EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XG0727(03)

Fógra le haghaidh daoine áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach. 2022/C 286/06

ST/11282/2022/INIT

IO C 286, 27.7.2022, p. 25–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 286/25


Fógra le haghaidh daoine áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach.

(2022/C 286/06)

Cuirtear an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid Sergei Ivanovich MENYAILO (Uimh. 12), duine atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544 (1) ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 (2) ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach.

Tá sé ar intinn ag an gComhairle na bearta sriantacha i gcoinne an duine thuasluaite a choinneáil bunaithe ar ráiteas leasaithe ar chúiseanna. Cuirtear in iúl don duine sin, leis seo, go bhféadfaidh sé iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun an ráiteas ar chúiseanna atá beartaithe lena ainmniú a choinneáil a fháil, faoin 3 Lúnasa 2022, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Féadfaidh an duine lena mbaineann, tráth ar bith, iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chuig an seoladh thuas, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh é a chur agus a choinneáil ar an liosta. Déanfar na hiarrataí sin a mheas ach a bhfaighfear iad. I ndáil leis an méid sin, tugtar ar aird an duine lena mbaineann go ndéanann an Chomhairle athbhreithniú go tráthrialta de réir Airteagal 8 de Chinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle.


(1)  IO L 259, 16.10.2018, lgh. 25.

(2)  IO L 259, 16.10.2018, lgh. 12.


Top