AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.5.2023
COM(2023) 251 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht Chireabaití, den pháirt eile (2023-2028)
IARSCRÍBHINN I
PRÓTACAL
maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Rialtas Phoblacht Chireabaití, den pháirt eile (2023-2028)
AN tAONTAS EORPACH, ar a dtugtaí an Comhphobal Eorpach tráth, dá ngairtear an ‘tAontas’ anseo feasta,
agus
POBLACHT CHIREABAITÍ, dá ngairtear ‘Cireabaití’ anseo feasta,
dá ngairtear ‘na Páirtithe’ go comhpháirteach anseo feasta,
DE BHRÍ dlúthchomhar a bheith ann idir na Páirtithe, go háirithe i gcomhthéacs an chaidrimh idir Grúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (‘tíortha ACC’) agus an tAontas, agus gur mian leo araon an caidreamh sin a threisiú,
ÓS PÁIRTITHE IAD den Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Rialtas Phoblacht Chireabaití, den pháirt eile, dá ngairtear an ‘Comhaontú’ anseo feasta,
AG MEABHRÚ DÓIBH forálacha an Chomhaontaithe,
AG MEABHRÚ DÓIBH freisin an prionsabal nach mór do na Stáit uile bearta iomchuí a ghlacadh chun bainistiú inbhuanaithe agus caomhnú acmhainní muirí a áirithiú agus nach mór dóibh oibriú i gcomhar le chéile chuige sin,
AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH freisin an cuspóir saothrú agus bainistiú inbhuanaithe comhpháirteach na stoc mór-imirceach a áirithiú,
DE BHRÍ GO BHFUIL sé tábhachtach comhar idirnáisiúnta sa taighde eolaíoch a chur chun cinn,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Phrótacail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 den Chomhaontú.
Ina theannta sin,
(a) ciallaíonn ‘limistéir iascaireachta’ na limistéir in uiscí Chireabaití mar a shainítear iad i gCaibidil 1, Roinn 2 den Iarscríbhinn;
(b)ciallaíonn ‘gabhálacha’ speicis uisceacha mhuirí a ghabhtar le trealamh iascaireachta a úsáideann soitheach iascaireachta;
(c)ciallaíonn ‘tabhairt i dtír’ aon chainníocht táirgí iascaigh a dhíluchtú ar tír ó shoitheach iascaireachta;
(d)ciallaíonn ‘Toscaireacht’ toscaireacht an Aontais don Aigéan Ciúin in Suva, Fidsí;
(e)ciallaíonn ‘díospóid thromchúiseach’ díospóid maidir le léiriú an Phrótacail nó maidir lena chur chun feidhme a chosc;
(f)ciallaíonn ‘ceadúnas iascaireachta’ teidlíocht bhailí nó ceadúnas chun dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh speicis shonracha, agus trealamh sonrach á úsáid, laistigh de na limistéir shonraithe iascaireachta agus den tréimhse shonrach i gcomhréir leis na téarmaí dá bhforáiltear faoin Iarscríbhinn;
(g)ciallaíonn ‘iascaireacht inbhuanaithe’ iascaireacht i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar síos leis an gCód Iompair maidir le hIascach Freagrach a glacadh ag Comhdháil FAO in 1995;
(h)ciallaíonn ‘soitheach de chuid an Aontais’ soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstát de chuid an Aontais ar foluain aici agus atá cláraithe san Aontas;
(i)ciallaíonn ‘oibreoir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a shealbhaíonn aon ghnóthas atá ag tabhairt faoi cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a bhaineann le haon chéim de na slabhraí táirgthe, próiseála, margaíochta, dáilte nó miondíola a bhaineann le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;
(j)ciallaíonn ‘an Prótacal’ an Prótacal seo maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe, chomh maith leis an Iarscríbhinn agus na Foscríbhinní a ghabhann leis;
(k)ciallaíonn ‘lá iascaireachta’ aon lá féilire, nó cuid de lá féilire, ar lena linn a bhíonn soitheach peas-saighne de chuid an Aontais i limistéir iascaireachta, ach nach n‑áirítear leis lá féilire, ná cuid de lá féilire, arna shainiú mar ‘lá neamhiascaireachta’ i Rialachán Iascaigh Chireabaití (Scéim Laethanta Soithigh Peas-Saighne ) 2014;
(l)ciallaíonn ‘imthosca neamhghnácha’ imthosca seachas feiniméin nádúrtha nach bhfuil neart réasúnach ag ceann de na Páirtithe orthu agus ar imthosca iad de chineál a choiscfeadh gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí Chireabaití.
Airteagal 2
Cuspóir agus tréimhse cur i bhfeidhm
1.Is é is cuspóir don Phrótacal seo an Comhaontú a chur chun feidhme trí na coinníollacha lena rialaítear rochtain ag soithí de chuid an Aontais ar na limistéir iascaireachta a shonrú go háirithe agus na forálacha a leagan amach maidir leis an gcomhpháirtíocht iascaigh inbhuanaithe a chur chun feidhme.
2.Beidh feidhm ag an bPrótacal seo agus ag an Iarscríbhinn a ghabhann leis ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta a shínithe i gcomhréir le hAirteagal 22, mura dtabharfar fógra foirceanta i gcomhréir le hAirteagal 19 den Phrótacal seo.
Airteagal 3
An gaol idir an Prótacal agus an Comhaontú
Déanfar forálacha an Phrótacail seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an Chomhaontaithe agus ar bhealach atá comhsheasmhach leis.
Airteagal 4
An gaol idir an Prótacal agus comhaontuithe agus ionstraimí dlíthiúla eile
Déanfar forálacha an Phrótacail seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na nithe seo a leanas agus ar bhealach atá comhoiriúnach leo:
(a)moltaí agus rúin an Choimisiúin Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir (WCPFC) agus an Choimisiúin Idir-Mheiriceánaigh um Thuinníní Teochreasacha (IATTC) agus aon eagraíocht fhoréigiúnach nó idirnáisiúnta eile lena mbaineann ina bhfuil siad ina gcomhaltaí;
(b)Comhaontú 1995 maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-Imirceach a chur chun feidhme;
(c)an Cód Iompair le haghaidh Iascach Freagrach a glacadh ag Comhdháil Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) in 1995;
(d)Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta FAO chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú;
(e)na buneilimintí dá dtagraítear in Airteagal 9 den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (‘Comhaontú Cotonou’), nó a áirítear san airteagal coibhéiseach den chomhaontú idir an tAontas agus tíortha ACC a thiocfaidh i gcomharbas air.
Airteagal 5
Deiseanna Iascaireachta
1.Deonóidh Cireabaití ceadúnais iascaireachta do shoithí de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht ar thuinníní de bhun Airteagal 6 den Chomhaontú laistigh de na teorainneacha arna mbunú le Plean Chireabaití um Bainistiú Tuinníní agus le bearta caomhnaithe agus bainistithe WCPFC, agus rúin IATTC á gcur san áireamh.
2.Is le haghaidh ceithre shoitheach peas-saighne a bheidh na deiseanna iascaireachta chun iascaireacht a dhéanamh ar speicis mhórimirceacha mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo.
3.Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 faoi réir Airteagail 6 agus 8 den Phrótacal seo.
Airteagal 6
Ranníocaíocht airgeadais – Modhanna íocaíochta
1.Maidir leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 2, is é a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais iomlán dá dtagraítear in Airteagal 7 den Chomhaontú EUR trí mhilliún agus ocht gcéad míle (3 800 000) ar feadh thréimhse iomlán an Phrótacail.
2.Beidh na heilimintí seo a leanas i ranníocaíocht airgeadais an Aontais:
(a)méid bliantúil le haghaidh rochtain ar na limistéir iascaireachta arb é atá ann EUR trí chéad seasca míle (360 000) in aghaidh na bliana agus
(b)méid bliantúil sonrach arb é atá ann EUR ceithre chéad míle (400 000) chun tacú le beartas iascaigh earnála agus beartas muirí Chireabaití agus chun iad a chur chun feidhme.
3.As an méid dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), cuirfidh Cireabaití 160 lá iascaireachta in aghaidh na bliana ar a laghad ar fáil do shoithí de chuid an Aontais sna limistéir iascaireachta. Féadfar laethanta breise a chur ar fáil do shoithí de chuid an Aontais de réir na bhforálacha a shonraítear san Iarscríbhinn.
4.Ina theannta sin, íocfaidh oibreoirí iascaireachta táille rochtana bhliantúil le Cireabaití ar bhonn líon na laethanta iascaireachta a dheonaítear mar a shainítear i gCaibidil II, Roinn 6, den Iarscríbhinn.
5.Beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo faoi réir Airteagail 5, 7 agus 9 den Phrótacal seo agus faoi réir Airteagail 12 agus 13 den Chomhaontú.
6.Déanfaidh an tAontas an méid dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), a íoc tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis dháta tosaigh chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail le haghaidh na chéad bhliana, agus le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin tráth nach déanaí ná cothrom dáta an chur i bhfeidhm shealadaigh.
7.Beidh lánrogha ag údaráis Chireabaití maidir leis an gcaoi a n‑úsáidfear an ranníocaíocht airgeadais mar a shonraítear i mír 2, pointe (a).
8.Déanfar ranníocaíocht airgeadais an Aontais faoi mhír 2, pointe (a), chomh maith le táille rochtana bhliantúil na n‑oibreoirí faoi mhír 4, a íoc isteach i gcuntas Uimh. 1 Rialtas Chireabaití le ANZ Bank of Kiribati, Ltd, Bairiki, Tarawa.
9.Déanfar ranníocaíocht airgeadais an Aontais a léirítear i mír 2, pointe (b), a íoc isteach i gCuntas Uimh. 4 Rialtas Chireabaití le ANZ Bank of Kiribati, Ltd, Bairiki, Tarawa (‘Tacaíocht Earnála Iascaigh’).
10.Deimhneoidh údaráis Chireabaití na huimhreacha cuntais leis an Aontas gach bliain.
Airteagal 7
Tacaíocht Earnála
1.Déanfaidh údaráis Chireabaití an ranníocaíocht airgeadais mar a léirítear in Airteagal 6(2), pointe (b), a bhainistiú chun tacú le bainistiú agus forbairt iascaigh, lena n‑áirítear faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaigh chun iascaireacht NNN a chomhrac, i gcomhréir le Fís 20 Bliain Chireabaití, beartas iascaigh náisiúnta agus beartais ghaolmhara eile a bhfuil tionchar acu ar iascach freagrach inbhuanaithe.
2.Tráth nach déanaí ná 120 lá tar éis dháta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail, comhaontóidh an Comhchoiste an méid seo a leanas:
(a)cláir earnála bhliantúla agus ilbhliantúla chun an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (b), a úsáid;
(b)na cuspóirí bliantúla agus ilbhliantúla araon atá le baint amach d’fhonn iascaireacht fhreagrach agus iascach inbhuanaithe a chur chun cinn le himeacht ama;
(c)rialacha agus nósanna imeachta mionsonraithe cur chun feidhme, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, táscairí buiséadacha agus airgeadais, chun meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí a bhaintear amach gach bliain.
3.Íocfar méid sonrach na ranníocaíochta airgeadais le haghaidh tacaíocht earnála faoi Airteagal 6(2), pointe (b), gach bliain de réir an dul chun cinn atá déanta. I gcás na chéad bhliana den Phrótacal, íocfar an ranníocaíocht airgeadais ar bhonn na riachtanas a shainaithnítear mar chuid den chlársceidealú comhaontaithe. Le haghaidh na mblianta cur i bhfeidhm ina dhiaidh sin, íocfar na ranníocaíochtaí airgeadais ar bhonn na dtorthaí a baineadh amach i gcur chun feidhme an chláir earnála i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe cur chun feidhme agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2, pointe (c). Déanfar an ranníocaíocht airgeadais a íoc tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis don Chomhchoiste cinneadh a dhéanamh maidir leis na torthaí a baineadh amach.
4.Gach bliain, tuairisceoidh Cireabaití don Chomhchoiste maidir leis na gníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme agus na torthaí a baineadh amach le tacaíocht earnála. Déanfaidh Cireabaití tuarascáil chríochnaitheach a chur ar fáil roimh dhul in éag don Phrótacal atá ann faoi láthair.
5.Féadfaidh an tAontas íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 6(2), pointe (b), den Phrótacal seo a athbhreithniú nó a chur ar fionraí, go páirteach nó go hiomlán:
(a)mura bhfuil na torthaí a fhaightear comhsheasmhach leis an gclársceidealú, tar éis meastóireacht arna déanamh ag an gComhchoiste;
(b)i gcás nach gcuirtear an ranníocaíocht airgeadais sin chun feidhme faoi mar a chinnfidh an Comhchoiste.
6.Tá an Comhchoiste freagrach as gníomh leantach a ghlacadh maidir le cur chun feidhme an chláir ilbhliantúil um thacaíocht earnála. Más gá, leanfaidh an dá Pháirtí den ghníomh leantach sin tríd an gComhchoiste, tar éis don Phrótacal seo dul in éag go dtí go mbainfear leas iomlán as an gcontrapháirtí airgeadais sonrach a bhaineann leis an tacaíocht earnála dá bhforáiltear in Airteagal 6(2), pointe (b). Mar sin féin, ní féidir íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 6(2), pointe (b), a íoc tar éis tréimhse 8 mí ar dhul in éag don Phrótacal seo.
7.Tugann na Páirtithe gealltanas go n‑áiritheofar infheictheacht na ngníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme le tacaíocht earnála.
Airteagal 8
Deiseanna iascaireachta a choigeartú
Féadfar na deiseanna iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 5 a choigeartú trí chomhaontú frithpháirteach laistigh den Chomhchoiste a mhéid a chomhthacaíonn na moltaí ó WCPFC nó IATTC agus ó eagraíochtaí réigiúnacha agus foréigiúnacha leis go n‑áiritheofar le coigeartú den sórt sin bainistiú inbhuanaithe acmhainní Chireabaití. Sa chás sin, déanfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a), den Phrótacal seo a choigeartú, trí chomhaontú frithpháirteach, go comhréireach agus pro rata temporis.
Airteagal 9
Coinníollacha lena rialaítear gníomhaíochtaí iascaireachta
1.Ní fhéadfaidh soithí de chuid an Aontais iascaireacht a dhéanamh i limistéir iascaireachta ach amháin má tá ceadúnas iascaireachta acu arna eisiúint ag údaráis Chireabaití faoin bPrótacal seo.
2.Comhoibreoidh páirtithe chun faireachán comhpháirteach a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann soithí de chuid an Aontais as deiseanna iascaireachta trí rialuithe iomchuí, lena n‑áirítear cigireachtaí ar muir agus ar thabhairt i dtír, cianfhaireachán, agus uirlisí iomchuí eile agus córas tuairiscithe leictreonach eile.
3.Ina theannta sin, ag cruinniú bliantúil an Chomhchoiste dá dtagraítear in Airteagal 9 den Chomhaontú, malartóidh na Páirtithe faisnéis maidir leis an iarracht iascaireachta dhomhanda a rinneadh in uiscí Chireabaití an bhliain roimhe sin, i bhfianaise na rialacha a comhaontaíodh faoi eagraíochtaí ábhartha réigiúnacha agus foréigiúnacha. Más iomchuí, déanfaidh na Páirtithe na bearta is gá chun coigeartú a dhéanamh ar na deiseanna iascaireachta a dheonaítear leis an bPrótacal don bhliain dár gcionn.
Airteagal 10
Comhar eolaíoch chun iascaireacht inbhuanaithe a áirithiú
1.Cuirfidh na Páirtithe chun cinn bainistiú inbhuanaithe acmhainní iascaigh agus éiceachóras muirí agus iascaireacht fhreagrach in uiscí Chireabaití.
2.Tugann na Páirtithe gealltanas an comhar eolaíoch a chur chun cinn ar an leibhéal foréigiúnach maidir le hiascaireacht fhreagrach agus, go háirithe, laistigh de WCPFC agus IATTC agus aon eagraíocht fhoréigiúnach nó idirnáisiúnta eile lena mbaineann ina bhfuil siad ina gcomhaltaí.
3.I gcomhréir le hAirteagal 4 den Chomhaontú agus le hAirteagal 8 den Phrótacal seo agus i bhfianaise na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, féadfaidh na Páirtithe laistigh den Chomhchoiste, i gcás inarb iomchuí, bearta a ghlacadh i ndáil le gníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais atá ceadúnaithe ag an bPrótacal seo le gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh chun bainistiú inbhuanaithe na n‑acmhainní iascaigh in uiscí Chireabaití a áirithiú.
Airteagal 11
Íocaíocht na Ranníocaíochta Airgeadais a chur ar fionraí agus a athbhreithniú
1.Féadfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6, (2), pointe (a), den Phrótacal seo a athbhreithniú nó a chur ar fionraí i gcás ina gcuirfidh imthosca neamhghnácha cosc ar ghníomhaíochtaí iascaireachta sna limistéir iascaireachta tar éis don dá Pháirtí dul i gcomhairle le chéile agus comhaontú a dhéanamh laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis iarraidh a fháil ó Pháirtí amháin, agus ar choinníoll go mbeidh íoctha ina iomláine ag an Aontas aon mhéid a bheidh dlite tráth an fhionraí.
2.I gcás fhionraí na híocaíochta, ceanglófar ar an Aontas fógra a thabhairt i scríbhinn faoina rún 2 mhí ar a laghad roimh an dáta a bheidh éifeacht ag an bhfionraí.
3.Cuirfear tús arís leis an ranníocaíocht airgeadais a íoc a luaithe a réiteofar an cás tar éis gníomhaíochtaí chun na cúinsí thuasluaite a mhaolú agus tar éis don dá Pháirtí dul i gcomhairle le chéile agus comhaontú a dhéanamh lena ndeimhnítear gur dócha go gceadóidh an cás filleadh ar ghnáthghníomhaíochtaí iascaireachta.
Airteagal 12
Ceadúnais iascaireachta a chur ar fionraí agus a athbhunú
1.Forchoimeádann Cireabaití an ceart chun ceadúnas iascaireachta a chur ar fionraí agus a chúlghairm i leith soitheach sonrach dá bhforáiltear faoi Airteagal 5, sna cásanna seo a leanas:
(a)go bhfaightear amach go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an soitheach ar dhlíthe agus ar rialacháin Chireabaití; nó
(b)nach ndearna an longúinéir ordú cúirte a urramú a eisíodh i dtaca le sárú a rinne an soitheach.
2.Beidh an ceadúnas iascaireachta a cuireadh ar fionraí ar fionraí fós ach amháin i gcás ina n‑urramaítear ordú cúirte faoi mhír 1, pointe (b), agus ar choinníoll go gcomhaontaíonn údaráis Chireabaití an ceadúnas iascaireachta a athbhunú ar feadh na tréimhse atá fágtha ag an gceadúnas iascaireachta sin.
Airteagal 13
Cur i bhfeidhm an Phrótacail a chur ar fionraí
1.D’fhéadfadh cur i bhfeidhm an Phrótacail seo, lena n‑áirítear an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6( 2), pointí (a) agus (b), a chur ar fionraí ar thionscnamh ceachtar de na Páirtithe sna cásanna seo a leanas:
(a)i gcás ina mainníonn an tAontas na híocaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6(2) den Phrótacal seo a dhéanamh ar chúiseanna nach gcumhdaítear in Airteagal 7(5) agus Airteagal 11 (1).
(b)i gcás ina dtagann díospóid thromchúiseach chun cinn idir na Páirtithe maidir le léirmhíniú an Phrótacail seo nó a choisceann a chur chun feidhme;
(c)i gcás nach ndéanann aon soitheach de chuid an Aontais iarratas ar cheadúnais iascaireachta a athnuachan;
(d)
i gcás nach n‑urramaíonn ceachtar de na Páirtithe forálacha an Phrótacail seo;
(e)i gcás ina suíonn ceachtar de na Páirtithe go ndearnadh sárú ar ghnéithe fíor-riachtanacha bunúsacha de chearta an duine mar a leagtar amach in Airteagal 9 de Chomhaontú Cotonou, nó a áirítear san airteagal coibhéiseach den chomhaontú idir an tAontas agus tíortha ACC a thiocfaidh i gcomharbas air.
2.Tabharfaidh an Páirtí leasmhar fógra i scríbhinn don Pháirtí eile faoi chur i bhfeidhm an Phrótacail a bheith curtha ar fionraí agus tiocfaidh sé i bhfeidhm 3 mhí tar éis an fógra sin a fháil. Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle lena chéile ón tráth a gheofar an fógra maidir le fionraí d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil ar a ndíospóid laistigh de 3 mhí. I gcás ina dtagtar ar réiteach den sórt sin nó a luaithe a athbhunófar an staid a bhí ann roimh na teagmhais a luaitear i mír 1, pointe (a), atosófar cur i bhfeidhm an Phrótacail agus déanfar méid na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6 a laghdú go comhréireach agus pro rata temporis de réir fhad na fionraí.
Airteagal 14
Dlíthe agus rialacháin náisiúnta
1.Beidh gníomhaíochtaí iascaireachta soithí de chuid an Aontais agus iad ag oibriú sna limistéir iascaireachta faoin bPrótacal seo faoi rialú na ndlíthe agus na rialachán is infheidhme i gCireabaití, mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú, sa Phrótacal seo agus san Iarscríbhinn agus sna Foscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal seo.
2.Tugann an tAontas gealltanas go ndéanfaidh sé na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh soithí de chuid an Aontais dlíthe agus rialacháin náisiúnta Chireabaití, agus go gcuirfear na bearta faireacháin, rialaithe agus faireachais a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta faoin bPrótacal seo i bhfeidhm go héifeachtach.
3.Comhoibreoidh oibreoirí soithí de chuid an Aontais le húdaráis Chireabaití atá freagrach as faireachán, rialú agus faireachas.
4.Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile faoi aon athrú ar a mbeartas iascaigh nó ar a reachtaíocht iascaigh féin a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar ghníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais faoin bPrótacal seo.
5.Aon athrú substaintiúil nó aon reachtaíocht nua a d’imreodh tionchar suntasach ar ghníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais, beidh feidhm aige maidir leo tráth nach luaithe ná an 60ú lá tar éis an lae a bhfaighidh an tAontas fógra faoin athrú ó Chireabaití.
Airteagal 15
Neamh-idirdhealú agus trédhearcacht
1.Faoi Airteagal 3(1) den Chomhaontú, bainfidh soithí de chuid an Aontais tairbhe as coinníollacha iascaireachta teicniúla nach lú fabhar ná na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le cabhlaigh eachtracha eile a bhfuil na saintréithe céanna iontu agus a dhéanann iascaireacht ar na speicis chéanna.
2.Tugann na Páirtithe gealltanas faisnéis a mhalartú sa Chomhchoiste maidir le haon chomhaontú lena gceadaítear do shoithí eachtracha dul isteach sna limistéir iascaireachta go háirithe maidir leis na coinníollacha teicniúla is infheidhme maidir le soithí eachtracha a oibríonn in uiscí Chireabaití.
3.Tugann an tAontas gealltanas sonraí comhiomlánaithe a chur ar fáil do Chireabaití, ar bhonn ráithiúil, maidir le cainníochtaí agus áiteanna na ngabhálacha a thugtar i dtír sna limistéir iascaireachta.
Airteagal 16
Cosaint sonraí
1.Tugann na Páirtithe gealltanas a áirithiú go bpróiseálfar na sonraí pearsanta uile atá íogair ó thaobh na tráchtála de a bhaineann le soithí de chuid an Aontais agus a ngníomhaíochtaí iascaireachta a fhaightear laistigh de chomhthéacs an Phrótacail i gcomhréir le prionsabail na rúndachta agus na cosanta sonraí. Áiritheoidh na Páirtithe nach ndéanfar ach sonraí comhiomlánaithe a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta sna limistéir iascaireachta a chur ar fáil don phobal, i ndáil leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme agus le prótacail ghaolmhara maidir le comhroinnt agus cosaint shonraí ERBI.
2.Déanfaidh na húdaráis inniúla na sonraí a phróiseáil chun an Comhaontú a chur chun feidhme, agus chun na críche sin amháin, agus go háirithe chun bainistiú, faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh ar iascaigh. Is iad an Coimisiún Eorpach nó an Stát brataí, thar ceann an Aontais, agus an tÚdarás Inniúil ábhartha, thar ceann Chireabaití, na húdaráis a bheidh freagrach as próiseáil sonraí.
3.Ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cóir agus trédhearcach i ndáil le hábhar na sonraí.
4.Maidir le cur chun feidhme an Phrótacail seo, go háirithe maidir le hiarratais ar cheadúnais iascaireachta a phróiseáil, faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus iascaireacht neamhdhleathach a chomhrac, féadfar na sonraí seo a leanas a mhalartú agus a phróiseáil a thuilleadh:
(a)sonraí sainaitheantais agus teagmhála an tsoithigh;
(b)gníomhaíochtaí soithigh nó gníomhaíochtaí a bhaineann le soitheach, a suíomh agus a gluaiseachtaí, a gníomhaíocht iascaireachta nó a gníomhaíocht a bhaineann le hiascaireacht, arna mbailiú trí bhíthin faireacháin, cigireachtaí nó breathnóirí, i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme agus le prótacail ghaolmhara maidir le comhroinnt agus cosaint shonraí ERBI;
(c)sonraí a bhaineann le húinéirí soithigh nó a n‑ionadaí, amhail ainm, náisiúntacht, sonraí teagmhála gairmiúla, agus cuntas bainc gairmiúil,
(d)sonraí a bhaineann leis an ngníomhaire áitiúil, amhail ainm, náisiúntacht agus sonraí teagmhála gairmiúla;
(e)sonraí a bhaineann le máistrí an tsoithigh agus le baill den chriú, amhail ainmneacha, náisiúntacht, feidhm agus, i gcás an mháistir, a shonraí/a sonraí teagmhála,
(f)sonraí a bhaineann leis na mairnéalaigh a thugtar ar bord, amhail ainm, sonraí teagmhála, oiliúint, deimhniú sláinte.
5.Beidh na sonraí pearsanta a iarrfar agus a aistreofar faoin bPrótacal seo cruinn, leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun an Comhaontú a chur chun feidhme.
6.Ní dhéanfaidh na Páirtithe sonraí pearsanta a mhalartú faoin gComhaontú seo ach amháin chun na gcríoch sonrach a leagtar amach sa Chomhaontú.
7.Ní dhéanfar tuilleadh próiseála ar na sonraí a fhaightear ar bhealach nach bhfuil comhoiriúnach leis na cuspóirí sin.
8.Ní choimeádfar sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá chun na críche ar chuici a malartaíodh iad, suas go dtí uastréimhse 10 mbliana, mura rud é go bhfuil na sonraí pearsanta riachtanach chun gníomh leantach a dhéanamh maidir le sárú, cigireacht nó imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin. Sna cásanna sin, féadfar na sonraí pearsanta a stóráil ar feadh 20 bliain. I cás ina gcoimeádtar sonraí pearsanta ar feadh tréimhse níos faide, déanfar iad a anaithnidiú.
9.Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n‑áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, agus rioscaí sonracha na próiseála á gcur san áireamh, lena n‑áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chaillteanas, díothú nó damáiste timpisteach.
10.Áiritheoidh gach Páirtí go gcuirfear ábhair na sonraí ar an eolas faoin gcaoi a bpróiseálfar a sonraí pearsanta agus faoina gcearta agus a leigheasanna dlí trí bhíthin fógra ginearálta, e.g. foilsiú an Phrótacail seo, nó fógra aonair, e.g. ráitis phríobháideachais atá le soláthar le linn phróiseas an iarratais ar cheadúnas iascaireachta.
11.Tá cearta éifeachtacha infhorfheidhmithe ar fáil d’ábhair sonraí maidir lena gcearta faoi na ceanglais dlí is infheidhme i ndlínse gach údaráis. Cuireann na húdaráis cosaintí ar fáil chun sonraí pearsanta a chosaint trí mheascán de dhlíthe, de rialachán agus dá mbeartais agus nósanna imeachta inmheánacha. Go háirithe, déanfar aon ghearán in aghaidh údaráis na bPáirtithe maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin bPrótacal seo a sheoladh chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcás údaráis an Aontais, nó chuig aon Údarás Inniúil ábhartha i gcás Chireabaití.
12.Ní aistreoidh údaráis an Pháirtí sonraí a roinntear faoin bPrótacal seo chuig tríú páirtí i dtír eile seachas na Ballstáit bhrataí.
13.Féadfaidh an Comhchoiste cosaintí agus leigheasanna dlí iomchuí breise a bhunú.
Airteagal 17
Eisiachas
1.De bhun Airteagal 6 den Chomhaontú, ní rachaidh soithí de chuid an Aontais i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta sna limistéir iascaireachta ach amháin má tá ceadúnas iascaireachta acu arna eisiúint faoin bPrótacal seo.
2.Eiseoidh údaráis Chireabaití ceadúnais iascaireachta do shoithí de chuid an Aontais faoin bPrótacal seo amháin. Toirmiscfear aon cheadúnas iascaireachta a eisiúint do shoithí de chuid an Aontais lasmuigh de chreat an Phrótacail seo, go háirithe i bhfoirm ceadúnais dhíreacha.
Airteagal 18
Clásal athbhreithnithe
Féadfaidh na Páirtithe laistigh den Chomhchoiste athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha an Phrótacail, na hIarscríbhinne agus na bhFoscríbhinní agus, i gcás inar gá, féadfaidh siad leasuithe a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
(a)coigeartú na ndeiseanna iascaireachta agus, dá réir sin, coigeartú na ranníocaíochta airgeadais comhfhreagraí dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) i gcomhréir le hAirteagal 8;
(b)na socruithe maidir le tacaíocht earnála agus, dá réir sin, maidir leis an ranníocaíocht airgeadais chomhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(b);
(c)na socruithe agus na coinníollacha teicniúla faoina ndéanann soithí de chuid an Aontais a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta.
Airteagal 19
Foirceannadh
1.Féadfaidh ceachtar den dá pháirtí an Prótacal seo a fhoirceannadh i gcás imthosca neamhghnácha amhail díghrádú na stoc lena mbaineann, teacht ar leibhéal laghdaithe maidir le saothrú na ndeiseanna iascaireachta a dheonaítear do shoithí de chuid an Aontais, nó mainneachtain gealltanais a chomhlíonadh arna ndéanamh ag na Páirtithe maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (‘NNN’) a chomhrac.
2.I gcás ina bhfoirceannfar an Prótacal seo, tabharfaidh an páirtí lena mbaineann fógra i scríbhinn don pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige é a fhoirceannadh 6 mhí ar a laghad roimh an dáta a thiocfadh an foirceannadh sin i bhfeidhm. Ar sheoladh an fhógra dá dtagraítear san abairt roimhe seo, cuirfidh na Páirtithe tús le comhairliúcháin oscailte.
3.Déanfar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6 den Phrótacal seo don bhliain ina dtagann an foirceannadh i bhfeidhm a laghdú go comhréireach agus pro rata temporis.
Airteagal 20
Malartuithe leictreonacha sonraí
1.Molann Cireabaití agus an tAontas malartú leictreonach na faisnéise agus na ndoiciméad uile a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail seo.
2.Measfar ag aon tráth an fhoirm leictreonach de dhoiciméad a bheith coibhéiseach leis an leagan páipéir.
3.Tabharfaidh an dá Pháirtí fógra láithreach don Pháirtí eile faoi aon bhriseadh i gcóras ríomhaireachta lena gcuirtear bac ar mhalartuithe den sórt sin. Sna himthosca sin, cuirfear a leagan páipéir go huathoibríoch in ionad na faisnéise agus na ndoiciméad a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail seo ar an gcaoi a shainítear san Iarscríbhinn.
Airteagal 21
Oibleagáidí ar dhul in éag nó ar fhoirceannadh an Phrótacail seo
1.Tar éis dhul in éag nó fhoirceannadh an Phrótacail seo, i gcomhréir le hAirteagail 19 nó 12 den Chomhaontú, leanfaidh úinéirí shoithí an Aontais de bheith faoi dhliteanas i leith aon sárú ar fhorálacha an Chomhaontaithe nó an Phrótacail seo nó ar aon dlí de chuid Chireabaití a tharla roimh dhul in éag nó foirceannadh an Phrótacail seo, nó i leith aon táille cheadúnais nó aon dleacht amuigh nach n‑íoctar tráth an dul in éag nó an fhoirceanta.
2.Más gá, leanfaidh na Páirtithe d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na tacaíochta earnála dá bhforáiltear faoi Airteagal 6(2), pointe (b), i gcomhréir le hAirteagal 7 agus le rialacha cur chun feidhme maidir le tacaíocht earnála.
Airteagal 22
Cur i bhfeidhm sealadach
Cuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón dáta a síneoidh na Páirtithe é.
Airteagal 23
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Prótacal seo agus na hIarscríbhinní agus Foscríbhinní a ghabhann leis i bhfeidhm ar an dáta a thugann na Páirtithe fógra dá chéile gur cuireadh i gcrích na nósanna imeachta is gá chun na críche sin.
IARSCRÍBHINN
COINNÍOLLACHA MAIDIR LE SAOTHRÚ GNÍOMHAÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA AG SOITHÍ DE CHUID AN AONTAIS FAOIN bPRÓTACAL MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME AN CHOMHAONTAITHE COMHPHÁIRTÍOCHTA IASCAIGH IDIR AN tAONTAS EORPACH, DE PHÁIRT AMHÁIN, AGUS POBLACHT CHIREABAITÍ, DEN PHÁIRT EILE
CAIBIDIL I – FORÁLACHA GINEARÁLTA
Roinn 1
Ainmniú na nÚdarás Inniúil
1.Chun críche na hIarscríbhinne seo agus mura sonraítear a mhalairt, ciallóidh aon tagairt don Aontas nó do Chireabaití mar údarás inniúil an méid seo leanas:
(a)thar ceann an Aontais Eorpach (‘an tAontas’): an Coimisiún Eorpach;
(b)thar ceann Chireabaití: an Aireacht Iascaigh agus Forbartha Acmhainní Muirí.
2.Sula gcuirfear tús le cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo, malartóidh na Páirtithe le chéile na sonraí teagmhála ábhartha uile maidir le cur chun feidhme an Phrótacail seo agus cuirfidh siad in iúl dá chéile iad de réir mar is iomchuí.
Roinn 2
Limistéir iascaireachta
1.Na soithí de chuid an Aontais a bhfuil ceadúnas iascaireachta ina seilbh acu arna eisiúint ag Cireabaití faoin bPrótacal, údarófar dóibh dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéir iascaireachta Chireabaití, is é sin uiscí Chireabaití i gcomhréir le reachtaíocht Chireabaití cé is moite den fharraige theorann, limistéir faoi chosaint agus limistéir faoi thoirmeasc.
2.Cuirfidh Cireabaití in iúl don Aontas comhordanáidí uiscí Chireabaití agus na limistéar faoi chosaint nó na limistéar faoi thoirmeasc sula gcuirfear tús le cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail.
3.Cuirfidh Cireabaití in iúl don Aontas aon mhodhnú ar na limistéir sin i gcomhréir le forálacha Airteagal 14(4) den Phrótacal.
Roinn 3
Limistéir bainistíochta iascaireachta
1.Faoina chur chuige maidir le Bainistiú Limistéarbhunaithe agus i gcomhréir le Rialachán 2014 maidir le hIascaigh (Scéim Laethanta Soithí Peas-Saighne), rinne Cireabaití a limistéir iascaireachta a chatagóiriú ina dtrí limistéar bainistíochta iascaireachta, is iad sin Limistéar Gilbert, Limistéar Phoenix agus Limistéar Line.
2.Cuirfidh Cireabaití comhordanáidí na limistéar bainistíochta iascaireachta in iúl don Aontas sula gcuirfear tús le cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail.
3.Cuirfidh Cireabaití in iúl don Aontas aon mhodhnú ar na limistéir bainistíochta iascaireachta i gcomhréir le forálacha Airteagal 14(4) den Phrótacal.
4.Sa bhreis ar an réamhíocaíocht a bheidh le híoc ag úinéirí loinge a shainítear i gCaibidil II, Roinn 6, íocfar na préimhrátaí seo a leanas in aghaidh an lae iascaireachta i gcomhréir leis an nós imeachta a dtugtar tuairisc air i gCaibidil II, Roinn 7:
(a)I gcás ina dtarlaíonn lá iascaireachta i Limistéar Line, ní bheidh aon phréimh i gceist.
(b)
I gcás ina dtarlaíonn lá iascaireachta i Limistéar Phoenix, beidh préimh USD 1 000 i gceist.
(c)
I gcás ina dtarlaíonn lá iascaireachta i Limistéar Gilbert, beidh préimh USD 1 000 i gceist.
Roinn 4
Gníomhaire an tsoithigh
Féadfaidh gníomhaire (cuideachta nó duine) a bhfuil cónaí air i gCireabaití ionadaíocht a dhéanamh ar gach soitheach de chuid an Aontais atá ag cur isteach ar cheadúnas iascaireachta, arna chur sin in iúl go hiomchuí d’údarás inniúil Chireabaití.
Roinn 5
Soithí incháilithe de chuid an Aontais
Ionas go mbeidh soitheach de chuid an Aontais incháilithe chun ceadúnas iascaireachta a fháil, ní mór nach mbeidh toirmeasc ar an úinéir, ar an máistir ná ar an soitheach féin iascaireacht a dhéanamh in uiscí Chireabaití. Ní mór dóibh a bheith i gcomhréir le dlíthe Chireabaití agus ní mór dóibh na hoibleagáidí roimh ré uile a d’eascair as a ngníomhaíochtaí iascaireachta i gCireabaití a chomhlíonadh faoi chomhaontuithe iascaigh arna dtabhairt i gcrích leis an Aontas. Thairis sin, comhlíonfaidh siad reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le ceadúnais iascaireachta, beidh siad ar Thaifead WCPFC na soithí iascaireachta, beidh siad ar chlár na bPáirtithe i gComhaontú Nárú, beidh siad ar chlár dea-stádais FFA agus ní bheidh siad ar liosta soithí NNN de chuid RFMO.
CAIBIDIL II – BAINISTIÚ CEADÚNAS IASCAIREACHTA
Roinn 1
Clárú
1.Beidh iascaireacht a dhéanann soithí de chuid an Aontais laistigh de na limistéir iascaireachta faoi réir uimhir chlárúcháin arna eisiúint ag údaráis inniúla Chireabaití.
2.Déanfaidh údaráis inniúla Chireabaití iarratais ar chlárú ar an bhfoirm atá le fáil chun na críche sin, i gcomhréir le Foscríbhinn 1.
3.Beidh an clárú ag brath ar USD 3 000 a íoc in aghaidh an tsoithigh in aghaidh na bliana mar tháille chlárúcháin atá le híoc isteach i gcuntas Uimh. 3 Rialtais Chireabaití, agus déanfar aon asbhaint a imréiteach.
Roinn 2
Tréimhse bhailíochta an cheadúnais iascaireachta
1.Tá ceadúnas iascaireachta bailí ar feadh ‘tréimhse iascaireachta bhliantúil’.
2.Comhfhreagróidh an tréimhse iascaireachta bhliantúil sin do na nithe seo a leanas:
(a)
don bhliain ina dtiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm go sealadach, don tréimhse idir dáta a theacht i bhfeidhm go sealadach agus an 31 Nollaig an bhliain chéanna;
(b)
ansin, do gach bliain féilire iomlán;
(c)
don bhliain ar lena linn a rachaidh an Prótacal in éag, don tréimhse idir an 1 Eanáir agus an dáta a rachaidh an Prótacal in éag.
3.Beidh na ceadúnais in-athnuaite, faoi réir bhailíocht an Phrótacail.
4.Maidir leis an gcéad tréimhse iascaireachta bhliantúil agus maidir leis an tréimhse iascaireachta bhliantúil deiridh, ba cheart an íocaíocht atá dlite ag úinéirí loinge faoi Roinn 6, mír 2, a ríomh ar bhonn pro rata temporis.
Roinn 3
Iarratas ar cheadúnas iascaireachta
1.Ní fhéadfaidh ach soithí incháilithe de chuid an Aontais, mar a shainítear i gcaibidil I, roinn 5, den Iarscríbhinn seo, ceadúnas iascaireachta a fháil.
2.Déanfaidh údarás inniúil an Aontais iarratas ar cheadúnas iascaireachta a chur go leictreonach chuig údarás inniúil Chireabaití, agus cóip de a chur chuig an Toscaireacht, i gcomhréir le Foscríbhinn 1 maidir le gach soitheach ar mian léi iascaireacht a dhéanamh faoin bPrótacal 20 lá oibre ar a laghad roimh thús thréimhse bhliantúil bhailíochta an cheadúnais iascaireachta mar a shonraítear i Roinn 2 den Chaibidil seo.
3.I gcás nár cuireadh iarratas ar cheadúnas iascaireachta isteach roimh thús na tréimhse bliantúla bailíochta, féadfaidh an t‑úinéir loinge é sin a dhéanamh fós tráth nach déanaí ná 20 lá oibre roimh thús na ngníomhaíochtaí iascaireachta a iarradh. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh an ceadúnas iascaireachta bailí ach amháin go dtí deireadh na tréimhse bliantúla inar iarradh é. Íocfaidh na húinéirí loinge na táillí rochtana atá dlite as tréimhse iomlán bhailíochta an cheadúnais iascaireachta.
4.Maidir le gach iarratas tosaigh ar cheadúnas iascaireachta, nó tar éis mórathrú teicniúil a bheith déanta ar an soitheach lena mbaineann, cuirfidh an tAontas an t‑iarratas isteach trí ríomhphost chuig údarás inniúil Chireabaití agus úsáid á baint as an bhfoirm i bhFoscríbhinn 1 agus beidh na doiciméid seo a leanas ag gabháil leis:
(a)cruthúnas gur íocadh na táillí rochtana le haghaidh thréimhse bhailíochta an cheadúnais iascaireachta;
(b)grianghraif dhaite dhigiteacha den soitheach, agus dátstampa leo, arna dtógáil le déanaí (laistigh de 12 mhí nó níos lú), de thaifeach 72dpi, 1400 × 1050 pic., ina dtaispeántar radharc cliathánach den soitheach lena n‑áirítear ainm an tsoithigh in aibítir bhunúsach Laidine ISO;
(c)cóip de dheimhniú trealaimh sábháilteachta an tsoithigh;
(d)cóip de dheimhniú clárúcháin an tsoithigh;
(e)cóip den deimhniú rialaithe sláintíochta loinge;
(f)cóip de dheimhniú clárúcháin faoi chlár dea-stádais FFA;
(g)plean stuála;
(h)cóip den deimhniú árachais i mBéarla atá bailí ar feadh ré an cheadúnais iascaireachta;
(i)táille breathnóra USD 3 000 in aghaidh an tsoithigh in aghaidh na bliana.
5.Maidir le hathnuachan an cheadúnais iascaireachta i gcás soitheach nár modhnaíodh a shonraíochtaí teicniúla, ní bheidh ag gabháil leis an iarratas ar athnuachan ach cruthúnas gur íocadh na táillí rochtana, deimhniú reatha clárúcháin faoi chlár dea-stádais FFA agus cóipeanna d’aon deimhniú athnuaite mar a liostaítear i bpointí c, d, e agus h.
6.Íocfar an táille isteach i gcuntas bainc Uimh. 3 Rialtas Chireabaití. Is ar na húinéirí loinge a bheidh na costais bhunúsacha a bhaineann le haistrithe bainc.
7.Deimhneoidh údaráis Chireabaití sonraí an chuntais bainc leis an Aontas gach bliain.
8.Cuimseofar sna híocaíochtaí na muirir náisiúnta agus áitiúla uile seachas cánacha calafoirt agus muirir sheirbhíse.
9.Má tharlaíonn sé go bhfuil iarratas neamhiomlán nó mura gcomhlíonann sé na coinníollacha faoi phointí 4, 5, 6 agus 7 thuas, laistigh de 7 lá oibre tar éis d’údaráis Chireabaití an t‑iarratas leictreonach a fháil cuirfidh siad in iúl d’údarás inniúil an Aontais, agus cóip de á chur chuig an Toscaireacht, na cúiseanna a meastar go bhfuil an t‑iarratas neamhiomlán nó nach gcomhlíonann sé na coinníollacha faoi phointí 4, 5, 6 agus 7.
Roinn 4
Ceadúnas iascaireachta a eisiúint
1.Eiseoidh Cireabaití an ceadúnas iascaireachta laistigh de 15 lá oibre tar éis an t‑iarratas comhlánaithe a fháil trí ríomhphost agus ar dheimhniú a fháil go bhfuair Cireabaití an íocaíocht.
2.Déanfaidh údarás inniúil Chireabaití an ceadúnas iascaireachta a tharchur gan mhoill trí mheán leictreonach chuig an úinéir loinge nó gníomhaire an tsoithigh agus chuig údarás inniúil an Aontais agus cóip de á chur chuig an Toscaireacht. An tráth céanna, cuirfear ceadúnas iascaireachta i bhfoirm páipéir chuig an úinéir loinge.
3.Ar eisiúint an cheadúnais iascaireachta dóibh, déanfaidh údarás inniúil Chireabaití an soitheach a áireamh ar an liosta de shoithí de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh sna limistéir iascaireachta. Cuirfear an liosta sin ar fáil do gach eintiteas ábhartha faireacháin, rialaithe agus faireachais de chuid Chireabaití agus d’údarás inniúil an Aontais agus cuirfear cóip de chuig an Toscaireacht.
4.Cuirfear foirm pháipéir an cheadúnais iascaireachta in ionad na foirme leictreonaí de a luaithe is féidir.
5.Eiseofar ceadúnas iascaireachta do shoitheach ar leith agus ní bheidh sé inaistrithe ach amháin i gcásanna imthosca neamhghnácha, mar a leagtar amach i Roinn 5 thíos.
6.Ní mór an ceadúnas iascaireachta (i bhfoirm leictreonach, nó i bhfoirm pháipéir nuair a bheidh sé ar fáil) a choinneáil ar bord an tsoithigh i gcónaí.
Roinn 5
Imthosca neamhghnácha
1.I gcás ina gcruthaítear imthosca neamhghnácha agus arna iarraidh sin don Aontas, féadfar ceadúnas iascaireachta soithigh a fhoirceannadh ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha dá bhailíocht. Cuirfidh an t‑úinéir loinge, nó gníomhaire an tsoithigh, a ceadúnas iascaireachta ar ais chuig údarás inniúil Chireabaití agus cuirfidh sé údarás an Aontais agus an Toscaireacht ar an eolas.
2.Eiseofar ceadúnas iascaireachta nua do shoitheach ina bhfuil saintréithe comhchosúla de réir na bhforálacha a bhunaítear i Roinn 4 agus faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le cur i bhfeidhm mar a leagtar amach i Roinn 3 iad, gan aon cheanglas ar réamhíocaíocht nua.
3.Tiocfaidh an ceadúnas iascaireachta nua i bhfeidhm an lá a bhfaighidh údarás inniúil Chireabaití ceadúnas iascaireachta an tsoithigh a ndéanann imthosca neamhghnácha difear di. Measfar an ceadúnas a cuireadh ar ais a bheith curtha ar ceal. Cuirfidh údarás inniúil Chireabaití údarás an Aontais agus an Toscaireacht ar an eolas faoi eisiúint an cheadúnais iascaireachta nua.
Roinn 6
Coinníollacha an cheadúnais iascaireachta – táillí agus réamhíocaíochtaí
1.Deonóidh Cireabaití rochtain do shoithí de chuid an Aontais ar thrí limistéar iascaireachta na meánna i gcomhréir le Roinn 3.
2.Eiseofar ceadúnas iascaireachta a luaithe a íocfar táille réamhíocaíochta USD seacht gcéad is fiche míle (720 000) in aghaidh an tsoithigh de chuid an Aontais isteach i gcuntas Uimh. 3 Rialtas Chireabaití, rud a thabharfaidh an ceart don soitheach iascaireachta iascaireacht a dhéanamh ar feadh 40 lá laistigh de na limistéir iascaireachta. I gcás na chéad tréimhse iascaireachta bliantúla agus na tréimhse iascaireachta deiridh faoin bPrótacal seo, mar a shainítear i Roinn 2, mír 2 a) agus c), íocfar an táille réamhíocaíochta sin pro rata temporis.
3.Áirítear leis na réamhfhigiúirí i mír 2 fachtóirí coigeartaithe fad VDS a bhfuil feidhm acu maidir leis na soithí uile a dhéanann iascaireacht laistigh de na limistéir iascaireachta, i gcomhréir le Rialachán 2014 maidir le hIascaigh (Scéim Laethanta Soithí Peas-Saighne).
4.Is féidir le hoibreoirí soithí de chuid an Aontais na laethanta iascaireachta a ceannaíodh a roinnt eatarthu, más mian leo é. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh oibreoirí údaráis Chireabaití agus údaráis an Aontais ar an eolas láithreach faoi líon na laethanta iascaireachta atá le roinnt idir na soithí lena mbaineann.
5.Má tá siad ar fáil, féadfaidh oibreoirí laethanta iascaireachta a cheannach sa bhreis ar na laethanta iascaireachta a ceannaíodh faoi mhír 2, arna iarraidh sin d’údarás inniúil an Aontais ar údaráis Chireabaití. Cuirfidh údaráis Chireabaití údarás inniúil an Aontais ar an eolas maidir le líon comhaontaithe agus praghas na laethanta iascaireachta breise sin.
Roinn 7
Ráitis deiridh táillí
1.An 1 Samhain gach bliain dréachtóidh údarás inniúil Chireabaití ráiteas deiridh maidir leis na táillí atá dlite i leith ghníomhaíochtaí iascaireachta Shoitheach an Aontais ón 1 Eanáir go dtí an 31 Deireadh Fómhair den bhliain féilire, ar bhonn na limistéar bainistíochta iascaireachta ina raibh soithí de chuid an Aontais ag oibriú, a shainítear i gCaibidil 1, Roinn 3.
2.An 1 Márta gach bliain dréachtóidh údarás inniúil Chireabaití ráiteas deiridh maidir leis na táillí atá dlite i leith ghníomhaíochtaí iascaireachta shoithí an Aontais ón 1 Samhain go dtí an 31 Nollaig den bhliain féilire roimhe seo, ar bhonn na limistéar bainistíochta iascaireachta ina raibh soithí de chuid an Aontais ag oibriú, a shainítear i gCaibidil 1, Roinn 3.
3.Déanfaidh údarás inniúil an Aontais an ráiteas deiridh táillí a tharchur go comhuaineach chuig úinéirí loinge agus chuig údaráis náisiúnta na Stát brataí lena mbaineann araon.
4.Féadfaidh na húinéirí loinge an ráiteas deiridh maidir le táillí a cheistiú laistigh de 15 lá féilire tar éis d’údaráis a mBallstáit é a fháil. Mura ndéantar aon agóid, measfar gur ghlac na húinéirí loinge leis an ráiteas deiridh maidir le táillí.
5.Tar éis don dá Pháirtí teacht ar chomhaontú maidir leis an ráiteas deiridh maidir le táillí, eiseoidh Údarás Inniúil Chireabaití sonrasc maidir leis na táillí atá le híoc. Íocfaidh soithí de chuid an Aontais Rialtas Chireabaití laistigh de 30 lá féilire (Cuntas Uimh. 3 Rialtas Chireabaití).
6.Féachfaidh an dá Pháirtí le haon easaontú a réiteach laistigh de 30 lá féilire tar éis an ráiteas deiridh maidir le táillí a fháil.
7.Más ann fós don easaontas idir na húinéirí loinge agus údarás inniúil Chireabaití, féadfaidh údarás inniúil Chireabaití nó údarás inniúil an Aontais cruinniú speisialta den Chomhchoiste a iarraidh, mar a fhoráiltear in Airteagal 9(2) den Chomhaontú. Déanfaidh an Comhchoiste, trí chomhaontú frithpháirteach, cinneadh críochnaitheach i dtaca leis an ráiteas deiridh maidir le táillí. Aon íocaíocht bhreise a bheidh dlite, déanfaidh na húinéirí loinge í a íoc le húdaráis inniúla Chireabaití tráth nach déanaí ná 1 mhí tar éis dháta Chruinniú an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 6(8) den Phrótacal, agus déanfar aon asbhaint a imréiteach.
CAIBIDIL III – BEARTA TEICNIÚLA
Roinn 1
Bearta a bhaineann le Feiste Comhthiomsaithe Éisc
Iascaireacht le feiste comhthiomsaithe éisc agus coinneáil gabhálacha tuinníní, déanfar iad i gcomhréir le Bearta Caomhnaithe agus Bainistithe ábhartha WCPFC agus le Socruithe Cur Chun Feidhme ábhartha Chomhaontú Nárú.
Roinn 2
Speicis atá faoi thoirmeasc
Tá toirmeasc ar aon cheann de na speicis seo a leanas a iascach nó a choinneáil ar bord, a dhíol, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír tráth ar bith nó áit ar bith le linn thréimhse bhailíochta an Phrótacail seo:
(a)Ealásmabrainciaigh (siorcanna agus roic) d’aon speiceas
(b)Mamaigh farraige d’aon speiceas
(c)Reiptílí d’aon speiceas
(d)Éin d’aon speiceas
Roinn 3
Speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu
1.Áiritheoidh oibreoirí soithí de chuid an Aontais go ndéanfar iascaireacht ar bhealach lena n‑íoslaghdófar an tionchar ar speicis nach spriocspeicis iad agus ar speicis foghabhála.
2.Áiritheoidh oibreoirí soithí de chuid an Aontais go scaoilfear speicis atá faoi chosaint, lena n‑áirítear deilfeanna, turtair, siorcanna agus éin mhara, ar bhealach a thabharfaidh an seans is mó dóibh go mairfidh siad ar bhonn threoirlínte infheidhme WCPFC.
CAIBIDIL IV – FAIREACHÁN
Roinn 1
Taifeadadh agus tuairisciú gabhálacha
1.Na soithí de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh sna limistéir iascaireachta faoin gComhaontú, cuirfidh siad a ngabhálacha in iúl d’údarás inniúil Chireabaití ar an mbealach seo a leanas, go dtí go gcuirfidh an dá Pháirtí chun feidhme córas tuairiscithe leictreonach ar ghabhálacha, a dtugtar ERS air.
2.Déanfaidh oibreoirí, agus iad in uiscí Chireabaití, taifead i mBéarla ar an ngabháil, lena n‑áirítear foghabháil, agus ar an ngníomhaíocht iascaireachta a nuashonrú ar bhonn laethúil trí úsáid a bhaint as bileog loga leictreonach iFIMS na bPáirtithe i gComhaontú Nárú tar éis gach gabhála agus seolfaidh siad an fhaisnéis sin go leictreonach trí FIMS na bPáirtithe i gComhaontú Nárú chuig an Aireacht Iascaigh agus Forbartha Acmhainní Muirí, tar éis tacar iascaireachta a chur i gcrích.
3.Na soithí de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh sna limistéir iascaireachta, déanfaidh siad bileog loga réigiúnach Peas-Saighne SPC/FFA, atá le fáil ar shuíomh gréasáin Chomhphobal an Aigéin Chiúin (SPC), a líonadh isteach do gach lá a bhíonn siad i láthair sna limistéir iascaireachta. Fiú mura ndearnadh aon ghabháil nó nuair nach mbíonn an long ach ar idirthuras, líonfar an fhoirm isteach fós. Líonfar an fhoirm isteach go soléite agus síneoidh máistir an tsoithigh nó a ionadaí í.
4.Fad atá siad sna limistéir iascaireachta, déanfaidh soithí de chuid an Aontais achoimre ar an logleabhar iascaireachta faoi phointe 2 a thuairisciú d’údarás inniúil Chireabaití gach Céadaoin agus úsáid á baint as Foscríbhinn 2, Teimpléad Uimh. 1, trí ríomhphost a sheoladh chuig na teagmhálaithe a chuirtear ar fáil inti.
5.A mhéid a bhaineann le cur isteach na mbileog loga iascaireachta dá dtagraítear i bpointe 2, déanfaidh soithí de chuid an Aontais an méid seo a leanas:
(a)sa chás go dtéann siad isteach i gcalafort iontrála de chuid Chireabaití, cuirfidh siad an fhoirm chomhlánaithe faoi bhráid údarás sonrach Chireabaití laistigh de 5 lá tar éis teacht isteach, nó in aon chás sula bhfágfaidh siad an calafort, cibé acu is túisce a tharlóidh. Seachadfaidh údarás Chireabaití admháil i scríbhinn;
(b)nuair atá na limistéar iascaireachta á bhfágáil gan dul trí chalafort iontrála de chuid Chireabaití ar dtús, seolfar cóipeanna de bhileoga logleabhair laistigh de thréimhse 15 lá oibre tar éis na limistéir iascaireachta a fhágáil trí ríomhphost a sheoladh chuig seoladh ríomhphoist údarás inniúil Chireabaití.
6.Ba cheart an leagan bunaidh de gach logleabhar iascaireachta a sheoladh laistigh de thréimhse 7 lá oibre tar éis an chéad teacht isteach i gcalafort tar éis na limistéir iascaireachta a fhágáil.
7.Ní mór cóipeanna de na bileoga logleabhair iascaireachta sin a sheoladh go comhuaineach chuig na hinstitiúidí eolaíocha amhail IRD (Institut de Recherche pour le Développement), IEO (Instituto Español de Oceanografia) agus IPIMAR (Instituto de Investigação das Pescas e do Mar).
8.Cuirfear na focail ‘limistéir iascaireachta Chireabaití’ isteach sna bileoga logleabhair thuasluaite i ndáil le tréimhsí a bhfuil an soitheach sna limistéir iascaireachta lena linn.
9.Féachfaidh an dá Pháirtí le ERS a chur chun feidhme a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta soithí de chuid an Aontais sna limistéir iascaireachta, faoi réir comhaontú comhchoiteann maidir le treoirlínte chun ERS a bhainistiú agus a chur chun feidhme.
10.A luaithe a chuirfear córas leictreonach an dearbhaithe gabhála chun feidhme tiocfaidh sé go hiomlán in ionad na bhforálacha maidir le taifeadadh a leagtar amach i bpointí 2 go 4 thuas, ach amháin i gcás fadhbanna teicniúla nó mífheidhme, ina ndéanfar dearbhuithe maidir le gabhálacha de bhun phointí 2 go 4 thuas.
11.Malartóidh páirtithe sonraí maidir le leibhéal na ngabhálacha a rinne soithí de chuid an Aontais i ndáil leis an mbliain féilire roimhe sin ar bhonn dearbhuithe gabhála agus foinsí ábhartha eile amhail tuarascálacha breathnóirí.
Roinn 2
Bainistíocht agus faireachán ar an iarracht
1.Déanfaidh an dá pháirtí dlúthfhaireachán rialta ar an úsáid a bhaineann soithí de chuid an Aontais as laethanta iascaireachta sna limistéir iascaireachta. Féachfaidh siad lena áirithiú nach sárófar líon na laethanta iascaireachta a leithdháiltear ar shoithí de chuid an Aontais sna limistéir iascaireachta.
2.Ceanglaítear ar na húinéirí loinge laethanta neamh-iascaireachta a chur isteach trí iFIMS a úsáid. Ní dhéanfar an t‑iarratas ar laethanta neamh-iascaireachta a phróiseáil ach amháin i gcás ina bhfuil sonraí ábhartha na r-bhileoige loga taiscthe ag na hoibreoirí soithigh in iFIMS. Déanfaidh Cireabaití iarratais ar laethanta neamh-iascaireachta a phróiseáil go tráthúil i gcomhréir le nósanna imeachta Scéim Laethanta Soithí Peas-Saighne na bPáirtithe i gComhaontú Nárú.
3.I gcás nach n‑aontóidh na húinéirí loinge leis an gcinneadh arna ghlacadh ag údarás inniúil Chireabaití maidir lena n‑éilimh ar laethanta neamh-iascaireachta, cuirfidh siad é sin in iúl d’údarás inniúil an Aontais. Rachaidh an tAontas i dteagmháil láithreach le húdarás inniúil Chireabaití. Déanfar iarrachtaí réasúnta na neamhréireachtaí a réiteach go pras.
4.A luaithe a bheidh 80 % de na laethanta iascaireachta a leithdháileadh orthu úsáidte ag soithí de chuid an Aontais, cuirfidh Cireabaití Údarás Inniúil an Aontais, na Stáit bhrataí agus na húinéirí loinge ar an eolas ar bhonn seachtainiúil maidir le húsáid na laethanta iascaireachta eile de chuid an Aontais chun dlúthfhaireachán a áirithiú.
Roinn 3
Teachtaireacht ar dhul isteach in uiscí Chireabaití agus ar fhágáil uiscí Chireabaití
1.Gan dochar do na hoibleagáidí i Roinn 1 den Chaibidil seo, maidir le soithí de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh faoin gComhaontú, cuirfidh siad in iúl d’údarás inniúil Chireabaití 24 uair an chloig ar a laghad roimh ré go bhfuil rún acu dul isteach in uiscí Chireabaití nó iad a fhágáil. Déanfar na teachtaireachtaí sin san fhormáid a leagtar amach i bhFoscríbhinn 2, Teimpléid Uimh. 2 agus Uimh. 3, trí ríomhphost a sheoladh chuig na teagmhálacha a chuirtear ar fáil inti.
2.Measfar gur soithí nach bhfuil ceadúnas iascaireachta acu iad soithí de chuid an Aontais a fuarthas a bheith i mbun iascaireachta gan réamhfhógra faoi dhul isteach faoi phointe 1 den Roinn seo. Beidh feidhm ag na smachtbhannaí dá dtagraítear i gCaibidil VI sna cásanna sin.
Roinn 4
Tabhairt i dtír
1.Is iad Calafoirt Tarawa agus Kiritimati na calafoirt ainmnithe le haghaidh gníomhaíochtaí tabhairt i dtír i gCireabaití.
2.Soithí de chuid an Aontais a bhfuil ceadúnas iascaireachta de chuid Chireabaití ina seilbh acu ar mian leo gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafoirt ainmnithe Chireabaití, cuirfidh siad an rún sin in iúl d’údaráis Chireabaití trí thuarascáil dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 2, Teimpléad Uimh. 4, a sheoladh trí ríomhphost chuig na teagmhálaithe a chuirtear ar fáil inti ar a laghad 72 uair an chloig roimh ré.
3.Ní mór do shoithí de chuid an Aontais a ndearbhú gabhála a chur faoi bhráid údarás inniúil Chireabaití agus an Bhallstáit brataí, tráth nach déanaí ná 48 n‑uair an chloig tar éis an tabhairt i dtír a chur i gcrích, nó in aon chás, sula bhfágfaidh an soitheach an calafort, cibé acu is túisce a tharlóidh, trí ríomhphost tríd an tuarascáil dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 2, Teimpléad Uimh. 5.
4.Ní mór do shoithí de chuid an Aontais Tuarascáil Chríochnaithe a chur isteach laistigh de 24 uair an chloig tar éis dóibh turas a chur i gcrích tríd an ngabháil a scaoileadh ag calafoirt iascaireachta eile lasmuigh de Chireabaití trí ríomhphost trí thuarascáil dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 2, Teimpléad Uimh. 6.
Roinn 5
Trasloingsiú
1.Soithí de chuid an Aontais a bhfuil ceadúnas iascaireachta de chuid Chireabaití ina seilbh acu agus ar mian leo gabhálacha a thrasloingsiú sna limistéir iascaireachta, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de chalafoirt ainmnithe Chireabaití, agus laistigh díobh sin amháin, mar a luaitear i gCaibidil IV, roinn 3, mír 1. Toirmisctear trasloingsiú ar muir lasmuigh de chalafoirt agus is faoi dhliteanas na bpionós dá bhforáiltear le dlíthe Chireabaití a bheidh aon duine a sháróidh an fhoráil sin.
2.Tabharfaidh soithí de chuid an Aontais fógra d’údaráis Chireabaití maidir leis an rún sin trí thuarascáil dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 2, Teimpléad Uimh. 4, a sheoladh trí ríomhphost chuig na teagmhálaithe a chuirtear ar fáil inti 72 uair an chloig ar a laghad roimh ré.
3.Cuirfidh soithí de chuid an Aontais a dtuarascáil ar ghníomhaíochtaí trasloingsithe faoi bhráid údaráis inniúla Chireabaití tráth nach déanaí ná 48 n‑uair an chloig tar éis an trasloingsithe, nó in aon chás, sula bhfágfaidh an soitheach bronnta an calafort, cibé acu is túisce a tharlóidh, trí ríomhphost trí thuarascáil dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 2, Teimpléad Uimh. 5.
Roinn 6
Imeacht ón gcalafort
Tabharfaidh soithí de chuid an Aontais fógra d’údaráis inniúla Chireabaití go bhfuil sé ar intinn acu imeacht ó Chalafort trí thuarascáil dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 2, Teimpléad Uimh. 7, a sheoladh trí ríomhphost chuig na teagmhálaithe a chuirtear ar fáil inti 24 uair an chloig ar a laghad roimh ré.
Roinn 7
Córas um Fhaireachán Soithí (VMS)
Gan dochar d’inniúlacht an Bhallstáit Brataí ná d’oibleagáidí soithí de chuid an Aontais i leith a mBallstáit Brataí, comhlíonfaidh gach soitheach de chuid an Aontais Córas um Fhaireachán Soithí FFA (VMS FFA) atá i bhfeidhm faoi láthair sna limistéir iascaireachta.
Roinn 8
Breathnóirí
1.Soithí de chuid an Aontais a bhfuil ceadúnas iascaireachta de chuid Chireabaití ina seilbh acu, agus iad ag feidhmiú i limistéir iascaireachta Chireabaití, áiritheoidh siad clúdach breathnóra i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistithe ábhartha WCPFC agus le reachtaíocht ábhartha Chireabaití.
2.Beidh breathnóir údaraithe ar bord soithí de chuid an Aontais ó Chlár Breathnóirí Réigiúnacha WCPFC nó beidh breathnóir de chuid IATTC ar bord arna údarú tríd an Meabhrán Tuisceana arna chomhaontú idir WCPFC agus IATTC maidir le breathnóirí a thras-fhormhuiniú.
3.Féachfaidh na páirtithe le breathnóir I-Chireabaití a thabhairt ar bord.
CAIBIDIL V – RIALÚ
1.Comhlíonfaidh soithí de chuid an Aontais forálacha ábhartha reachtaíocht náisiúnta Chireabaití maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta, chomh maith leis na bearta caomhnaithe agus bainistithe arna nglacadh ag WCPFC.
2.Nósanna imeachta rialaithe:
(a)Comhoibreoidh máistrí soithí de chuid an Aontais atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta sna limistéir iascaireachta le haon oifigeach atá údaraithe agus sainaitheanta go cuí i gCireabaití agus a dhéanann cigireacht agus rialú ar ghníomhaíochtaí iascaireachta.
(b)Gan dochar d’fhorálacha reachtaíocht náisiúnta Chireabaití, ba cheart bordáil a dhéanamh ar bhealach inar féidir an t‑ardán cigireachta agus na cigirí a aithint mar oifigigh údaraithe DE CHUID Chireabaití.
(c)Cuirfidh Cireabaití ar fáil d’údarás inniúil an Aontais liosta de na hardáin chigireachta uile a úsáidtear le haghaidh cigireachtaí ar muir. Ba cheart an méid seo a leanas, ar a laghad, a chuimsiú sa liosta sin:
i.Ainmneacha na Soithí Patróil Iascaigh;
ii.Sonraí na Soithí Patróil Iascaigh;
iii.Grianghrafadóireacht Soithí Patróil Iascaigh.
(d)Féadfaidh Cireabaití, arna iarraidh sin don Aontas, cead a thabhairt do chigirí an Aontais gníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais, lena n‑áirítear trasloingsithe, a rialú le linn cigireachtaí ar tír.
(e)A luaithe a bheidh an chigireacht críochnaithe agus an tuarascáil chigireachta sínithe ag an gcigire, cuirfear an tuarascáil ar fáil don mháistir lena síniú agus le barúlacha a chur léi, más ann dóibh. Beidh an síniú sin gan dochar do chearta na bPáirtithe i gcomhthéacs nósanna imeachta um shárú líomhnaithe. Tabharfar cóip den tuarascáil iniúchta do mháistir an tsoithigh sula bhfágfaidh an cigire an soitheach agus cuirfear chuig an Stát Brataí í.
(f)Ní fhanfaidh cigirí ar bord níos faide ná mar is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh.
3.Ceadóidh oibreoirí soithí de chuid an Aontais a bheidh ag gabháil d’oibríochtaí tabhairt i dtír nó trasloingsithe i gcalafort de chuid Chireabaití cigireacht ar na hoibríochtaí sin ag oifigigh údaraithe Chireabaití, agus éascóidh siad an chigireacht sin.
4.I gcás nach gcomhlíontar na forálacha a leagtar amach sa Chaibidil seo, forchoimeádann údarás Chireabaití an ceart chun ceadúnas iascaireachta an tsoithigh chiontaigh a chur ar fionraí go dtí go mbeidh na foirmiúlachtaí curtha i gcrích agus chun an pionós a leagtar síos i reachtaíocht Chireabaití atá ann cheana a chur i bhfeidhm. Cuirfear an Ballstát brataí agus údarás inniúil an Aontais ar an eolas láithreach.
CAIBIDIL VI – FORFHEIDHMIÚ
1.Smachtbhannaí
(a)Mainneachtain maidir le haon cheann d’fhorálacha na gcaibidlí thuas, de na bearta caomhnaithe agus bainistithe arna nglacadh ag na heagraíochtaí réigiúnacha ábhartha bainistithe iascaigh, nó de dhlí náisiúnta Chireabaití, beidh sí faoi réir pionóis mar a leagtar síos le dlí náisiúnta Chireabaití.
(b)Cuirfear an Ballstát brataí agus údarás inniúil an Aontais ar an eolas láithreach agus go hiomlán faoi aon smachtbhanna agus faoi na fíorais ábhartha uile a bhaineann leis.
(c)I gcás ina bhforchuirtear le smachtbhanna go ndéanfar ceadúnas iascaireachta a chur ar fionraí nó a chúlghairm, i rith na tréimhse a bheidh fágtha dár deonaíodh an ceadúnas féadfaidh údarás inniúil an Aontais ceadúnas iascaireachta eile a iarraidh, a bheadh infheidhme murach sin, le haghaidh soitheach ar le húinéir eile loinge í.
2.Soithí iascaireachta a ghabháil agus a choinneáil
(a)Cuirfidh Cireabaití an tAontas agus an Ballstát brataí ar an eolas láithreach faoi ghabháil agus/nó coinneáil aon soithigh iascaireachta ag a bhfuil ceadúnas iascaireachta faoin gComhaontú.
(b)Déanfaidh Cireabaití cóip den tuarascáil chigireachta, lena sonrófar imthosca agus cúiseanna na gabhála agus/nó na coinneála, a tharchur chuig an Aontas agus chuig an mBallstát brataí laistigh de 12 uair an chloig.
3.Nós imeachta chun faisnéis a mhalartú i gcás gabhála agus/nó coinneála
(a)Agus urraim á tabhairt do na sprioc-amanna agus do na nósanna imeachta dlíthiúla dá bhforáiltear le dlíthe náisiúnta Chireabaití maidir le gabháil agus/nó coinneáil, tionólfar cruinniú comhairliúcháin idir ionadaithe ón Aontas agus ó Chireabaití, tar éis dóibh an fhaisnéis thuas a fháil, a bhféadfaidh ionadaí ón mBallstát brataí lena mbaineann freastal air.
(b)Ag an gcruinniú, malartóidh na Páirtithe aon cháipéisíocht nó faisnéis ábhartha a chabhróidh le soiléiriú a thabhairt ar na fíorais. Cuirfear an t‑úinéir loinge nó a gníomhaire ar an eolas faoi thoradh an chruinnithe agus faoi aon bheart a eascraíonn as an ngabháil agus/nó as an gcoinneáil.
4.Gabháil agus/nó coinneáil a réiteach
(a)Déanfar iarracht an sárú toimhdithe a réiteach go cairdiúil. Cuirfear an nós imeachta sin i gcrích tráth nach déanaí ná 3 lá oibre tar éis na gabhála agus/nó na coinneála, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta Chireabaití.
(b)I gcás réiteach cairdiúil, cinnfear an méid atá le híoc trí thagairt do reachtaíocht náisiúnta Chireabaití. Mura féidir socrú cairdiúil den sórt sin a dhéanamh, rachfar ar aghaidh leis na himeachtaí dlíthiúla.
(c)Scaoilfear saor an soitheach agus urscaoilfear a máistir a luaithe a chomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an socrú cairdiúil nó nuair a íocfar na bannaí dlíthiúla.
5.Cuirfear údarás an Aontais agus an Toscaireacht ar an eolas maidir le haon imeacht a thionscnófar agus maidir le haon phionós a ghearrfar.
CAIBIDIL VII – COMHAR CHUN IASCAIREACHT NNN A CHOMHRAC
1.Chun an faireachán ar iascaigh agus an comhrac in aghaidh iascaireacht NNN a neartú, féachfaidh na captaein ar shoithí de chuid an Aontais le comhartha a dhéanamh maidir le haon soitheach iascaireachta eile a bheith in uiscí iascaigh Chireabaití.
2.Captaen ar shoitheach de chuid an Aontais, nuair a bhreathnaíonn sé ar shoitheach iascaireachta atá i mbun gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iascaireacht NNN, baileoidh sé a mhéid faisnéise agus is féidir faoin soitheach sin agus faoina gníomhaíocht tráth a chonacthas í. Seoltar tuairiscí breathnóireachta gan mhoill chuig údarás inniúil Chireabaití agus cóip díobh chuig Lárionad Faireacháin Iascaigh an Bhallstáit Brataí.
3.A luaithe is féidir, maidir le haon tuarascáil bhreathnóireachta atá ina sheilbh ag údarás inniúil Chireabaití agus a bhaineann le soithí iascaireachta atá i mbun gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina ngníomhaíocht NNN in uiscí Chireabaití, cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid an Aontais.
CAIBIDIL VIII – FREAGRACHT CHOMHSHAOIL
1.Tá toirmeasc ar threalamh iascaireachta agus/nó dramhaíl neamh-in-bhithmhillte (lena n‑áirítear miotail, plaistigh agus codanna de threalamh iascaireachta) a dhumpáil, a dhiúscairt nó a thréigean ón soitheach.
2.Chun amhras a sheachaint, ní mheastar gurb ionann sruthfheiste comhthiomsaithe éisc a úsáid agus trealamh iascaireachta a thréigean.
3.Tá toirmeasc ar aon soitheach dramhaíl nó truailleán mar a shainmhínítear faoin Acht Comhshaoil 1999 (arna leasú 2007) a dhumpáil, a sceitheadh, a chaitheamh thar bord nó a astú ar bhealach eile aon áit in uiscí Chireabaití, ach amháin i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (Coinbhinsiún MARPOL agus Prótacail Ghaolmhara).
4.I gcás ina ndéantar buncaeireacht, nó aon aistriú eile ar aon táirge a chuimsítear i gcód Earraí Contúirteacha Muirí Idirnáisiúnta (IMDG) na Náisiún Aontaithe, in uiscí Chireabaití, déanfaidh soithí de chuid an Aontais an ghníomhaíocht sin a thuairisciú d’údaráis Chireabaití trí thuarascálacha dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 2, Teimpléid Uimh. 8 agus Uimh. 9, a sheoladh trí ríomhphost chuig na teagmhálacha a chuirtear ar fáil inti.
5.Tabharfaidh soithí de chuid an Aontais fógra d’údaráis inniúla Chireabaití 12 uair an chloig ar a laghad roimh ré go bhfuil rún acu dul isteach i limistéar dúnta nó cosanta agus díreach tar éis dóibh é a fhágáil. Déanfar na teachtaireachtaí sin san fhormáid a leagtar amach i bhFoscríbhinn 2, Teimpléad Uimh. 10, trí ríomhphost a sheoladh chuig na teagmhálacha a chuirtear ar fáil inti.
CAIBIDIL IX – DUL AR BORD MAIRNÉALACH
1.Déanfaidh gach soitheach de chuid an Aontais a bheidh ag iascaireacht faoin gComhaontú triúr mairnéalach ar a laghad ó Chireabaití a fhostú mar chomhaltaí den chriú. Féachfaidh na húinéirí loinge le mairnéalaigh bhreise ó Chireabaití a thabhairt ar bord.
2.Íocfaidh an t‑úinéir loinge USD 600 in aghaidh na míosa in aghaidh an mhairnéalaigh mar tháille tarscaoilte mura bhfuil sé in ann criú ó Chireabaití a fhostú ar bord a shoithí ceadúnaithe mar a shainítear i mír 1 thuas. Déanfaidh na húinéirí loinge an íocaíocht gach bliain le cuntas Uimh. 4 Rialtas Chireabaití.
3.Beidh cead ag na húinéirí loinge na mairnéalaigh a ghlacann siad ar bord a gcuid soithí a roghnú as na hainmneacha ar liosta a chuirfidh an Aireacht atá freagrach as iascaigh i gCireabaití isteach.
4.Cuirfidh an t‑úinéir loinge nó a ghníomhaire in iúl don Aireacht atá freagrach as iascaigh i gCireabaití ainmneacha mairnéalach ó Chireabaití a thugtar ar bord an tsoithigh lena mbaineann, agus luafaidh sé a bpost sa chriú.
5.Beidh feidhm ag Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair maidir le cearta na mairnéalach arna gclárú ar shoithí de chuid an Aontais. Baineann sé sin go háirithe leis an tsaoirse comhlachais agus le haitheantas éifeachtach a thabhairt don cheart chun cómhargála atá ag oibrithe, agus le deireadh a chur le hidirdhealú i ndáil le fostaíocht agus slí bheatha.
6.Déanfar conarthaí fostaíochta mhairnéalaigh Chireabaití, a dtabharfar cóip díobh do na sínitheoirí, a dhréachtú idir gníomhairí na n‑úinéirí loinge agus na mairnéalaigh agus/nó a gceardchumainn nó a n‑ionadaithe i gcomhairle leis an Aireacht atá freagrach as iascaigh i gCireabaití. Ráthóidh na conarthaí sin an cumhdach slándála sóisialta is infheidhme maidir leo do mhairnéalaigh, lena n‑áirítear árachas saoil agus árachas breoiteachta agus timpiste.
7.Íocfaidh na húinéirí loinge pá mhairnéalaigh Chireabaití. Socrófar iad, sula n‑eiseofar ceadúnais iascaireachta, trí chomhaontú frithpháirteach idir na húinéirí loinge nó a ngníomhairí agus an Aireacht atá freagrach as iascaigh i gCireabaití. Mar sin féin, ní bheidh na coinníollacha pá a dheonaítear do mhairnéalaigh Chireabaití níos ísle ná na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le criúnna Chireabaití agus ní bheidh siad faoi bhun chaighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair i gcás ar bith.
8.Na mairnéalaigh uile a fhostaítear ar bord soithí de chuid an Aontais, tuairisceoidh siad do mháistir an tsoithigh ainmnithe an lá roimh an dáta bordála atá beartaithe acu. I gcás ina mainneoidh mairnéalach an dáta agus an t‑am bordála comhaontaithe a thuairisciú, saorfar na húinéirí loinge go huathoibríoch ar a n‑oibleagáid an mairnéalach a thabhairt ar bord.
CAIBIDIL X – DLITEANAS OIBREORA
1.Áiritheoidh an t‑oibreoir go mbeidh a shoithí muiracmhainneach agus go mbeidh trealamh sábháilteachta anama leordhóthanach agus trealamh marthanais leordhóthanach iontu do gach paisinéir agus do gach ball den chriú.
2.Chun Cireabaití agus saoránaigh agus cónaitheoirí Chireabaití a chosaint, coinneoidh an t‑oibreoir cumhdach árachais leordhóthanach agus iomlán ar a shoitheach trí iompróir árachais a aithnítear go hidirnáisiúnta is inghlactha d’údaráis Chireabaití maidir leis na limistéir iascaireachta, lena n‑áirítear na limistéir laistigh de na murlaigh agus na hataill, an Mhuir Chríochach agus sceireacha faoi uisce mar a léirítear leis an Deimhniú Árachais dá dtagraítear i gCaibidil II, Roinn 3, mír 4, pointe (h) den Iarscríbhinn seo.
3.I gcás ina bhfuil baint ag soitheach de chuid an Aontais le timpiste nó teagmhas muirí i gCireabaití, as a n‑eascraíonn truailliú agus damáiste d’aon chineál don chomhshaol, do mhaoin nó d’aon duine, tabharfaidh an soitheach agus an t‑oibreoir fógra láithreach d’údaráis Chireabaití. Más rud é go mbeidh soitheach de chuid an Aontais freagrach as na damáistí thuasluaite, beidh an soitheach agus an t‑oibreoir faoi dhliteanas íoc as costais na ndamáistí thuasluaite.
Foscríbhinní
Foscríbhinn 1 – Foirm chun soitheach iascaireachta a chlárú agus chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas iascaireachta
Foscríbhinn 2 – Teimpléid le haghaidh tuarascálacha i bhformáid na cumarsáide
Foscríbhinn 1
Foirm chun soitheach iascaireachta a chlárú agus chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas iascaireachta
FOIRM IARRATAIS AR SHOITHEACH IASCAIREACHTA
Poblacht Chireabaití
Foirm Iarratais chun Soitheach Iascaireachta a Chlárú – Foirm Iarratais ar Cheadúnas Iascaireachta
Roinn na nIascach Aigéanach
|
Teil:+686 21099
|
Bosca Poist 64 Bairiki, Tarawa
|
Facs +686 21120
|
Poblacht Chireabaití
|
Seoladh ríomhphoist:
fleu@mfmrd.gov.ki
|
Treoracha
·Folínigh sloinne
·Ciallaíonn ‘seoladh’ seoladh poist iomlán
·Marcáil ‘X’ go soiléir i gcás inarb iomchuí. Mura n‑oireann, clóscríobh an téacs ar bhealach soiléir
·Gach aonad méadrach: sonraigh an t‑aonad má úsáidtear córais eile
·Greamaigh san iarratas grianghraf datha taoibh/aeir agus grianghraf cúil 6x8 n‑orlach a glacadh le déanaí
An Stiúrthóir Iascaigh, déanaim iarratas leis seo ar shoitheach a chlárú ar an gclár náisiúnta iascaigh/ar cheadúnas iascaireachta (scrios de réir mar is iomchuí).
1. FAISNÉIS GHINEARÁLTA
Ainm an tSoithigh
|
___________________
|
Dáta an iarratais
|
___________________
|
Tír Chlárúcháin
|
___________________
|
Uimh. IMO:
|
___________________
|
Uimhir chlárúcháin
|
___________________
|
Uimhir aitheantais FFA an tSoithigh
|
___________________
|
Comhartha Aitheantais Idirnáisiúnta Raidió
|
___________________
|
Uimh. ALC (IMN)
|
___________________
|
Bratach
|
___________________
|
Tréimhse bhailíochta an cheadúnais iascaireachta
|
___________________
|
2. AN CINEÁL SOITHIGH
Peaslíon saighne aonair
|
___________________
|
Soitheach saighne tacaíochta
|
___________________
|
Peaslíon saighne grúpa
|
___________________
|
Long Cuisniúcháin
|
___________________
|
Spiléir
|
___________________
|
Tancaer/buncar
|
___________________
|
Cuaille agus dorú
|
___________________
|
Soithí taighde
|
___________________
|
Eile, tabhair sonraí
|
_______________________________________________________________
|
3. ÚINÉIREACHT AGUS SONRAÍ AN OIBREORA
Ainm an úinéara
|
___________________
|
Ainm an oibreora
|
___________________
|
Seoladh
|
___________________
|
Seoladh
|
___________________
|
|
___________________
|
|
___________________
|
|
___________________
|
|
___________________
|
4. TOISE AGUS TOILLEADH
Fad (LOA)
|
_________________(m)
|
Doimhneacht mhúnlaithe
|
_________________(m)
|
Bíoma
|
_________________(m)
|
Olltonnáiste
|
_________________(OTC)
|
5. TÓGÁLAÍ AGUS SEACHADADH
Tógálaí
|
___________________
|
Bliain a tógadh
|
___________________
|
Áit a tógadh
|
___________________
|
Bliain sheachadta
|
___________________
|
6. SONRAÍOCHTAÍ INNILL
Múnla Innill
|
___________________
|
Cumhacht Innill
|
_________________(EC)
|
Uastoilleadh Iompair Breosla
|
___________________
|
(cililítear/galún)
|
|
7. BAINISTIÚ CRIÚ
Ainm an Mháistir
|
___________________
|
Náisiúntacht an Mháistir
|
___________________
|
Líon Criú
|
___________________
|
Na teangacha ar bord
|
___________________
|
8. CALAFORT
Calafort baile
|
___________________
|
|
Calafort oibríochtúil
|
1. _________________
|
2. _________________
|
Limistéar Iascaireachta Údaraithe
|
___________________
|
|
9. ACMHAINNEACHT REO
Uimhir an reoiteora
|
___________________
|
|
Modh
|
Toilleadh mt/lá
|
Teocht (⁰C)
|
Sáile (NaCl)
|
BR___________________
|
___________________
|
Sáile (CaCl)
|
CB___________________
|
___________________
|
Aer (Rois)
|
BF___________________
|
___________________
|
Aer (Corna)
|
RC___________________
|
___________________
|
10. ACMHAINNEACHT STÓRÁLA
Modh
|
Toilleadh (m³)
|
Teocht (⁰C)
|
Oighear
|
IC___________________
|
___________________
|
Uisce farraige cuisnithe
|
RW__________________
|
___________________
|
Sáile (NaCl)
|
CB___________________
|
___________________
|
Aer (Corna)
|
RC___________________
|
___________________
|
SOITHEACH PEAS-SAIGHNE
Uimhir Chlárúcháin an Aerárthaigh
|
_________________
|
Uimhir Chlárúcháin an Héileacaptair
|
_________________
|
Fad an Lín
|
_________________(m)
|
Doimhneacht an Lín
|
_________________(m)
|
|
|
|
|
Árthach tacaíochta
|
|
|
|
Fad scife
|
_______________(m)
|
Cumhacht Innill
|
_______________EC/PS
|
Fad Bhád luas 1
|
___Méadar/Troigh
|
Cumhacht Innill
|
_______________EC/PS
|
Fad Bhád luas 1
|
___Méadar/Troigh
|
Cumhacht Innill
|
_______________EC/PS
|
Fad Bhád luas 1
|
___Méadar/Troigh
|
Cumhacht Innill
|
_______________EC/PS
|
|
|
|
|
Posta
|
_______________
|
Acmhainneacht stórála
|
___Tona gearr/Tona Méadrach
|
Ceann
|
_______________
|
Acmhainneacht stórála
|
___Tona gearr/Tona Méadrach
|
Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis thuasluaite fíor agus iomlán. Tuigim go bhfuil orm aon athrú ar an bhfaisnéis thuas a thuairisciú laistigh de 60 lá, agus tuigim freisin go bhféadfadh sé difear a dhéanamh do dhea-stádas an tsoithigh ar an gClár Réigiúnach mura ndéantar amhlaidh.
Ainm an Iarratasóra
|
____________________________
|
Síniú ________________________________
|
(ÚINÉIR, CAIRTFHOSTÓIR nó GNÍOMHAIRE CUÍ-ÚDARAITHE)
|
Seoladh
|
______________________________________________________________
|
|
______________________________________________________________
|
Uimhir theileafóin. ____________
|
Uimhir Facs. ____________
|
Seoladh Ríomhphoist ____________________________________
|
Foscríbhinn 2 – Teimpléid le haghaidh Tuarascálacha i bhFormáid na Cumarsáide
Ba cheart na tuarascálacha uile a tharchur chuig an údarás inniúil trí
fleu@mfmrd.gov.ki
1.Suíomh seachtainiúil agus tuairisciú gabhála laistigh d’uiscí Chireabaití (gach Céadaoin)
Inneachar
|
Tarchur
|
Cód tuairiscithe
|
WPCR
|
Uimhir Chlárúcháin nó Cheadúnais
|
|
Glao-chomhartha nó litreacha comhartha
|
|
Dáta Tuairiscithe
|
DD.MM.BB
|
Seasamh Tuairiscithe
|
LT;LG
|
Gabháil ón tuarascáil dheireanach
|
|
An Boiníotó Aigéanach (SJ)
|
(Mt)
|
An Tuinnín Buí (YF)
|
(Mt)
|
An Tuinnín Mórshúileach (BE)
|
(Mt)
|
Eile (OT)
|
(Mt)
|
Laethanta iascaireachta ón tuarascáil dheireanach
|
líon iarbhír na laethanta ina ndearnadh tacar sa limistéar
|
e.g. WPCR/89TKS-PS001TN/JJAP2/11.12.17/0140N;16710W/SJ-23:YF-9:BE-3:OT-2.0/7
2.Tuairisciú ar dhul isteach in uiscí Chireabaití (24 uair an chloig ar a laghad roimh ré)
Inneachar
|
Tarchur
|
Cód tuairiscithe
|
ZENT
|
Uimhir Chlárúcháin nó Cheadúnais
|
|
Glao-chomhartha nó litreacha comhartha
|
|
Dáta iontrála
|
DD.MM.BB
|
Am dul isteach
|
uunn GMT
|
Suíomh an dul isteach
|
LT;LG
|
Gabháil ar bord de réir meáchain de réir speicis
|
|
An Boiníotó Aigéanach (SJ)
|
(Mt)
|
An Tuinnín Buí (YF)
|
(Mt)
|
An Tuinnín Mórshúileach (BE)
|
(Mt)
|
Eile (OT)
|
(Mt)
|
e.g. ZENT/89TKS-PS001TN/JJAP2/11.10.17/0635Z/0230N;17610E/SK-510:YF-120:BE-60:OT-10
3.Tuairisciú ar imeacht ó uiscí Chireabaití (24 uair an chloig ar a laghad roimh ré)
Inneachar
|
Tarchur
|
Cód tuairiscithe
|
ZDEP
|
Uimhir Chlárúcháin nó Cheadúnais
|
|
Glao-chomhartha nó litreacha comhartha
|
|
Dáta imeachta
|
DD.MM.BB
|
Am imeachta
|
uunn GMT
|
Suíomh imeachta
|
LT;LG
|
Gabháil ar bord de réir meáchain de réir speicis
|
|
An Boiníotó Aigéanach (SJ)
|
(Mt)
|
An Tuinnín Buí (YF)
|
(Mt)
|
An Tuinnín Mórshúileach (BE)
|
(Mt)
|
Eile (OT)
|
(Mt)
|
Gabháil iomlán sa limistéar de réir meáchain de réir speicis
|
ar nós gabháil ar bord
|
Iomlán na laethanta iascaireachta
|
líon iarbhír na laethanta ina ndearnadh tacar sa limistéar
|
e.g. ZDEP/89TKS-PS001TN/JJAP2/21.10.17/1045Z/0125S;16730E/SJ-450:YF-190:BE-60:OT-4/SJ-42:YF-70:BE-30:OT-1/14
4.Dul isteach i gcalafort, lena n‑áirítear dul isteach le haghaidh trasloingsithe, athsholáthair, criú a dhíluchtú nó gabhálacha a thabhairt i dtír (72 uair an chloig ar a laghad sula dtéann an soitheach isteach sa chalafort)
Inneachar
|
Tarchur
|
Cód tuairiscithe
|
PENT
|
Uimhir Chlárúcháin nó Cheadúnais
|
|
Glao-chomhartha nó litreacha comhartha
|
|
Dáta an tuairiscithe
|
DD.MM.BB
|
Seasamh Tuairiscithe
|
LT;LG
|
Ainm an Chalafoirt
|
|
Am teachta measta
|
DD.MM: uunn
|
Gabháil ar bord de réir meáchain de réir speicis
|
|
An Boiníotó Aigéanach (SJ)
|
(Mt)
|
An Tuinnín Buí (YF)
|
(Mt)
|
An Tuinnín Mórshúileach (BE)
|
(Mt)
|
Eile (OT)
|
(Mt)
|
Ainm an iompróra cuisniúcháin (má dhéantar trasloingsiú)
|
|
Cúis le cuairt a thabhairt ar chalafort
|
|
e.g. PENT/89TKS-PS001TN/JJAP2/24.12.17/0130S;17010E/BETIO /26.12:1600L/SJ-562:YF-150:BE-50:OT-4/JAPANSTAR/ TRANSSHIPPING
5.Tuarascáil ar ghníomhaíochtaí trasloingsithe/tabhairt i dtír (tráth nach déanaí ná 48 n‑uair an chloig tar éis an trasloingsiú/tabhairt i dtír a chur i gcrích, nó in aon chás, sula bhfágfaidh an soitheach deontóra an calafort, cibé acu is túisce a tharlóidh)
Inneachar
|
Tarchur
|
Cód tuairiscithe
|
TSHP
|
Uimhir Chlárúcháin nó Cheadúnais
|
|
Glao-chomhartha nó litreacha comhartha
|
|
Dáta an scaoilte agus am
|
DD.MM.BBBB: uunn GMT
|
Calafort scaoilte
|
|
Gabháil trasloingsithe de réir meáchain de réir speicis
|
|
An Boiníotó Aigéanach (SJ)
|
(Mt)
|
An Tuinnín Buí (YF)
|
(Mt)
|
An Tuinnín Mórshúileach (BE)
|
(Mt)
|
Eile (OT)
|
(Mt)
|
Ainm an iompróra cuisniúcháin
|
|
Ceann scríbe na gabhála
|
|
e.g. TSHP/89TKS-PS001TN/JJAP2/11.12.17:1200Z /BETIO/SJ-450:YF-150:BE-75:OT-0.0/JAPANSTAR/PAGO PAGO
6.Tuarascáil Chríochnaithe (laistigh de 48 n‑uair an chloig tar éis turas a chur i gcrích trí ghabháil a scaoileadh ag calafoirt iascaireachta eile (lasmuigh de Chireabaití) lena n‑áirítear calafort oibríochtúil, nó calafort baile)
Inneachar
|
Tarchur
|
Cód tuairiscithe
|
COMP
|
Ainm an tsoithigh
|
|
Uimhir cheadúnais
|
|
Glao-chomhartha nó litreacha comhartha
|
|
Dáta scaoilte
|
DD.MM.BBBB
|
Gabháil scaoilte de réir speicis
|
|
An Boiníotó Aigéanach (SJ)
|
(Mt)
|
An Tuinnín Buí (YF)
|
(Mt)
|
An Tuinnín Mórshúileach (BE)
|
(Mt)
|
Eile (OT)
|
(Mt)
|
Ainm an Chalafoirt
|
|
e.g. COMP/89TKS-PS001TN/JJAP2/26.12.17/SJ-670:YF-65:BE-30:OT-0.0/BETIO
7.Imeacht ón gcalafort (24 uair an chloig ar a laghad roimh ré)
Inneachar
|
Tarchur
|
Cód tuairiscithe
|
PDEP
|
Uimhir Chlárúcháin nó Cheadúnais
|
|
Glao-chomhartha nó litreacha comhartha
|
|
Dáta an tuairiscithe
|
DD.MM.BB
|
Ainm an Chalafoirt
|
|
Dáta agus am Imeachta
|
DD.MM: uunn
|
Gabháil ar bord de réir meáchain de réir speicis
|
|
An Boiníotó Aigéanach (SJ)
|
(Mt)
|
An Tuinnín Buí (YF)
|
(Mt)
|
An Tuinnín Mórshúileach (BE)
|
(Mt)
|
Eile (OT)
|
(Mt)
|
An chéad cheann scríbe eile
|
|
e.g. PDEP/89TKS-PS001TN/JJAP2/30.12.17/BETIO/29.12:1600L/SJ-0.0:YF-0.0:BE-0.0:OT-4/FISHING GROUND
8.Fógra buncaeireachta (24 uair an chloig ar a laghad roimh athbhreoslú ó thancaer ceadúnaithe)
Inneachar
|
Tarchur
|
Cód tuairiscithe
|
BREOSLA
|
Uimhir Chlárúcháin nó Cheadúnais
|
|
Glao-chomhartha nó litreacha comhartha
|
|
Dáta tuairiscithe de réir GMT
|
DD.MM.BB
|
Suíomh tuairiscithe
|
LT;LG
|
Méid breosla ar bord
|
Cililítear
|
Dáta measta buncaeireachta
|
DD.MM.BB
|
Suíomh measta buncaeireachta
|
LT;LG
|
Ainm an tsoithigh
|
|
e.g. FUEL/89TKS-PS001TN/JJAP2/06.02.17/0130S;17010E/35/08.02.17/0131S;17030E/CHEMSION
9.Tuarascáil ar ghníomhaíochtaí buncaeireachta (láithreach i ndiaidh athbhreoslú ó thancaer ceadúnaithe)
Inneachar
|
Tarchur
|
Cód tuairiscithe
|
BUNK
|
Uimhir Chlárúcháin nó Cheadúnais
|
|
Glao-chomhartha nó litreacha comhartha
|
|
Dáta agus am tosaithe na buncaeireachta
|
DD.MM.BBBB: uunn GMT
|
Suíomh tosaithe na buncaeireachta
|
LT;LG
|
An méid breosla a fuarthas
|
Cililítear
|
Am críche na buncaeireachta (GMT);
|
DD.MM.BBBB: uunn GMT
|
Suíomh críche na buncaeireachta
|
LT;LG
|
Ainm an tsoithigh
|
|
e.g. BUNK/89TKS-S001TN/JJAP2/08.02.17:1200Z/0131S;17030E/160/08.02.17:1800Z/0131S;17035E/CRANE PHOENIX
10.Dul isteach i limistéar dúnta (faoi thoirmeasc ) nó limistéar faoi chosaint nó imeacht uaidh (12 uair an chloig ar a laghad roimh dhul isteach sa limistéar dúnta (faoi thoirmeasc ) nó sa limistéar faoi chosaint agus díreach i ndiaidh é a fhágáil)
Inneachar
|
Tarchur
|
Cód tuairiscithe
|
ENCA le haghaidh dul isteach agus DECA le haghaidh imeachta
|
Uimhir Chlárúcháin nó Cheadúnais
|
|
Glao-chomhartha nó litreacha comhartha
|
|
Dáta agus am ENCA nó DECA
|
DD.MM.BB:uunn GMT
|
Suíomh ENCA nó DECA
|
LT;LG
|
Luas agus cúrsa
|
|
Cúis le ENCA
|
|
e.g. ENCA/89TKS-PS001TN/JJAP2/30.12.17:1645Z/0130S;17010E/7:320/ENTER PORT
IARSCRÍBHINN II
AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE FORMHEAS A DHÉANAMH AR NA LEASUITHE AR AN bPRÓTACAL ATÁ LE GLACADH AG AN gCOMHCHOISTE
I gcás ina n‑iarrfar ar an gComhchoiste leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 18 den Phrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Cireabaití, den pháirt eile, beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas:
1.Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais ar na leasuithe atá beartaithe, áiritheoidh an Coimisiún:
(a)go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh;
(b)go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann bainistiú comhpháirteach arna dhéanamh ag Stáit chósta;
(c)agus go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a cuireadh chuig an gCoimisiún.
2.Na leasuithe atá beartaithe, sula ndéanfar iad a fhormheas thar ceann an Aontais cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh chruinniú ábhartha an Chomhchoiste.
3.Déanfaidh an Chomhairle measúnú féachaint an gcomhlíontar leis na leasuithe atá beartaithe na critéir a leagtar síos i bpointe 1.
4.Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na leasuithe atá beartaithe, líon is comhionann le mionlach blocála de chuid na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún iad thar ceann an Aontais. I gcás ina bhfuil mionlach blocála den sórt sin ann, déanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a dhiúltú thar ceann an Aontais.
5.Más rud é, le linn cruinnithe den Chomhchoiste ina dhiaidh sin, nach féidir teacht ar chomhaontú, lena n‑áirítear comhaontú ar an láthair, cuirfear an cheist ar ais chuig an gComhairle, i gcomhréir le pointí 2, 3 agus 4, chun go gcuirfear tosca nua san áireamh i seasamh an Aontais.
6.Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, chun obair leantach a dhéanamh ar chinneadh an Chomhchoiste maidir leis an bprótacal a leasú, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra is gá le haghaidh cur chun feidhme an chinnidh sin a thíolacadh.
A mhéid a bhaineann le hábhair eile nach mbaineann le modhnuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 18 den Phrótacal lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht Chireabaití, den pháirt eile, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.