Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0890

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn

    COM/2021/890 final

    Strasbourg, 14.12.2021

    COM(2021) 890 final

    2021/0427(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Freagairt ar ionstraimiú imirceach ag teorainneacha seachtracha an Aontais

    Is cúis mhór imní é feiniméan a tugadh faoi deara ina nglacann gníomhaithe Stáit ról níos mó maidir leis an imirce neamhrialta a chruthú agus a éascú go saorga, agus sreabha imirce á n‑úsáid mar uirlis chun críocha polaitiúla, chun an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit a dhíchobhsú.

    Mar fhreagairt ar ionstraimiú daoine ag réimeas na Bealarúise, cuireadh i bhfios go láidir sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 21 agus an 22 Deireadh Fómhair 2021 nach nglacfadh an tAontas le haon iarracht a dhéanfadh tríú tíortha imircigh a ionstraimiú chun críocha polaitiúla. Gheall na ceannairí go leanfaidís ar aghaidh leis an ionsaí hibrideach atá á sheoladh ag réimeas na Bealarúise ar theorainn an Aontais a chomhrac. Mheabhraigh siad freisin gur gá filleadh éifeachtach agus cur chun feidhme iomlán na gcomhaontuithe agus na socruithe maidir le hathligean isteach a áirithiú, agus leas á bhaint as an ngiaráil is gá. Dúirt siad go raibh rún daingean i gcónaí ag an Aontas Eorpach rialú éifeachtach a áirithiú ar a theorainneacha seachtracha. Iarradh ar an gCoimisiún aon athruithe is gá ar chreat dlíthiúil an Aontais a mholadh chomh maith le bearta nithiúla a mbeidh tacaíocht leordhóthanach airgeadais mar bhonn dóibh chun freagairt láithreach iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta a áirithiú, lena n‑áirítear urraim do chearta bunúsacha.

    An 23 Samhain 2021, ghlac an Coimisiún, i gcomhpháirt le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Teachtaireacht 1 ina bhfuil achoimre ar na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar an staid láithreach chomh maith le Teachtaireacht eile atá ar bun chun bosca uirlisí níos buaine a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar iarrachtaí a dhéanfar amach anseo chun an tAontas Eorpach a dhíchobhsú trí imircigh a ionstraimiú. Bhí an feiniméan ardaithe aige cheana féin i bplean gníomhaíochta athnuaite an Aontais i gcoinne smuigléireacht imirceach (20212025) 2 .

    An 1 Nollaig 2021, mar chuid de na bearta sin, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle bunaithe ar Airteagal 78(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a raibh sé mar aidhm leis tacú leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn trí fhoráil a dhéanamh do na bearta agus don tacaíocht oibríochtúil is gá chun bainistiú a dhéanamh ar bhealach ordúil agus díniteach ar theacht na ndaoine atá á n‑úsáid ag an mBealarúis, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha. Comhlánaíonn an togra na hiarrachtaí airgeadais, oibríochtúla agus taidhleoireachta a ghlac an tAontas agus a Bhallstáit chun freagairt don ionsaí hibrideach sin, lena n‑áirítear bearta sriantacha i gcoinne réimeas na Bealarúise, tacaíocht ábhartha a sholáthar trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta do na Ballstáit lena mbaineann, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a imscaradh nó leas a bhaint as cistí breise chun tacú leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn.

    Ag féachaint chun cinn, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh dreamanna eile iarracht a dhéanamh ionsaithe hibrideacha a dhéanamh ar an Aontas, ionsaithe lena n‑áirítear ionstraimiú imirceach. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh an tAontas agus na Ballstáit go hiomlán in ann aghaidh a thabhairt ar aon ionstraimiú a dhéanfar ar imircigh amach anseo agus freagairt thapa a thabhairt orthu. Tá na heilimintí a thugtar ar aghaidh sa togra seo, mar aon leis na bearta a áirítear sa leasú ar Chód Teorainneacha Schengen, ag leanúint as an iarraidh ón gComhairle Eorpach ar an gCoimisiún agus féachaint le creat a chur ar fáil le haghaidh freagra den sórt sin.

    Agus aghaidh á tabhairt acu ar staid ionstraimithe imirceach, ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag na Ballstáit gníomhú laistigh de chreat dlíthiúil atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar an gcás áirithe sin agus a áirithiú go n‑urramaítear cearta na ndaoine sin atá thíos le hionstraimiú. Dá bhrí sin, tá ionstraim nua á moladh ag an gCoimisiún in éineacht leo siúd atá sa Chomhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar chúinsí eisceachtúla ionstraimithe imirceach. Tarraingítear sa togra seo ar na réitigh a cuireadh i bhfeidhm i gcomhthéacs na mbeart tacaíochta don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn, d’fhonn na huirlisí dlíthiúla is gá a sholáthar do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ionstraimithe amach anseo dá dtiocfadh siad chun cinn. Leis sin, dhéanfaí foráil do chreat cobhsaí agus réidh chun déileáil le haon chás den sórt sin amach anseo agus, dá bhrí sin, ní gá dul i muinín bearta ad hoc faoi Airteagal 78(3) CFAE chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ionstraimithe a thagann faoin togra seo.

    Sa togra le haghaidh Chód Teorainneacha Schengen 3 arna leasú, sainítear ionstraimiú imirceach mar chás ina nspreagann tríú tír sreabha imirce neamhrialta isteach san Aontas trí ghluaiseacht náisiúnach tríú tír chuig na teorainneacha seachtracha a spreagadh nó a éascú go gníomhach, isteach ina chríoch agus amach aisti agus ansin ar aghaidh go dtí na teorainneacha seachtracha sin, i gcás ina léiríonn gníomhaíochtaí den sórt sin go bhfuil rún ag tríú tír an tAontas nó Ballstát a dhíchobhsú, i gcás ina bhféadfadh cineál na ngníomhaíochtaí sin feidhmeanna bunriachtanacha Stáit a chur i mbaol, lena náirítear a iomláine chríochach, riail agus reacht a choimeád nó a shlándáil náisiúnta a chosaint.

    Leis an togra le haghaidh leasú ar Chód Teorainneacha Schengen, tugtar aghaidh sa togra seo ar staid ionstraimithe ó thaobh na himirce, an tearmainn agus an fhillte de 4 . Is é cuspóir an togra seo tacú leis an mBallstát a bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar staid ionstraimithe imirceach trí nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmann a bhunú, agus, i gcás inar gá, foráil a dhéanamh maidir le bearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta chun bainistiú a dhéanamh ar bhealach ordúil, daonnúil agus díniteach maidir le teacht na ndaoine a bhfuil ionstraim glactha acu ó thríú tír, agus cearta bunúsacha á nurramú go hiomlán. Atáirgtear ann, den chuid is mó, an raon féidearthachtaí a cuireadh ar fáil don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn faoin togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le bearta sealadacha éigeandála ar mhaithe leis na Ballstáit sin 5 . D’fhéadfaí a bheith ag súil leis, nuair a bheidh údar leis na bearta a leagtar amach, go mbeidh an tAontas agus na Ballstáit eile ag tacú leis na Ballstáit a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar na hiarmhairtí a bhaineann le himircigh a ionstraimiú trí ionstraimí amhail tacaíocht ó Ghníomhaireachtaí an Aontais, deiseanna maoinithe ón Aontas agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

    Comhlánaíonn na roghanna atá beartaithe na tograí faoin gComhshocrú nua um Imirce agus Tearmann agus treisíonn siad iad. Dá bhrí sin, na rialacha sonracha a thugtar isteach sa togra seo le haghaidh creata bhuain, tá siad bunaithe ar na tograí ón gCoimisiún atá mar bhonn do bheartas imirce agus tearmainn an Aontais amach anseo agus ba cheart iad a bheith comhsheasmhach leo. Ar an gcéad dul síos, togra 2016 le haghaidh Rialacháin maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn 6 , lena gcomhchuibhítear agus lena leagtar síos go hiomlán na rialacha agus na ráthaíochtaí nós imeachta foriomlána i réimse an tearmainn agus an togra leasaithe 7 a glacadh in 2020, lena mbunaítear an nós imeachta nua maidir le teorainneacha tearmainn. Ar an dara dul síos, togra 2016 le haghaidh Treoir athmhúnlaithe maidir le Coinníollacha Glactha 8 , ina leagtar síos an bonn le haghaidh coinníollacha glactha ábhar atá níos aonfhoirmí agus lena gcruthaítear oibleagáidí breise d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta chun gluaiseachtaí neamhúdaraithe ar aghaidh a chosc. Ar an tríú dul síos, togra 2018 le haghaidh Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh 9 , rud a chuirfidh feabhas ar éifeachtacht bheartas aisdúichithe an Aontais. Ar deireadh, an togra le haghaidh Rialachán maidir le géarchéim agus force majeure  10 (dá ngairfear togra géarchéime 2020 anseo feasta), lena gcuirtear na rialacha maidir le tearmann agus filleadh in oiriúint chomh maith leis an sásra dlúthpháirtíochta chun cabhrú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna agus force majeure.

    Níor ceapadh na bearta a áirítear sa togra le haghaidh géarchéimeanna 2020 chun déileáil le cásanna ina bhfuil sláine agus slándáil an Aontais faoi ionsaí de dheasca ionstraimiú imirceach. Ceapadh na rialacha sonracha le haghaidh tearmainn a beartaíodh faoin togra géarchéime 2020 go sonrach do chásanna ‘mórphlódaithe’, nuair nach féidir le Ballstát an líon ard daoine a tháinig isteach agus force majeure a bhainistiú.

    Cé go bhfuil sé d’aidhm ag an togra seo aghaidh a thabhairt ar staid shonrach ionstraimithe imirceach, is inspioráid é ó na rialacha atá beartaithe i dtogra géarchéime 2020 chun bearta sonracha a cheapadh atá saincheaptha chun freagairt go héifeachtach do ghníomhaíochtaí naimhdeacha an tríú tír i gcomhréir le bunluachanna an Aontais. Is é is aidhm do na rialacha sin freastal ar chás sonrach den sórt sin gan an bonn a bhaint den cheart chun tearmainn ná de phrionsabal an non‑refoulement agus áirithítear leo go hiomlán go gcosnófar cearta bunúsacha daoine atá ionstraimithe. Déanfaidh na bearta a áirítear sa togra bearta rialaithe teorann arna nglacadh faoi Chód Teorainneacha Schengen a chomhlánú le rialacha sonracha maidir leis na nósanna imeachta tearmainn agus fillte sa bhreis ar bhearta oibríochtúla agus dlúthpháirtíochta chun tacú leis an mBallstát lena mbaineann.

    I gcás ina bhfuil an tAontas faoi ionsaí, tá sé tábhachtach go naithníonn an tAontas Eorpach, ar leibhéal na Comhairle Eorpaí, gur féidir a mheas gur ionstraimiú imirceach iad gníomhaíochtaí tríú tír. Ní gá go ndíreodh na gníomhaíochtaí sin ar Bhallstát amháin nó níos mó ach ar an AE ina iomláine agus, dá bhrí sin, teastaíonn tacaíocht chomhchoiteann ón Aontas ina leith. I gcás den sórt sin, tugann an togra seo an deis don Bhallstát lena mbaineann nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmann a chur i bhfeidhm ina mbeidh forálacha nós imeachta sonracha le haghaidh spriocdhátaí clárúcháin níos faide agus an deis cinneadh a dhéanamh ag an teorainn maidir le hinghlacthacht nó substaint gach iarratais, ach amháin i gcás nach féidir déileáil le leochaileachtaí sonracha. Foráiltear ann freisin d’fhorálacha sonracha maidir le filleadh. D’fhéadfadh an Ballstát a bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar ionstraimiú imirceach na rialacha sonracha sin a chur i bhfeidhm ina naonar nó go carnach, chun cuidiú leis na cúinsí urghnácha a bhainistiú. Ní mór, áfach, na coinníollacha a shonraítear chun gach foráil a chur i bhfeidhm a chomhlíonadh ar bhonn aonair. Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag an scagadh a dhéantar ar náisiúnaigh tríú tír nó ar dhaoine gan stát i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa togra le haghaidh Rialacháin maidir le Scagadh agus go bhféadfaí síneadh cúig lá eile a chur leis an spriocdháta cúig lá mar a shonraítear sa togra sin 11 .

    Caomhnaítear leis an togra an ceart chun rochtain a fháil ar chríoch an Aontais chun críche tearmann agus rochtain ar an nós imeachta cosanta idirnáisiúnta féin a lorg. Ina theannta sin, leanfaidh na coimircí is infheidhme faoi dhlí an Aontais d’fheidhm a bheith acu chun cosaint daoine leochaileacha a áirithiú, lena n‑áirítear leanaí. Tá sraith coimircí breise ag gabháil leis na bearta sin. Foráiltear leis an togra freisin go bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann bearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta a iarraidh, ar bearta iad ar féidir le Ballstáit eile rannchuidiú leo. Faoin togra seo, bheadh ar an gComhairle údarú a thabhairt trí Chinneadh Cur Chun Feidhme cur i bhfeidhm an nóis imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmann ag an mBallstát atá ag tabhairt aghaidh ar staid ionstraimithe imirceach.

    (1)Nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmann ag na teorainneacha seachtracha i gcásanna ionstraimithe

    Bunaítear leis an togra seo nós imeachta éigeandála maidir le bainistiú imirce agus tearmainn i ndáil le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a ghabhtar nó a aimsítear i gcóngar na teorann le tríú tír a dhéanann imircigh a ionstraimiú tar éis dóibh trasnú neamhúdaraithe nó tar éis iad féin a chur i láthair ag pointí trasnaithe teorann.

    (a)An nós imeachta bainistithe éigeandála tearmainn

    Is iad seo a leanas príomhghnéithe an nós imeachta seo:

    ·An deis a bheith ag an Ballstát lena mbaineann iarratas ar thearmann a chlárú agus an deis a thairiscint an tiarratas a thaisceadh go héifeachtach ag pointí sonracha clárúcháin atá suite i gcóngar na teorann lena náirítear na pointí trasnaithe teorann arna nainmniú chun na críche sin

    Faoin leasú ar Chód Teorainneacha Schengen, beidh cead ag an mBallstát a bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar ionstraimiú imirceach srian a chur ar shreabha ag an teorainn trí shrian a chur le líon na bpointí trasnaithe teorann a bheidh ar oscailt d’fhonn cosc a chur ar theacht isteach neamhúdaraithe agus chun a slándáil náisiúnta a chosaint.

    Chun cur chuige comhleanúnach leis na bearta sin a áirithiú i gcás ionstraimithe, áirithítear leis an togra seo go mbeidh rochtain dáiríre agus éifeachtach ar an nós imeachta tearmainn i gcomhréir leis na féidearthachtaí a thairgtear leis an togra le haghaidh Rialacháin maidir le Nós Imeachta Tearmainn, lena gceadaítear do na Ballstáit suíomhanna sonracha a ainmniú chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus a thaisceadh. Féadfaidh na pointí clárúcháin sonracha sin a bheith suite i gcóngar na teorann, agus d’fhéadfadh pointí trasnaithe teorann arna n‑ainmniú chun na críche sin a bheith i gceist leo freisin.

    ·An fhéidearthacht an spriocdháta clárúcháin a shíneadh go dtí ceithre seachtaine

    Leis an togra seo, ceadaítear don Bhallstát a bhfuil ionstraimiú imirceach os a chomhair, ach ní chuirtear de cheangal air, an spriocdháta clárúcháin d’iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a shíneadh suas go ceithre seachtaine maidir le hiarratais ar thearmann ó náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a gabhadh nó a fuarthas i ngar don teorainn sheachtrach le tríú tír a dhéanann imircigh a ionstraimiú tar éis dóibh dul isteach neamhúdaraithe nó tar éis dóibh iad féin a chur isteach ag pointí trasnaithe teorann. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis an tsolúbthacht sin chun cabhrú leis an mBallstát freagairt go héifeachtach do na gníomhaíochtaí naimhdeacha agus, ag an am céanna, é a chur ar a chumas bainistiú a dhéanamh ar an ualach cásanna gan choinne, i bhfianaise chineál agus chineál tobann an chur isteach ó thríú tír.

    I gcás ina bhfuil imircigh ag iarraidh teacht isteach/idirghabháil tobann gan choinne ag tríú tír naimhdeach, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an mBallstát a bhfuil an staid sin os a chomhair acmhainní a chlaonadh ón gcúram bainistiú a dhéanamh ar theacht isteach náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát ag a theorainneacha. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh am a bheith ag teastáil ón Ballstát chun a chuid acmhainní a atheagrú agus chun a acmhainneacht a mhéadú, lena n‑áirítear le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí an Aontais. Más rud é, áfach, go mbaineann an Ballstát a bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar ionstraimiú imirceach leas as an spriocdháta clárúcháin níos faide, tabharfar tús áite do chlárú na n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nuair is cosúil gur dócha go bhfuil bunús maith leis an gcás nó nuair a thaisc mionaoisigh neamhthionlactha, nó mionaoisigh agus baill a dteaghlaigh é.

    ·An fhéidearthacht an nós imeachta teorann tearmainn a chur i bhfeidhm maidir leis na hiarratais uile agus an fhéidearthacht síneadh a chur leis

    Ba cheart go dtacódh na bearta leis an mBallstát sin a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar ionstraimiú imirceach chun teacht isteach daoine nach gcomhlíonann coinníollacha iontrála a chosc, agus cearta bunúsacha á gcosaint ag an am céanna. Leis an bhféidearthacht iarratas a scrúdú ag an teorainn gan cead dul isteach sa chríoch a údarú i gcomhréir le hAirteagal 41 den togra le haghaidh Rialachán maidir le Nós Imeachta Tearmainn, cuirtear an cineál seo cosanta ar fáil. Mar sin féin, faoi láthair agus faoi na rialacha a áirítear sna tograí faoin gComhshocrú Nua, ní fhéadfar inghlacthacht agus fiúntas iarratas a scrúdú i nós imeachta teorann ach amháin i gcás sraith theoranta imthosca.

    Leis an togra seo, dá bhrí sin, ceadaítear do na Ballstáit an nós imeachta éigeandála bainistithe tearmainn a chur i bhfeidhm chun cinneadh a dhéanamh maidir le hinghlacthacht agus substaint gach iarratais, seachas i gcásanna leighis. Leis an mbeart sin, cuirfear teorainn leis an bhféidearthacht go ndéanfar na spriocanna do thríú tír naimhdeach chun náisiúnaigh tríú tír ar leith agus daoine gan stát a ionstraimiú nach féidir an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm maidir leo. I gcás ina ndéantar cinneadh diúltach faoin nós imeachta éigeandála bainistithe tearmainn, beidh an ceart ag an iarratasóir leigheas éifeachtach a fháil ach ní bheidh éifeacht fionraíochta uathoibríoch ag an achomharc, mar a fhoráiltear in Airteagal 54(3) den togra leasaithe le haghaidh an Rialacháin maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn.

    Faoi mar a fhoráiltear sa togra leasaithe le haghaidh Rialacháin maidir le Nós Imeachta Tearmainn agus atá luaite go sainráite sa togra seo, le linn an nós imeachta éigeandála bainistithe tearmainn, bheadh feidhm ag rialacha agus ag ráthaíochtaí an Rialacháin maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn chun a áirithiú go gcosnófar cearta na ndaoine sin a iarrann cosaint idirnáisiúnta, agus an ceart chun tearmainn agus urramú phrionsabal an non‑refoulement á choimeád ag an am céanna.

    Sonraítear sa togra freisin tosaíocht éigeantach a thabhairt d’éilimh a bhfuil bunús maith leo agus éilimh ó mhionaoisigh neamhthionlactha, teaghlaigh agus leanaí. Más rud é, tar éis an scagtha a thabhairt chun críche, nó le linn an scrúdaithe ar an iarratas, gur dócha go mbeidh bunús maith leis an iarratas nó más rud é gur chuir mionaoisigh agus a dteaghlaigh nó mionaoisigh neamhthionlactha an t‑iarratas isteach, ba cheart tosaíocht a thabhairt don iarratas i gcomhréir le hAirteagal 33(5) de thogra 2016 le haghaidh Rialachán maidir le Nós Imeachta Tearmainn. Ina theannta sin, níor cheart don Bhallstát a bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar ionstraimiú imirceach an nós imeachta éigeandála um bainistiú tearmainn a chur i bhfeidhm ar chásanna leighis dá bhforáiltear in Airteagal 41(9)(c) de thogra leasaithe 2020 le haghaidh Rialacháin maidir le Nós Imeachta Tearmainn.

    Foráiltear leis an togra seo freisin go bhféadfaí síneadh a chur le ré an nós imeachta teorann, lena n‑áirítear an t‑achomharc féideartha, go ceann sé seachtaine déag.

    Ar an gcaoi chéanna le síneadh a chur leis an spriocdháta clárúcháin thuas, is féidir a mheas go bhfuil tréimhse níos faide don nós imeachta bainistithe tearmainn éigeandála ina chuidiú don Bhallstát maidir le hiarmhairtí ionstraimiú na n‑imirceach, i bhfianaise chineál agus chineál ghníomhaíocht an tríú tír. D’fhéadfadh am a bheith ag teastáil ón Ballstát lena mbaineann chun a chuid acmhainní a atheagrú agus chun a acmhainneacht a mhéadú, lena n‑áirítear le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí an Aontais. Ina theannta sin, an líon cásanna a bheidh le próiseáil sa nós imeachta i ndáil le bainistiú tearmainn éigeandála, beidh sin níos mó ná mar a bhíonn faoi ghnáth‑imthosca (mar is féidir, i bprionsabal, na hiarratasóirí uile a bheith faoina réir). Dá bhrí sin, cuideoidh an síneadh sin leis an mBallstát ficsean na neamhiontrála a chur i bhfeidhm go ceann tréimhse níos faide agus foráil a dhéanamh maidir le tuilleadh solúbthachta chun déileáil leis an ualach oibre méadaithe.

    I gcomhréir leis na coimircí dá bhforáiltear sa togra le haghaidh Rialacháin maidir le Nós Imeachta Tearmainn agus i gcomhréir leis an togra le haghaidh na Treorach maidir le Coinníollacha Glactha lena n‑athmhúnlaítear, ba cheart go mbeadh coinneáil iarratasóirí ina rogha dheiridh, i gcás nach féidir bearta leordhóthanacha nó níos lú comhéigneacha a chur i bhfeidhm i gcás sonrach. Dá bhrí sin, ní hionann an nós imeachta bainistithe tearmainn éigeandála a chur i bhfeidhm agus iarratasóirí a choinneáil go córasach.

    (b)Coinníollacha glactha ábharacha

    I gcás ina bhfuil imircigh ríthábhachtach, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair ar an mBallstát a áirithiú go gcomhlíonfar na caighdeáin ghlactha ábharacha mar go bhféadfadh sé go ndéanfaí ró‑ghéarleanúint ar acmhainneachtaí riaracháin an Bhallstáit mar thoradh ar ionstraimiú. Ní mór don Bhallstát gnáthshreabhadh a bhainistiú sa bhreis ar na sreabha méadaithe a eascraíonn as an ionstraimiú agus ní mór dó freisin acmhainní a atheagrú chun a iomláine chríochach a chosaint. Mar sin féin, ní mór don Bhallstát atá buailte a áirithiú go n‑urramófar le haon ghníomhaíocht ráthaíochtaí bunúsacha daonnúla, amhail bia, uisce, éadaí, cúram liachta leordhóthanach, cúnamh do dhaoine leochaileacha agus dídean shealadach a sholáthar do náisiúnaigh tríú tíortha ar a gcríoch, mar a leag an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine amach in orduithe a rinneadh le déanaí ar bhonn eatramhach.

    Le hAirteagal 17(9) den togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, ceadaítear don Bhallstát, i gcásanna cuí‑réasúnaithe agus faoi choinníollacha áirithe, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le dálaí glactha ábharacha atá éagsúil leis na rialacha mionsonraithe dá bhforáiltear san athmhúnlú ar an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, ar choinníoll go n‑áiritheofar leis rochtain ar chúram sláinte i gcomhréir le hAirteagal 18 agus caighdeán maireachtála díniteach do gach iarratasóir. Leis an togra seo, leathnaítear an deis coinníollacha glactha ábharacha éagsúla a shocrú i staid ina ndéantar ionstraimiú ar imircigh, ar choinníoll go gcumhdaítear na bunriachtanais, lena n‑áirítear dídean shealadach, bia, uisce, éadaí, cúram leighis leordhóthanach, cúnamh do dhaoine leochaileacha, agus lánurraim á tabhairt don cheart chun dínit an duine. Ba cheart don Bhallstát lena mbaineann rochtain a áirithiú agus ba cheart dó foráil a dhéanamh maidir le cúnamh daonnúil a bheith á sholáthar ag eagraíochtaí daonnúla i gcomhréir leis na riachtanais ábhartha.

    (c)An nós imeachta bainistithe um fhilleadh éigeandála

    I staid ina ndéantar ionstraimiú ar imircigh, tá sé ríthábhachtach na huirlisí dlíthiúla is gá a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann chun a áirithiú go bhfillfidh na daoine nach bhfuil incháilithe le haghaidh cosaint idirnáisiúnta go pras. Dá bhrí sin, foráiltear leis an togra go bhféadfaí maolú ó Airteagal 41d den togra le haghaidh Rialacháin maidir le Nós Imeachta Tearmainn agus ó chur i bhfeidhm an togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir um Fhilleadh i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát ar diúltaíodh a n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar bhonn an nós imeachta bainistithe éigeandála tearmainn. I ndáil le náisiúnaigh tríú tír nach ndearna iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, is féidir le Ballstáit foráil Airteagal 2(2)(a) den Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh a chur i bhfeidhm. Is é is aidhm don mhaolú a leagtar amach sa togra seo sásra a bhunú atá cosúil leis an maolú a leagtar amach in Airteagal 2(2)(a) den Treoir um Fhilleadh, atá inchomparáide leis na forálacha atá beartaithe chun tairbhe na Laitvia, na Liotuáine agus na Polainne. Déantar foráil ann freisin maidir le coimircí sonracha, go háirithe maidir le prionsabal an non‑refoulement a urramú, agus leas an linbh, saol an teaghlaigh agus sláinte náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát á gcur san áireamh, chomh maith leis na srianta ar bhearta comhéigneacha a úsáid, an t‑aistriú a chur siar, cúram sláinte éigeandála, riachtanais daoine leochaileacha agus dálaí coinneála, agus cearta bunúsacha na ndaoine sin á n‑áirithiú go hiomlán.

    (2)Bearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta

    Maidir le bearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta, tugtar isteach leis an togra bearta atá dírithe ar riachtanais an Bhallstáit atá ag tabhairt aghaidh ar ionstraimiú imirceach.

    Tá gá le réitigh ón Aontas Eorpach agus tacaíocht ón Aontas chun a leithéid de chás, ina bhfuil ionsaí á dhéanamh ar an Aontas, a bheith ann. Dá bhrí sin, is gá do na Ballstáit uile freagairt go tapa agus tacaíocht a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann.

    Mar sin féin, tá gá le cur chuige agus nós imeachta difriúil ón gcur chuige agus an nós imeachta atá in ionstraimí an Chomhshocraithe Nua faoi láthair. Áirítear sa togra an deis dul i muinín na mbeart go léir lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar ionstraimiú na n‑imirceach. D‘fhéadfaí a áireamh ar bhearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta a d’fhéadfadh a bheith ann bearta acmhainneachta chun cabhrú le dul i ngleic le hiarmhairtí ionstraimithe imirceach, tacú le hoibríochtaí um fhilleadh nó tacú le for‑rochtain chuig tríú tíortha as a dtionscnaíonn na daoine a ionstraimíodh. Ba cheart don Bhallstát a bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar ionstraimiú imirceach a riachtanais tacaíochta agus dlúthpháirtíochta a shainaithint agus iad sin a chur in iúl don Choimisiún. D’iarrfadh an Coimisiún ansin ar na Ballstáit eile rannchuidiú ar mhaithe leis an mBallstát a ndéanann sé difear dó agus na bearta sin a chomhordú.

    Ós rud é go bhféadfadh tionchar níos leithne a bheith ag gníomhaíochtaí an ionstraimithe go héasca ar na Ballstáit comharsanachta agus ar an Aontas Eorpach (nó go mbeadh sé sin mar chuspóir ag na gníomhaíochtaí sin fiú), is gá foráil a dhéanamh maidir leis na modhanna chun tacaíocht a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais. Má iarrann an Ballstát a bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar ionstraimiú imirceach tacaíocht ó ghníomhaireachtaí an Aontais, ba cheart do na gníomhaireachtaí tosaíocht a thabhairt dá dtacaíocht oibríochtúil. B’amhlaidh an cás go háirithe i gcás Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) a d’fhéadfadh cuidiú chun na hiarratais a chlárú agus a phróiseáil, chun a áirithiú go ndéanfar imircigh leochaileacha a scagadh, chun tacú le bainistiú, dearadh agus cur i bhfeidhm caighdeán leordhóthanach maidir le saoráidí glactha; Nó ó Frontex chun tacú le gníomhaíochtaí rialaithe teorann, lena n‑áirítear oibríochtaí scagtha agus oibríochtaí um fhilleadh; Agus ó Europol chun faisnéis a chur ar fáil. Ar an gcaoi chéanna leis an bpróiseas cúnaimh oibríochtúil a chuirtear ar fáil faoin togra leasaithe maidir le Cód Teorainneacha Schengen, i réimse an tearmainn, ba cheart go mbeadh EUAA in ann cúnamh a thairiscint faoi Airteagal 16(1)(d) de Rialachán EUAA freisin, agus d’fhéadfadh Frontex agus Europol tuilleadh cúnaimh a chur ar fáil i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach.

    Bheadh na bearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta sin ina gcomhlánú ar chúnamh eile a chuirfear ar fáil don Bhallstát sin a bhfuil ionstraimiú imirceach ag bagairt air, ar bearta iad a d’fhéadfaí a ghlacadh lasmuigh den chreat a bhfuil sé i gceist ag an togra seo iad a chruthú, amhail bearta Airteagal 25ú den Chód Víosaí 12 nó gníomhaíochtaí beartais eachtraigh, (e.g. forrochtain taidhleoireachta, bearta sriantacha, bearta trádála) nó tacaíocht airgeadais lena náirítear faoin gCiste Eorpach um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) nó faoin Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV).

    (3)Nós imeachta sonrach chun cur i bhfeidhm an nós imeachta éigeandála imirce agus tearmainn a údarú

    An Ballstát a bhfuil air aghaidh a thabhairt ar ionstraimiú imirceach agus a bhfuil sé beartaithe aige an nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmann a chur i bhfeidhm, ní mór dó a iarraidh ar an gCoimisiún na maoluithe a bhfuil sé mar aidhm acu a úsáid a chur i bhfeidhm, chomh maith le haon bhearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta. Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirfidh an Ballstát lena mbaineann ar fáil, ullmhóidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, agus gan mhoill, togra le haghaidh Cinnidh Cur Chun Feidhme ón gComhairle ina leagfar amach na maoluithe is féidir a chur i bhfeidhm, ar togra é ba cheart a bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná sé mhí. Leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle údarófar na maoluithe atá le cur i bhfeidhm agus leagfar amach a gcur i bhfeidhm ama, lena n‑áirítear dáta tosaigh chomh maith lena dtréimhse. Ba cheart don Choimisiún an staid a choimeád, lena n‑áirítear comhréireacht na mbeart, agus ba cheart dó faireachán agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh, agus moladh a dhéanamh maidir leis na bearta a fhadú nó maidir lena n‑aisghairm más gá sin.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an togra seo ag teacht go hiomlán leis an gComhshocrú Nua um Imirce agus Tearmann a ghlac an Coimisiún i mí Mheán Fómhair 2020. Suíonn sé in éineacht leis an togra géarchéime agus force majeure mar mhír eile sa chreat a chuirfidh rialacha sonracha breise ar fáil chun bainistiú a dhéanamh ar chás ar leith ionstraimithe imirceach. Is iad na tograí le haghaidh Rialacháin maidir le Nós Imeachta Tearmainn ón gCoimisiún a glacadh in 2016 agus a thogra leasaithe a glacadh in 2020, an Treoir athmhúnlaithe maidir le Coinníollacha Glactha a glacadh in 2016 agus an Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh a glacadh in 2018 an túsphointe do na rialacha sonracha a thugtar isteach sa togra seo. Tá an togra comhsheasmhach freisin leis an togra le haghaidh Cinneadh 752/2021 ón gComhairle maidir le bearta sealadacha ar mhaithe leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn agus foráiltear leis an obair leantach reachtach a ghabhann leis an togra sin.

    Idirghníomhuithe le hAirteagal 78(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Tá leagan síos rialacha sonracha i gcás ionstraimithe gan dochar don deis atá ag an gComhairle bearta sealadacha a ghlacadh, ar thogra ón gCoimisiún, chun leasa an Bhallstáit a bhfuil éigeandáil le sárú aige mar a dhéantar tuairisc air in Airteagal 78(3) CFAE.

    Is é is aidhm don togra seo an tAontas a chur in ann aghaidh a thabhairt ar staid shonrach a raibh ar an Aontas aghaidh a thabhairt uirthi cheana féin agus a bheith ullamh i gcomhair aon staideanna comhchosúla amach anseo, rud a chuirfidh ar chumas an Aontais gníomhú go tapa chun leasa an Bhallstáit a bhfuil ionstraimiú imirceach os a chomhair. Tá gá le creat buan ar a bhféadfaidh an tAontas brath go comhsheasmhach ar chreat atá saincheaptha don chás sin, lena gceadófaí freisin cineál eisceachtúil na mbeart sealadach a choinneáil faoi Airteagal 78(3) CFAE agus, dá bhrí sin, nach gá dul i muinín Airteagal 78(3) CFAE chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ionstraimithe a thagann faoin togra seo.

    Is é is aidhm don togra seo rialacha sonracha a bhunú chun tacú le Ballstát ina ndéantar sreabha imirce neamhrialta isteach san Aontas a spreagadh agus a éascú trí ghluaiseacht náisiúnach tríú tír chuig na teorainneacha seachtracha a spreagadh nó a éascú go gníomhach, isteach ina chríoch nó uathu agus ansin go dtí na teorainneacha seachtracha sin, i gcás ina léiríonn gníomhaíochtaí den sórt sin go bhfuil rún ag tríú tír an tAontas nó Ballstát a dhíchobhsú, i gcás ina bhfuil baol ann go gcuirfidh cineál na ngníomhaíochtaí sin feidhmeanna bunúsacha Stáit i mbaol, lena n‑áirítear a iomláine chríochach nó a slándáil náisiúnta.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra seo comhsheasmhach leis an ngá atá ann leanúint de bhrú laghdaithe a chur maidir le himircigh neamhrialta agus teorainneacha seachtracha láidre a choinneáil agus iad ina ngnéithe tábhachtacha den chur chuige cuimsitheach a leagtar amach sa Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht Chomhpháirteach 13 , tá an togra seo mar chuid de na hiarrachtaí a rinneadh chun creat dlíthiúil an Aontais a neartú, lena náirítear an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le ‘bearta i gcoinne oibreoirí iompair a éascaíonn nó a ghlacann páirt i ngáinneáil ar dhaoine nó smuigleáil imirceach maidir le teacht isteach neamhdhleathach i gcríoch an Aontais Eorpaigh’ 14 , chun uirlisí níos fearr a thabhairt do na Ballstáit chun na teorainneacha seachtracha a chosaint i gcásanna ina ndéantar imircigh a ionstraimiú, agus lánurraim do chearta bunúsacha á áirithiú ag an am céanna. Sa chomhthéacs sin, comhlánaíonn sé Cód Teorainneacha Schengen agus athchóiriú Schengen, ina bhfuil creat buan á mholadh ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhféadfadh ionstraimiú a bheith ann d’imircigh a d’fhéadfadh aghaidh a thabhairt ar an Aontas amach anseo.

    Is é is aidhm dó freisin gluaiseachtaí ar aghaidh na n‑imirceach neamhrialta agus an strus i limistéar Schengen a laghdú. Tugtar aghaidh go héifeachtach ar fhilleadh agus ar athligean isteach imirceach ionstraimithe go pras agus ar bhealach éifeachtach, i gcomhréir leis an gcur chuige cuimsitheach maidir le bainistiú imirce a leagtar amach sa Chomhaontú Nua um Imirce agus Tearmann. Tá sé comhsheasmhach freisin le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, amhail bearta sriantacha de chuid an Aontais, agus ba cheart é a úsáid i gcomhthráth le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais freisin.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Leis an togra seo, tugtar tacaíocht don Bhallstát a bhfuil air aghaidh a thabhairt ar ionstraimiú imirceach. Tá roinnt forálacha sa togra a bhaineann leis an togra le haghaidh Rialacháin maidir le Nós Imeachta Tearmainn agus leis an togra leasaithe a ghabhann leis, leis an togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha agus leis an togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir um Fhilleadh. Ba cheart é a ghlacadh, dá bhrí sin, ar an mbunús dlí iomchuí, eadhon Airteagal 78, an dara mír, pointí (d) agus (f) agus Airteagal 79, an dara mír, pointe (c) CFAE, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta.

    Geoiméadracht athraitheach

    Tugann dhá aithris aghaidh ar an ngeoiméadracht athraitheach, maidir le rannpháirtíocht na hÉireann agus na Danmhairge sa Rialachán seo.

    I gcomhréir le Prótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na hÉireann i ndáil leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, féadfaidh Éire a chinneadh a bheith rannpháirteach i nglacadh agus cur i bhfeidhm beart lena mbunaítear Comhchóras Eorpach Tearmainn. I ndáil leis sin, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus cur i bhfeidhm Threoir 2005/85/CE agus gur chinn sí gan a bheith rannpháirteach i nglacadh Threoir 2013/32/AE. Dá thoradh sin, tá feidhm ag forálacha Threoir 2005/85/CE maidir le hÉirinn, agus níl feidhm ag forálacha na Treorach atá ann faoi láthair maidir le hÉirinn. Níor thug Éire fógra gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin nua maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn, a bheadh riachtanach chun go mbeadh éifeacht dhlíthiúil ag an Rialachán seo maidir le hÉirinn, dá gcinnfeadh Éire a roghnú, i gcomhréir le Prótacal Uimh. 21.

    I gcomhréir le Prótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl Treoir 2005/85/CE ná Treoir 2013/32/AE ina gceangal ar an Danmhairg ná níl an Danmhairg faoi réir a gcur i bhfeidhm. Níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ach oiread agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Le Teideal V de CFAE maidir leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, tugtar cumhachtaí áirithe don Aontas Eorpach i leith na gcúrsaí sin. Ní mór na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i.e. murar féidir, agus a mhéid nach féidir, leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach agus dá bhrí sin, gur fearr is féidir leis an Aontas Eorpach iad a ghnóthú de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe.

    Ba cheart go measfaí, dá bhrí sin, gur cheart tacaíocht a thabhairt do réitigh an Aontais agus a mheas mar thacaíocht agus mar sin gur cheart a mheas go bhfuil sé de cheangal ar an Aontas nó ar Bhallstát an tAontas nó Ballstát a chosaint go gníomhach i gcás ina n‑áitíonn tríú tír gluaiseacht náisiúnach tríú tír chuig na teorainneacha seachtracha, isteach nó amach laistigh dá chríoch agus ar aghaidh ansin chuig na teorainneacha seachtracha sin, lena n‑áirítear a iomláine chríochach, an t‑ord agus an t‑ord a dhéanfadh an tAontas a dhíchobhsú, agus ba cheart, dá bhrí sin, tacaíocht a thabhairt don Aontas ina iomláine agus ba cheart iad a mheas mar réitigh slándála náisiúnta de chuid an Aontais. Is gá na huirlisí dlíthiúla leordhóthanacha a thabhairt don Bhallstát a bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar ionstraimiú imirceach chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an staid agus chun go mbeidh gach Ballstát in ann freagairt agus tacaíocht a thabhairt go tapa don Bhallstát lena mbaineann.

    Tá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ag teastáil chun na cuspóirí sin a ghnóthú ós rud é gur de chineál trasteorann iad. Is léir nach leor bearta a ghlacfadh Ballstáit aonair chun fhreagairt go sásúil don ghá le cur chuige coiteann an Aontais i leith fadhb choiteann.

    Ní féidir leis na Ballstáit cur chuige comhchoiteann den sórt sin a bhaint amach go leordhóthanach ina n‑aonar agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Chinnidh atá beartaithe, is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin ní mór don Aontas gníomhú, agus féadfaidh sé bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    Comhréireacht

    I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, leagtar amach sa togra seo le haghaidh Rialacháin na coinníollacha beachta faoi nuair is féidir rialacha sonracha maidir le nós imeachta tearmainn a chur i bhfeidhm agus déantar foráil ann i ndáil le raon feidhme agus teorainn ama na rialacha sin a chur i bhfeidhm, agus na coimircí riachtanacha.

    Gnéithe uile na mbeart atá beartaithe chun déileáil le staid shonrach an ionstraimithe imirceach, tá siad teoranta don mhéid is gá chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann an cás a bhainistiú ar bhealach ordúil éifeachtach agus, an tráth céanna, cóir chomhionann a áirithiú i dtéarmaí cearta agus ráthaíochtaí d’iarratasóirí. Dá bhrí sin, tá na maoluithe ar na rialacha a leagtar amach i dtogra 2016 le haghaidh Rialacháin maidir le Nós Imeachta Tearmainn, togra leasaithe 2020 le haghaidh Rialacháin maidir le Nós Imeachta Tearmainn agus an Treoir athmhúnlaithe maidir le Coinníollacha Glactha agus an Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh comhréireach, agus roinnt cosaintí curtha i bhfeidhm lena mbaintear cothromaíocht amach idir, ar thaobh amháin, riachtanais láithreacha an Bhallstáit a bhfuil air imircigh a ionstraimiú chun an staid sin a bhainistiú, agus ar an taobh eile, an gá atá le deimhneacht dhlíthiúil agus aonfhoirmeacht i gcur i bhfeidhm na maoluithe agus na rialacha sonracha agus an chosaint is gá a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil an tríú tír i ngleic leo.

    Bunaítear leis an togra coimircí chun na maoluithe agus na rialacha sonracha a chur i bhfeidhm. I bhfianaise an cháis urghnách ina ndéantar ionstraimiú ar imircigh, meastar go bhfuil sé comhréireach an nós imeachta bainistithe éigeandála tearmainn a chur i bhfeidhm ar gach iarratasóir, toisc go gcabhródh sé le nach ndíreodh tríú tíortha ar náisiúntachtaí nó ar chatagóirí sonracha imirceach, a eiseofaí ón nós imeachta teorann. Chun go mbeidh an Ballstát in ann déileáil leis an líon méadaithe daoine a chuirtear sa nós imeachta bainistithe tearmainn éigeandála, cuirtear síneadh sé seachtaine déag ar a mhéad leis an nós imeachta teorann. Meastar gur leor é sin chun an tsolúbthacht is gá a thabhairt don Bhallstát chun próiseáil a dhéanamh ar iarratais ag gaireacht don teorainn nó ag pointí trasnaithe teorann ainmnithe gan cead a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát dul isteach sa chríoch. Tá na maoluithe ón Treoir maidir le Coinníollacha Glactha comhréireach i gcás ionstraimiú imirceach mar gheall ar ghníomhaíochtaí naimhdeacha tríú tír toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh an Ballstát in ann na dálaí glactha ábharacha a bhíonn de dhíth de ghnáth a áirithiú mar go bhféadfadh sé go ndéanfaí ró‑fhadú ar acmhainneachtaí an Bhallstáit. Ba cheart iad a mheas i gcomhthéacs na gcoimircí agus na solúbthachta a thairgtear faoi thogra leasaithe 2020 le haghaidh Rialachán maidir le Nós Imeachta Tearmainn chun acmhainní agus an cumas an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm a eagrú. Má chuirtear an maolú i bhfeidhm, ní mór don Bhallstát foráil a dhéanamh do bhunriachtanais an iarratasóra agus do lán‑urramú dhínit an duine.

    Tá na maoluithe sonracha ón Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh comhréireach chun a áirithiú go ndéanfar na daoine sin nach bhfuil incháilithe le haghaidh cosaint idirnáisiúnta a chur ar ais go tapa, rud atá bunriachtanach i gcás ionstraimiú imirceach chun cosc a chur ar theacht isteach breise. Cuirtear roinnt cosaintí i bhfeidhm chun cearta bunúsacha na ndaoine sin atá faoi réir a bhfillte a chosaint i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta.

    Tá sé beartaithe freisin go mbeidh ré na mbeart sin teoranta ó thaobh ama dá bhfuil fíor‑riachtanach chun go mbeidh na Ballstáit lena mbaineann in ann aghaidh a thabhairt ar ionstraimiú agus in aon chás ba cheart iad a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná sé mhí. Chun na críche sin, tar éis an t‑údarú a fháil ón gComhairle, ba cheart don Choimisiún faireachán agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an staid, lena n‑áirítear a chinneadh an bhfuil na bearta arna n‑údarú ag an mBallstát chun cur i bhfeidhm comhréireach i gcónaí.

    An rogha ionstraime

    Ní féidir ach le Rialachán lena mbunaítear rialacha sonracha agus maoluithe ar na nósanna imeachta tearmainn agus na nósanna imeachta um fhilleadh san Aontas, agus ina mbeidh na forálacha infheidhme go díreach, an leibhéal aonfhoirmeachta agus éifeachtachta is gá a sholáthar maidir le rialacha nós imeachta an Aontais i dtaca le tearmann i gcás ionstraimiú na n‑imirceach.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Tá an togra ag brath ar an bhfaisnéis a chuir na páirtithe leasmhara ar fáil le linn an phróisis chomhairliúcháin ó thús shamhradh 2021.

    Cearta bunúsacha

    Leis an togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear fíor‑rochtain éifeachtach ar an nós imeachta tearmainn agus rochtain ar chríoch an Aontais Eorpaigh chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta. Chun na críche sin, ba cheart don Bhallstát a bhfuil staid ionstraimithe os a chomhair a áirithiú go bhfuil pointí clárúcháin leordhóthanacha ann, lena n‑áirítear pointí trasnaithe teorann, a bheidh oscailte agus inrochtana. Mar a mhínítear thíos, leis an nós imeachta éigeandála imirce agus tearmainn dá bhforáiltear sa togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha mar a chumhdaítear iad sa Chairt, lena n‑áirítear an ceart chun dínit an duine (Airteagal 1), toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach (Airteagal 4), an ceart chun saoirse agus slándála (Airteagal 6), an ceart chun meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun tearmainn (Airteagal 18), an toirmeasc ar dhíbirt chomhchoiteann agus cosaint ar refoulement (Airteagal 19(1) agus (2)), an ceart chun neamh‑idirdhealú (Airteagal 21), prionsabal an chomhionannais idir fir agus mná (Airteagal 23), cearta an linbh (Airteagal 24) agus an ceart chun leighis éifeachtaigh (Airteagal 47). Ina theannta sin, measann an Coimisiún freisin gur gá do na Ballstáit urraim a thabhairt don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse na meán agus saoirse comhlachais eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

    Maidir le cur i bhfeidhm an nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmann, leanfaidh na prionsabail agus na ráthaíochtaí dá bhforáiltear sna tograí sa Chomhshocrú Nua d’fheidhm a bheith acu maidir le hiarratasóirí atá faoi réir an nós imeachta sin. Ina theannta sin, áirítear sa togra tosaíocht éigeantach a thabhairt d’éilimh a bhfuil bunús maith leo, tar éis an scagadh a chur i gcrích nó aon uair is léir na riachtanais chosanta, i gcomhréir le togra 2016 le haghaidh Rialacháin maidir le Nós Imeachta Tearmainn, agus iad siúd atá ag mionaoisigh neamhthionlactha, teaghlaigh agus leanaí. Is chun tairbhe na n‑iarratasóirí sin go ndéanfar cinneadh maidir lena n‑iarratais tearmainn a luaithe is féidir. Tá feidhm fós ag na ráthaíochtaí do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta nós imeachta acu faoi Airteagal 41(9)(b) de thogra leasaithe 2020 le haghaidh Rialacháin maidir le Nós Imeachta Tearmainn. Ráthaítear leis an togra freisin an ceart chun leighis éifeachtaigh lena n‑áirithítear go mbeidh sé de chumhacht ag na Cúirteanna a rialú cibé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an t‑iarratasóir fanacht ar chríoch an Bhallstáit go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le hachomharc agus go mbeidh an ceart aige/aici chun cur ar chumas iarratasóra iarratais den sórt sin a dhéanamh chuig na Cúirteanna.

    Urramaítear go hiomlán sa togra cearta an linbh agus riachtanais speisialta daoine leochaileacha. Beidh na cosaintí dá bhforáiltear do leanaí agus do dhaoine leochaileacha sa togra le haghaidh na Treorach maidir le Coinníollacha Glactha, lena n‑áirítear i gcás ina gcaithfear coinneáil a chur i bhfeidhm, ar na húdaráis inniúla ar thús cadhnaíochta, lena n‑áirítear i gcás inar gá coinneáil a chur i bhfeidhm. Agus na rialacha mionsonraithe éagsúla maidir le coinníollacha glactha á leagan síos, urramaítear leis an gcreat dá bhforáiltear sa togra seo na coimircí maidir le dínit an duine a chaomhnú i gcónaí i ngach cúinse.

    Cosnaítear an ceart chun saoirse agus saoirse gluaiseachta ós rud é, má úsáidtear an choinneáil i gcomhthéacs an nóis imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmann, nach féidir é a chur i bhfeidhm ach amháin i gcreat a ndéantar dianrialú air agus ar feadh tréimhse teoranta. I gcomhréir le hAirteagal 7 den togra le haghaidh na Treorach maidir le Coinníollacha Glactha, féadfaidh an Ballstát athmhúnlú ar shaoirse gluaiseachta iarratasóra d’fhonn iarratais a phróiseáil sa nós imeachta teorann. De réir an togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, ní chuirfidh na Ballstáit duine faoi choinneáil ar an gcúis amháin gur iarratasóir é nó í. Déantar foráil in Airteagal 8 den togra sin maidir leis na forais agus na coinníollacha coinneála, tar éis measúnú aonair a dhéanamh agus nuair nach féidir bearta eile nach bhfuil chomh sriantach céanna a chur i bhfeidhm, lena gceadaítear do na Ballstáit iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a choinneáil d’fhonn cinneadh a dhéanamh, i gcomhthéacs nós imeachta, maidir le ceart an iarratasóra dul isteach sa chríoch. Foráiltear in Airteagal 8 freisin nach féidir leis na Ballstáit iarratasóir a choinneáil ach amháin mura féidir bearta malartacha eile nach bhfuil chomh comhéigneach sin – amhail srianta ar shaoirse gluaiseachta faoi Airteagal 7 – a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

    Prionsabal an non‑refoulement a chumhdaítear in Airteagal 33 de Choinbhinsiún 1951 maidir le Dídeanaithe agus in Airteagal 19 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, urramaítear é nuair a chuirtear maoluithe ón Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh i bhfeidhm. Dá bhrí sin, meabhraítear sa togra go sainráite go bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit an prionsabal sin a urramú i gcónaí chun a n‑oibleagáid faoi rialú teorainneacha a chomhlíonadh. Agus prionsabal an non‑refoulement á urramú, áirítear ann measúnú ar cibé acu an bhfuil baol géarleanúna, céasta nó íde mídhaonna nó táirí nó baol refoulement slabhra ann, nó nach bhfuil.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ós rud é go bhfuil cineál an togra seo nasctha le cás ina nionstraimítear imircigh, ní féidir an tionchar buiséadach a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas a priori. Déanfar freastal ar aon chostas a eascróidh as cur chun feidhme an togra seo laistigh de bhuiséad ionstraimí cistiúcháin an Aontais atá ann cheana faoin tréimhse 20212027 i réimse na hImirce agus an Tearmainn. I gcás ina bhfuil gá eisceachtúil leis, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as na sásraí solúbthachta dá bhforáiltear faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha faoi Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 15 ón gComhairle.

    Maidir leis na gnéithe a bhaineann leis an nós imeachta tearmainn, ní chuirfear aon ualach airgeadais ná riaracháin ar an Aontas leis an togra seo. Dá bhrí sin, níl aon tionchar aige ar bhuiséad an Aontais.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Úsáidfidh an Coimisiún an tuairisciú faoin ‘Gréasán um an Treoirphlean Imirce’ mar uirlis chun faireachán a dhéanamh ar an gcás agus déanfaidh sé moltaí, más gá, maidir le fadú nó scor na mbeart.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Ábhar an togra chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina ndéantar imircigh a ionstraimiú

    Leagtar amach in Airteagal 1 ábhar an Rialacháin lena dtugtar aghaidh ar chásanna ionstraimithe imirceach i réimse na himirce agus an tearmainn laistigh den Aontas.

    Nós imeachta bainistithe éigeandála tearmainn i staid ionstraimithe

    Tugtar isteach le hAirteagal 2na rialacha sonracha a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid i gcás ionstraimithe imirceach faoi chuimsiú nós imeachta éigeandála bainistithe tearmainn.

    Leagtar síos in Airteagal 2(1)(a) go bhféadfaidh an Ballstát a bhfuil ionstraimiú imirceach os a chomhair síneadh a chur leis an spriocdháta clárúcháin d’iarratais ar chosaint idirnáisiúnta i ndáil le hiarratais ó náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a ghabhtar nó a aimsítear i gcóngar na teorann seachtraí leis an tríú tír lena ndéantar imircigh a ionstraimiú i dtaca le trasnú neamhúdaraithe nó tar éis dóibh iad féin a chur isteach ag pointí trasnaithe teorann, suas le ceithre seachtaine. Ba cheart tús áite a thabhairt do chlárú na gcásanna ar dócha go mbeidh bunús maith leo agus iarratais a dhéanann mionaoisigh neamhthionlactha, mionaoisigh agus a dteaghlaigh.

    Le hAirteagal 2(1)(b) leagtar síos an fhéidearthacht don Bhallstát a bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar staid ionstraimithe imirceach raon feidhme an nós imeachta teorann tearmainn a leathnú chun gach iarratasóir a chumhdach, trí gan aon chatagóir iarratasóirí a eisiamh (seachas cásanna leighis de réir Airteagal 41(9)(c) den Rialachán leasaithe maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn). Soiléirítear freisin in Airteagal 2(1)(b) gur dócha go mbeidh bunús maith leis an iarratas nó go bhfuil an t‑iarratas taiscthe ag mionaoisigh agus a dteaghlaigh, lena n‑áirítear mionaoisigh neamhthionlactha, don scrúdú ar a n‑iarratas, nuair is léir tar éis an scagtha nó tar éis an scrúdaithe sa nós imeachta teorann.

    Le hAirteagal 2(1)(c), ceadaítear do na Ballstáit an nós imeachta teorann dá bhforáiltear leis an Rialachán leasaithe maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse sé seachtaine déag, lena n‑áirítear aon achomhairc, ar cheart cead a thabhairt don duine dul isteach sa chríoch ina dhiaidh sin ach amháin nuair a bhíonn an duine faoi réir filleadh.

    Agus na maoluithe sin á gcur i bhfeidhm, leanfaidh cosaintí an Rialacháin maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn d’fheidhm a bheith acu.

    Coinníollacha Glactha Ábharacha

    Le hAirteagal 3 ceadaítear don Bhallstát rialacha mionsonraithe a shocrú maidir le dálaí glactha ábharacha atá éagsúil leis na cinn dá bhforáiltear san athmhúnlú ar an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, ar choinníoll go n‑áiritheoidh an Ballstát bunriachtanais an iarratasóra agus lánurraim do dhínit an duine.

    Nós imeachta maidir le bainistiú ar fhilleadh éigeandála i staid ionstraimithe

    Leagtar síos le hAirteagal 4 go bhféadfaidh na Ballstáit maolú ar Airteagal 41d den Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn agus ar chur i bhfeidhm athmhúnlú na Treorach um Fhilleadh i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát ar diúltaíodh a n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar bhonn an nós imeachta bainistithe éigeandála tearmainn ag an teorainn i gcomhréir le hAirteagal 2(1) pointe (b) agus pointe (c). Is é is aidhm don mhaolú sásra atá cosúil le maolú a bhunú faoi Airteagal 2(2)(a) den athmhúnlú ar an Treoir um Fhilleadh. Áirítear sa togra na coimircí riachtanacha maidir leis an oibleagáid prionsabal an non‑refoulement a urramú, leas an linbh, saol an teaghlaigh agus sláinte náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a chur san áireamh, chomh maith leis na teorainneacha ar bhearta comhéigneacha a úsáid, aistriú a chur siar, cúram sláinte éigeandála, riachtanais daoine leochaileacha agus dálaí coinneála, agus cearta bunúsacha na ndaoine sin á n‑urramú go hiomlán.

    Tacaíocht agus bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar i staid ionstraimithe

    Foráiltear le hAirteagal 5 go bhféadfaidh Ballstát bearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta a iarraidh ar Bhallstáit eile. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin na bearta uile a d’fhéadfadh aghaidh a thabhairt ar ionstraimiú imirceach, lena n‑áirítear bearta fothaithe acmhainneachta, bearta chun tacú le filleadh trí chomhar le tríú tíortha nó trí fhor‑rochtain chuig tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh á n‑ionstraimiú. Ba cheart don Bhallstát dá ndéantar difear iarraidh a chur chuig an gCoimisiún chun tacaíocht agus bearta dlúthpháirtíochta a iarraidh ar Bhallstáit eile.

    Iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit eile rannchuidiú ar mhaithe le Ballstát a bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar ionstraimiú a fhreagraíonn do riachtanais an Bhallstáit sin agus déanfaidh sé na bearta sin a chomhordú a luaithe is féidir tar éis an iarraidh a fháil. Ina theannta sin, maidir le tacaíocht oibríochtúil,, féadfaidh Ballstát a bhfuil staid ionstraimithe os a chomhair tacaíocht a iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann 16 , ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nó ar Europol i gcomhréir lena sainorduithe.

    Coimircí sonracha

    Leagtar síos in Airteagal 6 ráthaíochtaí sonracha. Chun rochtain ar an nós imeachta tearmainn a ráthú, ba cheart don Bhallstát a bhfuil ag tabhairt aghaidh ar ionstraimiú imirceach náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a chur ar an eolas go cuí i dteanga a thuigeann an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát, nó a shíltear le réasún go dtuigfidh sé, faoi na bearta arna gcur i bhfeidhm, faoi na pointí ag ar féidir leo iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus a chur isteach, go háirithe suíomh an phointe is gaire ag ar féidir leo clárú nó iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chur isteach, faoin deis achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh maidir leis an iarratas, agus faoi fhad na mbeart. Ina theannta sin, an Ballstát a bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar ionstraimiú imirceach, níor cheart dó Airteagal 2, Airteagal 3 ná Airteagal 4 a chur i bhfeidhm níos faide ná an méid atá fíor‑riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an gcás, agus in aon chás tráth nach faide ná an tréimhse a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle.

    Nós imeachta um údarú

    Leagtar síos le hAirteagal 7 an nós imeachta chun na maoluithe a údarú. Déanfaidh an Coimisiún togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, ar cheart don Chomhairle glacadh leis ina leagfar amach na maoluithe a bheidh le cur i bhfeidhm. Ba cheart dáta tosaigh chur i bhfeidhm na maoluithe a leagan amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle chomh maith lena dtréimhse agus le cur i bhfeidhm sealadach an Chinnidh. Ba cheart iad a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí. Tá an Coimisiún leis an staid a choinneáil faoi shíorfhaireachán agus athbhreithniú, agus ar an mbonn sin, molfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle lena n‑údaraítear cur i bhfeidhm na maoluithe sonracha a aisghairm nó Cinneadh Cur Chun Feidhme nua ón gComhairle a ghlacadh lena n‑údaraítear síneadh a chur le cur i bhfeidhm na maoluithe.

    Comhar agus athbhreithniú

    Leagtar síos in Airteagal 8 gur cheart don Choimisiún, do ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus do na Ballstáit comhoibriú go dlúth lena chéile agus iad a chur ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme na mbeart, dá dtagraítear in Airteagal 7, a leagtar síos sa togra seo. Ní mór do na Ballstáit sonraí ábhartha a thuairisciú freisin, lena n‑áirítear staidreamh tríd an Sásra Aontais um Ullmhacht Imirce agus Bainistiú Géarchéimeanna.

    Ba cheart rochtain éifeachtach a bheith ag gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus ag eagraíochtaí comhpháirtíochta ábhartha eile ar an teorainn faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Treoir maidir le Coinníollacha Glactha (athmhúnlú) agus sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn. Ba cheart rochtain ar iarratasóirí, lena n‑áirítear iad siúd ag an teorainn, a cheadú d’Ard‑Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe. Ba cheart don Bhallstát a bhfuil aghaidh á tabhairt aige ar ionstraimiú imirceach oibriú i ndlúthchomhar le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta ábhartha.

    2021/0427 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), (d) agus (f) agus Airteagal 79(2)(c) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 17 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 18 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)D’fhéadfadh staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh a theacht chun cinn i gcás ina dtionscnaíonn tríú tír sreabha imirce neamhrialta isteach san Aontas trí ghluaiseacht náisiúnach tríú tír chuig teorainneacha seachtracha na mBallstát a spreagadh nó a éascú go gníomhach, is é sin isteach ina chríoch féin i dtosach báire nó ag teacht óna chríoch féin agus ansin ar aghaidh chuig na teorainneacha seachtracha sin, i gcás ina léiríonn na gníomhaíochtaí sin rún chun an tAontas nó Ballstát a dhíchobhsú, agus i gcás ina bhféadfadh na gníomhaíochtaí sin feidhmeanna bunriachtanacha Stáit a chur i mbaol, lena náirítear a iomláine chríochach, caomhnú rialach agus reachta, nó cosaint a shlándála náisiúnta.

    (2)Is toradh é an Rialachán seo ar an gcuireadh ón gComhairle Eorpach chuig an gCoimisiún ina conclúidí an 22 Deireadh Fómhair 2021 aon athrú riachtanach ar chreat dlíthiúil an Aontais agus aon bheart nithiúil a mholadh chun freagairt láithreach agus iomchuí ar an mbagairt hibrideach a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta. Thairis sin, cuidíonn sé le creat cuimsitheach buan a bhunú chun na huirlisí is gá a thabhairt do na Ballstáit lena mbaineann chun freagairt go héifeachtach agus go pras do staid ionstraimithe, agus cearta bunúsacha agus oibleagáidí idirnáisiúnta á nurramú ina niomláine.

    (3)Ar cheann de na huirlisí sin atá sa Rialachán seo, tá tabhairt isteach nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmann lena bhféadfaí na Ballstáit leas a bhaint as uirlisí dlíthiúla chun aghaidh a thabhairt ar staideanna a bheidh amach anseo ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh.

    (4)Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 1, 4, 7, 24, 18 agus 19(2) agus (2) de, chomh maith le Coinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951. Chun léiriú a thabhairt, go háirithe, ar an bpríomhchomaoin nach mór a thabhairt do leas an linbh, ar an ngá atá ann saol an teaghlaigh a urramú, agus chun cosaint shláinte na ndaoine lena mbaineann a áirithiú, déantar foráil sa Rialachán seo maidir le rialacha sonracha agus coimircí sonracha a bhfuil feidhm acu maidir le mionaoisigh neamhthionlactha mar aon le mionaoisigh agus a mbaill teaghlaigh, agus maidir le hiarratasóirí a dteastaíonn tacaíocht shonrach agus leordhóthanach uathu i ngeall ar a riocht sláinte. Ba cheart go leanfadh na rialacha agus na ráthaíochtaí atá leagtha amach i Rialachán (AE) XXX/XXX 19 [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn] d’fheidhm a bheith acu maidir le daoine atá faoi réir an nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú tearmainn, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt leis an Rialachán seo. Na rialacha atá leagtha amach i dTreoir XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach maidir le Dálaí Glactha] 20 , lena náirítear iad siúd a bhaineann le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a choinneáil, ba cheart iad a bheith infheidhme fós, ón tráth a dhéantar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar aghaidh, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt leis an Rialachán seo.

    (5)Maidir le Ballstát atá ag dul i ngleic le staid an ionstraimithe, chun cuidiú leis an mBallstát sin bainistiú ordúil a dhéanamh ar na sreafaí, faoin nós imeachta éigeandála um bainistiú tearmainn, ba cheart an Ballstát lena mbaineann a bheith in ann cinneadh a dhéanamh i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a gabhadh nó a fuarthas i ngaireacht don teorainn sheachtrach leis an tríú tír atá ag déanamh ionstraimiú ar imircigh tar éis trasnú neamhdhleathach nó tar éis dóibh iad féin a chur i láthair ag pointí trasnaithe teorann, cinneadh maidir le gan iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú ach ag pointí sonracha clárúcháin arna nainmniú chun na críche sin ar pointí iad atá suite i ngaireacht don teorann, agus féidearthacht éifeachtach a sholáthar gan iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chur isteach ach amháin ag na pointí sonracha atá ainmnithe chun na gcríoch sin, pointí ar cheart rochtain éasca a bheith orthu. Ní mór fíorrochtain éifeachtach ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 18 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le Coinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951. Chun na críche sin, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann a áirithiú go ndéanfar líon leordhóthanach pointí clárúcháin, a bhféadfadh pointí trasnaithe teorann a bheith ar áireamh iontu, a ainmniú agus a oscailt chun na críche sin. Ba cheart iarratasóirí a chur ar an eolas go cuí faoi na háiteanna ina gclárófar a niarratas agus inar féidir iad a chur isteach.

    (6)I staid ina bhfuil ionstraimiú a dhéanamh ar imircigh, tá sé fíorriachtanach cosc a chur ar dhul isteach na ndaoine sin nach gcomhlíonann coinníollacha maidir le dul isteach, agus cosaint na gceart bunúsach a áirithiú an tráth céanna. Chun a áirithiú go mbeidh an tsolúbthacht is gá ag an mBallstát atá ag dul i ngleic le staid den chineál sin agus chun nach ndíreoidh tríú tír naimhdeach ar náisiúntachtaí sonracha nó ar chatagóirí sonracha náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát, ba cheart é a bheith indéanta don Bhallstát lena mbaineann, faoin nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú imirce agus tearmainn a leagtar amach sa Rialachán seo, cinneadh a dhéanamh faoi chuimsiú nós imeachta teorann, mar a leagtar amach in Airteagal 41 de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn] maidir le hinghlacthacht agus fiúntas na niarratas uile ar chosaint idirnáisiúnta ó náisiúnaigh tríú tír nó ó dhaoine gan stát a gabhadh nó a fuarthas i ngaireacht don tríú tír tar éis dóibh dul isteach go neamhdhleathach nó tar éis dóibh dul chomh fada leis na pointí trasnaithe teorann. Ní mór na prionsabail agus na ráthaíochtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn] a urramú.

    (7)I gcás ina gcuirfear i bhfeidhm an nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú tearmainn, ba cheart do na húdaráis inniúla tús áite a thabhairt do leas an linbh agus do na coimircí d’iarratasóirí a bhfuil riocht sláinte orthu. Ar an gcúis sin, ba cheart don Bhallstát atá ag tabhairt aghaidh ar staid an ionstraimithe cásanna a eisiamh ón nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú tearmainn nuair atá cúiseanna leighis ann gan an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 41(9)(c) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn]. Ba cheart sin a bheith amhlaidh freisin má thagann na fadhbanna sláinte chun solais agus an tiarratas á scrúdú. Ba cheart don Bhallstát lena mbaineann tosaíocht a thabhairt do scrúdú a dhéanamh ar iarratais ó dhaoine ar dócha go mbeidh bunús maith lena néilimh, nó ó mhionaoisigh agus óna mbaill teaghlaigh, agus ó mhionaoisigh neamhthionlactha. Má thagann sé chun solais, le linn an scagtha faoi Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Scagadh] 21 nó le linn an tiarratas a scrúdú, go bhfuil ráthaíochtaí nós imeachta speisialta de dhíth ar iarratasóir, agus nach féidir tacaíocht leormhaith a chur ar fáil i gcomhthéacs an nós imeachta ag an teorainn, i gcomhréir le hAirteagal 41(9)(b) de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn], níor cheart don Bhallstát lena mbaineann an an nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú tearmainn a chur i bhfeidhm ag an teorainn, nó ba cheart dó scor den nós imeachta sin a chur i bhfeidhm.

    (8)I gcomhréir le hAirteagal 8(3)(d) de Threoir XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach maidir le Dálaí Glactha], féadfar iarratasóir a choinneáil chun cinneadh a dhéanamh, i gcomhthéacs nós imeachta, maidir le ceart an iarratasóra dul isteach sa chríoch. Foráiltear in Airteagal 8(2) den Treoir sin freisin nach féidir leis na Ballstáit iarratasóir a choinneáil ach amháin mura féidir bearta malartacha eile nach bhfuil chomh comhéigneach sin – amhail srianta ar shaoirse gluaiseachta faoi Airteagal 7 – a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Ba cheart na rialacha agus na coimircí maidir le coinneáil a leagtar amach i dTreoir XXX/XXX [an Treoir maidir le Dálaí Glactha] a urramú, go háirithe iad siúd a bhaineann le mionaoisigh neamhthionlactha agus le mionaoisigh agus a dteaghlaigh. D’fhéadfadh roghanna malartacha ar choinneáil, amhail srianta ar an tsaoirse gluaiseachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach maidir le Dálaí Glactha], a bheith chomh héifeachtach le coinneáil i staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh agus dá bhrí sin ba cheart do na húdaráis iad a mheas, go háirithe i gcás mionaoiseach. I gcás ar bith, má chuirtear coinneáil i bhfeidhm agus mura gcomhlíontar na ráthaíochtaí agus na coinníollacha coinneála nó mura féidir iad a chomhlíonadh ag an teorainn, níor cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú tearmainn nó níor cheart fheidhm a bheith aige a thuilleadh, mar a fhoráiltear in Airteagal 41(9)(d) de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Nós Imeachta Tearmainn].

    (9)I staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, ba cheart go bhféadfadh an Ballstát lena mbaineann iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú laistigh de thréimhse shínte ceithre seachtaine. Ina theannta sin, ba cheart a bheith in ann scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ag an teorainn ar feadh uastréimhse 16 seachtaine. An cinneadh maidir leis an iarratas, lena náirítear cinneadh maidir le hachomharc a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcoinne cinneadh diúltach, rud nár cheart éifeacht fionraíochta uathoibríoch a bheith aige, mura ndéanfar an cinneadh sin laistigh de 16 seachtaine, ba cheart dul isteach sa chríoch a dheonú, ach amháin má tá an duine faoi réir an nós imeachta um fhilleadh. Ceapadh na hamlínte nós imeachta sin chun cabhrú leis an mBallstát lena mbaineann déileáil leis an ionstraimiú imirceach. I gcás ina mbeidh Ballstát ag dul i ngleic le staid den chineál sin, ní mór don Bhallstát lena mbaineann acmhainní a atreorú chun bainistiú a dhéanamh ar na náisiúnaigh tríú tír atá ag baint a dteorainneacha amach nó atá ar a chríoch cheana féin. Mar thoradh air sin, i staideanna den chineál sin, d’fhéadfadh am a bheith ag teastáil ón mBallstát lena mbaineann chun a chuid acmhainní a atheagrú agus chun a acmhainneacht a mhéadú, lena náirítear le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí an Aontais. Ina theannta sin, beidh líon na niarratasóirí a dhéanfaidh iarratas faoin nós imeachta teorann níos airde ná mar is gnáth, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé go mbeadh níos mó ama ag teastáil ón mBallstát atá ag dul in gleic leis an ionstraimiú chun cinntí a dhéanamh gan cead a thabhairt dul isteach sa chríoch. Mar sin féin, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann tosaíocht a thabhairt do chlárú iarratais na gcásanna a bhfuil bunús maith leo agus do chlárú na niarratas ó mhionaoisigh neamhthionlactha agus ó mhionaoisigh agus a mbaill teaghlaigh.

    (10)Ní mór aon ghníomhaíocht fhoréigneach ag an teorainn a sheachaint ar ais nó ar éigean, ní hamháin chun iomláine chríochach agus slándáil an Bhallstáit atá ag dul i ngleic leis an ionstraimiú a chosaint ach chun slándáil agus sábháilteacht na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát a áirithiú freisin, lena náirítear teaghlaigh agus leanaí atá ag fanacht lena ndeis iarratas a dhéanamh ar thearmann san Aontas go síochánta. I gcás ina mbeidh ar an mBallstát lena mbaineann dul i ngleic le gníomhaíochtaí foréigneacha ag a theorainneacha seachtracha, lena náirítear i gcomhthéacs iarrachtaí náisiúnach tríú tír teacht isteach ina slua gan chead agus modhanna foréigneacha díréireacha a úsáid, ba cheart an Ballstát lena mbaineann a bheith in ann na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir lena dhlí náisiúnta chun an tslándáil, an dlí agus an tord a chaomhnú agus chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

    (11)I gcás ina mbeidh ar Bhallstát aghaidh a thabhairt ar shreabhadh náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát ag an teorainn de bharr ionstraimithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an Ballstát in ann na dálaí glactha ábharacha a theastaíonn de ghnáth a áirithiú sa chleachtas toisc go bhféadfadh acmhainneachtaí an Bhallstáit a bheith faoi bhrú rómhór. Ar an gcúis sin, i staid an ionstraimithe, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann a bheith in ann módúlachtaí le haghaidh dálaí glactha ábharacha a leagan síos atá éagsúil ó na módúlachtaí dá bhforáiltear i dTreoir XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach maidir le Dálaí Glactha] i gcásanna seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 17(9) den Treoir sin, agus an tráth céanna dídean shealadach a sholáthar do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát, dídean ba cheart a chur in oiriúint do na dálaí aimsire séasúracha, agus a riachtanais bhunúsacha a chumhdach, go háirithe trí bhia, uisce, éadach, cúram leighis leormhaith, agus cúnamh a sholáthar do dhaoine leochaileacha, agus lánurraim á tabhairt do cheart chun dínit an duine. Gan dochar do na hoibleagáidí ar na Ballstáit a leagtar amach sa Rialachán seo i ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go mbeidh rochtain ar chúnamh daonnúil agus ba cheart dóibh ligean do na heagraíochtaí daonnúla cúnamh daonnúil a chur ar fáil i gcomhréir leis na riachtanais atá ag na daoine lena mbaineann cheana féin.

    (12)Chun an nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú tearmainn ag an teorainn sheachtrach a chomhlánú agus a áirithiú, ba cheart an tsolúbthacht is gá a thabhairt d’údaráis inniúla an Bhallstáit atá ag dul i ngleic le staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh chun nósanna imeachta um fhilleadh a chur i gcrích, tar éis nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú tearmainn a chur i bhfeidhm. Ar an gcúis sin, i staid an ionstraimithe, ba cheart cead a bheith ag an mBallstát lena mbaineann maolú ar chur i bhfeidhm Threoir XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach um Fhilleadh] 22 i dtaca le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát ar diúltaíodh a niarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhthéacs nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú tearmainn mar a leagtar amach sa Rialachán seo. I gcás ina ndéantar iarratas ina dhiaidh sin díreach chun moill nó bac a chur ar an bhfilleadh, is féidir leis na Ballstáit na rialacha a leagtar amach in Airteagail 42 agus 43 de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn] a chur i bhfeidhm. Tá na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo gan dochar don fhéidearthacht go bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann maolú ar chur i bhfeidhm Threoir XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach um Fhilleadh] de bhua Airteagal 2(2)(a) den Treoir sin, i dtaca le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach agus a ghabhtar i dtaca le trasnú mírialta teorann seachtraí Ballstáit ar tír, ar muir nó san aer agus nach bhfuair údarú nó ceart fanachta faighte acu ina dhiaidh sin sa Bhallstát sin.

    (13)Agus an maolú á chur i bhfeidhm ar chur i bhfeidhm Threoir XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach um Fhilleadh], ba cheart don Bhallstát lena mbaineann a áirithiú go nurramófar go hiomlán Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus a noibleagáidí idirnáisiúnta. Áirítear leis sin go nurramófar prionsabal an nonrefoulement ina iomláine agus aird chuí a thabhairt ar leas an linbh, saol an teaghlaigh agus ar riocht sláinte an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, mar a leagtar amach i gcás maoluithe eile sa Treoir um Fhilleadh. Ní mór don Bhallstát lena mbaineann a áirithiú freisin nach lú fabhar an chóireáil agus an leibhéal cosanta i ndáil le srianta ar bhearta comhéigneacha a úsáid, aistriú a chur siar, cúram sláinte éigeandála agus riachtanais daoine leochaileacha agus dálaí coinneála, ná mar a leagtar amach i dTreoir XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach um Fhilleadh].

    (14)I gcás ina gcuireann Ballstát ceann amháin nó níos mó de na bearta atá sa Rialachán seo i bhfeidhm, ba cheart don Bhallstát é sin a chur in iúl do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát. Go háirithe, ba cheart don Bhallstát atá ag dul i ngleic leis an ionstraimiú náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a chur ar an eolas i dteanga a thuigeann an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát, nó teanga a síltear le réasún go dtuigfidh sé, faoi na maoluithe arna gcur i bhfeidhm, faoi na pointí ag ar féidir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus a chur isteach, go háirithe suíomh na bpointí is gaire ag ar féidir a niarratas a chlárú agus a chur isteach, faoin deis achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh maidir leis an iarratas, agus faoi fhad na mbeart.

    (15)I gcás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag an mBallstát atá ag dul i ngleic le staid an ionstraimithe bearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta a iarraidh ar Bhallstáit eile, ar bearta iad is oiriúnaí dá riachtanais chun staid an ionstraimithe a bhainistiú. D’fhéadfadh gach cineál birt tacaíochta agus dlúthpháirtíochta a bheith i gceist chun aghaidh a thabhairt ar staid an ionstraimithe, lena náirítear bearta forbartha acmhainneachta, tacaíocht maidir le filleadh, tacaíocht maidir le gné sheachtrach na géarchéime agus bearta atá dírithe ar fhreagairt do staid an ionstraimithe trí chomhar le tríú tíortha nó trí fhorrochtain chuig tríú tíortha a bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar a náisiúnaigh.

    (16)Ba cheart cuireadh a thabhairt do na Ballstáit eile nach bhfuil ag dul i ngleic le staid an ionstraimithe iad féin rannchuidiú chun leas Ballstáit atá ag dul i ngleic le staid an ionstraimithe trí bhíthin bearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta a fhreagraíonn do na riachtanais sainaitheanta. Ba cheart don Choimisiún comhordú a dhéanamh ar na bearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta sin a luaithe is féidir tar éis dó an iarraidh a fháil ón mBallstát atá ag dul i ngleic le staid an ionstraimithe.

    (17)Féadfaidh Ballstát atá ag dul i ngleic le staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh tacaíocht a iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nó ar Europol i gcomhréir lena sainorduithe. De réir mar is iomchuí, féadfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann cúnamh a mholadh ar a tionscnamh féin i gcomhréir le hAirteagal 16(1)(d) de Rialachán XXX/XXX [an Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann], agus féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta cúnamh a mholadh i réimse an fhillte i gcomhréir le hAirteagail 48, 50, 52 agus 53 de Rialachán (AE) 2019/1896 i gcomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann agus féadfaidh Europol cúnamh a mholadh i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/794.

    (18)Má iarrann an Ballstát lena mbaineann go gcuirfear i bhfeidhm na maoluithe ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo, agus é á chur san áireamh ar thug an Chomhairle Eorpach aitheantas go bhfuil an tAontas nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit ag dul i ngleic le staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra a thabhairt ar aghaidh lena núdarófar do Bhallstát na rialacha maolaitheacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Chun ardleibhéal grinnscrúdúcháin pholaitiúil agus tacaíochta polaitiúla a áirithiú agus chun treisiú a dhéanamh ar léiriú dhlúthpháirtíocht an Aontais i leith an Bhallstáit atá ag dul i ngleic le hionstraimiú imirceach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle an Cinneadh Cur Chun Feidhme a ghlacadh lena núdaraítear do na Ballstáit rialacha maolaitheacha a chur i bhfeidhm.

    (19)Ba cheart a áireamh sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle údarú na maoluithe sonracha a d’fhéadfadh an Ballstát a chur i bhfeidhm ar Ballstát é atá ag dul i ngleic le staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, agus an dáta a shocrú óna mbeidh feidhm acu, mar aon leis an bhfad a mbeidh feidhm acu.

    (20)Chun tacú leis an mBallstát lena mbaineann an cúnamh is gá a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, lena náirítear trí ghníomhaíochtaí um fhilleadh deonach a chur chun cinn nó trína dhualgais dhaonnúla a chur i gcrích, ba cheart rochtain éifeachtach a bheith ag gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí comhpháirtíochta ábhartha eile, go háirithe an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce agus Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg, ba cheart rochtain éifeachtach a bheith acu ar an teorainn faoi na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir (AE) XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach maidir le Dálaí Glactha] agus i Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn]. I gcomhréir le Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn], ba cheart rochtain ar iarratasóirí, lena náirítear iad siúd atá ag an teorainn, a cheadú d’ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe. Chun na críche sin, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann oibriú i ndlúthchomhar le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus leis na heagraíochtaí comhpháirtíochta ábhartha.

    (21)[I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.]

    [I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn (le litir an ...) gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.]

    (22)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    Forálacha Ginearálta

    Airteagal 1

    Ábhar

    Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le rialacha sonracha de mhaolú ar na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn], i dTreoir (AE) XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach maidir le Dálaí Glactha] agus i dTreoir (AE) XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach um Fhilleadh] a bhféadfaidh Ballstát a chur i bhfeidhm i staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh mar a shainmhínítear in [Airteagal 2(27)] de Chód Teorainneacha Schengen nuair is gá sin chun freagairt do staid den chineál sin. Foráiltear ann freisin do rialacha sonracha maidir le bearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta a fhéadfar a dhéanamh sa chás sin.

    CAIBIDIL II

    An nós imeachta éigeandála i ndáil le himirce agus tearmann i staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh

    Airteagal 2

    An nós imeachta éigeandála i ndáil le himirce agus tearmann i staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh

    1.I staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh mar a thagraítear dó sin in Airteagal 1, Ballstát atá ag dul i ngleic le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a bheith ag teacht chuig a theorainn sheachtrach mar thoradh ar staid den chineál sin, féadfaidh an Ballstát sin ceann amháin nó níos mó de na maoluithe seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a ghabhtar nó a aimsítear i ngaireacht don teorainn sheachtrach leis an tríú tír bhfuil ionstraimiú ar imircigh á dhéanamh aige i dtaca le trasnú neamhúdaraithe, nó maidir le daoine a théann chomh fada le pointí trasnaithe teorann, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6:

    (a)de mhaolú ar Airteagal 27 de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn], iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú arna ndéanamh laistigh den tréimhse ina ndéantar an pointe seo a chur i bhfeidhm tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine tar éis an tiarratas a dhéanamh.

    Agus an maolú seo á chur i bhfeidhm, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann tosaíocht do chlárú na n‑iarratas ar dócha go mbeidh bunús maith leo agus do chlárú na n‑iarratas ó mhionaoisigh neamhthionlactha agus ó mhionaoisigh agus a mbaill teaghlaigh.

    (b)de mhaolú ar Airteagal 41(2)(a) agus (b) agus ar Airteagal 41(5) de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán leasaithe maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn], cinneadh a dhéanamh ag a dteorainneacha nó ag a gcriosanna idirthurais maidir le hinghlacthacht agus fiúntas na niarratas uile a chláraítear laistigh den tréimhse ina gcuirtear an pointe seo i bhfeidhm.

    Agus an maolú sin á chur i bhfeidhm, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann tosaíocht don scrúdú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar dócha go mbeidh bunús maith leo agus do scrúdú na n‑iarratas sin arna gcur isteach ag mionaoisigh neamhthionlactha agus ag mionaoisigh agus a mbaill teaghlaigh.

    (c)de mhaolú ar Airteagal 41(11) de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn], 16 seachtaine a bheidh in uasfhad an nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú tearmainn chun scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais a chláraítear laistigh den tréimhse a gcuirtear an pointe seo i bhfeidhm lena linn. I ndiaidh na tréimhse sin, ar choinníoll nach bhfuil an tiarratasóir faoi réir an nós imeachta um fhilleadh i gcomhréir le hAirteagal 4, údarófar don iarratasóir dul isteach ar chríoch an Bhallstáit chun an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta a thabhairt chun críche.

    2.I gcás ina gcuirtear an tAirteagal seo i bhfeidhm, beidh feidhm ag prionsabail agus ráthaíochtaí Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn].

    Airteagal 3

    Dálaí Glactha Ábharacha

    De mhaolú ar Threoir XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach maidir le Dálaí Glactha], agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6, an Ballstát atá ag dul i ngleic náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a bheith ag teacht chuig a theorainn sheachtrach mar thoradh ar ionstraimiú imirceach, féadfaidh sé módúlachtaí a leagan síos go sealadach maidir le dálaí glactha ábharacha atá éagsúil ó na cinn dá bhforáiltear in Airteagail 16 agus 17 den Treoir sin i ndáil le hiarratasóirí a ghabhtar nó a aimsítear i ngaireacht don teorainn leis an tríú tír a bhfuil ionstraimiú ar imircigh á dhéanamh aige i dtaca le trasnú neamhúdaraithe nó, nó i ndáil le hiarratasóirí a théann chomh fada le pointí trasnaithe teorann, ar daoine iad atá faoi réir na mbeart in Airteagal 2 den Rialachán seo, ar choinníoll go gcumhdaíonn na Ballstáit sin bunriachtanais na n‑iarratasóirí, go háirithe bia, uisce, éadach, cúram leighis leormhaith, agus dídean shealadach atá oiriúnaithe do na dálaí aimsire séasúracha, agus lánurraim á tabhairt do cheart chun dínit an duine.

    Airteagal 4

    An nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú ar fhilleadh i staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh

    I staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6, an Ballstát atá ag dul i ngleic le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a bheith ag chuig a theorainn sheachtrach mar thoradh ar ionstraimiú imirceach, i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach agus ar diúltaíodh a n‑iarratais i gcomhthéacs an nós imeachta éigeandála i ndáil le bainistiú tearmainn ag an teorainn i gcomhréir le hAirteagal 2(1) pointí (b) agus (c), ar daoine iad nach bhfuil an ceart fanachta acu agus nach bhfuil cead fanachta acu, féadfaidh an Ballstát sin cinneadh a dhéanamh gan Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn] agus Treoir XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach um Fhilleadh] a chur i bhfeidhm. I gcás ina dtéitear i muinín an mhaolaithe sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an méid seo a leanas:

    (a)Prionsabal an nonrefoulement a urramú, agus an aird chuí a thabhairt ar leas an linbh, ar shaol an teaghlaigh agus ar shláinte an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Threoir XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach um Fhilleadh];

    (b)a áirithiú nach lú fabhar dóibh an chóireáil agus an leibhéal cosanta atá acu ná mar a leagtar amach in Airteagal 10(4) agus (5) (Srianta ar bhearta comhéigneacha a úsáid), Airteagal 11(2)(a) – (aistriú a chur siar), Airteagal 17(1)(b) agus (d) [cúram sláinte éigeandála agus riachtanais daoine leochaileacha á gcur san áireamh], agus Airteagail 19 agus 20 (coinníollacha coinneála agus coinneáil mionaoiseach agus teaghlach) de Threoir XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach um Fhilleadh].

    Airteagal 5

    Bearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta

    1.I gcás ina bhfuil Ballstát ag dul i ngleic le staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, féadfaidh sé bearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta a iarraidh ar Bhallstáit eile chun an staid sin a bhainistiú. D’fhéadfadh na cineálacha ranníocaíochtaí seo a leanas a bheith san áireamh i ranníocaíochtaí tacaíochta agus dlúthpháirtíochta chun leas Ballstáit atá ag dul i ngleic le staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh:

    (a)bearta fothaithe acmhainneachta i réimse an tearmainn, an ghlactha nó an fhillte;

    (b)tacaíocht oibríochtúil i réimse an tearmainn, an ghlactha nó an fhillte;

    (c)bearta atá dírithe ar fhreagairt do staid an ionstraimithe, lena náirítear bearta sonracha chun tacú le filleadh, trí bhíthin comhar le tríú tíortha nó forrochtain chuig tríú tíortha a bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar a náisiúnaigh; nó

    (d)aon bheart eile a mheastar a bheith leormhaith chun aghaidh a thabhairt ar staid an ionstraimithe agus chun tacú leis an mBallstát lena mbaineann.

    2.An Ballstát atá ag dul i ngleic le staid an ionstraimithe, seolfaidh sé iarraidh chuig an gCoimisiún ar ranníocaíochtaí tacaíochta agus dlúthpháirtíochta ó Bhallstáit eile ina sonrófar na bearta dlúthpháirtíochta atáthar a iarraidh.

    3.Gan dochar do na forálacha dlúthpháirtíochta atá i Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le géarchéim agus force majeure], iarrfaidh an Coimisiún, a luaithe is féidir tar éis dó an iarraidh ar bhearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta dá dtagraítear i mír 2 a fháil, ar Bhallstáit eile rannchuidiú trí bhíthin na mbeart tacaíochta agus dlúthpháirtíochta dá dtagraítear i mír 1 a fhreagraíonn do riachtanais an Bhallstáit atá ag dul i ngleic le staid an ionstraimithe. Comhordóidh an Coimisiún na bearta tacaíochta agus dlúthpháirtíochta dá dtagraítear san Airteagal seo.

    4.Féadfaidh Ballstát atá ag dul i ngleic le staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh tacaíocht a iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nó ar Europol i gcomhréir lena sainorduithe. De réir mar is iomchuí, féadfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann cúnamh a mholadh ar a tionscnamh féin i gcomhréir le hAirteagal 16(1)(d) de Rialachán XXX/XXX [an Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann]. Féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta cúnamh a mholadh don Bhallstát lena mbaineann i réimse an fhillte i gcomhréir le hAirteagail 48, 50, 52 agus 53 de Rialachán (AE) 2019/1896. Féadfaidh Europol cúnamh a mholadh i réimse an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/794.

    Airteagal 6

    Ráthaíochtaí sonracha

    1.I gcás ina bhfuil na maoluithe dá dtagraítear in Airteagail 2, 3 agus 4 á gcur i bhfeidhm, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát ar an eolas go cuí, i dteanga a thuigeann an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát nó i dteanga a síltear le réasún go dtuigfidh sé, faoi na bearta atá á gcur i bhfeidhm, faoi shuíomh na bpointí clárúcháin, lena náirítear na pointí trasnaithe teorann, a bhfuil rochtain orthu chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus a chur isteach, agus faoi fhad na mbeart.

    2.An Ballstát atá ag dul i ngleic le staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, ní chuirfidh sé Airteagail 2, 3 ná 4 i bhfeidhm níos faide ná a bhfuil fíorriachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an ionstraimiú imirceach, agus i gcás ar bith, ní chuirfidh sé i bhfeidhm iad níos faide ná an tréimhse a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 7, mír 4.

    CAIBIDIL III

    Rialacha nós imeachta

    Airteagal 7

    Nós imeachta um údarú

    1.Maidir le Ballstát atá ag dul i ngleic le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a bheith ag teacht chuig a theorainn sheachtrach mar thoradh ar ionstraimiú imirceach, féadfaidh sé an túdarú a iarraidh na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3 agus 4 a chur i bhfeidhm.

    2.I gcás ina measann an Coimisiún gurb iomchuí, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag an mBallstát iarrthach atá ag dul i ngleic leis an ionstraimiú imirceach, déanfaidh an Coimisiún togra gan mhoill le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle dá dtagraítear i mír 3.

    3.Déanfaidh an Chomhairle measúnú ar an togra sin mar ábhar práinne agus glacfaidh sí Cinneadh Cur Chun Feidhme lena núdarófar don Bhallstát lena mbaineann na maoluithe sonracha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3 agus 4 a chur i bhfeidhm.

    4.Socrófar leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle dá dtagraítear i mír 3 an dáta óna bhféadfar na rialacha a leagtar síos in Airteagail 2, 3 agus 4 a chur i bhfeidhm, mar aon leis an tréimhse ama lena gcur i bhfeidhm, ar tréimhse í nach rachaidh thar thréimhse thosaigh sé mhí.

    5.Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus athbhreithniú leanúnach ar an staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh. I gcás ina measann an Coimisiún gurb iomchuí sin, féadfaidh sé a mholadh go ndéanfar an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle dá dtagraítear i mír 3 a aisghairm nó Cinneadh Cur Chun Feidhme nua ón gComhairle a ghlacadh lena núdarófar cur i bhfeidhm na maoluithe sonracha dá dtagraítear in Airteagail 2, 3 agus 4 a shíneadh ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí. Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis shonrach is gá don Choimisiún chun an tathbhreithniú sin a chur i gcrích agus chun an togra maidir le haisghairm nó le síneadh a dhéanamh mar aon le haon fhaisnéis eile a iarrfaidh an Coimisiún.

    Airteagal 8

    Comhar agus measúnú

    1.An Coimisiún, institiúidí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais Eorpaigh agus an Ballstát atá ag dul i ngleic le staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, oibreoidh siad i ndlúthchomhar lena chéile agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas go rialta maidir le cur chun feidhme na maoluithe agus na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 7. Leanfaidh an Ballstát lena mbaineann de na sonraí ábhartha go léir a thuairisciú, lena náirítear staitisticí atá ábhartha do chur chun feidhme an Rialacháin seo, tríd an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce.

    2.An Ballstát atá ag dul i ngleic le staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, áiritheoidh sé dlúthchomhar le hArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus leis na heagraíochtaí comhpháirtíochta ábhartha chun na módúlachtaí a chinneadh maidir le tacaíocht a thabhairt d’iarratasóirí i staid an ionstraimithe i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Chaibidil seo agus i Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn] agus i dTreoir XXX/XXX [athmhúnlú na Treorach maidir le Dálaí Glactha].

    CAIBIDIL IV

    Forálacha críochnaitheacha

    Airteagal 9

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh in Strasbourg,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ag Freagairt do ionstraimiú státurraithe imirceach ag teorainn sheachtrach an Aontais (JOIN(2021) 32 final).
    (2)    COM(2021) 591 final.
    (3)    Is é is aidhm do thogra COM (xxxx/xxxx) leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen).
    (4)    Is é is aidhm do thogra COM (xxxx/xxxx) leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen).
    (5)    COM(2021) 752.
    (6)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n‑aisghairtear Treoir 2013/32/AE, COM/2016 467 críochnaitheach – 2016/0244 (COD).
    (7)    Togra leasaithe le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n‑aisghairtear Treoir 2013/32/AE COM/2020/611 críochnaitheach.
    (8)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos caighdeáin chun glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (athmhúnlú) – COM/2016/0465 críochnaitheach – 2016/0222 (COD).
    (9)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (athmhúnlú) – COM/2018/634 críochnaitheach.
    (10)    Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéimeanna agus ar chásanna force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn COM/2020/613 críochnaitheach.
    (11)    Áirítear sa Togra maidir le Scagadh freisin rialacha maidir le réamhscrúduithe sláinte, lena náirítear maidir le galair theagmhálacha, a mbeadh feidhm acu maidir le gach náisiúnach tríú tír agus gach duine gan stát a chuirtear isteach chuig an scagadh ag an teorainn sheachtrach.
    (12)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/1155, IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.
    (13)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ag Freagairt do ionstraimiú státurraithe imirceach ag teorainn sheachtrach an Aontais (JOIN(2021) 32 final).
    (14)    COM(2021) 753 final.
    (15)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, IO 4331, 22.12.2020, lch. 11–22.
    (16)    Cuirfidh an EUAA cúnamh ar fáil arna iarraidh sin don Bhallstát nó ar a thionscnamh féin (le comhaontú an Bhallstáit lena mbaineann) nó féadfaidh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir le bearta a bheidh le déanamh, ar bhonn togra ón gCoimisiún i gcúinsí sonracha den sórt sin.
    (17)    IO C , , lch. .
    (18)    IO C , , lch. .
    (19)    IO C , , lch. .
    (20)    IO C , , lch. .
    (21)    IO C , , lch. .
    (22)    IO C , , lch. .
    Top