑áirítear ranníocaíochtaí pinsin fostóra)

1,911

3,833

3,685

9,430

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam..

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 69

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imreofar tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.



Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach

Toimhdí Ginearálta:

·Tiocfaidh an reachtaíocht i bhfeidhm sa dara leath de 2024.

·Cuirfear tús le maoirseacht dhíreach agus táillí 6 mhí ina dhiaidh sin, in 2025.

·Ríomhadh an costas a bhaineann le caiteachas breise foirne (Teideal I) agus úsáid á baint as na meánchostais foirne is infheidhme ó mhí Eanáir 2023, is iad sin EUR 171 000 in aghaidh an Ghníomhaire Shealadaigh agus EUR 91 000 in aghaidh an Ghníomhaire ar Conradh (i.e., na costais chaighdeánacha gan costas ‘habillage’ caighdeánach EUR 29 000 don fhoirgneamh agus costais TF a bhaineann le FTEnna breise a chur san áireamh).

Rinneadh an chomhéifeacht cheartúcháin is infheidhme faoi láthair do Pháras (118,7) a chur i bhfeidhm maidir leis na costais chaighdeánacha sin, a ndearnadh innéacsú orthu ag 2 % do na blianta tar éis 2023 (i gcomhréir leis an gcleachtas caighdeánach nuair a chláraítear buiséad an Aontais agus é á chur san áireamh go bhféadfadh boilsciú a bheith níos lú i mblianta áirithe agus i mblianta eile go bhféadfadh sé a bheith níos mó).

·Ríomhadh costas an chaiteachais bhreise bonneagair agus oibriúcháin (Teideal II) trí úsáid a bhaint as leithdháileadh caighdeánach ‘habillage’ EUR 29 000 le haghaidh costas foirgneamh agus TF a bhaineann le FTEnna breise, arna innéacsú ag 2 % do na blianta tar éis 2023. Ina theannta sin, rinneadh costas caighdeánach EUR 2 500 in aghaidh FTE (arna innéacsú freisin ag 2 % do na blianta tar éis 2023) a chur san áireamh le haghaidh costais riaracháin eile nach gcumhdaítear leis an leithdháileadh ‘habillage’.

Rinneadh an tionchar réamh-mheasta ar bhuiséad an Aontais a mheas ar an mbonn seo a leanas:

Teideal I – Caiteachas ar phearsanra

·Tá na ríomhanna bunaithe ar na sonraí seo a leanas: tá 59 neintiteas ag feidhmiú san Aontas, agus tá 30 díobh sin lonnaithe san Aontas agus 29 lasmuigh den Aontas. I gcás na neintiteas nach bhfuil lonnaithe an Aontas, beidh 3 bhealach ann dóibh chun seirbhísí a sholáthar san Aontas: a) coibhéis b) formhuiniú c) aitheantas. Beidh déine na gcúraimí maoirseachta éagsúil ag brath ar shuíomh na soláthraithe (san Aontas nó lasmuigh den Aontas).

Eintitis atá lonnaithe san Aontas: Maidir leis an 30 soláthraí ESG atá lonnaithe san Aontas Eorpach (3 eintiteas mór + 6 eintiteas meánmhéide + 9 eintiteas beag + 12 mhicreintiteas): i) sa bhliain (n), tógfaidh sé 6 mhí chun 30 eintiteas atá lonnaithe san Aontas a údarú (CAnna) + 6 mhí de mhaoirseacht ar na heintitiss sin atá údaraithe cheana a údarú (TAnna). ii) sa bhliain (n)+ 1 maoirseacht ar 30 eintiteas. iii) sa bhliain (n)+ 2, maoirseacht ar 30 eintiteas.

·Toimhdí maidir le soláthraithe AE: Measann an Coimisiún, ar bhonn an ionchuir ó ESMA, go dtógfaidh sé 1,7 FTE chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraí mór rátálacha ESG agus 0,2 FTE chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraí beag rátálacha ESG. Tá sé sin bunaithe ar an toimhde nach bhfuil an tábhacht shistéamach chéanna ag rátálacha ESG i gcomparáid le rátálacha creidmheasa agus go mbeidh gá, dá bhrí sin, le leibhéal déine maoirseachta atá níos ísle ná an leibhéal atá á úsáid ag ESMA faoi láthair do CRAnna, agus dá bhrí sin chuir an Coimisiún laghdú 50 % i bhfeidhm ar líon FTE i gcás CRAnna.

·Toimhdí maidir le soláthraithe rátálacha ESG nach bhfuil lonnaithe san Aontas:

Measadh i gcás soláthraithe neamh-AE = 0.1 FTE (leath den am a leithdháiltear do mhicreasholáthraí ESG atá lonnaithe an Aontas), agus é á chur san áireamh go bhfuil 29 soláthraí ESG nach bhfuil lonnaithe san Aontas, measadh buntáille EUR 3 000 in aghaidh gach soláthraí ESG nach bhfuil lonnaithe san Aontas (leath de mhéid na dtáillí a ghearrtar ar CRAnna deimhnithe EUR 6 000).

·Ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil cothromaíocht na mball foirne faoi shainordú rátálacha ESG (níos mó CAanna ná TAnna) difriúil ón gcur chuige i leith CRAnna. Sa dá chás, tá sainordú ag ESMA maidir leis an maoirseacht dhíreach, ach i gcás CRAnna áfach, tá i bhfad níos mó TAnna ann ná CAnna (37 TA agus 14 CA) chun a áirithiú go bhfostaítear baill foirne oilte a bhfuil taithí acu ar bhonn buan.

·Meastar gur dócha go mbeidh buaicphointe oibre aonuaire sa chéad bhliain (bliain 2025) a bhaineann leis an údarú. I ndáil leis sin, beidh sé tábhachtach go dtabharfaí 19 FTE do ESMA ón tús, chun an buaicphointe sin a láimhseáil. In 2027, is dócha go dtiocfaidh laghdú ar an ualach oibre trom tosaigh a bhaineann leis an gclárú agus leis an údarú, agus d’fhéadfaí líon na ngníomhairí ar conradh sealadach a laghdú, ionas gur féidir líon iomlán FTEnna a laghdú go 17. Mar sin féin, sa bhliain 2027, beidh ESMA freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis uile a cláraíodh agus a údaraíodh sna blianta 2025 agus 2026, agus dá bhrí sin ní féidir leis an laghdú atá beartaithe a bheith rómhór.

·I gcomparáid le líon FTEnna le haghaidh maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar CRAnna, rinne líon FTEanna le haghaidh maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar sholáthraithe rátálacha ESG a laghdú níos mó ná 50 % (51 FTE san iomlán i gcás CRAnna vs 19 FTE in 2025/2026 agus 17 FTE in 2027 i gcás soláthraithe rátálacha ESG). Meastar gurb í sin an líon is lú baill foirne lenar féidir maoirseacht dhíreach cheart ar mhargadh a bhfuil 59 neintiteas ann a áirithiú.

Teideal III – Caiteachas oibríochtúil

·Bonn cirt maidir le EUR 35 000 le haghaidh ionduchtú eintiteas chuig an gcóras tuairiscithe maoirseachta. Tá an costas sin riachtanach chun modúl a chruthú sa chóras a úsáideann ESMA le haghaidh tuairisciú maoirseachta ar a dtugtar BWise. I bhfianaise an tsainordaithe nua maidir le maoirseacht dhíreach, ní mór an córas tuairiscithe maoirseachta a leathnú. Chomh maith leis na costais tosaigh, beidh táille chothabhála bhliantúil athfhillteach de EUR 5 000 i gceist.

·Cuireann an córas tuairiscithe ar a chumas do ESMA próiseáil a dhéanamh ar dhoiciméid mhaoirseachta a fhaightear ó eintitis, agus cuidíonn sé le hobair láimhe a laghdú maidir le ceangaltáin ríomhphoist a oscailt agus a shábháil de láimh. Dá bhrí sin, cuidíonn sé le costais FTE a laghdú.

Caiteachas measta a chumhdófar le táillí le haghaidh na gcúraimí maoirseachta díreacha uile a dhéanfaidh ESMA

EUR

ESMA

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Teideal 1: Caiteachas ar phearsanra 

Gealltanais

(1)

1 603 618

3 271 382

3 145 675

8 020 675

Íocaíochtaí

(2)

1 603 618

3 271 382

3 145 675

8 020 675

Teideal 2: Caiteachas bonneagair agus oibriúcháin

Gealltanais

(1a)

273 105

557 134

534 849

1 365 088

Íocaíochtaí

(2a)

273 105

557 134

534 849

1 365 088

Teideal 3: caiteachas oibríochtúil

Gealltanais

(3a)

35 000

5 000

5 000

45 000

Íocaíochtaí

(3b)

35 000

5 000

5 000

45 000

IOMLÁN leithreasuithe

Gealltanais

=1+1a +3a

1 911 724

3 833 516

3 685 523

9 430 763

Íocaíochtaí

=2+2a +3b

1 911 724

3 833 516

 

3 685 523

9 430 763

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún i dtaca leis an Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú COM(2021) 390 final . 
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final.
(3)    Is iad seo a leanas na bunchlocha sin: 1) córas aicmithe, nó ‘tacsanomaíocht’, de ghníomhaíochtaí inbhuanaithe, 2) creat maidir le nochtadh do ghnóthais neamhairgeadais agus airgeadais, agus 3) uirlisí infheistíochta, lena náirítear tagarmharcanna, caighdeáin agus lipéid.
(4)    Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach.
(5)    Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088.
(6)    Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais.
(7)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bannaí glasa Eorpacha, COM/2021/391 final.
(8)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i ndáil le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras.
(9)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an míniú sa ráiteas tagarmhairc ar an gcaoi a léirítear tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais i ngach tagarmharc a sholáthraítear agus a fhoilsítear.
(10)    Féach Roinn 2 maidir le sainiú na faidhbe sa Mheasúnú Tionchair.
(11)    Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2023) [XXX].
(12)     Cur chuige rioscabhunaithe agus sonraíbhunaithe ESMA agus maoirseacht á déanamh
(13)    Forbraíonn grúpa beag d’anailísithe cainníochtúla samhail sonraíbhunaithe rátálacha ESG, a bhfuil clúdach daingean anleathan aige ón gcéad lá.
(14)    Gnó atá nuálach, ach nach dtairgeann ioncaim, a thógann níos mó ná 7 mbliana óna bhunú chuna samhail rátálacha ESG a thabhairt i gcrích
(15)    Déanfar é sin i ndlúthchomhar leis an Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, lena ndéanfar faireachán ar threochtaí maidir le sreafaí caipitil i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe mar a leagtar amach in Airteagal 20 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.
(16)    IO C , , lch. .
(17)    I mbun athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (NA 2015).
(18)    COM(2016) 739 final.
(19)    CO EUR 17, CONCL. 5.
(20)    Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final.
(21)    Straitéis um chomhionannas inscne; Straitéis um chomhionannas LGBTIQ; Creat straitéiseach maidir leis na Romaigh; Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas.
(22)    An Coimisiún Eorpach, Plean Gníomhaíochta: Financing Sustainable Growth[Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú], COM(2018) 97 final.
(23)    An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil, Staidéar ar rátálacha, sonraí agus taighde a bhaineann le hinbhuanaitheacht, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021, https://data.europa.eu/doi/10.2874/14850 .
(24)    Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil leis an Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú COM(2021) 390 final .
(25)     Tuarascáil IOSCO maidir le rátálacha ESG agus soláthraithe táirgí sonraí , le fáil ag: https://www.iosco.org/library/pubdocs/pdf/IOSCOPD690.pdf .
(26)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(27)    Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha maidir le seirbhísí airgeadais, margaí caipitil agus inbhuanaitheacht (IO L [...], [...], lch. [...]).
(28)    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(29)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(30)    Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lch. 1).
(31)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(32)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(33)    Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
(34)    Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).
(35)    Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).
(36)    Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).
(37)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(38)    Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(39)    Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht ar institiúidí um sholáthar pinsean ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(40)    Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
(41)    Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).
(42)    Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(43)    Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).
(44)    Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE, agus Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).
(45)    Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena naisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(46)    Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí ríomh-airgid, an gnó sin a shaothrú agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena naisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
(47)    Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1).
(48)    COM/2020/593 final.
(49)    Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).
(50)    Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).
(51)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(52)    Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
(53)    Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).
(54)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(55)    Cinneadh ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45)
(56)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(57)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(58)    Méid coibhneasta na dtáillí ag brath ar mhéid soláthraithe rátálacha ESG. Gnáthchleachtas san earnáil airgeadais is ea costais mhaoirseachta a chur ar aghaidh chuig eintitis faoi mhaoirseacht.
(59)    Tá mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/GA/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx .
(60)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(61)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(62)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
(63)    Is aschuir iad táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(64)    An táille ar fad arna maoiniú (ranníocaíochtaí pinsin fostóra san áireamh)
(65)    AC = Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT = Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(66)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(67)    Le haghaidh Chistí Bheartas Comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Mhuirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) go príomha.
(68)    Féach Airteagail 12 agus 13 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2093/2020 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027.
(69)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

Strasbourg, 13.6.2023

COM(2023) 314 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le trédhearcacht agus sláine na ngníomhaíochtaí rátála Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG)

{SEC(2023) 241 final} - {SWD(2023) 204 final} - {SWD(2023) 207 final}


IARSCRÍBHINN I
Faisnéis atá le soláthar san iarratas ar údarú

Beidh an fhaisnéis seo a leanas go léir san iarratas ar údarú:

(a)ainm iomlán an iarratasóra, seoladh na hoifige cláraithe laistigh den Aontas, suíomh gréasáin an iarratasóra agus, i gcás ina bhfuil fáil air, an t‑aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI);

(b)ainm agus sonraí teagmhála duine teagmhála;

(c)stádas dlíthiúil an iarratasóra;

(d)struchtúr úinéireachta an iarratasóra;

(e)céannacht chomhaltaí bainistíochta sinsearaí an iarratasóra agus leibhéal na cáilíochta, na taithí agus na hoiliúna atá acu;

(f)an líon anailísithe, fostaithe agus daoine eile atá bainteach go díreach le gníomhaíochtaí measúnúcháin, agus an leibhéal taithí agus oiliúna atá acu ag obair don iarratasóir agus an leibhéal taithí agus oiliúna atá acu;

(g)tuairisc ar na nósanna imeachta agus na modheolaíochta a úsáidtear chun rátálacha ESG arna gcur chun feidhme ag an iarratasóir a eisiúint agus a athbhreithniú;

(h)na beartais nó na nósanna imeachta arna gcur chun feidhme ag an iarratasóir maidir le haon choinbhleacht leasa dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh;

(i)i gcás inarb infheidhme, doiciméid agus faisnéis a bhaineann le haon socrú seachfhoinsithe atá ann cheana nó atá beartaithe le haghaidh gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(j)i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi ghníomhaíochtaí eile a dhéanann an tiarratasóir, nó gníomhaíochtaí a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir a sholáthar.



IARSCRÍBHINN II
Ceanglais eagraíochtúla

1.Faisnéis maidir le taifid a choinneáil

Coimeádfaidh soláthraithe rátálacha ESG taifid maidir leis na nithe seo a leanas ar fad:

(a)gach rátáil ESG i bhfoirm tuairime, céannacht na nanailísithe rátála a bheidh páirteach i socrú rátáil ESG, céannacht na ndaoine a d’fhormheas rátáil ESG, faisnéis faoi cibé ar iarraidh rátáil ESG nó arbh rátáil ESG gan iarraidh a bhí ann agus an dáta ar glacadh gníomhaíocht rátála ESG;

(b)gach rátáil ESG i bhfoirm scór, céannacht na ndaoine atá freagrach as forbairt na modheolaíochta riailbhunaithe, agus céannacht na ndaoine a d’fhormheas an mhodheolaíocht rátála;

(c)na taifid chuntais maidir le táillí a fuarthas ó aon eintiteas rátáilte nó ó aon tríú páirtí gaolmhar nó aon úsáideoir rátálacha;

(d)taifid chuntais do gach suibscríobhaí do rátálacha ESG;

(e)na taifid a thugann tuairisc ar nósanna imeachta agus modheolaíochtaí rátála bunaithe a úsáideann soláthraí rátálacha ESG chun rátálacha ESG a chinneadh;

(f)na taifid inmheánacha agus an chumarsáid sheachtrach agus na comhaid sheachtracha, lena náirítear faisnéis nach bhfuil ar fáil don phobal agus páipéir oibre, a úsáidtear mar bhonn d’aon chinneadh rátála ESG a ghlactar;

(g)taifid ar na nósanna imeachta agus na bearta a chuir soláthraí rátálacha ESG chun feidhme chun an Rialachán sin a chomhlíonadh;

(h)an mhodheolaíocht a úsáidtear chun rátáil ESG a chinneadh;

(i)athruithe ar nósanna imeachta agus modheolaíochtaí caighdeánacha nó aon imeacht uathu;

(j)gach doiciméad a bhaineann le haon ghearán, lena náirítear na doiciméid sin a chuir gearánach isteach.

2.Seachfhoinsiú

I gcás ina ndéanfaidh soláthraithe rátála ESG feidhmeanna nó aon seirbhísí nó gníomhaíochtaí ábhartha a sheachfhoinsiú chun rátáil ESG a sholáthar, áiritheoidh soláthraí rátálacha ESG go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)tá an cumas, acmhainneacht, agus aon údarú a theastaíonn de réir an dlí ag an soláthraí seirbhíse chun na feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a chur i gcrích go hiontaofa agus go gairmiúil;

(b)déanann soláthraí rátálacha ESG gníomhaíocht iomchuí más dealraitheach nach bhféadfaidh sé go bhfuil feidhmeanna seachfhoinsithe á gcur i gcrích go héifeachtach ag an soláthraí seirbhíse agus i gcomhréir leis an dlí agus leis na ceanglais rialála is infheidhme;

(c)coimeádann soláthraí rátálacha ESG an saineolas is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna seachfhoinsithe agus chun na rioscaí a bhaineann leis an seachfhoinsiú a bhainistiú;

(d)nochtann an soláthraí seirbhíse aon fhorbairt do soláthraí rátálacha ESG a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith aige ar a chumas na feidhmeanna seachfhoinsithe a chur i gcrích go héifeachtach agus i gcomhréir leis na dlíthe agus ceanglais rialála is infheidhme;

(e)is féidir le soláthraí rátálacha ESG deireadh a chur leis na socruithe seachfhoinsithe nuair is gá;

(f)déanann soláthraí rátálacha ESG bearta réasúnacha, lena náirítear pleananna teagmhasacha, chun riosca oibríochtúil míchuí a bhaineann le rannpháirtíocht an tsoláthraí seirbhíse sa phróiseas faoina gcinntear rátálacha ESG a sheachaint.



IARSCRÍBHINN III
Ceanglais maidir le nochtadh

1.Nochtadh íosta don phobal

I gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán, nochtfaidh soláthraithe rátálacha ESG, an méid seo a leanas, ar a laghad, don phobal ar a suíomh gréasáin agus tríd an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP):

(a)forbhreathnú ardleibhéil ar na modheolaíochtaí rátála a úsáidtear (agus ar athruithe orthu), lena náirítear an bhfuil anailís siarbhreathnaitheach nó réamhbhreathnaitheach;

(b)forbhreathnú ardleibhéil ar phróisis sonraí (foinsí sonraí, lena náirítear más foinsí poiblí nó neamhphoiblí iad, agus má fhaightear iad ó ráitis inbhuanaitheachta a cheanglaítear le Treoir (AE) 2022/2464, meastachán ar shonraí ionchuir i gcás nach bhfuil siad ar fáil, minicíocht nuashonruithe sonraí);

(c)faisnéis maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil na modheolaíochtaí bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus an chaoi a bhfuil na modheolaíochtaí bunaithe ar fhianaise eolaíoch;

(d)faisnéis maidir le cuspóir na rátálacha, lena léirítear go soiléir cé acu atá nó nach bhfuil rioscaí, tionchair nó gnéithe eile á measúnú leis an rátáil;

(e)raon feidhme na rátála – i.e. an rátáil chomhiomlánaithe í (tosca comhshaoil agus sóisialta agus rialachais á gcomhiomlánú), nó an rátáil tosca aonair nó saincheisteanna sonracha í (e.g. rioscaí aistrithe);

(f)i gcás rátáil chomhiomlánaithe ESG, ualú na dtrí chatagóir uileghabhálach de thosca ESG (e.g. 33 % Comhshaol, 33 % Sóisialta, 33 % Rialachas), agus an míniú ar an modh ualaithe, lena náirítear ualú in aghaidh na dtosca aonair comhshaoil, sóisialta agus rialachais;

(g)laistigh de thosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais, sonrú na dtopaicí a chumhdaítear le rátáil/scór ESG, agus an gcomhfhreagraíonn siad do na topaicí ó na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna bhforbairt de bhun Airteagal 29b de Threoir 2013/34/AE;

(h)faisnéis maidir le cibé acu i ndearbhluachanna nó i luachanna coibhneasta a shloinntear an rátáil,

(i)I gcás inarb infheidhme, tagairt d’úsáid na hintleachta saorga (IS) sa phróiseas bailithe sonraí nó sa phróiseas rátála/scórála;

(j)faisnéis ghinearálta maidir leis na critéir a úsáidtear chun táillí do chliaint a shuí, lena sonraítear na gnéithe éagsúla a cuireadh san áireamh, amhail rannpháirtíocht anailísithe sonraí, trealamh TF, sonraí ceannaigh;

(k)aon teorainn atá ar na foinsí sonraí a úsáidtear chun rátálacha ESG a fhorbairt.

2.Nochtuithe breise d’úsáideoirí rátálacha ESG agus do ghnóthais rátáilte faoi raon feidhme Threoir 2013/34/AE

Sa bhreis ar na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán, cuirfidh soláthraithe rátálacha ESG an fhaisnéis seo a leanas ar fáil do ghnóthais airgeadais rialáilte Eorpacha agus do ghnóthais faoi raon feidhme Threoir 2013/34/AE atá faoi réir rátáil den sórt sin:

(a)forbhreathnú níos mionsonraithe ar na modheolaíochtaí rátála a úsáideadh (agus ar athruithe orthu), lena náirítear na nithe seo a leanas:

(1)i gcás inarb infheidhme, fianaise eolaíoch agus toimhdí ar a bhfuil na rátálacha bunaithe,

(2)an bhfuil an anailís siarbhreathnaitheach nó réamhbhreathnaitheach,

(3)na méadrachtaí a roghnaíodh de réir mar is iomchuí,

(4)ETFanna ábhartha le haghaidh na dtosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus an modh ualaithe,

(5)aon easnamh a d’fhéadfadh a bheith ann sna modheolaíochtaí,

(6)beartais chun modheolaíochtaí a athbhreithniú,

(7)dáta an athbhreithnithe is déanaí;

(b)forbhreathnú níos mionsonraithe ar phróisis sonraí, lena náirítear na nithe seo a leanas:

(1)míniú níos mionsonraithe ar na foinsí sonraí a úsáideadh – foinsí poiblí nó neamhphoiblí, ina luaitear cé acu a dhíorthaítear nó nach ndíorthaítear ó na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a forbraíodh de bhun Airteagal 29b de Threoir 2013/34/AE/Tacsanomaíocht/SFDR],

(2)i gcás inarb infheidhme, úsáid meastachán agus meán an tionscail agus míniú ar an modheolaíocht fholuiteach,

(3)na beartais maidir le sonraí a thabhairt cothrom le dáta agus athbhreithniú a dhéanamh ar shonraí stairiúla, dáta na nuashonruithe is déanaí ar shonraí,

(4)rialuithe cáilíochta sonraí,

(5)aon bhearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar theorainneacha ar na foinsí sonraí, i gcás inarb infheidhme;

(c)i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi rannpháirteachas le heintitis rátáilte;

(d)i gcás inarb infheidhme, míniú ar aon mhodheolaíocht intleachta saorga a úsáidtear sa phróiseas bailithe sonraí nó sa phróiseas rátála;

(e)i gcás faisnéis mhór nua maidir le heintiteas rátáilte a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thoradh rátáil ESG, cuirfidh soláthraithe rátálacha ESG in iúl conas a chuir siad an fhaisnéis sin san áireamh agus cibé acu a leasaigh nó nár leasaigh siad rátáil chomhfhreagrach ESG.

Top