AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.5.2022
SWD(2022) 148 final
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN
COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA - TUARASCÁIL ACHOIMRE
a ghabhann leis an doiciméad
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Straitéis an Aontais Eorpaigh um an nGrianfhuinneamh
{COM(2022) 221 final}
TUARASCÁIL ACHOIMRE AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN PHOIBLÍ
STRAITÉIS AN AONTAIS EORPAIGH UM AN nGRIANFHUINNEAMH
I gClár Oibre 2022 an Choimisiún, d’fhógair an Coimisiún Eorpach den chéad uair go raibh sé ar intinn aige Teachtaireacht a ghlacadh ina leagfar amach straitéis maidir le grianfhuinneamh san Aontas Eorpach. Chun an tionscnamh seo a ullmhú, is é a bhí i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin na bpríomhpháirtithe leasmhara ‘glao ar fhianaise’ ar líne agus comhairliúchán poiblí, a foilsíodh an 18 Eanáir ar shuíomh gréasáin comhairliúcháin an Choimisiúin ‘Cloisimis uait’ agus bhí siad ar fáil le haiseolas a thabhairt orthu ar feadh 12 sheachtain. Anuas ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin ar líne, d’eagraigh an Coimisiún comhdháil fhíorúil ardleibhéil páirtithe leasmhara maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um an nGrianfhuinneamh freisin, mar aon le trí cheardlann ar an leibhéal teicniúil.
Ba é aidhm an chomhairliúcháin aiseolas a bhailiú ó na Ballstáit, ó na páirtithe leasmhara agus ó shaoránaigh maidir lena bhfuil beartaithe i dtaca le raon feidhme agus le hábhar na straitéise, chomh maith le heilimintí breise a d’fhéadfaí a chuimsiú sa straitéis. Údaráis phoiblí, cuideachtaí an ghrianfhuinnimh amhail monaróirí táirgí, forbróirí táirgí nó gnóthais a bhaineann le comhtháthú suiteálacha gréine, amhail comhbhailitheoirí agus soláthraithe réiteach digiteach, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), sin iad na príomhpháirtithe leasmhara ar díríodh orthu; comhphobail fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí; eagraíochtaí neamhrialtasacha; eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta agus daoine aonair a dhéanann grianfhuinneamh a tháirgeadh nó a thomhailt nó a bhfuil suim acu sa ghrianfhuinneamh.
Ba cheart an doiciméad seo a mheas mar achoimre ar na haighneachtaí ó na páirtithe leasmhara le linn an phróisis comhairliúcháin seo, agus mar sin amháin. Ní féidir é a mheas mar sheasamh oifigiúil an Choimisiúin nó a sheirbhísí in imthosca ar bith agus, dá bhrí sin, níl sé ceangailteach ar an gCoimisiún. Ní féidir na freagraí ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin a mheas mar shampla ionadaíoch de thuairimí dhaonra an Aontais.
Réimse na bpáirtithe leasmhara rannpháirteacha
Fuarthas ionchur ó na príomhpháirtithe leasmhara ar díríodh orthu trí fhreagraí ar an gcomhairliúchán poiblí, barúlacha maidir leis an ‘nglao ar fhianaise’ agus trí rannpháirtíocht in imeachtaí na bpáirtithe leasmhara. Bhí rannpháirtíocht ard ann ó chuideachtaí grianfhuinnimh ar gach leibhéal (ó mhicreachuideachtaí go cuideachtaí móra) agus ó chuideachtaí a rinne ionadaíocht ar earnálacha éagsúla de theicneolaíocht an ghrianfhuinnimh (díriú grianteasa, fótavoltachas gréine, grianfhuinneamh teirmeach, etc.), mar aon le comhphobail fuinnimh in-athnuaite agus saoránaigh atá rannpháirteach i ngrianfhuinneamh agus/nó a bhfuil spéis acu ann. Sholáthair roinnt comhlachais tomhaltóirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta barúlacha nó aiseolas freisin. Bhí rannpháirtíocht theoranta ann ó údaráis phoiblí, bíodh sin ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal áitiúil.
Uirlisí agus modheolaíocht
Rinneadh anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil ar na freagraí ar an gcomhairliúchán poiblí agus ar na barúlacha a fuarthas maidir leis an ‘nglao ar fhianaise’, lena n‑áirítear na páipéir seasaimh i gceangal. Próiseáladh na freagraí ar na ceisteanna ilrogha sa chomhairliúchán poiblí trí úsáid a bhaint as na huirlisí anailíse sonraí cainníochtúla i Suirbhé an Aontais Eorpaigh. Rinneadh na freagraí cáilíochtúla (na freagraí saorthéacs ar na ceisteanna agus na páipéir seasaimh atá i gceangal) a bhailiú agus a scagadh ar leithligh ó na sonraí cainníochtúla. Rinneadh na barúlacha maidir leis an ‘nglao ar fhianaise’ a aicmiú de réir na n‑éileamh a rinneadh agus a chainníochtú.
Glao ar fhianaise
Maidir leis an ‘nglao ar fhianaise’, thug 447 nduine nó n‑eintiteas barúil air. Mar sin féin, bhí 92 athrá ann agus níor thug 44 bharúil aghaidh ar an ábhar i gceist. Dá bhrí sin, is é 311 an líon iarbhír aighneachtaí substaintiúla.
Tháinig formhór na mbarúlacha ó shaoránaigh (266, lena n‑áirítear 4 bharúil ó shaoránaigh neamh-AE) agus ó chuideachtaí/eagraíochtaí gnó (58), eagraíochtaí neamhrialtasacha (12), institiúidí acadúla/taighde (5), gníomhaireachtaí taighde (1), ceardchumainn (3), údaráis phoiblí (3) agus eile (7).
Ceistneoir comhairliúcháin phoiblí
Mealladh 190 rannpháirtí chun an ceistneoir comhairliúcháin phoiblí a dhéanamh, ar cuideachtaí/eagraíochtaí gnó (55) agus saoránaigh den Aontas Eorpach (52) iad a bhformhór. Tháinig na freagraí eile isteach ó institiúidí acadúla/taighde (23), comhlachais ghnó (21), údaráis phoiblí (13), eagraíochtaí neamhrialtasacha (8), eagraíochtaí tomhaltóirí (3), saoránaigh neamh-AE (2), ceardchumainn (1) agus eile (12). Ina theannta sin, dhearbhaigh 12 fhreagróir go raibh siad ag freagairt thar ceann comhphobail fuinnimh agus dúirt 49 fhreagróir go raibh siad ag freagairt thar ceann úinéir nó úinéirí cuideachta táirgthe grianfhuinnimh dháilte mhionscála.
Maidir leis an tír thionscnaimh a dhearbhaigh na rannpháirtithe, dhearbhaigh 44 rannpháirtí an Spáinn, dhearbhaigh 38 rannpháirtí an Ghearmáin, dhearbhaigh 18 rannpháirtí an Fhrainc, dhearbhaigh 14 rannpháirtí an Bheilg agus an Iodáil faoi seach, dhearbhaigh 8 rannpháirtí an Ísiltír, dhearbhaigh 7 rannpháirtí an tSualainn, dhearbhaigh 5 rannpháirtí an Ostair, an Phortaingéil agus an Pholainn faoi seach, dhearbhaigh 4 rannpháirtí an Ghréig, dhearbhaigh 2 rannpháirtí Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Ungáir agus Málta faoi seach agus dhearbhaigh 1 rannpháirtí an Bhulgáir, an Fhionlainn, an Liotuáin, an Rómáin agus an tSlóivéin faoi seach. Maidir le freagróirí ó lasmuigh den Aontas Eorpach, dhearbhaigh 3 fhreagróir an Iorua mar thír thionscnaimh, dhearbhaigh 2 fhreagróir an Eilvéis agus an Tuirc faoi seach, agus dhearbhaigh 1 fhreagróir an Bhrasaíl, an tSín, Iosrael agus an Ríocht Aontaithe faoi seach.
Nuair a cuireadh ceist orthu faoi na teicneolaíochtaí a n‑oibríonn siad leo (bhí freagróirí in ann níos mó ná rogha amháin a roghnú), ba é an teicneolaíocht is mó a roghnaíodh an fótavoltachas gréine, dáilte (87) nó ar scála fóntais (78), agus an grianfhuinneamh teirmeach ina dhiaidh sin, le haghaidh úsáid in áit chónaithe phríobháideach (40), le haghaidh úsáid thionsclaíoch nó talmhaíochta (39) nó le haghaidh téamh ceantair (29), agus roghnaigh 59 bhfreagróir Díriú Grianteasa.
Torthaí an chomhairliúcháin phoiblí
Glao ar fhianaise
As 311 fhreagróir shubstaintiúla, bhí formhór mór na bhfreagróirí, is é sin 290 freagróir, i bhfabhar dlús a chur le himscaradh an ghrianfhuinnimh, agus bhí 21 fhreagróir ina choinne. Mhol an chuid is mó díobh grianfhuinnimh a imscaradh go mór i bhfoirgnimh, reachtaíocht a shimpliú agus tacaíocht eacnamaíoch níos fearr. Léirigh roinnt freagróirí ábhair imní faoi iomaíocht talamhúsáide leis an talmhaíocht, faoin gcomhshaol agus faoi shlándáil sa slabhra soláthair.
Chuir na rannpháirtithe in iúl gurb é an t‑ualach riaracháin (77) is cúis leis an bpríomhbhac ar fhorbairt na dtionscadal grianfhuinnimh, agus béim á leagan acu ar an ngá atá le nósanna imeachta riaracháin níos giorra agus níos simplí. Chuir roinnt rannpháirtithe in iúl freisin go bhfuil gá le tuilleadh tacaíochta (60) i bhfoirm cistithe, iasachtaí nó laghduithe cánach.
Luaigh roinnt freagróirí gur cheart d’fhoirgnimh fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh agus a bheith an-éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de, rud a laghdódh costais fuinnimh do theaghlaigh. Chun é sin a bhaint amach, mhol siad dlús a chur le comhtháthú an ghrianfhuinnimh ar dhíonta, ar bhalcóiní, ar aghaidheanna, ar bhallaí agus ar chodanna eile de thionscadail tógála nua, agus le linn athchóirithe ar fhoirgnimh phoiblí nó ar fhoirgnimh phríobháideacha freisin (85). Rinne rannpháirtithe eile nasc idir forbairt an ghrianfhuinnimh i bhfoirgnimh agus comhtháthú na leictrea-shoghluaisteachta, inar moladh dlús a chur le himscaradh na stáisiún páirceála/luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha, lena n‑áirítear thar mhótarbhealaí. Thacaigh rannpháirtithe eile le comhphobail fuinnimh agus le féin-tomhaltas mar uirlisí chun táirgeadh grianfhuinnimh díláraithe a chur chun cinn (28) agus chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi thairbhí agus faoi inmharthanacht an ghrianfhuinnimh (9).
Léirigh roinnt freagróirí gurb iad na córais stórála an réiteach is fearr chun níos mó solúbthachta a chur ar fáil maidir le bainistiú tháirgeadh an fhuinnimh in-athnuaite agus chun fuinneamh a sholáthar san oíche (40). Luaigh roinnt rannpháirtithe an gá le borradh a chur faoi theicneolaíochtaí gréine eile amhail díriú grianteasa (10) agus grianfhuinneamh teirmeach (15), ní hamháin painéil fhótavoltacha. Ar cheann de na príomhdhúshláin a sainaithníodh, bhí forbairt lucht saothair a bhfuil an t‑eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá acu (7).
Maidir leis na gnéithe comhshaoil, d’éiligh rannpháirtithe éagsúla caighdeáin agus taighde inbhuanaitheachta atreisithe i dtáirgeadh agus in athchúrsáil atá tíosach ar acmhainní (30). A mhéid a bhaineann le dé-úsáid spásanna, mhol go leor rannpháirtithe agra-fótavoltachas a chur chun cinn (34). Thacaigh líon áirithe freagróirí le painéil ghréine a mhonarú san Aontas (‘déanta san Eoraip’) (18) mar bhealach chun a áirithiú go gcuirfear ardchaighdeáin chomhshaoil i bhfeidhm maidir le táirgí fótavoltacha a shuiteáiltear san Aontas agus nach dtáirgtear iad le saothar éignithe agus chun athléimneacht an tslabhra soláthair a atreisiú.
Ceistneoir comhairliúcháin phoiblí
Bhí 26 cheist san iomlán sa cheistneoir comhairliúcháin phoiblí, ar ceisteanna ilrogha iad den chuid is mó, ach bhí roinnt ceisteanna oscailte ann freisin. Cumhdaíodh sna ceisteanna trí phríomhábhar: (1) dlús a chur le himscaradh tionscadal grianfhuinnimh, (2) éascaíocht a dhéanamh do chomhtháthú córas i dtaca le táirgeadh grianfhuinnimh agus (3) an inbhuanaitheacht, an athléimneacht, an t‑iomaíochas, an nuálaíocht agus an trédhearcacht a fheabhsú ar feadh shlabhra luacha an ghrianfhuinnimh. Is fiú a thabhairt faoi deara nár thug formhór na 190 freagróir freagraí iomlána ar na ceisteanna uile.
Sa chéad roinn den cheistneoir, shainaithin an líon is mó rannpháirtithe (45) gurb iad na nósanna imeachta um cheadú an bhacainn is tábhachtaí ar thionscadail fhótavoltacha, agus gurb iad na fadhbanna maidir le ceangal leis an eangach (43) agus an creat rialála (42) na bacainní is tábhachtaí ina dhiaidh sin. Ar an taobh eile, shainaithin an líon is mó rannpháirtithe (32) gurb é an easpa glactha ag an bpobal an bhacainn is lú tábhacht. Maidir le tionscadail dírithe grianteasa, shainaithin an líon is mó rannpháirtithe (51) gurb é an creat rialála an bhacainn is tábhachtaí.
Maidir leis na fachtóirí a dhéanann difear diúltach do chás gnó na dtionscadal nua fótavoltach gréine ar scála fóntais, chuir an líon is mó rannpháirtithe (44) in iúl gurb é an éiginnteacht maidir leis an gcreat rialála a bheidh ann amach anseo an bhacainn is tábhachtaí, agus gurb iad an éiginnteacht maidir leis na scéimeanna tacaíochta a bheidh ann amach anseo (40) agus an easpa dreasachtaí le haghaidh stóráil ‘ar thaobh an tomhaltóra den mhéadar’ arna cumasc le tionscadail ghrianfhuinnimh (38) na bacainní is tábhachtaí ina dhiaidh sin. I gcás na ceiste céanna maidir le tionscadail dírithe grianteasa mhórscála, chuir an líon is mó rannpháirtithe (49) in iúl nach bhfuil na córais cheant-bhunaithe leormhaith chun cothrom iomaíochta a áirithiú, agus gurb é an éiginnteacht maidir leis an gcreat rialála a bheidh ann amach anseo (46) an bhacainn is tábhachtaí ina dhiaidh sin.
Ina theannta sin, rinne na rannpháirtithe tábhacht na bhfachtóirí a chuireann bac ar imscaradh na suiteálacha beaga grianfhuinnimh i bhfoirgnimh aonad aonair a mheas. Chuir an líon is mó rannpháirtithe (41) in iúl gurb é an easpa (nó róbheagán luacha le fáil as) díol an fharasbairr leictreachais a tháirgtear. I gcás suiteálacha i bhfoirgnimh ilaonaid, roghnaigh an líon is mó rannpháirtithe (41) gurb é an creat rialála agus tacaíochta poiblí an fachtóir diúltach is tábhachtaí, agus gurb é an creat dlíthiúil le haghaidh cinnteoireachta i bhfoirgnimh atá faoi úinéireacht chomhpháirteach agus ina bhfuil dromchlaí dín agus aghaidh-bhallaí faoi chomhúinéireacht (38) an fachtóir is tábhachtaí ina dhiaidh sin. Níor thug thart ar 40 freagróir freagra iomlán ar an dá cheist sin. Ina theannta sin, d’aontaigh formhór na bhfreagróirí go mbeadh easpa dreasachtaí ann le haghaidh suiteálacha beaga in éagmais scéimeanna méadraithe / billeála glanmhéide agus chuir an líon is mó freagróirí (32 rannpháirtí as thart ar 100 rannpháirtí a d’fhreagair an cheist seo) in iúl gurb iad na muirir agus na tobhaigh ghréasáin is infheidhme an fachtóir diúltach is tábhachtaí.
Maidir leis na fachtóirí a choisceann comhphobail fuinnimh ar ról iomlán a imirt i nginiúint, i gcomhroinnt agus i ndíol grianfhuinnimh, níor thug go leor freagróirí freagra iomlán (thart ar 90). Ina measc siúd a thug freagra iomlán, shainaithin an líon is mó freagróirí (40) gurb iad na nósanna imeachta tairisceana dochta fadálacha le haghaidh fóirdheontas agus na nósanna imeachta ceadúnúcháin um bhunú comhphobal fuinnimh (40 freisin) an príomhfhachtóir.
Rinne na freagróirí measúnú ar na fachtóirí a choisceann suiteálacha grianfhuinnimh i limistéir / saoráidí tionsclaíocha freisin. Ag cur san áireamh nár thug thart ar 70 freagróir freagra ar an gceist seo, roghnaigh an líon is mó freagróirí (37) gurb é an tionchar atá ag an gcreat rialála agus tacaíochta ar an gcás gnó an fachtóir is mó, agus gurb iad an easpa radhairc ar a bhfuil romhainn amach san fhadtéarma, radharc a theastaíonn chun cinntí a dhéanamh maidir le mór-infheistíocht, an easpa dreasachtaí i dtaca le tuilleadh fuinnimh in-athnuaite a úsáid agus na fadhbanna maidir le ceangal leis an eangach (33 fhreagróir an ceann) na fachtóirí is mó ina dhiaidh sin. Ar an taobh eile, níor measadh gur bacainn í an poitéinseal íseal i dtaca le hoibríochtaí a leictriú, ós rud é gur mheas an líon is mó freagróirí (54) gurb é an fachtóir diúltach is lú tábhacht.
Maidir le suiteálacha grianfhuinnimh theirmigh, agus é a chur san áireamh nár thug thart ar 100 freagróir freagra iomlán ar an gceist seo, chuir an líon is mó freagróirí (32) in iúl gurb é an creat rialála agus tacaíochta poiblí an fachtóir is mó, agus gurb iad na dálaí atá neamhfhabhrach d’fhoinsí in-athnuaite maidir le nascadh leis an gcóras téimh (30) an fachtóir is mó a roghnaigh freagróirí ina dhiaidh sin.
Chun spreagadh a thabhairt do na húdaráis phoiblí chun grianfhuinneamh a shuiteáil i bhfoirgnimh nó ar thalamh atá faoina n‑úinéireacht nó atá acu ar léas, roghnaigh an líon is mó freagróirí (83) gurb é spriocanna a leagan síos maidir le suiteálacha fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh phoiblí an ionstraim is oiriúnaí, agus bhí freagróirí i bhfabhar na sainorduithe dlíthiúla (69) ina dhiaidh sin. Níor thug thart ar 60 freagróir freagra iomlán ar an gceist sin.
Cuireadh ceist ar tháirgeoirí príomhúla talmhaíochta, lena n‑áirítear comhlachais feirmeoirí agus talmhaíochta, cé acu a rinne siad infheistíocht sa ghrianfhuinneamh ar a bhfeirm nó nach ndearna, nó cé acu atá sé beartaithe acu infheistíocht a dhéanamh ann nó nach bhfuil. As an 22 fhreagróir, thug 10 bhfreagróir freagra dearfach agus thug formhór díobh (6) le fios go raibh sé mar chuid de scéim billeála/méadraithe glanmhéide. Luaigh formhór na dtáirgeoirí nach raibh infheistíocht déanta acu agus/nó nach raibh sé beartaithe acu infheistíocht a dhéanamh (12 san iomlán) gurb í an easpa maoinithe an phríomhchúis lena gcinneadh (6).
Maidir leis na hathruithe rialála a rachadh chun tairbhe chun creat a chruthú a thabharfadh breis tacaíochta le haghaidh acmhainneacht fhótavoltach dháilte bhreise i suíomhanna nach foirgnimh iad, léirigh thart ar 60 rannpháirtí a smaointe. Bhí na freagraí sách ilchineálach, ach roinn roinnt rannpháirtithe ábhair ar leith, amhail imscaradh an agra-fótavoltachais a chothú trí chreat sonrach a fhorbairt chuige sin, trí chabhair airgeadais (scéimeanna tacaíochta, laghduithe cánach, etc) a mhéadú, nó trí nósanna imeachta um cheadú a dhéanamh níos simplí agus níos éadroime.
Maidir leis na roghanna trealaimh atá ar fáil do chustaiméirí, mheas formhór mór na bhfreagróirí (145) go gcuirtear teorainn leis na roghanna sin de dheasca fadhbanna comhoiriúnachta/idir-inoibritheachta idir comhpháirteanna de shuiteálacha fótavoltachais gréine nó idir córais táirgthe agus stórála grianfhuinnimh, rud a chiallaíonn go gcaithfidh an custaiméir cloí le soláthróir, monaróir nó líne táirgí áirithe. I measc 78 bhfreagróir, thug 45 fhreagróir le fios gurb é an prótacal/caighdeán cumarsáide atá neamh-chomhoiriúnach ba chúis leis.
Maidir leis na bearta chun éascaíocht a dhéanamh do chomhtháthú córas i dtaca le táirgeadh grianfhuinnimh, níor thug thart ar 60 freagróir freagra iomlán ar an gceist sin. Mheas an líon is mó freagróirí (101) gur cheart a cheadú do tháirgeoirí grianfhuinnimh beaga a bheith ag díol sna margaí mórdhíola agus miondíola araon.
Thug formhór na bhfreagróirí le fios nach soláthraíonn siad seirbhísí solúbthachta d’oibreoir an chórais leictreachais áitiúil (74 fhreagróir as 122 fhreagróir a d’fhreagair). Maidir leis na bacainní ar sholáthar seirbhísí solúbthachta (e.g. trí ‘fhreagairt don éileamh’) d’oibreoir an chórais leictreachais áitiúil, shainaithin an líon is mó freagróirí (51) gurb é an easpa margaí áitiúla nó an easpa féidearthachtaí trádála idir piaraí an bhacainn is tábhachtaí, agus gurb é ceannasacht na bhfóntas mór ar an margadh an bhacainn is tábhachtaí ina dhiaidh sin (38).
Mheas formhór na bhfreagróirí (102 as 117 bhfreagra san iomlán) gur cheart a cheadú do tháirgeoirí grianfhuinnimh mionscála a bheith ag díol sna margaí mórdhíola agus miondíola araon. Chuir an líon is mó freagróirí (51) in iúl gurb é an easpa margaí áitiúla agus an easpa féidearthachtaí trádála idir piaraí, etc. an phríomhbhacainn a chuireann cosc ar an rannpháirtíocht sin sna margaí. Ní dhearna thart ar 100 rannpháirtí rátáil ar na bacainní uile, áfach.
Ba mhó an líon freagróirí nár shuiteáil ceallra le haghaidh a gcuid riachtanas baile nó le haghaidh a gcuid riachtanas gnó ná an líon freagróirí a shuiteáil ceallra (79 vs 51). Is é an phríomhchúis leis an gceallra a shuiteáil an tomhaltas a ailíniú níos fearr le táirgeadh grianfhuinnimh (37) agus spleáchas ar an eangach a laghdú (36); mheas formhór díobh siúd nach raibh ceallra suiteáilte acu go raibh sé róchostasach i gcomparáid leis an mbreisluach (39). Maidir leis an gcumarsáid eangaí a bhaineann le córas fótavoltach gréine dáilte, mheas formhór na rannpháirtithe a d’fhreagair go bhfuil gá le formáid choiteann sonraí (87 as 106 fhreagra) agus, maidir leis an táirgeadh sonraí sin, shíl formhór na bhfreagróirí a d’fhreagair an cheist gur cheart é a bheith gar d’eatramh ama na margaí leictreachais nó a bheith níos gaire don fhíor-am (78 as 99 bhfreagra).
Maidir leis na ceisteanna a bhaineann leis an slabhra luacha, mheas formhór na bhfreagróirí (idir 121 agus 150 freagróir) go mbeadh sé ábhartha bearta a chur i bhfeidhm, ar bearta iad lena gceanglaítear trédhearcacht mhéadaithe agus lena leagtar síos ceanglais de chineál cainníochtúil (le haghaidh lorg carbóin, inbhuanaitheacht chomhshaoil agus coinníollacha fostaíochta), maidir le táirgí/córais grianfhuinnimh a dhíoltar san Aontas Eorpach. Maidir leis an Aontas Eorpach a bheith ag brath ar tháirgí/ábhair allmhairithe in earnáil an ghrianfhuinnimh, mheas formhór mór na bhfreagróirí (151) go gcruthaíonn sé sin soghontacht nó rioscaí i dtaca le dlús a chur le himscaradh an ghrianfhuinnimh agus, maidir le dúshláin a bhaineann leis an slabhra soláthair, mheas go leor rannpháirtithe (142) gur dócha go bhféadfadh na dúshláin sin tionchar mór a imirt i dtaca le fáil a bheith ar réitigh grianfhuinnimh chostéifeachtacha i margadh an Aontais sa mheántéarma agus san fhadtéarma.
Nuair a iarradh ar fhreagróirí cé na príomhfhachtóirí a chuireann isteach ar acmhainneacht an Aontais maidir le maoin intleachtúil agus nuálaíocht a ghiniúint, a mhéid a bhaineann le slabhra luacha an ghrianfhuinnimh, is iad teorainneacha na monaraíochta mórscála san Aontas Eorpach an fachtóir is minice a roghnaíodh (99). Maidir leis na hearnálacha de shlabhra soláthair an fhótavoltachais gréine a bhfuil an poitéinseal is mó iontu chun iomaíochas thionscal an Aontais a mhéadú, luaigh freagróirí teicneolaíochtaí núíosacha den chuid is mó, amhail cealla heitreachumair, pearóivscíte nó teaindim (66), ach luaigh siad táirgeadh modúl (56) agus táirgeadh ceall (55) agus monaraíocht trealaimh (54) freisin. Maidir le bearta lena rannchuideofaí le hinbhuanaitheacht, le hiomaíochas agus le hathléimneacht shlabhra luacha an ghrianfhuinnimh san Aontas Eorpach, roghnaigh an líon is mó freagróirí (76) gurb é rochtain a thabhairt ar choinníollacha fabhracha maoiniúcháin an beart a bhfuil an poitéinseal is airde ann, agus gurb é próiseas a sheoladh in earnáil an ghrianfhuinnimh (69), próiseas arb é a bheadh ann Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne, agus tacaíocht d’fhorbairt saoráidí táirgthe mórscála, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí dhlús a chur leis an gceadú (64) na bearta a bhfuil an poitéinseal is airde iontu ina dhiaidh sin.
Páipéir seasaimh
Fuair an Coimisiún Eorpach 35 dhoiciméad inar soláthraíodh achoimrí nó seasaimh maidir leis an ngrianfhuinneamh ó réimse eagraíochtaí, lena n‑áirítear riaracháin phoiblí, cuideachtaí, oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin, an earnáil phríobháideach agus comhlachais saoránach, etc. Den chuid is mó, tugadh an t‑ábhar céanna sna teachtaireachtaí a fuarthas tríd an gcainéal seo agus an t‑ábhar a fuarthas tríd an gceistneoir. Dá bhrí sin, sa roinn seo déantar achoimre ar na héilimh arna gcur ar aghaidh sna doiciméid sin nach léirítear san achoimre thuas.
Gné ar ina leith a soláthraíodh peirspictíochtaí nua leis an gcainéal seo is ea na himpleachtaí sóisialta a bhaineann le himscaradh an ghrianfhuinnimh, i dtéarmaí an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac, tacú le féin-tomhaltas comhchoiteann, aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí atá ag tionóntaí rochtain a fháil ar fhuinneamh in-athnuaite, etc. Mhol páirtithe leasmhara scéimeanna tacaíochta lena ndíreofar ar theaghlaigh ísealioncaim nach bhfuil in ann íoc as an gcéad infheistíocht is gá le haghaidh shuiteáil an ghrianfhuinnimh nó sásraí a bhunú lena soláthraítear dreasachtaí le haghaidh tiarnaí talún agus tionóntaí. Chun suiteáil an ghrianfhuinnimh i bhfoirgnimh ilaonaid a éascú, mhol siad athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha cinnteoireachta sna foirgnimh sin chun gur féidir cinntí a dhéanamh ar bhealach níos tapa agus níos simplí, mar shampla, ar bhonn tromlaigh shimplí. Chun féin-tomhaltas a chur chun cinn, mhol páirtithe leasmhara gur cheart a áirithiú gur féidir le táirgeoirí is tomhaltóirí soláthróir a athrú, rud lena gcuirfear feabhas ar iomaíocht sa luach saothair maidir leis an leictreachas a chuireann siad isteach san eangach; ina theannta sin, d’iarr roinnt páirtithe leasmhara go mbeadh an luach saothair sin chomh hard le praghas margaidh an leictreachais ar a laghad. An gá le suiteálacha beaga a bheith rannpháirteach go hiomlán sna margaidh leictreachais, measadh gur rud riachtanach é freisin chun imscaradh díláraithe a chur chun cinn. Thug páirtithe leasmhara eile le fios go gcuirtear bac, i gcásanna áirithe, ar imscaradh ar dhíonta le rialacháin áitiúla maidir leis an ngné sheachtrach d’fhoirgnimh agus d’iarr siad go ndéanfaí an ceadú maidir leis na suiteálacha sin a shimpliú agus a ghiorrú. Iarradh freisin go ndéanfaí cánacha áirithe a dhíothú i gcás féin-tomhaltais agus roinnt an leictreachais, agus ina theannta sin go ndéanfaí athbhreithniú ar tharaifí gréasáin chun imscaradh grianfhuinnimh díláraithe a spreagadh. Cuireadh i dtábhacht freisin an gá atá le Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá ann cheana maidir le Comhphobail Fuinnimh In-athnuaite a chur chun feidhme go hiomlán.
An tráth céanna, mhol go leor páirtithe leasmhara réitigh a bheadh i bhfabhar imscaradh na suiteálacha mórscála, amhail sásra ar an leibhéal náisiúnta chun limistéir oiriúnacha a shainaithint, nó solúbthacht i gcur chun feidhme na reachtaíochta comhshaoil, trí úsáid a bhaint as na maoluithe atá ann cheana ar bhonn leas an phobail. Ag an am céanna, mhol líon mór páirtithe leasmhara go dtabharfaí aghaidh ar bhacainní a bhaineann le dé-úsáid iomlánaíoch spásanna nó dromchlaí, lena gcumhdaítear rialacháin maidir le hearnálacha éagsúla i.e. fuinneamh, ar thaobh amháin, agus tógáil, talmhaíocht, bonneagar, etc, ar an taobh eile.
Chuir roinnt rialtas náisiúnta agus fóntas i dtábhacht freisin gur cheart don Aontas Eorpach ceart na mBallstát a urramú maidir le cinneadh a dhéanamh faoina mbeartas fuinnimh agus gur cheart dó staonadh ó reachtaíocht bhreise a mholadh san earnáil seo. Ag an am céanna, chuir riaracháin áitiúla i dtábhacht go mbraitheann na réigiúin is forimeallaí san Aontas ar chórais fuinnimh scoite, agus, le hAirteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cosnaítear a gceannasacht fuinnimh. Is é atá i gceist leis sin go bhfuil gá le suiteálacha fuinnimh in-athnuaite agus réitigh stórála a fhorbairt. Chuir páirtithe leasmhara eile i dtábhacht na bacainní atá ann cheana ar imscaradh stórála.
D’úsáid roinnt earnálacha tionsclaíocha an cainéal seo chun a n‑éilimh a chur ar aghaidh. Léiríodh go raibh gá le tuilleadh tacaíochta maidir le grianteas, mar shampla, chun go gcuirfear i bhfeidhm é ar bhonn níos forleithne chun roinnt próisis thionsclaíocha a dhícharbónú, próisis a bhfuil poitéinseal mór iontu ach a ndéantar dul chun cinn mall maidir leo. Bhí earnáil an Dírithe Grianteasa gníomhach go leor, agus d’iarr siad go dtabharfaí tacaíocht shonrach d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite lena soláthraítear cobhsaíocht eangaí, lena n‑áirítear Díriú Grianteasa (CSP).
Faoi dheireadh, chuir earnáil na monaraíochta gréine réimse éileamh i láthair. Áiríodh leo sin an tionscal a aithint mar earnáil straitéiseach don Aontas Eorpach, rochtain ar mhaoiniú a sholáthar (lena n‑áirítear trí Thionscadal Tábhachtach ar Mhaithe le Leas na hEorpa i gcoitinne), sprioc ar leibhéal an Aontais a leagan síos maidir le toilleadh monaraíochta, deireadh a chur le dleachtanna frithdhumpála atá ann faoi láthair ar chomhpháirteanna áirithe is gá chun táirgí fótavoltacha a mhonarú,
Imeachtaí for‑rochtana
Anuas ar na gníomhaíochtaí thuasluaite, d’eagraigh an Coimisiún comhdháil fhíorúil ardleibhéil páirtithe leasmhara maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um an nGrianfhuinneamh an 29 Márta, agus bhí thart ar 250 rannpháirtí i láthair. I measc na gcainteoirí, bhí ionadaithe ardleibhéil ó institiúidí an Aontais Eorpaigh agus gníomhaithe ó earnáil an ghrianfhuinnimh agus ó earnáil an fhuinnimh theirmigh san Aontas: tionscal, eagraíochtaí saoránach, rialálaithe, anailísithe, taighdeoirí agus an tsochaí shibhialta. Bhí tacaíocht d’aon toil ann maidir le dlús a chur le himscaradh na suiteálacha grianfhuinnimh agus maidir le héascaíocht a dhéanamh dó, agus caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta á gcoinneáil ar leibhéal ard. Chuir formhór na rannpháirtithe i dtábhacht a thábhachtaí atá dé-úsáid spásanna. Cuireadh béim freisin ar a thábhachtaí atá sé slabhra soláthair na hEorpa a neartú, cé nach raibh comhthoil ann maidir le cé na bearta ar leibhéal an Aontais a d’fhéadfaí a ghlacadh chun é a shásamh. Rinneadh plé ar imscaradh díláraithe a bheidh faoi stiúir saoránach mar phríomh-chomhpháirt a bheidh ann amach anseo, bunaithe ar chomhphobail fuinnimh, mar shampla.
Ina theannta sin, bhí an Coimisiún rannpháirteach i dtrí cheardlann theicniúla ar ábhair shonracha le taighdeoirí agus le páirtithe leasmhara an tionscail:
·Sa chéad cheardlann, maidir le córais fhótavoltacha comhtháite san fhoirgneamh (BIPV), chuir páirtithe leasmhara i dtábhacht go mbíonn ar tháirgí BIPV dul trí nós imeachta deimhniúcháin dúbailte, mar tháirgí tógála agus mar tháirgí leictreachais, agus nach raibh aon nós imeachta aonchineálach um dheimhniú táirgí ar fud an Aontais Eorpaigh.
·Sa dara ceardlann, maidir le deiseanna le haghaidh thionscal na monaraíochta fótavoltaí gréine agus na bacainní atá air, cé go bhfuil an nuálaíocht ina phríomhbhuntáiste don Aontas Eorpach i gcónaí, thug páirtithe leasmhara le fios nach mbíonn an timpeallacht nuálaíochta chomh hiomaíoch céanna de dheasca an easpa monaraíochta. Léiríodh gurb é an rochtain ar mhaoiniú an príomhrud a bhfuil gá leis chun monaraíocht a leathnú mar gheall ar an iomaíocht ó tháirgí allmhairithe, iomaíocht atá ann, dar leo, mar gheall ar éagothrom iomaíochta ar an leibhéal idirnáisiúnta.
·Sa tríú ceardlann le hionadaithe ó earnáil an Dírithe Grianteasa (earnáil na grianchumhachta agus earnáil an fhuinnimh theirmigh araon), léirigh páirtithe leasmhara a dtuairimí nár cheart do CSP a bheith in iomaíocht le fótavoltachas gréine ar bhonn na gcostas toisc go soláthraítear leis luach córais breise i bhfoirm teirmeastórála agus gur féidir leis leictreachas a sholáthar san oíche, mar shampla. Dá bhrí sin, d’iarr siad go mbeadh dearaí ceant ann lena dtabharfaí aitheantas do na buntáistí a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite inseolta.
Conclúidí
Tá torthaí an chomhairliúcháin phoiblí oscailte ailínithe den chuid is mó le príomhrúin an tionscnaimh. Léiríodh leis na torthaí go bhfuil tacaíocht ollmhór ann do dhlús a chur le himscaradh an ghrianfhuinnimh san Aontas agus do ról níos mó a bheith ag tionscal grianfhuinnimh an Aontais sa phróiseas seo.
Tá sé tábhachtach a chur i dtábhacht go dtabharfar aghaidh ar chuid de na hiarrataí a fuarthas tríd an bpróiseas comhairliúcháin seo trí thionscnaimh eile atá ar siúl nó atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach. Go sonrach, an tionscnamh comhthreomhar maidir le ceadú níos tapa le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite, ós rud é gur sainaithníodh den chuid is mó gurb é sin an phríomhbhacainn ar dhlús a chur leis an imscaradh. Tá saincheisteanna eile nasctha le cur chun feidhme iomlán reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá ann cheana agus leis na tograí arna gcur ar aghaidh tríd an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ in 2021, lena n‑áirítear an t‑athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite.
Cuid lárnach den tionscnamh seo is ea go bhfuil gá le gach foirm den imscaradh chun spriocanna an Aontais Eorpaigh maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach, cur chuige atá treisithe go soiléir le torthaí an phróisis comhairliúcháin. Tá gá le himscaradh mórscála agus ní mór dó a bheith comhoiriúnach le húsáidí eile talún agus le dianchaighdeáin chomhshaoil; foirmeacha nuálacha den imscaradh, in éineacht le talmhaíocht nó le bonneagar iompair, ní mór iad a chur chun cinn freisin; faoi dheireadh, chun tacú le himscaradh díláraithe a bheidh faoi stiúir saoránach agus comhphobal, ní mór tacar dreasachtaí a chur i bhfeidhm agus ní mór deireadh a chur le bacainní nach bhfuil gá leo.
Faoi dheireadh, dearbhaíodh sa chomhairliúchán tacaíocht mhór i measc páirtithe leasmhara do ról níos mó a bheith ag tionscal grianfhuinnimh an Aontais, bunaithe ar na tairbhí eacnamaíocha a thiocfadh as nó ar an mian an spleáchas atá ann faoi láthair ar allmhairí a laghdú. Tá ionstraimí iomadúla ann a d’fhéadfadh an tAontas Eorpach a úsáid chun an próiseas seo a shásamh. Ina theannta sin, léiríodh sa chomhairliúchán go bhfuil éileamh soiléir ann le haghaidh táirgí grianfhuinnimh a chomhlíonann ardchaighdeáin inbhuanaitheachta.