AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,22.8.2022
COM(2022) 398 final
2022/0250(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑údaraítear don tSualainn rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le peitreal, gás‑ola gan mharcáil agus breoslaí coibhéiseacha a úsáidtear mar bhreoslaí mótair, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE.
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Déantar cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas san Aontas Eorpach a rialú le Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (an ‘Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh’ nó an ‘Treoir’).
De bhun Airteagal 19(1) den Treoir, sa bhreis ar na forálacha a leagtar síos in Airteagail 5, 15 agus 17 go háirithe, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, aon Bhallstát a údarú chun díolúintí nó laghduithe sa bhreis ó thaobh leibhéal an chánachais a thabhairt isteach i gcomhair breithnithe sonracha beartais.
Tá an tSualainn ag lorg údarú chun laghdú sealadach a chur i bhfeidhm maidir leis na rátaí cánach náisiúnta i dtaca le peitreal, gás‑ola gan mharcáil, agus breoslaí coibhéiseacha a úsáidtear mar bhreoslaí mótair, atá faoi bhun na n‑íosleibhéal cánachais a leagtar síos i dTábla A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir.
Tá an tréimhse bhailíochta a iarradh teoranta do 3 mhí agus tá sí laistigh den tréimhse uasta a cheadaítear le hAirteagal 19(2) den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh.
Le litir dar dáta an 6 Bealtaine 2022, chuir údaráis na Sualainne an Coimisiún ar an eolas go raibh rún acu an beart sealadach sin a chur i bhfeidhm. Cuireadh faisnéis bhreise ar fáil an 19 agus an 24 Bealtaine 2022.
De réir údaráis na Sualainne, is é is aidhm don bheart na praghsanna arda miondíola ar pheitreal agus ar dhíosal a mhaolú, praghsanna arda atá ann mar thoradh ar fhorbairtí geopholaitiúla a tharla le déanaí agus a dhéanann difear díreach do theaghlaigh agus do chuideachtaí araon. Chuir siad i dtábhacht go bhfuil líon ard cónaitheoirí sa tSualainn, tír atá tearc i ndaoine, a bhíonn ag brath ar a gcuid gluaisteán le haghaidh comaitéireachta agus turais laethúla eile.
Faoi mar a chuir na húdaráis sin i dtábhacht, tháinig méadú 2.50 SEK in aghaidh an lítir ar phraghas an pheitril, ó 19.39 SEK in aghaidh an lítir an 24 Feabhra 2022 go 21.93 SEK in aghaidh an lítir an 16 Bealtaine 2022. Ar an gcuma chéanna, tháinig méadú 2.14 SEK in aghaidh an lítir ar phraghas an díosail, ó 21.82 SEK in aghaidh an lítir go 23.96 SEK in aghaidh an lítir le linn na tréimhse chéanna. Deonaíodh laghdú 1.80 SEK in aghaidh an lítir ar an dleacht mháil le linn na tréimhse sin. Mar sin féin, i gcás taisteal 15 000 ciliméadar in aghaidh na bliana agus, agus ídiú breosla 6 lítear in aghaidh 100 ciliméadar, tháinig méadú thart ar 160-190 SEK in aghaidh na míosa ar an gcostas breosla míosúil.
Léirítear sa tábla thíos a chuir údaráis na Sualainne ar fáil praghsanna breosla in aghaidh an lítir agus na comhpháirteanna praghsanna an 25ú lá de gach mí ó mhí Eanáir go mí Aibreáin 2022 agus an praghas an 20 Bealtaine 2022.
Ba é dleacht mháil na Sualainne i mí na Bealtaine 2022 5.37 SEK in aghaidh an lítir maidir le peitreal agus 3.35 SEK in aghaidh an lítear maidir le díosal. Áirítear leis sin cáin fuinnimh agus cáin ar dhé-ocsaíd charbóin arna dtobhach tráth an scaoilte chun ídithe. I dteannta a chéile, comhlíonann siad na híosleibhéil chánachais a leagtar síos sa Treoir.
Tá an tSualainn ag lorg údarú chun an chomhpháirt chánach den dleacht mháil a laghdú go sealadach go nialas, agus an tráth céanna, an chomhpháirt chánach CO2 le haghaidh an dá tháirge a choinneáil i gcomhréir leis an iarraidh óna parlaimint náisiúnta. D’fhágfadh laghdú den sórt sin ar an gcomhpháirt chánach fuinnimh (a chomhfhreagraíonn do 2.73 SEK in aghaidh an lítir maidir le peitreal agus 1.06 SEK in aghaidh an lítir maidir le díosal) go mbeadh rátaí cánach níos ísle ná íosleibhéil cánachais an Aontais (thart ar 30% faoi bhun na leibhéal sin).
De réir údaráis na Sualainne, is í an dleacht mháil an t‑aon chomhpháirt praghais ar féidir leis an tSualainn idirghabháil a dhéanamh ina leith chun an praghas miondíola a laghdú sa ghearrthéarma. Dá bhrí sin, dealraíonn sé gur gá an maolú chun an staid reatha atá os comhair na Sualainne a réiteach.
Beidh an laghdú cánach ar fáil dóibh siúd go léir atá faoi dhliteanas dleachta máil ar pheitreal agus ar dhíosal.
Meastar gur SEK 3.5 billiún an caiteachas buiséadach (SEK 2.1 billiún a eascraíonn as an laghdú cánach ar pheitreal agus SEK 1.4 billiún i gcás an díosail)
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Is mar a leanas atá Airteagal 19(1), an chéad fhomhír, den Treoir:
‘Sa bhreis ar na forálacha a leagtar amach sna hAirteagail roimhe seo, go háirithe in Airteagail 5, 15 agus 17, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, aon Bhallstát a údarú chun díolúintí nó laghduithe sa bhreis a thabhairt isteach i gcomhair breithnithe sonracha beartais.’
Trí bhíthin an laghdaithe cánach shealadaigh a iarradh, tá sé beartaithe ag údaráis na Sualainne praghsanna arda miondíola peitril agus díosail a mhaolú, agus tionchair shóisialta agus eacnamaíocha na staide geopholaitiúla reatha, a dhéanann difear do theaghlaigh agus do chuideachtaí araon, a laghdú.
Dá ndéanfaí an chomhpháirt chánach fuinnimh a laghdú go nialas, agus an chomhpháirt CO2 a choinneáil ag an am céanna, d’fhágfadh sin go ngearrfaí rátaí náisiúnta ar thairbhithe a bheadh thart ar 30 % faoi bhun íosrátaí cánach an Aontais faoin Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh. Sa staid gheopholaitiúil eisceachtúil atá ann faoi láthair, bheadh sé sin ábhartha do bhreithnithe maidir leis an mbeartas comhtháthaithe shóisialta.
Is féidir tabhairt isteach an laghdaithe cánach sin a bheartú faoi Airteagal 19 den Treoir ós rud é gurb é is cuspóir dó cead a thabhairt do na Ballstáit díolúine nó laghduithe breise a thabhairt isteach le haghaidh breithnithe sonracha beartais.
Tá an tréimhse theoranta bhailíochta 3 mhí laistigh den uastréimhse a cheadaítear le hAirteagal 19(2) den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, lena leagtar síos, don chineál seo birt, uastréimhse 6 bliana, agus féadfar í a athnuachan.
Mar sin féin, níor cheart don mhaolú dochar a dhéanamh do ghníomh dlíthiúil a ghlacfaidh an Chomhairle amach seo bunaithe ar thogra ón gCoimisiún chun an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh a leasú.
Rialacha maidir leis an státchabhair
Tagann an laghdú cánach sealadach atá beartaithe ag údaráis na Sualainne faoi na híosleibhéil chánachais mar a leagtar síos i dTábla A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir.
Tá an togra seo gan dochar d’aon mheasúnú ar bheart na Sualainne faoi rialacha maidir leis an státchabhair. Thairis sin, ní dhéanann an togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle réamhbhreithiúnas ar oibleagáid an Bhallstáit comhlíonadh na rialacha maidir leis an Státchabhair a áirithiú.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Ní mór don Choimisiún gach iarraidh ar mhaolú faoi Airteagal 19 den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh a scrúdú agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, an gá atá le hiomaíocht chóir agus beartais sláinte, chomhshaoil, fuinnimh agus iompair an Aontais a áirithiú á gcur san áireamh.
De réir údaráis na Sualainne, leis an laghdú cánach atá beartaithe, ba cheart an t‑ualach sóisialta agus eacnamaíoch ar dhaonra na Sualainne a mhaolú go pointe áirithe mar gheall ar an méadú ar phraghsanna a tháinig le déanaí mar thoradh ar an gcoinbhleacht san Úcráin freisin. Go deimhin, mar gheall ar an staid gheopholaitiúil ar leith mar aon le praghas ard ola ar an margadh, ar dócha go dtiocfaidh méadú breise air sna míonna amach romhainn, tá costais níos airde ann ag teaghlaigh agus ag gnólachtaí na Sualainne.
Ós rud é go bhfuiltear ag dréim leis go n‑ísleoidh an beart praghsanna breosla go sealadach, d’fhéadfadh sé athbhreoslú sa tSualainn a dhéanamh níos tarraingtí i limistéir teorann maidir le peitreal go príomha. Mar sin féin, chuir an tSualainn i dtábhacht go bhfuil cuótaí níos airde aici laistigh den scéim um oibleagáid maidir le laghdú, i gcomparáid le tíortha eile de chuid an Aontais. Is é sin le rá, tá an sciar de bhithbhreoslaí, go háirithe i ndíosal, níos airde sa tSualainn, rud a fhágann go mbíonn praghsanna miondíola níos airde. Mar thoradh ar an staid sin, má laghdaítear an praghas díosail sa tSualainn, ní dócha go mbeidh tionchar aige sin ar thrádáil laistigh den Aontas. I bhfianaise na n‑éifeachtaí teoranta agus na tréimhse teoranta a bhaineann leis, níor cheart don bheart an iomaíocht a shaobhadh ná bac a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Mar a cuireadh i dtábhacht i dTeachtaireacht RePowerEU, agus béim á leagan ag an gCoimisiún ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit bearta a ghlacadh lena spreagfar caomhnú fuinnimh agus lena laghdófar ídiú breoslaí iontaise. Mar sin féin, i bhfianaise a ghiorra atá sé agus na n‑imthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair atá nasctha leis an staid gheopholaitiúil, mar aon le praghas margaidh ard eisceachtúil ar ola, dealraíonn sé go bhfuil an maolú a iarradh leormhaith comhréireach. Cuirtear san áireamh sa bheart freisin an gá atá ann baint amach na gcuspóirí sonracha beartais a liostaítear in Airteagal 19 den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, agus go sonrach beartas comhshaoil an Aontais, a chothromú leis an éigeandáil phráinneach atá ann maidir le hinacmhainneacht fuinnimh a áirithiú do ghnólachtaí agus do theaghlaigh.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Níl réimse an chánachais indírigh a chumhdaítear le hAirteagal 113 CFAE faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh de réir bhrí Airteagal 3 CFAE.
Os a choinne sin, de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE, tugadh inniúlacht eisiach don Chomhairle, mar ábhar dlí thánaistigh, chun Ballstát a údarú díolúintí nó laghduithe sa bhreis a thabhairt isteach de réir bhrí na forála sin. Dá bhrí sin ní féidir leis na Ballstáit ionad na Comhairle a ghabháil iad féin. Mar thoradh air sin, níl prionsabal na coimhdeachta infheidhme maidir leis an gcinneadh cur chun feidhme seo. In aon chás, ó tharla nach dréachtghníomh reachtach an gníomh seo, níor cheart é a tharchur chuig parlaimintí náisiúnta de bhun Phrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis na Conarthaí lena athbhreithniú maidir lena chomhlíontacht le prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Leis an togra urramaítear prionsabal na comhréireachta. Ní théann na laghduithe cánach thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir atá i gceist a bhaint amach.
Tá na laghduithe cánach infheidhme le linn tréimhse teoranta 3 mhí.
•An rogha ionstraime
Cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle atá san ionstraim atá beartaithe. Ní dhéanann Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE foráil ach maidir leis an gcineál sin birt.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní cheanglaíonn an beart meastóireacht ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an tSualainn agus baineann sé leis an mBallstát sin amháin.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.
•Measúnú tionchair
Baineann an togra le húdarú a thabhairt do Bhallstát aonair ar a iarraidh féin agus ní cheanglaíonn sé measúnú tionchair.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní dhéanann an beart foráil maidir le haon simpliú. Is é is toradh ar an iarraidh a rinne an tSualainn agus baineann sé leis an mBallstát sin amháin.
•Cearta bunúsacha
Níl aon tionchar ag an mbeart ar chearta bunúsacha.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní chuireann an beart seo aon ualach airgeadais ná riaracháin ar an Aontas Eorpach. Dá bhrí sin ní bheidh aon tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Níl aon ghá le plean cur chun feidhme. Baineann an togra seo le húdarú maidir le laghdú cánach le haghaidh Ballstát aonair ar a iarraidh féin. Soláthraítear é le haghaidh tréimhse theoranta 3 mhí. Beidh na rátaí cánach is infheidhme faoi bhun na n‑íosleibhéal cánachais a leagtar síos sa Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh. Is féidir meastóireacht a dhéanamh ar an mbeart i gcás iarraidh ar athnuachan tar éis dul in éag na tréimhse bailíochta.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Leis an togra ní cheanglaítear aon doiciméad míniúcháin maidir leis an trasuí.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Sonraítear in Airteagal 1 go gceadófar don tSualainn ráta cánachais laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le peitreal, gás‑ola gan mharcáil agus breoslaí coibhéiseacha a úsáidtear mar bhreoslaí mótair, faoi bhun na n‑íosleibhéal cánachais.
Sonraítear in Airteagal 2 go ndeonaítear an t‑údarú a iarradh ar feadh 3 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm, mar a d’iarr an tSualainn, laistigh den uastréimhse 6 bliana a cheadaítear leis an Treoir.
2022/0250 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑údaraítear don tSualainn rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le peitreal, gás‑ola gan mharcáil agus breoslaí coibhéiseacha a úsáidtear mar bhreoslaí mótair, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE.
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas, agus go háirithe Airteagal 19 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le litir an 6 Bealtaine 2022, d’iarr an tSualainn údarú chun rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le peitreal, gás‑ola gan mharcáil agus breoslaí coibhéiseacha a úsáidtear mar bhreoslaí mótair de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE. Sholáthair údaráis na Sualainne faisnéis bhreise agus soiléirithe breise chun tacú leis an iarraidh an 19 Bealtaine 2022 agus an 24 Bealtaine 2022. Deonaíodh an t‑údarú le haghaidh tréimhse 3 mhí.
(2)De réir údaráis na Sualainne, is é is aidhm do ráta cánach laghdaithe a chur i bhfeidhm tionchair shóisialta agus eacnamaíocha praghsanna arda miondíola peitril agus díosail, atá mar thoradh ar an staid eisceachtúil gheopholaitiúil, a mhaolú, praghsanna a dhéanann difear díreach do theaghlaigh agus do chuideachtaí araon. De réir measúnú a rinne an tSualainn, ós tír í an tSualainn atá tearc i ndaoine agus, dá bhrí sin, tá sí an‑spleách ar ghluaisteáin, tá sé d’aidhm ag na rátaí laghdaithe dleachta máil freastal ar na riachtanais laethúla a bhaineann le hídiú breoslaí mótair trí rannchuidiú le tionchar an mhéadaithe ar phraghsanna miondíola a mhaolú.
(3)Ní dócha go ndéanfaidh an t‑údarú a iarradh saobhadh ar iomaíocht ná go gcuirfidh sé bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. I bhfianaise a ghiorra atá sé agus na n‑imthosca eisceachtúla atá nasctha leis an staid gheopholaitiúil, mar aon le praghsanna arda eisceachtúla ar amhola, meastar go bhfuil an t‑údarú a iarradh leormhaith comhréireach. Déanann an t‑údarú na breithnithe beartais sonracha dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Threoir 2003/96/CE, agus go sonrach beartas comhshaoil an Aontais, a chothromú leis an éigeandáil phráinneach maidir le hinacmhainneacht fuinnimh a áirithiú do ghnólachtaí agus do theaghlaigh. Dhéanfadh an laghdú cánach na costais mhéadaithe fuinnimh a fhritháireamh go pointe áirithe, agus níl sé carnach le laghduithe cánach d’aon chineál eile.
(4)Dá bhrí sin, ba cheart údarú a thabhairt don tSualainn rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le peitreal, gás‑ola gan mharcáil agus breoslaí coibhéiseacha a úsáidtear mar bhreoslaí mótair, mar a d’iarr sí.
(5)I gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, tá gach údarú a dheonaítear faoin bhforáil sin le bheith teoranta go docht ó thaobh ama de. Mar sin féin, ionas nach ndéanfar dochar d’fhorbairtí ginearálta a dhéanfar amach anseo ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, is iomchuí a fhoráil gur cheart, i gcás ina ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach chun cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus leictreachais arb ina leith nach n‑oiriúnófaí an t‑údarú, go scoirfeadh an t‑údarú sin d’fheidhm a bheith aige an lá a thiocfaidh na rialacha ginearálta sin chun bheith infheidhme.
(6)Tá an cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tugtar údarú don tSualainn rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le peitreal, gás‑ola gan mharcáil, agus breoslaí coibhéiseacha a úsáidtear mar bhreoslaí mótair, faoi bhun na n‑íosleibhéal ábhartha cánachais dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2003/96/CE.
Airteagal 2
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí [an lá deireanach den mhí tar éis [3] mhí i ndiaidh dháta fógartha an Chinnidh seo]
Mar sin féin, dá ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach i dtaca le cánachas táirgí fuinnimh agus leictreachais arb ina leith nach n‑oiriúnófaí an t‑údarú a deonaíodh in Airteagal 1 den Chinneadh seo, rachaidh an Cinneadh seo in éag an lá a thiocfaidh na rialacha ginearálta sin chun bheith infheidhme.
Airteagal 3
Is chuig Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán