EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0252

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE i dtaca leis an gCeathrú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le cur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála

COM/2022/252 final

An Bhruiséil,25.5.2022

COM(2022) 252 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

i dtaca leis an gCeathrú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le cur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála


I.RÉAMHRÁ

Is é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine an cheist is mó ar chlár slándála an Aontais sa lá atá inniu ann. Ní hamháin go gcuireann an cogadh an Úcráin i mbaol, ach féachtar leis dochar a dhéanamh do chobhsaíocht agus slándáil dhomhanda. Laistigh den Aontas, tá raon rioscaí ann do shlándáil na saoránach dá bharr. Tá éiginnteachtaí nua ann maidir le soláthairtí fuinnimh agus amhábhar eile, agus d’fhéadfadh sé go ndíreodh cibearionsaithe ar bhonneagar criticiúil. Cuirtear sábháilteacht agus slándáil inmheánach an Aontais i mbaol de dheasa ionsaithe nó timpistí a d’fhéadfadh teacht as oibreáin cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha nó cheimiceacha sa limistéar cogaidh. Leochaileacht na milliún duine a theith ón gcogadh, d’fhéadfadh an choireacht eagraithe teacht i dtír uirthi sin go tapa trí gháinneáil a dhéanamh ar mhná agus ar leanaí, atá i mbaol go háirithe.

D’fhan an tAontas diongbháilte agus aontaithe i gcónaí agus na bagairtí nua agus féideartha sin os a chomhair. Cé go bhfuil tionchar an chogaidh teoranta go dtí seo do chríoch na hÚcráine go príomha, tá forairdeall agus comhordú méadaithe ag an Aontas agus tá níos mó faireacháin á dhéanamh ar thimpeallacht na bagartha, agus d’oibrigh an tAontas le hathléimneacht a neartú chun ullmhacht a áirithiú.

I nDearbhú Versailles an 1011 Márta 2022 1 , leag ceannairí na hEorpa béim ar an ngá atá ann ullmhú do dhúshláin atá ag teacht chun cinn go tapa, lena náirítear trí ‘muid féin a chosaint ar an gcogaíocht hibrideach arb is minice agus is minice is ann di, ár gcibearathléimneacht a neartú, ár mbonneagar a chosaint – go háirithe ár mbonneagar criticiúil – agus an bhréagaisnéis a chomhrac’.

Tá creat an Aontais Slándála antábhachtach chun slándáil a áirithiú ar fud an Aontais. Na ceithre thosaíocht straitéiseacha a leagtar amach sa Straitéis um an Aontas Slándála 2 , tá siad fós ábhartha go díreach don chúram sin sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair: (i) timpeallacht slándála a bheidh slán san am atá le teacht; (ii) dul i ngleic le bagairtí a bhíonn ag síorathrú; (iii) muintir na hEorpa a chosaint ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht eagraithe; agus (iv) éiceachóras slándála Eorpach láidir. Chuir an cogadh i dtábhacht a riachtanaí atá sé go mbainfeadh an tAontas agus a chuid Ballstát lánúsáid as na hionstraimí reachtacha agus beartais atá ar fáil cheana faoin Straitéis um an Aontas Slándála, atá mar bhonn faoin tacaíocht chomhordaithe ón Aontas do na Ballstáit maidir le saincheisteanna, idir choireacht eagraithe agus sceimhlitheoireacht, agus idir chibearshlándáil agus bhagairtí hibrideacha.

Na gníomhaireachtaí Eorpacha i réimse an Cheartais agus na nGnóthaí Baile, chuir siad lena niarrachtaí mar fhreagairt don chogadh san Úcráin agus tá príomhról acu maidir le bagairtí a mheas agus tacaíocht a thabhairt do fhreagairtí oibríochtúla 3 . Gné thábhachtach eile is ea cleachtas oibríochtúil agus rialachas limistéar Schengen a neartú go leanúnach.

Dírítear leis an gceathrú tuarascáil sin ar dhul chun cinn san Aontas Slándála ar na forbairtí le roinnt míonna anuas, ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Cuirtear ar fáil inti forbhreathnú ar na bearta a glacadh maidir le gach sraith den Aontas Slándála agus pléitear ann na riachtanais maidir le hullmhacht a eascraíonn as bagairtí slándála a d’fhéadfadh teacht as an gcogadh san Úcráin. Tá eolas maidir le dul chun cinn ar chomhaid eile an Aontais Slándála le fáil san iarscríbhinn.

II.    CIBEARSHLÁNDÁIL AGUS BONNEAGAR CRITICIÚIL

Ó bhris an cogadh amach, tá sé fógartha ag gníomhaithe aonair agus ag oibríochtaí coirpeach go bhfuil siad ag tabhairt faoi chibearghníomhaíochtaí chun tacú le taobh amháin nó le taobh eile. Is bagairt í an haiceáil chúise 4 mar gheall ar an mbaol go mbeidh éifeachtaí iarmharta san Aontas ar sheirbhísí criticiúla, ar an mbaol go ndéanfadh líonraí oifigiúla ionsaithe nó ar an mbaol go mbeidh éifeachtaí iarmharta eile ann nach raibh coinne leo. Cé gur gnáthchogadh atá sa chogadh go dtí seo den chuid is mó, agus nach raibh ach éifeachtaí iarmharta teoranta aige, tá fíorbhaol ann go néireoidh rudaí níos measa sa réimse seo.

Dá bharr sin, tá a chomhordú agus a ullmhacht méadaithe ag an Aontas. Na bagairtí a eascraíonn as an gcogadh, cuireann siad i dtábhacht an gá atá ann cultúr a chruthú ina roinntear faisnéis agus saineolas idir an tAontas, na Ballstáit agus ar fud na bpobal cibearshlándála. Áirítear leis sin feasacht staide chomhtháite a thógáil, feasacht a roinneann institiúidí, comhlachais agus gníomhaireachtaí an Aontais agus na Ballstáit, go háirithe maidir leis an mbonneagar criticiúil ar a mbraitheann feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Cibearionsaithe i gcoinne na hÚcráine a chur i leith grúpaí

Cuireadh tús le cibearionsaithe ar an Úcráin féin roimh ionsaí na Rúise, agus sna chéad laethanta den chogadh 5 , díríodh ar chuntais úsáideoirí phearsanra míleata na hÚcráine a chur i mbaol agus ar chur isteach ar na seirbhísí riachtanacha, lena náirítear rialú teorann agus teileachumarsáid.

An 14 Eanáir 2022, rinne an tArdionadaí Dearbhú 6 thar ceann an Aontais lena ndearnadh cáineadh ar na cibearionsaithe i gcoinne na hÚcráine agus lenar dearbhaíodh arís tacaíocht iomlán an Aontais don Úcráin.

An 10 Bealtaine, an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta, cháin siad go láidir 7 an chibearghníomhaíocht mhailíseach a rinneadh i gcoinne na hÚcráine an 24 Feabhra, ionsaí a dhírigh ar líonra satailíte KASAT, ar le Viasat é, agus chuir siad an tionsaí go díreach i leith Chónaidhm na Rúise. Bhí tionchar suntasach ag an gcibearionsaí sin, agus bhí sé ina chúis le héaradh agus cur isteach neamhidirdhealaitheach ó thaobh seirbhísí cumarsáide de i gcás roinnt údarás poiblí, gnólachtaí agus úsáideoirí san Úcráin, agus rinne sé difear do roinnt Ballstát an Aontais freisin.

Forairdeall agus comhordú

Ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá méadú tagtha ar an bhfaireachán ar an staid na cibearshlándála sna Ballstáit agus in institiúidí an Aontais. ENISA, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil, Ionad Cibearchoireachta na hEorpa de chuid Europol agus CERT‑EU, an Fhoireann Práinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, Comhlachtaí agus Gníomhaireachtaí an Aontais, agus Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN), rannchuidigh siad go léir le feasacht staide chomhroinnte an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear trí fhaireachán rialta a dhéanamh ar chibearghníomhaíocht amhrasach, lena n‑áirítear in earnálacha sonracha amhail earnáil an fhuinnimh, earnáil an iompair agus earnáil na heitlíochta, agus chuir siad measúnuithe ar fáil acu chun bearta coisctheacha a threorú.

Rinneadh comhordú agus malartú faisnéise le líonraí cibearshlándála a neartú freisin, amhail an Líonra um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (CyCLONe) ina bhfuil gníomhaireachtaí náisiúnta cibearshlándála, an Coimisiún agus ENISA. Chun an cur chuige sin a léiriú in institiúidí an Aontais, tá sásra comhordúcháin, an Táscfhórsa um Chibearghéarchéimeanna, cumasaítear comhroinnt faisnéise idir na seirbhísí, na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí uile, lena n‑áirítear ENISA, Ionad Cibearchoireachta na hEorpa de chuid EUROPOL agus CERT‑EU. Tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun bealaí cumarsáide idir na leibhéil pholaitiúla, oibríochtúla agus theicniúla a áirithiú, chomh maith le feabhas a chur ar chomhoibriú le Líonra na bhFoirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRT).

Thionscain Europol freisin Prótacal Práinnfhreagartha Forfheidhmithe Dlí an Aontais, lena gcumasaítear faireachán agus comhroinnt faisnéise atreisithe maidir le cibearbhagairtí idir raon leathan páirtithe leasmhara chun pictiúr cuimsitheach cibearfhaisnéise a fhorbairt.

Seachas cibearbhagairtí, tá forairdeall níos géire á dhéanamh ag na Ballstáit, ag SEGS agus ag seirbhísí an Choimisiúin maidir le nochtadh bonneagar criticiúil do bhagairtí fisiciúla nach cibearbhagairtí iad. Bonneagair chriticiúla agus na heintitis a oibríonn iad, d’fhéadfaidís a bheith nochta do rioscaí fisiciúla, amhail sabaitéireacht ag an stát nó ag gníomhaithe státurraithe mar chuid de bhearta díoltais a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcoinne an Aontais.

Ullmhacht

Tá ullmhacht i réimse na cibearshlándála agus na slándála i mbonneagar criticiúil níos ríthábhachtaí ná riamh, ós rud é go bhfuil an Eoraip níos nochta anois do charnadh bagairtí de dheasca an chogaidh. I measc na n‑iarrachtaí chun dlús a chur leis an ullmhacht tá roinnt gníomhaíochtaí díreacha, lena n‑áirítear roinnt gníomhaíochtaí a bhí tuartha cheana féin roimh ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Áirítear leis sin cleachtaí, treoir, bearta reachtacha, athléimneacht a mhéadú in earnálacha criticiúla, agus obair le comhpháirtithe.

D’eagraigh Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), cleachtadh cás‑bhunaithe go luath in 2022, ar a dtugtar EU CyCLES (‘Cyber Crisis Linking Exercise on Solidarity’), agus é mar aidhm aige sin feasacht a mhúscailt ar an leibhéal polaitiúil agus comhar a neartú idir an leibhéal oibríochtúil agus an leibhéal polaitiúil i gcás cibearionsaí mórscála.

D’fhoilsigh ENISA agus CERTEU treoirlínte i mí Feabhra maidir le conas athléimneacht agus ullmhacht san Aontas a mhéadú 8 . Tugann siad spreagadh do na heagraíochtaí phoiblí agus phríobháideacha uile san Aontas sraith íosta de dheachleachtais chibearshlándála a ghlacadh chun feabhas suntasach a chur ar chultúr na cibearshlándála. I mí an Mhárta, d’fhoilsigh CERTEU treoir leantach theicniúil, le tacaíocht ó ENISA 9 , chomh maith le treoir slándála maidir le cumraíocht aipeanna Signal a neartú 10 ina bhfuil roinnt moltaí praiticiúla d’eagraíochtaí chun a seasamh cibearshlándála a fheabhsú.

Tionscnaimh reachtacha

Cuireann an staid reatha i dtábhacht a phráinní atá sé an reachtaíocht atá ann a chur chun feidhme agus dlús a chur le glacadh na dtionscnamh atá ar feitheamh.

Tá an Coimisiún ag tacú leis na Ballstáit an Treoir maidir le Slándáil na gCóras Gréasáin agus Faisnéise 11 (‘Treoir NIS’) a chur chun feidhme, lena gceanglaítear ar na Ballstáit a bheith ullmhaithe go hiomchuí, mar shampla le Foireann Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRT) a fheistiú go hiomchuí, mar shampla, agus trí údaráis inniúla a shainiú. Is bonn é do chomhar éifeachtach idir na Ballstáit. An comhaontú polaitiúil ar tháinig na comhreachtóirí air maidir leis an Dara Treoir NIS 12 , is dul chun cinn sa bhreis é ó thaobh creat láidir ullmhachta an Aontais a chur ar fáil.

NIS 2 – ullmhacht a neartú tuilleadh

·Leis an Treoir NIS nua, tabharfar aghaidh ar easnaimh a bhí i d Treoir NIS roimhe seo, chun í a chur in oiriúint do na riachtanais atá ann faoi láthair agus chun go seasfaidh sí i bhfad na haimsire. Leagtar amach sa Treoir rialacha íosta le haghaidh creat rialála agus leagtar síos léi sásraí le haghaidh comhar éifeachtach idir na húdaráis ábhartha i ngach Ballstát.

·Leathnaítear leis an Treoir raon feidhme na rialacha agus cuirtear léi earnálacha nua atá ríthábhachtach don gheilleagar agus don tsochaí (mar shampla, earnáil na cógaisíochta agus earnáil na bhfeistí leighis nó déantúsaíocht bia). Na heintitis mheánmhéide nó mhór uile a oibríonn laistigh de na hearnálacha nó a sholáthraíonn seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir, tiocfaidh siad faoina raon feidhme. Cumhdaítear freisin eintitis údaráis phoiblí (gan na breithiúna, parlaimintí ná na bainc cheannais a chur san áireamh) ar leibhéal an rialtais láir agus ar an leibhéal réigiúnach. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil feidhm aici maidir le heintitis den sórt sin ar an leibhéal áitiúil.

·Leagfar síos leis an Dara Treoir NIS an bhonnlíne le haghaidh bearta bainistíochta riosca cibearshlándála agus bunaítear go foirmiúil leis an Líonra um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (CyCLONe), líonra a thacóidh le bainistiú comhordaithe ar theagmhais chibearshlándála mhórscála.

·Tugtar isteach leis an togra freisin forálacha níos beaichte maidir leis an bpróiseas chun teagmhais a thuairisciú, maidir le hinneachar na dtuarascálacha agus maidir le hamlínte, agus déantar foráil maidir le leigheasanna agus smachtbhannaí chun forfheidhmiú a áirithiú.

·Beidh 21 mhí ó theacht i bhfeidhm na treorach ag na Ballstáit chun na forálacha nua a ionchorprú sa dlí náisiúnta.

Dul chun cinn a dhéantar ar NIS 2, ba cheart é a leanúint a luaithe is féidir trí chaibidlíocht a thabhairt chun críche i dtaca leis an Treoir beartaithe maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil 13 (‘Treoir CER’), treoir ar cheart di, nuair a ghlacfar agus a chuirfear chun feidhme í, athléimneacht eintiteas criticiúil ó raon bagairtí a mhéadú, lena náirítear ionsaithe sceimhlitheoireachta, bagairtí cos istigh nó sabaitéireacht. Tá sé ríthábhachtach freisin go mbeidh leibhéal uaillmhéine na Treorach maidir le hathléimneacht na neintiteas criticiúil ag teacht le leibhéal uaillmhéine an togra ón gCoimisiún, agus go gcoinneofar comhsheasmhacht leis an gcomhréiteach polaitiúil ar thángthas air maidir leis an Dara Treoir NIS. I dteannta a chéile, cuirfidh na bearta sin le hathléimneacht agus ullmhacht trí chóras níos comhleanúnaí agus níos láidre a chur ar bun, lena náirítear trí phleananna náisiúnta maidir le teagmhais agus freagairt ar ghéarchéimeanna. Cumhdaíodh iad sin freisin sa Mholadh ón gCoimisiún an bhliain seo caite 14 lenar cruthaíodh an Cibearaonad Comhpháirteach, inar leagadh amach an chaoi ar cheart do ghníomhaithe éagsúla na timpeallachta cibearshlándála (taidhleoireacht, póilíní, sibhialta agus, i gcás inarb iomchuí, cosaint) comhoibriú ar leibhéal oibríochtúil. Cuireann timpeallacht reatha na bagartha i dtábhacht an luach a bhaineann le comhar éifeachtach den sórt sin idir na príomhghníomhaithe.

Leanann an Coimisiún de bheith ag déanamh faireachán ar chur chun feidhme bhosca uirlisí cibearshlándála 5G 15 . I bhfianaise an mhéid sin, an 11 Bealtaine ghlac Grúpa Comhair NIS tuarascáil maidir le slándáil OpenRAN 16 . Leanann sí freisin de bheith ag obair i gcomhar leis na Ballstáit, chun go mbeidh an lárionad Eorpach um inniúlachtaí cibearshlándála ag feidhmiú go hiomlán.

An 22 Márta 2022, mhol an Coimisiún rialacha nua chun bearta comhchoiteanna maidir le cibearshlándáil agus slándáil faisnéise a bhunú ar fud institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais (EUIBA). Cuirfidh na rialacha sin le hathléimneacht lucht riaracháin an Aontais agus lena chumas freagairt do chibearbhagairtí agus do chibeartheagmhais. Trí na gníomhaíochtaí sin a chur i gcreat comhchoiteann, neartófar comhar idirinstitiúideach agus íoslaghdófar neamhchosaint ar riosca. Leis an Rialachán maidir le Cibearshlándáil le haghaidh EUIBAnna 17 atá beartaithe, cuirfear feabhas ar shainordú CERTEU agus cruthófar Bord nua um Chibearshlándáil idirinstitiúideach, cuirfear borradh faoi chumais chibearshlándála, agus spreagfar measúnuithe tráthrialta aibíochta agus cibearshláinteachas níos fearr. Leis an Rialachán maidir leis an tSlándáil Faisnéise 18 atá beartaithe, cruthófar sraith íosta rialacha agus caighdeán maidir le slándáil faisnéise i dtaca le láimhseáil agus malartú slán faisnéise do gach EUIBA chun cosaint fheabhsaithe agus chomhsheasmhach a áirithiú i gcoinne na mbagairtí atá ag teacht chun cinn ar a gcuid faisnéise. Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle na bearta sin a ghlacadh go tapa.

Tá a chomhairliúchán poiblí maidir le bearta chun dlús a chur le Cibearathléimneacht táirgí digiteacha tugtha chun críche ag an gCoimisiún anois, agus tá togra á ullmhú aige a fhoilseofar i rith an fhómhair seo 19 . Tabharfar aghaidh ann ar na leochaileachtaí a bhaineann le táirgí digiteacha agus le seirbhísí coimhdeacha, a mbíonn dúshláin nua ann dá mbarr – cé go gcruthaíonn siad deiseanna do gheilleagair agus do shochaithe an Aontais – mar dá mhéad atá rudaí nasctha le chéile is ea is éasca a bheidh sé do theagmhas cibearshlándála difear a dhéanamh do chóras iomlán, agus, ar an gcaoi sin, cur isteach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta.

An 9 Márta 2022, airí an Aontais atá i gceannas ar theileachumarsáid, ghlac siad d’aon toil Glao Nevers chun Cumais Chibearshlándála an Aontais a threisiú, lenar áiríodh ‘Ciste Freagartha Éigeandála nua don Chibearshlándáil a chur chun feidhme, a bheidh le cur i bhfeidhm ag an gCoimisiún’ 20 . Tá machnamh á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an úsáid ab fhearr a d’fhéadfaí a bhaint as na cistí atá ann cheana chun tacú le gníomhaíochtaí coisctheacha agus freagartha.

Earnálacha criticiúla

Tá slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais ríthábhachtach d‘fholláine na saoránach agus d’fheidhmiú rianúil ár ngeilleagar, agus chuir an staid reatha i dtábhacht an gá atá le rialacha soiléire maidir leis an gcibearshlándáil san earnáil sin. Tá an Coimisiún ag obair ar Chód Líonra maidir le cibearshlándáil do shreafaí leictreachais trasteorann mar a cheanglaítear leis an Rialachán Leictreachais 21 , chun rialacha a chur ar fáil maidir le measúnuithe riosca, ceanglais íosta choiteanna, pleanáil, faireachán, tuairisciú agus bainistiú géarchéime. Ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá na cuspóirí atá beartaithe don chód líonra maidir le cibearshlándáil níos ábhartha fós. Chomh maith leis sin, tá comhar struchtúrach curtha ar bun ag an gCoimisiún idir ENISA, ENTSOE 22 , ENTSOG 23 agus an Comhphobal Fuinnimh chun faireachán tráthrialta a dhéanamh ar staid na cibearshlándála in earnáil an fhuinnimh.

Tá obair déanta ag an Aontas chun slándáil na gcomhpháirtithe a chosaint gan rioscaí nua a chruthú dó féin. Rinneadh sioncrónú éigeandála chun eangacha leictreachais na hÚcráine agus na Moldóive a shioncrónú le hEangach na Mór‑roinne i mí an Mhárta 2022 tar éis bearta maolaithe riosca a ghlacadh, go háirithe ó thaobh na cibearshlándála de.

Tá go leor dúshlán ann d’iompar an Aontais mar thoradh ar an gcogadh agus ar na smachtbhannaí, mar shampla rioscaí sábháilteachta d’eitlíocht shibhialta an Aontais, tiománaithe trucailí a bheith gafa i limistéir choinbhleachta, bonneagar iompair na hÚcráine a bheith scriosta, laghdú ar shlabhraí soláthair, agus slándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain a bheith i gcontúirt. Tá Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le Eurocontrol, Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta, tar éis comhairle a chur ar oibreoirí ó thús an chogaidh gan oibriú laistigh d’aerspás na hÚcráine agus gan an t‑aerspás laistigh de 100 míle farraige ó theorainn na Bealarúise agus na Rúise/na hÚcráine a úsáid.

Tá an Coimisiún ag obair freisin chun ullmhacht agus athléimneacht earnáil iompair an Aontais a neartú. Go háirithe, tá plean Teagmhasach iompair nua 24 ann, a glacadh an 23 Bealtaine, atá bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh le linn phaindéim COVID19 agus fhogha mhíleata na Rúise faoin Úcráin. Moltar ann sraith uirlisí de 10 ghníomhaíocht chun treoir a thabhairt don Aontas agus dá Bhallstáit agus bearta éigeandála freagartha géarchéime á dtabhairt isteach acu, lena náirítear nascacht íosta a áirithiú, athléimneacht i leith cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha a fhorbairt agus feabhas a chur ar an gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le hullmhacht do ghéarchéimeanna agus freagairt do ghéarchéimeanna. Cuirtear i dtábhacht ann freisin a thábhachtaí atá sé tástáil athléimneachta tráthrialta a dhéanamh i gcásanna géarchéime éagsúla, ina dtugtar le chéile gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais nó gníomhaithe eile, agus lena ndéantar forbairt ar phróisis atá ann cheana.

Faoi chreat slándála sláinte an Aontais, an malartú faisnéise atá bunaithe ar an gCóras Luathrabhaidh agus Freagartha, lena n‑áirítear tacaíocht d’aslonnú leighis ón Úcráin, is gá é a chosaint i gcoinne cibearionsaithe, agus dá bhrí sin tá slándáil an chórais sin á neartú.

Comhar le comhpháirtithe

Leanann an tAontas de bheith ag obair lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta chun iompraíocht mhailíseach sa chibearspás a chosc, chun cur ina choinne, chun stop a chur leis, agus chun aghaidh a thabhairt air. Tá comhar sa réimse seo níos tábhachtaí ná riamh mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. I ndáil leis an méid sin, tá SEGS ag obair chun feasacht staide a mhalartú agus an fhreagairt ar chibearghníomhaíochtaí mailíseacha atá dírithe ar an Úcráin a chomhordú, agus chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin agus do thíortha eile sa réigiún, trí obair a dhéanamh le comhpháirtithe lena n‑áirítear na Stáit Aontaithe agus ECAT chun comhlántacht a áirithiú agus forluí a sheachaint.

Neartaíodh an dlúthchomhar leis na Stáit Aontaithe i gcomhthéacs na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe. Sa Ráiteas Comhpháirteach 25 a eisíodh tar éis chruinniú na nAirí i bPáras i mí na Bealtaine, leagadh béim ar ról lárnach na Comhairle maidir leis an gcomhpháirtíocht thrasatlantach athnuaite, comhpháirtíocht a rinne comhordú ar bhearta comhpháirteacha atá á ndéanamh ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe in aghaidh ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Chomhaontaigh an dá pháirtí gur tábhachtaí anois ná riamh an dlúthchomhar chun athléimneacht na slabhraí soláthair a chur chun cinn. Ina theannta sin, bunaíodh tascfhórsa tiomanta maidir le maoiniú poiblí le haghaidh bonneagar digiteach slán solúbtha i dtríú tíortha chun an bealach a réiteach le haghaidh cómhaoiniú poiblí ón Aontas agus ó na Stáit Aontaithe i gcomhar tionscadail dhigiteacha i dtríú tíortha, rud atá bunaithe ar shraith prionsabal coiteann uileghabhálach.

An Compás Straitéiseach a glacadh i mí an Mhárta 2022 (féach roinn VII), déanfaidh sé Bosca Uirlisí na Cibearthaidhleoireachta de chuid an Aontais a neartú a thuilleadh agus Beartas Cibearchosanta an Aontais a fhorbairt a thuilleadh chun go mbeidh sé níos ullmhaithe do chibearionsaithe agus do bheith ag freagairt dóibh, mar chuid de straitéis níos leithne chun cumas an Aontais gníomhú i ngéarchéimeanna a neartú agus chun a leasanna a chosaint.

Tacaíocht chibearshlándála don Úcráin agus do thíortha comharsanachta

Tá an tAontas ag tacú le cibear‑athléimneacht na hÚcráine roimh an gcogadh. Faoi mhí an Mheithimh 2021, bhí an chéad Chibearphlé curtha ar siúl ag an Aontas Eorpach agus an Úcráin, agus chuir an tAontas Eorpach tacaíocht ar fáil don chibearshlándáil agus don chlaochlú digiteach athléimneach tríd an gclár EU4Digital don Úcráin dar luach €25 milliún é. Tá clár nasctha dar luach €1.5 milliún sa bhreis ann, arb é is aidhm dó cuidiú le hinstitiúidí cibearshlándála na hÚcráine ailíniú a dhéanamh le caighdeáin an Aontais.

Tar éis bhriseadh amach an chogaidh, tá comhar idir saineolaithe cibearshlándála an Aontais agus na hÚcráine á chur chun cinn ag an Aontas, agus tá comhordú á dhéanamh aige ar chúnamh teicniúil, trealamh, bogearraí agus seirbhísí ábhartha a chur ar fáil, chun cibear‑athléimneacht agus cibearchosaint na hÚcráine a neartú.

Ina theannta sin, tá an tAontas ag obair chun measúnú a dhéanamh ar thacaíocht a d’fhéadfaí a thabhairt sa mheántéarma don Mholdóiv, don tSeoirsia agus do na Balcáin Thiar. Rinneadh misean measúnaithe comhpháirteach chuig an Moldóiv an 3 agus an 4 Márta 2022 agus mar, thoradh air sin, glacadh beart tiomnaithe maidir le freagairt ar ghéarchéimeanna chun dlús a chur leis an gcibearshlándáil sa tír. Tá tacaíocht mhearfhreagartha den sórt céanna á hullmhú do líon áirithe tíortha sna Balcáin Thiar, a meastar go bhfuil riosca ar leith ag baint leo mar thoradh ar a n‑ailíniú le smachtbhannaí an Aontais. Tá measúnú á dhéanamh freisin ar chúnamh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Mholdóiv tríd an tSaoráid Eorpach Síochána.

 

III.COIREACHT EAGRAITHE AGUS SCEIMHLITHEOIREACHT

Mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhí ar na milliúin duine a dtithe a fhágáil, rud a mhéadaigh go mór na gluaiseachtaí thar theorainneacha seachtracha an Aontais. Faoin 18 Bealtaine, bhí beagnach 6 milliún duine tagtha go dtí an tAontas Eorpach ón Úcráin agus ón Moldóiv, agus go dtí seo tá 2.8 milliún duine tar éis clárú le haghaidh cosaint shealadach san Aontas Eorpach. Na daoine siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh Rinne, rinne an tAontas iarracht iad a ghlacadh chomh tapa agus chomh solúbtha agus ab fhéidir, ach gan an tslándáil ag teorainn sheachtrach an Aontais a chur i mbaol. Rinne an tAontas bearta nach bhfacthas a leithéid riamh cheana chun cosaint shealadach a thabhairt dóibh siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh, agus tá sé tiomanta do na daoine nua uile a thagann isteach a láimhseáil gan idirdhealú. Ag an am céanna, ní féidir neamhaird a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht as an oiread sin daoine a bheith ag bogadh, agus tá an tAontas, agus tacaíocht láidir á fáil aige ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, fós ar an airdeall maidir le forbairtí nua sa choireacht eagraithe agus sa sceimhlitheoireacht.

Schengen láidir tráth a bhfuil bagairtí méadaithe ann

Ní raibh sé chomh tábhachtach riamh leibhéal ard slándála a áirithiú i limistéar Schengen agus laistigh den Aontas, i bhfianaise atmaisféar na mbagairtí méadaithe a eascraíonn ón gcogadh atá ar siúl go díreach thar theorainn sheachtrach an Aontais.

Chun beart a dhéanamh maidir leis an gclár uaillmhianach do limistéar Schengen a leagtar amach i straitéis mhí an Mheithimh 2021, ghlac an Coimisiún i mBealtaine an chéad tuarascáil ar Staid Schengen 26 . Cuireann Timthriall Schengen bhliantúil múnla nua rialachais ar fáil do limistéar Schengen, agus déanann sí seiceáil tráthrialta sláinte ar staid Schengen. Cabhróidh sí lena áirithiú go sainaithneofar easnaimh go pras agus go mbeidh nósanna imeachta leantacha éifeachtúla ann, chun go mbeidh limistéar Schengen níos láidre agus níos athléimní.

Aithnítear sa chéad tuarascáil gur gá na hiarrachtaí a neartú chun príomhthionscnaimh ar leibhéal an Aontais a chur chun feidhme, lena n‑áirítear seiceálacha córasacha ag na teorainneacha seachtracha ar na taistealaithe uile, agus leas iomlán á bhaint as sainorduithe Frontex agus Europol, chomh maith le huirlisí comhair póilíneachta trasteorann atá beartaithe agus atá ar fáil.

Go háirithe, an ailtireacht nua le haghaidh chórais faisnéise an Aontais maidir le teorainneacha, imirce agus slándála, agus idir‑inoibritheacht na gcóras sin, is í an ailtireacht sin bunchloch na n‑iarrachtaí chun feabhas a chur ar an tslándáil inmheánach agus ar bhainistiú teorainneacha. Beidh sé ríthábhachtach na gnéithe uile den chreat idir‑inoibritheachta a chur chun feidhme go héifeachtach i gcomhréir leis na hamlínte a comhaontaíodh.

Forairdeall agus comhordú

Tá comhar níos láidre maidir le forfheidhmiú an dlí ar fud na mBallstát agus le tríú tíortha ríthábhachtach chun feasacht ar bhagairtí coiriúla agus sceimhlitheoireachta atá ag teacht chun cinn a áirithiú, mar aon le gníomhaíocht maidir le líonraí coiriúla agus le daoine aonair a d’fhéadfadh iarracht a dhéanamh leas a bhaint as an gcogadh i gcoinne na hÚcráine. Tá faisnéis ábhartha atá ar fáil agus faisnéis choiriúil á roinnt go gníomhach le Europol ag na Ballstáit agus ag na comhpháirtithe oibríochtúla. Déanann Europol cros‑seiceáil agus anailís ar an bhfaisnéis sin agus ansin déanann sé fógraí faisnéise oibríochtúla di ar féidir gníomhú dá réir, amhail fógraí luathrabhaidh agus measúnuithe ar bhagairtí, agus roinntear na fógraí sin le comhpháirtithe. 

An choireacht eagraithe

Tá bealaí aimsithe ag an gcoireacht eagraithe cheana féin chun leas a bhaint as an staid mar atá faoi láthair. Aithníodh le hanailís ar fhaisnéis tosaigh pátrúin choireachta i roinnt réimsí, lena náirítear gáinneáil ar dhaoine, dearbhuithe bréagacha ar earraí a allmhairítear agus a onnmhairítear, calaois ar líne, cibearchoireacht agus gáinneáil ar airm thine. Tá fianaise ann freisin go bhfuil cibearchoirpigh ag ligean orthu féin go bhfuil siad ag tiomsú airgid don Úcráin chun airgead agus cripteaairgeadra a ghoid 27 . D’fhéadfadh eagraíochtaí coiriúla ón Úcráin iarracht a dhéanamh athlonnú mar gheall ar an staid reatha agus leanúint dá ngníomhaíochtaí san Aontas.

D’oibrigh an Coimisiún agus Uachtaránacht na Fraince ar an gComhairle i gcomhar le Gníomhaireachtaí JHA an Aontais, go háirithe Europol, chun an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT) a shlógadh, chun bagairtí tromchúiseacha coireachta eagraithe nó bagairtí coireachta eagraithe atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn a mheas, a thuar, a chosc agus a chomhrac. An 7 Aibreán 2022, d’óstáil Europol cruinniú de chuid EMPACT lenar tugadh le chéile ionadaithe agus saineolaithe ó Bhallstáit an Aontais agus ó chomhphobal slándála an Aontais chun díriú ar bhagairtí na coireachta tromchúisí agus eagraithe a tháinig chun cinn mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin. Ar na céimeanna nithiúla a pléadh, bhí níos mó faisnéise a bhailiú, gníomhaíochtaí oibríochtúla éigeandála a chur chun feidhme, agus na gníomhartha atá ann cheana a athdhíriú, chomh maith le laethanta gníomhaíochta comhpháirtí ad hoc.

CELBET (Foireann Saineolaithe Teorann an Oirthir agus an Oirdheiscirt), ar tionscadal comhair arna mhaoiniú ag an gCoimisiún Eorpach é, ag coinneáil súil ar fhorbairtí ag an teorainn mar chuid dá mhisean chun tacaíocht oibríochtúil agus treoir a chur ar fáil do na hoifigigh chustaim, agus tá sé ag déanamh faireachán ar na hurghabhálacha custaim ag na pointí trasnaithe teorann ag teorainn an Aontais (an Pholainn, an tSlóvaic, an Ungáir agus an Rómáin) leis an Úcráin.

Gníomhaireacht choiriúil agus sceimhlitheoireachta

Cé nár tháinig aon bhagairt láithreach sceimhlitheoireachta chun cinn san Aontas i ndáil le hionradh na Rúise ar an Úcráin, is léir go bhfuil gá le forairdeall.

Leis na rioscaí méadaithe a bhaineann le gníomhaíocht choiriúil agus sceimhlitheoireachta, cuirtear i dtábhacht a thábhachtaí atá sé do na Ballstáit úsáid a bhaint as bunachair sonraí ábhartha an Aontais, amhail Córas Faisnéise Schengen, sonraí a iontráil ansin nuair is gá, agus iad a cheadú le linn seiceálacha ar dhaoine a thagann isteach san Aontas. Cuideoidh sé sin lena áirithiú go sainaithneofar ag na teorainneacha seachtracha daoine aonair atá ina mbagairt do shlándáil inmheánach an Aontais. Leanann euLISA, an Ghníomhaireacht Eorpach chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, de bheith ag áirithiú go bhfuil córais bainistithe teorainneacha an Aontais éifeachtach agus ar fáil ina niomláine. Le treoraíocht 28 a tugadh do na Ballstáit, soiléiríodh conas is féidir cothromaíocht a aimsiú idir an gá atá le láimhseáil réidh na nimirceach a thagann isteach ag an teorainn sheachtrach a áirithiú agus na seiceálacha slándála is gá a dhéanamh san am céanna.

Ullmhacht

Chomh maith le treoraíocht agus le comhordú, rinneadh ullmhacht an Aontais a neartú trí fhoireann ghníomhaireachtaí an Aontais a imscaradh.

Europol tar éis foirne oibríochtúla a imscaradh chuig Ballstáit an Aontais Eorpaigh atá comharsanach leis an Úcráin. Ar na foirne sin bhí aoioifigigh Europol ó na Ballstáit agus saineolaithe Europol san Ungáir, sa Liotuáin, sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic, chomh maith leis an Mholdóiv 29 . Tacaíonn aoioifigigh Europol leis na húdaráis náisiúnta trí Sheiceálacha Slándála ar an Dara Líne a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Cuireann saineolaithe Europol tacaíocht ar fáil trí fhaisnéis a bhailiú agus a mheas chun bagairtí sceimhlitheoireachta agus coiriúla a bhrath, chun tacú le himscrúduithe, agus chun daoine a shainaithint a bhfuil riosca ag baint leo trí iarracht a dhéanamh teacht isteach san Aontas. Bailíonn na foirne oibríochtúla sin faisnéis a chuireann leis na measúnuithe ar bhagairtí coiriúla atá ar fáil do na Ballstáit. Cuireann gníomhaíocht bailiúcháin faisnéise den sórt sin ar a chumas do Europol forbairtí a réamhmheas agus gníomhaíochtaí oibríochtúla a chomhordú le Ballstáit an Aontais chun freagairt do ghníomhaíochtaí na ngrúpaí coiriúla atá ag iarraidh leas a bhaint as an gcogadh sa Úcráin, agus forbairt a dhéanamh ar obair ghníomhach Europol le forfheidhmiú dlí na hÚcráine tríd an oifigeach idirchaidrimh de chuid na hÚcráine atá ann i gceanncheathrú Europol san Ísiltír. 

Tá an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) i láthair freisin sna Ballstáit agus i dtíortha comharsanachta an Aontais chun tacú le hoibríochtaí rialaithe teorann: tá níos mó ná 2100 garda teorann á n‑imscaradh faoi láthair ar fud an Aontais, sna Balcáin Thiar agus sa Mholdóiv. Tá beagnach 750 ball foirne imscartha ag an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) i mBallstáit dheisceart an Aontais agus sa Liotuáin chun tacú le gníomhaíochtaí oibríochtúla, chun acmhainní glactha a threisiú agus chun cabhrú le nósanna imeachta tearmainn.

Agus forbairt á déanamh ar Chinneadh Prüm 30 atá ann faoi láthair, lena gcuirtear creat ar fáil do na Ballstáit chun oifigigh forfheidhmithe dlí a imscaradh le haghaidh oibríochtaí comhpháirteacha amhail patróil chomhpháirteacha, chuir an Coimisiún agus Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh litir chomhpháirteach chuig na Ballstáit go léir chun riachtanais a shainaithint, agus chun imscaradh oifigeach póilíneachta a iarraidh, chun patróil chomhpháirteacha a sheoladh i mBallstáit túslíne an Aontais is mó a ndéantar difear dóibh le trasnuithe teorann a d’eascair as an gcogadh. Maoineoidh an Coimisiún an timscaradh sin faoin gCiste Slándála Inmheánaí/póilíneacht.

Dul i ngleic le gáinneáil ar dhaoine

Tá an tAontas ar an airdeall ó chéad lá an chogaidh faoi na rioscaí a bhaineann le réimse ar leith de ghníomhaíocht choiriúil a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as gluaiseachtaí ollmhóra daoine atá ag lorg sábháilteachta san Aontas. Tá sé ríthábhachtach cosc a chur ar gháinneálaithe ar dhaoine atá ag díriú ar dhaoine leochaileacha atá ar a slí, ar mná agus leanaí iad den chuid is mó, trí úsáid a bhaint, mar shampla, as tairiscintí iompair nó lóistín bréagacha.

I mí an Mhárta, d’eisigh Europol agus Eurojust fógraí Luathrabhaidh do na húdaráis náisiúnta ábhartha maidir le gáinneáil a d’fhéadfadh a bheith á déanamh ar dhaoine agus maidir le dúshaothrú íospartach a thagann ón Úcráin. Cuidíonn Eurojust le feabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus dlús a chur le comhar breithiúnach, lena n‑áirítear leis an Úcráin, agus cuireadh imscrúduithe maidir le gáinneáil ar dhaoine faoi bhráid na gníomhaireachta lena gcomhordú.

Bhí cruinnithe ag Comhordaitheoir Frithgháinneála an Aontais le Líonra an Aontais de Rapóirtéirí Náisiúnta agus Meicníochtaí Coibhéiseacha, leis na Gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile agus le hArdán an Aontais Eorpaigh i gcoinne Gáinneáil ar Dhaoine chun na gníomhaíochtaí is gá a mhalartú chun mí‑úsáid a chosc agus a chomhrac agus chun íospartaigh a chosaint. Cuireadh tús le himscrúduithe i roinnt Ballstát maidir le cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann.

Bhí an tAontas tapa fuinniúil go dtí seo chun a áirithiú go dtabharfar freagairt chomhordaithe ar an bhfíorbhagairt sin do dhaoine a dteastaíonn cúnamh ón Aontas uathu. Rinneadh treoirlínte oibríochtúla 31 , lena náirítear maidir le dúshlán na gáinneála ar dhaoine, a chur ar fáil go tapa do na Ballstáit a bhfuil an Treoir um Chosaint Shealadach á cur chun feidhme acu chun tacú leo siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin. Mar chuid den Phlean 10 bPointe le haghaidh comhordú Eorpach níos láidre maidir le fáilte a chur roimh dhaoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin 32 , a cuireadh faoi bhráid na Comhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile an 28 Márta 2022, d’fhorbair Comhordaitheoir Frithgháinneála an Aontais, i gcomhar le Gníomhaireachtaí an Aontais agus leis na Ballstáit, Plean Coiteann Frithgháinneála 33 chun gáinneáil ar dhaoine a chosc agus cabhrú le híospartaigh. Dírítear go háirithe ar eintitis agus ar dhaoine aonair (lena náirítear saorálaithe) a bhfuil sé beartaithe acu cóiríocht, iompar agus cineálacha eile cúnaimh a chur ar fáil, chomh maith le seiceálacha cúlra a dhéanamh. Tá idirchaidreamh déanta ag an gCoimisiún le EUAA freisin chun tacú le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine a bhrath nuair a chuirtear measúnuithe sláinte ar fáil in ionaid ghlactha. Tá leanaí neamhthionlactha nó scartha ach go háirithe i mbaol míúsáide, teacht i dtír gnéasach nó coiriúlacht éigeantais. Na Treoirlínte Oibríochta thuasluaite, cuireann siad treoraíocht ar fáil freisin chun cabhrú leis na Ballstáit a láimhseálann teacht agus glacadh leanaí, agus mionaoisigh neamhthionlactha go háirithe, agus thugann tacaíocht do na leanaí sin. Chun feasacht a ardú i measc na ndaoine sin atá i mbaol, sheol an Coimisiún suíomh gréasáin tiomnaithe ag a bhfuil roinn ina bhfuil comhairle phraiticiúil faoin gcaoi le gáinneálaithe a sheachaint.

Cé go ndearnadh roinnt gníomhaíochtaí chun dlús a chur leis an ullmhacht mar fhreagairt shonrach ar na dálaí nua a thagann chun cinn mar thoradh ar an gcogadh, tagann bearta tábhachtacha eile as tionscnaimh reachtacha a bhí ar na bacáin cheana féin roimh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Is díol sásaimh don Choimisiún comhaontú mhí Feabhra 2022 maidir le sainordú athbhreithnithe Europol 34 a chuirfidh ar a chumas do Europol, a luaithe a chuirfear chun feidhme é, tacaíocht níos fearr a thabhairt do na Ballstáit sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na sceimhlitheoireachta. Beidh na huirlisí agus na coimircí cearta ag an ngníomhaireacht ansin chun tacú le fórsaí póilíneachta anailís a dhéanamh ar mhórshonraí chun coireanna a imscrúdú agus modhanna ceannródaíochta a fhorbairt chun dul i ngleic leis an gcibearchoireacht. Baineann creat treisithe maidir le cosaint sonraí mar aon le maoirseacht agus cuntasacht pharlaiminteach níos láidre leis na hathruithe sin.

Leis an bpacáiste maidir le comhar póilíneachta a thíolaic an Coimisiún an 8 Nollaig 2021 35 agus atá faoi chaibidil faoi láthair, neartófar an comhar idir oifigigh forfheidhmithe dlí ar fud na mBallstát trí mhalartú sonraí a dhéanamh níos tapúla, níos éasca agus níos sláine, agus trí chomhar póilíneachta oibríochtúil a fheabhsú agus a dhéanamh níos éifeachtúla ar an láthair. Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an pacáiste sin a ghlacadh go pras.

A luaithe a ghlacfar agus a chuirfear chun feidhme na tograí reachtacha sin, tacóidh siad le forfheidhmiú an dlí sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe trasteorann. Beidh tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcomhthéacs ina bhféadfaidh eagraíochtaí coiriúla ón Úcráin iarracht a dhéanamh iad féin a athlonnú mar gheall ar chúrsaí mar atá agus tabhairt faoina gcuid gníomhaíochtaí san Aontas.

Misean Comhairleach an Aontais san Úcráin ag tacú le hathchóiriú fhorfheidhmiú an dlí agus athchóiriú fhorfheidhmiú institiúidí an smachta reachta sa tír ó bhí 2014 ann. I mí an Mhárta 2022, rinneadh athbhreithniú ar shainordú an Mhisin chun gur féidir tacaíocht a thabhairt ag pointí trasnaithe teorann na hÚcráine leis an bPolainn, leis an Rómáin agus leis an tSlóvaic, rud a chuir le feasacht staide maidir le gníomhaíochtaí coiriúla trasteorann lena n‑áirítear gáinneáil ar dhaoine, agus tacú leis an sreabhadh earraí daonnúla isteach san Úcráin.

IV.AIRM, ÁBHAIR CHONTÚIRTEACHA AGUS TEAGMHAIS CHRITICIÚLA

Tá méadú ollmhór tagtha ar chúrsaíocht arm tine agus arm eile laistigh den Úcráin féin mar thoradh ar an gcogadh, rud a chuireann an tAontas agus stáit eile atá i gcomharsanacht na hÚcráine i mbaol.

Forairdeall agus comhordú

Sa treoraíocht oibríochtúil a eisíodh i mí an Mhárta cuireadh comhairle ar fáil do na Ballstáit maidir le conas dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le cúrsaíocht mhéadaithe arm tine tráth a mbíonn sluaite ollmhóra ag teacht isteach ag teorainn sheachtrach an Aontais 36 . Cuireann na treoirlínte sin i bhfios gur cheart seiceáil leanúnach a dhéanamh ar airm thine agus nár cheart cead a thabhairt d’aon duine gan údarú dul isteach san Aontas le harm tine. Má thuairiscíonn údaráis na hÚcráine go bhfuil aon cheann de na hairm thine sin ar iarraidh, ba cheart do na Ballstáit iad a thuairisciú i gCóras Faisnéise Schengen.

Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar gach lastas d’airm thine chuig an Úcráin a thaifeadadh mar is ceart, le gach faisnéis ábhartha (lena n‑áirítear cineál, tír agus bliain an mhonaraithe, branda, déantús, calaibéir, sraithuimhir) chun inrianaitheacht na n‑arm sin a éascú, san Úcráin agus san Aontas araon.

Is olc leis an Aontas Eorpach na hionsaithe míleata meargánta a rinne an Rúis ag saoráidí núicléacha, bitheolaíocha agus ceimiceacha sibhialtacha san Úcráin agus i gcomharsanacht na saoráidí sin, agus mar aon le haon gníomh lena gcuirfí sábháilteacht na saoráidí sin i mbaol. Déanann an Coimisiún faireachán ar staid cúrsaí san Úcráin, agus aird ar leith á tabhairt aige ar an mbagairt raideolaíoch, rud atá ina chúis imní mhór ó thaobh shlándáil inmheánach an Aontais de 37 . Déanann an Coimisiún faireachán freisin ar bhagairtí ceimiceacha a d’fhéadfadh a bheith ann, agus chuir sé sásra comhordúcháin inmheánach ar bun i gcás inar gá mearmheasúnú riosca a dhéanamh.

Ullmhacht

Bhí an Úcráin ar cheann de na tíortha a luadh mar thír ríthábhachtach maidir le gníomhaíochtaí sonracha ar an leibhéal seachtrach i bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Gáinneáil ar Airm Tine 20202025. Ina theannta sin, tá gníomhaíocht oibríochtúil shonrach ar bun sa réigiún ina gcuimsítear an Úcráin, faoi chuimsiú airm thine EMPACT. Mar sin féin, i bhfianaise na rioscaí a bhaineann le hairm thine a atreorú, beidh gá le tionscadail shonracha arna maoiniú an Aontas mar aon le comhar oibríochtúil le Europol, le Frontex agus leis an gcuid de EMPACT a bhaineann le hairm thine. Cuirfidh an Coimisiún togra ar aghaidh go luath chun athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán um Airm Thine 38   maidir le honnmhairí, allmhairií agus idirthuras arm tine sibhialtach, mar chuid den chreat dlíthiúil agus oibríochtúil foriomlán chun gáinneáil ar airm thine a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

Chun ullmhacht agus freagairt an Aontais ar rioscaí sláinte poiblí amhail bagairtí CBRN a fheabhsú, tá cúltacaí straitéiseacha de chumas freagartha á dtógáil ag an gCoimisiún tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM), rud a mhaoinítear ag an Údarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) 39 . Tá seirbhísí an Choimisiúin ag obair le chéile chun stoccharn straitéiseach rescEU ar fiú EUR 540.5 milliún é a fhorbairt. Is éard a bheidh sa stoccharn sin trealamh agus cógais, vacsaíní agus teiripic eile chun cóir leighis a chur ar othair a nochtar ar oibreáin éigeandálaí CBRN, chomh maith le cúltaisce díéillithe rescEU chun trealamh díéillithe agus foirne freagartha saineolacha a sholáthar. Mar chéad chéim láithreach, tá an tAontas tar éis a chúltaca leighis rescEU a úsáid chun táibléid iaidíde potaisiam a sholáthar, ar táibléid iad is féidir a úsáid chun daoine a chosaint ar éifeachtaí díobhálacha na radaíochta, mar aon le nithe eile a bhfuil géarghá leo san Úcráin. Tá beagnach 3 mhilliún táibléad iaidíde seachadta chuig an Úcráin tríd UCPM cheana féin, le cuidiú ón bhFrainc agus ón Spáinn.

V.GNÍOMHAÍOCHT CHOMHORDAITHE CHUN IONSAÍ NA RÚISE A THABHAIRT CHUN CUNTAIS

Tá ról cinntitheach á imirt ag an Aontas Eorpach i ngníomhaíochtaí an chomhphobail idirnáisiúnta chun brú a chur ar an Rúis deireadh a chur lena hionsaí ar stát agus sibhialtaigh na hÚcráine, rud nach féidir glacadh leis agus atá contrártha leis an dlí idirnáisiúnta. Cuimsíonn an brú sin bearta chun na hiarmhairtí do dhéantóirí na coire a chur in iúl, lena n‑áirítear smachtbhannaí tromchúiseacha, agus gníomhaíochtaí chun coireanna cogaidh a shainaithint agus a n‑ionchúiseamh a éascú.

Bearta sriantacha agus coigistiú

Ó d’aithin an Rúis limistéir réigiúin Donetsk agus Luhansk nach bhfuil faoi smacht an rialtais san Úcráin an 21 Feabhra 2022, agus ó tharla ionradh an Úcráin n 24 Feabhra 2022, tá an tsraith is mó riamh de bhearta sriantacha curtha i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach in aghaidh na Rúise. Go dtí seo, glacadh cúig phacáiste de smachtbhannaí. Díríonn na bearta sin ar phríomhearnálacha, lena n‑áirítear an t‑airgeadas, an trádáil, an t‑iompar, an chosaint, agus na meáin agus tá siad priocdhírithe ar scothaicmí polaitiúla agus míleata chomh maith le holagarcaí Rúiseacha agus Bealarúiseacha. Tá níos mó ná 1000 duine aonair agus 80 eintiteas ar na liostuithe cheana féin. Tá an séú pacáiste de smachtbhannaí á phlé sa Chomhairle.

Maidir leis na bearta sriantacha sin agus na bearta sriantacha a rinneadh roimhe seo i gcoinne daoine aonair agus cuideachtaí na Rúise agus na Bealarúise, beidh tionchar na mbeart sin chomh láidir céanna lena bhforfheidhmiú. Le comhordú ón Aontas Eorpach, d’fhéadfaí cuidiú go mór le lúba ar lár a d’fhéadfadh a bheith ann a dhúnadh, agus tá tacaíocht fhorleathan curtha ar fáil ag an gCoimisiún do na páirtithe leasmhara, trí threoraíocht scríofa, trí chruinnithe leis na páirtithe leasmhara agus le grúpa saineolaithe tiomnaithe, agus trí raon acmhainní chun an chomhlíontacht a éascú.

Ina theannta sin, bhunaigh an Coimisiún Tascfhórsa ‘Freeze and Sieze’ [Calcadh agus Coigistiú] ina dtugtar le chéile seirbhísí an Choimisiúin, na Ballstáit, Eurojust agus Europol. Go dtí seo, thuairiscigh na Ballstáit gur chalc sé sócmhainní dar luach EUR 9.89 billiún 40 . An 11 Aibreán, i gcomhar leis na Ballstáit, Eurojust agus Frontex, sheol Europol Oibríocht ‘Oscar’ chun tacú le himscrúduithe airgeadais agus coiriúla lena ndírítear ar shócmhainní coiriúla faoi úinéireacht daoine aonair agus eintitis dhlíthiúla a chumhdaítear le smachtbhannaí an Aontais a bhaineann le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Oibríonn Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’ an Aontais go dlúth leis Tascfhórsa um Scothaicmí, Seachghníomhaithe agus Olagarcaí na Rúise (REPO) a bhunaigh tíortha G7 (Ceanada, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an tSeapáin, an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe) agus comhpháirtithe atá ar aon intinn leo amhail an Astráil agus Tascfhórsa ‘Kleptoapture’ na Stát Aontaithe agus Tascfhórsa um an Úcráin.

Úsáidtear an Tascfhórsa ‘Freeze and Seize’ mar ardán chun malartú faisnéise agus taithí a chomhordú agus a éascú ar fud na mBallstát agus chun treoraíocht a thabhairt maidir le cur chun feidhme na smachtbhannaí, agus chun malartú dea‑chleachtais maidir le himscrúduithe coiriúla agus le coigistiú a éascú. Go háirithe, tá sé tábhachtach go mbeadh na húdaráis forfheidhmithe dlí ar an airdeall agus réamhghníomhach maidir le coireanna a d’fhéadfadh daoine aonair agus eintitis atá faoi smachtbhannaí a dhéanamh. Tá sé d’aidhm ag an Tascfhórsa freisin plé a thabhairt ar aghaidh maidir le húsáid fhéideartha na gcistí coigistithe, mar shampla chun cuidiú le hatógáil na hÚcráine.

Tá pacáiste um aisghabháil agus coigistiú sócmhainní á ghlacadh ag an gCoimisiún inniu 41 ina gcuirtear san áireamh na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme na mbeart sriantach de chuid an Aontais i gcoinne daoine aonair agus eintitis Rúiseacha agus Bhealarúiseacha. Éascóidh sé sin cur chun feidhme éifeachtach na mbeart sriantach de chuid an Aontais ar fud an Aontais chun gur féidir maoin a bheadh faoi úinéireacht nó faoi rialú daoine nó eintiteas atá faoi réir na mbeart sin a rianú agus a shainaithint go tapa. Beidh feidhm ag an gcreat feabhsaithe um aisghabháil agus coigistiú sócmhainní freisin maidir le sárú na mbeart sriantach, lena gcinnteofar rianú, calcadh, bainistiú agus coigistiú éifeachtach na bhfáltas a fhaightear ó shárú na mbeart sriantach. Chun a áirithiú gur féidir sócmhainní na ndaoine aonair agus na neintiteas a sháraíonn na bearta sriantacha a choigistiú i ndáiríre, glacfaidh an Coimisiún inniu tograí le haghaidh cinneadh ón gComhairle freisin chun sárú ar smachtbhannaí a chur le liosta choireanna an Aontais in Airteagal 83(1) CFAE 42 , lena ngabhann Teachtaireacht 43 , d’fhonn Treoir a mholadh chun an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus pionóis i leith sáruithe ar bhearta sriantacha a chomhfhogasú.

Ar bhealach níos ginearálta, is céim fhíorthábhachtach é an pacáiste seo sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe. Leanann sé sin leis na gealltanais a thug an Coimisiún Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe 20202025 44 . Sa Straitéis sin déantar athbhreithniú ar Threoir 2014 maidir le Coigistiú, ar Chinneadh 2007 ón gComhairle maidir leis an Oifig um Aisghabháil Sócmhainní (ARO), agus ar Chinneadh Réime 2005 maidir le Fáltais, Ionstraimeachtaí agus Maoin a bhaineann le Coireacht a Choigistiú chun cumais a neartú i ndáil le rianú agus sainaithint sócmhainní agus, ar deireadh, gnóthachain aindleathacha a choigistiú, rud a thugann aghaidh ar rátaí aníseal coigistithe san Aontas Eorpach 45 . Leis an bpacáiste sin, leathnaítear raon feidhme na gcionta coiriúla a chumhdaítear agus leathnaítear na rialacha maidir le coigistiú i gcásanna nach féidir ciontú coiriúil a dhéanamh as cion sonrach ach i gcás ina neascraíonn na sócmhainní go soiléir as gníomhaíochtaí coiriúla. Leis an athbhreithniú neartaítear bainistiú éifeachtach na sócmhainní calctha agus coigistithe agus treisíonn sé cumas na AROnna sócmhainní aindleathacha a rianú agus a shainaithint. Tá creat nua de chuid an Aontais um aisghabháil sócmhainní ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar modus operandi casta na neagraíochtaí coiriúla, ar eagraíochtaí iad a oibríonn thar theorainneacha go minic agus a úsáideann modhanna éagsúla chun a gcuid sócmhainní a chur faoi cheilt, lena náirítear trí bhíthin cripteashócmhainní.

Freagairt bhreithiúnach chomhordaithe

Tá obair fós á déanamh ar leibhéal an Aontais freisin chun freagairt bhreithiúnach chomhordaithe ar choireanna idirnáisiúnta a líomhnaítear a rinneadh san Úcráin a áirithiú, ionas gur féidir iad siúd is cúis leo a thabhairt os comhair cúirte.

Bhunaigh dhá Bhallstát agus an Úcráin Foireann Chomhpháirteach Imscrúdaithe chun imscrúdú a dhéanamh ar choireanna cogaidh, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna idirnáisiúnta eile a líomhnaítear a rinneadh ar chríoch na hÚcráine. Cuireann Eurojust tacaíocht dhlíthiúil, anailíseach, airgeadais agus lóistíochtúil ar fáil don Fhoireann Chomhpháirteach Imscrúdaithe sin. An 25 Aibreán 2022, chuaigh Oifig Ionchúisitheora na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta isteach san Fhoireann Chomhpháirteach Imscrúdaithe mar rannpháirtí 46 agus tá coinne leis go dtiocfaidh rannpháirtithe breise isteach go luath. 

Ar an 25 Aibreán 2022, thíolaic an Coimisiún togra chun Rialachán Eurojust 47 a leasú ionas go gcoinneoidh, go nanailíseoidh agus go stórálfaidh Eurojust fianaise ar bhunchoireanna idirnáisiúnta. Leanfaidh Eurojust agus Europol de bheith ag obair go dlúth le chéile le linn an phróisis sin. Tá ról ríthábhachtach ag an Líonra um Chinedhíothú i gcomhordú na freagartha breithiúnaí, ar Líonra é a bhfuil Eurojust ina óstach ar a Rúnaíocht, agus d’ullmhaigh sé Atlas d’eagraíochtaí neamhrialtasacha atá gníomhach san Úcráin faoi láthair agus tugtar tacaíocht do chleachtóirí náisiúnta ó na Ballstáit agus ón Úcráin a láimhseálann cásanna gníomhacha a bhaineann leis an gcogadh.

I mí Aibreáin 2022, rinne an Chomhairle athbhreithniú breise ar shainordú Mhisean Comhairleach an Aontais san Úcráin, rud a réitigh an bealach chun tacaíocht ón Misean a thabhairt d’údaráis na hÚcráine agus imscrúdú agus ionchúiseamh á ndéanamh acu ar aon choir idirnáisiúnta a rinneadh i gcomhthéacs ionsaí míleata na Rúise. Cuirfidh an Misean comhairle straitéiseach ar fáil d’údaráis na hÚcráine maidir le coireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a ionchúiseamh, maidir leis na leasuithe is gá ar reachtaíocht na hÚcráine, maidir lena straitéis chumarsáide, agus maidir le hoiliúint ar chúrsaí lena mbaineann. Tá an Misean páirteach i roinnt tionscnaimh chomhordúcháin sa chomhthéacs sin agus, i gcomhpháirt le Toscaireacht an Aontais, tá sé ina bhall de Ghrúpa Comhairleach SAM‑AE maidir le Coireanna Ainghníomhacha na hÚcráine.

VI.IONRAMHÁIL AGUS CUR ISTEACH EACHTRACH AR FHAISNÉIS

A bhuí leis na forbairtí geopholaitiúla atá ann faoi láthair, cuireadh i dtábhacht na rioscaí a bhaineann le cur isteach eachtrach. Mar aon le hionsaithe míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá gníomhaíochtaí ionramhála agus cuir isteach á ndéanamh. Rinneadh líomhaintí gan bhunús maidir le ‘Naitsíochas’ agus ‘cinedhíothú’ i gcoinne rialtas na hÚcráin, oibríochtaí faoi bhratach bhréagach agus cúisimh gan bhunús i gcoinne ECAT agus an Iarthair chun údar a thabhairt le hionsaithe uafásacha i gcoinne na hÚcráine, agus sa Rúis féin tá saoirse cainte agus tuairisciú neamhspleách curtha faoi chois. Tá riosca ann i gcónaí ó ábhar closamhairc cúbláilte agus ón mbréagaisnéis go bhféadfaidh an Rúis iarracht a dhéanamh iad a úsáid mar leithscéal ionsaithe míleata breise a dhéanamh, chun diongbháilteacht fhrithbheartaíocht na hÚcráine a lagú, chun an comhphobal idirnáisiúnta a dheighilt i ndáil leis an gcaoi a bhfuil sé go léir i gcoinne an chogaidh, nó chun amhras chothú faoi sháruithe na Rúise ar an dlí idirnáisiúnta. Thug an tAontas gealltanas sa Chompás Straitéiseach freagairt go daingean do chúbláil agus do chur isteach eachtrach ar fhaisnéis agus feabhas a chur ar a athléimneacht agus ar a chumas dul i ngleic leis na bagairtí sin 48 . Is ábhar an Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach ionramháil na díospóireachta daonlathaí laistigh den Aontas, is é sin plean comhordaithe an Choimisiúin chun aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis agus chun athléimneacht dhaonlathach a neartú 49 .

Forairdeall agus comhordú

D’fhreagair an tAontas Eorpach trí ghníomhaíocht chinntitheach chomhordaithe a dhéanamh ar fheachtas bréagaisnéise na Rúise i gcomhthéacs an ionsaithe mhíleata i gcoinne na hÚcráine. D’oibrigh an tAontas go dlúth lena Bhallstáit tríd an gCóras MearRabhaidh, agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta amhail ECAT, na Stáit Aontaithe, Ceanada agus Sásra MearFhreagartha G7, chun léargas a chomhroinnt ar na treochtaí cúblála agus ar na beartaíocht atá á núsáid ag an gCreimil. Tá obair níos géire ar siúl anois chun dul i gcoinne ionramháil na Creimile, go háirithe tríd an suíomh gréasáin EUvsDisinfo a bhíonn ag craolú i mBéarla, i Rúisis, in Úcráinis agus i dteangacha eile, chun faisnéis fhíorasach a scaipeadh laistigh den Aontas, san Úcráin agus sa réigiún, agus laistigh den Rúis chomh maith. Ó bhí an 2 Márta ann, cuireadh ar fionraí tarchur agus craoladh mheáin Stát na Rúise, is é sin na bealaí teifíse RT agus Sputnik, san Aontas nó tarchur agus craolú díobh atá dírithe ar an Aontas, mar thoradh ar bhearta sriantacha atá glactha ag an Aontas. Tá ardáin ar líne, líonraí sóisialta ceannródaíocha, fógróirí agus lucht an tionscail fógraíochta a shínigh an Cód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis 50 ag déanamh gníomhaíochtaí práinneach chun teorainn a chur le bréagaisnéis a bhaineann le hionsaithe na Rúise ar an Úcráin. Tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún agus ag SEGS ar na hiarrachtaí sin. Léirítear san fhaisnéis a chuirtear ar fáil gur neartaigh na hardáin a gcuid uirlisí faireacháin agus idirghabhála a mhéid a bhaineann leis an gcogadh.

Anuas air sin, tá gníomhaíochtaí á gcur i bhfeidhm go mear chun tacaíocht a thabhairt do thíortha san Áise Láir agus sna Balcáin Thiar athléimneacht maidir le faisnéis a neartú agus cur i gcoinne cúbláil eachtrach faisnéise agus bréagaisnéis eachtrach.

Ullmhacht

Mar thoradh ar ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéise (FIMI), lena náirítear bréagaisnéis mar uirlis bagartha hibridí amháin, tá sé níos práinní obair leantach a dhéanamh ar an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach. Le roinnt míonna anuas, tá tacaíocht tugtha ag an Aontas do na Ballstáit FIMI a chomhrac, go háirithe faoi chuimsiú an Chórais MearRabhaidh trí léargais a chomhroinnt ar na teaicticí a úsáideann gníomhaithe FIMI agus ar straitéisí freagartha. Tá an plé chun freagairt fhoriomlán an Aontais ar FIMI a threisiú fós ar siúl, ar bhonn nóta coincheapa a chuir SEGS i láthair maidir le Bosca Uirlisí tiomnaithe a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin. Leis sin, tugtar le chéile na bearta inmheánacha agus na huirlisí nua de chuid an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála. Bainfidh sé tairbhe freisin as an ngníomhaíocht threisithe atá á ndéanamh ag Roinn Stratcom 51 na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí mar aon le gníomhaíochtaí an Choimisiúin freisin.

Bhunaigh an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (‘EDMO’) tascfhórsa maidir le bréagaisnéis tar éis thús an chogaidh san Úcráin agus comhordaíonn sí gníomhaíochtaí seiceálaithe fíoras agus taighdeoirí ina líonra. Tá anailís déanta aici ar an gcaoi a bhfuil teoiricí comhcheilge COVID19 tar éis díriú go tapa ar fholáirimh bhréige ar son na Rúise a scaipeadh, rud atá tugtha faoi deara i líon áirithe Ballstát 52 .

Is é is aidhm don togra maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha oiriúnú do theicneolaíochtaí digiteacha atá ag athrú go tapa agus céard atá i ndán do dhúshláin theicneolaíocha agus dhaonlathacha mar gheall air sin, amhail fuathchaint, bréagaisnéis ar líne agus straitéisí díchobhsaithe. Dá ndéanfaí dul chun cinn suntasach i gcaibidlíochtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ba cheart go mbeifí in ann an pacáiste a ghlacadh go tapa.

VII.ULLMHACHT NÍOS LEITHNE

An tráth seo a bhfuil cogadh ar ais chugainn ar thalamh na hEorpa arís agus a bhfuil athruithe móra geopholaitiúla ar siúl, tá dlús curtha le comhordú slándála san Aontas Eorpach agus leas á bhaint as tionscnaimh a bhí ar na bacáin cheana féin roimh chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Maidir le tionscnaimh a fhéachann go príomha ar shlándáil sheachtrach an Aontais, tá impleachtaí móra acu ar chlár oibre inmheánach an Aontais Slándála.

Ar an 15 Feabhra 2022, chuir an Coimisiún an Pacáiste Cosanta 53 ar aghaidh ina raibh roinnt tionscnamh i réimsí atá ríthábhachtach don chosaint agus don tslándáil laistigh den Aontas. Clúdaíonn an rannchuidiú seo ón gCoimisiún le slándáil agus cosaint na hEorpa an raon iomlán dúshlán. Moltar ann céimeanna nithiúla i dtreo margadh cosanta Eorpach a bheidh níos comhtháite agus níos iomaíche, go háirithe tríd an gcomhar laistigh den Aontas a fheabhsú agus trí bharainneachtaí scála a fhorbairt. Tá treochlár ann freisin maidir le teicneolaíochtaí atá ríthábhachtacha don tslándáil agus don chosaint chun borradh a chur faoin taighde, faoin bhforbairt theicneolaíoch agus faoin nuálaíocht sna hearnálacha sin agus chun spleáchas i ndáil le teicneolaíochtaí criticiúla agus le slabhraí luacha a laghdú. Sa phacáiste dírítear freisin ar ghné na cosanta den spás a neartú ar leibhéal an Aontais. Anuas air sin, féachann sé ar an gcaoi a bhféadfadh an Coimisiún dlús a chur lena chuid gníomhaíochtaí i gcoinne bagairtí hibrideacha, lena náirítear bagairtí sa chibearréimse, feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata laistigh den Eoraip agus lasmuigh di, agus aghaidh bhreise a thabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide a bhaineann leis an gcosaint. Chun an obair sin a chomhlánú, sa Teachtaireacht Chomhpháirteach dar teideal Defence Investment Gaps Analysis and way forward 54 [Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh] an 18 Bealtaine, déantar machnamh ar an gcumas agus ar na bearnaí tionsclaíocha nach mór aghaidh a thabhairt orthu d’fhonn tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit is mó a nochtadh san Aontas agus bearta a shainaithint chun na heasnaimh a sainaithníodh a mhaolú.

Ós rud é go bhfuil an tAontas athléímneach maidir leis na bagairtí sin, tugtar le tuiscint freisin gur ann do chur chuige a díríonn ar chumas ar fud na nearnálacha slándála, mar a mholtar i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le sineirgí idir an tionscal sibhialta, an tionscal cosanta agus tionscal an spáis 55 . Tá obairm fós á déanamh chun cineálacha cur chuige a dhíríonn ar chumas a chur chun cinn i réimse na slándála inmheánaí agus fhorfheidhmiú an dlí.

An 21 Márta 2022, ghlac an Chomhairle an Compás Straitéiseach maidir le Slándáil agus Cosaint 56 , rud ar thug an Chomhairle Eorpach tacaíocht dó go gairid ina dhiaidh sin. Leagtar amach sa Chompás plean uaillmhianach gníomhaíochta chun beartas slándála agus cosanta an Aontais a neartú faoi 2030. Is é an cuspóir atá ann soláthraí slándála níos láidre agus níos cumasaí a dhéanamh den Aontas, soláthraí a chosnaíonn a chuid saoránach agus a chuireann leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta. Tá tograí nithiúla ann lena mbaineann clár ama anbheacht i ndáil leis an gcur chun feidhme, chun feabhas a chur ar chumas an Aontais gníomhú go cinntitheach le linn géarchéimeanna.

Ceann de na nithe insoláthartha atá sa Comás Straitéiseach is ea bosca uirlisí hibrideach an Aontais a fhorbairt, rud ar cheart dó creat a chur ar fáil chun freagairt chomhordaithe a thabhairt ar fheachtais hibrideacha a dhéanann difear don Aontas agus do na Ballstáit, lena náirítear bearta inmheánacha agus seachtracha. Tar éis bonnlínte hathléimneacht earnála a shainaithint, rud a rinneadh ag tús 2022 57 , tabharfar anailís ar bhearnaí agus ar riachtanais chun críche. Is sa chreat seo go leanfaidh an tAontas de bheith ag cur lena ullmhacht, a athléimneacht agus a fhreagairt ar bhagairtí a eascraíonn as ionsaí na Rúise agus as iarrachtaí ar bith eile chun daonlathais agus an tord iltaobhach atá bunaithe ar rialacha a dhíchobhsú.

VIII.SÚIL CHUN CINN

Ag féachaint chun cinn, ní mór don Aontas a bheith an‑airdeallach i gcónaí ar na bagairtí atá ag teacht chun cinn, agus ullmhacht agus athléimneacht a chothú in aghaidh gach ruda a d'fhéadfadh tarlú. D’fhéadfadh iarmhairtí an chogaidh a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, agus ní féidir iad go léir a mheas fós.

Ní fios go fóill a mhéid a díláithrítear líonraí coiriúla na hÚcráine. I gcásobair ó Eurojust san am a chuaigh thart, léiríodh treocht go ndéantar hearóin ón Afganastáin a gháinneáil go dtí an tAontas Eorpach tríd an Úcráin, rud a gcomhthacaíonn an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) leis 58 . De dheasca na héagobhsaíochta, d’fhéadfadh sé a bheith níos deacra gníomhú in aghaidh thrádáil an hearóin ar an mbealach sin, rud a thabharfadh méadú ar shreabhadh na ndrugaí chuig an Aontas leis.

Is mó seans go dtiocfaidh fás ar roinnt rioscaí don Aontas ag deireadh an chogaidh nó le linn sosanna a d’fhéadfadh a bheith ann sa troid. Tabharfar aird ar leith ar chúrsaíocht arm tine, agus d’fhéadfadh an baol a mhéadú nuair a thiocfaidh deireadh leis an troid san Úcráin. Is léir ón taithí a fuarthas roimhe seo go bhfuil riosca ann go bhféadfaí gníomhaíocht sceimhlitheoireachta a thabhairt isteach san Aontas níos déanaí dá d’fhillfeadh trodaithe eachtracha a mbeadh taithí chomhraic faighte acu agus a d’fhéadfadh a bheith tagtha i dteagmháil le grúpaí antoisceacha. Ba cheart faireachán cúramach a dhéanamh ar an bhfeiniméan sin a d’fhéadfadh tarlú, agus tá an Coimisiún ag éascú plé i measc na mBallstát cheana féin maidir leis na dúshláin a bhaineann le cur ar ais saorálaithe eachtrannacha a bhfuil cúlra antoisceach foréigneach acu.

I bhfianaise na mbagairtí sin a d’fhéadfadh a bheith ann, tá sé tábhachtach go leanfar den Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála a chur chun feidhme, lena n‑áirítear cur chun feidhme straitéisí ríthabhachtacha amhail Straitéis Chibearshlándála an Aontais, an Straitéis chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe (2020‑2025), Clár Oibre Frithsceimhlitheoireachta don Aontas Eorpach (2020‑2025), Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Gáinneáil ar Airm Tine (2020‑2025), Straitéis an Aontais maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac (2021‑2025), agus Straitéis Drugaí an Aontais Eorpaigh (2021‑2025).

Leanfar de na hiarrachtaí chun an creat reachtach is gá a chur ar fáil don Aontas. Mar shampla, tá an measúnú tionchair á ullmhú ag an gCoimisiún le haghaidh togra lena rialófar margú agus úsáid ceimiceán ardriosca.

IX.CONCLÚID

Leanann an tAontas Slándála de bheith ag ullmhú an Aontais agus a chuid Ballstát chun dul i ngleic le bagairtí atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann. Léirigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine cé chomh tapa is féidir le bagairtí teoiriciúla a bheith fíor, agus cuireann sé béim ar an tábhacht a bhaineann le forairdeall, le comhordú agus le hullmhacht.

Sa cheathrú tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála go bhfuil an tAontas in ann oiriúnú, fiú amháin os comhair bagairtí eisceachtúla gan choinne amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh an Straitéis um an Aontas Slándála a chur chun feidhme go diongbháilte.

(1)

    https://www.consilium.europa.eu/media/54773/20220311‑versailles‑declaration‑en.pdf  

(2)

   COM/2020/605.

(3)

    Ráiteas comhpháirteach ó Ghníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile an Aontais maidir leis an Úcráin | Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (europa.eu)

(4)

   Ar na samplaí den haiceáil chúise a bhí ann le déanaí tá úsáid ‘bogearraí agóide’ chun bogearraí mailíseacha a scaipeadh chuig seoltaí IP na Rúise trí phacáiste foinse oscailte a bhfuil tóir air, rud a bhféadfadh rioscaí don slabhra soláthar teacht as agus a bhféadfadh cailliúint iontaoibhe i measc an chomhphobail foinse oscailte a bheith mar thoradh air. Tá sé ráite go soiléir ag an gCoimisiún go bhfuil cibearionsaithe ar an Rúis neamhdhleathach (fiú má bhíonn dearún taobh thiar leo).

(5)

   Tuarascáil Speisialta Microsoft: An overview of Russia’s cyberattack activity in Ukraine; The hybrid war in Ukraine ‑ Microsoft On the Issues [Forbhreathnú ar ghníomhaíocht cibearionsaithe na Rúise san Úcráin; An cogadh hibrideach san Úcráin – Microsoft ar na Saincheisteanna]; The hybrid war in Ukraine ‑ Microsoft On the Issues [An cogadh hibrideach san Úcráin – Microsoft ar na Saincheisteanna]

(6)

    https://www.consilium.europa.eu/en/press/press‑releases/2022/01/14/ukraine‑declaration‑by‑the‑high‑representative‑on‑behalf‑of‑the‑european‑union‑on‑the‑cyberattack‑against‑ukraine/  

(7)

    Russian cyber operations against Ukraine: Declaration by the High Representative on behalf of the European Union [Oibríochtaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine: Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh] ‑ Consilium (europa.eu)  

(8)

   Boosting your Organisation's Cyber Resilience [Cibearathléimneacht d’Eagraíochta a Mhéadú] Foilseachán Comhpháirteach, 14.2.2022.

(9)

   Security Guidance 202201 Cybersecurity mitigation measures against critical threats [Treoirlínte Slándála 202201 – Bearta maolaithe cibearshlándála i gcoinne bagairtí criticiúla].

(10)

   CERTEU Security Guidance 22002 Hardening Signal [Treoir Slándála CERTEU 22002 Signal a Threisiú].

(11)

   Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais.

(12)

   COM(2020) 823.

(13)

   COM(2020) 829.

(14)

    Moladh maidir le Cibearaonad Comhpháirteach a thógáil | Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú (europa.eu)

(15)

    https://digital‑strategy.ec.europa.eu/en/library/cybersecurity‑5g‑networks‑eu‑toolbox‑risk‑mitigating‑ measures  

(16)

   Grúpa Comhair NIS, Report on the cybersecurity of Open RAN [Tuarascáil maidir le cibearshlándáil Open RAN], an 11 Bealtaine 2022.

(17)

   COM(2022) 122.

(18)

   COM(2022) 119.

(19)

    Gníomh um an gCibear‑Athléimneacht – rialacha nua cibearshlándála le haghaidh táirgí digiteacha agus seirbhísí coimhdeacha (europa.eu)

(20)

    08/03/2022 ‑ Déclaration conjointe des ministres de l'Union européenne chargés du numérique et des communications électroniques adressée au secteur numérique ‑ Presse ‑ Ministère des Finances (economie.gouv.fr)  

(21)

   Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis    an margadh leictreachais, IO L 158, 14.6.2019, lch. 54. Tá togra á athbhreithniú faoi láthair ag an nGníomhaireacht um    Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh.

(22)

   An Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tharchurtha Leictreachais.

(23)

   An Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tharchurtha Gáis.

(24)

  COM(2022) 21.

(25)

  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/STATEMENT_22_3108  

(26)

COM(2022) 301.

(27)

   Thug Grúpa Anailíse Bagairtí de chuid Google faoi deara go raibh níos mó agus níos mó gníomhaithe bagartha ag baint úsáid as an gcogadh san Úcráin chun daoine a mhealladh i bhfeachtais fioscaireachta agus earraí malíseacha. Tuairiscíonn taighdeoirí sa chuideachta slándála idirlín Cyren gur tháinig méadú ar sceamálacha cripteaairgeadra a bhaineann leas as an gcoinbhleacht trí úsáid a bhaint as láithreáin ghréasáin bhréagacha ar a dtugtar deonuithe.

(28)

  Teachtaireacht ón gCoimisiún lena gcuirtear treoirlínte oibríochtúla ar fáil maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha chun trasnuithe teorann ag na teorainneacha idir an tAontas agus an Úcráin a éascú, 2022/C 104 I/01.

(29)

   Ón 3 Bealtaine, bhí 1 bhall foirne Europol agus 3 AoiOifigeach imscartha ag Europol sa tSlóvaic, 1 bhall foirne Europol sa Pholainn, 1 oifigeach Europol agus 4 AoiOifigeach sa Rómáin, agus 2 AoiOifigeach san Ungáir. Tá 1 bhall foirne Europol agus 2 AoiOifigeach imscartha ag Europol sa Mholdóiv.

(30)

   2008/615/JHA, 2008/616/JHA.

(31)

   C/2022/1806, EURLex 52022XC0321(03) EN EURLex (europa.eu) .

(32)

    https://ec.europa.eu/home‑affairs/10‑point‑plan‑stronger‑european‑coordination‑welcoming‑people‑fleeing‑war‑ukraine_en  

(33)

    https://ec.europa.eu/home‑affairs/news/new‑anti‑trafficking‑plan‑protect‑people‑fleeing‑war‑ukraine‑2022‑05‑11_en  

(34)

   COM/2020/796.

(35)

COM/2021/780, COM/2021/782, COM/2021/784.

(36)

   Teachtaireacht ón gCoimisiún lena gcuirtear treoirlínte oibríochtúla ar fáil maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha chun trasnuithe teorann

   ag na teorainneacha idir an tAontas agus an Úcráin a éascú, 2022/C 104 I/01.

(37)

   I gcomhar leis na comhpháirtithe sna Stáit Aontaithe, eagróidh an Coimisiún ceardlann ina ndíreofar ar na rioscaí a bhaineann le hábhair raideolaíocha atá sna hospidéil agus nach mbeidh rialú rialála infheidhme maidir leo.

(38)

   Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin. 

   

    

    

   

(39)

    Plean Oibre HERA 2022 (europa.eu)

(40)

  Tá sócmhainní blocáilte de chuid Bhanc Ceannais na Rúise de thuairim is EUR 23 billiún.

(41)

   COM(2022) 245.

(42)

   COM(2022) 247.

(43)

   COM(2022)249.

(44)

   COM(2021) 170.

(45)

   Measann Europol nach ndéantar ach 2 % de shócmhainní coiriúla (EUR 2.4 billiún) a chalcadh agus 1 % a choigistiú (EUR 1.2 billiún), agus ba é EUR 139 mbilliún ioncam coiriúil na bpríomhmhargaí coiriúla san Aontas in 2019 (1 % de OTI an Aontais).

(46)

    https://www.eurojust.europa.eu/eurojust‑and‑the‑war‑in‑ukraine

(47)

   COM(2022) 187 final.

(48)

https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST‑7371‑2022‑INIT/en/pdf

(49)

   COM(2020) 790.

(50)

   https://digitalstrategy.ec.europa.eu/en/policies/codepracticedisinformation

(51)

   Roinn um an gCumarsáid Straitéiseach, um Thascfhórsaí agus um Anailís Faisnéise den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, cuireann sí tacaíocht cumarsáide straitéisí ar fáil maidir le beartas eachtrach agus slándála an Aontais a chur chun feidhme i réigiúin tosaíochta ghaolmhara (chomharsanacht an Deiscirt agus an Oirthir, na Balcáin Thiar) trí ghníomhaíochtaí sonracha cumarsáide straitéisí a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad a dhíríonn ar bheartais, luachanna, cuspóirí agus leasanna an Aontais a chur chun cinn.

(52)

    https://edmo.eu/2022/03/30/how‑covid‑19‑conspiracy‑theorists‑pivoted‑to‑pro‑russian‑hoaxes/  

(53)

   https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities20192024/europefitdigitalage/contributingeuropeandefence_en

(54)

   JOIN(2022)24.

(55)

   COM(2021)70.

(56)

   Compás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint D’Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a chuireann leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta: https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST73712022INIT/en/pdf

(57)

   SWD(2022) 21 final.

(58)

   Report on the drug and alcoholic situation in Ukraine for 2020 (according to 2019 data), OEDT, Stopping the trafficking of a heroin substitute in France, Poland and Ukraine, including the planning and execution of a controlled delivery, 2021/00446, Eurojust, Bealtaine 2020.

Top

An Bhruiséil,25.5.2022

COM(2022) 252 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCeathrú Tuarascáil ar Dhul chun Cinn i ndáil le cur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála


Eochair Eolais:

Comhaid reachtacha: = glactha  = obair atá ar siúl faoi láthair = ag feitheamh le togra an Choimisiúin

Comhaid neamhreachtacha:  = glactha  = obair atá ar siúl faoi láthair

Gníomhaíochtaí

Staid na himeartha

I. Timpeallacht slándála a sheasfaidh an aimsir (bonneagar criticiúil, cibearshlándáil, spásanna poiblí)

Comhaid reachtacha

·Togra le haghaidh Treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil, COM (2020) 829.

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 16.12.2020. 

Tá plé fós ar siúl sa Chomhairle.

Ghlac an Pharlaimint an sainordú chun dul i mbun caibidlíochta an 19 Deireadh Fómhair 2021.

Faoi chaibidlíocht thríthaobhach ó bhí mí Eanáir 2022 ann. Tá sé d’aidhm ag an gComhairle agus ag an bParlaimint an chaibidlíocht a thabhairt i gcrích faoi dheireadh Uachtaránacht na Fraince.

·Treoir athbhreithnithe maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise (NIS), COM(2020) 823.

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 16.12.2020. 

Comhaontú polaitiúil arna thabhairt i gcrích idir comhreachtóirí an 12.05.2022. Glacadh foirmiúil ar feitheamh.

·Athléimneacht oibríochtúil dhigiteach don earnáil airgeadais (Rialachán agus Treoir DORA), COM (2020) 595.

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 24.09.2020.

Comhaontú polaitiúil sealadach arna thabhairt i gcrích an 10 Bealtaine 2022.

·Rialachán maidir le slándáil faisnéise in institiúidí, i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais COM(2022)119.

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 22 Márta 2022.

·Rialachán lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais COM(2022)122.

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 22 Márta 2022.

Comhaid neamhreachtacha

·Straitéis Chibearshlándála an Aontais, JOIN (2020) 18.

·Arna ghlacadh an 16.12.2020.

Chuir an Coimisiún agus an tArdionadaí/Leas‑Uachtarán tuarascáil cur chun feidhme i láthair i mí an Mheithimh 2021.

·Creat rialála don choincheap Eorpach um bainistiú tráchta gan foireann (U-Spás), C(2021) 2671, C(2021) 2672, C(2021) 2673.

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 22.4.2021.

Mar a fógraíodh faoin Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Cliste, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Straitéis nua um Dhróin a ghlacadh in 2022 chun forbairt bhreise na teicneolaíochta seo a threorú agus na caighdeáin sábháilteachta, slándála agus chomhshaoil is airde á ráthú ag an am céanna.

·Cibearaonad Comhpháirteach a chruthú.

·Moladh ón gCoimisiún maidir le Cibearaonad Comhpháirteach (JCU) a chur ar bun, a glacadh an 23.06.2021.

Chuir Uachtaránacht na Comhairle bailchríoch ar na Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gCibearaonad Comhpháirteach i mí Dheireadh Fómhair 2021.

·Dlús a chur leis an gcomhar chun spásanna poiblí, lena náirítear spásanna adhartha, a chosaint.

·San áireamh sa Chlár Oibre Frithsceimhlitheoireachta don Aontas Eorpach, a glacadh an 9 Nollaig 2020.

·Athléimneacht an bhonneagair chriticiúil fuinnimh.

·Obair leanúnach ar Mholadh ón gCoimisiún i dtreo cur chuige comhchuibhithe chun bonneagar criticiúil fuinnimh a shainaithint, malartú faisnéise agus, roghanna atá ar fáil chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil fuinnimh a mhaoiniú.

·Obair leanúnach chun Buanghrúpa Oibreoirí agus údarás a bhunú maidir le hathléimneacht an bhonneagair fuinnimh.

·Cód gréasáin maidir le cibearshlándáil le haghaidh sreafaí leictreachais trasteorann.

·Tá sé beartaithe go nglacfaidh an Coimisiún é faoi dheireadh 2022/go luath in 2023

·Tá obair inmheánach ar siúl faoi láthair. Tá an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh ag déanamh athbhreithniú ar dhréachttogra faoi láthair agus tá sé beartaithe aici é a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi lár mhí Iúil 2022.

·Tacú le feabhas a chur ar chumas na mBallstát an bhagairt a bhaineann le dróin neamhchomhoibríocha a chomhrac agus a mhaolú

·Ar bun faoi láthair.

II. Dul i ngleic le bagairtí atá ag teacht chun cinn (Cibearchoireacht, forfheidhmiú dlí an lae inniu, ábhar neamhdhleathach ar líne, bagairtí hibrideacha)

Comhaid reachtacha

·Tograí maidir le hábhar míúsáide gnéasaí leanaí a bhrath agus a bhaint.

·Togra gearrthéarmach: Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 10.09.2020. Comhaontú polaitiúil na gcomhreachtóirí an 29.4.2021. Tháinig sé i bhfeidhm an 03.8.2021.

·Togra gearrthéarmach: Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 11.05.2022. COIM(2022)209

·Togra le haghaidh Rialachán maidir leis an gcomhar breithiúnach agus rochtain ar cheartas a dhigitiú in ábhair shibhialta, tráchtála agus choiriúla trasteorann, agus lena leasaítear gníomhartha áirithe sa chomhar breithiúnach (COM(2021) 759)

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 01.12.2021

Tá obair scrúdúcháin na Comhairle fós ar siúl, tá rapóirtéirí ceaptha ag Parlaimint na hEorpa agus reáchtáil sí an chéad mhalartú tuairimí an 12 Bealtaine 2022.

Comhaid neamhreachtacha

·Straitéis an Aontais maidir le míúsáid ghnéasach leanaí a chomhrac.

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 24.07.2020.

·Cumas lucht forfheidhmithe dlí/breithiúnóirí in imscrúduithe digiteacha a fheabhsú.

·Feabhas a chur ar chumas lucht forfheidhmithe dlí maidir le imscrúduithe digiteacha a áirítear i Straitéis an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe a glacadh an 14 Aibreán 2021.

·Sa Straitéis sin, leag an Coimisiún amach an rún atá aige "moladh a dhéanamh ar an mbealach is fearr in 2022 chun aghaidh a thabhairt ar cheist na rochtana dleathaí agus spriocdhírithe ar fhaisnéis chriptithe i gcomhthéacs imscrúduithe coiriúla agus ionchúiseamh.

·Cur chuige de chuid an Aontais a leagan amach maidir le bagairtí hibrideacha a chomhrac:

·Breithnithe maidir le hibrid a phríomhshruthú i gceapadh beartais, bonnlínte earnála maidir le hathléimneacht hibrideach a shainaithint, feasacht staide, ardán ar líne a chruthú.

·Obair leanúnach ar an leibhéal inmheánach, leis na Ballstáit agus le Gníomhaireachtaí.

·Athbhreithniú ar phrótacal oibríochtúil an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac (‘EU Playbook’) SWD(2016)227.

·Ar feitheamh thoradh an athbhreithnithe ar shásraí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh.

III. Saoránaigh na hEorpa a chosaint ar sceimhlitheoireacht agus ar choireacht eagraithe

Comhaid reachtacha

Pacáiste maidir le frithsciúradh airgid:

- Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) 1094/2010, (AE) 1095/2010 (COM/2021/421)

- Togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (COM/2021/420)

- Togra le haghaidh treoir maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (COM/2021/423)

- Togra le haghaidh rialachán maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus le criptea-shócmhainní áirithe (athmhúnlú) (COM/2021/422).

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 20.07.2021

Cuireadh tús leis na cruinnithe tríthaobhacha an 28 Aibreán 2022 i ndáil le ceann de ghnéithe an phacáiste: an togra le haghaidh rialachán maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus le criptea-shócmhainní áirithe (athmhúnlú). A mhéid a bhaineann leis na gnéithe eile den phacáiste, tá plé fós ar siúl sa Pharlaimint agus sa Chomhairle.

·Athbhreithniú ar Rialachán 258/2012 maidir le húdarú onnmhairithe, agus bearta allmhairithe agus idirthurais le haghaidh arm tine.

·Tá sé beartaithe é a ghlacadh in R3 2022.

Athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le calcadh agus coigistiú agus maidir le hOifigí um Aisghabháil Sócmhainní. COM(2022) 245

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 25.05.2022.

·Athbhreithniú ar Threoir 99/2008/CE maidir leis Coireacht Chomhshaoil. COIM(2021)851

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 15.12.2021. 

Tá obair scrúdúcháin na Comhairle fós ar siúl, níl tús curtha leis an obair go fóill ag an bParlaimint.

·Athbhreithniú ar shainordú an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí.

COIM(2022)18

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 12.01.2022.

Comhaid neamhreachtacha

·Clár Oibre Frithsceimhlitheoireachta don Aontas Eorpach, lena náirítear gníomhaíochtaí athnuaite i gcoinne an radacaithe san Aontas COM(2020) 795.

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 9.12.2020.

·Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe (le Doiciméad Inmheánach Oibre maidir le EMPACT a ghabhann leis).

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 14.04.2021.

·Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac 2021-2025.

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 14.04.2021.

·Clár Oibre agus Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Drugaí 2021-2025.

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 24.07.2020.

·Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh 2020-2025 maidir le Gáinneáil ar Airm Thine.

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 24.07.2020.

·Tús a chur leis an gcaibidlíocht le 13 tríú tír le haghaidh comhair le Eurojust.

·Sainordú arna ghlacadh ag an gComhairle an 01.03.2021. Tá teagmháil leanúnach ag an gCoimisiún le tríú tíortha. Tá tús foirmiúil curtha leis an gcaibidlíocht le 3 thír: An Cholóim, an Airméin agus an Ailgéir.

·Comhar nua le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta tábhachtacha i gcoinne na sceimhlitheoireachta.

Thionóil SEGS Idirphlé Frithsceimhlitheoireachta leis na tíortha agus leis na hEagraíochtaí Idirnáisiúnta seo a leanas:

- An India (an Bhruiséil, an 30 Márta).

- Iosrael (Tel Aviv, an 4-5 Aibreán).

- Na Náisiúin Aontaithe -NA (Nua Eabhrac, an 8 Aibreán).

·Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE): Moladh maidir le comhaontuithe comhair le tríú tíortha roghnaithe.

·Tá obair ullmhúcháin ar siúl faoi láthair.

·Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach, 2021-2025.

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 29.09.2021

IV. Éiceachóras slándála Eorpach láidir

Comhaid reachtacha

·Sainordú Europol a neartú. COM(2020) 796

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 09.12.2020.

·Comhaontú polaitiúil arna thabhairt i gcrích an 01.02.2022

· Teacht i bhfeidhm ionchasach an 28 Meitheamh 2022

·Athbhreithniú ar chinntí Prüm.

COIM(2021)784

·Arna ghlacadh an 1.12.2021

Caibidlíocht fós ar siúl.

·Tograí chun na rialacha atá ann cheana maidir le malartú sonraí agus comhar i bhforfheidhmiú dlí laistigh den Aontas a nuachóiriú agus chun cód um chomhar póilíneachta a chruthú don Aontas

COM(2021) 782 agus COM(2021) 780

·Arna ghlacadh an 1.12.2021. Pacáiste ina bhfuil Treoir maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus moladh ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta. Caibidlíocht fós ar siúl.

·Togra le haghaidh Rialachán maidir le Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin.

·Arna ghlacadh i mBealtaine 2021. 

·Tháinig an Rialachán lena mbunaítear an Lárionad Inniúlachta agus an Líonra i bhfeidhm an 28 Meitheamh 2021.

·Athbhreithniú ar an Treoir maidir le Réamhfhaisnéis faoi Phaisinéirí.

·Obair atá ar siúl faoi láthair. Tá sé beartaithe é a ghlacadh i R4 2022.

·Malartú faisnéise digití maidir le cásanna sceimhlitheoireachta trasteorann.

COIM(2021)757

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 1.12.2021. 

Tá coinne leis go nglacfar cur chuige ginearálta i mí an Mheithimh, rachaidh an Pharlaimint i mbun plé i mí na Bealtaine.

·Ardán comhair TF d’Fhoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú.

COIM(2021)756

·Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 1.12.2021. 

Tá obair scrúdúcháin na Comhairle fós ar siúl, níl tús curtha leis an obair go fóill ag an bParlaimint

·Creat le haghaidh rochtain chómhalartach ar fhaisnéis a bhaineann leis an tslándáil d’oifigigh túslíne idir an tAontas agus tríú tíortha tábhachtacha chun dul i ngleic le bagairtí slándála comhroinnte.

·Obair atá ar siúl faoi láthair. Tá sé beartaithe é a ghlacadh in R4/2022 (b’fhéidir go gcuirfí siar go R1/2023 é).

Comhaid neamhreachtacha

·Fís Eorpach Braisle 3 (slándáil shibhialta don tsochaí) - clár oibre 2021-2022

Gníomh Cur Chun Feidhme

·Arna nglacadh ag na Ballstáit i mí an Mheithimh 2021 (trí Choiste an Chláir FE)

·An ghné sheachtrach de bheartas an Aontais maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí a thabhairt cothrom le dáta

·Foilsíodh an treochlár an 24.07.2020.

·Tá sé beartaithe é a ghlacadh i R3/4 2022. Táthar ag súil le breithiúnas CBAE i rith 2022 i dtaobh an meastar go bhfuil an Treoir maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí agus na dlíthe ábhartha cur chun feidhme i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe leis an gCairt um Chearta Bunúsacha

·Caighdeáin slándála níos fearr do chártaí aitheantais agus do dhoiciméid chónaithe (cur chun feidhme Rialachán 2019/1157).

·Ar bun (thosaigh na Ballstáit ar chártaí aitheantais agus doiciméid chónaithe a eisiúint i gcomhréir le caighdeáin slándála níos doichte ó mhí Lúnasa 2021 amach).

·Mol Nuálaíochta an Aontais maidir leis an tslándáil inmheánach.

·Mol a bunaíodh mar líonra comhoibríoch de shaotharlanna nuálaíochta. Bíonn cruinnithe rialta ag foireann an Mhoil gach 2 sheachtain.

·Moladh ón gCoimisiún chuig an gComhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht le Interpol.

·Dhá Chinneadh ón gComhairle maidir le tús a chur leis an gcaibidlíocht le Interpol chun comhaontú comhair a shíniú a glacadh ar an 14 Iúil 2021. 

·Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht le Interpol i mí na Nollag 2021. Tharla dhá bhabhta caibidlíochta cheana féin.

·Malartú faisnéise faoi thaifid choiriúla (ECRIS agus ECRIS-TCN) a neartú agus a fheabhsú.

·Glacadh an Tuairim ón gCoimisiún maidir le sonraíochtaí teicniúla eu-LISA le haghaidh ECRIS-TCN an 02.06.2021.

·Tá bailchríoch á cur ar Chinneadh Cur Chun Feidhme ECRIS-TCN faoi láthair. Tá sé beartaithe an Cinneadh Cur Chun Feidhme a ghlacadh i R1 2022

Top