EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0032

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa

COM/2023/32 final

Strasbourg, 17.1.2023

COM(2023) 32 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa

1.Réamhrá

Tá claochluithe déimeagrafacha géara ag tarlú inár sochaithe agus inár ngeilleagair 1 . Ar an iomlán, tá daonra an Aontais ag dul in aois agus tá na rátaí breithe ag laghdú go seasta ó na 1960idí i leith. Tá roinnt réigiún san Aontas Eorpach ag dul i ngleic leis an bhfadhb go bhfuil cuid mhór dá lucht saothair óg agus oilte ag imeacht 2 .

Mar thoradh ar an meascán de na treochtaí déimeagrafacha sin, tháinig laghdú ar an daonra atá in aois oibre 3 . Tar éis laghdú 3.5 milliún duine idir 2015 agus 2020, meastar go laghdóidh daonra an Aontais atá in aois oibre a thuilleadh sna blianta amach romhainn, le laghdú 35 mhilliún duine breise faoi 2050.

Déantar difear d’fhormhór na mBallstát, ach déantar difear níos géire do roinnt réigiún ná a chéile. Go deimhin, i gcomhthráth leis an gcur isteach arbh í paindéim COVID‑19 ba chúis leis, tá réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste go minic cheana féin thíos le dara buille nuair a chailleann siad na daoine is fearr agus is cliste, a fhágann chun a bhfortún a lorg in áiteanna eile, agus nuair nach n‑éiríonn leo daoine ó lasmuigh den réigiún a mhealladh an tráth céanna.

Mura dtugtar aghaidh air, spreagfaidh an próiseas sin éagothromaíochtaí críochacha nua agus méadaitheacha de réir mar a théann réigiúin in aois agus de réir mar a thiteann siad ar gcúl ó thaobh mhéid agus scileanna a lucht saothair de. Leis an athrú ar thírdhreach déimeagrafach na hEorpa, cuirfear bac ar athléimneacht agus ar iomaíochas an Aontais ina iomláine agus cuirfear Comhtháthú i mbaol. Tá sé sin ag tarlú i gcomhthéacs rás domhanda ghéar le haghaidh tallainne agus i gcomhthéacs claochluithe struchtúracha eile, amhail an t‑aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach athléimneach agus an t‑athrú teicneolaíoch, rudaí a d’fhéadfadh éagothromaíochtaí idir réigiúin a ghéarú freisin.

Dá bhrí sin, is feiniméan déimeagrafach, eacnamaíoch agus sóisialta é lucht saothair atá ag laghdú. I roinnt réigiún, is measa na dúshláin a eascraíonn as sin mar gheall ar sciar íseal marbhánta de dhaoine a bhfuil oideachas treasach acu. Da bharr sin, laghdaítear cumas réigiúnach chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann le lucht saothair atá ag laghdú. Bíonn tionchar ar leith aige ar cheantair thuaithe, ach bíonn tionchar freisin ag dídhaonrú, ag imeacht chuig réigiúin níos saibhre, imeacht oibrithe níos óige agus ag oibrithe cáilithe go háirithe, agus ag deacrachtaí maidir le tallann a chur chun cinn, a choinneáil agus a mhealladh ar réigiúin iargúlta, ar na réigiúin is forimeallaí 4 agus ar réigiúin lena mbaineann aistriú tionsclaíoch.

Dírítear sa Teachtaireacht seo ar réigiúin a bhfuil sraith dúshlán gaolmhar rompu: laghdú géar ar an daonra in aois oibre in éineacht le sciar íseal marbhánta de dhaoine a bhfuil oideachas treasach acu, chomh maith le réigiúin atá ag dul i ngleic le himeacht mór daoine óga.

Tá na réigiúin sin i ngaiste forbartha tallainne, nó tá baol ann go dtitfidh siad isteach i ngaiste forbartha tallainne. Mar gheall ar an daonra in aois oibre atá ag dul in aois agus ag laghdú, agus ar easpa dinimiceas eacnamaíoch, tagann laghdú ar oibrithe ardoilte agus oibrithe níos óige. Ina theannta sin, tá dúshláin shuntasacha shocheacnamaíocha roimh na réigiúin sin, amhail an easpa deiseanna éagsúlaithe eacnamaíocha, róspleáchas ar earnálacha atá ag dul i léig, agus cumas íseal nuálaíochta. Tá dlúthbhaint aige sin le margaí saothair tearcfheidhmíochta, le rátaí foghlama aosach níos ísle, le torthaí sóisialta níos measa agus le rochtain níos teoranta ar sheirbhísí bunriachtanacha 5 . Leis an meascán dúshlán sin, cuirtear teorainn le cumas na réigiún sin geilleagair inbhuanaithe iomaíocha eolasbhunaithe a thógáil.

Mar thoradh ar éagothromaíochtaí críochacha méadaithe, a eascraíonn as gaistí forbartha tallainne den sórt sin, bheadh méadú ar an líon daoine agus ar an líon pobal a airíonn go bhfuil siad fágtha ar lár, rud a d’fhéadfadh cur leis na treochtaí atá ann faoi láthair maidir le míshástacht pholaitiúil 6 . Leis sin, laghdófaí muinín inár luachanna daonlathacha agus laghdófaí an tacaíocht phoiblí d’athchóirithe, lena náirítear na hathchóirithe sin a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

Chun an baol go dtiocfaidh méadú ar an líon gaistí forbartha tallainne a sheachaint, tá sé ríthábhachtach borradh a chur faoin éileamh ar thallann, go háirithe trí dheiseanna eacnamaíocha níos dinimiciúla agus níos éagsúla a spreagadh, agus borradh a chur faoin soláthar tallainne chomh maith. Chuige sin, tá gá le sraith infheistíochtaí agus athchóirithe, a fhaigheann tacaíocht inter alia ón nglúin nua de chláir de chuid an Bheartais chomhtháthaithe agus ó na pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba cheart sraith chuimsitheach beart a chuimsiú sa fhreagairt bheartais, sraith arna mionsaothrú agus arna gcur chun feidhme trí chineálacha cur chuige áitbhunaithe, arna gcur in oiriúint d’imthosca áitiúla, arna stiúradh ag an mBeartas comhtháthaithe agus arna gcomhlánú le straitéisí earnála. Ba cheart do na réigiúin lena mbaineann feabhas a chur freisin ar an timpeallacht ghnó agus ar an gcáilíocht saoil ionas go mbeidh siad níos tarraingtí mar áiteanna chun cónaí agus oibriú iontu. Is féidir leis sin cabhrú le tallann a chothú arb í an tallann í a bhfuil gá léi le haghaidh a bhforbartha eacnamaíche, rud atá ag brath níos mó agus níos mó ar eolas agus ar nuálaíocht agus, dá bhrí sin, ar dhaoine ardoilte. I gcomhthreo leis sin, beidh ról gníomhach ag an Seimeastar Eorpach maidir leis na hathchóirithe is gá a chothú, go háirithe i margadh an tsaothair nó sa chóras oideachais chun forbairt tallainne a spreagadh.

Is í an Teachtaireacht seo an chéad phríomhsprioc insoláthartha de chuid na Bliana Eorpaí um Scileanna mar a mhol an Coimisiún, arb é is aidhm di athsciliú agus uas‑sciliú a chur chun cinn a thuilleadh agus a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár san aistriú glas agus san aistriú digiteach agus sa téarnamh eacnamaíoch. Beidh an ghné chríochach ríthábhachtach san iarracht sin ós rud é go mbeidh dúshláin níos géire roimh réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste agus iargúlta, lena n‑áirítear na réigiúin is forimeallaí.

Leagtar amach sa Teachtaireacht seo bearta spriocdhírithe chun tallann a chur chun cinn, a choinneáil agus a mhealladh chun gach réigiún a iompú ina shuíomh tallann‑dhírithe dinimiciúil. Ar an gcéad dul síos, is gá na leibhéil náisiúnta agus réigiúnacha a shlógadh chun bearta den sórt sin a dhéanamh, rud a chuireann le príomhshócmhainní réigiúnacha amhail bailte beaga agus meánmhéide, ollscoileanna, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET), soláthraithe foghlama aosach, saoráidí taighde chomh maith le cuideachtaí agus braislí gnólachtaí beaga ar féidir leo forbairt réigiúnach fhadtéarmach a áirithiú. Tá cuspóirí den sórt sin ailínithe freisin le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.

Beidh sásra tiomnaithe de chuid an Aontais mar bhonn taca leis na gníomhaíochtaí a mholtar sa Teachtaireacht seo, chun tacú le straitéisí spriocdhírithe réigiúnacha agus críochacha a cheapadh agus a chur chun feidhme, ar straitéisí iad atá bunaithe ar staid shonrach agus ar shócmhainní sonracha na réigiún, agus beidh cur chun feidhme uaillmhianach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an fhís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais mar bhonn taca leo freisin, mar aon le húsáid spriocdhírithe a bhaint as cistí an Aontais atá ann cheana, arb é is aidhm dóibh a n‑imscaradh a chur in oiriúint do na treochtaí déimeagrafacha a ghabhann leis an Aontas.

2.Níl sé d’acmhainn ag go leor réigiún san Aontas leas a bhaint as an tallann is gá chun iad féin a fhorbairt

2.1.Tá laghdú luathaithe ar an daonra in aois oibre i roinnt mhaith réigiún san Aontas agus tá siad chun deiridh maidir le hoibrithe oilte a fhorbairt, a mhealladh agus/nó a choinneáil

Cé go bhfuil an laghdú ar an daonra in aois oibre forleathan, agus níos mó ná leath de dhaonra an Aontais ina gcónaí i réigiúin ina bhfuil laghdú ag teacht air, tá an meath sin comhcheangailte le dúshláin struchtúracha bhreise i roinnt réigiún. I gcomparáid le meán an Aontais, tá sciar i bhfad níos ísle de dhaoine a bhfuil oideachas treasach acu ag roinnt réigiún, agus is lú an seans go mbeidh daoine fásta óga (idir 20-24 bliana d’aois) sna réigiúin sin cláraithe san oideachas treasach. Thairis sin, cé go bhfuil an sciar de dhaoine a bhfuil oideachas treasach acu san aoisghrúpa 25-64 bliana d’aois ag méadú ar leibhéal an Aontais, toisc go bhfuil oideachas níos fearr ag cohóirt níos óige ná mar atá ag na cohóirt níos sine, d’fhás an sciar sin níos moille sna réigiúin sin, agus meastar go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh. Agus sciar atá ag meath nó sciar marbhánta d’oibrithe a bhfuil oideachas treasach acu ag na réigiúin sin, ní bheidh siad in ann lucht saothair atá ag laghdú a chúiteamh le hoibrithe ardoilte. Mura dtugtar aghaidh air sin, méadófar an bhearna tallainne agus an bhearna eacnamaíoch le réigiúin níos dinimiciúla san Aontas.

Tá sciar níos airde de luathfhágálaithe oideachais agus oiliúna ag réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu. Tá an ráta daoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEET) i bhfad níos airde sna réigiúin sin (ag 19 %, i gcomparáid le meán an Aontais de 13 %). Ní chríochnaíonn an iomarca daoine óga sna réigiúin sin an t‑oideachas meánscoile uachtaraí agus fágtar iad gan mórán seans chun post a fháil.

Tá rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim i bhfad níos ísle i réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu (le ráta 5.6 %, i gcomparáid le meán an Aontais de 10 %): tá níos lú daoine ag tabhairt a gcuid scileanna cothrom le dáta nó ag foghlaim scileanna nua, lena n‑áirítear na scileanna sin a bhfuil gá leo don dá aistriú, agus tá baol ann go mbeidh neamhréir níos airde ann le riachtanais an mhargaidh saothair atá ag athrú go tapa. Laistigh de na Ballstáit, tá éagsúlacht mhór i bhfeidhmíocht na foghlama aosach, agus tá rátaí i bhfad níos airde i gceantair uirbeacha ná mar atá i gceantair thuaithe.

Tá an inrochtaineacht fhisiciúil ar bhonneagar oideachais níos ísle sna réigiúin sin freisin. Cé go bhfuil ollscoil amháin nó níos mó i ngach ceann de na réigiúin sin, tá níos lú daoine ina gcónaí i limistéir inar féidir leo tiomáint go dtí an ollscoil is gaire faoi cheann 45 nóiméad ar a mhéad i gcomparáid le réigiúin eile.

Tá difríochtaí móra idir na Ballstáit, go háirithe idir réigiúin na bpríomhchathracha agus réigiúin eile, agus tá éagothromaíochtaí críochacha ann uaireanta laistigh de réigiúin. I bhformhór na mBallstát, meallann réigiún na príomhchathrach go leor daoine óga, mar gheall ar a chuid ollscoileanna, comhchruinniú post ardoilte, deiseanna eacnamaíocha, ionchais bhríomhara chultúrtha agus shóisialta. Bogann siad ansin chun staidéar a dhéanamh nó chun post a fháil go gairid tar éis a gcuid staidéar a dhéanamh. Nuair a théann siad in aois, d’fhéadfadh sé go mbogfaidís amach as réigiún na príomhchathrach. Téann scaipeadh na tallainne sin chun tairbhe do chách, ach ní féidir í a bhaint amach ach amháin má tá an deis chéanna ag gach réigiún chun tallann a mhealladh.

2.2.Tá réigiúin a bhfuil imeacht tallainne óige rompu i mbaol titim isteach i ngaiste forbartha tallainne

Is féidir leis an oideachas treasach cur go mór leis an dinimiceas réigiúnach agus leis an tarraingteacht réigiúnach. Mar sin féin, tá sé chomh tábhachtach céanna, ar thaobh amháin, deiseanna eacnamaíocha a chruthú ionas go bhfanfaidh tallann agus go mbogfaidh tallann isteach, agus, ar an taobh eile, an soláthar saothair a mheaitseáil le riachtanais an mhargaidh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Mar gheall ar an easpa peirspictíochtaí gairme, d’fhéadfaí daoine óga a dhíspreagadh ó infheistíocht a dhéanamh san oideachas treasach agus d’fhéadfadh roinnt acu deiseanna gairme a lorg in áiteanna eile. 14.6 % atá i ráta dífhostaíochta daoine óga (15-34) i réigiúin atá i ngaiste forbartha nó atá i mbaol titim isteach i ngaiste forbartha, ráta atá i bhfad níos airde ná ráta an Aontais (11.1 %). Ina theannta sin, cé go dtugann imeacht daoine óga deiseanna nua don duine aonair, d’fhéadfadh sé go gcruthófaí teannas breise i margadh an tsaothair agus go gcuirfí leis an nganntanas post i roinnt earnálacha.

Bíonn tionchar ag tosca éagsúla ar shoghluaisteacht daoine: deiseanna fostaíochta, pá, dálaí oibre, comhdheiseanna, suíomh agus seirbhísí atá ar fáil ina dtimpeallacht agus muinín as institiúidí.

I ndáil leis sin, tá pá, ioncam agus forbairt eacnamaíoch sna réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu i bhfad níos ísle ná mar atá sa chuid eile den Aontas (agus cúiteamh in aghaidh an fhostaí (CCC) ag 82 % de mheán an Aontas). Tá cáilíocht na n‑institiúidí níos ísle freisin, toisc nach bhfuil in Innéacs maidir le Cáilíocht Rialtais san Eoraip na réigiún sin ach thart ar 60 % de mheán an Aontais faoi láthair.

Gan straitéis chomhtháite chun tallann a spreagadh agus deiseanna forbartha nua a chruthú, d’fhéadfadh réigiúin atá thíos le rátaí arda imeachta daoine óga a bheith i staid struchtúrach atá cosúil leis an staid ina mbíonn réigiúin atá ag dul i ngleic le meath mall ach meath a bhfuil dlús á chur leis ar a ndaonra in aois oibre agus ag a bhfuil sciar marbhánta de chéimithe treasacha.

2.3.Réigiúin atá i ngaiste forbartha tallainne nó atá i mbaol titim isteach i ngaiste forbartha tallainne

Tá an gaiste forbartha tallainne ilghnéitheach agus tá baol suntasach ann do rathúnas fadtéarmach na réigiún.

Leagann an léarscáil béim ar 46 réigiún (i ndath dearg) atá i ngaiste forbartha tallainne. Tá na réigiúin sin ag dul i ngleic le meath méadaitheach ar a ndaonra in aois oibre, agus leis an líon íseal marbhánta daoine a bhfuil oideachas treasach acu idir 2015 agus 2020. 16 % de dhaonra an Aontais atá sa ghrúpa réigiún sin. Is réigiúin bheagfhorbartha iad formhór na réigiún sin, agus is é 64 % de mheán an Aontais an meán‑OTI in aghaidh an duine atá acu. Tá an grúpa réigiún sin níos tuaithe ná an chuid eile den Aontas, agus 31 % dá dhaonra ina gcónaí i gceantair thuaithe, i gcomparáid le 21 % ar an meán san Aontas.

Sainaithnítear leis an léarscáil freisin an dara grúpa de 36 réigiún (i ndath buí) atá i mbaol titim isteach i ngaiste forbartha tallainne amach anseo, toisc go ndéanann imeacht a ndaonra idir 15-39 mbliana d’aois difear mór dóibh (laghdú de níos mó ná -2 in aghaidh an mhíle in aghaidh na bliana i gcomparáid le 5.3 in aghaidh an mhíle ar an meán san Aontas). 13 % de dhaonra an Aontais atá sa ghrúpa sin.

I dteannta a chéile, 30 % de dhaonra an Aontais atá sa dá chatagóir réigiún 7   8 .

Mar thoradh ar an meascán de na tosca éagsúla thuasluaite sna réigiúin sin, cruthaítear poll guairneáin lena gcuirtear bac agus srian ar fhás fadtéarmach. Os a choinne sin, tá gá le straitéis chuimsitheach acmhainní agus dreasachtaí chun an fáinne fí a bhriseadh agus chun dinimiceas eacnamaíoch níos fearr a ghiniúint.

3.Borradh a chur faoin éileamh ar thallann agus faoi sholáthar tallainne chun gaistí forbartha a sheachaint

Ionas nach dtitfidh nó nach bhfanfaidh réigiúin i ngaiste forbartha tallainne, ní mór dóibh bealaí a aimsiú lena spreagfar soláthar tallainne agus an t‑éileamh ar thallann araon agus an tráth céanna ní mór dóibh iad a chur in oiriúint do riachtanais athraitheacha a ngeilleagar. Áirítear leis sin aghaidh a thabhairt ar neamhéifeachtúlachtaí ina margadh saothair agus ina gcórais oideachais, oiliúna agus foghlama aosach, feabhas a chur ar fheidhmíochtaí nuálaíochta agus rialachais phoiblí agus ar thimpeallacht an ghnó agus leibhéal na seirbhísí agus rochtain ar sheirbhísí a mhéadú. Gach réigiún agus críoch de chuid an Aontais a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar laghdú ar a ndaonra in aois oibre agus atá toilteanach borradh a chur faoina tarraingteacht agus tallann a fhorbairt, a mhealladh agus a choinneáil ar bhealach níos fearr, bainfidh siad tairbhe as tionscnamh nua tiomnaithe de chuid an Aontais: an Sásra chun cur leis an Tallann. Thairis sin, na réigiúin atá i ngaiste forbartha tallainne nó atá i mbaol titim isteach i ngaiste forbartha tallainne, bainfidh siad tairbhe freisin as tacaíocht thiomnaithe faoi chomhpháirteanna áirithe den sásra sin (féach pointe 3.5).

3.1.Leas a bhaint as forbairt tallainne le tacaíocht ó bheartais áitbhunaithe

3.1.1.Tacaíocht a thabhairt d’athbheochan eacnamaíoch agus do rochtain níos fearr ar sheirbhísí

Chun na réigiúin a athbheochan, tá gá le héagsúlú ar a gcreatlach eacnamaíoch mar aon le rochtain uasghrádaithe ar sheirbhísí faoi chuimsiú straitéisí áitbhunaithe. Le Beartas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh, mar spreagadh do bheartais áitbhunaithe, i sineirge le gné na forbartha tuaithe den Chomhbheartas Talmhaíochta, cuirtear creat comhtháite straitéiseach ar fáil do na réigiúin sin chun infheistíochtaí fadtéarmacha a phleanáil, trí rialachas éifeachtúil agus trí rannpháirtíocht na ngníomhaithe áitiúla 9 . I bhfianaise na néagothromaíochtaí déimeagrafacha fonáisiúnta, tá rannpháirtíocht na núdarás réigiúnach agus áitiúil i sainiú agus i gcur chun feidhme tosaíochtaí cistiúcháin faoi Chláir chomhtháthaithe 2021-2027 ríthábhachtach chun go néireoidh leis na straitéisí sin.

Na straitéisí áitbhunaithe sin chun tacú le hathbheochan eacnamaíoch na réigiún a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu, is féidir leo cabhrú freisin le haghaidh a thabhairt ar chlaochlú tionsclaíoch tapa arna spreagadh ag cuspóirí maolaithe don athrú aeráide. Gan dinimiceas eacnamaíoch agus an bonn scileanna ceart chun gníomhaíochtaí ardacmhainneachta a mhealladh, ní bhainfear leas iomlán as na deiseanna fáis agus na tairbhí a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach d’fhorbairt na réigiún sin. Ós rud é go néilítear leis na haistrithe sin nuálaíocht agus teicneolaíochtaí nua agus go ndéanfaidh oibrithe a gcuid scileanna a choigeartú agus poist nó gairmeacha beatha a athrú, beidh an cumas chun bonn maith scileanna agus deiseanna oiliúna a choinneáil ábhartha go háirithe 10 .

Tacaíonn colúin éagsúla an tSásra um Aistriú Cóir, lena gcomhlánaítear ionstraimí eile faoin mBeartas comhtháthaithe, le straitéisí cuimsitheacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme sna críocha atá buailte, lena gcumasófar éagsúlú a gcreataí eacnamaíche agus uas‑sciliú agus athsciliú a luchta saothair, rud a spreagfaidh a ndinimiceas agus a mealltacht.

Ar an leibhéal áitiúil, leis an gcur chuige sonrach ón mbun aníos agus áitbhunaithe a d’fhorbair Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla a tionscnaíodh faoin gComhbheartas Talmhaíochta le LEADER, agus a fhaigheann tacaíocht anois ó CETFT, ó CEMID agus ó chistí an Bheartais chomhtháthaithe, tugtar de chumhacht do phobail áitiúla straitéisí agus tionscadail a mhúnlú a d’fhéadfadh críocha a athbheochan. Mar shampla, i gceantair ina bhfuil an iascaireacht agus an dobharshaothrú ina ngníomhaíochtaí tábhachtacha, déanann grúpaí áitiúla gníomhaíochta, a fhaigheann tacaíocht ó CEMID, straitéisí comhtháite a ullmhú agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar an meath ar ioncam agus ar fhostaíocht na bpobal iascaigh.

An Fhionlainn: Sa Laplainn, ó 2017 go 2020 mhaoinigh grúpaí áitiúla gníomhaíochta tionscadal earcaíochta agus oiliúna iascaigh chun earnáil an iascaigh atá ag dul in aois a athnuachan sa limistéar timpeall ar thaiscumair Lokka agus Porttipahta. Mar thoradh air sin, tá roinnt daoine óga tar éis dul i mbun na gníomhaíochta sin agus thosaigh siad ag feidhmiú sa réigiún. A bhuí leis an tionscadal, rinneadh infheistíochtaí nua sa bhonneagar calafoirt agus próiseála (chomh maith le maoiniú forbartha eile), agus tá coinne le níos mó infheistíochtaí fós sa réimse seo. Tá athbheochan déanta ag na hiascairí nua sin ar an earnáil iascaigh áitiúil, agus leas á bhaint as a gcuid smaointe nua agus a gcuid fuinnimh don fhorbairt.

I measc na n‑earnálacha eacnamaíocha ar féidir leo feabhas a chur ar dhálaí socheacnamaíocha na réigiún a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu tá geilleagar na ndaoine scothaosta.

An Spáinn: Mar réigiún atá ag dul in aois go tapa, tá Castilla agus León tar éis samhail ‘Atención en Red’ (‘Cúram Líonra’) a chur chun cinn, lena gcuirtear rogha mhalartach ar institiúidiú chun cinn, ag brath ar theicneolaíochtaí nua is infheidhme maidir le cúram sóisialta agus cúram sláinte daoine. Tá sé d’aidhm aige, go háirithe, ligean do dhaoine scothaosta a dtionscadail saoil a fhorbairt, leis an leibhéal is airde neamhspleáchais agus cáilíochta beatha, cibé áit a gcinneann siad maireachtáil. Cuidíonn an tsamhail sin le tús áite a thabhairt do chomhtháthú sóisialta, d’fhostaíocht áitiúil a chur chun cinn, don chríoch a athbheochan agus don daonra a choinneáil, go háirithe trí ghairmithe cúraim sláinte a mhealladh le dálaí oibre fabhracha.

Is earnáil eacnamaíoch thábhachtach eile í an turasóireacht le haghaidh roinnt mhaith de na réigiúin sin. Leagtar béim sa chonair aistrithe don turasóireacht 11 ar an ngá atá le straitéisí dea-phleanáilte lena gcuirtear san áireamh tionchair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta na turasóireachta agus ina bhfuil pobail áitiúla rannpháirteach. Is féidir leis na straitéisí sin cabhrú le deiseanna nua a chruthú agus cabhrú le folláine na bpobal áitiúil. Le Deais Turasóireachta an Aontais Eorpaigh 12 , a dhéanann faireachán ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach agus ar na tosca athléimneachta socheacnamaíocha a bhaineann le gníomhaíochtaí turasóireachta san Eoraip, léirítear conas is féidir leo sin a bheith anéagsúil ó réigiún go chéile.

Rochtain chomhionann ar sheirbhísí agus ar bhonneagar ar ardchaighdeán, amhail oideachas agus cúram na luath‑óige, oideachas agus oiliúint, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, tithíocht inacmhainne agus seirbhísí cultúrtha inacmhainne, iompar, soláthar fuinnimh agus rochtain ar an idirlíon, tá ról ríthábhachtach aige sin sa chomórtas domhanda chun tallann a fhorbairt, a mhealladh agus a choinneáil.

Bhí tionchar ag paindéim COVID‑19 ar an áit a roghnaíonn roinnt daoine maireachtáil. Leis an bpaindéim, athraíodh méid agus suíomh na n‑oifigí agus na spásanna oibre freisin. D’fhéadfadh sé sin mealltacht na réigiún ina bhfuil costais eastáit réadaigh níos ísle agus ina gcuirtear cáilíocht saoil níos fearr ar fáil a mhéadú, rud a chruthóidh deiseanna do na réigiúin sin, a mbeidh sé de cheangal orthu, mar sin féin, an bonneagar ceart agus rochtain ar sheirbhísí a thairiscint, rud atá ina phríomhthoisc maidir le daoine a spreagadh chun fanacht nó bogadh chuig réigiún eile. 

I ndáil leis sin, i gcomhthéacs buiséadach daingean, tá sé d’oibleagáid ar réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu, go háirithe iad siúd nach bhfuil chomh forbartha sin, cinntí deacra a dhéanamh. Laghdaíonn a n‑ioncam fioscach i gcomhréir leis an laghdú ar a ndaonra agus ar a ngníomhaíocht eacnamaíoch, cé go meastar go mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar chaiteachas méadaitheach ar sheirbhísí chun tacú le daonra atá ag dul in aois.

Tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar nascacht dhigiteach na réigiún atá i ngaiste forbartha tallainne, chun tairbhe iomlán a bhaint as an aistriú digiteach. Go dtí seo, is lú an seans go mbeidh nasc leathanbhanda sa bhaile ag teaghlaigh sna réigiúin sin agus tá an sciar den daonra a bhfuil leathanbhanda ardluais acu i bhfad níos ísle ná i réigiúin eile.

Le nasc leathanbhanda níos fearr sna réigiúin sin, cruthaítear níos mó deiseanna eacnamaíocha le haghaidh cuideachtaí agus don teilea-obair. Leis sin, cruthaítear níos mó deiseanna freisin don chianoideachas agus don chianoiliúint, rudaí a d’fhéadfadh cabhrú leis an mbearna scileanna a laghdú.

Is féidir le roinnt ionstraimí cistiúcháin de chuid an Aontais, go háirithe an Beartas comhtháthaithe, an beartas forbartha tuaithe, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta tacú leis na hinfheistíochtaí is gá chun dlús a chur le cur in úsáid líonraí an‑ardluais agus líonraí 5G, go háirithe i gceantair thuaithe agus iargúlta, áit a bhféadfadh dlús daonra níos ísle bearna sa mhargadh a chruthú lena dtugtar údar le hidirghabháil phoiblí.

An Rómáin: le tionscadal ‘RO-NET’ a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, leathnaíodh an cumhdach leathanbhanda trí bhonneagar a fhorbairt chun rochtain idirlín a chur ar fáil do dhaoine i ‘gceantair bhána’ mar a thugtar orthu, áit nach bhfuil rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí ná pleananna forbartha infheisteoirí príobháideacha. Tríd an mbearna dhigiteach idir limistéir uirbeacha agus limistéir thuaithe atá thíos leis an dídhaonrú a laghdú, rannchuidíonn na hinfheistíochtaí sin le feabhas a chur ar cháilíocht saoil na n‑áitritheoirí agus ar tharraingteacht na réigiún.

Is féidir infheistíochtaí poiblí a chur i gcrích trí bhearta rialála iomchuí, lena ndírítear ar rochtain leordhóthanach ar sheirbhísí fíor-riachtanacha a áirithiú do chách.

Sa Fhrainc, déantar oscailt cógaslanna nua a rialáil trí nósanna imeachta údarúcháin. Is féidir cógaslanna nua a oscailt i gcríocha díothacha (ceantair thuaithe agus ceantair uirbeacha tosaíochta a athbheochan) nó bunaithe ar chritéir dhéimeagrafacha (méadú daonra). Is é is aidhm don bheartas sin rochtain chothrom ar chógaslanna a áirithiú ar fud na gcríoch uile agus go háirithe sna críocha sin a bhfuil deacrachtaí sóisialta agus eacnamaíocha rompu.

Leis an gcomhar trasteorann, a fhaigheann tacaíocht ó chláir Interreg, rannchuidítear le mealltacht na réigiún teorann a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu a spreagadh. Trí acmhainní daonna, trealamh agus bonneagar a chomhthiomsú, agus trí sheirbhísí poiblí digiteacha a oibríonn ar bhonn trasteorann a bheith ar fáil 13 , is féidir feabhas a chur ar inrochtaineacht seirbhísí poiblí agus níos mó deiseanna fostaíochta a chur ar fáil i margadh saothair trasteorann.

Sa bhreis ar bhacainní dlíthiúla agus riaracháin a eascraíonn as teorainneacha a bheith ann a shárú, féadfar dul i ngleic le bacainní teicniúla trí idir-inoibritheacht seirbhísí poiblí digiteacha a áirithiú 14 . Leis sin, chuirfí feabhas ar idirghníomhaíochtaí idir páirtithe leasmhara ó réigiúin chomharsanachta agus, ar an gcaoi sin, mhéadófaí deiseanna fostaíochta ar an taobh eile den teorainn, rud a d’fhágfadh go mbeadh réigiúin trasteorann in ann níos mó tallainne a choinneáil.

An Ghearmáin / An Pholainn: le clár comhair Interreg V-A idir an Pholainn agus an Ghearmáin/an tSacsain, forbraíodh curaclaim oideachais trasteorann atá saincheaptha do riachtanais an chómhargaidh saothair, trí chomhar idir institiúidí ardoideachais a neartú agus trí rochtain ar institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna a fheabhsú, go háirithe sna réimsí is mó éileamh i measc gnólachtaí áitiúla agus réigiúnacha.

3.1.2.Éiceachórais nuálaíochta dinimiciúla a spreagadh trí straitéisí um speisialtóireacht chliste agus nuálaíocht theicneolaíoch agus shóisialta

Tá struchtúr an gheilleagair réigiúnaigh ar cheann de na cúiseanna leis an sciar níos ísle de phoist ardoilte i réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu. Is réamhchoinníoll é peirspictíochtaí eacnamaíocha nua agus deiseanna fostaíochta ardoilte comhfhreagracha a chruthú chun go bhfanfaidh daoine a bhfuil oideachas treasach acu sna críocha sin.

Ina theannta sin, tá gá le táirgiúlacht fheabhsaithe chun an tionchar a bhíonn ag laghdú ar an daonra in aois oibre a mhaolú, agus tá an nuálaíocht ríthábhachtach i ndáil leis sin. Tá feidhmíocht nuálaíochta na réigiún a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu nó atá i mbaol go mbeidh gaiste forbartha tallainne rompu i bhfad níos ísle ná meán an Aontais 15 .

Tá bearnaí agus éagothromaíochtaí suntasacha ann sa chumas nuálaíochta idir réigiúin na bpríomhchathracha agus réigiúin eile.

Trí aghaidh a thabhairt ar laigí i ndáil le smaointe agus teicneolaíochtaí nua a scaipeadh agus a ghlacadh agus trí nuálaíocht leathan a spreagadh, chomh maith le barr feabhais a aithint agus a spreagadh, áiritheofar go mbeidh na réigiúin sin níos táirgiúla, go gcuirfidh siad deiseanna fostaíochta níos fearr ar fáil agus go mbainfidh siad tairbhe as geilleagar atá ag éirí níos déine ó thaobh eolais de.

Dá réir sin, ba cheart do na réigiúin sin straitéisí nuálaíochta áitbhunaithe a chur chun feidhme agus an leas is fearr is féidir a bhaint as tionchar na n‑acmhainní atá ar fáil faoin mBeartas comhtháthaithe agus faoi Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) a mBallstát. Ba cheart an nuálaíocht a thuiscint sa chiall is leithne, lena n‑áirítear próisis táirgthe, margaíocht, lena n‑áirítear margaíocht dhigiteach agus digitiú seirbhísí. Is féidir léi borradh a chur faoi dheiseanna gnó agus fostaíochta in earnálacha nua agus in earnálacha atá ag fás, ach in earnálacha traidisiúnta amhail earnáil na talmhaíochta nó earnáil na turasóireachta freisin. Leis na straitéisí sin, rannchuidítear go díreach le huasghrádú na gcóras eacnamaíoch réigiúnach, spreagtar fiontraíocht agus cruthú post ardoilte tarraingteach, téitear i ngleic le mí‑oiriúint scileanna agus cothaítear gnóthachan tallainne do na réigiúin sin ar deireadh, trí mhoil nua iomaíochais agus tarraingteachta.

Is féidir roinnt uirlisí ar leibhéal an Aontais a ghníomhachtú chun borradh a chur faoin nuálaíocht i réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu.

Le straitéisí um speisialtóireacht chliste (S3) 16 a stiúrtar faoin mBeartas comhtháthaithe, tugtar tús áite d’infheistíocht bunaithe ar shócmhainní áitiúla, spreagtar an taistriú chuig geilleagar eolasbhunaithe agus nuálaíochtbhunaithe, agus neartaítear an comhar idir páirtithe leasmhara éagsúla na néiceachóras nuálaíochta (riaracháin, ollscoileanna, fiontair, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna) ar gach leibhéal rialachais.

Cuireann an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) cur chuige nuálaíochta áitbhunaithe chun feidhme trína Phobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna), lena gcomhtháthaítear S3 trí pháirt a thabhairt do ghníomhaithe áitiúla a dhéanann ionadaíocht ar earnálacha an oideachais, an ghnó agus an taighde 17 . Tacaíonn Scéim Nuálaíochta Réigiúnach EIT (EIT RIS) go háirithe le feidhmíocht nuálaíochta réigiún a bhfuil scóir nuálaíochta measartha nó meánacha acu. Go dtí seo, tá níos mó ná 90 Mol EIT réigiúnacha in 18 dtír EIT RIS lonnaithe den chuid is mó i réigiúin atá i ngaiste forbartha tallainne agus éascaítear leo rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe áitiúla chun tacú le nuálaithe áitiúla, agus chun feasacht a mhúscailt i measc údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta maidir le nuálaithe áitiúla agus forbairt tallainne.

Léirítear i staidéar a rinneadh le déanaí maidir le sreafaí soghluaisteachta taighdeoirí i gcomhthéacs Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC) go bhfuil soghluaisteacht taighdeoirí den scoth bunaithe go príomha ar thosca a chuireann go díreach lena gcumas chun taighde ardcháilíochta a dhéanamh agus a scileanna a fhorbairt, is é sin an deis oibriú le heolaithe ceannródaíocha, cáilíocht an bhonneagair taighde agus an oiliúint a chuirtear ar fáil.

Leagtar amach sa Chlár Oibre Eorpach um Nuálaíocht 18 nua an Tionscnamh Tallainne Domhainteicneolaíochta, tionscnamh suaitheanta sonrach chun freagairt don bhearna tallainne in earnálacha na teicneolaíochta doimhne, lena gcomhtháthaítear gach réigiún san Eoraip. Arna chomhordú ag EIT, díreoidh sé ar thallann domhainteicneolaíochta thar thréimhse 3 bliana sna Ballstáit uile agus seolfaidh sé scéim intéirneachta nuálaíochta in 2023, ionas gur féidir le níos mó ná 600 taighdeoir agus céimí, lena náirítear taighdeoirí agus céimithe ó réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu, taithí a fháil sa nuálaíocht i gcuideachtaí comhpháirtíochta CNE agus EIT. Cuirfear oiliúint ar speisialtóirí i réimsí amhail eolaíocht sonraí, intleacht shaorga, cibearshlándáil agus candam tríd an gclár don Eoraip Dhigiteach. Leis an tionscnamh sin, tabharfar le chéile na réigiúin is lú agus is mó nuálaíocht chun comhar a éascú maidir le slabhraí luacha nua de chuid an Aontais a thógáil trí shócmhainní sonracha gach réigiúin a ghiaráil. Trí ghleannta nuálaíochta domhainteicneolaíochta réigiúnacha idirnasctha a chruthú san Aontas, beifear in ann tallann a choinneáil agus a chothú. Aithnítear sa tionscnamh a thábhachtaí atá ról an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna maidir le nuálaíocht agus forbairt réigiúnach, go háirithe trí na hIonaid Barr Feabhais Gairme 19 a fhaigheann tacaíocht ó Erasmus+ i gcomhlántacht le RRF nó le cistí an Bheartais chomhtháthaithe.

An Ghréig Thiar: is é is aidhm don tionscnamh ‘ReBrain’ a fhaigheann tacaíocht ón mBeartas comhtháthaithe claochlú digiteach an chórais eacnamaíoch a chothú, ag díriú ar athsciliú agus uas‑sciliú acmhainneacht eolaíoch an réigiúin agus fás faoi stiúir na nuálaíochta a chur chun cinn. Tá sé d’aidhm ag sásra réigiúnach chun riachtanais mhargadh an tsaothair a bhrath beartais fostaíochta a fheabhsú agus mí‑oiriúint scileanna a laghdú.

Tacóidh Comhghuaillíochtaí Erasmus+ don Nuálaíocht le scileanna fiontraíochta a fhorbairt, agus béim ar leith á leagan ar scileanna domhainteicneolaíochta, chun cabhrú le fiontraithe mac léinn ó réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu a gcuid smaointe a iompú ina ngnólachtaí, mar a fógraíodh sa straitéis Eorpach d’ollscoileanna.

Sa chlár Fís Eorpach, faoi GMSC, cuireann comhaltachtaí LET ar chumas taighdeoirí den scoth nach bhféadfaí a chistiú faoi GMSC comhaltacht a dhéanamh i dtír a thagann faoin bhfairsingiú 20 , chun cúrsaíocht daoine oilte níos cothroime chuig na tíortha sin a chur chun cinn. Bhí tionchar dearfach suntasach ag na Comhaltachtaí Fairsingithe, réamhtheachtaí chomhaltachtaí LET faoi Fhís 2020, ar shoghluaisteacht tallainne i dtreo na dtíortha sin, agus chabhraigh siad leo taighdeoirí a bhfuil taithí acu a mhealladh ar ais agus tallann a choinneáil.

Ina theannta sin, an tSaoráid Tacaíochta Beartais de chuid Fís Eorpach, is uirlis éileamhbhunaithe atá ar fáil do na Ballstáit, ba cheart go gcuideodh sí le cuid de na moltaí a sainaithníodh cheana a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar fheidhmiú an chórais taighde agus nuálaíochta i roinnt Ballstát. Tá sé ábhartha go háirithe i réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu, go háirithe sa Rómáin, sa Ghréig agus sa Chróit.

An Ghearmáin: sa tSacsain, is ardán é Mol Nuálaíochta Simul+ le haghaidh forbairt nuálach réigiúnach lena dtugtar le chéile saoránaigh agus gníomhaithe ó thaighde, gnó agus rialtais réigiúnacha agus áitiúla. Tugtar le chéile ann eolas, scileanna agus acmhainní chun aghaidh a thabhairt ar an athrú déimeagrafach, ar an mbearna scileanna agus ar éagothromaíochtaí críochacha. Tá an Mol bunaithe ar thrí cholún: aistriú eolais, iomaíocht le haghaidh smaointe nuálacha, agus tacaíocht do threoirthionscadail. Faoi Simul+, tagann daoine ó gach cearn den tSacsain le chéile agus forbraíonn agus malartaíonn siad smaointe chun a réigiún a dhéanamh tarraingteach do thallann agus chun réigiún ar fiú maireachtáil ann a dhéanamh de.

Is féidir le FBManna agus gnólachtaí sna réigiúin sin tairbhe a bhaint as an tacaíocht a thugann Moil Nuálaíochta Digití don nuálaíocht agus don digitiú.

3.1.3.Ceantair thuaithe a athbheochan

Tá réigiúin tuaithe neamhchosanta go háirithe ar mheath déimeagrafach agus ar fhorbairt tallainne neamhleor araon.

Seoladh sraith chuimsitheach gníomhaíochtaí mar chuid den obair leantach ar an bhfís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais. I bPlean Gníomhaíochta Tuaithe de chuid an Aontais, sainaithníodh réimsí nithiúla le haghaidh gníomhaíochta i ndáil le caipiteal daonna a meastar go ndéanfaidh siad na críocha sin agus na pobail chomhfhreagracha níos láidre, níos nasctha, níos athléimní agus níos rathúla faoi 2040. Lena chur chun feidhme, cuideofar le ceantair thuaithe a dhéanamh níos tarraingtí do thallann, trí dheiseanna nua a chruthú chun gnólachtaí nuálacha a mhealladh, rochtain ar phoist ardcháilíochta a chur ar fáil, scileanna nua agus feabhsaithe, bonneagar agus seirbhísí níos fearr a chur chun cinn, agus leas a bhaint as na tairbhí a eascraíonn as éagsúlú a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha.

·Cuireann an tArdán um Athbheochan na Tuaithe faisnéis agus dea-chleachtais maidir le huirlisí agus straitéisí chun aghaidh a thabhairt ar an gcailliúint tallainne ar fáil d’údaráis tuaithe i gceantair atá thíos le caillteanas daonra, aosú agus easpa deiseanna eacnamaíocha.

·Seolfar glaonna tiomnaithe ar thionscadail i gceantair thuaithe faoin gclár Fís Eorpach (Taighde agus nuálaíocht do phobail tuaithe) agus cuirfear tacaíocht ar fáil le haghaidh oiliúna agus malartú eolais chun dlús a chur le leathadh agus glacadh nuálaíochtaí, amhail an ‘lárionad saineolais agus oiliúna maidir le nuálaíocht tuaithe’ a cruthaíodh tríd an tionscadal RURALITIES. Seoladh fóram Eorpach le haghaidh sráidbhailte nuathionscanta freisin faoin tionscadal suaitheanta chun tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais na ngnólachtaí nuathionscanta tuaithe.

·Le Todhchaí dhigiteach na tuaithe, lena ngabhann gné shuntasach caipitil daonna, dírítear ar na scileanna is gá le haghaidh chlaochlú digiteach na gceantar tuaithe, lena náirítear scileanna digiteacha agus fiontraíocht.

·Tacaíonn an fhiontraíocht agus an geilleagar sóisialta i gceantair thuaithe le timpeallachtaí nuálacha i gceantair thuaithe trí fhiontraithe a spreagadh agus a chumhachtú.

Sa bhreis ar an bhfís tuaithe, faoi thionscadal Chlár Oibre Críochach 2030, tacóidh comhar rialachais il-leibhéil le ról ríthábhachtach na mbailte beaga agus na sráidbhailte i bhforbairt na forbartha críochaí comhtháite, agus neartóidh sé an comhar idir críocha. Beidh sé d’aidhm aige áiteanna beaga a choinneáil agus a fhorbairt mar áiteanna tarraingteacha maireachtála agus oibre do dhaoine óga.

Ina theannta sin, le beartais forbartha comhtháite a chuirtear chun cinn leis an mBeartas comhtháthaithe ar an leibhéal áitiúil, rannchuideofar le ceantair thuaithe a fhorbairt agus spreagfar naisc uirbeacha-thuaithe. Is féidir leo gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua a mhealladh, an bhearna dhigiteach a dhúnadh, níos mó deiseanna oideachais a chur ar fáil, rochtain ar bhonneagair, ar sheirbhísí agus ar áiseanna cultúrtha a fheabhsú agus an cháilíocht saoil a ardú, agus ar an gcaoi sin déanfar tallann a mhealladh chuig ceantair thuaithe nó a choinneáil i gceantair thuaithe.

3.1.4.Feabhas a chur ar cháilíocht na riarachán poiblí agus an rialachais phoiblí

Tá cáilíocht agus éifeachtacht an riaracháin phoiblí agus an rialachais phoiblí ar cheann de na príomhthosca a spreagann tarraingteacht na réigiún don infheistíocht.

Le cáilíocht íseal rialachais, go háirithe éilliú, chomh maith le neamh‑urramú an smachta reachta, baintear an bonn ní hamháin den acmhainneacht fáis ach de mhuinín infheisteoirí agus oibreoirí eacnamaíocha freisin, agus aithnítear go maith go bhfuil siad ar cheann de na tosca a mbíonn tionchar acu ar an gcinneadh chun bogadh amach as an réigiún. Os a choinne sin, na réigiúin a infheistíonn i gcáilíocht an rialachais, is dóchúla go gcuirfidh siad straitéisí chun feidhme chun borradh a chur faoin bhforbairt ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach.

Dá bhrí sin, ba cheart do réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu cáilíocht a riaracháin agus a rialachais phoiblí a fheabhsú tuilleadh 21 , trí úsáid a bhaint as, inter alia, na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.

Sa Bhulgáir, rinne réigiún Severoiztochen plean forbartha réigiúnaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena mbaintear feabhsuithe nithiúla sóisialta agus eacnamaíocha amach. Go sonrach, sháraigh feidhmíocht an réigiúin sin meánfheidhmíocht an Aontais maidir le bunú gnó. Tá feabhas seasta curtha aige ar cháilíocht a rialachais freisin. Mar thoradh air sin, tá méadú 10.6 % tagtha ar an ráta fostaíochta le 10 mbliana anuas, i gcomparáid le méadú 4.4 % ar leibhéal an Aontais.

3.2.Éifeachtacht an oideachais agus an mhargaidh saothair a uasghrádú

Tá réigiúin atá i ngaiste forbartha tallainne ag tearcfheidhmiú a mhéid a bhaineann le forbairt agus mealladh na tallainne a theastaíonn uathu dá bhforbairt inbhuanaithe, go háirithe ó thaobh córais oideachais agus oiliúna, scileanna, comhtháthú i margadh an tsaothair agus dálaí oibre de. Chuige sin, ní mór níos mó daoine a chomhtháthú sa mhargadh saothair agus deiseanna nua eacnamaíocha a chruthú agus borradh a chur faoin táirgiúlacht an tráth céanna.

Ní hamháin go bhfuil cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus a Phlean Gníomhaíochta ríthábhachtach chun príomhspriocanna fostaíochta, scileanna agus bochtaineachta an Aontais le haghaidh 2030 a bhaint amach, ach le haghaidh cóineasú sóisialta agus eacnamaíoch i measc na réigiún agus laistigh de na réigiúin freisin. Tá sé ríthábhachtach i gcónaí cur chun feidhme straitéisí Aontas an Chomhionannais 22 a shaothrú chun athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch a bhaint amach. Beidh rannpháirtíocht ghníomhach na núdarás réigiúnach agus áitiúil i gcur chun feidhme fiche prionsabal an Cholúin i gcomhréir lena sainiúlachtaí ríthábhachtach chun go néireoidh leis.

Is é an Seimeastar Eorpach an phríomhuirlis chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Cholúin ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. I gcleachtaí deireanacha an tSeimeastair Eorpaigh, d’eisigh an Coimisiún moltaí tírshonracha maidir le réimse an oideachais, na scileanna, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, na gcomhdheiseanna agus na rannpháirtíochta i margadh an tsaothair do bheagnach gach Ballstát. Dá bhrí sin, stiúir an Seimeastar clársceidealú chistiú an Bheartais chomhtháthaithe (CFRE, CSE+, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste um Aistriú Cóir) don tréimhse clársceidealaithe 2021-2027 d’fhonn éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú.

Go sonrach, tacóidh CSE+ le daoine ag gach céim den saol, agus déanfaidh sé idirghabháil maidir le gach gné a bhaineann le scileanna, ó réamhaíocht ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo, go háirithe mar gheall ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach, go deireadh a chur le mí‑oiriúint scileanna. Tacóidh sé freisin le bainistiú na n‑aistrithe sin trí sheirbhísí fostaíochta a nuachóiriú, rud a chuideoidh le hathléimneacht na gcóras oideachais agus oiliúna a fheabhsú.

3.2.1.Éifeachtacht na gcóras oideachais agus oiliúna a fheabhsú

Is é an toradh a bhíonn ar chur chun cinn an oideachais agus ar chur chun cinn rannpháirtíocht na ndaoine fásta san fhoghlaim ar feadh an tsaoil feabhsú na táirgiúlachta agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le hiomaíochas na réigiún sin, go háirithe i ndáil leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

Tá rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach ina spreagadh láidir don soláthar tallainne (agus é mar aidhm ag an Aontas go mbeidh 60 % de na daoine fásta uile ag glacadh páirt in oiliúint gach bliain faoi 2030) go háirithe i gcomhthéacs timpeallachta teicneolaíche atá ag athrú go tapa, i gcomhthéacs an digitithe agus i gcomhthéacs an aistrithe ghlais, lena ngabhann gá le scileanna fostaithe a choinneáil cothrom le dáta.

Is féidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint rannchuidiú go cinntitheach leis sin freisin, agus i Moladh 2020 ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint 23 sainítear príomhphrionsabail chun a áirithiú go gcuirfear an ghairmoideachas agus an ghairmoiliúint in oiriúint go tapa do riachtanais mhargadh an tsaothair agus go gcuirfear deiseanna foghlama ar ardchaighdeán ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine fásta araon leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint. Leagtar béim láidir ann ar sholúbthacht mhéadaithe an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, ar dheiseanna treisithe don fhoghlaim obairbhunaithe, ar phrintíseachtaí agus ar dhearbhú cáilíochta feabhsaithe. Ina theannta sin, shainaithin an Chomhairle an cuspóir ‘Foghlaim ar feadh an tsaoil agus soghluaisteacht a chur ar fáil do chách’ mar thosaíocht straitéiseach 24 . Chun an bhearna foghlama a dhúnadh, tá líon suntasach athchóirithe agus infheistíochtaí maidir le scileanna agus foghlaim aosach á gcur chun feidhme ag na Ballstáit tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí CSE+.

Ní mór na tosaíochtaí thuasluaite a chur chun feidhme go han‑éifeachtúil i réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu.

3.2.2.Comhtháthú sa mhargadh saothair a fheabhsú

Cé go bhfuil rátaí fostaíochta réigiúnacha ar leibhéal an Aontais ag teacht le chéile le 10 mbliana anuas, tá rátaí fostaíochta níos ísle agus rátaí dífhostaíochta níos airde ná an chuid eile den Aontas ag réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu agus ní raibh siad in ann na bearnaí sin a laghdú le deich mbliana anuas, ach amháin i gcás roinnt réigiún. Dá méadófaí fostaíocht na ngrúpaí faoi ghannionadaíocht, go háirithe mná, daoine óga, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas, chuideofaí leis an mbearna sin a laghdú. I réigiúin ina bhfuil na Romaigh ina gcuid shuntasach den daonra óg, tá sé tábhachtach freisin a bhfostaíocht a spreagadh.

Acmhainneacht thábhachtach neamhshaothraithe chun rátaí fostaíochta a mhéadú sna réigiúin sin is ea borradh a chur faoi fhostaíocht na mban (le ráta fostaíochta 59 % sna réigiúin atá buailte, faoi bhun mheán an Aontais de 66 %) go háirithe ós rud é gur dóchúla go mbogfaidh mná atá in aois oibre amach as na réigiúin sin ná fir. Tá an tAontas tiomanta an bhearna fostaíochta idir na hinscní a laghdú faoina leath ar a laghad faoi 2030 faoi Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Chuige sin, is príomhbhealaí iad saoire teaghlaigh íoctha agus saoire chúraim íoctha a dheonú, oideachas agus cúram luath‑óige ar ardchaighdeán a chur ar fáil, agus an bhearna phá idir na hinscní a laghdú, lenar féidir leis na réigiúin sin rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair a mhéadú.

Cuirtear fostaíocht na mban chun cinn le roinnt tionscnamh, go háirithe i réimsí teicneolaíochta, áit a bhfuil a ngannionadaíocht níos suntasaí:

·Leanfaidh scéim Fiontraíochta agus Ceannaireachta do Mhná de thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta luathchéime atá faoi stiúir ban trí ghlaoch feabhsaithe ‘WomenTech EU’. Le tionscnaimh ghaolmhara eile de chuid an Aontais amhail ‘Women4Cyber’, agus le cláir luasghéaraithe náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann, rannchuideofar le dlús a chur le fás na gcuideachtaí atá faoi stiúir ban i réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu.

·Thacaigh tionscadal E-STEAM arna chistiú ag Erasmus+ le hoideachas treasach agus le rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, go háirithe i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (ETIM) agus is féidir leis cabhrú chun sineirgí a chruthú sna réigiúin sin idir scoileanna agus an margadh saothair d’fhonn rannpháirtíocht chruthaitheach agus fhiúntach na gcailíní in oideachas ETIM a chur chun cinn (trí chlár meantóireachta).

·Ina theannta sin, leis an ngníomhaíocht Girls Go Circular , arna chur chun feidhme ag EIT agus ag PENanna faoin bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027, cuirtear borradh faoi na scileanna digiteacha agus fiontraíochta do chailíní chun iad a chumhachtú agus ionas go mbeadh dearcadh dearfach acu i leith gairm bheatha a roghnú sa réimse sin.

Tá sé tábhachtach freisin fostaíocht daoine scothaosta a spreagadh 25 , a bhfuil ráta fostaíochta 54 % acu sna réigiúin atá buailte, atá faoi bhun mheán an Aontais de 59 %, chun ganntanais scileanna agus ganntanais post a mhaolú. I réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu go háirithe, tá sé ríthábhachtach deiseanna fostaíochta spreagúla a chur ar fáil do dhaoine scothaosta, lena náirítear trí obair pháirtaimseartha sholúbtha, deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil agus comhpháirtíochtaí meantóireachta. Is foinse eolais agus scileanna do dhaoine óga iad daoine scothaosta. Ina theannta sin, tá rannchuidiú na mball níos sine den tsochaí leis an earnáil saorálaíochta ina phríomhghné i ndáil leis sin freisin.

Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach freisin deiseanna fostaíochta agus foghlama ar ardchaighdeán a chruthú do dhaoine óga chun tallann a choinneáil i réigiúin atá i ngaiste forbartha tallainne nó atá i mbaol titim i ngaiste forbartha tallainne. Ar leibhéal an Aontais, cuireann an Ráthaíocht Threisithe don Aos Óg an creat beartais ar fáil agus faigheann sí tacaíocht ó thionscnaimh amhail an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí 26 agus tionscnamh ALMA 27 . Cuireann CSE+ agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta beagnach EUR 22 bhilliún leis na cuspóirí sin, trí infheistíochtaí i bhfostaíocht don aos óg agus comhtháthú cuardaitheoirí poist óga, don tréimhse 2021-2027.

3.2.3.Infheistiú in athsciliú agus in uassciliú chun aghaidh a thabhairt ar neamhréir scileanna agus ar ghanntanais lucht saothair

Tá méadú ag teacht ar ghanntanais lucht saothair le roinnt blianta anuas i margadh saothair an Aontais ina iomláine, agus d’fhéadfaí méadú teacht orthu i gcomhthéacs dlús a chur leis an aistriú chuig an aeráidneodracht ach amháin má dhéantar scileanna a ailíniú go hiomchuí le héilimh athraitheacha an mhargaidh saothair. Mar sin féin, ní dhéantar ganntanais a dháileadh go cothrom ar fud an Aontais, agus tá dúshláin thar a bheith dian le sárú ag roinnt earnálacha agus réigiún i ndáil leis sin.

D’fhéadfadh dúshláin iomaíochais a bheith roimh réigiúin atá thíos le ganntanais mhóra lucht saothair agus scileanna agus d’fhéadfaidís a bheith ina n‑áiteanna neamhtharraingteacha le haghaidh infheistíochta dá bharr sin. Dá bhrí sin, tá gá ar leith le borradh a chur faoin athsciliú agus faoin uas‑sciliú sna réigiúin sin.

Mar sin féin, ní bheidh infheistíochtaí san oideachas, san oiliúint agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil éifeachtach ach amháin má dhíríonn siad ar na scileanna sin atá ag teacht leis na riachtanais atá ag an margadh saothair áitiúil faoi láthair agus na riachtanais a bheidh ann amach anseo. Cuireann sé sin i bhfios go láidir a thábhachtaí atá faisnéis mhaith scileanna agus dlúthchomhar idir údaráis réigiúnacha agus áitiúla, eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta, seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha, gnólachtaí áitiúla agus soláthraithe oideachais agus oiliúna, chun a áirithiú go ndíreoidh na hiarrachtaí oideachais, oiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil, a imscarfar go comhpháirteach, ar na scileanna cearta is gá i réigiún ar leith.

Is féidir le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus comhlachtaí riaracháin eile i gceantair a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu ról tábhachtach a imirt maidir le seirbhísí gairmthreorach, deiseanna oiliúna agus for-rochtain a chur ar fáil. Sa Mholadh ón gComhairle maidir le Conairí Uas‑Scilithe, iarrtar ar údaráis náisiúnta agus réigiúnacha a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine fásta a bhfuil leibhéil ísle scileanna agus cáilíochtaí acu ar ‘chonairí uas‑scilithe’ chun a gcuid scileanna a fhorbairt agus ionas go bhféadfaidís dul chun cinn a dhéanamh i dtreo cáilíochta. Le conairí den sórt sin, ba cheart tacaíocht a thairiscint trí mheasúnú scileanna, trí thairiscintí foghlama saincheaptha agus trí bhailíochtú agus aitheantas leordhóthanach scileanna a bhfuil for-rochtain, treoir agus oiliúint foirne oideachais ag gabháil leo.

Faoin gComhshocrú Eorpach um Scileanna, tacaíonn an Coimisiún faoi láthair le 14 chomhpháirtíocht mhórscála 28 in éiceachórais thionsclaíocha éagsúla san Eoraip, ag cabhrú leo na scileanna atá de dhíth orthu a thabhairt don lucht saothair chun an bealach aistrithe i dtreo geilleagar digiteach atá neodrach ó thaobh carbóin de a stiúradh go rathúil. Idir an dá linn, tá breis agus 1 000 comhalta tar éis clárú, lena náirítear cuideachtaí móra ilnáisiúnta, FBManna, soláthraithe oiliúna áitiúla agus comhlachais tráchtála. I dteannta a chéile, gheall siad go gcuideoidh siad le 6 mhilliún duine a uassciliú. Tá thart ar 50 údarás réigiúnach nó áitiúil ag obair le chéile faoin gComhshocrú cheana féin agus réitigh á gceapadh acu le haghaidh an uasscilithe agus an athscilithe i gcomhar le lucht tionscail, le comhpháirtithe sóisialta agus le soláthraithe oideachais agus oiliúna agus molann an Coimisiún do na réigiúin uile agus go háirithe dóibh siúd atá i ngaiste forbartha clárú leis an gComhshocrú agus Comhpháirtíochtaí réigiúnacha Scileanna a bhunú le cabhair ó sheirbhís tacaíochta thiomnaithe 29 .

Leis an togra ón gCoimisiún chun an Bhliain Eorpach um Scileanna a dhéanamh de 2023, cuirfear gníomhaíochtaí nithiúla chun cinn chun borradh a chur faoi iomaíochas cuideachtaí Eorpacha agus chun acmhainneacht iomlán an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais a bhaint amach ar bhealach atá cothrom agus cóir ó thaobh na sochaí de. Leis an mBliain Eorpach um Scileanna, cuirfear beartais scileanna agus infheistíochtaí chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair ionas go mbeidh lucht saothair níos oilte agus níos inoiriúnaithe ann san Aontas 30 . Is deis mhaith é seo do réigiúin a bhfuil gaiste tallann forbartha rompu na constaicí a shainaithint a chuireann cosc ar a ngnólachtaí agus ar a lucht saothair bogadh i dtreo earnálacha atá níos táirgiúla agus níos oiriúnaí don todhchaí. Céim thábhachtach a bheidh ann, go háirithe i réigiúin atá tite ar gcúl ina spreagtar OTI íseal per capita le sciartha arda fostaíochta in earnálacha ísealtáirgeachta.

Tá bearna shuntasach scileanna digiteacha le sárú ag an Aontas go háirithe, rud a leanfaidh de bheith ag fás, mura dtabharfar aghaidh uirthi. Tá leibhéal éigin scileanna digiteacha de dhíth le haghaidh 90 % de phoist cheana féin agus bíonn na milliúin cuideachtaí ag streachailt chun oibrithe a bhfuil scileanna digiteacha acu a aimsiú, go háirithe speisialtóirí TFC. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, leagtar amach dhá sprioc thábhachtacha i gClár Beartais na Deacáide Digití. Is é an chéad sprioc an líon daoine fásta a bhfuil bunscileanna digiteacha acu a mhéadú ó 54 % mar atá ann faoi láthair go 80 % faoi 2030. Is é an dara sprioc méid na speisialtóirí TFC fostaithe a mhéadú go 20 milliún faoi 2030 agus rochtain na mban ar an réimse sin a chur chun cinn agus an líon céimithe TFC a mhéadú an tráth céanna. Bhain na Ballstáit leas as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras oideachais aosach agus chun acmhainní suntasacha a chur ar fáil chun feabhas a chur ar cháilíocht an uas‑scilithe/an athscilithe agus ar rochtain ar an uas‑sciliú/an athsciliú.

An Chipir: chun dul i ngleic le mí‑oiriúintí arda scileanna, d’fhorbair an Chipir plean náisiúnta chun 25 600 duine ar a laghad a uas‑sciliú agus a athsciliú i gcláir a bhaineann le margadh an tsaothair maidir le scileanna digiteacha, scileanna a bhaineann leis an ngeilleagar gorm agus glas, agus scileanna fiontraíochta do dhaoine dífhostaithe agus neamhghníomhacha.

Tá ról lárnach ag institiúidí ardoideachais maidir le mí‑oiriúintí scileanna agus scrogaill a chosc. Glacadh Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht i mí an Mheithimh 2022. Leis an obair leantach mhear a rinne an Chomhairle, slógfar eagraíochtaí ardoideachais agus eagraíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna chun tacú le foghlaim ar feadh an tsaoil agus chun rannchuidiú le hathsciliú agus uas‑sciliú gairmiúil lena bhfreastalófar ar na riachtanais nua agus na riachtanais atá ag teacht chun cinn sa tsochaí agus sa mhargadh saothair.

Comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha agus na hIonaid Barr Feabhais Gairme arna roghnú faoi Erasmus+, feidhmeoidh siad freisin mar mhoil chun daoine fásta a oiliúint agus a athoiliúint, gairmithe gníomhacha san áireamh, a bhfuil inniúlachtaí ardleibhéil agus réamhbhreathnaitheacha acu, rud a chuideoidh le gnólachtaí a bhfuil ganntanas lucht saothair oilte acu.

An Spáinn: D’fhonn na deiseanna eacnamaíocha sa tionscal agraibhia a fhorbairt i réigiún na hAndalúise, ar ceann de na réimsí forbartha a bhfuil gealladh fúthu é maidir leis an straitéis réigiúnach um speisialtóireacht chliste, chruthaigh agus sheol Ollscoil Córdoba Céim Mháistreachta i gClaochlú Digiteach na hearnála Talmhaíochta agus Foraoiseachta. Freagraíonn sé sin do na scrogaill a sainaithníodh maidir le nuálaíocht agus digitiú a spreagadh sa slabhra luacha agraibhia, ós rud é gur tháinig fianaise chun cinn maidir leis an easpa próifílí agra-teicneolaíochta gairmiúla leordhóthanacha. Leis an gCéim Mháistreachta sin, cuireadh oiliúint ar líon mór gairmithe atá in ann anois claochlú digiteach a éascú, a thacú agus a chur chun cinn i gceantair thuaithe agus úsáid teicneolaíochtaí amhail braiteoirí, idirlíon na rudaí nithiúla, mórshonraí, néalríomhaireacht, tionscal an bhia 4.0, intleacht shaorga nó talmhaíocht bheacht a spreagadh. Tar éis cur i bhfeidhm rathúil na Céime Máistreachta sin, rinne Ollscoil Sevilla cóipeáil ar an tsamhail seo.

3.2.4.Dálaí oibre cothroma a áirithiú ionas go néireoidh leis an tallann

I ndeireadh na dála, beidh tarraingteacht na réigiún atá i ngaiste forbartha tallainne nó atá i mbaol titim isteach i ngaiste forbartha tallainne ag brath ar a gcumas tallann a aithint agus a chúiteamh.

Tá pá íosta leordhóthanach ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh iomaíocht bunaithe ar ardchaighdeáin shóisialta sa Mhargadh Aonair, rud a spreagfaidh feabhsuithe táirgiúlachta agus a chuirfidh cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta chun cinn sna réigiúin sin. Tá ábharthacht ar leith ag baint leis an treoir nua maidir le pá íosta leordhóthanach sa chomhthéacs sin, toisc go mbunaítear léi creat chun leordhóthanacht an phá íosta reachtúil a áirithiú lena gcuirtear cómhargáil maidir le socrú pá chun cinn agus lena bhfeabhsaítear rochtain na n‑oibrithe ar chosaint pá íosta.

Tá tábhacht ar leith ag baint le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta sna réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu a fheabhsú chun dálaí oibre níos fearr agus pá leordhóthanach a chruthú, agus chun dul i ngleic le ganntanais scileanna agus lucht saothair.

Tacaíonn an Beartas comhtháthaithe agus athchóirithe iomchuí leis an gcóineasú sin, rud a chabhraíonn leis an mbearna phá a dhúnadh agus le mealltacht na réigiún a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu a mhéadú.

3.3.Soghluaisteacht tallainne a fheabhsú agus oibrithe a spreagadh chun filleadh ar a réigiúin tionscnaimh

Ní féidir riachtanais an mhargaidh saothair atá ag méadú a chomhlíonadh san fhadtéarma tríd an lucht saothair intíre amháin a shlógadh. Ba cheart do réigiúin atá i ngaiste forbartha tallainne nó atá i mbaol go mbeidh gaiste forbartha rompu tallainne leas a bhaint as soghluaisteacht laistigh den Aontas agus daoine óga a mhealladh ó réigiúin eile agus ó Bhallstáit eile an Aontais. Cé go ndírítear go minic ar eis‑sreafaí daoine óga, is beag réigiún atá dírithe ar dheiseanna tarraingteacha a áirithiú do na hoibrithe atá ag filleadh.

I measc na straitéisí chun tallann a mhealladh ó Bhallstáit eile, tá roinnt réigiún ag iarraidh leas a bhaint as an diaspóra agus an lucht saothair oilte a chuaigh ar imirce a spreagadh chun filleadh ar a n‑áit tionscnaimh, ionas go mbeidh siad in ann tacú lena réigiúin tionscnaimh. Mar shampla, chuir Ballstáit amhail an Bhulgáir, an Phortaingéil agus an Ghréig cláir shonracha ar bun chun na naisc le taighdeoirí óna ndiaspóra eolaíoch idirnáisiúnta féin a neartú, chun a mealltacht fhoriomlán a mhéadú agus chun a náisiúnaigh féin a mhealladh ar ais.

An Rómáin: Le Clár Tionscnaimh an Diaspóra, arna chómhaoiniú ag CSE, cuirtear deontais ar fáil chun tacú le gnólachtaí uirbeacha ar mhionscála a chláraíonn Rómánaigh a fhilleann ar a dtír thionscnaimh.

Mar sin féin, le straitéisí fadtéarmacha chun tallann a mhealladh ar ais, ba cheart cur go príomha le spreagthaí maidir le tarraingteacht struchtúrach, ag díriú ar fhiontraíocht agus ar scileanna, chomh maith leis na dioplómaí is mó éileamh ar an margadh saothair. Dá bhrí sin, ba cheart do na réigiúin straitéis chuimsitheach fhadtéarmach a fhorbairt chun éagsúlú eacnamaíoch agus nuálaíocht a chur chun cinn ina mbeidh baint ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha, an earnáil phríobháideach, ionaid phoist agus oiliúna, institiúidí taighde agus ardoideachais, chomh maith le hinstitiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna.

3.4.Tacú leis an imirce dhleathach agus leis an lánpháirtiú san Aontas

Cuireann an Coimisiún beartas uaillmhianach agus inbhuanaithe chun cinn maidir leis an imirce dhleathach chuig an Aontas. Chun a bheith iomaíoch ar fud an domhain i gcónaí, rannchuidíonn an Treoir maidir le Mic Léinn agus Taighdeoirí 31 agus an Treoir athmhúnlaithe maidir le Cárta Gorm AE 32 le mealltacht réigiúin an Aontais a fheabhsú d’oibrithe ardoilte ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus lena soghluaisteacht laistigh den Aontas a éascú trí nósanna imeachta simplithe.

Mhol an Coimisiún freisin dlús a chur leis an gcomhar le tíortha comhpháirtíochta spriocdhírithe, lena n‑áirítear trí sheoladh na gComhpháirtíochtaí Tallainne a fógraíodh i gComhaontú 2020 maidir le hImirce agus Tearmann. Leis na Comhpháirtíochtaí saincheaptha sin le tríú tíortha, cuirtear feabhas ar bhealaí dlíthiúla chuig an Aontas, agus an tráth céanna, bíonn tíortha comhpháirtíochta rannpháirteach go straitéiseach maidir le bainistiú imirce. Is é is aidhm do na Comhpháirtíochtaí Tallainne creat beartais cuimsitheach a chur ar fáil, chomh maith le tacaíocht a chistiú chun borradh a chur faoin tsoghluaisteacht idirnáisiúnta a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh agus a bheidh bunaithe ar mheaitseáil níos fearr a dhéanamh ar riachtanais agus scileanna an mhargaidh saothair idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta agus na rioscaí a bhaineann le himirce daoine oilte á gcur san áireamh an tráth céanna. Déanfar Linn Tallann de chuid an Aontais a dhearadh freisin chun oibrithe oilte ó lasmuigh den Aontas a mheaitseáil le poist a d’fhéadfadh a bheith ann ar fud Bhallstáit an Aontais.

Ní mór na hiarrachtaí a dhéantar maidir leis an imirce dhleathach chuig an Aontas a chomhlánú le beartais éifeachtacha lánpháirtíochta chun torthaí éifeachtacha agus inbhuanaithe a bhaint amach. Mar a cuireadh i bhfios go láidir sa Phlean Gníomhaíochta maidir le lánpháirtiú agus cuimsiú 33 , tá an leibhéal áitiúil ríthábhachtach do bheartais éifeachtacha lánpháirtíochta na nimirceach, lena náirítear trí chomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Ba cheart iarrachtaí ó na geallsealbhóirí uile (na Ballstáit, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, eagraíochtaí neamhrialtasacha, an earnáil phríobháideach agus an tsochaí óstach) a bheith cuimsitheach chun cuidiú le borradh a chur faoi chumas na réigiún tallann nua a mhealladh agus náisiúnaigh tríú tír a lánpháirtiú ina gcríoch.

3.5.Tacú le réigiúin trí shásra tiomnaithe nua de chuid an Aontais: an Sásra chun cur leis an Tallann

Sa bhreis ar na tionscnaimh agus beartais sin de chuid an Aontais atá ann cheana nó a fógraíodh, cuirfidh an Coimisiún sásra nua ocht gcolún ar bun le linn 2023 chun borradh a chur faoin tallann i réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu nó atá i mbaol go mbeidh gaiste forbartha tallainne rompu. Faoin sásra, cuirfear tairseach thiomnaithe ar bun chun rochtain chuimsitheach ar na colúin uile a chur ar fáil do réigiúin agus do pháirtithe leasmhara.

1.Scéim phíolótach nua chun cabhrú le réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu straitéisí cuimsitheacha saincheaptha a mhionsaothrú, a chomhdhlúthú, a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun tallann a oiliúint, a mhealladh agus a choinneáil. Is i bhfoirm tacaíocht theicniúil thiomnaithe a chuirfear an méid sin ar fáil do réigiúin roghnaithe in éineacht le feasacht níos leithne agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta.

2.Tionscnamh nua ‘Oiriúnú cliste na réigiún don aistriú déimeagrafach’ chun cabhrú le réigiúin atá i mbaol gaiste forbartha tallainne cineálacha cur chuige nua i leith aistriú déimeagrafach agus forbairt tallainne a mhionsaothrú trí bheartais shaincheaptha áitbhunaithe lena ndírítear ar infheistíochtaí agus ar athchóirithe riachtanacha.

3.Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, leanfar de dheis a thabhairt do na Ballstáit athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Faoi ghlao 2023 na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil, leanfaidh an Coimisiún dá iarrachtaí chun tacú leis na húdaráis réigiúnacha na bacainní ar fhorbairt réigiúnach a shárú.

4.Cuirfear cúnamh airgeadais díreach ar fáil faoi ionstraimí atá ann cheana.

Chun nuálaíocht agus deiseanna a spreagadh le haghaidh poist ardscileanna, déanfar réigiúin a bhfuil deacrachtaí rompu maidir le tallann a choinneáil agus a mhealladh a chur san áireamh faoi na glaonna ar thograí ón Ionstraim um Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-Réigiúnacha (I3). Is é is aidhm don ionstraim sin de chuid an Aontais arna cistiú ag CFRE éiceachórais nuálaíochta a spreagadh lena mbaineann roinnt réigiún de chuid an Aontais trí thacaíocht chomhairleach agus airgeadais a chur ar fáil do thionscadail nuálaíochta i gcomhréimsí speisialtóireachta cliste. Faoina sraith nua ‘fothú acmhainneachta’, rannchuideoidh sí go háirithe le cineálacha cur chuige nua a thástáil agus le cumas na réigiún i ngaiste forbartha tallainne a spreagadh chun daoine ardoilte a mhealladh.

Ina theannta sin, le beartais agus ionstraimí an Aontais agus beartais agus ionstraimí náisiúnta, tabharfar aird níos mó ar na réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu. Leis an athbhreithniú meántéarma ar chláir an Bheartais chomhtháthaithe 2021-2027, atá sceidealaithe le tarlú go luath in 2025 agus atá faoi stiúir na moltaí tír-shonracha a glacadh in 2024, beidh deis ann measúnú a dhéanamh ar staid na réigiún sin agus, i gcás inarb iomchuí, clársceidealú chistí an Bheartais chomhtháthaithe a ailíniú.

5.Ina theannta sin, mar chuid den Tionscnamh Uirbeach Eorpach - uirlis chuimsitheach arna cistiú ag CFRE lena dtacaítear le cathracha de gach méid chun acmhainneacht agus eolas a fhorbairt, chun tacú leis an nuálaíocht agus chun réitigh nuálacha inaistrithe agus inscálaithe a fhorbairt ar dhúshláin uirbeacha atá ábhartha don Aontas - tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar na dúshláin atá roimh chathracha atá ag laghdú, lena náirítear deacrachtaí maidir le tallann a fhorbairt, a choinneáil agus a mhealladh, i nglao 2023 ar ghníomhaíochtaí nuálacha chun réitigh áitbhunaithe atá faoi stiúir cathracha a thástáil.

6.Daoine a chur i dtreo thionscnaimh an Aontais ar féidir leo tacú le forbairt tallainne. Leis an sásra, cuirfear faisnéis ar fáil do réigiúin leasmhara faoi bheartais an Aontais i réimsí an taighde agus na nuálaíochta, na hoiliúna, an oideachais agus na soghluaisteachta óige, na mbeartas braislí agus na nuálaíochta digití lena bhféadfar tarraingteacht réigiúnach a fheabhsú agus leibhéil scileanna a ardú.

7.Taithí a mhalartú agus dea-chleachtais a scaipeadh: D’fhéadfadh cleachtais éagsúla atá i bhfeidhm cheana féin i roinnt réigiún réigiúin eile a spreagadh. Beidh na réigiúin in ann meithleacha téamacha agus réigiúnacha a bhunú chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach níos saincheaptha, ar dhúshláin shonracha ghairmiúla nó chríochacha. Le scaipeadh na ndea-chleachtas, cuirfear freisin le toradh na nardán atá ann cheana, amhail an tArdán Críochach um Aistriú Cóir nó an tardán um athbheochan na tuaithe, lena dtabharfar aghaidh ar réigiúin agus ar chríocha a bhfuil dúshláin choiteanna rompu.

8.Eolas anailíseach a mhéadú chun tacú le beartais atá bunaithe ar fhianaise maidir le forbairt réigiúnach agus imirce agus chun ceapadh beartas a éascú. Leanfar leis an obair a dhéanann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde ar an Scórchlár Sóisialta Réigiúnach. Iarrfaidh an Coimisiún (Eurostat) ar na Ballstáit freisin sonraí staidrimh níos cuimsithí a chur ar fáil maidir le gluaiseachtaí daonra laistigh den Aontas, go háirithe sreafaí imirce réigiúnacha, arna miondealú de réir aoise agus gnéis. Ina theannta sin, baileofar sonraí maidir le suíomh na seirbhísí riachtanacha, amhail an toideachas agus an cúram sláinte, laistigh den Aontas chun taighde agus faisnéis luachmhar a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara maidir le conas aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin don chomhtháthú sóisialta agus don aistriú cóir.



4.CONCLÚID

Réigiúin a bhfuil gaiste forbartha tallainne rompu, nó a bhfuil baol ann go dtitfidh siad isteach i ngaiste forbartha tallainne, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go n‑éireoidh siad níos athléimní agus níos tarraingtí i ngeall ar thiomantas an Aontais gan aon duine a fhágáil ar lár ná aon áit a fhágáil ar leataobh. Níl an gaiste dosheachanta agus is féidir aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhúshláin, rud a gcomhthacaíonn an taithí rathúil i réigiúin éagsúla leis agus a aibhsítear sa Teachtaireacht seo.

Tá cur chuige cuimsitheach, straitéiseach agus spriocdhírithe ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na tosca uile agus chun na gníomhaithe ábhartha agus na sraitheanna rialachais ábhartha a shlógadh. Cé go bhfuil gníomhaíocht ar na leibhéil éagsúla sin ríthábhachtach, tá sé ag éirí níos soiléire gur gá an acmhainneacht a fhorbairt ar an leibhéal Eorpach chun sonraí agus saineolas a bhailiú agus a mheasúnú, d’fhonn treoir a chur ar fáil maidir leis na réitigh iomchuí.

Ós rud é go bhfuil staid na réigiún atá i ngaiste forbartha tallainne ilchineálach, ní hionann na réitigh is gá a chur chun cinn. Ní mór straitéisí agus beartais áitbhunaithe shaincheaptha a cheapadh agus a chur chun feidhme, lena gcumasófar cur chuige difreáilte, lena dtabharfar aghaidh ar na laigí sonracha a bhaineann leo agus lena gcuirfear chun cinn a mbuntáistí comparáideacha faoi seach, d’fhonn feabhas a chur ar an dinimiceas eacnamaíoch agus ar an gcáilíocht saoil.

Mar an chéad phríomhsprioc insoláthartha den Bhliain Eorpach um Scileanna, mar a mhol an Coimisiún, tríd an an Sásra nua chun cur leis an Tallann, cuirfidh an Coimisiún cúnamh agus eolas spriocdhírithe ar fáil do réigiúin a ghabhtar i ngaiste forbartha tallainne, lena dtacaítear leo na straitéisí saincheaptha sin a fhorbairt agus a chur chun feidhme go rathúil. Leis sin, tabharfar deis ar leith dóibh a n‑acmhainneacht forbartha a dhíghlasáil trí leas a bhaint as an tallann a theastaíonn uathu agus ar an gcaoi sin cuideofar lena gcuid míbhuntáistí struchtúracha a shárú. Ós rud é gurb iad eolas agus scileanna fíor-innill an fháis agus na forbartha eacnamaíche sa todhchaí, beidh na réigiúin sin in ann fanacht iomaíoch, infheistíocht a mhealladh, agus cuirfear borradh fúthu mar áiteanna rathúla, nuálacha agus inmhianaithe chun a bheith ag maireachtáil agus ag obair iontu.

(1)    Tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach maidir le tionchar an athraithe dhéimeagrafaigh, 2020 agus 2023.
(2)    Is amhlaidh atá go háirithe maidir le Martinique, Guadalúip, an Chróit Ilchríochach agus réigiún Vidurio ir Vakarų Lietuvos.
(3)    Is é an sainmhíniú atá air sin chun críoch na Teachtaireachta seo iad siúd atá idir 25 agus 64 bliana d’aois.
(4)      Tá na réigiúin is forimeallaí san Aontas Eorpach lonnaithe san Aigéan Atlantach agus san Aigéan Indiach, in imchuach Mhuir Chairib agus i Meiriceá Laidineach. I gcomhréir le hAirteagal 349 CFAE, agus le straitéis thiomnaithe ó mhí na Bealtaine 2022 (COM(2022) 198 final), cuidíonn bearta sonracha leis na réigiúin sin aghaidh a thabhairt ar na srianta buana atá orthu.
(5)    Tá sé sin le feiceáil sa ghné réigiúnach den Scórchlár Sóisialta. Úsáidtear an Scórchlár Sóisialta chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach.
(6)    ‘The Geography of EU discontent’ [Leagan amach tíreolaíoch Mhíshástacht an Aontais], 2020, https://ec.europa.eu/regional_policy/information-sources/publications/working-papers/2018/the-geography-of-eu-discontent_en  
(7)    Roinnt réigiún ina bhfuil laghdú ag teacht ar an daonra in aois oibre agus ina bhfuil leibhéal chun deiridh daoine a bhfuil oideachas treasach acu, is féidir imeacht daoine idir 15-39 mbliana d’aois a bheith rompu.
(8)    D’fhéadfadh na dúshláin sin a bheith roimh chríocha i réigiúin eile freisin, cé nach féidir na dúshláin sin a ghabháil mar gheall ar an easpa gráinneachta leordhóthanaí maidir leis an staidreamh réigiúnach atá ar fáil.
(9)    Ceann de chúig chuspóir beartais Bheartas chomhtháthaithe 2021-2027 is ea an Eoraip a thabhairt níos cóngaraí do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite i ngach cineál críoch agus tionscnamh áitiúil a chothú. Is féidir sraith thiomnaithe d’ionstraimí críochacha a bhunú ar an leibhéal áitiúil chun straitéisí forbartha comhtháite a chur chun feidhme.
(10)    Féach an t-athbhreithniú ón gCoimisiún Eorpach (2019) – Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip, Caibidil 5.
(11)     https://ec.europa.eu/docsroom/documents/49498/attachments/1/translations/en/renditions/native
(12)     https://tourism-dashboard.ec.europa.eu/?lng=en&ctx=tourism  
(13)    Féach an Togra le haghaidh Gnímh um Eoraip Idir-inoibritheach (COM(2022) 720 final) agus an Teachtaireacht a ghabhann leis (COM(2022) 710 final).
(14)    Féach an Togra le haghaidh Gnímh um Eoraip Idir-inoibritheach (COM(2022) 720 final) agus an Teachtaireacht a ghabhann leis (COM(2022) 710 final).
(15)    Scórchlár Nuálaíochta Réigiúnaí, 2021.
(16)    Is cur chuige áitbhunaithe í Speisialtóireacht Chliste arb é is príomhthréith dó réimsí straitéiseacha le haghaidh idirghabhála a shainaithint bunaithe ar anailís ar láidreachtaí agus ar acmhainneacht an gheilleagair araon.
(17)    Mar a shainítear sa Scórchlár Eorpach Nuálaíochta.
(18)    COM(2022) 332 final.
(19)    Is líonraí trasnáisiúnta comhoibríocha iad na hIonaid Barr Feabhais Gairme atá dírithe ar nuálaíocht agus sármhaitheas sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint a chur chun cinn.
(20)    An Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Eastóin, an Ghréig, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Phortaingéil, an Pholainn, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Ungáir.
(21)    Féach Caibidil 7 den 8ú Tuarascáil faoin gcomhtháthú – COM(2022) 34 final.
(22)    An Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025, Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Frithchiníochas 2020-2025, creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach le haghaidh 2020-2030, an Straitéis um Chomhionannas LADTIA, an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030 agus Straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac.
(23)    https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32020H1202%2801%29
(24)    Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1) - https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX:32021G0226(01).
(25)    Daoine idir 55 agus 64 bliana d’aois.
(26)     An Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí - Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú - An Coimisiún Eorpach (europa.eu) .
(27)     ALMA (Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh) - Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú - An Coimisiún Eorpach (europa.eu) .
(28)    An Comhaontas Scileanna in Earnáil na nGluaisteán - an Chomhpháirtíocht Scileanna le haghaidh na micrileictreonaice - an Chomhpháirtíocht scileanna maidir le haeraspás agus Cosaint - an Comhshocrú um scileanna le haghaidh fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta - Oibrithe longthógála agus teicneolaíochta muirí san Eoraip a uas-sciliú - an Tionscal teicstíle, éadaigh, leathair agus coisbhirt - an Chomhpháirtíocht scileanna le haghaidh an éiceachórais turasóireachta - an Comhshocrú um scileanna san earnáil tógála - an Chomhpháirtíocht scileanna le haghaidh an éiceachórais agraibhia - an Chomhpháirtíocht scileanna le haghaidh na dtionscal cultúrtha agus cruthaitheach - an Chomhpháirtíocht scileanna le haghaidh éiceachóras na cóngarachta agus an gheilleagair shóisialta - an Chomhpháirtíocht scileanna le haghaidh an éiceachórais dhigitigh - an Chomhpháirtíocht scileanna le haghaidh an éiceachórais miondíola - an Chomhpháirtíocht Scileanna le haghaidh an éiceachórais sláinte.
(29)     An Comhaontú um Scileanna - Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú - An Coimisiún Eorpach (europa.eu) .
(30)    Leis an mBliain Eorpach um Scileanna, cuirfear borradh nithiúil freisin faoi spriocanna Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, is é sin le rá ráta fostaíochta de 78 % agus go mbeidh 60 % de dhaoine fásta ag glacadh páirt in uas-sciliú agus in athsciliú gach bliain faoi 2030.
(31)      Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe le haghaidh náisiúnaigh tríú tír chun críoch taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadail oideachais agus obair au pair.
(32)      Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle.
(33)     COM(2020) 758 final, 24.11.2020.
Top

Strasbourg, 17.1.2023

COM(2023) 32 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Leas a bhaint as Tallann i Réigiúin na hEorpa


IARSCRÍBHINN

1.Aistriú déimeagrafach san Aontas Eorpach

 

AE

Daonra in aois oibre atá ag laghdú agus leibhéal oideachais threasaigh atá ag titim ar gcúl

Glanimirce amach daoine idir 15-39 mbliana d’aois

Réigiúin eile

Foinsí

Daonra in 2020 arna shloinneadh i milliúin

447

74

59

315

(demo_r_pjanaggr3)

Sciar den daonra in 2020

100 %

16 %

13 %

70 %

(demo_r_pjanaggr3)

An líon de réigiúin NUTS‑2

240

46

36

158

Rialachán NUTS

 



2.Réigiúin a bhfuil tionchar ag an meascán den daonra in aois oibre atá ag laghdú agus den fhorbairt neamhleor tallainne orthu agus na réigiúin sin atá thíos le glanimirce amach daoine idir 15-39 mbliana d’aois

Roghnaíodh réigiúin NUTS2 thíos bunaithe ar na critéir seo a leanas:

Daonra in aois oibre atá ag laghdú agus leibhéal oideachais threasaigh atá ag titim ar gcúl:

·Meánathrú bliantúil ar an daonra idir 25-64 bliana d’aois atá faoi bhun -7.5 in aghaidh gach 1 000 cónaitheoir idir an 1 Eanáir 2015 agus an 1 Eanáir 2020

·Sciar de dhaoine a bhfuil oideachas treasach acu idir 25-64 bliana d’aois in 2020 atá faoi bhun mheán an Aontais

·Sciar de dhaoine a bhfuil oideachas treasach acu idir 25-64 bliana d’aois ar tháinig méadú air a bhí níos lú ná leath de mhéadú an Aontais, i.e. 2.2 pointe céatadáin.

Glanimirce amach daoine idir 15-39 mbliana d’aois:

·Meánráta glanimirce gairbhe bliantúla den daonra idir 15-39 bliana d’aois atá faoi bhun -2 in aghaidh gach 1 000 cónaitheoir den aois sin idir an 1 Eanáir 2015 agus an 1 Eanáir 2020

Cód NUTS

Daonra in aois oibre atá ag laghdú agus leibhéal oideachais threasaigh atá ag titim ar gcúl

Cód NUTS

Glanimirce amach daoine idir 15-39 mbliana d’aois

BG31

Severozapaden

EL53

Dytiki Makedonia

BG32

Severen tsentralen

EL54

Ipeiros

BG33

Severoiztochen

EL61

Thessalia

BG34

Yugoiztochen

EL63

Dytiki Ellada

BG42

Yuzhen tsentralen

ES41

Castilla y León

CZ04

Severozápad

ES42

Castilla-La Mancha

CZ08

Moravskoslezsko

ES43

Extremadura

DE80

Mecklenburg-Vorpommern

ES63

Ciudad Autónoma de Ceuta

DED2

Dresden

ES64

Ciudad Autónoma de Melilla

DED4

Chemnitz

FI1D

Pohjois ja Itä-Suomi

DEE0

Sachsen‑Anhalt

FRB0

Centre - Val de Loire

DEG0

Thüringen

FRC1

Bourgogne

EL62

Ionia Nisia

FRC2

Franche-Comté

EL65

Peloponnisos

FRD1

Basse-Normandie

FRD2

Haute-Normandie

FRE1

Nord‑Pas de Calais

FRF2

Champagne-Ardenne

FRE2

Picardie

FRF3

Lorraine

FRH0

Bretagne

FRY1

Guadeloupe

FRI2

Limousin

FRY2

Martinique

FRI3

Poitou-Charentes

HR03

Jadranska Hrvatska

FRY4

La Réunion

HR04

Kontinentalna Hrvatska

ITF3

Campania

HU23

Dél-Dunántúl

LT02

Vidurio ir vakarų Lietuvos regionas

HU31

Észak-Magyarország

LV00

Latvija

HU32

Észak-Alföld

PL52

Opolskie

HU33

Dél-Alföld

PL62

Warmińsko-mazurskie

ITC1

Piemonte

PL72

Świętokrzyskie

ITC2

Valle d’Aosta/Vallée d’Aoste

PL81

Lubelskie

ITC3

Liguria

PL82

Podkarpackie

ITF1

Abruzzo

PL84

Podlaskie

ITF2

Molise

PL92

Mazowiecki regionalny

ITF4

Puglia

PT11

Norte

ITF5

Basilicata

PT20

Região Autónoma dos Açores

ITF6

Calabria

PT30

Região Autónoma da Madeira

ITG1

Sicilia

RO11

Nord‑Vest

ITG2

Sardegna

SK03

Stredné Slovensko

ITH4

Friuli-Venezia Giulia

SK04

Východné Slovensko

ITI2

Umbria

ITI3

Marche

PL71

Łódzkie

PT18

Alentejo

RO12

Centru

RO21

Nord‑Est

RO22

Sud‑Est

RO31

Sud - Muntenia

RO41

Sud‑Vest Oltenia

RO42

Vest

3.Éagothromaíochtaí idir-réigiúnacha maidir le leibhéal oideachais

4.Struchtúr cohóirt daoine a bhfuil oideachas treasach acu

5.Gnéithe de na réigiúin is mó atá buailte

Is mó an líon athruithe nádúrtha

Réigiúin tuaithe agus idirmheánacha atá ann den chuid is mó

 

AE

Daonra in aois oibre atá ag laghdú agus leibhéal oideachais threasaigh atá ag titim ar gcúl

Glanimirce amach daoine idir 15-39 mbliana d’aois

Réigiúin eile

Foinsí

Sciar den daonra i réigiúin uirbeacha, 2020 (% den daonra iomlán)

40

17

17

50

(demo_r_pjanaggr3)

Sciar den daonra i réigiúin idirmheánacha, 2020 (% den daonra iomlán)

39

51

42

35

(demo_r_pjanaggr3)

Sciar den daonra i réigiúin tuaithe, 2020 (% den daonra iomlán)

21

31

41

15

(demo_r_pjanaggr3)

Níos airde, cé go bhfuil tábhacht na talmhaíochta ag laghdú

 

AE

Daonra in aois oibre atá ag laghdú agus leibhéal oideachais threasaigh atá ag titim ar gcúl

Glanimirce amach daoine idir 15-39 mbliana d’aois

Réigiúin eile

Foinsí

Sciar den fhostaíocht in earnáil A (Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht) in %, 2018

4.7

11.7

8.9

2.7

Bunachar sonraí ARDECO JRC bunaithe ar chuntais réigiúnacha Eurostat

Athrú ar an sciar den fhostaíocht in earnáil A (Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht) i bpointí céatadáin, 2010-2018

-1.2

-2.9

-2.5

-0.4

Sciar den fhostaíocht in earnáil B-E (Tionscal) in %, 2018

16.2

19.5

16.9

15.4

Athrú ar an sciar den fhostaíocht in earnáil B-E (Tionscal) i bpointí céatadáin, 2010-2018

-0.4

0.3

0.4

-0.6

Luach saothair nach bhfuil chomh tarraingteach agus an leibhéal forbartha

 

AE

Daonra in aois oibre atá ag laghdú agus leibhéal oideachais threasaigh atá ag titim ar gcúl

Glanimirce amach daoine idir 15-39 mbliana d’aois

Réigiúin eile

Foinsí

Cúiteamh in aghaidh an fhostaí (CCC), innéacs EU27=100, 2019

100.0

81.5

82.0

105.8

(nama_10r_2coe,nama_10r_2emhrw)

Athrú ar an innéacs maidir le cúiteamh in aghaidh an fhostaí (CCC), 2010-2019

0.0

0.7

-0.5

-0.3

(nama_10r_2coe,nama_10r_2emhrw)

Ioncam indiúscartha teaghlach per capita (CCC), innéacs AE27=100, 2019

100

81

83

108

(nama_10r_2hhinc)

Athrú ar an innéacs maidir le hioncam indiúscartha teaghlach per capita (CCC), 2010-2019

0.0

4.5

1.0

-1.9

(nama_10r_2hhinc)

OTI in aghaidh an duine (CCC), innéacs AE27=100, 2020

100

69

70

113

(nama_10r_2gdp, nama_10r_3popgdp)

Athrú ar an innéacs maidir le OTI in aghaidh an duine (CCC), 2010-2020

0.0

2.5

0.5

-1.4

(nama_10r_2gdp, nama_10r_3popgdp)

Sciar den daonra i réigiúin bheagfhorbartha, 2020

27.7

65.1

62.0

12.5

(demo_r_pjanaggr3)

An acmhainneacht chun rátaí fostaíochta a mhéadú

 

AE

Daonra in aois oibre atá ag laghdú agus leibhéal oideachais threasaigh atá ag titim ar gcúl

Glanimirce amach daoine idir 15-39 mbliana d’aois

Réigiúin eile

Foinsí

Ráta fostaíochta (% den daonra idir 20-64), 2020

72

67

67

74

(lfst_r_lfsd2pwc)

Athrú ar an ráta fostaíochta (20-64) (pointí céatadáin), 2010-2020

4.4

4.5

4.3

4.2

(lfst_r_lfsd2pwc)

Ráta dífhostaíochta (% den lucht saothair 15-74), 2020

7.1

7.5

9.2

6.7

(lfst_r_lfsd2pwc)

Athrú ar an ráta dífhostaíochta (15-74) (pointí céatadáin), 2010-2020

-2.8

-2.6

-3.3

-2.7

(lfst_r_lfsd2pwc)

Ráta fostaíochta daoine a bhfuil oideachas treasach acu idir 25-64 bliana d’aois in 2020, mar %

85.3

83.7

83.8

85.7

(lfst_r_lfe2eedu, lfst_r_lfsd2pop)

Ráta dífhostaíochta (% den lucht saothair 15-34), 2020

11.1

13.0

14.6

10.2

(lfst_r_lfp2act, lfst_r_lfe2emp, lfst_r_lfu3pers)

Athrú ar an ráta dífhostaíochta (15-34) (pointí céatadáin), 2010-2020

-3.4

-2.6

-4.2

-3.3

(lfst_r_lfp2act, lfst_r_lfe2emp, lfst_r_lfu3pers)

Athrú ar ráta fostaíochta daoine a bhfuil oideachas treasach acu (25-64) 2015-2020, i bpointí céatadáin

1.5

2.3

2.0

1.2

(lfst_r_lfe2eedu, lfst_r_lfsd2pop)

Sciar de phoist ardoilte in %, 2020

43

33

37

45

(eastóscadh SFS ad hoc)

Athrú ar an sciar de phoist ardoilte i bpointí céatadáin, 2015-2020

1.5

0.1

2.6

1.5

(eastóscadh SFS ad hoc)

Ráta fostaíochta daoine scothaosta (% den daonra idir 55-64), 2020

59.6

54.7

52.0

62.2

(lfst_r_lfsd2pwc)

Bearna fostaíochta níos mó idir na hinscní

 

AE

Daonra in aois oibre atá ag laghdú agus leibhéal oideachais threasaigh atá ag titim ar gcúl

Glanimirce amach daoine idir 15-39 mbliana d’aois

Réigiúin eile

Foinsí

An líon fear idir 25-64 bliana d’aois in aghaidh gach 100 bean den aois chéanna, 2020

99.6

101.2

99.0

99.4

(demo_r_d2jan)

Ráta fostaíochta na mban idir 20-64 bliana d’aois, 2020

66

59

61

69

(lfst_r_lfsd2pwc)

An bhearna idir na hinscní sa ráta fostaíochta (20-64) (pointí céatadáin), 2020

12

16

13

10

(lfst_r_lfsd2pwc)

Ráta dífhostaíochta na mban, 2020

7.4

7.8

9.6

7.0

(lfst_r_lfsd2pwc)

Sciar de mhná a bhfuil oideachas treasach acu idir 25-64 bliana d’aois, 2020

35.1

21.4

26.8

39.2

(lfst_r_lfsd2pop)

Córas oideachais nach bhfuil ag feidhmiú chomh maith céanna

 

AE

Daonra in aois oibre atá ag laghdú agus leibhéal oideachais threasaigh atá ag titim ar gcúl

Glanimirce amach daoine idir 15-39 mbliana d’aois

Réigiúin eile

Foinsí

Daoine a bhfuil oideachas treasach acu (% den daonra idir 25-64), 2020

33

21

29

36

(lfst_r_lfsd2pop)

Athrú ar an sciar de dhaoine a bhfuil oideachas treasach acu (pointí céatadáin), 2010-2020

8

4

8

9

(lfst_r_lfsd2pop)

Athrú réamh‑mheasta ar an sciar de dhaoine a bhfuil oideachas treasach acu (pointí céatadáin), 2020-2030

6

4

6

6

Ríomhanna REGIO bunaithe ar SFS

Daoine a bhfuil oideachas treasach acu (% den daonra idir 25-34), meán na tréimhse 2018-2020

39

26

37

43

(lfst_r_lfsd2pop)

Daoine san oideachas treasach nó a bhfuil céim threasach acu (% den daonra idir 20-24 bliana d’aois), meán na tréimhse 2018-2020

47

41

48

49

(lfst_r_lfsd2pop)

Daonra ina gcónaí i limistéir inar féidir leo tiomáint i gcarr chuig campas ollscoile faoi cheann 45 nóiméad ar a mhéad i dtéarmaí céatadáin, 2016

88

78

79

92

Ríomhanna REGIO bunaithe ar shonraí ETER

 

AE

Daonra in aois oibre atá ag laghdú agus leibhéal oideachais threasaigh atá ag titim ar gcúl

Glanimirce amach daoine idir 15-39 mbliana d’aois

Réigiúin eile

Foinsí

Luathfhágálaithe oideachais nó oiliúna (% den daonra idir 18-24), meán na tréimhse 2018-2020

10

13

10

9

(edat_lfse_16,lfst_r_lfsd2pop)

Daoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (rátaí NEET) (% den daonra idir 15-29), meán na tréimhse 2018-2020

13

19

17

11

(edat_lfse_22, lfst_r_lfsd2pop)

Rannpháirtíocht san oiliúint (nó san oideachas) le 4 seachtaine anuas (% den daonra idir 25-64), meán na tréimhse 2018-2020

10

6

9

11

(trng_lfse_04, lfst_r_lfsd2pop)

Daoine a bhfuil ar a laghad cáilíocht meánscoile uachtaraí acu (% den daonra idir 20-24), meán na tréimhse 2018-2020

84

83

86

83

(lfst_r_lfsd2pop)

An deighilt dhigiteach

 

AE

Daonra in aois oibre atá ag laghdú agus leibhéal oideachais threasaigh atá ag titim ar gcúl

Glanimirce amach daoine idir 15-39 mbliana d’aois

Réigiúin eile

Foinsí

Sciar den daonra a bhfuil cónaí orthu i dteaghlach a bhfuil rochtain idirlín leathanbhanda acu in %, 2020

89

82

86

92

(isoc_r_broad_h)

Athrú ar an sciar den daonra a bhfuil rochtain idirlín leathanbhanda acu (pointí céatadáin), 2015-2020

13

15

14

12

(isoc_r_broad_h)

Sciar den daonra a bhfuil cónaí orthu i gceantair ina bhfuil meánluas leathanbhanda tástálaithe 100 Mbps ar a laghad in %, 2020

43

26

40

48

Ríomhanna REGIO bunaithe ar shonraí ó Ookla for Good ™



Cáilíocht níos ísle an rialachais phoiblí

 

AE

Daonra in aois oibre atá ag laghdú agus leibhéal oideachais threasaigh atá ag titim ar gcúl

Glanimirce amach daoine idir 15-39 mbliana d’aois

Réigiúin eile

Foinsí

Scórchlár Nuálaíochta Réigiúnaí, 2021

100

60

71

115

RIS2021

An tInnéacs maidir le Cáilíocht Rialtais san Eoraip, 2021

100

65

85

107

Staidéar ar cháilíocht rialtais

Gné na Cáilíochta

100

61

88

108

Gné na Neamhchlaontachta

100

67

86

106

Gné an Éillithe

100

70

84

106

Top