Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0448

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad a mhéid a bhaineann leis an ainseabhaí

COM/2022/448 final

An Bhruiséil,9.9.2022

COM(2022) 448 final

2022/0268(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad a mhéid a bhaineann leis an ainseabhaí


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle 1 , socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Leasaítear na deiseanna iascaireachta sin roinnt uaireanta le linn na tréimhse ina bhfuil feidhm acu chun chomhairle eolaíoch agus na forbairtí is déanaí a chur san áireamh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh (CBI).

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le beartais eile an Aontais, go háirithe leis na beartais i réimse an chomhshaoil.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí leis an togra seo.

Coimhdeacht

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Leis an togra, déantar deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh 2 . De bhun Airteagail 16 agus 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá na Ballstáit le cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a bhféadfar na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh a chionroinnt ar shoithí atá faoina mbratach i gcomhréir le critéir áirithe maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta. Dá bhrí sin, agus na Ballstáit ag dáileadh na ngabhálacha iomlána incheadaithe cionroinnte (TACanna), tá an lamháil lánroghnach is gá acu maidir leis an tsamhail shóisialta/eacnamaíoch lena saothrófar na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh.

An rogha ionstraime

Rialachán ón gComhairle.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, go háirithe trí na Comhairlí Comhairleacha, agus leis na Ballstáit maidir leis an gcur chuige atá aige i leith na dtograí éagsúla le haghaidh deiseanna iascaireachta, ar bhonn na Teachtaireachta bliantúla uaidh I dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe san Aontas: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2022.

I bhfreagraí na bpáirtithe leasmhara ar an Teachtaireacht bhliantúil thuasluaite, leagadh amach na tuairimí a bhí acu maidir le meastóireacht an Choimisiúin ar staid na n‑acmhainní agus maidir leis an bhfreagairt iomchuí bainistithe. Chuir an Coimisiún na freagraí san áireamh agus an togra seo á cheapadh aige.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) maidir leis an modheolaíocht atá le húsáid. Tá comhairle eolaíoch ó ICES bunaithe ar chreat arna fhorbairt ag a chuid grúpaí saineolaithe agus comhlachtaí cinnteoireachta, agus arna eisiúint i gcomhréir lena chreatchomhaontú comhpháirtíochta leis an gCoimisiún.

Measúnú tionchair

Cuireann Airteagal 43(3) de CFAE teorainn le raon feidhme Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh impleachtaí buiséadacha ag na bearta atá beartaithe.

5.EILIMINTÍ EILE

Speiceas gearrshaolach is ea an t‑ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) i roinn 9a ICES, ar speiceas é a bhfuil luaineachtaí móra idirbhliantúla stoic aige agus a mbraitheann an t‑iascach go mór ar an aois‑rang de atá ag teacht isteach. Dá bhrí sin, tugann ICES comhairle eolaíoch i mí an Mheithimh maidir leis an tréimhse bhainistíochta ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh den bhliain dár gcionn. Áirítear leis sin go bhfuil an chomhairle eolaíoch ó ICES bunaithe ar an measúnú is fearr is féidir a dhéanamh maidir le hearcaíocht bhliantúil an speicis ghearrshaolaigh sin.

Le Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1091 ón gComhairle 3 , socraítear TAC sealadach i gcomhair ainseabhaithe i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais den Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF) 34.1.1 le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2022, go dtí go neiseofar an chomhairle eolaíoch ó ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023, agus ligtear don iascach leanúint ar aghaidh. Tá an TAC sealadach 10 061 tona bunaithe ar na gabhálacha sa tríú ráithe de 2021.

Tar éis an chomhairle eolaíoch ó ICES a eisiúint 4 maidir leis an stoc sin an 17 Meitheamh 2022, ba cheart an TAC cinntitheach le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023 a shocrú. Ba cheart an TAC a shocrú ar leibhéal 15 777 dtona, an méid a léirítear sa chomhairle eolaíoch sin ó ICES.

2022/0268 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad a mhéid a bhaineann leis an ainseabhaí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2022/109 5 ón gComhairle, socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad.

(2)Le Rialachán (AE) 2022/109, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1091 ón gComhairle 6 , socraítear gabháil iomlán incheadaithe shealadach (TAC) i gcomhair ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i bhfolimistéir 9 agus 10 de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus in uiscí an Aontais den Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF) 34.1.1 le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2022, go dtí go neiseofar an chomhairle eolaíoch ó ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023, agus ligtear don iascach leanúint ar aghaidh. Tar éis an chomhairle sin a eisiúint an 17 Meitheamh 2022, ba cheart an TAC cinntitheach le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023 a shocrú. Ba cheart an TAC a shocrú ar leibhéal 15 777 dtona mar a léirítear sa chomhairle sin.

(3)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2022/109 a leasú dá réir.

(4)Ba cheart feidhm a bheith ag an teorainn ghabhála le haghaidh ainseabhaithe i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais de CECAF 34.1.1 ón 1 Iúil 2022. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint mar go bhfuil méadú tagtha ar na deiseanna iascaireachta atá i gceist. Ar chúiseanna práinne, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) 2022/109

Leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(3)    Rialachán (AE) 2022/1091 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 176, 1.7.2022, lch. 5).
(4)     https://doi.org/10.17895/ices.advice.19447751  
(5)    Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).
(6)    Rialachán (AE) 2022/1091 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 176, 1.7.2022, lch. 5).
Top

An Bhruiséil,9.9.2022

COM(2022) 448 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad a mhéid a bhaineann leis an ainseabhaí


IARSCRÍBHINN

I gCuid A d’Iarscríbhinn IA a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/109, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara tábla:

‘Speiceas:

An t‑ainseabhaí

 

 

Limistéar:

9 agus 10; Uiscí an Aontais de CECAF 34.1.1

 

Engraulis encrasicolus

 

 

(ANE/9/3411)

 

An Spáinn

 

7 546

(1)

TAC réamhchúraim

 

 

An Phortaingéil

8 231

(1)

An tAontas

15 777

(1)

TAC

 

15 777

(1)

 

 

 

 

(1)

Ní fhéadfar an cuóta a ghabháil ach ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023.’

Top