Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0217

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Plean gníomhaíochta le haghaidh Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin chun onnmhairiú talmhaíochta agus trádáil dhéthaobhach na hÚcráine leis an Aontas a éascú.

    COM/2022/217 final

    An Bhruiséil,12.5.2022

    COM(2022) 217 final

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

    Plean gníomhaíochta le haghaidh Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin chun onnmhairiú talmhaíochta agus trádáil dhéthaobhach na hÚcráine leis an Aontas a éascú.


    1.Réamhrá

    Tá tionchar tromchúiseach ag cogadh ionsaithe na Rúise ar gheilleagar na hÚcráine. Tá srian mór ar onnmhairí go háirithe mar gheall gur bhlocáil cabhlach na Rúise calafoirt Mhuir Dhubh na hÚcráine ós rud é gurb ionann na calafoirt sin agus 90 % d’onnmhairiú gráin agus olashíolta roimh an gcogadh.

    Tá tionchar mór ag ionradh na Rúise gan údar cheana féin ar mhargaí bia domhanda agus bainfear an bonn den tslándáil bia ar fud an domhain dá bharr. Mura ndéantar gníomh go tapa, cuirfear isteach ar sholáthairtí gráin domhanda freisin an bhliain seo chugainn. De ghnáth, onnmhairíodh 75 % de tháirgeadh gráin na hÚcráine, rud a ghin thart ar 20 % den ioncam bliantúil onnmhairíochta náisiúnta 1 . Tá thart ar an tríú cuid de na heaspórtálacha dírithe ar an Eoraip, ar an tSín agus ar an Afraic, faoi seach.

    Tá an tAontas tiomanta do thacaíocht a thabhairt do gheilleagar na hÚcráine agus do théarnamh eacnamaíoch na hÚcráine, agus do rannchuidiú le margaí bia an domhain a chobhsú agus an tslándáil bia ar fud an domhain a fheabhsú. Dá bhrí sin, is dúshlán coiteann é a chur ar chumas na hÚcráine na hearraí is mian léi a onnmhairiú, leanúint de bheith ag tacú le táirgeadh áitiúil agus a áirithiú go gcuirfear feabhas mór ar an nascacht leis an Eoraip d’onnmhairí agus d’allmhairí araon. Agus an cuspóir sin á chur san áireamh, mhol an Coimisiún le déanaí deireadh sealadach a chur leis na dleachtanna custaim uile ar allmhairí ón Úcráin faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, agus gach beart cosanta trádála maidir le cruach na hÚcráine a chur ar fionraí 2 .

    Maidir leis an tslándáil dhomhanda bia go háirithe, tá sé práinneach agus tábhachtach a chur ar chumas na hÚcráine na táirgí talmhaíochta atá stóráilte sa tír faoi láthair a onnmhairiú ar mhargaí domhanda. Ní mór dúinn cabhrú leis an Úcráin a áirithiú go bhféadfar na fómhair atá le teacht a stóráil go sábháilte agus go bhféadfar barra nua a chur.

    Chun go mbeidh na hearraí talmhaíochta in ann an tAontas Eorpach agus margaí an domhain a bhaint amach, agus chun a áirithiú freisin go bhféadfadh an Úcráin earraí a bhfuil géarghá leo a allmhairiú (amhail cabhair dhaonnúil, bia, beatha ainmhithe, leasacháin, breosla), tá géarghá le bealaí lóistíochta malartacha a bhunú trí úsáid a bhaint as na modhanna iompair go léir, agus an tAontas Eorpach á nascadh leis an Úcráin, agus rochtain na hÚcráine ar bhealaí na Mara Duibhe á hathchóiriú. Chuige sin, ní mór seirbhísí lasta comhfhreagracha a mhéadú agus a fhorbairt feadh na mbealaí lóistíochta sin a nascann an Úcráin le calafoirt san Aontas, mar a bhféadfaí earraí a sheoladh níos faide nó a stóráil freisin. Tá sé sin ríthábhachtach ní hamháin d’fheirmeoirí san Úcráin, ach do thomhaltóirí san Aontas agus níos faide i gcéin freisin.

    Sa Teachtaireacht seo sainaithníodh príomhbhaic mar a thuairiscigh Ballstáit an Aontais Eorpaigh, údaráis na hÚcráine, páirtithe leasmhara an Aontais Eorpaigh agus na hÚcráine. Mar chuid de fhreagairt dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin, tá plean gníomhaíochta á chur chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach anois ina mbeidh bearta gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha chun aghaidh a thabhairt orthu sin. Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit, le húdaráis na hÚcráine, le hoibreoirí iompair, le soláthraithe trealaimh agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha eile ar an dá thaobh chun bealaí lóistíochta malartacha agus barrfheabhsaithe a bhunú: na ‘Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin’. Éascófar leis na lánaí sin, go háirithe, táirgí talmhaíochta a chur ar aghaidh ón Úcráin, ach freisin ár dtrádáil dhéthaobhach earraí agus an rochtain atá ag an Úcráin ar mhargaí idirnáisiúnta agus ar shlabhraí soláthair domhanda, rud a chinnteoidh go mbainfear amach an margadh domhanda a bhfuil géarghá leo.

    2.Scrogaill

    Faoi láthair, tá na mílte vaigíní ag fanacht le himréiteach ar thaobh na hÚcráine de theorainn na mBallstát comharsanachta. Tá níos mó gráin stóráilte fós i sadhlanna réidh le honnmhairiú. Is é 16 lá an meántréimhse feithimh atá ag na vaigíní faoi láthair agus suas le 30 lá ag roinnt pointí trasnaithe teorann idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin. Tá tréimhsí feithimh do leoraithe ag teorainneacha ábhartha rófhada freisin. De bharr na mbacainní lóistíochta sin, bhí ar údaráis na hÚcráine srianta ar onnmhairiú a fhorchur i dtreonna áirithe.

    Tá an Coimisiún, i ndlúthchomhar le Ballstáit an Aontais, le húdaráis phoiblí na hÚcráine agus le hionadaithe tionscail i réimsí an iompair agus na talmhaíochta, tar éis roinnt scrogaill a shainaithint a d’fhéadfadh bac a chur ar athródú onnmhairí, agus allmhairí na hÚcráine, a bhfuil géarghá leis, eadhon:

    -baineann an Úcráin úsáid as leithead iarnróid atá 1520 mm ar leithead 3 (leithead leathan) ach tá leithead caighdeánach an Aontais (leithead UIC) 1435 mm ar leithead. Ciallaíonn sé sin nach féidir vaigíní na hÚcráine a úsáid sa chuid is mó de Bhallstáit an Aontais agus nach mór earraí a thrasloingsiú ó vaigíní atá ar an leithead leathan go dtí na cinn atá ar leithead caighdeánach an Aontais. Ní mór an trasloingsiú sin a dhéanamh ag láithreacha lóistíochta gar do na pointí trasnaithe teorann 4 ar dhá thaobh na teorann, trí bhógaithe na vaigíní a athrú nó trí earraí a luchtú ó vaigíní ar leithead leathan go vaigíní ar leithead caighdeánach Aontais.

    -Is beag acmhainn trasloingsithe atá ann faoi láthair agus níl sé curtha in oiriúint chun méid suntasach lasta a oibriú. Ina theannta sin, tá an trasloingsiú fadálach agus bíonn gá le hinnealra speisialta chun é a dhéanamh, rud nach mbíonn fáil air i gcónaí ag pointí trasloingsithe nó uaireanta níl acmhainneacht na meaisíní den sórt sin in ann ag an méadú tobann ar éileamh.

    -Cé go bhfuil calafoirt na hÚcráine faoi imshuí na Rúise, is féidir le soithí áirithe farraige dul i gcion ar chalafoirt uiscebhealaí intíre na hÚcráine ar an Danóib freisin. Faoi láthair, áfach, ní féidir leo ach sciar measartha beag de na riachtanais onnmhairiúcháin iomlána a chumhdach, agus tá a noibriú neamhchosanta ar rioscaí breise a bhaineann le bheith ag seoltóireacht i gceantair thuaidh na Mara Duibhe; tá rochtain iarnróid agus bóithre ó Odesa leochaileach freisin.

    -Is deacair nascacht le leoraithe mar gheall ar easpa feithiclí atá ar fáil, srianta áirithe sa chreat lena rialaítear cearta iompair, rialacha eile a chuireann bac ar ghluaiseacht trasteorann feithiclí, saincheisteanna riaracháin le haghaidh doiciméid a eisiúint agus a bheith bailí chomh maith le ganntanas tiománaithe leoraithe san Úcráin agus san Aontas araon. Is minic a théann tréimhsí feithimh do leoraithe ag teorainneacha thar 12 uair an chloig.

    -Tugann aiseolas ó pháirtithe leasmhara le fios go bhfuil moill gan ghá 5 agus costasach fós ar lastais i ngeall ar sheiceálacha teorann (rialuithe fíteasláintíochta agus tréidliachta agus imréiteach custaim).

    3.Plean gníomhaíochta le haghaidh Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin

    Cé nach féidir leis an gCoimisiún Eorpach na socruithe tráchtála idir oibreoirí an Aontais agus díoltóirí gráin na hÚcráine a ionadú, is féidir leis cuidiú le comhordú a éascú idir na páirtithe leasmhara agus na húdaráis ábhartha. Ní mór do bhearta gearrthéarmacha leas a bhaint as an acmhainneacht lóistíochta atá ann cheana, agus ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí breise meántéarmacha agus fadtéarmacha ina gcumasóirí don trádáil a dhéanfaidh an Úcráin tar éis an chogaidh agus d’atógáil na tíre.

    Mar gheall ar an imshuí cabhlaigh sealadach i dtuaisceart na Mara Duibhe chomh maith le heitlíocht shibhialta a choinneáil ar an talamh san Úcráin, ní mór bealaí soláthair nua d’onnmhairí agus d’allmhairí na hÚcráine a eagrú go príomha trí iompar ar tír agus trí oibríochtaí uiscebhealaí intíre. Tá acmhainní suntasacha á leithdháileadh ag na Ballstáit atá i ngaireacht don Úcráin agus tá iarrachtaí á ndéanamh acu chun go mbeifear in ann onnmhairiú rianúil a dhéanamh ón Úcráin chuig an Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin. Aithníonn an Coimisiún na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag na Ballstáit túslíne sin, agus tá sé beartaithe aige leanúint dá thacaíocht do na gníomhaíochtaí ábhartha a dhéanann siad.

    Is é an tosaíocht atá ann anois an bonneagar agus an trealamh atá ann cheana a úsáid agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint astu, acmhainneachtaí a uas‑scálú a mhéid is féidir agus an líon bealaí a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh leanúnachas trádála a mhéadú agus iad a éagsúlú. Tá gá le hinfheistíochtaí i mbonneagar agus i dtrealamh nua chomh maith le huasghrádú ar na cinn atá ann cheana, ach is minic, áfach, go mbíonn gá le tréimhsí ionchasacha meántéarmacha agus fadtéarmacha.

    Bearta gearrthéarmacha 

    3.1Rothstoc lasta breise, soithí agus leoraithe breise

    Tá gá le líon mór vaigíní ar leithead caighdeánach an Aontais chun freastal ar an éileamh leanúnach sa slabhra lóistíochta ar na margaí onnmhairíochta ábhartha. D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt air sin go páirteach tríd an úsáid is éifeachtaí den rothstoc a áirithiú (e.g. tríd an am taistil a íoslaghdú chomh maith leis an am luchtaithe/díluchtaithe ag ionaid trasloingsithe agus i gcalafoirt), ach is léir go bhfuil soláthar neamhleor vaigíní ar leithead caighdeánach an Aontais fós ina scrogall suntasach.

    Tá géarghá le crannóg gráin agus vaigíní idirmhódúla chomh maith le coimeádáin umair (i gcás leachtanna, e.g. ola lus na gréine). Maidir le hiompar ar an Danóib, tá níos mó báirsí agus cóstóirí de dhíth. Ós rud é go bhfuil vaigíní idirmhódúla níos mó ar fáil san Aontas, is féidir craenáil (soghluaiste) coimeádán ag trasnuithe teorann a uas‑scálú go measartha tapa. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh go práinneach ar an rogha maidir le húsáid mhéadaithe coimeádán chun gránaigh a iompar agus iad a bheith ar fáil san Úcráin agus san Aontas araon.

    D’fhonn éileamh agus soláthar rothstoic, báirsí/báirteoirí, agus feithiclí agus trealaimh ábhartha eile a mheaitseáil, cuirfidh an Coimisiún ardán meaitseála ar bun. Ar thaobh na hÚcráine, is iad na hAireachtaí, na húdaráis chustaim agus an Chomhairle nuabhunaithe um Chomhordú um Lóistíocht sa Talmhaíocht agus páirtithe leasmhara na hÚcráine is fearr atá in ann an t‑éileamh ar sheirbhísí iompair a thuar. San Aontas Eorpach, chomh maith le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara tionscail ábhartha (e.g. cuideachtaí iompair, oibreoirí trasloingsithe, na Conairí Lasta Iarnróid, calafoirt), iarrfar ar gach Ballstát pointe teagmhála tiomnaithe Lánaí Dlúthpháirtíochta (ionad ilfhreastail) a ainmniú a mbeidh sé de chúram air dul i dteagmháil lena ngníomhaithe slabhra lóistíochta baile agus réiteach tapa a áirithiú ar na fadhbanna lóistíochta uile a bhaineann le saincheisteanna atá faoi rialú a n‑údarás faoi seach. Beidh an Coimisiún i gceannas ar bhunú an ardáin agus beidh ról an éascaitheora aige idir na gníomhaithe éagsúla chun eagrú na n‑oibríochtaí iompair a fheabhsú go mór. Leanfaidh Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh san Úcráin (EUAM Úcráin) de chomhairle a thabhairt d’údaráis na hÚcráine.

    Gníomhaíochtaí:

    (1) Tá an Coimisiún ag iarraidh ar ghníomhaithe mhargadh an Aontais an trealamh riachtanach, an rothstoc, na feithiclí, na báirsí agus na soithí a chur ar fáil go práinneach. Ba cheart do chomhlachais thionsclaíocha ábhartha 6 a gcuid comhaltaí a shlógadh go práinneach i ndáil leis sin.

    (2) Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le húdaráis na hÚcráine agus le páirtithe leasmhara an tionscail chun ardán meaitseála a chur ar bun chun malartuithe idir gníomhaithe sa slabhra lóistíochta a éascú chun an sreabhadh lastais a bharrfheabhsú.

    (3) Tá an Coimisiún ag iarraidh ar gach Ballstát pointe teagmhála tiomnaithe do Lánaí Dlúthpháirtíochta a shainaithint a ligfeadh do pháirtithe leasmhara fógra a thabhairt faoi fhadhbanna feadh an tslabhra lóistíochta.

    3.2Acmhainn na ngréasán iompair agus na gcríochfort trasloingsithe

    Bíonn línte lasta plódaithe i roinnt mhaith Ballstát, dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach bonneagar iarnróid a phleanáil agus a úsáid go héifeachtach nuair is gá méideanna móra breise lasta a láimhseáil. Cé go ndíríonn trádálaithe na hÚcráine an chuid is mó dá niarrachtaí ar lastais tríd an Rómáin agus tríd an bPolainn, ba cheart féachaint go gníomhach ar úsáid a bhaint as línte malartacha lasta, as acmhainneachtaí trasloingsithe agus coimeádán chomh maith le hacmhainneachtaí calafoirt mhara i mBallstáit eile 7 ina bhféadfadh sé go mbeadh acmhainneacht bhreise ann, mar shampla, na Stáit Bhaltacha nó an Bhulgáir.

    I bhfianaise na práinne, tá údar maith ann freisin tosaíocht a thabhairt do thraenacha lasta na hÚcráine a bhaineann le honnmhairiú ar an ngréasán Eorpach iompair ar bhonn sealadach. Chun go dtarlóidh sé sin, is gá a áirithiú go mbeidh go leor sliotán iarnróid ar fáil ó lárionaid trasloingsithe go calafoirt an Aontais.

    Níl an acmhainneacht trasloingsithe atá ann faoi láthair (lena náirítear trí rotha nó bógaithe a athrú ar vaigíní iarnróid) leordhóthanach agus níl sé oiriúnaithe chun méid suntasach lasta a oibriú. Is gníomhaíocht fadálach é an trasloingsiú agus bíonn gá le hinnealra speisialta, nach bhfuil líon leordhóthanach díobh ar fáil ag pointí trasloingsithe. Is féidir le lódairí soghluaiste gráin 8 dlús nach beag a chur leis an trasloingsiú, ach tá táirgeadh trealaimh den sórt sin gann san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart féachaint an bhféadfaí an trealamh atá ar fáil cheana a aistriú chuig críochfoirt teorann idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin – e.g. trí chonarthaí sealadacha cíosa.

    Is féidir vaigíní ar leithead caighdeánach an Aontais a lódáil ag an dá thaobh den teorainn de réir mar a théann na leithid éagsúla isteach i gcríoch na hÚcráine i bpointí áirithe (suas le 60 km) agus vice versa. Bhí drogall ar úinéirí vaigín an Aontais go dtí seo, áfach, cead a thabhairt a rothstoc agus a bhfeithiclí dul isteach san Úcráin. Ghlac an Úcráin foraithne rialtais 9 chun costas an damáiste i gcás vaigíní/báirsí caillte a chumhdach ó thaobh airgeadais de. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le ráthaíochtaí breise chun a áirithiú go spreagfaí oibreoirí an Aontais leanúint dá noibríochtaí. Beidh gá le himscrúdú a dhéanamh ar an mbeadh gá le hionstraim bhreise – a bhunóidh an tAontas, i gcomhar le Ballstáit an Aontais (e.g. gníomhaireachtaí náisiúnta creidmheasa onnmhairiúcháin), nó institiúidí idirnáisiúnta airgeadais 10 – chun ráthaíochtaí breise a thabhairt maidir le hacmhainní trasloingsithe a úsáid ar an dá thaobh den teorainn.

    Ba cheart roghanna eile – amhail iompar de bhóthar – a chur san áireamh freisin. Chuige sin, caithfear cuid de na srianta atá ann faoi láthair a bhaineann le ceadanna idirthurais, le cártaí tacagraif tiománaí, le ceadúnais tiomána, le deimhnithe inniúlachta gairmiúla, nó le rialacha eile a chuireann bac ar oibriú leoraithe agus tiománaithe san Aontas Eorpach a shárú. Ba cheart simplithe iomchuí, lena náirítear ráthaíochtaí, a mheas freisin chun oibriú leoraithe Aontais san Úcráin a éascú. An 6 Aibreán 2022, ghlac an Coimisiún moladh 11 don Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú iompair de bhóthar leis an Úcráin, ar comhaontú é a d’fhéadfadh feidhm a bheith aige tar éis a ré thosaigh fad is a bheadh tionchar dian ag ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar bhonneagair agus ar oibríochtaí iompair. Dírítear leis an moladh 12 ar chearta rochtana áirithe a dheonú do tharlóirí na hÚcráine agus Aontais maidir le hoibríochtaí idirthurais agus déthaobhacha idir na críocha faoi seach.

    Gníomhaíochtaí:

    (4) Tá an Coimisiún ag iarraidh go dtabharfaí tús áite do lastais onnmhairiúcháin talmhaíochta ón Úcráin chuig conairí lasta is fearr acmhainneachta. Ba cheart don ardán meaitseála faoi Ghníomh (2) cabhrú ar bhonn leanúnach chun an áit ina bhfuil an acmhainneacht sin a shainaithint.

    (5) Tá an Coimisiún ag iarraidh ar bhainisteoirí bonneagair na sliotáin iarnróid is gá idir lárionaid trasloingsithe agus calafoirt an Aontais a chur ar fáil.

    (6) Tríd an ardán meaitseála, oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus leis an tionscal chun na príomhionaid athlastála/athraithe leithid atá ag na teorainneacha idir an tAontas agus an Úcráin agus lasmuigh díobh a shainaithint d‘fhonn an bealach a chinneadh chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na méideanna a d’fhéadfaí a thrasloingsiú ar bhonn laethúil, le haghaidh bulciompar agus trí iompar coimeádán.

    (7) Tá an Coimisiún ag iarraidh ar ghníomhaithe margaidh lódairí soghluaiste gráin a tháirgeadh go práinneach agus/nó trealamh den sórt sin a thabhairt ar iasacht/a dhíol leis na suíomhanna ábhartha trasloingsithe. Tacóidh an Coimisiún leis na deiseanna atá ann cheana a shainaithint agus údaráis agus cuideachtaí leasmhara a nascadh le táirgeoirí innealra den sórt sin tríd an ardán meaitseála.

    (8) Le cabhair ón ardán meaitseála, seolfaidh an Coimisiún glao ar spéis chuig calafoirt an Aontais chun na cinn a bhféadfaí seirbhísí iarnróid agus bóithre a sheoladh chucu a shainaithint, agus chun measúnú a dhéanamh ar conas tosaíocht a thabhairt do na lastais sin i gcalafoirt.

    (9) Imscrúdóidh an Coimisiún a thuilleadh an mbeadh gá le ráthaíochtaí breise agus déanfaidh sé machnamh ar chomhoibriú le gníomhaireachtaí creidmheasa náisiúnta onnmhairiúcháin na mBallstát, le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta (e.g. an Banc Domhanda/BEI/BERD) agus le soláthraithe airgeadais eile chun ráthaíochtaí breise a bhunú chun tacú le gnóthais lastais agus uiscebhealaí intíre agus vaigín iarnróid chomh maith le húinéirí leoraithe.

    (10) Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún comhaontú maidir le hiompar de bhóthar a thabhairt i gcrích go pras leis an Úcráin ach a mbeidh an sainordú tugtha ag an gComhairle.

    (11) Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na forbairtí ar eisiúint cártaí tacagraif tiománaí, agus féadfaidh sé treoir bhreise a chur ar fáil a chuirfear ar fáil ar líne 13 . Beidh ról tábhachtach ag Líonra na bPointí Teagmhála Náisiúnta 14 don Iompar sa chleachtadh seo. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin togra reachtach a ghlacadh le haghaidh Rialachán lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin maidir le doiciméid tiománaí.

    3.3Oibríochtaí custaim agus cigireachtaí eile

    Cé go bhfuil sé mar aidhm againn lóistíocht a éascú, tá nósanna imeachta custaim fós riachtanach le haghaidh na gcoinsíneachtaí uile agus d’fhéadfadh sé roinnt laethanta a thógáil chun imréiteach custaim a fháil de bharr nósanna imeachta fada 15 . Dá bhrí sin, dealraíonn sé go bhfuil sé práinneach na nósanna imeachta custaim nach bhfuil riachtanach agus a d’fhéadfaí a shimpliú a chinneadh, agus a fhiosrú cén áit a mbeadh gá le hacmhainneacht bhreise.

    Ní cheanglaítear le reachtaíocht an Aontais aon deimhniú tréidliachta nó fíteasláintíochta d’allmhairí gráin nó d’idirthuras tríd an Aontas. Mar chuid de chlár náisiúnta rialaithe, féadfaidh na Ballstáit samplaí a thógáil chun comhlíonadh cheanglais an Aontais maidir le hallmhairí agus ar an margadh náisiúnta araon a fhíorú. Ní mór na rialuithe sin, áfach, a bheith bunaithe ar riosca, comhréireach agus neamh‑idirdhealaitheach. Ar an drochuair faoi láthair, d‘fhéadfadh roinnt laethanta a bheith i gceist leis na seiceálacha sin agus d’fhéadfadh sé nach ionann iad agus pointe trasnaithe teorann amháin agus an pointe trasnaithe teorann eile agus idir na Ballstáit. Ní hamháin go gcuireann moilleanna bac ar iompar lasta a chur ar aghaidh go tapa ach ciallaíonn siad costais bhreise do thrádálaithe agus d’oibreoirí iompair freisin.

    Ina theannta sin, níl gach pointe trasnaithe teorann feistithe leis an líon pearsanra is gá chun vaigíní atá ag teacht isteach a láimhseáil 24/7. Dá bhfeabhsófaí acmhainneacht na nósanna imeachta rialaithe agus cigireachta, dá gcuirfí i bhfeidhm ar bhealach níos comhréirí iad nó dá ndíolmhófaí iad trí thuiscint fheabhsaithe ar na rialacha is infheidhme, chuirfí dlús suntasach leis na nósanna imeachta. Dá bhrí sin, is gá freisin do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh foireann leordhóthanach ag oifigigh ar na poist teorann chun dlús a chur leis na seiceálacha go léir atá ann cheana, agus chun seirbhísí a sholáthar de lá agus d’oíche ag gach pointe trasnaithe teorann ábhartha. Ina theannta sin, ba cheart seiceálacha agus cigireachtaí a dhéanamh in áiteanna seachas an teorainn (mar shampla i gcalafoirt nó ag an gceann scríbe).

    Tá an cur chuige céanna le cur chun cinn i gcalafoirt inar cheart rialuithe riaracháin, teorann agus custaim nó imréiteach custaim a chur i gcrích go pras chun am athluchtaithe an rothstoic i limistéar an chalafoirt a íoslaghdú.

    Molann an Coimisiún go ndéanfaí tuilleadh simplithe ar na nósanna imeachta maidir le deimhnithe onnmhairiúcháin is gá a eisiúint san Úcráin. Dá ndéanfaí na nósanna imeachta sin a chuíchóiriú, d’fhéadfaí moill ar iompar grán lasmuigh den Úcráin a sheachaint.

    Féadfaidh Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh san Úcráin (EUAM Ukraine) agus Misean Cúnaimh Teorann an Aontais chuig an Moldóiv agus chuig an Úcráin (EUBAM), i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach, tacaíocht a thabhairt d’údaráis teorann agus chustaim na hÚcráine chun teacht isteach earraí san Aontas a éascú.

    Ina threoirlínte 16 maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha chun trasnuithe teorann ag teorainneacha an Aontais Eorpaigh agus na hÚcráine a éascú, mhol an Coimisiún freisin, i gcás inar féidir leis na Ballstáit ‘lánaí tacaíochta éigeandála’ do leoraithe a chruthú agus líon leordhóthanach oifigeach teorann agus oifigeach custaim a chumrú, go spreagfaí an tainmniú ‘lánaí tacaíochta éigeandála’ do leoraithe, chun a áirithiú go leanfar de sholáthar earraí agus seirbhísí.

    Gníomhaíochtaí:

    (12) Le rannpháirtíocht na n‑údarás náisiúnta agus an ardáin meaitseála, sainaithneoidh an Coimisiún na baic a eascraíonn as deimhniú AE nó náisiúnta nó as nósanna imeachta eile agus spreagfaidh sé údaráis chustaim na mBallstát bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt orthu, amhail rialuithe a bhogadh amach ón teorainn, mar shampla.

    (13) Molann an Coimisiún do na Ballstáit rialuithe agus sampláil rioscabhunaithe chomhréireacha a chur i bhfeidhm. Iarrann sé ar na Ballstáit an tsolúbthacht is mó is féidir a chur i bhfeidhm nó fiú tarscaoileadh a dhéanamh ar cheanglais neamhriachtanacha a eascraíonn ó reachtaíocht náisiúnta ar bhonn sealadach, agus nósanna imeachta riaracháin a éascú chun an t‑ualach riaracháin a íoslaghdú.

    (14) Ba cheart do na Ballstáit acmhainneacht agus láithreacht leordhóthanach rialaithe teorann, oifigeach custaim, cigirí fíteasláintíochta agus tréidliachta a áirithiú ar na teorainneacha chun dlús a chur leis na nósanna imeachta rialaithe.

    (15) Tionólfaidh an Coimisiún cruinnithe rialta chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ar bith atá ag teacht chun cinn agus cuirfidh sé cur chuige comhordaithe i bhfeidhm idir na Ballstáit. Ba cheart cruinnithe rialta a bheith ann freisin le húdaráis na hÚcráine chun obair leantach a dhéanamh maidir leis an gcás agus chun aghaidh a thabhairt ar aon scrogaill. Tionólfaidh an Coimisiún cruinnithe le lucht tionscail freisin chun a áirithiú nach ndéanfar aon iarraidh ar dheimhnithe oifigiúla mura n‑éilíonn údaráis inniúla an chinn scríbe iad.

    3.4Earraí a stóráil ar chríoch an Aontais

    Cé gurb é an tosaíocht is tábhachtaí táirgí talmhaíochta a aistriú chuig calafoirt, níor cheart dó gan úsáid na hacmhainneachta stórála atá ar fáil san Aontas Eorpach a chur san áireamh chun é a shaoradh ó thaobh na hÚcráine de. D’fhéadfaí a áirithiú leis sin go gcruthófar maolán – i gcóngar na bpointí trasnaithe teorann más féidir, ar feadh na línte leitheadacha leathana atá ar fáil san Aontas agus i gcalafoirt mhara an Aontais – agus go bhfuil úsáid rothstoic níos éifeachtaí. Sa mhéid sin, is gá an acmhainneacht stórála a mhapáil. Bheadh an measúnú sin ar an acmhainneacht stórála i gcalafoirt an Aontais tairbheach ní hamháin sa ghearrthéarma ach freisin sa mheántéarma (fómhar an tsamhraidh 2022) toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh rochtain ar líon áirithe saoráidí chun grán a stóráil san Úcráin ná go scriosfaí iad fiú.

    Gníomhaíocht:

    (16) Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an acmhainneacht stórála atá ar fáil san Aontas agus comhordóidh sé leis na Ballstáit chun níos mó acmhainneachta stórála sealadaí a dhaingniú.

    Bearta meántéarmacha agus fadtéarmacha 

    3.5Acmhainneacht bonneagair na gconairí nua onnmhairiúcháin a mhéadú

    Chomh maith leis an bpráinn atá ann bealaí malartacha a aimsiú chun déileáil le saincheist chriticiúil na n‑onnmhairí ar ghráin, ba cheart bearta meántéarmacha a chur chun feidhme chomh luath agus is féidir chun feabhas a chur ar an mbonneagar (lena n‑áirítear trasloingsiú agus críochfoirt ilmhódacha, agus ar na naisc iarnróid is gá sna calafoirt ábhartha) san Aontas agus ar chríoch na hÚcráine agus na Moldóive agus chun nascacht leis an Aontas a mhéadú.

    Leanfaidh an Coimisiún de mheasúnú a dhéanamh ar na bearnaí atá ann faoi láthair agus de scrogaill bhreise a shainaithint. Mar shampla, níl cuid de na pointí trasnaithe teorann a raibh leithead dúbailte acu in úsáid le fada nó tá an acmhainneacht íseal le blianta beaga anuas. D’éileodh oibríocht mhéadaithe, áfach, go nathchóireofaí na línte sin ar chríoch an Aontais go práinneach. Leis na cláir 2021-2027 arna maoiniú ag an gCiste Comhtháthaithe agus ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (faoi na cláir Interreg) 17 , mar aon le hionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, d’fhéadfaí rannchuidiú leis na hoibreacha gaolmhara trí na nósanna imeachta soláthair iomchuí a úsáid. Tosaíocht eile is ea acmhainn na nathruithe leithid atá ann cheana i gcás vaigíní agus acmhainn an bhonneagair iompair ag pointí teorann a leathnú, agus is féidir tacú leis sin freisin trí na hionstraimí thuasluaite.

    Gníomhaíocht:

    (17) Cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil maidir leis an maoiniú atá ar fáil agus maidir leis na nósanna imeachta soláthair is oiriúnaí a bheidh le húsáid chun tacú le bonneagar a fhorbairt nó a neartú nó chun bonneagar a neartú, áit ar féidir le hidirghabhálacha tapa torthaí tapa a bhaint amach.

    3.6Naisc nua bonneagair

    Ní mór naisc nua bonneagair a bhunú faoi chuimsiú atógáil na hÚcráine, rud a rachaidh i bhfad níos faide ná mar a beartaíodh go dtí seo faoi chuimsiú an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta don Úcráin. Sa mheasúnú ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo, ba cheart díriú ar an méid seo a leanas:

    ·uasghrádú ar na naisc thrasteorann (de bhóthar, d’iarnród agus de bhóthar, agus d’iarnród) idir an tAontas agus an Úcráin agus sreabha iompair a bharrfheabhsú agus a nuachóiriú ó thaobh acmhainneacht bonneagair, idir-inoibritheacht agus éifeachtúlacht na seirbhísí trasnaithe teorann, lena náirítear pointí trasnaithe teorann a athoscailt. Is féidir tacú leis na hinfheistíochtaí is gá trí chlár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE);

    ·conairí croíghréasáin nua TrasEorpacha Iompair (TEN-T) a fhorbairt lena nasctar an tAontas leis an Úcráin agus leis an Moldóiv;

    ·nascacht agus inseoltacht chonair na Réine – na Danóibe a fheabhsú chun trácht níos éifeachtúla a áirithiú trí chomhordú neartaithe idir calafoirt agus údaráis aibhneacha san Aontas, san Úcráin agus sa Mholdóiv.

    Le glaonna ar thograí ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, beifear in ann tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail lena bhfeabhsaítear na naisc iompair idir an tAontas agus an Úcráin. Go háirithe, tá deiseanna ann naisc iarnróid, críochfoirt d’iarnród agus de bhóthar agus críochfoirt d’iarnród a mhaoiniú (lena n‑áirítear cinn chun aghaidh a thabhairt ar an athrú leithid), agus tionscadail lena ndírítear ar shreabha tráchta a éascú ag limistéir rialuithe teorann ag teorainn sheachtrach an Aontais. Is féidir le tionscadail atá dírithe ar inseoltacht a mhéadú ar an Danóib tacaíocht a fháil freisin tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Tá tionscadail dé-úsáide bóithre agus aerfort incháilithe freisin faoi na glaonna tiomnaithe ón tSaoráid um Shoghluaisteacht Mhíleata. Chomh maith leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, tá measúnú á dhéanamh ar na saoráidí maoiniúcháin eile de chuid an Aontais a d’fhéadfaí a úsáid chun riachtanais a chumhdach. Sa chomhthéacs sin, tá measúnú á dhéanamh faoi láthair ar a indéanta atá sé athchóiriú agus uasghrádú a dhéanamh le cistiú an Aontais ar phointí áirithe trasnaithe teorann ar chríoch na hÚcráine ag teorainn an Aontais (e.g. dhá cheann leis an Rómáin agus ceann amháin leis an tSlóvaic) d’fhonn cur lena n‑acmhainneacht agus lastas a phróiseáil. D’fhéadfaí pointí trasnaithe teorann breise a bheartú amach anseo.

    Gníomhaíochtaí

    (18) Mar chuid den athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ar TEN-T 18 , déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na conairí TEN-T a shíneadh san Úcráin chun nascacht mhéadaithe a thairiscint leis an Aontas trí línte iarnróid caighdeánacha an Aontais a fhorbairt isteach san Úcráin agus sa Mholdóiv araon.

    (19) Chun an foras a ullmhú, glacfaidh an Coimisiún cinneadh go práinneach, tar éis don Chomhairle cumhacht a thabhairt dó, comhaontú ardleibhéil a thabhairt i gcrích leis an Úcráin maidir leis an athbhreithniú ar Léarscáileanna TEN-T.

    (20) Leis an nglao ar thograí ón SCE beifear in ann tacaíocht a dhíriú go háirithe ar thionscadail lena bhféachtar le feabhas a chur ar idir-inoibritheacht agus nascacht líonra iompair an Aontais leis an Úcráin.

    4.Conclúidí

    Ós rud é go mbeidh an t‑ardleibhéal éiginnteachta agus éagobhsaíochta ann fad a leanfaidh cogadh ionsaithe na Rúise ar an Úcráin, beidh solúbthacht, lúfaireacht, agus athléimneacht fíor-riachtanach chun bealaí iompair agus slabhraí soláthair a choinneáil i mbun oibríochta idir an tAontas agus an Úcráin.

    Sa ghearrthéarma, tá sé ríthábhachtach go leanfaidh an Úcráin de bheith comhtháite go hiomlán sna slabhraí soláthair domhanda agus sna margaí talmhaíochta.

    Tá sé ríthábhachtach níos mó táirgí talmhaíochta a thabhairt ar na margaí domhanda chun aghaidh a thabhairt ar an méadú atá ag teacht ar neamhdheimhneacht an tsoláthair bia ar fud an domhain mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ar na hiarmhairtí tubaisteacha a bhaineann léi. D’fhonn an méid a chuaigh roimhe sin trí chalafoirt na hÚcráine a ionsú a mhéid is féidir, ní mór gach modh iompair a úsáid chun an acmhainneacht is mó is féidir a úsáid.

    Is é is aidhm do bhunú na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin agus na gníomhaíochtaí eile a leagtar amach thuas an tréimhse éigeandála seo a chumhdach d’onnmhairí na hÚcráine ach beidh ról tábhachtach acu freisin chun riachtanais na hÚcráine maidir le hallmhairiú earraí bunriachtanacha a chumhdach. Chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit, le húdaráis na hÚcráine, le hoibreoirí iompair an Aontais agus na hÚcráine, le bainisteoirí bonneagair, le húinéirí rothstoic, soithí agus feithiclí, le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile ar fud an réigiúin.

    (1)

         Is í an Úcráin an tonnmhaireoir ola lus na gréine is mó ar domhan (50 % d’onnmhairí an domhain), an tríú ceann is mó de shíol ráibe (20 %) agus eorna (18 %), an ceathrú ceann is mó d’arbhar Indiach (16 %) agus an cúigiú ceann is mó de chruithneacht (12 %).

    (2)

         COM(2022) 195 final

    (3)

         Úsáidtear an leithead leathan céanna sna Stáit Bhaltacha agus sa Mholdóiv agus tá leithead 1524 mm in úsáid san Fhionlainn.

    (4)

         Cé is moite den líne LHS a nascann pointe trasnaithe teorann Hrubieszów le Sławków (gar do Katowice) sa Pholainn.

    (5)

         Ní cheanglaítear le reachtaíocht an Aontais aon deimhniú tréidliachta nó fíteasláintíochta d’allmhairí gráin nó d’idirthuras tríd an Aontas.

    (6)

         Amhail UIP, ERFA, CER, UIRR, FEPORT, EFIP, ESPO, ESO/EBU, CEMA, ECSA, WSC

    (7)

         E.g. Tá acmhainneacht trasloingsithe laethúil ag an tSlóvaic arb ionann é agus 30-40 traein ar leithead Eorpach (50-60 traein a d’fhéadfadh a bheith i gceist) nach bhfuil in úsáid go fóill, tá líne leithid chaighdeánaigh ón bPolainn go Kaunas na Liotuáine, áit a bhfuil acmhainn trasloingsithe ann). Tá acmhainneacht chalafoirt saor ó oighear ag calafort Klaipeda ó cheann ceann na bliana.

    (8)

         Is féidir le meaisíní den sórt sin dhá vaigín a luchtú (130 t) in aghaidh na huaire (90,000 tonna in aghaidh na míosa) agus is féidir roinnt meaisíní a bheith ag obair comhthreomhar feadh traenach. Agus leibhéal íseal infheistíochta i gcoibhneas leis, is féidir an trasloingsiú a mhéadú.

    (9)

         Cabinet Airí na hÚcráine Ordú dar dáta 30 Márta 2022 № 255-r ( https://zakon.rada.gov.ua/laws/show/255-2022-%D1%80#Text )

    (10)

         Amhail an Banc Domhanda a bhfuil saineolas aige san earnáil seo.

    (11)

         COM(2022) 167 final

    (12)

         Moltar an rud céanna don Mholdóiv (COM(2022) 168 final).

    (13)

          https://transport.ec.europa.eu/ukraine/keeping-transport‑running-smoothly/road‑transport_en  

    (14)

         Bunaíodh an líonra neamhfhoirmiúil seo d’Aireachtaí Iompair leis an Teachtaireacht Green Lanes (2020/C 96 I/01, IO C 96I, 24.3.2020, lch. 1-7) i mí an Mhárta 2020 agus rinneadh é a athghníomhachtú nuair a thosaigh an Rúis a ionsaí. Is bealach éifeachtach é an líonra, a bhfuil an Coimisiún ina chathaoirleach air, chun faisnéis a roinnt idir na Ballstáit.

    (15)

         Sa mheántéarma, spreagfar an Úcráin chun dlús a chur le cur chun feidhme an chláir maidir le hOibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe, chun páirt a ghlacadh i gcoinbhinsiúin chustaim idirnáisiúnta, chomh maith le hacmhainní daonna a fhorbairt agus trealamh custaim a fheabhsú ar an dá thaobh den teorainn idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach.

    (16)

         Teachtaireacht ón gCoimisiún, Lena gcuirtear treoirlínte oibríochtúla ar fáil maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha chun trasnuithe teorann ag na teorainneacha idir an tAontas agus an Úcráin a éascú, C(2022)1404, 02.03.2022

    (17)

    Beidh na Ballstáit in ann iarrataí ar chistiú den sórt sin a thabhairt isteach ina bpleananna infheistíochta atá mar bhonn leis na comhaontuithe oibríochtúla, rud a éascóidh cistiú do thionscadail a tosaíodh tar éis Eanáir 2022.

    (18)

          https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_21_6776  

    Top