Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0303

    Doiciméad beartais chun beartas straitéiseach ilbhliantúil a cheapadh maidir le bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2019/1896

    COM/2022/303 final

    An Bhruiséil,24.5.2022

    COM(2022) 303 final

    Doiciméad beartais

    chun beartas straitéiseach ilbhliantúil a cheapadh maidir le bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2019/1896


    1.Réamhrá

    Sainaithníodh i Straitéis Schengen an 2 Meitheamh 2021 dhá réamhriachtanas thábhachtacha le go mbeadh limistéar Schengen athléimneach lánfheidhmiúil. Is iad a bhí i gceist cur chuige comhtháite maidir le bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus cur chun feidhme éifeachtach an tsainordaithe nua a bhí tugtha don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, ar a dtugtar Frontex de ghnáth. Go háirithe, leagadh béim ar an ngá atá ann ‘an creat straitéiseach agus na comhpháirteanna oibríochtúla araon a chur ar fáil a theastaíonn chun ár mbeartais a nascadh ar bhealach níos fearr agus, dá réir sin, deireadh a chur leis na lúba atá ar lár idir cosaint na dteorainneacha, an tslándáil, an filleadh agus an imirce, agus cosaint na gceart bunúsach á áirithiú i gcónaí ag an am céanna’.

    Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ní mór don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit oibriú le chéile, go háirithe faoi chuimsiú an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh (EBCG), chun bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip (EIBM) a bhaint amach, agus na gníomhaithe ábhartha uile á dtabhairt le chéile ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Sa chomhthéacs sin, ba cheart bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip a chomhtháthú go hiomlán i dtimthriall Schengen freisin.

    Mar a fógraíodh i Straitéis Schengen, beidh cur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip á threorú ag timthriall an bheartais straitéisigh ilbhliantúil (timthriall beartais EIBM), atá le hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/1896 1 (Rialachán EBCG). Beidh timthriall an Bheartais Straitéisigh Ilbhliantúil ina threoir don chaoi ar cheart don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach feidhmiú go héifeachtach mar struchtúr as seo go ceann cúig bliana agus bainistíocht chomhtháite na dteorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme. Ar an leibhéal oibríochtúil, ba cheart go mbeadh creat coiteann sa timthriall sin chun an obair laethúil a dhéanann breis agus 120 000 oifigeach de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh ó na húdaráis náisiúnta agus ó Frontex a stiúradh.

    I gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Rialachán EBCG, leis an doiciméad beartais seo tá an Coimisiún ag cur tús le comhairliúchán le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir le forbairt an bheartais straitéisigh ilbhliantúil. Díreofar sa chomhairliúchán go háirithe ar Chaibidil 5 den doiciméad beartais seo, ina leagtar amach tosaíochtaí beartais agus treoirlínte straitéiseacha do thréimhse cúig bliana maidir leis na 15 chomhpháirt de BEIM a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán EBCG.

    Ina theannta sin, lorgófar tuairimí na n‑institiúidí maidir leis an mbealach chun próiseas comhtháite aontaithe leanúnach a leagan amach chun treoirlínte straitéiseacha a chur ar fáil do na gníomhaithe ábhartha uile, idir EBCG agus ghníomhaithe Eorpacha agus náisiúnta eile, chun cur chun feidhme comhleanúnach EIBM a áirithiú. Déanfar sin chun a áirithiú go gcuirfear dúshláin a thagann chun cinn san áireamh go cuí agus gur féidir tosaíochtaí a chur in oiriúint d’athruithe sna riachtanais. Ina theannta sin, ba cheart an sásra rialachais sin a bheith mar chuid de thimthriall an bheartais straitéisigh ilbhliantúil.

    Mar thoradh ar an bpróiseas comhairliúcháin seo, ba cheart Teachtaireacht ón gCoimisiún a dhréachtú lena mbunófaí an Beartas Straitéiseach Ilbhliantúil maidir le bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip, lena mbunófar, faoi dheireadh 2022, stiúir pholaitiúil le haghaidh bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip go ceann tréimhse cúig bliana. Déanfar an timthriall a chur chun feidhme a thuilleadh tríd an straitéis theicniúil agus oibríochtúil a bheidh le glacadh ag Bord Bainistíochta Frontex agus trí straitéisí náisiúnta na mBallstát.

    2.Achoimre ar thimthriall an bheartais straitéisigh ilbhliantúil do bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip

    I gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 77(1)(c)), tá beartas le forbairt ag an Aontas Eorpach d’fhonn a áirithiú go dtabharfar ‘córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha... isteach de réir a chéile’. Leagadh síos na comhpháirteanna, na prionsabail agus na príomhpháirtithe leasmhara le haghaidh bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip den chéad uair in 2016 i Rialachán EBCG agus rinneadh tuilleadh forbartha orthu sa leasú 2 a rinneadh air sin in 2019 agus ina leagtar amach freisin timthriall beartais EIBM le bheith ina chreat rialachais straitéisigh do chur chun feidhme éifeachtach EIBM. Tá sé ina chuspóir straitéiseach ag timthriall beartais EIBM a chinneadh conas ba cheart don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach aghaidh a thabhairt ar na dúshláin i réimsí bhainistíocht na dteorainneacha agus an fhillte ar bhealach comhleanúnach comhtháite córasach.

    Struchtúr thimthriall an bheartais straitéisigh ilbhliantúil

    Tá ceithre phríomhchéim sa struchtúr don timthriall cúig bliana beartais straitéisigh ilbhliantúil le haghaidh EIBM:

    1.stiúir pholaitiúil ó institiúidí an Aontais;

    2.straitéis theicniúil agus oibríochtúil le haghaidh EIBM ó Bhord Bainistíochta Frontex;

    3.straitéisí EIBM náisiúnta ó na Ballstáit;

    4.meastóireacht ag an gCoimisiún d’fhonn an timthriall a athsheoladh.



    Fíor 1: Timthriall an bheartais straitéisigh ilbhliantúil le haghaidh EIBM

    a) Stiúir Pholaitiúil

    D’fhorbair an Coimisiún an doiciméad beartais seo ar bhonn na hanailíse riosca straitéisí le haghaidh EIBM a chuir Frontex faoi bhráid an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i mí Iúil 2020, ina sainaithnítear dúshláin EIBM sna 10 mbliana amach romhainn. Chuir an Coimisiún san áireamh freisin na moltaí a d’eascair as meastóireacht théamach Schengen, a rinneadh sa tréimhse 2019-2020, ar straitéisí náisiúnta na mBallstát maidir le bainistiú comhtháite na dteorainneacha.

    Is iad institiúidí an Aontais atá freagrach as straitéis Eorpach um bainistiú comhtháite na dteorainneacha a fhorbairt. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbeidh comhar éifeachtach ann idir an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle chun creat polaitiúil a bhunú lena stiúrfar bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip. Ba cheart an creat sin a ghlacadh i bhfoirm Teachtaireachta ina leagtar amach an beartas straitéiseach ilbhliantúil le haghaidh EIBM.

    b) Straitéis theicniúil agus oibríochtúil Frontex maidir le EIBM

    I gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán EBCG, cuirtear de chúram ar Frontex straitéis theicniúil agus oibríochtúil a bhunú le haghaidh bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip, le cinneadh óna Bhord Bainistíochta agus ar bhonn togra ó stiúrthóir feidhmiúcháin Frontex. Tá an straitéis sin le hullmhú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún. Ní mór don straitéis a bheith i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán EBCG agus ní mór don Ghníomhaireacht staid shonrach na mBallstát, go háirithe a suíomh geografach, a chur san áireamh, i gcás ina bhfuil údar maith leis sin. Ba cheart go gcuirfeadh sé leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le beartas straitéiseach ilbhliantúil i leith BEIM, ach ba cheart dó ceanglais ábhartha reachtaíocht Schengen atá i bhfeidhm cheana a chur san áireamh freisin.

    Ceanglais maidir leis an straitéis theicniúil agus oibríochtúil le haghaidh BEIM

    ·Bord Bainistíochta Frontex agus a mheitheal thiomnaithe um BEIM chun forbairt na straitéise agus an phróisis cur chun feidhme a threorú agus maoirseacht a dhéanamh uirthi;

    ·Bunaithe ar 15 chomhpháirt Airteagal 3 de Rialachán EBCG;

    ·I gcomhréir leis an stiúir pholaitiúil ó institiúidí an Aontais;

    ·Straitéis aontaithe do EBCG a bhfuil feidhm aici maidir le Frontex agus le húdaráis náisiúnta bainistithe teorann na mBallstát araon;

    ·Gníomhaíochtaí a chumhdach ní hamháin ar leibhéal an Aontais ach ar an leibhéal náisiúnta freisin, lena náirítear gníomhaíochtaí atá dírithe ar chleachtais a chomhchuibhiú, ar mhodhanna teicniúla a chaighdeánú agus ar an idir-inoibritheacht oibríochtúil;

    ·Raon feidhme cúig bliana, agus timthriall clársceidealaithe an chreata airgeadais ilbhliantúil á chur san áireamh más féidir;

    ·Plean gníomhaíochta a bheith ag gabháil léi ina leagfar amach na príomhbhearta, an tamchlár, na garspriocanna, na hacmhainní is gá agus na socruithe faireacháin.

    c) Straitéisí náisiúnta le haghaidh bhainistiú comhtháite na dteorainneacha

    Is iad na Ballstáit a bheidh freagrach go príomha as bainistíocht a dteorainneacha seachtracha chun a leasa féin agus chun leasa na mBallstát uile. I bhfianaise an méid sin, ní mór straitéisí a ghlactar ar leibhéal an Aontais a aistriú go dtí an leibhéal náisiúnta chun bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme go héifeachtach. Ar an gcúis sin, ceanglaítear le hAirteagal 8(6) de Rialachán ECGB go mbunóidh na Ballstáit straitéisí náisiúnta dá gcuid féin le haghaidh bhainistiú comhtháite na dteorainneacha.

     Ceanglais maidir le straitéisí náisiúnta IBM

    ·Straitéis IBM amháin ag gach Ballstát;

    ·Struchtúr rialachais láraithe náisiúnta a bhunú do EIBM, lena ndéanfar comhordú idir na húdaráis ábhartha uile a bhfuil baint acu le bainistiú na dteorainneacha agus leis an bhfilleadh, agus aird á tabhairt ar impleachtaí beartas eile de chuid an Aontais a chuireann na húdaráis inniúla náisiúnta chun feidhme ag teorainneacha seachtracha na mBallstát laistigh dá ninniúlachtaí faoi seach, amhail údaráis chustaim agus údaráis rialaithe sláintíochta;

    ·Forbraítear í i gcomhréir leis an straitéis pholaitiúil arna cinneadh ag institiúidí an Aontais, le straitéis theicniúil agus oibríochtúil na Gníomhaireachta agus le ceanglais Schengen;

    ·Bunaithe ar na 15 chomhchuid d’Airteagal 3 de Rialachán EBCG; mar sin féin, is féidir réimsí inniúlachta náisiúnta a chumhdach freisin má mheastar é a bheith iomchuí;

    ·Leagtar amach socruithe náisiúnta maidir le bainistiú na dteorainneacha chomh maith leis an rannpháirtíocht i sásraí ábhartha an Aontais a ndéanann Frontex agus gníomhaithe ábhartha eile de chuid an Aontais comhordú orthu;

    ·An leithdháileadh reatha agus beartaithe d’acmhainní daonna agus airgeadais a leagan amach go soiléir, mar aon leis na príomhchéimeanna chun an bonneagar is gá a fhorbairt;

    ·Sásra athbhreithnithe agus faireacháin a bhunú;

    ·Cumhdach ilbhliantúil a chloíonn, más féidir, le timthriall clársceidealaithe an chreata airgeadais ilbhliantúil;

    ·Plean gníomhaíochta a bheith ag gabháil leis ina leagfar amach na príomhbhearta, an creat ama, na garspriocanna, na hacmhainní is gá agus na socruithe faireacháin.

    d) Meastóireacht ar an timthriall IBM

    Ceithre bliana tar éis ghlacadh na Teachtaireachta ina leagtar amach an beartas straitéiseach ilbhliantúil maidir le bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chríochnúil ar chur chun feidhme an bheartais ag na geallsealbhóirí uile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, d’fhonn an chéad timthriall eile den bheartas straitéiseach ilbhliantúil a ullmhú.

    Ollstruchtúr an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh

    Leis an Rialachán EBCG, cruthaítear ollstruchtúr cuimsitheach don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach, lena dtugtar le chéile Frontex agus tuairim is 50 go 60 údarás de chuid na mBallstát atá inniúil i leith bainistiú teorainneacha (lena n‑áirítear gardaí cósta agus iad i mbun cúraimí faireachais ar theorainneacha) agus i leith filleadh. Cuirtear de chúram ar EBCG leis an Rialachán freisin cur chun feidhme éifeachtach EIBM a áirithiú de mheon na freagrachta comhroinnte. Leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, is rud é a d’fhéadfadh fíorathrú riachtanach praiticiúil a dhéanamh. Chun na críche sin, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit, i dteannta a chéile, leas a bhaint as an ollstruchtúr nua sin, struchtúir rialachais EBCG a neartú, agus a chumais oibríochtúla nua a fheabhsú ag an am céanna trí chomhordú níos fearr agus níos tapúla ar leibhéal an Aontais.

    Ní mór do struchtúr rialachais an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a ráthú go mbeidh gníomhaíochtaí Frontex agus gníomhaíochtaí na n‑údarás náisiúnta garda teorann agus cósta ailínithe go hiomlán le cuspóirí polaitiúla an Aontais maidir le bainistiú na dteorainneacha agus na himirce, agus go leanfaidh siad an líne bheartais a bhaineann leis an tslándáil inmheánach.

    Is ar na Ballstáit fós an phríomhfhreagracht agus an phríomhinniúlacht i ndáil lena dteorainneacha a bhainistiú. A bhuí lena shainordú nua, tá Frontex ag glacadh páirt lárnach anois laistigh den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach trí ghníomhaíochtaí na mBallstát a threisiú, a mheasúnú agus a chomhordú agus trí chumais Eorpacha a bhunú.

    Ón uair a bunaíodh é, chuir EBCG creat ar fáil le haghaidh malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil, ní hamháin idir Frontex agus na Ballstáit ach idir údaráis éagsúla na mBallstát a ghníomhaíonn mar chomhpháirteanna náisiúnta freisin. Ó 2019 i leith, tá na huirlisí sin á gcomhlánú leis an bhféidearthacht tacaíocht níos éifeachtaí a thabhairt do na Ballstáit trí fhórsa oibríochtúil na Gníomhaireachta féin, buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh. Is faoi cheannas agus faoi rialú an Bhallstáit aíochta a imscartar an buanchór. Ó thaobh na teicneolaíochta de, leis an Rialachán EBCG, tugadh treisiú breise isteach ar mhaithe le ceartfheidhmiú EBCG, i.e. comhtháthú iomlán an Chórais Eorpaigh um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR), chun feasacht staide agus malartú éifeachtach faisnéise agus pleanáil chomhtháite a áirithiú, lena gcumhdaítear an fhorbairt oibríochtúil, teagmhais agus cumais. Déanann Frontex comhordú lárnach air sin ar fad agus tugann tacaíocht dó. Ina theannta sin, tá an Ghníomhaireacht ag tionscnamh agus ag comhordú a lán próiseas eile (e.g. caighdeánú le haghaidh trealamh teicniúil agus malartú faisnéise) agus ag tacú leo, d’fhonn an Garda Teorann agus Cósta Eorpach a neartú a thuilleadh agus obair laethúil na ngardaí teorann san Aontas a éascú.

    Fíor 2: An Garda Teorann agus Cósta Eorpach

    Tá ról oibríochtúil ag an gCoimisiún freisin maidir le gnéithe áirithe de chur chun feidhme EIBM, go háirithe maidir le maoiniú ón Aontas, sásra meastóireachta Schengen agus comhordú an chomhair idirghníomhaireachta sna teophointí. Leagann Rialachán EBCG béim freisin ar a thábhachtaí atá geallsealbhóirí Eorpacha eile, go háirithe gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais (eu-LISA, Europol, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA), agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA). Tá dlúthchomhar idir na geallsealbhóirí sin, Frontex, agus údaráis inniúla na mBallstát ríthábhachtach chun a áirithiú go gcuirfear EIBM chun feidhme go rathúil. Ar an leibhéal náisiúnta, oibríonn réimse leathan údarás (údaráis chustaim, forfheidhmithe dlí, agus sláinte poiblí) i gcomhar le comhpháirteanna náisiúnta den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach chun cur chun feidhme éifeachtach EIBM a áirithiú ina réimsí inniúlachta faoi seach.

    3.Dúshláin straitéiseacha roimh bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip

    I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán EBCG, is é an pointe tosaigh don timthriall straitéiseach sainaithint na ndúshlán i réimse bhainistíocht na dteorainneacha agus an fhillte ar gá aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach comhleanúnach comhtháite córasach. Sa chomhthéacs sin, d’fhorbair Frontex, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, an chéad anailís riosca straitéiseach ariamh maidir le bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip, anailís a chumhdaíonn tréimhse 10 mbliana 3 .

    Is iad seo a leanas na príomhdhúshláin a sainaithníodh in Anailís Riosca Straitéiseach 2020:

    Maidir leis na teorainneacha seachtracha:

    a)brú méadaithe mar gheall ar choireacht trasteorann 4 , sceimhlitheoireacht agus bagairtí de chineál hibrideach;

    b)an gá aghaidh a thabhairt ar an méadú ar shreabha paisinéirí agus lasta trí feabhas a chur ar bhailiú na sonraí, bainistíocht an riosca agus an idir-inoibritheacht;

    c)digiteáil IBM, tríd an gCóras Dul Isteach/Imeachta, an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil, Córas athnuaite Faisnéise Schengen agus an Córas Faisnéise Víosaí athnuaite a chur chun úsáide;

    d)dúshláin maidir le hiompar muirí, iompar de thalamh agus iompar d’aer, lena náirítear:

    I.cibirionsaithe agus ionsaithe sceimhlitheoireachta sofaisticiúla ar phaisinéirí idirnáisiúnta/intíre, soithí, lastas contúirteach agus bonneagar muirí criticiúil;

    II.imirce idirnáisiúnta mhéadaithe, gluaiseachtaí imirce tánaisteacha (laistigh den Aontas) agus gníomhaíochtaí smuigleála trasteorann, agus

    III.an tionchar atá ag dlús na neitilte ísealchostais ar chumas roinnt aerfort san Aontas déileáil le saincheisteanna gaolmhara IBM;

    e)géarú na sreafaí neamhdhleathacha smuigleála a dhéanann difear do shlándáil inmheánach agus sheachtrach an Aontais;

    f)leanfaidh cibearchoirpigh dá solúbthacht agus dá dteacht aniar a léiriú, ach beidh siad ag brath freisin ar modi operandi atá ann cheana agus a dhírítear ar leochaileachtaí aitheanta agus ar íospartaigh nua. Déanfaidh siad iarracht leas a bhaint as aistriú ollmhór na ngníomhaíochtaí a dhéantaí as líne roimhe seo go dtí an timpeallacht ar líne, mar a tharla le linn phaindéim COVID-19;

    g)chun an trasnú dlíthiúil a éascú, ar mhaithe leis an turasóireacht agus leis an trádáil chomh maith, ní mór do na húdaráis rialaithe teorann an úsáid is fearr a bhaint as teicneolaíochtaí aitheantais neamhionsáiteacha (e.g. méarloirg, aitheantas aghaidhe), agus cearta bunúsacha á nurramú go hiomlán, go háirithe maidir le sonraí pearsanta a chosaint i ndáil leis sin. Beidh gá le rochtain ar an bhfaisnéis sin trí threalamh láimhe chun gur féidir bunachair shonraí a cheadú agus seiceálacha slándála a dhéanamh mar is gá;

    h)maidir leis an sceimhlitheoireacht agus bagairtí hibrideacha, baineann dúshláin éagsúla le faisnéis a roinnt go tráthúil chun na seiceálacha agus an mhearfhreagairt a fheabhsú, agus is féidir le EBCG cuidiú leis sin trí rochtain na ngardaí teorann ar Chóras Faisnéise Schengen (CFS), ar an gCóras Dul Isteach/Imeachta (EES), agus ar an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), agus tríd an idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais, lena náirítear an tairseach cuardaigh Eorpach;

    Maidir leis an imirce agus an filleadh:

    a)chun go seachnófar cás ina mbeadh brú mór ar Bhallstáit aonair nó ar chodanna aonair den teorainn, tá gá le freagairt dhea-chomhordaithe trí bhearta leordhóthanacha sa limistéar réamhtheorann agus, más gá, le méaduithe comhfhreagracha ar na hacmhainní oibríochtúla ag na codanna den teorainn lena mbaineann;

    b)ní mór na bearta slándála ag an teorainn sheachtrach agus laistigh de limistéar Schengen a choinneáil i gcoibhneas leis an ngá sreafaí paisinéirí gan bhac a áirithiú;

    c)tá méadú ag teacht ar thábhacht ghníomhaíochtaí fillte EBCG, agus d’fhéadfadh Frontex a bheith ina chraobh oibríochtúil de chóras fillte an Aontais, rud a d’éascódh formhór mór na bhfilltí;

    d)Tá gníomhaíochtaí fillte EBCG le neartú trí dhigiteáil, eadhon trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Frontex um Fhilleadh agus as córais TF bainistíochta filltí náisiúnta, ar bhonn na samhla le haghaidh córais bainistíochta cásanna fillte a d’fhorbair an Ghníomhaireacht.

    Paindéimí: 

    e)Aithníodh in anailís Frontex in 2020 gur príomhdhúshlán do EIBM iad na paindéimí, nó is féidir go gclaochlaíonn siad go tobann ó bhagairt folaigh go bagairt fhollasach, mar a léiríodh le paindéim COVID-19;

    f)bíonn gardaí teorann na líne tosaigh ag idirghníomhú le taistealaithe agus láimhsíonn siad bagáiste agus lastas, rud a d’fhéadfadh iad a nochtadh do thocsainí, pataiginí agus nithe eile. Chun é sin a mhaolú, ní mór timpeallacht shábháilte a áirithiú do na gardaí teorann, agus ní mór do na húdaráis an riosca sláinte a bhaineann le gníomhaíochtaí bhainistíochta teorainneacha a chur san áireamh.

    Sainaithníodh na dúshláin sin in Anailís Riosca Frontex 2020 agus deimhníodh agus comhlánaíodh sin le heachtraí a tharla ó shin. Go háirithe, léirigh an staid ag teorainn an Aontais leis an mBealarúis in 2021 conas a d‘fhéadfadh ionstraimiú na himirce bagairt hibrideach a chruthú do theorainneacha an Aontais, nó is féidir difear méadaitheach a dhéanamh dóibh le hoibríochtaí hibrideacha arb aidhm dóibh cláir oibre beartais eachtraigh agus slándála tríú tíortha áirithe i gcomharsanacht an Aontais agus lasmuigh de a chur chun cinn. I gcás bagairtí de chineál hibrideach, is gá dul i mbun comhair agus malartú faisnéise (idir gníomhaireachtaí, leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais) d’fhonn bagairtí hibrideacha, chomh maith leis an aidhm straitéiseach atá taobh thiar díobh, a shainaithint go luath i réimsí éagsúla.

    Ar an gcuma chéanna, léirigh ionradh na Rúise ar an Úcráin, ar theith breis agus 5.9 milliún duine chuig an Aontas Eorpach go dtí seo mar gheall air, na dúshláin atá roimh EIBM. Dá ngéaródh fórsaí na Rúise an t‑ionsaí míleata go mór, d’fhéadfadh sé go spreagfaí gluaiseachtaí daoine breise ar an mórscála amach as an Úcráin. Sa chomhthéacs sin, tugann Frontex tacaíocht do na Ballstáit agus na tríú tíortha lena mbaineann. Tá ullmhúchán á dhéanamh aige freisin d’imscarthaí nua chun a áirithiú go mbeidh cumas leordhóthanach ann seiceálacha teorann a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais ar gach duine a thrasnaíonn na teorainneacha idir an Úcráin agus an Aontas.



    4.Na prionsabail is bonn le Bainistiú Comhtháite na dTeorainneacha san Eoraip

    Is gá go mbeadh an beartas straitéiseach ilbhliantúil á stiúir ag príomhphrionsabail agus príomhchoincheapa bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip a eascraíonn go díreach ó Rialachán EBCG agus a bhfuil sé mar chuspóir acu a chur ar chumas an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh feidhmiú go héifeachtach agus i gcomhréir iomlán leis an gcreat dlíthiúil.

    An fhreagracht chomhroinnte, an dualgas oibriú i gcomhar de mheon macánta agus an oibleagáid faisnéis a mhalartú

    De réir Rialachán EBCG, is freagracht é EIBM a chur chun feidhme atá comhroinnte idir údaráis na mBallstát atá freagrach as bainistiú na dteorainneacha agus as an bhfilleadh, agus Frontex, arb iad i dteannta a chéile a chomhdhéanann an Garda Teorann agus Cósta Eorpach. Is é sin cloch choirnéil ollstruchtúr EBCG agus is aistriú oibríochtúil é ar inniúlacht chomhroinnte an Aontais agus na mBallstát chun bainistiú comhtháite theorainneacha seachtracha an Aontais a chur chun feidhme, mar a fhoráiltear sa Chonradh. Comhlánaítear an fhreagracht chomhroinnte le bundualgas ghníomhaithe uile EBCG (Frontex agus na húdaráis náisiúnta) comhoibriú de mheon macánta agus leis an oibleagáid uileghabhálach faisnéis a mhalartú laistigh de phobal EBCG.

    Ullmhacht leanúnach chun freagairt do bhagairtí a thagann chun cinn

    Le cur chun feidhme EIBM, ba cheart go mbeadh na huirlisí is gá ar fáil chun freagairt do gach bagairt a d’fhéadfadh teacht chun cinn ag na teorainneacha seachtracha agus chun iad a bhainistiú. Ní mór go mbeadh síor-ullmhacht ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun bainistíocht a dhéanamh ar aon mhórphlódú isteach d’imircigh neamhrialta a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha go neamhdhleathach. Chuige sin, ba cheart pleananna teagmhasacha a bheidh cuimsitheach, tástáilte agus a nuashonraítear go leanúnach, lena n‑áirítear úsáid acmhainneachtaí agus ionstraimí AE agus náisiúnta, e.g. mear-idirghabhálacha teorann, foirne tacaíochta do bhainistíocht na himirce, foirne idirghabhála um fhilleadh, agus úsáid iomlán chur chuige na dteophointí, a bheith mar chuid den chur chuige comhtháite sin. Ba cheart, leis na pleananna teagmhasacha, éascú a dhéanamh ar fheidhmiú praiticiúil éifeachtach na mbeart in aon chás ina n‑éilítear gníomhaíocht phráinneach ag na teorainneacha seachtracha agus, más gá, chun idirghabhálacha a dhéanamh chun tacú le filltí.

    Ní mór do FRONTEX cleachtaí mearfhreagartha bliantúla a dhéanamh lena mbeifear in ann na nósanna imeachta agus sásraí ábhartha a thástáil go rialta chun a áirithiú go mbeidh an cumas mearfhreagartha lánullamh chun tacú leis na Ballstáit le linn aon ghéarchéime a thiocfadh chun cinn.

    Comhordú agus pleanáil chomhtháite níos fearr

    Tá feidhmiú rathúil an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh bunaithe ar chóras seanbhunaithe comhordúcháin, cumarsáide agus pleanála idir na comhpháirteanna Eorpacha (Frontex) agus na comhpháirteanna náisiúnta (na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú comhtháite na dteorainneacha nó a bhfuil baint acu le bainistiú comhtháite na dteorainneacha). Príomhaidhm is ea cumais chomhcheangailte, úsáid sholúbtha chomhtháite na faisnéise, cumais chomhcheangailte, agus córais agus uirlisí idir-inoibritheacha a fhorbairt ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ionas go bhfeidhmeoidh an struchtúr nua Eorpach seo, is riachtanas lárnach iad córais shoiléire náisiúnta le haghaidh comhordaithe, cumarsáide agus pleanála, lena rathófaí an comhar feidhmiúil leis an nGníomhaireacht agus idir na húdaráis náisiúnta atá páirteach in IBM. Ba cheart go mbeadh aon údarás ceannasach náisiúnta amháin ar an leibhéal náisiúnta agus comhordú bhainistiú comhtháite na dteorainneacha ar a chúram, agus pointe teagmhála náisiúnta aonair maidir leis na hábhair uile a bhaineann le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Rannchuideoidh coincheap náisiúnta IBM le comhordú éifeachtúil a áirithiú idir an príomhúdarás náisiúnta agus na húdaráis náisiúnta uile a bhfuil freagrachtaí orthu maidir le bainistiú na dteorainneacha. Chun ullmhacht leanúnach a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, is riachtanas é le haghaidh EIBM pleanáil chomhtháite a bheith ann idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht. Is gá sin chun freagairtí ar dhúshláin ag na teorainneacha seachtracha a ullmhú, chun pleanáil theagmhasach a dhéanamh, agus chun forbairt fhadtéarmach cumas a chomhordú, ó thaobh earcaithe agus oiliúna de agus ó thaobh trealamh a fháil agus a fhorbairt. Dá bhrí sin, ní mór forbairt na gcumas ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na Gníomhaireachta a bheith leanúnach, agus an phleanáil ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach á cur san áireamh, agus ní mór í a bheith i gcomhréir leis an bpleanáil theagmhasach.

    Feasacht staide chuimsitheach

    Feasacht chuimsitheach neasfhíorama ar staideanna reatha agus intuartha, lena gcumhdaítear beagnach gach feidhm de chuid IBM agus gach ciseal den tsamhail rialaithe rochtana ceithre chiseal 5 , is bunchloch í chun freagairt chuí thráthúil a thabhairt ar staideanna éagsúla. Ba cheart léiriú staide Eorpach a choinneáil ar bun, ar leibhéal an Aontais ag an nGníomhaireacht agus ar an leibhéal náisiúnta ag na Ballstáit, chun freagairt éifeachtach thapa ón nGarda Teorann agus Cósta Eorpach a ráthú ar bhagairtí a thagann chun cinn. Ba cheart go gcuideodh sé sin freisin le feabhas a chur ar thráthúlacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanann údaráis náisiúnta eile agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus iad i mbun a gcúraimí faoi seach ag na teorainneacha agus laistigh de limistéar Schengen. Ós é príomhbhunús an léiriú staide IBM, ba cheart EUROSUR a chur chun feidhme go héifeachtach agus a fhorbairt a thuilleadh. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin toisc gur tugadh gnéithe nua de EUROSUR isteach leis an Rialachán EBCG, gnéithe ar cheart go gcuirfidís feabhas ar fheasacht staide EBCG agus ar a chumais freagartha agus go bhfeabhsófaí leo an comhar oibríochtúil i measc na mBallstát agus Frontex.

    Caighdeáin theicniúla EIBM

    Chun éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit agus Frontex ag na teorainneacha seachtracha a áirithiú, ba cheart do Frontex, do na Ballstáit agus don Choimisiún na caighdeáin theicniúla don mhalartú faisnéise agus don trealamh is gá a fhorbairt go comhpháirteach, mar a fhoráiltear in Airteagail 16 agus 64 faoi seach de Rialachán EBCG. Ach iad sin ar bun, beidh oibleagáid ar EBCG an trealamh a fháil agus a úsáid agus an fhaisnéis is gá a chur ar fáil i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla.

    Tá gá le caighdeáin theicniúla maidir le malartú faisnéise ionas gur féidir an fhaisnéis agus na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit agus ag Frontex a chur i gcomparáid agus a anailísiú go héasca. Tá sé sin ríthábhachtach chun an fheasacht staide a fheabhsú, agus go háirithe chun cur le léiriú staide EUROSUR agus leis an gcumas freagairt do staideanna ag na teorainneacha seachtracha.

    Tá feidhm ag prionsabail den chineál céanna maidir leis na caighdeáin theicniúla le haghaidh an chomhthiomsaithe de threalamh teicniúil atá comhdhéanta de threalamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó Frontex ar thaobh amháin, agus de trealamh atá faoi chomhúinéireacht na mBallstát agus Frontex le haghaidh a ghníomhaíochtaí oibríochtúla ar an taobh eile. Dá bhrí sin, is gá idir-inoibritheacht agus comhoiriúnacht an trealaimh atá sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil a áirithiú ionas gur féidir é a oibriú sa timpeallacht oibríochtúil chéanna le trealamh eile agus a bhfeidhmeanna á n‑úsáid, i gcomhréir le ceanglais shonracha agus i gcásanna oibríochtúla éagsúla. Nuair is gá píosa trealaimh amháin a chur in ionad píosa eile ba cheart go ndéanfaí sin go tapa rianúil, ionas nach gcuirfí bac ar thoradh na ngníomhaíochtaí oibríochtúla.

    Rannchuideoidh na caighdeáin sin freisin le bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch Eorpach le haghaidh IBM a éascú, rud lena bhféadfaí spleáchais neamh‑Eorpacha nach bhfuil ag teastáil a laghdú.

    Cultúr coiteann gardaí teorann agus ardleibhéal gairmiúlachta

    Is coincheap é bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip lena n‑éilítear ardleibhéal speisialtóireachta agus gairmiúlachta. Trína ghníomhaíochtaí éagsúla, lena n‑áirítear an oiliúint, ba cheart don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach tuiscint fhrithpháirteach agus cultúr coiteann a chothú do ghardaí teorann bunaithe ar na luachanna Eorpacha a chumhdaítear sna Conarthaí.

    Go ginearálta, ba cheart daoine a dhéanann dualgais garda teorann Eorpach agus dualgais fillte a bheith ina ngairmithe sainoilte i réimse an rialaithe teorann, daoine a bhfuil ardluachanna eiticiúla acu agus a chloíonn leis an ionracas is déine. Ba cheart go mbainfeadh siad le húdaráis inniúla rialaithe teorann nó le húdaráis inniúla forfheidhmithe dlí a bhfuil cód iompair láidir acu. Ní cheadaítear aon eisceacht i leith dualgais a éilíonn aon úsáid a bhaint as sonraí pearsanta, nó féachaint ar chláir rúnda nó, i gcás gníomhartha inar gá cumhachtaí feidhmiúcháin a úsáid, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith i gceannas go hiomlán ar gach gníomhaíocht rialaithe teorann i ngach uile chás. Ní féidir freagracht as cúraimí rialaithe teorann a sheachfhoinsiú – cúram de chineál forfheidhmithe dlí is ea rialú na dteorann. I gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, is féidir acmhainní agus sócmhainní míleata a úsáid nuair a iarrtar sin chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla garda teorann, ar choinníoll go gcomhlíontar na réamhchoinníollacha thuasluaite uile is gá.

    Sláine fheidhmiúil

    Mar a shonraítear i Rialachán EBCG, is iad na húdaráis náisiúnta um bainistiú teorainneacha sna Ballstáit a bheidh freagrach go príomha as a gcuid codanna de na teorainneacha seachtracha a bhainistiú. Ba cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal céanna maidir le cur chun feidhme bheartas fillte an Aontais. Is ionstraim é IBM Eorpach ina bhfuil roinnt freagrachtaí ar an leibhéal náisiúnta, agus tá freagrachtaí na Gníomhaireachta teoranta i gcomparáid le freagrachtaí na n‑údarás náisiúnta. Baineann na réimsí sin atá faoi réir beartas náisiúnta, mar shampla, le bearta laistigh de limistéar Schengen (e.g. rialuithe póilíneachta, bainistíocht imirce, agus rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú) agus an choireacht eagraithe trasteorann a chomhrac ag na teorainneacha seachtracha. Dá bhrí sin, ba cheart na hábhair agus na feidhmeanna sin a chumhdach ar bhealach aontaithe níos mionsonraithe sna straitéisí náisiúnta IBM.



    5.Tosaíochtaí beartais agus treoirlínte straitéiseacha le haghaidh comhpháirteanna bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip

    Liostaítear i Rialachán EBCG 15 chomhpháirt chun bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip a bhunú. Orthu sin, cuimsíonn 12 eilimint théamacha rialú teorann, cuardach agus tarrtháil i gcásanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríochtaí faireachais teorann mhuirí, anailís riosca, comhar idirghníomhaireachta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, comhar idir na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht, comhar le tríú tíortha, filleadh agus bearta eile laistigh de limistéar Schengen, sásra rialaithe cáilíochta Schengen agus sásraí dlúthpháirtíochta, go háirithe ionstraimí cistiúcháin AE. Ina theannta sin, sainaithnítear trí chomhpháirt uileghabhálacha: na cearta bunúsacha; an taighde agus an nuálaíocht; agus an t‑oideachas agus an oiliúint. Ina measc sin, tá tábhacht ar leith ag baint le cosaint na gceart bunúsach, chun a áirithiú go mbeidh an beartas éifeachtach rialaithe teorann agus fillte i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta agus luachanna an Aontais agus na mBallstát.

    Sonraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán EBCG gurb é cuspóir an bheartais straitéisigh ilbhliantúil le haghaidh EIBM go leagfar amach ‘na tosaíochtaí beartais agus [go] soláthrófar treoirlínte straitéiseacha do thréimhse 5 bliana i ndáil leis na comhchodanna [de EIBM] a leagtar amach in Airteagal 3 [de Rialachán EBCG].’ Sa chomhthéacs sin, molann an Coimisiún leis seo, lena mheas ag Parlaimint na hEorpa agus an gComhairle, an treoraíocht seo a leanas chun an beartas straitéiseach ilbhliantúil a fhorbairt i ndáil leis na 15 chomhchuid de bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip.

    Comhpháirt 1: ‘Rialú teorann, lena náirítear bearta chun trasnuithe dlisteanacha teorann a éascú agus, i gcás inarb iomchuí: bearta a bhaineann le coireacht trasteorann a chosc agus a bhrath ag na teorainneacha seachtracha, go háirithe imircigh a smuigleáil, gáinneáil ar dhaoine, agus an sceimhlitheoireacht; agus sásraí agus nósanna imeachta chun daoine leochaileacha agus mionaoisigh neamhthionlactha a shainaithint, agus chun daoine a shainaithint atá i ngá cosanta idirnáisiúnta nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, faisnéis a sholáthar do dhaoine den sórt sin, agus daoine den sórt sin a tharchur 6 .’

    Tosaíochtaí beartais

    Rialú teorann ar bhonn anailís riosca (seiceálacha teorann ag pointí trasnaithe teorann agus faireachas teorann idir pointí trasnaithe teorann) is gné lárnach ríthábhachtach é de IBM Eorpach. Ba cheart an acmhainneacht dhlíthiúil, institiúideach, riaracháin agus oibríochtúil a bheith ag Frontex agus ag údaráis bainistithe teorainneacha na mBallstát, arb iad i dteannta a chéile a chomhdhéanann an Garda Teorann agus Cósta Eorpach, mar aon leis na hacmhainní is gá chun rialú teorann éifeachtach éifeachtúil a dhéanamh beag beann ar na cúinsí. Chun slándáil inmheánach an Aontais agus a chuid saoránach a neartú, cuireann an rialú teorann cosc ar imircigh neamhrialta teorainneacha seachtracha a thrasnú gan údarás. Ina theannta sin, éascaíonn sé trasnuithe dlisteanacha na dteorainneacha ag daoine agus an trácht trasteorann. Ag an am céanna, rannchuidíonn an rialú teorann le cineálacha éagsúla coireachta trasteorann a chosc agus a chomhrac. Ba cheart an rialú teorann a dhéanamh ar bhealach lena n‑urramaítear cearta gach duine, is cuma cé acu atá cosaint á lorg acu nó nach bhfuil. Ní mór rochtain ar na nósanna imeachta a thabhairt do dhaoine a lorgaíonn cosaint, agus iad siúd nach bhfuil, ní mór iad a chosaint ar non‑refoulement freisin. Cuimsíonn an rialú teorann freisin bearta sa limistéar teorann i ndáil le daoine a thrasnaigh na teorainneacha seachtracha lasmuigh de na pointí trasnaithe teorann (i.e. bearta um scagadh faoin dlí náisiúnta, nó céim scagtha faoi rialacha an Aontais ach na rialacha sin a bheith glactha).

    Treoirlínte straitéiseacha

    1.Ba cheart an cumas dlíthiúil, struchtúrach, riaracháin agus teicniúil a bheith ag na Ballstáit chun seiceálacha teorainn a chur i gcrích i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen 7 agus chun trasnuithe dlisteanacha teorann ag daoine agus ag feithiclí a éascú. Ba cheart go mbeadh líon na bpointí trasnaithe teorann ag na teorainneacha seachtracha i gcoibhneas na riachtanas a bhaineann leis an gcaidreamh le tríú tíortha chun a áirithiú nach bac é an rialú teorann ar thrádáil, ar mhalartú sóisialta agus cultúrtha ná ar an gcomhar trasteorann. Mar sin féin, ba cheart go gcuirfí san áireamh leis freisin na hacmhainneachtaí atá ar fáil (acmhainní agus bonneagar) agus treochtaí maidir leis na dúshláin (amhail ionstraimiú na nimirceach).

    2.Ba cheart do na Ballstáit trasnuithe teorann atá slán líofa a ráthú do phaisinéirí agus d’fheithiclí ag na pointí trasnaithe teorann.

    3.Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar réamhbhailiúchán na faisnéise don fheidhm seiceála teorann (faisnéis réamhtheachta mar ghné lárnach den fheidhm seiceála teorann) trí úsáid éifeachtach a bhaint as an gcóras Réamhfhaisnéise faoi Phaisinéirí (API) agus as sonraí ón Taifead Ainmneacha Paisinéirí.

    4.Ba cheart nós imeachta na seiceála teorann a fheabhsú agus a bharrfheabhsú trí chórais mhórscála TF nua agus athnuaite de chuid an Aontais (EES, ETIAS, VIS, Eurodac agus CFS) a chur chun feidhme go cuimsitheach agus trí idir-inoibritheacht na gcóras sin. Méadóidh sé sin an méid faisnéise agus cáilíocht na faisnéise atá ar fáil chun críocha seiceálacha teorann. Ina theannta sin, má dhéantar doiciméid taistil a dhigitiú a thuilleadh amach anseo, is féidir tuilleadh feabhais a chur ar an trasnú teorann.

    5.Ba cheart feasacht staide iontaofa chuimsitheach maidir le staid na teorann a choinneáil ar bun ar gach leibhéal chun ardchumas a ráthú chun na bearta is gá a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart léiriú staide Eorpach cuimsitheach neasfhíorama a choinneáil ar bun, a roinnt agus a fhorbairt a thuilleadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir leis an gcreat reachtach agus leis na riachtanais oibríochtúla.

    6.Ba cheart go mbeadh feasacht staide leanúnach (24/7) ina bhonn do chumas freagartha iomchuí chun freagairt chuí a thabhairt ar gach teagmhas teorann, ar athruithe nach bhféadfaí a thuar ag teorainneacha seachtracha agus ar staideanna inimirce neamhdhleathaí ar mhórscála; ba cheart an cumas sin a áirithiú i ngach cás ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart cumas náisiúnta agus cumas Aontais a fhorbairt chun an rialú teorann a neartú go tapa, i gcás inar gá sin, ag aon phointe trasnaithe teorann agus ag aon chuid de na teorainneacha seachtracha. Ba cheart tástáil rialta a dhéanamh ar an gcumas freagartha agus ar na pleananna teagmhais agus ba cheart iad a fhorbairt a thuilleadh, go háirithe má bhíonn ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh.

    7.Ba cheart acmhainneacht chobhsaí (eagraíochta, riaracháin agus teicniúil) agus ullmhacht leanúnach a bheith ag an gcóras comhtháite faireachais teorann a bhfuil anailís an riosca mar bhonn leis. Déanfar sin chun trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc agus a bhrath, chun daoine a ghabháil agus chun modhanna iompair, amhail soithí a thrasnaigh an teorainn go neamhdhleathach, a thascradh, chun cur i gcoinne na coireachta trasteorann, amhail an smuigleáil, an gháinneáil ar dhaoine agus an sceimhlitheoireacht, agus chun freagairt do bhagairtí de chineál hibrideach.

    8.Ba cheart go gcomhfhreagródh na gníomhaíochtaí faireachais ag gach cuid den teorainn sheachtrach don leibhéal tionchair a shanntar uirthi, trí úsáid a bhaint as córais faireachais chomhtháite, trealamh soghluaiste agus patróil shoghluaiste (aonaid) agus torthaí na hanailíse riosca. Ba cheart na leibhéil tionchair a shainaithint ar bhealach comhchuibhithe ar fud an Aontais.

    9.Ba cheart faireachán leanúnach a dhéanamh ar an teorainn sheachtrach (24/7). Ba cheart gníomhaíochtaí faireachais ag na teorainneacha agus i limistéir réamhtheorann a dhéanamh, agus úsáid á baint as uirlisí éagsúla, d’fhonn sásra luathrabhaidh a bhunú, faisnéis inghníomhaithe a roinnt agus an cumas freagartha a fheabhsú.

    10.Ba cheart go mbeadh cumais faireachais choiteanna idir-inoibritheacha Eorpacha ann chun tacú leis na córais náisiúnta faireachais chomhtháite. Ba cheart an faireachas teorann (lena náirítear i limistéir réamhtheorann) a eagrú i gcomhréir le Rialachán EBCG agus le Cód Teorainneacha Schengen. I gcás ina bhfuil níos mó ná seirbhís amháin páirteach san fhaireachas teorann ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann an túdarás inniúil náisiúnta atá i gceannas ar an maoirseacht ghinearálta agus ar na sásraí ceannais, comhair agus comhordaithe is gá a shainaithint, agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil freagrachtaí na gcomhlachtaí agus na ngníomhaireachtaí éagsúla á rialú le reachtaíocht nó le comhaontuithe comhair. Ba cheart go mbeadh na cumais faireachais náisiúnta ar faoi úinéireacht údarás éagsúil iad ag feidhmiú i gcomhréir le Rialachán EBCG agus le Lámhleabhar nuashonraithe EUROSUR.

    11.Ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart sonraí arna mbailiú ag údaráis éagsúla, má theastaíonn siad ó údaráis Ballstát eile, a roinnt tríd an lárionad comhordúcháin náisiúnta comhfhreagrach.

    12.Ní mór don chóras faireachais teorann farraige a bheith in ann gach soitheach a thagann isteach sna huiscí teorann a bhrath, a shainaithint agus, más gá, a rianú agus a thascradh agus ní mór don chóras cuidiú lena áirithiú go ndéanfar beatha daoine a chosaint agus a shábháil ar muir beag beann ar na dálaí aimsire. Ba cheart do na Ballstáit an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainneachtaí faireachais atá ar fáil ón nGníomhaireacht chun na cumais náisiúnta agus an fheasacht staide fhoriomlán a threisiú agus a uasghrádú.

    13.Ní mór don chóras faireachais teorann talún a bheith in ann gach trasnú teorann neamhúdaraithe a nochtadh agus gach duine a thrasnaíonn an teorainn go neamhdhleathach i limistéir ardriosca a thascradh i gcúinsí ar bith. D’fhéadfaí ladrainn agus braiteoirí gluaisne, chomh maith le haonaid shoghluaiste, a bheith i gceist sna córais faireachais teorann talún. Ní mór úsáid modhanna teicniúla den sórt sin, go háirithe aon teicneolaíochtaí atá in ann sonraí pearsanta a bhailiú, a bhunú ar fhorálacha de dhlí an Aontais agus den dlí náisiúnta a shainítear go soiléir, lena náirítear maidir le cosaint sonraí pearsanta, agus ní mór an úsáid sin a fheidhmiú i gcomhréir leis na forálacha sin.

    14.Ba cheart comhlánú a dhéanamh ar an bhfaireachas teorann trí na daoine sin a thrasnaigh an teorainn sheachtrach gan dul faoi sheiceálacha teorann a scagadh. Is é is cuspóir don scagadh daoine a shainaithint, seiceálacha slándála agus sláinte a dhéanamh orthu, agus na daoine a ndearnadh scagadh orthu a atreorú chuig na nósanna imeachta iomchuí.

    15.Ba cheart an cumas an choireacht trasteorann agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac ag na teorainneacha seachtracha a neartú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Tríd an méid sin, is féidir leis na húdaráis inniúla rialaithe teorann, i gcomhar le húdaráis forfheidhmithe dlí ábhartha eile, rannchuidiú leis an gcoireacht trasteorann a bhrath agus a chosc ag na teorainneacha seachtracha, agus go háirithe le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta nó lucht coireachta trasteorann, amhail smuigléirí, a bhrath.

    16.Ba cheart do ghardaí teorann a bheith réidh freisin chun íospartaigh na coireachta a shainaithint agus chun céadchúnamh a thabhairt dóibh, go háirithe íospartaigh gáinneála ar dhaoine, agus iad a tharchur chuig seirbhísí iomchuí.

    17.Ba cheart acmhainneacht, sásraí agus nósanna imeachta leordhóthanacha a bheith i bhfeidhm ag na gardaí teorann chun daoine leochaileacha agus mionaoisigh neamhthionlactha a shainaithint, agus chun daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint den sórt sin a shainaithint, ionas gur féidir na daoine sin a tharchur chuig na nósanna imeachta agus na húdaráis ábhartha.

    Comhpháirt 2: Oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine i nguais ar muir a sheolfar agus a dhéanfar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, ar oibríochtaí iad a tharlaíonn i gcásanna a thiocfadh chun cinn le linn oibríochtaí faireachais teorainneacha ar muir 8 .’

    Tosaíochtaí beartais

    Príomhthosaíocht de chuid IBM Eorpach is ea beatha daoine a chosaint agus a shábháil ag na teorainneacha seachtracha. Ba cheart go mbeadh an acmhainneacht agus an ullmhacht oibríochtúil chun oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a dhéanamh, mar aon leis an gcomhar eatarthu siúd uile lena mbaineann, ina gcuid thábhachtach lárnach d’oibríochtaí faireachais teorann mara ag na teorainneacha farraige seachtracha.

    Treoirlínte straitéiseacha

    1.Ba cheart an comhar idir údaráis chuardaigh agus tarrthála na mBallstát, agus le húdaráis eile a d’fhéadfadh baint a bheith acu le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, a mhéadú, lena náirítear é a mhéadú tríd an nGrúpa Teagmhála Eorpach maidir le Cuardach agus Tarrtháil. Tá sé sin d’fhonn básanna ar muir a laghdú, sábháilteacht na loingseoireachta a chothú agus bainistíocht éifeachtach na himirce a áirithiú, i gcomhréir leis na hoibleagáidí dlíthiúla ábhartha agus le Moladh (AE) 2020/1365 ón gCoimisiún 9 .

    2.Ba cheart freagracht na mBallstát maidir le cuardach agus tarrtháil a chur san áireamh go hiomlán i ngach céim den phleanáil oibríochtúil agus de chur chun feidhme na noibríochtaí faireachais teorann farraige ag an nGníomhaireacht agus ag na Ballstáit. Ba cheart socruithe caighdeánaithe agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le húdaráis chuardaigh agus tarrthála na mBallstát (Ionad Comhordaithe Tarrthála Muirí), leis an Ionad Comhordaithe Náisiúnta (NCC) agus leis an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta a bhunú agus a thástáil go rialta. Ba cheart gach patról agus gach sócmhainn theicniúil atá rannpháirteach san fhaireachas ar theorainneacha muirí, lena náirítear oibríochtaí comhpháirteacha nó mear-idirghabhálacha teorann ar muir a gcomhordaíonn Frontex iad, a bheith oilte go hiomchuí agus ba cheart iad a bheith feistithe mar is ceart le haghaidh idirghabhálacha cuardaigh agus tarrthála a d’fhéadfadh a bheith ann, lena náirítear an cumas a bheith acu gníomhú mar chomhordaitheoirí ar an láthair más gá.

    3.Ba cheart an cumas chun tacú le hidirghabhálacha cuardaigh agus tarrthála a fheabhsú a thuilleadh tríd an oiliúint is gá a sholáthar don phearsanra a ghlacann páirt in oibríochtaí faireachais teorann farraige ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart don Ghníomhaireacht tacaíocht oibríochtúil agus theicniúil mhéadaithe a sholáthar i gcomhréir le hinniúlacht an Aontais, agus sócmhainní muirí a imscaradh chuig na Ballstáit, chun feabhas a chur ar a gcumais agus, dá réir sin, cuidiú le beatha daoine a shábháil ar muir.

    4.Ba cheart acmhainneacht EUROSUR chun tacú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála agus le beatha daoine a shábháil ar muir i gcásanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríochtaí faireachais teorann ar muir a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go hiomlán i gcomhréir le Rialachán EBCG agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/581 ón gCoimisiún 10 .

    Comhpháirt 3:Anailís ar na rioscaí atá ann don tslándáil inmheánach agus anailís ar aon bhagairtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú nó do shlándáil na dteorainneacha seachtracha 11 .’

    Tosaíochtaí beartais

    Ba cheart bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip a bheith ar bonn anailís riosca. Ba cheart anailísí riosca atá iontaofa, cuimsitheach agus comhtháite a bheith ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta lena n‑úsáid le haghaidh pleanáil agus cinnteoireacht pholaitiúil, straitéiseach agus oibríochtúil. Ba cheart go gcuirfeadh an anailís riosca torthaí anailíseacha ar fáil chomh maith le moltaí le haghaidh coincheapa agus gníomhaíochtaí nithiúla (idir dhlíthiúil, theicniúil, agus oibríochtúil) chun rioscaí agus leochaileachtaí reatha agus féideartha a bhaineann le raon feidhme iomlán IBM ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a mhaolú in am trátha.

    Treoirlínte straitéiseacha

    1.Ní mór an Chomhshamhail Eorpach le haghaidh Anailís Chomhtháite Riosca, mar a ghlac Bord Bainistíochta Frontex í 12 , a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

    2.Chun tacú le gníomhaíochtaí comhbheartaithe an Aontais chun feabhas a chur ar bhainistíocht na dteorainneacha seachtracha agus chun an tslándáil inmheánach a chothú, ba cheart do na Ballstáit an acmhainneacht náisiúnta is gá (idir acmhainneacht eagraíochta, riaracháin agus teicniúil) a chur ar bun chun anailísí riosca aontaithe agus measúnuithe leochaileachta a dhéanamh. Ba cheart na táirgí agus nósanna imeachta anailíse riosca a sholáthraíonn Frontex a chomhtháthú sa phróiseas náisiúnta chun anailís riosca a thiomsú le haghaidh bhainistiú comhtháite na dteorainneacha, lena gcumhdófaí gach ciseal den tsamhail rialaithe rochtana ceithre chiseal.

    3.Ba cheart struchtúir speisialaithe anailíse riosca, a mbeidh sé de chumhacht acu sonraí ábhartha ó na hinstitiúidí náisiúnta uile a bhfuil baint acu le bainistiú comhtháite na dteorainneacha a bhailiú agus a thiomsú, a bhunú agus ba cheart go noibreodh líon leordhóthanach foirne speisialaithe oilte iad.

    4.Ba cheart an comhar idir comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus comhlachtaí ábhartha náisiúnta, go háirithe idir Frontex, Europol, eu-LISA, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, údaráis chustaim agus an Coimisiún (lena náirítear OLAF i gcás inarb iomchuí), a neartú a thuilleadh i réimse anailís na riosca, ionas go ráthófar anailís níos cuimsithí ar na rioscaí ar shláine na dteorainneacha seachtracha, agus ar mhaith leis an tslándáil inmheánach, lena náirítear dea-fheidhmiú limistéar Schengen. Ba cheart comhar níos dlúithe idir Europol agus Frontex a chur i bhfeidhm agus Measúnú an Aontais Eorpaigh ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe á thabhairt cothrom le dáta.

    5.I gcomhthéacs níos straitéisí, is uirlis fhíor-riachtanach í an anailís dhébhliantúil riosca straitéisigh lenar cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann tuiscint fhadtéarmach a fhorbairt ar shreabha imirce i dtreo an Aontais agus laistigh de ó thaobh threochtaí, líonta agus bhealaí na himirce de. Cabhróidh sé freisin chun dúshláin a shainaithint ag na teorainneacha seachtracha agus laistigh de limistéar Schengen, agus maidir le filleadh, agus dá bhrí sin tacóidh sé le cinnteoireacht pholaitiúil agus le cumais fhadtéarmacha a fhorbairt. Ba cheart go ndíreofaí freisin, o thaobh na ndúshlán a bheith le sainaithint, ar fheiniméin is beag dóchúlacht ach is mór tionchar, amhail paindéimí agus na bagairtí sláinte a thagann as. Ba cheart an anailís is déanaí atá ar fáil a chur san áireamh i gcur chun feidhme thimthriall an bheartais straitéisigh ilbhliantúil do bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip.

    6.Cé gur cheart measúnuithe riosca a dhéanamh i gcónaí roimh chomhghníomhaíochtaí oibríochtúla a chomhordaíonn Frontex agus le linn na ngníomhaíochtaí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a cumas chun táirgí anailíse riosca ad hoc a eisiúint, táirgí lena gcumhdófar bagairtí atá ag teacht chun cinn agus lena dtacófaí le próisis bainistithe géarchéime.

    7.Ba cheart don Ghníomhaireacht a cumas réamhaisnéise a neartú tuilleadh trí úsáid a bhaint as na foinsí is leithne is féidir d’fhaisnéis iontaofa, ábhartha, agus riachtanach.

    8.Ba cheart sásra foirmiúil a bhunú chun eolas agus faisnéis a mhalartú le tríú tíortha, go háirithe le tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina dtíortha tionscnaimh agus le tíortha idirthurais ábhartha, i gcomhréir le Rialachán EBCG agus lánurraim á tabhairt do cheanglais reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí. Ba cheart do na Ballstáit agus do Frontex é a choinneáil ar bun agus a fhorbairt a thuilleadh chun an anailís riosca agus gníomhaíochtaí oibríochtúla a bheidh níos spriocdhírithe a fheabhsú.

    Comhpháirt 4Malartú faisnéise agus comhar idir na Ballstáit sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chomh maith le malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, lena náirítear tacaíocht arna comhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta 13 .’

    Tosaíochtaí beartais

    Ba cheart cumais Eorpacha agus náisiúnta a chur ar bun, a úsáid agus a fhorbairt ar bhealach comhordaithe comhtháite chun cur chun feidhme éifeachtach agus aontaithe gach gné de IBM Eorpach a ráthú i ngach cúinse agus ar gach ciseal den tsamhail rialaithe rochtana ceithre chiseal. Ba cheart go mbeadh ullmhacht leanúnach tástáilte ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, atá comhdhéanta den Ghníomhaireacht agus d’údaráis gharda teorann agus údaráis um fhilleadh na mBallstát, chun freagairt do gach teagmhas a d‘fhéadfadh tarlú ag an teorainn sheachtrach agus d’fheiniméin nua a dhéanann difear d’fheidhmiú an rialaithe teorann agus an fhillte. Ba cheart go mbeadh acmhainneacht mhearfhreagartha ann mar aon leis na cumais riachtanacha chun cineálacha éagsúla comhoibríochtaí a sheoladh go héifeachtach ag gach cuid de na teorainneacha seachtracha.

    Treoirlínte straitéiseacha

    1.Ba cheart do na Ballstáit sásra comhordaithe náisiúnta éifeachtach agus próisis oibre éifeachtacha a bhunú le haghaidh fheidhmeanna agus ghníomhaíochtaí uile an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh. Ba cheart pointe teagmhála náisiúnta aonair freagrach a bheith ag na Ballstáit (24/7) le haghaidh gach ábhair a bhaineann le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Ba cheart don phointe teagmhála náisiúnta ionadaíocht a dhéanamh ar na húdaráis náisiúnta ar fad atá rannpháirteach i mbainistiú na dteorainneacha agus san filleadh.

    2.Ba cheart feasacht staide, acmhainn freagartha agus ról an lárionaid náisiúnta comhordúcháin (LNC) a neartú a thuilleadh agus a chomhtháthú i gcomhréir le Rialachán EBCG agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/581 ón gCoimisiún. Ní mór do gach Ballstát LNC lánfheidhmiúil a bheith ar bun aige.

    3.Ba cheart an fhaisnéis a bhailítear le huirlisí faireachais, agus í tiomsaithe agus dáilte a thuilleadh ag na LNCanna, a úsáid chun cur leis an acmhainn freagartha fíor-ama (e.g. tascradh) agus chun críocha anailís riosca a dhéanamh.

    4.Ba cheart do na Ballstáit na hacmhainní daonna agus airgeadais is gá a leithdháileadh agus ullmhacht oibríochtúil leanúnach a bheith acu chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh chun an rannchuidiú éigeantach agus deonach a chur ar fáil do na cumais chomhchoiteanna Eorpacha a ndéanann Frontex comhordú orthu, go háirithe buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh agus don chomhthiomsú de threalamh teicniúil.

    5.Ba cheart do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht a áirithiú go dtiocfaidh fás de réir a chéile ar an mbuanchór chun a lánacmhainn, eadhon 10 000 oifigeach, a bhaint amach faoi 2027.

    6.Chun éifeachtúlacht bhreise na Gníomhaireachta a áirithiú, ba cheart do Bhord Bainistíochta Frontex an coincheap oibríochtúil don bhuanchór a ghlacadh agus a athbhreithniú go tráthrialta. Déanfar sin chun cur chun feidhme chúraimí oibríochtúla agus teicniúla na Gníomhaireachta a stiúradh ar bhealach níos fearr, go háirithe maidir le mear-idirghabhálacha teorann a sheoladh le linn géarchéimeanna sonracha, lena náirítear cásanna ionstraimithe. Déanfar sin chun a áirithiú go nimscarfar an buanchór agus an buantrealamh in am trátha aon uair a tharlaíonn géarchéim den sórt sin.

    7.Ba cheart do FRONTEX tuilleadh feabhais a chur ar chomhtháthú thorthaí na measúnuithe leochaileachta sa mheasúnú ar ullmhacht, pleanáil theagmhasach agus riachtanais. Áiritheofar leis sin go mbeidh sé d’acmhainn ag na Ballstáit ní hamháin a dteorainneacha seachtracha a dhaingniú ach a gcion féin a chur leis an mbuanchór, lena náirítear rannchuidithe le mear-idirghabhálacha agus leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil. Sa phróiseas sin, cuireann an Ghníomhaireacht leis na sineirgí idir sásra meastóireachta Schengen agus na measúnuithe leochaileachta.

    8.Ba cheart an sásra láraithe a chur ar bun le gach straitéis náisiúnta IBM chun comhordú éifeachtúil a áirithiú idir an túdarás náisiúnta atá i gceannas ar an bhformhaoirseacht ghinearálta ar bhainistiú comhtháite teorainneacha agus na húdaráis náisiúnta uile a bhfuil freagrachtaí orthu i mbainistiú na dteorainneacha agus a macasamhla i mBallstáit eile.

    9.Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcomhar oibríochtúil déthaobhach agus iltaobhach idir na Ballstáit i gcás ina mbeidh comhar den sórt sin comhoiriúnach le cúraimí na Gníomhaireachta. Ba cheart tacaíocht na Gníomhaireachta agus acmhainní agus ionstraimí coiteanna Eorpacha (e.g. EUROSUR) a úsáid ina niomláine.

    10.Tá malartú na faisnéise ar cheann de na príomhghnéithe den chomhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus Frontex. Ní mór é a dhéanamh ar bhealach slán tríd an líonra cumarsáide tiomnaithe, go háirithe i gcás ina gcumhdóidh an malartú sin faisnéis rúnaicmithe suas go dtí leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL. Ní mór do na Ballstáit agus do Frontex cosaint na sonraí pearsanta agus slándáil na faisnéise a áirithiú i gcónaí i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí agus leis na rialacha slándála arna leagan síos an Ghníomhaireacht.

    11.Ní mór don Ghníomhaireacht faireachán agus feasacht staide leanúnach a áirithiú agus an fhaisnéis sin a roinnt leis na LNCanna trí EUROSUR, go háirithe chun tuairisciú fíor-ama a sholáthar faoin limistéar teorann agus faoin limistéar réamhtheorann comhfhreagrach a mbaineann an ghéarchéim leo. Agus sonraí agus faisnéis EUROSUR á láimhseáil acu, ní mór do na Ballstáit agus do Frontex a áirithiú go bhfuil rialuithe slándála, próisis agus pleananna i bhfeidhm lena náirithítear leibhéal cosanta iomchuí.

    18.Ba cheart acmhainn óstála tástáilte a bheith ag na Ballstáit chun tacaíocht a fháil trí bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh más gá.

    19.Ba cheart go bhfeidhmeodh an straitéis ilbhliantúil maidir le hacmhainní teicniúla na Gníomhaireachta a fháil agus a fhorbairt, chomh maith leis an bplean cur chun feidhme gaolmhar, mar uirlis sholúbtha chun réitigh fhadtéarmacha a sholáthar chun sócmhainní teicniúla a chur ar fáil don bhuanchór, lena náirítear an fhéidearthacht roghanna malartacha a ghníomhachtú do na riachtanais is criticiúla (i.e. aerfhaireachas).

    20.Ba cheart cumas éifeachtach pleanála, comhordaithe agus cur chun feidhme a bheith ag na Ballstáit agus ag an nGníomhaireacht chun oibríochtaí a eagrú, ar bhonn anailíse riosca, ag na teorainneacha seachtracha agus/nó i dtríú tíortha, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán EBCG. Ba cheart an próiseas pleanála faisnéisbhunaithe a chomhordú agus a shioncrónú idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit ionas go náiritheofar úsáid éifeachtach na nacmhainní.

    21.Ba cheart don Ghníomhaireacht coincheap na noibríochtaí comhpháirteacha a fhorbairt a thuilleadh ionas go náiritheofar solúbthacht leordhóthanach agus an acmhainn samhlacha éagsúla a chur i bhfeidhm, ag brath ar an gcás oibríochtúil sonrach.

    22.Ba cheart coincheap na bpointí fócasacha a fhorbairt a thuilleadh trí dhíriú ar fhreagairt oibríochtúil éifeachtach a áirithiú, go háirithe i dteophointí ag na teorainneacha seachtracha agus na pointí trasnaithe teorann, lena náirítear gné fothaithe acmhainní.

    23.Ba cheart do phobal uile EBCG na caighdeáin theicniúla arna bhforbairt ag an nGníomhaireacht maidir le trealamh agus malartú faisnéise, lena náirítear maidir le hidirnascadh córas agus líonraí, a chur i bhfeidhm ar bhealach aontaithe. Ba cheart do EBCG oibriú le chéile ar phróiseas caighdeánaithe chun idir-inoibritheacht agus comhoiriúnacht an trealaimh a úsáidtear leis na córais ábhartha faisnéise agus cumarsáide, agus le EUROSUR, a áirithiú.

    Comhpháirt 5: ‘Comhar idirghníomhaireachta i measc na núdarás náisiúnta i ngach Ballstát atá freagrach as rialú ag teorainneacha nó as cúraimí eile a dhéantar ag an teorainn, agus idir na húdaráis atá freagrach as an bhfilleadh i ngach Ballstát, lena náirítear malartú rialta faisnéise trí na huirlisí malartaithe faisnéise atá ann cheana, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, comhar le comhlachtaí náisiúnta a bhfuil cosaint ceart bunúsach faoina gcúram 14 .’

    Tosaíochtaí beartais

    Ba cheart bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip a bheith bunaithe ar an gcomhar. Ba cheart comhar idirghníomhaireachta a bhunú go maith ar an leibhéal náisiúnta chun cur chun feidhme cuimsitheach trasearnálach comhleanúnach cost‑éifeachtach IBM a ráthú, lena n‑áirítear i measc na gcomhlachtaí náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu na cearta bunúsacha a chosaint. Ba cheart roinnt na hoibre, na struchtúir chomhair, úsáid chomhroinnte na -acmhainní, bealaí cumarsáide agus nósanna imeachta oibre sioncrónaithe a shainiú go soiléir agus a chomhdhlúthú.

    Treoirlínte straitéiseacha

    1.Ba cheart an comhar idirghníomhaireachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta idir comheilimintí an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh agus údaráis náisiúnta eile a bhfuil cúraimí eile á ndéanamh acu ag an teorainn a bhunú ar bhunús dlí soiléir, lena náirítear reachtaíocht náisiúnta. Ba cheart go mbeadh an bunús dlí sin i gcomhréir le roinnt na gcumhachtaí i riarachán poiblí agus comhthéacsanna institiúideacha na mBallstát faoi seach agus lena sainiúlachtaí siúd, agus ba cheart go gcuirfí i bhfeidhm é le comhaontuithe comhair agus le gníomhaíochtaí nithiúla. Is iad na príomhréimsí comhair malartú éifeachtach na faisnéise, anailís riosca chomhpháirteach, comhoibríochtaí, agus úsáid chomhroinnte na nacmhainní Eorpacha agus náisiúnta i gcomhréir le cumhachtaí áirithe.

    2.Ba cheart acmhainneacht iomlán na nuirlisí malartaithe faisnéise atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, go háirithe EUROSUR, a bheith in úsáid oibríochtúil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart comhar agus comhordú éifeachtach a áirithiú laistigh de na húdaráis náisiúnta atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí EBCG agus ina measc agus laistigh de Frontex féin. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le comhar agus comhordú den sórt sin faoi chuimsiú EUROSUR, go háirithe i ngach LNC.

    3.Ní cuid de acquis Schengen é an rialú custaim agus ní baill den Aontas Custaim gach stát Schengen. Dá bhrí sin, níl an rialú custaim go díreach ina chuid de choincheap EIBM. Mar sin féin, tá baint ag údaráis chustaim agus údaráis eile a oibríonn ag na teorainneacha seachtracha le cur chun feidhme EIBM tríd an gcomhpháirt comhair idirghníomhaireachta. Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcomhar idir gardaí teorann agus lucht custaim mar chomhpháirtithe straitéiseacha ar gach leibhéal chun rialú na ndaoine agus na nearraí a chomhtháthú ar bhealach níos fearr agus chun trasnuithe teorann sreabhacha agus slána a ráthú. I dtéarmaí nithiúla, ciallaíonn sé sin gur cheart creat dlíthiúil soiléir a bheith ann le haghaidh an chomhair idir gardaí teorann agus údaráis chustaim, creat a mbeadh roinnt oibre dhea-shainithe, struchtúir chomhair fheidhmiúla, agus timpeallacht theicniúil idir-inoibritheach i gceist leis, agus lena náiritheofaí an dlúthchomhar praiticiúil ar gach leibhéal. Ba cheart na Moltaí maidir le comhar idir an Riarachán Custaim agus Gardaí Teorann 15 , arna nullmhú ag an gCoimisiún, a úsáid mar bhonn agus an comhar sin á fhorbairt a thuilleadh. Ina theannta sin, maidir leis an gcomhar thuasluaite, tháinig Grúpa na Saoithe um Dhúshláin atá roimh na Custaim ar an gconclúid go bhféadfadh baint a bheith ag lucht custaim leis ar bhealach níos comhtháite 16 .

    4.Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta ar an gcomhar maidir le forfheidhmiú an dlí agus ar an gcomhar míleata a bhaineann le tacú le bainistiú na dteorainneacha agus leis an gcoireacht trasteorann a chomhrac. Áiritheofar leis sin comhordú níos fearr agus úsáid éifeachtach chostéifeachtach na faisnéise, na gcumas agus na gcóras. Tá sé sin riachtanach uair a bhíonn an choireacht trasteorann, an sceimhlitheoireacht agus an inimirce neamhdhleathach á gcosc agus nuair a chuidítear le beatha na nimirceach a shábháil. Ba cheart bunús dlí soiléir a bheith leis an gcomhar sin, mar aon le comhaontuithe soiléire agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha soiléire. Ba cheart do na húdaráis forfheidhmithe dlí freagracha a bheith i gceannas ar fheidhmeanna rialaithe teorann i gcónaí.

    Comhpháirt 6:Comhar idir na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais sna réimsí a chumhdaítear le Rialachán EBCG, lena náirítear trí fhaisnéis a mhalartú go tráthrialta 17 .’

    Tosaíochtaí beartais

    Ba cheart bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip a bheith bunaithe ar an gcomhar. Ba cheart comhar idirghníomhaireachta deabhunaithe a bheith ann idir an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh agus geallsealbhóirí Eorpacha eile chun a áirithiú go gcuirfear EIBM chun feidhme ar bhealach cuimsitheach trasearnálach comhleanúnach cost‑éifeachtach.

    Treoirlínte straitéiseacha

    1.Ba cheart an comhar idirghníomhaireachta a chur i ngníomh ar leibhéal an Aontais le comhaontuithe comhair, agus go háirithe le socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích ag Frontex le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán EBCG. Baineann na príomhréimsí comhair le malartú éifeachtach na faisnéise, le hanailís riosca chomhpháirteach, le comhoibríochtaí, agus le húsáid chomhroinnte na gcumas Eorpach i gcomhréir le cumhachtaí áirithe. Ba cheart coincheap na noibríochtaí ilchuspóireacha ar leibhéal an Aontais, bunaithe ar anailís riosca, a fhorbairt a thuilleadh , agus príomhchúraimí agus príomhfhreagrachtaí na ngníomhaithe ar leibhéal an Aontais a bhfuil baint acu leis na hoibríochtaí sin á nurramú ina niomláine.

    2.Ba cheart acmhainneacht iomlán na nuirlisí malartaithe faisnéise atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, go háirithe EUROSUR, a bheith in úsáid oibríochtúil ar leibhéal an Aontais. Ba cheart bailiú na faisnéise ag seirbhísí cumaisc EUROSUR a fhorbairt a thuilleadh trí bhíthin socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích idir Frontex agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an AE faoi seach a chur i bhfeidhm, d’fhonn seirbhísí faisnéise breisluacha a bhaineann le EIBM a chur ar fáil do na Ballstáit agus do Frontex.

    3.Ba cheart an comhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta a fhorbairt a thuilleadh chun an fheasacht staide ar muir a mhéadú chomh maith leis an gcumas freagartha, agus chun tacú le gníomhaíocht chomhleanúnach chostéifeachtúil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart lámhleabhar praiticiúil faoin gcomhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta a chur i bhfeidhm go forleathan chun cur chun feidhme comhchuibhithe an chomhair sin a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta 18 .

    4.Ba cheart an idir-inoibritheacht idir córais faisnéise ábhartha uile-Aontais (EES, ETIAS, CFS, VIS), a chur chun feidhme a thuilleadh agus, más gá, a fhorbairt a thuilleadh chun úsáid níos éifeachtaí ionstraimí éagsúla a ráthú.

    5.Ba cheart coincheap an teophointe, lena náirítear nósanna imeachta oibriúcháin caighdeánacha, a chur i bhfeidhm nuair is ábhartha. Ba cheart go mbeadh gach gníomhaireacht ábhartha (Frontex, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, Europol agus FRA) réidh i gcónaí chun tacú le teophointí i gcomhréir leis an gcoincheap a glacadh. Ba cheart go mbeadh ullmhacht dhlíthiúil agus oibríochtúil ag na Ballstáit chun óstáil a dhéanamh ar theophointí Eorpacha nó chun tacú leo.

    6.Ba cheart comhordú agus comhar idir Europol agus Frontex agus na húdaráis inniúla náisiúnta, faoi chuimsiú thimthriall beartais an Aontais maidir leis an gcoireacht eagraithe a chomhrac, a fheabhsú ag gach céim den phróiseas. Is ar na réimsí tosaíochta straitéisí a bhaineann go díreach le teorainneacha seachtracha agus le cúraimí rialaithe teorann ar cheart rannpháirtíocht ghníomhach Frontex agus na núdarás garda teorann náisiúnta a bheith dírithe go príomhúil.

    7.Ba cheart do FRONTEX dul i mbun comhair leis an gCoimisiún (lena náirítear OLAF) freisin, go háirithe chun comhairle a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí bainistithe teorainneacha a fhorbairt i dtríú tíortha agus, i gcás inarb ábhartha, leis na Ballstáit agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i ngníomhaíochtaí a bhaineann le réimse an chustaim, lena náirítear bainistíocht an riosca agus comhrac na calaoise, i gcás ina gcomhlánaíonn na gníomhaíochtaí sin a chéile.

    Comhpháirt 7: ‘Comhar le tríú tíortha sna réimsí arna gcumhdach leis an Rialachán seo, ag díriú go háirithe ar thíortha comharsanachta tríú tír agus ar na tríú tíortha sin a sainaithníodh trí anailís riosca mar thíortha tionscnaimh nó idirthurais i dtaca le hinimirce neamhdhlíthiúil 19 .’

    Tosaíochtaí beartais

    Comhoibreoidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht le tríú tíortha chun críche bhainistiú comhtháite na dteorainneacha agus beartas imirce san Eoraip. Ba cheart go mbeadh an comhar praiticiúil i réimse EIBM le tríú tíortha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais, lena n‑áirítear cearta bunúsacha agus prionsabal an non‑refoulement, chun an inimirce neamhdhleathach a chosc, filltí éifeachtacha a fheabhsú, an choireacht trasteorann a chosc, agus an taisteal dlisteanach a éascú.

    An comhar le tríú tíortha maidir le EIBM a chur chun cinn, fónann sé go háirithe d’acmhainní oibríochtúla agus comhair na dtríú tíortha a fhorbairt i réimsí an rialaithe teorann, na hanailíse riosca, agus an fhillte agus an athligin isteach. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach luachanna agus caighdeáin na hEorpa a chur chun cinn i dtríú tíortha. Ba cheart tús áite a thabhairt do thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontais, do thíortha comharsanachta an Aontais, agus do thíortha tionscnaimh agus idirthurais na hinimirce neamhrialta.

    Treoirlínte straitéiseacha

    1.Ba cheart an comhar le tríú tíortha i réimse EIBM a bheith bunaithe ar chomhaontuithe i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, lena náirítear ar chosaint na sonraí pearsanta. Leis na comhaontuithe sin (lena náirítear comhaontuithe stádais agus socruithe oibre), ba cheart eagraíochtaí freagracha, struchtúir chomhair agus raon feidhme an chomhair a shainaithint, agus rialacha a bhunú maidir le leithdháileadh na bhfreagrachtaí.

    2.Spreagtar an comhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus tríú tíortha cibé uair ina bhfuil comhar den sórt sin comhoiriúnach le cúraimí Frontex. Tá na Ballstáit le staonadh ó ghníomhaíocht ar bith a d’fhéadfadh feidhmiú na Gníomhaireachta nó baint amach a cuspóirí a chur i mbaol.

    3.Ba cheart malartú faisnéise, go háirithe maidir le EUROSUR, idir na Ballstáit agus tríú tíortha a sholáthar faoi chuimsiú comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit an Moladh ón gCoimisiún maidir leis na forálacha múnla le haghaidh malartú faisnéise faoi chuimsiú EUROSUR i gcomhréir le hAirteagal 76(2) de Rialachán EBCG 20 a leanúint.

    4.Ba cheart do FRONTEX forléargas ar leibhéal an Aontais a tharraingt suas faoin gcomhar oibríochtúil atá ann cheana le tríú tíortha i réimse bhainistíocht na dteorainneacha agus an fhillte. Ba cheart é sin a bheith bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ó chomhlachtaí Eorpacha eile.

    5.Agus léiriú staide sonrach á bhunú le tríú páirtithe in EUROSUR, ba cheart do na Ballstáit agus do Frontex na caighdeáin theicniúla agus oibríochtúla maidir le malartú faisnéise arna bhforbairt ag Frontex a chomhlíonadh agus a chur chun cinn.

    6.Ba cheart gníomhaíochtaí oibríochtúla i dtríú tíortha a ndéanann Frontex comhordú orthu a phleanáil agus a chur chun feidhme i gcomhréir le comhaontuithe stádais idir an tAontas agus an tríú tír ábhartha agus/nó i gcomhréir le socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích ag Frontex agus ag údaráis inniúla na dtríú tíortha (nuair is ann dóibh). Ba cheart go mbeadh na comhaontuithe stádais agus na socruithe oibre araon bunaithe ar na samhlacha faoi seach arna nglacadh ag an gCoimisiún 21 .

    7.Ní mór dlí an AE a chomhlíonadh agus comhar ar bun le tríú tíortha, agus áirítear leis sin na gnáis agus na caighdeáin is cuid de reachtaíocht an Aontais atá i bhfeidhm, fiú nuair a dhéantar an comhar le tríú tíortha ar chríoch na dtíortha sin. Ní mór malartú na sonraí pearsanta le tríú tíortha a bheith ag comhlíonadh ceanglais reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint na sonraí.

    8.Ba cheart an comhar iltaobhach agus réigiúnach le tríú tíortha a neartú. Ba cheart lárionaid náisiúnta chomhordúcháin na mBallstát a úsáid mar phointí teagmhála chun faisnéis a mhalartú le tíortha comharsanachta agus le tíortha ábhartha eile.

    9.I gcás ina bhfuil acmhainneacht inaitheanta ag líonraí oifigeach idirchaidrimh (OInna) chun rannchuidiú le feidhmeanna éagsúla a bhaineann le IBM ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart iad a chomhordú go héifeachtach agus tacaíocht mhaith a thabhairt dóibh chun a gcumais oibríochtúla agus a néifeachtacht oibríochtúil a uasmhéadú. Ba cheart go mbeadh na bealaí agus foirmeacha comhair agus tuairiscithe soiléir ar gach leibhéal. Ba cheart go mbeadh acmhainn bhuan sholúbtha ann chun foirne saineolaithe, nó oifigigh idirchaidrimh a bhfuil na scileanna ábhartha acu, a imscaradh chuig áiteanna éagsúla i gcás ina mbeidh riachtanais oibríochtúla ann. Ba cheart go mbeadh léiriú staide iomlán ag Frontex de chineálacha éagsúla na noifigeach idirchaidrimh Eorpach (OInna Frontex, OInna Imirce na hEorpa, OInna na hEorpa um Fhilleadh, OInna gníomhaireachtaí eile) agus OInna inimirce náisiúnta, bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit agus ag comhlachtaí Eorpacha ábhartha eile. Ba cheart go gcuirfeadh an fhaisnéis a bhaileofar leis an anailís riosca agus leis an bhfeasacht staide ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena náirítear an léiriú ar an bhfaisnéis réamhtheorann. Ba cheart d’oifigigh idirchaidrimh Frontex gach faisnéis ábhartha a mhalartú le Toscaireacht an Aontais ina dtír imlonnaithe, faoi chuimsiú chomhordú foriomlán bheartas an Aontais sa tír sin.

    10.Ba cheart cuairteanna oibre fothaithe acmhainneachta ar thríú tíortha a bhaineann le IBM, lena náirítear maoiniú díreach, comhairle theicniúil, oiliúint nó tacaíocht le trealamh teicniúil, a bheith faoi chomhordú fiúntach agus faireachán ag an Aontas. Ba cheart do Frontex leanúint de thionscadail fothaithe acmhainní agus cláir a bhaineann le IBM arna gcistiú ag an Aontas a chur chun feidhme i dtíortha is iarrthóirí de chuid an Aontais agus i dtríú tíortha tosaíochta eile, go háirithe chun críocha cumais na dtríú tíortha a fhorbairt i réimsí an rialaithe teorann, anailís an riosca, agus an filleadh agus an tathligean isteach. Ba cheart do Frontex comhoibriú go dlúth freisin le comhpháirtithe cur chun feidhme eile de chuid an Choimisiúin chun comhairle a thabhairt agus gníomhaíochtaí bainistithe teorainneacha á gcur chun feidhme sa chomharsanacht agus i dtríú tíortha tosaíochta eile. Ba cheart tionscadail atá faoi stiúir na mBallstát a chur chun feidhme i ndlúthchomhar le Frontex; ba cheart lánacmhainneacht shaineolas na Gníomhaireachta a úsáid i ngach céim de na tionscadail. Ba cheart don Ghníomhaireacht forbhreathnú cuimsitheach a fhorbairt freisin ar thionscadail fothaithe acmhainneachta agus ar chuairteanna oibre a bhaineann le IBM atá ar siúl agus atá beartaithe i dtríú tíortha.

    11.Ba cheart an comhar idir misin shibhialtacha de chuid an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta a bhfuil comhpháirt bainistithe teorann acu agus Frontex a fhorbairt a thuilleadh chun feasacht staide a áirithiú agus chun tacú le hanailís an riosca agus cur chun cinn caighdeáin EIBM.

    Comhpháirt 8: ‘Bearta teicniúla agus oibríochtúla laistigh de limistéar Schengen a bhaineann le rialú ag teorainneacha agus atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar inimirce neamhdhlíthiúil agus aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr leis an gcoireacht trasteorann 22 .’

    Tosaíochtaí beartais

    Ba cheart an leanúnachas agus idir-inoibritheacht oibríochtúil idir an rialú ag teorainneacha seachtracha agus bearta teicniúla agus oibríochtúla laistigh de limistéar Schengen a bheith deabhunaithe chun freagairt éifeachtach ar ghluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe, ar an imirce neamhrialta agus ar an gcoireacht trasteorann a bhaineann le teorainneacha seachtracha a ráthú.

    Tá acmhainneacht náisiúnta (ullmhacht) le cur ar bun chun dlús a chur le seiceálacha póilíneachta a bhaineann le himirce neamhrialta laistigh den chríoch, lena n‑áirítear i limistéir teorann intíre, le tacaíocht ó bhearta malartacha eile atá ar fáil do na Ballstáit, rud a chuireann srian ar an ngá atá le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach an athuair.

    Treoirlínte straitéiseacha

    1.Ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, ba cheart léiriú staide cuimsitheach agus anailís riosca a dhéanamh ar an teacht isteach neamhrialta agus ar ghluaiseachtaí tánaisteacha náisiúnach tríú tír laistigh den Aontas, mar bhonn do bhearta spriocdhírithe comhréireacha a bheidh le glacadh. Ba cheart do Frontex léiriú staide Eorpach a ullmhú le tacaíocht iomlán ó na Ballstáit agus i gcomhar le gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais. Ba cheart EUROSUR a úsáid mar phríomhardán don fheidhm sin, in éineacht le córais bailithe sonraí éifeachtacha agus aontaithe eile. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta na teagmhais a bhaineann le gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe a thuairisciú don LNC.

    2.Ba cheart comhar agus comhordú feabhsaithe a fhorbairt a thuilleadh, lena náirítear anailís riosca chomhpháirteach, cleachtais oibríochtúla agus malartú líofa faisnéise idir gardaí teorann agus údaráis eile a oibríonn ag an teorainn sheachtrach. Áirítear orthu sin na LNCanna, na húdaráis atá ag obair laistigh de limistéar Schengen, agus lárionaid um chomhar póilíneachta agus custaim agus lárionaid ábhartha eile. Ba cheart córais faisnéise éagsúla uile-Aontais a bheith in úsáid go héifeachtach ag na húdaráis fhreagracha go léir.

    3.Ba cheart an comhar oibríochtúil idir oibríochtaí comhpháirteacha a chomhordaíonn Frontex agus na lárionaid ábhartha um chomhar póilíneachta agus custaim a fhorbairt agus a chomhdhlúthú a thuilleadh.

    4.Ba cheart acmhainneacht leordhóthanach a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta chun seiceálacha póilíneachta a bhaineann leis an inimirce neamhdhleathach ar fud na críche ar fad a threisiú agus chun seiceálacha póilíneachta agus rialú imirce a dhéanamh ar na príomhbhóithre iompair, lena náirítear limistéir teorann bunaithe ar anailís riosca.

    Comhpháirt 9: ‘Náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna neisiúint ag Ballstát a fhilleadh 23 .’

    Tosaíochtaí beartais

    Ba cheart náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh arna eisiúint ag Ballstát a fhilleadh go héifeachtach, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha. Ba cheart acmhainneacht (idir acmhainneacht riaracháin, theicniúil agus oibríochtúil) a bheith ann chun próisis fillte a chur chun feidhme, lena n‑áirítear an filleadh deonach, go éifeachtach agus ar bhealach aontaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, mar chuid lárnach den slabhra bainistíochta imirce agus d’fheidhmiú IBM Eorpach.

    Cur chun feidhme éifeachtach na bhfilltí i gcás náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh, ba cheart go n‑áiritheofaí leis go bhfágfaidh gach duine nach bhfuil an ceart aige fanacht san Aontas an tAontas Eorpach. Ba cheart a áirithiú freisin le EIBM gur saineolaithe atá oilte i gceart a chuirfidh an nós imeachta um fhilleadh i gcrích ar bhealach daonnachtúil, díniteach agus inbhuanaithe, agus cearta bunúsacha na bhfillithe á gcomhlíonadh go hiomlán agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais.

    Treoirlínte straitéiseacha

    1.Ba cheart cumas agus ról Frontex chun tacú leis na Ballstáit i ngach céim den phróiseas fillte a neartú a thuilleadh, trí leas iomlán a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil, idir ionstraimí an Aontais agus ionstraimí náisiúnta.

    2.Cumas na mBallstát náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh go haontaobhach nó go comhpháirteach, ba cheart é a mhéadú trí chóras náisiúnta comhtháite comhordaithe um fhilleadh a fhorbairt, córas a bheidh bunaithe ar shamhail an chórais bainistithe cásanna fillte arna forbairt ag an nGníomhaireacht agus a bheidh comhoiriúnach don bheartas Eorpach um fhilleadh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go hiomlán go bhfuil acmhainneacht acu chun rannchuidiú le hoibríochtaí fillte Eorpacha a chomhordaíonn nó a eagraíonn Frontex.

    3.Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bhFeidhmchlár Bainistíochta Comhtháite maidir le Filleadh (IRMA) chun feabhas a chur ar an bhfeasacht staide maidir leis an bhfilleadh, ar bhailiú sonraí maidir le hoibríochtaí fillte agus ar an athligean isteach. Éascófar leis sin an phleanáil, malartú na faisnéise oibríochtúla ábhartha, an teagrú agus an cur chun feidhme a dhéanann na Ballstáit maidir le gníomhaíochtaí fillte, athligin isteach agus athlánpháirtithe. Cuirfidh sé ar chumas Frontex ról iomlán réamhghníomhach a ghlacadh maidir le hoibríochtaí fillte a phleanáil agus a eagrú, lena náirítear cúnamh roimh fhilleadh agus an tathlánpháirtiú.

    4.Ba cheart do Frontex léiriú staide cuimsitheach, agus cumais agus riachtanais na mBallstát maidir le filleadh san áireamh, a ullmhú, ar bhonn faisnéis arna bailiú ó na Ballstáit, ó chineálacha éagsúla oifigigh idirchaidreamh inimirce (Eorpacha agus náisiúnta) agus ó thríú tíortha.

    5.Ba cheart don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach, go háirithe Frontex, straitéis 2021 an Aontais um fhilleadh deonach agus athlánpháirtiú 24 a chur chun feidhme.

    Comhpháirt 10: Teicneolaíocht úrscothach a úsáid, lena náirítear córais faisnéise ar mhórscála 25 ’.

    Tosaíochtaí beartais

    Ba cheart go mbeadh tacaíocht ag IBM Eorpach, agus go háirithe ag seiceálacha teorann agus faireachas teorann, ó chórais theicniúla agus réitigh theicniúla Eorpacha, córais a bheidh sofaisticiúil soghluaiste idir-inoibrithe agus a bheidh infheidhme ar chórais mhórscála TF de chuid an Aontais. Is é is aidhm don mhéid sin rialú teorann níos éifeachtúla agus níos iontaofa a chinntiú. Ba cheart go mbeadh sé d’acmhainn ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach an úsáid is fearr a bhaint as teicneolaíochtaí úrscothacha, lena n‑áirítear sásraí chun sonraí a dhaingniú.

    Treoirlínte straitéiseacha

    1.Ba cheart cáilíocht na faisnéise a úsáidtear i gcomhair seiceálacha teorann sna córais atá ann cheana a fheabhsú trí bhearta praiticiúla a ghlacadh chun cruinneas na sonraí a áirithiú, agus deis na meastóireachta tréimhsiúla a dhéantar orthu á tapú, lena náirítear trí theicneolaíocht úrscothach a chur chun feidhme.

    2.Ba cheart idir-inoibritheacht na gcóras mórscála TF atá ann cheana agus na gcóras mórscála TF nua (EES, VIS, ETIAS, CFS athnuaite) a áirithiú, agus go háirithe cur chun feidhme iomlán agus cuimsitheach na gcóras sin a athnuadh le déanaí.

    3.Is é príomhchuspóir eu-LISA, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, na comhpháirteanna lárnacha de chórais faisnéise mhórscála a fhorbairt, a choinneáil ar bun agus a oibriú.

    4.Ba cheart acmhainneacht na réiteach teicniúil cliste nua (e.g. geataí seiceálacha teorann uathoibrithe) agus idir-inoibritheacht na gcóras faisnéise éagsúla a bhaineann leis na teorainneacha agus leis an tslándáil a uasmhéadú chun feabhas a chur ar shlándáil na saoránach, chun seiceálacha teorann agus trasnuithe teorainneacha seachtracha a éascú, agus chun an choireacht agus an sceimhlitheoireacht trasteorann a chomhrac.

    5.Ba cheart lánacmhainneacht na teicneolaíochta nua-aimseartha a úsáid chun cumas faireachais agus freagartha na hEorpa a mhéadú ag na teorainneacha seachtracha. Ba cheart an úsáid a bhaintear as acmhainní faireachais Eorpacha (e.g. seirbhísí satailíte) a fhorbairt a thuilleadh chun léiriú staide cuimsitheach a chruthú.

    6.Ba cheart acmhainn faireachais na gcóras faireachais teicniúil (do-aistrithe agus soghluaiste) a úsáidtear ag na teorainneacha muirí agus talún a fhorbairt a thuilleadh. Ba cheart go gcumhdódh sin réitigh theicniúla agus próisis oibre a úsáidtear i lárionaid oibríochtúla éagsúla (LNS, Lárionaid Chomhordúcháin Tarrthála agus Lárionaid Chomhordúcháin Áitiúla) agus in aonaid mhóibíleacha.

    7.Maidir leis an rannchuidiú a dhéanann Garda Teorann agus Cósta Eorpach le neamhspleáchas Eorpach sa teicneolaíocht chriticiúil 26 , tá an Garda Teorann agus Cósta Eorpach lena áirithiú go gcuirfear san áireamh ina phleanáil forbartha cumais an cuspóir maidir le spleáchas ar theicneolaíochtaí criticiúla ó thríú tíortha a laghdú.

    8.Ní mór ceanglais chreat cosanta sonraí an Aontais a chomhlíonadh agus teicneolaíochta úrscothach á húsáid.

    Comhpháirt 11: Sásra rialaithe cáilíochta, go háirithe sásra meastóireachta Schengen, an measúnú leochaileachta agus aon sásra náisiúnta atá ann, chun cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha a áirithiú 27 ’.

    Tosaíochtaí beartais

    Ba cheart córas cuimsitheach Eorpach um rialú cáilíochta a bheith i bhfeidhm chun síorfheasacht a áirithiú maidir le cur chun feidhme agus cáilíocht bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip ar an leibhéal straitéiseach agus ar an leibhéal oibríochtúil. Ba cheart torthaí an rialaithe cáilíochta a úsáid mar bhonn agus córais agus feidhmeanna Eorpacha agus náisiúnta IBM á bhforbairt a thuilleadh.

    Treoirlínte straitéiseacha

    ·Ba cheart sásra rialaithe cáilíochta Eorpach, a chomhdhéanfar de shásra meastóireachta Schengen agus de na measúnuithe leochaileachta arna ndéanamh ag Frontex, a chur i ngníomh go hiomlán.

    ·Bunaithe ar mhalartú rialta faisnéise, ba cheart an leas is mó is féidir a bhaint as sineirgí idir an measúnú leochaileachta agus sásra meastóireachta Schengen d’fhonn léargas níos fearr a fháil ar fheidhmiú limistéar Schengen. Ba cheart go seachnófaí leis sin, a mhéid is féidir, dúbláil iarrachtaí ag na Ballstáit, agus go náiritheofaí úsáid níos comhordaithe na nionstraimí airgeadais AE ábhartha a thacaíonn le bainistiú na dteorainneacha seachtracha.

    ·Ba cheart torthaí an tsásra rialaithe cáilíochta a úsáid nuair a bheidh an córas náisiúnta um bainistiú teorainneacha á fhorbairt agus nuair a bheidh tosaíochtaí á sannadh ar úsáid ionstraimí cistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais (e.g. cláir náisiúnta agus saoráidí téamacha faoin Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV) an Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha), go háirithe agus measúnú a dhéanamh ar thograí cistiúcháin eile ón gCoimisiún.

    ·Ba cheart do na Ballstáit sásra náisiúnta um rialú cáilíochta (‘meastóireacht Schengen’ náisiúnta) a bhunú, lena gcumhdófaí gach cuid agus gach feidhm den chóras náisiúnta IBM agus lena náireofaí na húdaráis uile a bhfuil baint acu le bainistiú comhtháite na dteorainneacha.

    ·Ba cheart do na Ballstáit páirt ghníomhach a ghlacadh i gcuairteanna meastóireachta Schengen a chomhordaíonn an Coimisiún agus rannchuidithe tráthúla ar ardcháilíocht a sholáthar do na measúnuithe leochaileachta faoi stiúir Frontex.

    Comhpháirt 12: ‘Sásraí dlúthpháirtíochta, go háirithe ionstraimí cistiúcháin an Aontais 28 ’.

    Tosaíochtaí beartais

    Ba cheart go dtacófaí le cur chun feidhme éifeachtach na straitéise IBM Eorpaigh le cistí sonracha de chuid an Aontais, go háirithe IBTV agus an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF). Ba cheart do chistí an Aontais tacú le gníomhaíochtaí Eorpacha um bainistiú comhtháite na dteorainneacha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a thagann faoi dhlínse an Aontais agus a shainítear i ndlí an Aontais, d’fhonn an breisluach AE is mó is féidir a bhaint amach. Na comhpháirteanna de bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip atá rialaithe leis an dlí náisiúnta, ba cheart i bprionsabal go gcumhdófaí iad le hacmhainní náisiúnta.

    Faigheann gníomhaíochtaí Frontex tacaíocht ó bhuiséad tiomnaithe na Gníomhaireachta as buiséad foriomlán an Aontais. Féadfaidh an Ghníomhaireacht leas a bhaint freisin as cistiú ón Aontas le haghaidh tionscadail cúnaimh theicniúil i dtríú tíortha, i gcomhréir le forálacha na n‑ionstraimí ábhartha a thacaíonn le cur chun feidhme bheartas seachtrach imirce an Aontais.

    Treoirlínte straitéiseacha

    ·Ba cheart an úsáid a bhaintear as ionstraimí cistiúcháin de chuid an Aontais (e.g. cláir náisiúnta faoi IBTV) a ailíniú le straitéisí IBM náisiúnta, le pleananna gníomhaíochta náisiúnta agus pleanáil náisiúnta cumais. Ba cheart tosaíochtaí náisiúnta soiléire mionsonraithe a bheith ann (e.g. EUROSUR, forbairt cumais), bunaithe ar thosaíochtaí an Aontais.

    ·Ba cheart torthaí shásra meastóireachta Schengen agus an mheasúnaithe leochaileachta a chur san áireamh chun tosaíochtaí a shannadh ar úsáid chistí an Aontais ar an leibhéal náisiúnta.

    ·Le dlúthchomhar idir an Coimisiún agus Frontex, ba cheart sineirgí a áirithiú idir gníomhaíochtaí Frontex agus gníomhaíochtaí a mhaoinítear le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais agus an maoiniú dúbailte a sheachaint.

    ·Le cistiú tiomnaithe ón Aontas faoin gCiste Slándála Inmheánaí (Teorainneacha) agus gníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le IBTV, ba cheart go dtacófaí leis na Ballstáit an trealamh is gá a fháil d’fhonn é a chur ar fáil do Frontex i gcomhréir le hAirteagal 64(14) de Rialachán EBCG. Leis sin, comhdhlúthófar cumas na Gníomhaireachta tacú leis na Ballstáit sin a bhfuil cúnamh de dhíth orthu.

    Comhpháirt 13: ‘Cearta bunúsacha 29 ’.

    Tosaíochtaí beartais

    urraim iomlán do na cearta bunúsacha i gcroílár IBM Eorpaigh. Ní mór don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach a ráthú go gcosnófar na cearta bunúsacha agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, i gcomhréir lena shainordú, agus an IBM Eorpach á chur chun feidhme aige. Ba cheart gníomhaíochtaí ghníomhaithe an Aontais agus gníomhaithe náisiúnta laistigh den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach a dhéanamh i gcomhréir iomlán le dlí ábhartha an Aontais, lena náirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an dlí ábhartha idirnáisiúnta. Áirítear leis an méid sin Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951 agus Prótacal 1967 a ghabhann leis agus an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh. Na hoibleagáidí a bhaineann le rochtain ar an gcosaint idirnáisiúnta, agus go háirithe le prionsabal an nonrefoulement, ní mór lánurraim a thabhairt dóibh siúd freisin. Ina thogra le haghaidh rialachán maidir le scagadh a náisiúnach tríú tír 30 , mhol an Coimisiún go mbunódh gach Ballstát sásra faireacháin neamhspleách chun a áirithiú go gcloítear le cearta bunúsacha i ndáil le is an scagadh ag na teorainneacha seachtracha agus go ndéanfaí imscrúdú ceart ar aon líomhaintí maidir le sárú ar chearta bunúsacha. Bheadh an sásra faireacháin sin mar chuid de rialachas agus d’fhaireachán staid na himirce dá bhforáiltear sa togra le haghaidh rialachán nua maidir le tearmann agus bainistiú imirce 31 .

    Treoirlínte straitéiseacha

    ·Ba cheart cloí go docht leis an Straitéis um Chearta Bunúsacha agus leis an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann léi, arna nglacadh ag Bord Bainistíochta Frontex, i ngníomhaíochtaí uile an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

    ·Ba cheart do na Ballstáit gníomhú i gcomhréir iomlán leis na cearta bunúsacha le linn thimthriall iomlán oibríochtúil na ngníomhaíochtaí uile um bainistiú teorainneacha agus um fhilleadh agus a straitéisí náisiúnta IBM á gcur chun feidhme acu.

    ·Ba cheart do na Ballstáit sásra náisiúnta faireacháin ar chearta bunúsacha a fhorbairt agus a choinneáil ar bun go hoibríochtúil i ndáil le bainistiú na dteorainneacha agus leis an bhfilleadh.

    ·Ba cheart go mbeadh na cearta bunúsacha ina gcuid ríthábhachtach den siollabas oiliúna ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh gach duine a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí rialaithe teorann nó fillte. Ba cheart díriú go sonrach leis na bearta oiliúna sin ar dhaoine leochaileacha, lena náirítear mionaoisigh, a chosaint.

    ·Le linn na meastóireachtaí a dhéantar faoi Shásra athbhreithnithe Faireacháin agus Meastóireachta Schengen, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an urraim do chearta bunúsacha a fhíorú agus acquis Schengen á chur i bhfeidhm.

    Comhpháirt 14: ‘Oideachas agus oiliúint 32 ’.

    Tosaíochtaí beartais

    Ba cheart a áirithiú go mbeidh fáil ar líon leordhóthanach ball foirne inniúil a bhfuil oiliúint shonrach orthu i ngach réimse de bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, trí dhlúthchomhar idir acadaimh oiliúna sna Ballstáit agus Frontex.

     

    Ba cheart an t‑oideachas agus an oiliúint a bhunú ar chomhchaighdeáin chomhchuibhithe deacháilíochta oiliúna don bhuanchór, agus na riachtanais oibríochtúla, na cúraimí agus an inniúlacht dhlíthiúil á gcur san áireamh agus béim á leagan ar thuiscint shoiléir ar na luachanna atá cumhdaithe sna Conarthaí. Ba cheart dóibh na caighdeáin is airde agus dea-chleachtais a chur chun cinn i gcur chun feidhme dhlí teorann agus fhillte an Aontais, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine leochaileacha, lena n‑áirítear leanaí, a chosaint agus ar an urraim do na cearta bunúsacha, agus ba cheart di cultúr coiteann a chruthú bunaithe ar an urraim do na cearta bunúsacha.

     Treoirlínte straitéiseacha

    ·Ba cheart na lárchuraclaim choiteanna agus na huirlisí oiliúna is gá le haghaidh bainistiú teorann agus filleadh, lena náirítear maidir le leanaí agus daoine eile atá i gcásanna leochaileacha a chosaint, a fhorbairt a thuilleadh agus ba cheart iad a bhunú ar chreat tagartha foriomlán coiteann do cháilíochtaí arna bhforbairt don earnáil (creat earnálach cáilíochtaí don ghardáil teorann agus cósta). Ba cheart treochlár cumais an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, a fhormheasann an Bord Bainistíochta gach bliain, a chur san áireamh sna táirgí sin. Ina theannta sin, ba cheart dóibh cúrsaí breise oiliúna agus seimineáir a bhaineann le cúraimí comhtháite bainistithe teorann a chur ar fáil don bhuanchór agus d’oifigigh de chuid na núdarás inniúil náisiúnta araon.

    ·Ba cheart do Frontex leanúint d’uirlis shonrach oiliúna don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach a fhorbairt agus a shaibhriú, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, leis an gCoimisiún, le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus le geallsealbhóirí eile, agus torthaí ábhartha taighde agus dea-chleachtais á gcur san áireamh.

    ·Ba cheart bearta oiliúna speisialaithe a bhaineann le cúraimí agus le cumhachtaí bhaill an bhuanchóir, a fhorbairt a thuilleadh le haghaidh lucht faireacháin ar an bhfilleadh éigeantach agus ar chearta bunúsacha, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais oibríochtúla. Ba cheart freachnaimh a dhéanamh go tráthrialta leis na gardaí teorann sin agus le baill eile de na foirne, i gcomhréir leis an sceideal oiliúna speisialaithe.

    ·Ba cheart leibhéal comhionann d’oiliúint a bhaineann le gardáil na dteorainneacha agus leis an bhfilleadh a sholáthar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta do gach ball den bhuanchór a imscarfar le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla, beag beann ar a gcatagóir, ionas go náiritheofar gur gairmithe iad gardaí teorann agus cósta uile na hEorpa agus oiliúint chuí orthu de réir a speisialtóireachta.

    ·Ba cheart do Frontex sásra rialaithe cáilíochta inmheánach a chur chun feidhme, i gcomhréir le caighdeáin agus treoirlínte Eorpacha maidir le hoideachas agus oiliúint, chun ardleibhéal oiliúna, saineolais agus gairmiúlachta a áirithiú don fhoireann reachtúil a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta. Ba cheart tuairisc a thabhairt sa tuarascáil mheastóireachta bhliantúil ar staid chur chun feidhme an tsásra sin agus ba cheart é a chur i gceangal leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí.

    ·Ba cheart a spreagadh go bhfaighfí eolas nó saineolas sonrach ó thaithí agus ó dhea-chleachtais thar lear le linn misean, agus oibríochtaí a bhaineann leis an bhfilleadh, i mBallstát eile. Ba cheart, go háirithe, an deis sin a chur ar fáil trí chlár malartaithe do ghardaí teorann a ghlacann páirt in idirghabhálacha fillte de chuid Frontex.

    ·Ba cheart tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar lárionad oiliúna a bhunú laistigh de Frontex, ag tógáil ar chomhar agus sineirgí níos fearr le hinstitiúidí oiliúna náisiúnta na mBallstát agus á gcur san áireamh mar is cuí. Is é an aidhm forbairt, soláthar agus deimhniú oideachais agus oiliúna gardaí teorann agus cósta a chomhordú agus a chuíchóiriú, bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha maidir le dearbhú cáilíochta, agus cuimsiú cultúir choitinn Eorpaigh san oiliúint a chuirtear ar fáil a éascú tuilleadh.

    Comhpháirt 15: ‘Taighde agus nuálaíocht 33 ’.

    Tosaíochtaí beartais

    Ba cheart tacú le bainistiú comhtháite na dteorainneacha trí theicneolaíocht úrscothach agus taighde réamhbhreathnaitheach ar eolaíochtaí ábhartha a thacaíonn le gairm an gharda teorann. Chun na críche sin, ba cheart infheistíocht thráthúil dhea-chomhordaithe sa taighde agus sa nuálaíocht a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

    Treoirlínte straitéiseacha

    ·Ba cheart d’oibríochtaí rialaithe teorann leas a bhaint as an taighde agus an nuálaíocht le bheith níos idir-inoibrithí agus níos costéifeachtaí. Ba cheart réitigh nuálacha a chur chun cinn trí chomhar trasteorann le haghaidh barainneachtaí scála. Ba cheart an comhar idir Frontex agus aonaid taighde agus nuálaíochta na núdarás teorann sna Ballstáit a fhorbairt a thuilleadh i réimsí tosaíochta. Ba cheart do na húdaráis rialaithe teorann a bheith ar an eolas freisin faoi na forbairtí teicneolaíochta is déanaí lena dtuartar treochtaí, dúshláin agus bagairtí, ós rud é go núsáideann líonraí smuigleála agus sceimhlitheoirí teicneolaíocht úrscothach freisin.

    ·Ba cheart do FRONTEX páirt ghníomhach a ghlacadh san fhaireachán a dhéanann na Ballstáit, an tAontas agus an tionscal, chomh maith le gníomhaithe ábhartha eile, lena náirítear tríú tíortha agus eagraíochtaí eile, ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta sna réimsí a chumhdaítear le IBM.

    ·Ba cheart do FRONTEX cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún creatchláir ábhartha an Aontais a tharraingt suas agus a chur chun feidhme le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann le IBM.

    ·San úsáid a bhaintear as taighde agus nuálaíocht, ní mór ceanglais reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint na sonraí a chomhlíonadh.

    6.Rialachas an timthrialla beartais straitéisigh ilbhliantúil

    Is é príomhchuspóir thimthriall beartais BEIM a áirithiú, sna cúig bliana amach romhainn, go ndéanfar tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a aistriú go cuí ina gcuspóirí oibríochtúla agus ina ngníomhaíochtaí don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach.

    Dá riachtanaí an phleanáil fhadtéarmach, fágann timpeallacht pholaitiúil fíordhinimiciúil EIBM, mar aon leis an timpeallacht oibríochtúil íogair, gur gá faireachán buan ar fhorbairtí agus oiriúnú solúbtha do riachtanais athraitheacha. Dá bhrí sin, ba cheart sásra iomchuí a bhunú leis an mbeartas straitéiseach ilbhliantúil maidir le EIBM chun creat rialachais éifeachtach a áirithiú a bheadh ag gabháil le cur chun feidhme rathúil an timthrialla.

    Ba cheart an sásra sin a chomhtháthú i dtimthriall Schengen, timthriall a sheoltar leis an tuarascáil bhliantúil ar staid Schengen. Glactar an tuarascáil ar staid Schengen in éineacht leis an doiciméad beartais seo. Le timthriall Schengen, beifear in ann faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme thimthriall EIBM i bhfoirmíochtaí éagsúla:

    -Le cruinniú bliantúil Fhóram Schengen, beidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún in ann athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme EIBM agus stiúir pholaitiúil chomhlántach a sholáthar don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach.

    -Ba cheart do na Comhairlí Schengen, a eagraítear go ráithiúil, athbhreithniú a dhéanamh ar rialachas Schengen agus conclúidí a thabhairt ina leith, maille le spreagadh polaitiúil a thabhairt maidir leis na príomhshaincheisteanna straitéiseacha a bhaineann le cur chun feidhme EIBM. Is deis iad plé a dhéanamh ar an leibhéal polaitiúil ar ábhair a bhaineann leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, lena náirítear Frontex, agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí straitéiseacha a eisiúint agus faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme.

    -Cuirfear stiúradh straitéiseach breise ar fáil freisin ag cruinniú ardleibhéil de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta.

    D’fhéadfadh cruinnithe bliantúla an chomhair idirpharlaimintigh a leagtar amach in Airteagal 112 de Rialachán EBCG deis a sholáthar chun a áirithiú go ndéantar feidhmeanna grinnscrúdaithe Pharlaimint na hEorpa ar an nGníomhaireacht agus na bparlaimintí náisiúnta ar a n‑údaráis náisiúnta faoi seach maidir le cur chun feidhme bhainistiú comhtháite na dTeorainneacha san Eoraip a fheidhmiú go héifeachtach. D’fhéadfaí na cruinnithe a chomhordú leis na hullmhúcháin le haghaidh chruinniú bliantúil Fhóram Schengen.

    7.Conclúidí

    D’ullmhaigh an Coimisiún an doiciméad beartais reatha d’fhonn comhthuiscint a bhaint amach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an gcaoi ar cheart do EBCG EIBM a chur chun feidhme sna cúig bliana amach romhainn.

    Dá bhrí sin, iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle plé a dhéanamh faoin doiciméad beartais seo, ina leagtar amach beartas straitéiseach ilbhliantúil do EIBM, agus a dtuairimí faoi seach a chur in iúl don Choimisiún.

    Ag an am céanna, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé sásraí iomchuí a bhunú chun creat rialachais éifeachtach a áirithiú a ghabhfaidh le cur chun feidhme an timthrialla, iarrann an Coimisiún tuairimí an dá institiúid maidir lena smaointe faoi treoir spriocdhírithe a sholáthrófaí ar bhonn níos tráthrialta, chun na tosaíochtaí beartais cúig bliana agus na treoirlínte straitéiseacha a chomhlánú.

    Bunaithe ar an ionchur polaitiúil ón dá institiúid maidir leis na gnéithe thuasluaite, glacfaidh an Coimisiún teachtaireacht ina leagfar amach an beartas straitéiseach ilbhliantúil do BEIM agus dá rialachas.

    Creat ama thimthriall BEIM

    Gníomhaíochtaí chun an timthriall beartais straitéisigh ilbhliantúil a chur chun feidhme

    Amchlár táscach

    Cuireann an Coimisiún doiciméad beartais síos ina leagtar amach an beartas straitéiseach ilbhliantúil maidir le bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip

    R2 2022

    Pléann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an doiciméad beartais ina leagtar amach an beartas straitéiseach ilbhliantúil maidir le bainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip

    R3 2022

    Glacann an Coimisiún Teachtaireacht lena mbunaítear an beartas straitéiseach ilbhliantúil le haghaidh bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip

    R4 2022

    Glacann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta an straitéis theicniúil agus oibríochtúil do bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip

    R2 2023 (6 mhí tar éis na Teachtaireachta ón gCoimisiún)

    Déanann na Ballstáit a gcuid straitéisí náisiúnta IBM a ailíniú

    R4 2023 (12 mhí tar éis na Teachtaireachta ón gCoimisiún)

    Déanann an Coimisiún meastóireacht ar an mbeartas straitéiseach ilbhliantúil le haghaidh bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip

    R4 2026 (48 mhí tar éis na Teachtaireachta ón gCoimisiún)

    Cuireann an Coimisiún síos an dara doiciméad beartais lena bhforbraítear an chéad bheartas straitéiseach ilbhliantúil eile do bhainistiú comhtháite na dteorainneacha san Eoraip

    Deireadh 2027

    (1)

    Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624.

    (2)

         Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624, IO L 295, 14.11.2019.

    (3)

    https://frontex.europa.eu/assets/Publications/Risk_Analysis/Risk_Analysis/Strategic_Risk_Analysis_2020.pdf.

    (4)

       Tá an chibearchoireacht ar cheann de na dúshláin a bheidh roimh EIBM amach anseo freisin, de réir Anailís Riosca Straitéiseach Frontex. Meastar, áfach, go bhfuil an timthriall beartais maidir le coireacht eagraithe níos ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin ar an leibhéal Eorpach.

    (5)

    Sonraítear le hAithris (11) de Rialachán EBCG gurb é atá i gceist le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, bunaithe ar an tsamhail rialaithe rochtana ceithre chiseal, bearta a dhéantar i dtríú tíortha, amhail a dhéantar faoi chuimsiú an chomhbheartais víosaí, bearta a dhéantar le tríú tíortha comharsanachta, bearta um rialú ag teorainneacha a dhéantar ag na teorainneacha seachtracha, anailís riosca agus bearta a dhéantar laistigh de limistéar Schengen agus bearta um fhilleadh.

    (6)

    Airteagal 3(1)(a) de Rialachán EBCG.

    (7)

    Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen).

    (8)

    Airteagal 3(1)(b) de Rialachán EBCG.

    (9)

    Moladh (AE) 2020/1365 ón gCoimisiún maidir le comhar idir na Ballstáit i ndáil le hoibríochtaí a dhéantar soithí ar le heintitis phríobháideacha iad nó atá á n-oibriú acu chun críche gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála.

    (10)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/581 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2021 maidir le léirithe staide sa Chóras Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR).

    (11)

    Airteagal 3(1)(c) de Rialachán EBCG.

    (12)

        Cinneadh 50/2021 ó Bhord Bainistíochta Frontex an 21 Meán Fómhair 2021 lena nglactar an Chomhshamhail le haghaidh Anailís Chomhtháite Riosca.

    (13)

    Airteagal 3(1)(d) de Rialachán EBCG.

    (14)

    Airteagal 3(1)(e) de Rialachán EBCG.

    (15)

    Ares (2018)6193959 – 3.12.2018.

    (16)

        Miontuairiscí an cheathrú cruinniú (16 agus 17 Nollaig 2021) de Ghrúpa na Saoithe um Dhúshláin atá roimh na Custaim, https://ec.europa.eu/taxation_customs/system/files/2022-01/Minutes%20of%20fourth%20meeting.pdf .

    (17)

    Airteagal 3(1)(f) de Rialachán EBCG.

    (18)

    Moladh ón gCoimisiún lena mbunaítear ‘Lámhleabhar Praiticiúil’ faoin gcomhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta, C(2021) 5310 final.

    (19)

       Airteagal 3(1)(g) de Rialachán EBCG.

    (20)

    C(2022)300 final.

    (21)

    COM(2021) 829 final agus COM(2021) 830 final.

    (22)

    Airteagal 3(1)(h) de Rialachán EBCG.

    (23)

    Airteagal 3(1)(i) de Rialachán EBCG.

    (24)

    COM(2021) 120 final, 27.4.2021.

    (25)

    Airteagal 3(1)(j) de Rialachán EBCG.

    (26)

     Ráiteas ó chomhaltaí na  Comhairle Eorpaí, 25-26 Feabhra 2021 .

    (27)

    Airteagal 3(1)(k) de Rialachán EBCG.

    (28)

    Airteagal 3(1)(l) de Rialachán EBCG.

    (29)

    Airteagal 3(2) de Rialachán EBCG.

    (30)

    COM(2020) 612, 23.9.2020.

    (31)

    COM(2020) 610, 23.9.2020.

    (32)

    Airteagal 3(2) de Rialachán EBCG.

    (33)

    Airteagal 3(2) de Rialachán EBCG.

    Top