Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0547

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le príomhthorthaí an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022, i bhfianaise staid ghinearálta an tsoláthair gáis chuig an Aontas.

    COM/2023/547 final

    An Bhruiséil,28.9.2023

    COM(2023) 547 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE

    maidir le príomhthorthaí an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022, i bhfianaise staid ghinearálta an tsoláthair gáis chuig an Aontas.


    ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN

    Comhordú níos fearr ar cheannacháin gháis (Caibidil II)

    De bhun an Rialacháin, rinne an Coimisiún, le cúnamh ó sholáthraí seirbhíse, an sásra ceannaigh chomhpháirtigh, dar teideal AggregateEU, a dhearadh agus a sheoladh leis na torthaí seo a leanas ón 14 Iúil 2023:  

    An chéad bhabhta

    Mí Aibreáin/Mí na Bealtaine 2023

    An dara babhta

    Mí an Mheithimh/Mí na Samhna 2023

    Torthaí carnacha

    Stádas

    Dúnta

    Dúnta

    [Ar bun faoi láthair]

    Síntiúis

    (iomlán)

    120

    154

    -

    Comhiomlánú éilimh

    11,6 billiún méadar ciúbach (bcm)

    15,9 bcm

    27,5 bcm

    Imthairiscintí soláthair

    18,7 bcm

    15,2 bcm

    33,9 bcm

    Meaitseáil an éilimh

    10,9 bcm

    12 bcm

    22,9 bcm

    Ina theannta sin, chuir an Coimisiún bearta tionlacain chun feidhme a sainordaíodh leis an Rialachán, lena n–áirítear bearta maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise, rialachas Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh agus úsáid éigeantach AggregateEU.

    Creideann an Coimisiún gur rannchuidigh Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh le hiarracht éagsúlaithe an Aontais agus le líonadh stórais roimh shéasúr téimh 2023-2024. Thug AggregateEU deis bhreise do cheannaitheoirí Eorpacha gás a sholáthar ó sholáthróirí iontaofa ar phraghsanna iomaíocha, tugadh freisin leis trédhearcacht mhargaidh maidir le héileamh agus soláthar, agus rannchuidigh san am céanna le luaineacht na margaí a laghdú.

    Ós rud é go ndearna na méideanna iomlána arna gcomhiomlánú le linn an dá bhabhta tosaigh an comhiomlánú éigeantach éilimh a mhéadú faoi dhó, léiríodh gur mheas gníomhaithe margaidh go bhfuil an sásra ceannaigh chomhpháirtigh an–úsáideach i gcomhthéacs na géarchéime.

    Bearta chun feabhas a chur ar úsáid saoráidí, saoráidí stórála gáis agus píblínte GNL (Caibidil II – Roinn 3)

    Tá forálacha sa Rialachán chun trédhearcacht a fheabhsú agus chun trádáil thánaisteach ar GNL agus acmhainneachtaí stórála gáis a éascú, rud a chumasóidh úsáid éifeachtúil GNL agus saoráidí stórála chomh maith le píblínte (e.g. mar gheall ar phlódú). Le trédhearcacht mhéadaithe, tugadh forléargas níos cuimsithí ar na margaí GNL agus stórála san Aontas, agus baineadh úsáid níos éifeachtúla as na bonneagair sin.

    Bearta chun praghsanna iomarcacha gáis agus luaineacht iomarcach ionlae i margaí na ndíorthach fuinnimh a chosc (Caibidil III)

    Maidir le trádáil, áirítear leis an Rialachán beart chun bainistiú a dhéanamh ar an iomarca luaineachta i margaí na ndíorthach gáis agus leictreachais, agus próisis maidir le praghasmhúnlú á gcaomhnú san am céanna. An coiléar sealadach ar ardú tobann ar phraghsanna ionlae, ar sásra bainistíochta luaineachta é, arb é is aidhm dó luaineacht iomarcach ar phraghsanna a sheachaint agus arduithe foircneacha tobanna ar phraghsanna i margadh na ndíorthach fuinnimh a chosc, oibreoirí fuinnimh an Aontais a chosaint ar ghluaiseachtaí móra aníos ar phraghsanna ionlae agus cabhrú leo a soláthar fuinnimh a dhaingniú sa mheántéarma.

    Ón uair a glacadh é, ní raibh gá lena ghníomhachtú i dtaobh forbairtí sa mhargadh chun arduithe foircneacha tobanna ar phraghsanna a chosc. Sa chomhthéacs sin, tá gá le tuilleadh faireacháin ar na margaí tráchtearraí fuinnimh chun a chinneadh an bhfuil gá le síneadh sealadach leis na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae (IVM), i bhfianaise éiginnteachtaí a bheith ann sna margaí sin tar éis na géarchéime fuinnimh agus i bhfianaise chúinge na margaí domhanda, mar a chonacthas i samhradh 2023.

    Bearta i gcás éigeandáil gháis (Caibidil IV) 

    Leis an Rialachán comhlánaíodh go sealadach an Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis 1 , go háirithe tríd an sásra dlúthpháirtíochta a dhéanamh infheidhme mar réamhshocrú in éagmais comhaontuithe déthaobhacha, agus tríd an sásra dlúthpháirtíochta a leathnú chuig gás nádúrtha leachtaithe (GNL) agus chuig méideanna criticiúla gáis (CGV) le haghaidh leictreachais. Ina theannta sin, cuireadh isteach foráil chun laghdú éilimh ó chustaiméirí faoi chosaint a éascú, chomh maith le foráil chun sreafaí trasteorann a chosaint.

    I mí na Nollag 2022, rinne an Coimisiún cleachtadh comhpháirteach dlúthpháirtíochta ‘trialach’ le Ballstáit an Aontais agus leis an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSO-G), cleachtadh inar tástáladh na rialacha agus na nósanna imeachta éigeandála, chomh maith leis an sásra dlúthpháirtíochta.

    Measann an Coimisiún gur coincheapa úsáideacha iad na coincheapa a leagtar amach sa chaibidil seo i gcomhthéacs géarchéim gháis a mhaolú agus le haghaidh iarrachtaí leanúnacha nó iarrachtaí amach anseo chun an t–éileamh a laghdú.



    Réamhrá

    Mar fhreagairt ar shuaití sa mhargadh fuinnimh domhanda mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, ghlac an tAontas Eorpach (AE) Plean REPowerEU chun fuinneamh a choigilt, fuinneamh glan a tháirgeadh agus a sholáthairtí fuinnimh a éagsúlú d’fhonn athléimneacht straitéiseach na hEorpa a mhéadú agus a spléachas ar allmhairí gáis na Rúise a laghdú.

    I mí Aibreáin 2022, arna iarraidh sin ag an gComhairle Eorpach, sheol an Coimisiún Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh faoi Phlean REPowerEU, ar Ardán é lena mbaineann trí chuspóir: (1) comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach gáis, (2) an úsáid is éifeachtúla a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana, (3) for-rochtain idirnáisiúnta.

    Ó thús an chogaidh, tá an staid sa mhargadh gáis ag dul in olcas de réir a chéile. An úsáid mar uirlis chogaidh a bhain an Rúis as an soláthar gáis chuig an Eoraip, chúngaigh sí an margadh agus tháinig méadú suntasach ar phraghsanna gáis dá bharr. Bhí an praghas mórdhíola in 2022 níos mó ná cúig huaire níos airde ar an meán ná an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim, praghas a d’ardaigh go tobann go fiú os cionn EUR 300/MWh in íochtar na géarchéime i samhradh 2022 2 .

    Sin é an fáth ar ghlac an Chomhairle, an 19 Nollaig 2022, Rialachán éigeandála (AE) 2022/2576 ón gComhairle chun an dlúthpháirtíocht a fheabhsú trí chomhordú níos fearr ar cheannacháin gáis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha (an Rialachán).

    Foráiltear leis an Rialachán seo bunús dlí sealadach do na nithe seo a leanas:

    -comhordú níos fearr ar cheannacháin gháis (Caibidil II),

    -bearta chun praghsanna iomarcacha gáis agus luaineacht iomarcach ionlae i margaí na ndíorthach fuinnimh a chosc (Caibidil III),

    -bearta i gcás éigeandáil gháis (Caibidil IV).

    Luaitear in Airteagal 30 den Rialachán ‘faoin 1 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise staid ghinearálta an tsoláthair gáis chuig an Aontas agus cuirfidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle. Féadfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil sin, a mholadh fad a chur le bailíocht an Rialacháin seo.’

    I gcomhréir leis an méid thuas, déantar cur síos sa tuarascáil seo ar an gcaoi ar chuir an Coimisiún an Rialachán chun feidhme agus tugtar forléargas inti ar na príomhthorthaí agus ar na conclúidí a tháinig astu maidir le forálacha an Rialacháin.



    ATHBHREITHNIÚ AR CHAIBIDIL II (COMHORDÚ NÍOS FEARR AR CHEANNACHÁIN GHÁIS)

    Tá comhordú na gceannachán gáis curtha chun feidhme ag an gCoimisiún (i) trí shásra a bhunú chun conarthaí gáis agus tairiscintí gáis a thuairisciú le go mbeadh na margaí gáis níos trédhearcaí, agus (ii) trí chomhiomlánú éilimh, tairiscint, meaitseáil a eagrú agus sásra a bhunú chun gás a cheannach go comhpháirteach (an sásra ceannaigh chomhpháirtigh). Sa tuarascáil, cuireann an Coimisiún i láthair na torthaí agus na sonraí a bhí ar fáil an 14 Iúil 2023, lena gcumhdaítear na tairiscintí agus na conarthaí ar tugadh fógra fúthu go dtí an dáta sin chomh maith le torthaí an chéad dá bhabhta maidir le comhiomlánú éilimh agus tairiscint den sásra ceannaigh chomhpháirtigh arna eagrú le tacaíocht ó AggregateEU 3 .

    Leanfar den chomhordú ar chomhiomlánú an éilimh ar ghás agus den chomhordú ar thairiscintí go dtí go rachaidh an Rialachán in éag.

    Athbhreithniú ar Roinn 1 – Ceannacháin gháis san Aontas a chomhordú (Airteagail 3 agus 4)

    1.Trédhearcacht agus malartú faisnéise (Airteagal 3 den Rialachán)

    Nocht an ghéarchéim fuinnimh spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise agus tionchar díobhálach na heaspa gníomhaíochta comhordaithe ag Ballstáit an Aontais agus an úsáid mar uirlis chogaidh a bhain an Rúis as an soláthar gáis rompu, rud a d’fhág go raibh praghsanna arda agus géarchéim maidir le slándáil an tsoláthair ann. Chun spleáchas an Aontais ar sholáthairtí gáis nádúrtha na Rúise a laghdú agus chun praghsanna a laghdú, measadh go raibh comhordú níos fearr ar cheannacháin gháis ó sholáthróirí seachtracha ríthábhachtach. Dá bhrí sin, is é is aidhm d’Airteagal 3 den Rialachán 4 comhordú níos fearr a áirithiú maidir le ceannacháin gháis san Aontas agus dlúthpháirtíocht fuinnimh i measc Bhallstáit an Aontais. Ba cheart é sin a bhaint amach trí fhorléargas a thabhairt don Choimisiún ar thairiscintí nó ar chonarthaí atá ar na bacáin maidir le gás a dhíol agus a cheannach. Chuige sin, ceanglaítear ar chuideachtaí gáis nádúrtha nó ar chuideachtaí a úsáideann gás fógraí a sheoladh chuig an gCoimisiún maidir le tairiscintí nó conarthaí atá ar na bacáin ar mó a méid ná 5 TWh/bliain.

    De réir Airteagal 3(2) den Rialachán, má mheasann an Coimisiún go bhfuil gá le tuilleadh comhordaithe maidir leis na tairiscintí nó na conarthaí (mar shampla más rud é go bhféadfadh tairiscintí nó conarthaí dochar a dhéanamh d’fheidhmiú an mhargaidh, do shlándáil an tsoláthair, nó don dlúthpháirtíocht nó dá bhféadfaidís tairbhe a bhaint as an sásra ceannaigh chomhpháirtigh), féadfaidh an Coimisiún moltaí a eisiúint do na cuideachtaí sin tar éis dó Bord Stiúrtha ad hoc Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh a chur ar an eolas.

    Staitisticí maidir le fógraí agus moltaí Airteagal 3

    An 14 Iúil 2023

    Uimhir

    Méid le haghaidh seachadtaí in 2023 (teireavatuair (TWh))

    Méid le haghaidh seachadtaí in 2024 (TWh)

    Méid le haghaidh seachadtaí in 2025 (TWh)

    Fógraí a fuarthas, a bhfuil an méid seo a leanas mar thoradh orthu:

    22

    89,2

    189,6

    197,9

    moltaí arna n–eisiúint

    2

    11,05

    25,5

    25,5

    níl aon mholadh ag teastáil

    20

    78,15

    164,1

    172,4

    measúnú atá ar feitheamh

    0

    0

    0

    0

    Rinne an Coimisiún socrú maidir le hiliomad bealaí atá chomh hinghlactha agus chomh slán céanna chun na fógraí, atá beartaithe in Airteagal 3 den Rialachán, a thíolacadh go slán. D’fhág sé sin go rabhthas in ann aghaidh a thabhairt ar ábhair imní cuideachtaí maidir le slándáil agus rúndacht, agus Ballstáit an Aontais a chur ar an eolas san am céanna i gcomhréir le ceanglais rúndachta.

    Na príomhthorthaí: Ar an iomlán, measann an Coimisiún go raibh níos mó trédhearcachta sna tairiscintí agus sna conarthaí a bhí beartaithe maidir le díol agus ceannach gáis mar thoradh ar chur chun feidhme Airteagal 3 sa mhéid gur thug sé léargas níos fearr don Choimisiún ar thairiscintí atá ar na bacáin.

    Fógraí maidir le cuideachtaí a raibh sé beartaithe acu tairiscint a sheoladh, b’iadsan an t–aon fhógra a ghníomhachtaigh moltaí faoi Airteagal 3 den Rialachán. Bhí roinnt dúshlán ann maidir le cur chun feidhme an Rialacháin: tugadh fógra faoi shocruithe tráchtála áirithe tar éis an teagmhais, agus bhí drogall ar chuideachtaí faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a roinnt. Cheistigh codanna den tionscal léirmhíniú an Rialacháin freisin, go háirithe maidir le huainiú na bhfógraí le linn na caibidlíochta leanúnaí.

    Ní féidir leis an gCoimisiún measúnú cruinn a dhéanamh ar an líon fógraí nár cuireadh isteach d’ainneoin gur tháinig siad faoi cheanglais Airteagal 3. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil rochtain ar thacair sonraí ar shocruithe tráchtála sínithe srianta nó neamhiomlán.

    Conclúid: Is bealach nua anois é prionsabal na hoibleagáide fógra a thabhairt faoi thairiscintí nó faoi chonarthaí chun gás a dhíol agus a cheannach chun trédhearcacht a mhéadú agus chun ceantáil ar a chéile a sheachaint. Is cosúil gur cruthaíodh níos mó fadhbanna maidir le conarthaí a fhógairt toisc gur céim an–íogair í an chéim réamhchonarthach do chuideachtaí.

    Is léir go bhfuil sé níos éasca an fhoráil a chur chun feidhme maidir le fógraí faoi thairiscintí roimh ré i gcomparáid le conarthaí. Ina theannta sin, ós rud é go n–oibríonn AggregateEU trí bhíthin tairiscintí, dealraítear go bhfuil moltaí arna n–eisiúint ag an gCoimisiún níos ábhartha nuair a dhírítear iad ar chuideachtaí a bhfuil tairiscintí á bpleanáil acu a d’fhéadfadh dul trí AggregateEU.

    Ceacht eile a foghlaimíodh ná gur cheart, dá réir sin, go ndéanfaí forfheidhmiú níos fearr ar an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le conarthaí agus tairiscintí, agus measúnú níos críochnúla ar thionchar na dtairiscintí nó na gconarthaí aonair, mar thoradh ar rochtain níos fearr a bheith ag an gCoimisiún ar thacar sonraí níos leithne maidir le socruithe tráchtála sínithe (trí shonraí comhiomlánaithe agus anaithnidithe).

    2.Bord Stiúrtha ad hoc (Airteagal 4 den Rialachán)

    Bhunaigh an Coimisiún Bord Stiúrtha ad hoc le Cinneadh ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2023 (C(2023)407 final 5 ). Ghlac an Bord Stiúrtha ad hoc a Rialacha Nós Imeachta an 16 Feabhra 2023 agus bhí 6 chruinniú aige faoin 14 Iúil 2023.

    Is é an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Maroš Šefčovič a dhéanann cathaoirleacht ar an mBord Stiúrtha ad hoc agus is ionadaithe ardleibhéil iad a chomhaltaí arna gceapadh ag údaráis na mBallstát. Glacann Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh páirt mar bhreathnóir agus glacann Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh páirt i gcruinnithe maidir le hábhair imní fhrithpháirteacha i ndiaidh cuireadh a fháil.

    Bunaíodh an Bord Stiúrtha ad hoc chun comhordú an tsásra ceannaigh chomhpháirtigh a éascú, go háirithe comhiomlánú éilimh. Ceanglaítear ar an gCoimisiún freisin dul i gcomhairle leis an mBord Stiúrtha ad hoc maidir lena dhréachtmholtaí de bhun Airteagal 3(2), agus é a chur ar an eolas faoi éifeacht rannpháirtíocht na gcuideachtaí atá i gceist sa sásra ceannaigh chomhpháirtigh.

    Na príomhthorthaí: Measann an Coimisiún go ndearna an Bord Stiúrtha ad hoc a chúram go hiomlán maidir le comhordú an tsásra ceannaigh chomhpháirtigh a éascú ar an leibhéal náisiúnta, lena n–áirítear comhiomlánú éilimh. Bhí ról lárnach ag comhaltaí agus breathnóirí an Bhoird Stiúrtha ad hoc maidir le tacaíocht pholaitiúil láidir leanúnach a choinneáil d’Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh, maidir leis an sásra ceannaigh chomhpháirtigh a chur chun cinn, agus maidir le faisnéis a thabhairt dá n–institiúidí náisiúnta faoi seach agus do na cuideachtaí lena mbaineann. Bhí cruinnithe comhchéime náisiúnta a d’eagraigh comhaltaí an Bhoird Stiúrtha ad hoc ríthábhachtach maidir le taobh an éilimh a shlógadh agus rannpháirtíocht na dtionscal atá dian ó thaobh ídiú gáis agus fuinnimh de a chomhordú. Chomh maith leis sin, chuaigh siad i dteagmháil go gníomhach le hinstitiúidí airgeadais náisiúnta (bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh agus gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin) chun féachaint conas ráthaíochtaí a fháil agus a dhaingniú do cheannaitheoirí nach bhfuil acmhainneacht chreidmheasa leordhóthanach acu.

    Phléigh comhaltaí agus breathnóirí an Bhoird Stiúrtha ad hoc gach príomhghné d’Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh go tráthrialta, roinn siad dea-chleachtais lena chéile, agus chuir siad aiseolas luachmhar ar fáil maidir le hábhair a bhaineann leis an sásra ceannaigh chomhpháirtigh a chur chun feidhme. Phléigh Ballstáit an Aontais cur i bhfeidhm an Rialacháin, go háirithe comhiomlánú sainordaitheach éilimh.

    Chuathas i gcomhairle le comhaltaí an Bhoird Stiúrtha ad hoc freisin maidir le dréachtmholtaí arna n–eisiúint i ndáil le hAirteagal 3 den Rialachán (féach an roinn roimhe seo thuas le haghaidh tuilleadh sonraí). Mar sin féin, bhí an t–aiseolas a fuarthas sách teoranta agus níor cuireadh i bhfeidhm é ach ar líon teoranta moltaí.

    Conclúid: Bhí ról lárnach ag oibriú an Bhoird Stiúrtha ad hoc chun an sásra ceannaigh chomhpháirtigh a chur chun feidhme go rathúil. Áirithíodh leis ceannach isteach níos láidre ag Ballstáit an Aontais agus rannpháirtíocht ghinearálta na hearnála tionsclaíochta.

    Athbhreithniú ar Roinn 2 – Comhiomlánú an éilimh agus ceannach comhpháirteach (Airteagail 5 go 11 den Rialachán)

    3.Comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach (Airteagail 5 go 8 den Rialachán)

    I.AggregateEU: an soláthraí seirbhíse a roghnú

    Rinne an Coimisiún an sásra ceannaigh chomhpháirtigh a cheapadh agus a chur chun feidhme le cabhair ó PRISMA European Capacity Platform GmbH, a roghnaíodh mar sholáthraí seirbhíse i gcomhréir leis an Rialachán.

    Na príomhthorthaí: Measann an Coimisiún gur chumasaigh forálacha an Rialacháin maidir le roghnú agus conraitheoireacht an tsoláthraí seirbhíse soláthraí seirbhíse cáilithe a cheapadh chun AggregateEU a dhearadh, a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil.

    Faoi threoir an Choimisiúin, agus trí chomhar leanúnach leis, ag gníomhú dó mar údarás conarthach, sheol PRISMA an sásra dar teideal AggregateEU in am chun stóras an Aontais a líonadh mar ullmhúchán do shéasúr téimh 2023/2024.

    Laistigh de thréimhse níos lú ná 3 mhí, rinne PRISMA an sásra ceannaigh chomhpháirtigh a dhearadh, a fhorbairt agus a rolladh amach – trí chumais agus uirlisí atá ann cheana a ghiaráil le haghaidh leithdháileadh acmhainne píblíne – i gcomhréir le forálacha shonraíocht na tairisceana agus chuspóirí an Rialacháin. Níor léiríodh go sainráite sa Rialachán conas an sásra ceannaigh chomhpháirtigh a chur chun feidhme, ach thug an Coimisiún agus PRISMA aire do na gnéithe seo a leanas go dtí seo:

    ·Bhunaigh siad sásra AggregateEU bunaithe ar dhearadh an Choimisiúin agus faoina threoir.

    ·Chláraigh siad rannpháirtithe ar ardán PRISMA i gcomhréir le caighdeáin tionscail agus phróiseáil siad an síntiús le AggregateEU, i gcomhréir leis na critéir eisiaimh a leagtar amach in Airteagail 8 agus 9 den Rialachán. Faoin 14 Iúil 2023, cláraíodh níos mó ná 150 cuideachta ar AggregateEU.

    ·D’eagraigh siad babhtaí den chomhiomlánú éilimh ina bhféadfadh cuideachtaí a n–éilimh a leagan amach go mion, lena n–áirítear an fhaisnéis uile is gá maidir le méideanna, tráthúlacht agus pointí seachadta - féach an tábla faoi phointe iii (AggregateEU: na chéad torthaí).

    ·Bhailigh siad soláthar tairiscintí ó dhíoltóirí agus rinne siad na tairiscintí is iomaíche a mheaitseáil le héileamh comhiomlánaithe, agus rinne siad tairiscintí pro rata a leithdháileadh i gcás tearcsholáthair - féach an tábla faoi phointe iii (AggregateEU: na chéad torthaí).

    ·Bhailigh siad faisnéis maidir le stádas caibidlíochta agus conrú suíomhanna meaitseáilte idir ceannaitheoirí agus díoltóirí.

    Forbraíodh an sásra i ndlúthchomhar leis an tionscal agus leis na páirtithe leasmhara a bhfuil ionadaíocht acu sa Ghrúpa Comhairleach Tionscail chun feidhmiú AggregateEU a chur i gcomhréir le cleachtais agus caighdeáin ghnó, agus chun a áirithiú go nglacfaidh an tionscal go forleathan leis. Ba é an grúpa saineolaithe neamhfhoirmiúil sin, a bhí comhdhéanta de 27 gcuideachta ón Aontas agus 11 bhreathnóir a raibh taithí acu ar thrádáil gáis ar mhargaí domhanda, an príomhfhóram inarbh fhéidir leis an tionscal a bheith rannpháirteach, agus bhí sé an–úsáideach chun peirspictíocht thionsclaíoch a thabhairt do phléití na seirbhísí atá le forbairt faoi AggregateEU.

    Bhí ról suntasach ag rannpháirtíocht PRISMA, ag bainistiú ceann de na hardáin trádála is tábhachtaí san Eoraip maidir le hacmhainneacht gáis a thrádáil, chun inchreidteacht an tsásra ceannaigh chomhpháirtigh a áirithiú agus chun iontaoibh agus muinín na ngníomhaithe tionsclaíocha sa phróiseas a chothú, go háirithe maidir le rúin tráchtála a chosaint.

    Conclúid: Bhí tacaíocht an tsoláthraí seirbhíse ríthábhachtach do chur chun feidhme rathúil an tsásra ceannaigh chomhpháirtigh ag an gCoimisiún laistigh de thréimhse ama leordhóthanach.

    Mar sin féin, i gcás ina mbreathnaítear ar chur chun feidhme na seirbhíse ó thaobh an Rialacháin de, bheadh sé níos ciallmhaire tosaíocht a bheith tugtha ina fhorálacha maidir leis na critéir roghnúcháin don tuairisc ar na seirbhísí seachas riachtanais theicniúla na huirlise TF.

    II.AggregateEU a Dhearadh

    Ba é an phríomhaidhm a bhí le dearadh AggregateEU comhiomlánú éilimh a chumasú, babhta tairisceana a eagrú i leith soláthróirí gáis idirnáisiúnta, agus an t–éileamh a mheaitseáil le himthairiscintí soláthróirí.

    Chuir an Coimisiún agus an soláthraí seirbhíse AggregateEU chun feidhme trí bhabhtaí tairisceana a eagrú, ar lean gach ceann acu na céimeanna thíos:

    Na príomhthorthaí: Le linn na tréimhse a ndearnadh measúnú uirthi, bhí cuideachtaí móra níos toilteanaí i gcoitinne ná cuideachtaí beaga páirt a ghlacadh in AggregateEU. Go dtí seo, tá breis agus 150 cuideachta de mhéideanna éagsúla ar fud an tslabhra soláthair cláraithe le AggregateEU.

    Ba mhór ag na rannpháirtithe an méid solúbthachta a cuireadh ar fáil le AggregateEU agus an tionchar, atá neamh-shuaiteach de réir na cosúlachta, a bhí aige ar shásraí margaidh. Go háirithe, ba mhór acu na cineálacha táirgí atá ar fáil (seachadadh chuig pointí comhardúcháin náisiúnta nó chuig críochfoirt gáis nádúrtha leachtaithe (GNL)) agus na dátaí míosúla próifíle agus seachadta.

    Ba mhór ag roinnt rannpháirtithe freisin an rogha tairiscint a dhéanamh agus ansin an t–éileamh a tharraingt siar, mar aon leis an bhféidearthacht dul i mbun caibidlíochta le contrapháirtithe meaitseáilte ar théarmaí seachas iadsan a cuireadh isteach ar AggregateEU. Os a choinne sin, d’iarr gníomhaithe margaidh eile agus roinnt údarás náisiúnta go gcumasófaí éileamh níos ceangailtí ó cheannaitheoirí agus tairiscintí níos ceangailtí ó sholáthróirí seachas an cur chuige deonach atá ann faoi láthair.

    Tar éis an chéad bhabhta tairisceana, d’iarr roinnt rannpháirtithe oiriúnuithe a bheadh níos oiriúnaí dá bpatrúin tomhaltais. Chuir solúbthacht agus dearadh an chreata rialála ar chumas an Choimisiúin aghaidh a thabhairt ar na hiarrataí sin go páirteach agus feidhmiú AggregateEU a fheabhsú a thuilleadh trí ghnéithe idir babhtaí tairisceana a mhodhnú agus a nuashonrú. Mar shampla, mar fhreagairt ar iarrataí ó roinnt rannpháirtithe tionscail dianfhuinnimh, cuireadh síneadh leis na dátaí seachadta is déanaí sa dara babhta tairisceana go 20 mí, i.e. go dtí mí an Mhárta 2025.

    Mar sin féin, ar an ábhar nach ann do bhunús láidir dlí do rannpháirtithe conarthaí a thuairisciú, bhí an t–aiseolas teoranta ar an iomlán maidir le conarthaí a thabhairt i gcrích.

    Ar deireadh, bhí fadhbanna ag baint leis an teorannú geografach ar rannpháirtíocht in AggregateEU ar thaobh an cheannaitheora i gcás eagraíochtaí corparáideacha móra áirithe a bhí ag brath ar fhochuideachtaí atá ionchorpraithe sa Ríocht Aontaithe, san Eilvéis nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

    Conclúid: Ar an iomlán, mar a deimhníodh le leibhéal maith rannpháirtíochta ceannaitheoirí agus díoltóirí sa sásra ceannaigh chomhpháirtigh agus le torthaí an chéad dá bhabhta, ba mhór ag rannpháirtithe den chuid is mó dearadh AggregateEU, na seirbhísí a thairg sé agus freagrúlacht an Choimisiúin agus an tsoláthraí seirbhíse dá n–iarrataí. Chuir formhór Bhallstáit an Aontais in iúl freisin gur mór acu é ag cruinniú Bhord Stiúrtha ad hoc Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh, mar a rinne an earnáil tionsclaíochta i malartuithe éagsúla (lena n–áirítear malartuithe ag cruinnithe an Ghrúpa Chomhairligh Tionscail). 

    D’fhéadfadh tuairisciú na rannpháirtithe ar thorthaí na gcéimeanna caibidlíochta agus conarthacha a bheith níos mionsonraithe. Is é is dóichí go gcuideoedh sé sin le héifeachtacht agus rath AggregateEU a thomhas ar bhealach níos fearr.

    III.AggregateEU: Na chéad torthaí

    Faoin 14 Iúil 2023, bhí dhá bhabhta tairisceana seolta ag an gCoimisiún leis na torthaí seo a leanas:

    An chéad bhabhta

    Mí Aibreáin/Mí na Bealtaine 2023

    An dara babhta

    Mí an Mheithimh/Mí na Samhna 2023

    Torthaí carnacha

    Stádas

    Dúnta

    Dúnta

    -

    Síntiúis

    (iomlán)

    120

    154

    154

    Comhiomlánú éilimh

    11,6 billiún méadar ciúbach (bcm)

    15,9 bcm

    27,5 bcm

    Imthairiscintí soláthair

    18,7 bcm

    15,2 bcm

    33,9 bcm

    Meaitseáil an éilimh

    10,9 bcm

    12 bcm

    22,9 bcm

    Táthar ag súil go seolfar babhtaí breise tairisceana faoi dheireadh 2023.

    Na príomhthorthaí: I gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán, bhí rannpháirtíocht sa sásra ceannaigh chomhpháirtigh trí AggregateEU ar thaobh an cheannaitheora ar fáil do chuideachtaí atá bunaithe san Aontas agus i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh. Bhí rannpháirtíocht ar thaobh an díoltóra oscailte do gach cuideachta. I gcás ceannaitheoirí agus díoltóirí araon, cuireadh as an áireamh cuideachtaí a bhfuil nasc acu le Cónaidhm na Rúise nó atá faoi réir bearta sriantacha AE a glacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise san Úcráin.

    Suibscríobhadh 154 chuideachta ar an iomlán le AggregateEU an 14 Iúil 2023. Áirítear ar an líon sin cuideachtaí atá bunaithe san Aontas Eorpach agus cuideachtaí atá bunaithe i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh, go háirithe cuideachtaí ón Úcráin, ón Moldóiv agus ón tSeirbia, a léirigh suim mhór in AggregateEU agus a raibh ionadaíocht mhaith acu sna babhtaí tairisceana. Ba chuideachtaí gáis agus trádála iad formhór na gcuideachtaí. Mar sin féin, rinneadh ionadaíocht ar úsáideoirí deiridh tionsclaíocha freisin.

    Sháraigh torthaí an chéad dá bhabhta tairisceana amháin, a chomhiomlánaigh 27,5 bcm d’éileamh, an comhiomlánú éilimh sainordaitheach a leagtar síos sa Rialachán (13,5 bcm).

    Tá soláthróirí ag gabháil go gníomhach freisin le 33,9 bcm a thairgtear sa chéad dá bhabhta, rud a fhágann go bhfuil rósholáthar nach beag ann.

    Bhí an sásra ceannaigh chomhpháirtigh dírithe ar dheiseanna nua margaidh agus gnó a chruthú do cheannaitheoirí agus do sholáthróirí san Eoraip. I gcomhthéacs na géarchéime, tá uirlis curtha ar fáil do ghníomhaithe sa mhargadh chun caidreamh conarthach a aimsiú agus dul i mbun caidreamh conarthach le hábhar contrapháirtithe nua, agus chun gás a sholáthar ar dhálaí iomaíocha gan beann ar a méid agus ar a bpatrúin tomhaltais.

    Táthar fós ag glacadh le haiseolas ar an sásra ceannaigh chomhpháirtigh. Tá comharthaí ann ó roinnt Ballstát agus ó roinnt gníomhaithe margaidh gur chuidigh an sásra ceannaigh chomhpháirtigh le slándáil an tsoláthair a neartú, agus go bhféadfadh sé a bheith ina chuidiú i roinnt cásanna chun praghsanna a choinneáil síos agus chun cuidiú le luaineacht laghdaithe sa mhargadh. Is cosúil gur chuir an sásra ceannaigh chomhpháirtigh le trédhearcacht an mhargaidh a mhéadú (trí thairiscint agus praghas-aimsiú). Mar sin féin, bhí roinnt Ballstát agus gníomhaithe margaidh i bhfad níos faichillí maidir le breisluach an tsásra.

    Dearadh an sásra ceannaigh chomhpháirtigh le bheith chun tairbhe go háirithe do thionscail atá dian ar ghás agus d’úsáideoirí deiridh beaga, le gur féidir leo soláthairtí gáis a fháil ar phraghsanna iomaíocha trí dhéileáil go díreach le táirgeoirí agus le honnmhaireoirí atá ag feidhmiú ar na margaí mórdhíola agus GNL.

    Thuairiscigh roinnt ceannaitheoirí gur chuidigh an sásra ceannaigh chomhpháirtigh lena bpraghsanna gáis a ísliú faoi na conarthaí atá acu cheana ar tugadh i gcrích iad lasmuigh de AggregateEU. Tugadh roinnt conarthaí i gcrích freisin mar thoradh ar an meaitseáil a rinneadh ar AggregateEU. Is cruthúnas é sin go raibh tairiscintí soláthróirí ar AggregateEU iomaíoch ó thaobh praghsanna de. San am céanna, tá sé tugtha le fios ag roinnt gníomhaithe tionscail go raibh praghsanna luaite a fuarthas os cionn nó comhionann le praghas an mhargaidh agus nár mealladh aon fhoinse nua soláthair i gcomparáid leo siúd a raibh eolas ag na rannpháirtithe orthu cheana féin.

    Conclúid: Chuir go leor rannpháirtithe sa mhargadh spéis in AggregateEU, mar a fhianaítear leis na méideanna comhiomlánaithe agus na méideanna a tairgeadh. Eagraíodh an chéad dá bhabhta tairisceana idir mí Aibreáin agus mí Iúil 2023, nuair a bhí cúrsaí sa mhargadh cobhsaí i gcomparáid le samhradh 2022. Ós rud é go ndearna na méideanna iomlána arna gcomhiomlánú le linn an dá bhabhta tosaigh an comhiomlánú sainordaitheach éilimh a mhéadú faoi dhó, léiríodh gur mheas gníomhaithe margaidh go bhfuil an comhiomlánú éilimh an–úsáideach i gcomhthéacs na géarchéime. Is tásc é sin go bhféadfadh spéis a bheith ag gníomhaithe margaidh sásra comhchosúil a bheith acu ar bhonn deonach.

    4.Gnéithe airgeadais (Airteagal 8(3) den Rialachán)

    I gcomhréir le hAirteagal 8(3) den Rialachán, rinne an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le tacaíocht leachtachta, lena n–áirítear ráthaíochtaí, le haghaidh rannpháirtithe AggregateEU, agus d’eagraigh sé gníomhaíochtaí for-rochtana mar iarracht chun tacaíocht den sórt sin a fháil. Dhírigh na gníomhaíochtaí ar (i) riachtanais iadsan uile lena mbaineann a shainiú agus na táirgí airgeadais chun freastal ar na riachtanais sin ar an mbealach is fearr a shainiú agus (ii) líonra institiúidí airgeadais poiblí a chruthú atá toilteanach táirgí den sórt sin a sholáthar.

    Mar shampla, le ráthaíochtaí i bhfoirm litir chaighdeánach chreidmheasa, freastalaítear den chuid is mó ar riachtanais cuideachtaí gáis níos lú chun cur ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna acmhainneachta creidmheasa, agus ar riachtanais cuideachtaí dianfhuinnimh, nach raibh aon taithí acu roimhe seo ar bheith ag oibriú ar an margadh gáis domhanda agus nach raibh aon chaidreamh seanbhunaithe acu le soláthróirí. Tá ról tábhachtach ag ráthaíochtaí chun a áirithiú gur féidir le gach cuideachta atá ag gabháil do AggregateEU, gan beann ar a bpróifílí agus ar na limistéir ina n–oibríonn siad, an leas is fearr a bhaint as sásra ceannaigh chomhpháirtigh.

    Bhí an–chuid cruinnithe iltaobhacha agus déthaobhacha i gceist leis an bhfor-rochtain a eagraíodh ar leibhéal polaitiúil agus saineolaithe agus éileamh ar ábhair shonracha a eagraíodh le hinstitiúidí airgeadais Eorpacha, le bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh agus lena gcomhlachais éagsúla, amhail Comhlachas Eorpach na nInfheisteoirí Fadtéarmacha agus Aontas Berne, chomh maith le plé ar ábhair shonracha ag ceardlanna agus cruinnithe grúpaí réigiúnacha i mBallstáit an Aontais.

    Bhí ról tábhachtach ag comhaltaí Bhord Stiúrtha ad hoc Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh trí chuidiú leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na riachtanais le haghaidh ráthaíochtaí atá ag cuideachtaí Eorpacha atá bunaithe ar a gcríocha agus a bhí gníomhach ar AggregateEU, agus trí chuidiú le for-rochtain ar institiúidí airgeadais náisiúnta.

    Is mar seo a leanas a bhí comhdhéanamh an líonra.

    An 14 Iúil 2023

    Uimhir

    Ainmneacha

    Institiúidí airgeadais poiblí

    8

    -

    Institiúidí airgeadais idirnáisiúnta

    1

    An Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha 6  

    Bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh

    3

    BGK (an Pholainn)

    Finnvera (an Fhionlainn)

    Instituto de Crédito Oficial (an Spáinn)

    Gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin

    4

    Eksfin (an Iorua)

    Exim Banca Românească (an Rómáin)

    Exim Banca Slovakia (an tSlóvaic)

    SACE (an Iodáil)

    Ar an gcaoi sin, bhí AggregateEU in ann faisnéis a chur ar fáil faoi na táirgí airgeadais a bhí ar fáil do na páirtithe lena mbaineann bunaithe ar mheasúnú an Choimisiúin.

    Na príomhthorthaí: Chuir an líonra dea-chlúdach geografach ar fáil, a bhuí go háirithe le rannpháirtíocht an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha agus a bhuí le Eksfin a bhí in ann ráthaíochtaí a thabhairt maidir le gás nádúrtha le haghaidh cuideachtaí atá bunaithe in go leor tíortha. Ní raibh roinnt institiúidí airgeadais poiblí in ann ráthaíochtaí a thabhairt mar gheall ar a sainorduithe um dhícharbónú, agus/nó mhol siad ráthaíocht cheannasach ón gCoimisiún nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta a chruthú. Dúirt cuid acu freisin go raibh easpa spéise ann ó cheannaitheoirí.

    Conclúid: B’fhiú féachaint ar conas is féidir tuilleadh iarrachtaí a bheartú chun tacaíocht airgeadais shaincheaptha 7 agus inacmhainne a chur ar fáil i bhfoirm ráthaíochtaí agus ionstraimí eile. D’fhéadfaí a áirithiú leis sin go mbeadh cuideachtaí beaga gáis agus tionscal dianfhuinnimh rannpháirteach ar bhealach níos gníomhaí sa sásra ceannaigh chomhpháirtigh, ós rud é gur cheart iad sin a bheith ina bpríomhthairbhithe d’Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh.

    5.Soláthairtí gáis nádúrtha atá eisiata ó cheannach comhpháirteach (Airteagal 9 den Rialachán)

    Chuir an Coimisiún Airteagal 9 den Rialachán chun feidhme trí cheangal a chur ar na cuideachtaí atá gníomhach ar AggregateEU Dearbhú Onóra a shíniú 8 maidir leis an eisiamh gáis nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise a bheith á chomhlíonadh acu.

    Na príomhthorthaí: Chuir rannpháirtithe ceisteanna faoin sainmhíniú ar úinéireacht agus rialú 9 . Ina theannta sin, bhí roinnt teorainneacha teicniúla agus praiticiúla ag an gCoimisiún maidir le measúnú a dhéanamh ar thionscnamh an gháis nádúrtha arna mheaitseáil ar AggregateEU. Rinne an Coimisiún agus PRISMA comhlíonadh a áirithiú trí bhíthin an Dearbhaithe Onóra agus seiceálacha comhlántacha nuair ba ghá (amhail contrapháirtithe a sheiceáil agus rianú GNL).

    Conclúid: Leanfaidh an Coimisiún dá dhícheall tionscnamh gáis a sheiceáil agus faireachán a dhéanamh ar eisiamh gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise – trí úsáid a bhaint as an Dearbhú Onóra agus, nuair is gá, trí sheiceálacha breise a dhéanamh.

    6.Úsáid shainordaitheach AggregateEU (Airteagal 10 den Rialachán)

    Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil an 14 Iúil 2023, creidtear go bhfuil a n–oibleagáidí um chomhiomlánú éilimh faoi Airteagal 10(2) den Rialachán comhlíonta ag 19 mBallstát den Aontas. I gcás cuid mhaith acu, sháraigh an t–éileamh arna chomhiomlánú sa chéad dá bhabhta amháin dhá oiread, nó níos mó fós, a méideanna sainordaitheacha comhiomlánaithe éilimh.

    Na príomhthorthaí: I bhfianaise úrnuacht an tsásra ceannaigh chomhpháirtigh, ba bhealach maith é an oibleagáid um chomhiomlánú éilimh chun éileamh a shlógadh i roinnt Ballstát den Aontas.

    B’éigean do roinnt Ballstát AE, nach bhfuil na huirlisí leordhóthanacha faireacháin agus forfheidhmithe acu, a bheith ag brath go heisiach ar mheasúnú an Choimisiúin, measúnú a d’fhéadfadh a bheith de chineál táscach amháin.

    Conclúid: Chuidigh comhiomlánú sainordaitheach éilimh leis an éileamh a shlógadh i roinnt Ballstát den Aontas. I mBallstáit eile, mar thoradh ar an spéis mhór a bhí ann a bheith rannpháirteach in AggregateEU, rinneadh méideanna móra a chomhiomlánú i bhfad os cionn na leibhéal sainordaitheach.

    Dá ndéanfaí an fhoráil a fhorfheidhmiú go héifeachtach, d’fhéadfadh sé gur ghá oibleagáid níos soiléire a chur ar Bhallstáit an Aontais gníomhaíochtaí iomchuí a dhéanamh, amhail ionstraimí ceangailteacha a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar leibhéal comhiomlánaithe an éilimh atá ag teastáil agus an gá atá le hualach riaracháin neamhriachtanach a sheachaint, go háirithe ar na Ballstáit a bhfuil tomhaltas gáis teoranta acu, á chur san áireamh.

    7.Cuibhreannas ceannaithe gáis (Airteagal 11 den Rialachán)

    Foráiltear le hAirteagal 11 den Rialachán go bhféadfaidh cuideachtaí ‘comhordú a dhéanamh ar ghnéithe de choinníollacha an chonartha ceannaigh’ i gcomhréir le rialacha iomaíochta.

    Níor cruthaíodh aon chuibhreannas ceannaigh gáis, b’fhéidir mar gheall ar an gcastacht atá i gceist agus na srianta ama a chruthaítear leis an ngá atá leis an sásra ceannaigh chomhpháirtigh a sheoladh roimh thús an tséasúir líonta gáis.

    Ina ionad sin, i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta agus le gníomhaithe margaidh, chinn an Coimisiún dhá shamhail comhair, an tsamhail ‘gníomhaire thar ceann 10 ’ agus an tsamhail ‘ceannaitheoir lárnach 11 ’ a chur chun cinn, chun rannpháirtíocht cuideachtaí Eorpacha sa sásra ceannaigh chomhpháirtigh a éascú.

    D’fhéadfadh an dá shamhail sin a bheith úsáideach go háirithe do chuideachtaí nach féidir leo an tairseach méide a bhaint amach agus a n–éileamh á chur isteach acu, do chuideachtaí nach bhfuil saineolas acu maidir le conarthaí ceannacháin gáis a chaibidliú ar an margadh domhanda (e.g. an tionscal dianfhuinnimh), nó do chuideachtaí nach bhfuil na hacmhainneachtaí athghásaithe ná stórála is gá acu le haghaidh gás nádúrtha leachtaithe (GNL).

    An 14 Iúil 2023, rinneadh 16 chuideachta ar spéis leo seirbhísí a sholáthar mar ghníomhaire thar ceann, agus 11 chuideachta ar spéis leo iad a sholáthar mar cheannaitheoir lárnach, a liostú ar AggregateEU.

    Luaitear sa Rialachán, ‘Bheadh cur ar aghaidh praghsanna níos ísle ina tháscaire tábhachtach chun go n–éireodh leis an gceannach comhpháirteach, ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach do thomhaltóirí.’ Dá bhrí sin, d’iarr an Coimisiún ar na cuideachtaí a thairgeann seirbhísí ceannaitheora lárnaigh táille a ghearradh ar a gcustaiméirí as na seirbhísí a chuireann siad ar fáil ach costais an tráchtearra féin a chur ar aghaidh.

    Na príomhthorthaí: Ceapadh Airteagal 11 den Rialachán mar uirlis tacaíochta le linn éigeandála agus ba leor é chun go n–éascódh an Coimisiún an próiseas chun cuibhreannais a chruthú (cé nár cruthaíodh iad) agus chun samhlacha comhair cuideachtaí eile a fhorbairt i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais. Is féidir le comhar cuideachtaí deis a chur ar fáil do chuideachtaí beaga agus do chuideachtaí nach bhfuil taithí acu chun a n–éilimh a chomhthiomsú ar bhealach níos éifeachtaí agus chun buntáiste níos fearr a bhaint astu, rochtain a fháil ar mhargaí gáis domhanda, lena n–áirítear soláthróirí GNL, agus soláthairtí a dhaingniú ar phraghsanna iomaíocha. Tá an t–aiseolas sin ag teacht leis an aiseolas teoranta a fuarthas ó roinnt gníomhaithe tionsclaíocha, rud a thugann le fios gur féidir gur mhéadaigh na samhlacha comhair sin a rannpháirtíocht ar AggregateEU.

    Mar gheall ar an taithí theoranta go dtí seo, áfach, ní féidir teacht ar aon chonclúid ghinearálta maidir le cur i bhfeidhm iomlán na samhlacha sin.

    Conclúid: I gcomhthéacs géarchéime, creideann an Coimisiún go bhféadfadh na samhlacha comhair atá ann cheana a bheith ina roghanna inmharthana. Thacaigh roinnt gníomhaithe tionsclaíocha leis sin agus chuir siad in iúl go bhféadfadh na samhlacha comhair sin na tairbhí a bhaineann leis an sásra ceannaigh chomhpháirtigh a mhéadú. Mar sin féin, lasmuigh de chomhthéacs éigeandála, is é gnáthfheidhmiú mhargadh gáis na hEorpa, arna spreagadh ag an iomaíocht, ba cheart a chinneadh an mian le cuideachtaí comhoibriú le chéile chun gás a cheannach agus an chaoi a ndéanfaí é agus é sin laistigh de theorainneacha rialacha iomaíochta an Aontais.



    Athbhreithniú ar Roinn 3 – Bearta chun feabhas a chur ar úsáid saoráidí, saoráidí stórála gáis agus píblínte GNL (Airteagail 12 go 14 den Rialachán)

    Tá forálacha sa Rialachán chun trédhearcacht a fheabhsú agus chun trádáil thánaisteach in acmhainní stórála GNL agus gáis a éascú. Tá na socruithe chun é a dhéanamh níos trédhearcaí cosúil leis na socruithe chun gás nádúrtha a iompar trí phíblínte a úsáid agus cuireann siad go mór le húsáid GNL agus acmhainneachtaí stórála san Aontas a bharrfheabhsú.

    8.Ardán áirithinte acmhainne tánaistí le haghaidh úsáideoirí saoráidí GNL agus le haghaidh úsáideoirí saoráidí stórála gáis (Airteagal 12 den Rialachán)

    Na príomhthorthaí: Tá ardáin áirithinte acmhainne tánaistí bunaithe ag oibreoirí aonair stórála agus GNL agus tá siad faoi lán seoil anois. Tá stór nasc ag Bonneagar Gáis na hEorpa (GIE) chuig ardáin áirithinte acmhainne tánaistí arna gcur ar fáil ag oibreoirí bonneagair.

    Cumasaíonn áirithint thánaisteach leithdháileadh níos éifeachtaí acmhainní nach n–úsáidtear ar mhargaí príomhúla. Cuireann trédhearcacht bhreise sa réimse sin ar a gcumas do rannpháirtithe sa mhargadh roghanna a aimsiú ar bhealach níos éasca d’úsáid acmhainne ar fud an bhonneagair i margadh an Aontais, go háirithe má tá méideanna móra GNL á n–allmhairiú isteach san Aontas.

    Conclúid: Cuireadh forálacha comhchosúla san áireamh faoi Airteagal 10 den Rialachán athbhreithnithe maidir le Gás (Rialachán (CE) Uimh. 2009/715) (Pacáiste na Margaí Hidrigine agus Gáis Dhícharbónaithe) a mhol an Coimisiún i mí na Nollag 2021 agus atá faoi chaibidil faoi láthair ag na comhreachtóirí.

    9.Ardáin trédhearcachta le haghaidh saoráidí GNL agus saoráidí stórála gáis (Airteagal 13 den Rialachán)

    Na príomhthorthaí: Tá dhá phríomhardán i bhfeidhm ag GIE, lena gcumhdaítear Ballstáit uile an Aontais chomh maith leis an Ríocht Aontaithe agus an Úcráin: an Fardal Comhiomlánaithe Stórála Gáis (AGSI) le haghaidh stóráil gáis agus an Fardal Comhiomlánaithe Stórála GNL (ALSI) le haghaidh GNL.

    Tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, cuireadh comhpháirteanna nua leis na hardáin sin, lena n–áirítear faisnéis maidir leis na seirbhísí a thairgtear agus na coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir leis na seirbhísí sin, na hacmhainní stórála agus saoráidí GNL atá ar conradh agus atá ar fáil, taraifí, etc. Faoi láthair, cumhdaítear leis na hardáin beagnach gach críochfort GNL ar mhórscála san Aontas (gan ach 5 oibreoir córais GNL nach bhfuil ar na hardáin) agus 98 % de shaoráidí stórála an Aontais (gan ach 3 oibreoir córais stórála nach bhfuil ar na hardáin).

    De bharr na trédhearcachta breise, is féidir forléargas níos fearr agus níos cuimsithí a fháil ar na margaí GNL agus stórála san Aontas. Is é an toradh a bhíonn air freisin go mbaintear úsáid níos éifeachtúla as na bonneagair sin. D’fhéadfadh trédhearcacht níos fearr i margadh GNL an Aontais soláthróirí breise a mhealladh freisin.

    Conclúid: Cuireadh forálacha comhchosúla san áireamh faoi Airteagal 31 den Rialachán athbhreithnithe maidir le Gás 2009/715 (Pacáiste na Margaí Hidrigine agus Gáis Dhícharbónaithe) a mhol an Coimisiún i mí na Nollag 2021 agus atá faoi chaibidil faoi láthair ag na comhreachtóirí.

    10.Úsáid níos éifeachtaí a bhaint as acmhainneachtaí tarchuir (Airteagal 14 den Rialachán)

    Is é is aidhm d’Airteagal 14 den Rialachán feabhas a chur ar úsáid acmhainní iompair i bhfianaise athruithe ar threo sreafaí gáis san Aontas. Leagtar amach sna Treoirlínte maidir le Nósanna Imeachta Bainistithe Plódaithe atá ann cheana nósanna imeachta ‘úsáid é nó caill é’ (UIOLI). Mar sin féin, níl feidhm ag na nósanna imeachta sin ach amháin maidir le pointí idirnaisc plódaithe agus ceapadh iad don fhíor-ghearrthéarma nó don fhíor-fhadtéarma.

    Beartaítear le hAirteagal 14 nósanna imeachta UIOLI a chur i bhfeidhm maidir le gach pointe idirnaisc, bíodh siad plódaithe nó ná bíodh. Tá dhá fhéidearthacht bhunúsacha ann chun Airteagal 14 a chur i bhfeidhm: (i) trí nós imeachta míosúil UIOLI nua a leagtar amach sa Rialachán a chur chun feidhme, nó (ii) trí nósanna imeachta UIOLI atá ann cheana a leathnú chuig gach idirnascaire, ní hamháin cinn phlódaithe.

    Na príomhthorthaí: Níor roghnaigh aon Bhallstát den Aontas an nós imeachta nua míosúil UIOLI, agus ina ionad sin roghnaigh siad na nósanna imeachta a bheartaítear sna Treoirlínte maidir le Nósanna Imeachta Bainistithe Plódaithe, mar a cheadaítear leis an Rialachán.

    Conclúidí: Déanfar measúnú ar thionchar chur i bhfeidhm Airteagal 14 maidir le tarchur gáis trí úsáid a bhaint as paraiméadar na n–acmhainneachtaí tarchuir arna gcur in áirithe trí bhíthin nósanna imeachta UIOLI faoi dheireadh 2024 ar a dhéanaí. Fágfaidh sé sin gur féidir a chinneadh cé chomh minic a cuireadh nósanna imeachta UIOLI chun feidhme agus cé chomh húsáideach agus a bhí siad.

     

    ATHBHREITHNIÚ AR CHAIBIDIL III (BEARTA CHUN PRAGHSANNA IOMARCACHA GÁIS AGUS LUAINEACHT IOMARCACH IONLAE I MARGAÍ NA nDÍORTHACH FUINNIMH A CHOSC)

    Athbhreithniú ar Roinn 1 – Dlúthpháirtíocht gáis le haghaidh soláthar leictreachais, tionscail riachtanacha agus custaiméirí faoi chosaint (Airteagail 15 go 22)

    1.Uirlis shealadach ionlae chun ró-luaineacht i margaí na ndíorthach fuinnimh a bhainistiú (Airteagail 15 go 17 den Rialachán)

    Le hAirteagail 15 go 17 den Rialachán, ceanglaítear ar ionaid trádála ina dtrádáiltear díorthaigh a bhaineann le fuinneamh (díorthaigh ar gás nó leictreachas is bunsócmhainn leo) sásraí sealadacha bainistíochta luaineachta ionlae (IVManna) a bhunú. Is é is aidhm don bheart seo rannpháirtithe sa mhargadh a chosaint ó ghéarleibhéil luaineachta sna margaí sin, trína cheangal go gcuirfidh na sásraí arna mbunú ag na hionaid trádála cosc ar ghluaiseachtaí praghsanna arda laistigh de lá trádála.

    Chun freastal ar éagsúlacht na n–ionstraimí a thrádáiltear agus ar leibhéil éagsúla leachtachta mhargaí na ndíorthach fuinnimh, ní leagtar amach sa Rialachán ach bunpharaiméadair d’fheidhmiú IVManna, agus ceanglaítear leis go gcuirfear in oiriúint iad do shaintréithe gach conartha agus gach ionaid trádála. Ceadaíonn an Rialachán freisin d’ionaid trádála IVManna a chur chun feidhme trína gcomhtháthú i scoradáin chiorcaid atá ann cheana seachas sásra breise a chruthú.

    An 30 Meitheamh 2023, agus i gcomhréir leis an sainordú a tugadh dó in Airteagal 17 den Rialachán, d’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) tuarascáil ina ndéantar doiciméadú ar éagsúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcur chun feidhme IVManna ag ionaid trádála agus ina ndéantar meastóireacht ar éifeachtacht an bhirt 12 .

    Na príomhthorthaí: Ina thuarascáil, tugann ESMA dá aire gur cosúil, tríd is tríd, go raibh IVManna a cuireadh chun feidhme calabraithe go leordhóthanach, ach caveat ann go ndearnadh an measúnú tráth nach raibh aon fhianaise ann go raibh eachtraí luaineachta fada ann a rinne difear do thrádáil i ndíorthaigh tráchtearraí fuinnimh. Tá feidhm ag na bearta a leagtar amach in Airteagail 15 go 17 den Rialachán maidir le 17 n–ionad trádála 13 . Tagraíonn torthaí ESMA do roinnt éagsúlachta maidir leis an gcaoi a gcuireann ionaid trádála IVManna chun feidhme, i ngeall ar shaintréithe gach ionaid trádála agus gach conartha. Baineann na héagsúlachtaí go háirithe leis an méid seo a leanas:

    ·rogha an ‘phraghais tagartha’, leibhéal íseal leachtachta roinnt conarthaí ag roinnt ionad trádála, agus mar thoradh air sin gur úsáid siad praghsanna ag ionaid eile mar ionadach chun an praghas tagartha a shainiú;

    ·minicíocht athnuachana an phraghais tagartha agus na dteorainneacha tagartha praghais, le leachtacht íseal as a dtiocfaidh eatraimh níos faide idir na hathnuachaintí sin;

    ·leithead an ‘chonair phraghais’, le teorainneacha móra atá mí-oiriúnach do chonarthaí neamhleachtacha.

    Ar an iomlán, is é measúnú ESMA gur féidir údar a thabhairt leis na héagsúlachtaí sin agus gur chuir ionaid trádála IVM chun feidhme go hiomchuí. Mar sin féin, cuireann ESMA in iúl freisin nach n–oireann IVM do chonarthaí neamhleachtacha, agus gur cosúil gur mó iad na deacrachtaí maidir lena chur chun feidhme ná aon tairbhe a d’fhéadfadh a bheith ann. Tuairiscíonn ESMA nach gníomhachtaíodh ach IVManna ionaid trádála amháin ón uair a cuireadh chun feidhme iad agus gurb é is dóichí gur mar gheall ar orduithe earráideacha a tharla sé sin. I bhfianaise luaineacht theoranta na margaí le haghaidh díorthaigh a bhaineann le fuinneamh le linn na tréimhse sin, dealraíonn sé go raibh IVManna calabraithe go leordhóthanach ag ionaid trádála.

    Maidir le héifeachtúlacht an tsásra, tugann ESMA dá aire, i bhfianaise easpa fianaise ar eachtraí luaineachta fadtréimhseacha a dhéanann difear do dhíorthaigh tráchtearraí fuinnimh le linn na tréimhse i dtrácht 14 , nach bhfuil aige ach ‘bonn teoranta chun measúnú a sholáthar ar éifeachtacht IVM, ní ar bhonn éifeachtaí dearfacha ná diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann’. In aon chás, measann sé go raibh ceangal idir eachtraí ardluaineachta in 2022 agus strus a rinne difear do bhunphrionsabail an mhargaidh gáis agus leictreachais, agus an úsáid mar uirlis chogaidh a bhain an Rúis as an soláthar gáis nádúrtha chuig an Eoraip, seachas trí chineál trádála mí-ordúla a bhfuil IVM – agus na scoradáin chiorcaid i gcoitinne – ceaptha le réiteach.

    Ar deireadh, tugann ESMA dá aire go léiríonn comhoiriúnacht IVM leis na hoibleagáidí atá ann cheana maidir le scoradáin chiorcaid, chomh maith lena chur chun feidhme ag roinnt ionad trádála trí scoradáin chiorcaid atá ann cheana a oiriúnú, go bhféadfaí a chuspóir a bhaint amach faoi fhorálacha reatha na Treorach maidir le Margadh in Ionstraimí Airgeadais (MiFID), agus nár ghá an dara sraith de scoradáin chiorcaid a chruthú de bharr an chuspóra atá le baint amach.

    Tá tuarascáil ESMA bunaithe ar shonraí a bailíodh don tréimhse idir Feabhra agus Bealtaine 2023, tréimhse arbh é ba phríomhthréith di laghdú go leibhéil an–íseal ar luaineacht an mhargaidh gáis. Breathnaíodh, áfach, eachtraí luaineachta suntasacha ionlae ar mhargaí gáis airgeadais, go háirithe sa tSaoráid Aistrithe Teideal , sa samhradh, ar dtús go luath i mí an Mheithimh agus ansin arís i mí Lúnasa, go minic le héagsúlachtaí praghsanna os cionn 10 % sa lá céanna (ag baint amach 20 % nó níos mó cúpla uair).

    Tugtar le fios leis sin, cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar chothromaíocht an gháis ó bhí 2022 ann agus go raibh an tAontas in ann méid mór gáis a sholáthair an Rúis roimhe seo a ionadú go rathúil, tá gnéithe leochaileachta fós ann sna margaí fuinnimh. Rioscaí, mar shamplaí, scor iomlán agus tobann de na hallmhairí gáis a fhaightear go fóill ón Rúis, teagmhais bhonneagair, dálaí aimsire neamhfhabhracha nó méadú mór ar an éileamh ar ghás ar fud an domhain, d’fhéadfadh rioscaí mar sin margaí a dhíshocrú agus a bheith ina chúis le heachtraí de luaineacht ró-ard ionlae. D’fhéadfadh luaineacht mhór teacht chun cinn freisin mar thoradh ar ghníomhaithe sa mhargadh a bheith ag freagairt do nuacht faoi ghanntanais soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann (fiú nuair nach dtagann ganntanais den sórt sin chun cinn sa deireadh).

    Tar éis géarchéim fuinnimh, nuair nach féidearthacht láithreach é filleadh ar an status quo a bhí ann roimhe seo ó thaobh soláthair fuinnimh de, agus an tAontas ag brath ar sholáthairtí GNL, tá sé ríthábhachtach cobhsaíocht na margaí airgeadais fuinnimh a áirithiú, trí luaineacht iomarcach praghsanna a sheachaint. Níl sé cinnte faoi láthair an mbeidh eachtraí luaineachta (a mhéadaigh le linn shamhradh 2023) le feiceáil arís sna míonna amach romhainn. Tugann ESMA dá aire, mar gheall ar an easpa luaineachta fada le linn na tréimhse atá faoi ghrinnscrúdú, go raibh bonn teoranta aige chun measúnú a sholáthar ar éifeachtacht IVM i dtéarmaí na n–éifeachtaí dearfacha nó na n–éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith aige.

    Conclúid: D’fhéadfadh an sásra luaineachta ionlae cabhrú le teorainn a chur le luaineachtaí móra praghsanna agus patrúin praghsanna a shéimhiú i margaí an–luaineach. D’fhéadfadh éifeacht araíonachta indíreach ar an margadh a bheith aige freisin.

    Mar sin féin, níor aimsigh ESMA forais chun go mbeadh IVM ina ghné bhuan de chreat dlíthiúil an Aontais, cé go ndearnadh a mheasúnú le linn tréimhse ina raibh easpa luaineachta fada ann. Measann ESMA go bhféadfadh cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm iomchuí na scoradán ciorcaid atá ann cheana faoi MiFID II, i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ó úsáid a bhaint as IVM, an cuspóir a bhaint amach maidir le luaineacht iomarcach praghsanna ionlae a theorannú gan an dara sraith de scoradáin chiorcaid a thabhairt isteach i bhfoirm IVManna. Ba cheart breithniú a dhéanamh freisin ar an gcomhaontú polaitiúil a rinneadh le déanaí maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le MiFID/Margadh in Ionstraimí Airgeadais. D’fhéadfadh sé go rachadh tuilleadh faireacháin ar mhargaí na dtráchtearraí fuinnimh agus ar thionchar IVM sna míonna amach romhainn chun tairbhe na mBallstát d’fhonn tuairim níos eolasaí a ghlacadh maidir leis an ngá atá le síneadh sealadach a chur leis an IVM. Amach anseo, mar atá tugtha faoi deara ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí 15 , tá rioscaí agus leochaileachtaí i margaí na ndíorthach gáis ar féidir leo ‘gluaiseachtaí margaidh a aimpliú’ agus ‘brú praghsanna a chur ar dhíorthaigh’. Chun anailsí a dhéanamh ar na rioscaí sin ‘is gá tuilleadh oibre a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sonraí agus ar ilroinnt sonraí’. Coinneoidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin obair i dtaobh an ábhair seo.

    2.Measúnú agus tagarmharc ar phraghsanna GNL (Airteagail 18 go 22 den Rialachán)

    Ceanglaítear le hAirteagal 18 den Rialachán ar an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) na nithe seo a leanas a tháirgeadh agus a fhoilsiú gach lá:

    ·measúnú ar phraghsanna GNL, a thosóidh tráth nach déanaí ná an 13 Eanáir 2023; agus

    ·tagarmharc laethúil GNL ón 31 Márta 2023.

    Achtaíodh an measúnú ar phraghsanna GNL agus an tagarmharc chun trédhearcacht a raibh géarghá léi a thabhairt isteach sa mhargadh. Go deimhin, in éagmais táscaire iontaofa ar an bpraghas ar a raibh Ballstáit AE ag ceannach GNL ar mhargaí idirnáisiúnta, tuairiscíodh go raibh siad in iomaíocht lena chéile dá thoradh sin chun soláthairtí gáis a fháil le linn ghéarchéim na bliana seo caite. D’fhéadfadh sé go raibh ról suntasach aige sin ina dhiaidh sin maidir le brú aníos a chur ar phraghsanna. Ón tús, bhí sé beartaithe é sin a bheith ina bheart buan le bheith curtha san áireamh a luaithe ab fhéidir sa Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Mhórdhíola Fuinnimh (REMIT), ós rud é gur measadh go raibh gá leis i gcomhthéacs athrú struchtúrach ar an tábhacht a bhaineann le GNL do sholáthar gáis AE, arna spreagadh ag an úsáid mar uirlis chogaidh a baineadh as gás phíblíne na Rúise. Mar sin féin, léirigh géarchéim fuinnimh 2022 go raibh gá práinneach le huirlis trédhearcachta lena léireofaí go hoibiachtúil an praghas ar a raibh lastais GNL ag teacht isteach san Eoraip. Sa chomhthéacs sin, áiríodh an beart sa Rialachán, agus tugadh tásc soiléir go n–áireofaí é mar bheart buan in REMIT (mar a léirítear le hAithris 57 den Rialachán).

    Na príomhthorthaí: Ó cuireadh chun feidhme é, tá níos mó trédhearcachta curtha ar fáil don mhargadh tríd an measúnú ar phraghsanna GNL, measúnú atá bunaithe ar thuairisciú oibiachtúil sainordaitheach agus ina léirítear praghsanna gáis idirnáisiúnta. Ó foilsíodh é, tá praghsanna tagarmharcanna gáis nádúrtha san Aontas (an tSaoráid Aistrithe Teidil) ag teacht de réir a chéile leis an measúnú ar phraghsanna GNL. Chun a áirithiú go mbeidh sé iontaofa agus oibiachtúil i gcónaí, tugadh cumhachtaí sonracha sa Rialachán do ACER leis na sonraí margaidh is gá a bhailiú agus a phróiseáil. Foilsíonn ACER na measúnuithe praghais seo a leanas go tráthrialta anois:

    ·An Eoraip Thiar Thuaidh;

    ·An Eoraip Theas; agus

    ·Praghas GNL an Aontais.

    Rinne an tagarmharc GNL an trédhearcacht sin a neartú a thuilleadh trí raon difríochta phraghas GNL an Aontais a chur ar fáil le haghaidh phraghas socraíochta na Saoráide Aistrithe Teidil don mhí roimh ré - is é sin an conradh todhchaíochtaí is mó a úsáidtear san Aontas agus aithnítear go forleathan é mar an seachvótálaí is ionadaíche ar phraghsanna gáis an Aontais.

    Ós rud é go bhfuil an praghas éifeachtach ar a dtagann GNL isteach san Aontas níos trédhearcaí, tá gníomhaithe margaidh i mBallstáit an Aontais níos eolaí ar phraghsanna margaidh agus is féidir le Ballstáit an Aontais iad féin a chomhordú ar dhóigh níos fearr chun soláthairtí GNL a dhaingniú de mheon dlúthpháirtíochta, agus ar an gcaoi sin seachnaítear brú míchuí a chur ar an margadh.

    An 14 Márta 2023, ghlac an Coimisiún togra chun leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Mhórdhíola Fuinnimh (REMIT). Áirítear sa togra an measúnú ar phraghsanna GNL agus an tagarmharc araon. Táthar ag súil, áfach, go ndéanfar REMIT athbhreithnithe a ghlacadh go críochnaitheach agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm tar éis don Rialachán reatha dul in éag.

    Conclúid: Creideann an Coimisiún go mbeadh sé an–tábhachtach go leathnófaí na bearta ábhartha a glacadh ar bhonn sealadach chun trédhearcacht mhéadaithe na praghsála allmhairiúcháin GNL a choinneáil, agus chun cothrom iomaíochta a chaomhnú idir Ballstáit an Aontais de mheon na dlúthpháirtíochta, agus tacaíocht á tabhairt san am céanna do na Ballstáit soláthar cobhsaí a áirithiú chun freastal ar riachtanais fuinnimh an Aontais. Sin é an fáth a n–áirítear bearta buana comhchosúla i dtogra REMIT.

    ATHBHREITHNIÚ AR CHAIBIDIL IV (BEARTA I gCÁS ÉIGEANDÁIL GHÁIS)

    1.Rialacha dlúthpháirtíochta réamhshocraithe (Airteagail 23 agus 26 go 28 den Rialachán)

    Chun bearta dlúthpháirtíochta a neartú a thuilleadh 16 i gcás géarghanntanas soláthair gáis agus chun an easpa comhaontuithe déthaobhacha dlúthpháirtíochta idir Ballstáit an Aontais a leigheas, leagtar síos sa Rialachán rialacha dlúthpháirtíochta réamhshocraithe is infheidhme in éagmais comhaontuithe déthaobhacha. Leis na rialacha dlúthpháirtíochta réamhshocraithe, leathnaítear an oibleagáid dlúthpháirtíochta chuig na méideanna criticiúla gáis is gá chun leordhóthanacht an chórais leictreachais a áirithiú, rud a chuireann cosc ar ghéarchéim leictreachais. Bheadh sé ina cheangal anois ar Bhallstáit an Aontais a bhfuil saoráidí GNL acu dlúthpháirtíocht a chur ar fáil.

    Tá na rialacha réamhshocraithe bunaithe ar an bprionsabal gur cheart an dlúthpháirtíocht a sholáthar in aghaidh cúiteamh cóir, agus is é a bheidh sa chúiteamh uasta:

    1.praghas an gháis;

    2.costais stórála agus iompair;

    3.costais dlíthíochta nósanna imeachta breithiúnacha don Bhallstát AE a sholáthraíonn an gás; agus

    4.costais indíreacha nach léirítear i bpraghas an gháis, e.g. cúiteamh as an tionscal a chiorrú, cúiteamh atá teoranta do 100 % de phraghas an gháis.

    Tugann na rialacha dlúthpháirtíochta réamhshocraithe aghaidh freisin ar bhearna i bhforálacha dlúthpháirtíochta an Rialacháin maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis, is é sin nach gá do Bhallstáit an Aontais tosaíocht a thabhairt do thairiscintí bunaithe ar bhearta margadhbhunaithe ar dtús. Leis an Rialachán, leathnaíodh cosaint dlúthpháirtíochta go sealadach chuig méideanna criticiúla gáis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais, agus leathnaíodh an oibleagáid dlúthpháirtíochta go sealadach chuig Ballstáit an Aontais a bhfuil saoráidí GNL acu.

    Ní chuirtear an sásra dlúthpháirtíochta i bhfeidhm ach i ngéarchéim thromchúiseach, mar sin ní féidir é a thástáil i ndáiríre. Mar sin féin, rinneadh Caibidil IV a ionsamhlú tríd an ‘gcleachtadh trialach’ mar atá leagtha amach sa roinn seo a leanas. Thairis sin, scaipeadh ceistneoir i mí na Bealtaine 2023 ar an nGrúpa Comhordaithe Gáis 17 .

    Na príomhthorthaí: torthaí ón gcleachtadh ‘trialach’ 

    Chun róil agus freagrachtaí a thástáil in éigeandáil gáis ar fud an Aontais, chomh maith le tástáil a dhéanamh ar na forálacha dlúthpháirtíochta arna nglacadh faoin Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis agus faoin Rialachán, rinne an Coimisiún cleachtadh comhpháirteach ‘trialach’ i gcomhar le Ballstáit an Aontais, le hoibreoirí córais tarchurtha agus le Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSOG) i mí na Nollag 2022.

    Ar an iomlán, dheimhnigh an cleachtadh ullmhacht Bhallstáit an Aontais, an Choimisiúin agus ENTSOG maidir le héigeandáil gháis, agus an Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis mar aon leis an Rialachán, is creat leordhóthanach iad le haghaidh práinnfhreagartha, go háirithe i gcás iarrataí dlúthpháirtíochta. Mar sin féin, sainaithníodh roinnt pointí a raibh obair leantach ag teastáil ina leith freisin:

    ·Aithníodh forálacha dlúthpháirtíochta le linn an chleachtaidh mar fhorálacha bunriachtanacha maidir le slándáil an tsoláthair chomh fada agus go mbunaítear iad roimh ré. Ach níor síníodh ach líon teoranta comhaontuithe déthaobhacha go dtí seo (7 as 40). Measadh go raibh an chastacht a bhaineann le cinneadh a dhéanamh faoina bhfuil i gceist le cúiteamh cóir idir Ballstáit an Aontais ina bhacainn ar dhlúthpháirtíocht a iarraidh agus a sholáthar mura mbeadh sé bunaithe roimh ré.

    ·Aithníodh nach bhfuil aon bhunús dlí ann chun dlúthpháirtíocht a iarraidh trí phíblíne chuig Ballstát comharsanachta de chuid an Aontais nach bhfuil nasctha go díreach. Ní luaitear an fhéidearthacht sin go sainráite sa Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis, ach tá forálacha sa rialachán sin maidir le cásanna ina bhfuil dhá Bhallstát de chuid an Aontais nasctha trí thríú tír.

    ·I gcás ina bhfaigheann Ballstát den Aontas dhá iarraidh dlúthpháirtíochta, measadh go raibh an nós imeachta maidir le leithdháileadh agus tosaíocht a thabhairt doiléir. Mura féidir leis an margadh an dá iarraidh a shásamh, tá roinnt roghanna ann: leithdháileadh pro rata, leithdháileadh ar bhonn an oird ina bhfuarthas na hiarrataí (tús freastail ar an gceann is túisce), nó leithdháileadh ag brath ar an méid a fhaightear mar chúiteamh.

    ·Chreid roinnt Ballstát de chuid an Aontais go n–eascródh aimhréidheanna as an athrú ar an tréimhse chun iarratas dlúthpháirtíochta a chur isteach go 72 uair an chloig ar a laghad roimh an am seachadta, a comhaontaíodh sa Rialachán. Chuir na rannpháirtithe in iúl gur mhian leo go mbeadh tréimhse 24 uair an chloig infheidhme maidir le dlúthpháirtíocht a chuirtear ar fáil trí bhíthin píblínte, agus d’fhéadfadh 72 uair an chloig fós a bheith ábhartha don dlúthpháirtíocht arna soláthar trí bhíthin GNL.

    ·Is gá soiléiriú breise a dhéanamh ar an mbunús dlí maidir le dlúthpháirtíocht GNL a iarraidh agus a fháil, lena n–áirítear saincheisteanna conarthacha a bhaineann le lastais a atreorú agus cúiteamh a thabhairt do thríú páirtithe, infhaighteacht soithí, neamhréir fhéideartha na méideanna idir an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht agus na méideanna sa soitheach atá i gceist, agus bealaí chun íocaíochtaí a ráthú.

    Conclúid: Is iad seo a leanas conclúidí an Choimisiúin.

    ·In éagmais comhaontuithe déthaobhacha, ba cheart coincheap na rialacha dlúthpháirtíochta réamhshocraithe a dhéanamh buan. Leis sin, chuirfí struchtúr slándála soláthair an Aontais chun críche ar bhonn buan, agus an oibleagáid comhaontuithe déthaobhacha a shíniú a bhaint de Bhallstáit an Aontais san am céanna.

    ·I bhfianaise thírdhreach nua an fhuinnimh san Aontas, ós rud é gurb é GNL an phríomhfhoinse soláthair gáis, tá sé ríthábhachtach go leathnófar an dlúthpháirtíocht chuig GNL ar mhaithe le slándáil an tsoláthair. Sa Rialachán, tá feidhm ag na forálacha céanna maidir le gás píblíne agus GNL, ach ní léiríonn sé sin an saol mar atá a thuilleadh. Dá bhrí sin, athrú chun feabhais a bheadh ann na forálacha a oiriúnú chun sainiúlacht an mhargaidh GNL a chur san áireamh.

    ·Tá méideanna criticiúla gáis ceaptha chun leordhóthanacht an chórais leictreachais a áirithiú ionas nach scaipfear an ghéarchéim gháis chuig an gcóras leictreachais. D’fhéadfaí féachaint ar bhealaí eile chun é sin a dhéanamh seachas na bealaí a mholtar sa Rialachán.

    2.Tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint (Airteagal 24 den Rialachán)

    In Airteagal 2 den Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis sainmhínítear custaiméirí faoi chosaint mar thomhaltóirí teaghlaigh atá nasctha leis an ngréasán dáileacháin. Féadfaidh Ballstáit an Aontais a chinneadh freisin na tomhaltóirí seo a leanas a chur lena gcustaiméirí faoi chosaint, ar choinníoll nach mó iad i gcomhpháirt le chéile ná 20 % den tomhaltas bliantúil iomlán gáis:

    1.fiontair bheaga agus mheánmhéide atá nasctha leis an líonra dáileacháin;

    2.seirbhísí sóisialta fíor-riachtanacha;

    3.suiteálacha téimh ceantair.

    Ceanglaítear ar na Ballstáit bearta diana a chur i bhfeidhm chun soláthar do na custaiméirí sin atá faoi chosaint a áirithiú agus chun dícheangail a chosc, fiú le linn éigeandáil gháis.

    Mar sin féin, le linn na géarchéime fuinnimh in 2022, agus tar éis ghlacadh Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe chun éileamh a laghdú le haghaidh gáis, tháinig méadú ar a thábhachtaí atá laghdú deonach ar éileamh na n–earnálacha uile.

    Dá bhrí sin, le hAirteagal 24 den Rialachán tugadh isteach an fhéidearthacht do Bhallstáit an Aontais bearta a dhéanamh chun tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí faoi chosaint a laghdú, ar choinníoll nach gcáilíonn na custaiméirí sin mar thomhaltóirí leochaileacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2009/73/CE maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha.

    Na príomhthorthaí: An 12 Bealtaine 2023, scaip an Coimisiún ceistneoir ar chomhaltaí an Ghrúpa Comhordaithe Gáis, ag iarraidh orthu aiseolas a thabhairt maidir leis na forálacha a bhaineann le tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí faoi chosaint, i measc nithe eile, agus maidir le coimircí breise chun sreafaí gáis trasteorann a áirithiú. Is iad seo a leanas na torthaí:

    ·chuir roinnt Ballstát in iúl gur mheas siad go raibh an cur chuige níos solúbtha sin maidir le coincheap na gcustaiméirí faoi chosaint tairbheach, mar go bhféadfadh sé, mar shampla, méideanna a shaoradh do thionscail chriticiúla nach mbeadh mórán tionchair acu ar theaghlaigh (trí laghdú beag a dhéanamh ar an teirmeastat, mar shampla);

    ·chuir roinnt Ballstát in iúl go raibh sé deacair an fhoráil sin a chur i bhfeidhm i bhfírinne, toisc go bhfuil sé dúshlánach faireachán a dhéanamh ar úsáid neamhriachtanach custaiméirí faoi chosaint ar bhonn neamhbhliantúil.

    Conclúid: Is é conclúid an Choimisiúin gur coincheap úsáideach é tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí faoi chosaint i gcomhthéacs iarrachtaí leanúnacha nó iarrachtaí a dhéanfar amach anseo chun an t–éileamh a laghdú. 

    3.Coimircí do shreafaí gáis trasteorann (Airteagal 25 den Rialachán)

    Luaitear in Airteagal 12(5)a den Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis nár cheart do Bhallstáit an Aontais srian míchuí a chur ar shreafaí gáis trasteorann. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go dtógfadh sé suas le seachtain a chaitheamh ar an nós imeachta sin, agus é mar thoradh air sin, i lár géarchéime, go bhféadfaí stop míchuí a chur le sreafaí trasteorann.

    Sin an fáth ar tugadh coimircí breise isteach le hAirteagal 25 den Rialachán chun sreafaí gáis trasteorann a áirithiú, rud a chuireann ar a chumas don Choimisiúin iallach a chur ar an mBallstát AE atá i gceist a chuid gníomhaíochtaí a mhodhnú le héifeacht láithreach.

    Na príomhthorthaí: Níor fógraíodh riamh éigeandáil mar a shainmhínítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1938, agus dá bhrí sin níor tástáladh an fhoráil. Sa cheistneoir thuasluaite, mar sin féin, iarradh ar chomhaltaí an Ghrúpa Comhordaithe Gáis a dtuairimí a thabhairt maidir leis an ábhar. Is féidir a gcuid freagraí a rangú mar seo a leanas.

    Tuairim dhearfach i leith Airteagal 25

    Ba cheart Airteagal 12(5) a urramú cheana féin

    Níltear i bhfabhar coimircí nua

    Minicíocht

    10/18 (55 %)

    3/18 (17 %)

    5/18 (28 %)

    Argóint

    ·Ba mhór ag na freagróirí an chinnteacht bhreise.

    ·Tá an dlúthpháirtíocht ríthábhachtach le linn géarchéime.

    ·Meastar Airteagal 12(5) a bheith ceangailteach ó thaobh dlí cheana féin.

    ·Ba cheart Airteagal 12(5) a urramú, fiú gan coimircí breise.

    ·Tá imní ann faoin bhféidearthacht na forálacha a choinneáil ar feadh tréimhse éiginnte.

    ·Ba cheart go mbeadh Ballstáit an Aontais in ann a seasamh a chosaint.

    Is comhartha iad na freagraí ar an gceistneoir seo go measann formhór na bhfreagróirí go bhfuil cosaintí do shreafaí gáis trasteorann úsáideach, toisc go dtuigeann siad a úsáidí agus atá forálacha nua Airteagal 25 den Rialachán, nó toisc go gcreideann siad gur cheart Airteagal 12(5) den Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis a urramú cheana féin i ngach tráth.

    Conclúid: Is é conclúid an Choimisiúin go bhfuil sé tábhachtach féachaint le coimircí a choinneáil do shreafaí gáis trasteorann, agus é tábhachtach freisin nós imeachta níos giorra a bheith ann, chun iarracht a dhéanamh sreafaí trasteorann a ráthú le linn géarchéime. 



    CONCLÚID

    Staid ghinearálta an tsoláthair gáis chuig an Aontas

    Ó thús ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá athrú fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh bainte amach ag an Eoraip. Bhí sé indéanta soláthar maith a choimeád do mhargadh gáis an Aontais d’ainneoin gur cailleadh méideanna móra sreafaí ón Rúis (- 70 billiún méadar ciúbach (bcm) in 2022), a bhuí le soláthairtí méadaithe GNL (+ 50 bcm in 2022), a bhuí le hallmhairí píblíne ó chomhpháirtithe nach comhpháirtithe Rúiseacha iad, agus a bhuí le laghdú ar an éileamh ar ghás (- 58 bcm in 2022), rud a d’éascaigh líonadh stórais na bliana seo ar leibhéal ard nach bhfacthas roimhe seo, rud a chomhlíon an ceanglas 90 % a leagadh síos cheana i mí Lúnasa sa Rialachán maidir le Stóráil Gáis. 18  

    Bhíothas in ann an t–athrú sin a dhéanamh mar gheall ar chur chun feidhme rathúil na mbeart ag an Aontas agus ag na Ballstáit i ngach príomhréimse den bheartas fuinnimh, lena n–áirítear Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh, beartas maidir le líonadh stórais ar leibhéal an Aontais, laghdú ar an éileamh ar ghás, laghdú ar bhuaicéileamh an leictreachais, imlonnú níos tapa foinsí in–athnuaite fuinnimh, agus uasghráduithe spriocdhírithe ar bhonneagar (+25 bcm d’acmhainneacht nua athghásaithe GNL).

    Tá feabhas tagtha ar staid na cothromaíochta gáis i gcomparáid le 2022, nuair a d’ardaigh praghsanna gáis go leibhéil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo os cionn EUR 300/MWh. Mar sin féin, níl an cogadh thart agus tá praghsanna gáis fós níos airde agus níos luainí ná mar a bhí roimh shamhradh na bliana 2021 nuair a thosaigh an Rúis ag úsáid earnáil an gháis mar uirlis chogaidh. Ós rud é go bhfuil tionchar dearfach leanúnach ag bearta bheartas 2022 a bhaineann le hArdán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh, gur cuireadh síneadh leis an laghdú ar an éileamh go dtí mí an Mhárta 2024 agus gur baineadh amach na spriocanna líonta stórais, tá an t–ionchas don gheimhreadh atá le teacht níos dearfaí ar an iomlán ná mar a bhí i gcás gheimhreadh 2022/2023. É sin ráite, tá rioscaí móra fós ann do shlándáil an tsoláthair gáis chuig an Aontas, amhail: scor iomlán tobann d’allmhairí ón Rúis, teagmhais bhonneagair, dálaí aimsire neamhfhabhracha, méadú ar an éileamh ar ghás san Eoraip nó in áit eile, rud a chruthódh iomaíocht le haghaidh lastais GNL, úsáid níos mó gáis chun leictreachas a ghiniúint mar thoradh ar thriomaigh nó ar bhristeacha núicléacha neamhphleanáilte. Is fachtóirí riosca iad seo go léir a d’fhéadfadh, go háirithe dá dtarlóidís san am céanna, na margaí a dhéanamh níos cúinge agus brú a chur ar phraghsanna arís.

    Ina theannta sin, tá an t–ionchas dearfach le haghaidh gheimhreadh 2023/2024 spleách ar chaomhnú na cothromaíochta fuinnimh a baineadh amach anuraidh a bhuí le hiarrachtaí Bhallstáit an Aontais agus leis na bearta beartais a chuir siad i bhfeidhm. Dá dtiocfadh meath ar an gcothromaíocht gháis agus dá mbeadh cuid de na rioscaí thuasluaite ag gabháil leis sin, d’fhéadfaí an bonn a bhaint de shlándáil soláthair an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, forairdeall leanúnach agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an margadh. Ní mór don Aontas a bheith ullamh freisin do na cásanna is measa.

    Tuairim ón gCoimisiún maidir le síneadh a chur leis an Rialachán

    Bunaithe ar na príomhthorthaí ó na chéad mhíonna de chur chun feidhme an Rialacháin, mar a leagtar amach sa tuarascáil seo, creideann an Coimisiún go raibh ról tábhachtach ag a fhorálacha maidir le rannchuidiú leis an margadh gáis a chobhsú agus soláthar leordhóthanach gáis chuig an Aontas a áirithiú, agus gur cuid thábhachtach é an Rialachán de threalamh uirlisí an Aontais maidir le slándáil an tsoláthair gáis.

    I bhfianaise na rioscaí leanúnacha a luaitear thuas, leas na ngníomhaithe margaidh, agus na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an sásra ceannaigh chomhpháirtigh agus leis an sásra dlúthpháirtíochta, tá sé á mheas ag an gCoimisiún an molfaidh sé roinnt beart nó bearta uile an Rialacháin a fhadú agus conas a d’fhéadfaí cuid de na bearta sa Rialachán a chomhtháthú ar bhealach níos struchtúrtha.

    Chuige sin, sainaithníodh an Rialachán athbhreithnithe maidir le Gás (Rialachán (CE) Uimh. 2009/715) (Pacáiste na Margaí Hidrigine agus Gáis Dhícharbónaithe) mar ghníomh dlí oiriúnach chun gnéithe áirithe den sásra ceannaigh chomhpháirtigh agus den sásra dlúthpháirtíochta a chomhtháthú (bunaithe ar na torthaí agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus an Rialachán á chur i bhfeidhm). Tá na comhreachtóirí i mbun plé faoi láthair maidir leis an ábhar sin.

    (1)

         Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010

    (2)

       Tá sé seo fíor i gcás todhchaíochtaí TTF (Saoráid Aistrithe Teideal) (an mhí tosaigh) nó spotphraghas TTF (an lá roimh ré).

    (3)

         Is é is AggregateEU ann an sásra um chomhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach arna oibriú ag Prisma, an soláthraí seirbhíse faoi Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh, i gcomhréir le Rialachán 2022/2576 ón gComhairle.

    (4)

         Foráiltear le hAirteagal 3: ‘1. Chun críche comhordú níos fearr agus chun na críche sin amháin, gnóthais gáis nádúrtha nó gnóthais a ídíonn gás ar gnóthais iad atá bunaithe san Aontas nó údaráis de chuid na mBallstát, a bhfuil sé beartaithe acu tairiscint chun gás a cheannach a sheoladh nó tús a chur leis an gcaibidlíocht le táirgeoirí gáis nádúrtha nó soláthróirí gáis nádúrtha ó thríú tíortha maidir le gás a cheannach de thoirt os cionn 5 TWh in aghaidh na bliana, cuirfidh siad an Coimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, an Ballstát ina bhfuil na gnóthais sin bunaithe ar an eolas faoi thabhairt i gcrích conartha soláthair gáis nó meabhráin tuisceana nó faoi sheoladh tairisceana chun gás a cheannach’.

    (5)

         Is féidir amharc ar an gCinneadh ón gCoimisiún ag: EUR-Lex - 32023D0208(02) - GA - EUR-Lex (europa.eu) .

    (6)

         Is féidir amharc ar an liosta de thíortha oibríochtaí BEAF ag https://www.ebrd.com/where-we-are.html.

    (7)

         Nuair is státchabhair atá sa tacaíocht airgeadais, bíodh sí i bhfoirm ráthaíochtaí nó i bhfoirm eile, beidh sí faoi réir rialú Státchabhrach de bhun Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE.

    (8)

         Is féidir amharc ar an teimpléad ábhartha ag https://aggregateeu.prisma-capacity.eu/support/solutions/articles/36000429400-how-to-fill-out–the-declaration–of-honor- .

    (9)

       Sonraítear in Airteagal 8 (Rannpháirtíocht sa chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach) an méid seo a leanas:

    ‘1. Beidh rannpháirtíocht i gcomhiomlánú éilimh agus i gceannach comhpháirteach ar oscailt agus trédhearcach do gach gnóthas gáis nádúrtha agus do gach gnóthas a ídíonn gás atá bunaithe san Aontas gan beann ar an toirt a iarrtar. Cuirfear bac ar ghnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás a bheith rannpháirteach mar sholáthróirí, táirgeoirí agus ceannaitheoirí i gcomhiomlánú an éilimh agus ceannach comhpháirteach, má bhaineann an méid seo a leanas leo:

    (a) go bhfuil bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE dírithe orthu, go háirithe bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, nó i ndáil le gníomhaíochtaí

    lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

    (b) go bhfuil siad faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu; nó

    c) atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag Cónaidhm na Rúise nó ag Rialtas na Rúise nó ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.’

    (10)

         Sa chás sin d’úsáidfeadh ceannaitheoirí cuideachta eile chun gníomhú mar ghníomhaire a sholáthraíonn seirbhísí (mar shampla, sliotán a chur in áirithe ar chríochfort GNL).

    (11)

         Sa chás sin d’iarrfadh roinnt ceannaitheoirí ar chuideachta eile gníomhú thar a gceann mar cheannaitheoir agus gás a cheannach dóibh.

    (12)

         Is féidir amharc ar an tuarascáil ag: https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/2023-06/ESMA70-156-6509_Final_Report_Intra-day_Volatility_Management_Mechanism.pdf.

    (13)

         Capman AD (an Bheilg), 42 Financial Services (an tSeicia), European Energy Exchange (an Ghearmáin – an margadh rialáilte agus an tsaoráid trádála eagraithe araon), MEFF Power (an Spáinn), CIMD SV SA (an Spáinn), Tradition Espana (an Spáinn), Griffin Markets Europe (an Fhrainc), TPICAP EU (an Fhrainc), Tradition Paris (an Fhrainc), Hellenic Energy Exchange (an Ghréig), Hungarian Derivative Energy Exchange (an Ungáir), Marx Spectron Europe (Éire), Borsa Italiana SPA – IDEM (an Iodáil), ICE Endex Markets BV (an Ísiltír), Nasdaq Oslo ASA (an Iorua) agus OMIP – Polo Portugues SGMR SA (an Phortaingéil).

    (14)

         Bailíodh an fhaisnéis bhunúsach in dhá chéim idir mí Feabhra agus mí na Bealtaine 2023.

    (15)

         An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, ‘TRV Risk Analysis:
    EU natural gas derivatives markets: risks and trends’[Anailís Riosca TRV: Margaí díorthach gáis nádúrtha an Aontais: rioscaí agus treochtaí], 12 Mí na Bealtaine 2023.

    (16)

         Rinneadh foráil ina leith ar dtús le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1938, lena leagtar amach sásraí ‘dlúthpháirtíochta’ is infheidhme mar rogha dheiridh i gcás mór-éigeandáil gáis agus a rialaítear le comhaontuithe dlúthpháirtíochta déthaobhacha idir Ballstáit an Aontais.

    (17)

         Is buanghrúpa comhairleach é an Grúpa Comhordaithe Gáis, a dhéanann comhordú ar bhearta i ndáil le slándáil an tsoláthair, go háirithe le linn géarchéimeanna. Féach: Clár de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna (europa.eu) .

    (18)

         Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (Téacs atá ábhartha maidir le LEE).

    Top