Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0675

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais Eorpaigh Sláinte Níos Fearr do Chách i nDomhan Atá ag Athrú

    COM/2022/675 final

    An Bhruiséil,30.11.2022

    COM(2022) 675 final

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

    Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais Eorpaigh





    Sláinte Níos Fearr do Chách i nDomhan Atá ag Athrú



    1.Réamhrá

    Mar gheall ar an taithí a fuarthas le blianta beaga anuas, go háirithe le paindéim COVID‑19, cuireadh i dtábhacht níos mó ná riamh nach mbaineann teorainn leis an tsláinte: is leas coiteann ar fud an domhain í. Braitheann dea-bhail agus saol na saoránach, rathúnas agus cobhsaíocht na sochaithe agus na ngeilleagar, agus an fhorbairt inbhuanaithe i gcoitinne ar an dearcadh sin a ghlacadh i leith na sláinte. Tá sláinte dhomhanda ina colún fíor‑riachtanach de bheartas seachtrach an Aontais Eorpaigh, is earnáil ríthábhachtach í ar bhonn geopholaitiúil agus tá sí ina cuid lárnach d’uathriail straitéiseach oscailte an Aontais.

    Ón Teachtaireacht deiridh ón Aontas in 2010 maidir le ról an Aontais sa tsláinte dhomhanda, 1 , tá dúshláin i ndáil leis an tsláinte ag teacht chun cinn go tapa  i dtimpeallacht gheopholaitiúil atá ag athrú ag an luas céanna. Níos mó ná riamh imrítear tionchar ar an tsláinte dhomhanda de bharr na géarchéime pláinéadaí a ngabhann trí cinn de ghnéithe léi, an tathrú aeráide, an bhithéagsúlacht agus an truailliú, a mbíonn ualach fíor‑throm ar an gcuid is mó de na tíortha leochaileacha agus ar fhormhór na ndaoine leochaileacha mar gheall orthu. An tráth céanna, tá deiseanna nua a bhfuil nasc acu le réimsí amhail taighdedigitiú tar éis eascairt. Tá Straitéis Dhomhanda um an tSláinte láidir (‘an straitéis’) de dhíth chun go soláthrófar beartas nua, comhleanúnach, éifeachtach agus dírithe ar fud an domhain. 

    Ós rud é go bhfuil daonra an domhain díreach imithe os cionn 8 mbilliún duine agus go bhfuil an t-ionchas saoil ag méadú ar an leibhéal domhanda, ba cheart dúinn tosaíocht a thabhairt don sláinte agus don dea-bhail do chách ar gach leibhéal den conair saoil.

    Léiríonn an straitéis agus gné sheachtrach Aontas Sláinte na hEorpa, a chosnaíonn dea-bhail mhuintir na hEorpa agus athléimneacht a gcuid córas sláinte, agus ar comhpháirt thábhachtach den Tairseach Dhomhanda 2  í, a fhothaíonn comhpháirtíochtaí comhionannais le tíortha comhpháirtíochta bunaithe ar fhreagracht chomhpháirteach agus comhúinéireacht.

    Trí ról ceannasach an Aontais sa chomhrac in aghaidh phaindéim COVID‑19 taispeánadh gur féidir leis an Aontas rannchuidiú le cuspóirí domhanda trí chur chuigeFhoireann na hEorpa 3 (féach bosca A). Is é príomhtheachtaireacht na straitéise sin go bhfuil sé beartaithe ag an Aontas an fhreagracht atá air a athdhearbhú agus a cheannaireacht a dhoimhniú ar mhaithe leis na caighdeáin sláinte is airde is féidir a bhaint amach, bunaithe ar luachanna bunúsacha, amhail dlúthpháirtíocht agus cothromas, agus urramú chearta an duine.

    Is mór iad na dúshláin. Tá clár oibre ollmhór neamhchríochnaithe in earnáil na sláinte domhanda, toisc gur aisiompaíodh dul chun cinn i roinnt tíortha inter alia i leith na spriocanna sláinte uilíocha a chumhdaítear i gClár Oibre 2030 le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe agus na Spriocanna a Ghabhann leis (SDGanna) 4 : ar bhonn comhchoiteann, níl na tíortha ach tar éis thart ar aon cheathrú den mhéid is gá a dhéanamh chun spriocanna sláinte SDG a bhaint amach faoi 2030. Is ualach trom ar mhórán tíortha iad galair mhóra thógálacha agus is údar imní i gcónaí é, as measc eile, ráta ard mortlaíochta naíonán agus máithreacha, agus míchothaithe. An tráth céanna, tá sé fíor‑riachtanach aghaidh a thabhairt ar shlándáil na sláinte domhanda go pras agus go huileghabhálach chun bac níos fearr a chur ar phaindéimí agus chun a bheith níos athléimní ina naghaidh. Más ann d’ullmhacht ardchaighdeáin i ndáil le rioscaí in earnáil na sláinte beidh tionchair mhóra dhearfacha aici sin ar athléimneacht earnálacha tábhachtacha eile.

    Bosca A: Freagairt an Aontais ar COVID‑19: ceannaireacht trí chur chuige Fhoireann na hEorpa

    Bhí ról cinntitheach ag an Aontas sa fhreagairt dhomhanda ar phaindéim COVID‑19, ag soláthar dlúthpháirtíochta agus tacaíochta éifeachtaí trí ghníomhú i gcur chuige Fhoireann na hEorpa chun cuidiú le cur chun feidhme an fheachtais dhomhanda i ndáil le vacsaíniú agus chun tiomantas an Aontais don iltaobhachas a athdhearbhú.

    Ceannaireacht: Bhí an tAontas ina fhórsa tiomána taobh thiar de ghlacadh Dhearbhú na Róimhe de chuid G20 5 –na prionsabail a comhaontaíodh ar bhonn idirnáisiúnta i ndáil le gníomhaíocht i leith paindéimí a chomhrac, ullmhúchán a dhéanamh lena naghaidh agus freagairt dóibh. Bhí ról ceannasach ag an Aontas, in éineacht le príomhpháirtithe leasmhara domhanda eile, in eagrú na chéad Chomhdhála Gealltanais Domhanda in aghaidh COVID‑19, agus i gcur ar bun an Luasaire um Rochtain ar Uirlisí COVID‑19 (ACT-A), ar uirlis thábhachtach é chun tacú le forbairt agus leithdháileadh cothromasach na dtástálacha, na gcóireálacha leighis agus na vacsaíní ar thíortha ísealioncaim. In éineacht le Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ranníoc an tAontas breis agus EUR 7 mbilliún le ACT-A, an colún vacsaíne dá chuid san áireamh (COVAX).

    Comhar: Tá dlús curtha ag an Aontas lena chuid comhair, tríd an réiteach ceannródaíoch domhanda a chur ar bun, mar shampla, is é sin an Deimhniú Digiteach COVID AE (EUDCC): faoi mhí Dheireadh Fómhair, 2022, bhí 49 dtír lasmuigh den Aontas nasctha le Tairseach EUDCC, lena náirítear seacht gcinn ó mhór‑roinn na hAfraice, rud a chiallaíonn go raibh an tairseach ar an gcóras idirnasctha um deimhnithe digiteacha COVID ba mhó ar domhan. A bhuí le dlúthpháirtíocht an Aontais, leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta cuireadh roinnt foirne éigeandála leighis i mbun gnímh agus soláthraíodh trealamh agus soláthairtí leighis 6 do thríú tíortha. Bhí an tAontas ina phríomh‑chomhalta bunaidh de COVAX agus tá a chuid iarrachtaí méadaithe aige chun dul i gcomhar maidir leis an teiripic agus diagnóisic trí Luasaire ACT, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus institiúidí taighde.

    Acmhainní: Chuir an tAontas a chuid acmhainní i dtoll a chéile chun a néifeacht ar an bhfreagairt do phaindéim COVID‑19 a uasmhéadú. Ó thús ráig COVID‑19 go nuige seo, tá EUR 53.7 billiún geallta ag an Aontas, Ballstáit an Aontais agus na hinstitiúidí airgeadais Eorpacha, mar Fhoireann na hEorpa, chun tacú le 140 tír, lena gcumhdaítear freagairt éigeandála do riachtanais dhaonnúla. neartú na sláinte, córais uisce agus sláintíochta, agus maolú iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha na paindéime. Bhí modh oibre Fhoireann na hEorpa éifeachtach agus luachmhar agus rolladh amach é ar mhaithe le tosaíochtaí domhanda eile. Mhéadaigh an tAontas an taighde, go háirithe forbairt vacsaíne agus cógas, agus chruthaigh sé timpeallacht chumasaithe le haghaidh monaraíocht agus dáileadh ceithre bhilliún dáileog den vacsaín COVID‑19 san Aontas agus ar bhonn domhanda agus thacaigh sé le méadú rolladh amach vacsaíní 7 . Tá cúltaisce nua Eorpach d’acmhainní curtha ar bun go tapa freisin ag an gCoimisiún Eorpach agus Ballstáit an Aontais lena náirítear stoc‑charn de nithe leighis chun freagairt d’éigeandálaí sláinte. 8  

    Chun rannchuidiú le soláthar sláinte níos fearr do chách i ndomhan atá ag athrú, tá gá le cur chuige éagsúil, ag tosú leis an méid nach mór a dhéanamh. Chuige sin, dírítear sa togra ar thrí phríomhthosaíocht.

    Ag féachaint do na gnéithe is bunúsaí, is iad an chéad dá thosaíocht fhíor-riachtanacha: infheistíocht a dhéanamh i ndea-bhail gach duine agus cumhdach sláinte uilíoch a bhaint amach mar aon le córais sláinte níos láidre. Chun an dá sprioc sin a bhaint amach, is gá dúinn ár meon a athrú, mar níl cúrsaí mar a bhí in 2010:

    -Chomh maith le bunchúiseanna traidisiúnta drochshláinte, amhail an bhochtaineacht agus neamhionannas sóisialta, ní mór aghaidh a thabhairt ar spreagthaí eile na sláinte ar bhealach comhtháite, amhail an tathrú aeráide, díghrádú an chomhshaoil, géarchéimeanna daonnúla, nó neamhshlándáil an tsoláthair bia, a chuirtear chun donais mar gheall ar ghéarchéimeanna amhail cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá sé fíor‑riachtanach réimse leathan beartas a úsáid chun go ndéanfar obair ar chlár oibre um shláinte dhomhanda.

    -Ní mór tosaíocht a thabhairt do na dúshláin atá ag méadú, amhail frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus an mheabhairshláinte, nó na dúshláin atá ag teacht chun cinn i leith na gcóras sláinte agus cúraim, lena náirítear neamhchothroime sa lucht oibre agus ganntanas acmhainní, mar aon le deiseanna nua i leith na sláinte a uasmhéadú, arna dtairiscint trí chumasóirí cumhachta, amhail taighde agus digitiú, lena náirítear úsáid intleachta saorga.

    Is é a an tríú príomhthosaíocht na bagairtí i leith na sláinte, arb ann dóibh faoi láthair agus iad siúd a bheidh ann amach anseo a chomhrac, ar tosaíocht í a bhfuil meon nua de dhíth ina leith freisin. Iarrtar inti go mbeidh ann do chothromas feabhsaithe sa rochtain ar vacsaíní agus frithbhearta eile; do ‘chur chuige na hAon Sláinte Amháin’ 9 , lena dtéitear i ngleic leis an idirnasc casta idir an cine daonna, an aeráid, an comhshaol agus ainmhithe; d’fhaireachas níos éifeachtaí ar ghalair ar fud an domhain; agus do rialacha agus sásraí comhair idirnáisiúnta níos láidre maidir leis an tsláinte.

    De réir mar a athraímid an meon i leith an mhéid a dhéanaimid, ba cheart go dtarlódh athrú bunúsach mar an gcéanna maidir leis an gcaoi chun sin a dhéanamh. Tá ord nua sláinte domhanda ag teacht chun cinn –agus ní mór don Aontas rannchuidiú lena chruthú trí rannpháirtíocht níos straitéisí agus níos éifeachtaí.

    Tá acmhainneacht uathúil ag an Aontas chun comhar idirnáisiúnta a spreagadh. Tá sé thar a bheith tábhachtachcomhpháirtíochtaí a leathnú le raon leathan páirtithe leasmhara ábhartha–agus ceannasacht sláinte le haghaidh breis athléimneachta agus uathrialach oscailte straitéisí le tacaíocht thiomantas agus fhreagracht pholaitiúil na gcomhpháirtithe. Ní mór ár ngaolmhaireacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta a bheith faoi threoir tosaíochtaí coiteanna i gcomhréir leis an straitéis sin.

    Chun ról an Aontais mar ghníomhaí láidir agus éifeachtach a fheabhsú, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh sineirge idir straitéisí náisiúnta agus straitéisí an Aontais maidir leis an tsláinte dhomhanda, go mbeidh an comhoibriú níos dlúithe ná riamh i gcur chuige Fhoireann na hEorpa, agus go mbeidh sásraí nua ann chun beartais, gníomhaíochtaí agus iarrachtaí airgeadais a chomhordú níos fearr chun tionchar a uasmhéadú–ag labhairt agus ag gníomhú le chéile.

    Beidh gá le meon nua i rialachas domhanda chun córas iltaobhach atá láidir agus sofhreagrach a chothabháil, a mbeidh Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) lárnach ann agus a bheidh maoinithe ar bhonn chomh inbhuanaithe is a bheidh sé cuntasach agus éifeachtach. Ba cheart comhthoil a fhothú trí chomhar doimhnithe trí G7, G20, agus comhpháirtithe eile domhanda, réigiúnacha agus déthaobhacha. Ba cheart don Aontas an próiseas fíor‑riachtanach chun na bearnaí atá ann faoi láthair a líonadh sa rialachas domhanda a spreagadh, ag seachaint dúbláil agus ag áirithiú comhleanúnachas gníomhaíochta. Chuige sin, beidh dlúthchomhar leis an earnáil phríobháideach, le heagraíochtaí daonchairdis, leis an tsochaí shibhialta agus le páirtithe leasmhara eile de dhíth chun go dtabharfar tacaíocht do chuspóirí na straitéise sin.

    Is príomhghné eile den straitéis é cistiúchán éifeachtach. Tá an tAontas agus na Ballstáit le chéile i measc na maoinitheoirí sláinte domhanda is mó–bíodh sin i dtéarmaí earraí domhanda (maoiniú eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tionscnamh sláinte domhanda), na cabhrach um fhorbairt, nó an chúnaimh dhaonnúil 10 . Beidh gealltanas ar bhonn domhanda, ar leibhéal ard polaitíochta, de dhíth sa straitéis sin chomh maith le gealltanas tábhachtach i leith acmhainní. Gabhfaidh cur chuige nualeis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a mbeidh maoiniú nuálach, comhinfheistíocht ó chomhpháirtithe agus comhthiomsú le gníomhaithe idirnáisiúnta eile mar chuid de–agus ní mór go mbeidh an tionchar a imríonn an tAontas ar fhoirmliú an chláir oibre ar aon dul leis an tacaíocht maoinithe a thugann sé mar churadh na sláinte domhanda.

    Ar ndóigh, braithfidh rath ar rannchuidiú ár gcomhpháirtithe–ach glacfaidh an tAontas lena fhreagracht iomlán. Áirítear air sin freisin feabhas a chur ar ullmhacht i leith na sláinte agus ar an bhfreagairt san Aontas mar chuid d’Aontas Sláinte na hEorpa,  toisc go ndéanann forbairt i gcúrsaí sláinte san Aontas difear do chomhpháirtithe ar fud an domhain agus vice versa. Leanfar san Aontas d’fhorbairt a dhéanamh ar chlúdach sláinte uilíoch agus ar chreat láidir slándála sláinte de chuid an Aontais, trí phríomhthionscnaimh atá ar bun nó á nullmhú cheana a chur ar aghaidh. Áirítear orthu sin Plean Sáraithe Ailse na hEorpa 11 an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip 12 , agus an Spás Eorpach Sonraí Sláinte atá beartaithe 13 . Beifear in ann bagairtí in aghaidh na sláinte a chomhrac ar bhonn níos cuimsithí le cur chun feidhme an rialacháin nua i ndáil le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar shláinte 14 , le sainorduithe atreisithe Lárionad na hEorpa um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí, le hobair an Údaráis nua um Ullmhacht agus Freagairt i gcás Éigeandálaí Sláinte chun feabhas a chur ar ullmhacht agus freagairt i bhfrithbhearta leighis 15 , agus le líonra na hAon Sláinte Amháin chun gníomh a dhéanamh in aghaidh gach uile bagairt phataigineach a mbeidh faireachas comhtháite mar chuid de 16 . Beidh soláthar cúraim sláinte, neamhspleáchas straitéiseach oscailte i slabhraí luacha a bhaineann leis an tsláinte, agus gníomhaíocht láidir maidir le hathléimneacht frithmhiocróbach ina mbunús cumhachtach i ndáil le seasamh láidir a bheith ag an Aontas ar fud an domhain. Leanfaimid de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit i gcur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Agus cuirfimid an Comhaontú Glas don Eoraip 17 chun feidhme agus go háirithe an Plean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach 18 agus an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht chun na cúiseanna le drochshláinte san Aontas a chomhrac. Beidh an obair sin ar fad, mar aon leis an straitéis nua, ina contanam rianúil le haghaidh cosaint na sláinte san Aontas agus ar fud an domhain.

    Sa straitéis tairgtear clár oibre suas go dtí 2030. Leagtar trí thosaíocht beartais amach inti, foráiltear do 20 prionsabal treorachchun an tsláinte dhomhanda a mhúnlú,  déantar línte gníomhaíochta nithiúla lena ndéantar na prionsabail sin a oibríochtú, agus cruthaítear creat faireacháinnua chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus tionchar bheartais agus chistiú an Aontais. Leagtar amach léi an méid a dhéanfaidh an Coimisiún agus a iarrfaidh sé ar na Ballstáit a dhéanamh laistigh dá ninniúlachtaí faoi seach agus dá róil institiúideacha dá bhforáiltear sna conarthaí 19 . Chun gníomhaíochtaí atá ar na bacáin a léiriú, tá liosta in Iarscríbhinn 1 de chuid de na príomhthionscnaimh atá mar bhun taca faoin straitéis seo ar na leibhéil dhomhanda, réigiúnacha agus náisiúnta.

    Leis an straitéis seo cuirtear le rannchuidiú tábhachtach Pharlaimint na hEorpa, Uachtaránachtaí comhleanúnacha na Comhairle, scáth‑straitéis sláinte na sochaí sibhialta 2020 20 , agus príomhpháirtithe leasmhara eile–lena náirítear an tionchur a fuarthas le linn comhairliúcháin phoiblí leathan. Ba cheart an straitéis seo a léamh in éineacht leis an gcéad Tuarascáil ar Staid na Sláinte ó thaobh Ullmhachta de, a foilsíodh i gcomhthráth 21 .

    2.Tosaíochtaí an Aontais i ndáil le sláinte dhomhanda

    Athdheimhnítear sa straitéis an gealltanas a tugadh do na SDGanna agus don Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt 22 , agus do ghníomh a dhéanamh go háirithe sna réimsí atá ina mbunchlocha den tsláinte mhaith. Chun rath ar an iarracht sin a áirithiú, moltar cur chuige nua inti a bheadh bunaithe ar phríomhthosaíochtaí.

    Dá bhrí sin díreoidh an Coimisiún ar a chuid iarrachtaí maidir le trí thosaíocht a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile 23 agus iarrfaidh sé ar na Ballstáit an rud céanna a dhéanamh:

    (1) Sláinte agus dea-bhail níos fearr a áirithiú do dhaoine ar feadh a saoil;

    (2) Córais sláinte a neartú agus cumhdach sláinte uilíoch a fhorbairt; agus

    (3) Bagairtí in aghaidh na sláinte, lena n‑áirítear ó phaindéimí, a chosc agus a chomhrac, agus cur chuige na hAon Sláinte Amháin á chur i bhfeidhm.

    2.1. Sláinte agus dea-bhail níos fearr a áirithiú do dhaoine ar feadh a saoil

    Déanfaidh an tAontas a neart comhchoiteann a thiomsú agus rachaidh sé i mbun comhpháirtíochta le tíortha chun na SDGanna uaillmhianacha a bhaineann leis an tsláinte a bhaint amach ar fud an domhain, go háirithe Sprioc 3 (saol sláintiúil a áirithiú agus dea-bhail a chur chun cinn do chách, is cuma cén aois iad), Sprioc 5 (comhionannas inscne a bhaint amach agus Sprioc 10 (neamhionannas a laghdú laistigh de thíortha agus i measc tíortha).

    Chuige sin, leanfaidh an Coimisiún prionsabail threoracha, agus iarrfaidh sé ar na Ballstáit an rud céanna a dhéanamh:

    Prionsabal Treorach 1. Tosaíocht a thabhairt do dhul i ngleic leis na bunchúiseanna leis an drochshláinte, ag tabhairt aird ar leith ar chearta na mban agus na gcailíní, agus ar dhaonraí leochaileacha agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste.

    Maidir le hiarrachtaí a dhéanamh chun sláinte níos fearr a áirithiú, go traidisiúnta, díríodh ar ghalair shonracha a chomhrac–comhrac nach mór leanúint de. Mura dtabharfar aghaidh ar na bunchúiseanna leis an drochshláinte, áfach, a mbíonn daoine an‑leochaileach i leith galair mar gheall orthu ar an gcéad dul síos, leanfar de réimsí leathana den daonra a bheith thíos leis mar gheall orthu ( go háirithe na daoine is leochailí). Mar sin, mar ghné nua sa straitéis, beidh tosaíochtaí mar chuid di chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil leis an sláinte agus galair–lena n‑áirítear an bhochtaineacht agus an t‑idirdhealú, aois, cothú agus aistí bia sláintiúla, coimirce shóisialta, oideachas, cúram, uisce, sláintíocht agus sláinteachas, sláinte ag an obair–agus réimsí eile amhail éiceachórais shláintiúla, truailliú nó teagmháil le ceimiceáin agus dramhaíl agus bagairtí ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh. Beidh cur chuige comhtháite ‘an tsláinte sna beartais uile’ de dhíth freisin (féach roinn 3).

    Coinneofar cur chuige ar bun bunaithe ar chearta an duine le linn chur chun feidhme na straitéise seo agus ní fhágfar aon duine ar lár. Áirítear air sin freisin go ndíreofar go háirithe ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe (SRHR).

    Prionsabal Treorach 2. Feabhas a chur ar rochtain chothromasach ar raon iomlán seirbhísí sláinte fíor‑riachtanacha amhail cur chun cinn na sláinte, cosc a chur ar ghalair agus cóir leighis ardcháilíochta inacmhainne, athshlánú agus cúram maolaitheach chun galair theagmhálacha agus neamhtheagmhálacha a chomhrac.

    Tá cláir um shláinte phoiblí athléimneach ríthábhachtach ó thaobh galair a rialú, go háirithe galair thrópaiceacha thógálacha agus galair thrópaiceacha a bhfuil siléig déanta iontu, agus ó thaobh aghaidh a thabhairt ar an mbaol foluiteach a bhaineann le galair neamhtheagmhálacha. An tráth céanna, tá cosc níos fearr, acmhainní breise, agus taighde treisithe de dhíth chun dul i ngleic leis an dúshlán atá ag méadú ó thaobh galair neamhtheagmhálacha agus neamhoird sláinte eile de.

    Chun go bhforbrófar an dá phrionsabal treorach sin, tabharfar tosaíocht do na línte gníomhaíochta seo a leanas:

    ØTabharfar tosaíocht do na bunchúiseanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaineann leis an drochshláinte trí chur chuige ‘an tsláinte sna beartais uile’.

    ØCur chuige a bheidh bunaithe ar chearta an duine a leanúint tríd an straitéis iomlán, agus aird ar leith á díriú ar riachtanais agus cearta ban, leanaí agus daoine óga, i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta Inscne 24 III agus Plean Gníomhaíochta na hÓige 25 , daoine atá faoi mhíchumas, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas 26 , chomh maith le riachtanais agus cearta i leith rochtain ar chúrsaí sláinte ag grúpaí leochaileacha eile amhail daoine LADTIA 27 , daoine níos sine, imircigh, dídeanaithe, agus daoine atá easáitithe ina dtír féin, agus i gcomhthéacs tubaistí nádúrtha nó de dhéantús an duine freisin agus tionchar an athraithe aeráide.

    ØLeanúint den chomhrac a stiúradh in aghaidh raon galar teagmhálach, go hairithe Siondróm Easpa Imdhíonachta Faighte (SEIF), eitinn, maláire, polaimiailíteas, galar víris Ebola chomh maith le galair thrópaiceacha a ndéantar siléig iontu 28 . Áirítear air sin infheistíocht a dhéanamh in éineacht le tíortha comhpháirtíochta agus trí chomhghuaillíochtaí taighde agus forbartha agus tionscnaimh sláinte domhanda, amhail an Ciste Domhanda chun SEIF, eitinn agus maláire a chomhrac 29   30 .

    ØCuidiú le galair neamhtheagmhálacha a chosc agus a bhainistiú, rud atá ag éirí níos tábhachtaí i ndomhan daoine atá ag dul in aois, áit ina mbeidh siad siúd atá os cionn 65 agus os cionn 80 ina gcion síor‑mhéadaitheach de dhaonra an domhain. Tacóimid leis sin tríd an gComhpháirtíocht um Chumhdach Sláinte Uilíoch de chuid EDS 31 32 agus cuirfimid cur chuige ilearnála i bhfeidhm lena dtabharfar aghaidh ar fhachtóirí móra priacail amhail mí‑úsáid substaintí, aiste bia, neamhghníomhaíocht fhisiciúil, agus truailliú aeir. Baineann sé sin leis an ailse go háirithe.

    ØTacaíocht a thabhairt do ghlacadh méadaithe vacsaíní in aghaidh breoiteacht a bhaineann leis an óige agus tacú, ar bhonn méadaithe, le sláinte na naosach trí leanúint den tacaíocht a thugtar do Gavi 33   34 , an Chomhghuaillíocht Vacsaíní a chuidíonn le húsáid chothromasach agus inbhuanaithe vacsaíní.

    ØA áirithiú go bhforbrófar vacsaíní, cóireálacha leighis agus diagnóisic nuálacha le haghaidh galair thógálacha agus neamhtheagmhálacha nua nó coitianta, nó galair a bhfuil siléig déanta iontu, agus go núsáidfear iad, lena náirítear trí chistiú ó Fhís Eorpach agus ón gComhpháirtíocht Sláinte Domhanda idir an tAontas agus an Afraic maidir le Trialacha Cliniciúla idir Tíortha Eorpacha agus Tíortha i mBéal Forbartha (EDCTP3) 35 le haghaidh taighde agus fothú acmhainneachta agus neartú na timpeallachta rialála san Afraic Fho-Shahárach.

    ØAn tacaíocht i leith rochtain uilíoch ar Chearta agus Sláinte Gnéis agus Atáirgthe 36 a neartú agus béim ar mhná, cailíní, an óige agus daoine atá faoi mhíchumas lena náirítear trí thionscnamh Fhoireann na hEorpa a cheapadh maidir le SRHR san Afraic agus tacaíocht a thabhairt do Chomhpháirtíocht Soláthairtí Chiste na Náisiún Aontaithe ar Mhaithe leis an bPobal (UNFPA) 37 . Áirítear air sin aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscnebhunaithe, ar chleachtais dhíobhálacha, ar riachtanais i ndáil le beartú muiríne nár comhlíonadh go dtí seo, ar mhortlaíocht máithreacha arbh fhéidir í a chosc agus ar neamhionannais inscne. Tá gá le rochtain chothromasach ar sheirbhísí, táirgí agus faisnéis ardchaighdeáin a áirithiú ionas go mbeidh rath ar an obair, lena náirítear rochtain trí chórais sláinte a neartú i leith cumhdach sláinte uilíoch, agus trí sheirbhísí a oireann don óige.

    ØTacú le sláinte, cothú, meabhairshláinte, agus tacaíocht shíceolaíoch do phobail, le linn staideanna géarchéime (nádúrtha nó de dhéantús an duine) agus ina ndiaidh, á soláthar ar bhealaí lena gcuirtear teorainn le galracht, míchumas, agus galair a bhaineann le géarchéimeanna daonnúla 38 .

    2.2 Córais sláinte a neartú agus cumhdach sláinte uilíoch a fhorbairt 

    Is príomhthosaíocht den straitéis é córas sláinte atá éifeachtach, athléimneach, agus inrochtana ina ngnéithe bunúsacha uile a bhaint amach (seachadadh seirbhísí, lucht saothair cúraim sláinte, córais faisnéise sláinte, rochtain ar chógais fhíor‑riachtanacha, maoiniú, agus ceannaireacht nó rialachas). Trí chlúdach sláinte uilíoch a fhorbairt ar bhealach cothromasach áiritheofar cosaint ar riosca airgeadais, rochtain ar sheirbhísí fíor‑riachtanacha cúraim sláinte ardchaighdeáin, agus cógais agus vacsaíní sábháilte, éifeachtacha, ardchaighdeáin agus inacmhainne.

    Chuige sin, leanfaidh an Coimisiún prionsabail threoracha, agus iarrfaidh sé ar na Ballstáit an rud céanna a dhéanamh:

    Prionsabal Treorach 3. Feabhas a chur ar chúram sláinte príomhúil chun go mbeifear in ann freastal go huathoibríoch ar bhorradh 39 , agus feabhas a chur ar phríomhinniúlachtaí sláinte poiblí chun ceanglais Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta a chomhlíonadh 40 .

    Taispeánadh le linn na paindéime an tábhacht a bhaineann le cumas leighis iomchuí infhaighte a bheith ann chun meastóireacht a dhéanamh ar mhéid fíor‑mhéadaithe othar agus cúram a thabhairt dóibh–cumas a bheadh cothrom le gnáthoibriú na gcóras sláinte nó níos fearr. Is cur chuige nua é tosaíocht a thabhairt don réimse sin agus bainfidh breisluach tábhachtach leis: is é an chéad bhacainn in aghaidh scaipeadh paindéimí agus bagairtí eile in aghaidh na sláinte. Má thugtar tacaíocht do chúram sláinte príomhúil, cuideofar freisin le bainistíocht ar ghalair neamhtheagmhálacha a áirithiú.

    Chun go bhforbrófar an prionsabal treorach sin, tabharfar tosaíocht do na línte gníomhaíochta seo a leanas:

    ØDul i mbun oibre le tíortha comhpháirtíochta chun rochtain ar phacáiste bunúsach seirbhísí sláinte lena gcumhdaítear cosc agus cúram a leathnú, agus béim ar leith ar dhaonraí bochta imeallaithe trí chláir dhéthaobhacha agus réigiúnacha 41 . Tríd an gComhpháirtíocht um Chlúdach Sláinte Uilíoch faoi EDS cumasaítear tacaíocht theicniúil spriocdhírithe in 119 dtír, agus glacann sí ceannaireacht ar iarrachtaí náisiúnta a chomhchuibhiú chun na spriocanna náisiúnta SDG3 a bhaint amach.

    ØInfheistíochtaí i gcórais sláinte a spreagadh trí dhreasachtaí spriocdhírithe a chur chun feidhme agus cuntasacht a mhéadú 42 . Ba cheart don Aontas feabhsú córas sláinte agus sláinte poiblí a mheas mar phríomhghné de chomhar idirnáisiúnta le comhpháirtithe, lena náirítear tacaíocht airgeadais. 

    ØCórais coimirce sóisialta a neartú trí cláir tíortha dhéthaobhacha, go háirithe trí thacaíocht a thabhairt do chruthú rialacha coimirce sóisialta íosta a náireofar rochtain chothromasach ar chúram sláinte fíor‑riachtanach leo.

    ØCaighdeáin idirnáisiúnta i bhfeistí leighis cógaisíochta agus teicneolaíochtaí cógaisíochta a chothú trí rannpháirtíocht an Choimisiúin in eagraíochtaí agus i gcomhlachtaí idirnáisiúnta, agus leibhéal ard cáilíochta, éifeachtachta agus caighdeán sábháilteachta, agus oiliúint in ábhair rialála a chur chun cinn, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus i gcomhar le EDS. 

    Prionsabal Treorach 4. Digitiú a chothú mar chumasóir bunúsach.

    Chun an prionsabal treorach sin a fhorbairt, taispeánfar ceannaireacht an Aontais le gníomhaíocht dhigiteach i leith sláinte dhomhanda agus múnlófar an claochlú digiteach ar bhealach cothromasach 43 :

    ØAghaidh a thabhairt ar thearcinfheistíocht i sláinte agus i gcúram digiteach i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim, le tionscnamh Fhoireann na hEorpa maidir le sláinte dhigiteach,  ag tógáil ar na prionsabail is bonn taca leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte atá beartaithe. Dhíreofaí leis sin ar thionchar claochlaitheach a bhaint amach i ndáil le cumhdach sláinte uilíoch, cúram sláinte príomhúil, ullmhacht i leith paindéime agus freagairt di, diagnóisiú feabhsaithe agus leigheas pearsantaithe agus contanam cúraim a chur chun cinn. Sampla sonrach is ea an chaoi ina bhféadfaí rochtain ar shaineolas a éascú trí sheirbhísí sláinte digití agus cúram sláinte a sholáthar, fiú i suíomhanna atá iargúlta ar bhonn geografach. Tabharfar tacaíocht d’fhorbairt agus/nó cur chun feidhme straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha amhail na straitéisí sláinte digití de chuid Aontas na hAfraice/ na hAfraice um Ghalair a Rialú agus a Chosc (CDCanna) atá ar na bacainn.

    ØTógáil ar cheannródaíocht an Aontais i rialáil sonraí sláinte, deimhnithe digiteacha, trí úsáid a bhaint as an néal chun sonraí a roinnt, le haghaidh cosaint sonraí agus príobháideachais. Déanfaidh an tAontas acmhainneacht sonraí sláinte domhanda a úsáid i gcomhréir le prionsabail an Spáis Eorpaigh Sonraí Sláinte atá beartaithe agus cothóidh sé úsáid teicneolaíochtaí nua lena nairítear intleacht shaorga chun dlús a chur leis an bhféidearthacht atá ann diagnóisiú agus cóireálacha leighis a fheabhsú ar fud an domhain.

    ØRannchuidiú le múnlú éiceachóras na sláinte digití ar fud an domhain (rialacha, noirm, caighdeáin, idir‑inoibritheacht), trí úsáid a bhaint as samplaí Eorpacha agus dea‑chleachtas Eorpach amhail Deimhniú Digiteach Covid AE agus tacú le rialacha idirnáisiúnta atá comhoiriúnach do chreat an Aontais agus rialachas agus cosaint sonraí sláinte atá duine‑lárnach á néascú i gcomhthráth.

    Prionsabal treorach 5. Dlús a chur leis an taighde sláinte domhanda chun na teicneolaíochtaí agus na frithbhearta is gá a fhorbairt chun feabhas a chur ar shláinte.

    Tá taighde mar phríomhchumasóir ó thaobh sláinte níos fearr de freisin. Trí iarrachtaí taighde a úsáid ar fud an domhain is féidir mór‑athrú a dhéanamh maidir le forbairt ar dhiagnóisic agus cóireálacha. Stiúrfar athrú trí tharraingt ar an rath a bhí ar vacsaíní COVID‑19, agus trí ghníomhaíocht taighde le haghaidh sláinte dhomhanda agus leis sin áiritheofar go mbeidh taighde agus an nuálaíocht chun tairbhe daoine ar fud an domhain.

    Chun go bhforbrófar an prionsabal treorach sin, tabharfar tosaíocht do na línte gníomhaíochta seo a leanas:

    ØComhar idirnáisiúnta seachtrach i leith taighde agus nuálaíocht a leathnú, chun go mbeidh sonraí taighde chomh hoscailte, caighdeánaithe agus idir‑inoibritheach agus is féidir, agus scaipeadh agus saothrú torthaí á gcur chun cinn ar mhaithe le leas an phobail. Tá an méid sin i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis ‘An Cur Chuige Domhanda maidir le Taighde agus Nuálaíocht’ agus na Conclúidí ón gComhairle faoi seach.

    ØTacú le taighde ó cheann go ceann trí thimpeallacht taighde a bheadh fabhrach a chruthú, agus borradh a chur faoin slabhra luacha iomlán, idir thaighde bunúsach go réamhchliniciúil agus cliniciúil, chun an bhearna idir giniúint agus cur chun feidhme an eolais agus na fianaise a líonadh.

    ØTacú le ceapadh rialála, táirgthe, soláthar, agus cur ar fáil, ionas go mbeidh taighde a dhéantar i ngeilleagair ísealioncaim agus meánioncaim ábhartha le haghaidh táirgeadh áitiúil na teicneolaíochta cógasaíochta agus sláinte.

    ØIdirRannchuidiú le fothú acmhainneachta frithpháirtí trí Chomhghnóthais, amhail an Chomhpháirtíocht Sláinte Domhanda maidir le Trialacha Cliniciúla idir Tíortha Eorpacha agus Tíortha i mBéal Forbartha, chun comhar níos dlúithe fós a chothú le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim 44 .

    ØAn ghné thionsclaíoch a úsáid chun acmhainneacht áitiúil táirgeachta a atreisiú, agus comhar éifeachtach á áirithiú idir na gníomhaithe poiblí agus príobháideacha.

    ØDlús a chur le próisis idirnáisiúnta lena neartaítear an bonn eolaíoch le haghaidh gníomhaíocht beartais, lena náirítear Painéal Eolaíochta‑Beartais a chruthú maidir le Ceimiceáin, Dramhaíl agus Truailliú.

    Prionsabal treorach 6. Aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí sa lucht saothair agus scileanna a chothú.

    Trí ghníomhaíocht i leith an lucht saothair sláinte, tabharfar aghaidh sa straitéis seo ar fhorbairt riachtanach na scileanna cearta agus ar dhúshlán na nganntanas foirne araon. Chuige sin, tá gá le cur chuige fadtéarmach, comhtháite a mbeidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ann, a mbeidh comhar idir tíortha mar chuid de agus a n‑aithneofar ann go bhfuil na fadhbanna níos géire sna hearnálacha altranais agus cúraim – agus go ndéantar difear díréireach do mhná mar gheall orthu:

    ØAn comhar idirnáisiúnta a neartú agus cloí le gealltanais idirnáisiúnta maidir le hearcaíocht, faireachán iontaofa a fhorbairt agus bailiú sonraí maidir leis an lucht saothair agus an sreabhadh a bhaineann leis sin.

    ØSocruithe soghluaisteachta atá chun tairbhe an dá thaobh a chothú le comhpháirtithe i gcomhthéacs ghanntanais sa lucht saothair sláinte 45 ag cur soghluaisteacht chiorclach chun cinn agus ag dul in aghaidh imirce daoine oilte, lena nairítear trí tharraingt ar an bpacáiste Scileanna agus Buanna, go háirithe ar na comhpháirtíochtaí le tíortha comhpháirtíochta a bheidh ann amach anseo.

    ØTacaíocht a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta, in oiliúint, earcú agus cur i bhfeidhm oibrithe cúraim sláinte agus a bhforbairt ghairmiúil a áirithiú trí oideachas iomchuí chomh maith le cláir gairmoiliúna (VET) le haghaidh foirne cúntacha i gcomhpháirtíocht le deontóirí eile, agus an gá le tacú le coinneáil oibrithe cúraim sláinte á urramú i gcomhthráth. Tríd an tionscnamh de chuid Fhoireann na hEorpa 46 ‘Oiliúint Ghairmiúil Bunaithe ar Dheiseanna’ cuideofar le hanailís a dhéanamh ar an ngá atá le próifílí teicniúla agus cuideofar le soláthar na hoiliúna is gá.

    ØTacaíocht a thabhairt do chomhpháirtíochtaí atá ag obair tríd an gComhshocrú um Scileanna agus an Treoirphlean um chomhar earnála maidir le scileanna chun go méadófar an tuiscint ar riachtanais scileanna sonracha i sláinte agus cúram agus go bhforbrófar réitigh oiliúna ábhartha

    2.3 Bagairtí in aghaidh na sláinte, lena n‑áirítear ó phaindéimí, a chosc agus a chomhrac, agus cur chuige na hAon Sláinte Amháin á chur i bhfeidhm

    Tá an comhrac in aghaidh bagairtí sláinte ina phríomhthosaíocht anois. Is dealraitheach go bhfuil tús curtha le ré a d'fheadfadh a bheith i ré na bpaindéim 47 ar an domhan mar gheall ar idirnascacht na sochaithe sa lá atá inniu ann agus ar ár nidirghníomhú leis an aeráid, leis an gcomhshaol agus le hainmhithe. D’fhéadfadh bagairtí in aghaidh na sláinte a bheith de thionscnaimh éagsúla, lena náirítear truailliú an chomhshaoil, agus tionscnaimh cheimiceán, bhitheolaíocha, raideolaíocha nó núicléacha (CBRN), rud a mbeidh cur chuige cuimsitheach ina gcuirtear na guaiseacha uile san áireamh de dhíth ina leith. I mí Iúil 2022 48 , bhunaigh an Coimisiún liosta de na trí bhagairt trasteorann is mó atá in aghaidh na sláinte nach mór ullmhúchán a dhéanamh ina naghaidh (e.g. pataiginí a mbaineann féidearthacht ard leo maidir le paindéimí, CBRN agus frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach), ar cheart gníomhaíocht inmheánach agus sheachtrach araon a bheith mar thoradh orthu.

    Tharraing an tAontas ar na ceachtanna a foghlaimíodh ag tús na paindéime, ag glacadh Rialachán nua maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann in aghaidh na sláinte agus ullmhacht agus freagairt á bhfeabhsú i réimse na bhfrithbheart leighis go háirithe trí chruthú an Údaráis um Ullmhacht agus Freagairt i gcás Éigeandálaí Sláinte (HERA). Maidir le frithbhearta den sórt sin agus an Tuarascáil ar Staid na Sláinte ó thaobh Ullmhachta de a cuireadh i láthair i gcomhthráth leis an straitéis, léirítear inti an ghníomhaíocht láidir a rinneadh, lena n‑áirítear ar an leibhéal domhanda.

    Ní mór leanúint de na hiarrachtaí toisc gurb ann i gcónaí do mhórán oibre atá le déanamh, dar leis an bPainéal Neamhspleách um Ullmhacht agus Freagairt i ndáil le Paindéimí, sula mbeidh an domhan réidh, ar bhonn comhchoiteann, chun an cúram sin a chomhlíonadh 49 . Dá bhrí sin, leanfar sa straitéis de dhul i ngleic leis an bpaindéim leanúnach COVID‑19 agus lena hiarmhairtí agus, ag tógáil ar cheachtanna a foghlaimíodh le 3 bliana anuas, de chur chuige cuimsitheach a thógáil i leith slándáil sláinte dhomhanda a áirithiú.

    Chun na hiarrachtaí domhanda sin a stiúradh, leanfaidh an Coimisiún prionsabail threoracha, agus iarrfaidh sé ar na Ballstáit an rud céanna a dhéanamh:

    Prionsabal treorach 7. Inniúlachtaí le haghaidh cosc, ullmhacht agus freagairt agus luathbhrath bagairtí domhanda in aghaidh na sláinte a neartú.

    Léiríodh le COVID‑19 go bhfuil tábhacht le hinniúlachtaí láidre ullmhachta agus freagartha agus cistiúchán leordhóthanach chun beatha a thabhairt slán. Taispeánadh leisan bpaindéimfreisin gurbh fhéidir na trilliúin a shábháil dá mba rud é gur caitheadh na billiúin. Beidh sé fíor‑riachtanach maoiniú inbhuanaithe a sholáthar do EDS agus a bheith chun tosaigh maidir le bealaí nuálacha a aimsiú chun bearnaí a líonadh amhail mar atá sa Chiste Paindéime 50 , a chomhbhunaigh an Coimisiún agus roinnt Ballstát mar phríomhrannchuiditheoirí.

    Ba cheart don Aontas leanúint de dhíriú ar fheabhas a chur ar bhearta bithshábháilteachta agus bithshlándála in institiúidí ábhartha, agus ar fheasacht an phobail a ardú agus oiliúint a chur ar fhoirne.

    Chun go bhforbrófar na prionsabail threoracha sin, tabharfar tosaíocht do na línte gníomhaíochta seo a leanas:

    ØTosaíocht a thabhairt do shlándáil sláinte ar chlár oibre na sláinte domhanda, lena náirítear trí thionscnamh Fhoireann na hEorpa leis an Afraic 51 maidir le slándáil sláinte a cheapadh agus a chur chun feidhme, trí úsáid a bhaint as cur chuige na hAon Sláinte Amháin chun córais agus inniúlachtaí a neartú chun bagairtí tógálacha nó neamhthógálacha a chosc ar bhonn inbhuanaithe agus riosca‑eolaithe, chun ullmhú lena naghaidh agus chun freagairt dóibh, ar bagairtí iad a náirítear orthu bagairtí a eascraíonn as truailliú an chomhshaoil agus frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach (féach thíos freisin faoi phrionsabal 11). 

    ØTacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal tíre chun córais chógaisíochta a neartú le haghaidh vacsaíní agus táirgí eile leighis agus teicneolaíochtaí agus le cumas déantúis ina leith, chun cáilíocht, sábháilteacht, rochtain chothromasach agus ceannasacht sláinte a mhéadú. Chuige sin, dlús a chur le tionscnamh leanúnach Fhoireann na hEorpa maidir le Monaraíocht agus Rochtain ar Vacsaíní, Cógais agus Teicneolaíochtaí Sláinte san Afraic 52 agus le comhpháirtíocht monaraíochta agus sláinte an Aontais agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, 53 . Déanfaidh an tAontas infheistíocht i neartú mhargaí na dtráchtearraí leighis agus i dtacú le soláthar ó cheann go ceann agus i mbainistíocht slabhraí luacha, lena náirítear trédhearcacht agus faireachán, agus úsáid a bhaint as inter alia líonraí tacaíochta gnó chun cuidiú le meaitseáil agus chun malartuithe margaidh agus idirphlé gníomhaithe tionsclaíocha a éascú.

    ØInniúlacht an Aontais i ndáil le slabhraí soláthair le haghaidh trealamh ríthábhachtach agus frithbhearta, diagnóisic agus teiripic a éagsúlú agus a thógáil mar aon le gníomhaíocht spriocdhírithe a dhéanamh chun ganntanais soláthair a sheachaint agus soláthróirí domhanda a aimsiú. Leis an méid sin cuirfear feabhas ar athléimneacht straitéiseach an Aontais agus, rud atá ríthábhachtach, méadófar soláthar domhanda frithbheart, agus mar sin cuirfear feabhas ar an rochtain a bhíonn ag comhpháirtithe ar earraí den sórt sin agus osclófar bealaí comhair.

    ØCumas a fhorbairt le haghaidh luathbhrath, bainistíocht fhónta agus inbhuanaithe dramhaíola agus ábhar guaise 54 , ag tógáil ar an obair atá ar bun faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus ag neartú an chreata reachtaigh a bhaineann le bearta bithshábháilteachta agus bithshlándála sna hinstitiúidí ábhartha uile. Ba cheart cuidiú le hardú feasachta agus oiliúint foirne trí na Lárionaid Barr Feabhais AE chun Riosca Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach (CBRN) a Mhaolú 55 agus trí na gníomhaíochtaí a dhéanann siad in 63 thír chomhpháirtíochta.

    ØTacú le forbairtcórais chuimsithigh freagartha daonnúla um ráigeanna galar a náireofar cumhdach ann freisin le haghaidh limistéir atá lasmuigh den Aontas, ag tógáil ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) agus ar an Acmhainneacht Freagartha Daonnúla Eorpach (EHRC).

    ØLeanúint de thacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme Rún 2286 56 ón gComhairle Slándála maidir le cosaint sibhialtach le linn coinbhleachtaí armtha trí urraim don dlí daonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn agus trí thacú le cuntasacht i leith ionsaithe in aghaidh oibrithe leighis agus bonneagar leighis, agus le leanúnachas cúraim sláinte agus rochtain air le linn coinbhleachtaí armtha.

    ØComhpháirtíochtaí taighde domhanda agus Eorpacha a leathnú agus a neartú lena náirítear líonraí trialacha cliniciúla arbh inchasta iad chun aghaidh a thabhairt ar phataiginí nua agus iad siúd atá ag teacht chun cinn chun fáil thráthúil ar fhrithbhearta éifeachtacha leighis a áirithiú.

    Prionsabal treorach 8. Obair a dhéanamh i leith sásra domhanda buan a aimsiú lena gcothaítear forbairt vacsaíní agus rochtain chothromasach orthu agus frithbhearta le haghaidh tíortha ísealioncaim agus meánioncaim.

    Tá rochtain chothromasach ar fhrithbhearta leighis ríthábhachtach maidir le hullmhacht agus freagairt i leith paindéime, rud a foghlaimíodh mar cheann de phríomhcheachtanna Phaindéim COVID‑19. Tá gá le réiteach buan air sin, ag tógáil ar an Luasaire um Rochtain ar Uirlisí COVI‑19 (ACT-A), ar an gCreat Ullmhachta Paindéime Fliú 57 agus ar thaithí eile ábhartha a fuarthas.

    Ionas go mbeidh fáil thapa ar fhrithbhearta leighis éifeachtacha, is gá pataiginí a shainaithint go luath trí fhaireachas éifeachtach agus is gá ardáin taighde éifeachtacha a bheith ullamh chun an fhianaise is gá a chur i dtoll a chéile le haghaidh forbairt thapa agus rolladh amach tapa, le tacaíocht timpeallachta taighde fabhraí a bhfuil ardáin le haghaidh trialacha cliniciúla inti arbh fhéidir iad a chasadh go tapa i dtreo galar nua, agus is gá timpeallacht rialála éifeachtach a bheith inti chun go ndéanfar trialacha cliniciúla.

    Prionsabal treorach 9. Comhaontú éifeachtach a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí de a chaibidliú a ngabhfadh cur chuige na hAon Sláinte Amháin agus Rialacháin Idirnáisiúnta Sláinte níos láidre leis.

    Cumhdaítear leis sin an bhearna sa leabhar rialacha idirnáisiúnta maidir le hullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí, lena gceanglaítear ar thíortha bagairtí ó phaindéimí a thuairisciú agus a imscrúdú go mear agus lena dtugtar de chumhacht do EDS déanamh amhlaidh 58 . Ba cheart forálacha nithiúla maidir le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach a chur san áireamh sa chomhaontú maidir le paindéimí. 59  

    Prionsabal treorach 10. Líonra domhanda láidir d’fhaireachas comhoibríoch a thógáil chun pataiginí a bhrath ar bhealach níos fearr agus gníomh a dhéanamh ina leith 

    Tacaítear sa straitéis le cruthú líonra nua iontaofa lena ndéantar suirbhéanna ar phataiginí agus lena mbraitear iad i bpríomhtheophointí, agus ní hamháin go sainaithneofaí bagairtí leis ach thabharfaí comhairle maidir leis an ngníomhaíocht is ceart a dhéanamh. Bheadh Toscaireachtaí an Aontais ag tacú leis an obair sin ar an talamh agus chomhlánófaí léi tionscnamh G7 i ndáil le líonraí atá ann cheana a nascadh 60 . Áireofar leis sin córais faireachais a dhigitiú agus a chomhtháthú feadh an speictrim dhaonna, ainmhithe agus comhshaoil, ag neartú acmhainneacht na saotharlann agus a gcumas maidir le seicheamhú géanóim agus le hoiliúint an lucht saothair chomh maith.

    Prionsabal Treorach 11. Cur chuige cuimsitheach na hAon Sláinte Amháin a chur i bhfeidhm agus an comhrac in aghaidh athléimneacht fhrithmhiocróbach a ghéarú.

    Tá dhá dhúshlán ríthábhachtacha tar éis éirí níos práinní le blianta beaga anuas. Baineann an chéad cheann le castacht agus iarmhairtí na hidirghníomhaíochta idir ainmhithe, an comhshaol agus daoine, rud is cúis leis an iarraidh i leith cur chuige ilearnála, comhtháite agus ildisciplíneach ‘na hAon Sláinte Amháin’. Áirítear leis sin an méadú a tháinig ar an mbaol go mbeidh ráigeanna móra paindéime ann de bharr athruithe ar úsáid talún, díghrádú an chomhshaoil , córais chasta táirgthe bia agus trádáil agus taisteal níos géire go háirithe, ach freisin de bharr an ualaigh atá ar gheilleagair ísealioncaim agus meánioncaim de bharr galair a tharlaíonn de dheasca truailliú nach dtugtar aird air, nó de bharr galair eindéimeacha a d’fhéadfadh a bheith zónóiseach, aer‑iompartha, uisce-iompartha nó veicteoir‑iompartha.

    Baineann an dara dúshlán leis an bpaindéim chiúin ina bhfuil frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR), , atá sainaitheanta ag EDS mar cheann den 10 mbagairt is mó in aghaidh na sláinte domhanda 61 arb ann dóibh faoi láthair. Bíonn AMR ina fhachtóir géaraitheach freisin le linn paindéimí. Thairis sin, truaillíonn frithmhiocróbaigh an comhshaol agus déanann siad difear don bhithéagsúlacht 62 . Ní mór do thíortha, institiúidí agus páirtithe leasmhara domhanda aghaidh a thabhairt go práinneach ar na dúshláin sin le chéile agus ar bhonn cuimsitheach.

    Chun go bhforbrófar an prionsabal treorach sin, tabharfar tosaíocht do na línte gníomhaíochta seo a leanas:

    ØAn obair leis an gComhaontas Ceithre Chuid a ghéarú, lena náirítear EDS, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), An Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH), agus Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) chun go gcuirfear an Plean Gníomhaíochta Comhpháirteach na hAon Sláinte Amháin dá gcuid chun feidhme.

    Ø‘Cosc domhain’ a lorg 63  – chun go sainaithneofar bagairtí agus go dtabharfar aghaidh orthu sula dtrasnaíonn pataiginí ó ainmhithe go daoine, seachas i ndiaidh do ráigeanna tarlú i measc daoine, agus chun go neartófar an cumas i leith bagairtí a chosc a bhaineann le bagairtí ó thruailliú.

    ØFiosróidh an Coimisiún na coinbhinsiúin idirnáisiúnta atá ann faoi láthair lena ndéantar difear do chúrsa ‘réamhtheachtach’ aon phaindéimí a d’fhéadfadh a bheith ann, chun scrúdú a dhéanamh ar cibé arbh fhéidir a gcuid forálacha nó a bpleananna cur chun feidhme a neartú chun tacú le cur chuige na hAon Sláinte Amháin 64 .

    ØObair a dhéanamh chun go gcuimseofar forálacha nithiúla maidir le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach sa chomhaontú maidir le paindéimí.

    ØTacaíocht a thabhairt d’fhorbairt frithbheart nuálach leighis agus don rochtain orthu chun aghaidh a thabhairt ar ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR),lena náirítear frithmhiocróbaigh, vacsaíní, agus diagnóisic 65 .

    3.Rialachas inmheánach nua chun dul i ngleic le dúshláin sláinte dhomhanda

    Tá gá le bealach oibre níos ceangailte laistigh den Choimisiún agus leis na Ballstáit agus na comhpháirtithe má táthar chun spriocanna na straitéise seo a bhaint amach. Is gá sin toisc go bhfuil sláinte dhomhanda á múnlú níos mó agus níos mó le beartais iolracha (amhail beartais maidir leis an athrú ar an aeráid, an comhshaol, fuinneamh, cothú, slándáil bia, coimirce shóisialta, déimeagrafaíocht, oideachas, taighde, cúnamh daonnúil, airgeadas, trádáil, beartas tionsclaíoch nó beartas eachtrach agus slándála) a dhéanann difear don tsláinte nó a chumasaíonn na dúshláin a bhaineann leis an tsláinte a réiteach, a mbíonn baint ag gníomhaireachtaí agus comhlachtaí éagsúla leo ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus institiúidí éagsúla airgeadais, ar bhonn gníomhach. Tá gá mar sin le comhordú atreisithe chun cuidiú le tosaíochtaí na straitéise seo a bhaint amach agus rialachas ceart ‘sláinte sna beartais uile’ a chur chun feidhme i ngach beartas–mar ghné nuaga den straitéis seo.

    Prionsabal treorach 12. Na beartais agus na bearta uile laistigh den Choimisiún, de ghníomhaireachtaí an Aontais agus d’institiúidí airgeadais an Aontais a mbíonn tionchar acu ar an tsláinte dhomhanda a nascadh go héifeachtach.

    Déanfaidh an Coimisiún breithnithe maidir le sláinte dhomhanda a chomhtháthú go hiomlán i réimsí uile an Aontais a mbíonn tionchar acu ar an tsláinte dhomhanda trí róil agus freagrachtaí comhordaithe mapála inmheánacha, beartais agus uirlisí a atreisiú agus tríd an gcaoi ina gcuideoidh siad le tosaíochtaí na straitéise seo a bhaint amach a atreisiú.

    Áirítear leis sin línte gníomhaíochta sna príomhréimsí beartais seo a leanas:

    ØAeráidneodracht faoi 2050 a shaothrú, agus an inniúlacht i leith oiriúnú, athléimneacht a neartú agus leochaileacht maidir leis an athrú ar an aeráid a laghdú i gcomhréir le Comhaontú Pháras. 

    ØGníomhaíocht dhomhanda uaillmhianach a chur chun cinn chun dul i ngleic lecaillteanas bithéagsúlachta, gáinneáil ar an bhfiadhúlra, truailliú aeir, uisce agus ithreach, nochtadh do shubstaintí tocsaineacha. Cur chuige na hAon Sláinte Amháin a chur chun cinn sa Chreat Bithéagsúlachta Domhanda a bheidh ann amach anseo atá le comhaontú ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (COP15), agus i ngníomhaíocht dhomhanda chun dul i ngleic le gáinneáil ar an bhfiadhúlra chun riosca zónóisí a laghdú. Tacaíocht a thabhairt do bhithéagsúlacht na hithreach, don iarracht idirnáisiúnta chun truailliú aeir a laghdú agus chun astaíochtaí domhanda a mhaolú, do chur chun cinn príomhionstraimí idirnáisiúnta agus sásra domhanda chun bainistíocht a dhéanamh ar cheimiceáin agus ar dhramhaíl tar éis 2020, d'ionstraim nua a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí de a chaibidliú chun truailliú ó phlaisteach a dhíothú, agus do thorthaí uaillmhianacha maidir le huisce agus sláinte ag an gComhdháil Uisce de chuid na Náisiún Aontaithe a bheidh ar siúl in 2023.

    ØCaighdeáin éifeachtacha sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn ar fud an domhain, trí leanúint de bheith rannpháirteach leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le tacaíocht a thabhairt chun an ceart maidir le dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla a chomhtháthú i gcreat EIS maidir le prionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha ag an obair.

    ØDlús a chur faoin gcúnamh daonnúil agus faoin tacaíocht do na réigiúin agus na daonraí is mó atá thíos leis mar gheall ar neamhshlándáil bia agus minicíocht ard míchothaithe, praghsanna bia a rianú agus stoic a chur ar fáil do na tíortha atá i ngátar, mar a léirítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún, mí an Mhárta 2022, maidir leis an tSlándáil Bia a Choimirciú agus Athléimneacht na gCóras Bia a Neartú 66 agus an Teachtaireacht maidir le leasacháin. Cur chuige sistéamach a ghlacadh tríd an trasdul chuig córas inbhuanaithe bia a ghéarú, rud a mbeadh tairbhí sláinte, comhshaoil agus sóisialta mar thoradh air.

    ØInfheistíocht san oideachas a úsáidchun tacú le sláinte ar bhonn gearrthéarmach agus fadtéarmach, de réir na ngealltanas a tugadh ag an gCruinniú Mullaigh um Chlaochlú an Oideachais, agus tosaíocht á tabhairt d’fhorbairt na luathóige, oideachas sláinte, SRHR agus béilí scoile trína chláir le tíortha comhpháirtíochta.

    ØCúnamh daonnúilagus oibríochtaí cosanta sibhialta a neartú a bhaineann le sláinte dhomhanda i suíomhanna éigeandála agus géarchéime trí chumas oibríochtúil, anailíseach, faireacháin agus cumarsáide an Lárionaid Comhordúcháin Práinnfhreagartha agus na hAcmhainneachta Freagartha Daonnúla Eorpaí a mhéadú –agus níos mó saineolaithe sláinte poiblí a lonnú i limistéir éigeandála. Tacaíocht a thabhairt d’fhothú acmhainneachta i leith bainistíocht tubaistí trí eagraíochtaí amhail an Lárionad um Chúnamh Daonnúil a Chomhordú de chuid Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN). Infhaighteacht acmhainneachta freagartha a bhaineann le sláinte a atreisiú faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta; acmhainneacht nua a bhaineann le leigheas agus CBRN a fhorbairt faoin Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta agus RescEU; agus neart a chur leis an gcomhar le EDS maidir le práinnfhreagairt agus leanúint de thacú lena gcuid oibre i ndáil le forbairt caighdeán agus próiseas aicmithe le haghaidh foirne éigeandála leighis agus le haghaidh úsáid ar fud an domhain.

    ØIompraíocht páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha a chur in oiriúint don tsláinte dhomhanda i raon beart a bhaineann le maoiniú trí (i) iompraíocht ar son na sláinte ag cuideachtaí intíre agus eachtracha a chur chun cinn trí thionchair ar an tsláinte a áireamh i dTreoir an Aontais um Thuairisciú Neamh‑Airgeadais 67 ; (ii) dul i mbun oibre le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus le gníomhaireachtaí rátála ionas go ndéanfaidh siad na critéir sláinte céanna a leabú sna cinntí a dhéanann siad; agus (iii) a bheith rannpháirteach sa Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) ionas go mbeidh infheistíocht sa tsláinte san áireamh nuair a dhéanfaidh sé a mheasúnú tráthrialta ar chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch tíortha – infheistíocht sa tsláinte phoiblí á spreagadh.

    ØA áirithiú go noibreoidh beartas trádála ar mhaithe leis an tsláinte dhomhanda, ionas nach mbrisfear slabhraí soláthair cógaisíochta idirnáisiúnta, go dtairbhíonn comhpháirtithe tairbhe de chógais, feistí leighis agus seirbhísí leighis – ag neartú athléimneacht na gcóras sláinte trí Thionscnamh Trádála agus Sláinte na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDS) 68 agus trí thaithí a chomhroinnt le comhpháirtithe EDS maidir le héascú trádála. Áirítear air sin stocáireamh bliantúil a dhéanamh le comhpháirtithe EDS ar na ceachtanna a foghlaimíodh le linn na paindéime, agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chinnidh Aireachta i ndáil le Comhaontú EDS maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil 69 lena gcumasaítear údarú mhonarú agus onnmhairiú vacsaíní COVID‑19 ar bhealach tapa agus simplithe gan toiliú úinéir na paitinne. Beidh idirphlé cruthaitheach againn ar cibé an leathnófar an sásra sin chun teiripic agus diagnóisic COVID‑19 a chumhdach agus tacaíocht a thabhairt do uas‑scálú acmhainneacht táirgeachta vacsaíní agus táirgí eile i dtíortha i mbéal forbartha. 

    ØAg tacú leis an Ardionadaí, an comhbheartas eachtrach agus slándála a mhúnlú agus cur chun feidhme iomlán an chomhbheartais sin a chur chun cinn tríd an tsláinte a chur san áireamh in idirphlé polaitiúil le comhpháirtithe chun comhar idirnáisiúnta a éascú. D’fhéadfadh gníomhaíocht sheachtrach a bheith ina bhac maidir le sláinte dhomhanda a chur chun cinn de bhíthin bealaí amhail bagairtí slándála seachtraí a mhapáil. Ba cheart sláinte dhomhanda a chomhdhlúthú le fachtóirí eile a dhéanann difear don tsláinte, cosúil leis an gcomhshaol, an imirce, déimeagrafaíocht nó an tslándáil bia. Ba cheart a áireamh leis na línte gníomhaíochta a bheidh ann amach anseo: (i) Tacaíocht a thabhairt do chruthú sásraí faireachais paindéime i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad; (ii) faisnéis fhrithpháirteach a chur i gcúrsaíocht faoi phleananna comhpháirtithe i ndáil le beartas eachtrach agus spriocanna tráchtála a chur ar aghaidh trí shláinte; (iii) comhar a áirithiú le comhpháirtithe atá ar aon intinn sa Ghinéiv, i Nua Eabhrac agus ar fud an domhain; agus (iv) cosc a chur ar ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI) a bhféadfaí uirlis troda a dhéanamh den tsláinte dhomhanda leo, agus freagairt do na FIMInna sin. Cruthaíodh, maidir leis sin, gur uirlis fíor‑áisiúil í cumarsáid éifeachtach i ndáil le gníomhaíocht an Aontais i gcúrsaí sláinte.

    ØRól gníomhach i gcur chun feidhme na straitéise seo a áirithiú do thoscaireachtaí an Aontais. Le linn phaindéim COVID‑19, cruthaíodh go raibh toscaireachtaí an Aontais ina bhfoinse éifeachtach, ag bailiú faisnéise a bhaineann le sláinte ar fud an domhain agus ag dul i mbun cumarsáide agus ag dul i dteagmháil maidir le tosaíochtaí an Aontais, agus ag ardú feasachta i gcomhthráth. Beidh gá le dlús a chur le ról Thoscaireachtaí an Aontais, ag áirithiú go mbeidh saineolas sonrach acu i réimsí atá tábhachtach ón taobh geostraitéiseach de agus a bhaineann le sláinte. Déanfar iniúchadh ar an saineolas sonrach atá ag Toscaireachtaí ar shláinte a neartú, agus neartófar sin trí shaineolaithe a thabhairt ar iasacht freisin.

    Prionsabal treorach 13. Beartais agus bearta an Aontais agus a chuid Ballstát a nascadh agus a chomhordú ar bhealach níos fearr ionas go labhrófar d’aon ghuth agus go soláthrófar gníomhaíocht éifeachtach ar fud an domhain.

    Bhí ról tábhachtach ag ceannaireacht ón Aontas sa chomhrac in aghaidh phaindéim COVID‑19 ar fud an domhain trí chur chuige Fhoireann na hEorpa, tráth a raibh an tAontas agus na Ballstáit ag gníomhú dóibh laistigh dá n‑inniúlachtaí faoi seach. Tá sé fíor‑riachtanach go neartófar an cheannaireacht sin chun dlús a chur le tionchar rannchuidiú ón Aontas ar shláinte dhomhanda agus ord nua sláinte domhanda a mhúnlú a bheidh bunaithe ar ár luachanna bunúsacha. Is ann do chomhthoil leathan i measc Bhallstáit an Aontais agus na páirtithe leasmhara go bhfuil gá le comhordú níos dlúithe ar bhealaí praiticiúla, mar sin, ar comhordú é, ní hamháin a ndéanfaí na hinniúlachtaí sonracha a urramú leis ach a n‑éascófaí leis an chinnteoireacht a bheadh á déanamh trí na bealaí reachtúla atá bunaithe.

    Agus smaointe Bhallstáit an Aontais á bhforbairt, moltar sa straitéis seo go sainmhíneofar bealaí praiticiúla chun an comhordú a fheabhsú in 2023 70 , leis na línte gníomhaíochta seo a leanas:

    ØSineirge a áirithiú idir straitéisí náisiúnta sláinte domhanda agus straitéisí sláinte domhanda an Aontais.

    ØComhroinnt faisnéise leis an Aontas agus na Ballstáit a éascú sna pointí fócasacha, a bhfuil mórán acu ann, a bhíonn ag plé le sláinte dhomhanda (An Bhruiséil, príomhchathracha na mBallstát, an Ghinéiv agus Nua‑Eabhrac) a bhfuil an inniúlacht atá ag an dá cheann dheireanacha sin méadaithe ó thaobh sláinte agus/nó saineolais de. Cuirfidh sin leis an tionscnamh leanúnach de chuid Uachtaránacht na Seicia ar an gComhairle lena dtugtar aghaidh ar an ngá sin.

    ØBarúlacha a bhailiú ó na Ballstáit, lena náirítear trí shuirbhéanna a dhéanamh ar ábhair shonracha, chun múnlú staideanna a éascú. 

    ØMapáil bhuan na bpríomhbheart agus iarrachtaí maoiniúcháin an Aontais agus na mBallstát a ghabháil de láimh chun go mbeidh tuiscint níos fearr ar cibé gníomhaíochtaí atá ar siúl agus chun foráil a dhéanamh d’acmhainní a cheangal le tosaíochtaí na straitéise, ag féachaint do chuidiú, nuair is gá, ó na cruinnithe comhaireachta sna réimsí sláinte, airgid, gnóthaí eachtracha agus forbartha.

    ØComhordú réamhtheachtach leis na Ballstáit a neartú, go háirithe i bhfóraim nach mbíonn na Ballstáit uile páirteach go díreach iontu (e.g. G7, G20 agus  an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE)).

    ØDlús a chur le comhordú an Aontais agus comhghuaillithe a chothú chun a áirithiú go mbeidh láithreacht chuí agus ról cinnteoireachta ag an Aontas in eagraíochtaí idirnáisiúnta.

    ØCumarsáid sheachtrach a bhaineann leis an straitéis a neartú, ionas go dtabharfar aitheantas leordhóthanach d’iarrachtaí an Aontais agus dá Bhallstáit, agus go mbeidh ‘cur chuige Fhoireann na hEorpa’ mar thrádmharc i dtaca le gníomhaíocht éifeachtach i gcúrsaí sláinte, i gcomhréir leis an straitéis Global Gateway.

    4.Rialachas nua iltaobhach le haghaidh an oird nua sláinte domhanda atá ag teacht chun cinn 

    Ó bhí Teachtaireacht 2010 ann, tá ord nua sláinte domhanda ag teacht chun cinn: córas a bhíonn de shíor ag athrú a bhfuil iliomad páirtithe leasmhara agus tionscnamh bainteach leis a athmhúnlaíonn caidreamh i ndáil le sláinte dhomhanda i gcomhthéacs casta geopholaitiúil. Bhí paindéim COVID‑19 ina tástáil litmis ar an méid atá fíor‑riachtanach, an méid nach mór a athrú agus an méid atá ar iarraidh maidir le rialachas domhanda éifeachtach sláinte a chur i gcrích. Leanfaidh an Coimisiún prionsabail threoracha, agus iarrfaidh sé ar na Ballstáit an rud céanna a dhéanamh:

    Prionsabal treorach 14. Tacaíocht a thabhairt do EDS a bheidh níos láidre agus a bheidh éifeachtach agus cuntasach.

    Tá na 27 mBallstát uile ina gcomhaltaí de EDS, agus cé nach bhfuil an tAontas ina chomhalta foirmiúil de EDS, fuair EDS tacaíocht dhaingean ón Aontas i gcónaí, lena n‑áirítear tráthanna a raibh a ról i gceist. Léiríodh le linn phaindéim COVID‑19 gurb é EDS an bhunchloch is riachtanaí sa chóras sláinte iltaobhach–agus an tráth céanna léiríodh easnaimh i réimsí áirithe freisin. Ba cheart díriú sa straitéis ar cheannaireacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus cuntasacht EDS a neartú tuilleadh agus tosaíochtaí an Aontais agus EDS a ailíniú.

    Tabharfar tosaíocht do na línte gníomhaíochta seo a leanas: 

    ØMar chéad chéim i leith ballraíocht iomlán in EDS a bhaint amach féachaint le stádas breathnóra foirmiúil a bhaint amach don Aontas a ngabhfaidh cearta rannpháirtíochta iomláine leis.

    ØRannchuidiú le maoiniú EDS a dhéanamh níos inbhuanaithe faoi 2030-2031 i gcomhréir le cinntí an 75ú Comhthionól Domhanda Sláinte 71 .

    ØAthchóiriú EDS a bhrú ar aghaidh chun rialachas, éifeachtúlacht, cuntasacht agus forfheidhmiúrialacha dá chuid a neartú, i gcomhréir lena chineál comhalta‑dírithe.

    ØAn aird a bhíonn ag EDS ar a ról normatach a neartú i réimsí atá ábhartha ar bhonn domhanda, ag tosú le Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta neartaithe agus comhaontú paindéime don todhchaí faoi 2024, agus réimsí eile a fhiosrú amhail rialachas sonraí sláinte agus lucht saothair.

    ØComhar le EDS a fheabhsú, ar leibhéal Eorpach lárnach agus réigiúnach, trí úsáid a bhaint as na sásraí mapála réamhluaite chun ailíniú níos fearr a áirithiú i ndáil le tosaíochtaí an Aontais agus EDS. Beidh na spriocanna coiteanna sin ina dtreoir i leith ranníocaíocht dheonach mhór an Aontais le EDS. In 2020 agus 2021, bhí na ranníocaíochtaí deonacha ón gCoimisiún ar an gceathrú ranníocaíocht ba mhó tríd is tríd, agus is é a bhí sa Ranníocaíocht ón gCoimisiún agus a chuid Ballstát breis agus 20 % de bhuiséad EDS agus é ar an ranníocóir ba mhó 72 .

    Prionsabal treorach 15. An rialachas domhanda nua sláinte a stiúradh trí bhearnaí a líonadh agus comhleanúnachas i ngníomhaíocht a áirithiú

    Mar a léiríodh le linn phaindéim COVID‑19, is gá rialachas domhanda sláinte (na hinstitiúidí, na gníomhaithe agus snáithe maoinithe sa réimse sin) a fheabhsú chun a áirithiú (i) go mbeidh na sásraí is gá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le sláinte; agus (ii) go mbeidh iolrachas na gcomhlachtaí atá gníomhach i sláinte dhomhanda ailínithe go leormhaith–go seachnófar dúbláil agus ilroinnt arb iad is cúis le freagairtí éifeachtacha agus éifeachtúla do dhúshláin a bhaineann le sláinte a bheith níos deacra a dhéanamh.

    Sa ghearrthéarma, tá spreagadh tábhachtach tugtha don ghníomhaíocht dhomhanda ag córas na Náisiún Aontaithe, G7, G20 agus ECFE. Is sampla maith é Comhshocrú G7 maidir le hUllmhacht in aghaidh Paindéime 73 – in éagmais líonra um faireachas ar phataiginí domhanda, féachtar leis le líonraí páirteacha atá ann cheana a nascadh. Sampla eile is ea an Ciste Paindéime 74 a bhunaigh G20 lena líontar bearnaí maoinithe arb ann dóibh láithreach ar leibhéal domhanda, réigiúnach agus náisiúnta.

    San fhadtéarma tá gá le rialachas domhanda sláinte atá láidir ionas go líonfar na bearnaí atá ann cheana agus go n‑áiritheofar comhleanúnachas. Chomh maith le féachaint le comhaontú paindéime a bhaint amach (féach roinn 2.3), tabharfar tosaíocht do na línte gníomhaíochta seo a leanas:

    ØObair a dhéanamh i leith comhar buan agus sineirgí idir na rianta sláinte agus maoinithe, agus socrú seasta ann idir beartais sláinte agus beartais maoinithe chun go bpléifear go héifeachtach le bagairtí in aghaidh na sláinte domhanda agus an gheilleagair dhomhanda, ag tógáil ar obair Thascfhórsa Comhpháirteach G20 um an tSláinte agus an Maoiniú. Tríd an socrú sin dhéanfaí measúnú ar thionchair eacnamaíocha na mbagairtí agus leochaileachtaí eacnamaíocha maidir le sláinte dhomhanda, lena sainaithneofaí na rudaí ba ghá do rialtais a dhéanamh le bheith ullmhaithe níos fearr do ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann. Leis sin freisin chuirfí na hacmhainní airgeadais is gá in úsáid i ndiaidh do EDS éigeandáil paindéime a dhearbhú, ionas go bhféadfadh tíortha bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar na héifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta a bheadh mar thoradh uirthi sin.

    ØAilíniú agus comhordú idir tionscnaimh sláinte domhanda a neartúchun an éifeachtúlacht is mó a áirithiú agus réitigh bhuana a fhiosrú 75 lena bhféadfaí oibríochtaí roinnt cistí sláinte atá ann cheana a chomhcheangal nó a leathnú agus leanúint de chistiú tábhachtach a sholáthar maidir leis an bpríomh‑obair a dhéanann siad 76 .

    ØA áirithiú go mbeidh dúshláin sláinte domhanda ar bharr an chláir oibre domhanda i gcónaí agus go mbeidh an cheannaireacht is airde rannpháirteach ar bhonn struchtúrach chun spreagadh a thabhairt i ndáil le hobair i leith na sláinte domhanda, a mbeidh EDS ina croílár, agus go nglacfaidh sí freagracht aonair comhchoiteann chuici. Tacaíocht a thabhairt do struchtúr a mbeadh ceannairí stáit agus rialtais bainteach leis, i gcás inar ghá sin a dhéanamh, i gcomhthéacs idirphlé iltaobhaigh leanúnaigh.

    Prionsabal treorach 16. Ról níos láidre a áirithiú don Aontas in eagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta.

    Déanann an tAontas agus a chuid Ballstát ranníocaíochtaí móra airgeadais i gcur chuige Fhoireann na hEorpa leis na príomhinstitiúidí idirnáisiúnta agus na tionscnaimh sláinte domhanda uile. Dá bhrí sin, tá sé thar a bheith tábhachtach a áirithiú go mbeidh cumhachtaí cinnteoireachta i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí airgeadais sin ann chun cuspóirí na straitéise seo a bhaint amach.

    Tabharfar tosaíocht do na línte gníomhaíochta seo a leanas:

    ØLeibhéal rannpháirtíochta agus ról cinnteoireachta sna hinstitiúidí agus comhlachtaí uile a áirithiú a bheidh ar aon dul le ranníocaíochtaí an Aontais agus na mBallstát chun an tionchar atá againn a mhéadú.

    ØFaireachán a dhéanamh ar ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí idirnáisiúnta agus le tionscnaimh agus ar an mbealach a thacaíonn siad le tosaíochtaí an Aontais.

    ØPlean a fhorbairt chun tionchar an Aontais a mhéadú tuilleadh laistigh de chreat ama réasúnach tráth nach mbíonn tionchar an Aontais in institiúidí agus comhlachtaí ar aon dul le ranníocaíochtaí ón Aontas, agus é d’aidhm aige ailíniú a áirithiú.

    5.Comhpháirtíochtaí straitéiseacha an Aontais maidir le sláinte a leathnú agus an obair a dhéanann sé le páirtithe leasmhara éagsúla a athmhúnlú

    Is gá dúinn ár gcomhpháirtíochtaí a leathnú i bhfianaise na ndúshlán leathan sa tsláinte dhomhanda, trí acmhainneacht uathúil an Aontais an comhar idirnáisiúnta a stiúradh..

    Leanfaidh an Coimisiún prionsabail threoracha , agus iarrfaidh sé ar na Ballstáit an rud céanna a dhéanamh:

    Prionsabal treorach 17. Comhpháirtíochtaí a leathnú bunaithe ar sheasamh comhionann, comhúinéireacht, leas frithpháirteach agus tosaíochtaí straitéiseacha.

    Is é is aidhm don straitéis Global Gateway, comhpháirtíochtaí atá bríoch agus chun tairbhe an dá thaobh a dhoimhniú le raon leathan comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara traidisiúnta agus neamh‑thraidisiúnta. Tá an tsláinte ina príomhcholún den aidhm sin. Leanfaidh an tAontas de chomhpháirtíochtaí a fhorbairt chun tacú leis an tsláinte a fheabhsú ar fud an domhain, agus aird ar leith á tabhairt do thíortha a bhfuil córais sláinte níos laige acu.

    Ní mór don chaidreamh idir an tAontas agus na comhpháirtithe a bheith bunaithe ar úinéireacht – go nglacfaidh an tAontas agus ár gcomhpháirtithe an fhreagracht atá fíor‑thábhachtach i ndáil le ceannasacht sláintea bhaint amach.

    Tógfaidh comhpháirtíochtaí déthaobhacha an Aontais ar an gcomhar leantach le raon leathan comhpháirtithe agus contrapháirtithe lena náirítear údaráis náisiúnta sláinte, institiúidí sláinte poiblí, agus comhlachtaí ábhartha eile. De mheon na comhpháirtíochta bríche, spreagfaidh an tAontas tíortha comhpháirtíochta chun gealltanais uaillmhianacha a thabhairt agus a chomhlíonadh chun bagairtí in aghaidh na sláinte a chosc, feabhas a chur ar an tsláinte agus infheistiú i seirbhísí sláinte dá ndaonra ar fad, ag méadú an ghealltanais i leith acmhainní baile don tsláinte san fhadtéarma. Áirítear air sin, mar shampla, dul chun cinn i leith na sprice a leagadh amach san Afraic i nDearbhú Abuja an Aontais Afracaigh 2001 77 go leithdháilfear ‘ar a laghad 15 % de [n] bhuiséad bliantúil le haghaidh feabhsú na hearnála sláinte agus an spás fioscach riachtanach á chur san áireamh i gcomhthráth’.

    Tá an tAontas ag leathnú comhpháirtíochtaí sláinte ar an leibhéal réigiúnach. Tá réigiúnachas tábhachtach sa tsláinte dhomhanda, agus imríonn páirtithe leasmhara réigiúnacha ról atá ag éirí níos tábhachtaí. Beidh sé fíor‑riachtanach comhpháirtíochtaí sláinte a dhoimhniú ar an leibhéal réigiúnach, lena n‑áirítear san Afraic, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, agus i réigiún na hÁise‑agus an Aigéin Chiúin, chomh maith le tacú le comhar Theas‑Theas.

    Le cruinniú mullaigh an Aontais‑Aontas na hAfraice 2022, neartaíodh an chomhpháirtíocht sláinte idir an tAontas agus an Afraic, rud is bonn taca le cúig thionscnamh de chuid Fhoireann na hEorpa le comhpháirtithe Afracacha 78 . Tá an tAontas tiomanta freisin do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 3 an Aontais‑Aontas na hAfraice a thógann ar an gComhpháirtíocht maidir le Trialacha Cliniciúla idir Tíortha Eorpacha agus Tíortha i mBéal Forbartha ina mbailíonn 15 chomhalta ón Aontas le 21 chomhalta ón Afraic agus gníomhaithe eile poiblí agus príobháideacha ón tionscal, ón daonchairdeas, nó ó thíorthanachBallstáit den Aontas iad nó tíortha nachtíortha Afracacha iad.

    Tá tionscnamh réigiúnach Fhoireann na hEorpa 79 á fhorbairt i Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib lena ndírítear ar 1) rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, 2) slabhraí soláthair réigiúnacha, comhtháthú trádála agus timpeallacht an ghnó feabhsaithe, 3) neartú rialála, 4) comhdhlúthú éilimh agus soláthar comhthiomsaithe, 5) comhar eolaíoch, 6) ullmhacht in aghaidh paindéime agus slándáil sláinte, agus 7) réimsí eile a bhaineann le slándáil (sonraí sláinte, teicneolaíochtaí digiteacha agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, galair neamhtheagmhálacha, córais sláinte, etc.). Tacóidh an chomhpháirtíocht le hiarrachtaí réigiúnacha leantacha, go háirithe an Plean le haghaidh neamhthuilleamaíocht in ábhair sláinte, a d’fhormhuinigh Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC) i mí Mheán Fómhair 2021, ina leagtar amach gníomhaíocht chun inniúlachtaí a neartú i ndáil le vacsaíní agus cógais a tháirgeadh sa réigiún. Beidh an Eagraíocht Phan‑Mheiriceánach Sláinte (PAHO/EDS) ina príomh-chomhpháirtí.

    I gcomhréir lena Straitéis maidir le Comhar sa Réigiún Ind‑Chiúin‑Aigéanach, leanfaidh an tAontas de bheith ag obair le comhpháirtithe ón Ind‑Chiúin‑Aigéanach chun a gcuid inniúlachtaí, a gceannasacht sláinte, agus a n‑ullmhacht in aghaidh paindéime a neartú, go háirithe i ndáil leis na tíortha is lú forbairt sa réigiún. Feabhsóidh an tAontas taighde comhoibríoch maidir le galair theagmhálacha i gcomhthéacs an chláir taighde Fís Eorpach. I gcomhréir lena Straitéis Chógaisíochta don Eoraip, neartóidh an tAontas comhar iltaobhach chun slabhraí soláthair thionsclaíocha a bhaineann le cógaisíocht agus sláinte a dhaingniú a bheidh slán agus éagsúil, chun rochtain ar chógais agus táirgí sláinte ardcháilíochta a éascú. Fiosróidh an tAontas breis comhair idir an tAontas‑ASEAN a bheadh cumhdaithe laistigh de ‘Chur chuige na hAon sláinte amháin’, ag cur nasc níos dlúithe chun cinn idir inniúlachtaí sláinte réigiúnacha, amhail an Lárionad nua le haghaidh Éigeandálaí Sláinte Poiblí agus Éigeandálaí atá Ag Teacht Chun Cinn de chuid AESEAN (ACPHEED).

    Déanfaidh an tAontas tosaíochtaí i leith athléimneacht sláinte a chur chun cinn tuilleadh ina chomharsanacht. Tá cúnamh á thabhairt ag an Aontas dá chomhpháirtithe sna Balcáin Thiar agus a gcomharsanacht ar bhonn gníomhach chun a gcaighdeáin chúraim sláinte a ardú agus an dóchúlacht go mbeadh na teorainneacha dúnta amach anseo mar gheall ar éigeandálaí sláinte a laghdú. Tacaíonn an tAontas le tíortha is iarrthóirí agus tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina dtíortha is iarrthóirí lena n‑áirítear an Úcráin, an Mholdóiv agus an tSeoirsia, chun a reachtaíocht sláinte a chur i gcomhréir le dlí sláinte an Aontais agus a bheith in ann í a chur chun feidhme. Áirítear air sin Gníomhaireachtaí an Aontais (ECDC agus EMA) a chur in úsáid chun tacú leis sin, go háirithe trí acquis an Aontais a chur chun feidhme maidir le bagairtí sláinte trasteorann, i gcomhréir le caighdeáin an Aontais, trí chláir oiliúna eipidéimeolaíochta allamuigh chun inniúlachtaí an lucht saothair sláinte poiblí náisiúnta a neartú ar fud na comharsanachta agus na mBalcán Thiar, trí chur chuige na hAon Sláinte Amháin a chur ar aghaidh maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh, trí chórais faireachais agus inniúlachtaí sláinte poiblí maidir leis an micribhitheolaíocht a neartú, agus comhar réigiúnach i réimse na faisnéise paindéime, an mheasúnaithe riosca, na hullmhachta, na freagartha agus na héigeandála sláinte poiblí a neartú freisin.

    Iarradh ar chomhpháirtithe na mBalcán Thiar agus ar an Úcráin a bheith ina gcomhaltaí den Choiste Slándála Sláinte mar bhreathnóirí, agus tá na Balcáin Thiar uile ina sínitheoirí le Comhaontú an Aontais maidir le Soláthar Comhpháirteach le haghaidh frithbhearta leighis.

    Stáit Aontaithe Mheiriceá (US) ina gcomhpháirtithe tábhachtacha leis an tsláinte domhanda, mar a léiríodh le ‘Clár Oibre SAM-AE maidir leis an bPaindéim Dhomhanda a Shárú: Vacsaíní don Domhan uile, Beatha a Shábháil Anois agus an tSlándáil Sláinte a Atógáil ar Bhealach Níos Fearr’, 80 an socrú riaracháin le Roinn Sláinte agus Seirbhísí Daonna na Stát Aontaithe maidir le bagairtí sláinte domhanda 81 , an Tascfhórsa Trasatlantach maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbaigh 82 tascfhórsa SAM‑AE lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin i leith Monaraíocht agus Slabhra Soláthair COVID‑19 83 agus comhordú le Gníomhaireacht SAM maidir le Forbairt Idirnáisiúnta. Ba cheart comhpháirtíocht AE‑SAM a leathnú chun sraith saincheisteanna sláinte níos cuimsithí a chumhdach, agus ba cheart tascfhórsa AE‑SAM maidir le comhar um an tsláinte a bheith mar chuid di, agus slándáil sláinte, beartas i leith ailse agus rialachas domhanda sláinte á gcuimsiú.

    Leanfaidh dlúthchomhar le comhpháirtithe agus deontóirí atá ar aon intinn amhail Ceanada, an tSeapáin agus an Ríocht Aontaithe maidir le saincheisteanna, inter alia, i ndáil le neartú córas sláinte, cumhdach cothromais agus sláinte uilíoch de bheith ina n‑ionstraimí i gcur chuige iltaobhach a thógáil chun dúshláin dhomhanda a réiteach. Comhoibríonn an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú le lárionaid eile um ghalair a rialú i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad, lena n‑áirítear Lárionaid SAM um Ghalair a Rialú agus a Chosc.

    Chun go bhforbrófar an prionsabal treorach sin, tabharfar tosaíocht do na línte gníomhaíochta seo a leanas:

    ØDíriú, i ngach réigiún, ar na comhpháirtithe is mó atá i ngátar agus inar féidir torthaí nithiúla a bhaint amach, agus dúshláin shonracha amhail suíomhanna coinbhleachta á gcur san áireamh i gcomhthráth, agus comhar á chur chun cinn i gcás ina nglacann rialtais freagracht agus ina néascaíonn siad éifeachtacht na tacaíochta.

    ØTosaíocht bhreise a thabhairt don tsláinte sa chomharsanacht agus tacú le tíortha is iarrthóirí agus le hiarrthóirí a d’fhéadfadh a bheith ann; agus seasamh leis an Úcráin agus an Mholdáiv a bhfuil a gcórais sláinte faoi bhrú mar gheall ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus tacaíocht chuimsitheach a thabhairt d’iarrachtaí atógála a dhéanfar i ndiaidh an chogaidh, ag nuachóiriú agus ag atógáil a gcóras sláinte.

    ØLáidreachtaí an Aontais a chur in úsáid trí chomhlachtaí réigiúnacha leithleacha (amhail An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a bhíonn in ann comhoibriú le tionscnaimh réigiúnacha eile ar fud an domhain, ag comhroinnt sonraí AE, eolaíocht agus eolas, agus a thairbhíonn de shaineolas nach saineolas de chuid an Aontais é. Leis an méid sin neartófaí an comhar le comhlachtaí amhail na Lárionaid Afracacha um Ghalair a Rialú agus a Chosc, an Ghníomhaireacht Leigheasra Afracach, agus eintitis chomhchosúla sa chomharsanacht agus cláir i Meiriceá Laidineach agus san Ind‑Chiúin Aigéanach (amhail clár na hÁise Thoir Theas um Fhreagairt agus Ullmhacht i dtaca le Paindéimí, a thacaíonn le tíortha ASEAN chun an inniúlacht náisiúnta a neartú ar mhaithe le COVID‑19 a rialú).

    Prionsabal treorach 18. An rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara tábhachtacha a neartú

    Maidir le heagraíochtaí sochaí sibhialta, eagraíochtaí daonchairdis ,tionscnaimh sláinte domhanda (amhail an Ciste Domhanda, Gavi, CEPI agus eile), comhlachtaí eile NA (lena n‑áirítear UNFPA, UNICEF, UNAIDS), bainc forbartha iltaobhacha agus páirtithe leasmhara príobháideacha, bíonn méideanna cistiúcháin níos mó ag roinnt acu ná mar a chuireann lear mór tíortha is deontóirí ar fáil as a stuaim féin. Tá rannpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara sin tábhachtach chun go n‑áiritheofar comhordú agus comhlántacht iarrachtaí. Tá comhar le gach cineál eagraíochta sochaí sibhialta (lena n‑áirítear eagraíochtaí don óige), eagraíochtaí otharlann, comhpháirtithe sóisialta, parlaimintí, agus comhphobail ar bhonn níos leithne, thar a bheith tábhachtach chun an tAontas a chumasú lena thacaíocht a chur in iúl i ndáil le dlúthpháirtíocht agus daonlathas, agus a fhócas ar rialachas oscailte agus trédhearcach agus ar chearta an duine. Tá gníomhaíocht le pobail agus logánú chomh tábhachtach céanna, agus d’fhéadfaidís tacú le héifeachtacht na gníomhaíochta. Ar deireadh, tá ról na hearnála príobháidí ríthábhachtach go háirithe sna tionscail chógaisíochta, biteicneolaíochta nó teicneolaíochta leighis, chun cuidiú le feabhas a chur ar neamhthuilleamaíocht.

    Chun go bhforbrófar an prionsabal treorach sin, tabharfar tosaíocht do na línte gníomhaíochta seo a leanas:

    ØLeanúint ar aghaidh le comhpháirtíochtaí láidre a thógáil le páirtithe leasmhara sláinte domhanda chun (i) tosaíochtaí coiteanna a chur chun cinn; (ii) cuidiú le cuspóirí na hearnála poiblí a bhaint amach; (ii) cuntasacht a áirithiú; agus (iv) ilroinnt a sheachaint, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’éifeachtacht na gníomhaíochta sláinte domhanda. Tacóidh an tAontas leis na hiarrachtaí a dhéanfaidh na heagraíochtaí seo chun a ngníomhaíocht a chomhordú ar bhealach níos fearr, chun dúbláil a sheachaint agus chun a n-éifeacht a uasmhéadú ar an talamh. Leanfaidh an tAontas ar aghaidh ag tacú le comhar láidir agus le spriocanna coiteanna a leagan síos, mar shampla faoin bPlean Gníomhaíochta Domhanda ar son Saol Sláintiúil agus Dea-bhail do Chách 84 .

    ØLeanfar ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta don tsochaí shibhialta mar chomhpháirtithe na straitéise agus do ról agus do ghuth na ndaoine i dtaca lena gcuid sláinte féin a áirithiú lena náirítear tabhairt ar rialtais agus ar sholáthraithe sláinte chun bheith freagrach. Leathnóidh an tAontas Eorpach an tacaíocht sin chun go gcumhdófar leis rannpháirtíocht agus gníomhaíocht phobail sna próisis sláinte éagsúla. Tá pobail ríthábhachtach agus d’fhéadfadh logánú tacú le héifeachtacht gníomhaíochta.

    ØÁiritheofar go gcuirfear an earnáil phríobháideach agus tionscail sláinte san áireamh go hiomchuí agus go mbeidh siad rannpháirteach ina gcuid foirmeacha éagsúla lena náirítear táirgeadh tráchtearraí, seachadadh agus tacaíocht seirbhíse.

    6.Maoiniú

    Tá na rioscaí a bhaineann le córais sláinte thearcmhaoinithe níos suntasaí ná riamh de dheasca phaindéim COVID‑19. Tosaíodh ag tabhairt maoiniú thar cuimse don tsláinte dhomhanda mar gheall ar an bpaindéim agus méadaíodh feasacht i dtaca leis an tábhacht a bhaineann le gníomhaíochtaí coisctheacha chun truailliú a throid agus an dúlra a chosaint. Ní mór na hiarrachtaí maoinithe sin a choinneáil ar bun agus a áirithiú go gcuireann siad go hiomchuí le sláinte níos fearr agus le dea-bhail daoine, le córais sláinte níos láidre, agus le bagairtí sláinte a chomhrac ar bhonn domhanda.

    Leanfaidh an Coimisiún prionsabail threoracha, agus iarrfaidh sé ar na Ballstáit an rud céanna a dhéanamh:

    Prionsabal treorach 19. Maoiniú an Aontais ar son na sláinte domhanda a fheabhsú leis an tionchar is mó

    Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit infheistiú i sláinte dhomhanda ar bhealach intuartha agus inbhuanaithe ar aon dul le riachtanais agus uaillmhianta. Rud tábhachtach ná go mbeidh torthaí ag brath ní hamháin ar an méid maoinithe, ach ar conas a thugaimid maoiniú agus mar sin is gá faireachán níos dlúithe a dhéanamh ar thionchar ranníocaíocht airgeadais foriomlán an Aontais. Ina theannta sin, ní mór foinsí maoinithe eile a úsáid lena n‑áirítear ranníocaíochtaí na gcomhpháirtithe iad féin agus ionstraim nua maoinithe a úsáid chun an uaillmhian ard a leagadh síos sa straitéis a mheaitseáil.

    Chun go bhforbrófar an prionsabal treorach sin, tabharfar tosaíocht do na línte gníomhaíochta seo a leanas:

    ØTús áite a thabhairt do shláinte dhomhanda ar fud gach clár maoinithe de bhuiséad an Aontais, lena náirítear an clár EU4Health, Fís Eorpach, an ICFCI-An Eoraip Dhomhanda, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus an ionstraim um Chúnamh Theicniúil agus um Malartú Faisnéise. Beidh tacaíocht bhuiséadach mar phríomh‑mhodh i gcónaí, i gcás inarb iomchuí, chun beartais agus athchóirithe náisiúnta a stiúradh agus chun idirphlé beartais láidir a áirithiú le tíortha comhpháirtíochta.

    ØA ghealltanas maidir le maoiniú ar son na sláinte domhanda a chomhlíonadh faoi chuimsiú an chreata airgeadais ilbhliantúil. Gheall an tAontas 20 % ar a laghad dá chúnamh forbartha oifigiúil a thabhairt d’fhorbairt an duine agus don chuimsiú sóisialta 85 faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (ICFCI–An Eoraip Dhomhanda). Faoi ICFCI‑ED, sa tréimhse 2021-2027, tá breis is EUR 4.4 billiún 86 i ndeontais cláraithe ag an Aontas go nuige seo ar maithe leis an tsláinte dhomhanda ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus dhomhanda, agus ba cheart go bhfaighfí an maoiniú i gcomhréir leis an straitéis seo.

    ØBealaí nua a aimsiú maidir le maoiniú le cur chuige éifeachtach Fhoireann na hEorpa inar féidir acmhainní an Aontais agus na mBallstát a chur le chéile ar mhaithe leis an tionchar is mó a bhaint amach. Molfaidh an tAontas do Bhallstáit an Aontais chun an maoiniú don tsláinte dhomhanda a mhéadú i gcomhréir leis na tosaíochtaí sa straitéis.

    ØÚsáid ionstraimí airgeadais nuálacha a spreagadh agus tógáil ar an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) a éascaíonn rochtain ar mhaoiniú measctha agus ráthaíochtaí buiséadacha. Fuinneog áirithe maidir le forbairt an duine faoin ailtireacht oscailte CEFI+ deiseanna chun infheistíocht bhreise a úsáid in earnáil na sláinte. In éineacht leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, tá sé de rún ag an gCoimisiún creat ar mhaithe le maoiniú le haghaidh sláinte dhomhanda a fhorbairt, agus é ailínithe lenár dtosaíochtaí agus iad siúd de chuid ár dtíortha comhpháirtíochta agus le sainordaithe an dá bhanc faoi seach. Rannpháirtíocht infheisteoirí príobháideacha a spreagadh i gcás inarb ábhartha agus i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais.

    ØTús áite a thabhairt do thionscnaimh chomhinfheistíochta le comhpháirtithe áitiúla, chomh maith le maoiniú comhthiomsaithe le páirtithe leasmhara idirnáisiúnta eile. Ní mór don Aontas todhchaí na gcistí éagsúla a mhúnlú trí bheith i gcroílár a rialachais agus trí thionchar a imirt ar a dtosaíochtaí, ar shreafaí airgeadais agus ar ghníomhaíochtaí airgeadais. Spreagfaidh agus cuideoidh an tAontas chun acmhainní intíre a chur in úsáid i dtíortha comhpháirtíochta agus éifeachtúlacht mar an fhoinse is inbhuanaithe i dtaca le maoiniú poiblí.

    ØMaoiniú inrochtana méadaithe do thíortha a chur chun cinn trí iasachtú iltaobhach na mbanc forbartha agus le haghaidh maoiniú inbhuanaithe méadaithe, mar shampla trí chearta speisialta tarraingthe i dtaca le hiasachtú chun cur leis an Iontaobhas um Laghdú Bochtaineachta agus Fáis de chuid an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus leis an Iontaobhas Athléimneachta agus Inbhuanaitheachta de chuid an CAI.

    ØIn éineacht le Ballstáit, cuirfidh an tAontas modhanna nua maoinithe chun cinn, lena náirítear babhtálacha fiachais nó ús níos ísle ar iasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh d’fhiachas in athchóirithe ar an gcóras sláinte agus cláir nua sábhála beatha. D’fhéadfadh sé go néascódh iasachtaí lamháltais agus ráthaíochtaí i gcomhpháirtíocht le hinstitiúidí airgeadais forbartha idirbhearta den sórt sin chun cuidiú le hairgead rialtais a chur ar fáil agus chun athchóirithe ar an gcóras sláinte a dhreasú. Ach an méid ioncam a shaothraítear trí chánachas comhshaoil a mhéadú tá an fhéidearthacht aige sin maoiniú fiachais a laghdú, agus acmhainní a chur in úsáid ar son seirbhísí sláinte poiblí. Ba cheart tíortha a spreagadh lena áirithiú aon uair is féidir, go mbíonn costais a gcuid truaillithe ar thruaillitheoirí.

    ØMaoiniú sláinte intíre a éagsúlú, tacú le hathchóirithe ar mhaoiniú sláinte agus ar chórais i dtíortha agus ar fud tionscnamh sláinte domhanda araon, agus bainistíocht an chaiteachais phoiblí a neartú.

    ØFaireachán a dhéanamh ar chaiteachas sláinte dá dtairbhíonn tíortha ar ísealioncaim agus meánioncaim (LMICanna), go háirithe Cúnamh Forbartha Oifigiúil (CFO), treochtaí i maoiniú intíre agus maoiniú ó dheontóirí eile.

    7.    An bealach ar aghaidh: cuntasacht trí fhaireachán agus meastóireacht

    Beidh próiseas ionchuimsitheach agus cuimsitheach ag teastáil chun tosaíochtaí na straitéise seo a bhaint amach. Bíonn sé ag brath ar ghníomhaíocht sheasmhach a dhéantar i gcur chuige Fhoireann na hEorpa agus ar idirghníomhaíocht láidir le comhpháirtithe timpeall an domhain. Neartófar cur chun feidhme na straitéise seo go mór trí chomhpháirtíochtaí éifeachtacha le Ballstáit, le tíortha comhpháirtíochta, leis an tsochaí shibhialta lena n‑áirítear eagraíochtaí óige, páirtithe leasmhara domhanda agus réigiúnacha, institiúidí maoinithe idirnáisiúnta, an lucht acadúil, agus an earnáil phríobháideach.

    Prionsabal treorach 20. Measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus cuntasacht ghníomhaíocht sláinte dhomhanda an Aontais a áirithiú trí fhaireachán agus measúnú buan.

    Chun go bhforbrófar an prionsabal treorach sin, tabharfar tosaíocht do na línte gníomhaíochta seo a leanas:

    ØDéanfar faireachán ar chur chun feidhme na straitéise trí úsáid a bhaint as méadrachtaí agus príomhtháscairí a fhorbrófar in 2023 le cuidiú ó thionscadal EU4Health, lena dtosófar ar fhaireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ó 2020. Ceanglófar méadrachtaí agus táscairí go díreach le gníomhaíochtaí agus le torthaí sláinte a fhreagraíonn do thosaíochtaí an Aontais, agus cuirfear ar fáil go poiblí iad 87 . Is é is aidhm dó sin measúnú a dhéanamh ar thionchar ár ngníomhaíochtaí agus ár maoinithe agus a bheith in ann coigeartú a dhéanamh de réir mar is gá chun an uaillmhian a leagtar síos leis an straitéis a bhaint amach agus tosaíochtaí an Aontais a chomhlíonadh ar bhealach níos leithne.

    ØDéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú meántéarmach agus meastóireacht chríochnaitheach chomh maith ar chur chun feidhme na straitéise in 2030.

    ØCoinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an tsochaí shibhialta ar an eolas go maith faoi dhul chun cinn maidir le maoiniú agus cur chun feidhme trí mhalartuithe ardleibhéil a eagrú go tráthrialta agus tuarascáil i bprionsabal a fhoilsiú gach 2 bhliain. Beidh an tAontas mar óstach speisialta ar idirphlé struchtúrtha le páirtithe leasmhara mar chuid de phróiseas bliantúil an Fhóraim um Beartas Sláinte Domhanda, chun cur chun feidhme a phlé agus coigeartuithe a bhfuil gá leo a dhéanamh.

    8.    Conclúid

    Tá straitéis sláinte dhomhanda ríthábhachtach i saol nach bhfuil aon teorainn ag galair – agus ina bhfuil an tsláinte ríthábhachtach chun dea-bhail na ndaoine a chosaint, cobhsaíocht sochaithe a ráthú, agus forbairt inbhuanaithe a sholáthar i dtírdhreach geopholaitiúil casta.

    Agus í fréamhaithe i gcothromas, dlúthpháirtíocht agus cearta an duine, cumhachtaithe ag spiorad na comhpháirtíochta agus spreagtha ag an diongbháilteacht chun rialú domhanda a neartú, leagann an straitéis seo trí thosaíocht bheartais amach, soláthraíonn sí 20 prionsabal treorach agus sainmhíníonn sí línte gníomhaíochta nithiúla chun cur níos fearr le sláinte fheabhsaithe do chách i ndomhan a bhíonn ag síorathrú.

    Agus aghaidh á tabhairt ar 2030, leis an Straitéis seo féachfar leis an treocht a aisiompú agus an bhris i dtaca le spriocanna sláinte uilíocha i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030 a thabhairt isteach trínár gcuid acmhainní a dhíriú ar na saincheisteanna bunúsacha (neartú na gcóras sláinte, cumhdach sláinte uilíoch, bunchúram sláinte, sláinte phoiblí, deitéarmainaint sláinte), trí dhul i ngleic le míchothromaíochtaí an lucht saothair agus trí aird ar leith a thabhairt do shláinte ban, cailíní agus daoine leochaileacha.

    Beidh digitiú agus taighde ina bpríomhchumasóirí agus múnlófar leo an claochlú digiteach leanúnach agus an acmhainneacht nuálaíochta ar bhealach cothrom.

    Bainfear amach dul chun cinn ollmhór i slándáil shláinte le sásra buan lena bhfeabhsófar cothromas i bhforbairt agus rochtain ar uirlisí ar nós vacsaíní, líonra faireachais dhomhanda ina gcuimseofar prionsabail na hAon Sláinte Amháin, agus rialacha idirnáisiúnta láidre, lena n‑áirítear bearta feabhsaithe chun dul i ngleic le frithsheasmhach miocróbach.

    Leanfaidh an tAontas ag léiriú ceannaireachta sa tsláinte dhomhanda agus beidh sé ag iarraidh an t‑ord sláinte domhanda nua atá ag teacht ar an bhfód le EDS níos éifeachtaí agus níos cuntasaí ina chroílár ina mbeidh stádas breathnóra oifigiúil ag an Aontas. Bearnaí i rialachas domhanda atá ann cheana féin a líonadh le nasc buan idir iarrachtaí sláinte domhanda agus airgeadais, beidh aird leanúnach ón ard‑cheannaireacht pholaitíochta, agus maoiniú éifeachtach mar bhealaí úra chun tosaigh. Spreagadh páirtithe leasmhara sláinte domhanda a chothú agus tionscnaimh phríobháideacha a úsáid chun cuspóirí coiteanna a chur chun cinn—ach an dúbláil a throid agus comhleanúnachas gníomhaíochta a áirithiú sa chóras sláinte iltaobhach cruthófar athrú céime chun slándáil sláinte níos fearr a áirithiú ar fud an domhain.

    Déanfar ár gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a leathnú leis an bhfócas nua in Global Gateway bunaithe ar chomh‑úinéireacht agus ar chomh‑fhreagracht ónár gcomhpháirtithe chun ceannasacht shláinte, tuilleadh athléimneachta agus neamhspleáchais a chur chun cinn, lena bhféadfar díriú níos fearr orthu siúd is mó atá i ngátar i gcás inar féidir lenár rannpháirtíocht an tionchar is mó a bhaint amach, agus chun ár dtosaíochtaí sláinte a sholáthar, ag meaitseáil le leasanna an Aontais i gcoitinne.

    Úsáidfimid cur chuige Fhoireann na hEorpa le fíor‑ghuth aonair cumhachtach, lena n‑áirithítear sineirge idir straitéisí sláinte domhanda náisiúnta agus an Aontais, agus lena n‑áirithítear comhordú dlúth le Ballstáit ionas go gceanglófar gníomhaíocht pholaitiúil agus acmhainní airgeadais leis na tosaíochtaí nua.

    Déanfaimid ár ranníocaíocht airgeadais thábhachtach ar son na sláinte domhanda níos éifeachtaí fós, trí mhaoiniú nuálach, maoiniú a comhthiomsú go hidirnáisiúnta, agus comhinfheistíocht a fháil ó thíortha comhpháirtíochta.

    Áiritheofar le bunú córas faireacháin láidir agus trédhearcach a leanann iarrachtaí an Aontais agus a aithníonn tionchair le cuidiú ó pháirtithe leasmhara, cuntasacht ár ngníomhaíochta i réimse ríthábhachtach na sláinte domhanda agus déanfaidh sé tacaíocht agus cumas tionchair an Aontais a uasmhéadú.

    Iarrann an Coimisiún ar Bhallstáit, ar Pharlaimint na hEorpa, ar chomhlachtaí Eorpacha eile, ar pháirtithe leasmhara agus ar chomhpháirtithe timpeall na cruinne oibriú linn inár n‑iarrachtaí agus an straitéis uaillmhianach seo a thabhairt i gcrích, ag seachadadh sláinte níos fearr do chách i ndomhan atá ag síorathrú.



    IARSCRÍBHINN 1: Príomhthionscadail

    Leis an liosta tionscadal neamhiomlán a chuirtear i láthair san iarscríbhinn seo, tacaítear leis na línte gníomhaíochta a luaitear sa straitéis seo.

    Tionscadail

    Amchlár táscach

    Tionscadail dhomhanda

    1.Córas comhordaithe a bhunú le Ballstáit an Aontais chun guth láidir agus ceannaireacht an Aontais a áirithiú sa tsláinte dhomhanda i gcur chuige Fhoireann na hEorpa. Tacaíocht ó EU4Health atá beartaithe.

    An dara leath de 2023

    2.An Líonra Eorpach Faireachais um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach atá ann cheana a leathnú agus sásra faireachais chomhtháite a chumhdaíonn gach aon phataigin a dhéanamh as. Le tacaíocht ó EU4Health.

    2023-2024

    3.Acmhainneacht sonraí sláinte a threisiú ar fud an domhain. Le tacaíocht ó EU4Health.

    2023-2024

    4.Caidrimh shoghluaiseachta atá tairbhiúil go gach páirtí a chothú le comhpháirtithe, lena náirítear trí thacaíocht a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta maidir le hoibrithe cúraim sláinte a threorú, a earcú, a chur i bhfeidhm agus a choinneáil agus a bhforbairt ghairmiúil a áirithiú tríd oideachas chomh maith le cláir gairmoiliúna d’fhoirne cúnta. Le tacaíocht ón Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda (ICFCI — An Eoraip Dhomhanda) agus EU4Health.

    2023-2025

    5.Obair leantach, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéis sláinte domhanda an Aontais, tuarascáil a fhoilsiú i bprionsabal gach 2 bhliain, tacú le hidirphlé agus rannpháirtíocht leanúnach na bpríomhpháirtithe leasmhara. Tacaíocht ó EU4Health atá beartaithe.

    2023

    6.Tacú le Comhpháirtíocht Acmhainní Chiste na Náisiún Aontaithe ar mhaithe leis an bPobal maidir le tráchtearraí sláinte síolraithe, chun cuidiú le deireadh a chur le ganntanais a bhaineann le beartú muiríne agus mortlaíocht máithreacha ar féidir í a chosc. Le tacaíocht ó ICFCI‑ An Eoraip Dhomhanda (EUR 45 mhilliún geallta).

    2023-2027

    7.Tacú leis an gCiste Domhanda in aghaidh SEIF, eitinne agus maláire, agus neartú an chórais sláinte. Le tacaíocht ó ICFCI‑An Eoraip Dhomhanda (EUR 715 mhilliún geallta).

    2023-2025

    8.Tacú le Comhpháirtíocht Chlúdach Sláinte Uilíoch arna riar ag EDS chun cumhdach sláinte uilíoch a chur chun cinn agus chun córais sláinte a neartú i dtíortha comhpháirtíochta. Le tacaíocht ó ICFCI‑An Eoraip Dhomhanda agus an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála (EUR 125 mhilliún cláraithe).

    2023-2027

    9.Tacú le Gavi, an Chomhghuaillíocht Vacsaíne chun glacadh leathnaithe vacsaíní a áirithiú in aghaidh galar linbh agus chun tacú le sláinte daoine fásta (mar shampla tríd an vacsaín phapalómaivíreas daonna a thabhairt). Le tacaíocht ó ICFCI‑An Eoraip Dhomhanda (EUR 300 milliún geallta).

    2021-2025

    10.Tacú leis an gCiste Paindéime. Le tacaíocht ó ICFCI‑An Eoraip Dhomhanda (EUR 427 milliún geallta).

    2023-2027

    11.Tacú le rolladh amach vacsaíní COVID‑19 i dtíortha tearc-vacsaínithe roghnaithe. Le tacaíocht ó ICFCI‑An Eoraip Dhomhanda agus an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála (EUR 375 mhilliún geallta).

    2023

    12.Tacú le taighde agus forbairt vacsaíní in aghaidh galair thógálacha atá ag teacht chun cinn, lena náirítear tríd an gComhcheangal um Nuálaíochtaí Ullmhachta Eipidéime (CEPI). Le tacaíocht ó Fhís Eorpach.

    2021-2024

    Tionscadail réigiúnacha

    13.Tionscnamh Fhoireann na hEorpa maidir le Monaraíocht agus Rochtain ar Vacsaíní, Cógais agus Teicneolaíochtaí Sláinte san Afraic chun córais chógaisíochta a neartú agus, in éineacht le córais sláinte, an inniúlacht mhonaraíochta náisiúnta. Ranníocaíocht an Aontais le tacaíocht ó ICFCI‑ED agus ionstraimí eile.

    2021-2027

    14.Tionscnamh Fhoireann na hEorpa chun sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe a fheabhsú san Afraic Fho-Shahárach, go háirithe i measc cailíní sna déaga agus ban óg. Ranníocaíocht an Aontais le tacaíocht ó ICFCI‑ED.

    2022-2027

    15.Tionscnamh Fhoireann na hEorpa ar shlándáil sláinte inbhuanaithe agus úsáid a bhaint as cur chuige na hAon Sláinte Amháin san Afraic chun córais agus inniúlachtaí a neartú maidir le cosc, ullmhacht, agus freagra riosca‑eolaithe ar bhagairtí ionfhabhtaíocha agus frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach. Ranníocaíocht an Aontais le tacaíocht ó ICFCI‑ED.

    2022

    16.Tionscnamh Fhoireann na hEorpa ar son inniúlacht sláinte poiblí trí thacaíocht d’institiúidí sláinte poiblí san Afraic, ar leibhéil náisiúnta agus réigiúnacha agus trí chomhpháirtíochtaí idir an tAontas Afracach agus institiúidí sláinte poiblí an Aontais. Ranníocaíocht an Aontais le tacaíocht ó ICFCI‑ED.

    2023

    17.Tionscnamh Fhoireann na hEorpa maidir le sláinte dhigiteach chun an córas sláinte a neartú agus le haghaidh cumhdach sláinte uilíoch chun tacú le córais shláinte láidre atá cumasaithe go digiteach san Afraic. Ranníocaíocht an Aontais le tacaíocht ó ICFCI‑ED.

    2023

    18.Tacú leis an gComhghnóthas Sláinte Domhanda EDCTP3 trí chur chuige Fhoireann na hEorpa agus trí Fhoireann na hAfraice ag teacht chun réitigh nua a chur ar aghaidh chun ualach na ngalar tógálach a laghdú san Afraic Fho-Shahárach, ag tabhairt aghaidh ar an mbagairt atá ag fás maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus dúshláin a bhaineann le galair thógálacha a bhaineann leis an ngéarchéim aeráide chomh maith. Le tacaíocht ó Fhís Eorpach (EUR 800 milliún cláraithe).

    2021-2027

    19.Comhpháirtíocht an Aontais le Meiriceá Laidineach agus le Muir Chairib maidir le vacsaíní, cógais agus teicneolaíochtaí sláinte a mhonarú agus córais sláinte a neartú. Ranníocaíocht an Aontais le tacaíocht ó ICFCI‑ED.

    2022

    Tionscadail dhéthaobhacha

    20.Tacaíocht do chórais sláinte agus neartú na gcóras sláinte i dtíortha comhpháirtíochta chun rochtain chothrom ar chúram fíor‑riachtanach a fheabhsú. Liosta tíortha ina bhfuil tús áite ag an sláinte i gcláir tháscacha ilbhliantúla ICFCI - An Eoraip Dhomhanda: An Éigipt, an Túinéis, an Libia, Maracó, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Poblacht na hAfraice Láir, an Bhurúin, an Chéinia, an tSúdáin Theas, an tSúdáin, Uganda, Madagascar, an Aetóip, an tSaimbia, an Nigéir, an Mháratáin, an Ghuine, an Ghuine Bissau, Mailí, an Táidsíceastáin, Laos, an Afganastáin, an Iaráin, Cúba, an Phalaistín, an Liobáin.

    (1)

    COM(2010) 128 final - 31.3.2010

    (2)

      https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/stronger-europe-world/global-gateway_en

    (3)

    Is tagairt do ghníomhaíocht ag institiúidí an Aontais agus na mBallstát uile nó cuid díobh é ‘cur chuige Fhoireann na hEorpa’, i gcomhréir le hinniúlachtaí faoi seach.

    (4)

      https://www.un.org/sustainabledevelopment/development-agenda/

    (5)

      https://global-health-summit.europa.eu/rome-declaration_en

    (6)

    Féach na príomhfhíorais agus na príomhfhigiúirí faoi https://civil-protection-humanitarian-aid.ec.europa.eu/what/civil-protection/eu-civil-protection-mechanism_en#facts--figures .

    (7)

    Féach tionscadal 11 in Iarscríbhinn 1.

    (8)

      Tá cúltaiscí straitéiseacha le haghaidh éigeandálaí ceimiceacha, bitheolaíocha agus rada-núicléacha forbartha ag an Aontas (europa.eu)

    (9)

    Cuireann Painéal Saineolaithe na hAon Sláinte Amháin (OHHLEP) sainmhíniú iomlán den Aon Sláinte Amháin ar fáil faoi https://www.who.int/news/item/01-12-2021-tripartite-and-unep-support-ohhlep-s-definition-of-one-health  

    I gcomhthéacs an Chomhairliúcháin ar Thodhchaí na hEorpa, mhol na saoránaigh Cur Chuige na hAon Sláinte Amháin: ‘Cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh maidir leis an tsláinte, lena dtugtar aghaidh ar ghalair agus leigheas, litearthacht sláinte agus cosc, agus lena gcothaítear comhthuiscint ar na dúshláin a bhíonn roimh dhaoine atá breoite nó faoi mhíchumas, i gcomhréir le “Cur Chuige na hAon Sláinte Amháin”, ar cur chuige é ar cheart béim a leagan air mar phrionsabal cothrománach agus bunúsach lena gcuimsítear beartais uile an Aontais’.

    (10)

    De réir sonraí ó Choiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE): https://www.oecd.org/dac/development-assistance-committee/  

    (11)

      Plean sáraithe ailse na hEorpa | An Coimisiún Eorpach (europa.eu) . Tugann Misean an Aontais Eorpaigh maidir leis an Ailse ( Misean an Aontais Eorpaigh: An Ailse | An Coimisiún Eorpach (europa.eu) ).

    (12)

      https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52020DC0761&from=EN

    (13)

      Spás Eorpach Sonraí Sláinte (europa.eu)

    (14)

      https://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2022/06/23/provisional-agreement-on-new-eu-law-on-serious-cross-border-threats-to-health/

    (15)

    An tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i gcás Éigeandálaí Sláinte.

    (16)

    Féach tionscadal airgeadais 2 in Iarscríbhinn 1.

    (17)

    An Comhaontú Glas don Eoraip | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)

    (18)

      Plean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú (europa.eu)

    (19)

    Ba cheart na tagairtí ábhartha a dhéantar don Aontas ar fud an doiciméid seo a thuiscint mar seo a leanas. Baineann an rud céanna le húsáid na dtéarmaí ‘muid’ agus ‘ár’.

    (20)

      https://www.ghadvocates.eu/wp-content/uploads/Global-Health-Strategy.pdf

    (21)

      https://health.ec.europa.eu/health-emergency-preparedness-and-response-hera/key-documents_en  

    (22)

      european-consensus-on-development-final-20170626_en.pdf

    (23)

    Tá na tosaíochtaí sin ar aon dul, a bheag nó a mhór, le clár oibre spriocanna trí bhilliún de chuid EDS: https://www.who.int/about/what-we-do/thirteenth-general-programme-of-work-2019---2023  

    (24)

    Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne (GAP): https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52020JC0017  

    (25)

    Plean Gníomhaíochta an Aontais le haghaidh na hÓige: https://international-partnerships.ec.europa.eu/document/fe1bcd30-58da-4a37-ab2a-61848789da60_en

    (26)
    (27)

      An Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)

    (28)

    Is grúpa éagsúil de 20 riocht iad galair thrópaiceacha a ndéantar siléig iontu atá coitianta i limistéir thrópaiceacha go príomha, áit a mbíonn tionchar acu ar bhreis agus 1 bhilliún duine a mbíonn an chuid is mó díobh ina gcónaí i bpobail atá thíos de bharr na bochtaineachta. Déantar ‘siléig’ iontu toisc go bhfuil siad in easnamh, nach mór, sa chlár oibre um shláinte dhomhanda.

    (29)

    Féach tionscadal 7 in Iarscríbhinn 1.

    (30)

      https://www.theglobalfund.org/en/  

    (31)

      https://extranet.who.int/uhcpartnership/  

    (32)

    Féach tionscadal 8 in Iarscríbhinn 1.

    (33)

    Féach tionscadal 9 in Iarscríbhinn 1.

    (34)

    https://www.gavi.org/

    (35)

    Féach tionscadal 18 in Iarscríbhinn 1.

    (36)

    An Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt (2017) a mheas https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A42017Y0630%2801%29

    (37)

    Féach tionscadal 6 in Iarscríbhinn 1.

    (38)

      An Ard‑Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta Eorpach agus Oibríochtaí um Chabhair Dhaonnúil, Sláinte: Treoirlínte Ginearálta, 2014 .

    (39)

    Is tagairt é sin do chumas na gcóras sláinte ullmhúchán a dhéanamh do ‘bhorradh’ (géarú mórscála tobann) i riachtanais chóireála agus plé leis sin.

    (40)

    Is iad sin na saintréithe a nglactar leo ar bhonn idirnáisiúnta nach mór do chórais sláinte iad a chomhlíonadh ‘chun scaipeadh idirnáisiúnta galar a chosc agus a rialú agus daoine a chosaint air sin agus freagairt sláinte poiblí a sholáthar dó’. Féach Rialacháin Idirnáisiúnta Sláinte (2005) An Tríú hEagrán (who.int)

    (41)

    Féach tionscadal 20 in Iarscríbhinn 1

    (42)

    Féach Kickbusch, Ilona, et al., https://urldefense.com/v3/__https://globalchallenges.org/wp-content/uploads/2021/12/A-new-understanding-of-global-heath-security-UPDATED.pdf__;!!DOxrgLBm!FfwKtCBNDEEFdv0Lhhm84mxHTFJ8hsQ0BQMCPJAfrez0deRI_jLni1swaTgq5XZ7EBHjoJF3f4CdHtU7soD0FII0igpx4g7IYurdHQ$ . Beidh ról ag cistí deontóra agus cúnamh teicniúil i gcónaí, ach ní mór freagracht náisiúnta a thuigtear go soiléir a spreagadh leis na struchtúir (cabhair, airgeadais, polaitiúil agus geopholaitiúil).

    (43)

    Féach tionscadal 3 in Iarscríbhinn 1.

    (44)

    Féach tionscadail 12 agus 19 in Iarscríbhinn 1.

    (45)

    Le tacaíocht thionscadal 4 in Iarscríbhinn 1.

    (46)

    Féach faoi https://europa.eu/capacity4dev/tei-jp-tracker/ .

    (47)

    An tOllamh Peter Piot, luaite in https://ec.europa.eu/research-and-innovation/en/horizon-magazine/how-we-prepare-age-pandemics .

    (48)

    https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/IP_22_4474

    (49)

    Bhunaigh Ard‑Stiúrthóir EDS an Painéal Neamhspleách um Ullmhacht agus Freagairt i ndáil le Paindéimí mar fhreagairt do Rún WHA73.1 ó Chomhthionól Sláinte na Náisiún Aontaithe: https://theindependentpanel.org/

    (50)

    https://www.worldbank.org/en/programs/financial-intermediary-fund-for-pandemic-prevention-preparedness-and-response-ppr-fif

    (51)

    Féach tionscadal 15 in Iarscríbhinn 1.

    (52)

      https://europa.eu/capacity4dev/tei-jp-tracker/tei/manufacturing-and-access-vaccines-medicines-and-health-technology-products-africa  

    (53)

      https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_22_3890  

    (54)

    Lena náirítear iad siúd faoi lastais dramhaíola (europa.eu)

    (55)

      https://cbrn-risk-mitigation.network.europa.eu/index_en  

    (56)

    http://unscr.com/en/resolutions/2286

    (57)

    https://www.who.int/initiatives/pandemic-influenza-preparedness-framework

    (58)

      https://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2022/03/03/council-gives-green-light-to-start-negotiations-on-international-pandemic-treaty/

    (59)

    Féach thíos freisin faoi phrionsabal 11.

    (60)

    Comhshocrú G7 maidir le hUllmhacht in aghaidh Paindéimí: https://www.g7germany.de/resource/blob/974430/2042052/2d5b55bcdfc0f1aa46b979566288e9a5/2022-05-20-pact-for-pandemic-readniness-data.pdf?download=1  

    (61)

      https://www.who.int/news-room/fact-sheets/detail/antimicrobial-resistance  

    (62)

    Féach an Straitéis Bithéagsúlachta (COM(2020) 380), Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc (COM(2020) 381) agus an Plean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach (COM(2021) 400).

    (63)

      https://www.thelancet.com/journals/lancet/article/PIIS0140-6736(21)00948-X/fulltext  

    (64)

    Lena n‑áirítear Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide; an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht agus Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a Eascraíonn as a nÚsáid, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin; Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac sna Tíortha ina bhfuil Triomach Mór agus/nó Gaineamhlú, go háirithe san Afraic; an Prótacal maidir le hUisce agus Sláinte, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta; agus an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol.

    (65)

     Féach freisin faoi phrionsabail 7 agus 9.

    (66)

    https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:5391557a-aaa2-11ec-83e1-01aa75ed71a1.0002.02/DOC_1&format=PDF

    (67)

    TREOIR 2014/95/AE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le nochtadh faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta le gnóthais agus grúpaí móra áirithe ( https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32014L0095&from=EN ).

    (68)

      EDT | Comhdhálacha aireachta - 12ú Comhdháil Aireachta EDS - An Ghinéiv An Eilvéis

    (69)

      https://www.wto.org/english/tratop_e/trips_e/trips_e.htm  

    (70)

    Le tacaíocht thionscadal EU4Health 1 in Iarscríbhinn 1.

    (71)

    WHA75(8): https://apps.who.int/gb/ebwha/pdf_files/WHA75/A75(8)-en.pdf  

    (72)

    Foinse: EDS | Tairseach Gréasáin Bhuiséad an Chláir . Chuathas i mbun comhairle an 3 Samhain 2022.

    (73)

    https://www.g7germany.de/resource/blob/974430/2042058/5651daa321517b089cdccfaffd1e37a1/2022-05-20-g7-health-ministers-communique-data.pdf

    (74)

    Féach tionscadal 10 in Iarscríbhinn 1.

    (75)

    Mar a mhol Coimisiún Lancet, féach Lancet;féachhttps://www.thelancet.com/journals/lancet/article/PIIS0140-6736(22)01585-9/fulltext

    (76)

    Le haghaidh trí fhuinneog maoinithe: tráchtearraí le haghaidh rialú galar, ullmhacht agus freagairt le haghaidh paindéime, agus neartú na gcóras sláinte príomha i ngeilleagair ísealioncaim agus meánioncaim.

    (77)

      https://au.int/sites/default/files/pages/32894-file-2001-abuja-declaration.pdf

    (78)

    Féach tionscadail 13, 14, 15, 16 agus 17 in Iarscríbhinn 1.

    (79)

    Féach tionscadal 19 in Iarscríbhinn 1, https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_22_3890

    (80)

      https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/statement_21_4846  

    (81)

    https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/STATEMENT_21_4846

    (82)

    Idir an dá linn athraíodh sin go dtí tionscnamh ilpháirtithe lena n‑áirítear comhpháirtithe eile (Ceanada, an Iorua agus an Ríocht Aontaithe).

    (83)

      Ráiteas Comhpháirteach ó Thascfhórsa CIPR - SAM-AE maidir le Monaraíocht agus Slabhra Soláthair COVID‑19 (europa.eu)

    (84)

      https://www.who.int/initiatives/sdg3-global-action-plan  

    (85)

      european-consensus-on-development-final-20170626_en (5).pdf

    (86)

    Faoi réir infhaighteacht cistí sna nósanna imeachta buiséadacha bliantúla.

    (87)

    Féach tionscadal 5 in Iarscríbhinn 1.

    Top