Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0424

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le hearraí cultúir a onnmhairiú An 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020

COM/2022/424 final

An Bhruiséil,26.8.2022

COM(2022) 424 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA

maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le hearraí cultúir a onnmhairiú



An 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020






Clár

1.    Achoimre Feidhmiúcháin    

2.    Réamhrá    

3.    Comhthéacs an rialacháin    

3.1 An comhthéacs Eorpach    

3.2 An comhthéacs idirnáisiúnta    

4.    Cur chun feidhme an rialacháin    

4.1 Cuspóirí agus Feidhmíocht    

4.2 Sainmhíniú ar earraí cultúir    

4.3 Tairseacha aoise    

4.4 Tairseacha airgeadais    

4.5 Figiúirí maidir le ceadúnais chaighdeánacha onnmhairiúcháin    

4.6 Ceadúnais oscailte shonracha agus ghinearálta    

4.7 Díolúine ón gceanglas maidir le ceadúnas onnmhairiúcháin    

4.8 Cúiseanna le hiarratas ar cheadúnas a dhiúltú    

4.9 Eisiúint Ceadúnas    

4.10 Ceadúnais a chur ar ceal nó a chúlghairm    

4.11 Córais leictreonacha/bunachair sonraí leictreonacha a úsáid    

4.12 Ábhar agus acmhainní daonna    

5.    Conclúidí agus saincheisteanna atá fós gan réiteach    

6.    Iarscríbhinní    

Tábla 1. Ceadúnais chaighdeánacha arna neisiúint ag na Ballstáit    

Tábla 2. Ceadúnais oscailte shonracha i gcúrsaíocht    

Tábla 3. Ceadúnais oscailte ghinearálta i gcúrsaíocht    

Tábla 4. Iarratais ar Cheadúnais Chaighdeánacha a diúltaíodh    

Tábla 5. Cásanna ina raibh sárú/neamhchomhlíontacht    



1.Achoimre Feidhmiúcháin

Déantar athbhreithniú sa tuarascáil seo ar chur chun feidhme an chórais ceadúnúcháin onnmhairiúcháin le haghaidh earraí cultúir a bunaíodh le Rialachán (CE) 116/2009 maidir le hearraí cultúir a onnmhairiú agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 1081/2012 ón gCoimisiún. 1  

Tá an tuarascáil bunaithe go príomha ar shonraí a chuir na Ballstáit 2 ar fáil mar fhreagairt ar cheistneoir lena gcumhdaítear gach gné de chur chun feidhme an chórais ceadúnúcháin onnmhairiúcháin. Cumhdaítear leis an tréimhse ó 2018 go 2020. Baineann na figiúirí a thuairiscítear san iarscríbhinn le trí chineál ceadúnas onnmhairiúcháin: ceadúnais chaighdeánacha, ceadúnais oscailte shonracha (onnmhairiú sealadach a dhéantar arís agus arís eile ag daoine príobháideacha) agus ceadúnais oscailte ghinearálta (onnmhairiú sealadach a dhéantar arís agus arís eile ag músaeim agus ag institiúidí dá samhail). 

Cuirtear faisnéis ar fáil sa tuarascáil freisin maidir le tionscnaimh reatha agus dúshláin don todhchaí, amhail feabhas a chur ar an gcomhar idir údaráis na mBallstát a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Rialacháin, comhthuiscint ag na Ballstáit ar fhorálacha an Rialacháin a chur chun cinn, dea-chleachtais a shainaithint d’údaráis inniúla agus do lucht custaim maidir le himscrúdú a dhéanamh ar bhunáitíocht earraí cultúir, agus féachaint ar na féidearthachtaí teicniúla, airgeadais agus dlíthiúla chun modhanna leictreonacha a úsáid chun ceadúnais onnmhairiúcháin a eisiúint agus a rialú, amhail córas leictreonach láraithe a fhorbairt nó a nascadh lena ndéanfaí comhéadan le córais imréitigh custaim náisiúnta.



2.Réamhrá

Le Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle maidir le hearraí cultúir a onnmhairiú 3 (dá ngairtear ‘an Rialachán’ anseo feasta), cuirtear onnmhairiú earraí cultúir áirithe lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais faoi réir tíolacadh ceadúnais onnmhairiúcháin agus áirithítear leis go ndéantar rialuithe aonfhoirmeacha ar onnmhairiú na nearraí sin ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Sainítear in Iarscríbhinn I raon feidhme ábhartha an Rialacháin trí chatagóirí na nearraí cultúir a bhfuil feidhm aige maidir leo a liostú, agus trí thairseacha aoise agus/nó luacha a shocrú le haghaidh fhormhór na gcatagóirí a liostaítear.

Is é is cuspóir don Rialachán prionsabal bunúsach na saorghluaiseachta earraí a réiteach leis an bprionsabal maidir le seoda náisiúnta a chosaint faoi chuimsiú stairiúil chruthú an Mhargaidh Inmheánaigh in 1993, lenar cuireadh deireadh leis na teorainneacha inmheánacha uile idir na Ballstáit.

Is é údarás inniúil an Bhallstáit dheireanaigh ar ina chríoch a bhfuil an tearra cultúir ‘suite go cinntitheach agus go dleathach 4 a eisíonn na ceadúnais onnmhairiúcháin. Déantar an ceadúnas onnmhairiúcháin a dheonú nó a dhiúltú ar bhonn dhlíthe agus rialacháin an Bhallstáit sin. Áirithítear ansin le rialuithe custaim nach féidir le hearraí cultúir críoch chustaim an Aontais a fhágáil ach amháin má tá ceadúnas onnmhairiúcháin bailí ag gabháil leo.

Chun a áirithiú go bhfuil na ceadúnais onnmhairiúcháin aonfhoirmeach, ba ghá rialacha a leagan síos lena rialaítear tarraingt suas, eisiúint agus úsáid na foirme ceadúnais. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1081/2012 5 déantar foráil maidir le trí chineál ceadúnas onnmhairiúcháin (ceadúnas caighdeánach, ceadúnas oscailte sonrach agus ceadúnas oscailte ginearálta) agus leagtar amach ann na rialacha maidir lena gcur i bhfeidhm. I mBallstáit áirithe — ach ní i ngach Ballstát — ceanglaítear ar an iarratasóir táille a íoc chun ceadúnas onnmhairiúcháin a fháil. Le dlíthe Ballstát áirithe forchuirtear srianta breise, amhail an ceanglas maidir le ceadúnas náisiúnta a fháil — chomh maith le ceadúnas onnmhairiúcháin AE — le haghaidh gluaiseacht dhleathach nithe a ainmnítear mar ‘sheoda náisiúnta’ amach as an gcríoch náisiúnta.

Foilsítear san Iris Oifigiúil na liostaí atá tugtha cothrom le dáta maidir le húdaráis inniúla na mBallstát a bhfuil sé de chumhacht acu ceadúnais onnmhairiúcháin a eisiúint, chomh maith leis an liosta oifigí custaim a bhfuil sé de chumhacht acu foirmiúlachtaí onnmhairiúcháin a láimhseáil 6 .

I gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa go tréimhsiúil.

Baintear leas sa tuarascáil seo as faisnéis, lena n‑áirítear sonraí staidrimh maidir le húsáid ceadúnas, arna soláthar ag na Ballstáit mar fhreagairt ar cheistneoir lena gcumhdaítear gach gné de chur chun feidhme an chórais ceadúnúcháin onnmhairiúcháin, agus baintear leas as pléití ag an gCoiste um Earraí Cultúir nó ag an Sainghrúpa maidir le saincheisteanna custaim a bhaineann le hearraí cultúir.

Ós rud é go gcumhdaítear tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2020 leis an tuarascáil seo, áirítear staitisticí ón Ríocht Aontaithe i measc staitisticí Bhallstáit an Aontais. Ón 1 Eanáir 2021, scoir dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige sa Ríocht Aontaithe, ach amháin i leith Thuaisceart Éireann. Ar an gcúis sin, ní áireofar ach staitisticí ó 27 mBallstát an Aontais agus ón Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann sna tuarascálacha lena gcumhdaítear tréimhsí a bheidh ann amach anseo.

3.Comhthéacs an rialacháin

3.1 An comhthéacs Eorpach

Tá an córas a thugtar isteach ar leibhéal an Aontais leis an Rialachán comhlántach le hionstraimí agus tionscnaimh eile atá dírithe ar mhaoin chultúir a chosaint. Is í Treoir 2014/60/AE maidir le nithe cultúrtha a aistríodh go neamhdhleathach ó chríoch Ballstáit a fháil ar ais 7 an ceann is ábhartha díobh sin. Ceadaítear leis an Treoir aon ní cultúrtha atá sainaitheanta ag Ballstát mar sheoid náisiúnta atá luachmhar ó thaobh na healaíne, na staire nó na seandálaíochta de a thabhairt ar ais. Chun na críche sin, ceanglaítear ar na húdaráis lárnacha atá i gceannas ar an Treoir sna Ballstáit oibriú i gcomhar agus faisnéis a mhalartú maidir le nithe cultúrtha a aistríodh go neamhdhleathach trí úsáid a bhaint as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI).

Comhlánú tábhachtach eile ar an Rialachán is ea Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú 8 . Leagtar síos leis an ionstraim nua sin na rialacha agus na coinníollacha maidir le hearraí cultúir a cruthaíodh nó a aimsíodh i dtríú tíortha a allmhairiú go sealadach nó go buan san Aontas. Ós rud é go mbaineann sé leis an trádáil sheachtrach, ba é Coinbhinsiún UNESCO 1970 maidir le Modhanna chun Allmhairiú, Onnmhairiú agus Aistriú Aindleathach Úinéireachta Maoine Cultúrtha a Thoirmeasc agus a Chosc 9 go príomha a spreag tíopeolaíocht Rialachán (AE) 2019/880.

Comhlánaíodh an Rialachán maidir le hallmhairiú le déanaí trí fhorálacha cur chun feidhme 10 a ghlacadh lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le ceadúnais allmhairiúcháin agus ráitis ón allmhaireoir agus maidir le córas láraithe leictreonach a fhorbairt, a oibriú, a choinneáil ar bun agus a úsáid (‘córas ICG’) chun faisnéis a stóráil agus a mhalartú idir údaráis na mBallstát agus chun foirmiúlachtaí a chur i gcrích ag oibreoirí i dtimpeallacht gan pháipéar. Tá córas ICG le bheith oibríochtúil chun críoch allmhairiúcháin faoin 28 Meitheamh 2025 ar a dhéanaí.

Ar deireadh, le dhá bheart ad hoc ghaolmhara de chuid an Aontais, Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle 11 agus Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle 12 , cuirtear toirmeasc ar thrádáil earraí cultúir leis an Iaráic agus leis an tSiria.

3.2 An comhthéacs idirnáisiúnta

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, is é Coinbhinsiún UNESCO 1970 maidir le Modhanna chun Allmhairiú, Onnmhairiú agus Aistriú Aindleathach Úinéireachta Maoine Cultúrtha a Thoirmeasc agus a Chosc an ionstraim is ábhartha maidir le hearraí cultúir a onnmhairiú. Go dtí seo, tá 141 stát is páirtithe sa Choinbhinsiún agus tá sé daingnithe ag 26 Bhallstát an Aontais.

4.Cur chun feidhme an rialacháin

4.1 Cuspóirí agus Feidhmíocht

Ar an iomlán, measann na Ballstáit gur bhain an Rialachán a chuspóirí amach. Mar sin féin, sainaithníodh réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu freisin.

D’éirigh go maith leis an Rialachán go háirithe maidir leis an gcomhrac i gcoinne na trádála aindleathaí in earraí cultúir. De réir mar a thuairiscigh Ballstát, éifeacht thábhachtach de chuid an Rialacháin is ea feasacht mhéadaitheach na n‑institiúidí oidhreachta, chomh maith leis an trádáil dhlisteanach ealaíne agus bailitheoirí ealaíne dlisteanacha, ar an tábhacht a bhaineann le faisnéis leormhaith bunáitíochta a bheith ann sula bhfaightear nó sula gcuirtear earra cultúir ar an margadh. Maidir le nithe a onnmhairíodh gan ceadúnas AE — cé go raibh gá leis — bíonn caillteanas sa luach margaidh ag baint leis sin agus is deacra iad a thrádáil tríd an trádáil dhlisteanach ealaíne.

De réir an Bhallstáit chéanna, tá drogall ar an margadh dleathach ealaíne fós maidir le faisnéis iomlán bunáitíochta a chur ar fáil do na húdaráis inniúla i ndáil le hearraí cultúir a dhíol siad roimhe seo le hiarratasóir ar cheadúnas onnmhairiúcháin.

Cuireann roinnt Ballstát in iúl go bhfuil raon feidhme níos leithne ag baint lena reachtaíocht oidhreachta náisiúnta ná mar atá ag baint leis an Rialachán agus, dá bhrí sin, go bhfágtar go bhfuil cineálacha áirithe earraí cultúir gan chosaint. Ar an ábhar sin, ní mór a thabhairt faoi deara, cé gur ceapadh raon feidhme ábhartha an Rialacháin ag an am mar chomhainmneoir na bhforálacha náisiúnta agus go bhféadfadh sé a bheith níos cúinge ná raon earraí cosanta Ballstát áirithe, go dtugtar leis an Rialachán cosaint bhreise d’earraí cultúir, ar cosaint í nach féidir a chur ar fáil leis na dlíthe náisiúnta.

Go sonrach, in éagmais teorainneacha inmheánacha san Aontas, d’fhéadfadh earraí ó Bhallstát amháin imeacht óna chríoch, in ainneoin toirmisc náisiúnta, agus d’fhéadfaí iad a onnmhairiú go dleathach as an Aontas trí chríoch Ballstáit eile, i gcás nach bhfuil feidhm ag toirmisc an chéad Bhallstáit sa chríoch sin. Mar sin, d’fhéadfadh raon feidhme ábhartha dlíthe oidhreachta náisiúnta áirithe a bheith níos cuimsithí, ach ní féidir leis na dlíthe sin earraí cultúir Ballstáit a thógtar lasmuigh dá chríoch a chosaint ar an gcaoi a gcosnaítear leis an Rialachán iad.

Maidir le saincheist ghaolmhar, chuir Ballstáit áirithe tuairim in iúl nach náirithítear leis an Rialachán aonfhoirmeacht na rialacha maidir le cosaint na hoidhreachta ar bhealach leormhaith ar fud an Aontais. Is í an reachtaíocht náisiúnta an bonn ar a ndeonaítear ceadúnais onnmhairiúcháin nó nach ndeonaítear iad. Sa chiall sin, d’fhéadfadh sé go gceadófaí earraí cultúir a bhaineann le catagóir ar leith d’Iarscríbhinn I a onnmhairiú i mBallstát A — dheonófaí an ceadúnas ansin — ach nach gceadófaí an méid sin i mBallstát B — áit a ndiúltófaí an ceadúnas. Is gnáthrud é sin agus ní féidir é a athrú, ós rud é go bhfuil inniúlacht eisiach ag na Ballstáit maidir le gnóthaí cultúrtha. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an tAontas na forálacha sin a chomhchuibhiú agus a leagan síos cé na hearraí cultúir ba cheart dóibh a ainmniú mar ‘sheoda náisiúnta, a mbaineann luach ealaíne, staire nó seandálaíoch leo 13 .

Luaigh roinnt Ballstát saincheist na dtairseach luacha freisin mar bhealach féideartha chun feabhas a chur ar éifeachtacht an Rialacháin (maidir leis sin féach Roinn 4.4 thíos).

Sa bhabhta comhairliúcháin seo, d’athdhearbhaigh na Ballstáit go bhfuil gá le tuilleadh faisnéise faoi reachtaíocht náisiúnta oidhreachta a chéile, ionas go mbeadh na húdaráis inniúla atá i gceannas ar eisiúint ceadúnas in ann trádáil aindleathach a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí. Mar sin féin, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil a reachtaíocht ar fáil ar líne ag roinnt mhaith Ballstát, rud a chuir cosc ar sheirbhísí an Choimisiúin coimre ar líne a chruthú ina bhfuil hipearnasc chuig an reachtaíocht sin le haghaidh úsáid ag riaracháin na mBallstát eile agus le haghaidh onnmhaireoirí.

I gcomhthéacs an leathnaithe a dhéanfar ar an gcóras ICG amach anseo lena ndéanfar ceadúnais onnmhairiúcháin a dhigitiú freisin faoi Rialachán (CE) 116/2009, d’fhéadfaí coimre a chur leis ina mbeadh faisnéis bhunúsach faoi fhorálacha náisiúnta na mBallstát, mar a bheidh ann i gcás dlíthe agus rialacháin tríú tíortha. Idir an dá linn, d’fhéadfadh seirbhísí an Choimisiúin iarracht a dhéanamh leathanach gréasáin na n‑earraí cultúir ar fhreastalaí Europa a fheabhsú le faisnéis faoi reachtaíocht na mBallstát (mura bhfuil sí foilsithe ar líne ar an leibhéal náisiúnta, comhad PDF ina bhfuil an téacs dlíthiúil).

Áirítear ar mhodhanna eile a shainaithin na Ballstáit chun feidhmíocht fhoriomlán an Rialacháin a fheabhsú treoraíocht chun tuiscint a fháil ar na téarmaí ‘suite go cinntitheach agus go dleathach’ lena gcinntear cé an Ballstát atá inniúil maidir leis an gceadúnas onnmhairiúcháin a eisiúint 14 . Chuirfeadh an méid sin cosc ar oibreoirí neamhscrupallacha earra cultúir a aistriú go sealadach chuig Ballstát eile chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas i mBallstát eile seachas an Ballstát a ainmníonn agus a chosnaíonn an ní mar sheoid náisiúnta. Go dtí seo, ní raibh aon chás ann 15 a shroich Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, arb í amháin atá inniúil chun léirmhíniú barántúil a sholáthar ar na téarmaí sin, agus mar sin tá éagsúlachtaí fós ann maidir leis an gcaoi a dtuigeann na húdaráis riaracháin agus na páirtithe leasmhara iad agus maidir leis an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad.

Maidir leis an nGrúpa Tionscadail a bunaíodh in 2017 agus é mar aidhm aige scrúdú a dhéanamh ar mhodhanna oibre na mBallstát a úsáidtear chun bunáitíocht earraí cultúir a imscrúdú agus dea-chleachtais a shainaithint agus comhairle phraiticiúil a fhorbairt chun ceadúnais agus rialuithe custaim a eisiúint, tá a chuid oibre curtha i gcrích go rathúil aige agus chuir sé a thuarascáil agus a threoirdhoiciméid chuig an Sainghrúpa um shaincheisteanna custaim a bhaineann le hearraí cultúir in 2020.

I measc na saincheisteanna a scrúdaíodh, rinne an Grúpa iarracht coincheap na ‘bunáitíochta’ a shainmhíniú, i.e. na heilimintí faisnéise ba cheart d’údarás inniúil a iarraidh ar iarratasóir maidir leis an ní atá le honnmhairiú, chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an gceadúnas a dheonú. Sa chomhthéacs sin, tháinig an Grúpa ar an gconclúid gur féidir bunáitíocht earra cultúir a shainmhíniú mar ‘stair agus úinéireacht an ní ón uair ar aimsíodh nó ón uair a cruthaíodh é go dtí an lá atá inniu ann, trína ndéantar barántúlacht agus úinéireacht a chinneadh’.

4.2 Sainmhíniú ar earraí cultúir

Ní shainmhínítear sa Rialachán cad is earra cultúir ann. Ina ionad sin, liostaítear catagóirí nithe in Iarscríbhinn I 15 a ghabhann leis an Rialachán, ar nithe iad a thagann faoina raon feidhme. Tá tairseacha aoise agus luacha ag gabháil le formhór na gcatagóirí a liostaítear. Go ginearálta, meastar go gcuirtear creat leormhaith ar fáil in Iarscríbhinn I.

Maidir le raon feidhme beacht na gcatagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn I a thuiscint, sainaithníodh deacrachtaí ar leith maidir le léamh aonfhoirmeach ag na Ballstáit sa bhabhta comhairliúcháin seo — mar a bhí i dtuarascálacha roimhe seo — le cineálacha áirithe earraí cultúir:

-boinn ársa;

-cumhdach bailiúchán nithe seachas eiseamail aonair i gcatagóir 13.b;

-íocóin liotúirgeacha a aicmiú mar phéintéireachtaí nó mar chodanna de shéadchomharthaí 16 ;

-cé acu an liostú uileghabhálach nó táscach é liostú cineálacha áirithe earraí i gcatagóir 15.a;

-catagóir sonrach a mheaitseáil leis an aicmiú taraife iomchuí (cód AC).

Tá idirphlé agus malartú tuairimí i measc na mBallstát maidir leis na saincheisteanna sin curtha chun cinn go comhsheasmhach ag seirbhísí an Choimisiúin, lena n‑áirítear laistigh den Ghrúpa Tionscadail ‘Léirmhíniú ar Chatagóirí’ atá comhdhéanta d’ionadaithe na mBallstát (ó 2013 go 2017), ar cuireadh de chúram air na tuairimí atá ann faoi láthair a thiomsú maidir le conas catagóirí éagsúla earraí cultúir a léirmhíniú agus a shainaithin na príomhdhifríochtaí idir na Ballstáit maidir leis na saincheisteanna a luaitear thuas.

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go háirithe maidir le haicmiú íocón liotúirgeach, go meastar go réiteofar an cás leis na soiléirithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/880 nua maidir le hearraí cultúir a allmhairiú (is codanna de shéadchomharthaí reiligiúnacha iad íocóin agus dealbha liotúirgeacha).

Maidir le catagóir shonrach d’earraí cultúir a mheaitseáil leis an aicmiú taraife iomchuí, is cosúil go bhfuil dhá chineál faidhbe ann.

Baineann an chéad fhadhb le hearraí cultúir a aicmítear faoi Chaibidil 97 d’Ainmníocht Chomhcheangailte an Aontais. Is beag foroinn atá sa Chaibidil sin agus cuirtear roinnt catagóirí earraí cultúir éagsúla faoin gceannteideal taraife céanna. Fágann sin gur deacair an cód taraife is infheidhme a chinneadh i ngach cás agus, dá bhrí sin, an chatagóir faoinar cheart earra cultúir a aicmiú chun críocha an Rialacháin agus/nó an t‑aicmiú taraife faoinar cheart é a dhearbhú ag custaim. An Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (EDC) atá i gceannas ar ainmníocht taraife ar an leibhéal idirnáisiúnta, d’fhógair sí le déanaí go bhfuil sé ar intinn aici níos mó foranna a chruthú le haghaidh Chaibidil 97 agus go bhfuil súil aici go réiteoidh sin an fhadhb.

Eascraíonn fadhb eile as na leasuithe tréimhsiúla ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (‘CC’) — ar a bhfuil Ainmníocht Chomhcheangailte an Aontais bunaithe — ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm in 1993, rinneadh roinnt mhaith leasuithe comhleanúnacha ar an gCóras Comhchuibhithe agus, dá thoradh sin, rinneadh cóid taraife áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán a mhodhnú idir an dá linn agus is féidir leis a bheith deacair uaireanta, ag brath ar an tuairisc catagóire a thugtar san iarscríbhinn sin amháin, a fháil amach cén ceann is iomchuí do chatagóir ar leith d’earraí cultúir.

Maidir le treoirlínte a chur ar fáil le haghaidh léirmhíniú na gcatagóirí, fiú dá mbeadh na treoirlínte sin comhaontaithe ag na Ballstáit — rud nárbh amhlaidh i gcónaí — ní bheadh siad ceangailteach ó thaobh dlí de agus dá bhrí sin ní thabharfaidís deimhneacht dhlíthiúil do pháirtithe leasmhara. Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin atá freagrach as dlí an Aontais a léirmhíniú agus, mar a luadh roimhe seo, ní raibh an deis ag an gCúirt go dtí seo rialú ar aon cheann de na ceisteanna sin. É sin ráite, d’fhéadfadh tairbhe a bheith ag baint fós leis an méid mór oibre a rinne an Grúpa ‘Léirmhíniú ar Chatagóirí’, dar leis na Ballstáit, e.g. d’fhéadfaí a anailís agus a chonclúidí a chur san áireamh in athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Rialachán agus ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis.

4.3 Tairseacha aoise

Measann tromlach na mBallstát go bhfuil na tairseacha aoise a leagtar síos leis an Rialachán le haghaidh catagóirí áirithe earraí cultúir leormhaith.

Tá roinnt Ballstát den tuairim go bhfuil na tairseacha aoise róard chun na nithe a ainmnítear mar ‘sheoda náisiúnta’ laistigh dá gcríoch féin a chumhdach agus a chosaint ina niomláine. Ar an taobh eile, measann Ballstáit áirithe eile go bhfuil na tairseacha aoise róíseal, go háirithe i gcás na gcatagóirí nach bhfuil tairseach luacha acu (e.g. cartlanna; lámhscríbhinní), cás ina bhféadfadh sé go niarrfar ar údaráis chustaim agus ar údaráis inniúla líon ollmhór nithe comhaimseartha a láimhseáil, ar nithe iad a tháirgtear go sraitheach, agus cé go bhfuil siad faoi raon feidhme an Rialacháin go teicniúil agus dá bhrí sin faoi réir ceadúnú, nach measfaí go ginearálta go bhfuil siad ‘tábhachtach don tseandálaíocht, don réamhstair, don stair, don litríocht, don ealaín ná don eolaíocht 17 .

In éagmais sainmhíniú ar earraí cultúir sa Rialachán — amhail an ceann dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Choinbhinsiún UNESCO 1970 — aon ní a chomhlíonann na critéir theicniúla aoise agus/nó luacha, beag beann ar thábhacht chultúrtha iarbhír a bheith ag baint leis, féadfaidh sé teacht faoi raon feidhme an Rialacháin agus ní mór ceadúnas onnmhairiúcháin a eisiúint ina leith chun imeacht go dleathach as críoch an Aontais.

4.4 Tairseacha airgeadais

Maidir leis na tairseacha luacha le haghaidh earraí cultúir a leagtar amach in Iarscríbhinn I.B a ghabhann leis an Rialachán, measann líon suntasach Ballstát go bhfuil siad sin sách ard, agus measann mionlach beag Ballstát gur cheart iad a ardú a thuilleadh.

Ballstát amháin atá i bhfabhar na tairseacha luacha in Iarscríbhinn I.B a mhéadú, chuir sé in iúl nár athbhreithníodh na luachanna íosta ó glacadh an bun‑Rialachán (seachas tairseach airgeadaíochta ar leith a chur leis le haghaidh uiscedhathanna, gouaches agus pastail in 1996) agus mhol sé gur cheart iad a athbhreithniú ar bhonn Airteagal 10(2), an dara fomhír, chun boilsciú a chur san áireamh.

Ballstáit eile atá i bhfabhar na tairseacha a laghdú, molann siad go n‑úsáidfí sásra coigeartaithe chun luaineachtaí airgeadaíochta a chur san áireamh agus ‘comhéifeacht tíre’ chun na difríochtaí idir praghsanna díola margaidh ealaíne na mBallstát a chur san áireamh. Mar a thugann ceann de na Ballstáit sin le fios, ní thiocfadh roinnt mhaith nithe atá ar taispeáint agus atá mar chuid de bhailiúcháin bhuana ina músaeim faoi raon feidhme an Rialacháin mar gheall ar a thairseacha ardluacha amháin — in ainneoin go bhfuil na nithe i dtrácht ainmnithe go soiléir mar sheoda náisiúnta a bhfuil tábhacht stairiúil agus chultúrtha ag baint leo.

4.5 Figiúirí maidir le ceadúnais chaighdeánacha onnmhairiúcháin

Ba é 44,138 an líon ceadúnas caighdeánach a d’eisigh na Ballstáit le linn na tréimhse 2018 go 2020 (féach freisin Tábla 1 san iarscríbhinn le haghaidh sonraí bliantúla).

Ceadúnais chaighdeánacha de réir Ballstáit 2018-2020

In ord íslitheach, ba iad seo a leanas na príomhchatagóirí a bhfuarthas iarratais ar cheadúnas ina leith le linn na tréimhse tuairiscithe: saothair ealaíne (péintéireachtaí, mósáicí, uiscedhathanna agus gouaches, greantaí, dealbha), earraí seandálaíochta (onnmhairiú sealadach den chuid is mó le haghaidh taispeántas); ioncúnabail, lámhscríbhinní agus léarscáileanna; nithe ar díol spéise iad ó thaobh na moneolaíochta de (boinn), agus ina dhiaidh sin cineálacha éagsúla seandachtaí de chatagóir 15 amhail seodra, uirlisí ceoil, troscán, cloig, airm, bréagáin, cairpéid, etc. (le haghaidh onnmhairiú cinntitheach den chuid is mó). Thuairiscigh roinnt Ballstát go raibh laghdú suntasach ar líon na n‑onnmhairí le haghaidh catagóirí áirithe (e.g. péintéireachtaí) le linn 2020, arb é paindéim COVID-19 is cúis leis sin, dar leo. Mar sin féin, dar leis na Ballstáit arís, chonacthas méadú mór ar líon na gceadúnas náisiúnta (‘saorghluaiseacht’) le linn na tréimhse céanna, rud a léiríonn méadú ar an éileamh laistigh de mhargadh an Aontais.

4.6 Ceadúnais oscailte shonracha agus ghinearálta

Féadfar ceadúnais oscailte shonracha a eisiúint le haghaidh earra cultúir sonrach a onnmhairíonn duine príobháideach go sealadach go tráthrialta (Airt. 10 den Rialachán Cur Chun Feidhme). Le linn na tréimhse 2018-2020, ba é 3,828 an líon ceadúnas oscailte sonrach a eisíodh (féach freisin Tábla 2 san iarscríbhinn le haghaidh sonraí bliantúla). Tuairiscíonn thart ar leath de na Ballstáit nach ndéanann siad foráil maidir le ceadúnais den sórt sin a eisiúint. Na Ballstáit a eisíonn ceadúnais oscailte shonracha, déanann siad amhlaidh go príomha le haghaidh uirlisí ceoil a onnmhairítear le haghaidh taibhithe ealaíne nó le haghaidh modhanna iompair seandachta a onnmhairítear le haghaidh taispeántas.

Cé is moite de dhá Bhallstát, d’eisigh na Ballstáit eile go léir líon measartha íseal ceadúnas den sórt sin laistigh den tréimhse tuairiscithe.

Ceadúnais oscailte shonracha i gcúrsaíocht de réir Ballstáit 2018-2020

Leagtar síos uastréimhse bhailíochta 5 bliana le haghaidh na gceadúnas oscailte sonrach sa Rialachán Cur Chun Feidhme. Cuireann tromlach na mBallstát a eisíonn ceadúnais den sórt sin an teorainn sin i bhfeidhm; mar sin féin, tá roinnt eisceachtaí ann i gcás ina bhfuil an t‑uasfhad bailíochta neamhshonraithe nó níos giorra (1-3 bliana). Le linn na tréimhse bailíochta, ceadaítear na nithe lena mbaineann a onnmhairiú arís agus arís eile.

Ceadaítear le ceadúnais ghinearálta oscailte (Airt. 13 den Rialachán Cur Chun Feidhme) do mhúsaeim agus d’institiúidí comhchosúla earraí cultúir a onnmhairiú go sealadach agus go tráthrialta. Le linn na tréimhse 2018-2020, ba é 1,727 an líon ceadúnas oscailte ginearálta a eisíodh (féach freisin Tábla 3 san iarscríbhinn le haghaidh sonraí bliantúla). Leagtar síos uastréimhse bhailíochta 5 bliana freisin le haghaidh na gceadúnas sin. Cuireann tromlach na mBallstát a eisíonn ceadúnais den sórt sin teorainn níos giorra i bhfeidhm. Braitheann an fad go ginearálta ar an gclúdach árachais nó ar na riachtanais don iasacht nó don taispeántas.

Ceadúnais ginearálta shonracha i gcúrsaíocht de réir Ballstáit 2018-2020

4.7 Díolúine ón gceanglas maidir le ceadúnas onnmhairiúcháin

Leis an díolúine seo, atá bunaithe ar Airteagal 2(2) den Rialachán, ceadaítear do na Ballstáit gan ceadúnas onnmhairiúcháin a bheith de cheangal le haghaidh nithe faoi chatagóir 1, an chéad fhleasc agus an dara fleasc, i gcás ina meastar nach bhfuil ach leas teoranta seandálaíochta nó eolaíochta ag baint leo.

I dtréimhsí tuairiscithe roimhe seo, níor thuairiscigh ach aon Bhallstát amháin gur bhain siad úsáid as an bhforáil sin. Mar sin féin, le linn na tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair, thuairiscigh dhá Bhallstát breise go bhfuil réada seandálaíochta nach bhfuil ach leas teoranta ag baint leo díolmhaithe acu ón gceanglas ceadúnúcháin. Is léir go bhfuil an critéar a úsáidtear chun ‘leas teoranta’ a chinneadh bunaithe ar chineál na nithe, go háirithe, cibé acu an nithe iad a táirgeadh i méideanna móra san am atá caite agus atá gar-chomhionann (e.g. boinn ársa) nó cibé acu an nithe iad atá ‘ar taispeáint’ le blianta fada anuas agus, dá bhrí sin, ní féidir iad a mheas a thuilleadh mar ‘tháirge díreach tochailtí’.

4.8 Cúiseanna le hiarratas ar cheadúnas a dhiúltú

Mar a tharla i dtréimhsí tuairiscithe roimhe seo, is annamh a bhíonn cásanna ina ndiúltaítear iarratas ar cheadúnas onnmhairiúcháin. Cé is moite den Ríocht Aontaithe ina bhfuil dhá thrian de mhargadh ealaíne an Aontais agus a thuairiscigh 14 dhiúltú, dhiúltaigh formhór na mBallstát eile ar an meán níos lú ná 1 iarratas in aghaidh na bliana den tréimhse tuairiscithe. Tuairiscíonn roinnt Ballstát nár dhiúltaigh siad d’aon iarratas le linn na tréimhse tuairiscithe agus tuairiscíonn dhá Bhallstát fiú nár dhiúltaigh siad d’iarratas ar cheadúnas riamh.

Maidir leis na forais ar ar diúltaíodh d’iarratais, seachas an t‑ábhar a ainmniú mar sheoid náisiúnta a bhfuil toirmeasc ar a onnmhairiú, is iad na forais is minice a agraítear nár chuir an t‑oibreoir an t‑iarratas faoi bhráid údarás inniúil ceart an Bhallstáit; gur dhiúltaigh an t‑iarratasóir an fhaisnéis maidir leis an mbunáitíocht dhleathach a iarradh a sholáthar nó gur mhainnigh sé ar shlí eile an fhaisnéis sin a sholáthar; go bhfuil an ní falsa; nach dtagann an ní faoi raon feidhme an Rialacháin; nó gur mhainnigh an t‑iarratasóir an ceadúnas náisiúnta saorghluaiseachta is gá a fháil.

Maidir leis na forais dheireanacha a luadh maidir le diúltú, ceanglaítear le reachtaíocht Ballstát áirithe, sa bhreis ar cheadúnas onnmhairiúcháin AE, gur gá d’onnmhaireoir ceadúnas náisiúnta ‘saorghluaiseachta’ a fháil freisin, lena n‑údaraítear imeacht an earra cultúir as an gcríoch náisiúnta. I gcás dlíthe Ballstát áirithe lena ndéantar foráil maidir le ceadúnais náisiúnta ‘saorghluaiseachta’, ní mór iarratas a dhéanamh ar cheadúnas onnmhairiúcháin AE, ag an am céanna nó laistigh de mhéid ama socraithe tar éis don cheadúnas náisiúnta ‘saorghluaiseachta’ a bheith eisithe, i.e. is réamhchoinníoll é ceadúnas náisiúnta a fháil agus is é an bunús é chun ceadúnas onnmhairiúcháin AE a dheonú.

4.9 Eisiúint Ceadúnas

Grianghraif. Is gné an‑tábhachtach é grianghraif a áireamh san iarratas ar cheadúnas, toisc gur féidir leis na húdaráis chustaim an rud a shainaithint agus an ceadúnas onnmhairiúcháin á rialú acu. Éilíonn gach Ballstát grianghraif a mhéid a bhaineann le honnmhairí cinntitheacha, agus béim ar leith á leagan ar onnmhairiú bailiúchán a chumhdaítear faoi aon cheadúnas amháin. Déanann Ballstáit áirithe roinnt eisceachtaí i gcásanna onnmhairithe shealadaigh nó earraí ar luach íseal/ús íseal (e.g. bailiúcháin leabhar nó nithe nach bhfuil marcálacha inaitheanta acu).

Bileog Uimh. 3 a chur ar ais. Foráiltear in Airteagal 5 den Rialachán Cur Chun Feidhme gur cheart don oifig custaim imeachta Bileog Uimh. 3 18 den fhoirm cheadúnais onnmhairiúcháin a chur ar ais chuig an údarás inniúil eisiúna chun a dheimhniú go ndearnadh an tonnmhairiú agus gur úsáideadh an ceadúnas. Mar sin féin, tuairiscíonn na Ballstáit nach ndéantar é sin i ngach cás.

Ní féidir ach le dhá Bhallstát a d’fhorbair agus a úsáideann córas leictreonach chun ceadúnais onnmhairiúcháin a eisiúint a fhíorú cé acu a úsáideadh na ceadúnais uile nó nár úsáideadh, toisc go bhfuil a gcóras nasctha le custaim. Fiú sna cásanna sin, is deacair an fíorú a dhéanamh nuair a imíonn na hearraí cultúir ón Aontas trí chríoch Ballstáit eile. Measann na Ballstáit, ar an iomlán, gurb é an úsáid a bhaintear as córas láraithe ríomhcheadúnúcháin a dhéanann comhéadan le córais TF custaim — amhail an córas atá á fhorbairt faoi láthair chun críocha an Rialacháin maidir le hallmhairiú — an réiteach is fearr ar an bhfadhb seo.

4.10 Ceadúnais a chur ar ceal nó a chúlghairm

Tá reachtaíocht ag tuairim is leath de na Ballstáit lena ndéantar foráil maidir le ceadúnais a chúlghairm nó a chur ar ceal tar éis iad a eisiúint, trí fhorálacha sonracha a bhaineann le hearraí cultúir nó ar bhonn an dlí riaracháin ghinearálta lena n‑éilítear go ndéanfar gníomh riaracháin a chúlghairm nuair atá sé bunaithe ar fhaisnéis mhíthreorach nó bhréagach. Le linn na tréimhse tuairiscithe, níor chúlghair ach aon Bhallstát amháin ceadúnais onnmhairiúcháin (i gcás amháin). Thuairiscigh Ballstát eile go ndearna siad 13 cheadúnas ‘saorghluaiseachta’ náisiúnta a chúlghairm, ar réamhchoinníoll iad sa Bhallstát sin maidir le ceadúnas onnmhairiúcháin AE a dheonú.

4.11 Córais leictreonacha/bunachair sonraí leictreonacha a úsáid

Mar a luaitear thuas (féach Roinn 3.1), tá seirbhísí an Choimisiúin i mbun córas láraithe leictreonach a fhorbairt chun foirmiúlachtaí a chur i gcrích agus chun comhar riaracháin a dhéanamh i gcomhthéacs Rialachán 2019/880, ‘córas ICG’, mar a thugtar air, chun earraí cultúir a allmhairiú. Ós rud é go meastar go n‑éascófar rialuithe leis an gcóras sin agus go gcuideofar le trádáil aindleathach in earraí cultúir de thionscnamh tríú tíortha a chomhrac, measadh gurbh iomchuí an iarracht chéanna a dhéanamh agus gur cheart cosaint chomhionann a thabhairt d’earraí cultúir de thionscnamh Eorpach. Dá bhrí sin, rinne seirbhísí an Choimisiúin an córas ICG a dhearadh sa chaoi is go bhféadfaí é a úsáid amach anseo — maille leis na hoiriúnuithe is gá — chun críocha chóras ceadúnúcháin onnmhairiúcháin an Aontais.

Tá méadú ag teacht ar líon na mBallstát a bhfuil a gcóras ceadúnúcháin onnmhairiúcháin digitithe acu nó atá i mbun an chórais sin a dhigitiú faoi láthair. I mBallstáit áirithe, is féidir an t‑iarratas a líonadh isteach agus a chur isteach go leictreonach (e.g. trí chomhad gníomhach PDF a líonadh isteach ar líne) ach ansin déantar an ceadúnas onnmhairiúcháin féin a shíniú agus a eisiúint ar pháipéar go fóill. Is é forálacha an ghnímh cur chun feidhme is cúis leis sin, lena bhforchuirtear ceadúnas páipéir a úsáid.

Sa chomhthéacs sin, ní mór a thabhairt faoi deara freisin, i reachtaíocht náisiúnta roinnt Ballstát, go ndéantar foráil faoi láthair maidir leis an gceart atá ag saoránaigh a bheith in ann iarratais a chur faoi bhráid na n‑údarás poiblí i bhformáid dhigiteach, ar líne. Baineann sé sin le gach cineál iarratas — ní hamháin iad siúd a bhaineann le hearraí cultúir a onnmhairiú — agus cruthaítear leis sin oibleagáid chomhfhreagrach don riarachán chun ardáin agus córais TF iomchuí a fhorbairt chun a nósanna imeachta a dhigitiú agus chun a bheith in ann iarratais leictreonacha a fháil ó shaoránaigh is iarratasóirí. Dá bhrí sin, tá na córais leictreonacha náisiúnta sin forbartha ag roinnt Ballstát chun ceadúnais onnmhairiúcháin de chuid an Aontais agus ceadúnais náisiúnta saorghluaiseachta araon a láimhseáil, i.e. ceadúnais le haghaidh gluaiseacht earraí cultúir laistigh den Aontas.

Tá roinnt mhaith tairbhí ag baint le córas digiteach AE le haghaidh ceadúnais onnmhairiúcháin, agus tá na tairbhí sin follasach: comhar agus cumarsáid níos fearr idir údaráis inniúla custaim agus cultúir ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais freisin; faireachán níos fearr ar úsáid ceadúnas, go háirithe nuair atá an oifig custaim imeachta i mBallstát difriúil ón mBallstát a d’eisigh an ceadúnas; comhéadan le córais TF custaim trí Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail Eorpaigh maidir le custam; éascú trádála d’onnmhaireoirí; níos mó aonfhoirmeachta i gcur chun feidhme an Rialacháin; foirmiúlachtaí a bhaint amach níos tapúla i dtimpeallacht gan pháipéar agus cosc éifeachtach a chur ar bhrionnuithe — gan ach cuid acu a lua, mar sin tá formhór mór na mBallstát i bhfabhar an digitithe. Tá imní áirithe curtha in iúl ag dhá Bhallstát, áfach, maidir le húsáid córais láraithe leictreonaigh den chineál céanna agus an córas atá á fhorbairt faoi láthair chun críoch allmhairithe.

Go sonrach, chuir na Ballstáit atá i gceist in iúl go bhfuil na córais náisiúnta nó na bunachair sonraí atá á n‑úsáid acu faoi láthair in oiriúint dá sonraíochtaí, go háirithe nuair a fhoráiltear lena reachtaíocht do cheadúnais náisiúnta nach mór a fháil sa bhreis ar cheadúnas onnmhairiúcháin an Aontais nó nuair is réamhchoinníoll é an ceadúnas náisiúnta d’eisiúint cheadúnas onnmhairiúcháin an Aontais. Ina theannta sin, i bhfianaise na hinfheistíochta a rinneadh, d’fhéadfadh sé a bheith fritorthúil deireadh iomlán a chur lena gcórais náisiúnta chun córas láraithe de chuid an Aontais a chur ina n‑ionad.

Ar an gcúis sin, sheol seirbhísí an Choimisiúin staidéar féidearthachta lena ndéanfar anailís agus scrúdú — i measc gnéithe digitithe eile — ar an gcás gnó maidir le leathnú ‘hibrideach’ a fhorbairt ar an gcóras ICG chun críoch onnmhairithe, rud lena lárófaí na feidhmiúlachtaí a chuireann buntáistí an digitithe ar fáil, agus lena bhfágfar gnéithe eile ar fearr déileáil leo ar leibhéal na mBallstát faoi na córais náisiúnta (agus an fhéidearthacht ann comhéadan a dhéanamh).

Chun córas na gceadúnas onnmhairiúcháin a dhigitiú, beidh gá le leasú ar fhorálacha cur chun feidhme an Rialacháin (Rialachán (AE) 1081/2012). Ba cheart don ionstraim chéanna an gaol idir ceadúnais onnmhairiúcháin agus ceadúnais allmhairiúcháin a chinneadh freisin, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun dúbláil ar cheanglais dhoiciméadacha a sheachaint 19 .

4.12 Ábhar agus acmhainní daonna

D’fhan na riachtanais maidir le pearsanra agus acmhainní maidir le chur chun feidhme an Rialacháin cobhsaí i bhformhór na mBallstát le linn na tréimhse tuairiscithe. I dtrí Bhallstát rinneadh acmhainní daonna a mhéadú mar fhreagairt ar riachtanais mhéadaitheacha beartais agus riaracháin agus tá méadú tagtha ar riachtanais dhá Bhallstát eile nár comhlíonadh trí na hacmhainní riachtanacha a fhostú (luaigh ceann de na Ballstáit sin gurb í paindéim Covid‑19 is cúis leis an moill ar phearsanra breise a fhostú). Thuairiscigh trí Bhallstát go bhfuil laghdú tagtha ar a riachtanais mar gheall ar líon níos ísle ceadúnas onnmhairiúcháin (luadh Covid‑19 arís mar chúis leis an laghdú).

5.Conclúidí agus saincheisteanna atá fós gan réiteach

Bunaithe ar an aiseolas a fuarthas ó na Ballstáit don tréimhse tuairiscithe 2018-2020, is cosúil go bhfuil ag éirí go maith leis an Rialachán ó thaobh a chuspóirí a bhaint amach agus measann siad gur ionstraim dlí an‑tábhachtach é chun trádáil aindleathach in earraí cultúir a chomhrac.

Mar a tharla i dtuarascálacha roimhe seo, sainaithnítear an comhar riaracháin agus an chumarsáid idir na húdaráis atá i gceannas ar an Rialachán a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais mar cheann de na príomhghnéithe inar féidir cur chun feidhme a fheabhsú.

Sainaithnítear freisin gur bacainní féideartha ar chur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin iad na difríochtaí tuisceana maidir le forálacha áirithe den Rialachán agus, go háirithe, raon feidhme catagóirí earraí cultúir agus an príomhthéarma [i gcás ina bhfuil na hearraí] ‘suite go cinntitheach’ — lena gcinntear cén Ballstát a bhfuil inniúlacht aige an ceadúnas onnmhairiúcháin a eisiúint.

Cuireann roinnt Ballstát in iúl freisin nach bhfuil na tairseacha luacha in oiriúint go maith do phraghsanna agus margaí áitiúla agus, toisc go bhfuil siad ró‑ard, go n‑eisiann siad ón raon feidhme agus ón gcosaint a chuirtear ar fáil leis an Rialachán go leor nithe cultúrtha a ainmnítear lena ndlíthe mar sheoda náisiúnta.

Ar deireadh, d’athdhearbhaigh na Ballstáit go bhfuil siad toilteanach aistriú ó chóras ceadúnas onnmhairiúcháin páipéir go córas leictreonach gan pháipéar. Measann siad le digitiú na gceadúnas onnmhairiúcháin go n‑éascófar cur i gcrích na bhfoirmiúlachtaí ag oibreoirí; go gcuirfear dlús leis an gcaoi a gcaitear le hiarratais; go gcuirfear feabhas ar fhíorú bunáitíochta ag na húdaráis inniúla; agus go gcuirfear feabhas ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na rialuithe teorann.



6.Iarscríbhinní

Tábla 1. Ceadúnais chaighdeánacha arna n‑eisiúint ag na Ballstáit

Ballstát

Bliain

2018 - 2020

Sciar den iomlán in 
%

2018

2019

2020

BE

340

352

181

873

1,98 %

BG

0

1

0

1

0,00 %

CZ

12

96

2

110

0,25 %

DK

59

61

24

144

0,33 %

DE

1368

1387

931

3686

8,35 %

EE

0

0

0

0

0,00 %

IE

16

17

11

44

0,10 %

EL

0

0

0

0

0,00 %

ES

1694

1838

2185

5717

12,95 %

FR

3064

2990

1841

7895

17,89 %

HR

19

9

14

42

0,10 %

IT (1)

67

99

87

253

0,57 %

CY

2

5

2

9

0,02 %

LV

0

1

0

1

0,00 %

LT (2)

 

 

 

0,00 %

LU

6

3

1

10

0,02 %

HU

4

9

1

14

0,03 %

MT

0

19

7

26

0,06 %

NL

368

289

218

875

1,98 %

AT

858

702

371

1931

4,37 %

PL

58

9

2

69

0,16 %

PT

385

396

582

1363

3,09 %

RO

0

0

0

0

0,00 %

SI

16

16

20

52

0,12 %

SK

11

12

5

28

0,06 %

FI

7

1

0

8

0,02 %

SE

134

70

33

237

0,54 %

UK

8351

8177

4222

20750

47,01 %

Iomlán

16839

16559

10740

44138

100,00 %

(1)

2018

2019

2020

Ceadúnais bhuana onnmhairiúcháin 64

Ceadúnais shealadacha onnmhairiúcháin 3

Ceadúnais bhuana onnmhairiúcháin 94

Ceadúnais shealadacha onnmhairiúcháin 5

Ceadúnais bhuana onnmhairiúcháin 85

Ceadúnais shealadacha onnmhairiúcháin 2

(2) Níor cuireadh sonraí staidrimh ar fáil



Tábla 2. Ceadúnais oscailte shonracha i gcúrsaíocht

Ballstát

Bliain

2018 - 2020

Sciar den iomlán in 
%

2018

2019

2020

BE

0

0

0

0

0,00 %

BG

0

0

0

0

0,00 %

CZ

0

0

0

0

0,00 %

DK

0

0

0

0

0,00 %

DE

555

965

828

2348

61,34 %

EE

0

0

0

0

0,00 %

IE

0

0

0

0

0,00 %

EL

0

0

0

0

0,00 %

ES

0

0

0

0

0,00 %

FR

4

1

2

7

0,18 %

HR

0

0

1

1

0,03 %

IT

0

0

0

0

0,00 %

CY

0

0

0

0

0,00 %

LV

0

0

0

0

0,00 %

LT (1)

 

 

 

0

0,00 %

LU

0

0

0

0

0,00 %

HU

0

0

0

0

0,00 %

MT

0

0

0

0

0,00 %

NL

336

394

394

1124

29,36 %

AT

0

0

1

1

0,03 %

PL

6

15

15

36

0,94 %

PT

0

0

0

0

0,00 %

RO

0

0

0

0

0,00 %

SI

0

0

1

1

0,03 %

SK

0

0

0

0

0,00 %

FI

-

-

-

0

0,00 %

SE

0

0

0

0

0,00 %

UK

146

142

22

310

8,10 %

Iomlán

1047

1517

1264

3828

100,00 %

(1) Níor cuireadh sonraí staidrimh ar fáil



Tábla 3. Ceadúnais oscailte ghinearálta i gcúrsaíocht

Ballstát

Bliain

2018 - 2020

Sciar den iomlán in 
%

2018

2019

2020

BE

0

0

0

0

0,00 %

BG

4

1

0

5

0,29 %

CZ

0

0

0

0

0,00 %

DK

50

50

50

150

8,69 %

DE

228

286

281

795

46,03 %

EE

0

0

0

0

0,00 %

IE

0

0

0

0

0,00 %

EL

2

10

2

14

0,81 %

ES

233

252

90

575

33,29 %

FR

0

0

0

0

0,00 %

HR

3

0

0

3

0,17 %

IT

0

0

0

0

0,00 %

CY

0

0

0

0

0,00 %

LV

0

0

0

0

0,00 %

LT (1)

0

0

0

0

0,00 %

LU

0

0

0

0

0,00 %

HU

14

1

0

15

0,87 %

MT

0

0

0

0

0,00 %

NL

0

0

0

0

0,00 %

AT

0

0

0

0

0,00 %

PL

12

11

8

31

1,80 %

PT

0

0

0

0

0,00 %

RO

0

0

0

0

0,00 %

SI

38

38

37

113

6,54 %

SK

0

0

0

0

0,00 %

FI

0

0

0

0

0,00 %

SE

9

9

8

26

1,51 %

UK

0

0

0

0

0,00 %

Iomlán

593

658

476

1727

100,00 %

(1) Níor cuireadh sonraí staidrimh ar fáil



Tábla 4. Iarratais ar Cheadúnais Chaighdeánacha a diúltaíodh

Ballstát

Bliain

2018 - 2020

Sciar den iomlán in 
%

2018

2019

2020

BE

0

2

0

2

0,46 %

BG

0

0

0

0

0,00 %

CZ

2

1

0

3

0,69 %

DK

0

0

0

0

0,00 %

DE

0

0

0

0

0,00 %

EE

0

0

0

0

0,00 %

IE

0

0

0

0

0,00 %

EL

0

0

0

0

0,00 %

ES

82

72

116

270

61,93 %

FR

0

0

0

0

0,00 %

HR

0

0

0

0

0,00 %

IT

0

0

0

0

0,00 %

CY

0

0

0

0

0,00 %

LV

0

0

0

0

0,00 %

LT (1)

 

 

 

0

0,00 %

LU

0

0

0

0

0,00 %

HU

50

41

42

133

30,50 %

MT

2

0

2

4

0,92 %

NL

0

0

1

1

0,23 %

AT

1

1

3

5

1,15 %

PL

0

0

0

0

0,00 %

PT

0

0

0

0

0,00 %

RO

0

0

0

0

0,00 %

SI

0

1

1

2

0,46 %

SK

0

0

0

0

0,00 %

FI

0

0

0

0

0,00 %

SE

0

0

0

0

0,00 %

UK

7

7

2

16

3,67 %

Iomlán

144

125

167

436

100,00 %

(1) Níor cuireadh sonraí staidrimh ar fáil


Tábla 5. Cásanna ina raibh sárú/neamhchomhlíontacht

Bliain

Líon na mBallstát a rinne urghabháil

Líon iomlán na gcásanna ina raibh sárú

2018 (1)

12

117

2019 (2)

12

84

2020 (2)

8

52

Iomlán

253

(1) Níor chuir aon Bhallstát amháin sonraí ar fáil

(2) Níor chuir dhá Bhallstát sonraí ar fáil

(1)

Le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa go tréimhsiúil.

(2)

Ós rud é go gcumhdaítear tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2020 leis an tuarascáil seo, áirítear staitisticí ón Ríocht Aontaithe i measc staitisticí Bhallstáit an Aontais. Ón 1 Eanáir 2021, scoir dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige sa Ríocht Aontaithe, ach amháin i leith Thuaisceart Éireann. Ar an gcúis sin, ní áireofar ach staitisticí ó 27 mBallstát an Aontais agus ón Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann sna tuarascálacha lena gcumhdaítear tréimhsí a bheidh ann amach anseo.

(3)

Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le hearraí cultúir a onnmhairiú (IO L 39, 10.2.2009, lch. 1).

(4)

Airteagal 2(2).

(5)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1081/2012 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2012 chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle maidir le hearraí cultúir a onnmhairiú (IO L 324, 22.11.2012, lch. 1).

(6)

Tá an foilseachán is déanaí de na tagairtí sin le fáil in IO C 71, 24.2.2018, lch. 5. agus IO C 184, 12.5.2021, lch. 13

(7)

Treoir 2014/60/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le nithe cultúrtha a aistríodh go mídhleathach ó chríoch Ballstáit a fháil ar ais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (athmhúnlú) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 1).

(8)

Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú (IO L 151, 7.6.2019, lch. 1).

(9)

Páras, 14 Samhain 1970.

(10)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1079 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú (IO L 234 an 2.7.2021, lch. 67).

(11)

Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96 (IO L 169, 8.7.2003, lch. 6).

(12)

Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (IO L 16, 19.1.2012, lch. 1).

(13)

Airteagal 36 CFAE.

(14)

Ní raibh aon chás gaolmhar ann a shroich Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh riamh, agus mar thoradh air sin níl aon sainmhíniú sonrach ar an dá théarma sin.

(15)

Cé nach raibh aon dlí‑eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ann maidir leis an ábhar, bhí cás i gCúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe le déanaí. Iarradh ar an gCúirt a fhógairt ar seoladh péintéireacht ‘go dleathach’ chuig an Ríocht Aontaithe ó Bhallstát eile (an Iodáil), agus dá bhrí sin cé acu a raibh Comhairle Ealaíon Shasana (ACE) inniúil ar cheadúnas a dheonú don Éilitheoir chun í a bhaint den Aontas Eorpach de réir bhrí Airteagal 2(2)(b) den Rialachán nó nach raibh. Dhiúltaigh ACE ceadúnas onnmhairiúcháin a eisiúint don phéintéireacht chun an tAontas Eorpach a fhágáil in 2015.

Éisteadh an cás den chéad uair in 2018 os comhair an Bhreithimh Carr DBE a sheas le diúltú ACE agus chinn sí an méid seo a leanas:

(i) Ba cheart an coincheap ‘dlíthiúil’ ‘a bhreithniú faoi threoir dhlí an Bhallstáit seolta, an Iodáil sa chás seo’ (pointe 64), i bhfianaise theanga, struchtúr agus chuspóir rialacha comhordaithe an Aontais (pointí 57-63);

(ii) Ní raibh an ceanglas sin i ndlí na hIodáile ag teacht salach ar dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht earraí, lena dtugtar cumhacht do na Ballstáit a seoda náisiúnta a chosaint (pointí 87-94).

http://www.bailii.org/ew/cases/EWHC/Admin/2018/1822.html  

Tugadh cead achomhairc agus dhíbh an Chúirt Achomhairc an cás in 2020: https://www.blackstonechambers.com/documents/883/R_Simonis_v_Arts_Council_England.docx

Cuireadh iarratas ansin faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí ach diúltaíodh dó sin freisin: http://www.supremecourt.uk/docs/permission‑to-appeal-2021-01-2021-02.pdf (féach leathanach 3).

(16)

Is é an phríomhdhifríocht phraiticiúil go bhfuil tairseach luacha EUR 150 000 ag péintéireachtaí (catagóir 3), ach tá gá le ceadúnas onnmhairiúcháin ar chodanna de shéadchomharthaí (catagóir 2) beag beann ar luach margaidh. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go háirithe maidir le haicmiú íocón liotúirgeach, go meastar go réiteofar an cás leis na soiléirithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/880 nua maidir le hearraí cultúir a allmhairiú (is codanna de shéadchomharthaí reiligiúnacha iad íocóin agus dealbha liotúirgeacha).

(17)

Sainmhíniú ar mhaoin chultúrtha i gCoinbhinsiún UNESCO 1970, Airteagal 1.

(18)

Tá trí bhileog san fhoirm: Is é an t‑iarratas atá in Uimh. 1, is le haghaidh shealbhóir an cheadúnais Uimh. 2 agus tá Uimh. 3 le cur ar ais chuig an údarás eisiúna, a luaithe a bheidh an t‑earra cultúir imithe as an Aontas.

(19)

Go deimhin, in dhá Bhallstát, is féidir ceadúnais nó deimhnithe náisiúnta allmhairiúcháin a dheonú arna iarraidh sin (i gcás allmhairí sealadacha), agus dá bhrí sin bheadh ar allmhaireoirí earraí cultúir ceadúnas onnmhairiúcháin de chuid an Aontais a fháil agus a thíolacadh ag custaim nuair atá na hearraí atá i gceist ag filleadh ar an tríú tír thionscnaimh.

Top