AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.9.2022
COM(2022) 443 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le feidhmiú coistí in 2021
{SWD(2022) 279 final}
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022DC0443
REPORT FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT AND THE COUNCIL on the working of committees in 2021
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le feidhmiú coistí in 2021
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le feidhmiú coistí in 2021
COM/2022/443 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.9.2022
COM(2022) 443 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le feidhmiú coistí in 2021
{SWD(2022) 279 final}
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le feidhmiú coistí in 2021
1.Réamhrá
I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin 1 (an ‘Rialachán um Choisteolaíocht’), cuireann an Coimisiún a thuarascáil bhliantúil maidir le feidhmiú coistí in 2021 i láthair.
Tugtar forbhreathnú sa tuarascáil ar fhorbairtí in 2021 ar an gcóras ‘coisteoilaíochta’, a thagraíonn do na coistí lena dtéann an Coimisiún i gcomhairle maidir le dréachtghníomhartha cur chun feidhme. Tá ionadaithe ar na coistí as gach Ballstát, ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach, agus leanann siad nósanna imeachta oibriúcháin éagsúla ag brath ar an mbunghníomh (cf. Tábla II).
Tugtar achoimre sa tuarascáil ar ghníomhaíochtaí na gcoistí agus tá doiciméad inmheánach oibre ag gabháil leis ina bhfuil staidreamh mionsonraithe i dtaca le hobair na gcoistí aonair le haghaidh gach aon earnáil beartais 2 . Cuirtear i dtábhacht inti na príomhathruithe agus treochtaí a chonacthas ar bhonn bliantúil, trí fhigiúirí foriomlána a chur i láthair maidir le cruinnithe, nósanna imeachta, tuairimí a tugadh (i.e. dearfach, diúltach nó gan aon tuairim) agus gníomhartha a glacadh. Tugtar forbhreathnú inti chomh maith ar na cásanna a cuireadh faoi bhráid an choiste achomhairc agus ar agóidí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
2.Forbhreathnú ar fhorbairtí sa chóras coisteolaíochta in 2021
2.1.Forbairtí ginearálta
Bhí na coistí coisteolaíochta ag feidhmiú in 2021 faoi nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán um Choisteolaíocht, i.e. an nós imeachta comhairleach (Airteagal 4) agus an nós imeachta scrúdúcháin (Airteagal 5), chomh maith le bheith ag feidhmiú faoin nós imeachta rialúcháin a leagtar amach in Airteagal 5a den Chinneadh um Choisteolaíocht 3 .
Maidir le paindéim fhada COVID‑19 agus na beartais a glacadh chun í a shrianadh, chuir sí teorainn fós le cruinnithe fisiceacha de chuid na gcoistí a bunaíodh faoin Rialachán um Choisteolaíocht a thionól. Dá bhrí sin, bhí formhór na gcruinnithe coiste fós á dtionól go cianda (ar líne) den chuid ba mhó. Glacadh le cianchruinnithe mar ghnáthchruinnithe coiste, lena n‑áirítear chun críocha Chlár na Coisteolaíochta; liostaítear iad mar chruinnithe agus sonraítear sa taifead achomair gur tionóladh na cruinnithe seo go cianda.
A mhéid a bhaineann le réimsí eile atá lasmuigh d’fheidhmiú na gcoistí coisteolaíochta, meabhraítear i bpointe 27 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016
4
an gá atá le gníomhartha ina dtagraítear fós don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ailíniú leis an gcreat dlíthiúil nua a tugadh isteach le Conradh Liospóin. Lean díospóireachtaí idirinstitiúideacha maidir le hailíniú a dhéanamh leis an gcuid eile de na bunghníomhartha, ar bhonn thograí 2019 an Choimisiúin
(i.e. ginearálta
5
agus maidir le réimse an cheartais
6
). Ní dhearnadh aon dul chun cinn maidir leis na caibidlíochtaí in 2021, áfach, mar gheall ar na teorainneacha a bhain le COVID‑19.
Tá togra an Choimisiúin an 14 Feabhra 2017 maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear an Rialachán um Choisteolaíocht (AE) Uimh. 182/2011 fós ar feitheamh 7 . Leis an togra seo, cuireadh roinnt athruithe spriocdhírithe ar aghaidh maidir le feidhmiú an choiste achomhairc chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ‘gan aon tuairim’ i gcásanna íogaire. Mar gheall ar na tuairimí an‑difriúil a bhí ag na comhreachtóirí, níorbh fhéidir dul chun cinn a dhéanamh in 2021.
Leanann an Coimisiún ag cur dréacht‑téacsanna le haghaidh gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme tábhachtacha ar fáil don phobal ar feadh tréimhse 4 seachtaine, rud a thugann deis do pháirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach. In 2021, foilsíodh 85 dhréachtghníomh cur chun feidhme chun aiseolas ón bpobal a fháil ar an suíomh gréasáin ‘Cloisimis uait’ 8 .
2.2.Forbairtí sa chásdlí
A mhéid a bhaineann leis an gcásdlí i réimse na coisteolaíochta, ina breithiúnas an 27 Eanáir sa chás Poblacht na Polainne v an Coimisiún Eorpach 9 , thug an Chúirt Ghinearálta léirmhíniú ar na forálacha idirthréimhseacha maidir leis an vótáil trí thromlach cáilithe san athrú ó na socruithe vótála i gConradh Nice go dtí na socruithe vótála i gConradh Liospóin. Faoi Airteagal 3(2) de Phrótacal 36 de na Conarthaí, bhí sé de cheart ag aon Bhallstát, le linn idirthréimhse a mhair go dtí an 31 Márta 2017, cur i bhfeidhm an chórais vótála ualaithe a raibh feidhm leis faoi Chonradh Nice a iarraidh. Mheas an Chúirt Ghinearálta gur cheart feidhm a bheith ag tromlach cáilithe Chonradh Nice (faoi Airteagal 3(3) de Phrótacal 36) fós, dá n‑iarrfadh Ballstát é roimh an 31 Márta 2017, i gcás ina dtarlódh an vóta ar an ngníomh tar éis an dáta sin.
Sa chás a cuireadh os comhair na Cúirte, dhiúltaigh an Coimisiún iarraidh na Polainne maidir le córas vótála ualaithe a úsáid mar bhí an vóta faoin gCinneadh sin le tarlú i ndiaidh an 31 Márta 2017. Neamhnigh an Chúirt Ghinearálta an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún agus d’ordaigh sí don Choimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme nua a ghlacadh in ionad an Chinnidh Cur Chun Feidhme a neamhníodh i gcomhréir leis na rialacha maidir le tromlach cáilithe faoi Chonradh Nice. Glacadh an Cinneadh nua sin, a d’ordaigh an Chúirt Ghinearálta a bheith i bhfeidhm laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta a breithiúnais, an 30 Samhain 2021 10 .
3.Forbhreathnú ar ghníomhaíochtaí
3.1.An líon coistí
Dírítear sa tuarascáil seo ar na coistí coisteolaíochta arna gcur ar bun ag an reachtóir chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme a tugadh dó le bunghníomhartha dlí. Níl eintitis eile, go háirithe ‘grúpaí saineolaithe’ a bhunaigh an Coimisiún é féin, cumhdaithe sa tuarascáil seo.
Taispeántar i dTábla I an líon coistí coisteolaíochta a bhí ann le linn na tréimhse idir
an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2021, agus na figiúirí don bhliain roimhe sin ann chun comparáid a dhéanamh. Chuir ranna ábhartha an Choimisiúin na figiúirí seo ar fáil agus tógtar iad ón doiciméad inmheánach oibre atá ag gabháil leis.
TÁBLA I — An líon iomlán coistí
|
Roinn an Choimisiúin |
2020 |
2021 |
|
AGRI (Talmhaíocht agus Forbairt Tuaithe |
11 |
12 |
|
BUDG (Buiséad) |
2 |
2 |
|
CLIMA (Gníomhú ar son na hAeráide) |
5 |
5 |
|
CNECT (Líonraí Cumarsáide, an tÁbhar Digiteach agus an Teicneolaíocht) |
9 |
11 |
|
DEFIS (An Tionscal Cosanta agus an Spás) |
5 |
13 |
|
DIGIT (Faisnéisíocht) |
1 |
1 |
|
EAC (Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr) |
2 |
4 |
|
ECFIN (Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais) |
1 |
2 |
|
ECHO (Cabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta) |
2 |
2 |
|
EMPL (Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú) |
5 |
6 |
|
ENER (Fuinneamh) |
14 |
14 |
|
ENV (An Comhshaol) |
27 |
27 |
|
ESTAT (Eurostat) |
2 |
2 |
|
FISMA (Cobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil) |
11 |
11 |
|
FPI (An tSeirbhís um Ionstraimí Beartais Eachtraigh) |
2 |
1 |
|
GROW (An Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna) |
38 |
39 |
|
HOME (Imirce agus Gnóthaí Baile) |
19 |
20 |
|
INTPA (Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta) |
5 |
3 |
|
JUST (Ceartas agus Tomhaltóirí) |
26 |
28 |
|
MARE (Gnóthaí Muirí agus Iascaireacht) |
3 |
3 |
|
MOVE (Soghluaisteacht agus Iompar) |
32 |
33 |
|
NEAR (Comharsanacht agus Caibidlíocht maidir le Méadú) |
3 |
3 |
|
OLAF (An Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise) |
1 |
1 |
|
REGIO (Beartas Réigiúnach agus Uirbeach) |
1 |
2 |
|
RTD (Taighde agus Nuálaíocht) |
17 |
31 |
|
SANTE (Sláinte Phoiblí agus Sábháilteacht Bia) |
34 |
33 |
|
SG (Ardrúnaíocht) * |
4 |
3 |
|
TAXUD (Cánachas agus an tAontas Custaim) |
26 |
28 |
|
TRADE (Trádáil) |
14 |
13 |
|
IOMLÁN: |
322 |
353 |
* Lena n‑áirítear an coiste achomhairc 11
In 2021, bhí 353 choiste coisteolaíochta ann le linn na bliana 12 .
Cumhdaítear cumraíocht na gcoistí ar fad leis an uimhir sin 13 agus léiríonn sí méadú thart ar 10 % ar an líon coistí i gcomparáid le 2020. Ar cheann de na fíorais ba mhó ba shiocair leis an méadú seo, ba idirbhliain é 2021 ina raibh an ghlúin nua de chistí agus cláir CAI 14 ag tosú agus tháinig rialacháin / bunghníomhartha MFF nua i bhfeidhm, lenar aisghaireadh na cinn a bhí ann rompu, den chuid ba mhó 15 . Mar thoradh air sin, i roinnt cásanna bhí coistí idir ‘shean’ agus ‘nua’ ann - le haghaidh codanna éagsúla den bhliain - le haghaidh bunghníomhartha den sórt sin. Agus na coistí ar fad ar cuireadh deireadh leo anuraidh san áireamh, is é 317 an líon iomlán coistí a bhí ann ag deireadh na bliana (31 Nollaig 2021), líon a bhí an‑chosúil le 2020 (322).
TÁBLA II — An líon coistí de réir nós imeachta
|
Roinn an Choimisiúin |
An cineál nós imeachta |
||||
|
Comhairleach |
Scrúdú |
Rialaitheach lena ngabhann grinnscrúdú |
Nósanna imeachta iomadúla |
IOMLÁN: |
|
|
AGRI |
0 |
4 |
0 |
8 |
12 |
|
BUDG |
0 |
1 |
0 |
1 |
2 |
|
CLIMA |
0 |
1 |
0 |
4 |
5 |
|
CNECT |
0 |
6 |
0 |
5 |
11 |
|
DEFIS |
0 |
4 |
0 |
9 |
13 |
|
DIGIT |
0 |
1 |
0 |
0 |
1 |
|
EAC |
0 |
4 |
0 |
0 |
4 |
|
ECFIN |
0 |
1 |
0 |
1 |
2 |
|
ECHO |
0 |
1 |
0 |
1 |
2 |
|
EMPL |
1 |
1 |
2 |
3 |
7 |
|
ENER |
2 |
6 |
1 |
5 |
14 |
|
ENV |
0 |
8 |
4 |
16 |
27 |
|
ESTAT |
1 |
0 |
0 |
1 |
2 |
|
FISMA |
0 |
4 |
2 |
5 |
11 |
|
FPI |
0 |
1 |
0 |
0 |
1 |
|
GROW |
3 |
9 |
2 |
26 |
39 |
|
HOME |
1 |
17 |
0 |
3 |
20 |
|
INTPA |
0 |
3 |
0 |
0 |
3 |
|
JUST |
8 |
11 |
4 |
5 |
28 |
|
MARE |
0 |
3 |
0 |
1 |
3 |
|
MOVE |
3 |
9 |
0 |
21 |
33 |
|
NEAR |
1 |
2 |
0 |
1 |
3 |
|
OLAF |
0 |
1 |
0 |
0 |
1 |
|
REGIO |
0 |
0 |
0 |
2 |
2 |
|
RTD |
0 |
24 |
0 |
7 |
31 |
|
SANTE |
0 |
13 |
0 |
22 |
33 |
|
SG* |
0 |
2 |
0 |
1 |
3 |
|
TAXUD |
0 |
13 |
0 |
15 |
28 |
|
TRADE |
3 |
4 |
0 |
7 |
14 |
|
IOMLÁN: |
23 |
154 |
15 |
170 |
353 |
* Lena n‑áirítear an coiste achomhairc
Léirítear i dTábla II miondealú ar na coistí in 2021 de réir an chineáil nós imeachta faoinar feidhmíodh iad (i.e. nós imeachta comhairleach, nós imeachta scrúdúcháin, nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú). Scaradh na coistí le nósanna imeachta iomadúla ó na coistí a fheidhmíonn faoi nós imeachta amháin.
3.2.An líon cruinnithe
Tá an líon cruinnithe coiste ar cheann de na táscairí gníomhaíochta ar leibhéal na coisteolaíochta. Agus é curtha leis an líon nósanna imeachta i scríbhinn 16 , léirítear déine na hoibre, ar an leibhéal earnála agus i gcoistí aonair araon (féach Tábla III).
Tábla III — An líon cruinnithe agus na nósanna imeachta i scríbhinn
|
Roinn an Choimisiúin |
An líon coistí |
Cruinnithe |
Nósanna imeachta i scríbhinn |
||
|
2020 |
2021 |
2020 |
2021 |
||
|
AGRI |
12 |
79 |
121 |
69 |
104 |
|
BUDG |
2 |
1 |
6 |
5 |
2 |
|
CLIMA |
5 |
7 |
5 |
8 |
8 |
|
CNECT |
11 |
12 |
13 |
17 |
21 |
|
DEFIS |
13 |
14 |
36 |
6 |
12 |
|
DIGIT |
1 |
2 |
0 |
0 |
0 |
|
EAC |
4 |
2 |
8 |
1 |
12 |
|
ECFIN |
2 |
5 |
2 |
0 |
0 |
|
ECHO |
2 |
8 |
8 |
6 |
8 |
|
EMPL |
6 |
3 |
0 |
1 |
0 |
|
ENER |
14 |
12 |
10 |
3 |
0 |
|
ENV |
27 |
20 |
24 |
9 |
20 |
|
ESTAT |
2 |
3 |
3 |
11 |
16 |
|
FISMA |
11 |
14 |
14 |
14 |
17 |
|
FPI |
1 |
4 |
3 |
3 |
0 |
|
GROW |
39 |
35 |
33 |
48 |
62 |
|
HOME |
20 |
47 |
41 |
38 |
38 |
|
INTPA |
3 |
9 |
19 |
51 |
168 |
|
JUST |
28 |
9 |
30 |
3 |
6 |
|
MARE |
3 |
0 |
4 |
15 |
16 |
|
MOVE |
33 |
44 |
61 |
41 |
37 |
|
NEAR |
3 |
7 |
7 |
66 |
41 |
|
OLAF |
1 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
REGIO |
2 |
1 |
1 |
0 |
7 |
|
RTD |
31 |
32 |
41 |
275 |
148 |
|
SANTE |
33 |
93 |
93 |
678 |
634 |
|
SG* |
3 |
6 |
6 |
2 |
6 |
|
TAXUD |
28 |
32 |
39 |
26 |
23 |
|
TRADE |
14 |
13 |
18 |
73 |
70 |
|
IOMLÁN: |
353 |
514 |
646 |
1 469 |
1 476 |
* Lena n‑airítear cruinnithe/nósanna imeachta i scríbhinn an choiste achomhairc
Bhí 646 chruinniú ann in 2021, líon atá i bhfad níos mó ná mar a bhí in 2020, chomh maith le 1 476 nós imeachta i scríbhinn.
3.3.An líon tuairimí agus an líon gníomhartha cur chun feidhme cur chun feidhme
Tugtar léiriú sa tuarascáil seo freisin ar aschur inláimhsithe na gcoistí. Cuirtear na figiúirí foriomlána i láthair i dTábla IV maidir leis na tuairimí foirmiúla a thug na coistí agus na gníomhartha cur chun feidhme a ghlac an Coimisiún ina dhiaidh sin 17 .
TÁBLA IV — An líon tuairimí agus an líon gníomhartha cur chun feidhme a glacadh
|
Roinn an Choimisiúin |
Tuairimí 18 |
Gníomhartha cur chun feidhme
|
Rúin ó Pharlaimint na hEorpa /Cinntí ón gComhairle
|
||
|
2020 |
2021 |
2020 |
2021 |
2021 |
|
|
AGRI |
102 |
101 |
100 |
100 |
0 |
|
BUDG |
3 |
2 |
3 |
1 |
0 |
|
CLIMA |
10 |
9 |
6 |
9 |
0 |
|
CNECT |
28 |
43 |
23 |
41 |
0 |
|
DEFIS |
8 |
19 |
7 |
14 |
0 |
|
DIGIT |
1 |
0 |
1 |
0 |
0 |
|
EAC |
3 |
8 |
3 |
8 |
0 |
|
ECFIN |
10 |
1 |
10 |
0 |
0 |
|
ECHO |
8 |
8 |
7 |
9 |
0 |
|
EMPL |
3 |
0 |
2 |
0 |
0 |
|
ENER |
5 |
3 |
1 |
0 |
0 |
|
ENV |
19 |
24 |
11 |
15 |
0 |
|
ESTAT |
12 |
16 |
12 |
15 |
0 |
|
FISMA |
11 |
22 |
12 |
18 |
0 |
|
FPI |
3 |
0 |
1 |
0 |
0 |
|
GROW |
61 |
62 |
44 |
31 |
1 (An Chomhairle) |
|
HOME |
69 |
67 |
11 |
36 |
0 |
|
INTPA |
58 |
168 |
58 |
167 |
0 |
|
JUST |
3 |
9 |
2 |
8 |
0 |
|
MARE |
15 |
16 |
16 |
9 |
0 |
|
MOVE |
59 |
64 |
59 |
61 |
0 |
|
NEAR |
66 |
40 |
65 |
40 |
0 |
|
OLAF |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
REGIO |
0 |
7 |
0 |
5 |
0 |
|
RTD |
275 |
149 |
191 |
110 |
0 |
|
SANTE |
749 |
818 |
748 |
775 |
10 (An Pharlaimint) |
|
SG* |
1 |
2 |
1 |
2 |
0 |
|
TAXUD |
56 |
50 |
54 |
47 |
0 |
|
TRADE |
80 |
76 |
81 |
71 |
0 |
|
IOMLÁN: |
1 718 |
1 782 |
1 529 |
1 592 |
11 |
* Tá tuilleadh faisnéise faoi obair/thuairimí an choiste achomhairc le fáil i dTábla V.
Thug na coistí 1782 thuairim in 2021, beagán níos mó ná an líon tuairimí a bhí ann in 2020 (1718), i gcomhréir leis an méadú ar an líon coistí. Bhí an líon gníomhartha cur chun feidhme a glacadh tar éis nós imeachta coiste, 1592 in 2021, beagán níos airde ná an líon a bhí ann in 2020 (1529) freisin.
Tá ceart grinnscrúdaithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle faoi Airteagal 11 den Rialachán um Choisteolaíocht. In 2021, ghlac Parlaimint na hEorpa 10 rún 19 ar bhonn Airteagal 11 den Rialachán um Choisteolaíocht, agus bhain siad uile le gníomhartha de chuid AS SANTE. D’fheidhmigh an Chomhairle a ceart maidir le grinnscrúdú a dhéanamh uair amháin 20 , maidir le gníomh de chuid AS GROW.
3.4.Cruinnithe an choiste achomhairc
Mar a léirítear i dTábla V, tháinig an coiste achomhairc le chéile sé huaire le linn 2021, agus phléigh siad 12 dhréachtghníomh cur chun feidhme a chuir an Coimisiún faoina bhráid. Ag baint úsáid as comhairliúcháin i scríbhinn maidir le 10 ndréachtghníomh agus vótáil i gcruinniú maidir le 2 cheann acu, thug sé ‘gan aon tuairim’ in 11 chás agus tuairim dhearfach i gceann amháin acu 21 . Ghlac an Coimisiún an 12 ghníomh cur chun feidhme tar éis an choiste achomhairc.
TÁBLA V — gníomhaíocht an choiste achomhairc
|
Roinn an Choimisiúin |
Líon cruinnithe/comhairliúchán i scríbhinn an choiste achomhairc |
Líon tuairimí 22 an choiste achomhairc |
An líon gníomhartha a glacadh tar éis don choiste achomhairc tuairim a thabhairt |
|||
|
2020 |
2021 |
2020 |
2021 |
2020 |
2021 |
|
|
MOVE |
1 |
1 / 0 |
1 |
1 (0) |
1 |
1 |
|
SANTE |
3 |
14 / 14 |
9 |
10 (10) |
3 |
10 |
|
TRADE |
1 |
1 / 0 |
1 |
1 (1) |
1 |
1 |
|
IOMLÁN: |
5 |
16 / 14 |
11 |
12 |
5 |
12 |
3.5.Úsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú
Choimeád an Rialachán um Choisteolaíocht éifeachtaí an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun críocha na mbunghníomhartha atá ann cheana a thagraíonn dó 23 . Ní féidir an nós imeachta seo a úsáid i reachtaíocht nua a thuilleadh, ach tá sé fós le feiceáil i go leor bunghníomhartha atá ann cheana agus leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige faoi na gníomhartha sin go dtí go ndéantar ailíniú ar na cumhachtuithe faoi seach leis na cumhachtuithe le haghaidh na ngníomhartha tarmligthe nó le haghaidh na ngníomhartha cur chun feidhme (mar a léirítear i Roinn 1.1).
In 2021, glacadh 68 mbeart i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú (féach Tábla VI thíos), líon atá beagán níos airde i gcomparáid le 2020 nuair a glacadh 55 bheart.
Bhain Parlaimint na hEorpa úsáid as an gceart cur i gcoinne gníomhartha faoin nós imeachta rialúcháin faoi dhó in 2021 agus níor bhain an Chomhairle úsáid as. Ar mhaithe le comparáid a dhéanamh, in 2020, chuir Parlaimint na hEorpa i gcoinne gníomhartha ceithre huaire ach níor bhain an Chomhairle úsáid as an gceart seo.
TÁBLA VI — An líon beart a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú
|
Roinn an Choimisiúin |
Nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú – bearta
|
Na dréachtbhearta ar chuir Parlaimint na hEorpa ina gcoinne |
Na dréachtbhearta ar chuir an Chomhairle ina gcoinne |
|
AGRI |
0 |
0 |
0 |
|
BUDG |
0 |
0 |
0 |
|
CLIMA |
0 |
0 |
0 |
|
CNECT |
0 |
0 |
0 |
|
DEFIS |
0 |
0 |
0 |
|
DIGIT |
0 |
0 |
0 |
|
EAC |
0 |
0 |
0 |
|
ECFIN |
0 |
0 |
0 |
|
ECHO |
0 |
0 |
0 |
|
EMPL |
0 |
0 |
0 |
|
ENER |
0 |
0 |
0 |
|
ENV |
6 |
0 |
0 |
|
ESTAT |
3 |
0 |
0 |
|
FISMA |
4 |
0 |
0 |
|
FPI |
0 |
0 |
0 |
|
GROW |
10 |
0 |
0 |
|
HOME |
0 |
0 |
0 |
|
INTPA |
0 |
0 |
0 |
|
JUST |
0 |
0 |
0 |
|
MARE |
0 |
0 |
0 |
|
MOVE |
0 |
0 |
0 |
|
NEAR |
0 |
0 |
0 |
|
OLAF |
0 |
0 |
0 |
|
REGIO |
0 |
0 |
0 |
|
RTD |
0 |
0 |
0 |
|
SANTE |
45 |
2 |
0 |
|
SG |
0 |
0 |
0 |
|
TAXUD |
0 |
0 |
0 |
|
TRADE |
0 |
0 |
0 |
|
IOMLÁN: |
68 |
2 |
0 |
4.Conclúid
Lean gníomhaíocht na gcoistí in 2021 ar leibhéil a bhí an‑chosúil leis na blianta roimhe sin, le méadú ar líon iomlán na gcoistí agus ar líon iomlán na dtuairimí a soláthraíodh: bhí 353 choiste ann, a reáchtáil 646 chruinniú, a rinne 1476 nós imeachta i scríbhinn agus a thug 1782 thuairim. Tugann siad tacaíocht luachmhar don Choimisiún na cumhachtaí cur chun feidhme a thugann na comhreachtóirí dó a fheidhmiú.
Iarrtar ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.