Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AP0364

    P9_TA(2023)0364 — An tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) a bhunú — Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2023 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE, Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (COM(2023)0335 – C9-0209/2023 – 2023/0199(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

    IO C, C/2024/2663, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2663/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2663/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/2663

    29.4.2024

    P9_TA(2023)0364

    An tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’) a bhunú

    Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2023 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’) agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE, Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (COM(2023)0335 – C9-0209/2023 – 2023/0199(COD)) (1)

    (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

    (C/2024/2663)

    Leasú 1

    Togra le haghaidh rialacháin

    Teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tArdán Teicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’) agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE, Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241

    ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tArdán Teicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’) agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE, Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) 2021/1755, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241

    Leasú 2

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (2)

    Tá sé cruthaithe ag tionscal an Aontais go bhfuil athléimneacht ionsuite aige ach tá dúshlán an tionscail á thabhairt. Tá boilsciú ard, ganntanas lucht saothair, suaitheadh i slabhraí soláthair tar éis COVID, rátaí úis atá ag ardú, agus méaduithe ar chostais fuinnimh agus ar phraghsanna ionchuir ag cur isteach go mór ar iomaíochas thionscal an Aontais. Anuas air sin, bíonn an iomaíocht ar an margadh domhanda ilroinnte láidir, ach ní bhíonn sí cothrom i gcónaí. Tá roinnt tionscnamh curtha ar aghaidh ag an Aontas cheana féin chun tacú lena thionscal, amhail Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, (40) an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla, (41) an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, (42) an Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe nua maidir le Státchabhair, (43) agus REPowerEU. (44) Cé go soláthraítear tacaíocht ghasta spriocdhírithe leis na réitigh sin, ní mór don Aontas freagairt níos struchtúrtha a thabhairt ar riachtanais infheistíochta a chuid tionscal chun comhtháthú agus cothrom iomaíochta sa Mhargadh Aonair a chosaint agus spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú.

    (2)

    Tá sé cruthaithe ag tionscal an Aontais go bhfuil athléimneacht ionsuite aige ach ní mór a iomaíochas a áirithiú amach anseo freisin. Tá boilsciú ard, ganntanas lucht saothair, suaitheadh sna slabhraí soláthair tar éis COVID, cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ardú rátaí úis, agus méadú ar chostais fuinnimh agus ar phraghsanna ionchuir ag cur isteach go mór ar iomaíochas thionscal an Aontais agus thug siad chun suntais a thábhachtaí atá sé don Aontas a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a dhaingniú agus a spleáchas straitéiseach ar thríú tíortha in earnálacha éagsúla a laghdú. Anuas air sin, bíonn an iomaíocht ar an margadh domhanda ilroinnte láidir, ach ní bhíonn sí cothrom i gcónaí. Tá roinnt tionscnamh curtha ar aghaidh ag an Aontas cheana féin chun tacú lena thionscal, amhail Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, (40) an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla, (41) an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, (42) an Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe nua maidir le Státchabhair, (43) agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta,  (43a) arna leasú le REPowerEU. (44) Cé go soláthraítear tacaíocht ghasta spriocdhírithe leis na réitigh sin, ní mór don Aontas freagairt níos struchtúrtha a thabhairt ar riachtanais infheistíochta a chuid tionscal chun comhtháthú a chosaint , poist ardchaighdeáin a chruthú, agus cothrom iomaíochta sa Mhargadh Aonair a chosaint, lena n-éascaítear rochtain ar mhaoiniú agus lena laghdaítear spleáchais straitéiseacha an Aontais. Trí chreataí nua éagsúla státchabhrach a oiriúnú, éascaíodh leithdháileadh féideartha méideanna móra státchabhrach. I gcúinsí níos neamhfhabhraí, d’fhéadfadh sé sin an bonn a bhaint d’éifeachtúlacht an mhargaidh inmheánaigh.

    Leasú 3

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 2 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (2a)

    Thug an Margadh Aonair buntáistí suntasacha eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla don Aontas ina iomláine, lena n-áirítear dá shaoránaigh agus a ghnólachtaí. Cé go n-aithnítear go forleathan na tairbhí sin, tá sé ríthábhachtach leanúint de réitigh a fháil chun leas breise a bhaint as a acmhainneacht shochaíoch neamhshaothraithe. Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 dar teideal “The Single Market at 30” [An Margadh Aonair ag 30], réitítear treoir straitéiseach fhadtéarmach an Mhargaidh Aonair. Ní mór don Mhargadh Aonair a bheidh ann amach anseo leanúint de bheith inoiriúnaithe i bhfianaise dinimic gheopholaitiúil atá ag teacht chun cinn, dul chun cinn teicneolaíoch, agus na n-aistrithe glasa agus digiteacha, agus ag an am céanna athléimneacht na gcóras sláinte a chothú i bhfianaise daonra atá ag dul in aois agus rannchuidiú le hiomaíochas agus táirgiúlacht fhadtéarmach an Aontais a fheabhsú.

    Leasú 4

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (3)

    Beidh glacadh agus uas-scálú teicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha, teicneolaíochtaí glana agus bith-theicneolaíochtaí san Aontas fíor-riachtanach chun na deiseanna a thapú agus chun cuspóirí an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach, agus iomaíochas agus inbhuanaitheacht earnáil tionsclaíochta na hEorpa á gcur chun cinn ar an gcaoi sin. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht láithreach chun tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí den sórt sin san Aontas, chun a slabhraí luacha a chosaint agus a neartú agus, ar an gcaoi sin, spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú, agus aghaidh a thabhairt ar na ganntanais saothair agus scileanna atá ann cheana sna hearnálacha sin trí oiliúint agus printíseachtaí agus trí phoist tharraingteacha ardcháilíochta a chruthú a mbeidh rochtain ag cách orthu.

    (3)

    Beidh glacadh agus uas-scálú teicneolaíochtaí digiteacha, teicneolaíochtaí glan-nialasacha agus biteicneolaíochtaí agus eolaíochtaí beatha ríthábhachtach chun spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú, na deiseanna a thapú agus cuspóirí an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach, lena ndéanfar ceannasacht agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a dhaingniú agus iomaíochas agus inbhuanaitheacht thionscal na hEorpa a chur chun cinn. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht láithreach chun tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí den sórt sin san Aontas, chun a slabhraí soláthair a chosaint agus a neartú agus, ar an gcaoi sin, spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú, agus aghaidh a thabhairt ar na ganntanais saothair agus scileanna atá ann cheana sna hearnálacha ábhartha trí fhoghlaim ar feadh an tsaoil, oiliúint agus printíseachtaí agus trí phoist tharraingteacha ardcháilíochta a chruthú a mbeidh rochtain ag cách orthu.

    Leasú 5

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (4)

    Is gá tacú le teicneolaíochtaí criticiúla sna réimsí seo a leanas: teicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha, teicneolaíochtaí glana, agus bith-theicneolaíochtaí (lena n-áirítear slabhraí luacha na n-amhábhar criticiúil faoi seach), go háirithe tionscadail, cuideachtaí agus earnálacha a bhfuil ról ríthábhachtach acu d’iomaíochas agus d’athléimneacht an Aontais agus dá shlabhraí luacha. Mar shampla, ba cheart a áireamh sna teicneolaíochtaí doimhne agus sna teicneolaíochtaí digiteacha micrileictreonaic, an ríomhaireacht ardfheidhmíochta, teicneolaíochtaí candamacha (i.e., teicneolaíochtaí ríomhaireachta, cumarsáide agus braite), an néalríomhaireacht, an imeall-ríomhaireacht, agus an intleacht shaorga, teicneolaíochtaí cibearshlándála, róbataic, 5G agus an ardnascacht agus réaltachtaí fíorúla, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha chun feidhmeanna cosanta agus aeraspáis a fhorbairt. Ba cheart a áireamh le teicneolaíochtaí glana, i measc nithe eile, fuinneamh in-athnuaite; stóráil leictreachais agus teasa; teaschaidéil; eangach leictreachais; breoslaí athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch; breoslaí malartacha inbhuanaithe; leictrealóirí agus breosla-chealla; gabháil, úsáid agus stóráil carbóin; éifeachtúlacht fuinnimh; hidrigin agus bonneagar gaolmhar; réitigh fuinnimh chliste; teicneolaíochtaí atá ríthábhachtach don inbhuanaitheacht amhail íonú uisce agus díshalannú; ardábhair amhail nana-ábhair, comhchodaigh agus ábhar foirgníochta glan amach anseo, agus teicneolaíochtaí chun amhábhair chriticiúla a eastóscadh agus a phróiseáil ar bhealach inbhuanaithe. Ba cheart a mheas go n-áirítear leis an mbith-theicneolaíocht teicneolaíochtaí amhail bithmhóilíní agus a bhfeidhmeanna, táirgí cógaisíochta agus teicneolaíochtaí leighis atá ríthábhachtach don tslándáil sláinte, bith-theicneolaíocht barr, agus bith-theicneolaíocht thionsclaíoch, amhail i gcás diúscairt dramhaíola, agus bithmhonarú. Féadfaidh an Coimisiún treoir a eisiúint chun raon feidhme na dteicneolaíochtaí a shonrú a thuilleadh sna trí réimse sin a mheastar a bheith criticiúil i gcomhréir leis an Rialachán seo, d’fhonn léirmhíniú coiteann a chur chun cinn ar na tionscadail, ar na cuideachtaí agus ar na hearnálacha a dtabharfar tacaíocht dóibh faoi na cláir faoi seach i bhfianaise an chomhchuspóra straitéisigh. Thairis sin, maidir le teicneolaíochtaí in aon cheann de na trí réimse sin is ábhar do Thionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) arna bhformheas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 107(3), pointe (b) CFAE, ba cheart a mheas go bhfuil siad criticiúil, agus ba cheart tionscadail aonair laistigh de raon feidhme IPCEI den sórt sin a bheith incháilithe do chistiú, i gcomhréir le rialacha an chláir faoi seach, sa mhéid nár cumhdaíodh go hiomlán fós an bhearna chistithe a sainaithníodh agus na costais incháilithe.

    (4)

    Is gá tacú le teicneolaíochtaí criticiúla sna réimsí seo a leanas: teicneolaíochtaí digiteacha, teicneolaíochtaí glan-nialasacha, agus biteicneolaíochtaí agus eolaíocht na beatha, lena n-áirítear táirgí íocshláinte ar Liosta an Aontais de Tháirgí Íocshláinte Criticiúla arna bhunú de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (44a) agus a gcomhpháirteanna, agus slabhraí soláthair na dteicneolaíochtaí sin faoi seach, go háirithe i dtionscadail, i gcuideachtaí agus in earnálacha a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le hiomaíochas agus athléimneacht an Aontais. Ar mhaithe le soiléireacht agus comhleanúnachas dlíthiúil, ba cheart an sainmhíniú ar theicneolaíochtaí digiteacha a ailíniú leis an sainmhíniú atá i gCinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (44b) agus tá an sainmhíniú ar theicneolaíochtaí glan-nialasacha ailínithe leis an sainmhíniú i Rialachán (AE).../... [an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta]. Ós rud é nach bhfuil sainmhíniú ar bhiteicneolaíochtaí i ndlí an Aontais, ba cheart sainmhíniú ECFE a bheith faoi chúram an Rialacháin seo. Ba cheart go n-áireofaí sna heolaíochtaí beatha eolas eolaíoch a chur i bhfeidhm ar réimsí amhail bitheolaíocht, zó-eolaíocht, luibheolaíocht, éiceolaíocht, fiseolaíocht, bithcheimic, micribhitheolaíocht, cógaseolaíocht, agranamaíocht, leigheas. Ba cheart táirgí íocshláinte criticiúla, lena n-áirítear comhábhair ghníomhacha chógaisíochta, mar a liostaítear i Liosta an Aontais de Tháirgí Íocshláinte Criticiúla, a chumhdach freisin. Ní féidir neamhspleáchas straitéiseach oscailte agus iomaíochas an Aontais a fheabhsú gan na slabhraí soláthair a neartú sna hearnálacha teicneolaíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, cuireann tacaíocht airgeadais do thionscadail feadh an tslabhra soláthair chun teicneolaíochtaí criticiúla a mhonarú le cuspóirí STEP freisin. Ba cheart a mheas go bhfuil teicneolaíochtaí ríthábhachtach nuair a bhaineann gné nuálach cheannródaíoch leo a bhfuil acmhainneacht shuntasach eacnamaíoch acu sa Mhargadh Aonair nó nuair a rannchuidíonn siad le spleáchais an Aontais a chosc nó a laghdú. Ba cheart don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh, ar a laghad dhá mhí roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun raon feidhme na dteicneolaíochtaí a shonrú a thuilleadh sna trí earnáil sin a mheastar a bheith criticiúil i gcomhréir leis an Rialachán seo, chun léirmhíniú coiteann a chur chun cinn ar na tionscadail, ar na cuideachtaí agus ar na hearnálacha a dtabharfar tacaíocht dóibh faoi na cláir faoi seach i bhfianaise an chomhchuspóra straitéisigh chun spleáchais chriticiúla a laghdú. Agus spleáchais straitéiseacha á sainiú aige, ba cheart don Choimisiún cur leis na measúnuithe a rinneadh le blianta beaga anuas. Agus spleáchais straitéiseacha á sainiú aige, ba cheart don Choimisiún cur leis na measúnuithe a rinneadh le blianta beaga anuas.44b Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an ngníomh tarmligthe i bhfianaise na dtorthaí óna thuarascáil eatramhach mheastóireachta arna tarraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo agus é a oiriúnú do dhálaí an mhargaidh a bhí ann ag an am sin. Ós rud é go gcruthaíonn an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta tuiscint chuimsitheach ar na tionscail Eorpacha sin a mheastar a bheith riachtanach chun na spriocanna aeráide a bhaint amach in 2050, Tionscadail Straitéiseacha mar a shainaithnítear iad faoi Rialachán (AE).../... [an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta ] a chomhlíonann critéir athléimneachta nó iomaíochais an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta, de mheon ghnéithe criticiúla na dtionscadal teicneolaíochta uile faoin Rialachán seo, ba cheart a mheas go gcomhlíonann siad cuspóirí STEP. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin maidir le Tionscadail Straitéiseacha arna sainaithint faoi Rialachán (AE)... [an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla]

     

    Leasú 6

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (5)

    Ní bheifear in ann cumas monaraíochta na bpríomhtheicneolaíochtaí san Aontas a neartú gan lucht saothair mór oilte. Mar sin féin, tá méadú tagtha ar ghanntanais saothair agus scileanna i ngach earnáil, lena n-áirítear na hearnálacha sin a mheastar a bheith ríthábhachtach don aistriú glas agus don aistriú digiteach agus lena gcuirtear ardú na bpríomhtheicneolaíochtaí i mbaol, agus i gcomhthéacs an athraithe dhéimeagrafaigh freisin. Dá bhrí sin, is gá dlús a chur le gníomhachtú níos mó daoine i margadh an tsaothair atá ábhartha d’earnálacha straitéiseacha, go háirithe trí phoist agus printíseachtaí a chruthú do dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste, go háirithe daoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna. Comhlánóidh tacaíocht den sórt sin roinnt gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar fhreastal ar na riachtanais scileanna a eascraíonn as an aistriú, a leagtar amach i gClár Oibre Scileanna an Aontais.

    (5)

    Ní bheifear in ann cumas monaraíochta na dteicneolaíochtaí sna hearnálacha ábhartha arna sainaithint faoin Rialachán seo san Aontas a neartú gan lucht saothair mór oilte. Mar sin féin, maidir le ganntanais saothair agus scileanna, a bhfuil méadú tagtha orthu i ngach earnáil, lena n-áirítear na hearnálacha sin a mheastar a bheith ríthábhachtach don aistriú glas agus don aistriú digiteach, meastar go dtiocfaidh méadú breise orthu i bhfianaise an athraithe dhéimeagrafaigh agus go gcuirfear ardú na bpríomhtheicneolaíochtaí i mbaol sna hearnálacha arna sainaithint faoin Rialachán seo. Dá bhrí sin, is gá dlús a chur le gníomhachtú níos mó daoine i margadh an tsaothair atá ábhartha d’earnálacha ábhartha, go háirithe trí infheistíochtaí san fhoghlaim ar feadh an tsaoil, trí scileanna ábhartha a fheabhsú, tríphoist ardcháilíochta agus printíseachtaí a chruthú do dhaoine óga, faoi mhíbhuntáiste, nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna. Comhlánóidh tacaíocht den sórt sin roinnt gníomhaíochtaí eile a bhfuil sé mar aidhm leo freastal ar na riachtanais scileanna a eascraíonn as an aistriú, a leagtar amach i gClár Oibre Scileanna an Aontais. (45) Tá ról tábhachtach ag na gníomhaíochtaí sin maidir le meon athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn, borradh a chur faoi iomaíochas ghnóthais an Aontais, go háirithe FBManna, agus rannchuidiú le poist ardcháilíochta a chruthú d’fhonn acmhainneacht iomlán an aistrithe ghlais agus dhigitigh a bhaint amach ar bhealach atá cothrom, cuimsitheach agus cóir go sóisialta.

    Leasú 7

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (6)

    Mar gheall ar scála na n-infheistíochtaí is gá le haghaidh an aistrithe, ní mór cistiú atá ar fáil faoi chláir agus cistí de chuid an Aontais atá ann cheana a shlógadh go hiomlán, lena n-áirítear cláir agus cistí a thugann ráthaíocht bhuiséadach le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta agus cur chun feidhme ionstraimí airgeadais agus oibríochtaí measctha. Ba cheart cistiú den sórt sin a úsáid ar bhealach níos solúbtha, chun tacaíocht thráthúil agus spriocdhírithe a thabhairt do theicneolaíochtaí criticiúla in earnálacha straitéiseacha. Dá bhrí sin, ba cheart d’Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’) freagra struchtúrach a thabhairt ar riachtanais infheistíochta an Aontais trí chuidiú le cistí an Aontais atá ann cheana a dhíriú níos fearr ar infheistíochtaí criticiúla a bhfuil sé d’aidhm acu tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí criticiúla, agus cothrom iomaíochta sa Mhargadh Aonair á chaomhnú san am céanna, agus ar an gcaoi sin comhtháthú á chaomhnú agus díriú ar dháileadh cothrom geografach na dtionscadal arna maoiniú faoi STEP i gcomhréir le sainorduithe na gclár faoi seach.

    (6)

    Beidh gá le hinfheistíochtaí suntasacha sna blianta amach romhainn chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais a neartú ar bhealach cuimsitheach, chun a iomaíochas a chaomhnú sa mhargadh domhanda agus chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach. Maidir leis na cláir agus na cistí de chuid an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear na cláir agus na cistí sin lena ndeonaítear ráthaíocht bhuiséadach le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta agus cur chun feidhme ionstraimí airgeadais agus oibríochtaí measctha, ba cheart dóibh rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar na spriocanna sin. Chomh maith lena shlógadh iomlán, ba cheart cistiú ón Aontas a úsáid ar bhealach níos solúbtha, chun tacaíocht thráthúil spriocdhírithe a chur ar fáil do theicneolaíochtaí in earnálacha ábhartha, lena dtreiseofaí maoiniú do thionscadail uile-Aontais agus trasteorann. Dá bhrí sin, ba cheart d’Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’) cuidiú le cistí an Aontais atá ann cheana a dhíriú níos fearr ar infheistíochtaí criticiúla a bhfuil sé d’aidhm acu tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí in earnálacha ábhartha, agus cothrom iomaíochta sa Mhargadh Aonair á chaomhnú san am céanna, agus ar an gcaoi sin comhtháthú á chaomhnú agus díriú ar dháileadh cothrom geografach na dtionscadal arna maoiniú faoi STEP i gcomhréir le sainorduithe na gclár faoi seach. Cé go bhfuil sé oscailte do gach Ballstát, ba cheart do STEP béim ar leith a chur ar ghleannta um an tionscal glan-nialasachta mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE).../... [an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta], ar thionscadail i gcríocha a áirítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1056, ar réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin trasdula chomh maith le réigiúin níos forbartha sna Ballstáit a bhfuil a meán-OTI per capita faoi bhun mheán AE-27 arna thomhas de réir na gcaighdeáin cumhachta ceannaigh (CCC) agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais don tréimhse 2015-2017.

    Leasú 8

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 7

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (7)

    Ba cheart do STEP acmhainní a shainaithint ar cheart iad a chur chun feidhme laistigh de chláir agus cistí an Aontais atá ann cheana, InvestEU, Fís Eorpach, an Ciste Eorpach Cosanta agus an Ciste don Nuálaíocht. I dteannta leis sin, ba cheart cistiú breise EUR 10 mbilliún a sholáthar. As sin, ba cheart EUR 5 bhilliún a úsáid chun dearlaic an Chiste don Nuálaíocht a mhéadú agus ba cheart EUR 3 bhilliún a úsáid chun méid iomlán ráthaíocht AE atá ar fáil d’urrann AE faoi Rialachán InvestEU a mhéadú go EUR 7,5 billiún, agus an ráta soláthair ábhartha á chur san áireamh. Ba cheart EUR 0.5 billiúnBa cheart EUR 0.5 billiún a chur ar fáil chun an t-imchlúdach airgeadais a mhéadú faoin Rialachán maidir le Fís Eorpach, agus ba cheart é a leasú dá réir sin; agus EUR 1.5 billiúnion to the European Defence Fund. (49)

    (7)

    Ba cheart, le STEP, go ndéanfaí na hacmhainní atá ar fáil laistigh de chláir agus cistí an Aontais atá ann cheana a shainaithint, eadhon InvestEU, Fís Eorpach, EU4Health, an Eoraip Dhigiteach, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), an Ciste Eorpach Cosanta, agus an Ciste don Nuálaíocht, do thionscadail a rannchuidíonn le cuspóirí STEP. I dteannta leis sin, ba cheart cistiú breise Aontais de EUR 13 bhilliún a sholáthar. As sin, ba cheart EUR 5 bhilliún a úsáid chun dearlaic an Chiste don Nuálaíocht (46) a mhéadú agus ba cheart EUR 4,2 billiún a úsáid chun méid iomlán ráthaíocht AE atá ar fáil d’urrann AE faoi Rialachán InvestEU (47) a mhéadú go EUR 10,5 billiún, agus an ráta soláthair ábhartha á chur san áireamh. Ba cheart EUR 1,3 billiún a chur ar fáil chun an t-imchlúdach airgeadais a mhéadú faoin Rialachán maidir le Fís Eorpach (48), agus ba cheart é a leasú dá réir sin; agus ba cheart EUR 2,5 billiún a chur ar fáil don Chiste Eorpach Cosanta. (49)

    Leasú 9

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 8

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (8)

    Ba cheart Séala Ceannasachta a bhronnadh ar thionscadail a rannchuidíonn le cuspóirí STEP, ar choinníoll go ndearnadh measúnú ar an tionscadal agus go gcomhlíonann sé na híoscheanglais cháilíochta, go háirithe critéir incháilitheachta, eisiaimh agus dhámhachtana, dá bhforáiltear i nglao ar thograí faoin gclár Fís Eorpach, faoin gclár don Eoraip Dhigiteach, faoin gclár EU4Health, faoin gCiste Eorpach Cosanta nó faoin gCiste don Nuálaíocht, agus gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil cistiú faighte ag an tionscadal faoi na hionstraimí sin. Bunófar na híoscheanglais cháilíochta sin d’fhonn tionscadail ar ardchaighdeán a shainaithint. Ba cheart an Séala sin a úsáid mar lipéad cáilíochta, chun cuidiú le tionscadail infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a mhealladh trína dheimhniú go rannchuidíonn siad le cuspóirí STEP. Ina theannta sin, cuirfidh an Séala rochtain níos fearr ar chistiú ón Aontas chun cinn, go háirithe trí chistiú carnach nó comhcheangailte ó roinnt ionstraimí de chuid an Aontais a éascú.

    (8)

    Ba cheart Séala Ceannasachta a bhronnadh ar thionscadail a rannchuidíonn le cuspóirí STEP, ag cur san áireamh rannchuidiú na dtionscadal maidir le gréasáin thionsclaíocha áitiúla a neartú agus a struchtúrú agus an méid a rannchuidíonn siad le poist, ar choinníoll go ndearnadh measúnú ar an tionscadal agus go gcomhlíonann sé na híoscheanglais cháilíochta, go háirithe critéir incháilitheachta, eisiaimh agus dhámhachtana, dá bhforáiltear i nglao ar thograí faoin gclár Fís Eorpach, faoin gclár don Eoraip Dhigiteach, (50) faoin gclár EU4Health, (51) faoin gCiste Eorpach Cosanta, faoin gCiste don Nuálaíocht, nó cistí um an mbeartas comhtháthaithe, agus gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil cistiú faighte ag an tionscadal faoi na hionstraimí sin. Bunófar na híoscheanglais cháilíochta sin d’fhonn tionscadail ar ardchaighdeán a shainaithint. Maidir le tionscadail straitéiseacha arna sainaithint faoi Rialacháin (AE).../... [an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta] a chomhlíonann critéir athléimneachta nó iomaíochais an Ghnímh um an Tionscal Gan-nialasachta, meastar go rannchuidíonn siad le cuspóirí an Rialacháin seo, trí spleáchais straitéiseacha a laghdú nó a chosc nó trí ghné nuálach cheannródaíoch a thabhairt isteach sa Mhargadh Aonair. Dá bhrí sin, maidir leis na Tionscadail Straitéiseacha sin faoi Rialachán (AE).../... [an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta] ba cheart Séala Ceannasachta a bhronnadh orthu. Ar an gcuma chéanna, mar a dhéantar leis na Tionscadail Straitéiseacha uile a shainaithnítear faoi Rialachán (AE).../... [an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla] is é is aidhm dóibh cuspóirí an Ardáin seo a chomhlíonadh, agus ba cheart Séala Ceannasachta a bhronnadh orthu chomh maith. Chun tionscadail a chur chun cinn a rannchuideoidh ar deireadh le laghdú an spleáchais straitéisigh Eorpaigh ar thríú tíortha, níor cheart an Séala a bhronnadh ach ar thionscadail arna mbainistiú ag eintitis dhlíthiúla atá bunaithe laistigh den Aontas nó ag tríú tír atá comhlachaithe leis an gclár ábhartha. Den mheon céanna, má tá an tionscadal á bhainistiú ag níos mó ná eintiteas dlíthiúil amháin, níor cheart an Séala a bhronnadh ar an tionscadal ach amháin má tá ar a laghad eintiteas dlíthiúil neamhspleách amháin bunaithe i mBallstát agus má tá ar a laghad dhá eintiteas dhlíthiúla neamhspleácha eile bunaithe i mBallstáit éagsúla nó i dtíortha comhlachaithe éagsúla. Ba cheart an Séala sin a úsáid mar lipéad cáilíochta, chun cuidiú le tionscadail infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a mhealladh trína dheimhniú go rannchuidíonn siad le cuspóirí STEP. Ina theannta sin, cuirfidh an Séala rochtain níos fearr ar chistiú ón Aontas chun cinn, go háirithe trí chistiú carnach nó comhcheangailte ó roinnt ionstraimí de chuid an Aontais a éascú. Moltar do na Ballstáit freisin an Séala Ceannasachta a chur i gcuntas agus tacaíocht airgeadais á tabhairt acu trína gcláir féin.

    Leasú 10

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 9

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (9)

    Chuige sin, ba cheart a bheith in ann brath ar mheasúnuithe arna ndéanamh chun críocha clár eile de chuid an Aontais i gcomhréir le hAirteagail 126 agus 127 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, chun an t-ualach riaracháin ar thairbhithe chistí an Aontais a laghdú agus infheistíocht i dteicneolaíochtaí tosaíochta a spreagadh. Ar choinníoll go gcomhlíonann siad forálacha an Rialacháin maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ar bronnadh an Séala Ceannasachta orthu a chur san áireamh agus a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta á n-ullmhú acu agus a bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta á moladh acu agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le tionscadail infheistíochta atá le maoiniú as a sciar den Chiste don Nuachóiriú. Ba cheart don Choimisiún an Séala Ceannasachta a chur san áireamh freisin i gcomhthéacs an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Reacht BEI agus i gcomhthéacs na seiceála beartais a leagtar síos in Airteagal 23 de Rialachán InvestEU. Ina theannta sin, ba cheart a cheangal ar na comhpháirtithe cur chun feidhme scrúdú a dhéanamh ar thionscadail ar bronnadh an Séala Ceannasachta orthu i gcás ina dtagann siad faoina raon feidhme geografach agus gníomhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 26(5) den Rialachán sin. Ba cheart údaráis atá i gceannas ar chláir a thagann faoi STEP a spreagadh freisin chun machnamh a dhéanamh ar thacaíocht a thabhairt do thionscadail straitéiseacha arna sainaithint i gcomhréir leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta agus leis nGníomh um Amhábhair Chriticiúla atá faoi raon feidhme Airteagal 2 den Rialachán agus a bhféadfadh feidhm a bheith ag rialacha maidir le cistiú carnach ina leith.

    (9)

    Chuige sin, ba cheart a bheith in ann brath ar mheasúnuithe arna ndéanamh chun críocha clár eile de chuid an Aontais i gcomhréir le hAirteagail 126 agus 127 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, (52) chun an t-ualach riaracháin ar thairbhithe chistí an Aontais a laghdú agus infheistíocht i dteicneolaíochtaí tosaíochta a spreagadh. Ar choinníoll go gcomhlíonann siad forálacha an Rialacháin maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (53), ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar thionscadail ar bronnadh an Séala Ceannasachta orthu a chur san áireamh agus a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta á n-athbhreithniú acu agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le tionscadail infheistíochta atá le maoiniú as a sciar den Chiste don Nuachóiriú. Ba cheart don Choimisiún an Séala Ceannasachta a chur san áireamh freisin i gcomhthéacs an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Reacht BEI agus i gcomhthéacs na seiceála beartais a leagtar síos in Airteagal 23 de Rialachán InvestEU. Ina theannta sin, ba cheart a cheangal ar na comhpháirtithe cur chun feidhme scrúdú a dhéanamh ar thionscadail ar bronnadh an Séala Ceannasachta orthu i gcás ina dtagann siad faoina raon feidhme geografach agus gníomhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 26(5) den Rialachán sin. Ba cheart d’údaráis atá i gceannas ar chláir a thagann faoi STEP machnamh a dhéanamh ar thacaíocht a thabhairt do thionscadail straitéiseacha arna sainaithint i gcomhréir le Rialachán (AE)... [an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta] agus Rialachán (AE) .../... [an Gníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla] a thagann faoi raon feidhme Airteagal 2 den Rialachán seo agus a bhféadfadh feidhm a bheith ag rialacha maidir le cistiú carnach ina leith.

    Leasú 11

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 9 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (9 a)

    Chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte a áirithiú agus chun feabhas a chur ar luachshocrú torthaí T&N sa mhargadh i dteicneolaíochtaí criticiúla, ní mór don Aontas gníomhú mar cheannródaí caighdeán mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2022 dar teideal ‘An EU Strategy on Standarding global standards Setting global standards to support a resilient, green and digital EU single market’ [Straitéis an Aontais maidir le Caighdeánú chun caighdeáin dhomhanda a leagan síos chun tacú le margadh aonair AE atá athléimneach, glas agus digiteach]. Dá bhrí sin, ba cheart tús áite a thabhairt do thionscadail a áiríonn iarrachtaí tabhairt faoin gcaighdeánú ina dtogra i gcláir uile an Aontais lena gcuirtear cistiú ar fáil faoi STEP. Thairis sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh tionscadail faoi STEP machnamh ar chaighdeánú a dhéanamh ina gcur chun feidhme, chun dlús a chur le méid agus le huas-scálú ar theicneolaíocht ar leith ar fud an Mhargaidh Aonair. Ina theannta sin, trí chaighdeáin idirnáisiúnta a ailíniú le leasanna Eorpacha, is féidir ceannaireacht theicneolaíoch agus cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud an domhain. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit iarrachtaí sonracha a dhéanamh chun tacú le tionscadail faoi STEP chun páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt caighdeán agus laistigh de chaighdeánú náisiúnta, Eorpach agus, i gcás inarb iomchuí, idirnáisiúnta.

    Leasú 12

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 9b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (9b)

    Ós rud é go bhfuil muinín ríthábhachtach le haghaidh infheistíochtaí, ba cheart struchtúr rialachais a chur ar bun chun a áirithiú go gcuirfear STEP chun feidhme ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil, cothrom agus trédhearcach. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún Coiste STEP a chur ar bun ar a mbeidh saineolaithe sna teicneolaíochtaí éagsúla a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus i gcláir agus cistí an Aontais a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais don Ardán. Ba cheart go mbeadh sé de chúram ar Choiste STEP an Séala Ceannasachta a bhronnadh agus a chur chun cinn agus Tairseach Cheannasachta a bhainistiú agus ról comhordaithe a ghlacadh idir na líonraí agus na geallsealbhóirí éagsúla atá ábhartha chun cuspóirí an ardáin a bhaint amach. Ós rud é go mbíonn na teicneolaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ag síorathrú, ba cheart Grúpa Comhairleach Tionsclaíochta maidir le Teicneolaíochtaí Straitéiseacha a bhunú chun cabhrú leis an gCoimisiún trí chomhairle a thabhairt maidir leis na forbairtí teicneolaíochta is déanaí agus maidir leis na dúshláin is déanaí atá os comhair na n-earnálacha lena mbaineann. Ba cheart don Ghrúpa sin a bheith comhdhéanta d’ionadaithe ó thionscal an Aontais ó na hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart cothromaíocht gheografach laistigh den Ghrúpa Comhairleach Tionsclaíochta a chur san áireamh.

    Leasú 13

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 10

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (10)

    Ba cheart don Choimisiún suíomh gréasáin nua atá ar fáil go poiblí (an ‘Tairseach Cheannasachta’) a chur ar bun chun faisnéis maidir leis an tacaíocht atá ar fáil a thabhairt do chuideachtaí agus do thionscnóirí tionscadail atá ag lorg cistí le haghaidh infheistíochtaí STEP. Chuige sin, ba cheart dó na deiseanna cistiúcháin le haghaidh infheistíochtaí STEP atá ar fáil faoi bhuiséad an Aontais a thaispeáint ar bhealach inrochtana agus soláimhsithe don úsáideoir. Ba cheart a áireamh leis sin faisnéis faoi chláir a bhainistítear go díreach, amhail Fís Eorpach, an clár don Eoraip Dhigiteach, an clár EU4Health, agus an Ciste don Nuálaíocht, chomh maith le cláir eile amhail InvestEU, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus cistí an bheartais chomhtháthaithe. Thairis sin, leis an Tairseach Cheannasachta, ba cheart infheictheacht infheistíochtaí STEP i leith infheisteoirí a mhéadú, trí na tionscadail ar bronnadh Séala Ceannasachta orthu a liostú. Ba cheart a liostú ar an Tairseach freisin na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach as gníomhú mar phointí teagmhála chun STEP a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.

    (10)

    Ba cheart don Choimisiún suíomh gréasáin nua atá ar fáil go poiblí (an ‘Tairseach Cheannasachta’) a chur ar bun chun faisnéis maidir leis an tacaíocht atá ar fáil a thabhairt do thionscadail a rannchuidíonn le cuspóirí STEP. Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na gcuideachtaí agus na dtionscnóirí tionscadail a bhfuil maoiniú á lorg acu do thionscadail STEP faoi chláir chistiúcháin an Aontais , ba cheart go dtaispeánfaí ar an Tairseach Cheannasachta na deiseanna cistiúcháin le haghaidh infheistíochtaí STEP atá ar fáil faoi bhuiséad an Aontais ar bhealach inrochtana agus soláimhsithe don úsáideoir. Ba cheart a áireamh leis sin faisnéis faoi chláir an Aontais a bhainistítear go díreach - Fís Eorpach, an Eoraip Dhigiteach, EU4Health, an Ciste Eorpach Cosanta agus an Ciste don Nuálaíocht, agus foinsí cistiúcháin eile de chuid an Aontais, is é sin InvestEU, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus cistí an bheartais chomhtháthaithe. Chun úsáideacht na Tairsí Ceannasachta do thionscnóirí tionscadail a mhéadú, ba cheart ionsamhlóir mear a áireamh sa Tairseach chun treoir a thabhairt maidir leis a bhféadfadh clár nó cistiú de chuid an Aontais a bheith incháilithe do thionscadal ar leith, gan faisnéis rúnda gnó a nochtadh agus a bheith ceangailteach ó thaobh dlí. Thairis sin, leis an Tairseach Cheannasachta, ba cheart infheictheacht infheistíochtaí STEP i leith infheisteoirí a mhéadú, trí na tionscadail ar bronnadh Séala Ceannasachta orthu a liostú. Ba cheart foilsiú faisnéise maidir le tionscadail a bhaineann le slándáil agus cosaint a mheasúnú de réir an cháis agus a bheith teoranta do thionscadail ina measann an tionscnóir tionscadail nó an Coimisiún gur gá an fhaisnéis a fhoilsiú. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar an ngá atá le rúndacht slándála faisnéise a chosaint in ábhair chosanta. Ba cheart a liostú ar an Tairseach freisin na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach as gníomhú mar phointí teagmhála chun STEP a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún comhlántacht na Tairsí le hardáin chomhchosúla a áirithiú, lena n-áirítear Ardán NZIA, agus ba cheart dó rómhaorlathas agus ualaí riaracháin a sheachaint.

    Leasú 14

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 10 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (10 a)

    Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chuspóirí an Ardáin chun an dul chun cinn i dtreo chuspóirí beartais an Aontais a rianú. Ba cheart an faireachán a dhéanamh ar bhealach atá spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin Ardán chun ró-rialáil agus ualach riaracháin a sheachaint, go háirithe i gcás tairbhithe cistiúcháin. Chun cuntasacht do shaoránaigh an Aontais a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme chuspóirí an Ardáin faoi gach ceann de na cláir agus na cistí, maidir le caiteachas foriomlán STEP arna mhaoiniú faoi na cláir agus na cistí faoi seach, agus maidir le feidhmíocht STEP bunaithe ar na táscairí feidhmíochta dá bhforáiltear leis na cláir sin. Ina theannta sin, ba cheart faisnéis a sholáthar maidir le rannchuidiú cáilíochtúil agus cainníochtúil an Ardáin le tionscadail trasteorann agus le tionscadail in aghaidh an Bhallstáit.

    Leasú 15

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 11

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (11)

    Cé go mbraitheann STEP ar ath-chlársceidealú agus atreisiú na gclár atá ann cheana chun tacú le hinfheistíochtaí straitéiseacha, is gné thábhachtach é freisin chun indéantacht agus ullmhú idirghabhálacha nua a thástáil mar chéim i dtreo Ciste Eorpach Ceannasachta. Sa mheastóireacht in 2025, déanfar measúnú ar ábharthacht na ngníomhaíochtaí a rinneadh agus beidh sí mar bhonn chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an tacaíocht d’earnálacha straitéiseacha a mhéadú.

    (11)

    Cé go mbraitheann STEP ar ath-chlársceidealú agus atreisiú na gclár atá ann cheana chun tacú le hinfheistíochtaí straitéiseacha, agus chun spleáchais an Aontais a laghdú, is gné thábhachtach é freisin chun indéantacht agus ullmhú idirghabhálacha nua a thástáil lena soláthraítear réiteach struchtúrach ar riachtanais infheistíochta an Aontais. Go háirithe, is féidir é a mheas mar chéim i dtreo Ciste Eorpach Ceannasachta a bhunú a d’fhéadfadh rannchuidiú le beartas tionsclaíoch Eorpach a mhúnlú agus a neartú trí mhaoiniú méadaithe a chur ar fáil do thionscal na hEorpa sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil tar éis 2027. Leis an meastóireacht eatramhach in 2025, déanfar measúnú ar ábharthacht na ngníomhaíochtaí a rinneadh agus tabharfar eolas cothrom le dáta ar staid spleáchais an Aontais agus na n-earnálacha is straitéisí chun a neamhspleáchas a neartú ar bhealach cuimsitheach. Sa mheastóireacht eatramhach, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar a indéanta atá sé an Tairseach Cheannasachta a leathnú chun na suíomhanna gréasáin uile atá ar fáil go poiblí a chur le chéile agus faisnéis a sholáthar maidir le cláir agus cistí de chuid an Aontais faoi bhainistíocht dhíreach, chomhroinnte agus indíreach in aon Tairseach amháin. Ba cheart dó feidhmiú mar bhonn chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an tacaíocht d’earnálacha straitéiseacha sa chreat airgeadais ilbhliantúil iar-2027 a mhéadú, d’fhonn aghaidh níos fearr a thabhairt ar na dúshláin arna sainaithint agus cuspóirí beartais an Aontais sa réimse sin a bhaint amach.

    Leasú 16

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 12

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (12)

    Ba cheart Treoir 2003/87/CE a leasú chun maoiniú breise a cheadú le clúdach airgeadais EUR 5 bhilliún don tréimhse 2024-2027. Leis an gCiste don Nuálaíocht, tacaítear le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin nuálacha, ar raon feidhme é sin atá le cumhdach ag STEP. Dá bhrí sin, leis an méadú ar mhéid an Chiste don Nuálaíocht, ba cheart a bheith in ann maoiniú a sholáthar lena bhfreagrófar don chuspóir maidir le tacú le teicneolaíochtaí glana criticiúla a fhorbairt nó a mhonarú san Aontas. I gcomhréir leis na cuspóirí maidir le comhtháthú a áirithiú agus an Margadh Aonair a chur chun cinn, agus chun tacú leis an aistriú glas agus le forbairt teicneolaíochtaí glana ar fud an Aontais, ba cheart an t-imchlúdach airgeadais breise a chur ar fáil trí ghlaonna ar thograí a bheidh oscailte d’eintitis ó Bhallstáit a bhfuil a meán-OTI per capita faoi bhun mheán AE-27 an Aontais arna thomhas de réir na gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC) agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais don tréimhse 2015-2017.

    (12)

    Ba cheart Treoir 2003/87/CE (54) a leasú chun maoiniú breise a cheadú le clúdach airgeadais EUR 5 bhilliún don tréimhse 2024-2027 ag eascairt ón gcreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh le soláthar ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Leis an gCiste don Nuálaíocht, tacaítear le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin nuálacha, ar raon feidhme é sin atá le cumhdach ag STEP. Dá bhrí sin, leis an méadú ar mhéid an Chiste don Nuálaíocht, ba cheart a bheith in ann maoiniú a sholáthar lena bhfreagrófar don chuspóir maidir le tacú le teicneolaíochtaí glan-nialasacha a fhorbairt nó a mhonarú san Aontas. I gcomhréir leis na cuspóirí maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a áirithiú agus an Margadh Aonair a chur chun cinn, agus chun tacú leis an aistriú glas agus le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a fhorbairt ar fud an Aontais, ba cheart an t-imchlúdach airgeadais breise a chur ar fáil trí ghlaonna ar thograí le haghaidh Tionscadail Straitéiseacha mar a shainítear i Rialachán (.../...) [an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta], ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir athléimneachta nó iomaíochais i bpróiseas roghnúcháin na dtionscadal straitéiseach. Go dtí an 31 Nollaig 2025, ba cheart an t-imchlúdach airgeadais a bheith ar fáil i gcodanna comhionanna d’eintitis ó Bhallstáit a bhfuil a meán-OTI per capita faoi bhun mheán AE-27 arna thomhas de réir na gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC) agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais don tréimhse 2015-2017 agus d’eintitis ó na Ballstáit uile. Ba cheart cúnamh teicniúil do Bhallstáit a bhfuil leibhéal íseal rannpháirtíochta acu dá bhforáiltear san athbhreithniú is déanaí ar an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí a choinneáil ar bun le linn na nglaonna sin ar thograí.

    Leasú 17

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 13

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (13)

    Chun leathnú a dhéanamh ar dheiseanna tacaíochta le haghaidh infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh forbairt thionsclaíoch agus atreisiú slabhraí luacha in earnálacha straitéiseacha a neartú, ba cheart raon feidhme na tacaíochta ó CFRE a leathnú trí fhoráil a dhéanamh maidir le cuspóirí sonracha faoi CFRE, gan dochar do na rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais agus caiteachais aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060 agus i Rialachán (AE) 2021/1058. In earnálacha straitéiseacha, ba cheart a bheith in ann tacú le hinfheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad, ar féidir leo rannchuidiú go mór le forbairt na réigiún beagfhorbartha agus na réigiún trasdula, agus i réigiúin níos forbartha sna Ballstáit ag a bhfuil OTI per capita atá faoi bhun mheán an Aontais. Moltar d’údaráis bhainistíochta an comhoibriú idir fiontair mhóra agus FBManna áitiúla, slabhraí soláthair, éiceachórais nuálaíochta agus teicneolaíochta a chur chun cinn. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí acmhainneacht fhoriomlán na hEorpa a neartú chun a seasamh sna hearnálacha sin a neartú trí rochtain a thabhairt do na Ballstáit uile le haghaidh infheistíochtaí den sórt sin, agus ar an gcaoi sin ghníomhófaí in aghaidh an riosca go dtiocfadh méadú ar éagothromaíochtaí.

    (13)

    Chun leathnú a dhéanamh ar dheiseanna tacaíochta le haghaidh infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh forbairt thionsclaíoch agus atreisiú slabhraí luacha in earnálacha straitéiseacha a neartú, ba cheart raon feidhme na tacaíochta ó CFRE a leathnú trí fhoráil a dhéanamh maidir le cuspóirí sonracha faoi CFRE, gan dochar do na rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais agus caiteachais aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060 (55) agus i Rialachán (AE) 2021/1058 (56). In earnálacha straitéiseacha, ba cheart a bheith in ann tacú le hinfheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair agus díriú ar leith ar FBManna agus cuideachtaí meánchaipitilithe, ar féidir leo rannchuidiú go mór le forbairt na réigiún beagfhorbartha agus na réigiún trasdula, agus i réigiúin níos forbartha sna Ballstáit ag a bhfuil OTI per capita atá faoi bhun mheán an Aontais. Moltar d’údaráis bhainistíochta an comhoibriú idir fiontair mhóra agus FBManna áitiúla, slabhraí soláthair, éiceachórais nuálaíochta agus teicneolaíochta a chur chun cinn. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí acmhainneacht fhoriomlán na hEorpa a neartú chun a seasamh sna hearnálacha sin a neartú trí rochtain a thabhairt do na Ballstáit uile le haghaidh infheistíochtaí den sórt sin, agus ar an gcaoi sin ghníomhófaí in aghaidh an riosca go dtiocfadh méadú ar éagothromaíochtaí. Ba cheart na hacmhainní atá clársceidealaithe do na cuspóirí sonracha nua sin a theorannú d’uasmhéid 20 % den leithdháileadh tosaigh CFRE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1058.

    Leasú 18

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 14

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (14)

    Ba cheart raon feidhme na tacaíochta do CUAC, a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1056, a leathnú freisin chun infheistíochtaí ag fiontair mhóra i dteicneolaíochtaí glana a rannchuidíonn le cuspóirí STEP a chumhdach, ar choinníoll go bhfuil siad comhoiriúnach leis an rannchuidiú ionchasach leis an aistriú chuig an aeráidneodracht mar a leagtar amach sna pleananna críochacha um aistriú cóir. Maidir leis an tacaíocht a thugtar d’infheistíochtaí den sórt sin, níor cheart gá a bheith le hathbhreithniú ar an bplean críochach um aistriú cóir i gcás ina mbeadh an t-athbhreithniú sin nasctha go heisiach leis an anailís ar bhearnaí lena dtugtar údar leis an infheistíocht ó thaobh cruthú post de.

    (14)

    ionchasach leis an aistriú chuig an Ba cheart raon feidhme na tacaíochta do CUAC, a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1056, (57) a leathnú freisin chun infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a chumhdach agus chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna chun tacú leis na hinfheistíochtaí sin, lena rannchuidítear le cuspóirí STEP ag fiontair a dhíríonn ar FBManna agus ar chuideachtaí meánchaipitlithe, ar choinníoll go bhfuil siad comhoiriúnach leis an rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis leis an aistriú chuig aeráidneodracht mar a leagtar amach sna pleananna críochacha um aistriú cóir. I gcomhthéacs na tacaíochta d’fhiontair nach FBManna iad, ba cheart machnamh a dhéanamh freisin ar infheistíochtaí a rannchuidíonn le printíseachtaí agus poist a chruthú nó a chuireann oideachas nó oiliúint ar fáil do scileanna nua. Maidir leis an tacaíocht a thugtar d’infheistíochtaí den sórt sin, níor cheart gá a bheith le hathbhreithniú ar an bplean críochach um aistriú cóir.

    Leasú 19

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 14a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (14 a)

    Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit a leithdháileadh sealadach iomlán nó cuid dá leithdháileadh sealadach a aistriú ó acmhainní BAR chuig CFRE nó CSE+, ar choinníoll go dtacóidh siad le hinfheistíochtaí táirgiúla, ar féidir leo rannchuidiú go suntasach le forbairt na réigiún beagfhorbartha agus na réigiún trasdula, agus i réigiúin níos forbartha sna Ballstáit a bhfuil OTI per capita acu atá faoi bhun mheán an Aontais, lena n-áirítear sna réigiúin agus sna pobail áitiúla sin is mó a ndéanann tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas difear dóibh. Maidir leis na hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí STEP atá le cistiú faoi CFRE agus CSE+ agus le BAR, is féidir críocha comhchosúla a bheith leo agus tá inneachar comhchosúil acu ós rud é go bhfuil sé d’aidhm acu araon ar deireadh cumas foriomlán na hEorpa a neartú chun a seasamh in earnálacha áirithe a neartú trí rochtain a thabhairt do na Ballstáit le haghaidh infheistíochtaí den sórt sin, agus ar an gcaoi sin cur i gcoinne an riosca go méadófar éagothromaíochtaí agus tionchair dhiúltacha ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú.

    Leasú 20

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 14b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (14b)

    Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit freisin a leithdháileadh sealadach iomlán nó cuid dá leithdháileadh sealadach a aistriú ó acmhainní BAR chuig CUAC, ar choinníoll go bhfuil na hacmhainní sin chun tacú le gníomhaíochtaí atá i gcomhréir le Pleananna formheasta um Aistriú Cóir, lena n-áirítear sna réigiúin um aistriú cóir is mó a ndéanann tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas difear dóibh go díreach nó go hindíreach. Is féidir le CUAC agus BAR araon rannchuidiú le cuspóirí STEP ós rud é go bhfuil sé d’aidhm acu araon éagsúlú eacnamaíoch réigiúnach a cheadú agus acmhainneacht fhoriomlán na hEorpa a neartú chun a seasamh in earnálacha áirithe a neartú trí rochtain a thabhairt do na Ballstáit ar infheistíochtaí, agus ar an gcaoi sin gníomhú in aghaidh an riosca go méadófar éagothromaíochtaí agus tionchair dhiúltacha ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú.

    Leasú 21

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris (16)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (16)

    Chun cuidiú le dlús a chur le hinfheistíochtaí agus leachtacht láithreach a sholáthar le haghaidh infheistíochtaí lena dtacaítear le cuspóirí STEP faoi CFRE, CSE+ agus CUAC, ba cheart méid breise réamh-mhaoinithe eisceachtúil a sholáthar i bhfoirm íocaíocht aonuaire i ndáil leis na tosaíochtaí atá tiomnaithe d’infheistíochtaí lena dtacaítear le cuspóirí STEP. Ba cheart feidhm a bheith ag an réamh-mhaoiniú breise maidir le leithdháileadh CUAC ina iomláine i bhfianaise an ghá atá le dlús a chur lena chur chun feidhme agus i bhfianaise naisc láidre CUAC chun tacú leis na Ballstáit i dtreo chuspóirí STEP. Ba cheart na rialacha is infheidhme maidir leis na méideanna sin de réamh-mhaoiniú eisceachtúil a bheith comhsheasmhach leis na rialacha is infheidhme maidir le réamh-mhaoiniú a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060. Thairis sin, chun glacadh infheistíochtaí den sórt sin a dhreasú a thuilleadh agus chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme níos tapúla iad, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann go mbeadh ráta méadaithe maoinithe 100 % ag an Aontas le haghaidh thosaíochtaí STEP. Agus cuspóirí nua STEP á gcur chun feidhme, moltar d’údaráis bhainistíochta critéir shóisialta áirithe a chur i bhfeidhm nó torthaí dearfacha sóisialta a chur chun cinn, amhail printíseachtaí agus poist a chruthú do dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste, go háirithe daoine óga i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna, na critéir dhámhachtana shóisialta a chur i bhfeidhm sna Treoracha maidir le soláthar poiblí nuair a chuireann comhlacht atá faoi réir soláthair phoiblí tionscadal chun feidhme, agus an pá is infheidhme a íoc mar a comhaontaíodh trí chómhargáil.

    (16)

    Chun cuidiú le dlús a chur le hinfheistíochtaí agus leachtacht láithreach a sholáthar le haghaidh infheistíochtaí lena dtacaítear le cuspóirí STEP faoi CFRE, CSE+ (59) agus CUAC, ba cheart méid breise réamh-mhaoinithe eisceachtúil a sholáthar i bhfoirm íocaíocht aonuaire i ndáil leis na tosaíochtaí atá tiomnaithe d’infheistíochtaí lena dtacaítear le cuspóirí STEP. Ba cheart feidhm a bheith ag an réamh-mhaoiniú breise maidir le leithdháileadh CUAC ina iomláine i bhfianaise an ghá atá le dlús a chur lena chur chun feidhme agus i bhfianaise naisc láidre CUAC chun tacú leis na Ballstáit i dtreo chuspóirí STEP. Ba cheart na rialacha is infheidhme maidir leis na méideanna sin de réamh-mhaoiniú eisceachtúil a bheith comhsheasmhach leis na rialacha is infheidhme maidir le réamh-mhaoiniú a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060. Thairis sin, chun glacadh infheistíochtaí den sórt sin a dhreasú a thuilleadh agus chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme níos tapúla iad, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann go mbeadh ráta méadaithe maoinithe suas le 100 % ag an Aontas le haghaidh thosaíochtaí STEP. Agus cuspóirí nua STEP á gcur chun feidhme, moltar d’údaráis bhainistíochta critéir shóisialta áirithe a chur i bhfeidhm agus torthaí dearfacha sóisialta a chur chun cinn, amhail printíseachtaí agus poist ardcháilíochta a chruthú do dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste, go háirithe daoine óga i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna, na critéir dhámhachtana shóisialta a chur i bhfeidhm sna Treoracha maidir le soláthar poiblí nuair a chuireann comhlacht atá faoi réir soláthair phoiblí tionscadal chun feidhme, agus an pá is infheidhme a íoc mar a comhaontaíodh trí chómhargáil.

    Leasú 22

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 18

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (18)

    Rinneadh an creat rialála le haghaidh chur chun feidhme chláir 2014-2020 a oiriúnú le blianta beaga anuas chun solúbthacht bhreise a thabhairt do na Ballstáit agus do na réigiúin i dtéarmaí rialacha cur chun feidhme agus níos mó leachtachta ann chun dul i ngleic le héifeachtaí phaindéim COVID-19 agus leis an gcogadh foghach in aghaidh na hÚcráine. Tá dóthain ama agus acmhainní riaracháin de dhíth chun na bearta sin, a thugtar isteach ag deireadh na clárthréimhse, a shaothrú agus a chur chun feidhme go hiomlán; agus tráth a dhíreoidh na Ballstáit acmhainní ar athbhreithniú a dhéanamh ar chláir oibríochtúla 2021-2027 atá nasctha le cuspóirí STEP. D’fhonn an t-ualach riaracháin ar údaráis na gclár a laghdú agus d’fhonn caillteanas féideartha cistí ag tráth an dúnta ar chúiseanna riaracháin amháin a chosc, ba cheart síneadh a chur leis na sprioc-amanna maidir le dúnadh riaracháin na gclár faoin tréimhse 2014-2020 i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (61) agus i Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 (62). Go sonrach, ba cheart síneadh 12 mhí a chur leis an sprioc-am chun an t-iarratas deiridh ar íocaíocht sin a chur isteach. Thairis sin, ba cheart síneadh 12 mhí a chur leis an sprioc-am chun na doiciméid um dhúnadh a chur isteach freisin. I gcomhthéacs an leasaithe sin, is iomchuí a shoiléiriú go bhféadfar leanúint de dháileadh an bhia agus an ábhair a cheannaítear go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta (deireadh 2023) tar éis an dáta sin. Chun cur chun feidhme fónta bhuiséad an Aontais agus urraim do na huasteorainneacha íocaíochta a áirithiú, ba cheart uasteorainn 1 % de na leithreasuithe airgeadais ó acmhainní faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil in aghaidh an chláir a chur leis na híocaíochtaí atá le déanamh in 2025. Ní dhéanfaí méideanna atá dlite a sháraíonn uasteorainn 1 % de leithreasuithe cláir in aghaidh an chiste do 2025 a íoc in 2025 ná sna blianta ina dhiaidh sin ach ní úsáidfí iad ach chun réamh-mhaoiniú a imréiteach. Déanfar méideanna nár úsáideadh a shaoradh i gcomhréir leis na rialacha ginearálta maidir le saoradh tráth an dúnta.

    (18)

    Rinneadh an creat rialála le haghaidh chur chun feidhme chláir 2014-2020 a oiriúnú le blianta beaga anuas chun solúbthacht bhreise a thabhairt do na Ballstáit agus do na réigiúin i dtéarmaí rialacha cur chun feidhme agus níos mó leachtachta ann chun dul i ngleic le héifeachtaí phaindéim COVID-19 agus leis an gcogadh foghach in aghaidh na hÚcráine. Tá dóthain ama agus acmhainní riaracháin de dhíth chun na bearta sin a shaothrú agus a chur chun feidhme go hiomlán; agus tráth a dhíreoidh na Ballstáit acmhainní ar athbhreithniú a dhéanamh ar chláir oibríochtúla 2021-2027 atá nasctha le cuspóirí STEP. D’fhonn an t-ualach riaracháin ar údaráis na gclár a laghdú agus d’fhonn caillteanas féideartha cistí ag tráth an dúnta ar chúiseanna riaracháin amháin a chosc, ba cheart síneadh a chur leis na sprioc-amanna maidir le dúnadh riaracháin na gclár faoin tréimhse 2014-2020 i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (61) agus i Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 (62). Go sonrach, ba cheart síneadh 12 mhí a chur leis an sprioc-am chun an t-iarratas deiridh ar íocaíocht sin a chur isteach. Thairis sin, ba cheart síneadh 12 mhí a chur leis an sprioc-am chun na doiciméid um dhúnadh a chur isteach freisin. Dá thoradh sin, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit an t-iarratas íocaíochta deiridh a chur isteach faoin 30 Meitheamh 2025 agus na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 138 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 faoin 15 Feabhra 2026, chun dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit bailchríoch a chur ar an bpróiseas a bhaineann le dúnadh na dtionscadal. I gcomhthéacs an leasaithe sin, is iomchuí a shoiléiriú go bhféadfar leanúint de dháileadh an bhia agus an ábhair a cheannaítear go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta (deireadh 2023) tar éis an dáta sin. Chun cur chun feidhme fónta bhuiséad an Aontais agus urraim do na huasteorainneacha íocaíochta a áirithiú, ba cheart uasteorainn 10 % de na leithreasuithe airgeadais ó acmhainní faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil in aghaidh an chláir a chur leis na híocaíochtaí atá le déanamh in 2025. Ní dhéanfaí méideanna atá dlite a sháraíonn uasteorainn 10 % de leithreasuithe cláir in aghaidh an chiste do 2025 a íoc in 2025 ná sna blianta ina dhiaidh sin ach ní úsáidfí iad ach chun réamh-mhaoiniú a imréiteach. Déanfar méideanna nár úsáideadh a shaoradh i gcomhréir leis na rialacha ginearálta maidir le saoradh tráth an dúnta. Agus dúshláin shonracha sna réigiúin is forimeallaí mar a shainmhínítear in Airteagal 349 CFAE á gcur san áireamh, ba cheart maolú sonrach a chur ar fáil maidir leis an spriocdháta don iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh agus ba cheart uasteorainn 15 % a chur leis na híocaíochtaí eatramhacha in 2025.

    Leasú 23

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 19

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (19)

    Is é InvestEU clár suaitheanta an Aontais chun borradh a chur faoin infheistíocht, go háirithe an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, trí mhaoiniú faoi thionchar an éilimh a sholáthar, lena n-áirítear trí shásraí measctha, agus trí chúnamh teicniúil. Rannchuidíonn cur chuige den sórt sin chun caipiteal poiblí agus príobháideach breise a phlódú isteach. I bhfianaise an éilimh mhóir ar an margadh atá ag ráthaíocht InvestEU, ba cheart urrann AE de InvestEU a threisiú chun go gcomhfhreagróidh sé do chuspóirí STEP. Neartóidh sé sin, i measc nithe eile, an fhéidearthacht atá ag InvestEU faoi láthair infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail atá mar chuid de IPCEI, laistigh de na hearnálacha teicneolaíochta criticiúla sainaitheanta. Ina theannta sin, moltar do na Ballstáit rannchuidiú le hurrann an Bhallstáit de InvestEU chun tacú le táirgí airgeadais i gcomhréir le cuspóirí STEP, gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir leis an státchabhair. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ranníocaíocht in airgead tirim a áireamh mar bheart ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta chun críocha urrann an Bhallstáit de InvestEU chun tacú le cuspóirí STEP. An ranníocaíocht bhreise sin chun tacú le cuspóirí STEP, d’fhéadfadh sí suas le 6 % de leithdháileadh airgeadais iomlán a bplean téarnaimh agus athléimneachta ar urrann an Bhallstáit de InvestEU a bhaint amach. Ba cheart solúbthacht bhreise agus soiléirithe breise a thabhairt isteach freisin chun cuspóirí STEP a shaothrú ar bhealach níos fearr.

    (19)

    Is é InvestEU clár suaitheanta an Aontais chun borradh a chur faoin infheistíocht, go háirithe an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, trí mhaoiniú faoi thionchar an éilimh a sholáthar, lena n-áirítear trí shásraí measctha, agus trí chúnamh teicniúil. Rannchuidíonn cur chuige den sórt sin chun caipiteal poiblí agus príobháideach breise a phlódú isteach. I bhfianaise an éilimh mhóir ar an margadh atá ag ráthaíocht InvestEU, ba cheart urrann AE de InvestEU a threisiú chun go gcomhfhreagróidh sé do chuspóirí STEP. Neartóidh sé sin, i measc nithe eile, an fhéidearthacht atá ag InvestEU faoi láthair infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail atá mar chuid de IPCEI, laistigh de na hearnálacha teicneolaíochta ábhartha sainaitheanta. Chun a áirithiú go n-ionsúfar go hiomlán na cistí atá ar fáil agus ar choinníoll nach bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ag comhpháirtithe cur chun feidhme an 25 % de ráthaíocht AE atá curtha in áirithe dóibh a ionsú, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, níos mó ná 75 % de ráthaíocht AE a dheonú do Ghrúpa BEI. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún spreagadh agus cúnamh a thabhairt do na comhpháirtithe cur chun feidhme seachas Grúpa BEI an cistiú atá ar fáil dóibh a ionsú ina iomláine. Ina theannta sin, moltar do na Ballstáit rannchuidiú le hurrann an Bhallstáit de InvestEU chun tacú le táirgí airgeadais i gcomhréir le cuspóirí STEP, gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir leis an státchabhair. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ranníocaíocht in airgead tirim a áireamh mar bheart ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta chun críocha urrann an Bhallstáit de InvestEU chun tacú le cuspóirí STEP. An ranníocaíocht bhreise sin chun tacú le cuspóirí STEP, d’fhéadfadh sí suas le 6 % de leithdháileadh airgeadais iomlán a bplean téarnaimh agus athléimneachta ar urrann an Bhallstáit de InvestEU a bhaint amach. Ba cheart solúbthacht bhreise agus soiléirithe breise a thabhairt isteach freisin chun cuspóirí STEP a shaothrú ar bhealach níos fearr. Go ginearálta, ba cheart an Coimisiún agus na húdaráis uile atá i bhfeighil na gclár a chuireann le cur chun feidhme STEP a spreagadh chun comhsheasmhacht, comhleanúnachas, comhlántacht agus sineirge a áirithiú i measc foinsí cistithe le cuspóirí STEP.

    Leasú 24

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 20

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (20)

    Is é an clár Fís Eorpach príomhchlár cistiúcháin an Aontais don taighde agus don nuálaíocht, agus cuireann an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) tacaíocht ar fáil do nuálaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ceannródaíoch agus suaiteach agus ag a bhfuil acmhainneacht fáis a bhféadfadh riosca ró-ard a bheith ag baint leo d’infheisteoirí príobháideacha. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht bhreise faoin gclár Fís Eorpach, ionas gur féidir le Luasaire CNE tacaíocht de chineál cothromais amháin a thabhairt do FBManna atá iontaofa ó thaobh brabúis, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus FBManna nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, atá ag dul i mbun nuálaíochta sna teicneolaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó STEP agus gan beann ar cé acu a fuair nó nach bhfuair siad cineálacha eile tacaíochta roimhe sin ó Luasaire CNE. cur chun feidhme Chiste CNE teoranta d’uasmhéid infheistíochta EUR 15 mhilliún faoi láthair ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus ní féidir leis freastal ar bhabhtaí maoinithe leantaigh ná ar mhéideanna infheistíochta níos mó. Dá gceadófaí tacaíocht de chineál cothromais amháin i gcás FBManna nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, thabharfaí aghaidh ar an mbearna sa mhargadh atá ann faoi láthair le riachtanais infheistíochta idir EUR 15 mhilliún agus EUR 50 milliún. Thairis sin, is léir ón taithí a fuarthas nach n-úsáidtear ina n-iomláine na méideanna geallta do Threoirthionscadal CNE faoin gclár Fís 2020. Ba cheart na cistí sin nár úsáideadh a chur ar fáil chun críocha Luasaire CNE faoin gclár Fís Eorpach. Ba cheart an Rialachán maidir le Fís Eorpach a leasú freisin chun an t-imchlúdach méadaithe don Chiste Eorpach Cosanta a léiriú.

    (20)

    Is é an clár Fís Eorpach príomhchlár cistiúcháin an Aontais don taighde agus don nuálaíocht, agus cuireann an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) tacaíocht ar fáil, go háirithe do nuálaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ceannródaíoch agus suaiteach agus ag a bhfuil acmhainneacht fáis a bhféadfadh riosca ró-ard a bheith ag baint leo d’infheisteoirí príobháideacha. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht bhreise faoin gclár Fís Eorpach, ionas gur féidir le Luasaire CNE tacaíocht de chineál cothromais amháin a thabhairt do FBManna atá iontaofa ó thaobh brabúis, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus FBManna nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, atá ag dul i mbun nuálaíochta, go háirithe iad siúd atá ag obair ar na teicneolaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó STEP agus gan beann ar cé acu a fuair nó nach bhfuair siad cineálacha eile tacaíochta roimhe sin ó Luasaire CNE. I gcur chun feidhme Chiste CNE, chuir an Coimisiún teorainn EUR 15 mhilliún ar a mhéid le hinfheistíochtaí an Chiste ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus chuir sé sin teorainn éifeachtúil leis an gCiste sa chaoi is nach bhféadfadh sé freastal ar bhabhtaí maoiniúcháin leantacha nó méideanna infheistíochta níos mó. Dá gceadófaí tacaíocht de chineál cothromais amháin i gcás FBManna nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, thabharfaí aghaidh ar an mbearna sa mhargadh atá ann faoi láthair, go háirithe le haghaidh riachtanais infheistíochta idir EUR 15 mhilliún agus EUR 50 milliún. Thairis sin, is léir ón taithí a fuarthas nach n-úsáidtear ina n-iomláine na méideanna geallta do Threoirthionscadal CNE faoin gclár Fís 2020. I gcomhréir le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2018/1046, ba cheart na cistí sin nár úsáideadh a chur ar fáil chun críocha Luasaire CNE faoin gclár Fís Eorpach. Ba cheart an Rialachán maidir le Fís Eorpach a leasú freisin chun an t-imchlúdach méadaithe don Chiste Eorpach Cosanta a léiriú.

    Leasú 25

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 20 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (20a)

    Tá ról lárnach ag CNE maidir le maoiniú tosaigh a thairiscint do ghnólachtaí nuathionscanta atá ag fás go tapa agus do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga. Leis an saineolas atá aici, tá CNE in ann, go hidéalach, feabhas a chur ar na deiseanna cistiúcháin atá ann do chuideachtaí atá ag iarraidh caipiteal a mhéadú i ndiaidh chéim thosaigh na nuálaíochta. Mar sin féin, léiríodh le cur chun feidhme Luasaire CNE go dtí seo, mar thoradh ar nádúr uaillmhianach agus claochlaitheach CNE mar infheisteoir tagartha le haghaidh nuálaíocht cheannródaíoch san Eoraip trí Chiste CNE, gur cruthaíodh dúshláin chur chun feidhme agus éiginnteacht dhlíthiúil do na heintitis cur chun feidhme, go háirithe i ndáil lex ról Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin CNE agus FBManna. I bhfianaise ról lárnach Chiste CNE sa rath atá ar STEP, ba cheart na forálacha reachtacha ábhartha maidir le feidhmiú CNE a shoiléiriú. Sa phróiseas chun feidhmiú CNE a fheabhsú tuilleadh, ba cheart breithniú a dhéanamh ar chomhlacht neamhspleách de chuid an Aontais a bhunú de bhun Airteagal 187 CFAE mar an príomheintiteas atá freagrach as CNE a chur chun feidhme.

    Leasú 26

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 21

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (21)

    Is é an Ciste Eorpach Cosanta an príomhchlár chun iomaíochas, nuálaíocht, éifeachtúlacht agus uathriail theicneolaíoch thionscal cosanta an Aontais a fheabhsú, rud a chuireann le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais. Tá forbairt cumas cosanta ríthábhachtach, mar cuirtear taca léi faoi acmhainneacht agus neamhspleáchas earnáil tionsclaíochta na hEorpa chun táirgí cosanta a fhorbairt, agus neamhspleáchas na mBallstát mar úsáideoirí deiridh na dtáirgí sin. Dá bhrí sin, ba cheart an t-imchlúdach breise a chur ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí i réimse na dteicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha a rannchuidíonn le forbairt feidhmeanna cosanta.

    (21)

    Is é an Ciste Eorpach Cosanta an príomhchlár chun iomaíochas, nuálaíocht, éifeachtúlacht agus uathriail theicneolaíoch thionscal cosanta an Aontais a fheabhsú, rud a chuireann le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais. Tá forbairt cumas cosanta ríthábhachtach, mar cuirtear taca léi faoi acmhainneacht agus neamhspleáchas earnáil tionsclaíochta na hEorpa chun táirgí cosanta a fhorbairt, agus neamhspleáchas na mBallstát mar úsáideoirí deiridh na dtáirgí sin. Dá bhrí sin, ba cheart an t-imchlúdach breise a chur ar fáil chun tacú le tionscadail i réimse na dteicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha a rannchuidíonn le forbairt feidhmeanna cosanta.

    Leasú 27

    Togra le haghaidh rialacháin

    Aithris 21a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (21a)

    Chun tionchar na tacaíochta iasachta atá ar fáil faoi Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [RRF] a uasmhéadú agus na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 4 den Rialachán sin á saothrú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cistiú breise a iarraidh i bhfoirm iasachtaí, arna dtarraingt ón tacaíocht iasachta a bheidh fós ar fáil faoin Rialachán sin tar éis an 1 Meán Fómhair 2023, d’fhonn fáltais na n-iasachtaí sin a ranníoc i bhfoirm airgid thirim chuig urrann an Bhallstáit de InvestEU chun tacú le cuspóirí STEP. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tacaíocht iasachta den sórt sin a iarraidh go dtí an 15 Nollaig 2023.

    Leasú 28

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 1– mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Bunaítear leis an Rialachán seo Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’ nó ‘an tArdán’) chun tacú le teicneolaíochtaí straitéiseacha criticiúla agus le teicneolaíochtaí straitéiseacha atá ag teacht chun cinn.

    Bunaítear leis an Rialachán seo Ardán Teicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’ nó ‘an tArdán’) chun tacú le teicneolaíochtaí straitéiseacha agus a slabhraí soláthair faoi seach in earnálacha ábhartha, agus ar an gcaoi sin tacú le cur chun feidhme Chlár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach arna bhunú le Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) , Rialachán (AE) .../... [an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta] agus Rialachán (AE) .../... [an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla]

     

    Leasú 29

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Chun an cheannasacht agus an tslándáil Eorpach a neartú, dlús a chur le haistriú glas agus aistriú digiteach an Aontais agus feabhas a chur ar a iomaíochas, a spleáchais straitéiseacha a laghdú, cothrom iomaíochta a chothú sa Mhargadh Aonair le haghaidh infheistíochtaí ar fud an Aontais, agus rochtain chuimsitheach ar phoist tharraingteacha ardcháilíochta a chur chun cinn, saothrófar na cuspóirí seo a leanas leis an Ardán:

    1.   Chun ceannasacht thionsclaíoch agus slándáil thionsclaíoch na hEorpa a neartú, spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú, dlús a chur le haistrithe glasa agus digiteacha an Aontais agus feabhas a chur ar a iomaíochas, cothrom iomaíochta a chothú sa Mhargadh Aonair le haghaidh infheistíochtaí san Aontas, rannpháirtíocht trasteorann a chothú, lena n-áirítear FBManna, comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus dlúthpháirtíocht a neartú i measc na mBallstát agus na réigiún, rochtain chuimsitheach ar phoist tharraingteacha ardcháilíochta a chur chun cinn agus rochtain ar mhaoiniú a éascú do thionscnóirí tionscadail, na nósanna imeachta a chuíchóiriú agus an t-ualach riaracháin a bhaineann leo a laghdú, saothróidh an tArdán na cuspóirí seo a leanas:

    Leasú 30

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe a – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    tacú le forbairt agus monarú teicneolaíochtaí criticiúla sna réimsí seo a leanas ar fud an Aontais, nó na slabhraí luacha faoi seach a choimirciú agus a neartú:

    (a)

    tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí sna hearnálacha seo a leanas ar fud an Aontais, nó na slabhraí soláthair faoi seach amhail dá dtagraítear i mír 4, a choimirciú agus a neartú:

    Leasú 31

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe a – pointe i

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (i)

    teicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha

    (i)

    teicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear tionscadail ilnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) de Chinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus a rannchuidíonn le spriocanna agus cuspóirí Chlár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach arna bhunú leis an gCinneadh sin;

    Leasú 32

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe a – pointe ii

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (ii)

    teicneolaíochtaí glana

    (ii)

    teicneolaíochtaí glan-nialasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (...) de Rialachán (AE) .../...[an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta];

    Leasú 33

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe a – pointe iii

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (iii)

    bith-theicneolaíocht

    (iii)

    biteicneolaíochtaí, mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus eolaíocht bheatha, lena n-áirítear táirgí íocshláinte ar Liosta an Aontais de Chógais Leighis Chriticiúla agus a gcomhpháirteanna;

    Leasú 34

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna atá ríthábhachtach do gach cineál post ardcháilíochta lena dtacaítear leis an gcuspóir faoi phointe (a).

    (b)

    aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna atá ríthábhachtach do gach cineál post ardcháilíochta chun tacú leis an gcuspóir a leagtar amach i bpointe (a), go háirithe tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus tionscnaimh oideachais agus oiliúna atá i bhfeidhm cheana, lena n-áirítear Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-Nialasachta arna mbunú de bhun Airteagal 23 de Rialachán (AE) .../... [An Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta].

    Leasú 35

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe ba (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ba)

    nuálaíocht dhomhainteicneolaíochta a chothú, chun tacú leis an gcuspóir a leagtar amach i bpointe (a), lena bhféadfaí réitigh chlaochlaitheacha a sholáthar, atá fréamhaithe san eolaíocht cheannródaíoch, sa teicneolaíocht agus san innealtóireacht, lena n-áirítear nuálaíocht lena gcomhcheanglaítear dul chun cinn sna réimsí fisiciúla, bitheolaíocha agus digiteacha.

    Leasú 36

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2– mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Measfar na teicneolaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad mhír a bheith criticiúil i gcás ina gcomhlíonfaidh siad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:

    2.   Measfar na teicneolaíochtaí, lena n-áirítear a slabhraí soláthair, dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad mhír a bheith criticiúil i gcás ina gcomhlíonfaidh siad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:

    Leasú 37

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 2 – fomhír 2 (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Faoin ... [dhá mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shainmhíniú á dhéanamh ar conas is féidir leis na teicneolaíochtaí, lena n-áirítear a slabhraí soláthair, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo coinníollacha na míre seo a chomhlíonadh. Déanfar an gníomh tarmligthe a athbhreithniú i bhfianaise na tuarascála meastóireachta eatramhaí dá dtagraítear in Airteagal 42(8).

    Leasú 38

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.     I gcás ina mbaineann Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) arna fhormheas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 107(3), pointe (b) CFAE le haon cheann de na réimsí teicneolaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, measfar na teicneolaíochtaí ábhartha a bheith criticiúil.

    scriosta

    Leasú 39

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   An slabhra luacha chun teicneolaíochtaí criticiúla dá dtagraítear sa chéad mhír a mhonarú, baineann sé le táirgí deiridh, chomh maith le príomh-chomhpháirteanna, innealra sonrach agus amhábhair chriticiúla a úsáidtear go príomha chun na táirgí sin a tháirgeadh.

    4.   Baineann an slabhra soláthair le haghaidh monarú teicneolaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 le táirgí deiridh, chomh maith le comhpháirteanna, innealra agus amhábhair chriticiúla mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) .../... [an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla] atá fíor-riachtanach do tháirgeadh agus d’fheidhmiú na dtáirgí sin.

    Leasú 40

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 4a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    4a.     Comhlíonann tionscadail straitéiseacha arna sainaithint faoi Rialachán (AE).../... [An Gníomh um Thionscal Glan-Nialasach], na critéir athléimneachta mar a shainmhínítear in Airteagal 10(1)(a) den Rialachán sin nó na critéir iomaíochais mar a shainmhínítear in Airteagal 10(1)(b) den Rialachán sin i bpróiseas roghnúcháin na dtionscadal straitéiseach glan-nialasach, agus (AE)... [an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla] measfar go ndéanfar cuspóirí an Ardáin STEP a chomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

    Leasú 41

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 2 – mír 4b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    4b.     Agus cláir agus gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme acu chun na cuspóirí faoin Rialachán seo a bhaint amach, cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit béim ar leith ar thacaíocht a thabhairt do Ghleannta um an Tionscal Glan-nialasachta, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) .../... [an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta] tionscadail i gcríocha a áirítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1056. agus i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula, agus i réigiúin níos forbartha sna Ballstáit a bhfuil a meán-OTI per capita faoi bhun mheán AE-27 arna thomhas de réir chaighdeáin chumhachta ceannaigh (CCC) agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais don tréimhse 2015-2017.

    Leasú 42

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Tacófar le cur chun feidhme an Ardáin, go háirithe, tríd an méid seo a leanas:

    1.   Soláthrófar tacaíocht airgeadais do chur chun feidhme an Ardáin ó chláir agus ó chistí de chuid an Aontais atá ann cheana. Chun a gcumas cuspóirí STEP a bhaint amach a neartú, cuirfear cistiú breise ar fáil do na cláir agus do na cistí seo a leanas de chuid an Aontais:

    Leasú 43

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    ráthaíocht AE dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/523 leis an méid táscach EUR 7 500 000 000 . Cuirfear an ráthaíocht sin chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/523;

    (a)

    ráthaíocht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/523 leis an méid táscach EUR 10 500 000 000 , a chuirfear chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán sin;

    Leasú 44

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    méid EUR 500 000 000 i bpraghsanna reatha den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 12(2)(c) de Rialachán (AE) 2021/695. Cuirfear an méid sin chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/695;

    (b)

    méid EUR 1 300 000 000 i bpraghsanna reatha den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 12(2)(c) de Rialachán (AE) 2021/695, a chuirfear chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán sin;

    Leasú 45

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    méid EUR 5 000 000 000 i bpraghsanna reatha den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear sa séú fomhír d’Airteagal 10a(8)de Threoir 2003/87/CE. Cuirfear an méid sin chun feidhme laistigh den Chiste don Nuálaíocht i gcomhréir le rialacha Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE agus Rialachán Tarmligthe [2019/856] ón gCoimisiún.

    (c)

    méid EUR 5 000 000 000 i bpraghsanna reatha den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear sa séú fomhír d’Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE, a chuirfear chun feidhme laistigh den Chiste don Nuálaíocht i gcomhréir le rialacha Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún.

    Leasú 46

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    Méid EUR 1 500 000 000 i bpraghsanna reatha den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/697. Cuirfear an méid sin chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/697.

    (d)

    Méid EUR 2 500 000 000 i bpraghsanna reatha den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/697, a chuirfear chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán sin.

    Leasú 47

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Séala Ceannasachta agus cistiú carnach

    Séala Ceannasachta, cistiú comhcheangailte agus carnach

    Leasú 48

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Déanfaidh an Coimisiún Séala Ceannasachta a bhronnadh ar aon ghníomhaíocht a chuireann le haon cheann de chuspóirí an Ardáin, ar choinníoll go bhfuil measúnú déanta ar an ngníomhaíocht agus go gcomhlíonann sí na híoscheanglais cháilíochta, go háirithe incháilitheacht, eisiamh agus critéir dhámhachtana, dá bhforáiltear le glao ar thograí faoi Rialachán (AE) 2021/695, Rialachán (AE) 2021/694, Rialachán (AE) 2021/697, Rialachán (AE) 2021/522, nó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún.

    1.   Déanfaidh an Coimisiún Séala Ceannasachta a bhronnadh ar aon tionscadal a chuireann le haon cheann de chuspóirí an Ardáin, ar choinníoll go bhfuil measúnú déanta ar an tionscadal sin agus go gcomhlíonann sí na híoscheanglais cháilíochta, go háirithe incháilitheacht, eisiamh agus critéir dhámhachtana, dá bhforáiltear le glao ar thograí faoi Rialachán (AE) 2021/695, Rialachán (AE) 2021/694, Rialachán (AE) 2021/697, Rialachán (AE) 2021/522, Rialachán (AE) 2021/1060 nó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún, nó a sainaithníodh mar thionscadal straitéiseach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) .../... (‘an Gníomh um Thionscal Glan-Nialasach’), ma chomhlíonann an tionscadal sin leis na critéir athléimneachta mar a shainmhínítear in Airteagal 10(1), pointe (a) den Rialachán sin nó na critéir iomaíochais mar a shainmhínítear in Airteagal 10(1)(b) den Rialachán maidir leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta i bpróiseas roghnúcháin na dtionscadal straitéiseach glan-nialasach, nó mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) .../... (‘an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla’). Beidh na glaonna ar thograí ar oscailt go leanúnach.

    Leasú 49

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1a.     Agus measúnú á dhéanamh aige i dtaobh an rannchuidíonn tionscadal le haon cheann de chuspóirí an Ardáin i gcomhréir le mír 1, cuirfidh an Coimisiún san áireamh rannchuidiú an tionscadail le líonraí áitiúla gníomhaithe tionsclaíocha a neartú agus a struchtúrú agus a rannchuidiú chun poist a chruthú.

    Leasú 50

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 – mír 1 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1b.     Beidh an Séala Ceannasachta bailí ar feadh thréimhse chur chun feidhme an tionscadail, ar lena linn a bheidh gealltanas ón gcuideachta gan an tionscadal a athlonnú lasmuigh den Aontas. Mura bhfuil tionscadal tosaithe laistigh de chúig bliana tar éis don séala a bheith bronnta air, is féidir é a athbhreithniú chun é a chomhoiriúnú le tosaíochtaí straitéiseacha STEP. Agus an t-athbhreithniú thuasluaite á sheoladh aige, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh gach tionscadal dlí saothair, cearta sóisialta agus cearta oibrithe an Aontais agus náisiúnta, chomh maith leis na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme.

    Leasú 51

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 – mír 1 c (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1c.     Ní dhéanfar Séala Ceannasachta a bhronnadh do thionscadail arna mbainsitiú trí eintiteas dlíthiúil arna bhunú i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe le clár an Aontais lena mbaineann nó, i gcás inar bunaíodh san Aontas nó i dtír comhlachaithe é nó a bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin i dtír neamhchomhlachaithe;

    Leasú 52

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 – mír 1 d (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1d.     Ní dhéanfar Séala Ceannasachta a bhronnadh do thionscadail arna mbainistiú ag eintitis dhlíthiúla atá mar chuid de chuibhreannas ach amháin má tá eintiteas dlíthiúil neamhspleách amháin ar a laghad atá mar chuid den chuibhreannas sin bunaithe i mBallstát agus má tá dhá eintiteas dhlíthiúla neamhspleácha eile ar a laghad atá mar chuid den chuibhreannas sin bunaithe i mBallstáit nó i dtíortha comhlachaithe éagsúla.

    Leasú 53

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Féadfar an Séala Ceannasachta a úsáid mar lipéad cáilíochta, go háirithe chun na gcríoch seo a leanas:

    2.   Déanfar an Séala Ceannasachta a úsáid mar lipéad cáilíochta, go háirithe chun na gcríoch seo a leanas:

    Leasú 54

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 – mír 2 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    tacaíocht a fháil don ghníomhaíocht faoi chiste nó faoi chlár eile de chuid an Aontais i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an gciste nó leis an gclár sin, nó

    (a)

    tacaíocht a fháil don tionscadal faoi chiste nó faoi chlár eile de chuid an Aontais i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an gciste nó leis an gclár sin, nó

    Leasú 55

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 – mír 2 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    an ghníomhaíocht a mhaoiniú trí chistiú carnach nó comhcheangailte le hionstraim eile de chuid an Aontais i gcomhréir le rialacha na mbunghníomhartha is infheidhme.

    (b)

    an tionscadal a mhaoiniú trí chistiú carnach nó comhcheangailte le hionstraim eile de chuid an Aontais i gcomhréir le rialacha na mbunghníomhartha is infheidhme.

    Leasú 56

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   Agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241, measfaidh na Ballstáit, gan dochar d’fhorálacha an Rialacháin sin, gur gníomhaíocht tosaíochta í ar bronnadh Séala Ceannasachta uirthi i gcomhréir le mír 1.

    3.   Agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241, measfaidh na Ballstáit, gan dochar d’fhorálacha an Rialacháin sin, gur tionscadail tosaíochta iad ar bronnadh Séala Ceannasachta uirthi i gcomhréir le mír 1.

    Leasú 57

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    4.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le tionscadail infheistíochta a mhaoiniú óna sciartha faoi seach den Chiste don Nuachóiriú i gcomhréir le hAirteagal 10d de Threoir 2003/87/CE, breithneoidh na Ballstáit mar thionscadail tosaíochta le haghaidh teicneolaíochtaí glana criticiúla a bhfuil an Séala Ceannasachta faighte acu i gcomhréir le mír 1. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh tacaíocht náisiúnta a dheonú do thionscadail a bhfuil Séala Ceannasachta acu lena rannchuidítear le cuspóir an Ardáin dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a)(ii).

    4.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le tionscadail infheistíochta lena maoiniú óna sciartha faoi seach den Chiste don Nuachóiriú i gcomhréir le hAirteagal 10d de Threoir 2003/87/CE, déanfaidh na Ballstáit na tionscadail sin le haghaidh teicneolaíochtáí glan-nialasacha a mheas mar thosaíocht mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) .../... [an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta] ar tionscadail iad a bhfuil an Séala Ceannasachta faighte acu i gcomhréir le mír 1. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh tacaíocht náisiúnta a dheonú do thionscadail a bhfuil Séala Ceannasachta acu ar tionscadail iad a rannchuidíonn le cuspóir an Ardáin le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasacha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) .../... [an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta].

    Leasú 58

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    5.   Faoi Rialachán (AE) 2021/523, cuirfear an Séala Ceannasachta san áireamh i gcomhthéacs an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus i gcomhthéacs na seiceála beartais mar a leagtar síos in Airteagal 23(3) den Rialachán sin. Ina theannta sin, déanfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme scrúdú ar thionscadail ar bronnadh an Séala Ceannasachta orthu i gcás ina dtagann siad faoina raon feidhme geografach agus gníomhaíochta mar a leagtar síos in Airteagal 26(5) den Rialachán sin.

    5.   Faoi Rialachán (AE) 2021/523, cuirfear an Séala Ceannasachta san áireamh i gcomhthéacs an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus i gcomhthéacs na seiceála beartais mar a leagtar síos in Airteagal 23(3) den Rialachán sin. Ina theannta sin, déanfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme scrúdú ar bhealach tráthúil ar thionscadail ar bronnadh an Séala Ceannasachta orthu i gcás ina dtagann siad faoina raon feidhme geografach agus gníomhaíochta mar a leagtar síos in Airteagal 26(5) den Rialachán sin.

    Leasú 59

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 4 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Airteagal 4a

     

    Coiste STEP

     

    1.     Bunóidh an Coimisiún Coiste STEP ar a mbeidh saineolaithe ón gCoimisiún maidir leis na teicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a) agus maidir le cláir agus cistí an Aontais óna dtugtar tacaíocht airgeadais don Ardán.

     

    2.     Beidh na cúraimí seo a leanas ar Choiste STEP:

     

    (a)

    an Séala Ceannasachta dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a bhronnadh agus a chur chun cinn agus idirchaidreamh a dhéanamh leis na húdaráis bhainistíochta atá freagrach as glaonna ar thograí agus glaonna ar thairiscintí chun na deiseanna maoinithe ar fud na gclár do thionscadail ar bronnadh Séala na Ceannasachta orthu a mhéadú, gan cur isteach ar na nósanna imeachta roghnúcháin;

     

    (b)

    an Séala Ceannasachta a bhronnadh ar thionscadail arna gcistiú ag cistí an Bheartais Chomhtháthaithe a rannchuidíonn le cuspóirí an Ardáin mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo;

     

    (c)

    an tairseach cheannasach a chur ar bun agus a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 6;

     

    (d)

    idirchaidreamh a dhéanamh le struchtúir eile atá ann cheana, go háirithe an tArdán um ghlan-nialasacht na hEorpa arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) .../... [an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta ] agus an Bord um Amhábhair Chriticiúla arna bhunú de bhun Rialachán (AE) .../... [an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla], na húdaráis inniúla náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Rialachán seo, na comhpháirtithe cur chun feidhme agus an Grúpa Comhairleach Tionsclaíoch dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, d’fhonn faisnéis a chomhordú agus a mhalartú faoi riachtanais airgeadais na scrogall atá ann cheana agus faoi na cleachtais is fearr le haghaidh tionscadal ar fud an Aontais;

     

    (e)

    teagmhálacha a chothú ar fud na n-earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 2, agus úsáid ar leith á baint as na comhghuaillíochtaí, na líonraí agus na struchtúir thionsclaíocha atá ann cheana, amhail an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) agus na Comhghnóthais.

     

    3.     Bunóidh an Coimisiún Grúpa Comhairleach Tionsclaíoch maidir le Teicneolaíochtaí Straitéiseacha a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó thionscal an Aontais chun comhairle agus cúnamh a thabhairt dó maidir le cur chun feidhme an Ardáin sna hearnálacha ábhartha.

    Leasú 60

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Airteagal 5

    scriosta

    Faireachán ar chur chun feidhme

     

    1.     Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an Ardáin agus déanfaidh sé gnóthú chuspóirí an Ardáin a leagtar amach in Airteagal 2 a thomhas. Beidh an faireachán ar chur chun feidhme spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin Ardán.

     

    2.     Le córas faireacháin an Choimisiúin, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéantar faoin Ardán agus ar thorthaí na ngníomhaíochtaí sin ar bhealach atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil.

     

    3.     Tuairisceoidh an Coimisiún maidir leis an gcaiteachas a mhaoinítear leis an Ardán. Tuairisceoidh sé, de réir mar is iomchuí, ar na gnóthachain a bhaineann le gach ceann de chuspóirí sonracha an Ardáin.

     

    Leasú 61

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Bunóidh an Coimisiún suíomh gréasáin tiomnaithe atá ar fáil go poiblí (an ‘tairseach Cheannasachta’), lena dtabharfar faisnéis d’infheisteoirí faoi dheiseanna cistiúcháin maidir le tionscadail a bhaineann le cuspóirí an Ardáin agus tabharfaidh sé infheictheacht do na tionscadail sin, go háirithe tríd an bhfaisnéis seo a leanas a thaispeáint:

    1.   Bunóidh an Coimisiún suíomh gréasáin tiomnaithe atá ar fáil go poiblí (an ‘tairseach Cheannasachta’), lena dtabharfar faisnéis faoi dheiseanna cistiúcháin maidir le tionscadail a bhaineann le cuspóirí an Ardáin agus tabharfaidh sé infheictheacht do na tionscadail sin, go háirithe tríd an bhfaisnéis seo a leanas a thaispeáint:

    Leasú 62

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 1 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    glaonna ar thograí atá ar siúl faoi láthair agus atá ar na bacáin agus glaonna ar thairiscintí atá nasctha le cuspóirí an Ardáin faoi na cláir agus na cistí faoi seach;

    (a)

    faisnéis faoi chláir agus faoi chistí de chuid an Aontais laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo agus glaonna ar thograí atá ar siúl faoi láthair agus atá ar na bacáin agus glaonna ar thairiscintí atá nasctha le cuspóirí an Ardáin faoi na cláir agus na cistí faoi seach;

    Leasú 63

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 1 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (d)

    teagmhálacha leis na húdaráis inniúla náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 4;

    (d)

    sonraí teagmhála na n-údarás inniúil náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 4;

    Leasú 64

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3a.     Leis an Tairseach Cheannasachta, áireofar ionsamhlóir tapa chun treoir a chur ar fáil do thionscnóirí tionscadail, go háirithe do FBManna, maidir le clár nó ciste an Aontais a bhféadfadh a dtionscadal ar leith a bheith incháilithe ina leith. Ní chuirfidh an t-ionsamhlóir de cheangal ar thionscnóirí tionscadail faisnéis rúnda ghnó a sholáthar agus ní bheidh a torthaí ceangailteach ó thaobh dlí ar na húdaráis atá freagrach as maoiniú a dhámhachtain

    Leasú 65

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 6 – mír 4 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    4a.     I gcás tionscadail a bhaineann le slándáil agus cosaint, ní dhéanfar faisnéis a thaispeáint ach ar bhonn cás ar chás, má mheasann an tionscadal nó an Coimisiún gur gá sin, agus rúndacht shlándáil na faisnéise i gcúrsaí cosanta á cur san áireamh.

    Leasú 66

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – teideal

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Tuarascáil bhliantúil

    Faireachán agus tuairisciú bliantúil

    Leasú 67

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Ardáin.

    1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an Ardáin agus déanfaidh sé gnóthú chuspóirí an Ardáin a leagtar síos in Airteagal 2 a thomhas. Beidh an faireachán ar an gcur chun feidhme spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin Ardán.

    Leasú 68

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 1 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1a.     Déanfaidh an Coimisiún an córas faireacháin a dhearadh sa chaoi go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéantar faoin Ardán agus go mbaileofar torthaí na ngníomhaíochtaí sin ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha um thuairisciú ar thairbhithe an chistithe.

    Leasú 69

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 1 b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    1b.     Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Ardáin. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil ar fáil go poiblí.

    Leasú 70

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis chomhdhlúite maidir leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme chuspóirí an Ardáin faoi gach ceann de na cláir agus na cistí.

    2.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis chomhdhlúite maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme chuspóirí an Ardáin faoi gach ceann de na cláir agus na cistí chomh maith le faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil maidir le rannchuidiú an Ardáin le tionscadail trasteorann agus le tionscadail in aghaidh an Bhallstáit.

    Leasú 71

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 3 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    caiteachas foriomlán STEP arna mhaoiniú faoi na cláir faoi seach;

    (a)

    caiteachas foriomlán STEP arna mhaoiniú faoi na cláir agus na cistí faoi seach;

    Leasú 72

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 3 – pointe b a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (ba)

    measúnú tionchair lena gcinnfear an chaoi a gcuireann na tionscadail charntha faoi STEP le cuspóirí straitéiseacha an Aontais maidir le hiomaíochas fadtéarmach a áirithiú;

    Leasú 73

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 7 – mír 3 – pointe b b (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (bb)

    anailís ar dháileadh geografach agus teicneolaíoch na dtionscadal ar bronnadh Séala na Ceannasachta orthu.

    Leasú 74

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Faoin 31 Nollaig 2025, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar chur chun feidhme an Ardáin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

    1.   Faoin 31 Nollaig 2025, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta eatramhach ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Ardáin, le staid spleáchais an Aontais, agus leis na hearnálacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, chun bonn eolais a sholáthar don phróiseas cinnteoireachta faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil iar-2027 ar bhealach tráthúil.

    Leasú 75

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    2.   Sa tuarascáil mheastóireachta, déanfar measúnú, go háirithe, ar a mhéid a gnóthaíodh na cuspóirí, ar éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus ar an mbreisluach Eorpach. Déanfar breithniú inti freisin ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile, i bhfianaise an mhéadaithe a d’fhéadfadh teacht orthu.

    2.   Déanfar measúnú sa tuarascáil eatramhach mheastóireachta, go háirithe, ar a mhéid a rannchuidigh STEP leis na cuspóirí a bhaint amach, le héifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus le breisluach Eorpach an Ardáin. Tabharfar forléargas ann freisin ar na réigiúin ar leasaíodh na cláir ina leith, lena n-áirítear faisnéis faoi ghnéithe ábhartha de phrionsabal na comhpháirtíochta, déanfaidh sé ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na dtionscadal uile a mheas, i bhfianaise an mhéadaithe a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, agus déanfaidh sé measúnú ar a indéanta atá sé gach suíomh gréasáin atá ann cheana agus atá ar fáil go poiblí agus atá á mbainistiú ag an gCoimisiún a chomhcheangal le chéile agus faisnéis a sholáthar faoi chláir agus faoi chistí de chuid an Aontais faoi bhainistíocht dhíreach, chomhroinnte agus indíreach i dtairseach aonair, chun deiseanna cistiúcháin an Aontais a thabhairt níos gaire do thairbhithe féideartha agus chun trédhearcacht i leith shaoránaigh an Aontais a fheabhsú.

    Leasú 76

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    3.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasuithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis an meastóireacht sin.

    3.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasuithe ar an Rialachán seo nó togra reachtach le haghaidh Ciste Eorpach Ceannasachta lánfheidhme ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta eatramhach, agus é mar aidhm leis sin cuidiú le beartas tionsclaíoch Eorpach a mhúnlú agus a neartú agus spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú, agus lena n-áirithítear feidhmiú ceart an mhargaidh aonair, agus saobhadh margaidh á sheachaint agus cothrom iomaíochta a chruthú san Aontas agus i dtríú tíortha ag an am céanna. I gcás ina roghnóidh an Coimisiún gan togra reachtach le haghaidh Ciste Eorpach Ceannasachta a thíolacadh, tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh ina thuarascáil mheastóireachta eatramhach.

    Leasú 77

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 8 – mír 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    3a.     Ag deireadh chur chun feidhme chláir agus chistí an Aontais óna dtugtar tacaíocht airgeadais don Ardán, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2031, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta deiridh ar chur chun feidhme an Ardáin ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Beidh measúnú críochnúil ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta deiridh ar thionchair chríochacha dhifreáilte agus ar éifeachtaí ar chomhtháthú mar thoradh ar chur chun feidhme an Ardáin.

    Leasú 78

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 9 – mír 1 – pointe 1

    Treoir 2003/87/CE

    Airteagal 10a – mír 8 – fomhír 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    I dteannta na lamháltas dá dtagraítear sa chéad fhomhír go dtí an cúigiú fomhír den mhír seo, cuirfear chun feidhme freisin leis an gCiste don Nuálaíocht imchlúdach airgeadais don tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027, ar fiú EUR 5 000 000 000 i bpraghsanna reatha é, chun tacú le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a)(ii) de Rialachán .../... (63) [Rialachán STEP]. Ní chuirfear an t-imchlúdach airgeadais sin ar fáil chun tacú le hinfheistíochtaí ach amháin i mBallstáit a bhfuil a meán-OTI per capita faoi bhun mheán AE-27 arna thomhas de réir na gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC) agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais don tréimhse 2015-2017.

    De bhreis ar na lamháltais dá dtagraítear sa chéad fhomhír go dtí an cúigiú fomhír den mhír seo, leis an gCiste Nuálaíochta, cuirfear chun feidhme freisin imchlúdach airgeadais EUR 5 000 000 000 i bpraghsanna reatha don tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027 chun tacú le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóir STEP maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasacha mar a shainmhínítear in [Airteagal 3, pointe (a)] de Rialachán (AE) .../... [an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta] tríd an imchlúdach airgeadais sin a chur ar fáil do Tionscadail Straitéiseacha mar a shainmhínítear in [Airteagal 2, pointe (e)] de Rialachán (AE) .../... [an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta], ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir athléimneachta nó iomaíochais a leagtar síos in Airteagal 10(1), pointe (a) nó pointe (b), de Rialachán (AE) .../... [an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta]. Go dtí an 31 Nollaig 2025, cuirfear an t-imchlúdach airgeadais ar fáil ina chodanna comhionanna chun tacú le hinfheistíochtaí sna nithe seo a leanas:

     

    (a)

    na Ballstáit sin a bhfuil a meán-OTI per capita faoi bhun mheán AE-27 an Aontais arna thomhas de réir chaighdeáin chumhachta ceannaigh (CCC) agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais don tréimhse 2015-2017. and

     

    (b)

    na Ballstáit uile.

     

    Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, cuirfear cistí an imchlúdaigh airgeadais nár úsáideadh ar fáil chun tacú leis na hinfheistíochtaí sin sna Ballstáit uile.

     

    Leasú 79

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 1 – pointe 2

    Rialachán (AE) 2021/1058

    Airteagal 2 – mír 1 – pointe b – pointe ix

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (ix)

    tacú le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóir STEP dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a)(ii) de Rialachán .../... [Rialachán STEP]

    (ix)

    tacú le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP]

    Leasú 80

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 1 – pointe 3

    Rialachán (AE) 2021/1058

    Airteagal 3 – mír 1a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (3)

    In Airteagal 3, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

    (3)

    In Airteagal 3, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

    ‘déanfar na hacmhainní faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, pointí (a)(vi) agus (b)(ix), a chlársceidealú faoi thosaíochtaí tiomnaithe a chomhfhreagraíonn don chuspóir beartais faoi seach.

    1a.

    Déanfar na hacmhainní faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointí (a)(vi) agus (b)(ix), a chlársceidealú faoi thosaíochtaí tiomnaithe a chomhfhreagraíonn don chuspóir beartais faoi seach agus déanfar a theorannú d’uasmhéid 20 % den leithdháileadh tosaigh CFRE.

    Íocfaidh an Coimisiún 30 % de leithdháileadh CFRE ar an tosaíocht sin mar a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar an leasú ar an gclár mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil aonuaire de bhreis ar an réamh-mhaoiniú bliantúil don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060 nó in Airteagal 51(2), (3) agus (4) de Rialachán (AE) 2021/1059. Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil faoin 31 Nollaig 2024, ar choinníoll go mbeidh an cinneadh lena bhformheastar an leasú ar an gclár glactha ag an gCoimisiún faoin 31 Deireadh Fómhair 2024.

    Íocfaidh an Coimisiún 30 % de leithdháileadh CFRE ar na tosaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír mar a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar an leasú ar an gclár mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil aonuaire de bhreis ar an réamh-mhaoiniú bliantúil don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060 nó in Airteagal 51(2), (3) agus (4) de Rialachán (AE) 2021/1059. Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil faoin 31 Nollaig 2024, ar choinníoll go mbeidh an cinneadh lena bhformheastar an leasú ar an gclár glactha ag an gCoimisiún faoin 31 Deireadh Fómhair 2024.

    I gcomhréir le hAirteagal 90(5) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus le hAirteagal 51(5) de Rialachán (AE) 2021/1059, déanfar an méid a íoctar mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil a imréiteach tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.

    I gcomhréir le hAirteagal 90(5) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus le hAirteagal 51(5) de Rialachán (AE) 2021/1059, déanfar an méid a íoctar mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil a imréiteach tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.

    I gcomhréir le hAirteagal 90(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú eisceachtúil le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an dóigh chéanna le CFRE agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é.

    I gcomhréir le hAirteagal 90(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú eisceachtúil le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an dóigh chéanna le CFRE agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é.

    I gcomhréir le hAirteagal 97(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ní chuirfear an réamh-mhaoiniú eisceachtúil ar fionraí.

    I gcomhréir le hAirteagal 97(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ní chuirfear an réamh-mhaoiniú eisceachtúil ar fionraí.

    I gcomhréir le hAirteagal 105(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar an réamh-mhaoiniú a íoctar sa réamh-mhaoiniú atá le cur san áireamh chun na méideanna atá le saoradh a ríomh.

    I gcomhréir le hAirteagal 105(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar an réamh-mhaoiniú a íoctar sa réamh-mhaoiniú atá le cur san áireamh chun na méideanna atá le saoradh a ríomh.

    De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, méadófar go 100 % na huasrátaí cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP.’

    De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfar na rátaí cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP] a mhéadú go léir suas go dtí 100 %’

    Leasú 81

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 1 – pointe 4

    Rialachán (AE) 2021/1058

    Airteagal 5 – mír 2 – pointe e

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (e)

    nuair a rannchuidíonn siad leis an gcuspóir sonrach faoi Chuspóir Beartais 1 a leagtar amach in Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(vi) nó leis an gcuspóir sonrach faoi Chuspóir Beartais 2 a leagtar amach i bpointe (b)(ix) den fhomhír sin, i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula, chomh maith le réigiúin níos forbartha sna Ballstáit a bhfuil a meán-OTI per capita faoi bhun mheán AE-27 arna thomhas de réir na gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC) agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais don tréimhse 2015-2017.

    (e)

    nuair a rannchuidíonn siad leis an gcuspóir sonrach faoi Chuspóir Beartais 1 a leagtar amach in Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(vi) nó leis an gcuspóir sonrach faoi Chuspóir Beartais 2 a leagtar amach i bpointe (b)(ix) den fhomhír sin, i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula, chomh maith le réigiúin níos forbartha sna Ballstáit a bhfuil a meán-OTI per capita faoi bhun mheán AE-27 arna thomhas de réir na gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC) agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais don tréimhse 2015-2017, agus fócas á choinneáil ar FBManna agus ar chuideachtaí meánchaipitlithe.

    Beidh feidhm ag pointe (e) maidir le cláir Interreg ina bhfuil cumhdach geografach an chláir laistigh den Aontas comhdhéanta go heisiach de chatagóirí réigiún a leagtar amach sa phointe sin.

    Beidh feidhm ag pointe (e) maidir le cláir Interreg ina bhfuil cumhdach geografach an chláir laistigh den Aontas comhdhéanta go heisiach de chatagóirí réigiún a leagtar amach sa phointe sin.

    Leasú 82

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 1 – pointe 6

    Rialachán (AE) 2021/1058

    Iarscríbhinn 1 – tábla 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    (6)

    In Iarscríbhinn I, Tábla I, cuirtear an ró seo a leanas isteach faoi chuspóir beartais 1:

     

    (vi) tacú le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP]

    Aon RCO a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) agus (iv)

    Gnólachtaí RCO125: Fiontair a dtacaítear leo a bhaineann go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i dteicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha

    Gnólachtaí RCO126: Fiontair a dtacaítear leo a bhaineann go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i dteicneolaíochtaí glana

    Gnólachtaí RCO127: Fiontair a dtacaítear leo a bhaineann go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i mbith-theicneolaíochtaí

    [Tá na táscairí sin le tuairisciú mar fhothacair de RC001-RCO04]

    Aon RCR a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) agus (iv)


    Leasú

    (6)

    In Iarscríbhinn I, Tábla I, cuirtear an ró seo a leanas isteach faoi chuspóir beartais 1:

     

    (vi) tacú le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP]

    Aon RCO a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) agus (iv)

    Gnólachtaí: Fiontair a dtacaítear leo a bhaineann go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i dteicneolaíochtaí digiteacha

    Gnólachtaí RCO126: Fiontair a dtacaítear leo a bhaineann go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i dteicneolaíochtaí glan-nialasacha

    Gnólachtaí RCO127: Fiontair a dtacaítear leo a bhaineann go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i mbith-theicneolaíochtaí

    [Tá na táscairí sin le tuairisciú mar fhothacair de RC001-RCO04]

    Aon RCR a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) agus (iv)

    Leasú 83

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 10 – mír 1 – pointe 7

    Rialachán (AE) 2021/1058

    Iarscríbhinn 1 – tábla 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    (7)

    In Iarscríbhinn I, Tábla I, cuirtear an ró seo a leanas isteach faoi chuspóir beartais 2:

     

    (ix) tacú le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP]

    Aon RCO a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) (iv) agus (vi) faoi chuspóir beartais 1

    Gnólachtaí: Fiontair a dtacaítear leo a bhaineann go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i dteicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha

    Gnólachtaí RCO126: Fiontair a dtacaítear leo a bhaineann go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i dteicneolaíochtaí glana

    Gnólachtaí RCO127: Fiontair a dtacaítear leo a bhaineann go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i mbith-theicneolaíochtaí

    [Tá na táscairí sin le tuairisciú mar fhothacair de RC001-RCO04]

    Aon RCR a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) agus (iv) faoi chuspóir beartais 1


    Leasú

    (7)

    In Iarscríbhinn I, Tábla I, cuirtear an ró seo a leanas isteach faoi chuspóir beartais 2:

     

    (ix) tacú le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP]

    Aon RCO a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) (iv) agus (vi) faoi chuspóir beartais 1

    Gnólachtaí: Fiontair a dtacaítear leo a bhaineann go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i dteicneolaíochtaí digiteacha

    Gnólachtaí RCO126: Fiontair a dtacaítear leo a bhaineann go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i dteicneolaíochtaí glan-nialasacha

    Gnólachtaí RCO127: Fiontair a dtacaítear leo a bhaineann go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i mbith-theicneolaíochtaí

    [Tá na táscairí sin le tuairisciú mar fhothacair de RC001-RCO04]

    Aon RCR a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) agus (iv) faoi chuspóir beartais 1

    Leasú 84

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 11 – mír 1 – pointe 1

    Rialachán (AE) 2021/1056

    Airteagal 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, rannchuideoidh CUAC leis an gcuspóir sonrach maidir le réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta, fostaíochta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, bunaithe ar Chomhaontú Pháras. Le CUAC, d’fhéadfaí tacú freisin le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóir STEP dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a)(ii) de Rialachán .../... [Rialachán STEP].

    I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, rannchuideoidh CUAC leis an gcuspóir sonrach maidir le réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta, fostaíochta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, bunaithe ar Chomhaontú Pháras. Le CUAC, d’fhéadfaí tacú freisin le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóir STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP].

    Leasú 85

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 11 – mír 1 – pointe 2

    Rialachán (AE) 2021/1056

    Airteagal 8 – mír 2 – (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Le CUAC, d’fhéadfaí tacú freisin le hinfheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad a rannchuidíonn le cuspóir STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... (65) [Rialachán STEP]. Féadfar an tacaíocht sin a sholáthar gan beann ar cé acu a rinneadh an anailís ar bhearnaí i gcomhréir le hAirteagal 11(2)(h) nó nach ndearnadh agus gan beann ar thoradh na hanailíse sin. Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin i gcás nach mbeidh athshocrú mar thoradh orthu mar a shainítear i bpointe (27) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060. Le soláthar na tacaíochta sin, níor cheart gá a bheith le hathbhreithniú ar an bplean críochach um aistriú cóir i gcás ina mbeadh an t-athbhreithniú sin nasctha go heisiach leis an anailís ar bhearnaí.

    Le CUAC, tacaítear freisin le hinfheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair, agus béim ar leith ar FBManna agus cuideachtaí meánchaipitilithe, a rannchuidíonn le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... (65) [Rialachán STEP]. Féadfar an tacaíocht sin a sholáthar gan beann ar cé acu a rinneadh an anailís ar bhearnaí i gcomhréir le hAirteagal 11(2)(h) nó nach ndearnadh agus gan beann ar thoradh na hanailíse sin. Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin i gcás nach mbeidh athshocrú mar thoradh orthu mar a shainítear i bpointe (27) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060. Déanfar printíseachtaí agus poist, oideachas nó oiliúint do scileanna nua a mheas sa chinneadh dámhachtana. Le soláthar na tacaíochta sin, ní bheidh gá le hathbhreithniú ar an bplean críochach um aistriú cóir.

    Leasú 86

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 11 – mír 1 – pointe 3

    Rialachán (AE) 2021/1056

    Airteagal 10 – mír 4 – fomhír 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, méadófar go 100 % na huasrátaí cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP.’

    De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfar na huasrátaí cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP] a mhéadú suas le 100 %.

    Leasú 87

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 1 – pointe 1

    Rialachán (AE) 2021/1057

    Airteagal 12a – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Sa bhreis ar an réamh-mhaoiniú don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060, i gcás ina bhformheasfaidh an Coimisiún leasú ar chlár lena n-áirítear tosaíocht amháin nó níos mó atá tiomnaithe d’oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE+ lena rannchuidítear le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... (66) [Rialachán STEP], déanfaidh sé réamh-mhaoiniú eisceachtúil 30 % ar bhonn an leithdháilte ar na tosaíochtaí sin. Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil faoin 31 Nollaig 2024, ar choinníoll go mbeidh an cinneadh lena bhformheastar an leasú ar an gclár glactha ag an gCoimisiún faoin 31 Deireadh Fómhair 2024.

    Sa bhreis ar an réamh-mhaoiniú don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060, i gcás ina bhformheasfaidh an Coimisiún leasú ar chlár lena n-áirítear tosaíocht amháin nó níos mó atá tiomnaithe d’oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE+ lena rannchuidítear le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... (66) [Rialachán STEP], déanfaidh sé réamh-mhaoiniú eisceachtúil 30 % ar bhonn an leithdháilte ar na tosaíochtaí sin. Rachaidh an réamh-mhaoiniú eisceachtúil sin chun tairbhe freisin d’oibríochtaí a rannchuidíonn le cláir foghlama na nAcadamh Eorpach um an nGlan-Nialasachta a imscaradh chomh maith le hoiliúint daoine óga agus le hoiliúint, uas-sciliú agus athsciliú oibrithe i dteicneolaíochtaí glan-nialasacha. Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil faoin 31 Nollaig 2024, ar choinníoll go mbeidh an cinneadh lena bhformheastar an leasú ar an gclár glactha ag an gCoimisiún faoin 31 Deireadh Fómhair 2024.

    Leasú 88

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 12 – mír 1

    Rialachán (AE) 2021/1057

    Airteagal 12a – mír 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, méadófar go 100 % na huasrátaí cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP.’

    De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfar na rátaí cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal de Rialachán .../... [Rialachán STEP] a mhéadú go 100 %.

    Leasú 89

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 1 – pointe 4

    Rialachán (AE) 2021/1057

    Iarscríbhinn 1 – tábla 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    (4)

    In Iarscríbhinn I, Tábla 1, cuirtear na rónna seo a leanas leis:

    RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

    Comhéifeacht chun an tacaíocht do chuspóirí an athraithe aeráide a ríomh

    Comhéifeacht chun an tacaíocht do na cuspóirí comhshaoil a ríomh

    145 a

    Tacaíocht d’fhorbairt scileanna nó rochtain ar fhostaíocht i dteicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha agus i mbith-theicneolaíochtaí.

    0%

    0%

    145b

    Tacaíocht d’fhorbairt scileanna nó rochtain ar fhostaíocht i dteicneolaíochtaí glana.

    100%

    40%

    188

    Infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair mhóra a bhaineann go príomha le teicneolaíochtaí glana.

    100%

    40%

    189

    Infheistíochtaí táirgiúla in FBManna a bhaineann go príomha le teicneolaíochtaí glana.

    100%

    40%

    190

    Infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair mhóra a bhaineann go príomha le bith-theicneolaíochtaí.

    0%

    0%

    191

    Infheistíochtaí táirgiúla in FBManna a bhaineann go príomha le bith-theicneolaíochtaí.

    0%

    0%

    192

    Infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair mhóra a bhaineann go príomha le teicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha.

    0%

    0%

    193

    Infheistíochtaí táirgiúla in FBManna a bhaineann go príomha le teicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha.

    0%

    0%


    Leasú

    (4)

    In Iarscríbhinn I, Tábla 1, cuirtear na rónna seo a leanas leis:

    RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

    Comhéifeacht chun an tacaíocht do chuspóirí an athraithe aeráide a ríomh

    Comhéifeacht chun an tacaíocht do na cuspóirí comhshaoil a ríomh

    145 a

    Tacaíocht d’fhorbairt scileanna nó rochtain ar fhostaíocht i dteicneolaíochtaí digiteacha. (rannchuidiú le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP]).

    0%

    0%

    145b

    Tacaíocht d’fhorbairt scileanna nó rochtain ar fhostaíocht i dteicneolaíochtaí glan-nialasacha. (rannchuidiú le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP]).

    100%

    40%

    188

    Infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair mhóra a bhaineann go príomha le teicneolaíochtaí glan-nialasacha (rannchuidiú le cuspóirí STEP in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP]).

    100%

    40%

    189

    Infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair mhóra a bhaineann go príomha le teicneolaíochtaí glan-nialasacha. (rannchuidiú le cuspóirí STEP in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP]).

    100%

    40%

    190

    Infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair mhóra a bhaineann go príomha le bith-theicneolaíochtaí. (rannchuidiú le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP]).

    0%

    0%

    191

    Infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair mhóra a bhaineann go príomha le bith-theicneolaíochtaí. (rannchuidiú le cuspóirí STEP d’Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP]).

    0%

    0%

    192

    Infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair mhóra a bhaineann go príomha le teicneolaíochtaí digiteacha. (rannchuidiú le cuspóirí STEP in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP]).

    0%

    0%

    193

    Infheistíochtaí táirgiúla in FBManna a bhaineann go príomha le teicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha.

    0%

    0%

    Leasú 90

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 13 – mír 1 – pointe 5

    Rialachán (AE) 2021/1060

    Iarscríbhinn 1- tábla 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    (5)

    In Iarscríbhinn I, Tábla 6, cuirtear an ró seo a leanas isteach:

    11

    Rannchuidiú le scileanna agus poist i dteicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha, i dteicneolaíochtaí glana agus i mbith-theicneolaíochtaí

    0%

    0%


    Leasú

    (5)

    In Iarscríbhinn I, Tábla 6, cuirtear an ró seo a leanas isteach:

    11

    Rannchuidiú le scileanna agus poist i dteicneolaíochtaí doimhne agus i dteicneolaíochtaí glan-nialasacha (rannchuidiú le cuspóirí STEP d’Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP]).

    0%

    0%

    Leasú 91

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 2 – pointe -1a (nua)

    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

    Airteagal 2 – pointe 29

    An téacs atá ann

    Leasú

     

    (-1 a)

    in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (29):

    (29)

    ciallaíonn 'bliain chuntasaíochta', chun críocha Chuid a Trí agus Chuid a Ceathair, an tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh, ach amháin sa chéad bhliain chuntasaíochta den chlárthréimhse, ar ina leith a chiallaíonn sé an tréimhse ó dháta tosaigh na hincháilitheachta caiteachais go dtí an 30 Meitheamh 2015. Beidh an bhliain chuntasaíochta deiridh ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024;

    ‘(29)

    ciallaíonn ‘bliain chuntasaíochta’, chun críocha Chuid a Trí agus Chuid a Ceathair, an tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh, ach amháin sa chéad bhliain chuntasaíochta den chlárthréimhse, ar ina leith a chiallaíonn sé an tréimhse ó dháta tosaigh na hincháilitheachta caiteachais go dtí an 30 Meitheamh 2015. Beidh an bhliain chuntasaíochta deiridh ann ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025;’

    Leasú 92

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 1 – pointe -1b (nua)

    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

    Airteagal 24 – mír 1a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (-1b)

    in Airteagal 24, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

     

    ‘1a.     De mhaolú ar Airteagal 60(1) agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 120(3), féadfar ráta cómhaoinithe suas le 100 % a chur i bhfeidhm maidir le caiteachas a dhearbhófar sa bhliain chuntasaíochta deiridh le haghaidh ais tosaíochta amháin nó níos mó i gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE nó ón gCiste Comhtháthaithe. De mhaolú ar Airteagal 30(1) agus Airteagal 30(2) agus Airteagal 96(10), ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar leasú ar chlár chun an ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe tar éis don choiste faireacháin iad a fhormheas. Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe suas le 100 % ach amháin má thugtar fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais sula gcuirfear isteach an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh i gcomhréir le hAirteagal 135(2).

    Leasú 93

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 1 – pointe -1c (nua)

    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

    Airteagal 65 – mír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (-1c)

    In Airteagal 65, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

     

    '2.     Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh rannchuidithe ó Chistí SIE má dhéanann tairbhí é a thabhú agus go n-íoctar é idir an dáta a gcuirfear an clár faoi bhráid an Choimisiúin nó ón 1 Eanáir 2014, cibé acu is túisce, agus an 31 Nollaig 2024. Sa bhreis air sin, ní bheidh caiteachas incháilithe le haghaidh rannchuidithe ó CETFT ach amháin sa chás ina bhfuil an chabhair ábhartha íoctha go hiarbhír ag an ngníomhaireacht íocaíochta idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2024.

    Leasú 94

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 1 – pointe 1 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (1)   Cuirtear mír 6 le hAirteagal 135 mar a leanas:

    (1)   Leasaítear Airteagal 135 mar a leanas:

     

    (a)

    cuirtear an mhír 6 seo a leanas isteach:

    Leasú 95

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 1 – pointe 1 – an chuid réamhráiteach

    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

    Airteagal 135 – mír 6

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    ‘6.   De mhaolú ar mhír 2, is é an 31 Iúil 2025 an sprioc-am chun an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh a chur isteach. Measfar gurb é an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach a chuirfear isteach faoin 31 Iúil 2025 an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh.

    Méideanna ó acmhainní seachas REACT-EU a aisíocfaidh an Coimisiún mar íocaíochtaí eatramhacha in 2025, ní rachaidh siad thar 1 % de na leithreasuithe airgeadais iomlána le haghaidh an chláir lena mbaineann de réir Ciste, acmhainní REACT-EU as an áireamh. Méideanna a bheadh le híoc ag an gCoimisiún in 2025 agus a sháraíonn an céatadán sin, ní íocfar iad agus úsáidfear iad go heisiach chun réamh-mhaoiniú a imréiteach tráth an dúnta.’

    ‘6.   De mhaolú ar mhír 2, is é an 31 Iúil 2025 an sprioc-am chun an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh a chur isteach. Measfar gurb é an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach a chuirfear isteach faoin 31 Iúil 2025 an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh.

    Méideanna ó acmhainní seachas REACT-EU a aisíocfaidh an Coimisiún mar íocaíochtaí eatramhacha in 2025, ní rachaidh siad thar 1 % de na leithreasuithe airgeadais iomlána le haghaidh an chláir lena mbaineann de réir Ciste, acmhainní REACT-EU as an áireamh. Méideanna a bheadh le híoc ag an gCoimisiún in 2025 agus a sháraíonn an céatadán sin, ní íocfar iad agus úsáidfear iad go heisiach chun réamh-mhaoiniú a imréiteach tráth an dúnta.’

    Leasú 96

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 1 – pointe b (nua)

    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

    Airteagal 135 – mír 6 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (b)

    Cuirtear isteach an mhír seo a leanas, mír 6a:

     

    ‘6a.     Maidir leis na réigiúin is forimeallaí mar a shainítear iad in Airteagal 349 CFAE, de mhaolú ar mhír 2, is é an 30 Meitheamh 2025 an sprioc-am chun an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh a chur isteach. Measfar gurb é an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach a chuirfear isteach faoin 31 Nollaig 2025 an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh.

     

    Méideanna ó acmhainní seachas REACT-EU a aisíocfaidh an Coimisiún mar íocaíochtaí eatramhacha in 2025, ní rachaidh siad thar 15 % de na leithreasuithe airgeadais iomlána le haghaidh an chláir lena mbaineann de réir Ciste, acmhainní REACT-EU as an áireamh. Méideanna a bheadh le híoc ag an gCoimisiún in 2025 agus a sháraíonn an céatadán sin, ní íocfar iad agus úsáidfear iad go heisiach chun réamh-mhaoiniú a imréiteach tráth an dúnta.’

    Leasú 97

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 1 – pointe 2

    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

    Airteagal 138 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    ‘De mhaolú ar an sprioc-am a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit na doiciméid dá dtagraítear faoi phointí (a), (b) agus (c) don bhliain chuntasaíochta deiridh a chur isteach faoin 15 Feabhra 2026.’

    De mhaolú ar an sprioc-am a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme don chlár oibríochtúil i gcomhréir le hAirteagal 141 agus na doiciméid dá dtagraítear faoi phointí (a), (b) agus (c) don bhliain chuntasaíochta deiridh a chur isteach faoin 15 Feabhra 2026.

    Leasú 98

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 14 – mír 2 – pointe 2 a (nua)

    Rialachán (AE) Uimh. 223/2014

    Airteagal 141 – mír 1

    An téacs atá ann

    Leasú

     

    (2a)

    In Airteagal 141, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    1.   Don bhliain chuntasaíochta deiridh, ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, cuirfidh na Ballstáit isteach tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme don chlár oibríochtúil nó an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme don chlár oibríochtúil arna tacú ag CEMI, i dteannta na ndoiciméad dá dtagraítear in Airteagal 138.

    ‘1.   Don bhliain chuntasaíochta deiridh, ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025, cuirfidh na Ballstáit isteach tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme don chlár oibríochtúil nó an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme don chlár oibríochtúil arna tacú ag CEMI, i dteannta na ndoiciméad dá dtagraítear in Airteagal 138.’

    Leasú 99

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a

    Rialachán (AE) 2021/523

    Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Is é EUR 33 652 310 073 i bpraghsanna reatha a bheidh sa ráthaíocht AE chun críocha urrann AE dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (a). Déanfar soláthar dó ar ráta 40 %. Cuirfear an méid dá dtagraítear in Airteagal 35(3), an chéad fhomhír, pointe (a), san áireamh freisin i dtaca le rannchuidiú leis an soláthar a eascraíonn as an ráta soláthair sin.;

    Is é EUR 36 652 310 073 i bpraghsanna reatha a bheidh i ráthaíocht AE chun críocha urrann AE dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (a). Déanfar soláthar dó ar ráta 40 %. Cuirfear an méid dá dtagraítear in Airteagal 35(3), an chéad fhomhír, pointe (a), san áireamh freisin i dtaca le rannchuidiú leis an soláthar a eascraíonn as an ráta soláthair sin.’;

    Leasú 100

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a a (nua)

    Rialachán (AE) 2021/523

    Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (aa)

    I mír 1, cuirtear an ceathrú fomhír seo a leanas isteach:

     

    ‘Féadfaidh na Ballstáit méid breise de ráthaíocht AE a sholáthar freisin i bhfoirm airgid thirim d’urrann an Bhallstáit chun tacú leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP] agus úsáid á baint as fáltais iasachtaí arna ndeonú do na Ballstáit de bhun Airteagal 33a de Rialachán (AE) 2021/241 [Rialachán RRF].’

    Leasú 101

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe 2 – pointe b

    Rialachán (AE) 2021/523

    Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    Déanfar méid EUR 18 827 310 073 i bpraghsanna reatha den mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo a leithdháileadh i leith na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2).;

    Déanfar méid EUR 21 827 310 073 i bpraghsanna reatha den mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo a leithdháileadh i leith na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2).;

    Leasú 102

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 2 – pointe 4 a (nua)

    Rialachán (AE) 2021/523

    Airteagal 9 – mír 1 – pointe b

    An téacs atá ann

    Leasú

     

    (4a)

    In Airteagal 9(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    (b)

    le hurrann an Bhallstáit, rachfar i ngleic le clistí margaidh sonracha nó le cásanna infheistíochta fo-optamaí i gceann amháin de na réigiúin nó de na Ballstáit, nó i roinnt díobh, chun cuspóirí beartais na gcistí ranníocaíochta faoi bhainistíocht roinnte a chur i gcrích, nó chun cuspóirí beartais an mhéid bhreise arna sholáthar ag Ballstát faoin tríú fomhír d’Airteagal 4(1) a chur i gcrích, go háirithe chun an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas a neartú trí dhul i ngleic le míchothromaíochtaí idir a réigiúin.

    (b)

    le hurrann an Bhallstáit, rachfar i ngleic le clistí margaidh sonracha nó le cásanna infheistíochta fo-optamaí i gceann amháin de na réigiúin nó de na Ballstáit, nó i roinnt díobh, chun cuspóirí beartais na gcistí ranníocaíochta faoi bhainistíocht roinnte a chur i gcrích, nó chun cuspóirí beartais an mhéid bhreise arna sholáthar ag Ballstát faoin tríú fomhír d’Airteagal 4(1) a chur i gcrích, go háirithe chun an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas a neartú trí dhul i ngleic le míchothromaíochtaí idir a réigiúin. ‘Déanfar an méid breise a sholáthróidh Ballstát i bhfoirm airgid thirim faoin gceathrú fomhír d’Airteagal 4(1) a chur in áirithe do thionscadail a rannchuidíonn leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán.../... [Rialachán STEP].

    Leasú 103

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe 4 b (nua)

    Rialachán (AE) 2021/523

    Airteagal 10 – mír 3 – pointe h

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (4b)

    In Airteagal 10(3), cuirtear pointe (h) nua isteach:

     

    ‘(h)

    aon ranníocaíocht i bhfoirm airgid thirim le hurrann an Bhallstáit arna déanamh le fáltais iasachtaí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta de bhun Airteagal 33a de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a);

     

    Leasú 104

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 2 – pointe 5 a (nua)

    Rialachán (AE) 2021/523

    Airteagal 11 – mír 1 – pointe b – pointe viii

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (5a)

    In Airteagal 11(1), pointe (b), cuirtear pointe nua isteach:

     

    ‘(viii)

    faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme thionscadail STEP arna maoiniú le fáltais iasachtaí RRF agus ar a gcomhsheasmhacht leis na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta.’

    Leasú 105

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe 6

    Rialachán (AE) 2021/523

    Airteagal 13 – mír 4

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (6)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(4):

    (6)

    leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

     

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

    ‘4.   Déanfar 75 % ar a laghad den ráthaíocht AE faoi urrann AE dá dtagraítear in Airteagal 4(1), an chéad fhomhír, arb ionann é agus EUR 25 239 232 554 ar a laghad, a dheonú do Ghrúpa BEI. Soláthróidh Grúpa BEI ranníocaíocht airgeadais chomhiomlán arb ionann í agus EUR 6 309 808 138 ar a laghad. Soláthrófar an ranníocaíocht sin ar bhealach agus i bhfoirm lena n-éascófar cur chun feidhme Chiste InvestEU agus baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 15(2).’

    ;

    ‘4.   Déanfar 75 % de ráthaíocht AE faoi urrann AE dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(1), arb ionann é agus EUR 27 489 232 554 , a dheonú do Ghrúpa BEI. Soláthróidh Grúpa BEI ranníocaíocht airgeadais chomhiomlán arb ionann í agus EUR 6 872 308 138 ar a laghad. Soláthrófar an ranníocaíocht sin ar bhealach agus i bhfoirm lena n-éascófar cur chun feidhme Chiste InvestEU agus baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 15(2).’

    ;

    Leasú 106

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe 6 – pointe b (nua)

    Rialachán (AE) 2021/523

    Airteagal 13 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (6b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

    5.   Deonófar an 25% de ráthaíocht AE faoi urrann AE a bheidh fágtha do chomhpháirtithe cur chun feidhme eile, agus déanfaidh siad ranníocaíocht airgeadais a sholáthar, ranníocaíocht a chinnfear sna comhaontuithe ráthaíochta.

    ‘5.   Deonófar an 25% de ráthaíocht AE faoi urrann AE a bheidh fágtha do chomhpháirtithe cur chun feidhme eile, agus déanfaidh siad ranníocaíocht airgeadais a sholáthar, ranníocaíocht a chinnfear sna comhaontuithe ráthaíochta. I gcás ina gcinnfidh an gCoimisiún nach mbaineann bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh nó institiúidí náisiúnta leas iomlán as an 25 % eile de ráthaíocht AE faoi urrann AE, féadfar an barrachas a dheonú go heisceachtúil do Ghrúpa BEI.’;

    Leasú 107

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe 6 – pointe c (nua)

    Rialachán (AE) 2021/523

    Airteagal 13 – mír 5 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

     

    ‘5a.     I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh an Coimisiún údar cuí lena chinneadh de bhun mhír 5 chun níos mó ná 75 % de ráthaíocht AE a dheonú do Ghrúpa BEI sa Tuarascáil Bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán.../... [Rialachán STEP]. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach aon ghníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh acmhainneacht ionsúcháin na gcomhpháirtithe cur chun feidhme eile a mhéadú ar an eolas freisin.’;

    Leasú 108

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe 6 – pointe d (nua)

    Rialachán (AE) 2021/523

    Airteagal 13 – mír 7 – fomhír 2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (d)

    i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

     

    ‘Maidir le conarthaí idir an comhpháirtí cur chun feidhme agus an faighteoir deiridh nó an t-idirghabhálaí airgeadais nó eintiteas eile dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 16(1) faoi ráthaíocht AE dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(2), síneoidh an comhpháirtí cur chun feidhme iad aon bhliain amháin, ar a dhéanaí, tar éis fhormheas na hoibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta ábhartha. I gcásanna eile, déanfar conarthaí idir an comhpháirtí cur chun feidhme agus an faighteoir deiridh nó an t-idirghabhálaí airgeadais nó eintiteas eile dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 16(1) a shíniú faoin 31 Nollaig 2028.’;

    Leasú 109

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe 6 – pointe e (nua)

    Rialachán (AE) 2021/523

    Airteagal 13 – mír 6 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (e)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

     

    ‘6a.     Beidh sé d’aidhm ag Grúpa BEI cothromaíocht gheografach a chaomhnú, go háirithe maidir le tionscadail trasteorann.’

    Leasú 110

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe 9

    Rialachán (AE) 2021/523

    Airteagal 25 – mír 2 – pointe j

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    ‘(j)

    tacaíocht chomhairleach a thabhairt do bhainisteoirí cistí cothromais atá gníomhach sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 8(1).’

    ‘(j)

    tacaíocht chomhairleach a thabhairt do bhainisteoirí cistí cothromais agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile atá gníomhach sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 8(1), lena n-áirítear, maidir le luacháil sócmhainní doláimhsithe.’

    Leasú 111

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe 12

    Rialachán (AE) 2021/523

    Iarscríbhinn I – pointe (e)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (e)

    suas le EUR 7 500 000 000 do chuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (e).’

    (e)

    suas le EUR 10 000 000 000 do chuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (e).

    Leasú 112

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe 13

    Rialachán (AE) 2021/523

    Iarscríbhinn II – pointe 16

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (16)

    na teicneolaíochtaí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a) de Rialachán .../… [Rialachán STEP] a uas-scálú, a úsáid agus a mhonarú ar mórscála, chomh maith leis an slabhra luacha faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 2(4) den Rialachán sin.

    (16)

    forbairt nó monarú na dteicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a) de Rialachán.../... [Rialachán STEP], chomh maith leis an slabhra soláthair faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin.

    Leasú 113

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe 14

    Rialachán (AE) 2021/523

    Iarscríbhinn III – pointe 9 – pointe 3

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    7a.1

    Infheistíocht arna slógadh de réir réimse teicneolaíochta:: i) teicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha teicneolaíochtaí digiteacha agus ii) bith-theicneolaíochtaí.’

    ‘7a.1

    Infheistíocht arna slógadh de réir réimse teicneolaíochta:: i) teicneolaíochtaí digiteacha agus ii) teicneolaíochtaí glan-nialasacha agus iii) bith-theicneolaíochtaí.’

    Leasú 114

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 16 – mír 1 – pointe 14

    Rialachán (AE) 2021/523

    Iarscríbhinn III – pointe 9 – 7a.2

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    7a.2

    Líon na bhfiontar a dtacaítear leo de réir réimse teicneolaíochta: i) teicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha teicneolaíochtaí glana agus iii) bith-theicneolaíochtaí.

    ‘7a.2

    Líon na bhfiontar a dtacaítear leo de réir réimse teicneolaíochta: i) teicneolaíochtaí digiteacha, ii) teicneolaíochtaí glan-nialasacha agus iii) bith-theicneolaíochtaí.’

    Leasú 115

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 1 – pointe -1 (nua)

    Rialachán (AE) 2021/695

    Airteagal 7 – mír 10

    An téacs atá ann

    Leasú

     

    (-1)

    in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

    ‘10.   Mar chuid de chuspóir ginearálta an Aontais maidir le gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú i ndáil le beartais earnála an Aontais agus le cistí an Aontais, ranníocfar, le gníomhaíochtaí faoin gClár seo, ar a laghad 35 % den chaiteachas ar chuspóirí aeráide i gcás inarb iomchuí. Comhtháthófar príomhshruthú aeráide go leormhaith in ábhar T&N.

    ‘10.   Mar chuid de chuspóir ginearálta an Aontais maidir le gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú i ndáil le beartais earnála an Aontais agus le cistí an Aontais, ranníocfar, le gníomhaíochtaí faoin gClár seo, ar a laghad 35 % den chaiteachas ar chuspóirí aeráide i gcás inarb iomchuí. Comhtháthófar príomhshruthú aeráide go leormhaith in ábhar T&N. Chun an cuspóir sin a chur chun feidhme, beidh seasamh an Choimisiúin ar an bprionsabal ‘Gan Dochar Suntasach a Dhéanamh’ i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 chun a áirithiú nach ndéanfaidh caiteachas aeráide dochar do chuspóirí comhshaoil eile agus go mbeidh infheistíochtaí i gcuspóirí comhshaoil eile i gcomhréir leis an gcuspóir aeráide. Beidh úsáid an phrionsabail sin teoranta do ghlaonna ar thograí le haghaidh tionscadail a bhaineann go díreach le cuspóirí comhshaoil, mar a shainmhínítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus arb é is aidhm leo gníomhaíochtaí atá gar d’imscaradh margaidh a chistiú. Beidh treoir mhionsonraithe ón gCoimisiún ag gabháil le húsáid an phrionsabail maidir le conas a dhéanfar comhlíonadh an phrionsabail a mheasúnú i gcomhthéacs an ghlao shonraigh ina n-úsáidtear an prionsabal.’

    Leasú 116

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 1 – pointe -1 a (nua)

    Rialachán (AE) 2021/695

    Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 2 – pointí b agus c

    An téacs atá ann

    Leasú

     

    (-1a)

    in Airteagal 9(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

    (b)

    neamhspleáchas;

    (c)

    an cumas rioscaí a ghlacadh;

    (b)

    neamhspleáchas, go háirithe maidir le tacaíocht chothromais a chur chun feidhme chun amlínte infheistíochta atá i gcomhréir leis an margadh a áirithiú chomh maith leis an dul i bhfiontar dá dtagraítear i bpointe (c);

    (c)

    an cumas níos mó riosca a ghlacadh ná caighdeáin an mhargaidh, go háirithe trí infheistíochta chur ar fáil do nuálaíochtaí nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis de.’

    Leasú 117

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 1 – pointe 1 – pointe a

    Rialachán (AE) 2021/695

    Airteagal 12 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   Maidir leis an imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go 31 Nollaig 2027, is é EUR 86 623 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh i gceist don chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus do EIT agus is é EUR 9 453 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh i gceist don chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2).

    1.   Maidir leis an imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go 31 Nollaig 2027, is é EUR 87 423 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh i gceist don chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus do EIT agus is é EUR 10 453 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh i gceist don chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2).

    Leasú 118

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 1 – pointe 1 – pointe b

    Rialachán (AE) 2021/695

    Airteagal 12 – mír 2 – pointe c

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    (b)

    EUR 46 628 000 000 le haghaidh Cholún II ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ don tréimhse 2021 go 2027, as a dtiocfaidh:

    ‘(c)

    EUR 13 237 000 000 le haghaidh Cholún III ‘an Eoraip Nuálach’ don tréimhse 2021 go 2027, as a dtiocfaidh:

    (i)

    EUR 6 775 000 000 don chnuasach ‘An tSláinte’;

    (i)

    EUR 10 052 000 000 le haghaidh CNE;

    (ii)

    EUR 1 350 000 000 don chnuasach ‘An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach’;

    (ii)

    EUR 459 000 000 d’éiceachórais nuálaíochta na hEorpa;

    (iii)

    EUR 1 276 000 000 don chnuasach ‘Slándáil Shibhialta don tSochaí’;

    (iii)

    EUR 2 726 000 000 do EIT;’

    (iv)

    EUR 13 229 000 000 don chnuasach ‘Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás’;

     

    (v)

    EUR 13 229 000 000 don chnuasach ‘Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht’;

     

    (vi)

    EUR 8 799 000 000 don chnuasach ‘Bia, Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus an Comhshaol’;

     

    (vii)

    EUR 1 970 000 000 do ghníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha ACT;

     

    (c)

    EUR 13 237 000 000 le haghaidh Cholún III ‘an Eoraip Nuálach’ don tréimhse 2021 go 2027, as a dtiocfaidh:

     

    (i)

    EUR 10 052 000 000 le haghaidh CNE;

     

    (ii)

    EUR 459 000 000 d’éiceachórais nuálaíochta na hEorpa;

     

    (iii)

    EUR 2 726 000 000 do EIT;’

     

    Leasú 119

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3 – an chuid réamhráiteach

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (3)

    In Airteagal 48, cuirtear an pointe (d) seo a leanas leis an gcéad fhomhír:

    (3)

    Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

    Leasú 120

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3 – pointe a (nua)

    Rialachán (AE) 2021/695

    Airteagal 48 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c

    An téacs atá ann

    Leasú

     

    (a)

    i mír 1, an dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    (c)

    féadfar freisin tacaíocht de chineál cothromais amháin a sholáthar do FBManna atá neamhiontaofa ó thaobh brabúis, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, ar FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta iad a bhfuil tacaíocht de chineál deontais amháin faighte acu cheana.

    (c)

    féadfar tacaíocht chothromais amháin a sholáthar freisin do FBManna neamhiontaofa ó thaobh brabúis, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, a dhéanann nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach neamh-iontaofa ó thaobh brabúis de;’

    Leasú 121

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 1 – pointe 3 – pointe b (nua)

    Rialachán (AE) 2021/695

    Airteagal 48 – mír 1 – fomhír 1 – pointe d

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (b)

    i mír 1, cuirtear an dara fomhír, pointe (d) seo a leanas léi:

    (d)

    tacaíocht de chineál cothromais amháin a bhfuil gá léi le haghaidh uas-scálú FBManna nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis, lena n-áirítear eintitis a bhfuil tacaíocht faighte acu cheana féin i gcomhréir le pointí (a) go (c), atá ag dul i mbun nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis sna teicneolaíochtaí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) de Rialachán .../... [Rialachán STEP], arna mhaoiniú faoi Airteagal 3(b) den Rialachán sin.

    (d)

    tacaíocht de chineál cothromais amháin a bhfuil gá léi le haghaidh uas-scálú FBManna nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis, lena n-áirítear eintitis a bhfuil tacaíocht faighte acu cheana féin i gcomhréir le pointí (a) go (c), atá ag dul i mbun nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis sna teicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) de Rialachán .../... [Rialachán STEP], arna mhaoiniú faoi Airteagal 3(b) den Rialachán sin.

    Leasú 122

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 1 – pointe 3 – pointe c (nua)

    Rialachán (AE) 2021/695

    Airteagal 48 – mír 1 – fomhír 3 a (nua)

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (c)

    i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

     

    ‘Agus tacaíocht chothromais á soláthar aige, féachfaidh CNE le hinfheisteoirí eile a phlódú isteach. Mar sin féin, chun tacú go héifeachtach le nuálaíocht neamh-iontaofa ó thaobh brabúis, is féidir tacaíocht chothromais a sholáthar gan infheisteoirí eile a phlódú, go háirithe le haghaidh nuálaíocht cheannródaíoch agus nuálaíocht shuaiteach neamh-iontaofa ó thaobh brabúis de sna teicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) de Rialachán.../..., ach gan a bheith teoranta don nuálaíocht sin. [Rialachán STEP].

    Leasú 123

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 1 – pointe 3 – pointe d (nua)

    Rialachán (AE) 2021/695

    Airteagal 48 – mír 3

    An téacs atá ann

    Leasú

     

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    3.   Le cinneadh aonair dámhachtana, cumhdófar agus soláthrófar cistiú le haghaidh na bhfoirmeacha uile ranníocaíochta ón Aontas arna soláthar faoi mhaoiniú measctha faoi EIC.

    3.   Le cinneadh dámhachtana aonair, a bheidh bunaithe ar thoradh an phróisis meastóireachta dá dtagraítear i mír 4 agus i gcomhréir le mír 8, cumhdófar agus soláthrófar cistiú le haghaidh gach cineál ranníocaíochta ón Aontas arna soláthar faoi mhaoiniú cumaiscthe CNE. Is é a bheidh mar thoradh ar an gcinneadh dámhachtana aonair conradh aonair a chumhdóidh gach cineál ranníocaíochta ón Aontas dá bhforáiltear leis an gcinneadh.’

    Leasú 124

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 1 – pointe 3 – pointe e (nua)

    Rialachán (AE) 2021/695

    Airteagal 48 – mír 8 – fomhír 1

    An téacs atá ann

    Leasú

     

    (e)

    i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    Maidir le togra ar éirigh leis sa mheastóireacht, molfaidh saineolaithe seachtracha neamhspleácha tacaíocht chomhfhreagrach ón Luasaire, bunaithe ar an riosca a thabhaítear agus ar na hacmhainní agus an t-am is gá chun an nuálaíocht a thabhairt isteach sa mhargadh agus a chur chun úsáide ar an margadh.

    Maidir le togra ar éirigh leis sa mheastóireacht, molfaidh na saineolaithe seachtracha neamhspleácha dá dtagraítear i mír 4 tacaíocht chomhfhreagrach ón Luasaire, bunaithe ar an riosca a thabhaítear agus ar na hacmhainní agus an t-am is gá chun an nuálaíocht a thabhairt isteach sa mhargadh agus a chur chun úsáide ar an margadh. Féadfaidh an Coimisiún tionscadal arna mholadh ag saineolaithe seachtracha neamhspleácha a dhiúltú ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, lena n-áirítear mar gheall ar neamhchomhlíonadh chuspóirí bheartais an Aontais. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir leis na cúiseanna atá le diúltú den sórt sin.’

    Leasú 125

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 17 – mír 1 – pointe 3 – pointe f (nua)

    Rialachán (AE) 2021/695

    Airteagal 48 – mír 11 – fomhír 1

    An téacs atá ann

    Leasú

     

    (f)

    in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    Sa chonradh le haghaidh na gníomhaíochta roghnaithe, bunófar clocha míle sonracha intomhaiste agus an réamh-mhaoiniú comhfhreagrach agus na híocaíochtaí comhfhreagracha i dtráthchodanna den tacaíocht ón Luasaire.

    ‘Leis an gconradh don ghníomhaíocht roghnaithe, a bheidh ina chonradh aonair i gcomhréir le mír 3, bunófar garspriocanna sonracha intomhaiste agus an réamh-mhaoiniú comhfhreagrach agus na híocaíochtaí comhfhreagracha i dtráthchodanna de thacaíocht ón Luasaire.’

    Leasú 126

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 18 – mír 1 – pointe 1 – pointe a

    Rialachán (AE) 2021/695

    Airteagal 4 – mír 1

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    1.   I gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2021/695, is é EUR 9 453 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chiste don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.'

    1.   I gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2021/695, is é EUR 10 453 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chiste don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.”

    Leasú 127

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 18 – mír 1 – pointe 1 – pointe b

    Rialachán (AE) 2021/695

    Airteagal 4 – mír 2 – pointe a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (a)

    EUR 3 151 000 000 do bhearta taighde;

    (a)

    is do ghníomhaíochtaí taighde EUR 3 484 000 000 de;

    Leasú 128

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 18 – mír 1 – pointe 1 – pointe b

    Rialachán (AE) 2021/695

    Airteagal 4 – mír 2 – pointe b

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (b)

    EUR 6 302 000 000 do bhearta forbartha.

    (b)

    is do ghníomhaíochtaí forbartha EUR 6 969 000 000 de.

    Leasú 129

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 18 – mír 1 – pointe 1 – pointe b

    Rialachán (AE) 2021/695

    Airteagal 4 – mír 5

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (c)

    Cuirtear isteach mír 5:

    (b)

    Cuirtear isteach mír 5:

    ‘Déanfar méid EUR 1 500 000 i bpraghsanna reatha den mhéid dá dtagraítear i mír 2 a leithdháileadh ar ghlaonna ar thograí nó ar dhámhachtainí cistiúcháin lena dtacaítear le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a)(i) de Rialachán .../...11 [Rialachán STEP]’.

    ‘Déanfar méid EUR 2 500 000 i bpraghsanna reatha den mhéid dá dtagraítear i mír 2 a leithdháileadh ar ghlaonna ar thograí nó ar dhámhachtainí cistiúcháin lena dtacaítear le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a)(i) de Rialachán .../...11 [Rialachán STEP].’

    Leasú 130

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 19 – mír 1 – pointe 1

    Rialachán (AE) 2021/241

    Airteagal 1 – mír 7

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

    (1)

    In Airteagal 7, cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach:

    (1)

    In Airteagal 7, cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach:

    ‘3.

    Gan dochar do mhír 2, féadfaidh na Ballstáit a mholadh freisin go n-áireofaí ina bplean téarnaimh agus athléimneachta, mar chostais mheasta, méid na ranníocaíochta in airgead tirim chun críoch urrann an Bhallstáit de bhun fhorálacha ábhartha Rialachán InvestEU le haghaidh bearta lena dtacaítear le hoibríochtaí infheistíochta a rannchuidíonn le cuspóirí STEP amháin dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP].   (71)[Rialachán STEP]. Ní rachaidh na costais sin thar 6 % de leithdháileadh iomlán airgeadais an phlean téarnaimh agus athléimneachta agus urramófar ceanglais an Rialacháin seo leis na bearta ábhartha, mar a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta.’

    3.

    Gan dochar do mhír 2, féadfaidh na Ballstáit a mholadh freisin go n-áireofaí ina bplean téarnaimh agus athléimneachta, mar chostais mheasta, méid na ranníocaíochta in airgead tirim chun críoch urrann an Bhallstáit de bhun fhorálacha ábhartha Rialachán InvestEU le haghaidh bearta lena dtacaítear le hoibríochtaí infheistíochta a rannchuidíonn le cuspóirí STEP amháin dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../...   (71) [Rialachán STEP]. Ní rachaidh na costais sin thar 6 % de leithdháileadh iomlán airgeadais an phlean téarnaimh agus athléimneachta agus urramófar ceanglais an Rialacháin seo leis na bearta ábhartha, mar a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta.’ Ní bheidh feidhm ag an teorannú seo maidir leis na ranníocaíochtaí airgid arna ndéanamh de bhun Airteagal 33a.

    Leasú 131

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 19 – mír 2 – pointe 2a

    Rialachán (AE) 2021/241

    Airteagal 1 – mír 33a

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    (2a)

    Cuirtear caibidil nua isteach:

     

    ‘CAIBIDIL VIIa

    ÚSÁID EISCEACHTÚIL IASACHTAÍ RRF NACH N-IARRANN NA BALLSTÁIT

    Airteagal 33a

    1.     An difríocht idir an t-uasmhéid atá ar fáil do na Ballstáit le haghaidh tacaíocht iasachta i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(b) agus an méid iomlán a d’iarr na Ballstáit roimh an 1 Meán Fómhair 2023, cuirfear ar fáil í do na Ballstáit uile chun infheistíochtaí a rannchuidíonn leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán.../... [Rialachán STEP] a chur chun feidhme trí urrann an Bhallstáit de InvestEU. Déanfar an leithdháileadh uasta do gach Ballstát i gcomhréir leis an scála leithdháilte a shainítear in Airteagal 11 den Rialachán seo.

    2.     Arna iarraidh sin ag Ballstát, agus go dtí an 31 Nollaig 2023, féadfaidh an Coimisiún tacaíocht iasachta a dheonú don Bhallstát lena mbaineann chun na críche dá dtagraítear i mír 1.

    3.     Féadfaidh Ballstát tacaíocht iasachta a iarraidh go dtí an 15 Nollaig 2023 chun na críche dá dtagraítear i mír 1.

    4.     Úsáidfidh an Ballstát lena mbaineann fáltais na hiasachta chun ranníocaíocht airgid a dhéanamh le hurrann a Bhallstáit de InvestEU chun tacú le cuspóirí STEP, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/523 [Rialachán InvestEU].

    Leasú 132

    Togra le haghaidh rialacháin

    Airteagal 19a (nua)

    Rialachán (AE) 2021/1755

    Airteagal 4a

    An téacs atá ann

    Leasú

     

    Airteagal 19a

     

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1755

     

    Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1755 mar a leanas:

     

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4a:

    Airteagal 4a

    Aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

    1.   Faoin 1 Márta 2023, féadfaidh na Ballstáit iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun méideanna uile an leithdháilte shealadaigh a leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 4(5), nó cuid díobh, a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. Má fhormheastar an iarraidh ar aistriú, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme chun na méideanna coigeartaithe tar éis na n-aistrithe a léiriú.

    Airteagal 4a

    Aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chuig Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, chuig Ciste Sóisialta na hEorpa Plus nó chuig an gCiste um Aistriú Cóir

    1.   Faoin 1 Márta 2023, féadfaidh na Ballstáit iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun méideanna uile an leithdháilte shealadaigh a leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 4(5), nó cuid díobh, a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. Má fhormheastar an iarraidh ar aistriú, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme chun na méideanna coigeartaithe tar éis na n-aistrithe a léiriú.

     

    1a.     Faoin 30 Meán Fómhair 2024, féadfaidh na Ballstáit iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun na méideanna uile nó cuid de na méideanna óna leithdháileadh sealadach a leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 4(5) chun tacú le hoibríochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán .../... [Rialachán STEP] a aistriú chuig Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó chuig Ciste Sóisialta na hEorpa Plus arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó chuig an gCiste um Aistriú Cóir arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Má fhormheastar an iarraidh ar aistriú, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme chun na méideanna coigeartaithe tar éis na n-aistrithe a léiriú.

    2.   I gcás ina ndéanfaidh aistriú difear do na tráthchodanna a íocadh cheana nó atá le híoc mar réamh-mhaoiniú, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(1) dá réir i gcás an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, na tráthchodanna 2021 agus 2022 uile, nó cuid díobh, arna n-íoc leis an mBallstát sin mar réamh-mhaoiniú, a aisghabháil. Sa chás sin, aistreofar na méideanna aisghafa chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun tairbhe eisiach an Bhallstáit lena mbaineann.

    2.   I gcás ina ndéanfaidh aistriú faoi mhír 1 nó 2 difear do na tráthchodanna a íocadh cheana nó atá le híoc mar réamh-mhaoiniú, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(1) dá réir i gcás an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, na tráthchodanna 2021 agus 2022 uile, nó cuid díobh, arna n-íoc leis an mBallstát sin mar réamh-mhaoiniú, a aisghabháil. Sa chás sin, aistreofar na méideanna aisghafa chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun tairbhe eisiach an Bhallstáit lena mbaineann.

    3.   I gcás ina roghnaíonn Ballstát a leithdháileadh sealadach iomlán nó cuid de a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfar na méideanna a bheidh le caitheamh chun críocha Airteagal 4(4), an chéad fhomhír, a laghdú go comhréireach.

    3.   I gcás ina roghnaíonn Ballstát a leithdháileadh sealadach iomlán nó cuid de a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfar na méideanna a bheidh le caitheamh chun críocha Airteagal 4(4), an chéad fhomhír, a laghdú go comhréireach.

    4.   I gcás ina roghnaíonn Ballstát a leithdháileadh sealadach ar fad a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chuig Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, chuig Ciste Sóisialta na hEorpa Plus nó chuig an gCiste um Aistriú Cóir i gcomhréir le míreanna 1 nó 2, ní bheidh feidhm ag Airteagal 10(1).

    4.   I gcás ina roghnaíonn Ballstát a leithdháileadh sealadach ar fad a aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chuig Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, chuig Ciste Sóisialta na hEorpa Plus nó chuig an gCiste um Aistriú Cóir i gcomhréir le míreanna 1 nó 2, ní bheidh feidhm ag Airteagal 10(1).

    5.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 10(2) maidir leis na méideanna a aistreofar chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

    5.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 10(2) maidir leis na méideanna a aistreofar chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chuig Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, chuig Ciste Sóisialta na hEorpa Plus nó chuig an gCiste um Aistriú Cóir i gcomhréir le míreanna 1 nó 2.

    Leasú 133

    Togra le haghaidh rialacháin

    Iarscríbhinn

    Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

    Leasú

     

    Iarscríbhinn

     

    Sainmhíniú ar bhith-theicneolaíochtaí

     

    (Airteagal 2(1), pointe (a)(iii))

     

    Ciallaíonn bith-theicneolaíochtaí  (1a):

     

    Eolaíocht agus teicneolaíocht a chur i bhfeidhm i leith orgánaigh bheo, chomh maith le páirteanna, táirgí agus samhlacha díobh, chun ábhair bheo nó neamhbheo a athrú chun eolas, earraí agus seirbhísí a tháirgeadh.

     

    Tá an méid seo a leanas sa sainmhíniú staidrimh liostabhunaithe de chuid ECFE ar bhith-theicneolaíocht:

    DNA/RNA: Géanómaíocht, cógasghnéanómaíocht, tóireadóirí géine, innealtóireacht ghéiniteach, seicheamhú/sintéis/aimpliú DNA/RNA, próifíliú léirithe géine, agus úsáid na teicneolaíochta cialldiúltaí, sintéis DNA ar mhórscála, modhnú géanóime agus géine, géinfhuadar.

    Próitéiní agus móilíní eile: Seicheamhú/sintéis/innealtóireacht próitéiní agus peiptídí (lena n-áirítear hormóin mhórmhóilíneacha); modhanna seachadta feabhsaithe le haghaidh drugaí mórmhóilíneacha; próitéamaíocht, aonrú agus íonú próitéine, comharthaíocht, aitheantas gabhdóirí cille.

    Saothrán agus innealtóireacht cille agus fíochán: Saothrú ceall/fíocháin, innealtóireacht fíochán (lena n-áirítear scafall fíocháin agus innealtóireacht bhithleighis), comhtháthú ceallach, spreagthaigh vacsaíne/imdhíonachta, ionramháil suthanna, teicneolaíochtaí pórúcháin le cuidiú marcóir, innealtóireacht mheitibileach.

    Teicnící bith-theicneolaíochta próisis: Coipeadh ag baint úsáide as bith-imoibreoirí, bithscagadh, bithphróiseáil, bithláisteadh, bithlaíonú, bith-thuaradh, bith-dhíshulfarú, bithleasúchán, bith-bhrath, bithscagachán agus fítileasúchán, dobharshaothrú móilíneach.

    Veicteoirí Géine agus RNA: Géinteiripe, veicteoirí víreasacha.

    Bithfhaisnéisíocht: Bunachair sonraí a thógáil ar ghéanóim, ar sheichimh próitéine; próisis bhitheolaíocha chasta a shamhaltú, lena n-áirítear bitheolaíocht córas.

    Nanaiteicneolaíocht: Uirlisí agus próisis mhiocróbacha/nanuirlisí agus nanaiphróisis a chur i bhfeidhm chun gléasanna a thógáil chun staidéar a dhéanamh ar bhithchórais agus ar fheidhmchláir i seachadadh drugaí, diagnóisic, etc.

     


    (1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0290/2023).

    (40)  COM(2023)0160

    (41)  COM(2023)0161

    (42)  Teachtaireacht maidir le Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh bearta Státchabhrach (IO C 101, 17.3.2023, lch. 3).

    (43)  Teachtaireacht maidir le Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh bearta Státchabhrach (IO C 101, 17.3.2023, lch. 3).

    (43a)   Rialachán (AE) 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

    (44)  Rialachán (AE) 2023/435 a mhéid a bhaineann le REPowerEU (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).

    (40)  Teachtaireacht maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais le haghaidh Ré na Glan-nialasachta, COM(2023) 62 final.

    (41)  COM(2023)0160

    (42)  COM(2023)0161

    (43)  Teachtaireacht maidir le Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh bearta Státchabhrach (IO C 101, 17.3.2023, lch. 3).

    (44)  Rialachán (AE) 2023/435 a mhéid a bhaineann le REPowerEU (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).

    (44a)   Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis (IO L 20, 31.1.2022, lch. 1).

    (44b)   Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).

    (44c)   Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le spleáchais agus acmhainneachtaí straitéiseacha (SWD(2021)352) agus Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le spleáchais agus acmhainneachtaí straitéiseacha an Aontais: an dara céim de na grinn-athbhreithnithe (SWD(2022)41), Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin 2023 Tuarascáil Bhliantúil ar an Margadh Aonair: An Margadh Aonair ag 30, SWD(2023) 26 final.

    (45)  Teachtaireacht maidir leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht, COM(2020)0274.

    (45)  Teachtaireacht maidir leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht, COM(2020)0274.

    (46)  Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

    (47)  Rialachán (AE) 2021/523 lena mbunaítear Clár InvestEU (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

    (48)  Rialachán (AE) 2021/695 lena mbunaítear Fís Eorpach (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

    (49)  Rialachán (AE) 2021/697 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149.)

    (46)  Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

    (47)  Rialachán (AE) 2021/523 lena mbunaítear Clár InvestEU (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

    (48)  Rialachán (AE) 2021/695 lena mbunaítear Fís Eorpach (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

    (49)  Rialachán (AE) 2021/697 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149.)

    (50)  Rialachán (AE) 2021/694 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

    (51)  Rialachán (AE) 2021/522 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte, Clár EU4Health (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

    (50)  Rialachán (AE) 2021/694 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

    (51)  Rialachán (AE) 2021/522 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte, Clár EU4Health (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

    (52)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (53)  Rialachán (AE) 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

    (52)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (53)  Rialachán (AE) 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

    (54)  Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

    (54)  Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

    (55)  Rialachán (AE) 2021/1060 lena leagtar síos forálacha coiteanna (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

    (56)  Rialachán (AE) 2021/1058 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe ( IO L 224, 24.6.2021, lch. 31 ).

    (55)  Rialachán (AE) 2021/1060 lena leagtar síos forálacha coiteanna (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

    (56)  Rialachán (AE) 2021/1058 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe ( IO L 231, 30.6.2021, lch. 60 ).

    (57)  Rialachán (AE) 2021/1056 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

    (57)  Rialachán (AE) 2021/1056 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

    (59)  Rialachán (AE) 2021/1057 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

    (59)  Rialachán (AE) 2021/1057 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

    (61)  Rialachán (AE) 1303/2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

    (62)  Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).

    (61)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

    (62)  Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).

    (1a)   Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).

    (63)   Rialachán …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle … [cuir isteach teideal iomlán agus tagairt IO].

    (65)  Rialachán …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle … [cuir isteach teideal iomlán agus tagairt IO].

    (65)  Rialachán …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle … [cuir isteach teideal iomlán agus tagairt IO].

    (66)  Rialachán …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle … [cuir isteach teideal iomlán agus tagairt IO].

    (66)  Rialachán …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle … [cuir isteach teideal iomlán agus tagairt IO].

    (1a)   Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).’;

    (71)  Rialachán …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle … [cuir isteach teideal iomlán agus tagairt IO].

    (71)  Rialachán …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle … [cuir isteach teideal iomlán agus tagairt IO].

    (1a)   ECFE (2018). Revised proposal for the revision of the statistical definitions of biotechnology and nanotechnology [Togra athbhreithnithe chunathbhreithniú a dhéanamh ar na sainmhínithe staidrimh ar bhith-theicneolaíocht agus ar nanaitheicneolaíocht], lch. 8, Bosca 1, Páipéir Oibre ECFE maidir le hEolaíocht, Teicneolaíocht agus Tionscal, Uimh. 2018/01, Páras. https://doi.org/10.1787/085e0151-en


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2663/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top