AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.9.2022
COM(2022) 445 final
2022/0265(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gcruinniú an Choiste Comhlachais i gcumraíocht na Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, a bhaineann le hIarscríbhinn XV (Comhfhogasú na reachtaíochta custaim) a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh ón gComhairle lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinniú an Choiste Comhlachais i gcumraíocht na Trádála i ndáil le hIarscríbhinn XV (Comhfhogasú na reachtaíochta custaim) a thabhairt cothrom le dáta, ar iarscríbhinn í a ghabhann le Caibidil 5 maidir le Custam agus éascú na trádála den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile
Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) cur le comhtháthú eacnamaíoch de réir a chéile agus comhlachas polaitiúil a dhaingniú idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach (dá ngairtear ‘na Páirtithe’ anseo feasta). Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017.
2.2.An Coiste Comhlachais i gcumraíocht na trádála
Is comhlacht é an Coiste Comhlachais a bunaíodh leis an gComhaontú (Airteagal 464) a bhfuil sé, de bhun Airteagal 465(3) den Chomhaontú, de chumhacht aige cinntí a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú agus i réimsí ina bhfuil cumhachtaí tarmligthe ag an gComhairle Comhlachais chuige. Le Cinneadh Uimh. 3/2014 ón gComhairle Comhlachais AE-an Úcráin an 15 Nollaig 2014, tarmligeadh an chumhacht Iarscríbhinn XV (i measc iarscríbhinní eile) a ghabhann le Caibidil 5 den Chomhaontú a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú chuig an Coiste Comhlachais i gcumraíocht na Trádála. Beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe a dhéanfaidh na bearta iomchuí chun iad a chur chun feidhme.
Mar a leagtar amach in Airteagal 465(4) den Chomhaontú, tiocfaidh an Coiste Comhlachais le chéile i gcumraíocht na Trádála chun dul i ngleic leis na saincheisteanna trádála uile agus leis na saincheisteanna uile a bhaineann le trádáil a gcumhdaítear le Teideal IV den Chomhaontú. I gcomhréir le hAirteagal 464(2) agus (3), agus mar a shonraítear in Airteagal 1(4) de na Rialacha Nós Imeachta den Choiste Comhlachais agus de na Fochoistí (‘na Rialacha Nós Imeachta’), beidh an Coiste Comhlachais i gcumraíocht na Trádála comhdhéanta d’oifigigh shinsearacha de chuid an Choimisiúin agus na hÚcráine atá freagrach as trádáil agus ábhair a bhaineann le trádáil. Feidhmeoidh ionadaí ar an gCoimisiún Eorpach nó ar an Úcráin atá freagrach as trádáil agus ábhair a bhaineann le trádáil mar Chathaoirleach an Choiste Comhlachais i gcomhréir le hAirteagal 2 de na Rialacha Nós Imeachta sin. Freastalóidh ionadaí ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí ar na cruinnithe freisin
De bhun Airteagail 463(1) agus 465(3) den Chomhaontú agus Airteagal 11(1) de Rialacha Nós Imeachta, glacfaidh an Coiste Comhlachais cinntí trí chomhaontú frithpháirteach idir na Páirtithe agus nuair a chuirfear a nósanna imeachta inmheánacha faoi seach i gcrích. Síneoidh Cathaoirleach an Choiste Comhlachais gach cinneadh nó moladh agus fíordheimhneofaidh rúnaithe an Choiste Comhlachais iad.
3.An gníomh atá beartaithe agus an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Leis an togra seo le haghaidh Cinneadh ón gComhairle, leagtar síos seasamh an Aontais maidir leis an gcinneadh atá le glacadh sa Choiste Comhlachais a bunaíodh leis an gComhaontú i ndáil le hIarscríbhinn XV (comhfhogasú na reachtaíochta custaim) a thabhairt cothrom le dáta, ar iarscríbhinn í a ghabhann le Caibidil 5 maidir le Custam agus éascú na trádála.
Is é atá sa ghníomh atáthar ag iarraidh ar an gCoiste Comhlachais i gcumraíocht na Trádála a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach i gcomhréir le hAirteagal 465(3) den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile.
Tá gá le hIarscríbhinn XV a thabhairt cothrom le dáta chun léiriú a dhéanamh ar fhorbairt acquis an Aontais a rinneadh i réimsí custaim ó cuireadh inisealacha, an 30 Márta 2012, leis an téacs a caibidlíodh, agus comhfhogasú de réir a chéile reachtaíocht na hÚcráine á chur san áireamh. Tá an togra comhsheasmhach le hoibleagáidí na bPáirtithe a leagtar amach in Airteagal 463 agus in Iarscríbhinn XV den Chomhaontú.
Tá an togra sin comhsheasmhach le cur chun feidhme bheartais sheachtracha eile an Aontais, go háirithe Beartas Comharsanachta na hEorpa agus an Beartas maidir le Comhar um Fhorbairt i ndáil leis an Úcráin, agus cuireann an togra leo.
Níl an Comhaontú faoi réir nósanna imeachta REFIT ag an gcéim seo; ní thiocfaidh aon chostas ar FBManna an Aontais dá bharr agus ní chruthaítear aon fhadhb leis ó thaobh na timpeallachta digití de.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é an Coiste Comhlachais a bunaíodh le comhaontú, eadhon an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile. De bhun Airteagal 465(4) den Chomhaontú, tiocfaidh an Coiste Comhlachais le chéile i gcumraíocht na Trádála chun dul i ngleic leis na saincheisteanna trádála uile agus leis na saincheisteanna uile a bhaineann le trádáil a gcumhdaítear le Teideal IV den Chomhaontú.
Foráiltear in Airteagal 463(3) den Chomhaontú go mbeidh de chumhacht ag an gComhairle Comhlachais na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú sin a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú. De bhun Airteagal 465(2) den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle Comhlachais aon cheann de na cumhachtaí atá aici a tharmligean chuig an gCoiste Comhlachais, lena n‑áirítear an chumhacht cinntí ceangailteacha a dhéanamh.
Is é atá sa chinneadh atáthar ag iarraidh ar an gCoiste Comhlachais a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 465(3) den Chomhaontú. Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá réir sin, ní mór seasamh an Aontais atá le glacadh i gcruinniú an Choiste Comhlachais idir AE agus an Úcráin i gcumraíocht na Trádála a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 218(9) CFAE.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is é príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe trádáil idir na páirtithe a éascú trí Iarscríbhinn XV (Comhfhogasú na reachtaíochta custaim) a thabhairt cothrom le dáta, ar iarscríbhinn í a ghabhann le Caibidil 5 maidir le Custam agus éascú na trádála de Theideal IV den Chomhaontú, a bhaineann le trádáil agus ábhair a bhaineann le trádáil. Dá réir sin, tá an gníomh atá beartaithe laistigh de raon feidhme an chomhbheartais tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 207.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, CFAE an bunús substainteach dlí don chinneadh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, ba cheart a bheith ina bunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go ndéanfar, le cinneadh an Choiste Comhlachais i gcumraíocht na Trádála, an Comhaontú a leasú, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2022/0265 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gcruinniú an Choiste Comhlachais i gcumraíocht na Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, a bhaineann le hIarscríbhinn XV (Comhfhogasú na reachtaíochta custaim) a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017.
(2)De bhun Airteagal 465(2) den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle Comhlachais aon cheann de na cumhachtaí atá aici a tharmligean chuig an gCoiste Comhlachais, lena n‑áirítear an chumhacht cinntí ceangailteacha a dhéanamh.
(3)De bhun Airteagal 1 de Chinneadh Uimh. 3/2014 ón gComhairle Comhlachais AE-an Úcráin an 15 Nollaig 2014, tharmlig an Chomhairle Comhlachais an chumhacht Iarscríbhinn XV (i measc iarscríbhinní eile) a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú chuig cruinniú an Choiste Comhlachais i gcumraíocht na Trádála.
(4)Le linn an chéad chruinnithe eile den Choiste Comhlachais i gcumraíocht na Trádála, tá sé leis an ngníomh atá beartaithe maidir le hIarscríbhinn XV (Comhfhogasú na reachtaíochta custaim) a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta.
(5)Ós rud é gur leasaíodh nó gur aisghaireadh roinnt gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn XV ó cuireadh inisealacha le téacs an Chomhaontaithe an 30 Márta 2012, is gá an Iarscríbhinn a oiriúnú agus sprioc-amanna áirithe a choigeartú chun an dul chun cinn atá déanta cheana ag an Úcráin go dtí seo a chur san áireamh i bpróiseas an chomhfhogasaithe do acquis an Aontais.
(6)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i gcumraíocht na Trádála a leagan síos ós rud é go mbeidh an cinneadh atá beartaithe ón gCoiste comhlachais ina cheangal ar an Aontas,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh le linn an chéad chruinnithe eile den Choiste Comhlachais idir AE agus an Úcráin i gcumraíocht na Trádála, dá dtagraítear in Airteagal 465(4) den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, maidir le hIarscríbhinn XV (Comhfhogasú na reachtaíochta custaim) a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta, ar dhréacht‑Chinneadh an Choiste Comhlachais i gcumraíocht na Trádála atá i gceangal leis an gcinneadh seo.
Airteagal 2
Tar éis a ghlactha, foilseofar Cinneadh an Choiste Comhlachais i gcumraíocht na Trádála dá dtagraítear in Airteagal 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,