Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0276

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus Rialachán (AE) 2023/194 an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige

COM/2023/276 final

An Bhruiséil,30.5.2023

COM(2023) 276 final

2023/0168(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus Rialachán (AE) 2023/194 an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle 1 socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige. Leasaítear na deiseanna iascaireachta sin roinnt uaireanta le linn na tréimhse ina bhfuil feidhm acu chun an chomhairle eolaíoch agus na forbairtí is déanaí a chur san áireamh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh (CBI).

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe leis na beartais i réimse an chomhshaoil.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo.

Coimhdeacht

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Leis an togra, déantar deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh 2 . De bhun Airteagail 16 agus 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, déanfaidh na Ballstáit cinneadh maidir leis an gcaoi a bhféadfar na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh a chionroinnt ar shoithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu i gcomhréir le critéir áirithe maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta. Dá bhrí sin, agus na Ballstáit ag dáileadh na ngabhálacha iomlána incheadaithe cionroinnte (TACanna), bíonn an corrlach lánroghnach is gá acu i gcomhréir leis an tsamhail shóisialta/eacnamaíoch chun na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh a shaothrú.

An rogha ionstraime

Rialachán.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, go háirithe trí na Comhairlí Comhairleacha, agus leis na Ballstáit maidir leis an gcur chuige atá aige i leith na dtograí éagsúla le haghaidh deiseanna iascaireachta, ar bhonn na Teachtaireachta bliantúla uaidh ‘I dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe san Aontas Eorpach: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2023’ (COM(2022) 253 final).

I bhfreagraí na bpáirtithe leasmhara ar an Teachtaireacht bhliantúil sin, leagadh amach na tuairimí a bhí acu maidir le meastóireacht an Choimisiúin ar staid na n‑acmhainní agus maidir leis an bhfreagairt iomchuí bhainistíochta. Chuir an Coimisiún na freagraí san áireamh agus an togra seo á cheapadh aige.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) maidir leis an modheolaíocht atá le húsáid. Tá comhairle eolaíoch ó ICES bunaithe ar chreat arna fhorbairt ag a chuid grúpaí saineolaithe agus comhlachtaí cinnteoireachta, agus eisítear í i gcomhréir lena chreat‑chomhaontú comhpháirtíochta leis an gCoimisiún.

Measúnú tionchair

Cuireann Airteagal 43(3) de CFAE teorainn le raon feidhme an togra seo.

Leis an togra seo féachtar le cur chuige gearrthéarmach a sheachaint ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht fhadtéarmach. Dá bhrí sin, cuirtear tionscnaimh ó na páirtithe leasmhara agus ó na Comhairlí Comhairleacha san áireamh ann más rud é go ndearna ICES agus/nó an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach athbhreithniú dearfach orthu. Bhí an togra ón gCoimisiún maidir le CBI a athchóiriú bunaithe ar mheasúnú tionchair (SEC(2011) 891) inar measadh, cé gur coinníoll riachtanach é an cuspóir maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach chun inbhuanaitheacht comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú, nach féidir na trí chuspóir sin a bhaint amach astu féin.

A mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a ndéantar bainistíocht chomhpháirteach orthu le tíortha nach bhfuil san Aontas, is éard a dhéantar go bunúsach leis an togra seo bearta a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a chur chun feidhme. Le linn ullmhú na caibidlíochta idirnáisiúnta ar faoina cuimsiú a dhéantar deiseanna iascaireachta an Aontais a chomhaontú le tíortha nach bhfuil san Aontas agus lena linn, déileáiltear le haon ghné atá ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na deiseanna iascaireachta.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Leis an togra seo urramaítear cearta bunúsacha, agus go háirithe na cearta sin a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh impleachtaí buiséadacha ag na bearta atá beartaithe.

5.EILIMINTÍ EILE

   Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an togra, féachtar le Rialachán (AE) 2023/194 a mhodhnú mar a thuairiscítear thíos.

An t‑ainseabhaí in uiscí na hIbéire

Le Rialachán (AE) 2023/194 socraítear go sealadach ag nialas an TAC i gcomhair ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES (uiscí na hIbéire agus uiscí timpeall ar na hAsóir), agus uiscí an Aontais i roinn 34.1.1 (lastoir de Mhaidéara agus de na hOileáin Chanáracha) den Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch.

Meastar go bhfoilseoidh ICES an 21 Meitheamh 2023 a chomhairle maidir leis an stoc sin agus le haghaidh na tréimhse sin. Chun go bhféadfar leanúint den iascaireacht go dtí go socrófar an TAC cinntitheach i gcomhair an stoic sin ar bhonn na comhairle eolaíche sin, ba cheart TAC sealadach a bhunú ar leibhéal 4 564 thona le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair 2023. Comhfhreagraíonn an leibhéal sin do ghabhálacha an stoic sin sa tríú ráithe de 2022.

An séacla Artach in Skagerrak agus Kattegat

An 17 Márta 2023 tháinig an tAontas agus an Iorua ar chomhaontú maidir le TAC i gcomhair séaclaí Artacha (Pandalus borealis) in uiscí an Aontais agus in uiscí na hIorua i roinn 3a ICES (Skagerrak agus Kattegat) le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh 2023. Dá bhrí sin, le Rialachán (AE) 2023/194, arna leasú le Rialachán (AE) 2023/730 ón gComhairle 3 , socraítear TAC i gcomhair séaclaí Artacha i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse sin.

Meastar go bhfoilseoidh ICES an 9 Meitheamh 2023 a chomhairle eolaíoch maidir le séaclaí Artacha i bhfolimistéir 3a agus 4a Thoir ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. Tar éis fhoilsiú na comhairle eolaíche sin, reáchtálfar comhairliúcháin dhéthaobhacha idir an tAontas Eorpach agus an Iorua maidir le leibhéal an TAC i gcomhair séaclaí Artacha i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse sin. Go dtí go bhfoilseofar an toradh foirmiúil ar na comhairliúcháin dhéthaobhacha sin, is le pm (pro memoria) a mharcáiltear an TAC sa togra seo i gcomhair séaclaí Artacha i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. A luaithe a bheifear ar an eolas faoin toradh foirmiúil ar na comhairliúcháin sin, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin an togra seo a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin páipéar leathoifigiúil ina molfar an TAC le haghaidh na tréimhse sin.

An salán sa Mhuir Thuaidh agus in Skagerrak agus Kattegat

Go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch, le Rialachán (AE) 2023/194 socraítear go sealadach ag nialas na TACanna i gcomhair salán (Sprattus sprattus) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 in uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe i bhfolimistéar 4 agus i roinn 2a ICES (Muir Thuaidh), agus in uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua i roinn 3a ICES (Skagerrak agus Kattegat) faoi seach.

Meastar go bhfoilseoidh ICES an 20 Aibreán 2023 a chomhairle eolaíoch maidir le saláin i bhfolimistéar 4 agus i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. Tar éis fhoilsiú na comhairle sin, reáchtálfar comhairliúcháin thríthaobhacha idir an tAontas Eorpach, an Ríocht Aontaithe agus an Iorua maidir leis na nithe seo a leanas: (i) leibhéal na ndeiseanna foriomlána iascaireachta maidir leis an stoc sin le haghaidh na tréimhse sin; mar aon le (ii) leibhéal na TACanna i gcomhair salán i bhfolimistéar 4 agus roinn 2a ICES agus i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse sin. Go dtí go bhfoilseofar an toradh foirmiúil ar na comhairliúcháin thríthaobhacha sin, is le pm (pro memoria) a mharcáiltear na TACanna sa togra seo i gcomhair salán i bhfolimistéar 4 agus i roinn 2a ICES, agus i roinn 3a ICES faoi seach, le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. A luaithe a bheifear ar an eolas faoin toradh foirmiúil ar na comhairliúcháin sin, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin an togra seo a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin páipéar leathoifigiúil ina molfar na TACanna sin le haghaidh na tréimhse sin.

An salán i Muir nIocht

Le Rialachán (AE) 2023/194 socraítear go sealadach ag nialas an TAC i gcomhair salán in uiscí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe i bhfolimistéir 7d agus 7e ICES (Muir nIocht) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch.

Meastar go bhfoilseoidh ICES an 20 Aibreán 2023 a chomhairle eolaíoch maidir le saláin i ranna 7d agus 7e ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. Tar éis fhoilsiú na comhairle sin, reáchtálfar comhairliúcháin dhéthaobhacha idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le leibhéal an TAC i gcomhair an stoic sin a liostaítear in Iarscríbhinn 35 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair 4 de bhun Airteagal 498(2), (4) agus (6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair le haghaidh na tréimhse sin. Go dtí go bhfoilseofar an toradh foirmiúil ar na comhairliúcháin dhéthaobhacha sin, is le pm (pro memoria) a mharcáiltear an TAC sa togra seo i gcomhair salán i ranna 7d agus 7e ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. A luaithe a bheifear ar an eolas faoin toradh foirmiúil ar na comhairliúcháin dhéthaobhacha sin, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin an togra seo a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin páipéar leathoifigiúil ina molfar an TAC le haghaidh na tréimhse sin.

Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh

Le hAirteagail 15 agus 17 de Rialachán (AE) 2022/2056 5 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirtear toirmeasc ar aon siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus) agus aon síodsiorc (Carcharhinus falciformis) a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a stóráil ar shoitheach iascaireachta nó a thabhairt i dtír ina iomláine nó i bpáirt sa limistéar a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún maidir le Stoic Éisc Mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú (WCPFC). Chun forálacha forluiteacha maidir leis an ábhar céanna a sheachaint, is iomchuí Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2023/194 a scriosadh.

De bhun roinnt moltaí arna ndéanamh ag an gCoimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT), féadfaidh an tAontas, arna iarraidh sin, céatadán den chuóta stoc atá aige nár úsáideadh i Limistéar Choinbhinsiún ICCAT a thabhairt ar aghaidh ón mbliain leathdhéanach nó ón mbliain roimhe sin go bliain ar leith, de réir rialacha maidir le gach stoc de chuid ICCAT arna leagan síos ag ICCAT. Le Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle 6 , arna leasú le Rialachán (AE) 2022/515 ón gComhairle 7 , socraítear cuótaí an Aontais le haghaidh stoic ICCAT le haghaidh 2022 i gcomhréir leis an toradh ar chruinniú bliantúil ICCAT 2021, ina gcuirtear san áireamh cuótaí an Aontais nár úsáideadh a tugadh anonn, i gcás inarb infheidhme. Thairis sin, le Rialachán (AE) 2023/194, arna leasú le Rialachán (AE) 2023/730, socraítear cuótaí an Aontais le haghaidh na stoc ICCAT sin le haghaidh 2023 i gcomhréir leis an toradh ar chruinniú bliantúil ICCAT 2022, ina gcuirtear san áireamh cuótaí an Aontais nár úsáideadh a tugadh anonn, i gcás inarb infheidhme. Dá bhrí sin, níor cheart a cheadú cuótaí na mBallstát atá le haistriú chuig an mbliain dár gcionn i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle 8 a choinneáil siar, agus ba cheart Rialacháin (AE) 2022/109 agus (AE) 2023/194 a leasú dá réir sin.

2023/0168 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus Rialachán (AE) 2023/194 an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle 9 socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Maidir leis na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus na bearta atá nasctha go feidhmiúil leis na TACanna a shocraítear le Rialachán (AE) 2023/194, ba cheart iad a leasú chun foilsiú na comhairle eolaíche a chur san áireamh chomh maith leis na torthaí ar na comhairliúcháin le tríú tíortha.

(2)Le Rialachán (AE) 2023/194 socraítear ag nialas an TAC i gcomhair ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i bhfolimistéir 9 agus 10 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus in uiscí an Aontais i roinn 34.1.1 de Choiste Iascaigh an Atlantaigh Thoir Láir (CECAF) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch maidir leis an stoc sin le haghaidh na tréimhse sin. Chun go bhféadfar leanúint den iascaireacht go dtí go socrófar an TAC cinntitheach i gcomhair an stoic sin ar bhonn na comhairle eolaíche sin, ba cheart TAC sealadach a bhunú ar leibhéal 4 564 thona le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair 2023. Comhfhreagraíonn an leibhéal sin do ghabhálacha an stoic sin sa tríú ráithe de 2022.

(3)Le Rialachán (AE) 2023/194 socraítear TAC i gcomhair séaclaí Artacha (Pandalus borealis) in uiscí an Aontais agus in uiscí na hIorua i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh 2023. Ba cheart an TAC i gcomhair an stoic sin le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 a shocrú tar éis do ICES a chomhairle eolaíoch maidir leis an stoc sin le haghaidh na tréimhse sin a fhoilsiú. Ba cheart an TAC sin a shocrú i gcomhréir leis an toradh foirmiúil ar na comhairliúcháin dhéthaobhacha ina dhiaidh sin idir an tAontas agus an Iorua maidir le leibhéal an TAC sin le haghaidh na tréimhse sin.

(4)Le Rialachán (AE) 2023/194 socraítear go sealadach ag nialas na TACanna i gcomhair salán (Sprattus sprattus) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 in uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe i bhfolimistéar 4 agus i roinn 2a ICES, agus in uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua i roinn 3a ICES faoi seach, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch maidir le saláin i bhfolimistéar 4 agus i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse sin. Ba cheart na TACanna cinntitheacha i gcomhair an stoic sin le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 a shocrú tar éis fhoilsiú na comhairle eolaíche sin. Ba cheart na TACanna sin a shocrú i gcomhréir leis an toradh foirmiúil ar na comhairliúcháin thríthaobhacha ina dhiaidh sin idir an tAontas, an Ríocht Aontaithe agus an Iorua, maidir leis na nithe seo a leanas: (i) na deiseanna foriomlána iascaireachta maidir leis an stoc sin le haghaidh na tréimhse sin; agus (ii) leibhéal na TACanna i gcomhair salán i bhfolimistéar 4 agus roinn 2a ICES agus i roinn 3a ICES faoi seach le haghaidh na tréimhse sin.

(5)Le Rialachán (AE) 2023/194 socraítear go sealadach ag nialas an TAC i gcomhair salán in uiscí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe i bhfolimistéir 7d agus 7e ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch maidir leis an stoc sin le haghaidh na tréimhse sin. Ba cheart an TAC cinntitheach i gcomhair an stoic sin le haghaidh na tréimhse sin a shocrú tar éis fhoilsiú na comhairle eolaíche sin. Ba cheart an TAC sin a shocrú i gcomhréir leis an toradh foirmiúil ar na comhairliúcháin dhéthaobhacha idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ina dhiaidh sin ar leibhéal an TAC i gcomhair an stoic sin le haghaidh na tréimhse sin de bhun Airteagal 498(2), (4) agus (6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile 10 .

(6)Le hAirteagail 15 agus 17 de Rialachán (AE) 2022/2056 11 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirtear toirmeasc ar aon siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus) agus aon síodsiorc (Carcharhinus falciformis) a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a stóráil ar shoitheach iascaireachta nó a thabhairt i dtír ina iomláine nó i bpáirt sa limistéar a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún maidir le Stoic Éisc Mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú (WCPFC). Chun forálacha forluiteacha maidir leis an ábhar céanna a sheachaint, is iomchuí Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2023/194 a scriosadh.

(7)De bhun roinnt moltaí arna ndéanamh ag an gCoimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT), féadfaidh an tAontas, arna iarraidh sin, céatadán den chuóta stoc atá aige nár úsáideadh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a thabhairt ar aghaidh ón mbliain leathdhéanach nó ón mbliain roimhe sin go bliain ar leith, de réir rialacha maidir le gach stoc de chuid ICCAT arna leagan síos ag ICCAT. Le Rialachán (AE) 2022/109 12 agus Rialachán 2023/194 (AE) ón gComhairle, socraítear cuótaí an Aontais le haghaidh stoic ICCAT le haghaidh 2022 agus 2023 faoi seach i gcomhréir leis an toradh ar chruinnithe bliantúla ICCAT na bliana roimhe sin, ina gcuirtear san áireamh cuótaí an Aontais nár úsáideadh a tugadh anonn, i gcás inarb infheidhme. Dá bhrí sin, níor cheart a cheadú cuótaí na mBallstát atá le haistriú chuig an mbliain dár gcionn i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle 13 a choinneáil siar.

(8)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2023/194 agus (AE) 2022/109 a leasú dá réir sin.

(9)Chun go bhféadfar leanúint den iascaireacht an 1 Iúil 2023, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm gan mhoill.

(10)Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir le deiseanna iascaireachta ón 1 Iúil 2023, cé is moite de na deiseanna iascaireachta le haghaidh séaclaí Artacha i roinn 3a ICES, ar cheart feidhm a bheith acu ón 1 Eanáir 2023. Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir le WCPFC agus ICCAT agus forálacha leasaitheacha Rialachán (AE) 2023/194 ón 1 Eanáir 2023, i gcomhréir le tréimhse cur i bhfeidhm na bhforálacha leasaithe sin. Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir le ICCAT agus forálacha leasaitheacha Rialachán (AE) 2022/109 ón 1 Eanáir 2022, i gcomhréir le tréimhse cur i bhfeidhm na bhforálacha leasaithe sin. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla ná don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint, mar go bhfuil méadú tagtha ar na deiseanna iascaireachta atá i gceist nó nár aistríodh go fóill na cainníochtaí a coinníodh siar ar iarrataí ó na Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) 2023/194

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 mar a leanas:

(a)Scriostar Airteagal 45;

(b)Déantar Iarscríbhinní IA agus ID a leasú i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2
Leasú ar Rialachán (AE) 2022/109

Leasaítear Iarscríbhinn ID a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/109 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.

Mar sin féin:

(a)Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (a), agus Iarscríbhinn I, pointe 2(a) agus pointe 3, ón 1 Eanáir 2023;

(b)Beidh feidhm ag Iarscríbhinn II ón 1 Eanáir 2022.

 
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(3)    Rialachán (AE) 2023/730 ón gComhairle an 31 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige, agus Rialachán (AE) 2022/109 (IO L 95, 4.4.2023, lch. 1).
(4)    An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 149, 30.4.2021, lch. 10).
(5)    Rialachán (AE) 2022/2056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme i Limistéar an Choinbhinsiúin Iascaigh san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 276, 26.10.2022, lch. 1).
(6)    Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).
(7)    Rialachán (AE) 2022/515 ón gComhairle an 31 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 104, 1.4.2022, lch. 1).
(8)    Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3).
(9)    Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).
(10)    IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.
(11)    Rialachán (AE) 2022/2056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme i Limistéar an Choinbhinsiúin Iascaigh san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 276, 26.10.2022, lch. 1).
(12)    Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).
(13)    Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3).
Top

An Bhruiséil,30.5.2023

COM(2023) 276 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus Rialachán (AE) 2023/194 an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige




IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinní IA agus ID a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/194 mar a leanas:

(1)I gCuid A d’Iarscríbhinn IA, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla i gcomhair ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais de CECAF 34.1.1:

Speiceas:

An t‑ainseabhaí

 

 

Limistéar:

9 agus 10; Uiscí an Aontais de CECAF 34.1.1

 

Engraulis encrasicolus

 

 

(ANE/9/3411)

 

An Spáinn

 

2 183

(1)

TAC réamhchúraim

 

 

An Phortaingéil

2 381

(1)

An tAontas

4 564

(1)

TAC

 

4 564

(1)

 

 

 

 

(1)

Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023.

’;

(2)I gCuid B d’Iarscríbhinn IA:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla i gcomhair séaclaí Artacha (Pandalus borealis) i roinn 3a ICES:

Speiceas:

An séacla Artach

Pandalus borealis

Limistéar:

3a

(PRA/03A.)

An Danmhairg

1 429

(1)

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An tSualainn

769

(1)

An tAontas

2 198

(1)

TAC

4 117

(1)

(1)

Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

’;

(b)cuirtear an tábla seo a leanas isteach i ndiaidh an tábla i gcomhair séaclaí Artacha (Pandalus borealis) i roinn 3a ICES:

Speiceas:

An séacla Artach

Pandalus borealis

Limistéar:

3a

(PRA/03A.2)

An Danmhairg

p.m.

(1)

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An tSualainn

p.m.

(1)

An tAontas

p.m.

(1)

TAC

p.m.

(1)

(1)

Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.

’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla i gcomhair salán (Sprattus sprattus) agus foghabhálacha gaolmhara i roinn 3a ICES:

Speiceas:

An salán agus foghabhálacha gaolmhara

Sprattus sprattus

Limistéar:

3a

(SPR/03A.)

An Danmhairg

p.m.

(1)(2)(3)

TAC anailíseach

An Ghearmáin

p.m.

(1)(2)(3)

An tSualainn

p.m.

(1)(2)(3)

An tAontas

p.m.

(1)(2)(3)

TAC

p.m.

(2)

(1)

Féadfaidh suas le 5 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha faoitíní agus cadóg (OTH/*03A.). Foghabhálacha faoitíní agus cadóg arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(2)

Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(3)

Féadfar aistrithe an chuóta seo a dhéanamh chuig uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 2a agus 4. Tabharfar fógra, áfach, don Choimisiún agus don Ríocht Aontaithe roimh ré faoi aistrithe den sórt sin.

’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla i gcomhair salán agus foghabhálacha gaolmhara (Sprattus sprattus) in uiscí na Ríochta Aontaithe agus in uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES, agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a:

Speiceas:

An salán agus foghabhálacha gaolmhara

Sprattus sprattus

Limistéar:

Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; Uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a

(SPR/2AC4-C)

An Bheilg

p.m.

(1)(2)

TAC anailíseach

An Danmhairg

p.m.

(1)(2)

An Ghearmáin

p.m.

(1)(2)

An Fhrainc

p.m.

(1)(2)

An Ísiltír

p.m.

(1)(2)

An tSualainn

p.m.

(1)(2)(3)

An tAontas

p.m.

(1)(2)

An Iorua

p.m.

(1)

Oileáin Fharó

p.m.

(1)(4)

An Ríocht Aontaithe

p.m.

(1)

TAC

p.m.

(1)

(1)

Ní fhéadfar an cuóta a iascach ach ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(2)

Féadfaidh suas le 2 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha faoitíní (OTH/*2AC4C). Foghabhálacha faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(3)

Lena n‑áirítear spéirlintí.

(4)

Féadfaidh suas le 4 % de a bheith ina fhoghabhálacha scadán.

’;

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla i gcomhair salán (Sprattus sprattus) i ranna 7d agus 7e ICES:

Speiceas:

An salán

Sprattus sprattus

Limistéar:

7d agus 7e

(SPR/7DE.)

An Bheilg

p.m.

(1)

TAC anailíseach

An Danmhairg

p.m.

(1)

An Ghearmáin

p.m.

(1)

An Fhrainc

p.m.

(1)

An Ísiltír

p.m.

(1)

An tAontas

p.m.

(1)

An Ríocht Aontaithe

p.m.

(1)

TAC

p.m.

(1)

(1)

Ní fhéadfar an cuóta a iascach ach ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. 

’;

(3)In Iarscríbhinn ID, sna táblaí i gcomhair an méid seo a leanas: (i) tuinníní colgacha an Tuaiscirt (Thunnus alalunga) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T; (ii) tuinníní colgacha an Deiscirt san Aigéan Atlantach, laisteas de 5° T; (iii) tuinníní mórshúileacha (Thunnus obesus) san Aigéan Atlantach; (iv) colgáin (Xiphias gladius) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T; agus (v) colgáin san Aigéan Atlantach, laisteas de 5° T, cuirtear an méid seo a leanas isteach:

‘Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.’



IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn ID a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/109, sna táblaí i gcomhair an méid seo a leanas: (i) tuinníní colgacha an Tuaiscirt (Thunnus alalunga) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T; (ii) tuinníní colgacha an Deiscirt san Aigéan Atlantach, laisteas de 5° T; (iii) tuinníní mórshúileacha (Thunnus obesus) san Aigéan Atlantach; (iv) colgáin (Xiphias gladius) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T; agus (v) colgáin san Aigéan Atlantach, laisteas de 5° T, cuirtear an méid seo a leanas isteach:

‘Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.’

Top