Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0042

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le leasuithe áirithe ar an gCoinbhinsiún agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis

    COM/2023/42 final

    An Bhruiséil,27.1.2023

    COM(2023) 42 final

    2023/0016(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le leasuithe áirithe ar an gCoinbhinsiún agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.Ábhar an togra

    Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta i ndáil le cinntí, a bhfuil sé beartaithe iad a ghlacadh, maidir le hIarscríbhinn III a leasú trí aicéiteaclór, carbasulfán, aispeist chrisitíle, feintión (foirmlíochtaí toirte ultra-ísle (ULV) ag 640 g comhábhar gníomhach/L nó os a chionn sin), iopróidhé-ón, foirmlíochtaí leachtacha (tiúchán ineiblithe agus tiúchán intuaslagtha) ina bhfuil déchlóiríd pharaquat ag 276 g/L nó os a chionn sin, atá comhfhreagrach le hian paraquat ag 200 g/L nó os a chionn sin, agus le tearbúfos.

    Ina theannta sin, baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Rotterdam i ndáil leis an togra chun an Coinbhinsiún a leasú, togra a chuir an Eilvéis, an Astráil agus Mailí isteach.

    2.Comhthéacs an togra

    2.1.Coinbhinsiún Rotterdam

    Tá sé d’aidhm ag Coinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta (‘an Coinbhinsiún’) an fhreagracht chomhroinnte agus iarrachtaí comhair a chur chun cinn i measc na bPáirtithe sa trádáil idirnáisiúnta i gceimiceáin ghuaiseacha áirithe, chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar aon díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun rannchuidiú ionas go n‑úsáidfear na ceimiceáin sin ar dhóigh a rachaidh chun fónaimh don chomhshaol. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 24 Feabhra 2004.

    Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Choinbhinsiún 1 .

    2.2.Comhdháil na bPáirtithe

    Is de bhun Airteagal 18 den Choinbhinsiún a bunaíodh Comhdháil na bPáirtithe (COP), agus is í comhlacht rialaithe Choinbhinsiún Rotterdam í. Uair gach 2 bhliain is gnách leis an gcomhlacht sin teacht le chéile, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin. Chomh maith leis sin, déanann sí athbhreithniú ar cheimiceáin a chuireann an Coiste um Athbhreithniú Ceimiceán faoina bhráid chun a measta.

    I gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Choinbhinsiún, tá sé de cheangal ar na Páirtithe fógraí a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí rialála críochnaitheacha a bheidh déanta chun toirmeasc nó diansrian a chur ar úsáid ceimiceáin ar an leibhéal náisiúnta. Ar fháil dhá fhógra den chineál sin don Rúnaíocht, maidir leis an gceimiceán amháin, ó dhá Pháirtí as dhá réigiún PIC éagsúla, cuirfear na fógraí sin faoi bhráid an Choiste Athbhreithnithe Ceimiceán. Tá an Coiste um Athbhreithniú Ceimiceán le hathbhreithniú a dhéanamh ar na fógraí sin de réir na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus moladh a ghlacadh a mhéid a bhaineann leis an gceimiceán faoi seach a liostú lena bhreithniú ag Comhdháil na bPáirtithe.

    Ina theannta sin, aon Pháirtí ar tír i mbéal forbartha í nó tír a bhfuil geilleagar idirlinne aici agus a bhfuil fadhbanna aici a eascraíonn as foirmliú lotnaidicídí géarchúiseach faoi choinníollacha úsáide ina críoch, féadfaidh sé a mholadh go liostófaí an foirmliú lotnaidicídí géarchúiseach sin in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún i gcomhréir le hAirteagal 6(1). Tá an Coiste um Athbhreithniú Ceimiceán le hathbhreithniú a dhéanamh ar na tograí sin de réir na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus moladh a ghlacadh a mhéid a bhaineann leis an bhfoirmliú lotnaidicídí géarchúiseach faoi seach a liostú lena bhreithniú ag Comhdháil na bPáirtithe.

    Is le hAirteagal 21 den Choinbhinsiún a rialaítear an nós imeachta um ghlacadh leasuithe ar an gCoinbhinsiún, agus is le hAirteagal 22 a rialaítear an nós imeachta um ghlacadh agus leasú Iarscríbhinní. I gcomhréir le hAirteagal 23 den Choinbhinsiún, tá aon vóta amháin ag gach Páirtí. Mar sin féin, i dtaca le heagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíochta, cuir i gcás an tAontas Eorpach, feidhmíonn na heagraíochtaí sin a gceart chun vótáil le líon vótaí is ionann agus líon a mBallstát atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún.

    2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ag Comhdháil na bPáirtithe

    Ag an 11ú gnáthchruinniú, breithneoidh Comhdháil na bPáirtithe cinntí a ghlacadh maidir le haicéiteaclór, carbasulfán, aispeist chrisitíle, feintión (foirmlíochtaí toirte ultra-ísle (ULV) ag 640 g comhábhar gníomhach/L nó os a chionn sin), iopróidhé-ón, foirmlíochtaí leachtacha (tiúchán ineiblithe agus tiúchán intuaslagtha) ina bhfuil déchlóiríd pharaquat ag 276 g/L nó os a chionn sin, atá comhfhreagrach le hian paraquat ag 200 g/L nó os a chionn sin, agus le tearbúfos, a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

    Is é an éifeacht atá leis an liostú in Iarscríbhinn III go mbeidh na ceimiceáin faoi réir an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl Roimh Ré nuair a dhéanfar iad a thrádáil go hidirnáisiúnta. Fágfaidh sin go mbeidh sé de cheangal ar na Páirtithe freagairtí allmhairíochta a chur faoi bhráid na Rúnaíochta ionas go bhféadfaidh an Rúnaíocht na freagairtí allmhairíochta sin a chur ar fáil do na Páirtithe uile. Beidh sé de cheangal ar na Páirtithe onnmhairíochta na freagairtí allmhairíochta sin a urramú agus iad ag onnmhairiú na gceimiceán siúd.

    Beidh na gníomhartha atá beartaithe ina gceangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 22(5)(c) den Choinbhinsiún, lena bhforáiltear: ‘Aon chinneadh maidir le hIarscríbhinn III a leasú, cuirfidh an Taiscí in iúl do na Páirtithe é. Tiocfaidh an leasú i bhfeidhm maidir leis na Páirtithe uile ar dháta a shonrófar sa chinneadh.’

    Ina theannta sin, breithneoidh Comhdháil na bPáirtithe togra a chuir an Eilvéis, an Astráil agus Mailí isteach chun Airteagail 7, 10, 11 agus 22 de Choinbhinsiún Rotterdam a leasú agus chun Iarscríbhinn VIII nua a chur isteach. Ag brath ar an bplé ag Comhdháil na bPáirtithe, d’fhéadfadh sé gur ghá an togra a mhodhnú. Leis na leasuithe atá beartaithe, bunófar sásra chun onnmhairiú na gceimiceán sin a rialáil, ar ceimiceáin iad a mholann an Coiste um Athbhreithniú Ceimiceán lena liostú in Iarscríbhinn III, ach nár tháinig Comhdháil na bPáirtithe ar chomhthoil i ndáil lena liostú in Iarscríbhinn III go fóill.

    Maidir leis an liostú in Iarscríbhinn VIII maille leis na rialacha comhfhreagracha maidir le honnmhairiú na gceimiceán faoi seach, beidh feidhm acu maidir le gach Páirtí a dhaingneoidh an leasú go dtí go liostófar an ceimiceán sin in Iarscríbhinn III. Déanfar an cinneadh maidir leis an liostú de chomhthoil, agus féadfar cinneadh a dhéanamh trí thromlach trí cheathrú de na Páirtithe a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ag an gcruinniú, má tá gach iarracht chun teacht ar chomhthoil ídithe.

    Beidh an leasú atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Choinbhinsiún, lena bhforáiltear maidir leis an méid seo a leanas: ‘Tabharfar fógra i scríbhinn don Taiscí faoi dhaingniú, glacadh nó formheas leasaithe. Tiocfaidh leasú a ghlacfar i gcomhréir le mír 3 i bhfeidhm maidir leis na Páirtithe tar éis dóibh é a ghlacadh an 90ú lá tar éis dháta na n‑ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasa a thaisceadh ag trí cheathrú de na Páirtithe ar a laghad. Ina dhiaidh sin, tiocfaidh an leasú i bhfeidhm maidir le haon Pháirtí eile an 90ú lá tar éis an dáta a thaiscfidh an Páirtí sin a ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó formheasa i leith an leasaithe’. Dá bhrí sin, nuair a bheidh an leasú glactha agus é curtha in iúl don Aontas ag an taisclann, bheadh ar an Aontas bearta a dhéanamh chun an leasú sin a fhormheas faoi Airteagal 21(5) den Choinbhinsiún agus é sin a chur in iúl don taisclann.

    3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

    Is é an seasamh ba cheart a ghlacadh thar ceann an Aontais ag an 11ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Rotterdam tacú le liostú aicéiteaclór, carbasulfán, aispeist chrisitíle, feintión (foirmlíochtaí toirte ultra-ísle (ULV) ag 640 g comhábhar gníomhach/L nó os a chionn sin), iopróidhé-ón, foirmlíochtaí leachtacha (tiúchán ineiblithe agus tiúchán intuaslagtha) ina bhfuil déchlóiríd pharaquat ag 276 g/L nó os a chionn sin, atá comhfhreagrach le hian paraquat ag 200 g/L nó os a chionn sin, agus le tearbúfos, a liostú in Iarscríbhinn III i gcomhréir leis na moltaí ábhartha ón gCoiste um Athbhreithniú Ceimiceán.

    I gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Choinbhinsiún, thug na Páirtithe fógraí maidir le gníomhaíochtaí rialála críochnaitheacha a rinneadh chun toirmeasc nó diansrian a chur ar úsáid aicéiteaclóir, carbasulfáin, aispeiste crisitíle, iopróidhé-óin agus tearbúfos ar an leibhéal náisiúnta.

    Thairis sin, chuir Páirtithe tograí isteach chun feintión (foirmlíochtaí toirte ultra-ísle (ULV) ag 640 g comhábhar gníomhach/L nó os a chionn sin) agus foirmlíochtaí leachtacha (tiúchán ineiblithe agus tiúchán intuaslagtha) ina bhfuil déchlóiríd pharaquat ag 276 g/L nó os a chionn sin, atá comhfhreagrach le hian paraquat ag 200 g/L nó os a chionn sin, a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún i gcomhréir le hAirteagal 6(1).

    Rinne an Coiste um Athbhreithniú Ceimiceán athbhreithniú ar na fógraí de réir na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus ar na tograí de réir na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus chinn sé go gcomhlíontar na critéir ábhartha uile.

    Is é an éifeacht atá leis an liostú in Iarscríbhinn III go mbeidh na ceimiceáin faoi réir an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl Roimh Ré nuair a dhéanfar iad a thrádáil go hidirnáisiúnta. Fágfaidh sin go mbeidh sé de cheangal ar na Páirtithe freagairtí allmhairíochta a chur faoi bhráid na Rúnaíochta ionas go bhféadfaidh an Rúnaíocht na freagairtí allmhairíochta sin a chur ar fáil do na Páirtithe uile. Beidh sé de cheangal ar na Páirtithe onnmhairíochta na freagairtí allmhairíochta sin a urramú agus iad ag onnmhairiú na gceimiceán siúd.

    Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 11ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Rotterdam a mhéid a bhaineann leis an togra a chuir an Eilvéis, an Astráil agus Mailí isteach, go molfar leasú lena dtabharfaí sásra vótála isteach le haghaidh liostú ceimiceán in Iarscríbhinn III. Agus an taithí a fuarthas ón bplé le Páirtithe eile á cur san áireamh, dealraíonn sé nach dtacódh ach líon beag Páirtithe le leasú den sórt sin. Dá bhrí sin, is é an seasamh malartach ba cheart a bheith ann tacú, i bprionsabal, leis an togra a chuir an Eilvéis, an Astráil agus Mailí isteach, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)nach bhfuil aon tacaíocht leordhóthanach ann ó Pháirtithe eile le haghaidh leasú ar an nós imeachta cinnteoireachta maidir le liostú in Iarscríbhinn III lena dtabharfaí isteach an fhéidearthacht vótáil i gcomhréir le hAirteagal 22(4) i gcomhar le hAirteagal 22(3), ach gan Airteagal 22(3)(b) den Choinbhinsiún a chur i bhfeidhm,

    (b)go bhfuil na rialacha agus na nósanna imeachta breise a thugtar isteach leis an leasú comhleanúnach leis na rialacha agus na nósanna imeachta atá ann cheana faoin gCoinbhinsiún,

    (c)go náirithítear leis na leasuithe go dtugtar tús áite don liostú in Iarscríbhinn III agus nach gcuireann na rialacha breise isteach ar an liostú in Iarscríbhinn III, lena náirítear aon liostú in Iarscríbhinn III a cinneadh i gcás ina liostaítear ceimiceán cheana in Iarscríbhinn VIII,

    (d)go náirithítear leis na leasuithe go mbeidh na rialacha a mhéid a bhaineann le cosaint tíortha allmhairíochta, a mbeidh feidhm acu maidir le honnmhairiú ceimiceán a liostaítear in Iarscríbhinn VIII, níos déine ná na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le honnmhairiú ceimiceán a liostaítear in Iarscríbhinn III,

    (e)go náirithítear leis an leasú go mbeidh gach Páirtí a dhaingneoidh an leasú faoi cheangal ag aon chinneadh ceimiceán a liostú in Iarscríbhinn VIII, lena náirítear aon chinneadh a dhéanfar trí vótáil.

    Tá an togra comhleanúnach le cur chun feidhme Rialachán (AE) 649/2012, is é sin an Rialachán lena gcuirtear Coinbhinsiún Rotterdam chun feidhme san Aontas, agus comhlánaíonn sé an Rialachán sin. Tagann sé go hiomlán le cuspóir sin an Choinbhinsiúin, is é sin freagracht chomhroinnte agus iarrachtaí comhair a chur chun cinn i measc na bPáirtithe sa trádáil idirnáisiúnta i gceimiceáin ghuaiseacha áirithe, chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar aon díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun rannchuidiú ionas go n‑úsáidfear na ceimiceáin sin ar dhóigh a rachaidh chun fónaimh don chomhshaol.

    Tá an togra comhleanúnach le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ós rud é nach gcuireann sé isteach ar aon chinneadh maidir le ceimiceáin a chur ar an margadh san Aontas Eorpach.

    4.Bunús dlí

    4.1.Bunús dlí nós imeachta

    4.1.1.Prionsabail

    In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

    Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 2 .

    4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

    Is comhlacht í Comhdháil na bPáirtithe a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin Coinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta.

    Gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo is ea na gníomhartha a iarrtar ar Chomhdháil na bPáirtithe a ghlacadh. Na gníomhartha atá beartaithe chun Iarscríbhinn III a leasú, beidh siad ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 22 de Choinbhinsiún Rotterdam agus ní mór iad a chur chun feidhme i Rialachán (AE) Uimh. 649/2012. D’fhéadfadh an gníomh chun an Coinbhinsiún a leasú mar atá molta ag trí Pháirtí tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais, is é sin Rialachán (AE) Uimh. 649/2012. Is amhlaidh atá toisc gur ghá an leasú ar an gCoinbhinsiún a chur chun feidhme i reachtaíocht an Aontais, má chinneann an tAontas an leasú a dhaingniú.

    Leis na gníomhartha atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.

    Leis an ngníomh atá beartaithe chun na rialacha maidir le leasú ar Iarscríbhinn III (Airteagal 22(5)) a ghlacadh nó chun Airteagail 7, 10, 11 agus 22 a leasú agus chun Iarscríbhinn VIII nua (liosta ceimiceán atá faoi réir toiliú sainráite) a thabhairt isteach, ní leasaítear ná ní fhorlíontar creat institiúideach an Choinbhinsiúin, ós rud é nach ndéanann sé ach na rialacha chun Iarscríbhinn III a leasú a athrú nó nach gcuireann sé ach féidearthacht bhreise leis an gCoinbhinsiún ceimiceáin a liostú a bheidh faoi réir toiliú sainráite an pháirtí allmhairíochta dá n‑onnmhairiú, go dtí go liostófar iad in Iarscríbhinn III.

    Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta le haghaidh an chinnidh atáthar a mholadh.

    4.2.Bunús dlí substainteach

    4.2.1.Prionsabail

    Braitheann an bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe agus a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

    Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis ag an am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an ceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na boinn chomhfhreagracha dlí ar fad a áireamh sa bhunús substaintiúil dlí atá leis an gcinneadh faoi Airteagal 218(9) de CFAE.

    4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

    Saothraítear leis na gníomhartha atá beartaithe cuspóirí i réimsí an ‘chomhshaoil’ agus na ‘trádála’ agus tá comhpháirteanna iontu a bhaineann leis na réimsí sin. Tá dlúthnasc doscartha idir na gnéithe sin de na gníomhartha atá beartaithe gan ceann amháin a bheith teagmhasach maidir leis an gceann eile.

    Dá bhrí sin, is iad na forálacha seo a leanas an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atáthar a mholadh: Airteagal 192(1) agus Airteagal 207(3) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE.

    4.3.Conclúid

    Is iad Airteagal 192(1) agus Airteagal 207(3) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, ba cheart a bheith i mbunús dlí an chinnidh atáthar a mholadh.

    5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

    Ós rud é go leasófar Coinbhinsiún Rotterdam leis an ngníomh ó Chomhdháil na bPáirtithe, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

    2023/0016 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le leasuithe áirithe ar an gCoinbhinsiún agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) agus Airteagal 207(3) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Maidir le Coinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh ceimiceán guaiseach agus lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta (‘an Coinbhinsiún’), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (2006/730/CE) ón gComhairle 3 agus tháinig sé i bhfeidhm an 24 Feabhra 2004.

    (2)De bhun Airteagal 7 den Choinbhinsiún, féadfaidh Comhdháil na bPáirtithe cinntí a ghlacadh chun ceimiceáin a liostú in Iarscríbhinn III.

    (3)Ag an 11ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, tá coinne leis go nglacfaidh sí cinntí maidir le tuilleadh ceimiceán a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

    (4)Chun freagracht chomhroinnte agus iarrachtaí comhair a chur chun cinn i measc na bPáirtithe sa trádáil idirnáisiúnta i gceimiceáin ghuaiseacha áirithe, chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar aon díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun rannchuidiú ionas go núsáidfear na ceimiceáin sin ar dhóigh a rachaidh chun fónaimh don chomhshaol, is gá tuilleadh ceimiceán a liostú a bhfuarthas amach ina leith go gcomhlíonann siad na critéir ábhartha uile in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

    (5)Thairis sin, breithneoidh Comhdháil na bPáirtithe togra a chuir an Eilvéis, an Astráil agus Mailí isteach chun an Coinbhinsiún a leasú. Is é is aidhm don togra sin aghaidh a thabhairt ar an deacracht a bhaineann le ceimiceáin nua a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún mar gheall ar an ngá atá le teacht ar chomhthoil maidir le cinneadh chun Iarscríbhinn III a leasú i gcomhréir le hAirteagal 22(5) den Choinbhinsiún.

    (6)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhdháil na bPáirtithe a leagan síos, ós rud é go mbeidh na cinntí ceangailteach ar an Aontas nó go bhféadfaidís tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, is é sin Treoir (AE) 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 .

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 11ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, agus ag aon Chomhdháil Páirtithe a bheidh ann ina dhiaidh sin ina mbeidh an pointe ar an gclár oibre, go dtacóidh an tAontas le glacadh na leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a mhéid a bhaineann le háireamh aicéiteaclóir, carbasulfáin, aispeiste crisitíle, feintióin (foirmlíochtaí toirte ultra-ísle (ULV) ag 640 g comhábhar gníomhach/L nó os a chionn sin), iopróidhé-óin, foirmlíochtaí leachtacha (tiúchán ineiblithe agus tiúchán intuaslagtha) ina bhfuil déchlóiríd pharaquat ag 276 g/L nó os a chionn sin, atá comhfhreagrach le hian paraquat ag 200 g/L nó os a chionn sin, agus le tearbúfos.

    Airteagal 2

    Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 11ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún agus ag aon Chomhdháil Páirtithe a bheidh ann ina dhiaidh sin ina mbeidh an pointe ar an gclár oibre, go molfaidh an tAontas leasú lena dtabharfaí sásra vótála isteach le haghaidh liostú ceimiceán in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Is é an seasamh malartach go dtacófar le glacadh na leasuithe a chuir an Eilvéis, an Astráil agus ag Mailí isteach (doiciméad XXX), ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas agus go ndéantar leasuithe is gá chuige sin:

    (a)nach bhfuil aon tacaíocht leordhóthanach ann ó Pháirtithe eile le haghaidh leasú ar an nós imeachta cinnteoireachta chun ceimiceáin a liostú in Iarscríbhinn III lena dtabharfaí isteach an fhéidearthacht vótáil i gcomhréir le hAirteagal 22(4) i gcomhar le hAirteagal 22(3), ach gan Airteagal 22(3), pointe (b), den Choinbhinsiún a chur i bhfeidhm,

    (b)go bhfuil na rialacha agus na nósanna imeachta breise a thugtar isteach leis na leasuithe comhleanúnach leis na rialacha agus na nósanna imeachta atá ann cheana faoin gCoinbhinsiún,

    (c)go náirithítear leis na leasuithe go dtabharfar tús áite don liostú ceimiceán in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus nach gcuirfidh na rialacha breise isteach ar cheimiceán a liostú in Iarscríbhinn III, lena náirítear nuair a bheidh an ceimiceán sin liostaithe cheana in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gCoinbhinsiún,

    (d)maidir leis na rialacha am mbeidh feidhm acu i dtaca le honnmhairiú ceimiceán a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, go náirithítear leis na leasuithe nach mbeidh na rialacha sin níos laige a mhéid a bhaineann le cosaint na bPáirtithe allmhairíochta ná na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le honnmhairiú ceimiceán a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún,

    (e)go náirithítear leis na leasuithe go mbeidh gach Páirtí a dhaingneoidh an leasú faoi cheangal ag aon chinneadh ceimiceán a liostú in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, lena náirítear aon chinneadh a dhéanfar trí vótáil.

    Airteagal 3

    Maidir le mionchoigeartuithe ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2, i bhfianaise na bhforbairtí a dhéanfar ag an 11ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún agus ag aon Chomhdháil Páirtithe a bheidh ann ina dhiaidh sin ina mbeidh an pointe ar an gclár oibre, féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, na mionchoigeartuithe sin a chomhaontú le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair gan cinneadh breise ón gComhairle.

    Airteagal 4

    Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    Cinneadh 2006/730/CE ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2006 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Choinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta (IO L 299, 28.10.2006, lch. 23).
    (2)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
    (3)    Cinneadh 2006/730/CE ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2006 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Choinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta (IO L 299, 28.10.2006, lch. 23).
    (4)    Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (IO L 201, 27.7.2012, lch. 60).
    Top