Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú de chuid na Seicia agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cóineasaithe 2022 de chuid na Seicia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú, agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud é an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil le haghaidh chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochta, arb é atá i gceist leis spreagadh airgeadais a mhaoiníonn an tAontas. Cuidíonn sé leis an téarnamh eacnamaíoch agus le cur chun feidhme athchóirithe atá inbhuanaithe agus a spreagann fás agus infheistíocht, go háirithe chun an t‑aistriú digiteach agus glas a chur chun cinn, agus neartaíonn sé athléimneacht agus fás ionchasach gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sé freisin le hairgeadais phoiblí inbhuanaithe a neartú agus le borradh a chur faoi fhás agus faoi chruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Rinneadh uasmhéid na ranníocaíochta airgeadais in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a nuashonrú an [XX] Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.
(2)An 24 Samhain 2021, ghlac an Coimisiún an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe, rud a chur tús le Seimeastar Eorpach 2022 le haghaidh comhordú beartais eacnamaíoch. Thug sé aird chuí ar an ngealltanas comhpháirteach athdhearbhaithe ón gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Porto i mí na Bealtaine 2021 chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta arna fhógairt ag Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 17 Samhain 2017 a chur chun feidhme a thuilleadh. D’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí Shuirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe an 25 Márta 2022. An 24 Samhain 2021, ghlac an Coimisiún an Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh agus níor shainaithin sé an tSeicia inti mar cheann de na Ballstáit a mbeadh grinn‑athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ar an dáta céanna, ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Tuarascáil Chomhpháirteach 2022 ar an bhFostaíocht lena ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a ghlac an Chomhairle an 14 Márta 2022.
(3)Tá athrú suntasach tagtha ar an gcomhthéacs geopholaitiúil agus eacnamaíoch i ngeall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin i ndiaidh na paindéime domhanda. Tá tionchar an ionraidh ar gheilleagair na mBallstát le sonrú trí ardú ar phraghsanna an fhuinnimh agus an bhia agus trí ionchais fáis níos laige. Is iad na teaghlaigh leochaileacha atá i mbochtaineacht fuinnimh nó atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh is mó atá thíos le hardú phraghsanna an fhuinnimh. Ina theannta sin, tá sruth daoine isteach san Aontas nach bhfacthas a leithéid riamh agus iad ag teitheadh ón Úcráin. Sa chomhthéacs sin, an 4 Márta 2022, tionscnaíodh an Treoir um Chosaint Shealadach den chéad uair, rud a thug an ceart chun fanacht go dleathach san Aontas mar aon le rochtain ar oideachas agus oiliúint, ar an margadh saothair, agus ar chúram sláinte, tithíocht agus leas sóisialta do dhaoine easáitithe ón Úcráin. Cuirtear tacaíocht eisceachtúil ar fáil don tSeicia faoi thionscnamh na Gníomhaíochta Comhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip (CARE) agus trí réamh‑mhaoiniú breise faoin gclár Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU) chun aghaidh a thabhairt go práinneach ar riachtanais fáilte agus lánpháirtíochta le haghaidh na ndaoine atá ag teitheadh ón Úcráin.
(4)Agus aird á tabhairt ar an staid eacnamaíoch agus gheopholaitiúil atá ag athrú go tapa, atosaíonn an Seimeastar Eorpach a chomhordú ginearálta maidir le beartas eacnamaíoch agus fostaíochta in 2022, agus é á fhorbairt i gcomhréir le riachtanais cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta mar a leagtar amach i Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe. Chun go mbainfear amach na cuspóirí um chomhordú beartais eacnamaíoch faoin Seimeastar Eorpach, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a glacadh chun feidhme, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar, ar a laghad, fothacar suntasach de na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh i dtimthrialla Sheimeastar 2019 agus 2020. Tá moltaí tírshonracha 2019 agus 2020 chomh hábhartha céanna fós maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna n‑athbhreithniú, arna nuashonrú nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241, i dteannta aon mholadh tírshonrach a eisíodh suas go dtí dáta tíolactha an phlean mhodhnaithe.
(5)Tá an Clásal Éalaithe Ginearálta gníomhach ó Mhárta 2020. Ina Theachtaireacht an 3 Márta 2021, leag an Coimisiún amach a thuairim gur cheart an cinneadh maidir leis an gclásal éalaithe ginearálta a dhíghníomhachtú nó a chur i bhfeidhm go leanúnach a dhéanamh mar mheasúnú foriomlán ar staid an gheilleagair, agus leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche san Aontas nó sa limistéar euro i gcomparáid leis an leibhéal réamh‑ghéarchéime (deireadh 2019) ina phríomhchritéar cainníochtúil. Mar gheall ar éiginnteacht mhéadaithe agus rioscaí láidre anuas san ionchas eacnamaíoch i gcomhthéacs an chogaidh san Eoraip, ar arduithe gan fasach ar phraghsanna fuinnimh agus suaití leanúnach sna slabhraí soláthair, is gá clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a shíneadh go deireadh 2023.
(6)I gcomhréir leis an gcur chuige atá sa tuairim ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 maidir leis an gClár um Chóineasú 2021, is fearr an seasamh fioscach a thomhas mar an t‑athrú ar an gcaiteachas príomha (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim), cé is moite de bhearta éigeandála sealadacha a bhaineann le COVID-19 ach lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamh‑inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht agus ó chistí eile de chuid an Aontais, i gcoibhneas leis an bhfás féideartha meántéarmach. Thar cheist na staide fioscaí foriomláine, d’fhonn a mheas an bhfuil an beartas fioscach náisiúnta stuama agus an bhfuil a chomhdhéanamh fabhrach do ghnóthú inbhuanaithe a bheidh comhsheasmhach leis na haistrithe glasa agus digiteacha, tabharfar aird freisin ar an éabhlóid atá tagtha ar an gcaiteachas príomha reatha atá maoinithe go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim agus gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le COVID-19 a áireamh) agus ar an infheistíocht.
(7)An 2 Márta 2022 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena gcuirtear treoraíocht leathan ar fáil maidir leis an mbeartas fioscach in 2023, a raibh sé mar aidhm léi tacú le hullmhú Chláir na mBallstát um Chobhsaíocht agus um Chóineasú agus comhordú an bheartais a neartú ar an gcaoi sin. Thug an Coimisiún dá aire go mbeadh sé iomchuí in 2023, ar bhonn an ionchais mhaicreacnamaíoch a bhí ann i réamhaisnéis gheimhridh 2022, aistriú ó sheasamh fioscach comhiomláin tacaíochta in 2020-2022 go seasamh comhiomlán fioscach a bheadh neodrach tríd is tríd, agus a bheith réidh chun freagairt don staid eacnamaíoch atá ag teacht chun cinn. D‘fhógair an Coimisiún gur cheart leanúint de dhifreáil a dhéanamh idir na moltaí fioscacha do 2023 ó Bhallstát go chéile agus iarmhairtí trastíortha a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit an treoir ina gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú a léiriú. Gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé dlúthfhaireachán ar na forbairtí eacnamaíocha agus go n‑athróidh sé a threoir bheartais de réir mar is gá agus ar a dhéanaí ina phacáiste Sheimeastar earraigh i ndeireadh mhí na Bealtaine 2022.
(8)Maidir leis an treoir fhioscach a cuireadh ar fáil an 2 Márta 2022, cuirtear san áireamh sna moltaí fioscacha do 2023 an t‑ionchas eacnamaíoch atá ag dul in olcas, an éiginnteacht mhéadaithe agus rioscaí anuas, agus an boilsciú atá níos airde ná sa réamhaisnéis geimhridh. I gcead do na breithnithe sin, ní mór don fhreagairt fhioscach an infheistíocht phoiblí a leathnú i gcomhair an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus na slándála fuinnimh, agus cumhacht ceannaigh na dteaghlach is leochailí a chothú chun tionchar ardú na bpraghsanna fuinnimh a mhaolú agus chun an brú boilscithe a theorannú ó iarmhairtí dara babhta trí bhearta spriocdhírithe agus sealadacha; ní mór don bheartas fioscach leanúint de bheith ag dul in oiriúint do na cúinsí a bhíonn ag athrú go tapa, agus ní mór idirdhealú a dhéanamh idir tíortha ag brath ar a staid fhioscach agus eacnamaíoch, lena n‑áirítear maidir le neamhchosaint don ghéarchéim agus maidir le sreabhadh isteach na ndaoine easáitithe ón Úcráin.
(9)An 1 Meitheamh 2021 chuir an tSeicia a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 8 Meán Fómhair 2021 ghlac an Chomhairle a Cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh na Seicia. Scaoiltear na dtráthchodanna ar choinníoll cinnidh ón gCoimisiún a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, cinneadh go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an tSeicia. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na gcloch míle agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.
(10)An 28 Aibreán 2022, thíolaic an tSeicia a Clár Náisiúnta um Athchóiriú 2022 agus, an 11 Bealtaine 2022, a Clár um Chóineasú 2022, tar éis an spriocdháta a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Chun na naisc eatarthu a chur san áireamh, rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú ar thuairisciú leathbhliantúil na Seicia ar an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a phlean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.
(11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2022 don tSeicia ar an 23 Bealtaine 2022. Rinne sí measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag an tSeicia maidir le haghaidh a thabhairt ar na moltaí tír-shonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle in 2019, in 2020 agus in 2021, agus bhreathnaigh sí ar an gcaoi ar chuir an tSeicia an plean téarnaimh agus athléimneachta chun feidhme, ar bhunús an Scórchláir don Téarnamh agus don Athléimneacht. Ar bhonn na hanailíse sin, sa tuarascáil tíre, sainaithníodh bearnaí i ndáil leis na dúshláin sin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear iad siúd is toradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Seicia ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh spriocanna ceannlíne an Aontais maidir leis an bhfostaíocht, na scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, mar aon leis an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.
(12)An 23 Bealtaine 2022, d’eisigh an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE. Rinneadh plé sa tuarascáil sin ar staid bhuiséadach na Seice, ós rud é gur sháraigh a heasnamh ginearálta rialtais in 2021 luach tagartha an Chonartha, mar atá, 3 % de OTI. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil nár comhlíonadh critéar an easnaimh. I gcomhréir le Teachtaireacht an 2 Márta 2022, níor mhol an Coimisiún nósanna imeachta nua maidir le heasnamh iomarcach a thosú in earrach 2022 agus déanfaidh sé athmheasúnú ar a ábhartha a bheadh sé nósanna imeachta maidir le heasnamh iomarcach a oscailt i bhfómhar 2022.
(13)An 20 Iúil 2020, mhol an Chomhairle don tSeicia na bearta uile is gá a dhéanamh in 2020 agus 2021, i gcomhréir leis an gclásal éalaithe ginearálta, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an bpaindéim, chun an geilleagar a chothú agus chun tacú leis an téarnamh ina dhiaidh sin. Mhol sí freisin don tSeicia beartais fhioscacha a shaothrú, nuair is féidir ag féachaint do na dálaí eacnamaíocha, arb é is aidhm dóibh seasaimh fhioscacha mheántéarmacha stuama a bhaint amach agus inbhuanaitheacht an fhiachais a áirithiú, agus an infheistíocht a fheabhsú ag an am céanna. In 2021, ar bhonn sonraí a bhailíochtaigh Eurostat, mhéadaigh easnamh ginearálta rialtas na Seice ó 5.8 % de OTI in 2020 go 5.9 % in 2021. Thacaigh an fhreagairt bheartais fhioscaigh ón tSeicia leis an téarnamh eacnamaíoch in 2021, agus tháinig laghdú ar bhearta sealadacha tacaíochta éigeandála ó 3.1 % de OTI in 2020 go 2.3 % in 2021. Tá na bearta a ghlac an tSeicia in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020. Den chuid is mó, bhí na bearta buiséadacha lánroghnacha a ghlac an rialtas in 2020 agus 2021 sealadach nó comhoiriúnaithe le bearta fritháirimh. Ag an am céanna, ní raibh roinnt de na bearta lánroghnacha a ghlac an rialtas le linn na tréimhse 2020 go 2021 sealadach ná comhoiriúnaithe le bearta fritháirimh, arb é a bhí iontu den chuid is mó laghduithe ar an gCáin Ioncaim Phearsanta ag a bhfuil tionchar de thuairim is 1.9 % den OTI. Bunaithe ar shonraí a bhailíochtaigh Eurostat, ba ionann fiachas ginearálta an rialtais agus 41.9 % den OTI in 2021.
(14)Tá an cás maicreacnamaíoch atá mar bhuntaca leis na réamh‑mheastacháin bhuiséadacha atá sa Chlár um Chóineasú 2022 faichilleach in 2022 agus tá sé fabhrach in 2023. Tá sé tuartha ag an rialtas go méadóidh fíor-OTI 1.2 % in 2022 agus 3.6 % in 2023. I gcomparáid leis sin, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2022 ón gCoimisiún go mbeidh fás iarbhír níos airde ann in 2022, mar atá, 1.9 %, agus fás OTI níos ísle in 2023, mar atá, 2.7 %, den chuid is mó mar gheall ar ionchas éagsúil don tomhaltas príobháideach mar thoradh ar thoimhdí éagsúla maidir le húsáid coigiltis agus innéacsú tuarastal. Ina Chlár um Chóineasú 2022, tá an rialtas ag súil go dtiocfaidh laghdú ar an easnamh ceannlíne go 4.5 % den OTI in 2022 agus go 3.2 % in 2023. Is léiriú é an laghdú, den chuid is mó, ar an gcuid is mó de na bearta éigeandála agus fás ard ainmniúil OTI. De réir an Chláir, meastar go n‑ardóidh cóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI go 42.7 % in 2022, agus go méadóidh sé go 43.4 % in 2023. Bunaithe ar bhearta beartais is eol faoi scoithdháta na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún easnamh rialtais do 2022 agus 2023 de 4.3 % den OTI agus 3.9 % faoi seach. Tá an méid sin i gcomhréir le 2022 agus níos airde ná easnamh 2023 atá tuartha i gClár um Chóineasú 2022, go príomha mar gheall ar chás mhaicreacnamaíoch beagán nach bhfuil chomh dearfach céanna i réamhaisnéis earraigh 2022 an Choimisiúin agus mar gheall ar thoimhdí éagsúla maidir leis an ráta boilscithe agus an ráta boilscithe a chuirtear ar aghaidh chuig costais rialtais. I réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh cóimheas fiachais ghinearálta idir an rialtas ginearálta agus OTI ar aon dul le 42.8 % in 2022 agus 44.0 % in 2023.
Bunaithe ar réamhaisnéis earrach 2022 ón gCoimisiún, meastar go mbeidh fás aschuir ionchasach meántéarmach (meán 10 bliana) ag 2.0 %. Mar sin féin, ní áirítear sa mheastachán sin tionchar na n‑athchóirithe atá mar chuid den Phlean don Téarnamh agus don Athléimneacht agus lena bhféadfar borradh a chur faoin bhfás a d’fhéadfadh a bheith sa tSeicia.
(15)In 2022, chuir an rialtas deireadh le formhór na mbeart a glacadh mar fhreagairt ar an ngéarchéim COVID-19, sa chaoi is go meastar go dtiocfaidh laghdú ar na bearta sealadacha tacaíochta éigeandála ó 2.3 % de OTI in 2021 go 0.1 % in 2022. Tá tionchar ag na bearta a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a chomhrac ar an easnamh rialtais, rud a mheastar i réamhaisnéis earrach 2022 ón gCoimisiún ag 0.1 % de OTI in 2022 agus a bhfuiltear ag súil go gcuirfear deireadh leo de réir a chéile in 2023. Is é atá i gceist leis na bearta sin den chuid is mó ná ciorruithe ar chánacha indíreacha ar thomhaltas fuinnimh. Fógraíodh na bearta sin mar bhearta sealadacha. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil praghsanna fuinnimh fós ardaithe in 2023, d’fhéadfaí leanúint le cuid de na bearta sin. Níl cuid de na bearta sin spriocdhírithe, go háirithe na ciorruithe ar fad ar dhleachtanna máil. Tá tionchar freisin ag na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin ar an easnamh rialtais, rud atá tuartha sa réamhaisnéis earraigh 2022 ón gCoimisiún ag 0.4 % de OTI in 2022 agus 0.6 in 2023.
(16)Ar an 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle go gcoinneodh an tSeicia seasamh fioscach a thacaíonn léi in 2022, lena n‑áirítear ón mbogadh a cuireadh ar fáil leis an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht, agus go gcaomhnódh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta. Mhol sí freisin go saothródh an tSeicia, nuair a bheidh dálaí eacnamaíocha ann, beartas fioscach arb é is aidhm dó seasaimh fhioscacha mheántéarmacha stuama a bhaint amach agus inbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú sa mheántéarma, agus ag an am céanna, feabhas a chur ar an infheistíocht chun borradh a chur faoin acmhainneacht fáis.
(17)In 2022, bunaithe ar réamhaisnéis earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena n‑áirítear an fhaisnéis a ionchorpraítear i gClár Cóineasaithe 2022 na Seicia, meastar go mbeidh an seasamh fioscach neodrach go ginearálta ag + 0.1 % den OTI, agus mhol an Chomhairle seasamh tacúil. Tá sé beartaithe ag an tSeicia tacaíocht leanúnach a thabhairt don téarnamh trí leas a bhaint as an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Meastar go dtiocfaidh méadú 1.0 pointe céatadáin OTI ar an ranníocaíocht dhearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch de chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht agus ag cistí eile de chuid an Aontais i gcomparáid le 2021. Réamh‑mheastar go gcuirfidh infheistíocht atá maoinithe go náisiúnta ranníocaíocht chraptha ar fáil don seasamh fioscach de 0.6 pointe céatadáin in 2022. Dá bhrí sin, níl sé i gceist ag an tSeicia infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú. Ag an am céanna, meastar go soláthróidh an fás ar chaiteachas príomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022 ranníocaíocht chraptha de 0.7 pointe céatadáin don seasamh fioscach foriomlán. Áirítear leis sin tionchar breise na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta a bheidh ag an méadú ar phraghsanna fuinnimh (0.03 % den OTI) chomh maith leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.4 % den OTI).
(18)In 2023, tuartar go mbeidh an seasamh fioscach i réamhaisnéis earraigh 2022 ón gCoimisiún ag 0.1 % de OTI ar thoimhde gan athrú beartais. Meastar go leanfaidh an tSeicia d’úsáid a bhaint as na deontais ón tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht in 2023 chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú chun tacú leis an téarnamh. Meastar go dtiocfaidh méadú 0.1 pointe céatadáin OTI ar an ranníocaíocht dhearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch de chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht agus ag cistí eile de chuid an Aontais i gcomparáid le 2022. Réamh‑mheastar go gcuirfidh infheistíocht atá maoinithe go náisiúnta ranníocaíocht mhéadaitheach ar fáil don staid fhioscach de 0.2 pointe céatadáin in 2023. Ag an am céanna, meastar go soláthróidh an fás ar chaiteachas príomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2023 ranníocaíocht chraptha de 0.4 pointe céatadáin don seasamh fioscach foriomlán. Áirítear leis sin an tionchar ó dheireadh a chur de réir a chéile leis na bearta lena dtugtar aghaidh ar phraghsanna méadaithe fuinnimh (0.1 % den OTI) agus costais bhreise chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe as an Úcráin (0.2 % de OTI).
(19)I gClár Cóineasaithe 2022, meastar go laghdóidh easnamh an rialtais de réir a chéile go 3.2 % den OTI in 2023, 2.9 % in 2024 agus 2.7 % faoi 2025. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go rachaidh easnamh ginearálta an rialtais faoi bhun 3 % den OTI faoi 2024. Glactar leis sna réamh‑mheastacháin sin go gcuirfear teorainn le fás an chaiteachais phoiblí – lena n‑áirítear cúiteamh d’fhostaithe, tomhaltas idirmheánach agus aistrithe sóisialta comhchineáil – ar luas níos ísle ná fás ioncaim agus níos ísle ná fás OTI ainmniúil. Tá sé beartaithe freisin go dtiocfaidh laghdú ar infheistíochtaí poiblí mar chéatadán den OTI tar éis na buaice in 2023. De réir an Chláir, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar chóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI faoi 2025, go sonrach le méadú go 44.4 % in 2024, agus ardú go 45.4 % in 2025. Bunaithe ar anailís an Choimisiúin, is cosúil gur rioscaí meántéarmacha a bhaineann le hinbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma.
(20)Tá rioscaí maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach le sárú ag an tSeicia sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tá sé seo mar thoradh ar chothromaíocht tosaigh neamhfhabhrach agus na costais a bhaineann le haosú. Tá tionchar diúltach ag na laghduithe cánach buana a cuireadh i bhfeidhm le 2 bliana anuas ar an gcomhardú tosaigh (an ceann is mó de thoradh an laghdaithe ar an mbonn cánach ioncaim phearsanta). Níor fritháiríodh iad sin trí chiorruithe comhfhreagracha ar chaiteachas agus tháinig méadú ar an easnamh struchtúrach mar thoradh orthu. Sa mheántéarma agus san fhadtéarma, eascraíonn brúnna breise as costais aosaithe. Tá dúbailt réamh‑mheasta an chóimheasa spleáchais seanaoise (de réir Thuarascáil 2021 maidir le hAosú arna heisiúint ag an gCoimisiún) agus uasteorannú na haoise scoir, mar bhonn don mhéadú a bhfuiltear ag súil leis ar chaiteachas pinsin ó 8.8 % de OTI in 2030 go 11.4 % faoi 2050. Ina theannta sin, meastar go dtiocfaidh méadú 0.9 pointe céatadáin agus 1.7 pointe céatadáin den OTI ar chaiteachas poiblí ar chúram sláinte agus ar chúram fadtéarmach faoi seach faoi 2070 mar gheall ar an daonra a bheith ag dul in aois. Cé go gcumhdaítear ilroinnt an rialachais agus an mhaoinithe cúraim fhadtéarmaigh sa phlean athléimneachta téarnaimh cheana féin, beidh sé ríthábhachtach go dtabharfar aghaidh tuilleadh ar na dúshláin a bhaineann le haosú chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach an airgeadais phoiblí a athbhunú. Áirítear ar na roghanna beartais an aois scoir a ardú i gcomhréir leis an méadú in ionchas saoil, coigeartú a dhéanamh ar na rátaí innéacsaithe pinsean chun inbhuanaitheacht fhioscach an chórais phinsin a léiriú, an méadú ar rannpháirtíocht daoine os cionn 60 a dhreasú, nó bearta eile a ghlacadh chun an soláthar saothair a neartú.
(21)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le hIarscríbhinn V, critéar 2.2 a ghabhann leis, cuimsíonn an plean téarnaimh agus athléimneachta tacar suntasach athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Cuidíonn siad sin chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta ar fad, nó le fothacar suntasach díobh, a leagtar amach sna moltaí tírshonracha a dhírigh an Comhairle ar an tSeicia sa Seimeastar Eorpach in 2019 agus 2020, mar aon le haon mholadh tírshonrach a eisíodh suas le dáta glactha an phlean. Go háirithe, maidir le fuinneamh, tá sé beartaithe ag an tSeicia an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht a úsáid chun úsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh a mhéadú, go háirithe fótavoltach, éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh chónaithe agus phoiblí a fheabhsú agus tacú le coirí gualbhreoslaithe i dteaghlaigh a athsholáthar. Cuirtear iompar inbhuanaithe chun cinn trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar iarnróid, iompar uirbeach glan agus trí úsáid feithiclí astaíochtaí ísle a spreagadh. Tugtar aghaidh ar mholtaí i réimse T&D trí infheistíocht atá dírithe ar chomhar poiblí‑príobháideach a neartú chomh maith le tacaíocht creata nuálaíochta agus tacaíocht airgeadais/neamh‑airgeadais do ghnólachtaí nuálacha. Tá feabhas á chur ar thimpeallacht an ghnó mar gheall ar roinnt beart ríomhrialtais, athchóirithe frith‑éillithe agus athchóiriú cuimsitheach ar an nós imeachta maidir le ceadanna tógála a dheonú, ar bacainní móra ar infheistíocht sa tSeicia iad faoi láthair. Áirítear ar na príomhbhearta chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí i leith mhargadh an tsaothair cláir uas‑scilithe agus athscilithe chun an lucht saothair a ullmhú don aistriú glas agus digiteach, agus saoráidí nua cúraim leanaí do leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois chun líon na mban atá ag obair nó ag lorg poist a mhéadú. Maidir le hoideachas, tá sé mar aidhm ag an bplean litearthacht dhigiteach na ndaltaí agus na múinteoirí a threisiú, trealamh digiteach a chur ar fáil do scoileanna, agus oideachas cuimsitheach a áirithiú ag an am céanna trí thacaíocht a thabhairt do scoileanna faoi mhíbhuntáiste agus don teagasc. Tugtar aghaidh ar mholtaí cúraim sláinte trí fheabhas a chur ar chosc na hailse agus ar chúram athshlánaithe, trí thairseach ríomhshláinte a fhorbairt chun cleachtais chúraim chomhtháite a chur chun cinn, agus trí thacaíocht a thabhairt d’oideachas sa chúram sláinte. Ar na gníomhaíochtaí comhlántacha breise tá bearta chun cúram fadtéarmach a fheabhsú.
(22)Táthar ag súil go gcuideoidh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Seicia le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an aistriú glas agus digiteach. Baineann 42 % de leithdháileadh iomlán an phlean le bearta a thacaíonn leis na cuspóirí aeráide sa tSeicia, agus baineann 25 % de leithdháileadh iomlán an phlean le bearta a thacaíonn le cuspóirí digiteacha. Cur chun feidhme iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir leis na clocha míle agus na spriocanna ábhartha, sin rud a chuideoidh leis an tSeicia téarnamh go tapa ó iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 agus a hathléimneacht á neartú san am céanna. Tá sé tábhachtach i gcónaí rannpháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus do pháirtithe leasmhara ábhartha eile ar bhonn córasach ar mhaithe le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta mar aon le bearta eacnamaíocha agus fostaíochta a théann níos faide ná an plean, chun seilbh leathanroinnte ar an gclár oibre beartais foriomlán a áirithiú.
(23)Thíolaic an tSeicia an Comhaontú Comhpháirtíochta ar an 16 Nollaig 2021, agus tíolacadh seacht gclár ina dhiaidh sin i mí na Nollag 2021 agus i mí Eanáir 2022. Tíolacadh an Clár Idirthréimhse Cóir an 16 Márta 2022. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021, cuirfidh an tSeicia san áireamh na moltaí tírshonracha i gclársceidealú chistí an bheartais comhtháthaithe le haghaidh 2021-2027. Is réamhriachtanas é sin chun éifeachtacht na tacaíochta airgeadais atá le fáil ó chistí an bheartais chomhtháthaithe a fheabhsú agus chun an leas is mó is féidir a bhaint as breisluach na tacaíochta sin, agus comhordú, comhlántacht agus comhleanúnachas idir na cistí sin agus ionstraimí agus cistí eile de chuid an Aontais á gcur chun cinn san am céanna. Braitheann cur chun feidhme rathúil na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta mar aon le cláir an bheartais chomhtháthaithe ar dheireadh a chur le bacainní ar infheistíochtaí chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach agus ar fhorbairt chríochach chothrom.
(24)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshlán breise le sárú ag an tSeicia i ndáil leis an tithíocht. Tá inacmhainneacht tithíochta sa tSeicia ar cheann de na hinacmhainneachtaí is ísle san AE le 5 bliain anuas. Ina theannta sin, ní féidir leis an ísealstoc tithíochta sóisialta freastal ar an éileamh atá ar gach teaghlach íseal-ioncaim agus leochaileach (b’ionann é agus 0.4 % de stoc iomlán tithíochta in 2019 i gcomparáid le 7-8 % ar an meán san AE), agus níl an oiread sin liúntas tithíochta á n‑úsáid faoi láthair. Le blianta beaga anuas, tá maoiniú an bheartais chomhtháthaithe tar éis tacú le hinfheistíochtaí in aonaid nua tithíochta sóisialta, agus leanfaidh an tréimhse chláraithe nua de chuimsiú sóisialta a chur chun cinn, lena n‑áirítear trí thithíocht shóisialta. Níl reachtaíocht maidir le tithíocht shóisialta ná creat cuimsitheach ag an tSeicia. Cuireann sé sin bac ar chomhordú na mbeartas tithíochta ilroinnte, agus ar shainmhíniú ar fhreagrachtaí i measc comhlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha. Tá paindéim agus insreabhadh na ndaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin tar éis cur leis na dúshláin sin a bhí ann cheana.
(25)Mar fhreagairt ar an sainordú ó Cheannairí Stáit nó Rialtais a leagtar amach i nDearbhú Versailles, is é is aidhm don phlean REPowerEU deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis a luaithe is féidir. Chuige sin, tá na tionscadail, na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe is oiriúnaí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais á sainaithint i gcomhphlé leis na Ballstáit. Is é is aidhm do na bearta sin, spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus imeacht ó bhreoslaí iontaise a allmhairiú ón Rúis.
(26)Ní leor scála agus luas an aistrithe chuig fuinneamh glas sa tSeicia. Chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise, lena n‑áirítear gás nádúrtha, a laghdú, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear dlús le feidhmiú céimneach na bhfoinsí in‑athnuaite fuinnimh agus béim ar leith á leagan ar ghrianchaidéil, ar ghaoth agus ar theaschaidéil. Is féidir le deonú ceadanna do shuiteálacha nua a bheith níos simplí agus níos tapúla, agus is féidir an creat rialála a ghabhann leis a fheabhsú. Is ionann déine fuinnimh na Seicia agus dhá oiread mheán an Aontais, rud a chiallaíonn go mbainfeadh sé tairbhe as coigilteas fuinnimh tús‑ualaithe trí dhíriú ar athchóiriú domhain. Príomhghné eile is ea dlús a chur leis na hinfheistíochtaí i ndíchaothú na n‑earnálacha téimh agus tionsclaíocha. Beidh gá le méadú breise ar an uaillmhian chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus spriocanna maidir le foinsí in‑athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú chun go mbeidh an tSeicia i gcomhréir leis na cuspóirí a bhaineann leis an toradh do 55.
(27)De réir sonraí 2020, tagann an gás nádúrtha allmhairithe ar fad ón Rúis (100 % i gcomparáid le 44 % i gcás mheán AE), agus tá an spleáchas ar an Rúis d’amhola (49 % i gcomparáid le 26 %) agus do ghual (70 % i gcomparáid le 54 %) go mór os cionn mheán AE. Tá sciar an gháis nádúrtha (17.7 % i gcomparáid le 24.4 %) agus ola (20.9 % i gcomparáid le 32.7 %) sa mheascán fuinnimh níos ísle ná meán an AE, cé go bhfuil sciar an ghuail níos airde (29.6 % i gcomparáid le 10.8 %). Is ionann fuinneamh núicléach agus 18.2 % den mheascán fuinnimh i gcomparáid le 13.1 % don Aontas, agus foinsí in‑athnuaite agus bithbhreoslaí 13.4 %. Is é 22 % an sprioc atá ag an tSeicia faoi láthair do 2030 maidir le foinsí in‑athnuaite fuinnimh, agus cé go n‑áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta infheistíochtaí chun ar a laghad 270 MW de chumhacht fhótavoltach a thógáil, níl sa phlean sin ach codán beag den acmhainn iomlán cumhachta in‑athnuaite atá suiteáilte. Beidh ar an tSeicia dlús a chur le feidhmiú céimneach na bhfoinsí in‑athnuaite go háirithe trí fheabhas a chur ar na creataí rialála agus ceadanna. Nósanna imeachta údaraithe simplithe d’fhoinsí in‑athnuaite in ionad ilfhreastail, tairseacha méadaithe maidir le díolúintí ar cheadanna tógála agus clárú éigeantach úinéirí suiteála in‑athnuaite mar fhiontraithe, agus rochtain níos éasca ar an acmhainn eangaí atá ar fáil, is samplaí iad de bhearta a fhónfadh don chuspóir sin. D‘fhéadfaí a áireamh ar bhearta breise tacaíochta athbhreithniú ar na dlíthe maidir le fuinneamh agus fuinneamh in‑athnuaite, agus ar na scéimeanna tacaíochta comhfhreagracha (e.g. pobail fuinnimh a dhreasú, tacaíocht taraife d’fhoinsí inathnuaite ar mhionscála; Ceantanna le haghaidh suiteálacha nua; Scéimeanna tacaíochta nua le haghaidh spriocanna earnálacha; Foinsí in‑athnuaite in earnáil an téimh agus an fhuaraithe; Tacaíocht spriocdhírithe do chaidéil teasa, do hidrigin gheoiteirmeacha, do hidrigin in‑athnuaite agus do bhithmheatán inbhuanaithe). Bhainfeadh an tSeicia tairbhe freisin as digitiú a dhéanamh ar an ngréasán leictreachais agus as é a nuachóiriú d‘fhonn freastal ar leibhéal méadaithe d’fhoinsí in‑athnuaite eadrannacha san eangach, mar aon le hinfheistíochtaí i saoráidí stórála fuinnimh. Tá sé ríthábhachtach an líonra gáis idirnasctha atá ann cheana agus an acmhainn stórála atá ar fáil a ghiaráil chun allmhairí gáis nádúrtha a aistriú ón Rúis. Moltar infheistíochtaí nua bonneagair agus líonraí a bhaineann le gás a bheith slán i gcás inar féidir, chun a n‑inbhuanaitheacht fhadtéarmach a éascú, trí bhreoslaí inbhuanaithe a chur in ionad breoslaí inbhuanaithe amach anseo.
(28)Cé go bhfuil infheistíochtaí suntasacha in athchóiriú foirgneamh sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus i gcláir chiste comhtháthaithe 2021-2027, beidh gá le hiarrachtaí breise chun aghaidh a thabhairt ar thomhaltas an teasa aonadaigh sa tSeicia os cionn an mheáin in earnáil na tógála. Tá deis ann an t‑athchóiriú fuinnimh i bhfoirgnimh a luathú agus a dhoimhniú, ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, infheistíocht a dhéanamh i bhfoinsí teasa in‑athnuaite, straitéis náisiúnta a ullmhú chun téamh stoic foirgneamh a dhícharbónú, gníomhaireacht fuinnimh inbhuanaithe a bhunú ar an leibhéal náisiúnta, agus scéim tacaíochta ceant a ghlacadh do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh in earnáil na tionsclaíochta agus i ngnólachtaí beaga. Ní mór foirgnimh agus líonraí téimh atá nasctha le téamh ceantair gualbhunaithe a athchóiriú go dtí na caighdeáin éifeachtúlachta fuinnimh is airde a luaithe is féidir chun céimniú amach guail atá éifeachtach ó thaobh costais de a áirithiú.
(29)Cé go mbeidh costais shuntasacha athstruchtúrúcháin i roinnt earnálacha mar thoradh ar an dlús atá curtha leis an aistriú chuig neodracht aeráide agus ar shiúl ó bhreoslaí iontaise, is féidir leis an tSeicia úsáid a bhaint as an Sásra Cóir don Aistriú i gcomhthéacs an bheartais chomhtháthaithe chun tionchar socheacnamaíoch an aistrithe a mhaolú sna réigiúin is mó atá buailte. Ina theannta sin, is féidir leis an tSeicia leas a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus chun deiseanna fostaíochta a fheabhsú agus comhtháthú sóisialta a neartú.
(30)I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, rinne an Chomhairle scrúdú ar Chlár Cóineasaithe 2022 agus léirítear a tuairim i moladh (1) thíos.
AG MOLADH LEIS SEO go nglacfadh an tSeicia gníomhaíocht in 2022 agus 2023 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1.In 2023, a áirithiú go mbeidh fás an chaiteachais reatha atá maoinithe go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais, agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh praghsanna fuinnimh de agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Réidh chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag teacht chun cinn. Infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus le haghaidh na slándála fuinnimh, lena n‑áirítear trí leas a bhaint as RRF, as RePowerEU agus as cistí eile de chuid an Aontais. Le linn na tréimhse tar éis 2023, saothrófar beartas fioscach atá dírithe ar riochtaí fioscacha meántéarmacha stuama a bhaint amach. Bearta a dhéanamh chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach fhioscach an airgeadais phoiblí a áirithiú, lena n‑áirítear inbhuanaitheacht chóras na bpinsean.
2.Dul ar aghaidh le cur chun feidhme a plean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na clocha míle agus na spriocanna a chuimsítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 8 Meán Fómhair 2021. An chaibidlíocht leis an gCoimisiún maidir le doiciméid chlársceidealaithe an bheartais chomhtháthaithe le haghaidh 2021-2027 a chur i gcrích go tapa d’fhonn tús a chur lena gcur chun feidhme;
3.An soláthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne a neartú, lena n‑áirítear trí chreat reachtach sonrach a ghlacadh do thithíocht shóisialta agus trí chomhordú feabhsaithe idir comhlachtaí poiblí éagsúla.
4.Spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus éagsúlú a dhéanamh ar allmhairí breosla iontaise. Dlús a chur le húsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh, nósanna imeachta ceadanna a chuíchóiriú agus rochtain ar an eangach a éascú. Éifeachtúlacht fuinnimh na gcóras téimh ceantair agus an stoic foirgneamh a mhéadú trí dhreasú a dhéanamh ar athchóiriú domhain agus ar fhoinsí in‑athnuaite teasa.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán