EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0234

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

COM/2023/234 final

An Bhruiséil,3.5.2023

COM(2023) 234 final

2023/0135(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Déantar cuid mhór damáiste don tsochaí, dár ndaonlathais, don gheilleagar agus do dhaoine aonair de dheasca éilliú. Déanann sé dochar do na hinstitiúidí ar a mbraithimid, rud a mhaolaíonn n‑inchreidteacht mar aon lena gcumas chun beartais phoiblí agus seirbhísí poiblí cáilíochta a sholáthar. Gníomhaíonn sé mar chumasóir le haghaidh na coireachta eagraithe agus na trasnaíochta eachtraí naimhdí. Tá sé fíor‑riachtanach an t‑éilliú a chosc agus a chomhrac go rathúil chun luachanna an Aontais agus éifeachtacht bheartais an Aontais araon a choimirciú, agus chun an smacht reachta, agus iontaoibh iontu sin a rialaíonn, agus sna hinstitiúidí poiblí, a choinneáil ar bun.

Tá an téilliú ina bhac ar fhás eacnamaíoch inbhuanaithe, lena ndéantar acmhainní a atreorú ó thorthaí táirgiúla, lena ndéantar dochar d’éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí agus lena ndoimhnítear neamhionannais shóisialta. Leis sin cuirtear isteach ar fheidhmiú éifeachtach agus rianúil an mhargaidh aonair, cruthaítear éiginnteachtaí maidir le gnó a dhéanamh agus coinnítear infheistíocht siar. Is deacair an téilliú a chainníochtú de réir a chineáil, ach tugtar le fios le meastacháin choimeádacha fiú go gcosnaíonn sé ar a laghad EUR 120 billiún ar gheilleagar an Aontais in aghaidh na bliana 1 . Tá éifeachtaí diúltacha an éillithe le brath ar fud an domhain, agus an bonn á bhaint d’iarrachtaí chun dea‑rialachas agus rathúnas a thabhairt agus chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh.

Le sonraí an tsuirbhé Eorabharaiméadair ó 2022 tugtar le fios go measann 68 % de dhaoine san Aontas agus 62 % de chuideachtaí atá bunaithe san Aontas go bhfuil an téilliú forleathan ina dtír 2 . Le hAitheasc 2022 ar Staid an Aontais Eorpaigh cuirtear an comhrac in aghaidh an éillithe go hard ar chlár oibre an Choimisiúin Eorpaigh agus an gá chun dul i ngleic leis ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon á chur i dtábhacht. D’iarr Parlaimint na hEorpa arís agus arís eile freisin níos mó gníomhaíochta ón Aontas chun an téilliú a chomhrac 3 . D’iarr an Chomhairle nithe den sórt céanna, go háirithe i gcomhthéacs an chomhair chun an choireacht eagraithe agus idirnáisiúnta thromchúiseach a chomhrac 4 .

An creat dlíthiúil de chuid an Aontais atá ann cheana maidir leis an éilliú a chomhrac is gá é a thabhairt cothrom le dáta chun éabhlóid na mbagairtí éillithe agus oibleagáidí dlíthiúla ar an Aontas agus ar na Ballstáit faoin dlí idirnáisiúnta a chur san áireamh, mar aon le héabhlóid na gcreataí dlíthiúla coiriúla náisiúnta. Le Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle 5 leagtar síos ceanglais i ndáil leis an éilliú a bhaineann leis an earnáil phríobháideach a choiriúlú. Le Coinbhinsiún 1997 maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh an Aontais nó oifigigh Bhallstáit an Aontais i dtreis ann 6 tugtar aghaidh ar ghníomhartha éillithe áirithe lena mbaineann na hoifigigh sin go ginearálta. Níl na hionstraimí sin sách cuimsitheach, áfach, agus is gá na rialacha atá ann cheana sna Ballstáit a fhorbairt a thuilleadh chun freagairt níos comhleanúnaí agus níos éifeachtaí a áirithiú san Aontas. Bearnaí san fhorfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta agus constaicí sa chomhar idir na húdaráis inniúla i mBallstáit dhifriúla, tháinig siad chun cinn freisin. Tá dúshláin roimh na húdaráis sna Ballstáit, dúshláin atá nasctha le fad iomarcach an ionchúisimh, reachtanna gearra na dtréimhsí, rialacha maidir le díolúintí agus pribhléidí, infhaighteacht theoranta acmhainní, oiliúna agus cumhachtaí imscrúdaitheacha chun cúpla ceann a lua.

Tá an tAontas ina pháirtí i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe (UNCAC) 7 , arb é sin an ionstraim dlí idirnáisiúnta is cuimsithí dá bhfuil ann sa réimse seo, lena gcomhcheanglaítear réimse leathan beart chun an téilliú a chosc agus a chomhrac. Leis an togra reachtach seo tabharfar creat reachtach an Aontais chun dáta, lena náirítear trí chaighdeáin idirnáisiúnta atá ceangailteach ar an Aontas a chorprú, amhail iad sin in UNCAC. Tá sé d’aidhm ag an togra a áirithiú go ndéanfar coir as gach cineál éillithe i ngach tír san Aontas, go mbeadh daoine dlítheanacha freagrach i gcás cionta den sórt sin freisin, agus go ngearrfar pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha mar gheall ar na cionta sin. Ina theannta sin, leis an togra áirítear bearta ábhartha chun an téilliú a chosc i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus chun an comhar trasteorann a éascú, mar a cheanglaítear le UNCAC.

Chun deireadh a chur leis an éilliú, tá gá le sásraí coisctheacha agus diansmachtúla araon. Moltar do na Ballstáit réimse leathan de bhearta coisctheacha, reachtacha agus comhoibritheacha a dhéanamh mar chuid den chomhrac in aghaidh an éillithe. Loiceadh ionracais, coinbhleachtaí leasa neamhnochta nó sáruithe tromchúiseacha ar rialacha eiticiúla, is féidir go leanfaidh gníomhaíochtaí éillitheacha astu sin mura dtugtar aghaidh orthu. Tríd an éilliú a chosc maolaítear an gá le diansmacht coiriúil agus baineann tairbhí níos leithne leis sin chun iontaoibh an phobail a chur chun cinn agus iompar na n‑oifigeach poiblí a bhainistiú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra le haghaidh Treoir ina chomhlánú ar Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála (2020‑2025) 8 . I mí Aibreáin 2021, ghlac an Coimisiún freisin Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe 2021‑2025 9 lena ngabhann bearta tiomnaithe ann chun an téilliú a chomhrac mar chumasóir na coireachta eagraithe. Mar obair leantach, rinne an Coimisiún measúnú ar an staid atá ann faoi láthair ó thaobh na gné reachtaí agus oibríochtúla araon de chun an téilliú a chosc agus a chomhrac i gcomhthéacs staidéar seachtrach, rud a tugadh chun críche i ndeireadh 2022 10 .

Tá Straitéis an Aontais maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac (2021‑2025) 11 , a glacadh i mí Aibreáin 2021, idirnasctha go dlúth le Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe. Cuirtear i dtábhacht léi gur minice a dhéanann grúpaí coireachta eagraithe atá bainteach i ngáinneáil ar dhaoine dúshaothrú ar ghnólachtaí dlíthiúla ina noibríochtaí agus go bhfuil siad bainteach i gcoireanna tromchúiseacha eile, amhail an téilliú, chun tacú lena bpríomhghníomhaíochtaí. Leis an éilliú féadfar tuilleadh baic a chur ar bhrath na gáinneála ar dhaoine, mar shampla má tá na húdaráis, atá freagrach as na híospartaigh a shainaithint, bainteach san éilliú.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Bosca uirlisí maidir leis an smacht reachta

Ó 2020, tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar fhorbairtí frithéillithe ar an leibhéal náisiúnta mar cheann de phríomhcholúin thimthriall na Tuarascála bliantúla maidir leis an Smacht Reachta. Ó 2022, áirítear freisin leis na tuarascálacha moltaí le haghaidh gach tír, agus é de chuspóir leis sin tacú leis na Ballstáit ina n‑iarrachtaí chun athchóirithe leanúnacha nó beartaithe a thabhairt ar aghaidh, forbairtí dearfacha a spreagadh agus cuidiú le sainaithint a dhéanamh ar na réimsí ina bhféadfadh gá a bheith le feabhsuithe nó obair leantach a dhéanamh ar athruithe nó athchóirithe a rinneadh le déanaí. Tá bearta frithéillithe ina gcuid den obair leis na Ballstáit freisin faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh agus na bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta. Leis an Seimeastar Eorpach rinneadh measúnú ar dhúshláin sa chomhrac in aghaidh an éillithe, amhail soláthar poiblí, ionracas sa riarachán poiblí, timpeallacht an ghnó agus earnálacha cúraim sláinte. Le moltaí tírshonracha faoin Seimeastar treoraíodh athchóirithe coincréiteacha agus infheistíochtaí chun feabhas a chur ar an acmhainneacht chun an t‑éilliú a chomhrac i roinnt Ballstát. Léirítear iad sin i ngarspriocanna coincréiteacha sna Pleananna náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta.

Faoin Rialachán maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092), is féidir leis an gCoimisiún a mholadh go bhforchuirfidh Comhairle an Aontais Eorpaigh bearta buiséadacha ar Bhallstáit an Aontais i gcás inarb amhlaidh maidir le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta – lena n‑áirítear an t‑éilliú – is féidir difear a dhéanamh, nó atá riosca tromchúiseach ann go ndéanfar difear, agus sin ar bhealach sách díreach, leo do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do leasanna airgeadais an Aontais.

Tá an t‑éilliú ina uirlis freisin le haghaidh trasnaíocht eachtrach i bpróisis dhaonlathacha, agus is í sin príomhsprioc na gníomhaíochta atá á forbairt anois sa phacáiste Cosaint an Daonlathais a áirítear freisin i gClár Oibre 2023 ón gCoimisiún.

Coigistiú agus aisghabháil sócmhainní

Le Treoir 2014/42 12 bunaítear rialacha maidir le reo agus coigistiú ionstraimeachtaí agus fáltas ó choireacht chun a sócmhainní neamhdhleathacha a bhaint go héifeachtach de choirpigh. Áiríodh ina raon feidhme cionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh i dtreis ann 13 mar aon le Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle maidir leis an éilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach 14 . I mí na Bealtaine 2022, chuir an Coimisiún i láthair togra le haghaidh Treoir nua maidir le hAisghabháil agus Coigistiú Sócmhainní 15 , ag cur leis an reachtaíocht a bhí ann roimhe sin 16 . Leis an togra déantar foráil maidir le creat aisghabhála sócmhainní nua agus neartaithe chun a áirithiú nach mbaineann aon tairbhe le coireacht. Leis sin thabharfaí uirlisí níos fearr d’údaráis chun an acmhainn airgeadais a bhaint de ghrúpaí coireachta eagraithe chun tuilleadh gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanamh, lena náirítear an téilliú.

An sciúradh airgid a chomhrac

Tá an t‑éilliú agus an sciúradh airgid nasctha go dlúth. Cosúil le coireanna eile lena ngintear fáltais, déantar cionta éillithe d’fhonn gnóthachan príobháideach a fháil. Tá an clár oibre níos leithne maidir le coireacht thromchúiseach, lena n‑áirítear an t‑éilliú, a chomhrac bunaithe ar an sciúradh airgid a chomhrac, trína ngnóthachain a fuarthas ar dhrochbhealaí a bhaint de choirpigh agus trí iad sin a thugann cúnamh le sciúradh na ngnóthachan sin a ionchúiseamh.

Leis an Treoir maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil (AE) 2018/1673 17 bunaítear bunrialacha maidir le coiriúlú an sciúrtha airgid agus leagtar amach nach mór d’éilliú a bheith ina choir phreideacáide le haghaidh an sciúrtha airgid. In Iúil 2021, ghlac an Coimisiún tograí reachtacha chun rialacha an Aontais a neartú chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT) 18 , go háirithe trí chumas na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFAnna) a neartú chun faisnéis airgeadais a bhrath, a anailísiú agus a scaipeadh, ar faisnéis airgeadais í a bhaineann le sciúradh fáltas ó choireacht. Is príomh‑réamhriachtanas é sin chun cionta éillithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach.

Is brabúsach an gnó é gáinneáil ar earraí cultúir le haghaidh coireachta eagraithe. Taobh amuigh de gháinneáil, is féidir le coirpigh mí‑úsáid a bhaint as earraí cultúir a fuarthas go dlíthiúil fiú, chun airgead a sciúradh agus smachtbhannaí a sheachaint. An 13 Nollaig 2022, ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta an Aontais i gcoinne Gáinneáil ar Earraí Cultúir 19  lena soláthraítear creat cuimsitheach don Aontas agus do na Ballstáit chun cosc, brath agus freagra ceartais choiriúil a chur chun cinn maidir le gáinneáil ar earraí cultúir agus coireanna gaolmhara, lena náirítear éilliú.

Sceithirí eolais a chosaint

Glacadh Treoir (AE) 2019/1937 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (‘an Treoir maidir le Sceithireacht’) 20 in 2019 agus é mar aidhm léi cosaint láidir a thabhairt do sceithirí mar bhealach chun forfheidhmiú dhlí an Aontais i bpríomhréimsí beartais a neartú. Tá feidhm ag an Treoir freisin maidir le tuairisciú a dhéanamh ar an gcalaois, ar an éilliú agus ar aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais agus do chosaint na ndaoine a thuairiscíonn na sáruithe sin 21 . Ba cheart an Treoir sin a dhéanamh infheidhme maidir le cionta a thuairisciú dá dtagraítear sa togra seo, agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn na cionta sin chomh maith. Ba cheart d’údaráis náisiúnta inniúla a áirithiú freisin go dtabharfar an chosaint, an tacaíocht agus an cúnamh is gá i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla do dhaoine a sholáthraíonn fianaise nó a chomhoibríonn ar bhealach eile le himscrúduithe coiriúla.

Scéimeanna saoránachta agus cónaithe d’infheisteoirí

Le scéimeanna saoránachta agus cónaithe d’infheisteoirí (scéimeanna ‘víosaí órga’ agus ‘pasanna órga’) is féidir cuidiú le coireanna airgeadais agus eacnamaíocha, lena náirítear an téilliú, a fholú nó a éascú 22 . Tá saincheisteanna ann freisin maidir le heaspa trédhearcachta agus rialaithe na scéimeanna sin, rud atá nasctha freisin le ról na nidirghabhálaithe sna scéimeanna sin. Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán nua maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac 23 féachtar le maoirseacht a bhunú ar ghníomhaíochtaí na nidirghabhálaithe i scéimeanna cónaithe d’infheisteoirí. Measann an Coimisiún go bhfuil scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí, faoina ndéantar saoránacht Ballstáit, agus saoránacht an Aontais dá réir, a dhámhachtain go córasach mar mhalairt ar íocaíochtaí nó infheistíochtaí réamhchinntithe, agus gan nasc dílis aige sin leis an mBallstát dámhachtana, de shárú ar dhlí an Aontais. Dá dheasca sin, tá an Coimisiún den tuairim nár cheart do na Ballstáit na scéimeanna sin a oibriú 24 . Tá gníomh déanta ag an gCoimisiún in aghaidh na mBallstát a choinníonn na scéimeanna sin ar bun go díreach ar bhonn a shainchumais mar chaomhnóir na gConarthaí, d’fhonn iad a fhoirceannadh.

Le Moladh ón gCoimisiún an 28 Márta 2022 iarradh ar na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh agus na coimircí uile is gá a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí difriúla a bhaineann le scéimeanna cónaithe d’infheisteoirí, lena náirítear iad sin atá nasctha leis an éilliú 25 .

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

Is é is aidhm do Threoir (AE) 2017/1371 26 córas comhchuibhithe a bhunú, lena ngabhann íosrialacha comhchoiteanna, chun an chalaois agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Leis an Treoir soláthraítear sainmhínithe coiteanna ar roinnt cionta coiriúla lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, lena náirítear an chalaois, an sciúradh airgid, an téilliú gníomhach agus éighníomhach agus míleithreasú.

Le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunaítear freagracht chomhroinnte idir an tAontas agus na Ballstáit chun an chalaois agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac trí bhearta éifeachtacha agus díspreagthacha. Leagtar síos leis freisin oibleagáid chun an leibhéal cosanta céanna a áirithiú idir leasanna airgeadais an Aontais agus na leasanna airgeadais náisiúnta.

Chun a áirithiú go mbeidh bearta coibhéiseacha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun an t‑éilliú lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais agus dá leasanna airgeadais féin a chomhrac, is gá Treoir (AE) 2017/1371 a ailíniú leis na caighdeáin a leagtar amach sa Treoir seo, i dtéarmaí smachtbhannaí, imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha agus tréimhsí teorann.

I gcomhthéacs na meastóireachta ar Threoir (AE) 2017/1371, i gcomhréir le hAirteagal 18 di, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a mhéid is gá na cionta dá bhforáiltear sa Treoir sin a nuashonrú i bhfianaise na Treorach atá ann faoi láthair.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagail 83(1), 83(2) agus Airteagal 82(1)(d) CFAE a bheidh mar an bunús dlí le haghaidh an togra seo.

Le hAirteagal 83(1) CFAE sainaithnítear an t‑éilliú mar cheann de na coireanna ag a bhfuil gné thrasteorann ar leith. Cumasaítear leis an togra seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na rialacha íosta riachtanacha a bhunú maidir leis an sainmhíniú ar ar an éilliú trí bhíthin treoracha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

Níl aon sainmhíniú aonair ar an éilliú ann ós rud é go mbíonn an téilliú ann i bhfoirmeacha difriúla lena mbaineann rannpháirtithe difriúla. Go deimhin, feiniméan eindéimeach is ea an téilliú atá i gcruthanna agus foirmeacha iomadúla ar fud gach gné den tsochaí, mar shampla breabaireacht, claonchasadh, mangaireacht tionchair, trádáil faisnéise, drochúsáid oifige agus saibhriú aindleathach 27 .

Le linn chaibidlíocht UNCAC, bhreithnigh Páirtithe Stáit na Náisiún Aontaithe go cúramach cé acu ba cheart nó nár cheart sainmhíniú dlíthiúil a fhorbairt ar an éilliú. Maidir le haon iarracht chun teacht ar shainmhíniú cuimsitheach, thángthas ar an gconclúid dhosheachanta nach dtabharfaí aghaidh ar fhoirmeacha áirithe éillithe leis sin. Dá dheasca sin, tháinig an comhphobal idirnáisiúnta ar chomhdhearcadh maidir le léirithe áirithe ar an éilliú agus saoirse á tabhairt do gach Stát dul thar na caighdeáin íosta a leagtar amach in UNCAC 28 .

Is é Airteagal 83(2) CFAE an bunús dlí ar ar glacadh Treoir (AE) 2017/1371, rud a leasaítear leis an Treoir beartaithe. Leagtar amach leis inniúlacht an Aontais chun íosrialacha a bhunú maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus smachtbhannaí i réimsí beartais an Aontais a bhí faoi réir bearta comhchuibhithe, má tá an méid sin fíor‑riachtanach chun cur chun feidhme éifeachtach na réimsí beartais sin a áirithiú.

Le hAirteagal 82(1)(d) soláthraítear an bunús dlí le haghaidh beart chun an comhar a éascú idir údaráis bhreithiúnacha nó choibhéiseacha na mBallstát i ndáil le himeachtaí in ábhair choiriúla agus forfheidhmiú na gcinntí, amhail glacadh rialacha comhchoiteanna a bhaineann le dlínse in ábhair choiriúla.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Is feiniméan trasnáisiúnta é an téilliú lena ndéantar difear do na sochaithe agus na geilleagair uile. Bheadh tionchar míshásúil ag bearta nach nglacfaí ach ar leibhéal náisiúnta nó fiú ar leibhéal an Aontais amháin, gan comhordú agus comhar idirnáisiúnta a chur san áireamh. Le gníomhaíocht an Aontais ba cheart aird chuí a thabhairt ar obair an Ghrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta de chuid Chomhairle na hEorpa (GRECO), na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus Oifig na Náisiún Aontaithe in aghaidh Drugaí agus Coireachta (UNODC). Ó 2016 go 2021, chláraigh Eurojust 505 chás éillithe trasteorann, agus méadú seasta ag teacht ar an líon sin ar feadh na tréimhse 5 bliana sin 29 , rud a dheimhníonn gur feiniméan trasteorann é an téilliú atá ag fás de réir a chéile san Aontas. Le staidéar a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach le déanaí suíodh gur ‘foinse le haghaidh dúshláin reachtacha agus oibríochtúla maidir le dul i ngleic le cásanna éillithe trasteorann é an easpa creata Eorpaigh chomhleanúnaigh lena náirítear forálacha le haghaidh na gcoireanna uile a bhaineann leis an éilliú agus a sainaithníodh le caighdeáin idirnáisiúnta’ 30 .

De dheasca gné thrasnáisiúnta an éillithe, agus an reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana á cur san áireamh, tá coinne leis go mbeidh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus go dtabharfar breisluach inláimhsithe léi i gcomparáid le gníomhaíocht arna déanamh ag na Ballstáit go haonarach. Le hidirghabháil ón Aontas chruthófaí breisluach trí dhlí coiriúil na mBallstát a chomhfhogasú a thuilleadh, rud a rannchuidíonn le cothroime iomaíochta a áirithiú idir na Ballstáit, mar aon le comhordú agus comhchaighdeáin. Mar a léirítear leis an anailís sna Tuarascálacha bliantúla maidir leis an Smacht Reachta, leis na bearnaí sa reachtaíocht atá ann cheana agus forfheidhmiú teoranta an mhéid sin, i dteannta an ghá le comhar agus inniúlacht chun cásanna trasteorann a ionchúiseamh, tugtar le fios go bhfuil gá le comhordú agus sainmhíniú níos láidre ar chomhchaighdeáin ar fud an Aontais. Thairis sin, d’fheabhsófaí éifeachtacht na mbeart coisctheach agus na n‑uirlisí imscrúdaitheacha ar fud an Aontais leis sin. Thairis sin, i bhfianaise a mhinice gur de chineál trasteorann iad na cásanna éillithe, ceanglaítear dlúthchomhar idir na Ballstáit chun cosc agus diansmacht leordhóthanach a áirithiú. Le sainmhínithe comhroinnte ar chionta coiriúla d’éascófaí an comhar sin. Ar deireadh, ní mór do roinnt mhaith gníomhaithe a n‑iarrachtaí chomhcheangal le haghaidh chomhraic in aghaidh an éillithe. Dá réir sin, má dhéantar saincheist an éillithe a fhrámú i gcomhthéacs níos leithne an Aontais, seachas comhthéacsanna náisiúnta aonair na mBallstát, fágtar go mbeidh rannpháirtíocht níos leithne i gceist ó na páirtithe leasmhara ábhartha uile.

Mura ndéantar aon ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, is dóigh go dtiocfaidh méadú suntasach ar scála na faidhbe sna blianta atá le teacht. Bheadh impleachtaí soiléire trasteorann agus éifeacht dhíreach aige sin ar an margadh aonair, ar leas airgeadais an Aontais agus ar an tslándáil inmheánach ar bhealach níos ginearálta. An t‑éilliú i mBallstát amháin, tá leas díreach ag Ballstáit eile ann mar gheall ar a éifeachtaí trasteorann. Leanfadh deacrachtaí tromchúiseacha de bheith ag údaráis forfheidhmithe dlí agus bhreithiúnacha agus iad ag déileáil le cásanna éillithe níos casta, rud a thabharfadh deiseanna do dhéantóirí coire dul i mbun siopadóireacht le haghaidh dlínsí den Aontas nach ngabhann, nó a ghabhann ar bhealach nach bhfuil chomh héifeachtach ná cuimsitheach sin, gníomhaíochtaí éillithe áirithe laistigh dá gcreat reachtach frithéillithe. Dá leanfaí den éilliú ba é a thiocfadh as sin ar deireadh costas sochaíoch níos leithne trí ghníomhaíocht choiriúil leanúnach agus d’fhéadfaí oibriú leanúnach grúpaí coireachta eagraithe a éascú leis sin freisin.

Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE, tá an Treoir bheartaithe nua teoranta don mhéid is gá agus atá comhréireach chun an t‑éilliú a chosc agus a chomhrac go héifeachtúil agus oibleagáidí agus caighdeáin idirnáisiúnta a chur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le coiriúlú an éillithe, i gcomhréir le UNCAC.

Le UNCAC ceanglaítear ar pháirtithe sa Choinbhinsiún bearta reachtacha agus eile a dhéanamh chun breabaireacht, míleithreasú agus sciúradh airgid a leagan síos mar chionta coiriúla agus cuimhneamh ar bhearta reachtacha agus eile a dhéanamh chun gníomhartha áirithe eile a leagan síos mar chionta coiriúla (drochúsáid oifige, mangaireacht tionchair agus, faoi réir a bhunreachta agus bhunphrionsabail a chórais dlí, saibhriú aindleathach). I gcomhréir leis na gealltanais sa Dearbhú Polaitiúil a glacadh ag an Seisiún Speisialta de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe 2021, ba cheart don Aontas Eorpach, a mhéid is féidir, dul thar an íosmhéid agus bearta breise a ghlacadh chun an t‑éilliú a chosc agus a chomhrac.

Sainmhínítear sa togra seo raon feidhme na gcionta éillithe d’fhonn gach cineál iompraíochta ábhartha a chumhdach, agus an méid sin á dhéanamh ar bhealach atá teoranta don mhéid is gá agus atá comhréireach. Leis an togra neartaítear na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá ann cheana i gcás inar gá, chun feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann agus cosc a chur ar choirpigh feidhm a bhaint as na difríochtaí idir reachtaíochtaí náisiúnta chun a leasa féin.

Is mó na tairbhí a sholáthraítear le cumas méadaithe na mBallstát chun dul i ngleic leis an éilliú tríd an dlí coiriúil ná tionchar na mbeart beartaithe ar na Ballstáit i dtéarmaí na n‑acmhainní is gá agus an ghá chun creat náisiúnta a oiriúnú, lena n‑áirítear trí chomhar trasteorann níos fearr idir na húdaráis inniúla i gcásanna éillithe trasteorann. I dtaca le comhfhogasú na mbeart a bhaineann le cosc agus úsáid uirlisí imscrúdaitheacha, ní dhéantar foráil maidir leis sin ach a mhéid is gá chun go bhfeidhmeoidh an creat dlí choiriúil beartaithe go héifeachtach.

An rogha ionstraime

I gcomhréir le hAirteagal 83 agus Airteagal 82(1) CFAE, ní féidir rialacha íosta a bhunú maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainiú i réimsí na coireachta tromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo, lena n‑áirítear an t‑éilliú, ach amháin trí bhíthin Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna glacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Coinbhinsiún 1997 maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh phoiblí i dtreis ann, lena gcumhdaítear breabaireacht san earnáil phríobháideach, agus Cinneadh Réime 2003/568/CGB, lena gcumhdaítear breabaireacht san earnáil phríobháideach, ní dhearnadh meastóireacht ex post orthu.

Go dtí seo, ghlac an Coimisiún dhá thuarascáil maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2017/1371. An 6 Meán Fómhair 2021, ghlac an Coimisiún an chéad tuarascáil den sórt sin 31 , lena leagtar amach go ndearna na Ballstáit uile a bhí faoi cheangal ag an Treoir a príomhfhorálacha a thrasuí, ach gur gá feabhas a chur ar thrasuí na Treorach fós maidir le forálacha áirithe eile. Tugtar faoi deara leis an tuarascáil nach ndearnadh gnéithe áirithe den sainmhíniú ar ‘oifigeach poiblí’ a thrasuí sa reachtaíocht de chuid thart ar leath na mBallstát. De réir na tuarascála, ceanglaítear gné bhreise ‘sárú dualgas’ sa sainmhíniú ar an éilliú gníomhach agus éighníomhach araon i mBallstáit éagsúla. Leis an ngné bhreise sin déantar raon feidhme na sainmhínithe sa Treoir ar an éilliú a chúngú go suntasach.

Maidir leis an ‘éilliú éighníomhach’, shuigh an Coimisiún, i líon beag Ballstát, nach ndéantar an ghné a bhaineann le hoifigigh phoiblí a bheith ag staonadh ‘ó ghníomhú i gcomhréir [lena] ndualgas’ a chumhdach leis an reachtaíocht náisiúnta. Maidir leis an ‘éilliú gníomhach’ luaitear leis an tuarascáil go bhfuil cuid de na gnéithe den sainmhíniú dá bhforáiltear leis an Treoir ar iarraidh nó nach bhfuil siad trasuite i gceart i mBallstáit áirithe. Maidir le míleithreasú, shuigh an Coimisiún go ndearna Ballstáit áirithe foráil maidir le trasuí níos cúinge ar an bhforáil ábhartha, nó nár thrasuigh siad í ina hiomláine. Luaitear leis an tuarascáil freisin, maidir le pionóis, nach ndearnadh forálacha na Treorach a thrasuí i gceart sa cheathrú cuid de na Ballstáit. A mhéid a bhaineann le tréimhsí teorann, shuigh an Coimisiún, i gcúpla Ballstát, go bhfuil an tréimhse theorann chun breithiúnas a fhorghníomhú níos giorra ná an tréimhse dá bhforáiltear leis an Treoir 32 .

I mí Mheán Fómhair 2022, ghlac an Coimisiún an dara tuarascáil ar chur chun feidhme Threoir (AE) 2017/1371 33 . Díríodh sa tuarascáil ar thrí shaincheist shonracha: i) oiriúnacht na tairsí dá bhforáiltear sa Treoir maidir le calaois a bhaineann le CBL (EUR 10 milliún de dhamáiste iomlán); ii) éifeachtacht na bhforálacha maidir le tréimhsí teorann; agus iii) an dtugtar aghaidh go héifeachtach sa Treoir ar chásanna calaoise i dtaca le soláthar. I gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Threoir (AE) 2017/1371, bhí an tuarascáil bunaithe go príomha ar an bhfaisnéis a chuir na Ballstáit ar fáil don Choimisiún, lena náirítear staitisticí bliantúla maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

In 2022 agus 2023, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit maidir leis na forálacha a bhí acu cheana ar an leibhéal náisiúnta maidir le coiriúlú an éillithe agus leis an gcomhrac ina aghaidh, trí fhaisnéis cothrom le dáta a iarraidh trí dhá cheistneoir, ar a dtugtar tuairisc sa roinn thíos.

Na smaointe le haghaidh dréacht‑Treorach, agus na freagraí ar na ceistneoirí, pléadh iad in dhá cheardlann comhroinnte taithí maidir leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe. Reáchtáladh na ceardlanna sin an 14 Nollaig 2022 agus an 14 Márta 2023 le saineolaithe ó na Ballstáit, lena n‑áirítear ionadaithe ó na hAireachtaí Gnóthaí Baile, na hAireachtaí Ceartais, na Gníomhaireachtaí Frith‑Éillithe, na póilíní agus na seirbhísí ionchúisimh. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle freisin leis na Gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí de chuid an Aontais atá i gceannas ar thacú le comhar póilíneachta agus breithiúnach idir na Ballstáit, lena n‑áirítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), mar aon le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar an éilliú a chosc agus a chur faoi chois.

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus fuair sé ionchur uathu, lena náirítear UNODC, ECFE agus GRECO. Sholáthair an saol acadúil agus an tsochaí shibhialta ionchur freisin, lena náirítear Trédhearcacht Idirnáisiúnta agus Comhghuaillíocht UNCAC. Le cruinniú iomlánach de na Comhfhreagraithe Taighde Áitiúla maidir leis an Éilliú 34 rinneadh plé ar ábhair éagsúla i ndáil leis an togra an 13 Márta 2023.

Pléadh an togra seo freisin ag na cruinnithe de Líonra na bpointí teagmhála maidir leis an Smacht Reachta an 27 Eanáir 2023, den Sainghrúpa um Scéimeanna Saoránachta agus Cónaithe d’Infheisteoirí an 1 Márta 2023, de Líonra AFA de chuid an Aontais an 15 Márta 2023 agus de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin maidir le Beartas Coireachta an Aontais an 27 Márta 2023.

Ar an bhforiomlán, chuir na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara i dtábhacht gur ghá cionta coiriúla agus smachtbhannaí a chomhchuibhiú chun an t‑éilliú a chomhrac ar fud an Aontais ar bhealach cuimsitheach agus éifeachtach. Chuir na páirtithe leasmhara in iúl gur mhinic a bhí cásanna ann inar chuir sainmhínithe difriúla bac ar chomhar trasteorann éifeachtach le linn cionta éillithe a ionchúiseamh. Trí shainmhínithe ábhartha ar na cionta éillithe a chomhfhogasú ba cheart feabhas a chur ar mhalartú faisnéise trasteorann agus comhar idir na húdaráis forfheidhmithe dlí. Dá ndéanfaí leibhéal na smachtbhannaí a fhorchuirtear i leith cionta éillithe a ailíniú d’fhágfadh sin go mbeadh forfheidhmiú agus díspreagadh níos éifeachtaí ar fud an Aontais freisin. D’áitigh roinnt Ballstát nach mbeadh trasuí meicniúil ar chion an tsaibhrithe aindleathaigh mar a shainmhínítear in UNCAC ag teacht le toimhde na neamhchiontachta ná traidisiúin bhunreachtúla na mBallstát. Mhol líon mór de na páirtithe leasmhara gur cheart cosc an éillithe a chumhdach leis an togra freisin, smachtbhannaí breise a áireamh leis, amhail an neamh‑incháilitheacht chun seasamh i dtoghchán nó a bheith in oifig phoiblí nó tairiscint a chur isteach ar chistí poiblí, agus tábhacht na gcomhlachtaí frithéillithe speisialaithe a léiriú leis, agus neamhspleáchas, oiliúint agus acmhainní leordhóthanacha acu.

Foilsíodh glao ar fhianaise le haghaidh aiseolais ón 20 Eanáir 2023 go dtí an 17 Feabhra 2023, agus fuarthas 361 ionchur san iomlán 35 . Deimhníodh leis na freagraí an ríthábhacht a bhaineann leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe agus an gá le dul i ngleic leis an éilliú san Aontas ar roinnt mhaith leibhéal, lena náirítear in institiúidí an Aontais. Cé gur iarradh bearta breise i bhformhór mór na bhfreagraí, cuireadh i dtábhacht le roinnt díobh freisin gur ghá cur chun feidhme cuí an chreata idirnáisiúnta atá i bhfeidhm faoi láthair a áirithiú agus tionscnaimh nua dhlíthiúla nó dlí bhoig a mheas go cúramach freisin. Cuireadh i dtábhacht in ionchuir éagsúla go raibh dlúthnasc idir an téilliú agus an choireacht eagraithe. Maidir leis an gcreat atá i bhfeidhm faoi láthair a neartú, chomhaontaigh formhór na bhfreagróirí gur gá aghaidh a thabhairt ar bhearnaí reachtacha agus gur cheart a chumhdach leis an gcoiriúlú iompar coiriúil, atá taobh amuigh den chreat reachtach idirnáisiúnta atá i bhfeidhm faoi láthair, le smachtbhannaí comhfhreagracha. De réir freagróirí áirithe, chun aghaidh a thabhairt ar chastacht na gcásanna éillithe go héifeachtúil, is gá acmhainneachtaí leordhóthanacha a chur ar fáil do na húdaráis forfheidhmithe dlí ó thaobh acmhainní, oiliúna, teicnící imscrúdaithe speisialta agus trealamh speisialaithe de. D’iarr freagróirí éagsúla go gcruthófaí uirlis faireacháin agus fíorúcháin le cuidiú ón tsochaí shibhialta.

Bailiú agus úsáid saineolais

I gcomhréir leis an ngealltanas a rinneadh i Straitéis an Aontais Eorpaigh um an gCoireacht Eagraithe 2021‑2025, rinne an Coimisiún Eorpach conradh le haghaidh staidéir chun corpas dlí an Aontais a athbhreithniú sa chomhrac in aghaidh an éillithe. Maidir leis an staidéar Strengthening the fight against corruption: Assessing the EU legislative and policy framework, [An comhrac in aghaidh an éillithe a neartú. Measúnú a dhéanamh ar chreat reachtach agus beartais an Aontais Eorpaigh], rinne cuibhreannas de EY agus de RAND Corporation é agus foilsíodh an 3 Eanáir 2023 é 36 . Leis sin rinneadh anailís ar na bearnaí i gcreat reachtach an Aontais sa réimse a bhaineann leis an éilliú a chosc agus a chur faoi chois, agus soláthraíodh moltaí le haghaidh bearta féideartha ón Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin, trí mheasúnú agus comparáid a dhéanamh ar thionchair na mbeart sin.

Leis an staidéar thángthas ar an gconclúid go mbeadh an tionchar ba mhó ag ailíniú reachtach níos dlúithe idir na Ballstáit an Aontais, agus tacaíocht le haghaidh bearta boga in éineacht leis sin, ar an gcomhrac in aghaidh an éillithe. Go sonrach, leis an staidéar iarradh go ndéanfaí íosrialacha comhchoiteanna a leagan síos maidir leis an sainmhíniú ar chionta éillithe agus pionóis ghaolmhara, i dteannta rialacha comhchoiteanna chun feabhas a chur ar choireanna éillithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh ó Bhallstát go chéile (e.g. borradh a chur faoi thuairisciú, cuir chuige a chomhchuibhiú i leith díolúine agus reachtanna tréimhsí, mar aon le cumasóirí éillithe). Cuireadh na conclúidí sin san áireamh sa togra seo le haghaidh Treorach. Ina theannta sin, leis an staidéar sin iarradh freisin go mbeadh bearta ann arbh é ab aidhm dóibh cosc éifeachtach ar an éilliú a áirithiú, lena n‑áirítear bailiú cuimsitheach sonraí ar an éilliú, agus go mbeadh údaráis frithéillithe thiomnaithe i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon.

Chuir an Coimisiún sonraí eile san áireamh freisin, amhail suirbhéanna Eorabharaiméadair 2022 maidir leis an éilliú. Bhí an Coimisiún ag brath freisin ar dhoiciméid ábhartha de chuid UNODC, ECFE, GRECO agus Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa.

Mar a luadh thuas, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig na Ballstáit chun go sainaithneofar cé na sonraí ceartais choiriúil maidir le cionta breabaireachta atá ar fáil. Bailíonn formhór na mBallstát sonraí maidir le cásanna breabaireachta, cé gur cosúil nach mbailíonn na Ballstáit uile a thug freagra sonraí maidir le ciontuithe daoine dlítheanacha, leis an líon cásanna atá ar feitheamh agus leis an líon cásanna a réitíodh ar bhealach difriúil le ciontuithe nó éigiontuithe. Léirítear leis sin go bhféadfaí cuidiú le treochtaí a shainaithint agus a anailísiú ar fud an Aontais ach sonraí maidir le cásanna éillithe a bhailiú ar bhealach níos comhchuibhithe.

D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit freisin faisnéis a sholáthar maidir lena gcomhlachtaí speisialaithe a oibríonn ar chosc an éillithe lena n‑áirítear comhlachtaí ag a bhfuil cumhachtaí diansmachtúla áirithe (amhail fíneálacha a thobhach). Thuairiscigh formhór na mBallstát go bhfuil ról éigin ag comhlacht amháin nó roinnt comhlachtaí sa réimse a bhaineann leis an éilliú a chosc. I roinnt mhaith Ballstát tá roinnt comhlachtaí den sórt sin ann ag a bhfuil a gcumhachtaí féin, ach tá comhlacht aonair ag a bhfuil níos mó cumhachtaí cuimsitheacha ag Ballstáit áirithe. Níor thuairiscigh ocht mBallstát ar chomhlacht coisctheach speisialaithe a bheith ann ach ar chomhlachtaí a dhéileálann leis an gcosc freisin, cé is moite dá gcúraimí eile.

D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit freisin faisnéis a sholáthar maidir le cumhachtaí a gcomhlachtaí speisialaithe a oibríonn ar an éilliú a chosc. Leis an mapáil sin nochtar éagsúlacht leathan i gcúraimí agus cumhachtaí na gcomhlachtaí sin, idir chumhachtaí a bhaineann le formhaoirseacht a dhéanamh ar dhearbhuithe sócmhainní/leasanna nó bronntanas agus rialáil na brústocaireachta agus rialacha maidir le ‘doirse imrothlacha’ a fhorfheidhmiú. Tá cumhachtaí forfheidhmithe ag comhlachtaí áirithe freisin amhail fíneálacha a eisiúint.

Ceistíodh na Ballstáit freisin maidir lena gcomhlachtaí a bhí speisialaithe san éilliú a chur faoi chois. Cé go gceadaíonn na Ballstáit uile do na póilíní agus na comhlachtaí ionchúisimh rialta foirmeacha áirithe den éilliú a imscrúdú agus a ionchúiseamh, tá foirm éigin de phóilíní speisialaithe i bhfeidhm sna Ballstáit uile nach mór chun cásanna éillithe sonracha a imscrúdú, mar shampla nuair atá siad níos tromchúisí, níos casta nó nuair a bhaineann siad le catagóir áirithe de dhaoine faoi dhrochamhras. A mhéid a bhaineann leis an éilliú a ionchúiseamh, tá ionchúisitheoirí speisialaithe ag formhór na mBallstát chun déileáil leis na cásanna éillithe sin.

Leis an dara ceistneoir, ar lena aghaidh a bailíodh ionchur idir an 9 Eanáir agus an 8 Feabhra 2023, díríodh ar fhaisnéis maidir leis na cionta éillithe, chun eolas agus treoraíocht a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an togra seo. Iarradh ar na Ballstáit a bhforálacha dlíthiúla náisiúnta a chomhroinnt lena gcumhdaítear na cionta sin, mar a shainmhínítear in UNCAC, uasfhad na príosúnachta nasctha leis na cionta sin, agus na tréimhsí teorann a bhí i bhfeidhm. Ba iad na cionta éillithe ar iarradh faisnéis lena n‑aghaidh breabaireacht san earnáil phoiblí agus phríobháideach, míleithreasú arna dhéanamh ag oifigeach poiblí nó san earnáil phoiblí, mangaireacht tionchair, drochúsáid oifige, saibhriú aindleathach agus bac an cheartais. D’fhreagair na Ballstáit uile ach amháin an Bhulgáir agus an Danmhairg agus an ceistneoir. Déantar achoimre ar torthaí an cheistneora sin thíos.

Fíor 1: Coiriúlú cionta éillithe sna Ballstáit

CIONTA

AN LÍON BALLSTÁT MAR A gCUMHDAÍTEAR AN CION SA DLÍ NÁISIÚNTA

AN LÍON BALLSTÁT MAR NACH gCUMHDAÍTEAR AN CION SA DLÍ NÁISIÚNTA

Breabaireacht san earnáil phoiblí

25

0

Breabaireacht san earnáil phríobháideach

25

0

Claonchasadh, míleithreasú agus atreorú maoine eile ag oifigeach poiblí

25

0

Claonchasadh san earnáil phríobháideach

25

0

Mangaireacht tionchair

23

2

Drochúsáid oifige

25

0

Saibhriú aindleathach

8

17

Bac an cheartais

25

0

Leis an anailís ar ar thuairiscigh na Ballstáit léirítear go bhfuil cionta maidir le breabaireacht san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, claonchasadh, míleithreasú, bac an cheartais 37 agus drochúsáid oifige i reachtaíocht náisiúnta na mBallstát. Mar sin féin, tá an‑chuid éagsúlachta sna sainmhínithe, go háirithe nuair a bhreathnaítear ar chlaonchasadh nó drochúsáid oifige. Is cinnte nach féidir teacht ar an gconclúid go gcumhdaíonn na Ballstáit raon feidhme iomlán na gcionta coiriúla mar a shainmhínítear in UNCAC 38 . Tuairiscíonn roinnt mhaith Ballstáit go ndearna siad mangaireacht tionchair a choiriúlú ina reachtaíocht náisiúnta, ach athraíonn sainmhínithe áirithe go suntasach ón bhforáil UNCAC ábhartha agus ní chumhdaítear an cion ach go páirteach uaireanta. Is beag cumhdach a dhéantar ar shaibhriú aindleathach fós, agus tuairiscíonn ocht mBallstát foirm éigin de chumhdach sa reachtaíocht náisiúnta, cé go dtuairiscíonn roinnt Ballstát eile gur cumhdaíodh na gnéithe sin ina reachtaíocht maidir leis an sciúradh airgid nó le coigistiú sócmhainní. De dheasca difríochtaí sa sainmhíniú ar chionta agus na heaspa coiriúlaithe ar iompar éillitheach áirithe, bíonn fadhbanna ann i gcásanna trasteorann agus tagann cáineadh ó chomhlachtaí faireacháin áirithe as sin maidir leis an mbealach a chuireann na Ballstáit ionstraimí idirnáisiúnta chun feidhme.

Fíor 2: Smachtbhannaí príosúnachta le haghaidh cionta éillithe sna Ballstáit

Fad na príosúnachta sna Ballstáit

An tAontas – an raon i mblianta (bunaithe ar na hionchuir a fuarthas)

An tAontas – an meán i mblianta (bunaithe ar na hionchuir a fuarthas)

Airmheán

blianta

Breabaireacht san earnáil phoiblí

0.25 – 15

6.94 - 9.59

6 - 10

Breabaireacht san earnáil phríobháideach

0.25 – 12

5.74 - 6.43

5 - 6

Claonchasadh, míleithreasú agus atreorú maoine eile ag oifigeach poiblí

0.25 – 15

6.15 - 8.34

-6 - 10

Claonchasadh san earnáil phríobháideach

0.25 – 20

5.57 - 8.08

5 - 8

Mangaireacht tionchair

0.25 – 10

4.87 - 5.53

5

Drochúsáid oifige

1 - 20

-5.92 - 6.56

4 – 5

Saibhriú aindleathach

0.5 – 15

5.38 - 7.19

3.5 - 6

Bac an cheartais

1 - saol

5.58 - 8.67

4.5 - 6

Agus íosleibhéal an phionóis uasta á leagan síos le haghaidh na gcionta sa togra seo, chuir an Coimisiún san áireamh cineál na gcionta, leibhéil na bpionós arna leagan síos sna Ballstáit (féach Fíor 2) agus na leibhéil arna leagan síos le hionstraimí eile de chuid an Aontais i réimse an dlí choiriúil shubstaintigh. Ní théann na pionóis a mholtar sa Treoir seo thar mheánleibhéal na bpionós uasta le haghaidh na gcionta sin sna Ballstáit. Mar shampla, tá an meánphionós le haghaidh na breabaireachta san earnáil phoiblí idir thart ar 7 mbliana agus 9.5 mbliana, cé go bhfuil sé idir thart ar 5.5 bliain agus 6 bliana le haghaidh na breabaireachta san earnáil phríobháideach. An tráth céanna, tá difríochtaí suntasacha ann freisin i reachtaíocht na mBallstát. Mar shampla, tá na pionóis uasta le haghaidh chion an mhíleithreasaithe idir 3 mhí sa Spáinn agus 15 bliana sa Ghréig 39 . Trí íosleibhéal den phionós uasta a leagan síos ar leibhéal an Aontais éascófar dá bhrí sin an comhar póilíneachta trasteorann agus breithiúnach agus méadófar an díspreagadh.

Fíor 3: Reacht na dtréimhsí le haghaidh cionta éillithe sna Ballstáit

Tréimhsí teorann sna Ballstáit

An tAontas – an raon i mblianta

(bunaithe ar na hionchuir a fuarthas)

An tAontas – an meán i mblianta

(bunaithe ar na hionchuir a fuarthas)

Airmheán

blianta

Breabaireacht san earnáil phoiblí

3 - 25

10.76 -14.28

10 - 12

Breabaireacht san earnáil phríobháideach

3 - 25

10.26 -11.70

10

Claonchasadh, míleithreasú agus atreorú maoine eile ag oifigeach poiblí

3 - 25

10.50 - 13.20

10 - 12

Claonchasadh san earnáil phríobháideach

3 - 25

9.42 - 12.19

10

Mangaireacht tionchair

2 - 25

9.00 – 10.82

8 - 10

Drochúsáid oifige

5 - 25

10.48 – 11.63

9 - 10

Saibhriú aindleathach

5 – 20

10.13 – 11.38

10-11

Bac an cheartais

3 - 25

9.25 – 12.70

10

Le freagraí na mBallstát maidir le tréimhsí teorann le haghaidh cionta éillithe sa reachtaíocht náisiúnta tugadh eolas don Choimisiún sa togra dá chuid atá ann faoi láthair. Le haghaidh na breabaireachta san earnáil phoiblí, tá an meán idir 11 bhliain agus 14 bliana; ach maidir leis an mbreabaireacht san earnáil phríobháideach, tá an meán idir 10 mbliana agus 11.5 bhliain. An tráth céanna, tá difríochtaí móra ann freisin i reachtaíocht na mBallstát: le haghaidh na breabaireachta san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach tá íostréimhsí agus uastréimhsí teorann idir 3 bliana i mBallstáit amhail an tSeicia nó an Liotuáin agus 25 bliana sa Pholainn.

Tugtar faoi deara leis na tuarascálacha bliantúla maidir leis an Smacht Reachta gur féidir bac mór a chur ar imscrúdú agus ionchúiseamh na gcásanna éillithe le heasnaimh oibríochtúla agus gur féidir leo dochar a dhéanamh d’éifeachtacht an chomhraic in aghaidh an éillithe. Samplaí dá leithéidí is ea forálacha ró‑anásta nó doiléire maidir le díolúintí a chur ar ceal, agus reachtanna tréimhsí gearra, rudaí is féidir leo tabhairt chun críche na gcásanna casta a chosc, go háirithe má bhíonn tosca eile ann freisin a chuireann le fadálacht na n‑imeachtaí. Bíonn dochar faoi leith ag baint leis na bacainní sin le haghaidh cásanna éillithe atá ar ardleibhéal nó casta, agus is féidir leo riosca a chruthú go mbeidh ciontóirí saor ó phionós, rud a d’fhágfadh na hiarrachtaí frithéillithe gan éifeacht díspreagthach.

Measúnú tionchair

Ós rud é gurb ionchorprú oibleagáidí agus caighdeán idirnáisiúnta a dhéantar go príomha leis an togra seo le haghaidh Treorach, gan ach féidearthacht bheag ann chun bearta malartacha a dhéanamh, cuirtear an togra seo i láthair go heisceachtúil gan measúnú tionchair ag gabháil leis. Thairis sin, ní dócha go mbeidh tionchair ná costais shuntasacha ag an tionscnamh seo ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha, comhshaoil ná shóisialta, ná costais lena mbaineann caiteachas mór. An tráth céanna, ba cheart é a bheith chun tairbhe don gheilleagar agus don tsochaí ina n‑iomláine.

Mar sin féin, leis an togra seo, cuirtear leis an bhfianaise a bailíodh trí na staidéir sheachtracha agus na measúnuithe seachtracha ar a dtugtar tuairisc sa roinn roimhe, agus leis na comhairliúcháin éagsúla a reáchtáladh le páirtithe leasmhara.

Measadh cuir chuige dhifriúla ag úsáid na fianaise a bhí ar fáil:

1.Gníomhaíocht neamhreachtach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh nó ar an leibhéal náisiúnta, lena náirítear treoirlínte, malartú na ndea‑chleachtas, oiliúint, agus táblaí comhfhreagrais a fhorbairt le haghaidh cionta a bhaineann leis an éilliú;

2.Togra lena dtrasuitear forálacha UNCAC;

3.Togra lena dtrasuitear forálacha UNCAC agus lena dtéitear an tráth céanna thar oibleagáidí idirnáisiúnta i ngnéithe áirithe, trí íosleibhéil a fhorchur le haghaidh uasteorainn na smachtbhannaí, chun ionchúisimh a éascú agus feasacht a mhéadú ar eitic agus ionracas i measc oifigigh phoiblí;

4.Togra lena sainmhínítear coinníollacha agus eilimintí éagsúla na gcionta éillithe féideartha uile agus ceanglais le haghaidh bearta coisctheacha amhail rialacha maidir le brústocaireacht agus coinbhleachtaí leasa.

Ar bhonn na fianaise a bailíodh agus na measúnuithe roimhe ar a dtugtar tuairisc thuas, roghnaigh an Coimisiún cur chuige (rogha 3 thuas) lena moltar comhchuibhiú i gcomhréir le forálacha UNCAC, agus cur chuige níos uaillmhianaí á ghlacadh lena dtéitear thar oibleagáidí idirnáisiúnta sna réimsí sin ina mbaineann tairbhí follasacha le gníomhaíocht i dtéarmaí an chomhair trasteorann agus traidisiúin agus cásdlí náisiúnta á n‑urramú agus comhsheasmhacht le dlí an Aontais á háirithiú an tráth céanna.

Tá coinne leis go mbeidh an togra reachtach ina rannchuidiú dearfach leis an éilliú a chosc agus a bhrath, agus leis an bhfreagairt dó, go háirithe trí shainmhínithe ar chionta coiriúla a chomhfhogasú agus smachtbhannaí coiriúla a ailíniú. Trí bhearta a dhéanamh chun an t‑éilliú a chosc, le linn déantóirí coire a ionchúiseamh agus laghdú a dhéanamh ar fheiniméan coiriúil an éillithe, tá coinne leis go laghdófar costais eacnamaíocha agus shóisialta agus go mbeidh tionchar dearfach aige sin ar an ngeilleagar. Trí phionóis díspreagthacha a áirithiú le haghaidh déantóirí coire is dócha go méadófar an leibhéal slándála foriomlán agus go gcuirfear isteach ar ghníomhaíochtaí grúpaí coireachta eagraithe. Dá méadófaí comhchuibhiú sa réimse sin i bprionsabal chuirfí ar a chumas don Aontas ailíniú a thuilleadh le caighdeáin idirnáisiúnta maidir leis an éilliú agus an t‑ualach riaracháin a laghdú i gcás comhar trasteorann idir údaráis forfheidhmithe dlí agus bhreithiúnacha.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Den chéad uair ar leibhéal an Aontais, tugtar le chéile leis an togra an t‑éilliú ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach in aon ghníomh dlí amháin. Is é is aidhm don togra oibleagáidí agus caighdeáin idirnáisiúnta a thabhairt isteach i reachtaíocht an Aontais agus an creat dlíthiúil a thabhairt cothrom le dáta chun gur féidir leis freagairt go cuí d’fheiniméan trasteorann an éillithe. Cuideoidh sé sin leis na Ballstáit le linn dóibh na forálacha ábhartha a thrasuí agus a chur chun feidhme.

Cearta bunúsacha

Bunaíodh an tAontas ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus aithníonn sé na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a leagtar amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha i gcomhréir le hAirteagal 6(1) CAE. Déanann an t‑éilliú dochar d’institiúidí daonlathacha agus do luachanna an Aontais, lena n‑áirítear do chosaint na gceart bunúsach. Trí dhul i ngleic leis an éilliú, leis an togra seo rannchuidítear go dearfach le cearta bunúsacha a chosaint, amhail an ceart chun triail chóir a fháil agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

Tá an comhrac in aghaidh an éillithe agus cosaint na gceart bunúsach ina gcuspóirí comhlántacha, seachas cuspóirí a mbeadh easaontacht eatarthu. Maidir leis an gcoiriúlú a leagan amach, a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm, ní mór an méid sin a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt d’oibleagáidí maidir le cearta bunúsacha. Tá aon teorannú ar fheidhmiú na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, is iad sin, tá sé faoi réir phrionsabal na comhréireachta i leith na haidhme dlisteanaí go bhfreagrófar iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Chomh maith leis sin, ní mór foráil le dlí d’aon teorannú den sórt sin agus ní mór inneachar sár‑riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú leis.

Ní mór cearta agus saoirsí bunúsacha éagsúla a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha a chur san áireamh ina leith sin. Áirítear ar na cearta atá ábhartha go háirithe i ndáil leis na bearta atá beartaithe, ach nach bhfuil teoranta dóibh sin, an ceart chun saoirse agus slándála, sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, mar aon leis an bprionsabal nach féidir duine a thriail ná a phionósú faoi dhó i ngeall ar an gcion céanna (ne bis in idem).

Gach beart dá nglacann an tAontas agus a chuid Ballstát maidir le coiriúlú an éillithe dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus cinneadh na smachtbhannaí coiriúla agus neamhchoiriúla ina leith, ní mór iad a bheith faoi réir phrionsabal na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, ní mór iad a bheith faoi réir thoimhde na neamhchiontachta agus na gceart chun cosaint a fháil, agus ba cheart aon chineál treallachais a eisiamh.

Urramaíonn an togra seo, go háirithe, an prionsabal nach mór cionta coiriúla agus pionóis a leagan síos sa dlí agus a bheith comhréireach. Déantar cearta bunúsacha i gcoitinne agus prionsabal na comhréireachta a urramú trí raon feidhme na gcionta a theorannú dá bhfuil fíor‑riachtanach chun go bhféadfar gníomhartha, atá ina mbagairt ar leith ar chobhsaíocht agus ar shlándáil na sochaithe, a ionchúiseamh go héifeachtach. Leis an togra cuirtear san áireamh freisin prionsabal na comhréireachta trí fhoráil a dhéanamh maidir le hoibleagáidí a bhaineann le himthosca géaraitheacha agus maolaitheacha.

Leis an Treoir tugtar isteach íosrialacha maidir leis an leibhéal smachtbhannaí i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta (féach go háirithe Airteagail 11(1) agus 13(1) den Treoir), ag féachaint do chineál an chiona. Thairis sin, tá smachtbhannaí riaracháin a fhorchuirtear le cur san áireamh agus pianbhreith á cur ar an duine i leith cion coiriúil a leagtar amach sa Treoir (aithris 13). Leis an Treoir cuirtear i dtábhacht freisin gur cheart do na Ballstáit, chun a áirithiú go ndéanfar cionta éillithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach agus go trédhearcach, nósanna imeachta a bhunú, chun oifigeach poiblí a cúisíodh i gcion a chur ar fionraí nó a athshannadh go sealadach, dá dtagraítear sa Treoir seo. Sna cásanna sin ba cheart dóibh prionsabal thoimhde na neamhchiontachta a choinneáil i gcuimhne agus an gá le hurraim a thabhairt don cheart chun leigheas éifeachtach a fháil (aithris 19).

Le húsáid uirlisí imscrúdaitheacha, a bhféachtar lena háirithiú leis an Treoir, ní mór cearta bunúsacha a urramú, amhail an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47) agus toimhde na neamhchiontacha agus an ceart chun cosaint a fháil (Airteagal 48). Ba cheart úsáid uirlisí den sórt sin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a bheith spriocdhírithe agus ba cheart, agus iad á n‑úsáid, prionsabal na comhréireachta agus cineál agus tromchúis na gcionta atá faoi imscrúdú a chur san áireamh agus ba cheart urraim a thabhairt don cheart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Thairis sin, agus an Treoir á cur i bhfeidhm, ní mór do na Ballstáit a n‑oibleagáidí a urramú faoi dhlí an Aontais maidir le cearta nósanna imeachta daoine atá faoi dhrochamhras nó daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla.

Is de chineál staidrimh na sonraí a bhailíonn na Ballstáit chun críocha na Treorach seo agus ní áirítear aon sonraí pearsanta iontu; dá bhrí sin, Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha (‘sonraí pearsanta a chosaint’) ní dhéantar difear dó leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí buiséadacha láithreacha ag an togra seo don Aontas.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Treorach ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit faoi na bearta arna ndéanamh chun na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm. Cuirfidh an Coimisiún, faoi 2 bhliain tar éis an sprioc‑ama le haghaidh an Treoir seo a chur chun feidhme, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh.

Déanfaidh an Coimisiún, 4 bliana tar éis an sprioc‑ama le haghaidh chur chun feidhme na Treorach seo, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfar measúnú ar bhreisluach na Treorach seo maidir leis an éilliú a chomhrac, lena n‑áirítear an tionchar ar chearta agus saoirsí bunúsacha. Ar bhonn na meastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún, más gá, cinneadh faoi ghníomhaíochtaí leantacha iomchuí a dhéanamh.

Doiciméid mhíniúcháin

Ní mheastar gur gá aon doiciméad míniúcháin maidir leis an trasuí.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1: Ábhar agus raon feidhme – Leis an bhforáil sin leagtar amach cuspóir agus raon feidhme na dréacht‑Treorach, go háirithe go sa mhéid a bhunaítear léi íosrialacha maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus smachtbhannaí i réimse an éillithe, mar aon le bearta chun an t‑éilliú a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos fearr.

Airteagal 2: Sainmhínithe – Leis an bhforáil sin bunaítear sainmhínithe ar ‘maoin’ (i ndáil leis na cionta éillithe in Airteagal 7‑13) i gcomhréir le corpas dhlí an Aontais 40 agus ‘daoine dlítheanacha’ (i ndáil leis an oibleagáid chun dliteanas daoine dlítheanacha a shuí in Airteagal 16). Tá an coincheap maidir le ‘oifigeach poiblí’ bunaithe ar na sainmhínithe dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún 1997 agus i dTreoir (AE) 2017/1371 agus é á léiriú go sainráite go gcumhdaítear leis freisin daoine a oibríonn i dtríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena náirítear institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus cúirteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta. Leis an Treoir sin úsáidtear sainmhíniú aonair ar ‘oifigeach poiblí’, rud is infheidhme maidir leis na cionta éillithe uile a leagtar amach inti. Sainmhínítear an coincheap maidir le ‘oifigeach ardleibhéil’ i ndáil le himthosca géaraitheacha (Airteagail 18 agus 28), bearta coisctheacha (Airteagal 23) agus bailiú sonraí (Airteagal 25).

Airteagal 3: An t‑éilliú a chosc – Is é is aidhm don fhoráil sin an gá a chur i dtábhacht maidir le haghaidh a thabhairt ar an gcomhrac in aghaidh an éillithe ó pheirspictíocht choisctheach. Is é is aidhm di gníomhaíochtaí a iniúchadh chun feasacht a mhúscailt maidir leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe, trí chláir oideachais agus thaighde, lena mbaineann eagraíochtaí sochaí sibhialta agus neamhrialtasacha. Chun córas coisctheach den sórt sin a bhunú go cuí, tá gá le próiseas leordhóthanach maidir le measúnú riosca chun na bearnaí agus na hearnálacha is mó atá i mbaol an éillithe a shainaithint agus chun dul i ngleic leo. Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht a ghabhann leis an togra seo, déanfaidh an Coimisiún, le cuidiú líonra an Aontais in aghaidh an éillithe, agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, limistéir choiteanna ardriosca a mhapáil faoi 2024. Leis na torthaí tabharfar eolas le haghaidh an mheasúnaithe náisiúnta ar na riosca a dhéanfaidh na Ballstáit, rud a cheanglaítear leis an togra seo.

Airteagal 4: Comhlachtaí speisialaithe – Leis an bhforáil sin ceanglaítear ar na Ballstáit comhlachtaí a chur i bhfeidhm nó a bheith i bhfeidhm ina ndlíchórais náisiúnta, ar comhlachtaí iad atá speisialaithe san éilliú a chosc agus a chur faoi chois. Is gá do na comhlachtaí sin a bheith neamhspleách, is gá acmhainní daonna, airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha leordhóthanacha a bheith acu agus na cumhachtaí is gá a bheith acu chun a gcúraimí a fheidhmiú. Is gá cur amach a bheith ag an bpobal orthu agus is gá dóibh a bhfeidhmeanna a fheidhmiú le trédhearcacht, ionracas agus cuntasacht.

Airteagal 5: Acmhainní – Is é is aidhm don fhoráil sin a áirithiú gurb amhlaidh maidir le húdaráis na mBallstát atá freagrach as na cionta faoin Treoir a bhrath, a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a bhreithniú, go leanfaidh siad de na hacmhainní daonna, airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha iomchuí is gá a bheith acu chun a ndualgais a fheidhmiú go héifeachtach.

Airteagal 6: Oiliúint – Leis an bhforáil sin cuirtear oibleagáid ar na Ballstáit oiliúint frithéillithe speisialaithe a sholáthar d’údaráis inniúla agus dá bhfoireann agus a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ann chuige sin. Tá oibleagáidí inti freisin maidir le hoiliúint ábhartha le haghaidh oifigigh phoiblí.

Airteagail 7 agus 8: Breabaireacht – Leis na forálacha sin sainmhínítear breabaireacht san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach agus déantar foráil leo go mbeidh an t‑iompar sin inphionóis mar chion coiriúil, nuair a dhéantar d’aon ghnó é. Leis an sainmhíniú ar na cionta coiriúla cumhdaítear breabaireacht ghníomhach agus éighníomhach araon.

Airteagal 9: Míleithreasú – Leis an bhforáil sin sainmhínítear an míleithreasú san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach agus déantar foráil go mbeidh an t‑iompar sin inphionóis mar chion coiriúil, nuair a dhéantar d’aon ghnó é.

Airteagal 10: Mangaireacht tionchair – Leis an bhforáil sin sainmhínítear mangaireacht tionchair agus déantar foráil go mbeidh an t‑iompar sin inphionóis mar chion coiriúil, nuair a dhéantar d’aon ghnó é. Leis an bhforáil sin sonraítear freisin go bhfuil mangaireacht tionchair inphionóis gan beann ar cé acu a imrítear nó nach n‑imrítear an tionchar nó ar cé acu a thagann nó nach dtagann torthaí as cás ina cheaptar gur feidhmíodh í.

Airteagal 11: Drochúsáid oifige – Leis an bhforáil sin sainmhínítear drochúsáid oifige san earnáil phoiblí agus phríobháideach agus déantar foráil go mbeidh an t‑iompar sin nó neamhghníomh inphionóis mar chion coiriúil, nuair a dhéantar d’aon ghnó é.

Airteagal 12: Bac an cheartais – Leis an bhforáil sin sainmhínítear bac an cheartais agus déantar foráil go mbeidh an t‑iompar sin inphionóis mar chion coiriúil, nuair a dhéantar d’aon ghnó é agus i gcomhthéacs imeachtaí a bhaineann le cion mar a shainmhínítear sa Treoir seo.

Airteagal 13: Saibhriú ó chionta éillithe – Le Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil 41 bunaítear bunrialacha maidir le coiriúlú an sciúrtha airgid agus leagtar amach gur cheart a mheas go bhfuil an téilliú ina choir phreideacáide le haghaidh sciúradh airgid. Mar sin féin, leis an Treoir sin ní chuirtear oibleagáid ar na Ballstáit coiriúlú a dhéanamh ar éadáil, sealbhú ná úsáid maoine a dhíorthaítear ón éilliú má bhí duine bainteach sa chion ónar díorthaíodh an mhaoin (‘féinsciúradh’ a thugtar air sin). Leis an togra seo le haghaidh Treorach, tugtar isteach ceanglas spriocdhírithe den sórt sin, rud a chruthaíonn an cion ‘saibhriú ó éilliú’. Le haghaidh an chiona sin, ní bheadh le déanamh ag na seirbhísí ionchúisimh ach nasc a chruthú idir an mhaoin agus an rannpháirtíocht san éilliú, díreach mar a bheadh orthu an téilliú a chruthú mar chion phreideacáide chun críoch an sciúrtha airgid.

Airteagal 14: Gríosú, cabhrú agus neartú agus iarracht a dhéanamh – Is infheidhme an fhoráil sin maidir leis na cionta coiriúla a luaitear thuas, lena gceanglaítear ar na Ballstáit coiriúlú a dhéanamh ar fhoirmeacha de chabhrú agus neartú, gríosú agus iarracht a dhéanamh formhór na gcionta luaite a dhéanamh.

D’fhéadfadh sé go n‑áireofaí raon leathan gníomhaíochtaí ar chabhrú agus neartú le cion éillithe. Ina measc sin tá soláthar seirbhísí tacúla a éascú chun na gníomhartha sin a dhéanamh nó comhairle a chur ar fáil ina leith. Ina theannta sin, chun díspeagadh éifeachtach a áirithiú, is gá gríosú a choiriúlú, agus a fhágáil gurb inphionóis an gníomh a bhaineann le hiarraidh ar dhaoine eile na cionta a leagtar amach sa Treoir bheartaithe a dhéanamh. Ós rud é go gcuimsítear leis an sainmhíniú ar chionta éillithe áirithe, amhail breabaireacht, gníomhartha a fhéadfaidh cáiliú mar ghníomhartha ullmhúcháin agus nach gceanglaítear go mbeidh buntáiste iarbhír faighte ag an gciontóir, ní cheanglaítear leis an Treoir seo ar na Ballstáit iarracht dhéanta na ngníomhartha sin a choiriúlú.

Airteagal 15: Pionóis do dhaoine nádúrtha – Tá feidhm ag an bhforáil sin maidir leis na cionta uile agus ceanglaítear léi ar na Ballstáit pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

Anuas air sin, bunaítear íosleibhéal an smachtbhanna uasta leis an bhforáil. Le Cinneadh Réime 2003/568/CGB tá íostairseach leagtha síos cheana féin le haghaidh pionós uasta de 1 bhliain amháin go 3 bliana le haghaidh breabaireachta san earnáil phríobháideach. Le Coinbhinsiún 1997 maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú maidir le breabaireacht oifigeach poiblí, ar a laghad i gcásanna tromchúiseacha, ceanglaítear pionóis lena mbaineann cailleadh saoirse as a bhféadfaidh eiseachadadh teacht.

Leis an togra seo leagtar síos an pionós uasta íosta idir 4 bliana agus 6 bliana, de réir thromchúis an chiona, ar méadú é sin i gcomparáid leis na pionóis thuasluaite ar leibhéal an Aontais le haghaidh breabaireachta. Mar a mhínítear thuas, rinne an Coimisiún anailís ar reachtaíocht na mBallstát agus an reachtaíocht seo á hullmhú.

Le Cinneadh Réime 2003/568/CGB tá an fhéidearthacht leagtha síos cheana féin go bhféadfaidh toirmeasc sealadach a chur ar dhuine a ghníomhaíocht ghnó a dhéanamh má chiontaítear as éilliú é. Leis an Treoir seo leagtar síos roinnt smachtbhannaí breise ar cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann iad a fhorchur ar dhaoine a chiontaítear as cion éillithe.

Airteagal 16: Dliteanas daoine dlítheanacha – Is infheidhme an fhoráil sin maidir leis na cionta coiriúla uile a leagtar amach sa Treoir seo, lena gceanglaítear ar na Ballstáit dliteanas daoine dlítheanacha a áirithiú, agus é á eisiamh gur dliteanas malartach é ar an dliteanas atá ag daoine nádúrtha. Tá an fhoráil ag teacht le hAirteagal 10 de Choinbhinsiún Vársá.

Leis an bhforáil sin leantar foirmle chaighdeánach ar ar féidir teacht in ionstraimí eile dlí de chuid an Aontais, lena gcuirtear oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú gur féidir daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i leith cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo, ar cionta iad a rinneadh chun leasa aon duine ag a bhfuil post ceannaireachta, laistigh den duine dlítheanach, nó a rinne aon duine eile faoina rialú nó faoina maoirseacht. Níl sé ina cheangal gur dliteanas coiriúil amháin é an dliteanas sin.

Airteagal 17: Smachtbhannaí le haghaidh daoine dlítheanacha – Is infheidhme an fhoráil sin maidir le smachtbhannaí le haghaidh daoine dlítheanacha. Bunaítear léi liosta smachtbhannaí agus beart, nach gá gur de chineál coiriúil iad, amhail eisiamh sealadach nó buan ó sholáthar poiblí.

Airteagal 18: Imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha Leis an bhforáil sin soláthraítear ar dtús liosta imthosca nach mór a mheas mar imthosca géaraitheacha chun a cheadú do na breithiúna an damáiste sochaíoch níos leithne a chur san áireamh, ar damáiste é arna dhéanamh mar shampla ag grúpaí eagraithe nó daoine atá i seilbh post lena ngabhann freagracht phoiblí. Soláthraítear liosta imthosca léi freisin nach mór a mheas mar imthosca maolaitheacha, lena gcumhdaítear mar shampla cásanna ina soláthraíonn ciontóirí faisnéis nó ina dtéann siad i gcomhar leis na húdaráis.

Airteagal 19: Díolúine nó pribhléidí ó chionta éillithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh – Is infheidhme an fhoráil sin maidir leis na cionta uile a luaitear thuas, lena gceanglaítear ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun a áirithiú gurb amhlaidh is féidir díolúine nó pribhléidí ó imscrúdú agus ionchúiseamh, a dheonaítear faoin dlí náisiúnta le haghaidh na gcionta dá dtagraítear sa Treoir seo, a ardú trí phróiseas éifeachtach agus trédhearcach atá réamhbhunaithe le dlí agus a thugtar i gcrích in imeacht tráthchlár réasúnach.

Airteagal 20: Dlínse – Tá an fhoráil sin infheidhme maidir leis na cionta coiriúla uile a leagtar amach sa Treoir seo agus ceanglaítear léi go mbeidh foras dlínse ann chun go ndéanfaidh na húdaráis bhreithiúnacha imscrúduithe a thionscnamh, ionchúisimh a shaothrú agus breithiúnas a thabhairt ar dhéantóirí coire na gcionta coiriúla a shainmhínítear sa Treoir seo.

Airteagal 21: Tréimhsí teorann le haghaidh cionta coiriúla – Leis an Airteagal sin leagtar síos forálacha maidir le tréimhsí teorann chun a cheadú do na húdaráis inniúla na cionta coiriúla a chumhdaítear leis an togra seo a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a bhreithniú, mar aon le smachtbhannaí ábhartha a fhorghníomhú, ar feadh tréimhse leordhóthanach. Leis an togra seo leagtar síos íosfhad na dtréimhsí teorann idir 8 mbliana agus 15 bliana, de réir thromchúis an chiona.

Airteagal 22: Cosaint le haghaidh daoine a thuairiscíonn cionta nó a thugann cúnamh leis an imscrúdú – le Treoir (AE) 2019/1937 bunaítear rialacha agus nósanna imeachta chun cosaint a thabhairt do dhaoine aonair a thuairiscíonn faisnéis a fhaigheann siad i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais i bpríomhréimsí beartais. Is féidir le sceithirí eolais faisnéis luachmhar a sholáthar do na húdaráis inniúla, á chur ar a gcumas dóibh an t‑éilliú a chosc, a bhrath agus a ionchúiseamh go héifeachtach. Nuair a thuairiscíonn sceithirí eolais cionta coiriúla dá dtagraítear sa treoir seo, ceanglaítear leis an bhforáil seo go gcuirfear Treoir (AE) 2019/1937 i bhfeidhm. Foráiltear leis an Airteagal seo freisin go n‑áiritheoidh na húdaráis náisiúnta inniúla go dtabharfar an chosaint, an tacaíocht agus an cúnamh is gá do dhaoine a thugann cúnamh sna himscrúduithe i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla.

Airteagal 23: Uirlisí imscrúdaitheacha Is é atá mar aidhm ag an bhforáil sin áirithiú gur i gcásanna sciúrtha airgid freisin a fhéadfar úsáid a bhaint as na huirlisí imscrúdaitheacha dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta le haghaidh coireacht eagraithe nó cásanna eile coireachta tromchúisí.

Airteagal 24: Comhar idir údaráis na mBallstát, an Coimisiún, Europol, Eurojust, an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh – Leis an bhforáil sin samhlaítear an comhar idir údaráis na mBallstát, Europol, Eurojust, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus an Coimisiún sa chomhrac in aghaidh an éillithe. Áirítear leis sin soláthar cúnaimh theicniúil agus oibríochtúil ó Europol, Eurojust, OLAF, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí agus ón gCoimisiún.

Airteagal 25: Tacaíocht ón gCoimisiún do na Ballstáit agus dá n‑údaráis inniúla – Leis an bhforáil sin leagtar amach na bealaí a thacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus leis na húdaráis inniúla chun a n‑oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh. Mar a fógraíodh sa Teachtaireacht a ghabhann leis seo, bunóidh an Coimisiún líonra de chuid an Aontais in aghaidh an éillithe, rud lena gcuíchóireofar na líonraí atá ann cheana agus lena dtacófar leo agus lena n‑uasmhéadófar malartú na ndea‑chleachtas idir údaráis agus gníomhaireachtaí náisiúnta, an tsochaí shibhialta agus saineolaithe neamhspleácha.

Airteagal 26: Bailiú sonraí agus staidreamh – Leis an bhforáil sin ceanglaítear ar na Ballstáit sonraí staidrimh a bhailiú chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht a gcóras chun an t‑éilliú a chomhrac. Leis an bhforáil liostaítear, ar bhealach neamh‑uileghabhálach, na sonraí staidrimh ar cheart do na Ballstáit iad a bhailiú agus cuirtear oibleagáid orthu na sonraí sin a fhoilsiú go bliantúil.

Airteagal 27: Athsholáthar Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann – Cuirtear an fhoráil sin in ionad na bhforálacha atá i bhfeidhm faoi láthair i réimse choiriúlú an éillithe i ndáil leis na Ballstáit atá rannpháirteach sa Treoir seo.

Airteagal 28: Leasuithe ar Threoir (AE) 2017/1371 – Leis an bhforáil sin leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil. Dá thoradh sin, na caighdeáin a leagtar amach i dTreoir (AE) 2017/1371 chun an t‑éilliú lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac, go háirithe i dtéarmaí smachtbhannaí maidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha agus tréimhsí teorann, tá siad ailínithe leo sin a leagtar síos leis an Treoir seo.

Airteagal 29: Trasuí – Tuairisceoidh an Coimisiún ar thrasuí na Treorach seo 24 mhí tar éis an trátha a bheidh an sprioc‑am le haghaidh trasuí caite, sin 18 mí tar éis ghlacadh na Treorach seo.

Airteagal 30: Meastóireacht agus tuairisciú – Leis an bhforáil sin leagtar amach gurb amhlaidh, ag tosú 12 mhí tar éis an sprioc‑ama chun an Treoir seo a chur chun feidhme, a thuairisceoidh na Ballstáit gach 2 bhliain maidir le conas a chuireann siad Airteagail 3 go 6 chun feidhme agus gurb amhlaidh a ghlacfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta freisin.



2023/0135 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1), pointe (d), agus Airteagal 83(1) agus (2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Leanann an téilliú de bheith ina fhadhb shuntasach ar leibhéal an Aontais, agus cobhsaíocht agus slándáil na sochaithe á mbagairt, lena náirítear tríd an gcoireacht eagraithe agus coireacht thromchúiseach eile a chumasú. Leis an éilliú déantar dochar d’institiúidí daonlathacha agus do luachanna uilíocha ar a bhfuil an tAontas fothaithe, go háirithe an smacht reachta, an daonlathas, an comhionannas agus cosaint na gceart bunúsach. Leis an éilliú cuirtear forbairt, rathúnas agus inbhuanaitheacht agus cuimsitheacht ár ngeilleagar i gcontúirt. Chun an téilliú a chosc agus a chomhrac go héifeachtach, tá gá le cur chuige cuimsitheach agus ildisciplíneach. Is é is cuspóir don Treoir seo dul i ngleic leis an éilliú tríd an dlí coiriúil, agus foráil á déanamh maidir le comhar trasteorann níos fearr idir na húdaráis inniúla.

(2)Le Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle 42 , leagtar síos ceanglais i ndáil leis an éilliú a bhaineann leis an earnáil phríobháideach a choiriúlú. Leis an gCoinbhinsiún arna tharraingt suas ar bhonn Airteagal K.3(2)(c) den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann 43 tugtar aghaidh ar ghníomhartha éillithe áirithe lena mbaineann oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh na mBallstát go ginearálta. Níl na hionstraimí sin sách cuimsitheach, áfach, agus is éagsúil an coiriúlú atá i bhfeidhm faoi láthair ar an éilliú ó Bhallstát go chéile, rud a chuireann isteach ar fhreagairt chomhleanúnach agus éifeachtach ar fud an Aontais. Tháinig bearnaí forfheidhmithe agus constaicí sa chomhar chun cinn freisin idir na húdaráis inniúla de chuid Ballstáit dhifriúla. Tá sé d’aidhm ag an Treoir seo forálacha na nionstraimí sin a leasú agus a leathnú. Ós rud é go bhfuil na líon agus cineál na leasuithe atá le déanamh substaintiúil, ba cheart an dá ionstraim, ar mhaithe le soiléireacht, a athsholáthar ina niomláine i ndáil leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Treoir seo.

(3)Ba cheart an creat dlíthiúil atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta agus a neartú chun comhrac éifeachtach in aghaidh an éillithe a éascú ar fud an Aontais. Is é is aidhm don Treoir seo cionta éillithe a choiriúlú nuair a dhéantar d’aon ghnó iad. Féadfaidh rún agus eolas a bheith infeirithe ó imthosca oibiachtúla agus fíorasacha. Ós rud é go ndéantar foráil leis an Treoir seo maidir le híosrialacha, tá na Ballstáit saor i gcónaí chun rialacha dlí choiriúil níos déine a ghlacadh nó a choinneáil ar bun le haghaidh cionta éillithe.

(4)Is feiniméan trasnáisiúnta é an téilliú lena ndéantar difear do na sochaithe agus na geilleagair uile. Ba cheart an ghné idirnáisiúnta sin a aithint le bearta a ghlactar ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Le gníomhaíocht an Aontais dá bhrí sin ba cheart a chur san áireamh obair an Ghrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta de chuid Chomhairle na hEorpa (GRECO), na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus Oifig na Náisiún Aontaithe in aghaidh Drugaí agus Coireachta (UNODC).

(5)Chun deireadh a chur leis an éilliú, tá gá le sásraí coisctheacha agus diansmachtúla araon. Moltar do na Ballstáit réimse leathan de bhearta coisctheacha, reachtacha agus comhoibritheacha a dhéanamh mar chuid den chomhrac in aghaidh an éillithe. Cé go bhfuil an téilliú ina choir thar aon ní eile agus go sainmhínítear gníomhartha sonracha éillithe sa dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta, loiceadh ionracais, coinbhleachtaí leasa neamhnochta nó sáruithe tromchúiseacha ar rialacha eiticiúla, is féidir go dtiocfaidh siad chun bheith ina ngníomhaíochtaí éillitheacha mura dtugtar aghaidh orthu. Tríd an éilliú a chosc maolaítear an gá le diansmacht coiriúil agus baineann tairbhí níos leithne leis sin chun iontaoibh an phobail a chur chun cinn agus iompar na noifigeach poiblí a bhainistiú. Le cuir chuige frithéillithe éifeachtacha is minic a chuirtear le bearta chun trédhearcacht, eitic agus ionracas a fheabhsú, trí rialáil a dhéanamh mar aon leis sin i réimsí amhail coinbhleacht leasa, brústocaireacht agus doirse imrothlacha. Ba cheart do chomhlachtaí poiblí na caighdeáin is airde ionracais, trédhearcachta agus neamhspleáchais a lorg mar chuid thábhachtach de dhul i ngleic leis an éilliú ar bhealach níos leithne.

(6)Ba cheart comhlachtaí nó aonaid atá speisialaithe sa chur faoi chois agus atá speisialaithe i gcosc an éillithe a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh teaglaim d’fheidhmeanna coisctheacha agus forfheidhmithe dlí a chur ar iontaoibh comhlachta. Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh na comhlachtaí sin go héifeachtach, ba cheart dóibh roinnt coinníollacha a chomhlíonadh, lena náirítear an neamhspleáchas, na hacmhainní agus na cumhachtaí a bheith acu a bhfuil gá leo chun riar cuí a gcúraimí a áirithiú.

(7)Tá an tAontas ina pháirtí i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe (UNCAC), arb é sin an ionstraim dlí idirnáisiúnta is cuimsithí dá bhfuil ann chun an téilliú a chomhrac, lena gcomhcheanglaítear bearta chun an téilliú a chosc agus a chomhrac. Ceanglaítear leis sin go ndéanfaidh páirtithe sa Choinbhinsiún bearta reachtacha agus bearta eile chun cionta coiriúla a leagan síos le haghaidh breabaireachta, míleithreasú agus sciúradh airgid agus go gcuimhneoidh siad ar bhearta reachtacha nó bearta eile a dhéanamh chun gníomhartha eile a choiriúlú (amhail drochúsáid oifige, mangaireacht tionchair agus saibhriú aindleathach). I gcomhréir leis na gealltanais sa Dearbhú Polaitiúil a glacadh ag an Seisiún Speisialta de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe 2021, ba cheart don Aontas Eorpach, a mhéid is féidir, dul thar íoscheanglais UNCAC agus bearta breise a leagan síos chun an téilliú a chosc agus a chomhrac. Leis an Treoir seo tarraingítear ar na barúlacha agus na dea‑chleachtais a thagann as an Sásra um an Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme UNCAC.

(8)Agus éabhlóid bagairtí éillithe agus na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar an Aontas agus ar na Ballstáit faoin dlí idirnáisiúnta, mar aon le forbairt na gcreataí dlíthiúla náisiúnta, á gcur san áireamh, ba cheart an sainmhíniú ar an éilliú a chomhfhogasú a thuilleadh sna Ballstáit uile chun go gcumhdófar iompar éillitheach leis ar bhealach níos cuimsithí.

(9)Chun saoirse ó phionóis a sheachaint le haghaidh cionta éillithe san earnáil phoiblí, ní mór raon feidhme an chur i bhfeidhm a bheith dea‑shainithe. Ar dtús, le coincheap an oifigigh phoiblí ba cheart daoine a oibríonn in eagraíochtaí idirnáisiúnta a chumhdach freisin, lena náirítear institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh agus na cúirteanna idirnáisiúnta. Leis sin ba cheart, i measc nithe eile, daoine a chuimsiú, ar daoine iad a ghníomhaíonn mar chomhaltaí de chomhlachtaí coláisteacha atá freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le ciontacht duine atá cúisithe faoi chuimsiú trialach, mar aon le daoine ar a niarrtar de bhua comhaontú eadrána cinneadh, atá ceangailteach ó thaobh dlí de, a thabhairt i ndíospóidí arna gcur isteach ag na páirtithe sa chomhaontú eadrána. Ar an dara dul síos, sa lá atá inniu ann feidhmíonn roinnt mhaith eintiteas nó daoine feidhmeanna poiblí gan bheith i seilbh oifig fhoirmiúil. Dá bhrí sin, sainmhínítear coincheap an oifigigh phoiblí chun na hoifigigh ábhartha uile a chumhdach, cé acu atá nó nach bhfuil siad ceaptha, tofa nó fostaithe ar bhonn conartha, agus oifig riaracháin nó bhreithiúnach fhoirmiúil ina seilbh acu, chomh maith leis na daoine uile a sholáthraíonn seirbhís, agus dá dílsíodh údarás poiblí nó atá faoi réir rialú nó maoirseacht údarás poiblí i ndáil le seirbhís den sórt sin a dhéanamh, fiú mura bhfuil siad i seilbh oifig fhoirmiúil. Chun críocha na Treorach seo, leis an sainmhíniú ba cheart daoine a oibríonn i bhfiontair atá faoi úinéireacht an Stáit agus faoi rialú an Stáit a chumhdach, mar aon le daoine atá i bhfondúireachtaí bainistíochta sócmhainní agus i gcuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach a fheidhmíonn feidhmeanna seirbhíse poiblí agus na daoine dlítheanacha arna mbunú nó arna gcoinneáil ar bun acu. Aon duine atá i seilbh oifig reachtach ba cheart déileáil leis mar oifigeach poiblí chun críocha na Treorach seo.

(10)Is gá an creat dlíthiúil a neartú chun breabaireacht a chomhrac agus na huirlisí is gá a sholáthar do na húdaráis forfheidhmithe dlí agus do na seirbhísí ionchúisimh. Maidir le breabaireacht oifigeach poiblí, is gá idirdhealú a dhéanamh idir dhá thaobh. Tá breabaireacht ghníomhach ann i gcás ina ngeallfaidh, ina dtairgfidh nó ina dtabharfaidh duine buntáiste d’aon chineál chun tionchar a imirt ar oifigeach poiblí. Tá breabaireacht éighníomhach ann nuair a iarrann nó nuair a fhaigheann an toifigeach poiblí na buntáistí sin chun gníomhú nó staonadh ó ghníomhú ar bhealach áirithe. Leis an Treoir seo ba cheart íosrialacha a leagan síos freisin maidir le breabaireacht agus foirmeacha eile éillithe san earnáil phríobháideach, i gcás ina náireofar ar na híospartaigh láithreacha cuideachtaí ar a nimrítear tionchar éagórach agus i gcás ina laghdófar saoriomaíocht le gach breab dá dtairgtear nó dá nglactar leis.

(11)Chun a áirithiú nach núsáideann oifigigh phoiblí cistí d’aon ghnó chun críoch eile seachas na críocha a beartaíodh dóibh, is gá rialacha a leagan síos maidir leis an gcion maidir le míleithreasú maoine arna dhéanamh ag oifigigh phoiblí a gcuirtear bainistíocht na maoine sin ar a niontaoibh. Chun cur chuige cuimsitheach a ghlacadh i leith an chomhraic in aghaidh an éillithe, ba cheart míleithreasú san earnáil phríobháideach a chumhdach leis an Treoir seo freisin. Chun gur de chineál coiriúil a bheidh i gceist le míleithreasú, ba cheart buntáiste teacht as le haghaidh an oifigigh phoiblí nó tríú páirtí.

(12)Mangaireacht tionchair, a eascraíonn as iompraíocht éillitheach na ndaoine sin atá gar don chumhacht, nó a mhaítear a bheith gar di, agus a dhéanann iarracht gealltanais a mhalartú maidir le tionchar a imirt ar phróisis chinnteoireachta mar mhalairt ar bhuntáistí míchuí, ba cheart í a shainmhíniú mar chion coiriúil freisin. Is é ba cheart a bheith sna heilimintí a chomhdhéanann an cion coiriúil go soláthraíonn an gríosóir, nó go ngeallann sé, buntáiste míchuí a sholáthar don mhangaire tionchair de bharr tionchar neamhdhleathach a imirt ar thoradh nó ar phróiseas atá faoi réir cinnteoireachta. I gcás ina ndéanfar d’aon ghnó í, ba cheart a mheas gur cion coiriúil an iompraíocht sin gan beann ar cé acu a imríodh nó nár imríodh an tionchar ná cé acu a leanann nó nach leanann an toradh beartaithe as an tionchar a maíodh. Leis an gcion sin níor cheart feidhmiú dlisteanach foirmeacha aitheanta d’ionadaíocht leasa a chumhdach, lena bhféadfar féachaint le tionchar dlisteanach a imirt ar chinnteoireacht phoiblí ach nach mbaineann malartú míchuí buntáistí leo. Leis na foirmeacha ionadaíochta leasa sin, amhail abhcóideacht mar shampla, is minic a dhéantar i dtimpeallacht rialáilte iad agus is é is cúis bheacht leis sin chun a sheachaint nach bhféadfaidh siad teacht chun bheith ina dtairseacha don éilliú de dheasca easpa trédhearcachta. Ach rialacha breise dea‑fheidhmiúla a bheith i bhfeidhm maidir le coinbhleachtaí leasa a nochtadh, maidir le ‘doirse imrothlacha’ nó maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla, is féidir go mbeidh an méid sin ina chuidiú freisin chun limistéir liatha a sheachaint agus tionchar míchuí a chosc.

(13)Thairis sin, is gá sainmhíniú a thabhairt ar an gcion maidir le drochúsáid oifige san earnáil phoiblí mar mhainneachtain oifigigh phoiblí gníomh a dhéanamh, de shárú ar dhlíthe, chun buntáiste míchuí a fháil. Chun an téilliú a chomhrac go cuimsitheach, ba cheart drochúsáid oifige san earnáil phríobháideach a chumhdach leis an Treoir seo freisin.

(14)Tá bac an cheartais ina chion coiriúil a dhéantar mar thaca leis an éilliú. Dá bhrí sin is gá cion coiriúil a leagan síos maidir le bac an cheartais, lena mbaineann feidhmiú fórsa fhisiciúil, bagairtí nó imeaglú, nó léiriú nó fianaise bhréige a spreagadh. Gníomhaíochtaí chun cur isteach ar léiriú a thabhairt nó fianaise a thabhairt ar aird, nó ar fheidhmiú dualgas oifigiúil arna ndéanamh ag oifigigh bhreithiúnacha nó forfheidhmithe dlí, ba cheart iad sin a chumhdach freisin. I gcomhréir le UNCAC, níl feidhm ag an Treoir seo ach maidir le bac an cheartais i dtaca le himeachtaí a bhaineann le cion éillithe.

(15)Cothaítear an téilliú leis an spreagadh le haghaidh buntáistí eacnamaíocha agus míchuí eile. Chun laghdú a dhéanamh ar an dreasacht le haghaidh daoine aonair agus eagraíochtaí coiriúla chun gníomhartha coiriúla nua a dhéanamh agus chun daoine aonair a dhíspreagadh ó thoiliú le teacht chun bheith ina núinéirí maoine bréige, ba cheart saibhriú le cionta éillithe a choiriúlú. Leis sin ba cheart, faoi seach, ceilt maoine a fuarthas go haindleathach a dhéanamh níos casta agus laghdú a dhéanamh ar scaipeadh an éillithe mar aon leis an damáiste a dhéantar don tsochaí. Leis an trédhearcacht cuidítear leis na húdaráis inniúla saibhriú aindleathach féideartha a bhrath. Mar shampla, i ndlínsí ina gceanglaítear ar oifigigh phoiblí a sócmhainní a dhearbhú ag eatraimh thráthrialta, lena náirítear agus iad ag dul i mbun dualgas agus iad á gcur i gcrích acu, is féidir leis na húdaráis measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhfhreagraíonn nó nach gcomhfhreagraíonn na sócmhainní dearbhaithe d’ioncaim dhearbhaithe.

(16)Le cion coiriúil an tsaibhrithe cuirtear leis na rialacha maidir le cion coiriúil an sciúrtha airgid a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 . Is é is cuspóir dó aghaidh a thabhairt ar na cásanna sin ina measfaidh na breithiúna nach féidir an cion ná na cionta éillithe a chruthú. Amhail an choir phreideacáide sa sciúradh airgid, is de chineál éagsúil an dualgas cruthúnais. Ciallaíonn sin gurb amhlaidh in imeachtaí coiriúla maidir le cion coiriúil an tsaibhrithe, agus é á mheas cé acu atá nó nach bhfuil an mhaoin díorthaithe ó aon chineál rannpháirtíochta coiriúla i gcion éillithe agus cé acu a bhí nó nach raibh eolas ag an duine air sin, ba cheart imthosca sonracha gach cáis a chur san áireamh, amhail an fíoras go bhfuil luach na maoine díréireach le hioncam dleathach an duine atá cúisithe agus gur tharla an ghníomhaíocht choiriúil agus éadáil na maoine laistigh den tráthchlár céanna. Níor cheart é gur ghá eolas ar na heilimintí fíorasacha uile a shuíomh ná ar na himthosca uile a bhaineann leis an rannpháirtíocht choiriúil, lena náirítear céannacht dhéantóir na coire. Nuair a chiontaítear duine i gcion coiriúil mar a shainmhínítear sa Treoir seo, is féidir leis na húdaráis inniúla an mhaoin a fuarthas go haindleathach a aisghabháil ar bhonn Threoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach 45 .

(17)Chun an téilliú a dhíspreagadh ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit íoschineálacha agus íosleibhéil smachtbhannaí a leagan síos nuair a dhéantar na cionta coiriúla a shainmhínítear sa Treoir seo. Ba cheart na huasleibhéil phríosúnachta agus na pionóis eile a bheith sách ard chun ciontóirí féideartha a dhíspreagadh agus chun léiriú a thabhairt ar dhíobhálacht an éillithe agus ar an tosaíocht ba cheart do na húdaráis inniúla a thabhairt chun na cionta sin a chomhrac. An tráth céanna, ba cheart na leibhéil sin a bheith comhréireach le tromchúis gach ciona éillithe agus a bheith comhleanúnach leis na leibhéil smachtbhannaí coiriúla a leagtar síos san Aontas agus sa dlí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar smachtbhannaí a fhorfheidhmiú a mhéid is gá chun déanamh na gcionta sin a dhíspreagadh. I gcás ina measfaidh na Ballstáit an cás ina bhféadfaí daoine, a chiontaítear in aon cheann de na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo, a chur ar fionraí nó pianbhreith choinníollach a chur orthu, iad a scaoileadh saor go luath, a scaoileadh saor ar parúl nó pardún a thabhairt dóibh, ba cheart na húdaráis bhreithiúnacha a bheith in ann tromchúis na gcionta coiriúla lena mbaineann a chur san áireamh i measc tosca eile.

(18)Ní dhéantar difear leis an Treoir seo do chur i bhfeidhm cuí agus éifeachtach na mbeart nó na bpionós araíonachta seachas iad sin atá de chineál coiriúil, amhail smachtbhannaí riaracháin. Smachtbhannaí nach féidir gurb ionann iad agus smachtbhannaí coiriúla, a fhorchuirtear ar an duine céanna don iompar céanna, is féidir iad a chur san áireamh agus pianbhreith á cur ar an duine sin as cion coiriúil a shainmhínítear sa Treoir seo. Le haghaidh smachtbhannaí de chineál coiriúil, ba cheart lánurraim a thabhairt don phrionsabal go dtoirmeasctar duine a thriail nó a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla le haghaidh an chiona choiriúil chéanna (ne bis in idem).

(19)Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann, i dteannta príosúnachta nó mar mhalairt uirthi, smachtbhannaí nó bearta a fhorchur, nach gá gur de chineál coiriúil iad, amhail dícháiliú sealadach nó buan chun bheith i seilbh oifig phoiblí nó eisiamh ó sholáthar poiblí. Tá éifeacht athchomhairleach ghinearálta leis na bearta sin agus féadfar atitimeachas ciontóirí ciontaithe a laghdú leo. Ba cheart do na Ballstáit cuimhneamh freisin ar nósanna imeachta a bhunú chun go ndéanfar oifigeach poiblí, ar cuireadh cion coiriúil ina leith dá dtagraítear sa Treoir seo, a chur ar fionraí nó a athshannadh go sealadach, agus é á choinneáil i gcuimhne gur gá urraim a thabhairt do phrionsabal thoimhde na neamhchiontachta agus don cheart chun leigheas éifeachtach a fháil.

(20)Níor cheart do dhaoine dlítheanacha a bheith in ann freagracht a sheachaint trí idirghabhálaithe a úsáid, lena náirítear daoine dlítheanacha gaolmhara, chun breab a thairiscint, a ghealladh nó a thabhairt d’oifigeach poiblí thar a gceann. Thairis sin, ba cheart fíneálacha le haghaidh daoine dlítheanacha a ríomh i bhfianaise láimhdeachas domhanda na neintiteas dlítheanach uile a bhaineann leis an gciontóir, lena náirítear máthairghnóthais, fo‑eintitis, iontaobhais nasctha, nó eintitis dhlítheanacha chomhchosúla nó inchomparáide.

(21)I gcás ina ndéanfaidh eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle 46 an cion nó i gcás inar mhí‑úsáid déantóir na coire a phost chun an téilliú a chumasú, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le himthosca géaraitheacha i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme arna mbunú lena gcórais dlí. Cé go bhfuil siad faoi réir rogha bhreithiúnach, leis na himthosca géaraitheacha sin ba cheart a cheadú do na breithiúna an damáiste sochaíoch níos leithne a cruthaíodh a chur san áireamh, mar shampla an damáiste arna chruthú le héilliú arna dhéanamh ag grúpaí eagraithe, páirtithe polaitiúla, nó daoine atá i seilbh poist lena ngabhann freagracht phoiblí. Níor cheart oibleagáid a bheith ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le haon cheann de na himthosca géaraitheacha sa Treoir seo i gcás inarb inphionóis na himthosca sin mar chionta coiriúla ar leithligh lena mbaineann smachtbhannaí níos déine.

(22)Maidir le héilliú chun leasa tríú tíortha, tá tionchar díobhálach ar leith aige sin ar institiúidí daonlathacha agus saol polaitiúil na mBallstát agus an Aontais. Dá réir sin, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le himthoisc ghéaraitheach chun na staideanna sin a chumhdach. Le himthoisc ghéaraitheach den sórt sin ba cheart cionta éillithe a chumhdach, amhail breabaireacht nó mangaireacht tionchair, ar cionta iad a dhéantar d’fhonn buntáiste a chruthú le haghaidh tríú tír, amhail an chinnteoireacht phoiblí a athrú chun teacht ar chinneadh atá fabhrach don tríú tír.

(23)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar imthosca maolaitheacha a leagan síos sa reachtaíocht náisiúnta i ndáil leis na cionta a chumhdaítear leis an Treoir seo. Faoi réir rogha bhreithiúnach, leis na himthosca sin ba cheart na cásanna sin a chumhdach ina soláthraíonn ciontóirí faisnéis nó ina dtéann siad i gcomhar ar bhealach eile leis na húdaráis. Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina mbeidh rialuithe inmheánacha éifeachtacha, eitic, agus cláir chomhlíontachta curtha chun feidhme ag daoine dlítheanacha, ba cheart é a bheith indéanta a mheas gurb imthoisc mhaolaitheach atá sna gníomhaíochtaí sin. Ba cheart cuimhneamh ar smachtbhannaí níos ísle freisin i gcás, tar éis cion a bhrath, ina nochtfaidh duine dlítheanach faisnéis go mear agus ina ndéanfaidh sé bearta feabhais. In aon chás, maidir le méid iarbhír an smachtbhanna a chinneadh, ba cheart dó sin a bheith faoi rogha an bhreithimh nó na cúirte i gcónaí, agus imthosca uile an cháis aonair á gcur san áireamh.

(24)Féadfaidh díolúine nó cosaint dlí a bheith ag Feisirí Parlaiminte agus oifigigh phoiblí eile ar imscrúdú nó ionchúiseamh, rud a chuidíonn lena neamhspleáchas a neartú trína gcosaint ar ghearáin gan bhunús, go háirithe maidir le tuairimí a chur in iúl nó vótaí a chaitheamh le linn dóibh a bheith ag feidhmiú a bhfeidhmeanna. Mar sin féin, féadfaidh na díolúintí sin cur isteach ar imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach na gcionta coiriúla, lena náirítear trí dhifear a dhéanamh do bhrath agus imscrúdú nó ionchúiseamh daoine eile nach bhfuil díolúine acu agus a bhféadfadh páirt a bheith glactha sa chion acu. Thairis sin, má chuirtear díolúine i bhfeidhm gan nósanna imeachta iomchuí chun díolúine a ardú i gcásanna ina bhfuil foras amhrais ann gur glacadh páirt i ngníomhartha coiriúla, déantar dochar d’inchreidteacht institiúidí poiblí leis sin. Dá bhrí sin, ba cheart cothromaíocht iomchuí a bheith ann idir, ar thaobh amháin, aon díolúine nó pribhléid dhlínsiúil a thugtar d’oifigigh phoiblí le haghaidh gníomhartha a dhéantar i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, agus ar an taobh eile, an fhéidearthacht a bhaineann le cionta éillithe a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a bhreithniú go héifeachtach.

(25)Chun iontaoibh i seirbhísí ionchúisimh a mhéadú agus laghdú á dhéanamh ar bhraistint an éillithe sna Ballstáit, maidir le cumhachtaí lánroghnacha faoin dlí náisiúnta gan daoine a ionchúiseamh mar gheall ar chionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo ar fhoras deise, ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le rialacha agus critéir shoiléire agus ba cheart a ráthú leo, agus comhairliúchán inmheánach iomchuí i gceist, mar aon leis an aidhm a bhaineann le déanamh cionta éillithe a dhíspreagadh agus aidhm éifeachtacht an phróisis bhreithiúnaigh.

(26)I bhfianaise soghluaisteacht na ndéantóirí coire agus na bhfáltas a eascraíonn as gníomhaíochtaí coiriúla, mar aon leis na himscrúduithe trasteorann casta a cheanglaítear chun an téilliú a chomhrac, ba cheart do na Ballstáit uile a ndlínse a bhunú chun a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla an choir sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh i réimse sách leathan cásanna, lena náirítear i gcás ina ndéanfar an cion go hiomlán nó go páirteach ina gcríoch. Mar chuid den oibleagáid sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbunófar dlínse freisin i staideanna ina ndéantar cion trí bhíthin córas faisnéise a úsáidtear ar a gcríoch, cé acu atá nó nach bhfuil an teicneolaíocht sin bunaithe ina gcríoch.

(27)Chun a áirithiú go mbeidh am leordhóthanach ag na húdaráis inniúla chun imscrúduithe agus ionchúisimh chasta a dhéanamh, leis an Treoir seo déantar foráil maidir le híostréimhse theorann lena gcumasaítear cionta éillithe a bhrath, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus cinneadh breithiúnach a dhéanamh ina leith ar feadh tréimhse leordhóthanach tar éis dhéanamh na gcionta sin, gan difear a dhéanamh do na Ballstáit sin nach leagann tréimhsí teorann síos le haghaidh imscrúdú, ionchúisimh ná forfheidhmiú.

(28)Mar chatagóir choireachta is deacair cionta éillithe a shainaithint agus a imscrúdú, ós rud é go dtarlaíonn siad den chuid is mó mar chuid de chomhcheilg idir dhá pháirtí thoilteanacha nó níos mó agus nach mbíonn íospartach láithreach agus follasach ann, a d’fhéadfadh gearán a dhéanamh. Dá réir sin, tá sciar suntasach de choireacht éillithe ann nach mbraitear fós agus tá na páirtithe coiriúla in ann tairbhiú d’fháltais a néillithe. Dá fhad a thógann sé chun cion éillithe a bhrath, is ea is deacra atá sé fianaise a nochtadh. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh uirlisí imscrúdaitheacha iomchuí ag na húdaráis forfheidhmithe dlí agus ionchúisitheoirí chun fianaise ábhartha ar chionta éillithe a bhailiú, ar minic a dhéantar difear leis na cionta sin do níos mó ná Ballstát amháin. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit oiliúint leordhóthanach a leithdháileadh, i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), ar úsáid uirlisí imscrúdaitheacha freisin chun go néireoidh le himeachtaí a dhéanamh agus le sainaithint agus cainníochtú na bhfáltas éillithe i gcomhthéacs reo agus coigistiú. Ina theannta sin, leis an Treoir seo éascaítear bailiú na faisnéise agus na fianaise trí imthosca maolaitheacha a leagan amach le haghaidh ciontóirí a chuidíonn leis na húdaráis.

(29)I gcás daoine a thuairiscíonn faisnéis d’údaráis inniúla maidir le cásanna éillithe a bhí ann, atá ar siúl nó atá beartaithe, a fuair siad i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair, tá baol ann go ndéanfar frithbheart ina naghaidh sa chomhthéacs sin. Is féidir le tuarascálacha sceithirí eolais den sórt sin forfheidhmiú a neartú trí chur ar chumas na núdarás inniúil éilliú a chosc, a bhrath agus a ionchúiseamh go héifeachtach. I bhfianaise go bhfuil sé chun leas an phobail institiúidí poiblí agus príobháideacha a chosaint ar na gníomhartha sin, agus trédhearcacht, dea‑rialachas agus cuntasacht a fheabhsú, is gá a áirithiú go mbeidh socruithe éifeachtacha i bhfeidhm chun a chur ar a gcumas do sceithirí eolais cainéil rúnda a úsáid, chun foláireamh a thabhairt do na húdaráis inniúla agus iad a chosaint ar fhrithbheartaíocht. Maidir le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 tá feidhm aici maidir le tuairiscí ar sháruithe lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 325 den Chonradh agus mar a shonraítear a thuilleadh i mbearta ábhartha de chuid an Aontais agus dá réir sin tá feidhm aici maidir le tuairisciú na gcionta coiriúla uile a thagann faoi raon feidhme Threoir 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 . A mhéid a bhaineann leis na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo, ba cheart Treoir (AE) 2019/1937 a bheith infheidhme maidir le tuairisciú na gcionta sin agus cosaint na ndaoine a thuairiscíonn na cionta sin faoi na coinníollacha a bhunaítear inti. Taobh amuigh de na hoibleagáidí a eascraíonn as Treoir (AE) 2019/1937, ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla a áirithiú go dtabharfar an chosaint, an tacaíocht agus an cúnamh is gá i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla do dhaoine a sholáthraíonn fianaise nó a théann i gcomhar ar bhealach eile le himscrúduithe coiriúla.

(30)Tá eagraíochtaí sochaí sibhialta neamhspleácha ríthábhachtach le haghaidh dhea‑fheidhmiú ár ndaonlathas, agus tá príomhról acu maidir le seasamh leis na comhluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Gníomhaíonn siad mar fhorais faire fhíor‑riachtanacha, a tharraingíonn aird ar bhagairtí ar an smacht reachta, a rannchuidíonn lena fhágáil go mbíonn na cumhachtaí sin cuntasach, agus áirithíonn urraim do chearta bunúsacha. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i ngníomhaíochtaí frithéillithe a chur chun cinn.

(31)Tá iolrachas sna meáin agus saoirse na meán ina bpríomhchumasóirí le haghaidh an smachta reachta, na cuntasachta daonlathaí, an chomhionannais agus an chomhraic in aghaidh an éillithe. Maidir leis na meáin neamhspleácha agus iolraíocha, go háirithe an iriseoireacht iniúchach, tá ról tábhachtach acu maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar ghnóthaí poiblí, sáruithe éillithe agus ionracais féideartha a bhrath, feasacht a mhúscailte agus sláine a chur chun cinn. Tá oibleagáid ar na Ballstáit timpeallacht chumasúcháin a ráthú le haghaidh iriseoirí, a sábháilteacht a chosaint agus saoirse na meán agus iolrachas sna meáin a chur chun cinn go réamhghníomhach. Leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí 49 , mar aon leis an togra le haghaidh Treorach 50 agus Moladh ón gCoimisiún 51 maidir le daoine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí‑úsáideach (‘Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’) áirítear coimircí agus caighdeáin thábhachtacha chun a áirithiú go mbeidh iriseoirí, cosantóirí chearta an duine agus daoine eile in ann a ról a dhéanamh gan bhac.

(32)Ba cheart do na Ballstáit sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, ar féidir leis an gCoimisiún anailís a dhéanamh orthu agus úsáid a bhaint astu i gcomhthéacs faireachán a dhéanamh ar an Treoir, í a chur chun feidhme agus meastóireacht a dhéanamh uirthi, mar aon le cur i bhfeidhm aon cheann d’uirlisí an Smachta Reachta, amhail an tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta.

(33)Chun an téilliú a chomhrac go héifeachtach, tá ríthábhacht le malartú faisnéise éifeachtúil idir na húdaráis inniúla atá freagrach as cionta éillithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar faisnéis a mhalartú ar bhealach éifeachtach agus tráthúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais. Ba cheart don Treoir seo, arb é is aidhm di sainmhínithe coiteanna ar chionta éillithe a leagan síos, fónamh mar thagarmharc le haghaidh malartú faisnéise agus comhair idir na húdaráis náisiúnta inniúla faoi Threoracha (AE) XX/2023 52 , (AE) 2019/1153 53 , (AE) 2016/681 54 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (AE) 2018/1240 55 , (AE) 2018/1862 56 agus (AE) 603/2013 57 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle 58 .

(34)Is saincheist chothrománach é an téilliú, cé go nathraíonn leochaileachtaí ó earnáil go chéile, mar aon leis an mbealach is leordhóthanaí chun dul i ngleic leo. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh go tráthrialta chun na hearnálacha is mó atá i mbaol an éillithe a shainaithint agus pleananna bainistithe riosca a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na príomhrioscaí sna hearnálacha a shainaithnítear, lena náirítear trí ghníomhaíochtaí múscailte feasachta a eagrú, ar a laghad uair sa bhliain, ar gníomhaíochtaí iad bheidh oiriúnaithe do shainiúlachtaí na nearnálacha a shainaithnítear. Na Ballstáit ag a bhfuil straitéisí frithéillithe náisiúnta leathana i bhfeidhm, féadfaidh siad a roghnú freisin aghaidh a thabhairt ar a measúnuithe riosca agus ar a bpleananna bainistithe riosca iontu, fad a dhéantar measúnú ar na rioscaí agus a dhéantar athbhreithniú ar na bearta go tráthrialta. Mar shampla, tá scéimeanna cónaithe d’infheisteoirí i measc na nearnálacha lena mbaineann ardrioscaí le haghaidh éilliú 59 agus dá bhrí sin ba cheart iad a áireamh sna measúnuithe ar na hearnálacha is mó atá i mbaol an éillithe agus sna hoiliúintí atá le déanamh ag na Ballstáit dá bhforáiltear leis an Treoir seo.

(35)Chun foráil a dhéanamh maidir le leibhéal coibhéiseach cosanta idir leasanna airgeadais an Aontais agus na leasanna airgeadais náisiúnta, ba cheart forálacha Threoir (AE) 2017/1371 60 a ailíniú le forálacha na Treorach seo. Chuige sin, na rialacha is infheidhme maidir le cionta coiriúla lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a mhéid a bhaineann le smachtbhannaí, imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha agus tréimhsí teorann, ba cheart iad a bheith coibhéiseach leo sin a leagtar síos leis an Treoir seo.

(36)Le cur chun feidhme na Treorach seo ba cheart leibhéal cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú atá coibhéiseach le cosaint na leasanna airgeadais náisiúnta.

(37)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, is é sin an téilliú i ngach Ballstát a chur faoi phionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr scála agus éifeachtaí na Treorach, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(38)Maidir leis an éifeacht athchomhairleach a bheartaítear le smachtbhannaí an dlí choiriúil a chur i bhfeidhm, tá gá le réamhchúram ar leith maidir le cearta bunúsacha. Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Treoir seo agus cloítear léi leis na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus go háirithe an ceart chun saoirse agus slándála, sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosaint a fháil, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, mar aon le prionsabal ne bis in idem.

(39)[I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.

AGUS/NÓ

(40)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.]

(41)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm. Leanfaidh Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle de bheith ina cheangal ar an Danmhairg agus d’fheidhm a bheith aige maidir léi.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Treoir seo bunaítear íosrialacha maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus smachtbhannaí i réimse an éillithe, mar aon le bearta chun an t‑éilliú a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos fearr.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.le ‘cosc an éillithe’ tagraítear do bhrath agus díothú chúiseanna agus dhálaí an éillithe, trí chóras beart iomchuí a fhorbairt agus a chur chun feidhme, mar aon le díspreagadh ó ghníomhartha a bhaineann leis an éilliú.

2.ciallaíonn ‘maoin’ cistí nó sócmhainní de chineál ar bith, bídís corprach nó neamhchorprach, sochorraithe nó dochorraithe, inláimhsithe nó doláimhsithe, agus doiciméid dlí nó ionstraimí dlí i bhfoirm ar bith, lena náirítear foirm leictreonach nó foirm dhigiteach, lena bhfianaítear teideal ar na sócmhainní sin, nó leas iontu.

3.ciallaíonn ‘oifigeach poiblí’:

(a)oifigeach de chuid an Aontais nó oifigeach náisiúnta de chuid Ballstáit nó tríú tír,

(b)aon duine eile dá sanntar agus a fheidhmíonn feidhm seirbhíse poiblí sna Ballstáit nó i dtríú tíortha, le haghaidh eagraíocht idirnáisiúnta nó le haghaidh cúirt idirnáisiúnta.

4.ciallaíonn ‘oifigeach de chuid an Aontais’ duine:

(a)is comhalta d’institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais agus foireann na gcomhlachtaí sin, déanfar iad a chomhshamhlú ina noifigigh de chuid an Aontais.

(b)is oifigeach nó fostaí eile a fhostaíonn an tAontas faoi chonradh de réir bhrí Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (‘na Rialacháin Foirne’);

(c)a dtugann Ballstát nó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach ar iasacht é nó í don Aontas, a chuireann feidhmeanna i gcrích atá coibhéiseach leo siúd a dhéanann oifigigh nó seirbhísigh eile de chuid an Aontais.

5.ciallaíonn ‘oifigeach náisiúnta’ aon duine atá i seilbh oifig feidhmiúcháin, riaracháin nó bhreithiúnach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, cé acu atá nó nach bhfuil sé ceaptha nó tofa, cé acu atá nó nach bhfuil sé buan nó sealadach, cé acu atá nó nach bhfuil sé íoctha nó neamhíoctha, gan beann ar shinsearacht an duine sin. Aon duine atá i seilbh oifig reachtach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil meastar gur oifigeach náisiúnta é chun críoch na Treorach seo.

6.le ‘sárú dualgais’ cumhdaítear ar a laghad aon iompraíocht mhídhílis ar sárú ar dhualgas reachtúil í, nó, de réir mar a bheidh, ar sárú ar rialacháin nó treoracha gairmiúla í, ag a bhfuil feidhm laistigh de ghnólacht duine a stiúrann eintiteas de chuid na hearnála príobháidí nó a oibríonn di, agus sin in aon cháil.

7.ciallaíonn ‘duine dlítheanach’ aon eintiteas a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige faoin dlí náisiúnta is infheidhme, ach amháin Stáit nó comhlachtaí poiblí i bhfeidhmiú údarás an Stáit agus eagraíochtaí poiblí idirnáisiúnta.

8.is é atá i gceist le ‘oifigigh ardleibhéil’ cinn stáit, cinn de rialtas láir agus réigiúnach, comhaltaí de rialtas láir agus réigiúnach, mar aon le ceapaithe polaitiúla eile atá i seilbh oifig phoiblí ardleibhéil amhail leas‑airí, rúnaithe stáit, cinn agus comhaltaí d’oifig phríobháideach aire, agus oifigigh shinsearacha pholaitiúla, mar aon le comhaltaí de sheomraí tionóil parlaiminteacha, comhaltaí de na Cúirteanna is airde, amhail Cúirteanna Bunreachtúla agus Uachtaracha, agus comhaltaí d’Uasfhorais Iniúchóireachta.

Airteagal 3

An t‑éilliú a chosc

1.Déanfaidh na Ballstáit gníomhaíocht iomchuí, amhail feachtais faisnéise agus múscailte feasachta agus cláir thaighde agus oideachais, chun feasacht phoiblí a mhúscailt maidir le díobhálacht an éillithe agus chun déanamh foriomlán cionta éillithe mar aon le riosca an éillithe a laghdú.

2.Déanfaidh na Ballstáit bearta chun an leibhéal is airde trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú sa riarachán poiblí agus sa chinnteoireacht phoiblí d’fhonn an téilliú a chosc.

3.Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go mbeidh príomhuirlisí coisctheacha i bhfeidhm amhail rochtain oscailte ar fhaisnéis a bhaineann le leas an phobail, rialacha éifeachtacha chun coinbhleachtaí leasanna a nochtadh agus a bhainistiú san earnáil phoiblí, rialacha éifeachtacha chun sócmhainní oifigeach poiblí a nochtadh agus a fhíorú agus rialacha éifeachtacha lena rialáiltear an idirghníomhaíocht idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí.

4.Glacfaidh na Ballstáit bearta cuimsitheacha agus cothrom le dáta chun an téilliú a chosc san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, arna noiriúnú do rioscaí sonracha réimse gníomhaíochta. Leis na bearta sin áireofar ar a laghad gníomhaíochtaí chun an tionracas a neartú agus deiseanna le haghaidh an éillithe a chosc i measc:

(a)oifigigh ardleibhéil;

(b)comhaltaí de na húdaráis forfheidhmithe dlí agus de na breithiúna, lena náirítear bearta a bhaineann lena gceapachán agus lena niompar, agus trí luach saothair leordhóthanach agus scálaí pá cothromasacha a áirithiú.

5.Déanfaidh na Ballstáit measúnú go tráthrialta chun na hearnálacha is mó atá i mbaol an éillithe a shainaithint.

Tar éis an mheasúnaithe sin, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)eagróidh siad, ar a laghad uair sa bhliain, gníomhaíochtaí múscailte feasachta arna noiriúnú do shainiúlachtaí na nearnálacha arna sainaithint, lena náirítear maidir le heitic; agus

(b)pleananna a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na príomhrioscaí sna hearnálacha arna sainaithint.

6.I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit bearta chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí pobalbhunaithe i ngníomhaíochtaí frithéillithe a chur chun cinn.

Airteagal 4
Comhlachtaí speisialaithe

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh comhlacht amháin nó roinnt comhlachtaí, nó aonad eagraíochta amháin nó roinnt aonaid eagraíochta atá speisialaithe i gcosc an éillithe i bhfeidhm.

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh comhlacht amháin nó roinnt comhlachtaí, nó aonad eagraíochta amháin nó roinnt aonaid eagraíochta atá speisialaithe i gcur faoi chois an éillithe i bhfeidhm.

3.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an méid seo a áirithiú maidir leis an gcomhlacht nó leis na comhlachtaí, nó le haonad eagraíochta nó le haonaid eagraíochta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2:

(a)tá siad neamhspleách ó thaobh feidhme de ón rialtas agus tá líon leordhóthanach foirne cáilithe acu agus na hacmhainní airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha, mar aon leis na cumhachtaí agus na huirlisí is gá acu chun riar cuí a gcúraimí a áirithiú;

(b)tá cur amach ag an bpobal orthu;

(c)soláthraíonn siad rochtain phoiblí ar fhaisnéis ábhartha maidir le feidhmiú a ngníomhaíochtaí, agus aird chuí á tabhairt do chosaint sonraí pearsanta agus rúndacht imscrúduithe;

(d)oibríonn siad agus déanann siad cinntí i gcomhréir le nósanna imeachta trédhearcacha a bhunaítear leis an dlí, arb é is éifeacht dó sin ionracas agus cuntasacht a áirithiú.

Airteagal 5
Acmhainní

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb amhlaidh, maidir leis na húdaráis náisiúnta atá inniúil sna cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo a bhrath, a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a bhreithniú, a dhéanfar líon leordhóthanach foirne cáilithe a sholáthar dóibh go leanúnach mar aon leis na hacmhainní airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha is gá le haghaidh fheidhmíocht éifeachtach a bhfeidhmeanna a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo.

Airteagal 6

Oiliúint

1.Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun acmhainní leordhóthanacha agus soláthar oiliúna a áirithiú le haghaidh na noifigeach náisiúnta dá chuid chun bheith in ann foirmeacha difriúla éillithe agus rioscaí éillithe a fhéadfaidh tarlú i bhfeidhmiú a ndualgas a shainaithint agus chun freagairt ar bhealach tráthúil agus iomchuí d’aon ghníomhaíocht amhrasach.

2.Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun acmhainní leordhóthanacha a áirithiú d’oiliúint frithéillithe speisialaithe agus chun a áirithiú go soláthrófaí í go tráthrialta le haghaidh a chomhaltaí de na húdaráis forfheidhmithe dlí agus den bhreithiúnacht agus le haghaidh fhoireann na núdarás a gcuirtear imscrúduithe coiriúla agus imeachtaí i leith cionta a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo ar a gcúram.

Airteagal 7
Breabaireacht san earnáil phoiblí

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an t‑iompar seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil, nuair a dhéantar d’aon ghnó é:

(a)buntáiste d’aon chineál a ghealladh, a thairiscint nó a thabhairt, go díreach nó trí idirghabhálaí, d’oifigeach poiblí le haghaidh an oifigigh sin nó le haghaidh tríú páirtí chun go ngníomhóidh an toifigeach poiblí nó go staonfaidh sé ó ghníomhú i gcomhréir lena dhualgas nó i bhfeidhmiú fheidhmeanna an oifigigh sin (breabaireacht ghníomhach);

(b)buntáiste d’aon chineál a bheith iarrtha nó faighte ag oifigeach poiblí, go díreach nó trí idirghabhálaí, nó gealladh buntáiste den sórt sin le haghaidh an oifigigh sin nó le haghaidh tríú páirtí, chun go ngníomhóidh an toifigeach poiblí nó go staonfaidh sé ó ghníomhú i gcomhréir lena dhualgas nó i bhfeidhmiú fheidhmeanna an oifigigh sin (breabaireacht éighníomhach).

Airteagal 8
Breabaireacht san earnáil phríobháideach

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an t‑iompar seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil, nuair a dhéantar d’aon ghnó é agus le linn gníomhaíochtaí eacnamaíocha, airgeadais, gnó nó tráchtála:

(a)buntáiste míchuí d’aon chineál a ghealladh, a thairiscint nó a thabhairt, go díreach nó trí idirghabhálaí, d’aon duine a stiúrann nó a oibríonn in aon cháil le haghaidh eintiteas de chuid na hearnála príobháidí, le haghaidh an duine sin nó le haghaidh tríú páirtí, chun go ngníomhóidh an duine sin nó go staonfaidh sé ó ghníomhú, de shárú ar dhualgais an duine sin (breabaireacht ghníomhach);

(b)buntáiste míchuí d’aon chineál a bheith iarrtha nó faighte ag duine, go díreach nó trí idirghabhálaí, nó gealladh buntáiste den sórt sin, le haghaidh an duine sin nó tríú páirtí, le linn dó a bheith ag stiúradh eintiteas de chuid na hearnála príobháidí nó a bheith ag obair lena aghaidh in aon cháil, chun gníomhú nó staonadh ó ghníomhú, de shárú ar dhualgais an duine sin (breabaireacht éighníomhach).

Airteagal 9
Míleithreasú

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an t‑iompar seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil, nuair a dhéantar d’aon ghnó é:

(a)    maoin a bheith á déanamh, á heisíoc, á leithreasú nó á húsáid ag oifigeach poiblí a bhfuil a bainistíocht curtha ar a iontaoibh go díreach nó go hindíreach contrátha don chríoch a bhí beartaithe di;

(b)    aon mhaoin a bheith á déanamh, á heisíoc, á leithreasú nó á húsáid, le linn gníomhaíochtaí eacnamaíocha, airgeadais, gnó nó tráchtála, ag duine a stiúrann eintiteas de chuid na hearnála príobháidí nó a oibríonn ann, in aon cháil, a bhfuil a bainistíocht curtha ar a iontaoibh go díreach nó go hindíreach contrártha don chríoch a bhí beartaithe di.

Airteagal 10
Mangaireacht tionchair

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an tiompar seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil, nuair a dhéantar d’aon ghnó é:

(a)buntáiste míchuí d’aon chineál a ghealladh, a thairiscint nó a thabhairt, go díreach nó trí idirghabhálaí, do dhuine nó tríú páirtí chun go nimreoidh an duine sin tionchar fíor nó ceaptha d’fhonn buntáiste míchuí a fháil ó oifigeach poiblí;

(b)buntáiste míchuí d’aon chineál a iarraidh nó a fháil, go díreach nó trí idirghabhálaí, nó gealladh buntáiste den sórt sin do dhuine nó tríú páirtí chun go nimreoidh an duine sin tionchar fíor nó ceaptha d’fhonn buntáiste míchuí a fháil ó oifigeach poiblí.

2.Chun go mbeidh an tiompar dá dtagraítear i mír 1 inphionóis mar chion coiriúil, beidh sé neamhábhartha cé acu imrítear nó nach nimrítear an tionchar nó cé acu a leanann nó nach leanann na torthaí beartaithe as an tionchar ceaptha.

Airteagal 11
Drochúsáid oifige

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an t‑iompar seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil, nuair a dhéantar d’aon ghnó é:

1.feidhmíocht ghnímh arna déanamh ag oifigeach poiblí nó mainneachtain oifigigh phoiblí gníomh a fheidhmiú, de shárú ar dhlíthe, i bhfeidhmiú a fheidhmeanna chun buntáiste míchuí a fháil le haghaidh an oifigigh sin nó le haghaidh tríú páirtí;

2.feidhmíocht ghnímh arna déanamh ag duine nó mainneachtain an duine sin gníomh a fheidhmiú, de shárú ar dhualgais, ar duine é a stiúrann eintiteas de chuid na hearnála príobháidí nó a oibríonn lena aghaidh in aon cháil le linn gníomhaíochtaí eacnamaíocha, airgeadais, gnó nó tráchtála chun buntáiste míchuí a fháil le haghaidh an duine sin nó le haghaidh tríú páirtí.

Airteagal 12
Bac an cheartais

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an t‑iompar seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil, nuair a dhéantar d’aon ghnó é:

1.fórsa fisiciúil, bagairtí nó imeaglú a úsáid, go díreach nó trí idirghabhálaí, nó buntáiste a ghealladh, a thairiscint nó a thabhairt chun léiriú bréige a spreagadh nó chun cur isteach ar léiriú a thabhairt nó fianaise a thabhairt ar aird in imeachtaí maidir le haon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 7 go 11, 13 agus 14;

2.fórsa fisiciúil, bagairtí nó imeaglú a úsáid, go díreach nó trí idirghabhálaí, chun cur isteach ar fheidhmiú dualgas oifigiúil ag duine atá i seilbh oifig bhreithiúnach nó ag comhalta de na húdaráis forfheidhmithe dlí, maidir le haon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 7 go 11, 13 agus 14.

Airteagal 13
Saibhriú ó chionta éillithe

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb amhlaidh a bheidh éadáil, sealbhú nó úsáid maoine intinniúil ag oifigeach poiblí, arb eol don oifigeach go bhfuil an mhaoin sin díorthaithe ó dhéanamh aon cheann de na cionta a leagtar amach in Airteagail 7 go 12 agus 14, inphionóis mar chion coiriúil, gan beann ar cé acu a bhí nó nach raibh an t‑oifigeach sin bainteach i ndéanamh an chiona sin.

Airteagal 14

Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb amhlaidh a bheidh gríosú aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 7 go 13 inphionóis mar chion coiriúil.

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil cabhrú agus neartú le haon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 7 go 13.

3.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil iarracht a dhéanamh aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 11 go 13 a dhéanamh.

Airteagal 15
Pionóis agus bearta le haghaidh daoine nádúrtha

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 7 go 14 le pionóis choiriúla éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

2.Glacfaidh Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú:

(a) gurb inphionóis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 12 le téarma uasta príosúnachta 6 bliana ar a laghad;

(b) gurb inphionóis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 8 go 11 le téarma uasta príosúnachta 5 bliana ar a laghad; agus

(c) go mbeidh an cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 13 inphionóis le téarma uasta príosúnachta 4 bliana ar a laghad.

3.Maidir le cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 9, i gcás ina mbainfidh damáiste is lú ná EUR 10 000 nó buntáiste is lú ná EUR 10 000 leis, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí seachas smachtbhannaí coiriúla.

4.Gan dochar do mhíreanna 1 go 3, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb amhlaidh, maidir le daoine nádúrtha a ciontaíodh i gceann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 7 go 14 a dhéanamh, a fhéadfaidh siad a bheith faoi réir smachtbhannaí nó bearta arna bhforchur ag údarás inniúil agus nach gá gur de chineál coiriúil iad, lena náirítear:

(a)fíneálacha;

(b)cur as oifig phoiblí, fionraí agus athshannadh uaithi;

(c)dícháiliú ón méid seo a leanas:

(i)a bheith i seilbh oifig phoiblí;

(ii)feidhm seirbhíse poiblí a fheidhmiú;

(iii)a bheith i seilbh oifige i nduine dlítheanach atá faoi úinéireacht iomlán nó pháirteach an Bhallstáit sin;

(iv)gníomhaíochtaí tráchtála a fheidhmiú sa chomhthéacs ina ndearnadh an cion;

(d)    díothú an chirt chun seasamh i dtoghcháin, comhréireach le tromchúis an chiona a rinneadh; agus

(e)    tarraingt siar ceadanna nó údaruithe chun gníomhaíochtaí a shaothrú sa chomhthéacs ina ndearnadh an cion;

(f)eisiamh ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena náirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais;

Airteagal 16
Dliteanas daoine dlítheanacha

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur féidir daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i leith aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 7 go 14 arna dhéanamh chun tairbhe do na daoine dlítheanacha sin ag aon duine nádúrtha, ag gníomhú go haonarach dó nó mar chuid d’orgán an duine dhlítheanaigh, agus ag a bhfuil post ceannaireachta laistigh den duine dlítheanach, bunaithe ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)cumhacht ionadaíocht a dhéanamh don duine dlítheanach;

(b)an túdarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh; nó

(c)an túdarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur féidir daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás inar fhág easpa maoirseachta nó rialaithe ó dhuine dá dtagraítear i mír 1, lena náirítear ó aon duine de na daoine faoina údarás, gurbh fhéidir aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 7 go 14 a dhéanamh chun tairbhe don duine dlítheanach sin.

3.Ní eisiafar le dliteanas daoine dlítheanacha faoi mhíreanna 1 agus 2 imeachtaí coiriúla in aghaidh daoine nádúrtha a dhéanann nó a ghríosaíonn na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 7 agus 14 nó atá ina gcúlpháirtithe sna cionta sin.

Airteagal 17
Smachtbhannaí do dhaoine dlítheanacha

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh duine dlítheanach atá faoi dhliteanas i leith cionta coiriúla de bhun Airteagal 16 inphionóis le smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha.

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go náireofar an méid seo a leanas ar smachtbhannaí nó bearta le haghaidh daoine dlítheanacha atá faoi dhliteanas de bhun Airteagal 16:

(a)fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla, nár cheart uasteorainn na bhfíneálacha sin a bheith níos lú ná 5 faoin gcéad de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh, lena náirítear eintitis ghaolmhara, sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh lena bhforchuirtear an fhíneáil;

(b)eisiamh an duine dhlítheanaigh sin ó theidlíocht i leith sochair phoiblí nó cúnamh poiblí;

(c)eisiamh sealadach nó buan ó nósanna imeachta soláthair phoiblí;

(d)dícháiliú sealadach nó buan an duine dhlítheanaigh sin ó fheidhmiú gníomhaíochtaí tráchtála;

(e)tarraingt siar ceadanna nó údaruithe chun gníomhaíochtaí a shaothrú sa chomhthéacs ina ndearnadh an cion;

(f)an fhéidearthacht le haghaidh údaráis phoiblí chun conradh a neamhniú nó a chealú leo, ar sa chomhthéacs sin a rinneadh an cion;

(g)an duine dlítheanach sin a chur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;

(h)an duine dlítheanach sin a fhoirceannadh go breithiúnach; agus

(i)dúnadh sealadach nó buan gnólachtaí ar baineadh úsáid astu chun an cion a dhéanamh.

Airteagal 18

Imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go measfar gur imthosca géaraitheacha iad na himthosca seo a leanas, i ndáil leis na cionta dá dtagraítear in Airteagail 7 go 14:

(a)is oifigeach ardleibhéil an ciontóir;

(b)ciontaíodh an ciontóir roimhe sin i gcion dá dtagraítear in Airteagail 7 go 14;

(c)fuair an ciontóir tairbhe shubstaintiúil nó rinneadh damáiste substaintiúil leis an gcion;

(d)rinne an ciontóir an cion chun tairbhe do thríú tír;

(e)feidhmíonn an ciontóir feidhmeanna imscrúdaithe, ionchúisimh nó breithnithe;

(f)má rinneadh an cion faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB; agus

(g)is eintiteas faoi oibleagáid an ciontóir de réir bhrí Airteagal 2 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 61 , nó is fostaí de chuid eintiteas faoi oibleagáid é, nó tá an chumhacht aige, cibé acu go haonarach nó mar chuid d’orgán den eintiteas faoi oibleagáid, chun ionadaíocht a dhéanamh don eintiteas sin, nó tá an túdarás aige cinntí a dhéanamh thar cheann an eintitis sin nó rialú a fheidhmiú laistigh den eintiteas faoi oibleagáid, agus tá an cion déanta aige i bhfeidhmiú a ghníomhaíochtaí gairmiúla.

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go measfar gur imthosca maolaitheacha iad na himthosca seo a leanas, i ndáil leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 7 go 14:

(a)soláthraíonn an ciontóir faisnéis do na húdaráis inniúla nach mbeidís in ann a fháil murach sin, rud a chuidíonn leo an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)ciontóirí eile a shainaithint nó a thabhairt faoi réim an cheartais; nó

(ii)fianaise a fháil.

(b)i gcás inar duine dlítheanach an ciontóir agus ina bhfuil rialuithe inmheánacha éifeachtacha, feasacht eitice agus cláir chomhlíontachta curtha chun feidhme aige chun an téilliú a chosc sula ndéantar an cion nó ina dhiaidh sin; agus

(c)i gcás inar duine dlítheanach an ciontóir agus ina mbeidh, nuair a bheidh an cion braite, an cion nochta go mear agus go deonach aige do na húdaráis inniúla agus ina mbeidh bearta feabhais déanta aige.

Airteagal 19

Pribhléidí nó díolúine ó chionta éillithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur féidir pribhléidí nó díolúintí ó imscrúdú agus ionchúiseamh a dheonaítear d’oifigigh náisiúnta, le haghaidh na gcionta dá dtagraítear sa Treoir seo, a ardú trí phróiseas oibiachtúil, neamhchlaonta, éifeachtach agus trédhearcach a bheidh réamhbhunaithe le dlí, bunaithe ar chritéir shoiléire, agus a thugtar i gcrích laistigh de thráthchlár réasúnach.

Airteagal 20
Dlínse

1.Bunóidh na Ballstáit dlínse i leith na gcionta dá dtagraítear sa Treoir seo i gcás:

(a)má rinneadh an cion go hiomlán nó go páirteach ar chríoch an Bhallstáit;

(b)inar náisiúnach den Bhallstát sin an ciontóir nó ina bhfuil gnáthchónaí air ann;

(c)ina ndéantar an cion chun tairbhe do dhuine dlítheanach atá bunaithe i gcríoch an Bhallstáit sin.

2.I gcás ina dtiocfaidh cion dá dtagraítear sa Treoir seo laistigh de dhlínse níos mó ná Ballstát amháin, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhar chun a chinneadh cén ceann a sheolfaidh imeachtaí coiriúla. Déanfar an tábhar a chur faoi bhráid Eurojust, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le hAirteagal 12 de Chinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle 62 .

3.Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), áiritheoidh gach Ballstát nach mbeidh feidhmiú a dhlínse faoi réir an choinníll nach féidir ionchúiseamh a thionscnamh ach tar éis séanadh ón Stát ina ndearnadh an cion coiriúil nó tar éis tuarascáil arna déanamh ag an íospartach sa Stát ina ndearnadh an cion coiriúil.

Airteagal 21

Tréimhsí teorann le haghaidh cionta coiriúla

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse theorann i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 7 go 14, lena dtugtar tréimhse leordhóthanach chun na cionta sin a imscrúdú, a ionchúiseamh, a thriail agus a chinneadh go héifeachtach tar éis a ndéanta.

2.Ní giorra an tréimhse theorann dá dtagraítear i mír 1 ná:

(a)15 bliana ón tráth a rinneadh an cion, le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 12;

(b)10 mbliana ón tráth a rinneadh an cion, le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 8 go 11;

(c)8 mbliana ón tráth a rinneadh an cion, le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 13 agus 14.

3.De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit tréimhse theorann níos giorra a bhunú, ar choinníoll go bhféadfar cur isteach ar an tréimhse nó í a chur ar fionraí i gcás gníomhartha sonraithe agus nach gcuirfear isteach ar éifeachtacht an phróisis bhreithiúnaigh ná cur i bhfeidhm athchomhairleach na bpionós leis na rialacha is infheidhme maidir leis na tréimhsí fionraí agus teorann. Ní bheidh an tréimhse sin níos giorra ná:

(a)10 mbliana le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 12;

(b)8 mbliana le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 8 go 11;

(c)5 bliana le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 13 agus 14.

4.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun gur féidir pionóis príosúnachta a a fhorfheidhmiú tar éis ciontú críochnaitheach ar feadh na dtréimhsí seo a leanas ar a laghad:

(a)15 bliana ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh le haghaidh aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 12;

(b)10 mbliana ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh le haghaidh aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 11;

(c)8 mbliana ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh le haghaidh aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 13 agus 14.

5.De mhaolú ar mhír 4, féadfaidh na Ballstáit tréimhse theorann níos giorra a bhunú, ar choinníoll go bhféadfar cur isteach ar an tréimhse nó í a chur ar fionraí i gcás gníomhartha sonraithe agus nach gcuirfear isteach ar éifeachtacht an phróisis bhreithiúnaigh ná cur i bhfeidhm athchomhairleach na bpionós leis na rialacha is infheidhme maidir leis na tréimhsí fionraí agus teorann. Ní bheidh an tréimhse sin níos giorra ná:

(a)10 mbliana ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh le haghaidh aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 12;

(b)8 mbliana ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh le haghaidh aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 11;

(c)5 bliana ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh le haghaidh aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 13 agus 14.

Airteagal 22

Cosaint daoine a thuairiscíonn cionta nó a thugann cúnamh leis an imscrúdú

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh Treoir (AE) 2019/1937 infheidhme maidir le tuairisciú na gcionta dá dtagraítear in Airteagail 7 go 14 agus le cosaint daoine a thuairiscíonn na cionta sin.

2.I dteannta na mbeart dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar an chosaint, an tacaíocht agus an cúnamh is gá i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla do dhaoine a thuairiscíonn cionta dá dtagraítear sa Treoir seo agus a sholáthraíonn fianaise nó a théann i gcomhar ar bhealach eile leis na cionta sin a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a bhreithniú.

Airteagal 23

Uirlisí imscrúdaitheacha

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha, amhail iad sin a úsáidtear chun an choireacht eagraithe nó coireanna tromchúiseacha eile a chomhrac, ar fáil do dhaoine, aonaid nó seirbhísí atá freagrach as na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

Airteagal 24

Comhar idir údaráis na mBallstát, an Coimisiún, Europol, Eurojust, an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

Gan dochar do na rialacha maidir le comhar trasteorann agus cúnamh dlí frithpháirteach in ábhair choiriúla, maidir le húdaráis na mBallstát, Europol, Eurojust, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus an Coimisiún, rachaidh siad i gcomhar le chéile, laistigh dá n‑inniúlachtaí faoi seach, sa chomhrac in aghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo. Chuige sin, i gcás inarb iomchuí, soláthróidh Europol, Eurojust, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus an Coimisiún cúnamh teicniúil agus oibríochtúil i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach chun comhordú imscrúduithe agus ionchúiseamh de chuid na n‑údarás inniúil a éascú.

Airteagal 25

Tacaíocht ón gCoimisiún le haghaidh na mBallstát agus a n‑údarás inniúil

1.Tacóidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, leis na Ballstáit agus na húdaráis inniúla chun a noibleagáidí a chomhlíonadh faoin Treoir seo.

2.Ullmhóidh an Coimisiún forléargas ar rioscaí earnála a bhaineann leis an éilliú san Aontas agus éascóidh sé malartú faisnéise i measc na mBallstát agus saineolaithe ar fud an Aontais.

3.Déanfaidh an Coimisiún, trí líonra an Aontais in aghaidh an éillithe, an méid seo a leanas go háirithe:

(a)comhar agus malartú dea‑chleachtas a éascú i measc cleachtóirí, saineolaithe, taighdeoirí agus páirtithe leasmhara eile de chuid na mBallstát;

(b)gníomhaíochtaí a chomhlánú, amhail na cinn dá dtagraítear in Airteagal 3 agus pointe (b) d’Airteagal 18(2) trí dhea‑chleachtais, ábhair threoraíochta agus modheolaíochtaí a fhorbairt.

4.Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit le haghaidh an chomhraic in aghaidh an éillithe.

Airteagal 26

Bailiú sonraí agus staitisticí

1.Baileoidh na Ballstáit sonraí staidrimh maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 7 go 14 den Treoir seo.

2.Beidh an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh sna sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1:

(a)an líon cásanna a tuairiscíodh;

(b)an líon cásanna a imscrúdaíodh;

(c)an líon díotálacha;

(d)meánfhad imscrúduithe coiriúla na gcásanna;

(e)meánfhad imeachtaí cúirteanna na gcásanna ag an gcéadchéim, ag an dara céim agus um achomharc;

(f)líon na gciontuithe;

(g)an líon daoine nádúrtha a ciontaíodh agus ar ar cuireadh smachtbhannaí, agus an líon oifigeach poiblí agus oifigeach ardleibhéil á sonrú;

(h)an líon daoine dlítheanacha a cuireadh faoi dhliteanas agus ar ar cuireadh smachtbhannaí;

(i)an líon cásanna cúirte a díbheadh le haghaidh an éillithe, agus idirdhealú á dhéanamh idir díbhí maidir leis an tsubstaint nó nach ea agus lena náirítear réitigh neamhthrialach;

(j)cineálacha agus leibhéil na smachtbhannaí arna bhforchur le haghaidh gach ceann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 7 go 14;

(k)an líon ciontuithe dar tugadh pardún, agus an líon pardún d’oifigigh phoiblí agus oifigigh ardleibhéil á sonrú.

3.    Déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil agus faoin 1 Meitheamh, na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú, i bhformáid mheaisín‑inléite agus imdhealaithe, le haghaidh na bliana roimhe sin agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas maidir leis sin.

Airteagal 27

Athsholáthar Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann

1.Cuirtear an Treoir seo in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát sin maidir leis an dáta chun an Cinneadh Réime sin a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí do Chinneadh Réime 2003/568/CGB a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

2.Déantar an Coinbhinsiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann a athsholáthar maidir na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu.

Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí don Choinbhinsiún sin a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

Airteagal 28
Leasuithe ar Threoir (AE) 2017/1371 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil

Leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 mar a leanas:

(1)In Airteagal 2(1), cuirtear an pointe (c) seo a leanas isteach:

‘(c) is é atá i gceist le ‘oifigigh ardleibhéil’ na hoifigigh sin a shainmhínítear in Airteagal 2(8) de Threoir (AE) XXX maidir leis an éilliú a chomhrac.’

(2)In Airteagal 4(2), cuirtear ‘breabaireacht éighníomhach agus ghníomhach san earnáil phoiblí’, ‘breabaireacht éighníomhach san earnáil phoiblí’ agus ‘breabaireacht ghníomhach san earnáil phoiblí’ in ionad na bhfocal ‘éilliú éighníomhach agus gníomhach’, ‘éilliú éighníomhach’ agus ‘éilliú gníomhach’ faoi seach.

(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(3):

‘3. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4(1) agus in Airteagal 4(2) le pionós uasta príosúnachta 6 bliana ar a laghad nuair a bhaineann damáiste suntasach nó buntáiste suntasach leo.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis an cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 4(3) le pionós uasta príosúnachta 5 bliana ar a laghad nuair a bhaineann damáiste nó buntáiste suntasach leis.

Toimhdeofar go bhfuil an damáiste nó buntáiste a eascraíonn as na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) d’Airteagal 3(2) agus in Airteagal 4 suntasach i gcás inar mó ná EUR 100 000 a bhaineann leis an damáiste nó an buntáiste.

Toimhdeofar i gcónaí go bhfuil an damáiste nó buntáiste a eascraíonn na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 3(2) agus faoi réir Airteagal 2(2) suntasach.’

(4)In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. I gcás ina mbaineann damáiste is lú ná EUR 10 000 nó le buntáiste níos lú ná EUR 10 000 le cion coiriúil dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c) d’Airteagal 3(2) nó in Airteagal 4(1) agus (3),    féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí seachas smachtbhannaí coiriúla.’

(5)In Airteagal 7, cuirtear an mhír 6 seo a leanas isteach:

‘7. Gan dochar do mhíreanna 1 go 5, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine nádúrtha, a ciontaíodh i gceann de na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo, a chur faoi réir smachtbhannaí nó bearta dá dtagraítear in Airteagal 15(4) de Threoir (AE) XXX maidir leis an éilliú a chomhrac.’

(6)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

Airteagal 8

Imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18 de Threoir (AE) XXX maidir leis an éilliú a chomhrac le meas mar imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha, i ndáil leis na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo.’

(7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Smachtbhannaí i dtaca le daoine dlítheanacha

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh duine dlítheanach atá faoi dhliteanas i leith cionta coiriúla de bhun Airteagal 6 inphionóis le smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha.

2.    Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go náireofar ar smachtbhannaí nó bearta, le haghaidh daoine dlítheanacha atá faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6, na smachtbhannaí nó na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 17(2) de Threoir (AE) XXX maidir leis an éilliú a chomhrac.’

(8)In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4:

‘2. Ní bheidh an tréimhse theorann dá dtagraítear i mír 1 níos giorra ná:

(a)15 bliana ón tráth a rinneadh an cion, le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4(1) agus (2);

(b)10 mbliana ón tráth a rinneadh an cion le haghaidh an chiona choiriúil dá dtagraítear in Airteagal 4(3).

3. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit tréimhse theorann níos giorra a bhunú, ar choinníoll go bhféadfar cur isteach ar an tréimhse nó í a chur ar fionraí i gcás gníomhartha sonraithe agus nach gcuirfear isteach ar éifeachtacht an phróisis bhreithiúnaigh ná cur i bhfeidhm athchomhairleach na bpionós leis na rialacha is infheidhme maidir leis na tréimhsí fionraí agus teorann. Ní bheidh an tréimhse sin níos giorra ná:

(a)    10 mbliana le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4(1) agus (2);

(b)    8 mbliana le haghaidh an chiona choiriúil dá dtagraítear in Airteagal 4(3).

4. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun gur féidir pionóis príosúnachta a a fhorfheidhmiú tar éis ciontú críochnaitheach ar feadh na dtréimhsí seo a leanas ar a laghad:

(a)15 bliana ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh le haghaidh aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4(1) agus (2);

(b)10 mbliana ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh le haghaidh an chiona choiriúil dá dtagraítear in Airteagal 4(3).

5. De mhaolú ar mhír 4, féadfaidh na Ballstáit tréimhse theorann níos giorra a bhunú, ar choinníoll go bhféadfar cur isteach ar an tréimhse nó í a chur ar fionraí i gcás gníomhartha sonraithe agus nach gcuirfear isteach ar éifeachtacht an phróisis bhreithiúnaigh ná cur i bhfeidhm athchomhairleach na bpionós leis na rialacha is infheidhme maidir leis na tréimhsí fionraí agus teorann. Ní bheidh an tréimhse sin níos giorra ná:

(a)10 mbliana ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh le haghaidh aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4(1) agus 4(2);

(b)8 mbliana ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh le haghaidh an chiona choiriúil dá dtagraítear in Airteagal 4(3).’

Airteagal 29
Trasuí

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoi [18 mhí tar éis glacadh] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

3.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 30
Meastóireacht agus tuairisciú

1.Cuirfidh an Coimisiún, faoi [24 mhí tar éis an sprioc‑ama le haghaidh an Treoir seo a chur chun feidhme], tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh.

2.Gach 2 bhliain ó [12 mhí tar éis an sprioc‑ama le haghaidh chur chun feidhme na Treorach seo], seolfaidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún laistigh de 3 mhí lena náireofar achoimre maidir le cur chun feidhme gníomhaíochtaí agus le gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6.

3.Faoi [48 mí tar éis an sprioc‑ama le haghaidh chur chun feidhme na Treorach seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ndéanfar measúnú ar bhreisluach na Treorach seo maidir leis an éilliú a chomhrac. Leis an tuarascáil cumhdófar tionchar na Treorach seo freisin ar chearta agus saoirsí bunúsacha. Ar bhonn na meastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún, más gá, cinneadh faoi ghníomhaíochtaí leantacha iomchuí a dhéanamh.

Airteagal 31
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 32
Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Tá an meastachán sin bunaithe ar obair institiúidí agus chomhlachtaí speisialaithe, amhail an Cumann Idirnáisiúnta Lucht Tráchtála, Trédhearcacht Idirnáisiúnta, Comhshocrú Domhanda NA, an Fóram Eacnamaíoch Domhanda agus Clean Business is Good Business [Gnó Maith is ea Gnó Glan], lena dtugtar le fios go bhfuil caillteanas rachmais eacnamaíoch de dheasca an éillithe cothrom le 5 % de OTI ar an leibhéal domhanda. Tugtar le fios le meastachán eile go raibh costais an éillithe idir EUR 179 mbilliún agus EUR 990 billiún in aghaidh na bliana san Aontas (an staidéar le RAND Europe maidir le Costas Neamh‑Eorpa i Réimse an Éillithe, 2016).
(2)    Féach: https://home-affairs.ec.europa.eu/news/citizensandbusinesseshave-spokencorruptionremainsseriousproblem-eu-countries2022-07-13_en .
(3)    Mar shampla: Rún an 25 Deireadh Fómhair 2016, An téilliú a chomhrac agus obair leantach ar rún CRIM, 2015/2110(INI), agus an moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2022 chuig an gComhairle agus Leas‑Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an éilliú agus cearta an duine (2021/2066(INI)).  
(4)    Conclúidí ón gComhairle an 9 Márta 2023 maidir le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh a leagan síos do chomhrac na coireachta tromchúisí eagraithe le haghaidh EMPACT 2022‑2025.
(5)    Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir leis an éilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach (IO L 192/54, 31.7.2003).
(6)    Coinbhinsiún arna tharraingt suas ar bhonn Airteagal K.3(2)(c) den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir leis an éilliú a chomhrac lena mbaineann oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 195, 25.6.1997, lch. 2).
(7)    Na Náisiúin Aontaithe 2003, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe, Sraith Conarthaí 2349 (Deireadh Fómhair): 41, https://www.unodc.org/unodc/en/treaties/CAC/.
(8)    Teachtaireacht an 24 Iúil 2020 maidir le Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála, COM/2020/605 final.
(9)    Teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe 2021‑2025, COM(2021) 170 final.
(10)    An Coimisiún Eorpach, Gaglio, I., Guzzon, J., Bartz, K., et al., Strengthening the fight against corruption. Assessing the EU legislative and policy framework: Final report for acceptance [An comhrac in aghaidh an éillithe a neartú. Measúnú a dhéanamh ar chreat reachtach agus beartais an Aontais Eorpaigh: an tuarascáil chríochnaitheach lena glacadh], Oifig na bhFoilseachán, 2023.
(11)    Teachtaireacht an 14 Aibreán 2021 maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um Gháinneáil ar Dhaoine a Chomhrac 2021‑2025, COM/2021/171 final.
(12)    Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127/39, 29.4.2014).
(13)    Coinbhinsiún arna tharraingt suas ar bhonn Airteagal K.3(2)(c) den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir leis an éilliú a chomhrac lena mbaineann oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 195, 25.6.1997).
(14)    Cinneadh Réime 2003/568/CGB an 22 Iúil 2003 ón gComhairle maidir le héilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach (IO L 192, 31.7.2003).
(15)    An Bhruiséil, an 25 Bealtaine 2022, COM/2022/245 final.
(16)    Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127/39, 29.4.2014); Cinneadh 2007/845/CGB ón gComhairle an 6 Nollaig 2007 maidir le comhar idir Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní na mBallstát i réimse na bhfáltas ón gcoireacht, a rianú agus a shainaithint, nó maoin eile a bhaineann léi (IO L 332/103, 18.12.2007); Cinneadh Réime 2005/212/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le Fáltais, Ionstraimeachtaí agus Maoin a bhaineann le Coireacht a Choigistiú (OJ L 68/49, 15.3.2005); agus Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d'orduithe calctha agus d'orduithe coigistíochta (IO L 303/1, 28.11.2018).
(17)    Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac leis an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018).
(18)    Pacáiste reachtach maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, https://finance.ec.europa.eu/publications/anti-money-laundering-andcountering-financing-terrorism-legislative-package_en.
(19)    Teachtaireacht an 13 Nollaig 2022 maidir le Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh i gcoinne Gáinneáil ar Earraí Cultúir, COM(2022) 800 final.
(20)    Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais, IO L 305, 26.11.2019).
(21)    Airteagal 10(3)(a) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 437, 28.12.2020, lch. 49).
(22)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún, Scéimeanna Saoránachta agus Cónaithe d’Infheisteoirí san Aontas Eorpach, an 23 Eanáir 2019, COM(2019) 12 final. An 21 Márta 2023, tharchuir an Coimisiún Ballstát amháin chuig an gCúirt Bhreithiúnais toisc gur sháraigh sé dlí an Aontais lena scéim saoránachta d’infheisteoirí.
(23)    Togra le haghaidh Rialachán maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc COM(2021) 420 final.
(24)    An 21 Márta 2023, tharchuir an Coimisiún Ballstát amháin chuig an gCúirt Bhreithiúnais toisc gur sháraigh sé dlí an Aontais lena scéim saoránachta d’infheisteoirí.
(25)    Moladh ón gCoimisiún maidir le bearta láithreacha i gcomhthéacs ionradh Rúise ar an Úcráin i ndáil le scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí agus scéimeanna cónaithe d’infheisteoirí, an 28 Márta 2022, C(2022) 2028 final.
(26)

   Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017).

(27)    Cost of Non‑Europe Report Stepping up the EU’s efforts to tackle corruption [Tuarascáil maidir le Costas Neamh‑Eorpa Dlús a chur le hiarrachtaí an Aontais chun dul i ngleic leis an éilliú], EPRS | Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, Meenakshi Fernandes agus Lenka Jančová, 2023, lch. 15.
(28)    UNODC, Safeguarding against Corruption in Major Public Events Facilitator’s Guide [Coimirciú a dhéanamh in aghaidh an Éillithe i Mórimeachtaí Poiblí Treoir d’Éascaitheoir], lch. 30.
(29)    Eurojust, Eurojust Casework on Corruption: 2016–2021 Insights [Cásobair Eurojust ar an Éilliú: Léargais 2016‑2021], Mí na Bealtaine 2022.
(30)    An Coimisiún Eorpach, Gaglio, I., Guzzon, J., Bartz, K., et al., Strengthening the fight against corruption. Assessing the EU legislative and policy framework: Final report for acceptance [An comhrac in aghaidh an éillithe a neartú. Measúnú a dhéanamh ar chreat reachtach agus beartais an Aontais Eorpaigh: an tuarascáil chríochnaitheach lena glacadh], Oifig na bhFoilseachán, 2023.
(31)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil, an Bhruiséil, 6.9.2021, COM(2021) 536 final.
(32)    Go dtí seo, d’oscail an Coimisiún imeachtaí um shárú in aghaidh 17 mBallstát as an Treoir a thrasuí go mícheart.
(33)    An dara tuarascáil maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil, an Bhruiséil, 16.9.2022, COM(2022) 466 final.
(34)    Is é atá sna Comhfhreagraithe Taighde Áitiúla maidir leis an Éilliú líonra saineolaithe ón tsochaí shibhialta agus saineolaithe acadúla ó gach Ballstát sa chomhrac in aghaidh an éillithe atá i láthair i ngach Ballstát. Bainistíonn agus cistíonn an Coimisiún Eorpach an líonra faoina chonradh HOME/2017/ISFP/CORR/0050 – Comhairleacht, cúnamh teicniúil agus tacaíocht i réimse an chomhraic in aghaidh an éillithe.
(35)    An glao ar fhianaise agus ionchuir: https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13674-Fighting-againstcorruptioninthe-EU-updatedrules_en.
(36)    An Coimisiún Eorpach, Gaglio, I., Guzzon, J., Bartz, K., et al., Strengthening the fight against corruption. Assessing the EU legislative and policy framework: Final report for acceptance [An comhrac in aghaidh an éillithe a neartú. Measúnú a dhéanamh ar chreat reachtach agus beartais an Aontais Eorpaigh: an tuarascáil chríochnaitheach lena glacadh], Oifig na bhFoilseachán, 2023.
(37)    Bíonn claonadh ag na Ballstáit an méid sin a choiriúlú mar chion ginearálta, nach bhfuil teoranta d’imeachtaí éillithe, amhail an cás in UNCAC.
(38)    Tá tuarascálacha na nathbhreithnithe de chuid UNCAC ar an gcur chun feidhme ar fáil le haghaidh fhormhór na mBallstát, ach ní le fíordheireanas a eisíodh iad.
(39)    Le haghaidh an chiona sin, tá an meánphionós uasta idir 5 bliana agus 7.5 bliain.
(40)    Airteagal 2(2) de Threoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lch. 22) agus Airteagal 3(3) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena naisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 85).
(41)        Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac leis an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018).
(42)    Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir leis an éilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach (IO L 192/54, 31.7.2003).
(43)    Coinbhinsiún arna tharraingt suas ar bhonn Airteagal K.3(2)(c) den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann (IO C 195, 25.6.1997, lch. 2).
(44)    Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac leis an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lch. 22).
(45)    Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127/39, 29.4.2014, lch. 39).
(46)    Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).
(47)    Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019).
(48)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO 198 L, 28.7.2017, lch. 29).
(49)    Moladh ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin san Aontas Eorpach a áirithiú, C(2021)6650 final.
(50)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí‑úsáideach (‘Imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí’), COM/2022/177 final.
(51)    Moladh ón gCoimisiún maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí‑úsáideach (‘Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’), C(2022) 2428 final.
(52)    Féach Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dhlí na mBallstát, lena naisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle, COM/2021/782 final.
(53)    Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena néascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus lena naisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle, IO L 186, 11.7.2019, lch. 122.
(54)    Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí maidir le taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 119, 4.5.2016, lch. 132), Iarscríbhinn II, pointe 6.
(55)    Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1), Iarscríbhinn, pointe 7.
(56)    Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56). Déantar tagairt don éilliú go hindíreach i gCinneadh SIS II ón gComhairle trína raon feidhme a theorannú le tagairt don Bharántas Gabhála Eorpach, mar shampla in Airteagal 8.
(57)    Rialachán (AE) Uimh 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse agus slándála (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).
(58)    Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chomhairliúcháin ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha coisc, braite agus imscrúdaithe i ndáil le cionta sceimhlitheora agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile (IO L 218, 13.8.2008, lch. 129). Déantar tagairt don éilliú go hindíreach i gCinneadh VIS ón gComhairle maidir le forfheidhmiú an dlí trína raon feidhme a theorannú le tagairt don Bharántas Gabhála Eorpach in aithris 6.
(59)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún, Scéimeanna Saoránachta agus Cónaithe d’Infheisteoirí agus san Aontas Eorpach, an 23 Eanáir 2019, COM(2019) 12 final.
(60)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil, IO 198 L, 28.7.2017, lch. 29.
(61)    Treoir 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lgh. 73–117).
(62)    Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinbhleachtaí i bhfeidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 42).
Top