Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0071

    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 98/24/CE ón gComhairle agus Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na teorainnluachanna le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach agus dé-isicianáití

    COM/2023/71 final

    An Bhruiséil,13.2.2023

    COM(2023) 71 final

    2023/0033(COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 98/24/CE ón gComhairle agus Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na teorainnluachanna le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach agus dé-isicianáití

    {SEC(2023) 67 final} - {SWD(2023) 34 final} - {SWD(2023) 35 final} - {SWD(2023) 36 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Cúiseanna agus cuspóirí leis an togra

    Ceann de chuspóirí an Aontais Eorpaigh is ea dea-bhail agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, bunaithe ar gheilleagar sóisialta margaidh atá aniomaíoch agus é d’aidhm aige lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach 1 . Cumhdaítear in Airteagal 31 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an ceart atá ag gach oibrí chun dálaí oibre lena nurramaítear a shláinte, a shábháilteacht agus a dhínit. Luaitear i bPrionsabal 10 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 2 go bhfuil sé de cheart ag oibrithe ardleibhéal cosanta a fháil dá sláinte agus dá sábháilteacht ag an obair.

    Iarann Eoraip shóisialta láidir feabhsuithe leanúnacha i dtreo obair atá níos sábháilte agus níos sláintiúla le haghaidh gach duine. Le blianta beaga anuas, mar gheall ar chreat beartais agus rialacha AE maidir le sábháilteacht agus sláinte cheirde (OSH) cuireadh go mór le feabhas a chur ar dhálaí oibre, go háirithe maidir le cosaint oibrithe ar nochtadh do charcanaiginí agus do cheimiceáin ghuaiseacha eile. I gcomhthéacs ina bhfuil OSH ard ar an gclár oibre polaitiúil 3 , socraíodh nó athbhreithníodh teorainnluachanna nochta agus forálacha eile le haghaidh go leor substaintí nó grúpaí substaintí faoi Threoir 2004/37/CE 4 maidir le Carcanaiginí, Só-ghineacha agus Substaintí atá Tocsaineach don Atáirgeadh (CMRD) agus faoin Treoir maidir le hOibreáin Cheimiceacha 98/24/CE 5 (CAD).

    Tá sé ríthábhachtach timpeallachtaí oibre sláintiúla agus sábháilte a áirithiú chun oibrithe a chosaint, tacú le gníomhaíocht eacnamaíoch agus táirgiúlacht, agus téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe a chothú. Dá réir sin, d’fhógair an Coimisiún i bplean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 6 go raibh sé ar intinn aige timpeallacht oibre shláintiúil shábháilte dea-oiriúnaithe a áirithiú. Deimhníodh é sin nuair a glacadh creat straitéiseach maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 7 . Cuireann cosaint oibrithe ar nochtadh do shubstaintí guaiseacha le cuspóirí Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa. Chomh maith leis sin, aithnítear i straitéis ceimiceán 2020 um an inbhuanaitheacht (CSS) 8 an gá atá le cosaint oibrithe a neartú agus sainaithnítear luaidhe 9 agus dé-isicianáití 10 i measc na substaintí ceimiceacha is díobhálaí le gníomhú orthu.

    Na substaintí lena mbaineann

    Is substaint thocsaineach cheirde don atáirgeadh í an luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha (dá ngairtear ‘luaidhe’ anseo feasta) a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar fheidhm ghnéasach agus ar thorthúlacht agus ar fhorbairt an fhéatais, agus a d’fhéadfadh éifeachtaí sláinte eile a chruthú. Luaitear go bhfuil sé freagrach as tuairim is leath de chásanna drochshláinte ceirde atáirgthe. Is príomhasmaiginí riospráide dé-isicianáití. Léiríodh i staidéir go mbaineann nochtadh ceirde le 9 %-15 % de chásanna asma i measc daoine fásta in aois oibre 11 .

    Tá sé d’aidhm ag an togra seo athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainnluachanna atá ann cheana maidir le luaidhe agus luachanna teorantacha den chéad uair a thabhairt isteach maidir le dé-isicianáití, rud a chuideoidh le hardleibhéal cosanta a bhaint amach do shláinte agus sábháilteacht oibrithe. Go sonrach, tá an leasú atá beartaithe ar CMRD agus CAD dírithe ar:

    (1)athbhreithniú a dhéanamh ar an teorainn nochta ceirde (OEL) 12 le haghaidh luaidhe trí Iarscríbhinn III a ghabhann le CMRD a leasú agus a teorainnluach bitheolaíoch (BLV) 13 a athbhreithniú trí Iarscríbhinn IIIa a leasú;

    (2)an tagairt don OEL agus BLV seanbhunaithe le haghaidh luaidhe in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le CAD a bhaint;

    (3)teorainnluachanna a shocrú, den chéad uair, (OEL agus teorainn nochta ghearrthéarmaigh (STEL 14 )) le haghaidh dé-isicianáití in Iarscríbhinn I a ghabhann le CAD.

    Na treoracha lena mbaineann

    Luadh an gá atá le hoibrithe a chosaint ar nochtadh do luaidhe agus do dhé-isicianáití i gcreat straitéiseach AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027. Tagann dé-isicianáití faoi raon feidhme Threoir 98/24/CE 15 (CAD), agus tagann luaidhe faoi Threoir 2004/37/CE 16 (CMRD). Leasaíodh an dara ceann acu sin tar éis ghlacadh Threoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2022 trí raon feidhme na Treorach maidir le Carcanaiginí agus Só-ghineacha (CMD) 17 a leathnú chuig substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair, nár tugadh aghaidh orthu ach go dtí sin faoi CAD.

    Trí theorainnluachanna cosantacha níos mó a thabhairt isteach le haghaidh luaidhe agus luachanna teorann le haghaidh dé-isicianáití, cuirtear leis an leibhéal cosanta gan athruithe a éileamh ar cheanglais ghinearálta na dTreoracha. Ós rud é gur aistríodh luaidhe OEL agus a BLV chuig CMRD tar éis an leasaithe a tugadh isteach le Treoir AE 2022/431, ba cheart iad a scriosadh ó Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le CAD faoi seach. Is athrú teicniúil é seo nach ndéanann difear do raon feidhme ná do cheanglais ghinearálta an dá Threoir.

    ·Teorainnluachanna a shocrú maidir le cosaint ar dhrochsláinte atáirgthe agus asma

    Luaidhe

    Is substaint cheirde atá tocsaineach don atáirgeadh í an luaidhe a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an bhfeidhm ghnéasach agus ar thorthúlacht d’fhir agus do mhná araon, agus ar fhorbairt an fhéatais nó an tsleachta (tocsaineacht fhorbartha). D’fhéadfadh torthúlacht lagaithe, breith anabaí nó fabhtanna troma breithe a bheith mar thoradh ar nochtadh do luaidhe, chomh maith le héifeachtaí díobhálacha eile mar néarthocsaineacht, tocsaineacht duánach, éifeachtaí cardashoithíoch agus éifeachtaí haemaiteolaíocha.

    Baineann luaidhe le thart ar leath de na nochtaí ceirde go léir de shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh agus cásanna gaolmhara drochshláinte atáirgthe 18 . Tá mórán úsáidí éagsúla ag luaidhe faoi láthair. Is iad na príomhearnálacha le haghaidh táirgeadh tionsclaíoch agus úsáid luaidhe táirgeadh príomhúil agus táirgeadh tánaisteach luaidhe (lena náirítear athchúrsáil ceallraí); táirgeadh ceallraí, bileog luaidhe agus armlóin; ocsaídí luaidhe agus friot luaidhe a tháirgeadh; táirgeadh luaidhe gloine agus táirgeadh criadóireachta. Is féidir nochtadh do luaidhe tarlú freisin in úsáid thionsclaíocha eile, amhail i dteilgcheártaí agus i dtáirgeadh earraí de chóimhiotail le luaidhe; agus táirgeadh agus úsáid líocha le haghaidh péinteanna agus plaisteach. Chomh maith leis na núsáidí sin, d’fhéadfadh nochtadh tarlú níos faide síos sa slabhra táirgí agus i gcás ina ndéantar dramhaíl de na hearraí agus de na hábhair nó le linn ábhair athchúrsáilte a aisghabháil. Samplaí de ghníomhaíochtaí iartheachtacha is ea úsáidí péinteanna; armlón luaidhe a úsáid ar raonta lámhaigh (e.g. mar chuid de ghníomhaíochtaí cosanta, oird phoiblí nó sábháilteachta); oibriú le miotal luaidhe; scartáil, deisiú agus bainistiú dramhmhiotail; bainistiú dramhaíola eile agus leasú ithreach; agus ag obair i saotharlanna. Ina theannta sin, d’fhéadfaí oibrithe a nochtadh do luaidhe ar leibhéil shuntasacha óna núsáidí stairiúla i ngníomhaíochtaí amhail athchóiriú, bailiú dramhaíola, athchúrsáil agus leasú 19 . Thairis sin, faightear luaidhe i líon mór d’fhoirgnimh stairiúla na hEorpa, lena náirítear na cinn a bhfuil an luach oidhreachta cultúrtha is airde acu, agus d’fhéadfadh oibrithe atá i mbun oidhreacht ollmhór na hEorpa a athchóiriú teagmháil a dhéanamh léi freisin. I bhfoirgnimh stairiúla, is féidir le luaidhe a bheith i bhfuinneoga gloine daite, díonta nó gnéithe maisiúla.

    Meastar go bhfuil thart ar 50 000 go 150 000 oibrí san Aontas nochtaithe do luaidhe faoi láthair 20 . Tarlaíonn timpeall 300 cás drochshláinte gach bliain mar thoradh ar nochtadh ceirde do luaidhe roimhe seo. Tá tábhacht leis an nochtadh sin toisc gur féidir leis an luaidhe carnadh i gcnámha na noibrithe nochta, agus ar an gcaoi sin cur leis an ualach foriomlán coirp agus le dóchúlacht na drochshláinte ainsealaí.

    Is ionanálú agus ionghabháil trí theagmháil lámh le béal mar gheall ar easpa tís agus sláinteachas pearsanta na príomhbhealaí nochta ceirde. Meastar gur beag é an t‑ionsú deirmeach ar luaidhe neamhorgánach. Meastar nochtadh trí ionghabháil a bheith suntasach agus is spreagadh tábhachtach é an bealach nochta seo d’fhorbairt na drochshláinte. ]Baineann ísliú an OEL le nochtadh trí ionanálú a laghdú agus tá gá le bearta breise chun nochtadh trí ionghabháil a íoslaghdú. Aithnítear tiúchan luaidhe fola mar an méadrach nochta is fearr chun nochtaí ceirde maidir le luaidhe a mheas, lena n‑áirítear trí ionghabháil, agus tá leibhéil luaidhe inmheánacha cinntitheach chun an riosca foriomlán don tsláinte a chinneadh.

    Tá gá leis an teorainn nochta ceirde (OEL) a ísliú chun cuidiú an nochtadh ceirde a laghdú, toisc go bhféadfadh tiúchan ard aeir a bheith ina chúis le héilliú freisin. Is é comhlíonadh an luacha teorann bitheolaíoch (BLV) an phríomhuirlis chun oibrithe a chosaint ar thocsaineacht luaidhe agus monatóireacht a dhéanamh ar a charnadh sa chorp. Dá bhrí sin, tá an BLV agus an OEL comhlántach.

    Tugadh isteach an OEL agus BLV ceangailteach de chuid an Aontais le haghaidh luaidhe den chéad uair faoi threoir shonrach maidir le luaidhe in 1982 21 agus níor tugadh cothrom le dáta iad le breis agus 40 bliain. Sna treoirlínte praiticiúla neamhcheangailteacha ó 2007 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair 22 , tugtar treoshuíomh ar fhaireachas sláinte maidir le luaidhe, ach is dócha go bhfuil siad as dáta.

    Cuirtear san áireamh sa togra seo na forbairtí agus na torthaí eolaíocha agus teicniúla is déanaí, tuairimí 23 an Choiste um Measúnú Rioscaí (RAC) de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (REACH) 24 , agus tuairimí an Choiste Chomhairligh thrípháirtigh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH) 25 , agus cinntear ann gur cheart BLV le haghaidh luaidhe a bhunú ina bhfuil 15 µg/100ml fola, agus OEL gaolmhar ina bhfuil 0.03 mg/m3 mar mheán ualaithe thar thréimhse ama 8 nuair an chloig (TWA).

    Maidir le hoibrithe a nochtar do luaidhe, beidh an faireachas sláinte, mar a dhéantar é faoi láthair, fós mar chuid de chur chuige foriomlán maidir lena sláinte a chosaint. Dá bhrí sin, déantar Iarscríbhinn IIIa a athbhreithniú chun leibhéil nuashonraithe (níos ísle) a thabhairt isteach chun tiúchan nochta luaidhe san aer agus leibhéil luaidhe fola ag ar cheart faireachas leighis a dhéanamh. Leis an togra seo déantar athbhreithniú ar na leibhéil lena spreagtar, nuair a sháraítear iad, gá le faireachas leighis. Tomhaistear na leibhéil sin in oibrithe aonair. Ba cheart faireachas leighis a dhéanamh nuair is mó an nochtadh do thiúchan luaidhe san aer ná 0.015 mg/m3, arna ríomh mar mheán ualaithe thar thréimhse ama 40 uair an chloig in aghaidh na seachtaine, nó nuair is mó an leibhéal luaidhe san fhuil ná 9 μg Pb/100 ml fola. Is ionann go comhréireach an gaol idir na leibhéil thuas, a spreagann faireachas leighis, agus an OEL agus an BLV athbhreithnithe, agus atá san iarscríbhinn reatha a ghabhann leis an CMRD.

    Bíonn riosca ag baint le luaidhe do shláinte atáirgthe agus do shláinte fhorbartha an fhéatas nó sliocht na mban nochta 26 , rud a fhágann go gcailltear an chomhrann faisnéise (IQ) go príomha 27 . Chun oibrithe lena mbaineann a chosaint agus chun cabhrú le fostóirí rioscaí a bhainistiú, tá luach treorach bitheolaíoch (BGV 28 ) in Iarscríbhinn III lena luaitear nár cheart go rachadh an leibhéal luaidhe fola do mhná in aois clainne thar luachanna tagartha an phobail i gcoitinne nach bhfuil neamhchosanta ar luaidhe sa Bhallstát AE faoi seach. Nuair nach bhfuil leibhéil tagartha náisiúnta ar fáil, moltar nach sáraíonn leibhéil luaidhe fola na noibrithe lena mbaineann BGV 4.5 µg/100ml, mar a mholann RAC ina thuairim eolaíoch 29 (Roinn 8.2.4 den iarscríbhinn a ghabhann leis an tuairim).

    Úsáidtear an BGV mar tháscaire ar nochtadh ceirde agus ní mar tháscaire ar éifeachtaí díobhálacha sláinte. Dá bhrí sin, feidhmíonn sé mar mharcóir táscach chun foláireamh a thabhairt don fhostóir gur tharla nochtadh sa láthair oibre agus go bhféadfadh sé go mbeadh gá le gníomhaíocht feabhais, agus riachtanais oibrithe aonair á gcur san áireamh. Ba é a thuairim gur admhaigh RAC na fíorbhuarthaí agus na rioscaí féideartha don fhéatas mar thoradh ar nochtadh do luaidhe. Thug sé le fios, áfach, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil, nach féidir cainníochtú a dhéanamh ar an méid riosca a d’fhéadfadh a bheith ann mar bhonn chun BLV a mholadh don ghrúpa oibrithe seo. Dá bhrí sin, thug RAC le fios go cuirtear i dtábhacht sa Treoir an imní a bhaineann le nochtadh do luaidhe agus do thocsaineacht forbraíochta agus bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil, mhol sé BGV a úsáid do mhná in aois clainne.

    Dé-isicianáití

    Is oibreáin cheimiceacha ghuaiseacha iad dé-isicianáití i gcomhréir le hAirteagal 2(b) de CAD agus tagann siad faoi raon feidhme na Treorach sin. Mar gheall ar an ngá le haghaidh a thabhairt ar na rioscaí tromchúiseacha sláinte aitheanta a bhaineann go sonrach le dé-isicianáití, glacadh srian faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 i mí Lúnasa 2020 30 . Ceanglaítear leis an srian go ndéanfar oiliúint éigeantach ar oibrithe a úsáideann dé-isicianáití a chur i bhfeidhm faoi mhí Lúnasa 2023, i gcomhréir le critéir shonraithe a bhaineann le cineál na gníomhaíochta oibre.

    Is éard atá i gceist le dé-isicianáití íogróirí craicinn agus riospráide (asmaiginí) a bhfuil sé d’acmhainn acu asma ceirde agus galar deirmeach ceirde a chothú – frithghníomhartha ailléirgeacha a d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar nochtadh do shubstaintí den sórt sin. D’fhéadfadh athrú teacht ar aerbhealaí daoine (an ‘riocht hipiríogair’) mar thoradh orthu 31 . Nuair a éiríonn na scamhóga hipiríogair, d’fhéadfadh nochtadh breise don tsubstaint, fiú ag leibhéil ísle go leor, tús a chur le taom asma. Is iad na héifeachtaí sláinte is mó a bhaineann le nochtadh ceirde do dhé-isicianáití éifeachtaí sláinte riospráide (asma ceirde, íogrú isicianáite agus hipirfhreagrúlacht bhroinceach), arb iad na críochphointí criticiúla iad a bhaineann le nochtadh dé-isicianáite a tharlaíonn tar éis diannochtadh agus nochtadh fadtéarmach araon.

    Úsáidtear dé-isicianáití chun polúireatán (mar sholaid agus cúir), plaistigh, bratuithe, vearnaisí, péinteanna dhá phaca agus greamacháin a mhonarú. Nochtar oibrithe i gcuideachtaí monaraithe na n‑ábhar sin do dé-isicianáití, chomh maith le hoibrithe a úsáideann greamacháin, séaltáin, péinteanna agus bratuithe ina bhfuil dé-isicianáití. Úsáidtear na táirgí seo go forleathan i ndéanamh, i ndeisiú feithiclí, i ndeisiú ginearálta, agus i monarú teicstílí, troscáin agus mótarfheithiclí agus modhanna eile iompair, fearais tí, innealra agus ríomhairí. Athraítear dé-isicianáití le linn an phróisis táirgthe, agus ní bheidh siad ar fáil a thuilleadh sa táirge monaraithe deiridh. Dá bhrí sin, níl aon riosca ann d’úsáideoir an táirge (e.g., tomhaltóirí).

    Measadh i staidéir gur ionann tosca ceirde agus thart ar 9-15% de chásanna asma i measc daoine fásta in aois oibre 32 . Tá dé-isicianáití ar cheann de na cúiseanna is coitianta le hasma ceirde agus meastar go bhfuil líon na dteagmhas bliantúil san Aontas sa raon idir 2 350 agus 7 269 cás 33 34 35 . De réir meastachán 36 , tá thart ar 4.2 milliún oibrí nochta do dhé-isicianáití agus tá níos mó ná 2.4 milliún cuideachta san Aontas Eorpach i gceist, ar micrifhiontair nó FBManna an formhór díobh.

    I láthair na huaire, níl aon OEL ceangailteach ná teorainnluach nochta ghearrthéarmaigh (STEL) ann le haghaidh dé-isicianáití ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus tá 19 substaint dé-isicianáite aonair cláraithe faoi Rialachán REACH (Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006). Tarlaíonn éifeachtaí díobhálacha sláinte mar gheall ar chuid choiteann de na dé-isicianáití go léir (grúpa an NCO 37 ). Dá bhrí sin, breithníodh cur chuige grúpála mar go gceadódh sé OEL agus STEL coiteann do gach dé-isicianáit 38 . Tá sé sin ag teacht leis an gcur chuige grúpála atá fabhrach i straitéis ceimiceán an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht a glacadh le déanaí.

    Is príomhthoisc iad nochtaí buaice (fad gearr/leibhéil arda nochta) i dtosú asma ceirde 39 . Dá bhrí sin, is é STEL, a thugann aghaidh ar an mbealach is fearr ar nochtadh gearrthréimhse d’ardleibhéal arís agus arís eile, an beart rialála is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar phatrún nochta den chineál seo. Níorbh fhéidir anailís 40 a dhéanamh sa staidéar seachtrach a thacaíonn leis an tuarascáil ar am measúnú tionchair ach ar thionchair an OEL, áfach. Chiallaigh easpa sonraí ar thionchair um nochtadh gearrthéarmach nárbh fhéidir na cásanna drochshláinte gaolmhara a mheas, rud a fhágann gur dócha go ndéanfar gannmheastachán ar na costais agus na sochair. Thug RAC le fios, ar na cúiseanna sin, go mbeadh aon STEL dhá uair ar a mhéad chomh hard leis an OEL.

    Dá bhrí sin, i gcás dé-isicianáití, cuirtear chun cinn leis an togra seo OEL 6 µg/m³, in éineacht le STEL gaolmhar 12 µg/m³ agus nodaireacht íograithe dheirmeach agus riospráide, chomh maith le nodaireacht craicinn.

    Ceadaítear leis an togra seo, áfach, luach idirthréimhseach ag 10 µg/m³ a chur ar fáil do COETL gaolmhar de 20 µg/m³ go dtí an 31 Nollaig 2028. Leis an méid sin, beidh fostóirí in ann na hacmhainní teicniúla is gá a fháil chun an luach sin a thomhas agus am a thabhairt dóibh bearta bainistithe riosca a chur chun feidhme, go háirithe in earnálacha iartheachtacha. Ba cheart go gcomhlánófaí é le faireachas sláinte ar oibrithe chun aon tosú luath drochshláinte agus drochbhainistíocht ina dhiaidh sin ar oibrithe aonair a bhrath chun rioscaí breise a chosc mar gheall ar nochtadh do dhé-isicianáite. Le chéile, soláthraíonn na bearta sin ardleibhéal cosanta d’oibrithe.

    Chun cosaint éifeachtach oibrithe ar riosca galair cheirde a bhaint amach mar gheall ar nochtadh do dhé-isicianáití agus luaidhe, tá na teorainnluachanna leagtha síos sa togra seo ag an méid is féidir a bhaint amach agus féidearthacht theicniúil agus eacnamaíoch á cur san áireamh.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an togra seo i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe prionsabal 10 maidir leis an gceart chun timpeallacht oibre atá sláintiúil, sábháilte agus curtha in oiriúint i gceart, agus lena phlean gníomhaíochta. Trí athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainnluachanna reatha le haghaidh luaidhe, nár tugadh cothrom le dáta ó bhí 1982 ann, agus trí theorainnluachanna a thabhairt isteach le haghaidh dé-isicianáite, den chéad uair, a thagann faoin CAD ach nach bhfuil aon teorainnluachanna ann ina leith faoi láthair ar leibhéal an Aontais, cuidítear le hardleibhéal cosanta a bhaint amach maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe.

    Tógann an tionscnamh seo freisin ar thiomantas an Choimisiúin i gcreat straitéiseach AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021/2027 41 chun an OEL a ísliú tuilleadh le haghaidh luaidhe agus OEL a bhunú le haghaidh dé-isicianáití in 2022.

    Tá an togra comhsheasmhach le Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh 42 (‘Treoir Réime OSH’). Cinntíonn an Treoir Réime íoscheanglais sábháilteachta agus sláinte i ngach suíomh gairme, ní hamháin nuair a bhítear ag déileáil le substaintí ceimiceacha inti. Ina theannta sin, ní chuirtear bac leis ar threoracha eile, sa chás sin cuireann sé cosc ar an CAD agus ar an CMRD forálacha níos déine nó rialacha níos sonraí a bhunú chun cosaint oibrithe a fheabhsú tuilleadh.

    Cearta bunúsacha agus comhionannas, lena náirítear comhionannas inscne

    Meastar go bhfuil an tionchar ar chearta bunúsacha dearfach, go háirithe maidir le hAirteagal 2 (an ceart chun na beatha) agus Airteagal 31 (Dálaí oibre cothroma agus córa) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais 43 .

    Cé gur fir atá sa lucht saothair a bhíonn nochta do luaidhe den chuid is mó, mar a léirítear thuas, d’fhéadfadh rioscaí breise a bheith ag baint le hoibrithe baineanna mar go bhféadfadh an luaidhe dul i bhfeidhm ar mhná torracha agus ar an bhféatas atá i mbéal forbartha 44 . Tá ceanglais ann cheana maidir le bearta cosanta a chur chun feidhme sa Treoir maidir le Oibrithe Toircheasacha 45 , ach ní thugann siad lánchosaint ó éifeachtaí forbraíochta mar a bhíonn feidhm acu ón uair a thagann an toibrí ar an eolas go bhfuil siad ag iompar clainne agus go gcuireann siad a bhfostóir ar an eolas, trí mhí isteach sa toircheas de ghnáth.

    Dá bhrí sin, laistigh den tionscal atá ag obair le luaidhe, tá sé ríthábhachtach feasacht a mhúscailt i measc oibrithe maidir leis an acmhainn toirchis agus bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun aon rioscaí féideartha a íoslaghdú, i gcomhréir le hoibleagáidí na bhfostóirí maidir le bainistiú riosca. Chun a noibleagáidí a chomhlíonadh, tá sé d’oibleagáid ar fhostóirí a áirithiú go ndéanfar an tsubstaint a ionadú nuair is féidir go teicniúil, go núsáidfear córais iata, nó go laghdófar an nochtadh go dtí leibhéal chomh híseal agus is féidir go teicniúil. Ina theannta sin, mar a moladh i dtuairim ACSH 46 , níor cheart go rachadh an leibhéal luaidhe fola i measc ban in aois clainne thar luachanna tagartha an phobail i gcoitinne nach nochtar ar bhonn ceirde do luaidhe sa Bhallstát faoi seach. Mar a mhínítear thuas, nuair nach bhfuil leibhéil tagartha náisiúnta ar fáil, níor cheart go sáródh leibhéil luaidhe fola i mná in aois clainne an BGV 4.5 µg/100ml 47 .

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

    Tá cuspóirí an tionscnaimh ag teacht le hAirteagal 2 (Ceart chun na beatha) agus Airteagal 31 (An ceart chun dálaí oibre cothroma agus córa) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    Comhchuibheas le Rialachán REACH

    Le Rialachán REACH 48 , atá i bhfeidhm ó bhí 2007 ann, bunaítear, i measc nithe eile, dhá chur chuige rialála AE ar leith, mar atá, srianta agus údaruithe. Is saincheist í feabhas a chur ar an gcomhéadan idir REACH agus reachtaíocht um chosaint oibrithe a bhfuiltear ag díriú uirthi i gcomhthéacs athbhreithniú leanúnach REACH 49 .

    Cuireann srianta ar chumas an Aontais Eorpaigh coinníollacha a fhorchur maidir le substaintí a mhonarú, a chur ar an margadh agus/nó a úsáid, i meascáin nó in earraí. Tá an t‑údarú ceaptha chun a áirithiú go ndéanfar rialú ceart ar rioscaí ó shubstaintí ar ábhar mór imní iad agus ionadú forásach á chur chun cinn trí roghanna oiriúnacha atá inmharthana go heacnamaíoch agus go teicniúil.

    Tá srian ar roinnt úsáidí luaidhe faoi REACH. Toirmisctear luaidhe a úsáid i bpéinteanna (le roinnt díolúintí) 50   51 , i seodra agus in earraí atá beartaithe chun teacht i dteagmháil leis an gcraiceann, agus luaidhe agus a mheascáin a chuirtear ar fáil don phobal i gcoitinne a úsáid 52 .

    Teorannaítear dé-isicianáití faoi REACH 53 . Ní féidir iad a úsáid nó a chur ar an margadh mar shubstaintí astu féin, mar chomhábhar i substaintí eile nó i meascáin d’úsáidí tionsclaíocha agus gairmiúla ach amháin má áirithíonn an fostóir nó an duine féinfhostaithe gur éirigh leis an úsáideoir/na húsáideoirí tionsclaíocha nó gairmiúla oiliúint a chur i gcrích maidir le húsáid shábháilte dé-isicianáití sula núsáidfear an tsubstaint/na substaintí nó an meascán/na meascáin.

    Tá tuilleadh faisnéise faoi shrianta REACH don dá shubstaint ar fáil in Iarscríbhinn 8 a ghabhann leis an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.

    Ina thuairim, dúirt ACSH 54 gurb é meascán d’fhorálacha REACH (srian ar oiliúint oibrithe) agus OSH, go háirithe maidir le teorainnluachanna agus faireachas sláinte a dhéanamh, an cur chuige is éifeachtúla chun buaic-nochtadh a chosc, arb é an príomhtheagmhas é as a leanann as asma ó nochtadh do dhé-isicianáití.

    Le chéile, tá Treoracha OSH an Aontais (CMRD agus CAD) agus Rialachán REACH ábhartha do chosaint oibrithe ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do luaidhe agus do dhé-isicianáití.

    Comhleanúnachas leis an Rialachán maidir le Ceallraí

    I mí na Nollag 2020, mhol an Coimisiún Rialachán 55 nua maidir le Ceallraí agus é mar aidhm leis a áirithiú go mbeidh na ceallraí a chuirfear ar mhargadh AE inbhuanaithe agus sábháilte ar feadh a saolré iomláine. Is cuid dhílis é sin de Chomhaontú Glas don Eoraip, a bhfuil sé mar aidhm leis níos mó úsáid a bhaint as feithiclí breosla neamhiontaise nua-aimseartha, agus a bhféadfadh úsáid mhéadaithe as ceallraí luaidhe a bheith ag baint leis, lena náirítear le linn a nathchúrsála. Trí theorainnluachanna le haghaidh luaidhe a nuashonrú áirithítear go mbainfidh oibrithe i monarú agus in athchúrsáil ceallraí tairbhe as ardleibhéal cosanta sláinte, in ainneoin méid táirgthe a d’fhéadfadh a bheith níos airde amach anseo.

    Comhleanúnachas le taighde eolaíoch

    Ceimiceáin tosaíochta ab ea luaidhe agus dé-isicianáití ar tugadh aghaidh orthu faoi chlár bithmhonatóireachta daonna AE (HBM4EU) arna mhaoiniú ag Fís 2020 56 , iarracht chomhpháirteach 30 tír, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an Coimisiún Eorpach, a bhí ar siúl ó 2017 go 2021. Cruthaíodh leis sin eolas chun léargas a thabhairt ar bhainistíocht shábháilte ceimiceán agus mar sin sláinte an duine a chosaint. Rinneadh tionscadal tiomnaithe maidir le nochtadh ceirde do mhiotail, agus taispeánadh sna torthaí go dtarlaíonn nochtadh do roinnt miotal, lena náirítear luaidhe, le linn athchúrsáil dramhthrealamh leictreach agus leictreonach. Cuireadh tionscadal tiomnaithe i gcrích freisin do dhé-isicianáití, rud a d’fhág go ndearnadh athbhreithniú ar na bithmharcóirí reatha a úsáidtear le haghaidh bithmhonatóireachta ar dhé-isicianáití, measúnú ar na leibhéil reatha oibrithe agus sainaithint bearnaí taighde 57 .

    Comhleanúnachas le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa

    Is é is aidhm do Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa dul i ngleic leis an gconaire galar ar fad 58 . Tá sé deartha timpeall ar cheithre phríomhréimse gníomhaíochta inar féidir leis an Aontas an luach is mó a chur leis: (i) cosc; (ii) luathbhrath; (iii) diagnóis agus cóireáil; agus (iv) cáilíocht bheatha othar agus marthanóirí ailse. Cé gur annamh a tharlaíonn sé, is féidir ailse a bheith mar thoradh ar nochtadh do luaidhe, agus cuirfidh an laghdú ar theorainnluachanna leis na hailsí sin a chosc. 

    Maidir le dé-isicianáití, ní chuimsíonn na héifeachtaí díobhálacha sláinte ailse agus níl Plean Sáraithe Ailse na hEorpa ábhartha.

    Comhleanúnachas le tionscnamh ‘Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip’

    Is iad foirgnimh is cúis le 36 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le fuinneamh. Ós rud é go mbeidh 85 % de na foirgnimh atá ann faoi láthair fós ina seasamh faoi 2050, beidh athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh fíor-riachtanach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, tá sé d’aidhm ag an straitéis ‘rabharta athchóiriúcháin’ 59 an ráta bliantúil athchóirithe fuinnimh a dhúbailt faoi 2030. Le hoibreacha athchóirithe speisialaithe chun ídiú fuinnimh a laghdú, is féidir borradh a chur faoi luach fadtéarmach réadmhaoine agus poist agus infheistíocht a chruthú, rud a bhíonn fréamhaithe go minic i slabhraí soláthair áitiúla. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go nochtfaí oibrithe do luaidhe le linn ábhair péinteanna, pluiméireachta agus díonta ina bhfuil luaidhe (i measc nithe eile) a bhaint agus do dhé-isicianáití mar thoradh ar úsáid mhéadaithe cúir inslithe agus bratuithe dromchla níos fearr chun insliú teirmeach na timpeallachta tógtha a fheabhsú. Dá bhrí sin, rannchuidíonn an togra seo le hathchóirithe a dhéanamh atá dearfach don chomhshaol agus le cosaint shábháilteacht agus shláinte na noibrithe a áirithiú.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Déantar foráil in Airteagal 153(2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ‘trí bhíthin treoracha, ceanglais íosta a chuirfear chun feidhme de réir a chéile a ghlacadh sna réimsí dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) de mhír 1 [d’Airteagal 153 CFAE], ag féachaint do na dálaí agus do na rialacha teicniúla i ngach ceann de na Ballstáit. Staonfar sna treoracha sin ó shrianta riarthacha, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide’. Sonraítear in Airteagal 153(1)(a) CFAE nach mór go dtacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí na mBallstát agus go gcomhlánóidh sé iad sa réimse a bhaineann leis ‘an timpeallacht oibre go háirithe a fheabhsú d’fhonn sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint’.

    Glacadh CMRD agus CAD ar bhonn Airteagal 153(2)(b) CFAE chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a fheabhsú. Is é is aidhm don togra seo leibhéal cosanta sláinte oibrithe a neartú i gcomhréir le hAirteagal 153(1)(a) CFAE, i bhfoirm OEL agus BLV athbhreithnithe le haghaidh luaidhe a shocrú in CMRD, agus OEL agus STEL a thabhairt isteach le haghaidh dé-isicianáití in CAD, lena ngabhann roinnt oiriúnuithe teicniúla. Dá bhrí sin, is é Airteagal 153(2)(b) CFAE an bunús ceart dlí atá leis an togra ón gCoimisiún chun CMRD agus CAD araon a leasú.

    De bhun Airteagal 153(2) CFAE, is gné den bheartas sóisialta é go háirithe an timpeallacht oibre a fheabhsú chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint, gné den bheartas sóisialta ina roinneann an tAontas inniúlacht leis na Ballstáit.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Tá forbairt tagtha ar eolas eolaíoch faoi luaidhe agus faoi dhé-isicianáití ó glacadh le CAD in 1998 (agus i dTreoir 1982 roimhe seo a bhain go sonrach le luaidhe). Leis an athrú ar raon feidhme an CMD a eascraíonn as glacadh an CMRD, tagann luaidhe, substaint atá tocsaineach don atáirgeadh, faoin CMRD. Ina theannta sin, tá údar maith le breisluach ghníomhaíocht AE mar gheall go bhfuil an fhadhb forleathan ar fud an t‑Aontais ar fad. Cé nach bhfuil tionchar láidir ag an athbhreithniú ar OEL agus BLV maidir le luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha ar an iomaíocht sa mhargadh aonair agus trí OEL agus STEL maidir le dé-isicianáití a thabhairt isteach, le comhchuibhiú níos mó na ceanglais íosta chuirfí feabhas ar chothrom iomaíochta d’oibreoirí sa mhargadh aonair.

    Tugtar le fios sna sonraí a bailíodh le linn na hoibre ullmhúcháin go bhfuil difríochtaí idir na Ballstáit maidir le teorainnluachanna a shocrú le haghaidh luaidhe agus dé-isicianáití. Agus forbairtí san eolas eolaíoch á n‑aithint acu, tá roinnt Ballstát tar éis a gcuid teorainnluachanna le haghaidh luaidhe a laghdú cheana féin go méideanna éagsúla agus/nó tá teorainnluachanna tugtha isteach ag roinnt Ballstát le haghaidh dé-isicianáití.

    Maidir le luaidhe, tá raon BLVanna na mBallstát ó 20 µg/100ml fola go 70 µg/100ml fola (an BLV reatha faoin CMRD). Tá BLV níos ísle ag 15 Bhallstát ná BLV AE reatha 60 . Tá teorainn níos ísle ag roinnt Ballstát do mhná, atá spleách ar aois nó a luaitear mar ‘mhná in aois linbh’ agus a bhíonn idir 20 agus 40 µg/100ml fola de ghnáth. Tá an OEL idir 0.050 g/m3 suas go 0.150 g/m3 (an OEL reatha faoin CMRD).

    Maidir le dé-isicianáití, níl aon teorainnluach AE ann. Mar sin féin, tá OEL ginearálta ag trí Bhallstát AE agus tá OELanna 61 agus STELanna difriúla ag roinnt díobh, ach níl i ngach ceann acu, le haghaidh dé-isicianáití éagsúla. San áit ina bhfuil siad, bíonn OELanna idir 3 µg NCO/m3 go 500 µg NCO/m3 le meánluach 17.4 µg NCO/m3. Maidir leis an STEL, tá an raon ó 10 go 82 µg NCO/m3.

    I bhfianaise na staide a bhfuil ar a bhfuil tuairisc tugtha thuas, is léir go bhfuil oibrithe san Aontas faoi réir leibhéil éagsúla cosanta ar luaidhe agus ar dhé-isicianáití.

    Éagsúlachtaí suntasacha idir na teorainnluachanna náisiúnta a shaobhann an iomaíocht sa mhargadh aonair. De ghnáth bíonn na costais a bhaineann le leibhéil náisiúnta níos ísle a chomhlíonadh níos airde agus dá bhrí sin bíonn buntáiste iomaíoch ag baint leo d’fhiontair atá ag feidhmiú i margaí nach bhfuil teorainnluachanna náisiúnta acu nó nach bhfuil teorainnluachanna náisiúnta chomh dian sin acu. Maidir le luaidhe, ní mór do chuideachtaí atá lonnaithe sa Bhulgáir, sa tSeicia, sa Danmhairg, sa Laitvia agus sa Pholainn OEL atá 3 huaire níos ísle ná an OEL uasta atá socraithe faoi láthair ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (0.050 g/m3 vs 0.150 g/m3) a chomhlíonadh, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar a n‑iomaíochas agus éagothromaíochtaí a chruthú sa mhargadh aonair. Is mó fós an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an iomaíocht i gcás dé-isicianáití, rud nach bhfuil aon teorainnluachanna AE ann ina leith faoi láthair. Sa chás go bhfuil teorainnluachanna náisiúnta ann, bíonn OELanna idir 3 µg/NCO/m3 agus 500 µg/m3. Dá bhrí sin, trí na teorainnluachanna le haghaidh luaidhe a thabhairt cothrom le dáta agus trí theorainnluachanna le haghaidh dé-isicianáití a thabhairt isteach den chéad uair, cuirfear le comhchuibhiú níos fearr sa mhargadh aonair agus cruthófar cothroime iomaíochta do ghnólachtaí.

    Cé go bhféadfadh Ballstáit aonair luachanna níos ísle a thabhairt isteach fós, tiocfaidh feabhas ar an gcothrom iomaíochta d’fhiontair. Is féidir le cuideachtaí atá toilteanach oibriú i mBallstáit éagsúla AE tairbhe bhreise a bhaint as cuíchóiriú na dteorainnluachanna is infheidhme, rud a d’fhéadfadh coigilteas a sholáthar mar gur féidir réitigh choiteanna a ghlacadh ar fud saoráidí, seachas réitigh shuímh‑shonracha a dhearadh chun riachtanais éagsúla OEL agus BLV a chomhlíonadh.

    Rioscaí do shláinte agus sábháilteacht oibrithe a eascraíonn as nochtadh don luaidhe, tocsain cheirde chontúirteach maidir le hatáirgeadh, agus dé-isicianáití, ar íogróirí riospráide iad, atá cosúil a bheag nó a mhór ar fud an t‑Aontais agus úsáidtear an dá shubstaint go leathan i raon leathan earnálacha agus tíortha. Ar an ábhar sin, tá ról soiléir ag an Aontas Eorpach maidir le tacú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.

    Maidir le luaidhe, sainaithnítear sa staidéar 62 seachtrach a ghabhann leis an togra seo 18 mBallstát a tháirgeann luaidhe mhínghlanta agus líon níos teoranta de mhianadóireacht luaidhe sna Ballstáit. Tá an ráta táirgthe luaidhe san Aontas níos mó ná 10 milliún tona in aghaidh na bliana a úsáidtear le haghaidh raon leathan próiseas lena náirítear ceallraí luaidhe, táirgeadh bileog agus púdar, agus úsáid in earraí.

    Déantar dé-isicianáití i 7 mBallstát agus úsáidtear iad ar fud an Aontais i 21 earnáil iartheachtacha ábhartha.

    Chun a áirithiú go mbeidh na bearta chun oibrithe a chosaint ar nochtadh do luaidhe agus do dhé-isicianáití chomh héifeachtach agus is féidir, ní mór na Treoracha a choinneáil cothrom le dáta leis an eolas eolaíoch is déanaí a chuirtear i láthair i dtuairimí RAC 63 . I bhfianaise na fianaise eolaíche atá ar fáil, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar OEL agus BLV le haghaidh luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha agus OEL agus STEL a thabhairt isteach le haghaidh dé-isicianáití. Cumhdaítear sláinte oibrithe a chosaint cheana féin i gcoinne rioscaí a eascraíonn as nochtadh do na substaintí seo i reachtaíocht AE, go háirithe i reachtaíocht an CAD agus CMRD, nach féidir a leasú ach ar leibhéal an Aontais. Tógann an togra seo ar phlé fada cuimsitheach leis na páirtithe leasmhara go léir (ionadaithe ar chumainn oibrithe, ar chumainn fostóirí, agus ar rialtais). Cuidíonn sé sin lena áirithiú go nurramófar prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta mar is ceart.

    Bealach éifeachtach is ea CAD agus CMRD a thabhairt cothrom le dáta chun fianaise eolaíoch níos nuaí a chur san áireamh chun a áirithiú go ndéanfar bearta coisctheacha i ngach Ballstát. Cuideoidh sé sin le leibhéal aonfhoirmeach íoscheanglas a bhaint amach atá deartha chun caighdeán sláinte agus sábháilteachta níos fearr a ráthú. Dá réir sin, íoslaghdófar leis sin na héagothromaíochtaí i leibhéil cosanta sláinte agus sábháilteachta d’oibrithe idir na Ballstáit agus ar fud mhargadh aonair AE.

    Ina theannta sin, tá an t‑athbhreithniú nó tabhairt isteach teorainnluachanna an‑chasta agus tá ardleibhéal saineolais eolaíoch ag teastáil ina leith. Bíonn buntáiste tábhachtach ann nuair a ghlactar teorainnluachanna ar leibhéal an Aontais Eorpaigh trí dheireadh a chur leis an ngá go ndéanfadh na Ballstáit a n‑anailís eolaíoch féin agus is dócha go ndéanfar coigilteas suntasach ar chostais riaracháin. Ina ionad sin, d’fhéadfaí na hacmhainní sin a thiomnú do thuilleadh beartas OSH a fheabhsú i ngach Ballstát.

    Fágann sé sin go bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun cuspóirí an togra seo a bhaint amach, maidir le luaidhe agus dé-isicianáití, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach go leordhóthanach, ar an leibhéal lárnach nó ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, mar gheall ar scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe. Tá sé sin i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Ní féidir CMRD agus CAD a leasú ach amháin ar leibhéal an Aontais agus i ndiaidh comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta (an lucht bainistíochta agus an lucht saothair) i gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE.

    Comhréireacht

    Urramaítear leis an togra prionsabal na comhréireachta toisc nach nathraítear leis cuspóirí agus ceanglais ghinearálta na dTreoracha. Tá an ghníomhaíocht teoranta do theorainnluachanna nua agus athbhreithnithe a mholadh agus aird iomlán á tabhairt ar fhaisnéis eolaíoch atá cothrom le dáta agus ar thosca féidearthachta socheacnamaíocha. Pléadh iad sin go cuimsitheach leis na páirtithe leasmhara uile (ionadaithe eagraíochtaí oibrithe, ionadaithe eagraíochtaí fostóirí agus ionadaithe rialtas). Is é is aidhm don tionscnamh seo cur chuige cothrom a áirithiú, i.e. chun a áirithiú nach mbeadh ar chuideachtaí aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáistí tromchúiseacha eacnamaíocha agus cosaint iomchuí á tabhairt d’oibrithe ar leibhéal an Aontais. Ós rud é gurb é atá i gceist leis an togra le haghaidh dé-isicianáití teorainnluachanna a bhunú den chéad uair, áirítear leis bearta chun ualaí a mhaolú agus chun tacú le comhlíonadh forálacha (amhail idirthréimhse) a pléadh leis na geallsealbhóirí ábhartha freisin. Cuireann na bearta idirthréimhseacha seo le comhréireacht an tionscnaimh atá beartaithe trí achar ama níos iomchuí a áirithiú do ghnólachtaí iad féin a oiriúnú. Maidir le luaidhe, is cuid de chur chuige céim 64 ar chéim é an togra chun oibrithe a chosaint ar bhealach níos fearr trí níos mó teorainnluachanna cosanta a sholáthar ná mar a dhéanann na luachanna atá ann cheana féin.

    Ina theannta sin, bheadh costais theoranta do chuideachtaí i gceist leis na teorainnluachanna nua nó athbhreithnithe sin a shocrú don dá shubstaint, go háirithe i gcomparáid lena rátaí athraithe. Meastar go bhfuil an tionscnamh cothrom agus go bhfuil údar maith leis i bhfianaise na sochar fabhraithe agus fadtéarmach i dtéarmaí rioscaí sláinte a laghdú a eascraíonn as nochtadh oibrithe do luaidhe agus do dhé-isicianáití agus drochshláinte cheirde a chosc. I gcomhréir le hAirteagal 153(4) CFAE, leagtar íoscheanglais síos leis an togra seo agus ní chuirtear cosc leis ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach atá comhoiriúnach do na Conarthaí, mar shampla, i bhfoirm teorainnluachanna níos ísle nó forálacha eile lena n‑áirithítear cosaint níos fearr d’oibrithe. Tugann sé sin lamháil áirithe solúbthachta do na Ballstáit.

    Fágann sé sin nach dtéann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5(4) CAE. Tá faisnéis mhionsonraithe maidir le comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta ar fáil sa tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo (pointe 8.4).

    An rogha ionstraime

    Sonraítear in Airteagal 153(2)(b) CFAE gur féidir íoscheanglais i réimse cosanta sláinte agus sábháilteachta oibrithe a ghlacadh ‘trí bhíthin treoracha’.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Ba é tátal na meastóireachta domhain is déanaí ar CAD agus CMD (meastóireacht ex post 2017 ar Threoracha AE OSH 65 ), go bhfuil na Treoracha fós anábhartha agus éifeachtach de réir na fianaise atá ar fáil. Cuireadh i dtábhacht inti gur uirlis thábhachtach iad teorainnluachanna maidir le bainistiú riosca ceimiceán san ionad oibre agus gur gá teorainnluachanna nochta a ghlacadh le haghaidh níos mó substaintí ar údar mór imní iad. Go sonrach, sainaithnítear sa mheastóireacht an gá atá le machnamh a dhéanamh ar an gcur chuige is iomchuí maidir le bainistiú rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as nochtadh do shubstaintí ceimiceacha agus do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh agus an bhféadfaí bithmhonatóireacht a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí chun bainistiú riosca san ionad oibre a dhéanamh agus conas a úsáidfí í. Sonraítear inti freisin gur cheart íogróirí a mheas mar thosaíocht ard a bhfuil fiúntas breise ag baint léi chun a áirithiú go bhfuil na riachtanais bainistithe riosca iomchuí.

    Tá an tionscnamh seo ag teacht freisin leis an doiciméad oibre stocáirimh foirne a ghabhann le creat straitéiseach AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 (SWD (2021) 148 final) 66 , ina sainaithnítear an gá atá leis an bhfócas ar aghaidh a thabhairt ar ghalair cheirde a mhéadú. I gcás luaidhe, go háirithe, sonraítear ann gur cheart na teorainnluachanna a athbhreithniú i bhfianaise sonraí eolaíocha nua.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE

    In 2020 agus 2021, rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis na páirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 154(2) CFAE. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir leis an gcur chuige chun athbhreithniú a dhéanamh ar theorainnluachanna ceangailteacha nochta ceirde le haghaidh luaidhe agus a comhdhúile agus maidir le teorainnluachanna nochta ceirde a shocrú le haghaidh dé-isicianáití faoi CAD.

    Eagraíochtaí d’oibrithe

    D’fhreagair Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC) an chéad chéim den chomhairliúchán, ag aithint tábhacht na reachtaíochta atá ann cheana. Cé gur thacaigh CEC, i bprionsabal, leis na teorainnluachanna reatha le haghaidh luaidhe a laghdú, léirigh sé an tuairim nach mbeadh BLV a mholtar sa tuairim eolaíoch arna glacadh ag RAC sách cosantach do mhná in aois clainne san ionad oibre, ná nach ráthófaí cóir chomhionann do mhná agus d’fhir ag an obair 67 . Mhol siad, ina ionad sin, go dtabharfaí isteach BLV níos ísle. Ina theannta sin, rinne siad machnamh ginearálta maidir leis an ngá atá le cosaint oibrithe a fheabhsú ó nochtadh do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh agus maidir le Treoir 92/85/CEE 68 maidir le hOibrithe Toircheasacha sa chomhthéacs sin.

    D’aontaigh CEC go bhfuil gá le OEL ceangailteach de chuid an Aontais le haghaidh dé-isicianáití chun a áirithiú go bhfuil íoscheanglais ann maidir le cosaint oibrithe atá nochta do dhé-isicianáití ar fud an Aontais. Ag an am céanna, léirigh siad gurb é seo an chéad uair a bhunófaí OEL ceangailteach AE le haghaidh íogróirí agus é mar phríomhaidhm leis asma ceirde a chosc, agus mhol siad dá bhrí sin go ndéanfaí an pointe sin a phlé agus a chomhaontú laistigh den ACSH ina ndéantar ionadaíocht d’oibrithe, fostóirí agus rialtais.

    Creideann eagraíochtaí na n‑oibrithe go bhfuil gá le gníomhaíocht cheangailteach reachtach AE maidir leis na saincheisteanna sin agus dá bhrí sin ní gá nós imeachta caibidlíochta a sheoladh de bhun Airteagal 155 CFAE. Tugann CEC le fios, áfach, go mb’fhéidir gur mhaith leis saincheisteanna comhlántacha a phlé le fostóirí agus seasaimh choinbhéirseacha a lorg ar cheisteanna áirithe, amhail an ionstraim dlí is fearr chun oibrithe a chosaint ar an riosca go nochtfar iad do shubstaintí atá tocsaineach agus a dhéanann difear don atáirgeadh nó an gá atá le modheolaíocht nua chun teorainn a chur le méid na substaintí neamhthairsí ag leibhéal AE.

    Eagraíochtaí fostóirí

    D’fhreagair trí eagraíocht fostóirí don chomhairliúchán céadchéime: Cónaidhm na nGnóthas Eorpach, SME United (an Comhlachas Eorpach um Ghnóthais Cheardaíochta agus um Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide) agus Cónaidhm Thionscal Foirgníochta na hEorpa (FIEC).

    Thacaigh eagraíochtaí na bhfostóirí leis an gcuspóir oibrithe a chosaint go héifeachtach ar nochtadh do cheimiceáin ghuaiseacha, lena n‑áirítear trí OELanna a shocrú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, i gcás inarb iomchuí. Measann siad gur chun leasa na n‑oibrithe agus na ngnólachtaí é sin agus cuireann sé le cothrom iomaíochta. Mar sin féin, chuir siad in iúl freisin go raibh imní orthu faoin gcur chuige a ghlactar maidir le luachanna den sórt sin a shocrú.

    Maidir leis na saincheisteanna a sainaithníodh sa pháipéar comhairliúcháin, thacaigh eagraíochtaí na bhfostóirí le treo ginearálta an Choimisiúin maidir le feabhas leanúnach a chur ar chosaint oibrithe ar nochtadh do charcanaiginí agus ar rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha san ionad oibre, faoi réir coinníollacha áirithe. Ba cheart, dar leo, go mbeadh an próiseas chun teorainnluachanna a shocrú bunaithe ar fhianaise eolaíoch fhónta, ar indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch, ar mheasúnú tionchair shocheacnamaíoch, agus ar thuairim ACSH, mar a dhéanann an Coimisiún faoi láthair.

    Ina theannta sin, chuir siad i bhfios go láidir nach gciallaíonn teorainnluach níos ísle cosaint níos fearr d’oibrithe i gcónaí, toisc go mbraitheann sé ar a indéanta atá sé é a thomhas agus ar an bhféidearthacht atá ag fostóirí é a chur chun feidhme.

    Chuir Cónaidhm na nGnóthas Eorpach agus SME United béim ar an ngá atá le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), go háirithe ar mhicrifhiontair, i dtéarmaí comhréireachta agus féidearthacht gníomhaíochta, agus chun difríochtaí earnála a chur san áireamh freisin.

    Maidir leis an gceist faoin ionstraim cheangailteach atá le húsáid chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, thug SME United le fios, gan anailís níos doimhne a dhéanamh ar thionchar na luachanna nua ar cheardaíocht, ar FBManna agus ar oibleagáidí fostóirí, nach féidir leo a mheas cé acu an mbeadh nó nach mbeadh ionstraim den sórt sin oiriúnach.

    Maidir le luaidhe agus a comhdhúile, thagair Cónaidhm na nGnóthas Eorpach do na comhaontuithe deonacha a chuir an tionscal i bhfeidhm chun leibhéil nochta a ísliú go leanúnach, a mhéid a éascaítear sin leis teicneolaíocht. Chuir sí i bhfios go láidir go soláthraítear le reachtaíocht OSH ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta leibhéal maith cosanta d’oibrithe cheana féin agus leag sí béim ar thábhacht an OEL ceangailteach atá ann cheana féin faoin CAD mar aon le bearta cosanta eile i leataobh ón teorainnluach.

    Léirigh SME United gur cheart togra nithiúil maidir leis an OEL nua atá beartaithe a thíolacadh chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar an tionchar ar chuideachtaí.

    Maidir le dé-isicianáití, tá SME United den tuairim go bhfuil anailís mhionsonraithe ar rioscaí dé-isicianáití lena dtugtar údar maith le teorainnluach a leagan síos in easnamh. Mar sin féin, cé nár chuir siad, i bprionsabal, i gcoinne OEL comhréireach agus indéanta a thabhairt isteach le haghaidh dé-isicianáití in ionaid oibre laistigh, mheas siad gur leor na ceanglais oiliúna chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí agus na guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann d’ionad oibre lasmuigh.

    Chuir Cónaidhm na nGnóthas Eorpach, cé gur aontaigh sí go bhfuil rioscaí ann d’oibrithe, i dtábhacht go gcuirfeadh tabhairt isteach OEL cheangailtigh nua oibleagáidí breise ar fhostóirí, ní hamháin chun cloí leis an teorainnluach, ach chun cloí leis na bearta cosanta eile in CAD freisin.

    Leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá cosaint oibrithe a soláthraíodh cheana féin trí bhíthin an tsriain lena gceanglaítear oiliúint a chur ar oibrithe a bhaineann úsáid as dé-isicianáití 69 , chomh maith leis na hoibleagáidí a bhaineann le hoiliúint oibrithe. Ina theannta sin, thug siad faoi deara gur luaigh an RAC i gcomhthéacs an tsriain gurb é an bealach is éifeachtaí chun nochtadh a laghdú agus an tionchar orthu oiliúint a chur ar oibrithe.

    Léirigh Cónaidhm na nGnóthas Eorpach gur gá don Aontas Eorpach tuilleadh faisnéise agus anailíse a sholáthar ar cé chomh héifeachtach is a bheadh OEL ceangailteach sa bhreis ar an srian atá ann faoi REACH.

    Mheas eagraíochtaí na bhfostóirí go mbíonn comhpháirtithe sóisialta i gceist leis na nósanna imeachta ullmhúcháin atá ann cheana féin, lena n‑áirítear comhairliúcháin ACSH. Dá bhrí sin, níl siad ag iarraidh nós imeachta caibidlíochta a sheoladh de bhun Airteagal 155 CFAE.

    Torthaí an dara céim den chomhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta

    Sheol an Coimisiún comhairliúchán dara céim leis na comhpháirtithe sóisialta, a dhún an 30 Meán Fómhair 2021. Dhírigh an comhairliúchán dara céim sin ar ábhar beartaithe na dtograí féideartha, mar a éilítear faoin gConradh.

    I measc eagraíochtaí oibrithe, níor fhreagair ach CEC an comhairliúchán dara céim. D’aithin siad an tábhacht a bhaineann le cosaint oibrithe a fheabhsú tuilleadh ar nochtadh do dhé-isicianáití agus do luaidhe agus thacaigh siad le gníomhaíocht cheangailteach trí athbhreithniú a dhéanamh ar na Treoracha. Tar éis dóibh an comhairliúchán céadchéime a fhreagairt cheana féin, d’athdheimhnigh siad a gcuid ráiteas.

    Níor mheas siad gur gá dul i mbun caibidlíochta faoi Airteagal 155 CFAE.

    I measc na n‑eagraíochtaí fostóirí, níor fhreagair ach Cónaidhm na nGnóthas Eorpach agus Cumann Longchlós & Trealaimh Mhuirí na hEorpa (SEA Europe) comhairliúchán dara céime.

    Rinne Cónaidhm na nGnóthas Eorpach, tar éis dó an comhairliúchán céadchéime a fhreagairt cheana féin, a gcuid ráiteas a athdheimhniú.

    Mheas Cónaidhm na nGnóthas Eorpach go bhfuil comhpháirtithe sóisialta bainteach leis na nósanna imeachta ullmhúcháin atá ann cheana féin agus gurb é ACSH an áit cheart le haghaidh idirphlé leo, i gcomhar le rialtais, maidir leis na chéad chéimeanna eile sa phróiseas. Dá bhrí sin, ní raibh siad ag iarraidh nós imeachta caibidlíochta a sheoladh de bhun Airteagal 155 CFAE.

    Luaigh SEA Europe gur annamh a úsáidtear dé-isicianáití ina dtionscal agus dá mba rud é nach bhféadfaí iad a úsáid a thuilleadh go bhfaighidís substaint mhalartach mar ionadach.

    Comhairliúchán an Choiste Chomhairligh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair

    Tá ionadaithe rialtas náisiúnta agus eagraíochtaí oibrithe agus fostóirí in ACSH. Chuathas i gcomhairle leis maidir leis an togra seo trína Mheitheal thiomnaithe um Cheimiceáin, i gcomhréir le sainordú ACSH. Sa sainordú sin, iarrann an Coimisiún ar an Meitheal um Cheimiceáin páirt ghníomhach a ghlacadh i dtosaíochtaí a mholadh le haghaidh meastóireachtaí eolaíocha nua nó athbhreithnithe. Cuirtear san áireamh sa tuairim ón Meitheal um Cheimiceáin ionchur eolaíoch RAC, agus tosca socheacnamaíocha agus indéantachta.

    Ghlac ACSH, an 24 Samhain 2021, tuairim maidir 70 le luaidhe le haghaidh OEL ceangailteach AE agus BLV ceangailteach faoi CAD (faoi CMRD anois), agus tuairim maidir le dé-isicianáití 71 le haghaidh OEL ceangailteach agus STEL faoi CAD.

    Maidir le luaidhe, tháinig na trí Ghrúpa Leasmhara ACSH (fostóirí, oibrithe agus rialtais) ar chomhaontú maidir leis an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an BLV agus OEL atá ann cheana féin ‘chun sláinte oibrithe a chosaint ar bhealach níos fearr agus forbairtí eolaíocha agus teicniúla ó glacadh na teorainnluachanna reatha á gcur san áireamh’. Níor thángthas ar chomhaontú maidir leis an teorainnluach atá le moladh. Is é a dtuairim gurb iad an nochtadh tríd an mbéal agus an nochtadh trí ionanálú an dá bhealach ábhartha chun luaidhe a ghlacadh isteach i gcorp an duine agus gurb iad tiúchan luaidhe fola an méadrach nochta is fearr chun nochtadh ceirde a mheas. Tá sé sin toisc go bhfuil na leibhéil luaidhe inmheánacha cinntitheach maidir le tocsaineacht ainsealach. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach BLV a úsáid mar phríomhuirlis chun oibrithe a chosaint ar thocsaineacht luaidhe. Comhlánaíonn OEL agus BLV a chéile, agus ba cheart cloí leis an dá cheann.

    Na príomhthuairimí éagsúla lena mbaineann (i) conas is fearr déileáil le hoibrithe a bhfuil leibhéil fola níos airde acu mar gheall ar nochtadh stairiúil ós rud é go bhfuil luaidhe stóráilte sna cnámha ar feadh i bhfad; (ii) leibhéil nochta do mhná atá in aois clainne; agus (iii) don OEL, na héiginnteachtaí sna samhlacha a úsáidtear chun na luachanna agus an indéantacht theicniúil a dhíorthú mar aon le cúinsí costais is tairbhe chun na leibhéil sin a bhaint amach 72 .

    Cuirtear i dtábhacht sna tuairimí éagsúla a chuirtear i láthair thuas tábhacht an fhaireachais sláinte (ceanglas de chuid an CMRD cheana féin) chun oibrithe aonair a d’fhéadfadh nochtadh stairiúil a bheith acu a bhainistiú go héifeachtach, nó i gcás sonrach oibrithe in aois clainne. Comhlánaítear na ceanglais ghinearálta maidir le faireachas sláinte (a bhfuil feidhm acu maidir le gach substaint laistigh de raon feidhme na Treorach) le ceanglais shonracha nuair a nochtar oibrithe do leibhéil shonraithe luaidhe áirithe óna dteastaíonn faireachas leighis níos mionsonraithe i gcás ina mbeidh an nochtadh níos mó ná 0.075 mg/m3 san aer (50% den OEL reatha) nó 40 µg/100ml fola (thart ar 60% den BLV reatha).

    Maidir le faireachas sláinte/leighis a bhaineann le luaidhe tá sé tábhachtach toisc go bhfuil luaidhe stóráilte sna cnámha ar feadh na mblianta (is ionann leathré na gcnámh 73 agus 6 go 37 bliain) agus scaoiltear isteach i sruth na fola í de réir a chéile.

    Maidir le dé-isicianáití, tháinig na trí Ghrúpa Leasmhara d’ACSH ar chomhaontú maidir le luachanna uimhriúla an OEL agus an STEL ba cheart a mholadh agus mhol siad go bhfuil gá le cur chuige céimneach mar gheall ar an indéantacht maidir le tomhas teicniúil agus ar an am chun bearta bainistithe riosca a chur chun feidhme, go háirithe in earnálacha iartheachtacha. Chuir Grúpa Leasmhar na bhFostóirí i dtábhacht an gá atá le dul i ngleic leis an bhfadhb a bhaineann le hasma ceirde arb é an t‑oibreáin sin is cúis leis trí bhuaic-nochtadh a chosc. D’aithin siad gur gá cur chuige pragmatach a ghlacadh maidir leis an STEL a shocrú, rud a laghdóidh go suntasach an buaic-nochtadh a mbeidh feabhas mór ar shláinte na n‑oibrithe mar thoradh air.

    Luaitear faireachas sláinte sonrach freisin mar is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 6(3) agus Airteagal 10 den CAD mar bhealach chun comharthaí luatha agus siomptóim íograithe riospráide a aithint. Ba cheart go mbeadh na socruithe sin i gcomhréir le dlíthe agus/nó cleachtas náisiúnta, agus i gcomhréir le prionsabail agus cleachtais na míochaine ceirde.

    Dá bhrí sin, tá comhdhearcadh ann maidir leis an ngá OEL ceangailteach a ghlacadh faoin CAD atá le socrú ag 6 µg/m³, in éineacht le STEL gaolmhar atá cothrom le 12 µg/m³, nodaireacht íograithe dheirmeach agus riospráide agus nodaireacht craicinn. Moladh luach idirthréimhseach ar leibhéal 10 µg/m³ le STEL gaolmhar cothrom le 20 µg/m³ ar cheart feidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2028 freisin.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar na teorainnluachanna ceangailteacha (OEL agus BLV) le haghaidh luaidhe faoi CMRD agus lena mbunaítear, den chéad uair, OEL ceangailteach agus STEL le haghaidh dé-isicianáití, lean an Coimisiún nós imeachta seanbhunaithe lena mbaineann comhairle eolaíoch a iarraidh agus dul i gcomhairle le ACSH. Tá bonn eolaíoch fónta fíor-riachtanach chun bonn taca a chur faoi ghníomhaíocht OSH ar bith, go háirithe i ndáil le substaintí contúirteacha. I ndáil leis sin, d’iarr an Coimisiún comhairle ar an gCoiste um Measúnú Riosca (RAC) den Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán.

    Forbraíonn RAC eolas comparáideach anailíseach ardchaighdeáin agus áirithíonn sé go bhfuil tograí, cinntí agus beartas ón gCoimisiún a bhaineann le cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe ag an obair bunaithe ar fhianaise eolaíoch fhónta. Is saineolaithe ardcháilíochta, speisialaithe, neamhspleácha iad comhaltaí RAC a roghnaítear ar bhonn critéir oibiachtúla. Cuireann siad tuairimí ar fáil don Choimisiún a úsáidtear chun beartas an Aontais a fhorbairt maidir le hoibrithe a chosaint.

    Glacadh tuairimí eolaíocha RAC 74 atá riachtanach chun athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainnluachanna ceangailteacha (OEL agus BLV) le haghaidh luaidhe agus chun OEL ceangailteach agus STEL ceangailteach a bhunú, den chéad uair, le haghaidh dé-isicianáití, an 11 Meitheamh 2020. Is é a thuairim maidir le luaidhe, go molann RAC BLV de 15 µg luaidhe/100 ml fola agus OEL de 0.004mg luaidhe/m3 (codán inionanálaithe).

    Maidir le dé-isicianáití, deirtear i dtuairim RAC nach bhféadfaí tairseach le haghaidh hipirfhreagrúlacht bhroinceach nó chun asma a fhorbairt a thabhairt faoi deara. Mar sin féin, is féidir nochtadh OEL a shainítear mar nochtadh meánualaithe thar thréimhse ama 8 nuair an chloig (TWA) bunaithe ar an ‘ngrúpa NCO’ 75 a fháil ón ngaol idir nochtadh agus riosca (ERR) le haghaidh hipearfhreagrúlachta nó asma dé-isicianáite, bunaithe ar riosca iomarcach thar thréimhse saoil oibre.

    Cuireann an ERR raon leibhéal nochta i láthair agus an riosca comhfhreagrach go dtiocfaidh asma ceirde chun cinn mar gheall ar nochtadh do dhé-isicianáití.

    Teastaíonn luach STEL 15 nóiméad ós rud é go bhfuil buaic-nochtadh tábhachtach agus go spreagann sé tosú an asma. Mar sin féin, ní féidir buaiceanna a thomhas ar chúiseanna praiticiúla i staidéir eipidéimeolaíochta agus ar an gcúis sin dhírigh RAC ar an OEL agus ag an am céanna chinn sé ar an ngá atá le STEL ba cheart a chinneadh trí úsáid a bhaint as fachtóir iolrúcháin nach mó ná dhá uair an OEL. Mhol RAC nár chóir go mbeadh an luach STEL níos mó ná 6 µg/m3 NCO.

    Ina theannta sin, mheas RAC gur ghá nodaireachtaí íogaireachta deirmeacha agus riospráide agus nodaireacht ‘chraicinn’. Tugtar le fios leis na nodaireachtaí go bhfuil sé tábhachtach, anuas ar an ngá atá le nochtadh trí ionanálú a rialú, nochtadh deirmeach a chosc toisc gur féidir an tsubstaint a ionsú tríd an gcraiceann agus cur le nochtadh foriomlán asma agus lena mhúscailt. Is féidir nochtadh deirmeach a chosc a bhaint amach, mar shampla, trí lámhainní agus ballaí cumhdaigh iomchuí a chaitheamh.

    Measúnú tionchair

    Tá an tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo ina thaca leis an togra. Leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair, bhí staidéar seachtrach inar bailíodh faisnéis chun anailís a dhéanamh ar thionchair sláinte, shocheacnamaíocha agus chomhshaoil i ndáil le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar CMRD agus CAD 76 . Cuireadh an tuarascáil ar an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) an 12 Deireadh Fómhair 2022 agus rinne an Bord sin athbhreithniú uirthi. Fuair sé tuairim dhearfach, a raibh roinnt agús léi, dar dáta an 14 Deireadh Fómhair 2022. Tugadh aghaidh ar bharúlacha an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála sa tuarascáil deiridh ar an measúnú tionchair.

    Rinneadh scrúdú ar na roghanna seo a leanas i gcomhair teorainnluachanna éagsúla le haghaidh luaidhe agus dé-isicianáití:

    ·cás bunlíne gan aon ghníomhaíocht bhreise ar leibhéal an Aontais (rogha 1); agus

    ·roghanna le haghaidh OELanna agus BLVanna éagsúla do luaidhe, agus OELanna agus STELanna le haghaidh dé-isicianáití, agus measúnú eolaíoch RAC 77 , tuairim ACSH 78 , agus OELanna atá i bhfeidhm sna Ballstáit á gcur san áireamh (leis an meastóireacht eolaíoch, cuirtear cur chuige daingean fianaise-bhunaithe ar fáil, agus i dtuairim ACSH, tugtar faisnéis thábhachtach chun roghanna athbhreithnithe OEL a chur chun feidhme go rathúil).

    De bharr sonraí neamhleora maidir le héifeachtaí inaitheanta ar shláinte, níor scrúdaíodh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair an rogha BLV ar leith a shocrú d’oibrithe in aois clainne. Dá bhrí sin, déantar moladh ina ionad sin toisc go bhfuil easpa sonraí ann maidir leis na costais, na tairbhí agus na tionchair fhoriomlána a d’fhéadfadh a bheith ag BLV ar leith. Ba cheart an luach treorach molta agus na ceanglais maidir le faireachas leighis a mheas le chéile chun cosaint a thabhairt don ghrúpa oibrithe sin.

    Caitheadh roinnt roghanna eile amach go luath ós rud é gur measadh gur roghanna díréireacha iad nó nach raibh an éifeacht chéanna leo chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach. Bhain na roghanna sin a caitheadh amach le conas OELanna, STELanna agus BLVanna a shocrú, maidir le rogha ionstraime eile, agus maidir le bearta oiriúnaithe a thabhairt isteach do FBManna. Níor measadh go raibh roghanna malartacha neamhrialála amhail treoirdhoiciméid nó samplaí den dea-chleachtas sách éifeachtach chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach ós rud é go mbeadh forálacha neamhcheangailteacha mar thoradh orthu. Ar an taobh eile, is féidir doiciméid treorach atá ann cheana nó samplaí de dhea-chleachtas a mheas mar dhoiciméid chomhlántacha agus d’fhéadfadh siad breisluach a chur ar OELanna/STELanna/BLVanna. Lena chois sin cuireadh réiteach difriúil i leataobh do FBManna. Tá sé sin amhlaidh toisc gurb ionann FBManna agus thart ar 99 % de na cuideachtaí atá ag obair le luaidhe agus le dé-isicianáití, agus níor cheart, dá bhrí sin, iad a dhíolmhú ó raon feidhme an tionscnaimh. Chiallódh a n‑eisiamh nach mbeadh formhór na n‑oibrithe Eorpacha atá i mbaol a nochta do na grúpaí substaintí sin cosanta go leordhóthanach leis an reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta ag an obair, le saobhadh agus neamhionannas soiléir i gcur i bhfeidhm chreat reachtach AE agus leis an mbaol go gcuirfí cuspóirí bunúsacha beartais shóisialta agus cearta bunúsacha i mbaol.

    Coinníodh an rogha cabhrú le FBManna tríd an teorainnluach a chur i bhfeidhm a shíneadh do dhé-isicianáití. Meastar go bhfuil luach idirthréimhseach riachtanach ar chúiseanna indéantachta maidir le tomhas teicniúil agus chun dóthain ama a thabhairt don tionscal chun na bearta bainistithe riosca riachtanacha a chur chun feidhme, go háirithe in earnálacha iartheachtacha, ós rud é nach bhfuil aon teorainnluach ar leibhéal an Aontais ann faoi láthair. Thairis sin, ós rud é gur FBManna an chuid is mó de na cuideachtaí (99 %) atá ag obair le dé-isicianáití, beidh an luach idirthréimhseach seo an‑tairbheach dóibh.

    Rinne an Coimisiún anailís ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil na roghanna beartais éagsúla. Cuirtear torthaí na hanailíse sin i láthair tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo. Cuireadh na roghanna beartais i gcomparáid le chéile agus roghnaíodh an rogha beartais ab fhearr bunaithe ar na critéir seo a leanas: éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas. Ríomhadh costais agus sochair thar thréimhse 40 bliain. Ríomhadh buntáistí sláinte an OEL/STEL/BLV athbhreithnithe i dtéarmaí na gcostas drochshláinte a seachnaíodh . Rinneadh gach beart anailíseach i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr 79 .

    Rinne an Coimisiún comparáid idir na roghanna atá beartaithe agus chuir sé san áireamh seasaimh ghrúpaí leasmhara éagsúla ACSH. Bunaithe air sin, roghnaigh an Coimisiún an rogha ab fhearr chun BLV a shocrú le haghaidh luaidhe 15 µg/100ml fola, in éineacht le OEL gaolmhar 0.03 mg/m3 mar mheán ualaithe thar thréimhse ama (TWA) 8 n‑uair an chloig agus d’aistrigh sé é sin go foráil reachtach chomhfhreagrach a leagtar amach sa togra seo. Meastar go bhfuil an rogha sin cothrom agus go bhfuil údar cuí léi i bhfianaise na dtairbhí fabhraithe agus fadtéarmacha a bhaineann léi i dtéarmaí rioscaí sláinte a eascraíonn as nochtadh oibrithe do luaidhe, gan ualach díréireach a chur ar ghnólachtaí sna hearnálacha lena mbaineann, lena n‑áirítear ar FBManna agus ar mhicrifhiontair. Maidir le dé-isicianáití, roghnaigh an Coimisiún an rogha ab fhearr chun OEL 6 µg/m³ a shocrú, in éineacht le STEL gaolmhar 12 µg/m³, nodaireacht íograithe dheirmeach agus riospráide agus nodaireacht craicinn. Ba cheart feidhm a bheith ag luach idirthréimhseach OEL 10 µg/m³ le STEL gaolmhar 20 µg/m³ go dtí an 31 Nollaig 2028 mar gheall ar an indéantacht maidir le tomhas teicniúil agus ar an am is gá chun bearta bainistithe riosca a chur chun feidhme go háirithe in earnálacha iartheachtacha. Ba cheart go gcomhlánófaí é le faireachas sláinte ar oibrithe chun aon tosú luath ar dhrochshláinte agus drochbhainistíocht ina dhiaidh sin ar oibrithe aonair a bhrath chun rioscaí breise mar gheall ar nochtadh do dhé-isicianáití a chosc. Le chéile, soláthraíonn na bearta seo ardleibhéal cosanta d’oibrithe.

    Tionchar ar oibrithe

    Ba cheart go mbeadh sochair mar thoradh ar na roghanna tosaíochta i dtéarmaí drochshláinte a sheachnaítear san obair, agus sochair sláinte airgeadaithe ghaolmhara (amhail costais dholáimhsithe a sheachaint amhail caighdeán saoil laghdaithe, fulaingt na n‑oibrithe agus a dteaghlach, etc.). Maidir le luaidhe, meastar go bhféadfaí thart ar 10 500 cás drochshláinte a chosc, agus déantar a shochar sláinte airgeadaithe a mheas mar shochar idir EUR 160 milliún agus EUR 250 milliún sna 40 bliain amach romhainn. Maidir le dé-isicianáití, ciallaíonn an easpa sonraí nach féidir na sochair d’oibrithe a chainníochtú. Mar sin féin, comhaontaítear den chuid is mó i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha, lena n‑áirítear comhpháirtithe sóisialta, go dtiocfadh laghdú ar líon na gcásanna drochshláinte dá socrófaí STEL.

    Táthar ag súil go laghdófar le tabhairt isteach luachanna teorann, i measc nithe eile, fulaingt oibrithe agus a dteaghlach agus go mbeidh saol níos sláintiúla agus níos táirgiúla mar thoradh air.

    Tionchar ar fhostóirí

    Maidir le costais a thabhaítear do bhearta laghdaithe riosca, beidh tionchar ag na roghanna tosaíochta ar chostais oibriúcháin do chuideachtaí a mbeidh orthu cleachtais oibre a choigeartú chun cloí le BLV agus OEL nua maidir le luaidhe agus le OEL, STEL agus nodaireachtaí do dhé-isicianáití. Chuimseofaí leis sin costais incriminteacha a bhaineann le bearta bainistíochta riosca (RMManna) (lena náirítear trealamh cosanta riospráide), costas faireachais sláinte, costais faireacháin agus costais oiliúna 80 .

    Cé gur mó na costais ná na tairbhí, níor roghnaíodh an rogha ab fhearr bunaithe ar chomparáid idir costais agus tairbhí airgeadaithe amháin. Meastar gurb ionann na costais ghnó sna 40 bliain amach romhainn agus thart ar EUR 750 milliún i gcás cuideachtaí a oibríonn le luaidhe agus EUR 13.5 billiún i gcás cuideachtaí a dhéileálann le dé-isicianáití.

    Na costais do ghnólachtaí maidir le luaidhe (meánchostais bhreise in aghaidh na cuideachta thart ar EUR 30 000 thar 40 bliain), is ionann iad agus níos lú ná 1 % dá láimhdeachas bliantúil agus níor cheart, dá bhrí sin, go mbeadh dúnadh mar thoradh orthu.

    Tá sé intuigthe ó theorainneacha sonraí le haghaidh dé-isicianáití gur dócha go ndearnadh meastachán ar chostais agus ar thairbhí, agus maidir leis an dá shubstaint, tá sé níos fusa ríomhanna costas a fháil ná mar atá sé ríomhanna tairbhí a fháil, mar is gnách i sábháilteacht agus sláinte ag an obair. Maidir le dé-isicianáití, rannchuideoidh an idirthréimhse atá beartaithe go dtí an 31 Nollaig 2028 leis na costais a mhaolú. Ina theannta sin, ós rud é gur fhormhuinigh na trí Ghrúpa Leasmhara ACSH uile an luach atá beartaithe, lena n‑áirítear fostóirí, meastar, in ainneoin na gcostas, gur beart in‑fhorfheidhmithe é.

    Chaithfeadh gach ceann de na cuideachtaí a oibríonn le dé-isicianáití thart ar EUR 6 000 ar an meán thar 40 bliain, go príomha maidir le tascanna faireacháin, arna leathadh thar an tréimhse tagartha. Mar sin féin, bheadh ar chuideachtaí a oibríonn in earnálacha na dteicstílí agus na n‑éadaí costais aonuaire EUR 4.5 billiún agus EUR 10.3 billiún a sheasamh faoi seach, mar go mbeadh orthu infheistíocht a dhéanamh i mbearta breise bainistithe riosca. Baineann na costais aonuaire go príomha le hinfheistíochtaí tar éis an ghá le trealamh cosanta riospráide a fháil (úsáidtear é seo go minic sa dá earnáil sin mar bheart cosanta príomhúil, roimh chomhbhearta cosanta). Áirítear leis sin ardchostais aonuaire, ach coigilteas i dtéarmaí costais athfhillteacha. Ós rud é go n‑oibríonn an chuid is mó de na cuideachtaí in earnálacha ina bhfuil ardleibhéal iomaíochta, ní dócha go gcuirfidh siad na costais ar aghaidh chuig tomhaltóirí, mar d’fhéadfadh sé go gcaillfí sciar den mhargadh dá bharr. Dá bhrí sin, beidh na tionchair ar thomhaltóirí teoranta.

    Is cinnte go rachadh socrú na dteorainnluachanna nua nó athbhreithnithe chun tairbhe do chuideachtaí, lena n‑áirítear le haghaidh dé-isicianáití, cé nach bhféadfaí na tairbhí sin a chainníochtú. Mar shampla, bheadh coigilteas costais a bhaineann le saoire bhreoiteachta, táirgiúlacht saothair agus costais riaracháin agus dlí eile mar thoradh air sin. Mar sin féin, tá na tairbhí sin i bhfad níos teoranta ná na costais bhreise a eascraíonn as teorainnluachanna a shocrú. Cé go bhfuil costais airgeadaithe níos airde ná tairbhí airgeadaithe, tá roinnt buntáistí suntasacha ann do chuideachtaí nach bhféadfaí a chainníochtú, go háirithe ó thaobh cáil agus tarraingteacht mar fhostóir de. Is féidir le teorainnluachanna le haghaidh luaidhe agus le haghaidh dé-isicianáití araon na hearnálacha a dhéanamh níos tarraingtí, rud a fhágann go mbeidh sé níos éasca daoine a earcú agus táirgiúlacht a mhéadú. Thairis sin, is cosúil go bhfuil ionadaithe fostóirí toilteanach teorainnluachanna a thabhairt isteach le haghaidh dé-isicianáití agus na teorainnluachanna atá ann cheana le haghaidh luaidhe a laghdú, mar a léirítear i dtuairim ACSH.

    Meastar go mbeidh tionchair ar chostais chuideachta i dtaighde agus i bhforbairt, agus na tionchair a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí, an‑teoranta.

    Tionchair chomhshaoil agus tionchair ar athrú aeráide

    Níl aon tionchar suntasach inaitheanta ag an togra seo ar an gcomhshaol. Ní mheastar go mbeidh tionchar ag teorainnluachanna luaidhe a laghdú ar an athrú aeráide, cé go gcuirfidh úsáid níos mó as ceallraí luaidhe i bhfeithiclí leictreacha, mar shampla, le húsáid breoslaí iontaise a laghdú. Ar an gcaoi chéanna, feabhsóidh úsáid níos mó as ábhar inslithe bunaithe ar dé-isicianáití inslithe theirmigh foirgneamh, le laghdú dá bharr ar úsáid breoslaí iontaise le haghaidh téimh. Ní bheidh tionchar díreach ag tabhairt isteach teorainnluachanna le haghaidh dé-isicianáití air seo. Dá bhrí sin, urramaítear leis an togra an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, toisc nach ndéanann na gníomhaíochtaí atá beartaithe aon dochar don chomhshaol agus go gcuireann siad le hiarrachtaí AE i gcoinne athrú aeráide ag an am céanna.

    Tionchar ar na Ballstáit / údaráis náisiúnta

    Maidir leis an tionchar ar Bhallstáit /údaráis náisiúnta, níor cheart go mbeadh ualaí riaracháin breise i gceist leis an togra. Bheadh ar na Ballstáit na costais a bhaineann le trasuí na dteorainnluachanna nua a sheasamh, EUR 520 000 i gcás luaidhe agus EUR 970 000 i gcás dé-isicianáití. Mar sin féin, is mó na buntáistí d’údaráis phoiblí ná na costais. Baineann na tairbhí sin le costais laghdaithe ar chúram sláinte, ioncam cánach méadaithe agus, i gcás dé-isicianáití, seachnaítear na costais a bhaineann le teorainnluachanna náisiúnta a shocrú. Táthar ag súil le glanbhuntáiste EUR 99 480 000 le haghaidh luaidhe agus EUR 780 000 le haghaidh dé-isicianáití. Níltear ag súil le haon cheanglais bhreise amhail gníomhaíochtaí tuairiscithe nua d’údaráis phoiblí. Déanfaidh an Coimisiún measúnú comhlíontachta dhá chéim (seiceálacha trasuí agus comhréireachta) chun na teorainnluachanna a shocraítear a thrasuí. Ar leibhéal an ionaid oibre, tá oibleagáid ar fhostóirí a áirithiú nach rachaidh an nochtadh os cionn na dteorainnluachanna a leagtar amach sna hiarscríbhinní a ghabhann le CAD agus CMRD. Déanfaidh údaráis náisiúnta, go háirithe cigireachtaí náisiúnta an tsaothair, faireachán ar an gcur i bhfeidhm agus ar an bhforfheidhmiú. ar leibhéal an Aontais, coinníonn Coiste na gCigirí Sinsearacha Saothair (SLIC) an Coimisiún ar an eolas faoi fhadhbanna a bhaineann le forfheidhmiú an dá Threoir.

    Tábla 1: Comparáid idir costas agus sochair le haghaidh roghanna don luaidhe (os cionn 40 bliain, in EUR milliún)

     

    Rogha 2 

    (20 µg/100ml) 

    Rogha 3 

    (15 µg/100ml) 

    (An rogha ab fhearr)

    Rogha 4 

    (4.5 µg/100ml) 

    Tairbhí don lucht gnó  

    350 

    750 

    6 300 

    Tairbhí do ghnólachtaí  

    Costais riaracháin ar údaráis phoiblí 

    0.5 

    0.52 

    0.54 

    Tairbhí d’údaráis phoiblí 

    90  

    100  

    130  

    Buntáiste sláinte d’oibrithe agus do theaghlaigh  

    130 - 200 

    160 - 250 

    200 - 310 

    Tábla 2: Comparáid idir costas agus tairbhí maidir le roghanna le haghaidh dé-isicianáití (os cionn 40 bliain, in EUR milliún)

     

    Rogha 2 

    10 µg NCO/m3 

    Rogha 3 

    6 µg NCO/m3 

    (An rogha ab fhearr)

    Rogha 4 

    3 µg NCO/m3 

    Tairbhí don lucht gnó 

    5 600 

    13 410 

    14 230 

    Tairbhí do ghnólachtaí 

    0.4 

    Costais riaracháin ar údaráis phoiblí 

    0.97 

    0.97 

    0.97 

    Tairbhí d’údaráis phoiblí 

    1.75 

    1.75   

    2.75  

    Buntáiste sláinte d’oibrithe agus do theaghlaigh 

    Ní bhaineann le hábhar 

    Ní bhaineann le hábhar 

    0.8 - 2.2 

    Rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe

    Leis an tionscnamh, bainfear amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) maidir le sláinte mhaith agus dea-bhail ( SDG 3 ) agus obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch ( SDG 8 ). Meastar freisin go mbeidh tionchar dearfach aige ar SDG maidir le tionsclaíocht, nuálaíocht agus bonneagar ( SDG 9 ) agus maidir le táirgeadh agus tomhaltas freagrach ( SDG 12 ).

    Tionchar ar dhigitiú

    Ní bheadh aon tionchar ag aon cheann de na roghanna beartais maidir le luaidhe agus dé-isicianáití ar dhigitiú. Níl feidhm ag an bprionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’ maidir leis an togra seo ós rud é nach mbaineann an treoir atá beartaithe ach le nuashonrú / tabhairt isteach teorainnluachanna agus níl feidhm ag forbairtí digiteacha maidir le hábhar an togra.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Tionchar ar FBManna

    Is FBManna iad 99 % de na cuideachtaí atá ag obair le luaidhe agus le dé-isicianáití. Dá bhrí sin, ba iad seo fócas anailíse costais na tuarascála seo.

    Níl aon eisceacht sa togra seo do mhicrifhiontair ná do FBManna, arb ionann iad agus thart ar 99 % de na cuideachtaí atá ag obair le luaidhe agus le dé-isicianáití. Chiallódh a n‑eisiamh nach mbeadh formhór mór na n‑oibrithe Eorpacha a d’fhéadfadh a bheith mbaol a nochta do na grúpaí substaintí sin cosanta go leordhóthanach ag reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta ag an obair, le saobhadh soiléir agus neamhionannas i gcur i bhfeidhm chreat reachtach an AE agus leis an mbaol go gcuirfí cuspóirí bunúsacha beartais shóisialta agus cearta bunúsacha i mbaol.

    Rogha eile chun cabhrú le FBManna is ea an tréimhse ina gcaithfear an teorainnluach a chur i bhfeidhm a shíneadh. Coinníodh é seo le haghaidh dé-isicianáití. Cé nach eisceacht í do na bearta nach bhfuil feidhm acu ach maidir le FBManna, rachaidh an idirthréimhse chun tairbhe dóibh go mór toisc gurb ionann iad agus tromlach na gcuideachtaí atá ag obair le dé-isicianáití.

    Maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na teorainnluachanna le haghaidh príomhluachanna agus luachanna teorantacha le haghaidh dé-isicianáití a thabhairt isteach, mar a fhoráiltear sa togra seo, níor cheart go mbeadh aon tionchar aige ar FBManna atá lonnaithe i mBallstáit ina bhfuil na teorainnluachanna náisiúnta comhionann leis na luachanna atá beartaithe le haghaidh luaidhe nó níos ísle ná iad, nó ina bhfuil teorainnluachanna náisiúnta tugtha isteach cheana féin le haghaidh dé-isicianáití. D’fhéadfadh tionchar eacnamaíoch a bheith ann, áfach, ar FBManna agus ar ghnólachtaí eile sna Ballstáit a bhfuil BLVanna agus OELanna níos airde i bhfeidhm acu faoi láthair le haghaidh luaidhe nó nach bhfuil teorainnluachanna ar bith curtha i bhfeidhm acu le haghaidh dé-isicianáití.

    Is féidir le hathruithe rialála a thugann costais shuntasacha choigeartaithe nó riaracháin isteach tionchar níos láidre a imirt ar FBManna. Is minic a bhíonn sé níos deacra rochtain a fháil ar chaipiteal mar gheall ar a méid teoranta, agus is minic a bhíonn costas caipitil níos airde i gceist leo ná le fiontair mhóra 81 . Dá bhrí sin, is féidir le FBManna a bheith neamhchosanta ar chostais atá níos airde go comhréireach ná fiontair mhóra.

    Maidir leis an méid thuas ar fad, tá aird chuí tugtha san anailís a chuirtear i láthair sa tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo ar shainiúlachtaí, ar theorainneacha agus ar dhúshláin ar leith FBManna. Nuair a mheastar gur cuí é, cuireadh bearta sonracha chun cinn chun tacú le FBManna.

    Tionchar ar iomaíochas an Aontais nó ar thrádáil idirnáisiúnta

    Beidh tionchar dearfach ag an tionscnamh seo ar an iomaíocht sa mhargadh aonair tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) difríochtaí iomaíocha idir gnólachtaí a oibríonn i mBallstáit a bhfuil OELanna agus STELanna náisiúnta éagsúla le haghaidh luaidhe acu agus BLVanna le haghaidh dé-isicianáití acu a laghdú; agus (ii) deimhneacht níos fearr a thabhairt maidir le teorainn nochta infhorfheidhmithe ar fud an Aontais.

    Beidh tionchar níos lú ag teorainnluachanna níos ísle ar iomaíochas cuideachtaí atá níos gaire cheana féin d’aon OELanna, STELanna agus BLVanna atá á measúnú a chur i bhfeidhm. Feidhmíonn cuideachtaí den sórt sin i mBallstáit ina bhfuil na teorainnluachanna níos ísle ná luachanna reatha AE i gcás luaidhe, agus ina bhfuil siad níos cosúla leis na teorainnluachanna a mholtar le haghaidh dhé-isicianáití. Tá sé sin ábhartha go háirithe do chuideachtaí atá ag obair le dé-isicianáití sa tSualainn, ag a bhfuil OELanna náisiúnta níos ísle do chúpla dé-isicianáit.

    Mar sin féin, cé go bhféadfadh sé sin cuideachtaí den sórt sin a dhéanamh níos cost‑iomaithí i gcoinne cuideachtaí atá ag obair i mBallstáit eile go traidisiúnta, déantar an chuid is mó den obair a dhéantar le luaidhe agus le dé-isicianáití i suiteálacha seasta (mar shampla, monarú agus athchúrsáil ceallraí luaidhe/ príomh‑mhonarú dé-isicianáití). Ina theannta sin, níor cheart go mbeadh tionchar suntasach ag na costais a bhaineann le comhlíonadh na roghanna ab fhearr ar iomaíocht. Mar sin féin, d’fhéadfadh cuideachtaí atá ag obair le luaidhe a bheith níos iomaíche ná iad siúd a tháirgeann táirgí malartacha atá saor ó luaidhe (e.g. friochtán ceirmeach, cóimhiotail nó gloine chriostail).

    Maidir le hiomaíochas idirnáisiúnta, níl BLV le haghaidh luaidhe ach ag trí thír nach bhfuil san Aontas faoi láthair; tá siad sin idir BLV reatha AE agus BLV athbhreithnithe beartaithe AE. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an tionchar ar iomaíochas cuideachtaí atá ag obair le luaidhe measartha, cé nach bhféadfaí na costais sin a chainníochtú. Maidir le dé-isicianáití, tá teorainnluachanna níos airde ag príomhiomaitheoirí AE, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’iomaíochas cuideachtaí atá ag feidhmiú i margaí a bhfuil íogaireacht ard i bpraghsanna mar shainghné acu. Mar sin féin, maolaítear na hiarmhairtí féideartha mar gheall ar roinnt tosca, lena n‑áirítear na costais incriminteacha teoranta do chuideachtaí agus cineál neamh‑idirnáisiúnta roinnt de na margaí lena mbaineann.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní éilíonn an togra buiséad ná acmhainní foirne sa bhreis do Bhuiséad AE ná do na comhlachtaí arna gcur ar bun ag AE.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Is iad seo a leanas na príomhtháscairí a úsáidtear agus faireachán á dhéanamh ar thionchair na Treorach seo: (i) líon na ngalar ceirde agus líon na gcásanna drochshláinte a bhaineann leis an obair san Aontas Eorpach; agus (ii) laghdú ar na costais a bhaineann le hailse cheirde do ghnólachtaí agus do chórais slándála sóisialta san Aontas Eorpach.

    Tá faireachán ar an gcéad táscaire bunaithe ar na nithe seo a leanas: (i) na sonraí atá ar fáil arna mbailiú ag Eurostat; (ii) sonraí a chuir fostóirí in iúl do na húdaráis náisiúnta inniúla maidir le galair cheirde; agus (iii) sonraí arna gcur isteach ag na Ballstáit ina dtuarascálacha náisiúnta ar chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 17a de Threoir 89/391/CEE. Chun faireachán a dhéanamh ar an dara táscaire tá gá le comparáid a dhéanamh idir na sonraí measta maidir le hualach na ngalar cheirde i dtéarmaí caillteanas eacnamaíoch agus costais cúraim sláinte agus na sonraí arna mbailiú ina dhiaidh sin maidir leis na cúrsaí sin tar éis ghlacadh an leasaithe.

    Is féidir an caillteanas táirgiúlachta agus na costais cúraim sláinte a ríomh trí úsáid a bhaint as líon na gcásanna galair cheirde.

    Déanfar comhlíontacht thrasuí na bhforálacha leasaithe a mheasúnú in dhá chéim (seiceálacha trasuí agus comhréireachta). Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme praiticiúil an leasaithe atá beartaithe mar chuid den mheastóireacht thréimhsiúil nach mór dó a dhéanamh de bhun Airteagal 17a de Threoir Réime OSH. Déanfaidh údaráis náisiúnta, go háirithe cigireachtaí náisiúnta saothair, faireachán ar an gcur i bhfeidhm agus ar an bhforfheidhmiú.

    ar leibhéal an Aontais, cuireann Coiste na gCigirí Sinsearacha Saothair (SLIC) an Coimisiún ar an eolas faoi aon fhadhbanna praiticiúla a bhaineann le forfheidhmiú CMRD agus CAD, lena n‑áirítear deacrachtaí maidir le comhlíonadh teorainnluachanna ceangailteacha.

    Tá sé casta sonraí iontaofa a bhailiú sa réimse sin. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) ag obair go gníomhach chun cáilíocht agus infhaighteacht sonraí a fheabhsú, ionas gur féidir tionchar iarbhír an tionscnaimh bheartaithe a thomhas ar bhealach níos cruinne, agus is féidir táscairí breise a fhorbairt.

    I measc na dtionscadal leanúnach lena gcruthaítear sonraí úsáideacha tá comhar le húdaráis náisiúnta maidir le bailiú sonraí an Staidrimh Eorpaigh um Ghalair Cheirde 82 . Ní mór cur chun feidhme éifeachtach san ionad oibre a dhéanamh i ndiaidh na gníomhaíochta reachtaí. Is féidir le cuideachtaí úsáid a bhaint as an raon leathan uirlisí, faisnéise agus dea-chleachtas a chuireann EU-OSHA ar fáil mar chuid d’Fheachtas na nIonad Oibre Sláintiúil maidir le substaintí contúirteacha 83 .

    D’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid treorach atá ann cheana nó ar shamplaí den dea-chleachtas agus iad a athscaipeadh i gcomhar le EU-OSHA agus/nó le ACSH agus lena mheitheal ábhartha. D’fhéadfaí a áireamh leis an rogha sin freisin feachtais múscailte feasachta a sheoladh arís le haghaidh fostóirí agus oibrithe araon maidir leis na rioscaí a eascraíonn as nochtadh oibrithe do luaidhe agus dé-isicianáití a chosc. Ina theannta sin, d’fhéadfaí an tionscal a spreagadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar treorach a úsáidtear chun tacú lena dtionscnaimh dheonacha.

    Tá EU-OSHA ag forbairt treorach faoi láthair maidir le húsáid na bithmhonatóireachta san ionad oibre. Beidh sé sin ina threoir ghinearálta agus ní ina treoir shonrach maidir le luaidhe, cé go mbeidh na prionsabail ghinearálta ábhartha agus úsáideach. D’fhéadfadh na treoirlínte cabhrú leis na Ballstáit agus le fostóirí, go háirithe FBManna, cláir bhithmhonatóireachta agus faireachais sláinte a chur chun feidhme a thacaíonn le cur chun feidhme fhorálacha an togra seo, chun an leibhéal is airde cosanta a bhaint amach.

    Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

    Ní mór do na Ballstáit téacs na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear CMRD agus CAD a chur chuig an gCoimisiún chomh maith le tábla comhghaoil idir na forálacha sin agus CMRD agus CAD. Tá gá le faisnéis shoiléir ar thrasuí na bhforálacha nua chun comhlíonadh na gceanglas íosta a leagtar síos leis an togra seo a áirithiú.

    Mar gheall ar an méid thuas, moltar go dtabharfadh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoina mbearta trasuí trí dhoiciméad amháin nó níos mó a sholáthar ina míneofar an gaol idir na gnéithe de CMRD agus CAD agus na páirteanna comhfhreagracha d’ionstraimí trasuí náisiúnta.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Airteagal 1

    Déantar foráil in Airteagal 1 maidir leis an CMRD a leasú, go háirithe in Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IIIa a mhéid a bhaineann leis an OEL agus an BLV le haghaidh luaidhe a thabhairt cothrom le dáta.

    Moltar Iarscríbhinn III a leasú a mhéid a bhaineann le luaidhe, lena gceanglaítear ar fhostóirí a áirithiú nach nochtfar aon oibrí d’OEL is airde ná 0.03 mg/m3 mar mheán ualaithe thar thréimhse ama 8 n‑uair an chloig (TWA). Moltar freisin Iarscríbhinn IIIa a leasú a mhéid a bhaineann leis an BLV le haghaidh luaidhe, lena n‑áirithítear nach nochtfar aon oibrí do BLV is níos airde ná 15 µg/100ml fola.

    Airteagal 2

    Déantar foráil in Airteagal 2 maidir le leasú a dhéanamh ar an CAD, go háirithe in Iarscríbhinn I, trí OEL a shocrú le haghaidh dé-isicianáití nach mó ná 6 µg/m³, in éineacht le STEL gaolmhar 12 µg/m³ agus nodaireacht íograithe dheirmigh agus riospráide chomh maith le nodaireacht chraicinn. Ba cheart feidhm a bheith ag luach idirthréimhseach 10 µg/m³ le STEL gaolmhar 20 µg/m³ go dtí an 31 Nollaig 2028 mar gheall ar indéantacht maidir le tomhas teicniúil agus ar an am is gá chun bearta bainistithe riosca a chur chun feidhme go háirithe in earnálacha iartheachtacha.

    Chun deimhneacht agus soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú an tráth céanna, ní mór an OEL sonrach le haghaidh luaidhe a bhaint d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an CAD agus an BLV sonrach a bhaineann leis, trí Iarscríbhinn II a ghabhann leis an CAD a leasú. Tá sé sin amhlaidh toisc go mbunófar an OEL agus an BLV le haghaidh luaidhe ag leibhéal athbhreithnithe níos ísle san fhoráil níos sonraí atá san CMRD.

    Airteagail 3 go 5

    Tá forálacha maidir le trasuí i ndlí náisiúnta na mBallstát in Airteagail 3 go 5. In Airteagal 3 leagtar síos dáta theacht i bhfeidhm na treorach atá beartaithe.

    2023/0033 (COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 98/24/CE ón gComhairle agus Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na teorainnluachanna le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach agus dé-isicianáití

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2), pointe (b), i gcomhar le mír 1, pointe (a), de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Leathnaíodh raon feidhme Threoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 84 le Treoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 85 , chun substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh a chumhdach freisin, lena náirítear luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha. Mar thoradh air sin, le Treoir 98/24/CE ón gComhairle 86 , ar Treoir í a bhfuil an toibreán ceimiceach sin agus a chomhdhúile cumhdaithe cheana in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann léi, agus le Treoir 2004/37/CE, bunaítear an teorainnluach nochta ceirde céanna agus an teorainnluach bitheolaíoch céanna maidir le luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha. Ní chuirtear san áireamh leis na teorainnluachanna sin na forbairtí eolaíocha agus teicniúla agus na torthaí is déanaí lenar féidir cosaint oibrithe a neartú ar an riosca a eascraíonn as nochtadh ceirde don tocsain chontúirteach atáirgthe sin, mar a dhearbhaítear freisin leis na torthaí ó mheastóireacht arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 17a de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle 87 .

    (2)De bhun Airteagal 1(3) de, beidh feidhm ag Treoir 98/24/CE maidir le carcanaiginí, só-ghineacha agus substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair gan dochar d’fhorálacha níos déine nó níos sonraí a leagtar amach i dTreoir 2004/37/CE. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun débhríochtaí agus mearbhall a d’fhéadfadh a bheith ann faoi na teorainnluachanna is infheidhme maidir le luaidhe agus lena comhdhúile neamhorgánacha a sheachaint, ba cheart na Treoracha sin a leasú. Leis sin, déanfar foráil maidir le teorainnluach ceangailteach nochta ceirde athbhreithnithe agus maidir le teorainnluach bitheolaíoch i dTreoir 2004/37/CE amháin, go sonrach in Iarscríbhinní III agus IIIa ina bhfuil forálacha níos sonraí maidir le substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh amhail luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha. Dá bhrí sin, na forálacha sonracha lena socraítear teorainnluach an nochta maidir le luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/24/CE agus teorainnluach bitheolaíoch maidir le luaidhe agus a comhdhúile ianacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 98/24/CE, ba cheart iad a scriosadh.

    (3)Ba cheart teorainnluach athbhreithnithe nua a leagan amach i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear fianaise eolaíoch agus sonraí teicniúla atá cothrom le dáta, agus bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar thionchar socheacnamaíoch agus infhaighteacht na bprótacal agus na dteicnící um nochtadh a thomhas san áit oibre.

    (4)I gcomhréir leis na moltaí ó Choiste um Measúnú Riosca na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 88 , agus an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, is gnách go mbunaítear teorainnluachanna do bhealach ionanálaithe an nochta i ndáil le tréimhse thagartha de mheán ualaithe thar thréimhse ama 8 nuair an chloig (teorainnluachanna nochta fhadtéarmaigh). I gcás ceimiceáin áirithe, socraítear teorainnluachanna freisin faoi threoir tréimhse thagartha níos giorra, go ginearálta meán ualaithe de réir ama 15 nóiméad (teorainnluachanna nochta ghearrthéarmaigh) chun na héifeachtaí a eascraíonn as nochtadh gearrthéarmach a theorannú a mhéid is féidir.

    (5)Chun leibhéal cosanta níos cuimsithí a áirithiú, is gá freisin machnamh a dhéanamh ar chonairí ionsúcháin seachas ionanálú le haghaidh dé-isicianáití, lena náirítear an fhéidearthacht go dtarlódh ionsú tríd an gcraiceann. Leagtar síos nodaireachtaí breise maidir le substaintí guaiseacha agus meascáin ghuaiseacha i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 89 .

    (6)Is príomhthocsainí ceirde atáirgthe iad an luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha ar féidir leo dul i gcion ar thorthúlacht agus ar fhorbairt an fhéatais araon agus a chomhlíonann na critéir maidir lena naicmiú mar thocsaineach don atáirgeadh (catagóir 1A) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus, dá bhrí sin, is substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh iad de réir bhrí Airteagal 2, pointe (ba), de Threoir 2004/37/CE.

    (7)Is bealaí ábhartha nochtadh ó bhéal agus nochtadh trí ionanálú chun luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha a ghlacadh isteach i gcorp an duine. Agus na sonraí eolaíocha agus na torthaí nua is déanaí maidir le luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha á gcur san áireamh, is gá feabhas a chur ar chosaint oibrithe a nochtar do riosca féideartha sláinte, trí teorainnluachanna nochta ceirde agus teorainnluachanna bitheolaíocha le haghaidh luaidhe a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart teorainnluach bitheolaíoch athbhreithnithe 15 µg/100ml fola a bhunú, agus teorainnluach nochta ceirde athbhreithnithe 0.03 mg/m3 mar mheán ualaithe de réir ama 8 nuair (TWA) ag gabháil leis.

    (8)Ina theannta sin, chun an faireachas sláinte ar oibrithe a nochtar do luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha a neartú agus chun rannchuidiú, dá bhrí sin, leis na bearta coisctheacha agus cosanta atá le déanamh ag an bhfostóir, is gá leasú a dhéanamh ar na ceanglais atá ann cheana nuair a nochtar oibrithe do leibhéil áirithe luaidhe agus dá comhdhúl neamhorgánach. Chuige sin, ba cheart faireachas leighis mionsonraithe a bheith ag teastáil nuair is mó an nochtadh don luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha ná 0.015 mg/m3 san aer (50 % den OEL reatha) nó 9 µg/100ml fola (thart ar 60 % den BLV reatha).

    (9)Ba cheart bearta sonracha a chur i bhfeidhm maidir le bainistiú riosca, lena náirítear faireachas sláinte sonrach lenar cheart cúinsí oibrithe aonair a chur san áireamh. Faoi cheanglais ghinearálta Threoir 2004/37/CE, tá sé d’oibleagáid ar fhostóirí a áirithiú go ndéanfar an tsubstaint a ionadú nuair is féidir é go teicniúil, go núsáidfear córais dhúnta, nó go laghdófar an nochtadh go dtí leibhéal chomh híseal agus is féidir go teicniúil. Ina theannta sin, mar a moladh i dtuairim an Choiste Chomhairligh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair 90 , níor cheart leibhéal na luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach san fhuil i measc ban in aois clainne dul thar luachanna tagartha an phobail i gcoitinne nach nochtar do luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha sa Bhallstát faoi seach. Mhol Coiste um Measúnú Riosca (RAC) de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 91 , go núsáidfí treoirluach bitheolaíoch (BGV) toisc nach raibh fianaise eolaíoch leordhóthanach ann chun BLV a shocrú do mhná in aois clainne. Nuair nach bhfuil leibhéil tagartha náisiúnta ar fáil, níor cheart leibhéil luaidhe agus a comhdhúile neamhorgánacha san fhuil i mná atá in aois clainne BGV 4.5 µg/100ml a shárú, mar a mholtar i dtuairim RAC 92 . Is táscaire é an BGV maidir le nochtadh ach ní maidir le héifeachtaí díobhálacha sláinte inaitheanta. Dá bhrí sin, feidhmíonn sé mar mharcóir táscaire chun fostóirí a chur ar an eolas faoin ngá le haird ar leith a thabhairt ar an riosca féideartha sonrach sin agus le bearta a thabhairt isteach chun a áirithiú nach mbeidh éifeachtaí díobhálacha sláinte forbartha san fhéatas nó i sliocht banoibrithe mar thoradh ar aon nochtadh do luaidhe agus dá comhdhúile neamhorgánacha.

    (10)Is íogróirí craicinn agus riospráide (asmaiginí) dé-isicianáití a d’fhéadfadh éifeachtaí díobhálacha sláinte riospráide a bheith acu amhail asma ceirde, íogrú isicianáite agus hipir-fhreagrúlacht bhroinceach, chomh maith le galar ceirde deirmeach. Meastar gur oibreáin cheimiceacha ghuaiseacha iad de réir bhrí Airteagal 2, pointe (b), de Threoir 98/24/CE agus, dá bhrí sin, tagann siad laistigh dá raon feidhme. Níl teorainnluach ceangailteach nochta ceirde ná teorainnluach ceangailteach nochta ghearrthéarmaigh ann faoi láthair le haghaidh dé-isicianáití ar leibhéal an Aontais.

    (11)Ní féidir, ó thaobh na heolaíochta de, leibhéil a shainaithint nach mbeadh éifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte mar thoradh ar nochtadh do dhé-isicianáití faoina mbun. Ina ionad sin, is féidir an gaol idir nochtadh agus riosca a shuí, lena néascaítear socrú teorann nochta ceirde (‘OEL’) trí leibhéal inghlactha riosca iomarcaigh a chur san áireamh. Mar thoradh air sin, ba cheart teorainnluachanna a bhunú le haghaidh dé-isicianáití chun an riosca a laghdú trí leibhéil nochta a ísliú. Dá bhrí sin, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluach fadtéarmach agus gearrthéarmach a shocrú le haghaidh an ghrúpa oibreán ceimiceach sin.

    (12)Is féidir dé-isicianáití a ionsú tríd an gcraiceann agus d’fhéadfadh íogrú deirmeach agus íogrú na conaire riospráide a bheith mar thoradh ar nochtadh do dhé-isicianáití ag an áit oibre freisin. Dá bhrí sin, is iomchuí teorainn nochta ceirde 6 µg/m³ agus teorainn nochta ghearrthéarmaigh 12 µg/m³ a bhunú don ghrúpa oibreán ceimiceach sin agus nodaireacht íograithe craicinn, dheirmigh agus riospráide a shannadh dó.

    (13)D’fhéadfadh sé a bheith deacair teorainn nochta ceirde 6 µg/m³ le haghaidh dé-isicianáití a chomhlíonadh, agus teorainn nochta ghearrthéarmaigh ghaolmhar 12 µg/m³ ag gabháil léi. Baineann an deacracht sin le saincheisteanna indéantachta maidir le tomhas teicniúil agus leis an am is gá chun bearta bainistithe riosca a chur chun feidhme go háirithe in earnálacha iartheachtacha lena mbaineann gníomhaíochtaí amhail úsáid péinteanna, obair le miotal luaidhe, scartáil, deisiú agus bainistiú dramhmhiotail, bainistiú dramhaíola eile agus leasú ithreach. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag luach idirthréimhseach 10 µg/m³ le teorainn nochta ghearrthéarmaigh ghaolmhar 20 µg/m³ go dtí an 31 Nollaig 2028.

    (14)Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste um Measúnú Riosca) a thug tuairimí ar an dá shubstaint. Rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis an lucht bainistíochta agus saothair ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh. Chuaigh sé i gcomhairle freisin leis an gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte, a ghlac tuairimí maidir le hathbhreithniú ar theorainnluachanna le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach 93 agus maidir le teorainnluach ceirde a bhunú le haghaidh dé-isicianáití 94 , agus tugadh moltaí le haghaidh nodaireachtaí iomchuí.

    (15)Ba cheart grinnscrúdú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainnluachanna a bhunaítear sa Treoir seo go rialta chun comhsheasmhacht le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a áirithiú.

    (16)Ní féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, is é sin oibrithe a chosaint ar rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht a eascraíonn, nó ar dócha go neascróidh siad, as nochtadh oibreoirí do cheimiceáin agus do substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair lena náirítear rioscaí den sórt sin a chosc, a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina naonar. Ina ionad sin, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (17)Ós rud é gur le cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe san ionad oibre a bhaineann an Treoir seo, ba cheart í a thrasuí laistigh de 2 bhliain ó dháta a teacht i bhfeidhm.

    (18)Dá bhrí sin, ba cheart Treoracha 98/24/CE agus 2004/37/CE a leasú dá réir sin.

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Treoir 98/24/CE mar a leanas:

    (1) Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo;

    (2) In Iarscríbhinn II, scriostar pointí 1, 1.1, 1.2 agus 1.3.

    Airteagal 2

    Leasaítear Iarscríbhinní III agus IIIa a ghabhann le Treoir 2004/37/EC i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo.

    Airteagal 3

    Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoi dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo ar a dhéanaí. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna ina ndéanfar an tagairt sin.

    Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 5

    Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
    (2)     https://op.europa.eu/webpub/empl/european‑pillar-of-social-rights/en/  
    (3)    Creat Straitéiseach AE maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair 2014-2020, COM (2014) 332 final, 6.6.2014; Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Safer and Healthier Work for All — Modernisation of the EU Occupational Safety and Health Legislation and Policy [Obair níos Sábháilte agus níos Folláine do Chách — Nuachóiriú ar Reachtaíocht agus ar Bheartas an Aontais maidir le Sábháilteacht agus Sláinte Cheirde] COM (2017) 12 final, 10.1.2017; Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A strong social Europe for just transitions [Eoraip shóisialta láidir le haghaidh aistrithe córa], COM(2020) 14 final, 14.1.2020, Creat Straitéiseach AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027, COM (2021) 323 final 28.7.2021.
    (4)    Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach maidir le síolrú ag an obair (an Séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).
    (5)    Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle (IO L 131, 5.5.1998, lch 11).
    (6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal The European Pillar of Social Rights Action Plan [Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta]. COM (2021) 102 final.
    (7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘EU strategic framework on health and safety at work 2021-2027 Occupational safety and health in a changing world of work’ [Creat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 Sábháilteacht agus sláinte cheirde i saol oibre atá ag athrú]. COM (2021) 323 final.
    (8)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na. Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht. I dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsain. COM (2020) 667 final.
    (9)    Is é an cion luaidhe atá iontu is cúis leis an tocsaineacht sláinte atáirgthe i gcomhdhúile luaidhe neamhorgánacha. Dá bhrí sin, tacaíonn Coiste Measúnaithe Riosca (RAC) na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán le cur chuige grúpa chun raon leathan substaintí aonair ina bhfuil luaidhe a chumhdach.
    (10)    Is comhthéarma dé-isicianáití ar roinnt ceimiceáin dé-isicianáití ar leith. Áirítear leis sin 25 dhé-isicianáit éagsúla ar a laghad, agus baineann 11 díobh le níos mó ná 99 % den tonnáiste cláraithe faoi REACH (ECHA 2019).
    (11)    Balmes J, Becklake M, Blanc P et al. (2003) American Thorac Society Statement: occupational contribution to the burden of airway disease. Am J Crit Care Med. 167:787- 797.
    (12)    Ciallaíonn teorainn nochta ceirde (OEL) teorainn an mheáin ualaithe de réir ama de thiúchan oibreáin cheimicigh san aer laistigh de chrios análaithe oibrí i ndáil le tréimhse thagartha shonraithe, 8 nuair an chloig de ghnáth.
    (13)     Ciallaíonn teorainnluach bitheolaíoch (BLV) teorainn na tiúchana sa mheán bitheolaíoch iomchuí den oibreán ábhartha, a mheitibilít, nó táscaire éifeachta.
    (14)    Tomhaistear OEL thar thréimhse 8 nuair an chloig, rud is ionann le lá oibre. Nuair a dhéantar tagairt do theorainn nochta ghearrthéarmaigh (STEL) de ghnáth is tréimhse 15 nóiméad atá i gceist agus úsáidtear í nuair a bhaineann nochtaí gearrthréimhse, amhail buaiceanna, le tús drochshláinte.
    (15)    Féach fonóta 5.
    (16)    Féach fonóta 4.
    (17)    Treoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (IO L 88, 16.3.2022, lch. 1.)
    (18)    Staidéar ar shubstaintí atá tocsaineacha don atáirgeadh https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=738&langId=en&pubId=8220&furtherPubs=yes  
    (19)    Cuireann REACH cosc ar úsáid luaidhe i bpéinteanna, faoi réir maoluithe áirithe (Iarscríbhinn 8). Mar sin féin, d’fhéadfadh oibrithe a bheith faoi lé luaidhe agus iad ag obair ar fhoirgnimh agus ar struchtúir a péinteáladh sular tháinig an srian i bhfeidhm.
    (20)    RPA (2021), Study on collecting information on substances with the view to analyse health, socio-economic and environmental impacts in connection with possible amendments of Directive 98/24/EC (Chemical Agents) and Directive 2009/148/EC (Asbestos) Final report for lead and its compounds and final report for diisocyanates [Staidéar maidir le faisnéis faoi shubstaintí a bhailiú d’fhonn anailís a dhéanamh ar na tionchair shláinte, shocheacnamaíocha agus chomhshaoil i ndáil le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Threoir 98/24/CE (Oibreáin Cheimiceacha) agus ar Threoir 2009/148/CE (Aispeist). Tuarascáil deiridh maidir le luaidhe agus a comhdhúile agus tuarascáil deiridh maidir le dé-isicianáití] (staidéar seachtrach a thacaíonn leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair).
    (21)    Treoir 82/605/CEE ón gComhairle an 28 Iúil 1982 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do luaidhe mhiotalach agus dá comhdhúile ianacha ag an obair ), an chéad Treoir aonair de réir bhrí Airteagal 8 de Threoir 80/1107/CEE (IO L 247, 23.8.1982, lch. 12)
    (22)     https://op.europa.eu/en/publication‑detail/-/publication/b8827eb0-bb69-4193-9d54-8536c02080c1/language-en  
    (23)    RAC opinion on lead (2020) [Tuairim RAC maidir le luaidhe (2020)[ https://echa.europa.eu/documents/10162/ed7a37e4-1641-b147-aaac-fce4c3014037  RAC opinion on diisocyanates (2020) [Tuairim RAC maidir le dé-isicianáití (2020)] https://echa.europa.eu/documents/10162/4ea3b5ee-141b-63c9-8ffd‑1c268dda95e9  
    (24)    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.)
    (25)    ACSH opinion on lead (2021) [Tuairim ACSH maidir le luaidhe (2021)] https://circabc.europa.eu/ui/group/cb9293be-4563-4f19-89cf-4c4588bd6541/library/60b206e1-ee10-40c2-9540-fb6510c11a0c/details      ACSH opinion on diisocyanates (2021) [Tuairim ACSH maidir le dé-isicianáití (2021)] https://circabc.europa.eu/ui/group/cb9293be-4563-4f19-89cf-4c4588bd6541/library/0d11d394-b1e8-4e1a-a962-5ad60f4ab2ae/details  
    (26)    Léiríonn meastacháin gur fir atá i bhformhór an lucht saothair in earnálacha lena mbaineann luaidhe (thart ar 97 %).
    (27)    Mar sin féin, ní leor sonraí maidir le héifeachtaí sláinte inaitheanta chun measúnú ceart a dhéanamh orthu. (féach an roinn thíos ar mheasúnú tionchair).
    (28)    Is luachanna a bhaineann le nochtadh iad treoirluachanna bitheolaíocha (BGVanna), lena léirítear tiúchan uachtarach an oibreáin cheimicigh nó ceann dá mheitibilítí in aon mheán bitheolaíoch iomchuí a chomhfhreagraíonn do pheircintíl áirithe (an 90ú peircintíl nó an 95ú peircintíl go ginearálta) i ndaonra tagartha sainithe. I gcás nach dtacaíonn na sonraí atá ar fáil le BLV a dhíorthú, féadfar luach treorach bitheolaíoch (BGV) a bhunú. Is minic a thugtar luachanna tagartha ar BGVanna freisin. D’fhéadfadh siad a bheith úsáideach d’oibrithe, d’fhostóirí agus do lianna ceirde agus iad ag déileáil le saincheisteanna cosanta oibrithe. Mar shampla, is féidir leo a bheith ina dtáscaire ar nochtadh ceirde a bhféadfadh aird a bheith ag teastáil uaidh chun an gá atá le bearta bainistíochta riosca breise a mheas. Ní teorainn le haghaidh éifeachtaí sláinte iad BGVanna. Foinse: https://echa.europa.eu/documents/10162/23036412/ircsa_r8_appendix_oels_en.pdf/f1d45aca-193b-a7f5-55ce-032b3a13f9d8
    (29)    Féach fonóta 23.
    (30)    Rialachán (AE) 2020/1149 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a mhéid a bhaineann le dé-isicianáití (IO L 252, 4.8.2020, lch. 24).
    (31)    Tá meicníocht choiteann ag substaintí dé-isicianáite chun sásraí hipiríogaireachta a spreagadh. Dá bhrí sin, tacaíonn RAC le cur chuige grúpa chun raon leathan substaintí dé-isicianáite aonair a chumhdach.
    (32)    Balmes J, Becklake M, Blanc P et al. (2003) American Thorac Society Statement: occupational contribution to the burden of airway disease. Am J Crit Care Med. 167:787- 797.
    (33)     https://www.hse.gov.uk/statistics/causdis/asthma.pdf  
    (34)     https://academic.oup.com/annweh/article/65/8/893/6247067  
    (35)    RPA (2021), Féach fonóta 20.
    (36)    Féach fonóta 20.
    (37)    Tagraíonn an grúpa NCO d’adaimh nítrigine, charbóin, agus ocsaigine an ghrúpa isicianáite.
    (38)    Tháinig roinnt coistí saineolaithe ar an gconclúid go bhfuil comhmheasúnú do gach dé-isicianáit bunaithe ar thiúchan NCO leordhóthanach. Molann an RAC an cur chuige sin freisin, ach deir sé freisin nach bhfuil go leor sonraí ann chun difríochtaí suntasacha do dhé-isicianáití aonair a mheas.
    (39)    Luaitear i dtuairim RAC go léirítear go bhfuil buaic-nochtadh tábhachtach maidir le riosca fhorbartha asma. Mar sin féin, níl sé indéanta go praiticiúil buaiceanna i staidéir eipidéimeolaíochta daonna a thomhas mar gheall ar dheacrachtaí tomhais.
    (40)    RPA (2021), Féach fonóta 20.
    (41)    Féach fonóta 3.
    (42)    Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh. IO L 183, 29.6.1989, lch. 1.
    (43)    IO C 326, 26.10.2012, lgh. 391– 407.
    (44)    Is féidir le luaidhe dul thar an bplacaint a mbíonn tiúchan luaidhe fola sa chorda imleacáin tráth na breithe gar do leibhéal luaidhe fola na máthar mar thoradh air (foinse: RPA, rannóg staidéir sheachtraigh 2021 2.2.4.7, féach fonóta 19).
    (45)    Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche. IO L 348, 28.11.1992, lgh. 1–7.
    (46)    Féach fonóta 25.
    (47)    Féach fonóta 23.
    (48)    Féach tuairim RAC, fonóta 23.
    (49)    Tionóladh an chéad chomhchruinniú de chuid údaráis inniúla REACH agus de chuid ghrúpaí sainleasa ACSH/WPC an 5 Aibreán 2022 chun gnéithe OSH den athbhreithniú reatha REACH a phlé.
    (50)     https://echa.europa.eu/documents/10162/22dd9386-7fac-4e8d‑953a-ef3c71025ad4  
    (51)     https://echa.europa.eu/documents/10162/ffd7653b-98cc-4bcc-9085-616559280314  
    (52)     https://echa.europa.eu/documents/10162/61845f2b-f319-ab2e-24aa-6fc4f8fc150f  
    (53)     https://echa.europa.eu/documents/10162/503ac424-3bcb-137b-9247-09e41eb6dd5a  
    (54)    Féach fonóta 25.
    (55)     https://ec.europa.eu/environment/pdf/waste/batteries/Proposal_for_a_Regulation_on_batteries_and_waste_batteries.pdf
    (56)    https://www.hbm4eu.eu/aboutus/
    (57)    Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Scholten, B; Kenny, L; Duca, R; Pronk, A; Santonen, T; Galea, K.S; Loh, M; Huumonen, K; Sleeuwenhoek, A; Creta, M; Godderis, L; agus Jones, K. 2020. ‘Biomonitoring for occupational exposure to diisocyanates: a systematic review’ [Bithmhonatóireacht le haghaidh nochtadh ceirde do dhé-isicianáití: athbhreithniú córasach] Annals of Work Exposures and Health [Annála Oibre agus Nochtadh Sláinte] 64(6): 569‑585. https://academic.oup.com/annweh/article/64/6/569/5822987?login=true  
    (58)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Plean Sáraithe Ailse na hEorpa. COM (2021) 44 final.
    (59)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A Renovation Wave for Europe - greening our buildings, creating jobs, improving lives. [Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip – glasú ár bhfoirgneamh, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil]. COM (2020) 662 final
    (60)    BG, HR, CZ, DK, FI, FR, DE, HU, IT, LV, NL, PL, SK, SI, SE.
    (61)    HR, IE, LT.
    (62)    RPA (2021) Féach fonóta 21.
    (63)    Féach fonóta 23.
    (64)    Is éard atá i gceist leis an bpróiseas chun teorainnluachanna a leagan síos agus/nó a athbhreithniú go sainaithneoidh an Coimisiún substaintí tosaíochta le haghaidh meastóireacht eolaíoch, lena náirítear rannpháirtíocht geallsealbhóirí ar leibhéil na mBallstát agus na gComhpháirtithe Sóisialta, meastóireacht eolaíoch ar an gCoiste um Measúnú Riosca de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán, comhairliúchán poiblí, comhairliúchán trípháirteach le hionadaithe fostóirí, oibrithe agus rialtas tríd an gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, agus measúnú tionchair bunaithe ar staidéar seachtrach.
    (65)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52017SC0010&from=en  
    (66)    Féach fonóta 3.
    (67)    Molann an RAC go luafaí in CAD gur chóir nochtadh ban torthúil do luaidhe a sheachaint nó a íoslaghdú san ionad oibre toisc nach dtugtar cosaint leis an BLV le haghaidh luaidhe do shliocht na mban in aois clainne. I dtuairim an CEC, tá sé seo idirdhealaitheach mar d’fhéadfadh sé staid a chruthú nach bhféadfaí mná a fhostú in áiteanna oibre inar féidir iad a nochtadh do luaidhe agus dá comhdhúile.
    (68)    Féach fonóta 45.
    (69)     Féach fonóta 24 .  
    (70)    Féach fonóta 25.
    (71)     Féach   fonóta 25.
    (72)    Chun forléargas mionsonraithe a fháil ar na tuairimí éagsúla, féach tuairim ACSH (féach fonóta 25) agus an tuarascáil mheasúnaithe tionchair a ghabhann leis an togra seo.
    (73)    An tam is gá chun a thiúchan a laghdú faoina leath.
    (74)    Féach fonóta 23.
    (75)    Féach fonótaí 31 agus 37.
    (76)    RPA (2021) Féach fonóta 20. Nuair a seoladh an staidéar, bhí tabhairt isteach teorainnluachanna le haghaidh dé-isicianáití agus tabhairt cothrom le dáta na dteorainnluachanna le haghaidh luaidhe le cur i gcrích faoi CAD. Dréachtaíodh an tuarascáil ar an measúnú tionchair, áfach, tar éis an chomhaontaithe idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mí Eanáir 2022 chun raon feidhme CMD a leathnú agus dá bhrí sin, cuireadh san áireamh substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh a áireamh faoi CMRD agus na himpleachtaí a bhaineann leis.
    (77)    Tuairim RAC. Féach fonóta 23.
    (78)    Féach fonóta 25.
    (79)    Le fáil ag: https://ec.europa.eu/info/better-regulation‑guidelines‑and‑toolbox_en .
    (80)    Ní bheidh ach costais RMManna ar chuideachtaí a oibríonn le luaidhe.
    (81)    Uirlis # 22 de bhosca uirlisí um Rialáil Níos Fearr ar FBManna.
    (82)     https://ec.europa.eu/eurostat/web/experimental-statistics/european‑occupational-diseases‑statistics  
    (83)    San fheachtas, féachadh le roinnt cuspóirí a bhaint amach, lena náirítear feasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann le rioscaí ó shubstaintí contúirteacha a chosc, measúnú riosca a chur chun cinn, feasacht a mhúscailt maidir leis na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí ag an obair, nó eolas ar an gcreat reachtach a mhéadú. Bhí an feachtas ar siúl in 2018-2019. Ceann de na gnéithe sin is ea bunachar sonraí treoraíochta agus dea-chleachtas atá le fáil ag https://osha.europa.eu/en/themes/dangerous‑substances/practical-tools‑dangerous‑substances .
    (84)    Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghinigh ag an obair (an séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).
    (85)    Treoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (IO L 88, 16.3.2022, lch. 1).
    (86)    Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).
    (87)    Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).
    (88)    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.)
    (89)    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena naisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
    (90)    ACSH opinion on lead (2021) [Tuairim ACSH maidir le luaidhe (2021)]. https://circabc.europa.eu/ui/group/cb9293be-4563-4f19-89cf-4c4588bd6541/library/60b206e1-ee10-40c2-9540-fb6510c11a0c/details  
    (91)    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.)
    (92)    Maidir leis an meastóireacht ar na teorainneacha nochta ceirde don luaidhe agus dá comhdhúile, a rinneadh an 11 Meitheamh 2020. (Féach roinn 8.2.4. den iarscríbhinn a ghabhann leis an tuairim). https://echa.europa.eu/documents/10162/ed7a37e4-1641-b147-aaac-fce4c3014037  
    (93)    Féach fonóta 8.
    (94)    ACSH opinion on diisocyanates (2021) [Tuairim ACSH maidir le dé-isicianáití (2021)] https://circabc.europa.eu/ui/group/cb9293be-4563-4f19-89cf-4c4588bd6541/library/0d11d394-b1e8-4e1a-a962-5ad60f4ab2ae/details  
    Top

    An Bhruiséil,13.2.2023

    COM(2023) 71 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    lena leasaítear Treoir 98/24/CE ón gComhairle agus Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na teorainnluachanna le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach agus dé-isicianáití

    {SEC(2023) 67 final} - {SWD(2023) 34 final} - {SWD(2023) 35 final} - {SWD(2023) 36 final}


    IARSCRÍBHINN I

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/24/CE:

    ‘IARSCRÍBHINN I

    LIOSTA DE THEORAINNLUACHANNA NOCHTA CEIRDE CEANGAILTEACHA

    Ainm an oibreáin

    Uimh. CE (1)

    Uimh. CAS (2)

    Teorainnluachanna

    Nodaireacht

    Bearta idirthréimhseacha

    8 n‑uair an chloig (3)

    Gearrthéarmach (4) 

    µg/m3

    (5)  

    Ppm (6)

    f/ml (7)

    µg/m3

    ppm

    Dé-isicianáití

    6

    12

    Craiceann (8)

    Íogrú deirmeach agus riospráide (9)

    Beidh feidhm ag an teorainnluach 10 µg/m3 i ndáil le tréimhse thagartha ocht n‑uair an chloig agus ag teorainnluach nochta ghearrthéarmaigh 20 µg/m3 go dtí an 31 Nollaig 2028.

    (1)    Is í uimhir CE, i.e. , Einecs, ELINCS nó NLP, uimhir oifigiúil na substainte laistigh den Aontas Eorpach, faoi mar a shainmhínítear i Roinn 1.1.1.2 in Iarscríbhinn VI, Cuid 1, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

    IARSCRÍBHINN II

    Leasaítear Iarscríbhinní III agus IIIa a ghabhann le Treoir 2004/37/CE mar a leanas:

    (1)    in Iarscríbhinn III, pointe A,

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na sraithe a bhaineann le luaidhe neamhorgánach agus lena comhdhúile:

    Ainm an oibreáin

    Uimh. CE (1)

    Uimh. CAS (2)

    Teorainnluachanna

    Nodaireacht

    Bearta idirthréimhseacha

    8 n‑uair an chloig (3)

    Gearrthéarmach  (4)

    mg/m3 (5)  

    Ppm (6)

    f/ml (7)

    mg/m3

    ppm

    f/ml

    Luaidhe neamhorgánach agus a comhdhúile

    0.03

    (1)    Is í uimhir CE, i.e. , Einecs, ELINCS nó NLP, uimhir oifigiúil na substainte laistigh den Aontas Eorpach, faoi mar a shainmhínítear i Roinn 1.1.1.2 in Iarscríbhinn VI, Cuid 1, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

    (1) Moltar nach sáróidh an leibhéal luaidhe san fhuil i mná in aois clainne luachanna tagartha an phobail i gcoitinne nach nochtar do luaidhe san ionad oibre sna Ballstáit faoi seach den Aontas. Nuair nach bhfuil leibhéil tagartha náisiúnta ar fáil, moltar nach sáróidh an leibhéil luaidhe san fhuil i mná in aois clainne an Treoirluach Bitheolaíochta 4.5 µg/100ml.’

    Top