Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0210

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2023/001 BE/LNSA

COM/2023/210 final

An Bhruiséil,6.6.2023

COM(2023) 210 final

2023/0152(BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2023/001 BE/LNSA


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

1.Leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha d’Oibrithe Iomarcacha (CED) i Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 1 .

2.An 17 Feabhra 2023, chuir an Bheilg isteach iarratas EGF/2023/001 BE/LNSA ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, tar éis na niomarcaíochtaí a rinne Logistics Nivelles SA (LNSA) agus soláthraí amháin sa Bheilg.

3.Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, tháinig sé ar an gconclúid, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme de Rialachán (AE) 2021/691, gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a dhámhachtain ó CED.

ACHOIMRE AR AN IARRATAS

Iarratas ar CED

EGF/2023/001 BE/LNSA

Ballstát

An Bheilg

An réigiún/na réigiúin lena mbaineann (leibhéal NUTS 2 2)

Cúige Bhrabant na Vallúine (BE31) 3

An dáta a cuireadh an t‑iarratas isteach

An 17 Feabhra 2023

An dáta a admhaíodh go bhfuarthas an t‑iarratas

An 03 Márta 2023

An dáta a iarradh faisnéis bhreise

An 03 Márta 2023

An sprioc-am leis an bhfaisnéis bhreise a sholáthar

An 24 Márta 2023

An sprioc-am leis an measúnú a chur i gcrích

An 14 Meitheamh 2023

Critéar idirghabhála

Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/691


An príomhfhiontar

Logistics Nivelles SA (LNSA)

An earnáil/na hearnálacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch

(Rannán NACE Athbhreithniú 2) 4

Rannán 52 (Ollstóráil agus gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh iompair)


An líon fochuideachtaí, soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha

1

An tréimhse thagartha (4 mhí):

An 23 Lúnasa 2022 – an 23 Nollaig 2022

An líon iomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha (a)

542

An líon iomarcaíochtaí roimh an tréimhse thagartha nó dá héis (b)

61

An líon iomlán iomarcaíochtaí (a + b)

603

An líon iomlán tairbhithe incháilithe

603

An líon iomlán tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu

603

An buiséad do sheirbhísí pearsantaithe (EUR)

2 484 363

An buiséad chun CED a chur chun feidhme 5 (EUR)

49 000

Buiséad iomlán (EUR)

2 533 363

Ranníocaíocht ó CED (85 %) (EUR)

2 153 358

MEASÚNÚ AR AN IARRATAS

Nós imeachta

4.An 17 Feabhra 2023, chuir an Bheilg an t‑iarratas EGF/2023/001 BE/LNSA isteach, is é sin faoi cheann 12 sheachtain ón dáta a comhlíonadh na critéir idirghabhála a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 4(2), pointe (a). D’admhaigh an Coimisiún go bhfuarthas an t‑iarratas agus, an 3 Márta 2023, d’iarr sé faisnéis bhreise ar an mBeilg. Soláthraíodh an fhaisnéis bhreise sin laistigh de 15 lá oibre ón tráth a iarradh í. An sprioc-am 50 lá oibre ón tráth a fuarthas an t‑iarratas comhlánaithe, tréimhse ar lena linn ba cheart don Choimisiún an measúnú a thabhairt chun críche ar an gcaoi a bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar á gcomhlíonadh leis an iarratas, rachaidh sé in éag an 14 Meitheamh 2023.

Incháilitheacht an iarratais

Na fiontair agus na tairbhithe lena mbaineann

5.Baineann an tiarratas le hoibrithe iomarcacha a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht in Logistics Nivelles SA (LNSA) (447 noibrí) agus in SuperTransport SA/NV, soláthraí de chuid Logistics Nivelles (95 oibrí). Is é 542 dhuine an líon iomlán oibrithe incháilithe.

6.D’oibrigh Logistics Nivelles san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi Rannán 52 NACE Athbhreithniú 2 (Ollstóráil agus gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh iompair). Iomarcaíochtaí san fhiontar sin, tá siad lonnaithe i réigiún NUTS 2 Brabant na Vallúine (BE31).

Critéir idirghabhála

7.Chuir an Bheilg an tiarratas isteach faoi na critéir idirghabhála i Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 4(2), pointe (a), lena bhfuil sé riachtanach go dtarlódh scor gníomhaíochta de 200 oibrí iomarcach ar a laghad le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar i mBallstát, lena náirítear oibrithe iomarcacha i soláthraithe an fhiontair agus ina tháirgeoirí iartheachtacha agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht.

8.Maireann an tréimhse thagartha de 4 mhí don iarratas ón 23 Lúnasa 2022 go dtí an 23 Nollaig 2022.

9.Tharla scor na gníomhaíochta le linn na tréimhse tagartha mar a leanas:

447 noibrí iomarcacha in LNSA,

95 oibrí iomarcacha in SuperTransport SA/NV, soláthraí de chuid LNSA.

Iomarcaíochtaí agus scor na gníomhaíochta a ríomh

10.De bhun Airteagal 6, an chéad mhír, pointe (a), i gcomhar le Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 5, an chéad mhír, pointe (c), ríomhadh scor ghníomhaíochtaí na noibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha ó dháta foirceanta de facto an chonartha fostaíochta nó ó dháta a éaga.

Tairbhithe incháilithe

11.Sa bhreis ar na hoibrithe a ndearnadh tagairt dóibh cheana, áirítear leis na tairbhithe incháilithe 61 oibrí iomarcacha ar cuireadh scor gníomhaíochta orthu roimh an tréimhse thagartha 4 mhí nó tar éis sin. Na hoibrithe sin uile ar tháinig deireadh lena ngníomhaíocht laistigh de 6 mhí roimh thús na tréimhse tagartha an 23 Lúnasa 2022 agus/nó idir deireadh na tréimhse tagartha agus an lá roimh ghlacadh an togra seo, de bhun Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 6, an chéad fhomhír, pointe (b), mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 6, an dara fomhír. Is féidir nasc cúisíoch soiléir a bhunú leis an teagmhas a spreag scor gníomhaíochta na n‑oibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 6, an dara fomhír.

12.Is é 603 duine an líon iomlán tairbhithe incháilithe.

Tuairisc ar na teagmhais as ar eascair an iomarcaíocht agus scor na gníomhaíochta

13.Is é cinneadh Kuehne + Nagel 6 (K+N) a fhochuideachta Beilgeach LNSA a dhúnadh an teagmhas a raibh ina chúis leis na hiomarcaíochtaí.

14.Tá deacrachtaí airgeadais ag an bhfiontar le blianta beaga anuas. In 2020, bhí caillteanais LNSA níos airde ná an buiséad iomlán agus bhí gá le caipiteal a mhéadú chun na caillteanais a fhritháireamh. In 2021, bhí na caillteanais níos airde arís ná mar a bhí beartaithe. Ní fhéadfadh LNSA leanúint ar aghaidh i mbun gnó san fhadtéarma ná sa mheántéarma gan brabús a dhéanamh nó gan cóimheá airgid a bhaint amach 7 .

15.Soláthraíonn LNSA seirbhísí lóistíochta maidir le táirgí bia úr agus tirim, fíonta agus biotáillí do Carrefour. D’fhonn an conradh le Carrefour a athnuachan, rinne K+N staidéar chun líonra a bheidh ann amach anseo a shainiú, rud a chuirfeadh feabhas ar sheirbhísí ar chostais iomaíocha. Ar bhonn thorthaí an staidéir, chinn K+N dáileadh náisiúnta a dhéanamh as a dháileadh réigiúnach de bhianna úra agus tirime. Is é sin le rá, seachas seachadtaí a dhéanamh chuig siopaí ó thuaidh ó Logistics Kontich NV (Kontich) 8 agus chuig siopaí ó dheas ó LSNA, na seachadtaí ar fad a dhéanamh ó Kontich agus LSNA a dhúnadh.

16.Roghnaíodh Kontich mar go bhfuil a tháirgiúlacht 25 % níos airde ná LNSA, mar go bhfuil na difríochtaí i stoic (crapadh 9 ) níos ísle agus mar gheall ar a shuíomh geografach níos áisiúla, rud is cúis le hamanna seachadta níos giorra agus costais iompair níos ísle.

An tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta agus ar an bhfostaíocht

17.In 2022 R4, bhí an ráta dífhostaíochta sa Vallúin (8,4 %) 2.8 pointe céatadáin níos airde ná an ráta dífhostaíochta ar an leibhéal náisiúnta (5,6 %) 10 . I mí na Nollag 2022, bhí an ráta éilimh ar phoist (an sciar de chuardaitheoirí poist cláraithe atá dífhostaithe sa daonra gníomhach) sa Vallúin cothrom le 13,4 %, is é sin 1,3 pointe céatadáin níos airde ná mar a bhí sé i mí na Nollag 2021 11 .

18.Cé go bhfuil LNSA lonnaithe i gCúige Bhrabant na Vallúine, baineann na hiomarcaíochtaí le Hainaut freisin, áit a bhfuil 86,3 % de na hoibrithe dífhostaithe ina gcónaí. I mí Feabhra 2023, tháinig méadú 9,8 % ar líon na gcuardaitheoirí poist cláraithe in Hainaut agus méadú 3,7 % ar líon na gcuardaitheoirí poist cláraithe i mBrabant na Vallúine 12 .

19.Tá deacrachtaí luaite leis an aois nuair atáthar ag cuardach poist i mBrabant na Vallúine, áit a raibh 30 % de na cuardaitheoirí poist cláraithe 50 bliain d’aois nó níos sinne i mí Feabhra 2023 13 . Tá níos mó ná leath (53,3 %) d’iar-oibrithe LNSA níos sine ná 45.

20.Cé gur chuir géarchéim COVID-19 dlús leis an gcuardach ar oibrithe a bhfuil níos mó cáilíochtaí acu i margadh saothair na Beilge 14 , is próifílí láimhseálaithe a bhíonn i lucht saothair LNSA go bunúsach. Mar sin, d’fhéadfadh sé a bheith deacair ar na hoibrithe sin ath-imeascadh san fhostaíocht; d’fhéadfadh sé a bheith níos deacra fós orthu athmheascadh le conarthaí cobhsaí, toisc go dtugtar conarthaí gearra san earnáil de ghnáth.

21.Áitíonn údaráis na Vallúine go mbeidh tionchar ar leith ag na hiomarcaíochtaí in LNSA ar dhá chatagóir oibrithe (oibrithe ar bheagán oiliúna agus iad siúd atá 50+ bliain d’aois) atá faoi mhíbhuntáiste cheana féin sa mhargadh saothair réigiúnach.

22.Thairis sin, leis an staid eacnamaíoch (ardú ar bhoilsciú, méadú ar phraghsanna amhábhar agus fuinnimh, etc.) a bhfuil tionchar ag an gcomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair uirthi, tá laghdú tagtha ar chorrlaigh na bhfiontar agus ar a niomaíochas. I gcás 2023, tuarann IWEPS (Institut wallon de l’évaluation, de la prospective et de la statistique [Institiúid Meastóireachta, Fadbhreathnaitheachta agus Staidrimh na Vallúine]) méadú teoranta 1,1 % 15 ar OTI na Vallúine (1,4 pointe céatadáin níos lú ná in 2022). Sna himthosca sin, beidh tacaíocht bhreise spriocdhírithe ag teastáil ó iar-oibrithe LNSA chun cur leis an seans atá acu post nua a aimsiú.

Cur i bhfeidhm Chreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um réamhaíocht ar athrú agus athstruchtúrú

23.Thug an Bheilg tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh na moltaí a leagtar amach i gCreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um réamhaíocht ar athrú agus athstruchtúrú.

24.Chomhlíon Logistics Nivelles dlí na Beilge maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna, lena mbunaítear nós imeachta éigeantach maidir le hionadaithe na noibrithe a chur ar an eolas agus maidir le dul i gcomhairle leo. Leis an nós imeachta is féidir féachaint an bhféadfaí iomarcaíochtaí a sheachaint nó an líon iomarcaíochtaí a laghdú. Féachann sé freisin leis na hiarmhairtí a bhaineann le cailliúint post a mhaolú trí bhearta sóisialta comhlántacha, amhail tacaíocht chun oibrithe iomarcacha a ath-imlonnú a chur faoi oiliúint arís. A bhuí leis an gcaibidlíocht, bhíothas in ann buiséad sonrach a fháil arb é atá ann EUR 1 500 in aghaidh an oibrí chun costais athoiliúna a chumhdach.

25.Déantar foráil i reachtaíocht réigiúnach na Vallúine 16 maidir le tacaíocht shonrach d’oibrithe iomarcacha, i bhfoirm aonad ath-imlonnaithe (cellule de reconversion) 17 ón tSeirbhís Phoiblí Fostaíochta agus Gairmoiliúna Réigiúnach (Forem), arna iarraidh sin ag eagraíochtaí ionadaíocha na noibrithe. Níl aon oibleagáid ar an bhfostóir ná ar Forem maidir leis an aonad ath-imlonnaithe. Is tríd an aonad ath-imlonnaithe sin a dhéanfar bainistiú ar chur chun feidhme na mbeart atá cómhaoinithe ag CED.

26.Maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh chun cúnamh a thabhairt do na hoibrithe iomarcacha, tá sé tuairiscithe ag an mBeilg, faoin dlí saothair náisiúnta 18 maidir le bainistiú gníomhach athstruchtúrúcháin, go gcuirtear de cheangal ar fhiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh acu aonad fostaíochta (cellule pour l’emploi) a bhunú 19 , arb é is cuspóir dó 30 uair an chloig de sheirbhísí socrúcháin sheachtraigh a sholáthar d’oibrithe a scaoileadh chun bealaigh i gcomhthéacs iomarcaíochtaí comhchoiteanna i dtréimhse 3 mhí (60 uair an chloig laistigh de 6 mhí i gcás oibrithe 45+ d’aois). Cuireadh tús le seirbhísí an aonaid fostaíochta díreach tar éis na niomarcaíochtaí.

Comhlántacht maidir le gníomhaíochtaí atá á maoiniú ó chistí náisiúnta nó ó chistí an Aontais

27.Maidir leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu thíos agus atá ag fáil ranníocaíocht airgeadais ó CED, dheimhnigh an Bheilg nach bhfaighidís ranníocaíochtaí airgeadais ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais sa bhreis ar an rannaíocht ó CED sin.

28.Leis an bpacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe, comhlánaítear gníomhaíochtaí a chistítear le cistí náisiúnta eile nó le cistí eile de chuid an Aontais (féach na seirbhísí socrúcháin sheachtraigh a bhfuil tuairisc orthu i mír 26).

Na nósanna imeachta chun dul i gcomhairle leis na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu nó lena nionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta chomh maith le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha

29.Chuir an Bheilg in iúl gur tarraingíodh suas an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, lena nionadaithe agus lena gcomhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 7(4).

30.Agus é d’aidhm acu pacáiste fónta de bhearta saincheaptha a ullmhú chun tacú le hiarrachtaí oibrithe LNSA filleadh ar an obair, tháinig Forem, ceardchumainn (FGTB 20 agus CSC 21 ) agus comhpháirtithe eile le chéile an 6 Aibreán, an 11 Bealtaine agus an 21 Meitheamh 2022, chun tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais athoiliúna a noibrithe. Chuathas i gcomhairle freisin leis na comhairleoirí sóisialta a thug cuidiú do na hoibrithe tar éis a ndífhostaithe. Is é an toradh a bhí ar na cruinnithe sin pacáiste comhordaithe de bhearta CED a chomhlánaíonn na bearta caighdeánacha a mhol an taonad fostaíochta.

Na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu agus na bearta atá beartaithe

Na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu

31.Tá coinne leis go nglacfaidh na hoibrithe iomarcacha ar fad, is é sin 603 oibrí, páirt sna bearta. De bhun Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 8(7), pointe (f), is é seo a leanas miondealú na noibrithe sin de réir inscne, aoisghrúpa agus leibhéal oideachais:

Catagóir

An líon
tairbhithe a bhfuil coinne leo

Inscne:

Fir:

586

(97,2 %)

Mná:

17

(2,8 %)

Neamh‑dhénártha

0

(0,0 %)

Aoisghrúpa:

Faoi bhun 30 bliain:

27

(4,5 %)

30‑54 bliana:

450

(74,6 %)

Os cionn 54 bliana:

126

(20,9 %)

Leibhéal oideachais

Oideachas meánscoile íochtaraí nó níos lú 22  

294

(48,8 %)

Oideachas meánscoile uachtaraí 23 nó oideachas iar-mheánscoile 24

277

(45,9 %)

Oideachas treasach 25

32

(5,3 %)

Na bearta atá beartaithe

32.De bhun Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 8(7), pointe (h), is iad na bearta seo a leanas atá sa phacáiste comhordaithe pearsanaithe atá le soláthar d’oibrithe iomarcacha:

Seirbhísí faisnéise, treoir ghairme agus cúnamh i socrúchán seachtrach. Leis an tsraith seirbhísí sin, leathnaítear na gníomhaíochtaí caighdeánacha a thacaíonn le hiar-oibrithe Logistics Nivelles agus a rinne aonad fostaíochta Forem thar ceann an fhiontair atá ag dífhostú. Cuirfear síneadh leis an tairiscint chaighdeánach thar an tréimhse éigeantach agus déanfar seirbhísí sonracha breise amhail seirbhísí cóitseála aonair, seirbhísí gníomhacha cuardaigh poist agus seirbhísí meaitseála poist a mholadh. Tabharfar aird ar leith ar dhaoine leochaileacha atá faoi anacair shíceolaíoch, féichiúnas, nó míchumas aitheanta trí bhíthin gairmithe a bhfuil saineolas acu ar chúnamh a thabhairt do na grúpaí sin.

Oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint. Beidh rochtain ag oibrithe ar thairiscint chaighdeánach oiliúna Forem agus a chomhpháirtithe. Bainfear úsáid as modúil shonracha maidir le cuardach poist chomh maith. Ina theannta sin, tar éis tionscadail aonair a phróifíliú agus a chomhaontú leis an gcomhairleoir gairme, cuirfear oiliúint shonrach ar fáil chun freastal ar na riachtanais a sainaithníodh. Tá modúl a forbraíodh go sonrach d’oibrithe lóistíochta 26 á thairiscint freisin chun scileanna TF a fheabhsú agus chun neamhspleáchas digiteach a fháil. Comhlánaíonn an modúl sin an modúl chun scileanna digiteacha a fhorbairt atá ina chuid den ghnáthoiliúint a chuireann Forem ar fáil.

Tacaíocht chun gnólacht a chruthú. Tá an beart dírithe ar oibrithe ar mian leo a ngnó féin a bhunú. Áireofar leis sin céim diagnóise agus treoraíochta, gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir leis an bhfiontraíocht, seisiúin eolais ar an bhféidearthacht atá ann gnólacht a chruthú trí dhiagnóisiú eacnamaíoch críochach agus líonrú a dhéanamh le fiontraithe ábhartha agus cóistí cáilithe tionscnaimh.

Ranníocaíocht chun gnólacht a chruthú. Na hoibrithe a thosaíonn gnólacht nó gníomhaíocht mar dhaoine féinfhostaithe, gheobhaidh siad siúd ranníocaíocht suas le EUR 15 000. Íocfar an ranníocaíocht in dhá thráthchuid, tar éis doiciméid tacaíochta a sholáthar ag tús agus le linn fhorbairt na gníomhaíochta gnó.

Dreasachtaí agus liúntais: (1) Liúntas um chuardach poist agus liúntas oiliúna. Gheobhaidh na hoibrithe EUR 2 in aghaidh gach uaire a chaitheann siad faoi oiliúint éifeachtach nó ag gabháil do ghníomhaíochtaí um chuardach poist. (2) Bónas maidir le scileanna TF a fheabhsú. Na hoibrithe sin a dhéanann an modúl maidir le rochtain ar an neamhspleáchas digiteach, gheobhaidh siad cnapshuim EUR 400 ar choinníoll go nglacfaidh siad páirt ghníomhach ann agus go gcríochnóidh siad an oiliúint. Is é is aidhm don bhónas an neamhlitearthacht dhigiteach a laghdú trí iar-oibrithe LNSA a spreagadh chun a gcuid scileanna TF a fheabhsú. (3) Bónas maidir le scileanna teanga a fheabhsú. Na hoibrithe sin a dhéanann an modúl dianoiliúna teanga a a eagraíonn Forem nó tumchúrsa i bhfiontar chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna Ollainnise, Béarla nó Gearmáinise mar chuid de chuardach poist shonraigh, gheobhaidh siad cnapshuim EUR 500. Is é cuspóir an bhónais forbairt scileanna trasdisciplíneacha teanga a spreagadh chun ath-imeascadh oibrithe i bpoist a éascú. (4) Liúntas chun dul ar ais ar scoil. Deonófar liúntas míosúil de EUR 350 d’oibrithe a théann i mbun staidéir mheánscoile agus threasacha go lánaimseartha ar feadh bliain amháin ar a laghad, nó i mbun oiliúint cháilitheach 3 mhí ar a laghad chun na scileanna riachtanacha a fhoghlaim le haghaidh poist a bhfuil éileamh orthu agus a bhfuil sé deacair daoine a aimsiú dóibh, ar poist iad a bhaineann le feidhmeanna criticiúla 27 nó a bhfuil éagothroime mhór iontu ó thaobh inscne de. (5) Liúntas chun gnólacht a chruthú. Chun tacú leis na hoibrithe agus iad ag bunú a ngnólachta, tabharfar liúntas míosúil de EUR 350 dóibh ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí.

33.An oiliúint chun neamhspleáchas digiteach a fháil a luaitear thuas a chomhlánaíonn oiliúint chaighdeánach Forem maidir le scileanna digiteacha a fhorbairt, mar aon le modúl ar an ngeilleagar ciorclach agus úsáid éifeachtúil acmhainní, tá sí i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 7(2). Beidh an modúl maidir leis an ngeilleagar ciorclach agus úsáid éifeachtúil acmhainní a forbraíodh d’iar-oibrithe Swissport (EGF/2020/005 BE) 28 ina chuid de thairiscint oiliúna caighdeánach Forem atá cómhaoinithe ag CSE+. Dá bhrí sin, ní dhéantar foráil bhuiséadach maidir leis sa togra seo. Thairis sin, tá geilleagar acmhainntíosach ag croílár na tairisceana oiliúna de lárionad oiliúna ‘comhshaoil’ Forem 29 .

34.Maidir leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe, a bhfuil tuairisc orthu anseo, is bearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair iad atá laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/691. Ní chuirfear na gníomhaíochtaí sin in ionad bearta éighníomhacha cosanta sóisialta.

35.Tá sé curtha in iúl ag an mBeilg gur cuireadh tús leis an 30/60 uair an chloig de sheirbhísí socrúcháin sheachtraigh díreach tar éis a niomarcaíochtaí, seirbhísí atá ina noibleagáid dhlíthiúil don fhostóir. Tháinig an taonad ath-imlonnaithe atá cómhaoinithe ag CED i bhfeidhm tar éis dheireadh na hoibleagáide dlíthiúla gan aon bhearna ama.

36.Sholáthair an Bheilg an fhaisnéis is gá faoi bhearta atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhua comhaontuithe comhchoiteanna. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 9(1), dheimhnigh an Bheilg nach gcuirfear ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na mbeart sin.

Buiséad measta

37.Is é EUR 2 533 363 na costais mheasta iomlána, a chuimsíonn caiteachas EUR 2 484 363 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 49 000 ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe.

38.Is é EUR 2 153 358 (85 % de na costais iomlána) an ranníocaíocht airgeadais iomlán a iarradh ó CED.

39.De bhun Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 8(7), pointe (m), shonraigh an Bheilg gurb í an Vallúin a sholáthraíonn an réamh-mhaoiniú agus an comhchistiú náisiúnta.

Bearta

An líon measta rannpháirtithe

An costas measta in aghaidh an rannpháirtí 
(EUR) 30

Costais iomlána mheasta

(EUR) 31  

Seirbhísí pearsantaithe (bearta faoi Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (a))

Seirbhísí faisnéise, treoir ghairme agus cúnamh i socrúchán seachtrach

(reconversion: accompagnement/orientation/mobilisation)

603

2 924

1 762 914

Oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint
(
formations et modules spécifiques)

300

364

109 200 32

Tacaíocht le gnólacht a chruthú
(
dispositif d'accompagnement à l'entrepreneuriat)

60

2 028

121 681

Ranníocaíocht chun gnólacht a chruthú
(
bourse de lancement)

12

10 000

120 000

Fo‑iomlán (a):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe

2 113 795

(85,08 %)

Liúntais agus dreasachtaí (bearta faoi Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (b))

Dreasachtaí agus liúntais
(
allocation de recherche d'emploi et de formation, prime numérique, prime langue, allocation de reprise d'études, allocation d'entrepreneuriat)

603

615

370 568

Fo‑iomlán (b):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe:

370 568

(14,92 %)

Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2021/691

1. Gníomhaíochtaí ullmhúcháin

0 33

2. Bainistíocht

20 000

3. Faisnéis agus poiblíocht

15 000

4. Rialú agus tuairisciú

14 000

Fo‑iomlán (c):

An céatadán de na costais iomlána:

49 000

(1,93 %)

Costais iomlána (a + b + c):

2 533 363

Ranníocaíocht ó CED (85 % de na costais iomlána)

2 153 358

40.Costais na mbeart a shainaithnítear sa tábla thuas mar bhearta faoi Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (b), ní mó iad ná 35 % de na costais iomlána don phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe. Dheimhnigh an Bheilg go bhfuil na bearta sin ag brath ar rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cuardach poist nó le hoiliúint.

41.I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 7(2), an ceathrú fomhír, dheimhnigh an Bheilg nach mbeidh costais na n‑infheistíochtaí le haghaidh féinfhostaíochta, gnólachtaí nuathionscanta agus táthcheangail ó fhostaí níos mó ná EUR 22 000 in aghaidh an tairbhí.

Tréimhse incháilitheachta caiteachais

42.An 1 Lúnasa 2022, chuir an Bheilg tús leis na seirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu 34 . Dá bhrí sin, an caiteachas ar na bearta, is caiteachas é a bheidh incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Lúnasa 2022 go dtí 24 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an Cinneadh Maoiniúcháin i bhfeidhm.

43.An 22 Meán Fómhair 2021, thosaigh an Bheilg ag tabhú an chaiteachais riaracháin chun CED a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, beidh an caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 22 Meán Fómhair 2021 go dtí 31 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh Maoiniúcháin.

Córais bhainistíochta agus rialaithe

44.Déantar tuairisc san iarratas ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 23, lena sonraítear freagrachtaí na gcomhlachtaí lena mbaineann. Thug an Bheilg fógra don Choimisiún gurb iad na comhlachtaí céanna a bhainistíonn agus a rialaíonn CSE+ a bhainisteoidh agus a rialóidh an ranníocaíocht airgeadais.

Na gealltanais a thug an Ballstát lena mbaineann

45.Chuir an Bheilg na dearbhuithe uile ar fáil a bhfuil gá leo maidir leis na nithe seo a leanas:

cloífear leis na prionsabail um chóir chomhionann agus neamh‑idirdhealú sa rochtain ar na bearta atá beartaithe agus i gcur chun feidhme na mbeart sin,

comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna,

maidir le LNSA a lean dá chuid gníomhaíochtaí tar éis dó na daoine lena mbaineann a scaoileadh chun bealaigh 35 , chomhlíon sé a chuid oibleagáidí dlíthiúla agus rinne sé riar ar a chuid oibrithe dá réir,

beidh cosc ar aon mhaoiniú dúbailte,

cloífidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED le rialacha nós imeachta agus rialacha ábhartha an Aontais maidir le Státchabhair.

IMPLEACHT BHUISÉADACH

Togra buiséadach

46.Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 36 .

47.Tar éis don Choimisiún an t‑iarratas a scrúdú i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/691, agus tar éis dó an líon tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, na bearta atá beartaithe agus na costais mheasta a chur san áireamh, tá sé beartaithe aige CED a shlógadh le haghaidh EUR 2 153 358, méid arb é 85 % de chostais iomlána na mbeart atá beartaithe é, chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar i leith an iarratais.

48.Maidir le CED a shlógadh, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt le chéile a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe de bhun Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, an dara habairt, mar a leagtar síos i bpointe 9 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 37 .

Gníomhartha gaolmhara

49.An tráth céanna a chuirfidh an Coimisiún an togra sin le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh i láthair, déanfaidh sé togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an méid EUR 2 153 358 a aistriú chuig an líne bhuiséadach ábhartha.

50.An tráth céanna a ghlac an Coimisiún an togra seo le haghaidh cinneadh CED a shlógadh, ghlac sé cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais arb é atá ann cinneadh maoiniúcháin de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 38 , Airteagal 110. Tiocfaidh an cinneadh maoiniúcháin sin i bhfeidhm an dáta a gheobhaidh an Coimisiún fógra go bhfuil an taistriú buiséadach formheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, de bhun Rialachán (AE) 2021/691, Airteagal 15(2), an chéad fhomhír, de.

2023/0152 (BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2023/001 BE/LNSA

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 39 , agus go hairithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 40 , agus go háirithe pointe 9 de,

Ag féachaint don Togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe iomarcacha agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúrúcháin, sin agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar obair chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.

(2)Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 41 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/691.

(3)An 17 Feabhra 2023, chuir an Bheilg iarratas isteach chun CED a shlógadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/691, i leith iomarcaíochtaí oibrithe in Logistics Nivelles SA agus i soláthraí amháin sa Bheilg. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2021/691. Meastar na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a sholáthar a bheith á gcomhlíonadh ag an iarratas, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691, ar bhonn an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún sa Togra le haghaidh Cinneadh maidir le slógadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 .

(4)Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 2 153 358 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Bheilg isteach.

(5)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a thógfar chun CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2023, slógfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha chun an méid EUR 2 153 358 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha] 43.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
(2)    Rialachán Tarmligthe 2019/1755 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2019 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú aicmiú coiteann na naonad críche le haghaidh staidrimh (NUTS). IO L 270, 24.10.2019, lgh. 1-56.
(3)    Bhí LNSA lonnaithe i gCúige Bhrabant na Vallúine (BE31). Mar sin féin, tá 86,3 % de na hoibrithe dífhostaithe ina gcónaí in Hainaut.    
(4)    IO L 393, 30.12.2006, lch. 1.
(5)    I gcomhréir le hAirteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2021/691.
(6)    Is cuideachta iompair agus loighistice domhanda é Kuehne + Nagel International AG atá lonnaithe san Eilvéis. Déanann sé gníomhaíochtaí seolta lastaí mara agus aerlastaí, lóistíochta ar conradh agus iompair thar tír.
(7)    Foinse: Miontuairiscí chomhairle oibreacha LNSA an 22 Meán Fómhair 2021.
(8)    Fochuideachta de chuid K+N freisin.
(9)    Baineann coincheap an chraptha leis na costais a eascraíonn as caillteanais earraí a tharlaíonn le linn láimhseála nó mar gheall ar ghoid nó faillí.
(10)    Meánmhéid 2022 R4. Foinse: Statbel . ‘Táscairí ráithiúla mhargadh an tsaothair maidir le dearbhfhigiúirí agus figiúirí coibhneasta i leith inscne agus aoisghrúpa (2017-2022 4ú ráithe)’.
(11)     Le Forem , ‘Marché de l’emploi. Tendances et conjoncture en Wallonie’. Eanáir 2023.
(12)     Le Forem , ‘Emploi du temps. Photo locale de la demande d’emploi’. Feabhra 2023.
(13)    Ibid.
(14)    Bodart, V. & B. Van der Linden (2022), Crise du COVID-19. Rebond économique et difficultés de recrutement en Belgique. Regards économiques 168, UCLouvain.
(15)     IWEPS, Perspectives économiques 2022-2027  
(16)    Foraithne Rialtas na Vallúine an 29 Eanáir 2004, arna leasú le Foraithne an 30 Aibreán 2009.
(17)     Forem. Teagmhas athstruchtúrúcháin: aonaid ath-imlonnaithe
(18)    Foraithne Ríoga (Arrêté Royal) an 10 Samhain 2006 lena leasaítear Foraithne Ríoga an 9 Márta 2006.
(19)     Forem. Teagmhas athstruchtúrúcháin: aonaid fostaíochta
(20)    Fédération générale du travail de Belgique.
(21)    Conféderation des syndicats chrétiens.
(22)    ISCED 0-2
(23)    ISCED 3
(24)    ISCED 4
(25)    ISCED 5-8
(26)    An modúl chun rochtain a fháil ar an neamhspleáchas digiteach a forbraíodh faoi chuimsiú idirghabháil CED chun tacú le hoibrithe iomarcacha san fhiontar lóistíochta TNT (EGF/2022/002 BE TNT, COM(2023) 069).
(27)     Liosta post a bhfuil éileamh orthu agus a bhfuil sé deacair daoine a aimsiú dóibh nó a bhaineann le feidhmeanna criticiúla. ‘Métiers en tension de recrutement en Wallonie. Liste des métiers/fonctions critiques et en pénurie ’. Le Forem 2020 .
(28)    COM(2021) 212.
(29)     www.formation-environnement.be
(30)    Chun deachúlacha a sheachaint, slánaítear na meánchostais mheasta in aghaidh an oibrí. Mar sin féin, ní dhéanann an slánú aon difear do chostas iomlán gach birt atá fágtha dála an iarratais a chuir an Bheilg isteach.
(31)    Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile.
(32)    Iarrtar cómhaoiniú ó CED le haghaidh oiliúint nach bhfuil cuimsithe i dtairiscint Forem, agus ní chumhdaítear é le buiséad sonrach LNSA don athoiliúint dá dtagraítear i bpointe uimh.°24.
(33)    Déantar gníomhaíochtaí ullmhúcháin a mhaoiniú trí bhuiséad oibriúcháin Forem d’athoiliúint chomhchoiteann.
(34)    Bearta atá ina dtaca le hoibrithe iomarcacha laistigh de na 6 mhí roimh thús na tréimhse tagartha.
(35)    Dhún LNSA a áitreabh oibre sa Vallúin. Leanann sé d’oibríochtaí ina áitreabh i bhFlóndras, áfach.
(36)    IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(37)    IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 29.
(38)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 IO L 193, 30.7.2018, lch. 1
(39)    IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
(40)    IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 29
(41)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
(42)    COM(2023) 210.
(43)    An dáta le cur isteach ag an bParlaimint sula bhfoilsítear san IO é.
Top